CAIBIDIL 2

Eoraip inbhuanaithe, rathúil agus iomaíoch

Fostaí mná atá ag obair ar líne chóimeála i monarcha gluaisteán. Féach fotheideal an ghrianghraif
Fostaí atá ag obair ar líne chóimeála gluaisteán leictreach i monarcha Renault in Douai, an Fhrainc, an 5 Márta 2025. © An tAontas Eorpach. Ní cheadaítear athúsáid ach amháin chun críocha oideachais agus eolais.

Braitheann rathúnas na hEorpa ar gheilleagar iomaíoch inbhuanaithe athléimneach a bheith aici, geilleagar a chuireann deiseanna ar fáil dá mhuintir agus dá ghnólachtaí, anois agus san am atá le teacht. In 2025 neartaigh an tAontas Eorpach a bhonn tionsclaíoch, chuir sé dlús leis an aistriú glan agus leis an aistriú digiteach, agus rinne sé an Margadh Aonair a dhoimhniú. Faoi threoir an Chompáis Iomaíochais agus an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan, d’oibrigh sé chun an bhearna nuálaíochta a dhúnadh, spleáchais a laghdú agus an uaillmhian aeráide a ailíniú leis an bhfás eacnamaíoch. Le tionscnaimh nua chun an rómhaorlathas a laghdú, cánachas a nuachóiriú agus tacú le hiomaíocht chóir, cuideofar le gnólachtaí rath a bheith orthu thar theorainneacha, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide. Táthar ag spreagadh iomaíochas fadtéarmach le hinfheistíochtaí straitéiseacha i dteicneolaíochtaí glana, sa nuálaíocht dhigiteach agus in amhábhair chriticiúla, agus tá sé d’aidhm ag an aontas coigiltis agus infheistíochta agus ag an gCiste Eorpach um Iomaíochas, in éineacht le Fís Eorpach, níos mó caipitil a dhíriú ar thionscail na hEorpa amach anseo. Is iad na daoine atá lárnach i gcónaí san Eoraip iomaíoch, agus tabharfaidh aontas na scileanna, rud a seoladh in 2025, na scileanna is gá dóibh chun geilleagar atá ag athrú ó bhonn a bhaint amach (féach Caibidil 4).

An Compás Iomaíochais

Is é an Compás Iomaíochais - oscail i dtáb nua. an treochlár lena dtreorófar obair an Aontais maidir le hiomaíochas sna 5 bliana amach romhainn. Is ar thuarascálacha Draghi - oscail i dtáb nua. agus Letta - oscail i dtáb nua. atá sé bunaithe, agus leanann sé trí phrionsabal threoracha - oscail i dtáb nua.: an bhearna nuálaíochta a dhúnadh; plean comhpháirteach don dícharbónú agus don iomaíochas; agus feabhas a chur ar an tslándáil eacnamaíoch trí spleáchais iomarcacha a laghdú. Tacaítear leis na prionsabail sin le bearta cothrománacha lena gcumasófar agus lena neartófar an tiomaíochas ar fud gheilleagar an Aontais.

Cumasóirí cothrománacha
le haghaidh iomaíochas an Aontais

  1. An rómhaorlathas a laghdú.
  2. Deireadh a chur le bacainní laistigh den Mhargadh Aonair.
  3. Maoiniú infheistíochta níos éifeachtúla a chumasú.
  4. Scileanna agus poist ar ardchaighdeán a chur chun cinn.
  5. Comhordú níos fearr a chinntiú ar bheartais idir an tAontas agus na Ballstáit.

An Margadh Aonair a chur i gcrích

Cé go soláthraítear leis an gcompás an treo straitéiseach (nuálaíocht, dícharbónú, slándáil) ar an gconair i dtreo an iomaíochais, ach an Margadh Aonair a chur i gcrích, cinntítear go bhfuil an chonair sin saor ó bhacainní. An 21 Bealtaine, mhol an Coimisiún Eorpach Straitéis um an Margadh Aonair - oscail i dtáb nua. chun gur fusa a bheidh sé gnó a dhéanamh san Aontas. Is é is fócas don straitéis gur rianúla a bheidh sé seirbhísí a sholáthar agus earraí a bhogadh thar theorainneacha, agus a chinntiú go bhforfheidhmeofar rialacha an Mhargaidh Aonair go tapa agus go héifeachtúil. I ngeall ar an Margadh Aonair tá méadú 3-4% ar a laghad tagtha ar olltáirgeacht intíre an Aontais, agus cruthaíodh 3.6 milliún post ó bunaíodh é. Dá ndéanfaí an Margadh Aonair a chomhtháthú go hiomlán, dhéanfaí na gnóthachain a baineadh amach cheana a mhéadú faoi dhó agus bheadh an tAontas ní b’iomaíche dá bharr.

Sa chomhthéacs sin, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil 2024 ar an mbeartas iomaíochta - oscail i dtáb nua.. D’eisigh sé freisin tuarascáil bhliantúil 2025 maidir leis an Margadh Aonair agus an t-iomaíochas - oscail i dtáb nua., ina rianaítear dul chun cinn an Aontais i naoi bpríomhspreagadh don iomaíochas.

Stéphane Séjourné ag labhairt ó léachtán. Ar an scáileán taobh thiar de, tá na focail ‘A simpler Single Market for more business in the EU’ [Margadh Aonair níos simplí le haghaidh tuilleadh gnó san Aontas Eorpach].
Stéphane Séjourné, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh um Rathúnas agus Straitéis Thionsclaíoch, ag preasagallamh maidir leis an Straitéis um an Margadh Aonair agus an ceathrú togra Omnibus maidir le cuideachtaí meánchaipitlithe beaga sa Bhruiséil, an Bheilg, an 21 Bealtaine 2025.

Na príomhbhearta faoin Straitéis um an Margadh Aonair

  • Deireadh a chur leis na 10 mbacainn is díobhálaí, ar a dtugtar na ‘10 mbacainn dhíobhálacha - oscail i dtáb nua.’, atá ag cur isteach ar shreabhadh rianúil earraí agus seirbhísí sa Mhargadh Aonair.
  • Aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh earnálacha seirbhíse sonracha agus iad ag oibriú thar theorainneacha.
  • É a dhéanamh níos fusa d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) feidhmiú sa Mhargadh Aonair.
  • An timpeallacht ghnó a shimpliú tríd an digitiú.
  • Comhar na mBallstát a neartú maidir le rialacha an Mhargaidh Aonair a fhorfheidhmiú.

I mí Iúil formheasadh glacadh an euro sa Bhulgáir ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, agus is í an 21ú Ballstát den limistéar euro í dá bharr sin.

Duine ag a bhfuil samhail mhór de bhonn euro na Bulgáire agus sínithe air.
Samhail de bhonn €1 na Bulgáire agus í sínithe ag Valdis Dombrovskis, an Coimisinéir Eorpach um an nGeilleagar agus Táirgiúlacht, agus um Chur Chun Feidhme agus Simpliú, Luis de Guindos Jurado, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Temenuzhka Petkova, Aire Airgeadais na Bulgáire, Stephanie Lose, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha na Danmhairge, agus Paschal Donohoe, Aire Airgeadais na hÉireann ag an am, a bhí i láthair ag an searmanas oifigiúil do theacht isteach na Bulgáire sa limistéar euro, an Bhruiséil, an Bheilg, an 8 Iúil 2025.

Nósanna imeachta custaim a nuachóiriú agus a shimpliú le haghaidh earraí ríomhthráchtála

I mí na Samhna tháinig na Ballstáit ar chomhaontú chun deireadh a chur leis an tairseach faoisimh ó dhleacht chustaim €150 - oscail i dtáb nua., lena ndéantar athrú ó bhonn ar an dóigh a láimhseáiltear earraí ríomhthráchtála agus é d’aidhm aige cothroime iomaíochta a bhaint amach idir an ríomhthráchtáil agus an miondíol traidisiúnta. Is é sin an chéad éacht de thogra 2023 maidir le hathchóiriú custaim - oscail i dtáb nua., rud a fhéachann le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin ríomhthráchtála a eascraíonn as an méadú ar earraí ar luach íseal a thagann go díreach chuig tomhaltóirí an Aontais ó thíortha nach den Aontas iad.

Rialacha CBL a nuachóiriú don ré dhigiteach

I mí na Bealtaine tháinig Comhairle an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú maidir le plean nua - oscail i dtáb nua. le haghaidh rialacha i ndáil le cáin bhreisluacha (CBL). Díríonn na hathruithe ar iompórtálacha ríomhthráchtála agus ar chánachas ar earraí a dhíoltar as tíortha nach den Aontas iad. Is é an sprioc atá ann úsáid ionad ilfhreastail CBL - oscail i dtáb nua. a dhreasú, lena simplítear dearbhú agus bailiú CBL, lena laghdaítear páipéarachas do ghnólachtaí an Aontais agus lena dtacaítear leis na hiarrachtaí chun calaois CBL a chomhrac.

