CAIBIDIL 5

Cáilíocht saoil a chothú san Eoraip

Páirc barr, a bhfuil réimse painéal gréine crochta os a cionn. Féach fotheideal an ghrianghraif
Ar cheann de na chéad suiteálacha dá leithéid, tá an tsuiteáil painéal gréine sin os cionn bairr cómhaoinithe ag Ciste Nuálaíochta an Aontais chun úsáid réiteach nuálach agus fuinneamhéifeachtúil a chur chun cinn i bhfeirmeoireacht na hEorpa. Chomh maith le barra a chosaint agus fuinneamh a ghiniúint, áirítear sa chóras comhpháirt nuálach uisciúcháin lena laghdaítear úsáid uisce faoi 30%. Picardy, an Fhrainc, an 11 Iúil 2025.

Braitheann cáilíocht saoil na hEorpa ar éiceachórais fheidhmiúla, lena gcothaítear ár ngníomhaíochtaí sláinte agus eacnamaíocha agus soláthar slán inacmhainne bia ar ardchaighdeán. Tá an bia is sláintiúla agus den chaighdeán is airde ar domhan le fáil san Eoraip, a bhuí lenár bhfeirmeoirí, lenár n-iascairí, agus ár n-earnáil agraibhia i gcoitinne. In 2025 lean an tAontas Eorpach dá chuid oibre chun a chinntiú go leanfaidh an fheirmeoireacht de bheith ina cuid lárnach den dóigh bheatha Eorpach, agus ag an am céanna gníomhú ar son an athraithe aeráide chun slándáil bia agus uisce a chinntiú. Is acmhainn chothrománach é an t-uisce. Ach infheistíocht a dhéanamh i ngeilleagar atá cliste ó thaobh uisce de, cuirfear feabhas ar athléimneacht agus iomaíochas gheilleagar an Aontais, agus ag an am céanna cuirfear taighde, nuálaíocht, teicneolaíochtaí nua agus forbairt scileanna chun cinn chun ceannaireacht an Aontais mar sholáthraí eolais a choinneáil ar bun.

An Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia

Tá an fheirmeoireacht i gcroílár an tsaoil san Eoraip. Agus í ag cur leis an tuarascáil ón bPlé Straitéiseach faoi Thodhchaí na Talmhaíochta san Aontas Eorpach - oscail i dtáb nua., agus i gcomhairle leis an mBord Eorpach nua um an Talmhaíocht agus Bia - oscail i dtáb nua., i mí Feabhra mhol an Coimisiún Eorpach an Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia - oscail i dtáb nua., arb é is aidhm di iomaíochas agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach earnáil feirmeoireachta agus bia an Aontais a chinntiú.

Na ceithre réimse tosaíochta den Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia

  1. Tarraingteacht. Gairm bheatha inmharthana tharraingteach a dhéanamh den fheirmeoireacht.
  2. Iomaíochas. Seasamh na hearnála sna margaí domhanda a neartú.
  3. Féachaint chuige go seasfaidh siad slán i bhfad na haimsire. Glacadh leis an nuálaíocht agus leis an inbhuanaitheacht ar mhaithe le hathléimneacht fhadtéarmach.
  4. Nascthacht. Luach a chur ar bhia agus dálaí córa maireachtála agus oibre a chothú i gceantair thuaithe.
Eallach ina sheasamh i bpáirc gheal a bhfuil crainn lena taobh, agus scioból dearg sa chúlra.

Tá athchóiriú á dhéanamh ag an Aontas ar an gComhbheartas Talmhaíochta - oscail i dtáb nua. (CBT), lena gcinntítear soláthar cobhsaí bia, lena gcosnaítear ioncam feirmeoirí, lena gcosnaítear an comhshaol agus lena gcoinnítear ceantair thuaithe bríomhar. Déanfaidh CBT athchóirithe €300 billiún ar a laghad a imfhálú le haghaidh tacaíocht ioncaim agus géarchéime, agus beidh sé dírithe orthu siúd is mó a bhfuil gá acu léi, feirmeoirí óga, feirmeacha beaga agus feirmeacha measctha, agus orthu siúd atá ag feidhmiú i limistéir a bhfuil srianta nádúrtha iontu san áireamh.

