CAIBIDIL 4
Tacú le daoine agus sochaithe a neartú
Féach fotheideal an ghrianghraif
Le blianta beaga anuas, i bhfianaise dúshláin dhomhanda, géarchéim an chostais maireachtála, an t-athrú aeráide agus castachtaí an aistrithe dhigitigh, tá an tAontas Eorpach tar éis dlús a chur lena iarrachtaí cosaint agus cumhacht a thabhairt do dhaoine agus do phobail. In 2025, leanadh dá chuid oibre chun feabhas a chur ar dhálaí maireachtála agus oibre do chách go tapa. Is éard a tháinig chun cinn sa bhliain sin tionscnaimh chun dul i ngleic le ganntanais saothair agus scileanna, rud a thacaigh le fás inbhuanaithe cuimsitheach an Aontais agus a chinntigh a iomaíochas. Lean an tAontas de thacaíocht a thabhairt do bhearta nua ionas gur féidir le hoibrithe leas a bhaint as a gcearta sóisialta. Ina theannta sin, ba phríomhthosaíocht i gcónaí é a chinntiú go gcaitear go cothrom agus ar bhonn cothromais le gach saoránach, gan beann ar a chúlra, agus creat ríthábhachtach a thabhairt isteach chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac, mar aon le pleananna chun cearta tomhaltóirí a neartú.
Feidhmíonn Colún Eorpach na gCeart Sóisialta - oscail i dtáb nua. mar eiseamláir lena dtreoraítear an tAontas i dtreo Eoraip láidir shóisialta atá cothrom agus cuimsitheach agus ina gcuirtear comhdheiseanna ar fáil do chách. In 2025 rinne an Coimisiún Eorpach athbhreithniú ar an bPlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta - oscail i dtáb nua. agus é d’aidhm aige an colún a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr, agus gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh dá 20 príomhphrionsabal - oscail i dtáb nua. chun tairbhe na saoránach. Ag an am céanna, thosaigh an Coimisiún ag obair - oscail i dtáb nua. ar Straitéis an Aontais i gcoinne na Bochtaineachta atá ar na bacáin, an chéad straitéis dá leithéid ar leibhéal an Aontais.
Tá ról ríthábhachtach ag an idirphlé sóisialta maidir le fiontair Eorpacha a choinneáil iomaíoch, a dtáirgiúlacht a mhéadú, poist ardcháilíochta a chur ar fáil agus cothroime shóisialta a chinntiú. An 5 Márta shínigh an Coimisiún agus a chomhpháirtithe sóisialta trastionscail Comhaontú nua maidir le hIdirphlé Sóisialta Eorpach - oscail i dtáb nua., rud a neartóidh ról na gcomhpháirtithe sóisialta i dtaobh beartais mhargadh an tsaothair, fostaíochta agus shóisialta a mhúnlú. Ina theannta sin, tháinig Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit ar chomhaontú polaitiúil le linn na bliana maidir leis an Treoir athbhreithnithe maidir leis an gComhairle Oibreacha Eorpacha - oscail i dtáb nua., lena neartaítear rannpháirtíocht fhóinteach na bhfostaithe i gcinntí cuideachta chun athruithe i suíomhanna trasnáisiúnta a bhainistiú.
Tá an geilleagar sóisialta bunaithe go daingean mar dhlúthchuid de gheilleagar agus de shochaí an Aontais, rud a chuireann le rathúnas, iomaíochas agus athléimneacht na hEorpa. In 2025 sheol an Coimisiún an t-athbhreithniú meántéarma - oscail i dtáb nua. ar a Phlean Gníomhaíochta maidir leis an nGeilleagar Sóisialta, 2021–2030 - oscail i dtáb nua.. Tá níos mó ná 4.3 milliún comhlachas, comharchumann, cumann frithpháirteach, fondúireacht agus fiontar sóisialta ag gabháil do ghníomhaíochtaí cheana féin lena dtugtar tús áite do chuspóirí sóisialta agus comhshaoil, seachas do bhrabús.
SPRIOCANNA AN AONTAIS LE hAGHAIDH 2030
- Ba cheart 78% ar a laghad den daonra idir 20 agus 64 bliana d’aois a bheith fostaithe.
- Ba cheart 60% ar a laghad de na daoine fásta uile a bheith rannpháirteach san oiliúint gach bliain.
- Ba cheart ar a laghad 15 mhilliún duine níos lú a bheith i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta.
Scileanna le haghaidh rathúnas an Aontais agus athléimneacht eacnamaíoch agus shochaíoch
Tá caipiteal daonna ríthábhachtach do rathúnas, daonlathas, athléimneacht eacnamaíoch agus shochaíoch an Aontais, agus dá gheilleagar sóisialta margaidh ar leith. Chun bheith iomaíoch agus ullmhaithe don todhchaí, ní mór don Aontas tacú lena shaoránaigh agus iad a ullmhú leis na scileanna is gá chun go n-éireoidh leo san oideachas, san obair agus sa saol laethúil, mar a cuireadh i dtábhacht leis an gCompás Iomaíochais - oscail i dtáb nua. (féach Caibidil 2).
Sin an fáth ar sheol an Coimisiún aontas na scileanna - oscail i dtáb nua. i mí an Mhárta, straitéis chuimsitheach darb aidhm tacú le córais oideachais, oiliúna agus scileanna a fhorbairt atá ar ardchaighdeán, cuimsitheach agus inoiriúnaithe chun iomaíochas an Aontais a mhéadú. Beidh faisnéis scileanna fheabhsaithe ar leibhéal an Aontais den ríthábhacht sa chomhthéacs sin le haghaidh beartais éifeachtacha spriocdhírithe. Cuireann aontas na scileanna le gníomhaíocht a rinneadh cheana freisin faoin Limistéar Eorpach Oideachais (LEO) agus oibríonn sé go sineirgisteach leis an ngníomhaíocht sin.
- Bíonn duine fásta amháin as gach cúigear ag streachailt leis an léitheoireacht agus leis an scríbhneoireacht
(An Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, Education and Training Monitor 2025 – Comparative report [‘An Tuarascáil Faireacháin ar Oideachas agus Oiliúint 2025 – Tuarascáil chomparáideach’], Caibidil 7.2 - oscail i dtáb nua., 2025).