Glacadh - oscail i dtáb nua. an pacáiste suntasach CBL sa ré dhigiteach - oscail i dtáb nua. i mí an Mhárta, rud a léiríonn céim shuntasach chun cinn maidir le córas CBL an Aontais a dhigitiú agus a nuachóiriú. Fágfaidh sé go mbeidh an córas níos fabhraí do ghnólachtaí, níos déine maidir le calaois agus gur fearr a bheidh sé in ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le geilleagar na nardán atá ag dul i méid.

Ualaí riaracháin a laghdú

Chun timpeallacht fhabhrach ghnó a chruthú, ní mór ceanglais riaracháin a mhaolú freisin, go háirithe do FBManna. Seachas 27 ndlí náisiúnta éagsúla a bheith ann, is mian leis an Aontas dlí aonair roghnach uileAontais do na cuideachtaí a chruthú, ar a dtugtar an 28ú córas - oscail i dtáb nua., chun gur fusa agus gur tapa a bheidh sé do ghnólachtaí bunú agus oibriú in áit ar bith san Aontas, trí úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha agus nósanna imeachta cuíchóirithe. Is é is aidhm dó gnó trasteorann a shimpliú agus é a dhéanamh níos fusa do chuideachtaí infheistíocht a mhealladh.

Tá an tAontas ag tacú freisin le FBManna ó thaobh bainistiú a dhéanamh ar chastachtaí a bhaineann le smachtbhannaí. Tá níos mó ná 40 córas smachtbhannaí i bhfeidhm ag an Aontas chun coinbhleacht a chosc nó chun freagairt ar ghéarchéimeanna. I mí an Mhárta, sheol an Coimisiún Deasc Chabhrach Smachtbhannaí an Aontais - oscail i dtáb nua., ionad ilfhreastail ina gcuirtear acmhainní, imeachtaí agus Seirbhís Tacaíochta um Chomhlíonadh ar fáil. Cuidíonn an deasc chabhrach le FBManna smachtbhannaí a thuiscint agus a chomhlíonadh, agus tugann sí treoir dóibh siúd a mbíonn sé dúshlánach dóibh dícheall cuí a dhéanamh go neamhspleách.

Uirlisí digiteacha is ea na Tiachóga beartaithe le haghaidh Ghnó na hEorpa - oscail i dtáb nua. a fhágfaidh gur fusa a bheidh sé do gach cuideachta, idir bheag agus mhór, idirghníomhú agus cumarsáid shlán a dhéanamh le húdaráis phoiblí agus le gnólachtaí eile áit ar bith san Aontas. Beidh cuideachtaí agus údaráis phoiblí in ann sonraí a shainaithint, a fhíordheimhniú agus a mhalartú ar fud an Aontais, agus éifeacht dhlíthiúil iomlán acu. Cuireann na Tiachóga le haghaidh Gnó leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach - oscail i dtáb nua. agus is cuid den chlár oibre simpliúcháin níos leithne iad.

Chun castacht chánach a laghdú, ghlac an Chomhairle leasú ar an Treoir maidir le Comhar Riaracháin i réimse an Chánachais - oscail i dtáb nua. (DAC9 - oscail i dtáb nua.). Fágann sí gur féidir le grúpaí ilnáisiúnta fiontar tuairisceán cánach breisiúcháin aonair a chomhdú don ghrúpa iomlán, seachas comhduithe iolracha a dhéanamh i ngach dlínse. Bainfidh údaráis chánach tairbhe freisin as córas caighdeánaithe le haghaidh malartú eolais.

Trína Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil - oscail i dtáb nua., tacóidh an tAontas le 109 n-athchóiriú - oscail i dtáb nua. chun cuidiú leis na Ballstáit feabhas a chur ar dhálaí gnó, an bhearna nuálaíochta a dhúnadh, geilleagar aeráidneodrach a fhorbairt agus slándáil eacnamaíoch an Aontais a threisiú. Ina measc sin, laghdóidh 38 n-athchóiriú acu ualaí ar FBManna go sonrach, agus tacóidh siad le gnólachtaí nuathionscanta agus le gnólachtaí atá i mbun fáis.

Ar deireadh, tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Aontas freisin ar a rialacha féin chun deireadh a chur le bacainní riaracháin sa Mhargadh Aonair (féach an roinn ‘Rialacha an Aontais a shimpliú’ i gCaibidil 8).

Beartas iomaíochta

Cosnaíonn an tAontas iomaíochas fadtéarmach agus Margadh Aonair rathúil trí fhorfheidhmiú comhsheasmhach rialacha a chinntiú lena gcuirtear iomaíocht chóir - oscail i dtáb nua. chun cinn i measc gnólachtaí ar fud na mBallstát uile. Trína ionstraimí beartais iomaíochta a fhorfheidhmiú (in aghaidh trustaí, agus rialú cumasc agus státchabhair), coinníonn an Coimisiún cothroime iomaíochta ar bun laistigh den Mhargadh Aonair, rud a spreagann cuideachtaí chun infheistíocht, nuálaíocht agus fás a dhéanamh, agus chun earraí agus seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí ar na téarmaí is fabhraí.

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar threoirlínte an Aontais maidir le cumaisc, lena dtugtar aghaidh, go háirithe, ar an nuálaíocht, ar an athléimneacht, ar an infheistíocht, ar an inbhuanaitheacht agus ar an éifeachtúlacht. Cuirfear san áireamh ann treochtaí níos leithne atá ábhartha do tháirgiúlacht agus d’iomaíochas gheilleagar an Aontais ina iomláine.

Ina theannta sin, tá athbhreithniú - oscail i dtáb nua. á dhéanamh ag an gCoimisiún ar chur chun feidhme an Rialacháin maidir le Fóirdheontais Eachtracha - oscail i dtáb nua. chun dul i ngleic le saobhadh margaidh ó fhóirdheontais eachtracha. Is ceart go mbeidh tuarascáil ar an ábhar sin réidh faoi mhí Iúil 2026; idir an dá linn, tá an forfheidhmiú fós ar siúl. Mar shampla, i mí na Samhna, d’fhormheas an Coimisiún éadáil Covestro - oscail i dtáb nua. arna déanamh ag Abu Dhabi National Oil Company tar éis imscrúdú grinn - oscail i dtáb nua., faoi réir gealltanais cheangailteacha a thairg an dá pháirtí.

Iomaíocht chóir a chinntiú

  • Glacadh
    370
    cinneadh maidir le cumaisc in 2025.
  • Glacadh
    350
    cinneadh maidir le státchabhair in 2025.
  • Gearradh fíneálacha
    €3.97 billiún
    ar chuideachtaí a sháraíonn dlíthe iomaíochta an Aontais.
GEARRTHÓG BHEOCHANA:Conas a chuireann beartas iomaíochta an Aontais feabhas ar an saol laethúil?

Tionscal glan iomaíoch a chur chun cinn

Agus aghaidh á tabhairt ag an Aontas ar ghéarchéim phláinéadach thriarach an athraithe aeráide, chailleadh na bithéagsúlachta agus an truaillithe (féach Caibidil 5), agus ós rud é gurb í 2024 an bhliain is teo riamh de réir Thuarascáil 2024 an Aontais ar Staid na hAeráide - oscail i dtáb nua., tá sé tiomanta i gcónaí deiseanna le haghaidh fás inbhuanaithe agus ceannaireacht dhomhanda san aistriú glan a dhéanamh dá fhreagairt ar na dúshláin sin. Tá an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan - oscail i dtáb nua. lárnach san iarracht sin, agus an beartas aeráide á ailíniú leis an iomaíochas agus leis an neamhspleáchas straitéiseach. Cuirfidh sé dlús leis an dícharbónú tionsclaíoch agus cuideoidh sé chun a chinntiú go mbainfear amach cuspóir na haeráidneodrachta faoi 2050, mar atá leagtha amach sa Dlí Aeráide Eorpach - oscail i dtáb nua..

Leanann an tAontas de dhul chun cinn intomhaiste a dhéanamh maidir le gníomhaíocht ar son na haeráide. De réir Thuarascáil 2025 ar dhul chun cinn maidir le gníomhú ar son na haeráide - oscail i dtáb nua., tháinig laghdú 2.5% ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána an Aontais in 2024 i gcomparáid le 2023. Tá na hastaíochtaí anois os cionn 37% faoi bhun leibhéil 1990, nó 39% i gcás astaíochtaí intíre amháin, agus tá geilleagar an Aontais 71% níos mó ná mar a bhí in 1990. Deimhníonn díchúpláil leanúnach na n-astaíochtaí ón bhfás eacnamaíoch gur féidir gníomhú éifeachtach ar son na haeráide a bhaint amach in éineacht le rathúnas eacnamaíoch marthanach.

