CAIBIDIL 7

Eoraip dhomhanda ar mhaithe leis an tsíocháin, le comhpháirtíochtaí agus le cobhsaíocht eacnamaíoch

Tá grúpa leanaí le feiceáil agus a ngéaga in airde san aer agus tá miongháire ar a n-aghaidh agus iad os comhair umar uisce. Ar an umar uisce, a bhfuil cuid de clúdaithe, tá bratach an Aontais. Féach fotheideal an ghrianghraif
Ag maireachtáil le linn saol corrach: Teastaíonn rochtain ar uisce sábháilte, sláintíocht agus seirbhísí sláinteachais ó 15.2 milliún duine in Éimin. Ag suíomh Al‑Makhshab, tá uisce le fáil go comhleanúach a bhuí leis an gcóras nua atá á mhaoiniú ag an Aontas. Ó thús an chogaidh in 2015, tá beagnach €1.6 billiún tugtha ag an Aontas chun an ghéarchéim a fhreagairt. Al‑Makhshab, Éimin, an 14 Bealtaine 2025.

Tá athrú as cuimse tagtha ar an domhan le blianta beaga anuas. I bhfianaise chogadh foghach na Rúise san Úcráin, na coinbhleachta in Gaza, tuilleadh iomaíocht eacnamaíoch ionsaitheach éagórach ón tSín, agus i bhfianaise an chaidrimh leis na Stáit Aontaithe agus theacht chun cinn na polaitíochta deighiltí, tá an tAontas Eorpach ag obair chun ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chosaint agus a chur chun cinn, comhpháirtíochtaí trádála éifeachtacha a fhorbairt agus ról na n-institiúidí domhanda a neartú. Tá an tAontas tiomanta i gcónaí don iltaobhachas éifeachtach a bhfuil na Náisiúin Aontaithe ina chroílár, agus tacaíocht aige ó institiúidí idirnáisiúnta eile amhail an Eagraíocht Dhomhanda Trádála. Tá an tAontas fós ar an deontóir cabhrach forbraíochta is mó ar domhan agus tá sé ar na deontóirí cabhrach daonnúla is mó ar domhan.

Is éard atá sa méadú infheistíocht i síocháin, cobhsaíocht agus rathúnas fadtéarmach na hEorpa, agus tá sí ríthábhachtach chun tionchar an Aontais ar an leibhéal domhanda a mhéadú. Déanann an tAontas meastóireacht rialta ar dhul chun cinn thíortha uile an mhéadaithe, ina measc sin faoi chuimsiú an phacáiste bhliantúil um méadú - oscail i dtáb nua.. Trí thíortha ar mian leo a bheith ina mBallstát a lánpháirtiú de réir a chéile i réimsí sonracha de bheartais an Aontais, codanna den Mhargadh Aonair ina measc sin, déantar a naisc leis an Aontas a neartú roimh a n-aontachas.

Tá an Coimisiún Eorpach ag tacú go háirithe le hiarrachtaí thíortha an mhéadaithe dul isteach sa Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí Euro - oscail i dtáb nua. agus sa limistéar Fánaíochta ar Tháillí Baile - oscail i dtáb nua.. Leis an bPlean fáis don Mholdóiv - oscail i dtáb nua., an Plean fáis do na Balcáin Thiar - oscail i dtáb nua. agus an tSaoráid don Úcráin - oscail i dtáb nua., táthar ag éascú an phróisis sin agus ag spreagadh na n-infheistíochtaí agus na n-athchóirithe is gá chun na tíortha is iarrthóirí ionchasacha a ullmhú le haghaidh a n-aontachais leis an Aontas.

Marta Kos agus daoine eile ina suí ag bord comhdhála ciorclach. Tá íomhá an chainteora á teilgean ar scáileán sa chúlra. Tá daoine eile ina suí ag imeall an phríomhbhoird.
Marta Kos, an Coimisinéir Eorpach um Méadú (sa lár ar chlé, faoi ghorm éadrom), ag cruinniú Cheannairí na mBalcán Thiar i Scóipé, an Mhacadóin Thuaidh, an 30 Meitheamh 2025. Tháinig ceannairí na hAlbáine, na Boisnia agus na Heirseagaivéine, na Cosaive, Mhontainéagró, na Macadóine Thuaidh agus na Seirbia le chéile chun a dtiomantas leanúnach don Phlean Fáis do na Balcáin Thiar a dhearbhú.

Tacaíocht ón Aontas do thíortha an mhéadaithe in 2025

Gníomhaíochtaí 2025 chun feabhas a chur ar an gcaidreamh trádála le tíortha is iarrthóirí

  • An dlaoi mhullaigh a chur ar an athbhreithniú ar chórais trádála leis an Moldóiv agus leis an Úcráin, i gcomhthéacs a bpróiseas aontachais leis an Aontas.