- Titeann duine amháin as gach ceathrar 15 bliana déag d’aois ar gcúl sa léitheoireacht, sa mhatamaitic agus san eolaíocht
(An Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, The twin challenge of equity and excellence in basic skills in the EU [‘An dá dhúshlán maidir le cothromas agus barr feabhais san Aontas Eorpach’] - oscail i dtáb nua. 2024).
- Beagnach 4 as 5 fhiontar bheaga agus mheánmhéide, ní féidir leo an tallann a theastaíonn uathu a aimsiú
(An Coimisiún Eorpach, Flais-Eorabharaiméadar 529 - oscail i dtáb nua., Meán Fómhair 2023).
Aontas na scileanna
- Scileanna a fhorbairt ar mhaithe le saolta agus poist ar ardchaighdeán.
- Uas-sciliú agus ath-sciliú a dhéanamh le haghaidh an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais.
- Scileanna a scaipeadh ar fud an Aontais ar mhaithe leis an iomaíochas.
- Tallann a mhealladh, a fhorbairt agus a choinneáil ar mhaithe le todhchaí na hEorpa.
D’fhéadfadh méadú 0.1% ar infheistíocht scileanna d’oibrithe óga fostaíocht a mhéadú 0.25% agus an olltáirgeacht intíre a mhéadú 0.18% (an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, Employment and Social Developments in Europe 2024 [‘Fostaíocht agus Forbairtí Sóisialta san Eoraip 2024’] - oscail i dtáb nua., 2024).
Idir 2021 agus 2027, tá breis agus €150 billiún á infheistiú ag an Aontas chun tacú le daoine, gnólachtaí, institiúidí oideachais agus daoine eile chun an t-oideachas agus na scileanna is gá a fhorbairt le haghaidh geilleagar Eorpach rathúil iomaíoch. Sa chreat airgeadais ilbhliantúil nua (féach Caibidil 8), rud atá le bheith i bhfeidhm ó 2028 go 2034, molann an Coimisiún go ndéanfaí 14% ar a laghad de na cistí faoi aon phlean comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí - oscail i dtáb nua. (seachas méideanna imfhálaithe don talmhaíocht agus don Chiste Aeráide Sóisialta) a chur i leataobh do chuspóirí sóisialta. Cuideoidh an buiséad nua chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a bhaint amach trí infheistíocht a dhéanamh i ndaoine trí phoist ardcháilíochta, cuimsiú sóisialta, oideachas, scileanna, sláinte, tithíocht agus bonneagar sóisialta.
Príomhcholúin d’aontas na scileanna is ea infheistíocht a dhéanamh i ndaoine, a gcuid scileanna a aithint, agus tallann a mhealladh ar fud na hEorpa. In 2025, rinne an Coimisiún ceiliúradh ar 20 bliain de Europass - oscail i dtáb nua., ardán saor in aisce agus slán ar líne a thacaíonn le saoránaigh ar feadh a dturas gairmiúil.
© kite_rin – stock.adobe.com
Ceann de phríomhchuspóirí aontas na scileanna ná tallann a mhealladh ó thíortha nach den Aontas iad. I mí na Samhna tháinig Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú polaitiúil freisin maidir le Linn Tallainne an Aontais - oscail i dtáb nua., príomhuirlis chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais saothair agus scileanna san Aontas. Ardán so‑úsáidte nua‑aimseartha iontaofa a bheidh ann chun cuardaitheoirí poist ó thíortha nach den Aontas iad a mheaitseáil le fostóirí den Aontas. Thairis sin, seoladh treoirthionscadal de chuid ghníomhaíocht Marie Skłodowska-Curie, ‘Roghnaigh an Eoraip’, in 2025 chun tarraingteacht gairmeacha taighde Eorpacha a mhéadú trí aghaidh a thabhairt ar shaincheist na héiginnteachta agus dálaí oibre den scoth a chur ar fáil.
Poist ar ardchaighdeán a chur ar fáil
Trína chinntiú go mbíonn poist ar ardchaighdeán ar fáil, ní hamháin go gcuidíonn sé chun an chothroime shóisialta a chothú, ach cuireann sé le tírdhreach tionsclaíoch láidir iomaíoch freisin. Ghlac an Coimisiún an Treochlár um Poist ar Ardchaighdeán - oscail i dtáb nua. i mí na Nollag. Ullmhaíodh le dlúth-rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta é agus díríonn sé ar phoist ar ardchaighdeán a chruthú agus a chaomhnú, go háirithe le linn an aistrithe ghlain agus an aistrithe dhigitigh, agus cinntíonn sé ag an am céanna go gcoinneoidh cearta oibrithe suas le geilleagar nua-aimseartha. Iarrtar sa treochlár freisin go ndéanfaí na cearta atá ann cheana a fhorfheidhmiú, go mbeadh seirbhísí ardcháilíochta ann do chách agus ar fud na réigiún, maoiniú leordhóthanach ann, agus idirphlé sóisialta agus cómhargáil neartaithe ann. San am céanna, sheol an Coimisiún an comhairliúchán céadchéime maidir le gníomh um poist ar ardchaighdeán - comhad PDF, oscail i dtáb nua. chun tuairimí na gcomhpháirtithe sóisialta a bhailiú i dtaobh tionscnamh a d’fhéadfadh a bheith ann sa réimse sin.
Tacú le hoibrithe
Cé go gcuireann uirlisí digiteacha níos mó solúbthachta ar fáil d’oibrithe agus d’fhostóirí araon, rud a fhágann gur féidir níos mó neamhspleáchais agus nuálaíochta a bheith ann, tá méadú ag teacht ar na glaonna ar choimircí freisin chun a chinntiú nach lagóidh an t-aistriú digiteach cearta na n-oibrithe. In 2025 lean an Coimisiún de bhearta a dhéanamh chun ceart oibrithe chun dícheangail agus maidir le teilea-obair chothrom a chosaint, agus thug sé comhairliúcháin dara céim i gcrích lena chomhpháirtithe sóisialta. Ina theannta sin, faoi dheireadh na bliana, bhí obair an ghrúpa saineolaithe tugtha i gcrích ag an gCoimisiún a bhí dírithe ar an Treoir maidir le hobair ardáin - oscail i dtáb nua. a thrasuí sa dlí náisiúnta, rud a bhfuil sé de cheangal ar na Ballstáit é a dhéanamh faoi Nollaig 2026.
