CAIBIDIL 3
Cosaint agus slándáil na hEorpa a neartú
Féach fotheideal an ghrianghraif
Is meabhrúchán lom iad na blianta atá imithe tharainn ar a leochailí atá an tsíocháin, agus b’oscailt súl iad don Eoraip. Tá dlús á chur ag an Aontas Eorpach lena chuid iarrachtaí saoránaigh a chosaint agus a chinntiú go mbeidh sé d’acmhainn ag an Eoraip an tsíocháin a choinneáil trí dhíspreagadh inchreidte. In 2025, sheol an tAontas sraith tionscnamh nua chun cabhrú leis na Ballstáit freagairt ar an bpráinn ghearrthéarmach a bhaineann le tacú leis an Úcráin agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar an ngá práinneach fadtéarmach atá le borradh a chur faoi ullmhacht slándála agus cosanta na hEorpa. Ag an am céanna, leag an tAontas amach Straitéis nua um Aontas na hUllmhachta.
Dearcthaí mhuintir na hEorpa ar an tslándáil agus ar an gcosaint
Aontaíonn
69%
díobh gur láthair cobhsaíochta é an tAontas Eorpach i ndomhan suaite.
Tá
78%
díobh buartha faoi shlándáil agus cosaint an Aontais sna 5 bliana amach romhainn.
Tacaíonn
81%
díobh le comhbheartas cosanta agus slándála i measc na mBallstát.
Aontaíonn
77%
díobh gur bagairt do shlándáil an Aontais é ionradh na Rúise ar an Úcráin.
Foinse: An Coimisiún Eorpach, Eorabharaiméadar Caighdeánach 103 - oscail i dtáb nua., Bealtaine 2025.
Is é uaillmhian an Aontais feabhas a chur ar chomhar na mBallstát i réimse na cosanta agus an breisluach a chuireann an tAontas agus an Margadh Aonair ar fáil a ghiaráil chun fíoraontas cosanta a thógáil. Leanann ECAT de bheith ina bhunchloch de shlándáil agus de chosaint na hEorpa, agus tá 23 Bhallstát ina gcomhghuaillí de chuid ECAT freisin. Mar sin féin, tá níos mó freagrachta á glacadh ag an Aontas as a shlándáil féin, agus rinne sé bearta móra sa treo sin le linn 2025.
Thug an tAontas dhá phríomh-chomhpháirtíocht slándála agus cosanta - oscail i dtáb nua. i gcrích freisin in 2025, le Ceanada agus leis an Ríocht Aontaithe, rud a léiríonn tiomantas comhroinnte chun an tsíocháin agus an tslándáil dhomhanda a neartú agus iarrachtaí comhpháirteacha a threisiú i réimsí amhail bainistiú géarchéime, cibircheisteanna, an tslándáil mhuirí, an fhrithsceimhlitheoireacht agus athléimneacht an bhonneagair chriticiúil.
Dlús a chur leis an infheistíocht sa chosaint
Chuir an tAontas dlús cinntitheach leis an infheistíocht sa chosaint in 2025 trí Ullmhacht 2030 - oscail i dtáb nua., is é sin plean cuimsitheach chun suas le €800 billiún a shlógadh don tslándáil agus don chosaint trí dhá phríomhcholún: ionstraim SAFE (Gníomhaíocht Slándála don Eoraip) agus an fhoráil nua maidir le Clásal Éalaithe Náisiúnta. Cuirfidh SAFE suas le €150 billiún d’iasachtaí ar fáil chun tacú le soláthar comhpháirteach cosanta agus chun ullmhacht thionsclaíoch agus oibríochtúil na hEorpa a threisiú, agus cuirfidh an Clásal Éalaithe Náisiúnta ar chumas na mBallstát €650 billiún breise d’infheistíocht chosanta a shlógadh gan rialacha fioscacha an Aontais faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis - oscail i dtáb nua. a shárú.
Cuimsítear i measc infheistíochtaí breise os cionn €1 bhilliún le haghaidh taighde agus forbairt chomhoibríoch i réimse na cosanta faoin gCiste Eorpach Cosanta - oscail i dtáb nua., lena gcumhdaítear gach réimse míleata, agus €300 milliún faoin nGníomh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar Comhoibríoch - oscail i dtáb nua. chun tacú le cúig thionscadal trasteorann i réimsí amhail armlón, cosaint aeir agus diúracán, agus ardáin leagáide. Is é is aidhm don Treochlár um Chlaochlú an Tionscail Chosanta - oscail i dtáb nua. feabhas a chur ar an rochtain ar mhaoiniú do chuideachtaí cosanta le ciste de chistí ar fiú suas le €1 bhilliún é; dlús a chur leis an am a thógann an soláthar agus an am a thógann sé táirgí agus seirbhísí a chur ar an margadh, go háirithe do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú; agus scileanna agus forbairt tallainne a neartú ar fud earnáil na cosanta.