Comhpháirtíocht an Oirthir agus réigiún na Mara Duibhe

Le comhar réigiúnach faoi Chomhpháirtíocht an Oirthir - oscail i dtáb nua., tá an Airméin - oscail i dtáb nua., an Asarbaiseáin - oscail i dtáb nua., an Bhealarúis - oscail i dtáb nua., an tSeoirsia - oscail i dtáb nua., an Mholdóiv - oscail i dtáb nua. agus an Úcráin - oscail i dtáb nua. ag teacht le chéile agus é d’aidhm acu dul i ngleic le dúshláin chomhroinnte agus cuspóirí comhchoiteanna a shaothrú. Chuir an Bhealarúis a rannpháirtíocht ar fionraí in 2021, tar éis an mheatha ollmhóir a tháinig ar staid fhoriomlán chearta an duine, an daonlathais agus an smachta reachta sa tír roimh na toghcháin a bhí aici i mí Lúnasa 2020 agus ina ndiaidh. Táthar ag leanúint den chomhar le príomhpháirtithe leasmhara neamhstáit Bealarúiseacha, ina measc sin eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na fórsaí daonlathacha ar son Bealarúis dhaonlathach. Rannchuidíonn comhar réigiúnach i gComhpháirtíocht an Oirthir freisin le cur chun feidhme chur chuige straitéiseach an Aontais i leith réigiún na Mara Duibhe - oscail i dtáb nua., rud a glacadh i mí na Bealtaine 2025. I gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, treiseoidh an straitéis ról geopholaitiúil an Aontais mar ghníomhaí iontaofa i réigiún na Mara Duibhe.

Trí cholún don chomhar amach anseo idir an tAontas agus an Mhuir Dhubh

  1. An tslándáil, an chobhsaíocht agus an athléimneacht a fheabhsú.
  2. Fás inbhuanaithe agus rathúnas a chothú.
  3. Cosaint an chomhshaoil, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus ullmhacht ina leith, agus cosaint shibhialta a chur chun cinn.

I mí Dheireadh Fómhair, seoladh Clár Oibre um Nascacht Thrasréigiúnach - oscail i dtáb nua. darb aidhm infheistíocht straitéiseach a chomhordú chun naisc trádála, iompair, fuinnimh agus dhigiteacha idir an Eoraip agus an Áise Láir a neartú, tríd an Tuirc agus trí thíortha na Mara Duibhe agus tíortha Chugas Theas. Léirítear inti iarrachtaí straitéiseacha an Aontais comhpháirtíochtaí a chruthú agus comhar trasréigiúnach a chur chun cinn.

An Meánoirthear agus an Afraic Thuaidh

Is chun leas straitéiseach an Aontais é imchuach na Meánmhara a bheith rathúil, nasctha, athléimneach agus slán, agus é ag iarraidh feabhas a chur ar a iomaíochas, a shlándáil a mhéadú, agus an imirce a bhainistiú. Leis an gComhshocrú don Mheánmhuir - oscail i dtáb nua., rud a sheol na Ballstáit agus comhpháirtithe na Meánmhara Theas, déantar athnuachan agus méadú ar uaillmhian an Aontais teagmháil níos doimhne a dhéanamh le tíortha ar fud an réigiúin chun infheistíocht a spreagadh agus breisluach a thabhairt do dhaoine agus do gheilleagair ar chóstaí uile na Meánmhara. Moltar sa chomhshocrú tionscadail shuaitheanta faoina thrí cholún: daoine, an geilleagar agus an tslándáil.

Comhpháirtíochtaí straitéiseacha agus cuimsitheacha

Ba dheis chinniúnach í an chéad Chruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an Éigipt - oscail i dtáb nua. riamh, rud a reáchtáladh i gcomhthráth le hócáid ardleibhéil idir an tAontas agus an Éigipt - oscail i dtáb nua., chun torthaí nithiúla a dhéanamh den uaillmhian chomhroinnte, agus chuir sé leis an gComhpháirtíocht straitéiseach chuimsitheach idir an tAontas agus an Éigipt - oscail i dtáb nua..

Ghlac an Chomhairle sainordú an Choimisiúin tús a chur le caibidlíocht le gach ceann de na sé thír i gComhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille - oscail i dtáb nua., mar atá Bairéin, Cuáit, Óman, Catar, an Araib Shádach agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, darb aidhm comhaontuithe comhpháirtíochta straitéiseacha déthaobhacha a thabhairt i gcrích.

Shínigh an tAontas agus an Iordáin dearbhú comhpháirteach lenar seoladh comhpháirtíocht straitéiseach chuimsitheach - oscail i dtáb nua. nua chun dul i ngleic ar bhealach níos fearr le dúshláin choiteanna agus chun luachanna comhroinnte na síochána, an daonlathais agus chearta an duine a chur chun cinn. Shínigh siad meabhrán tuisceana freisin lenar seoladh cur chun feidhme cúnaimh macrairgeadais €500 milliún - oscail i dtáb nua. chun tacú le cobhsaíocht eacnamaíoch, fás, athléimneacht fhadtéarmach agus athchóirithe na hIordáine.

Shínigh an Iordáin an Comhaontú athnuaite Comhpháirtíochta maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara - oscail i dtáb nua. freisin, darb aidhm acmhainneachtaí taighde agus nuálaíochta a thógáil agus eolas agus réitigh a fhorbairt maidir le bainistiú uisce, córais feirmeoireachta agus luach an tslabhra bia sa Mheánmhuir. Cuirfidh an Iordáin €4.5 milliún leis an gcomhpháirtíocht idir 2025 agus 2027.