I mí Iúil mhol an Coimisiún coimircí níos láidre d’oibrithe a nochtar do shubstaintí guaiseacha trí theorainneacha nua nochta ceimiceán - oscail i dtáb nua.. Meastar go gcuirfidh na bearta cosc ar isteach agus amach le 1,700 cás d’ailse scamhóg agus 19,000 cineál tinnis thromchúisigh eile sa dá scór bliain amach romhainn, agus go bhféadfadh siad suas le €1.16 billiún i gcostais cúraim sláinte a shábháil. Déanfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle togra an Choimisiúin a phlé. Ar an dóigh chéanna, d’fhoilsigh an tAontas liosta táscach nua de tháirgí íocshláinte guaiseacha - oscail i dtáb nua., mar aon le treoirlínte chun rioscaí sláinte agus sábháilteachta a bhaineann le haispeist a bhainistiú - oscail i dtáb nua..
I dtimpeallacht gheopholaitiúil atá ag éirí níos dúshlánaí de réir a chéile, lean an Ciste Eorpach um choigeartú don domhandú d’oibrithe iomarcacha - oscail i dtáb nua. de chuidiú a thabhairt d’oibrithe a dífhostaíodh mar gheall ar athstruchtúruithe móra. Mar thionscnamh suaitheanta den Phlean Gníomhaíochta maidir le todhchaí na hearnála mótarfheithiclí - oscail i dtáb nua., mhol an Coimisiún an ciste a leasú le go mbeidh cuideachtaí in ann tacaíocht a iarraidh d’oibrithe a bhfuiltear ar tí iad a chur ar iomarcaíocht.
Maoiniú faoin gCiste Eorpach um choigeartú don domhandú d’oibrithe iomarcacha
- €8 milliún chun tacú le 2,400 oibrí a dífhostaíodh tar éis fhéimheacht an mhonaróra Bheilgigh cóistí, Van Hool.
- €1 mhilliún chun tacú le 417 n-iarfhostaí sa Bheilg tar éis dhúnadh mhonarcha an mhonaróra sliseanna BelGaN.
- €3 mhilliún chun cabhrú le 915 oibrí a dífhostaíodh tar éis dhúnadh láithreán táirgthe Goodyear in Fulda na Gearmáine agus tar éis dhúnadh páirteach an láithreáin in Hanau.
- €8.5 milliún chun tacú le 5,800 oibrí a dífhostaíodh tar éis fhéimheacht an déantóra ceallraí Northvolt sa tSualainn.
Ina theannta sin, i mí na Bealtaine shínigh ceardchumainn agus eagraíochtaí fostóirí ó chúig earnáil treoirlínte - oscail i dtáb nua. chun foréigean agus ciapadh a bhaineann leis an obair a chosc agus chun dul i ngleic leo. Leis na treoirlínte sin, leathnaítear raon feidhme na dtreoirlínte atá ann cheana chun an cibearfhoréigean a chur san áireamh agus leagtar béim ar phrionsabail an chomhionannais inscne agus an fhrith-idirdhealaithe.
Tithíocht agus fuinneamh inacmhainne
Saincheist fhorleathan phráinneach is ea tithíocht neamh‑inacmhainne ar fud na hEorpa, rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra do dhaoine aistriú le haghaidh staidéir nó oibre agus, dá réir sin, go mbaintear an bonn d’iomaíochas agus de rathúnas eacnamaíoch an Aontais. Tar éis comhdhála - oscail i dtáb nua. an 24 Márta, rud a d’eagraigh an Pharlaimint agus an Coimisiún i gcomhar lena chéile, cuireadh tús leis an bpróiseas chun an chéad Phlean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne - oscail i dtáb nua. riamh a fhorbairt, ar plean é a glacadh go déanach in 2025 agus a bhain leas as ionchur ó Bhord Comhairleach nua um thithíocht - oscail i dtáb nua.. Is é is aidhm don phlean tacú leis na Ballstáit, leis na réigiúin agus leis na cathracha dúshláin struchtúracha a shárú, infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a scaoileadh agus, ar deireadh, feabhas a chur ar rochtain ar thithíocht inbhuanaithe, inacmhainne agus ardchaighdeáin, tithíocht shóisialta san áireamh.
Is é an costas maireachtála an t-ábhar imní is mó do
40%
dhaoine óga i dtaobh na todhchaí.
Foinse: Parlaimint na hEorpa, Flais-Eorabharaiméadar – Suirbhé Óige 2024 - oscail i dtáb nua., Feabhra 2025.
Moltar bearta sa phlean freisin le haghaidh earnáil tógála agus athchóirithe is táirgiúla agus is nuálaí lena dtabharfar aghaidh ar an neamhréir idir soláthar tithíochta agus an t-éileamh ar thithíocht tríd an Straitéis Eorpach um Thógáil Tithíochta - oscail i dtáb nua.. Treisíonn an tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua - oscail i dtáb nua. an méid sin, ar ghlac an Coimisiún teachtaireacht agus togra le haghaidh moladh ón gComhairle - oscail i dtáb nua. ina leith i mí na Nollag, in éineacht leis an bPlean Eorpach um thithíocht inacmhainne. Féachann an tionscnamh le spásanna, táirgí agus stíleanna maireachtála inbhuanaithe cuimsitheacha aeistéitiúla a chothú, agus é ag teacht leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, agus cultúir agus traidisiúin éagsúla á n‑urramú ag an am céanna.
An tsaincheist maidir le tithíocht inacmhainne a bheith le fáil, níl sí teoranta do ghrúpaí ar ioncam íseal amháin. Dá réir sin, in 2025 mhol an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an gCinneadh maidir le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta - oscail i dtáb nua., agus é d’aidhm aige a chinntiú go n-éascóidh rialacha státchabhrach infheistíocht i dtithíocht inacmhainne agus i dtithíocht shóisialta araon. Oibreoidh an Coimisiún le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla chun rialacha agus nósanna imeachta a shimpliú lena gcuirtear srian ar sholáthar tithíochta, agus béim ar leith á leagan ar phleanáil agus ar cheadú. Tacóidh tionscnamh reachtach nua maidir le cíosanna gearrthéarmacha le limistéir atá faoi strus tithíochta.