Le pacáiste simplithe CBT - oscail i dtáb nua., a glacadh i mí na Nollag, tacaítear le hiomaíochas, athléimneacht agus digitiú earnáil na talmhaíochta, agus le feirmeoirí óga agus orgánacha go háirithe. Leis na bearta sin, d’fhéadfaí suas le €1.58 billiún in aghaidh na bliana a shábháil le haghaidh feirmeoirí agus €210 milliún le haghaidh na n-údaráis náisiúnta, agus bheadh íocaíochtaí, ceanglais áirithe, agus uirlisí géarchéime níos solúbtha agus níos éasca a bhainistiú.

Chun ullmhú don todhchaí, tá an tAontas ag gníomhú chun creat fianaise-bhunaithe a chur ar fáil chun beartais a choigeartú laistigh agus lasmuigh de raon feidhme CBT. Mar chuid den iarracht sin, seoladh sruth oibre beostoic - oscail i dtáb nua. nua i mí na Bealtaine chun tacú leis an earnáil sin atá an-leochaileach do shuaití éagsúla agus don iomaíocht dhomhanda. Tá tosca eile ann a dhéanann difear mór d’earnáil na talmhaíochta freisin, idir athruithe ar ionchais tomhaltóirí agus éilimh aeráide agus chomhshaoil.

Chuir an Coimisiún Straitéis le haghaidh Athnuachan ó Ghlúin go Glúin - oscail i dtáb nua. i láthair freisin chun tacú leis an gcéad ghlúin eile d’fheirmeoirí trí dhul i ngleic leis na príomhbhacainní atá roimh fheirmeoirí óga agus nua agus trí shaol na tuaithe a dhéanamh níos tarraingtí.

Tacaíocht ón bpobal don Chomhbheartas Talmhaíochta

Tá 78%

de mhuintir an Aontais ar an eolas faoi CBT, an leibhéal is airde ó 2007.

Aontaíonn 77%

de mhuintir an Aontais go gcuidíonn CBT leis an Aontas soláthar cobhsaí bia a chinntiú i gcónaí.

Aontaíonn 71%

de mhuintir an Aontais go gcuidíonn CBT leis an Aontas bia sábháilte sláintiúil inbhuanaithe ar ardchaighdeán a chur ar fáil.

Christophe Hansen ag cuimilt bó i scioból.
Christophe Hansen, an Coimisinéir Eorpach um an Talmhaíocht agus Bia, ag tabhairt cuairt ar feirm dhéiríochta in Swieqi i Málta, 13 Deireadh Fómhair 2025.

Tionscnaimh 2025 chun tacú le feirmeoirí i réigiúin atá thíos le tubaistí

  • €109 milliún de thacaíocht éigeandála d’fheirmeoirí atá thíos leis an athrú aeráide agus tubaistí nádúrtha sa tSeicia, sa Spáinn, sa Chróit, sa Chipir, sa Laitvia, san Ungáir agus sa tSlóivéin.
  • €5 mhilliún de thacaíocht eisceachtúil d’earnálacha an bhainne agus na muiceola sa Ghearmáin.
  • €50 milliún de thacaíocht éigeandála d’fheirmeoirí torthaí, cnónna agus glasraí atá thíos leis an athrú aeráide sa Bhulgáir, sa Laitvia, sa Liotuáin, san Ungáir, sa Pholainn agus sa Rómáin.
  • €14 mhilliún chun cabhrú le feirmeoirí i limistéir atá thíos le ráigeanna den fhliú éanúil sa Pholainn.
  • Athruithe eisceachtúla ar scéim POSEI - oscail i dtáb nua. chun cabhrú le feirmeoirí in Mayotte tús a chur leis an táirgeadh arís tar éis Cyclone Chido.
  • An rómhaorlathas a laghdú chun cabhrú le táirgeoirí torthaí agus glasraí agus le déantóirí fíona in Valencia na Spáinne téarnamh tar éis aimsir eisceachtúil a rinne damáiste do bharra agus do shaoráidí táirgthe.

réimse beart - oscail i dtáb nua. molta ag an gCoimisiún chun a chinntiú go leanfaidh earnáil fíona an Aontais de bheith iomaíoch, athléimneach agus ina fórsa eacnamaíoch ríthábhachtach sna blianta amach romhainn. Tá dúshláin éagsúla roimh an earnáil, cuir i gcás treochtaí tomhaltóirí atá ag athrú, an t-athrú aeráide agus éiginnteachtaí sa mhargadh.