Dubravka Šuica agus Zeina Toukan ina suí ag bord, agus doiciméad á shíniú ag gach duine acu. Tá Ursula von der Leyen agus Abdullah II, Rí na hIordáine, ina seasamh taobh thiar díobh. Taobh thiar díobh tá bratach na hIordáine agus bratach an Aontais. Tá trí lógó de chuid an Choimisiúin Eorpaigh ar an gcúlra gorm.
Dubravka Šuica, an Coimisinéir Eorpach um Réigiún na Meánmhara (chun tosaigh ar dheis), agus Zeina Toukan, Aire Pleanála agus Comhair Idirnáisiúnta na hIordáine (chun tosaigh ar chlé), ag síniú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Straitéisí agus Cuimsithí idir an tAontas agus an Iordáin, i láthair Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (ar chúl ar dheis), agus Abdullah II, Rí na hIordáine (ar chúl ar chlé) sa Bhruiséil, an Bheilg, an 29 Eanáir 2025.

Leanann an tAontas d’ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chosaint agus a chur chun cinn agus tá sé ag obair chun ról na n‑institiúidí domhanda a neartú. Déanann sé amhlaidh agus é d’aidhm aige a chinntiú go gcloítear lena luachanna agus go seasann an Eoraip go láidir i ndomhan atá níos conspóidí agus níos éagobhsaí.

Roimh an 80ú ceann de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, d’athdhearbhaigh an tAontas a thiomantas - oscail i dtáb nua. don iltaobhachas bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta, lena gcuimsítear Cairt na Náisiún Aontaithe, agus aitheantas á thabhairt aige don nasc intreach idir an tsíocháin agus an tslándáil, cearta an duine agus an fhorbairt inbhuanaithe. Leanfaidh an tAontas de bheith ina chomhpháirtí intuartha iontaofa inchreidte, agus é tiomanta réitigh dhomhanda a aimsiú ar dhúshláin chomhchoiteanna, ina measc sin tríd an gComhshocrú don Todhchaí - oscail i dtáb nua. a chur chun feidhme. Tá rún daingean ag an Aontas freisin dlús a chur leis na hiarrachtaí chun Clár Oibre 2030 agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach agus chun tacú le próiseas athchóirithe leanúnach na Náisiún Aontaithe.

An tslándáil eacnamaíoch

Tá beartas eachtrach eacnamaíoch nua, a dhíríonn ar an tslándáil eacnamaíoch, ar thrádáil agus ar infheistíocht i gcomhpháirtíochtaí, lárnach do rathúnas na hEorpa. Leis an trádáil oscailte, is féidir gnólachtaí a mhéadú agus poist a chruthú, ach ní mór iomaíocht chóir agus cothroime iomaíochta a choinneáil idir táirgeoirí intíre agus táirgeoirí eachtracha. Le huirlisí cosanta trádála, leantar de phoist an Aontais a chosaint trí thimpeallacht ghnó chothrom a chur chun cinn do ghnólachtaí an Aontais.

Chun cosc a chur ar infheistíochtaí amach tionchar diúltach a imirt ar shlándáil eacnamaíoch an Aontais, d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar infheistíochtaí den sórt sin - oscail i dtáb nua. i dtíortha nach den Aontas iad arna ndéanamh ag cuideachtaí laistigh dá gcríocha, i ndáil le trí réimse a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo don Aontas: leathsheoltóirí, an intleacht shaorga agus teicneolaíochtaí candamacha. Cuirfidh sé sin bonn eolais faoin ngá atá le gníomhaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo sa réimse sin. Ina theannta sin, i mí na Nollag tugadh i gcrích caibidlíocht idirinstitiúideach - oscail i dtáb nua. i dtaca le feabhas a chur ar chreat an Aontais i ndáil le scagadh infheistíochtaí díreacha coigríche chun ionstraim straitéiseach níos láidre agus níos comhleanúnaí a dhéanamh den scagadh infheistíochta.

Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cruach agus Miotail - oscail i dtáb nua., rud a foilsíodh i mí an Mhárta, ceaptha iomaíochas na hearnála a neartú agus todhchaí an tionscail a chosaint.

I mí na Nollag, ghlac an Coimisiún pacáiste slándála eacnamaíche - oscail i dtáb nua. ina bhfuil teachtaireacht maidir le slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú - oscail i dtáb nua. agus an Plean Gníomhaíochta RESourceEU - oscail i dtáb nua..

Is é an tAontas Eorpach an dara geilleagar is mó ar domhan agus an earnáil trádála is mó ar domhan.

Príomhfhorbairtí trádála agus comhair idirnáisiúnta in 2025

Ráiteas comhpháirteach - oscail i dtáb nua. leis na Stáit Aontaithe i ndáil le creat-chomhaontú maidir le trádáil chómhalartach chóir chothrom.