Trí aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na géarchéime tithíochta ar bhealach cuimsitheach, rachaidh an plean seo chun tairbhe go háirithe dóibh siúd is mó atá thíos leis: daoine óga, mic léinn, oibrithe riachtanacha, daoine a bhfuil ioncam íseal acu, agus grúpaí eile faoi mhíbhuntáiste. Slógfaidh an Coimisiún infheistíocht nua i dtithíocht mac léinn agus sa tithíocht shóisialta agus cuideoidh sé leis na Ballstáit réitigh níos fearr a chur i bhfeidhm le haghaidh daoine gan dídean bunaithe ar phrionsabail ‘Tús Áite don Tithíocht’.
Ní hamháin go bhfuil an tAontas ag obair chun tithíocht a dhéanamh níos inacmhainne ach tá sé ag cuidiú le tomhaltóirí a gcostais fuinnimh a laghdú freisin. Leis an bPlean Gníomhaíochta um fhuinneamh inacmhainne - oscail i dtáb nua., tabharfar faoiseamh do theaghlaigh agus do ghnólachtaí a bhfuil billí arda fuinnimh le híoc acu (féach Caibidil 2), agus d’fhéadfadh an coigilteas ó laghdú spleáchas na hEorpa ar bhreoslaí iontaise €130 billiún a bhaint amach faoi 2030. Le réitigh shaincheaptha bhreise a forbraíodh i rith na bliana, cuir i gcás na rialacha athbhreithnithe maidir le húsáid fuinnimh na bhfearas leictreach agus iad sa mhód fuireachais - oscail i dtáb nua., rud atá i bhfeidhm ón 9 Bealtaine, laghdófar an úsáid fuinnimh a thuilleadh.
Leis na rialacha nuashonraithe maidir le mód fuireachais, meastar go sábhálfaidh tomhaltóirí an Aontais thart ar €530 milliún in aghaidh na bliana faoi 2030.
Slógfaidh an Ciste Aeráide Sóisialta - oscail i dtáb nua. €86.7 billiún ar a laghad de chaiteachas sna Ballstáit ó 2026 go 2032. Cuireann an ciste acmhainní ar fáil chun tacú le saoránaigh tríd an aistriú glan agus chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a d’fhéadfadh a bheith ag an gCóras Trádála Astaíochtaí nua le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise - oscail i dtáb nua. (CTA2) ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair agus ar úsáideoirí ar na córais iompair. Ina theannta sin, i mí na Nollag d’fhormheas an Coimisiún an chéad Phlean Aeráide Sóisialta náisiúnta - oscail i dtáb nua., arna chur isteach ag an tSualainn.
Cosaintí tomhaltóirí a chumhachtú
A bhuí le rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí, tá cosaint mhaith ag tomhaltóirí ar chleachtais éagóracha agus tá sé de cheart acu eolas soiléir a fháil faoi na táirgí agus na seirbhísí a cheannaíonn siad. Mar sin féin, tá dúshláin nua ann roimh thomhaltóirí ar líne de dheasca theacht chun cinn an gheilleagair dhigitigh agus na ríomhthráchtála.
Sa Chlár Oibre nua do Thomhaltóirí - oscail i dtáb nua. le haghaidh 2025–2030, rud a glacadh an 19 Samhain, dírítear ar chearta tomhaltóirí a neartú laistigh den Mhargadh Aonair. Cuirfidh sé sin feabhas ar fhorfheidhmiú, spreagfaidh sé iomaíochas agus rathúnas inbhuanaithe, cosnóidh sé tomhaltóirí leochaileacha, laghdóidh sé ualaí riaracháin agus cuirfidh sé geilleagar cothrom glas digiteach chun cinn. Gné thábhachtach den chlár oibre is ea an gníomh um chothroime dhigiteach - oscail i dtáb nua., rud atá le glacadh sa dara leath de 2026, darb aidhm aghaidh a thabhairt ar chleachtais dhíobhálacha go sonrach ar fud spásanna ar líne, mar shampla patrúin dhorcha agus margaíocht mheabhlach tionchairí, agus béim ar leith á leagan ar mhionaoisigh. Féachfar leis freisin ar dheiseanna chun ualaí a shimpliú agus a laghdú gan cosaint tomhaltóirí a laghdú. D’fhoilsigh an Coimisiún teachtaireacht maidir le ríomhthráchtáil - oscail i dtáb nua. freisin chun dul i ngleic leis na rioscaí sláinte agus sábháilteachta a bhaineann le borradh ar iompórtálacha ar luach íseal isteach i margaí an Aontais.
Ag Cruinniú Mullaigh Eorpach na dTomhaltóirí 2025 - oscail i dtáb nua. tháinig lucht ceaptha beartas, gnólachtaí agus an tsochaí shibhialta le chéile chun cosaint tomhaltóirí, ríomhthráchtáil trasteorann agus margaí digiteacha a phlé, rud a mhúnlaigh an Clár Oibre nua do Thomhaltóirí agus an plean gníomhaíochta gaolmhar. Ghlac dhá ardán ríomhthráchtála nua páirt sa Ghealltanas um Chosaint Tomhaltóirí - oscail i dtáb nua. ag an ócáid freisin, agus chuaigh siad i bpáirt le 10 sínitheoir a bhí ann cheana chun gealltanas a thabhairt dul níos faide ná na ceanglais dhlíthiúla chun tomhaltóirí agus a gcearta digiteacha a chosaint.
Torthaí Scórchlár Dhálaí Tomhaltóirí 2025 - oscail i dtáb nua. an Aontais
Is mó ná 60% an seans go mbeidh fadhbanna ag siopadóirí ar líne ná ag siopadóirí as líne.
Tá imní ar 93% acu faoi fhógraíocht spriocdhírithe, agus an méid seo san áireamh:
- bailiú sonraí pearsanta gan toiliú (71%);
- fógraíocht iomarcach (67%);
- pearsantú dosheachanta (63%).
Tháinig 45% díobh ar chibirsceamálacha ar líne an bhliain roimhe sin.
Bhí cleachtais éagóracha roimh go leor acu, cuir i gcás:
- léirmheasanna bréige (66%);
- lascainiú míthreorach (61%).
Gníomhaíochtaí eile in 2025 maidir le cosaint tomhaltóirí
- Tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis na rialacha nua i leith sábháilteacht bréagán - oscail i dtáb nua..