Tá méadú ag teacht ar na bagairtí atá roimh sholáthairtí uisce na hEorpa. Bíonn thart ar 20% den chríoch agus 30% de dhaonra na hEorpa thíos le strus maidir le huisce gach bliain.

Is colún den saol agus den gheilleagar é an t-uisce, agus tá ról ríthábhachtach aige san fheirmeoireacht, san iascach, i bpróisis táirgthe tionscail agus sa tsláintíocht. Mar sin féin, léiríodh i dtuarascálacha in 2025 go bhfuil uisce na hEorpa faoi strus suntasach - oscail i dtáb nua., ó thruailliú, tuilte, ganntanas agus triomach san áireamh.

Is é is aidhm don Straitéis Eorpach maidir le hAthléimneacht i Réimse an Uisce - oscail i dtáb nua., a glacadh i mí an Mheithimh, timthriall an uisce a athchóiriú agus a chosaint, geilleagar atá cliste ó thaobh uisce de a fhorbairt chun borradh a chur faoin iomaíochas, agus uisce glan inacmhainne agus sláintíocht a chinntiú do chách. Chun daoine, sócmhainní agus bonneagar ríthábhachtach a chosaint ar rioscaí tuilte méadaithe, cuirtear níos mó ná 50 beart sonrach - oscail i dtáb nua. i gcúig réimse tosaíochta i láthair sa straitéis.

Réimsí tosaíochta ghníomhaíocht an Aontais maidir le hathléimneacht uisce

  • Rialachas agus cur chun feidhme chun feasacht a mhúscailt agus chun athrú a éascú.
  • Maoiniú agus comhar méadaithe ón Aontas leis an mBanc Eorpach Infheistíochta chun infheistíocht a dhaingniú agus bonneagar a nuachóiriú.
  • Digitiú agus úsáid na hintleachta saorga chun é a dhéanamh níos tapa agus níos éasca teicnící éifeachtúla bainistithe uisce a chur chun feidhme.
  • Taighde agus nuálaíocht ar mhaithe le hearnáil uisce níos iomaíche.
  • Slándáil agus ullmhacht chun an riosca tubaiste a laghdú agus borradh a chur faoin athléimneacht chomhchoiteann.
Miongháire ar Jessika Roswall agus í ina seasamh ag póidiam, í os comhair scáileán mór ar a bhfuil na focail ‘EU Water Package’ [Pacáiste an Aontais maidir le hUisce].
Jessika Roswall, an Coimisinéir Eorpach um an gComhshaol, um Athléimneacht i réimse an Uisce agus um Gheilleagar Ciorclach Iomaíoch, agus í ag preasagallamh faoi phacáiste an Aontais maidir le huisce, an Bhruiséil, an Bheilg, an 4 Feabhra 2025.

Chun tacú le caomhnú na n-aigéan, eolaíochtaí na n-aigéan, iascach inbhuanaithe, dobharshaothrú agus an geilleagar gorm, d’fhógair an Coimisiún a thionscnamh suaitheanta, an Comhshocrú Eorpach um na hAigéin - oscail i dtáb nua., ag Comhdháil 2025 na Náisiún Aontaithe maidir leis na hAigéin, in éineacht le hinfheistíocht €1 bhilliún - oscail i dtáb nua. do na haigéin. Leis an gcomhshocrú, tugtar beartais aigéan an Aontais le chéile faoi chreat tagartha aonair, lena bhforbraítear straitéis chuimsitheach chun aghaidh a thabhairt ar na deiseanna agus ar na bagairtí do na haigéin, do phobail chósta, d’oileáin agus do na réigiúin is forimeallaí den Aontas.

Na sé phríomhthosaíocht a chuimsítear sa Chomhshocrú Eorpach um na hAigéin

  1. Sláinte na n-aigéan a chosaint agus a athbhunú.
  2. Borradh a chur faoi iomaíochas gheilleagar gorm inbhuanaithe an Aontais.
  3. Tacú le pobail chósta, oileáin agus na réigiúin is forimeallaí den Aontas.
  4. Taighde, eolas, scileanna agus nuálaíocht maidir leis na haigéin a chur chun cinn.
  5. Slándáil agus cosaint mhuirí a fheabhsú.
  6. Taidhleoireacht an Aontais maidir leis na haigéin agus rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan a neartú.