Cuireann díghrádú an chomhshaoil agus an t-athrú aeráide an tsíocháin, an chobhsaíocht agus an tslándáil i mbaol freisin. In 2025, scrúdaítear an nasc teagmhasach sin i dtuarascáil an Aontais ar dhul chun cinn - oscail i dtáb nua. i dtaca le cur chun feidhme na teachtaireachta comhpháirtí maidir leis an aeráid agus leis an tslándáil - oscail i dtáb nua., agus béim á leagan ar an dóigh a bhfuil na saincheisteanna sin le sonrú go suntasach anois i malartuithe an Aontais le tíortha comhpháirtíochta agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus ar an dóigh a bhfuil tionscnaimh nithiúla á spreagadh leis an bhfócas neartaithe sin.

I mí an Mheithimh ghlac an Coimisiún Creat Státchabhrach an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan - oscail i dtáb nua.. Cuireann sé ar a gcumas do na Ballstáit tacú le fuinneamh glan, dícharbónú tionsclaíoch agus monaraíocht teicneolaíochta glaine faoi choinníollacha simplithe, agus soláthraíonn sé tacaíocht spriocdhírithe i leith costais leictreachais do dhianúsáideoirí fuinnimh. Ina theannta sin, i mí Dheireadh Fómhair, cuireadh fís dhomhanda aeráide agus fuinnimh an Aontais - oscail i dtáb nua. i láthair chun seasamh an Aontais sna margaí domhanda a neartú. Trí na comhpháirtíochtaí atá ann cheana a dhoimhniú agus comhpháirtíochtaí nua comhthairbheacha a thógáil le comhpháirtithe idirnáisiúnta, cuireann an straitéis gné sheachtrach leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan agus is é is aidhm di aistriú glan athléimneach domhanda a chur chun cinn.

Teresa Ribera ag labhairt ó léachtán. Taobh thiar di, tá léaráid ar scáileán a bhfuil na focail ‘the clean industrial deal State aid framework’ [creat Státchabhrach an chomhaontaithe maidir le tionsclaíocht ghlan] ina lár. Tá an chuid lárnach nasctha le cúig phointe: ‘facilitates industrial decarbonisation’ [lena n-éascaítear dícharbónú tionsclaíoch], ‘accelerates clean energy rollout’ [lena gcuirtear dlús le feidhmiú céimneach an fhuinnimh ghlain], ‘reduces private investors risks’ [lena laghdaítear rioscaí na n-infheisteoirí príobháideacha], ‘boosts clean tech manufacturing’ [lena gcuirtear borradh faoi mhonarú teicneolaíochta glaine], agus ‘supports energy intensive users’ [lena dtacaítear le húsáideoirí an-dian ar fhuinneamh]. Tá na focail ‘Clean Industrial Deal’ [An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan] faoi bhun na léaráide, lena léirítear an fhoinse óna bhfuarthas an t-eolas thuas, agus tá lógónna an Choimisiúin Eorpaigh le feiceáil freisin.
Teresa Ribera, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh um Aistriú Glan, Cóir agus Iomaíoch, ag reáchtáil preasagallaimh maidir le Creat Státchabhrach an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan sa Bhruiséil, an Bheilg, an 25 Meitheamh 2025.

Príomhshnáitheanna gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin tionscail

Fuinneamh a dhéanamh níos inacmhainne (féach an roinn ‘Fuinneamh glan inacmhainne’ thíos).

Soláthar a éascú agus éileamh an mhargaidh ar tháirgí glana agus ar ábhair ghlana a spreagadh.

Acmhainní airgeadais a shlógadh chun infheistíocht a dhéanamh sa dícharbónú agus san iomaíochas.

Rochtain ar amhábhair a chinntiú trí gheilleagar ciorclach an Aontais a chur chun cinn.

Comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a bhunú chun rochtain a fháil ar mhargaí domhanda (féach Caibidil 7).

Fórsa saothair a fhorbairt atá oiriúnach do thionscal dícharbónaithe, poist ardcháilíochta a chur ar fáil agus aistriú cóir a chinntiú (féach Caibidil 4).

Dúshláin ar leith roimh thionscnaimh atá dírithe ar thionscail

Seo treochlár i dtreo costais fuinnimh a laghdú, cosaint trádála a neartú, sceitheadh carbóin a chosc, borradh a chur faoin gciorclaíocht, infheistíocht a shlógadh agus poist a chosaint. Mar chuid den phlean, chuir an Coimisiún togra - oscail i dtáb nua. i láthair chun tionscal cruach an Aontais a chosaint ar thionchair éagóracha na róacmhainneachta domhanda.

Leagtar amach sa phlean seo bearta chun costais fuinnimh agus costais bunábhair a laghdú, tacú le teicneolaíochtaí glana agus ciorclacha, Comhghuaillíocht um Cheimiceáin Chriticiúla a chruthú, ceanglais rialála a shimpliú agus aghaidh a thabhairt ar shubstaintí díobhálacha, mar shampla PFAS (‘síorcheimiceáin’).

Tacóidh an plean sin leis an aistriú chuig feithiclí glana, nasctha agus uathoibrithe agus cuideoidh sé chun an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht nuálach na hearnála. Moladh - oscail i dtáb nua. beart solúbthachta - oscail i dtáb nua. chun cuidiú le monaróirí spriocanna 2025 maidir le hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin le haghaidh carranna agus veaineanna nua a bhaint amach. San áireamh sa phlean gníomhaíochta tá seoladh pacáiste infheistíochta um threisiú leis an tionscal ceallraí, lena gcuirfear €1.8 billiún ar fáil chun cuidiú le monaróirí ceallraí an Aontais méadú agus cur lena n-acmhainneacht táirgeachta. Tá pacáiste mótarfheithiclí - oscail i dtáb nua. curtha i láthair ag an gCoimisiún freisin, a bhfuil togra san áireamh ann le haghaidh athbhreithniú ar na caighdeáin dé-ocsaíde carbóin i leith carranna agus veaineanna, togra maidir le flíteanna corparáideacha glana, straitéis um threisiú leis an tionscal ceallraí agus togra Omnibus um Mótarfheithiclí.

Tionscnaimh 2025 chun an t-aistriú glan a chur chun cinn

Wopke Hoekstra ag caitheamh cóta saotharlainne bán agus é ina sheasamh i saoráid thionsclaíoch, agus píopaí miotail le feiceáil taobh thiar de.
Wopke Hoekstra, an Coimisinéir Eorpach um an Aeráid, Glan-nialasacht agus Fás Glan, le linn cuairt ar shaoráid a tháirgeann cealla leictrealaithe ocsaíde soladaí le haghaidh hidrigin ghlas agus leictribhreoslaí in Kongens Lyngby, an Danmhairg, an 7 Bealtaine 2025.
Stéphane Séjourné ina sheasamh chun tosaigh, agus hata crua air. Tá ceathrar eile sa chúlra, agus veisteanna ard-infheictheachta, hataí crua agus cosaint súl orthu cheana féin nó ina nithe sin á gcur orthu acu.
Grúpa de chúigear in éadaí cosanta ar an teas agus iad ag breathnú ar chuid de láithreán oibreacha cruach.
Stéphane Séjourné, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh um Rathúnas agus Straitéis Thionsclaíoch (an tríú duine ar dheis), ag tabhairt cuairt ar thyssenkrupp Steel agus an Plean Gníomhaíochta Eorpach maidir le Cruach á chur i láthair aige ag preasagallamh in Duisburg, an Ghearmáin, an 20 Márta 2025.

Fuinneamh glan inacmhainne

Chun an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan a bhaint amach, tá fuinneamh inacmhainne de dhíth ar an Aontas. I mí Feabhra chuir an Coimisiún Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne - oscail i dtáb nua. i láthair lenar tugadh isteach bearta gearrthéarmacha chun costais fuinnimh a laghdú trí thús áite a thabhairt do na tairbhí a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite, coigilteas fuinnimh, comhtháthú margaidh níos doimhne agus idirnaisc fuinnimh níos fearr. Is é is aidhm don phlean faoiseamh a thabhairt do theaghlaigh a bhfuil billí arda fuinnimh rompu agus do thionscail atá ag streachailt le costais arda táirgthe. Meastar go mbeidh coigilteas foriomlán €45 bhilliún ann in 2025, rud a ardóidh go €130 billiún in aghaidh na bliana faoi 2030 agus €260 billiún faoi 2040.

Tá dul chun cinn suntasach déanta cheana féin ag plean REPowerEU - oscail i dtáb nua. an Aontais, rud a seoladh in 2022, chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh agus ag gnólachtaí ar fhuinneamh inacmhainne slán inbhuanaithe. Chun deireadh a chur leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise agus chun neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a neartú, d’fhoilsigh an Coimisiún Treochlár REPowerEU - oscail i dtáb nua. i mí na Bealtaine, agus togra reachtach - oscail i dtáb nua. ina dhiaidh sin i mí an Mheithimh chun deireadh a chur de réir a chéile le hiompórtálacha gáis agus ola ón Rúis faoi dheireadh 2027. Tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil sealadach - oscail i dtáb nua. maidir leis an tionscnamh i mí na Nollag.

