CAIBIDIL 8

An Eoraip a ullmhú don todhchaí

Seomra comhdhála lán de rannpháirtithe atá ina seasamh os comhair scáileán ar a bhfuil na focail ‘Painéal Saoránach Eorpach’. Féach fotheideal an ghrianghraif
An Painéal Saoránach Eorpach maidir le Buiséad Nua an Aontais, an Bhruiséil, an Bheilg, an 28 Márta 2025.

In 2025 dhírigh an tAontas Eorpach ar a ullmhú féin do na dúshláin agus do na deiseanna a bheidh ann sna deich mbliana amach romhainn. D’oibrigh a chuid institiúidí le chéile chun an athléimneacht a neartú, rialacha a shimpliú, agus a chinntiú go mbainfidh na beartais torthaí follasacha amach do dhaoine agus do ghnólachtaí araon. Colún lárnach den iarracht sin ab ea ullmhú an chreata airgeadais ilbhliantúil nua le haghaidh 2028-2034, rud a ceapadh chun buiséad níos simplí, níos solúbtha agus slán i bhfad na haimsire a chur ar fáil. Ag an am céanna, chuir an tAontas athchóirithe chun cinn chun an rómhaorlathas a laghdú, costais a laghdú agus bainistiú riosca airgeadais a fheabhsú. Tríd an bhfadbhreathnaitheacht, comhpháirtíochtaí níos láidre agus forfheidhmiú éifeachtach, tá creat á chur le chéile ag an Aontas le haghaidh rathúnas agus slándáil fhadtéarmach.

Creat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034

Tacaíonn buiséad fadtéarmach an Aontais, an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI), le saoránaigh, feirmeoirí, taighdeoirí, gnólachtaí agus réigiúin ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin. Bhí an CAI reatha (le haghaidh 2021-2027), mar aon leis an bplean téarnaimh NextGenerationEU - oscail i dtáb nua., ríthábhachtach chun dul i ngleic le paindéim COVID-19 agus leis an ngéarchéim fuinnimh, chun na milliúin post a chosaint agus chun an t-aistriú glan agus an t-aistriú digiteach a chur chun cinn. Chomh maith leis sin, chuir sé tacaíocht nach bhfacthas riamh cheana ar fáil don Úcráin agus neartaigh sé slándáil na hEorpa i bhfianaise chogadh foghach na Rúise.

In 2025 ghlac an Coimisiún Eorpach a thogra le haghaidh CAI 2028-2034 - oscail i dtáb nua., rud a ceapadh chun freagairt ar dhúshláin gheopholaitiúla, eacnamaíocha agus inbhuanaitheachta atá ag dul i méid. Beagnach €2 thrilliún atá ann (is é sin 1.26% d’ollioncam náisiúnta an Aontais), agus chuirfeadh sé buiséad níos simplí, níos solúbtha agus níos spriocdhírithe ar fáil chun tacú le neamhspleáchas, slándáil, rathúnas, cuimsitheacht agus athléimneacht an Aontais sna deich mbliana amach romhainn.

PRÓISEAS NÍOS CUIMSITHÍ AGUS NÍOS DAONLATHAÍ

Agus an buiséad á ullmhú ag an gCoimisiún, reáchtáil sé feachtas uile-Eorpach chun ionchur a bhailiú ó pháirtithe leasmhara ar gach leibhéal, ó rialtais náisiúnta go saoránaigh.

Piotr Serafin agus Nikos Christodoulides ina suí ag bord i mbun plé. Léiríonn péirí lámh ar an mbord go bhfuil rannpháirtithe eile i láthair díreach lasmuigh den fhráma.
In 2025, thug Piotr Serafin, an Coimisinéir Eorpach um an mBuiséad agus Comhrac Calaoise agus um an Riarachán Poiblí (ar chlé) faoi Tour d’Europe chun plé leathan cuimsitheach a chothú ar fud na mór-roinne sa chaoi gur léiríodh a thiomanta atá an Coimisiún oibriú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. Le linn a chuairte ar an Niocóis, bhuail sé le Nikos Christodoulides, Uachtarán na Cipire (ar dheis), agus le hoifigigh ardleibhéil eile. Le linn na cuairte, roimh thréimhse Uachtaránachta na Cipire ar an gComhairle dar tús mí Eanáir 2026, leagadh béim ar ról straitéiseach na tíre ag céim ríthábhachtach den chaibidlíocht maidir leis an CAI. An Niocóis, an Chipir, an 4 Meán Fómhair 2025.
Físeán ina léirítear rannpháirtithe an Phainéil Saoránach Eorpach ag míniú cad ba mhaith leo go mbainfear amach le buiséad nua an Aontais.
FÍSEÁN:Rannpháirtithe an Phainéil Saoránach Eorpach maidir le Buiséad Nua an Aontais ag míniú cad ba mhaith leo i leith an bhuiséid, conas is ceart an t-airgead a chaitheamh agus cad leis ar ceart dó tacú.