An geilleagar gorm

Tá geilleagar gorm an Aontais ina mhórspreagadh don fhás eacnamaíoch agus don nuálaíocht. Tá ról lárnach aige i dtaca le straitéisí tionsclaíocha agus slándála an Aontais, lena gcuimsítear earnálacha traidisiúnta, mar atá an t-iascach agus an loingseoireacht, mar aon le réimsí atá ag teacht chun cinn, cuir i gcás fuinneamh in-athnuaite agus an bhiteicneolaíocht ghorm.

Le Lá Eorpach na Mara - oscail i dtáb nua., bíonn deis ann aird a tharraingt ar earnálacha agus gníomhaíochtaí muirí an Aontais. Bhí AquaWind - oscail i dtáb nua. ar cheann de na tionscadail sin a cuireadh i láthair ag imeacht 2025. Is fréamhshamhail nuálach é lena gcomhcheanglaítear fuinneamh gaoithe amach ón gcósta agus dobharshaothrú.

Tá fréamhshamhail nuálach de chomhstruchtúr tuirbíní gaoithe agus dobharshaothraithe á tarraingt isteach i suíomh ag dhá bhád san fharraige. © EnerOcean S.L.

An dobharshaothrú, is é sin feirmeoireacht éisc, sliogéisc, algaí, etc., tá sé ar thús cadhnaíochta i dtáirgeadh inbhuanaithe bia san Aontas. I mí Iúil, mhol an Coimisiún bailiú sonraí maidir le dobharshaothrú agus iascach a shimpliú - oscail i dtáb nua., rud a laghdódh an t‑ualach tuairiscithe ar na Ballstáit. Is féidir le saothrú algaí cur le bithgheilleagar gorm, slándáil bia, aeráidneodracht agus athbhunú na n-aigéan san Eoraip. Ag Dara Cruinniú Mullaigh an Aontais um Fheasacht ar Algaí - oscail i dtáb nua., a bhí ar siúl i mBeirlín na Gearmáine i mí Dheireadh Fómhair, leagadh béim ar na tairbhí eacnamaíocha agus comhshaoil a bhaineann le saothrú algaí.

Físeán ina dtaispeántar táirgeoirí dobharshaothrúcháin ó gach cearn den Aontas agus conas atá scéal uathúil agus tiomantas domhain don dobharshaothrú inbhuanaithe le léiriú ag gach duine acu, bíodh sé ag obair i ngnó teaghlaigh a reáchtáiltear go traidisiúnta nó i bhfiontar ardteicneolaíochta.
FÍSEÁN:Dobharshaothrú AE.

Na haigéin agus uiscí

I dTuarascáil 2025 ar Staid na nAigéan de chuid Copernicus - oscail i dtáb nua., leagtar béim ar ghéarchéim thriarach phláinéadach an athraithe aeráide, an truaillithe agus chailliúint na bithéagsúlachta, agus shroich teochtaí dhromchla na farraige ar fud an domhain 21 °C, an leibhéal is airde riamh, in 2024.

Faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí - oscail i dtáb nua., ceanglaítear ar na Ballstáit monatóireacht a dhéanamh ar stádas comhshaoil a bhfarraigí, iad a chosaint agus bearta a dhéanamh chun an stádas sin a fheabhsú. Chuidigh go leor beartas de chuid an Aontais le truailliú aeir, úsáid lotnaidicídí agus bruscar plaisteach ar muir a laghdú, ach is féidir níos mó a dhéanamh chun torann díobhálach, scaoileadh micreaphlaisteach isteach sa chomhshaol, truailliú cothaitheach agus dramhaíl a chomhrac, mar a léirítear i bhFaireachán agus Ionchas maidir le Truailliú Nialasach 2025 - oscail i dtáb nua. agus sa cheathrú hionchas maidir le haer glan - oscail i dtáb nua.. Leis an Deais maidir le Truailliú Nialasach - oscail i dtáb nua., rianaítear an dul chun cinn atá déanta i réigiúin agus i gcathracha ar leith.