Bíonn an tAontas i dteagmháil go leanúnach leis na Stáit Aontaithe chun taraifí a laghdú agus cobhsaíocht agus intuarthacht sa chaidreamh trádála agus infheistíochta a athbhunú idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe dá réir, rud a théann chun tairbhe do ghnólachtaí, d’oibrithe agus do shaoránaigh ar dhá thaobh an Atlantaigh.

 
 

Dhá thogra le haghaidh comhaontuithe cinniúnacha i Meiriceá Laidineach, an Comhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas agus Mercosur - oscail i dtáb nua. agus an Comhaontú Iltíreach nuachóirithe idir an tAontas agus Meicsiceo - oscail i dtáb nua., ar páirt ríthábhachtach iad de straitéis an Aontais chun a chaidreamh trádála a éagsúlú.

Cruthóidh na comhaontuithe sin deiseanna easpórtála ar fiú na billiúin euro iad do chuideachtaí san Aontas idir bheag agus mhór, cuirfidh siad leis an bhfás eacnamaíoch agus leis an iomaíochas, tacóidh siad leis na céadta míle post san Eoraip agus cuirfidh siad leasanna agus luachanna an Aontais chun cinn sa réigiún.

Teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Trádála Eatramhaigh idir an tAontas agus an tSile - oscail i dtáb nua., rud a chuireann borradh faoi iomaíochas gnólachtaí ar an dá thaobh.

Beidh na tionscnaimh atá ag dul ar aghaidh faoi Global Gateway ina mbonn taca leis an obair sin, amhail slabhraí luacha amhábhar criticiúil a fhorbairt le haghaidh litiam agus copair, agus táirgeadh hidrigine glaise sa tSile.

       
 

Comhpháirtíocht straitéiseach - oscail i dtáb nua. a cuireadh ar bun leis na cúig thír san Áise Láir, mar atá an Chasacstáin, an Chirgeastáin, an Táidsíceastáin, an Tuircméanastáin agus an Úisbéiceastáin.

Mar an chéad chomhartha den spreagadh nua sa chaidreamh seo, le pacáiste infheistíochta Global Gateway dar luach €12 bhilliún, tacófar le comhar idir an tAontas agus na comhpháirtithe sin ó thaobh na haeráide, an fhuinnimh agus na n-amhábhar criticiúil de.

Caibidil nua sa chaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe - oscail i dtáb nua. agus comhaontuithe ann i roinnt réimsí, ina measc sin rochtain chómhalartach d’iascairí go dtí 2038 - oscail i dtáb nua. agus comhpháirtíocht slándála agus chosanta - oscail i dtáb nua.. Cuirfidh an dara ceann ar a cumas don Ríocht Aontaithe páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí soláthair chomhoibríoch.

Dearbhú comhpháirteach - oscail i dtáb nua. leis an Eilvéis chun an comhar a neartú i réimsí ríthábhachtacha an taighde, an iompair de thalamh agus na sláinte.

Athdhearbhú an ghealltanais chomhroinnte leis an tSeapáin - oscail i dtáb nua. chun an comhar a neartú i leith na trádála agus na slándála eacnamaíche, bunaíodh an Chomhghuaillíocht Iomaíochais - oscail i dtáb nua. agus leathnaíodh an tIdirphlé Eacnamaíoch Ardleibhéil.

Caibidlíocht a tosaíodh le hAontas na nÉimíríochtaí Arabacha i ndáil le comhaontú saorthrádála - oscail i dtáb nua., rud a d’fhágfadh go bhféadfadh an chéad chomhaontú cuimsitheach trádála de chuid an Aontais a dhéanamh i réigiún na Murascaille.

Caibidlíocht lenar cuireadh tús an athuair - oscail i dtáb nua. i leith comhaontú saorthrádála idir an tAontas agus an Mhalaeisia.

     
 

Síniú an chomhaontaithe chinniúnaigh trádála digití le Singeapór - oscail i dtáb nua., caibidlíocht a tugadh i gcrích i ndáil le comhaontú trádála digití leis an gCóiré Theas - oscail i dtáb nua. agus obair a tosaíodh ar chomhaontú trádála digití le Ceanada - oscail i dtáb nua..

Tá na comhaontuithe sin i gcomhréir leis an Straitéis Dhigiteach Idirnáisiúnta - oscail i dtáb nua. nua de chuid an Aontais, lena bhfógraítear go bhfuil sé de rún ag an Aontas Líonra Comhpháirtíochta Digití a bhunú agus leathnú a dhéanamh ar líonra na gcomhaontuithe trádála digití. Forbrófar leis an straitéis tairiscint ghnó teicneolaíochta de chuid an Aontais freisin trí infheistíocht ón Aontas san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí a chomhcheangal chun tacú le haistriú digiteach na dtíortha comhpháirtíochta, agus neartófar léi an ríomhrialachas domhanda i gcomhréir le bunluachanna an Aontais.