Ina theannta sin, mhol an Coimisiún borradh €131 bhilliún a chur faoin mbuiséad cosanta agus spáis - oscail i dtáb nua. laistigh den Chiste Eorpach um Iomaíochas faoin gcéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais (féach Caibidil 8) – méadú faoi chúig i gcomparáid leis an mbuiséad reatha. Ag an am céanna, tá clár oibre simpliúcháin uaillmhianach á chur chun cinn ag an Aontas chun dlús a chur le forbairt agus infheistíocht na hacmhainneachta cosanta. I measc na bpríomhbheart in 2025 bhí tograí chun rialacha infheistíochta cosanta a chuíchóiriú - oscail i dtáb nua.; an Omnibus um Ullmhacht Cosanta - oscail i dtáb nua., a foilsíodh i mí an Mheithimh chun reachtaíocht an Aontais a shimpliú agus chun infheistíocht suas le €800 billiún a chumasú sna 4 bliana amach romhainn; agus an Treochlár um Ullmhacht Cosanta - oscail i dtáb nua., ina leagtar amach cuspóirí, clocha míle agus táscairí soiléire chun ullmhacht a bhaint amach faoi 2030 agus béim á leagan ag an am céanna ar an tábhacht a bhaineann le taighde agus nuálaíocht dé-úsáide, mar a leagtar amach sa Pháipéar Bán maidir le Cosaint na hEorpa - oscail i dtáb nua.. Comhlánaítear na bearta sin leis an bpacáiste soghluaisteachta míleata - oscail i dtáb nua..
Feabhas a chur ar an tslándáil sna spéartha agus sna haigéin
Ó tharla go bhfuil ról níos straitéisí ag an spás agus ag satailítí inár saol laethúil, glacadh togra le haghaidh gníomh an Aontais um spás - oscail i dtáb nua. i mí an Mheithimh. Is é is aidhm dó creat rialála comhchuibhithe aontaithe a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí spáis laistigh den Aontas, agus é de phríomhchuspóir aige sábháilteacht, inbhuanaitheacht, cibearshlándáil agus athléimneacht a fheabhsú ar fud éiceachóras spáis an Aontais ina iomláine. In éineacht leis an bhforbairt sin, leagadh amach san Fhís le haghaidh Gheilleagar Spáis na hEorpa - oscail i dtáb nua. creat straitéiseach chun borradh a chur faoi iomaíochas, athléimneacht agus uathriail straitéiseach na hEorpa sa mhargadh domhanda spáis. Meastar gur fiú €1.6 trilliún é faoi 2035.
Den chéad uair riamh, dearbhaíodh go raibh feidhm Fhíordheimhniú Teachtaireachtaí Loingseoireachta Seirbhíse Oscailte Galileo - oscail i dtáb nua. ag feidhmiú i mí Iúil 2025. Tugtar isteach leis sásra chun barántúlacht na sonraí loingseoireachta a tharchuirtear ó shatailítí Galileo a fhíorú, rud a chuidíonn chun cosaint a thabhairt ar bhréagriocht (tarchur comharthaí bréagacha), agus cuireann sé go mór leis an muinín as córas satailíte Galileo an Aontais, an t-aon chóras ar domhan a bhfuil an ghné slándála sin aige. Tuairiscíodh méadú 500% ar theagmhais faoi bhréagriocht eitlíochta tráchtála i dtuarascáil sábháilteachta 2024 an Chomhlachais Aeriompair Idirnáisiúnta, rud a rinne difear do 1,500 eitilt in aghaidh an lae. Fógraíodh Seirbhís Rialtais um Fhaire na Cruinne i mí na Samhna freisin, agus cuirfidh sí feabhas ar chumais taiscéalaíochta.
Bhí an tslándáil sna haigéin agus sna farraigí ina príomhábhar freisin ar ghníomhaigh an tAontas ina leith in 2025, agus glacadh Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Slándáil Cáblaí - oscail i dtáb nua. i mí Feabhra. Le linn na bliana, foilsíodh tuarascáil chinniúnach maidir le bonneagar cáblaí - oscail i dtáb nua., agus cuireadh maoiniú nua dar luach €20 milliún ar fáil chun slándáil cháblaí fomhuirí na hEorpa a neartú - oscail i dtáb nua.. Beidh an maoiniú sin faoi scáth an Chláir don Eoraip Dhigiteach - oscail i dtáb nua., agus tacóidh sé le moil cáblaí réigiúnacha a chruthú agus le tástáil struis a dhéanamh ar athléimneacht an bhonneagair cáblaí faoin bhfarraige.