Tá togra CAI bunaithe ar roinnt príomhspreagthóirí mar go n-aithnítear nach leor an status quo a thuilleadh:

buiséad a chruthú a bheidh níos simplí, níos sofhreagrúla agus a mbeidh tionchar níos mó aige;

aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le hinfheistíocht a dhéanamh i gcomhthosaíochtaí straitéiseacha, ina measc sin an chosaint, an t-iomaíochas, an tslándáil agus an t-aistriú glan agus an t-aistriú digiteach;

comhbheartais a nuachóiriú, cuir i gcás an Comhbheartas Talmhaíochta, an Comhbheartas Iascaigh agus comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach;

cothromaíocht a bhaint amach idir intuarthacht – le haghaidh tacaíocht infheistíochta fadtéarmaí agus le haghaidh feirmeoirí agus réigiún – agus solúbthacht, de réir mar is gá i ndomhan atá ag athrú go tapa;

teachtaireacht shoiléir a sheoladh maidir le haontacht agus neamhspleáchas an Aontais agus a thiomanta atá sé a bhunluachanna a chur chun cinn agus a chosaint;

creidiúnacht an Aontais a chinntiú trí bhealach soiléir a chur ar fáil le haghaidh aisíocaíochtaí NextGenerationEU.

Faoin mbuiséad atá beartaithe:

  • dhéanfaí thart ar €296 bhilliún ar a laghad a chur i leataobh chun tacú le hioncam feirmeoirí agus iascairí, agus bheadh sprioc tuaithe 10% ann faoi na pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí;
  • chuirfí 35% den chaiteachas iomlán i leataobh do chuspóirí aeráide agus comhshaoil, lena slógfaí €700 billiún ar a laghad;
  • chuirfí beagnach €220 billiún i leataobh d’infheistíocht i réigiúin bheagfhorbartha, in éineacht le maoiniú cobhsaí intuartha le haghaidh réigiúin trasdula agus réigiúin níos forbartha;
  • bheadh urraim don smacht reachta agus do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - oscail i dtáb nua. fós neamh‑inphléite;
  • dhéanfaí buiséad chlár Erasmus+ - oscail i dtáb nua. a mhéadú 50%;
  • dhéanfaí an buiséad le haghaidh bonneagar iompair a mhéadú faoi dhó chun feabhas a chur ar naisc ar fud na mór-roinne agus chun an gréasán a oiriúnú chun críoch míleata;
  • dhéanfaí €131 bhilliún a leithdháileadh ar an gcosaint agus ar an spás – cúig huaire níos mó ná mar a leithdháilfí faoin CAI reatha;
  • le sprioc shóisialta 14% den bhuiséad iomlán do phleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnacha – seachas an méid atá curtha i leataobh d’fheirmeoirí agus d’iascairí, agus acmhainní ón gCiste Aeráide Sóisialta – thacófaí le forbairt scileanna, laghdú bochtaineachta agus cuimsiú sóisialta;
  • dhéanfaí an buiséad le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a mhéadú faoi dhó nach mór chun iomaíochas an Aontais a neartú, rud a mhéadódh ón €95 bhilliún atá ann faoi láthair go €175 bhilliún.

Ós rud é go bhfuil riachtanais airgeadais mhéadaithe roimh an Aontas, go bhfuil brú méadaitheach ar bhuiséid náisiúnta, agus go gcuirfear tús le haisíocaíochtaí iasachta le haghaidh ionstraim NextGenerationEU in 2028, mhol an Coimisiún bealaí nua chun a acmhainní dílse a mhéadú, darb aidhm os cionn €58.2 billiún in aghaidh na bliana (i bpraghsanna 2025) a ghiniúint trí shruthanna ioncaim nua athbhreithnithe.