Maroš Šefčovič agus Airlangga Hartarto ina seasamh le chéile agus miongháire orthu. Tá léinte ildaite ar nós na hIndinéise orthu araon agus tá bosca acu a bhfuil cruth an bhlátha laistigh de. Tá bratacha na hIndinéise agus an Aontais ar bharr an chláir mhóir ghoirm sa chúlra agus tá na focail ‘Bilateral Meeting – Coordinating Minister for Economic Affairs R I and EU Commissioner for Trade and Economic Security’ [Cruinniú Déthaobhach — an tAire Comhordúcháin Gnóthaí Eacnamaíocha R I agus Coimisinéir an Aontais um an Trádáil agus Slándáil Eacnamaíoch] air.
Maroš Šefčovič, an Coimisinéir Eorpach um an Trádáil agus Slándáil Eacnamaíoch, agus um an gCaidreamh agus an Trédhearcacht Idirinstitiúideach (ar dheis), agus Airlangga Hartarto, Aire Comhordúcháin Gnóthaí Eacnamaíocha na hIndinéise (ar chlé), agus iad ag ceiliúradh thabhairt i gcrích na caibidlíochta maidir leis an gComhaontú Cuimsitheach Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an Indinéis in Iacárta na hIndinéise, an 22 Meán Fómhair 2025.

Bearta 2025 chun trádáil chóir a chinntiú

  • Laghdaíodh - oscail i dtáb nua. an ráta léirscaoilte ó 1% go 0.1% chun teorainn a chur leis an méid cruach is féidir a iompórtáil isteach san Aontas saor ó tharaifí.
  • Rinneadh togra - oscail i dtáb nua. le haghaidh beart trádála lena dtugtar aghaidh ar na héifeachtaí diúltacha a bhaineann le trádáil a bhíonn ag ró-acmhainneachtaí domhanda cruach ar mhargadh an Aontais.
  • Cuireadh córas faireachais custaim - oscail i dtáb nua. i ngníomh chun monatóireacht a dhéanamh ar iompórtáil agus easpórtáil dramhaíola miotail agus dramh-mhiotail isteach san Aontas agus amach as, chun rochtain leordhóthanach ar dhramh-mhiotal a chinntiú do thionscail miotal an Aontais.
  • Cuireadh tús le rianú a dhéanamh - oscail i dtáb nua. ar iompórtálacha ceimiceán tionsclaíoch, rudaí atá ag líonadh mhargadh an Aontais go tapa agus atá ina gcúis díobhála nó ag bagairt díobháil a dhéanamh do thionscal an Aontais, ionas gur féidir leis an Aontas cothroime iomaíochta a bhaint amach.
  • Bunaíodh tascfhórsa faireachais iompórtálacha - oscail i dtáb nua. a bhunú chun bonn eolais a chur faoi chinntí agus faoi ghníomhaíochtaí chun an Margadh Aonair a chosaint.
  • Forchuireadh dleachtanna - oscail i dtáb nua. ar iompórtálacha rothaí bóthair alúmanaim ó Mharacó a bhfuarthas amach gur fóirdheonaíodh go héagórach iad, trí Thionscnamh Creasa agus Bóthair na Síne ina measc, agus dá réir sin go raibh siad ag déanamh dochar don tionscal san Aontas.
  • Forchuireadh bearta - oscail i dtáb nua. faoin Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta (mar gheall ar idirdhealú comhsheasmhach in aghaidh fheistí leighis an Aontais i margadh soláthair phoiblí na Síne) chun tairgeoirí ón tSín a eisiamh ó pháirt a ghlacadh i dtairiscintí poiblí an Aontais le haghaidh feistí leighis ar mó a luach measta ná €5 mhilliún, agus chuir sé teorainn nach mó ná 50% de luach na gconarthaí ábhartha le sciar na bhfeistí leighis de thionscnamh na Síne.
  • Gníomhaíodh - oscail i dtáb nua. chun cosc a chur ar dhumpáil trealaimh rochtana shoghluaiste ón tSín, rud a dhéanann dochar suntasach do tháirgeoirí san Eoraip, áit ar fiú €1 bhilliún na díolacháin bhliantúla sa réimse sin.
  • Tionscnaíodh imeachtaí eadrána - oscail i dtáb nua. i gcoinne shrianta trádála agus infheistíochta na hAilgéire a sháraíonn an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Ailgéir.
  • Tugadh nós imeachta rathúil um réiteach díospóidí in aghaidh na Síne ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála maidir le cinntí urghaire i gcoinne agra arna ndéanamh ag cúirteanna na Síne agus a bhaineann le bunphaitinní caighdeáin, mar shampla 5G le haghaidh gutháin phóca.

Comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta

Príomhghné de bheartas eachtrach an Aontais is ea comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta. Is í straitéis Global Gateway - oscail i dtáb nua., lena mbaintear leas as uirlisí airgeadais amhail an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – Global Gateway - oscail i dtáb nua., rannchuidiú an Aontais chun an bhearna infheistíochta dhomhanda a laghdú, í ailínithe go hiomlán le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus lena Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, agus le Comhaontú Pháras - oscail i dtáb nua.. Is straitéis iontaofa í chun infheistíocht a shlógadh ar fud an domhain, poist mhaithe áitiúla a chruthú agus luach a chur leis ar fud an domhain, agus iomaíochas agus slándáil an Aontais á neartú ag an am céanna. Go dtí seo, tá infheistíocht phoiblí agus phríobháideach €306 bhilliún slógtha ag Global Gateway, méid a sháraíonn an sprioc tosaigh €300 billiún faoi 2027.