Chun slándáil fuinnimh an Aontais a neartú a thuilleadh, tá an Coimisiún ag obair ar athbhreithniú ar chreat slándála fuinnimh an Aontais. Chomh maith leis sin, i mí na Nollag mhol - oscail i dtáb nua. sé bonneagar eangaí an Aontais a nuachóiriú agus a leathnú tríd an bPacáiste um na hEangacha Eorpacha agus tríd an tionscnamh Mórbhealaí Fuinnimh.

I mí Iúil, d’eisíoc an Coimisiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta €3.66 billiún - oscail i dtáb nua. ón gCiste don Nuachóiriú - oscail i dtáb nua. chun tacú le 34 thionscadal fuinnimh ghlain, a bhfuil cuid acu dírithe ar éifeachtúlacht fuinnimh. I mí Mheán Fómhair, sheol siad an tionscnamh maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh i bhFiontair Bheaga agus Mheánmhéide - oscail i dtáb nua., clár maoiniúcháin €17.5 billiún a mheastar a chuideoidh le níos mó ná 350,000 cuideachta a dtomhaltas fuinnimh a laghdú.

An 9 Feabhra, rinne an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin a n-eangacha leictreachais a shioncrónú le Líonra Mhór-roinn na hEorpa, i gcomhar leis an bPolainn. Thacaigh an tAontas leis an tionscadal straitéiseach Eorpach sin le maoiniú níos mó ná €1.3 billiún, is é sin 75% de na costais infheistíochta. Is léiriú é ar chomhtháthú iomlán na stát Baltach i margadh fuinnimh an Aontais. Leis an aistriú sin, cuirtear deireadh leis an spleáchas ar chórais na Bealarúise agus na Rúise agus neartaítear an athléimneacht fuinnimh réigiúnach agus athléimneacht fuinnimh an Aontais.

Leanadh den dul chun cinn i leith fuinneamh in-athnuaite san Aontas, agus ba le foinsí in-athnuaite fuinnimh a gineadh 47% den leictreachas in 2024. In 2025, cuireadh modheolaíocht chomhchoiteann de chuid an Aontais - oscail i dtáb nua. ar fáil chun astaíochtaí saolré ó bhreoslaí ísealcharbóin a ríomh. Bronnadh beagnach €1 bhilliún ón gCiste don Nuálaíocht, a mhaoinítear le hioncam ó Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais, ar 15 thionscadal hidrigine in-athnuaite - oscail i dtáb nua.. Meastar go dtáirgfidh na tionscadail sin beagnach 2.2 milliún tona de hidrigin in-athnuaite thar 10 mbliana, rud a chuirfidh cosc ar 15 mhilliún tona d’astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin.

Coinníonn na Ballstáit an ceart a meascán fuinnimh a roghnú, agus i gcás roinnt Ballstát, tá fuinneamh núicléach ríthábhachtach i gcónaí don dícharbónú, don iomaíochas tionsclaíoch agus don tslándáil fuinnimh. I mí na Bealtaine, sheol an tAirmheán Comhpháirteach Taighde mol samhaltaithe dhigitigh - oscail i dtáb nua. chun tacú leis an nuálaíocht i réimsí amhail imoibreoirí modúlacha beaga agus pleanáil fuinnimh. D’fhoilsigh an Coimisiún teachtaireacht nuashonraithe freisin maidir leis an gClár Léiriúcháin Núicléach - oscail i dtáb nua., ina dtugtar forléargas ar threochtaí forbartha núicléiche agus ar riachtanais infheistíochta ar fud an Aontais, mar aon le treoir i dtaca le sábháilteacht núicléach, bainistiú dramhaíola, scileanna agus comhar idirnáisiúnta.

Ursula von der Leyen ag labhairt ó léachtán ar phóidiam. Seisear eile, iad ina suí, ag roinnt an phóidiam léi. Baill den lucht féachana ina suí chun tosaigh, os comhair an phóidiam.
Sheol Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (ar chlé) agus comhpháirtithe idirnáisiúnta an Fóram Domhanda um an Aistriú Fuinnimh ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda in Davos na hEilvéise, an 23 Eanáir 2025. Tabharfaidh an fóram comhpháirtithe domhanda le chéile chun spriocanna aeráide a chur chun cinn agus chun tacú le tíortha a bhfuil dúshláin mhóra rompu maidir leis an aistriú.

Tá an geilleagar ciorclach ríthábhachtach chun borradh a chur faoi shlándáil eacnamaíoch, athléimneacht, iomaíochas agus dícharbónú an Aontais. Chun dlús a chur lena aistriú i dtreo na ciorclaíochta, d’fhógair an tAontas go molfadh sé gníomh um an ngeilleagar ciorclach in 2026, ag tógáil ar an dara Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach - oscail i dtáb nua.. Is é an aidhm atá leis margadh aonair a bhunú d’amhábhair thánaisteacha, soláthar ábhar athchúrsáilte ar ardchaighdeán a mhéadú agus éileamh ar na hábhair sin san Aontas a spreagadh.

  • In 2024, shroich ráta ciorclaíochta an Aontais
    12.2%.
  • Is é an sprioc atá ann an ráta sin a mhéadú faoi dhó go
    24% faoi 2030.

Ghlac an Coimisiún plean oibre 2025-2030 - oscail i dtáb nua. freisin le haghaidh an Rialacháin maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe - oscail i dtáb nua. agus an Rialacháin maidir le Lipéadú Fuinnimh - oscail i dtáb nua.. Leagtar amach sa phlean liosta táirgí a bhfuil tosaíocht le tabhairt dóibh chun ceanglais éicidhearthóireachta agus lipéadú fuinnimh a thabhairt isteach sna 5 bliana amach romhainn lena ndéanamh inbhuanaithe, indeisithe, ciorclach agus tíosach ar fhuinneamh. Ina theannta sin, tháinig rialacha athbhreithnithe i dtaca le hídiú fuinnimh fearas leictreach sa mhód fuireachais, sa mhód ‘as’ agus sa mhód fuireachais líonra - oscail i dtáb nua. i bhfeidhm an 9 Bealtaine.

Iarrachtaí eile chun geilleagar ciorclach an Aontais a chur chun cinn a thuilleadh

Déanann fear i gcóta saotharlainne bán a bhfuil cosantóirí cluaise timpeall a mhuiníl seanphainéal gréine díchóimeáilte a bhaint de mheaisín.

I meastóireacht - oscail i dtáb nua. a rinneadh ar an Treoir maidir le Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach - oscail i dtáb nua., cuireadh i dtábhacht bearnaí i mbailiú dramhthrealaimh leictrigh agus leictreonaigh, in aisghabháil amhábhar criticiúil agus i scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora.

Is é is aidhm don tionscadal nuálaíochta Photorama - oscail i dtáb nua. atá maoinithe ag an Aontas, feabhas a chur ar chiorclaíocht trí amhábhair amhail gloine, alúmanam, copar, airgead, indiam agus sileacan a aisghabháil ó sheanphainéil ghréine. Tangermünde, an Ghearmáin, an 15 Aibreán 2025. © An tAontas Eorpach. Ní cheadaítear athúsáid ach amháin chun críocha oideachais agus eolais.

Iompar inbhuanaithe

Chun leanúint de bheith iomaíoch, tá gréasán iompair inbhuanaithe dea-nasctha de dhíth ar an Aontas lena neartófar an lánpháirtiú réigiúnach agus an tsoghluaisteacht réigiúnach. In 2025, roghnaigh an Coimisiún 94 thionscadal iompair - oscail i dtáb nua. chun beagnach €2.8 billiún de dheontais ón Aontas a fháil faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa - oscail i dtáb nua. chun iarnróid, uiscebhealaí intíre agus bealaí muirí a nuachóiriú ar fud an Ghréasáin Thras-Eorpaigh Iompair - oscail i dtáb nua.. Roghnaigh sé freisin níos mó ná 100 tionscadal a gheobhaidh deontais dar luach tuairim is €1 bhilliún ón tSaoráid um Bonneagar Breoslaí Malartacha - oscail i dtáb nua. chun tacú le bonneagar breosla in-athnuaite agus ísealcharbóin a chur in úsáid i gcalafoirt agus in aerfoirt agus feadh príomhchodanna bóthair.