I dtogra an Choimisiúin don chéad CAI eile, tá sé beartaithe aige trí phríomhchiste a bhunú, mar atá: Ciste Eorpach um chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, um thalmhaíocht agus ceantair thuaithe, um iascach agus gnóthaí muirí, um rathúnas agus um shlándáil - oscail i dtáb nua.; Ciste Eorpach um Iomaíochas - oscail i dtáb nua. a thacódh le forbairt, scálú agus cur in úsáid teicneolaíochtaí straitéiseacha; agus ionstraim um an Eoraip Dhomhanda - oscail i dtáb nua. lena bhféadfaí gníomhaíocht sheachtrach níos straitéisí a mhaoiniú ar fud an domhain.

Leis an athbhreithniú meántéarma ar bheartas comhtháthaithe an Aontais - oscail i dtáb nua., rud a glacadh in 2025, déantar maoiniú ó CAI 2021-2027 a ath-ailíniú chun cabhrú leis na Ballstáit agus leis na réigiúin acmhainní a ath-leithdháileadh ar thosaíochtaí straitéiseacha nua, ina measc sin iomaíochas, slándáil agus cosaint, ullmhacht shibhialta, tithíocht, athléimneacht uisce agus an t-aistriú fuinnimh.

Buiséad an Aontais a chosaint ar chalaois

Tá sé ríthábhachtach gach euro a chosaint chun a chinntiú go ndéanfaidh buiséad an Aontais beart ar son na ndaoine. I mí Iúil, sheol an Coimisiún athbhreithniú ar ollstruchtúr frithchalaoise an Aontais - oscail i dtáb nua. chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a neartú mar fhreagairt ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn. Orthu sin tá calaois thrasnáisiúnta; an choireacht eagraithe a dhíríonn ar chistí an Aontais; agus mí-úsáid ardteicneolaíochtaí, mar shampla an intleacht shaorga agus criptea-airgeadraí.

Creat bainistithe riosca airgeadais an Aontais a neartú

Cumhdaíonn creat bainistithe riosca airgeadais an Aontais rioscaí a bhaineann le buiséad an Aontais, NextGenerationEU agus ionstraimí airgeadais eile. In 2025 neartaigh an Coimisiún an creat sin trí ról an Phríomhoifigigh Riosca neamhspleách a leathnú - oscail i dtáb nua., duine a dhéanann maoirseacht anois ar oibríochtaí airgeadais uile an Aontais, ina measc sin iasachtaíocht, iasachtú, ráthaíochtaí buiséadacha agus bainistiú sócmhainní. Freagraíonn an t-athrú sin do mholtaí - oscail i dtáb nua. ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun treisiú a dhéanamh ar mhaoirseacht agus bainistiú riosca ar iasachtaí, ráthaíochtaí agus ionstraimí airgeadais gaolmhara an Aontais.

An Seimeastar Eorpach

Tá ról tábhachtach ag an Seimeastar Eorpach - oscail i dtáb nua. maidir le rialachas eacnamaíoch an Aontais. Le pacáiste an earraigh 2025 - oscail i dtáb nua., tugtar i gcrích an chéad timthrialla bhliantúil iomláin d’fhaireachas maicreacnamaíoch faoin gcreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe - oscail i dtáb nua., rud a tháinig i bhfeidhm i mí Aibreáin 2024. Treisíonn sé sin ról an tSeimeastair ní hamháin mar bhealach chun athchóirithe agus infheistíocht a threorú, ach mar chnámh droma mhaoirseacht fhioscach an Aontais freisin.

In 2025, sna moltaí tírshonracha - oscail i dtáb nua., moladh do na Ballstáit díriú ar shaincheisteanna an iomaíochais agus na slándála. Den chéad uair riamh, bhí príomh-mholtaí ina gcuid de phacáiste an tSeimeastair freisin maidir le scileanna agus poist ardcháilíochta, agus cothroime shóisialta á cinntiú ag an am céanna.

Rinneadh anailís sna tuarascálacha tíre - oscail i dtáb nua. ar bheartais fhioscacha, chánachais, nuálaíochta, aeráide agus chomhshaoil na mBallstát agus na réigiún, mar aon lena mbeartais saothair, shóisialta agus sláinte. Cuimsíodh iontu freisin athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus na gclár beartais chomhtháthaithe.