Seoladh Mol Infheistíochta Global Gateway - oscail i dtáb nua. i mí Dheireadh Fómhair, rud a chuirfidh go mór leis na hiarrachtaí sin trí thionscadail infheistíochta ag cuideachtaí an Aontais ar fud na dtíortha comhpháirtíochta a éascú. Chun ról an Aontais mar ghníomhaí domhanda a chomhdhlúthú agus a neartú, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún éifeachtúlacht na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a mhéadú - oscail i dtáb nua. tríd an rómhaorlathas a laghdú agus trí bhearta simpliúcháin a thabhairt isteach. Is príomhuirlis airgeadais í an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha faoin straitéis Global Gateway, lena gcuirtear iasachtaí níos inacmhainne ar fáil chun infheistíocht a scaoileadh agus chun caidreamh trádála a fhorbairt le tíortha comhpháirtíochta ar fud an domhain.

Taidhleoireacht agus comhpháirtíochtaí ardleibhéil a chothú idir an tAontas agus an Afraic

In 2025 rinne an tAontas agus an tAontas Afracach comóradh 25 bliana ar a gcomhpháirtíocht - oscail i dtáb nua. leis an seachtú heagrán den Chruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach - oscail i dtáb nua.. Trí Global Gateway, tá €120 billiún slógtha ag an Aontas cheana féin le haghaidh tionscadail ar fud na hAfraice. Ag Cruinniú Mullaigh G20 san Afraic Theas, slógadh €15.5 billiún le haghaidh fuinneamh glan agus rochtain ar leictreachas ar fud na mór-roinne ag an imeacht gealltanais deiridh den fheachtas Global Gateway ‘Foinsí In-athnuaite Fuinnimh a Uas-scálú san Afraic - oscail i dtáb nua.’. Leis an maoiniú a chuireann an tAontas agus na Ballstáit ar fáil i gcur chuige Team Europe - oscail i dtáb nua., leathnaítear iarrachtaí an Aontais maidir le fuinneamh glan san Afraic. Chuaigh an feachtas i gcomhar le Misean 300 - oscail i dtáb nua. freisin, tionscnamh de chuid Ghrúpa an Bhainc Dhomhanda arb é is aidhm dó leictreachas a chur ar fáil do 300 milliún duine san Afraic faoi 2030. Cuideoidh sé chun cumhacht a chur ar fáil do thithe, scoileanna agus ospidéil ar fud na mór-roinne agus cruthóidh sé na mílte post glas, ón gCósta Eabhair agus Leosóta go dtí an tSomáil agus Madagascar.

Ursula von der Leyen ag labhairt ó léachtán a bhfuil na focail ‘Global Gateway Forum 2025 – 9 to 10 October – Brussels’ [Fóram Global Gateway 2025 — 9-10 Deireadh Fómhair – an Bhruiséil] scríofa air.
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag Fóram Global Gateway sa Bhruiséil, an Bheilg, an 9 agus an 10 Deireadh Fómhair 2025, inar fhógair sí pacáiste Team Europe dar luach €618 milliún chun foinsí in-athnuaite fuinnimh san Afraic a mhéadú. Chuir an fógra sin leis an bpacáiste €545 mhilliún a nochtadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe níos luaithe sa bhliain, rud a léiríonn go bhfuil an tAontas ag leanúint dá ghealltanais a chomhlíonadh.
Jozef Síkela ina sheasamh ar bhus agus é ag déanamh miongháire leis an gceamara.
Jozef Síkela (ina sheasamh, ar chlé), an Coimisinéir Eorpach um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta, le linn cuairt ar an tionscadal ‘Towards an inclusive design of the renewable energy transition’ (I dtreo dearadh cuimsitheach ar an aistriú chuig fuinneamh in‑athnuaite), in Windhoek na Namaibe, an 17 Meán Fómhair 2025.

Cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta

Ghlac an tAontas páirt i roinnt cruinnithe mullaigh le tíortha comhpháirtíochta in 2025. Ag Cruinniú Mullaigh G7 - comhad PDF, oscail i dtáb nua. i gCeanada i mí an Mheithimh, phléigh na ceannairí conas dlús a chur leis an tacaíocht don Úcráin agus d’athdhearbhaigh siad a dtiomantas don tsíocháin agus don chobhsaíocht sa Mheánoirthear. I measc na bpríomhábhar eile a pléadh ag an gcruinniú mullaigh bhí comhordú eacnamaíoch a neartú, soláthar slán mianraí criticiúla a dhaingniú, teicneolaíochtaí nua (an intleacht shaorga agus teicneolaíochtaí candamacha), an t-aistriú fuinnimh agus bealaí chun falscaithe a chosc agus a mhaolú ar bhealach níos fearr.