- De réir imscrúdú - oscail i dtáb nua. a rinne an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta tomhaltóirí, ní chuireann beagnach an leathchuid de na trádálaithe athláimhe ar líne tomhaltóirí ar an eolas i gceart faoina gcearta maidir le hearraí a thabhairt ar ais.
- I mí Iúil d’óstáil an Coimisiún idirphlé maidir le cur chun feidhme - oscail i dtáb nua. i ndáil le cosaint tomhaltóirí sa timpeallacht dhigiteach.
Chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí ar léirmheasanna agus rátálacha iontaofa maidir le cóiríocht do thurasóirí, chuidigh an tAontas le hardáin áirithinte, oibreoirí óstáin agus eagraíochtaí tomhaltóirí cód iompair nua - oscail i dtáb nua. a fhorbairt.
Ról agus rannpháirtíocht na saoránach
Léirítear a thábhachtaí atá na daoine óga maidir le todhchaí an Aontais a mhúnlú sna Treoirlínte Polaitiúla - oscail i dtáb nua. do Choimisiún 2024‑2029. Tá an tAontas tiomanta éisteacht lena bhfuil le rá ag daoine óga agus aghaidh a thabhairt go díreach ar na hábhair imní atá acu.
Le Bord nua Comhairleach Óige an Uachtaráin - oscail i dtáb nua., leis an Idirphlé Beartais bliantúil leis an Aos Óg - oscail i dtáb nua. agus le Seiceáil Óige - oscail i dtáb nua. an Choimisiúin, cuirtear daoine óga i gcroílár cheapadh beartas an Aontais. In 2025 chuir an Coimisiún an tSeiceáil Óige i bhfeidhm maidir lena chlár oibre bliantúil den chéad uair, é ag dul i gcomhairle le daoine óga agus le sochaí shibhialta na hóige maidir le príomhthionscnaimh a bhfuil ábharthacht shuntasach ag baint leo do dhaoine óga. Thairis sin, d’eagraigh na Coimisinéirí uile Idirphlé Beartais leis an Aos Óg chun daoine óga a spreagadh a ndearcadh féin a chur in iúl, lena chinntiú go gcloisfear a nguthanna ar an leibhéal is airde de chinnteoireacht an Aontais.
Tugann Bord Comhairleach Óige an Uachtaráin ionadaí óg amháin ó Chomhairle Náisiúnta Óige gach Ballstáit agus ionadaí óg amháin ó Fhóram Eorpach na nÓg - oscail i dtáb nua. le chéile, mar aon le breathnóirí ó thíortha is iarrthóirí agus ó thíortha is iarrthóirí ionchasacha ar aontachas leis an Aontas. Cuireann an Bord comhairle ar an Uachtarán maidir leis na saincheisteanna is tábhachtaí do dhaoine óga, cuireann sé a dhearcthaí in iúl maidir le beartais arna bhforbairt ag an gCoimisiún, agus cuireann sé daoine óga i gcroílár cheapadh beartas an Aontais.
Reáchtáil gach Coimisinéir a chéad Idirphlé Beartais leis an Aos Óg laistigh den chéad 100 lá den sainordú nua agus lean siad de bheith i dteagmháil go pearsanta le hEorpaigh óga i rith na bliana.
Tá 41 idirphlé
reáchtáilte ó thús an tsainordaithe seo.
Chuir 9 n-idirphlé
ionchur luachmhar ar fáil do thionscnaimh a théann trí phróiseas na Seiceála Óige, cuir i gcás an Sciath Eorpach don Daonlathas, an Comhshocrú Eorpach um na hAigéin agus an Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia.
Glacadh treoirlínte - oscail i dtáb nua. nua maidir le mionaoisigh a chosaint faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha - oscail i dtáb nua. chun páistí agus daoine óga a chosaint ar rioscaí ar líne, mar shampla mealltóireacht, ábhar díobhálach, agus iompraíochtaí achrannacha agus andúileacha, mar aon le cibearbhulaíocht agus cleachtais dhíobhálacha tráchtála.
Leagtar béim freisin sna Treoirlínte Polaitiúla ón gCoimisiún ar a thábhachtaí atá sé cothroime idirghlúine a ráthú; a chinntiú nach ndéanfar dochar do na glúnta atá le teacht le cinntí a dhéantar inniu; agus dlúthpháirtíocht agus rannpháirtíocht a chothú idir daoine, idir óg agus aosta. In 2025, d’eagraigh an Coimisiún Painéal Saoránach Eorpach (féach Caibidil 6) agus sraith idirphléití straitéiseacha le saoránaigh, le hinstitiúidí agus leis an tsochaí shibhialta chun bonn eolais a chur faoi Straitéis maidir le Cothroime Idirghlúine - oscail i dtáb nua. amach anseo.
Tacú leis an oideachas agus naisc a chothú
Cuireann aontas na scileanna go mór le LEO - oscail i dtáb nua. agus tá sé á chur chun feidhme in éineacht leis sin, ar tionscnamh é chun cabhrú leis na Ballstáit córais oideachais agus oiliúna níos cuimsithí agus níos athléimní a thógáil. I mí an Mheithimh d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an meastóireacht mheántéarma ar LEO - oscail i dtáb nua., rud a fheidhmíonn mar bhonn don Chomhairle chun teacht ar chomhaontú maidir le creat nua um chomhar straitéiseach do 2026–2030.
Tiocfaidh Plean Gníomhaíochta um Bunscileanna - oscail i dtáb nua. agus Plean Straitéiseach um Oideachas ETIM - oscail i dtáb nua. faoi aontas na scileanna chomh maith. Is é is aidhm don dá phlean sin tacú le hiarrachtaí na mBallstát a chinntiú go mbeidh bunscileanna láidre ag gach duine, ón luath-óige go dtí an aosacht, agus sciar na mac léinn atá cláraithe i réimsí ETIM (is é sin an eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic) a mhéadú, agus béim ar leith á leagan ar scoláirí ar mná iad.