Ina theannta sin, soláthraítear leis an bPlean Infheistíochta Iompair Inbhuanaithe - oscail i dtáb nua. creat straitéiseach chun dlús a chur le dícharbónú iompar an Aontais trí bhorradh a chur faoin infheistíocht i mbreoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin le haghaidh na n-earnálacha eitlíochta agus uisce-iompair. Leis na bearta a chuirtear i láthair faoin bplean, meastar go slógfar €2.9 billiún ar a laghad faoi dheireadh 2027. Mar phríomhthionscnamh faoin bplean, seoladh comhghuaillíocht de Bhallstáit an cheannródaí chun tacú le táirgeadh agus glacadh breoslaí eitlíochta sintéiseacha. Tá sé beartaithe ag an ngrúpa sin ceantanna déthaobhacha a eagrú – lena dtairgfear deimhneacht ioncaim fhadtéarmach do tháirgeoirí agus conarthaí gearrthéarmacha iomaíocha do cheannaitheoirí breosla – agus tá an chéad cheant beartaithe do 2026.

Chuir an Coimisiún plean uaillmhianach - oscail i dtáb nua. i láthair freisin chun dlús a chur le forbairt iarnróid ardluais agus chun amanna taistil traenach ar fud an Aontais a ghiorrú go suntasach.

Feabhsuithe ar bhealaí traenach amach anseo
Traein dhearg ina seasamh ag ardán stáisiúin, agus vaigín lastais gorm in aice léi.
Le huasghrádú líne iarnróid Liúibleána-Brezovica-Borovnica na Slóivéine, arna chómhaoiniú ag NextGenerationEU tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, cuireadh feabhas ar nascacht feadh chonairí an Ghréasáin Thras-Eorpaigh Iompair sa Mheánmhuir agus i Muir Bhailt-Mhuir Aidriad, cuireadh deireadh le scrogaill tráchta agus cuireadh feabhas ar idir‑inoibritheacht nuair a tugadh chun críche é in 2025. Borovnica, an tSlóivéin, an 3 Meitheamh 2025.

Baineadh cloch mhíle mhór eile amach nuair a rinneadh dul chun cinn ar Bhuntollán Brenner - oscail i dtáb nua., nasc iarnróid 56km idir an Ostair agus an Iodáil ar Chonair Chríoch Lochlann-na Meánmhara den Ghréasán Tras-Eorpach Iompair. Tá breis agus €2.3 billiún de mhaoiniú curtha ar fáil ag an Aontas don tollán agus dá bhealaí rochtana tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Tá comhaontú maoinithe ar fiú €875 mhilliún é sínithe - oscail i dtáb nua. ag an mBanc Eorpach Infheistíochta freisin, le tacaíocht ó InvestEU - oscail i dtáb nua., do líne iarnróid ardluais Liospóin-Porto na Portaingéile.

In 2025, rinneadh dul chun cinn seasta ar chur i bhfeidhm phacáiste 2023 i leith iompar lasta a ghlasú - oscail i dtáb nua.. Thángthas ar chomhaontú polaitiúil i dtaca leis an rialachán lena rialaítear úsáid thoilleadh an bhonneagair iarnróid - oscail i dtáb nua. agus i dtaca le rialachán CountEmissionsEU - oscail i dtáb nua.. Leis na bearta sin cuirfear dreasachtaí níos láidre ar fáil do leoraithe astaíochtaí ísle, cuirfear feabhas ar bhainistiú an bhonneagair iarnróid agus ar infhaighteacht eolais faoi astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le hiompar, agus fágfaidh an méid sin go mbeidh an t-iompar lasta níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe.

Chun iompar inbhuanaithe de bhóthar a spreagadh, mhol - oscail i dtáb nua. an Coimisiún feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha a dhíolmhú ó dholaí bóthair go dtí mí an Mheithimh 2031 agus d’eisigh sé teachtaireacht - oscail i dtáb nua. agus togra reachtach - oscail i dtáb nua. le cabhrú chun dlús a chur le glacadh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle i bhflíteanna corparáideacha, arb ionann iad agus thart ar 60% de na clárúcháin cairr uile san Aontas. Ina theannta sin, is é is aidhm don Tionscnamh um Chonair Iompair Ghlain - oscail i dtáb nua., atá á fhormhuiniú ag naoi mBallstát, dlús a chur le himscaradh bonneagair athluchtaithe d’fheithiclí tromshaothair feadh príomhchonairí lasta bóthair. Chun cáilíocht an aeir agus sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú ar fud an Aontais, mhol an Coimisiún freisin athchóiriú cuimsitheach ar rialacha an Aontais i dtaca le sábháilteacht ar bhóithre agus clárú feithiclí - oscail i dtáb nua..

Tugtar tuilleadh tacaíochta d’aistriú glan agus digiteach na hearnála mótarfheithiclí le taighde agus nuálaíocht. Shínigh trí chomhpháirtíocht - oscail i dtáb nua., 2Zero, CCAM agus BATT4EU, meabhrán tuisceana - comhad PDF, oscail i dtáb nua. chun comhoibriú ar chlár oibre comhroinnte taighde agus nuálaíochta faoin gclár Fís Eorpach - oscail i dtáb nua. (féach an roinn ‘Tacú le taighde agus nuálaíocht’ thíos). Tá €1 bhilliún á chomhthiomsú freisin ag an gclár oibre Taighde agus Nuálaíochta Fís Eorpach idir 2025 agus 2027 chun tacú le tionscnaimh i réimsí amhail tiomáint uathrialaitheach, ceallraí litiam-bhunaithe den chéad ghlúin eile agus flíteanna feithiclí leictreacha tromshaothair.

Apostolos Tzitzikostas ina sheasamh in aice le líne cóimeála i monarcha gluaisteán, agus é ag caint le hoibrí.
Apostolos Tzitzikostas, an Coimisinéir Eorpach um Iompar Inbhuanaithe agus um an Turasóireacht, ar cuairt ar cheanncheathrú BMW in München, an Ghearmáin, an 3 Aibreán 2025.

Thosaigh an Coimisiún ag obair le linn na bliana ar an Straitéis Eorpach um Chalafoirt - oscail i dtáb nua. agus ar Straitéis Mhuirí Thionsclaíoch an Aontais - oscail i dtáb nua., chun iomaíochas, inbhuanaitheacht agus athléimneacht chóras uisce-iompair an Aontais a fheabhsú, rud a nascann calafoirt, earnáil na loingseoireachta agus an tionscal. Is é is aidhm do threoir neamhfhoirmiúil - oscail i dtáb nua. nua i dtaca le ceannach comhpháirteach agus caighdeáin le haghaidh trealamh láimhseála coimeádán leictreach i gcalafoirt dlús a chur leis an aistriú ó dhíosal go hinnealra leictreach agus astaíochtaí a laghdú.

Ar deireadh, chun an earnáil iompair a choinneáil iomaíoch agus chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair, seoladh roinnt tionscnamh chun gairmeacha iompair a dhéanamh níos tarraingtí. Ina measc sin tá na moltaí - oscail i dtáb nua. chun mná a mhealladh chuig earnáil an iompair agus iad a choinneáil san earnáil sin, an t-ardán ‘Mná in earnáil an iompair’ - oscail i dtáb nua., gníomhaíochtaí líonra na n‑ambasadóirí le haghaidh éagsúlacht san iompar - oscail i dtáb nua. agus comhdháil - oscail i dtáb nua. i dtaca le gairmeacha iompair a dhéanamh níos tarraingtí do dhaoine óga.

Infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí ceannródaíocha

Braitheann iomaíochas fadtéarmach an Aontais ar cheannaireacht i dteicneolaíochtaí criticiúla, cuir i gcás an tsár-ríomhaireacht, an intleacht shaorga (IS) agus an ríomhaireacht chandamach. Chun an cheannaireacht sin a neartú, leithdháilfidh an Coimisiún €1.3 billiún - oscail i dtáb nua. faoin gClár don Eoraip Dhigiteach - oscail i dtáb nua. chun teicneolaíochtaí atá ríthábhachtach do thodhchaí an Aontais agus dá cheannasacht theicneolaíoch a chur in úsáid.

Rinneadh athbhreithniú sa tuarascáil Staid na Deacáide Digití 2025 - oscail i dtáb nua. ar an dul chun cinn i dtreo spriocanna digiteacha 2030 an Aontais. Cé go ndearnadh dul chun cinn i réimsí amhail cumhdach bunúsach 5G agus imscaradh imeall-ríomhaireachta, leagadh béim sa tuarascáil ar bhearnaí leanúnacha i dteicneolaíochtaí bunúsacha, i scileanna digiteacha agus i gcosaint grúpaí leochaileacha, rud a chuireann i dtábhacht an gá atá le níos mó infheistíocht phoiblí agus phríobháideach.

I mí Mheán Fómhair, chuir an Coimisiún Straitéis Eorpach um Bonneagair Thaighde agus Theicneolaíochta - oscail i dtáb nua. i láthair chun acmhainneacht taighde agus teicneolaíochta an Aontais a neartú, lena gcumhdaítear gach rud ó shaotharlanna ardfhorbartha, ionstraimí móra eolaíocha agus lárionaid sonraí go línte píolótacha, binsí tástála agus seomraí íonghlana. Tá an bonneagar sin ríthábhachtach do bharr feabhais eolaíoch, d’iomaíochas agus do cheannasacht theicneolaíoch an Aontais.