Valdis Dombrovskis ag labhairt ó léachtán. Ar an scáileán taobh thiar de, tá na focail ‘European Semester 2025 – Spring Package’ [Seimeastar Eorpach 2025 — Pacáiste an Earraigh].
Valdis Dombrovskis, an Coimisinéir Eorpach um an nGeilleagar agus Táirgiúlacht, agus um Chur Chun Feidhme agus Simpliú, agus é ag an bpreasagallamh maidir le Seimeastar Eorpach an Earraigh 2025, sa Bhruiséil, an Bheilg, an 4 Meitheamh 2025.

Rath na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta

Físeán ina mínítear conas atá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ag cabhrú le daoine ar fud an Aontais tríd an bhfás inbhuanaithe a spreagadh le hathchóirithe claochlaitheacha agus príomhthionscadail.
FÍSEÁN:Nuashonrú ó 2025 ar dhul chun cinn na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.

Agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) ag teacht gar dá dáta deiridh in 2026, leanann sí d’athchóirithe agus d’infheistíocht a spreagadh ar fud an Aontais. In 2025 thathantaigh an Coimisiún ar na Ballstáit dlús a chur leis an dul chun cinn agus a bpróisis á simpliú ag an am céanna, agus réitigh sé an bealach - oscail i dtáb nua. i dtreo STA a dhúnadh go rianúil agus go rathúil. Mar chroílár NextGenerationEU, trí STA, eisíodh timpeall €394 bhilliún leis na Ballstáit faoi dheireadh 2025, lenar tacaíodh le hathléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, mar aon leis an aistriú glan agus an t-aistriú digiteach.

Léiríodh sa cheathrú tuarascáil bhliantúil maidir le cur i bhfeidhm STA - oscail i dtáb nua. gur chuir an tsaoráid feabhas ar infheistíocht phoiblí, agus meastar gur sroichfear 3.8% den olltáirgeacht intíre in 2025, suas ó 3.2% in 2019. Rinneadh amhlaidh trí thacú, i measc tionscnaimh eile, le dícharbónú agus digitiú an táirgthe thionsclaíoch agus na seirbhísí tionsclaíocha, le himscaradh os cionn 900,000 stáisiún athluchtaithe feithiclí glana agus le nascadh 16 mhilliún teaghlach le hidirlíon ardluais. De réir staidéar ón gCoimisiún - oscail i dtáb nua., meastar gurb é €892 bhilliún tionchar airgeadais iomlán STA le linn na tréimhse 2020-2030, agus tionchar díreach níos mó ná €546 bhilliún aige agus éifeachtaí seach-iarmharta níos mó ná €345 bhilliún aige ar fud gheilleagair na mBallstát.

Athléimneacht an Aontais a neartú

Ní mór don Aontas a chuid athléimneachta a neartú chun a shaoránaigh agus a rathúnas a chosaint i bhfianaise bagairtí slándála atá ag dul i méid, ord idirnáisiúnta atá ag athrú agus tionchair an athraithe aeráide agus dhíghrádú an chomhshaoil atá ag dul in olcas. I dtuarascáil 2025 maidir leis an bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach - oscail i dtáb nua. a foilsíodh i mí Mheán Fómhair, leagtar amach na céimeanna is gá a ghlacadh chun a chinntiú go leanfaidh an tAontas de bheith síochánta, dílis dá luachanna agus tiomanta d’fholláine a chónaitheoirí le linn tréimhsí corracha agus éiginnteachta.

Moltar ocht réimse gníomhaíochta sa tuarascáil, is iad sin:
  1. fís dhomhanda chomhleanúnach a fhorbairt don Aontas Eorpach;
  2. an tslándáil inmheánach agus sheachtrach a mhéadú;
  3. leas a bhaint as an intleacht shaorga agus cumhacht na teicneolaíochta agus an taighde;
  4. athléimneacht eacnamaíoch fhadtéarmach a neartú agus ullmhú do shuaitheadh sa mhargadh saothair;
  5. tacú le folláine inbhuanaithe agus chuimsitheach;
  6. oideachas agus scileanna a athshamhlú;
  7. an daonlathas a chosaint;
  8. an claochlú déimeagrafach a thuar agus cothroime idirghlúine a chur chun cinn.