Ba é Cruinniú Mullaigh G20 in Johannesburg na hAfraice Theas an chéad chruinniú mullaigh ar mhór-roinn na hAfraice agus cuireadh clabhsúr ar an gcéad timthriall uachtaránachta de chuid G20. Díríodh i dtoradh an chruinnithe mullaigh ar thosaíochtaí tábhachtacha don Eoraip agus don Afraic, cuir i gcás an t-aistriú fuinnimh, mianraí criticiúla agus inbhuanaitheacht fiachais. I measc na bpríomhábhar eile a pléadh bhí míchothromaíochtaí domhanda, gníomhú ar son na haeráide, athléimneacht i leith tubaistí agus an intleacht shaorga.

Taighde agus nuálaíocht

Cuireadh dlús leis an gcomhar leis an India sa taighde agus sa nuálaíocht in 2025, go háirithe faoi chuimsiú na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus an India - comhad PDF, oscail i dtáb nua.. Faoi Mheitheal na Comhairle um Theicneolaíochtaí Fuinnimh Ghlais agus Ghlain, seoladh taighde comhoibríoch leis an India maidir le truailliú plaisteach muirí, réitigh hidrigine in-athnuaite dramhaíola - oscail i dtáb nua. agus athchúrsáil ceallraí d’fheithiclí leictreacha, le hinfheistíocht chomhpháirteach thart ar €60 milliún.

Is é Fís Eorpach - oscail i dtáb nua. príomhchlár maoiniúcháin an Aontais don taighde agus don nuálaíocht, agus cuireann sé ardán ar fáil chun comhoibriú leis na pobail taighde is fearr ar fud an domhain. In 2025 chuaigh an Éigipt - oscail i dtáb nua., an Chóiré Theas - oscail i dtáb nua. agus an Eilvéis - oscail i dtáb nua. isteach i bhFís Eorpach, rud a fhágann go bhfuil 22 thír chomhlachaithe san iomlán ann anois.

Ursula von der Leyen agus Narendra Modi ina seasamh agus miongháire orthu agus iad ag croitheadh lámh.
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (ar chlé), ag croitheadh lámh le Narendra Modi, Príomh-Aire na hIndia (ar dheis), le linn chuairt Choláiste na gCoimisinéirí ar an India. Deilí Nua, an India, an 27 Feabhra 2025.

Tacú leis an tsíocháin agus an tslándáil

Ag an gcéad Idirphlé Polaitiúil Ardleibhéil riamh idir an tAontas agus an Phalaistín - oscail i dtáb nua. (ní dhéanfar an t-ainmniú seo a fhorléiriú mar aitheantas gur ann do Stát na Palaistíne agus tá sé gan dochar do sheasaimh éagsúla na mBallstát maidir leis an tsaincheist sin), mhol an Coimisiún Clár Tacaíochta Cuimsitheach ilbhliantúil - oscail i dtáb nua. chun téarnamh agus athléimneacht na Palaistíne a chothú. Thionóil an Coimisiún freisin an chéad chruinniú de Ghrúpa Deontóirí na Palaistíne - oscail i dtáb nua. sa Bhruiséil, sa Bheilg, inar tugadh le chéile comhpháirtithe domhanda chun tacú le cur i bhfeidhm athchóirithe sa Phalaistín, cuidiú chun rialachas a neartú, athléimneacht eacnamaíoch a fheabhsú agus téarnamh Gaza a chur chun cinn. Gheall roinnt Ballstát €88 milliún san iomlán a chur ar fáil go slán d’Údarás na Palaistíne trí shásra Pegase (Bainistiú agus Cúnamh Socheacnamaíoch idir an Phalaistín agus an Eoraip).

Chun an tsíocháin a chothú sa Mheánoirthear, mhol an Coimisiún forálacha áirithe a chur ar fionraí - oscail i dtáb nua. dá ndéantar foráil sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas agus Iosrael a bhaineann leis an trádáil agus smachtbhannaí breise a fhorchur ar Hamas, ar airí antoisceacha agus ar lonnaitheoirí foréigneacha. Chuir an Coimisiún ar fionraí a sholáthar tacaíochta déthaobhaí d’Iosrael freisin, cé is moite de thacaíocht don tsochaí shibhialta agus Yad Vashem (Ionad Cuimhneacháin Domhanda ar an Uileloscadh).

Is é an tAontas fós an deontóir agus an soláthraí cabhrach daonnúla idirnáisiúnta is mó do Phalaistínigh é, tar éis dó €220 milliún san iomlán i dtacaíocht dhaonnúil éigeandála a leithdháileadh agus a eisíoc le Gaza agus leis an mBruach Thiar, Iarúsailéim Thoir san áireamh, in 2025.

Bean in Gaza, agus leanbh ar bhacán a láimhe, a bhfuil greim aici ar bhosca atá marcáilte le bratach AE agus leis na focail ‘‘Unicef for every child’[Unicef ar son gach libh]. Taobh thiar díobh tá grúpa daoine ina seasamh agus veisteanna ar chuid acu a bhfuil na siombailí céanna orthu. Tá bruscar ar fud na sráide.
Iarrachtaí daonnúla an Aontais in Gaza: líne tharrthála le linn an scriosta. Dháil UNICEF éadaí geimhridh ar 150,000 leanbh agus é ag úsáid cistí ó AE. 5 Feabhra 2025. © UNICEF, 2025. Gach ceart ar cosaint. Arna cheadúnú don Aontas Eorpach faoi choinníollacha.