I mí Aibreáin, foilsíodh an Plean Gníomhaíochta um Mór-Roinn na hIntleachta Saorga - oscail i dtáb nua., ina leagtar amach pleananna chun gigeamhonarchana intleachta saorga a fhorbairt atá feistithe le níos mó ná 100,000 ardphróiseálaí. San iomlán, fuarthas 77 léiriú spéise chun saoráidí den sórt sin a bhunú ar fud 60 láithreán i 16 Bhallstát. Mar chuid den phlean gníomhaíochta, sheol an tAontas InvestAI - oscail i dtáb nua., tionscnamh nua a mheastar a shlógfaidh suas le €200 billiún d’infheistíocht phoiblí agus phríobháideach do bhonneagar intleachta saorga. Seoladh dhá straitéis chun dlús a chur le glacadh na hintleachta saorga i dtionscal agus in eolaíocht na hEorpa, is iad sin an Straitéis um chur i bhfeidhm na hIntleachta Saorga - oscail i dtáb nua. agus an Straitéis Eorpach maidir um an Intleacht Shaorga san Eolaíocht - oscail i dtáb nua..

Mar chuid den chéad Chruinniú Mullaigh um an Intleacht Shaorga san Eolaíocht - oscail i dtáb nua., a tionóladh i mí na Samhna, seoladh an Acmhainn um Thaighde Intleachta Saorga san Aontas Eorpach - oscail i dtáb nua.. Is institiúid fhíorúil í a thacóidh le taighdeoirí le maoiniú, acmhainneacht ríomhaireachta, sonraí, agus forbairt tallainne agus scileanna.

In 2025 tháinig na chéad rialacha den Ghníomh um an Intleacht Shaorga - oscail i dtáb nua. agus rialacha an Aontais maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha - oscail i dtáb nua. i bhfeidhm freisin (féach freisin Caibidil 6). Rinneadh dul chun cinn mór sa líonra sár-ríomhairí - oscail i dtáb nua. Eorpach, agus ba é JUPITER - oscail i dtáb nua. an chéad sár-ríomhaire eicsea-scála - oscail i dtáb nua. san Eoraip. Seoladh 6 mhonarcha intleachta saorga nua - oscail i dtáb nua. le linn na bliana, anuas ar na 13 mhonarcha a bhí ann cheana féin. Roghnaíodh 13 thír - oscail i dtáb nua. freisin chun aeróga monarchan intleachta saorga a bhunú, rud a bhí ceaptha monarchana intleachta saorga - oscail i dtáb nua. atá ann cheana a chomhlánú. Is iad an Bhulgáir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóivéin, an Fhionlainn agus an tSualainn na tíortha ina bhfuil monarchan intleachta saorga á nóstáil. Is tíortha comhpháirtíochta monarchan intleachta saorga iad an Danmhairg, an Eastóin, an Iorua, an Phortaingéil agus an Tuirc. Rinneadh é sin agus na tionchair dhiúltacha a bhíonn ag úsáid mhéadaitheach na hintleachta saorga agus ag leathnú bhonneagar an lárionaid sonraí ar an éileamh ar fhuinneamh agus ar uisce á gcur san áireamh.

Tíortha óstacha do mhonarcha IS
Léaráid ina dtaispeántar gach ceann de na 19 monarcha IS ar fud an Aontais agus a náisiúin óstacha

Léirítear sa léaráid gach ceann de na 19 láithreán monarchan IS i 16 Bhallstát. Is iad sin Brain++ sa Bhulgáir; C Z A I sa tSeicia; J A I F agus Hammer Hai sa Ghearmáin; Pharos sa Ghréig; 1 Health AI agus BSC A I F sa Spáinn; AI 2 F sa Fhrainc; Italia san Iodáil; Lit AI sa Liotuáin; L-A I F i Lucsamburg; N-A I F san Ísiltír; A T A I san Ostair; Gaia AI agus Piast A I F sa Pholainn; Ro AI sa Rómáin; Slaif sa tSlóivéin; Lumi A I F san Fhionlainn; agus Mimer sa tSualainn.

In éineacht leis an intleacht shaorga, tá sé beartaithe go n-athróidh teicneolaíochtaí candamacha an chaoi a dtéimid i ngleic le dúshláin chasta, ón leigheas a chur chun cinn go bonneagar criticiúil a chosaint. I mí Iúil, chuir an Coimisiún Straitéis na hEorpa Candamaí - oscail i dtáb nua. i láthair, arb é is aidhm di ceannaire domhanda a dhéanamh den Eoraip sa réimse sin faoi 2030 trí thaighde méadaithe, éiceachórais níos láidre, infheistíocht phríobháideach níos mó agus forbairt scileanna candamacha ar fud na mórroinne.

Henna Virkkunen ag breathnú ar ghaireas crióstait ríomhaireachta candamaí a bhfuil dath órga air ina bhfuil comhpháirteanna miotail chisealaigh laistigh de chás gloine.
Henna Virkkunen, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh um Cheannasacht Theicneolaíoch, Slándáil agus an Daonlathas (ar dheis), le linn cuairt ar Ionad Sár-ríomhaireachta Barcelona in Barcelona, an Spáinn, an 3 Márta 2025.

In 2025 lean an tAontas den Ghníomh Eorpach um Shliseanna - oscail i dtáb nua. a chur i bhfeidhm freisin. Leathnaíodh acmhainneacht mhonaraíochta sliseanna a thuilleadh, trí línte píolótacha a sheoladh - oscail i dtáb nua. faoin Tionscnamh ‘Sliseanna don Eoraip’ i measc bearta eile.

Geilleagar an spáis, lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí eacnamaíocha uile a chumasaítear le teicneolaíochtaí agus sonraí spáis, ó bhonneagar satailíte go dtí na seirbhísí a bhíonn ag brath air, is réimse eile é sin ina bhfuil sé d’aidhm ag an Aontas é féin a bhunú mar cheannaire domhanda. Tacóidh Fís an Choimisiúin do Gheilleagar Spáis na hEorpa - oscail i dtáb nua. leis an sprioc sin, agus le Gníomh an Aontais um Spás - oscail i dtáb nua., déanfar rialáil a bhaineann leis an spás a chomhchuibhiú ar fud na mBallstát (féach Caibidil 3).

Úsáideoirí agus gnólachtaí a chumhachtú tríd an aontas sonraí

In 2025, mar aon le cur i bhfeidhm leanúnach spásanna coiteanna sonraí Eorpacha - oscail i dtáb nua., tháinig an Gníomh Eorpach um Shonraí - oscail i dtáb nua. i bhfeidhm. Leis sin, bíonn sin níos mó smachta ag úsáideoirí ar shonraí ó ghléasanna nasctha agus cruthaíonn sé deiseanna nua do ghnólachtaí seirbhísí a fhorbairt. Seoladh Straitéis um Aontas Sonraí - oscail i dtáb nua. freisin chun sonraí le haghaidh na hintleachta saorga a scaoileadh, lena gcinntítear go mbeidh rochtain ag gnólachtaí san Aontas ar shonraí ar ardchaighdeán chun cabhrú leo dul san iomaíocht ar fud an domhain agus nuálaíocht a spreagadh.

Faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha - oscail i dtáb nua., tabharfar rochtain do thaighdeoirí a chomhlíonann tacar coinníollacha sonracha ar shonraí inmheánacha ó sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus inneall cuardaigh an-mhór ar líne. Leagtar amach i ngníomh tarmligthe - oscail i dtáb nua. na coinníollacha teicniúla agus na nósanna imeachta is gá chun rochtain shlán a chumasú le haghaidh taighde grinnfhiosraithe. Ina theannta sin, tacaíonn Tairseach Rochtana Sonraí GSD - oscail i dtáb nua. ar líne leis an bpróiseas bainistithe rochtana sonraí agus éascaíonn sí malartú eolais.

Margaí digiteacha atá sábháilte cothrom oscailte a chinntiú

Lean an tAontas dá chreat digiteach a neartú tríd an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus an Gníomh um Margaí Digiteacha - oscail i dtáb nua. a chur i bhfeidhm. I dteannta a chéile, cinntíonn na dlíthe sin timpeallacht níos sábháilte ar líne d’úsáideoirí agus cothrom iomaíochta do ghnólachtaí, rud a threisíonn trédhearcacht, cuntasacht agus margaí cothroma oscailte ar fud thírdhreach digiteach an Aontais. Chun tuilleadh sonraí a fháil faoin gcaoi a bhfuil an tAontas ag déanamh spásanna ar líne níos sábháilte, trí mhionaoisigh a chosaint leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha i measc bearta eile, féach Caibidil 6.