Agus é ag cur leis na moltaí i dtuarascáil Niinistö - oscail i dtáb nua., chuir an tArdionadaí agus an Coimisiún Straitéis um Aontas na hUllmhachta - oscail i dtáb nua. chun cinn in 2025 ina raibh 30 príomhghníomhaíocht lena ndírítear ar ullmhacht agus athléimneacht an Aontais a fheabhsú chun go mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo. Is í an aidhm atá ann cur lena chumas comhchoiteann dúshláin a bhainistiú go héifeachtach, amhail paindéimí, tionchar an athraithe aeráide, bagairtí hibrideacha agus éagobhsaíocht gheopholaitiúil. Beidh gach leibhéal rialtais (áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais) bainteach leis, mar aon le saoránaigh, pobail áitiúla agus an tsochaí shibhialta, gnólachtaí agus comhpháirtithe sóisialta, agus na pobail eolaíocha agus acadúla.
Le Straitéis an Aontais um Stoc-charnadh - oscail i dtáb nua., tabharfar isteach an chéad chur chuige cuimsitheach de chuid an Aontais chun earraí riachtanacha amhail bia, uisce, breosla agus cógais a chosaint le linn géarchéime. Ina theannta sin, neartóidh an Straitéis um Fhrithbhearta Leighis slándáil sláinte na hEorpa ach dlús a chur le forbairt, táirgeadh agus inrochtaineacht trealaimh leighis ríthábhachtaigh. Leis an ngníomh um tháirgí íocshláinte criticiúla - oscail i dtáb nua. atá beartaithe, cuirfear feabhas freisin ar infhaighteacht táirgí íocshláinte criticiúla san Aontas trí éagsúlú an tslabhra soláthair a dhreasú agus trí bhorradh a chur faoin monaraíocht cógaisíochta san Aontas. Ar deireadh, mar chuid de chreat níos leithne an Aontais maidir le hullmhacht agus bainistiú géarchéime, chuir an Coimisiún dhá thionscnamh shuaitheanta chun cinn, is iad sin an Straitéis Eorpach maidir le hAthléimneacht i Réimse an Uisce - oscail i dtáb nua. agus an Comhshocrú Eorpach um na hAigéin - oscail i dtáb nua., agus glacadh an dá cheann i mí an Mheithimh, chun acmhainneacht an Aontais a neartú maidir le rioscaí comhshaoil agus rioscaí a bhaineann leis an aeráid atá ag dul i méid a réamh‑mheas, a chosc agus freagairt orthu.
Na príomhrioscaí agus na príomhbhagairtí
- Tubaistí nádúrtha:
tuilte, falscaithe, creathanna talún, teagmhais adhaimsire. - Tubaistí de dhéantús an duine:
timpistí tionsclaíocha, teipeanna teicneolaíochta, paindéimí. - Bagairtí hibrideacha:
cibirionsaithe, feachtais bhréagaisnéise, ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis, sabaitéireacht ar bhonneagar criticiúil. - Géarchéimeanna geopholaitiúla:
coinbhleachtaí armtha, ionsaí armtha i gcoinne na mBallstát san áireamh.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Anailís chuimsitheach an Choimisiúin ar na Rioscaí atá os comhair na hEorpa - oscail i dtáb nua..
Agus é i mbun oibre 24 uair an chloig in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine, cinntíonn an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha - oscail i dtáb nua. go gcuirtear tacaíocht éigeandála ar fáil go tapa agus feidhmíonn sé mar mhol comhordúcháin do na Ballstáit, do 10 stát rannpháirteacha bhreise, don tír atá buailte, agus do shaineolaithe cosanta sibhialta agus cabhrach daonnúla. In 2025, rinneadh an Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta - oscail i dtáb nua. a ghníomhachtú 64 uair ar fud an domhain, agus ar an iomlán, ó 2001 i leith, tá cúnamh comhordaithe ag an lárionad níos mó ná 830 uair.
Gníomhaíocht éigeandála aeráide 2025 i bhfigiúirí
Cuireadh Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta i ngníomh 18 n‑uaire chun falscaithe a chomhrac san Eoraip agus níos faide i gcéin, agus ba é sin an líon gníomhachtúcháin ba mhó a taifeadadh riamh in aon bhliain ar leith le haghaidh falscaithe.
Imlonnaíodh 58 n-aerárthach – 38 n-eitleán agus 20 héileacaptar – agus níos mó ná 740 comhraiceoir dóiteáin agus tarrthálaí le linn an tsamhraidh chun dóiteáin foraoise a chomhrac i 11 Bhallstát.
Rinneadh togra chun €280 milliún ón gCiste Dlúthpháirtíochta a leithdháileadh chun tacú le hiarrachtaí téarnaimh sa Pholainn, san Ostair, sa tSeicia, sa tSlóvaic, sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus sa Mholdóiv tar éis na dtuilte a tharla in 2024 de bharr Stoirm Boris.