Leagtar béim sa tuarascáil ar an ngá atá le breithniú a dhéanamh ar chásanna nach bhfuil cur amach orthu nó ar deacair iad a shamhlú fiú, rud a fhágann gur gné bhuan de cheapadh beartas an Aontais í an fhadbhreathnaitheacht. Ó 2026 ar aghaidh, beidh níos mó i gceist leis na tuarascálacha bliantúla fadbhreathnaitheachta ná anailís ar threochtaí chun tástáil struis ar bheartais in aghaidh cásanna éagsúla a chumhdach, rud a chinnteoidh go mbeidh an tAontas réitithe ar bhealach níos fearr don todhchaí.

Rialacha an Aontais a shimpliú

Chun Aontas Eorpach atá réidh don todhchaí a bhaint amach, ní mór athléimneacht agus cumas níos fearr chun gníomhú a bheith fite fuaite leis an rómhaorlathas a laghdú agus na rialacha a chur ag obair ar bhealach níos fearr sa chleachtas. Agus é ag leanúint dá chuid oibre faoin gclár oibre maidir le Rialáil Níos Fearr - oscail i dtáb nua., chuir an tAontas dlús lena iarrachtaí beartais agus dlíthe a shimpliú - oscail i dtáb nua., mar a leagtar amach sa teachtaireacht maidir le hEoraip níos simplí agus níos tapa - oscail i dtáb nua.. Cuimsíodh sna hiarrachtaí sin idirphlé maidir le cur chun feidhme - oscail i dtáb nua., lena gcuirtear fóram ar fáil ar an leibhéal polaitiúil do Choimisinéirí chun aiseolas praiticiúil a bhailiú ó pháirtithe leasmhara maidir leis an gcaoi a n-oibríonn rialacha agus cláir an Aontais go praiticiúil. Chun an t-idirphlé sin a chomhlánú, d’ullmhaigh gach Coimisinéir tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn maidir le simpliú, cur chun feidhme agus forfheidhmiú - oscail i dtáb nua. don chéad leath de 2025, ina leagtar amach dul chun cinn, dúshláin agus na chéad chéimeanna nithiúla eile laistigh dá gcuid punann faoi seach.

Tá torthaí ag eascairt cheana féin as tiomantas an Aontais do rialáil níos fearr: rangaíodh é sa chéad áit in anailís de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta maidir le trédhearcacht, rannpháirtíocht páirtithe leasmhara agus measúnú tionchair rialála, de réir Réamhaisnéis ECFE maidir le Beartais Rialála 2025 - oscail i dtáb nua..

Leis na 10 bpacáiste simpliúcháin - oscail i dtáb nua. a glacadh in 2025, sábhálfar timpeall €12 bhilliún i gcostais riaracháin bhliantúla. Faoi 2029, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún ualaí riaracháin a laghdú 25% ar a laghad do gach cuideachta agus 35% d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

Raffaele Fitto ina sheasamh in aice le fear eile os comhair péire doirse déanta as adhmad agus gloine.
Raffaele Fitto, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh um Chomhtháthú agus Athchóirithe (ar chlé), ag tabhairt cuairt ar an tionscadal ‘BUSINESS Station’ atá maoinithe ag an Aontas in Alūksne, an Laitvia, an 10 Meitheamh 2025.

Cur i bhfeidhm éifeachtach dhlí an Aontais a chinntiú

Ní bhaineann dlíthe barr a gcumais amach go dtí go ndéanfar iad a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm ina n-iomláine. Chuige sin, oibríonn an Coimisiún go dlúth leis na Ballstáit chun cabhrú leo dlí agus beartais an Aontais a chur chun feidhme - oscail i dtáb nua.. Nuair a theipeann ar na Ballstáit é sin a dhéanamh, is féidir leis an gCoimisiún tús a chur le nósanna imeachta um shárú - oscail i dtáb nua. ina gcoinne. Mar sin féin, oibríonn sé go dian chun sáruithe a chosc ar an gcéad dul síos trí threoir phraiticiúil, cruinnithe, oiliúint agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil. Mar shampla, tríd an treoir nua maidir le comhroinnt sonraí a bhaineann le ceallraí - oscail i dtáb nua., chuidigh an Coimisiún leis na Ballstáit forálacha nuashonraithe na Treorach maidir le Fuinneamh In-athnuaite - oscail i dtáb nua. a chur i bhfeidhm. Cuidíonn an treoir sin leis na Ballstáit cur chuige comhchuibhithe a bhunú maidir le heolas a chomhroinnt, cuir i gcás staid luchta, sláinte agus suíomh ceallra. Cuireann sí soiléiriú praiticiúil agus tacaíocht theicniúil ar fáil chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach a chinntiú ar fud an Aontais.