D’athdhearbhaigh an tAontas a thiomantas i rith na bliana tacú le muintir na Siria agus cabhrú le haistriú agus téarnamh na Siria. Ag an naoú ceann de Chomhdhálacha na Bruiséile, ‘Seasaimis leis an tSiria: Na riachtanais chuí a chomhlíonadh le go mbeidh aistriú rathúil ann - oscail i dtáb nua.’, d’fhógair an tAontas gealltanais airgeadais dar luach beagnach €2.5 billiún do 2025 agus 2026 chun cabhrú le próiseas aistrithe na Siria agus lena téarnamh socheacnamaíoch. Chuir an Coimisiún deireadh freisin leis na smachtbhannaí eacnamaíocha ar an tSiria - oscail i dtáb nua., cé is moite díobh siúd atá lonnaithe ar fhorais slándála, agus in 2025, den chéad uair riamh, reáchtáladh Lá Idirphlé - oscail i dtáb nua. bliantúil sa tSiria. Ar deireadh, tar éis smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe ar an Iaráin a thabhairt isteach arís, chomhaontaigh an Coimisiún roinnt smachtbhannaí a fhorchur arís i ndáil le gníomhaíochtaí leata núicléach na tíre.

Cabhair dhaonnúil

Nuair a tharlaíonn mórthubaistí nádúrtha nó coinbhleachtaí, bíonn na milliúin i mbaol. Is líne tharrthála atá sa chabhair dhaonnúil, lena gcuirtear bia, foscadh agus cúram leighis ar fáil.

Tá an tAontas, in éineacht lena Bhallstáit, ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí fóirithinte sin agus ba é an deontóir cabhrach daonnúla is mó ar domhan é in 2025. Cuireann sé cabhair tarrthála ar fáil bunaithe ar riachtanais, seasann sé le cosaint oibrithe daonnúla, cosnaíonn sé prionsabail dhaonnúla idirnáisiúnta, cosnaíonn sé sibhialtaigh agus cosnaíonn sé an dlí daonnúil idirnáisiúnta, agus tá gach ceann acu i gcroílár na taidhleoireachta daonnúla. In 2025 leithdháil an tAontas €2.56 billiún i gcúnamh daonnúil agus i gcosaint dhaonnúil.

Miongháire ar Hadja Lahbib agus í ag labhairt le leanbh beag i saoráid leighis. Tá leanbh ina luí i gcathaoir fiaclóra idir an bheirt sin.
Hadja Lahbib, an Coimisinéir Eorpach um Chomhionannas, agus um Ullmhacht agus Bainistiú Géarchéimeanna, agus í ar cuairt ar ionad na Croise Deirge in Bogotá na Colóime, roimh an gCruinniú Mullaigh idir AE agus Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh. 5 Samhain 2025.

Chuir an tAontas cabhair dhaonnúil ar fáil dá gharchomharsanacht, é ag díriú ar an Airméin, ar an Moldóiv, ar an Tuirc agus ar an Úcráin. Lasmuigh den Phalaistín, dhírigh cúnamh daonnúil an Aontais sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh ar an tSiria agus ar aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ndídeanaithe ón tSiria sa réigiún.

Is gníomhaí daonnúil domhanda é an tAontas Eorpach. Tá oll-easáitiú, neamhshlándáil an tsoláthair bia agus fiú gorta ann de thoradh ar an gcogadh sa tSúdáin - oscail i dtáb nua. agus ar a iarmhairtí sna tíortha comharsanachta, ar an staid chasta luaineach i Mór-Chorn na hAfraice agus san Afraic Thiar agus Láir - oscail i dtáb nua. agus ar theagmhais adhaimsire i ndeisceart na hAfraice agus i réigiún an Aigéin Indiaigh - oscail i dtáb nua.. Chuir cabhair dhaonnúil an Aontais cúnamh tarrthála ar fáil do na milliúin daoine is leochailí agus dóibh siúd atá thíos leis na géarchéimeanna sin.

San Áise, le cabhair dhaonnúil an Aontais, leanadh d’aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna daonnúla fadtréimhseacha, cuid i gcás na cinn san Afganastáin - oscail i dtáb nua., sa Bhanglaidéis agus i Maenmar/Burma - oscail i dtáb nua., agus ag an am céanna thug sé cabhair i gcás tubaistí nádúrtha tobanna, cuir i gcás tuilte sa Phacastáin - oscail i dtáb nua. agus cioclóin thrópaiceacha sna hOileáin Fhilipíneacha - oscail i dtáb nua. agus i Vítneam - oscail i dtáb nua., i measc nithe eile.

I Meiriceá Laidineach, le cabhair dhaonnúil an Aontais, tacaíodh le pobail atá thíos leis na géarchéimeanna leanúnacha i dtíortha mar atá an Cholóim - oscail i dtáb nua., Háítí - oscail i dtáb nua. agus Veiniséala - oscail i dtáb nua., mar aon le híospartaigh tubaistí amhail Melissa Hairicín i Muir Chairib.