Cuireadh 650 comhraiceoir dóiteáin ó 14 Bhallstát chuig áiteanna ardriosca sa Ghréig, sa Spáinn, sa Fhrainc agus sa Phortaingéil chun ullmhú - oscail i dtáb nua. don samhradh.
Cuireadh airleacan €100 milliún ar fáil ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais - oscail i dtáb nua. chun cabhrú leis an Spáinn a hiarrachtaí téarnaimh a mhaoiniú tar éis na stoirme arbh í ba chúis le tuilte tubaisteacha in Valencia in 2024.
Chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí slándála agus hibrideacha atá ag dul i méid, cuir i gcás an sceimhlitheoireacht, an choireacht eagraithe, an chibearchoireacht agus ionsaithe ar bhonneagar criticiúil, tá cur chuige nua de dhíth ar an Aontas i dtaca lena shlándáil inmheánach, lena rialú teorann agus lena bhainistiú imirce. Is é is aidhm do thacaíocht an Aontais sna réimsí sin cabhrú leis na Ballstáit an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann - oscail i dtáb nua. a chur i bhfeidhm, comhshocrú a thiocfaidh i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2026 (e.g. nósanna imeachta tearmainn níos tapa agus fillteacha níos éifeachtaí a chur i bhfeidhm). Tá sé d’aidhm aige freisin tacú leis na Ballstáit bainistiú rialaithe teorann a dhigitiú, gardaí teorann a fheistiú ar bhealach níos fearr agus comhar le tíortha nach bhfuil san Aontas a fheabhsú. Ar deireadh, tá sé d’aidhm aige cumais nuachóirithe a thabhairt d›údaráis forfheidhmithe dlí chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe a chomhrac ar líne agus as líne araon.
An tslándáil inmheánach a fheabhsú
Tá an choireacht ag éirí níos gasta, níos digití agus níos eagraithe. Baineann bagairtí hibrideacha dár ndaonlathais agus dár sochaithe. Tá leibhéil na bagartha sceimhlitheoireachta fós ard, ar géarchéimeanna réigiúnacha is cúis leo. I gcomhréir le treoirlínte polaitiúla - oscail i dtáb nua. an Choimisiúin, tháinig cuid mhór de fhreagairt an Aontais ar an réaltacht nua sin in earrach 2025 nuair a seoladh ProtectEU - oscail i dtáb nua., an Straitéis Eorpach nua um an tSlándáil Inmheánach, an 1 Aibreán. Cumhdaítear na saoránaigh, gnólachtaí, taighdeoirí agus an tsochaí shibhialta leis an gcur chuige cuimsitheach uile-shochaí sin i leith bagairtí slándála ar líne agus as líne (an sceimhlitheoireacht, an choireacht eagraithe, an chibearchoireacht, ionsaithe ar bhonneagar criticiúil agus bagairtí hibrideacha san áireamh). Cinnteofar leis freisin go ndéanfar an tslándáil a chomhtháthú i reachtaíocht agus i mbeartais an Aontais.
Sracfhéachaint ar ProtectEU
Na príomhphrionsabail
Cur chuige uile-shochaí, ina measc sin na saoránaigh, gnólachtaí, an tsochaí shibhialta, taighde, an saol acadúil agus eintitis phríobháideacha.
An tslándáil a phríomhshruthú ar fud thionscnaimh uile an Aontais le seiceáil slándála ionsuite le haghaidh tionscnaimh nua.
Borradh a chur faoin infheistíocht sa tslándáil le níos mó acmhainní le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí, trealamh níos fearr, infheistíocht sa teicneolaíocht agus gníomhaireachtaí níos láidre de chuid an Aontais.
Réimsí tosaíochta agus príomhghníomhaíochtaí
Feasacht ar bhagairtí a mhéadú a bhuí le comhroinnt faisnéise fheabhsaithe.
Borradh a chur faoi acmhainneachtaí forfheidhmithe dlí,trí ghníomhaireacht phóilíneachta fhíoroibríochtúil a dhéanamh de Europol agus Frontex a neartú le suas le 30,000 pearsanra breise le himeacht ama i measc eile.
Athléimneacht a chothú i gcoinne bagairtí hibrideacha,tacaíocht chun cabhrú leis na Ballstáit an bonneagar criticiúil fisiceach agus digiteach uile a dhaingniú ina measc.
An choireacht eagraithe a chomhrac, lena gcuimsítear cosaint níos fearr do dhaoine óga.
An sceimhlitheoireacht a chomhrac, sraith straitéisí nua chun an radacú a chosc ina measc.
An comhar domhanda a neartú, dlús a chur le comhtháthú na dtíortha is iarrthóirí in ollstruchtúr slándála an Aontais ina measc.