  • Cuireadh tús le
    552
    nós imeachta nua um shárú in 2025.
  • Dúnadh
    554
    nós imeachta um shárú.
  • Cuireadh
    71
    chás faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le 21 Bhallstát.
  • Iarradh smachtbhannaí airgeadais i 20 cás.

Tá creat institiúideach an Aontais á fhorbairt i gcónaí mar fhreagairt ar thosaíochtaí nua polaitiúla agus straitéiseacha. In 2025 bhí uachtaránacht rothlach Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag an bPolainn ar dtús agus ag an Danmhairg ina dhiaidh sin, agus leag siad béim ar leith ar an tslándáil agus ar an athléimneacht.

De réir mar a chuir an Coimisiún tograí reachtacha chun cinn, ghníomhaigh Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh mar chomhreachtóirí chun tosaíochtaí comhroinnte a bhaint amach. Le tacaíocht ó ról maoirseachta an Choimisiúin agus ó obair institiúidí agus chomhlachtaí eile an Aontais - oscail i dtáb nua., chinntigh na Ballstáit cur i bhfeidhm éifeachtach ar fud an Aontais.

Chun go mbeidh an tAontas in ann feidhmiú mar is ceart mar dhaonlathas, tá comhar láidir trédhearcach idir a chuid institiúidí ríthábhachtach. I mí Mheán Fómhair, chuir an Pharlaimint agus an Coimisiún bailchríoch ar an gcaibidlíocht - oscail i dtáb nua. maidir le Creat‑Chomhaontú nuashonraithe chun feabhas a chur ar an gcaidreamh idirinstitiúideach, ar an muinín, ar an trédhearcacht agus ar an idirphlé. Tá an comhaontú bunaithe ar naoi bprionsabal pholaitiúla - oscail i dtáb nua. a chomhaontaigh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh i mí Dheireadh Fómhair 2024.

Donald Tusk agus Mette Frederiksen ag croitheadh lámh agus iad ina seasamh i seomra ar a bhfuil ballaí bána. Tá dealbha marmair ina seasamh taobh thiar ar an dá thaobh. Taobh thiar díobh, tá bratacha AE agus na Danmhairge curtha i líne.
Donald Tusk, Príomh-Aire na Polainne (ar chlé), agus Mette Frederiksen, Príomh-Aire na Danmhairge (ar dheis), ag cruinniú neamhfhoirmiúil de na Cinn Stáit nó Rialtais inar phléigh ceannairí an Aontais conas comhchosaint na hEorpa agus tacaíocht don Úcráin a neartú, Cóbanhávan, an Danmhairg, an 1 Deireadh Fómhair 2025. © Getty Images, Liselotte Sabroe
António Costa, Roberta Metsola agus Ursula von der Leyen ina seasamh le chéile, ag caint agus ag gáire i seomra iomlánach Pharlaimint na hEorpa.
Ó chlé go deis: António Costa, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag seisiún iomlánach de Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg, an Fhrainc, an 1 Aibreán 2025.

Comóradh 75 bliana de Dhearbhú Schuman

Déanann an tAontas ceiliúradh ar Lá na hEorpa gach bliain an 9 Bealtaine. In 2025, bhí tábhacht ar leith ag baint leis an ócáid, ó tharla gur comóradh 75 bliana Dhearbhú Schuman - oscail i dtáb nua. a bhí ann. Ba é Robert Schuman, Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, a chuir an dearbhú i láthair an 9 Bealtaine 1950, agus moladh ann go gcruthófaí an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, an réamhtheachtaí den Aontas Eorpach mar atá inniu ann.

Ursula von der Leyen, Roberta Metsola, Antonio Costa agus Luc Frieden ina seasamh taobh le taobh agus cóipeanna den aon doiciméad frámaithe ina lámh ag gach duine acu.
Ó chlé go deis: Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, António Costa, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus Luc Frieden, Príomh-Aire Lucsamburg, i dteach Robert Schuman, Lucsamburg, Lucsamburg, an 9 Bealtaine 2025.