Braitheann rolladh amach rathúil aontas na scileanna agus LEO ar thacaíocht láidir don oideachas agus don oiliúint. Scéal ratha buanseasmhach de chuid an Aontais is ea Erasmus+ - oscail i dtáb nua., a bhfuil tionchar beagnach 40 bliain aige ar fhás pearsanta agus acadúil níos mó ná 16 mhilliún duine. Sa chomhthéacs sin, mhol an Coimisiún buiséad chlár Erasmus+ a mhéadú 50% chun cuidiú le daoine óga, le foghlaimeoirí fásta agus le baill foirne tabhairt faoi eispéireas soghluaisteachta foghlama i mBallstáit eile, agus ar an dóigh sin, meon muintearais, luachanna coiteanna an Aontais agus rannpháirtíocht shibhialta a threisiú. Tá sé d’aidhm ag an togra raon feidhme an chláir a leathnú freisin chun obair dheonach a chumhdach, rud a chruthóidh ionad ilfhreastail do gach tionscadal agus tionscnamh don óige atá maoinithe ag an Aontas.
In 2025 bronnadh gradam Cercle d’Economia as an lánpháirtíocht Eorpach - oscail i dtáb nua. ar chlár Erasmus+.
Dhírigh Cruinniú Mullaigh Eorpach 2025 um Oideachas agus Scileanna - oscail i dtáb nua., dar téama ‘Fás na hEorpa a bhreoslú’, ar chórais oideachais na hEorpa a ullmhú d’athrú tapa sochaíoch agus eacnamaíoch. Phléigh airí, lucht ceaptha beartas, oideoirí, mic léinn, comhpháirtithe sóisialta agus ceannairí tionscail an dóigh ar féidir leis an oideachas iomaíochas, comhtháthú agus luachanna daonlathacha na hEorpa a neartú. Chuir an Coimisiún an Tuarascáil Mhonatóireachta nua ar Oideachas agus Oiliúint - oscail i dtáb nua. agus Tuarascáil Bhliantúil 2024 ar Erasmus+ - oscail i dtáb nua. i láthair freisin.
Agus é diongbháilte ina thiomantas LEO láidir a chinntiú, thionóil an Coimisiún an chéad Fhóram um Chéim Eorpach - oscail i dtáb nua. i bhFlórans na hIodáile in 2025. Tháinig níos mó ná 160 ionadaí ó údaráis náisiúnta, ollscoileanna, gníomhaireachtaí um dhearbhú cáilíochta agus eagraíochtaí mac léinn le chéile ann chun an bealach a réiteach le lipéad céime Eorpaí comhpháirtí a rolladh amach faoi Ghealltanas Fhlórans.
Ní le hollscoileanna amháin a bhaineann an t-oideachas agus forbairt scileanna, áfach. Baineann páirtithe leasmhara éagsúla, mar shampla soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET), scoileanna agus páirtithe leasmhara sa mhargadh saothair, tairbhe as tionscadail soghluaisteachta foghlama agus comhair Erasmus+. Tháinig an líon is mó iarratas riamh isteach in 2025 chuig na hIonaid Barr Feabhais Gairme - oscail i dtáb nua., tionscnamh suaitheanta de chuid Erasmus+ i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna. 303 an líon iarratas a baineadh amach, figiúr a mhéadaigh ó 132 an bhliain roimhe sin. Don tréimhse 2021–2027, tá buiséad táscach €400 milliún leithdháilte ag clár Erasmus+ chun na lárionaid sin a mhaoiniú. I nglao 2025 ar léiriú spéise, leis an mbuiséad atá ar fáil, is féidir 15 thionscadal nua Erasmus+ ar a laghad a mhaoiniú.
Dearbhú Herning maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint tharraingteach chuimsitheach le haghaidh iomaíochas méadaithe agus poist ardcháilíochta 2026–2030
Le Dearbhú Herning - comhad PDF, oscail i dtáb nua., rud a d’fhormhuinigh airí atá freagrach as gairmoideachas agus gairmoiliúint sna Ballstáit, tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas, tíortha den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, comhpháirtithe sóisialta Eorpacha agus an Coimisiún an 12 Meán Fómhair 2025, déantar athnuachan agus neartú ar iarrachtaí comhordaithe le haghaidh athchóirithe gairmoideachais agus gairmoiliúna i gcomhréir le riachtanais athraitheacha na sochaí agus an mhargaidh saothair. Rannchuidiú tábhachtach is ea an dearbhú sin leis an straitéis Eorpach um ghairmoideachas agus um ghairmoiliúint atá le teacht, rud a fógraíodh faoi aontas na scileanna, chun cuidiú le sainiú an chreata beartais nua sa réimse sin do 2026-2030.
D’óstáil an Comhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí - oscail i dtáb nua. an t-imeacht ardleibhéil is déanaí - oscail i dtáb nua. le linn an tsamhraidh, inar tugadh le chéile níos mó ná 230 rannpháirtí. Tháinig príomhpháirtithe leasmhara, lucht ceaptha beartas, comhpháirtithe sóisialta, soláthraithe oideachais, cuideachtaí agus printísigh le chéile chun féachaint conas is féidir le printíseachtaí aistriú na hEorpa i dtreo fuinneamh glan a spreagadh, agus lucht saothair oilte athléimneach a fhorbairt don todhchaí. In éineacht leis an bhForas Eorpach Oiliúna - oscail i dtáb nua., d’eagraigh sé seimineár do thíortha comhpháirtíochta i Montainéagró - oscail i dtáb nua. freisin i mí Dheireadh Fómhair.
In 2025 lean an Coimisiún de thacaíocht a thabhairt don chaibidlíocht i ndáil leis an treoir atá beartaithe maidir le tréimhsí oiliúna - oscail i dtáb nua., mar aon leis an Moladh athbhreithnithe ón gComhairle maidir le Creat Cáilíochta treisithe le haghaidh Tréimhsí Oiliúna - oscail i dtáb nua..
Den chéad uair riamh, aithnítear sa Phlean Gníomhaíochta um Bunscileanna, ar cuid d’aontas na scileanna é, scileanna saoránachta in éineacht le scileanna amhail litearthacht, matamaitic agus eolaíocht. Agus an méid sin á chur san áireamh, ba é ‘Oideachas saoránachta – Rannpháirtiú sa saol daonlathach, luachanna coiteanna agus rannpháirtíocht shibhialta’ ba théama d’eagrán 2025 den Ghradam Eorpach don Teagasc Nuálach - oscail i dtáb nua.. Le linn na bliana, trí thionscnaimh foghlama Jean Monnet Erasmus+ de chuid an Aontais - oscail i dtáb nua., roghnaíodh 106 thogra chun 120 uair an chloig ar a laghad de theagasc ar dhaonlathas agus luachanna an Aontais a chur ar fáil in aghaidh na scoile, thar thréimhse 3 bliana. Leathnaíodh líonraí scoile Jean Monnet in 2025 freisin. Is éard atá sna líonraí sin institiúidí i dtrí Bhallstát ar a laghad, agus cuidíonn siad chun topaicí a bhaineann leis an Aontas a chomhtháthú i bhfoghlaim ranga bunscoile, meánscoile agus gairmoideachais agus gairmoiliúna.