Neartaigh an tAontas a ghealltanas a shaoránaigh a chosaint, ionsaithe amach anseo a chosc agus Eoraip níos sábháilte agus níos sláine do chách a chur chun cinn le hinfheistíocht €30 milliún faoin gCiste Slándála Inmheánaí - oscail i dtáb nua. le haghaidh 13 thionscadal roghnaithe - comhad PDF, oscail i dtáb nua.. Cuideoidh sé sin chun cosaint spásanna poiblí a neartú, cuir i gcás ionaid siopadóireachta, iompar poiblí, ionaid siamsaíochta agus ionaid adhartha.
Bearta chun dul i ngleic leis an ngáinneáil ar dhrugaí, leis an gcoireacht eagraithe agus leis an sceimhlitheoireacht
- I bPlean Gníomhaíochta nua an Aontais i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí - oscail i dtáb nua., dírítear ar bhearta oibríochtúla i sé phríomhréimse, mar atá: dul in oiriúint do na bealaí agus na modhanna atá ag teacht chun cinn a úsáideann líonraí coiriúla; an choireacht a chosc agus an foréigean a bhaineann le drugaí a laghdú; dlús a chur leis an gcomhar idir údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis bhreithiúnacha agus údaráis chustaim; aghaidh a thabhairt ar dhúshlán na ndrugaí sintéiseacha agus na réamhtheachtaithe drugaí taighde, forbairt agus nuálaíocht a chur chun cinn, lena gcuimsítear Campas nua Slándála agus Nuálaíochta a sheolfar in 2026; agus an comhar idirnáisiúnta a neartú.
- Síníodh comhaontuithe maidir le sonraí taifead ainmneacha paisinéirí a aistriú leis an Íoslainn - oscail i dtáb nua. agus leis an Iorua - oscail i dtáb nua. i mí Dheireadh Fómhair ar imeall na Comhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, chun comhar i bhforfheidhmiú an dlí a neartú agus chun dlús a chur leis an gcomhrac comhpháirteach in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí eagraithe, ina measc sin gáinneáil ar dhrugaí, ar airm thine agus ar dhaoine daonna.
- Glacadh treoirphlean de chuid an Aontais maidir le bainistíocht na cibearshlándála - oscail i dtáb nua. chun treoir a thabhairt i dtaca le freagairt an Aontais ar theagmhais mhórscála chibearshlándála nó ar chibir‑ghéarchéimeanna.
- Le plean gníomhaíochta nua - oscail i dtáb nua. lena neartófar cibearshlándáil ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte, cruthófar timpeallacht níos sábháilte agus níos sláine d’othair agus do ghairmithe sláinte.
- Tá na chéad chéimeanna - oscail i dtáb nua. déanta ag an Aontas i dtreo Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Cibearchoireachta a shíniú agus a dhaingniú.
- Le pointe teagmhála aonair - oscail i dtáb nua. do chuideachtaí chun teagmhais chibearshlándála a thuairisciú faoi roinnt dlíthe, laghdófar an t-ualach ar eintitis agus cuirfear borradh faoin gcibearshlándáil trí dhlús a chur leis an bpróiseas tuairiscithe agus é a chuíchóiriú.
Na sonraí is déanaí atá ar fáil maidir le gáinneáil ar dhaoine san Aontas
-
Cláraíodh 9,678
íospartach den gháinneáil ar dhaoine in 2024. -
Laghdú 8%
i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. -
Mná nó cailíní ab ea 63%
acu.
Foinse: Eurostat, ‘Trafficking in human beings statistics [‘Staitisticí maidir le gáinneáil ar dhaoine’] - oscail i dtáb nua.’, Eanáir 2026.
Trí ProtectEU, thug an Coimisiún faoi straitéis nua a fhorbairt chun an gháinneáil a chomhrac, agus aghaidh a tabhairt ar gach céim de, ón gcosc go dtí an t-ionchúiseamh.
Le linn a chuairte ar an Éigipt, bhí an Coimisinéir Brunner i láthair ag searmanas sínithe an tSocraithe Oibre idir Europol agus an Éigipt - oscail i dtáb nua., lena bhfeabhsófar an comhar i bhforfheidhmiú an dlí chun an sceimhlitheoireacht, an gháinneáil ar dhrugaí, smuigleáil imirceach agus an choireacht eagraithe a chomhrac. Leis an gcomhaontú cinniúnach seo, an chéad chomhaontú dá leithéid san Afraic Thuaidh, cuirfear feabhas ar an gcomhar i bhforfheidhmiú an dlí idir tuaisceart agus deisceart na Meánmhara. Ghlac an Coimisinéir páirt freisin sa Dara Comhdháil Aireachta de Phróiseas Chartúm, lena gcuirtear comhar chun cinn i measc tíortha feadh na mbealaí imirce idir Corn na hAfraice agus an Eoraip.