Cén chaoi ar fhorfheidhmigh an tAontas an Gníomh um Margaí Digiteacha agus an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha in 2025?

AN GNÍOMH UM MARGAÍ
DIGITEACHA
Imscrúduithe nua:
  • imscrúdú ar Alphabet as ísliú céime féideartha a thabhairt d’ábhar foilsitheoirí meán i gCuardach Google;
  • imscrúdú margaidh ar Amazon Web Services agus Microsoft Azure mar thairseacha tábhachtacha féideartha.
Imscrúduithe leanúnacha:

Le linn 2025 reáchtáil an Coimisiún idirphlé rialála leis na cuideachtaí móra teicneolaíochta a ainmníodh mar gheatóirí chun comhlíonadh luath cheanglais an Ghnímh um Margaí Digiteacha a spreagadh. Nuair ba ghá, thug sé faoi ghníomhaíocht forfheidhmithe freisin.

An 23 Aibreán, ghlac an Coimisiún a chéad chinntí maidir le neamhchomhlíonadh nuair a ghearr sé fíneáil €500 milliún ar Apple as rialacha frithstiúrtha an ghnímh a shárú agus €200 milliún ar Meta toisc nár chuir sé rogha mhalartach ar fáil d’úsáideoirí nach bhfuil chomh dian céanna ar shonraí le fógraíocht phearsantaithe.

AN GNÍOMH UM SHEIRBHÍSÍ
DIGITEACHA
Imscrúduithe leanúnacha:

Ní mór an taighde, an nuálaíocht, an eolaíocht agus an teicneolaíocht a bheith i gcroílár gheilleagar an Aontais chun an t-iomaíochas a spreagadh. In 2025 lean maoiniú Fís Eorpach de thacaíocht a thabhairt do thaighdeoirí agus do nuálaithe, agus gnólachtaí nuathionscanta in earnálacha amhail an teicneolaíocht chandamach, an bhiththeicneolaíocht agus an teicneolaíocht ghlan san áireamh ann. Le cláir oibre Fís Eorpach le haghaidh 2025 - oscail i dtáb nua. agus 2026–2027 - oscail i dtáb nua., cuireadh níos mó ná €7 mbilliún agus €14 bhilliún faoi seach i leataobh chun tacú leis an taighde agus leis an nuálaíocht.

As gach €1 a infheistítear i bhFís Eorpach, gnóthaíonn geilleagar an Aontais suas le €11 as - oscail i dtáb nua..

Chomh maith le tacaíocht a chur ar fáil trí mhaoiniú, tá timpeallacht taighde agus nuálaíochta níos fearr á cruthú ag an Aontas freisin trí Chlár Oibre Beartais an Limistéir Eorpaigh Taighde le haghaidh 2025-2027 - oscail i dtáb nua.. Leis an Straitéis Eorpach um Bonneagair Thaighde agus Theicneolaíochta a seoladh le déanaí, éascófar comhthiomsú acmhainní, cuideofar le dúbailt a sheachaint agus neartófar inrochtaineacht agus comhar thar theorainneacha le haghaidh bonneagair den sórt sin (féach freisin an roinn ‘Infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí ceannródaíocha’ thuas).

Príomh-mhaoiniú taighde faoin gclár Fís Eorpach

An Dr Martha C. Mayorquín-Torres agus cóta saotharlainne uirthi agus greim aici ar fhleascán tóinchruinn ina bhfuil leacht atá á scrúdú aici, agus pípéad ina lámh.
An Dr Martha C. Mayorquín-Torres, eolaí Meicsiceach a dhéanann taighde ar acmhainní in-athnuaite le haghaidh táirgeadh inbhuanaithe cógaisíochta. Faoi láthair, is taighdeoir í in Ollscoil Gent, agus tá sí ag obair ar thionscadal atá maoinithe ag Fís Eorpach faoin tionscnamh Roghnaigh an Eoraip. Gent, an Bheilg, an 23 Bealtaine 2025. © An tAontas Eorpach. Ní cheadaítear athúsáid ach amháin chun críocha oideachais agus eolais.

Roghnaigh an Eoraip

Tá an tAontas ag obair le bheith ar an gceann scríbe is tarraingtí ar domhan do thaighdeoirí agus do nuálaithe. Is é is aidhm don tionscnamh ‘Roghnaigh an Eoraip’ - oscail i dtáb nua., ar pacáiste beart €500 milliún a cuireadh chun cinn i mí na Bealtaine é, an tallann eolaíoch is fearr ó gach cearn den domhan a mhealladh agus a choinneáil trí mhaoiniú láidir cobhsaí, saoirse taighde níos fearr agus dálaí maireachtála tarraingteacha a chur ar fáil. Fógraíodh bearta breise sna míonna ina dhiaidh sin, rud a fhágann gurb é €874 mhilliún an méid iomlán. Is léir cheana féin gur tionscnamh antarraingteach é, rud a fhágann go bhfuil líon na niarratas ar dheontais ón gComhairle Eorpach um Thaighde agus comhaltachtaí Marie SkłodowskaCurie níos airde ná riamh. Is féidir le taighdeoirí rochtain a fháil ar na billiúin euro i ndeiseanna maoiniúcháin tríd an ardán EURAXESS - oscail i dtáb nua..

An Straitéis um Eolaíochtaí Beatha na hEorpa

Cuireann na heolaíochtaí beatha beagnach €1.5 trilliún le geilleagar an Aontais agus tacaíonn siad le 29 milliún post. Le hollscoileanna ceannródaíocha, feidhmíocht láidir paitinne agus ról níos mó sa tsláinte, sa bhia agus san inbhuanaitheacht, tá an earnáil sin ríthábhachtach d’iomaíochas an Aontais. Is é is aidhm don Straitéis um Eolaíochtaí Beatha na hEorpa - oscail i dtáb nua. an áit is tarraingtí ar domhan do na heolaíochtaí beatha a dhéanamh den Aontas faoi 2030.

Cur chuige trí chéim na Straitéise um Eolaíochtaí Beatha na hEorpa

  1. Taighde agus nuálaíocht a bharrfheabhsú chun iomaíochas domhanda a fheabhsú.
  2. Rochtain thapa ar an margadh a chinntiú le haghaidh nuálaíochtaí eolaíochta beatha.
  3. Muinín, glacadh agus úsáid na nuálaíochtaí sin a neartú.
Ekaterina Zaharieva ag labhairt ag léachtán. Ar an scáileán taobh thiar di tá na focail ‘for life sciences; a strategy for European life sciences’ [le haghaidh na n-eolaíochtaí beatha: straitéis le haghaidh eolaíochtaí beatha na hEorpa] in éineacht le bratach an Aontais.
Ekaterina Zaharieva, an Coimisinéir Eorpach um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus um Thaighde agus Nuálaíocht, agus í ag preasagallamh maidir leis an Straitéis um Eolaíochtaí Beatha na hEorpa sa Bhruiséil, an Bheilg, an 2 Iúil 2025.

Tá an Gníomh Eorpach um an mBith-theicneolaíocht - comhad PDF, oscail i dtáb nua. atá beartaithe ar ceann de na príomhthionscnaimh atá mar chuid den straitéis, agus is é is aidhm dó iomaíochas an Aontais sa bhiththeicneolaíocht a neartú trí aistriú taighde go nuálaíochtaí atá réidh don mhargadh a éascú. Déanfaidh sé trialacha cliniciúla a chuíchóiriú agus cruthóidh sé timpeallacht níos tacúla do chuideachtaí agus do nuálaithe, rud a chuideoidh chun rochtain níos tapa ar theiripí ceannródaíocha a éascú d’othair an Aontais.

Déantar é sin a chomhlánú le tionscnaimh eile, cuir i gcás HERA Invest, trína gcuireann an Coimisiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta maoiniú riosca ar fáil chun cabhrú le FBManna uirlisí agus teicneolaíochtaí leighis straitéiseacha a fhorbairt ar mhaithe le hAontas níos sábháilte agus níos sláintiúla. Cruthaíodh mol nua bith-theicneolaíochta agus bithmhonaraíochta - oscail i dtáb nua. freisin chun tacú le cuideachtaí nuálacha, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, chun táirgí agus smaointe nua a thabhairt chun an mhargaidh.

I mí na Samhna, chuir an Coimisiún an Straitéis Bhithgheilleagair - oscail i dtáb nua. i láthair, ina leagtar amach bealaí chun úsáid níos fearr a bhaint as acmhainní bitheolaíocha, barr feabhais eolaíoch agus bonn tionsclaíoch an Aontais chun an geilleagar a dhícharbónú agus chun ábhair agus táirgí iontaisebhunaithe a ionadú.

Gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú

I mí na Bealtaine, sheol an Coimisiún Straitéis an Aontais um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú - oscail i dtáb nua. chun go mbeidh an Eoraip ar an áit is fearr chun cuideachtaí atá faoi thionchar na teicneolaíochta a thosú agus a fhás. I gcomhréir leis an tionscnamh ‘Roghnaigh an Eoraip’, is é is aidhm don straitéis iomaíochas an Aontais a neartú trí thacú le gnólachtaí nuálacha ar feadh a saolré, ó chruthú agus fás go haibíocht laistigh den Aontas.

I mí Dheireadh Fómhair, d’fhógair an Coimisiún freisin an Ciste um Eoraip na nGnólachtaí atá ag Méadú - oscail i dtáb nua., ciste nua ilbhilliún euro a cruthaíodh i gcomhpháirtíocht le hinfheisteoirí príobháideacha chun tacú le cuideachtaí domhainteicneolaíochta an Aontais a bhfuil gealladh fúthu. Táthar ag súil go seolfar an ciste in 2026, agus díreoidh sé ar chaipiteal fáis agus ar infheistíochtaí ag céim dhéanach i raon leathan cuideachtaí teicneolaíochta straitéiseacha de chuid an Aontais, i réimsí amhail an intleacht shaorga, teicneolaíochtaí candamacha, leathsheoltóirí, róbataic agus córais uathrialacha.

Sheol an Coimisiún suirbhé freisin chun aiseolas ón bpobal - oscail i dtáb nua. a bhailiú maidir leis an gCairt um Rochtain d’Úsáideoirí Tionsclaíocha ar Bhonneagair Thaighde agus Theicneolaíochta atá ar na bacáin. Is é is aidhm don chairt feabhas a chur ar an rochtain atá ag cuideachtaí ar na bonneagair sin, rud a chuirfidh ar a gcumas táirgí nua a thástáil, a mhéadú agus a bhailíochtú ar bhealach níos tapa.

Maoin intleachtúil a chosaint

Cuireann an tAontas tacaíocht airgeadais ar fáil do FBManna chun a sócmhainní doláimhsithe a bhainistiú agus a chosaint ar bhealach níos fearr. Le linn na bliana, sheol an Coimisiún agus Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh - oscail i dtáb nua. Ciste FBM 2025 - oscail i dtáb nua., scéim deontais a ceapadh chun cabhrú le FBManna a gcearta maoine intleachtúla a chosaint, paitinní, trádmharcanna, dearaí tionsclaíocha agus cineálacha nua plandaí san áireamh.

Seoladh próiseas - oscail i dtáb nua. go rathúil - oscail i dtáb nua. freisin chun sreafaí sonraí saora agus sábháilte a chumasú idir an tAontas agus Eagraíocht Eorpach na bPaitinní. Simpleoidh sé sin an próiseas cosanta paitinne do nuálaithe Eorpacha agus cuirfidh sé leis an bhfás agus leis an iomaíochas i margadh an Aontais.

An t-aontas coigiltis agus infheistíochta

Mar chumasóir cothrománach an Chompáis Iomaíochais, tá aontas láidir coigiltis agus infheistíochta ríthábhachtach chun córas airgeadais níos doimhne, níos leachtaí agus níos comhtháite a fhorbairt san Aontas a fhreastalóidh ar bhealach níos fearr ar riachtanais shaoránaigh agus ghnólachtaí an Aontais. Ach cumas an chórais airgeadais coigilteas a nascadh le hinfheistíocht tháirgiúil a neartú, tá sé d’aidhm ag an Aontas tacú le riachtanais mhóra infheistíochta na mBallstát i bpríomhréimsí, cuir i gcás an nuálaíocht dhigiteach, an t-aistriú aeráide agus an chosaint.

I mí an Mhárta, chuir an Coimisiún Straitéis an Aontais Coigiltis agus Infheistíochta - oscail i dtáb nua. i láthair, ina leagtar amach an chaoi ar féidir le margaí caipitil agus leis an earnáil baincéireachta coigilteoirí atá ag lorg deiseanna infheistíochta níos fearr a nascadh le gnólachtaí a bhfuil maoiniú de dhíth orthu. Is é is aidhm don straitéis coigilteoirí a chumhachtú chun a rachmas airgeadais a mhéadú agus cabhrú le gnólachtaí méadú, rud a chuirfidh borradh faoi gheilleagar agus iomaíochas an Aontais. Cuimsítear leis sin deireadh a chur le bacainní ar an Margadh Aonair, trí rialacha an Aontais a fhorfheidhmiú san áireamh.

Le bearta spriocdhírithe, díreofar ar shaoránaigh a chumhachtú leis na huirlisí cearta chun tacú lena ndea-bhail airgeadais; é a dhéanamh níos éasca do chuideachtaí rochtain a fháil ar fhoinsí éagsúlaithe airgeadais, thar theorainneacha san áireamh; deireadh a chur le bacainní lena gcuirtear cosc ar mhargadh caipitil lán-chomhtháite; agus maoirseacht níos láidre agus níos comhchuibhithe ar mhargaí airgeadais a chinntiú.

Ghlac an tAontas roinnt céimeanna eile freisin chun an t‑aontas coigiltis agus infheistíochta a fhorbairt. Cumhdaíodh orthu sin teacht ar chomhaontú polaitiúil - oscail i dtáb nua. chun an timthriall socraíochta urrús a ghiorrú; togra - oscail i dtáb nua. a chur ar aghaidh lenar díríodh ar urrúsú a athbheochan chun tacú le hiasachtú bainc; agus rannpháirtíocht mhiondíola níos mó i margaí caipitil a spreagadh trí thionscnaimh fheabhsaithe coigiltis, infheistíochta agus litearthachta airgeadais - oscail i dtáb nua.. Le bearta breise, díríodh ar chabhrú le saoránaigh ioncam leordhóthanach scoir a chinntiú trí rochtain ar phinsin fhorlíontacha níos fearr a fheabhsú - oscail i dtáb nua., trí theacht ar chomhaontú polaitiúil - oscail i dtáb nua. maidir leis an straitéis infheistíochta miondíola agus trí chomhtháthú agus maoirseacht mhargaí caipitil an Aontais - oscail i dtáb nua. a neartú. Is é is aidhm do na hathchóirithe sin rialacha a shimpliú, tacú leis an nuálaíocht agus bacainní trasteorann laistigh de chóras airgeadais an Aontais a bhaint.

Snáitheanna an aontais coigiltis agus infheistíochta
  1. Saoránaigh agus coigilteas.
  2. Comhtháthú agus scála.
  3. Infheistíocht agus maoiniú.
  4. Maoirseacht éifeachtúil ar an Margadh Aonair.
Maria Luís Albuquerque ina seasamh i lár Stocmhalartán Frankfurt, ag féachaint ar scáileáin a thaispeánann sonraí margaidh fíor-ama.
Maria Luís Albuquerque, an Coimisinéir Eorpach um Sheirbhísí Airgeadais agus um an Aontas Coigiltis agus Infheistíochta (ar dheis), ar cuairt ar Stocmhalartán Frankfurt in Frankfurt am Main, an Ghearmáin, an 26 Meitheamh 2025.

Baincéireacht

Chun iomaíochas agus cobhsaíocht mhargaí airgeadais an Aontais a chaomhnú, mhol - oscail i dtáb nua. an Coimisiún an láimhseáil leachtachta atá ann faoi láthair a choinneáil ar bun le haghaidh idirbhearta gearrthéarmacha um maoiniú urrús faoin Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil - oscail i dtáb nua.. Chuir sé cur i bhfeidhm rialacha riosca margaidh Chomhaontú Basel III - oscail i dtáb nua. (Athbhreithniú ó Bhonn ar an Leabhar Trádála) siar - oscail i dtáb nua. freisin go dtí an 1 Eanáir 2027. I dteannta a chéile, is é is aidhm do na bearta sin cothrom iomaíochta a chinntiú do bhainc an Aontais ar fud an domhain, leachtacht an mhargaidh a chosaint agus creat stuamachta an Aontais a ailíniú le forbairtí idirnáisiúnta.

In 2025 rinneadh ceiliúradh ar an gcéad bhliain den Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip - oscail i dtáb nua.. Tacaíonn an tionscnamh le hinfheistíocht i dteicneolaíochtaí criticiúla i dtrí phríomhréimse, is iad sin: teicneolaíochtaí digiteacha agus domhainteicneolaíocht; teicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní; agus bith‑theicneolaíochtaí. Le bliain anuas, tá breis agus €13.1 billiún slógtha aige trí infheistíocht a chomhthiomsú ó 11 chlár de chuid an Aontais chun borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais sna trí réimse sin.

Teresa Ribera ina seasamh in aice le Christine Lagarde, os comhair bhratach an Aontais.
Teresa Ribera, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh um Aistriú Glan, Cóir agus Iomaíoch (ar chlé), agus Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh (ar dheis) sa Bhruiséil, an Bheilg, an 23 Meitheamh 2025.