Ina theannta sin, in 2025 sheol an Coimisiún dhá bhabhta iarratais DiscoverEU - oscail i dtáb nua., lenar cuireadh níos mó ná 75,000 pas taistil ar fáil do dhaoine 18 mbliana d’aois ar fud na hEorpa. Cuidíonn DiscoverEU le daoine óga eolas a chur ar chomhoidhreacht chultúrtha na mór-roinne agus scileanna agus inniúlachtaí a fhónfaidh go maith daoibh ar feadh a saoil. Reáchtáladh na babhtaí sin i gcomhthéacs chomóradh 40 bliain Chomhaontú Schengen, ina ndearnadh comóradh ar dhá scór bliain den tsaorghluaiseacht ar fud fhormhór na hEorpa.
Compás Cultúir don Aontas Eorpach
I ré seo na n-athraithe tapa, tá sé ríthábhachtach acmhainneacht an chultúir a aithint, leas iomlán a bhaint aisti, agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair earnálacha agus thionscail an chultúir agus na cruthaitheachta. Dá bhrí sin, tá Compás Cultúir don Aontas Eorpach - oscail i dtáb nua. curtha i láthair ag an gCoimisiún, lena mbunaítear fís agus lena leagtar amach príomhthreonna chun an cultúr a chur i gcroílár cheapadh beartas an Aontais. Tá 20 tionscnamh suaitheanta mar bhonn taca le huaillmhian an chompáis, ina measc sin togra le haghaidh Cairt Ealaíontóirí de chuid an Aontais chun feabhas a chur ar dhálaí oibre do ghairmithe ealaíne agus cultúrtha.
In 2025 lean an tAontas de bheith ag obair chun aontas an chomhionannais a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, tháinig ann do shainchomhartha tábhachtach i mí an Mhárta nuair a nocht an Coimisiún a Threochlár um Chearta na mBan - oscail i dtáb nua.. Leagtar amach sa treochlár fís fhadtéarmach chun comhionannas inscne a bhaint amach, darb aidhm cearta na mban a chaomhnú agus a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin maidir le comhionannas inscne, ina measc sin idirdhealú, foréigean agus claontacht arna héascú ag an teicneolaíocht. An 16 Deireadh Fómhair, tháinig ionadaithe ó institiúidí an Aontais, ó na Ballstáit agus ó eagraíochtaí um chearta na mban le chéile sa Bhruiséil, an Bheilg, chun an Dearbhú prionsabal maidir le sochaí atá comhionann ó thaobh inscne de a fhormhuiniú go hoifigiúil (rud atá ar fáil mar iarscríbhinn a ghabhann leis an treochlár). Cuireann an dearbhú sin leis an dul chun cinn suntasach atá déanta faoi Straitéis 2020-2025 um chomhionannas inscne - oscail i dtáb nua. maidir le hoibriú i dtreo sochaí inar féidir rath a bheith ar mhná agus ar chailíní saor ó idirdhealú agus ó fhoréigean.
- Tá bean amháin as gach triúr ban tar éis foréigean fisiceach nó gnéasach a fhulaingt agus iad ina ndaoine fásta.
- Tá bean amháin as gach cúigear ban tar éis foréigean teaghlaigh a fhulaingt.
- Tá bean amháin as gach seisear ban tar éis foréigean gnéasach a fhulaingt.
Foinse: Eurostat, EIGE agus FRA, EU Gender-based Violence Survey – Key results [Suirbhé an Aontais ar fhoréigean inscnebhunaithe – Príomhthorthaí] - oscail i dtáb nua., 2024.
Ina theannta sin, i mí Dheireadh Fómhair sheol an Coimisiún a Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ+ le haghaidh 2026‑2030 - oscail i dtáb nua. freisin, lena gcomhcheanglaítear bearta spriocdhírithe le hiarrachtaí neartaithe chun comhionannas LGBTIQ+ a phríomhshruthú ar fud bheartais uile an Aontais. Tá méadú tagtha ar ghlacadh sóisialta daoine LGBTIQ+ ar fud an Aontais le cúig bliana anuas. De réir an Eorabharaiméadair maidir leis an idirdhealú san Aontas - oscail i dtáb nua., deir thart ar 75% de dhaoine go bhfuil siad compordach comhghleacaithe aeracha, leispiacha nó déghnéasacha a bheith acu. Mar sin féin, tá leibhéil dhíréireacha dho-ghlactha fuatha fós á bhfulaingt ag daoine LGBTIQ+.
- Fulaingíonn duine amháin as gach beirt LGBTIQ+ ciapadh inspreagtha ag an bhfuath fós.
Foinse: FRA, LGBTIQ Equality at a Crossroads – Progress and challenges [Comhionannas LGBTIQ ag uair na cinniúna – forbairtí agus dúshláin] - oscail i dtáb nua., 2024.
An t-idirdhealú a chomhrac
Príomhréimse fócais eile don Aontas in 2025 ab ea an frithsheimíteachas a chomhrac, nó tháinig borradh san Eoraip faoi fhoréigean agus eachtraí fuatha frithsheimíteacha a bhí dírithe ar dhaoine Giúdacha tar éis na n-ionsaithe an 7 Deireadh Fómhair 2023. D’óstáil an Coimisiún an dara Fóram na Sochaí Sibhialta maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú - oscail i dtáb nua. i mí Aibreáin, inar tháinig 250 saineolaí agus gníomhaí le chéile chun bearta sonracha a phlé chun dlús breise a chur leis an gcomhrac i gcoinne an fhrithsheimíteachais san Aontas. I bhfianaise bagairtí follasacha, beidh Straitéis 2021–2030 an Aontais maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú - oscail i dtáb nua. fós ina treoir do ghníomhaíochtaí an Choimisiúin i ndáil leis an bpobal Giúdach a chosaint.