Teorainneacha coiteanna a neartú
Ba é príomhfhócas an Aontais ar chomhtheorainneacha le linn 2025 iad a dhéanamh níos sláine trí chóras digiteach lánfheidhmiúil bainistithe teorainneacha a chur i bhfeidhm; cur chuige i leith bainistiú comhtháite teorainneacha agus straitéis an Aontais um beartas víosaí a chur i bhfeidhm; a chinntiú go bhfuil limistéar Schengen iomlán agus lánfheidhmiúil.
Leanfar d’obair bhreise sna réimsí seo a leanas:
- rialachas polaitiúil agus oibríochtúil a neartú trí rialacha comhaontaithe a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus trí úsáid a bhaint as córais choiteanna faisnéise, acmhainní agus bonneagar arna soláthar leis an ollstruchtúr idir‑inoibritheachta;
- dlús a chur le cur i bhfeidhm an chreata digitithe chun rioscaí slándála a chosc;
- infheistíocht leanúnach sa taighde agus sa nuálaíocht;
- oiriúnú leanúnach don tírdhreach slándála atá ag teacht chun cinn le fís faisnéise coitinn, gníomhaíochtaí oibríochtúla comhpháirteacha agus comhar níos láidre i measc údaráis forfheidhmithe dlí, ina measc sin i réigiúin teorann inmheánaí;
- bearta éifeachtacha chun daoine a fhilleadh nach bhfuil ceart dlíthiúil acu fanacht san Aontas.
Leanfaidh an Coimisiún den dul chun cinn a rianú le Scórchlár bliantúil Schengen - oscail i dtáb nua. agus déanfaidh sé Sásra Meastóireachta agus Faireacháin Schengen - oscail i dtáb nua. a chomhdhlúthú a thuilleadh. Cuimsítear leis sin córais i dtíortha Schengen agus i dtíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas, araon. Leanfaidh an Coimisiún, le tacaíocht ó Chomhordaitheoir Schengen, de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun comhar éifeachtach a chinntiú i dtaca le forfheidhmiú oibríochtúil trasteorann an dlí.
-
BEALTAINE
- Reáchtáladh - oscail i dtáb nua. an chéad Lá Eorpach um Thaisteal Sábháilte Thar Lear.
- Seoladh an tseirbhís chomhroinnte meaitseála sonraí bithmhéadracha - oscail i dtáb nua., rud atá ina chloch mhíle shuntasach in iarrachtaí an Aontais feabhas a chur ar an tslándáil inmheánach, ar an rialú teorann agus ar bhainistiú imirce.
-
MEITHEAMH
- Síníodh comhaontú stádais - oscail i dtáb nua. idir Frontex agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin chun an comhar i ndáil le himirce agus bainistiú teorainneacha a neartú.
- Tháinig Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú - oscail i dtáb nua. tar éis caibidlíocht idirinstitiúideach i dtaca le rialacha a bhaineann le taisteal gan víosa a chur ar fionraí do shaoránaigh de thíortha nach den Aontas iad.
-
DEIREADH FÓMHAIR
- Seoladh Córas Dul Isteach/Imeachta an Aontais - oscail i dtáb nua. de réir a chéile, córas lena ngabhtar sonraí bithmhéadracha amhail méarloirg, íomhá den aghaidh agus eolas taistil eile, agus rud a chuirfear in áit an chórais stampála pasanna atá ann faoi láthair de réir a chéile.
40 bliain den taisteal gan víosa
An 14 Meitheamh rinne an Eoraip ceiliúradh ar chomóradh 40 bliain ó síníodh Comhaontú Schengen. I ngeall ar an gcomhaontú sin, le dhá scór bliain anuas tá níos mó saoirse ann, tá an tslándáil daingnithe, agus tá deiseanna eacnamaíocha curtha ar fáil. Tá níos mó i gceist le limistéar Schengen ná díreach limistéar geografach: is léiriú beo é ar thiomantas na hEorpa do mhór-roinn shaor aontaithe rathúil shábháilte. Ós é limistéar Schengen an limistéar saorghluaiseachta trasnáisiúnta is mó ar domhan é, is bunchloch den fhéiniúlacht Eorpach é agus sócmhainn straitéiseach don Eoraip.
- Tá 29 dtír i limistéar Schengen (25 Bhallstát den Aontas agus 4 thír chomhlachaithe).
- Tá cónaí ar níos mó ná 450 milliún duine i limistéar Schengen.
- Trasnaíonn níos mó ná 3.5 milliún duine teorainneacha inmheánacha gach lá.
- Baineann níos mó ná 32 mhilliún fiontar i limistéar Schengen tairbhe as iompar níos ta costais laghdaithe agus méid méadaithe trádála.
An imirce a bhainistiú go daingean agus go cothrom
Dúshlán Eorpach is ea an imirce i gcónaí nach mór aghaidh a thabhairt uirthi le réiteach Eorpach a bhfuil an dlúthpháirtíocht ina chroílár. Tá na patrúin imirce ag athrú i gcónaí. Tá laghdú seasta ag teacht ar líon na n-imirceach neamhrialta a thagann isteach i limistéar Schengen, ach tá an brú atá tagtha ar an Eoraip i gcaitheamh na mblianta fós ag ídiú acmhainní sna Ballstáit. Cé nach ionann na brúnna ó áit go háit, bíonn na héifeachtaí le sonrú ar fud an Aontais: déantar difear díreach do scoileanna, don tithíocht agus do sheirbhísí áitiúla, agus bíonn pobail faoi bhrú.
Tá sé ríthábhachtach creat dlíthiúil láidir a bheith ann a chuirtear i bhfeidhm ar bhealach cothrom ar fud an Aontais. In 2025 bhí gá le hiarrachtaí treisithe ar na leibhéil pholaitiúla agus theicniúla chun a chinntiú go mbeidh na Ballstáit uile ullmhaithe go leordhóthanach chun na gníomhartha dlí atá sa Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann a chur chun feidhme i ndáil leis an bPlean cur chun feidhme coiteann - oscail i dtáb nua. a chuir an Coimisiún i láthair. Lean an tAontas de dhul chun cinn suntasach a dhéanamh i leith na ngníomhartha dlí atá sa chomhshocrú a chur i bhfeidhm, agus lean an Coimisiún de thacaíocht éifeachtach a chur ar fáil do na Ballstáit. Chuir an Coimisiún roinnt beart chun cinn chun dlús a chur leis an bplean cur chun feidhme. Ar na bearta sin tá dhá riail thábhachtacha a thabhairt isteach faoin gcomhshocrú chun éascú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm choincheap an tríú tír shábháilte, chun dlús a chur le próisis tearmainn agus an brú ar chórais tearmainn a laghdú, agus na coimircí dlíthiúla d’iarratasóirí á gcaomhnú agus urraim do chearta bunúsacha á cinntiú ag an am céanna.
Mhol an Coimisiún an chéad liosta de chuid an Aontais de thíortha sábháilte tionscnaimh a bhunú - oscail i dtáb nua.. Tá liostaí náisiúnta ag cuid de na Ballstáit cheana féin, agus le liosta de chuid an Aontais, dhéanfaí iad sin a chomhlánú agus thacófaí le cur i bhfeidhm an choincheapa ar bhealach ní b’aonfhoirmí. Chuirfeadh an méid sin ar a gcumas do na Ballstáit éilimh ar thearmann arna ndéanamh ag náisiúnaigh arb as tíortha dóibh atá ar an liosta a phróiseáil trí úsáid a bhaint as nós imeachta brostaithe, ar an mbonn nach dócha go n-éireoidh lena n-éilimh.
Príomhrialacha nua chun dlús a chur le próisis tearmainn
- Tairseach ráta aitheantais 20%. Féadfaidh na Ballstáit an nós imeachta teorann nó nós imeachta brostaithe a chur i bhfeidhm i leith daoine a thagann ó thíortha ina ndeonaítear cosaint idirnáisiúnta do 20% nó níos lú d’iarratasóirí san Aontas ar an meán.
- Is féidir eisceachtaí a dhéanamh do thríú tíortha sábháilte agus do thíortha sábháilte tionscnaimh. Tugann an méid sin níos mó solúbthachta do na Ballstáit trí réigiúin shonracha nó catagóirí daoine aonair atá inaitheanta go soiléir a eisiamh.
I mí an Mhárta bheartaigh an Coimisiún Córas coiteann an Aontais um fhilleadh - oscail i dtáb nua. a bhunú a mbeidh nósanna imeachta um fhilleadh ar fud an Aontais ag gabháil leis atá níos tapúla, níos simplí agus níos éifeachtaí. Sna rialacha maidir le filleadh atá beartaithe tá forálacha freisin i leith daoine ar bagairt slándála iad. Déantar foráil leo freisin maidir leis an bhféidearthacht daoine a fhilleadh ar thíortha nach den Aontas iad ar bhonn comhaontaithe nó socraithe faoi choinníollacha lena gcinntítear go n-urramófar caighdeáin idirnáisiúnta na gceart daonna agus prionsabal an non-refoulement.
Córas coiteann an Aontais um fhilleadh
Córas amháin don Aontas ina iomláine
- Is é is aidhm don rialachán córas coiteann um fhilleadh a bhunú agus na rialacha maidir le filleadh a chomhchuibhiú a thuilleadh.
- Leis an Ordú Eorpach um Fhilleadh, déantar na nósanna imeachta a chaighdeánú.
Aitheantas frithpháirteach
- Cinntí um fhilleadh is féidir a aithint ar fud na mBallstát uile.
- Éigeantach ó mhí Iúil 2027.
Filleadh deonach ar dtús, filleadh éigeantach más gá
- Dreasachtaí i leith filleadh deonach.