Bhí an frithchiníochas agus an inrochtaineacht ar an gclár oibre freisin le linn 2025. I mí Aibreáin, sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí nua - oscail i dtáb nua. darb aidhm Straitéis Frithchiníochais an Aontais 2026-2030 a mhúnlú, rud atá ar na bacáin. Leis an straitéis nua sin, cuirfear bearta i bhfeidhm chun dul i ngleic le gach cineál ciníochais, an frithghiofógachas agus an fuath i leith Moslamach san áireamh. Cuirfidh sé leis an gconair atá leagtha amach i bPlean Gníomhaíochta Frithchiníochais an Aontais, 2020-2025 - oscail i dtáb nua., darb aidhm dlús a chur leis na hiarrachtaí chun an ciníochas a chomhrac ar an leibhéal aonair agus ar an leibhéal struchtúrach araon.
Agus an Coimisiún ag cur leis an 18ú hArdán de chuid an Aontais le haghaidh Cuimsiú Romach - oscail i dtáb nua. an 2 Deireadh Fómhair, bhí idirphlé cur chun feidhme - oscail i dtáb nua. aige an 12 Samhain chun na dúshláin atá fós ann, deiseanna simpliúcháin agus dea-chleachtais a shainaithint chun cuidiú le spriocanna Chreat Straitéiseach 2020–2030 an Aontais maidir leis na Romaigh - oscail i dtáb nua. a bhaint amach.
Tá
70%
de na Romaigh ar an anás. Cé go bhfuil an figiúr sin níos lú ná mar a bhí sé in 2016 (80%), tá seans ceithre huaire níos mó ann fós go mbeidh teaghlaigh Romacha thíos leis an mbochtaineacht i gcomparáid leis an bpobal i gcoitinne san Aontas.
Foinse: FRA, Rights of Roma and Travellers in 13 European countries [Cearta na Romach agus an Lucht Siúil i 13 thír Eorpacha] - oscail i dtáb nua., 2025.
Ó thaobh na hinrochtaineachta de, leis an Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta - oscail i dtáb nua., rud atá i bhfeidhm sna Ballstáit ó bhí an 28 Meitheamh ann, cinntítear go bhfuil príomhtháirgí agus príomhsheirbhísí – gutháin, ríomhairí, teilifíseáin, seirbhísí baincéireachta agus íocaíochta, iompar poiblí, ardáin ríomhthráchtála agus cumarsáid leictreonach, mar shampla – inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas, rud a fhágann gur fusa dóibh rannpháirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí.
D’fhógair an Coimisiún ina Chlár Oibre 2026 - oscail i dtáb nua. teachtaireacht freisin i ndáil le feabhas a chur ar an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas - oscail i dtáb nua.. Ansin, sheol an Coimisiún glao ar fhianaise agus comhairliúchán poiblí oscailte - oscail i dtáb nua. i mí na Samhna chun aiseolas a bhailiú maidir leis na dúshláin agus na riachtanais atá ann faoi láthair chun cearta comhionanna a chinntiú do dhaoine faoi mhíchumas san Aontas.
Cathracha an Aontais a dhéanamh níos inrochtana
Céadchéim ríthábhachtach atá sna spásanna inrochtana chun an comhionannas a bhaint amach. In 2025 rinneadh comóradh ar an 16ú heagrán den Ghradam don Chathair is Inrochtana - oscail i dtáb nua. a cheiliúradh, gradam lena n‑aithnítear na hiarrachtaí atá déanta ag cathracha an Aontais tús áite a thabhairt don inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas.
I mí na Nollag, bhain Zaragoza na Spáinne Gradam 2026 don Chathair is Inrochtana as bheith ina eiseamláir iontach den chaoi ar féidir le príomhchathracha móra an inrochtaineacht a chomhtháthú go rathúil i ngach gné den saol uirbeach.
© rh2010 – stock.adobe.com
Is le gach spás, spásanna digiteacha san áireamh, a bhaineann tiomantas an Aontais dul i ngleic leis an idirdhealú. In 2025, rinne an Coimisiún measúnú dearfach ar an gCód Iompair athbhreithnithe maidir le fuathchaint neamhdhleathach ar líne a chomhrac + - oscail i dtáb nua. faoi Airteagal 45 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha, agus dá bhrí sin rinneadh é a chomhtháthú i gcreat comhrialála an ghnímh (féach Caibidil 6). Gheall sínitheoirí an chóid a gcórais a neartú chun fuathchaint neamhdhleathach a bhrath agus a bhaint, an trédhearcacht agus an chuntasacht a fheabhsú, agus oibriú go dlúth leis an tsochaí shibhialta chun cosc a chur ar ábhar den sórt sin a scaipeadh, i measc nithe eile.
- In 2025, chuir an Coimisiún feabhas ar infheictheacht na dtionscnamh sóisialta atá dírithe ar an spórt lena Ghradaim #BeActive, lena dtugtar aitheantas d’eagraíochtaí agus do dhaoine aonair a úsáideann an spórt chun cuimsiú, comhionannas inscne agus síocháin a chothú, i measc nithe eile.
Sochaithe cuimsitheacha a cheiliúradh
Déantar Mí Eorpach na hÉagsúlacha - oscail i dtáb nua. a cheiliúradh i mí na Bealtaine gach bliain agus is léiriú í ar thiomantas fadtéarmach an Aontais d’ionaid oibre agus do shochaithe ina bhfuil éagsúlacht agus ionchuimsitheacht. Bhí níos mó ná 500 imeacht ar siúl ar fud an Aontais in 2025.
Ceann de na buaicphointí a bhí ann ná an ceathrú heagrán den Ghradam bliantúil do Phríomhchathracha Ionchuimsithe agus Éagsúlachta na hEorpa - oscail i dtáb nua., lena n-aithnítear an obair a dhéanann cathracha, bailte nó réigiúin an Aontais chun an cuimsiú a chur chun cinn agus sochaithe atá saor ó idirdhealú a chruthú.
Seo a leanas buaiteoirí na gcatagóirí éagsúla:
- údaráis áitiúla a bhfuil daonra os cionn 50,000 ina limistéar: Utrecht na hÍsiltíre;
- údaráis áitiúla a bhfuil daonra níos lú ná 50,000 ina limistéar: Mariehamn na Fionlainne;
- gradam sonrach le haghaidh na tithíochta cuimsithí: Braga na Portaingéile.
© Jacob Lund – stock.adobe.com