- Filleadh éigeantach sainordaitheach i gcásanna neamh-chomhoibrithe, éalaithe nó rioscaí slándála.
Oibleagáidí agus iarmhairtí soiléire
- Comhar riachtanach leis na húdaráis.
- Smachtbhannaí i leith neamh-chomhoibriú.
- Dreasachtaí i leith comhoibriú: tacú le filleadh deonach.
Coimircí agus cearta
- An ceart chun cosaint dlí éifeachtach a fháil.
- Cosaint do dhaoine leochaileacha, do mhionaoisigh agus do theaghlaigh.
- Lánurraim do chearta an duine agus don non‑refoulement.
Uirlisí forfheidhmiúcháin níos déine
- Ráthaíochtaí airgeadais agus dualgais i dtaca le tuairisciú.
- Ceanglais chónaithe ainmnithe.
- Coinneáil suas le 24 mhí (tréimhse ar féidir síneadh a chur léi i gcás rioscaí slándála).
Forálacha maidir le riosca slándála
- Scagthástáil luath i leith bagairtí.
- Toirmisc níos faide ar theacht isteach agus rialacha níos déine maidir le coinneáil.
- Filleadh éigeantach sainordaitheach i gcás rioscaí sainaitheanta.
Moil um athligean isteach agus um fhilleadh
- Iarratais chórasacha ar athligean isteach a sheoladh chuig tíortha nach den Aontas iad.
- Sonraí a chomhroinnt go slán le haghaidh forfheidhmiú.
- Filleadh ar bhonn comhaontuithe nó socruithe (seachas mionaoisigh agus teaghlaigh).
Léirítear sa chéad tuarascáil bhliantúil Eorpach ar thearmann agus imirce - oscail i dtáb nua. go bhfuil feabhas leanúnach tagtha ar staid na himirce le linn na tréimhse tuairisciúcháin (Iúil 2024 go Meitheamh 2025), agus go bhfuil laghdú 35% tagtha ar thrasnuithe neamhdhleathacha teorann, i bpáirt mar gheall ar chomhar feabhsaithe le tíortha comhpháirtíochta.
Céim thábhachtach i dtreo chur chun feidhme iomlán an chomhshocraithe ba ea seoladh an chéad Timthrialla Bhliantúil Bainistithe Imirce agus an tsásra nua dlúthpháirtíochta, lena gcomhcheanglaítear an dlúthpháirtíocht éigeantach agus an tsolúbthacht. Is éard a chiallaíonn sé sin tacaíocht níos mó do na Ballstáit atá faoi bhrú imirce agus níos mó solúbthachta do na Ballstáit rannchuiditheacha maidir lena roghanna rannchuidithe. Ar na rannchuidithe sin tá athlonnú iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus tairbhithe cosanta idirnáisiúnta; ranníocaíochtaí airgeadais, ina measc sin le haghaidh gníomhaíochta i dtíortha nach den Aontas iad nó i ndáil leo; agus bearta dlúthpháirtíochta malartacha amhail pearsanra a imscaradh nó bearta lena ndírítear ar fhothú acmhainneachta.
Lean an Coimisiún de bheith ag obair leis na Ballstáit chomh maith chun bealaí dlíthiúla imirce a oscailt, bunaithe ar riachtanais scileanna a ngeilleagar agus a réigiún. I mí an Mheithimh léirigh an tionscnamh Comhpháirtíochtaí agus Maoiniú le haghaidh Cuimsiú Imirceach - oscail i dtáb nua. go rathúil an dóigh ar féidir le maoiniú agus comhoibriú cruthaitheach éascú a dhéanamh ar imeascadh náisiúnach tríú tír sna Ballstáit.
Cuireann an tionscnamh Comhpháirtíochtaí agus Maoiniú le haghaidh Cuimsiú Imirceach borradh faoi imeascadh na n-imirceach san Eoraip
- 4 thionscadal phíolótacha (an Bheilg, an Iodáil, an Ísiltír, an Fhionlainn).
- Ghlac breis agus 600 teaghlach imirceach páirt i ngníomhaíochtaí imeasctha.
- Cuireadh oiliúint ar 848 ngairmí maidir le cuimsiú airgeadais imirceach.
- Bhain breis agus 1,200 imirceach tairbhe as tacaíocht shaincheaptha, oiliúint agus cóitseáil ina measc.
- Eisíodh 77 micriasacht, lena gcothaítear féinfhostaíocht agus neamhspleáchas eacnamaíoch.
Deireadh a chur le bacainní a bhaineann leis an méid seo a leanas:
- imeascadh i margaí saothair;
- cuimsiú sóisialta agus idirdhealú;
- rochtain ar oideachas agus ar oiliúint;
- dul i ngleic le bacainní riaracháin agus dlíthiúla.