Le Misean an Aontais Eorpaigh - oscail i dtáb nua.:Ár nAigéin agus ár nUiscí a Athbhunú - oscail i dtáb nua., tacaíodh anois le níos mó ná 1,000 tionscnamh - oscail i dtáb nua. chun éiceachórais mhuirí agus fionnuisce a chosaint agus a athchóiriú. Cuireann an misean cur chuige córasach ar fáil chun an na haigéin agus farraigí agus uiscí na hEorpa a chosaint agus a athbhunú go dtí 2030. In 2025 d’infheistigh an tAontas €116 mhilliún i 13 thionscadal nua - oscail i dtáb nua. lena ndírítear ar ghnáthóga éisc imirceacha a chosaint, tionchar comhshaoil an iascaigh a laghdú agus pobail áitiúla a chumhachtú chun iarrachtaí athchóirithe a stiúradh. Ag an Tríú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis na hAigéin - oscail i dtáb nua., mhol an tAontas tionscnamh nua um fhaire na n-aigéan agus sheol sé fréamhshamhail an ardáin um European Digital Twin of the Ocean - oscail i dtáb nua., ar uirlis dhigiteach í chun cuidiú le tuiscint níos fearr a fháil ar na haigéin, iad a bhainistiú agus iad a chosaint ar bhealach níos fearr.

I mí Mheán Fómhair, le tacaíocht ón Aontas, tháinig Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Fóirdheontais Iascaigh - oscail i dtáb nua. i bhfeidhm. Is céim shuntasach í i gcosaint na n-aigéan, agus tá sé ailínithe go mór le tosaíochtaí an Chomhshocraithe Eorpaigh um na hAigéin.

An 20 Meán Fómhair, leis an gComhaontú maidir leis an mBithéagsúlacht Mhuirí i Limistéir Lasmuigh den Dlínse Náisiúnta - oscail i dtáb nua., ar a dtugtar an Conradh maidir leis an Mórmhuir freisin, thángthas ar 60 daingniú, rud a spreag a theacht i bhfeidhm go luath in 2026. Ba thráth cinniúnach é do chaomhnú domhanda na n-aigéan. Bhí ról lárnach ag an Aontas agus a Bhallstáit maidir leis an gcomhaontú a chur chun cinn, agus iad i gceannas ar an gComhghuaillíocht Ard-Uaillmhéine um Bithéagsúlacht Mhuirí i Limistéir Lasmuigh den Dlínse Náisiúnta - oscail i dtáb nua., ar grúpa é de níos mó ná 40 náisiún atá tiomanta do rialachas uaillmhianach eolaíochtbhunaithe na n-aigéan. Bhí ceannaireacht pholaitiúil na comhghuaillíochta sin ríthábhachtach chun an conradh a mhúnlú agus chun dlús a chur lena dhaingniú.

Príomhbhearta chun na haigéin a chosaint in 2025

Iascach

Forbraíodh an Comhbheartas Iascaigh - oscail i dtáb nua. chun a chinntiú go bhfuil an t-iascach agus an dobharshaothrú inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus go mbainistítear iad ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach. I meastóireacht 2025 ar an mbeartas, rinneadh measúnú ar fheidhmíocht an rialacháin ghaolmhair - oscail i dtáb nua. agus ar cé acu atá nó nach bhfuil sé fós oiriúnach dá fheidhm, lenar bhain comhairliúchán fairsing le páirtithe leasmhara agus úsáid á baint as fianaise ó staidéir ar ábhair amhail an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír - oscail i dtáb nua..

Sa staidéar ‘Iascairí na todhchaí - oscail i dtáb nua.’ scrúdaíodh ról na n‑iascairí sa tsochaí ar fud 22 Bhallstát chósta den Aontas agus réamh‑mheasadh ceithre chás fhéideartha suas go dtí 2050, ag brath ar mhéid na n-athruithe aeráide agus bithéagsúlachta in éiceachórais mhuirí agus ar éagsúlachtaí in éileamh na dtomhaltóirí agus i ndinimic an mhargaidh.

In 2025 tugadh faoi roinnt tionscnamh chun cearta iascairí na hEorpa a oibríonn lasmuigh d’uiscí an Aontais a neartú. Ráthaíodh rochtain chómhalartach iomlán ar uiscí - oscail i dtáb nua. le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe go dtí an 30 Meitheamh 2038, agus síníodh meabhrán tuisceana nua leis an Íoslainn - oscail i dtáb nua. maidir le comhar feabhsaithe i ndáil le hiascach inbhuanaithe agus gnóthaí aigéin. Ina theannta sin, tugann comhpháirtíochtaí iascaigh inbhuanaithe - oscail i dtáb nua. athnuaite rochtain do shoithí an Aontais ar uiscí an Chósta Eabhair - oscail i dtáb nua. agus São Tomé agus Príncipe - oscail i dtáb nua. ar feadh 4 bliana, agus ar uiscí Oileáin Cook - oscail i dtáb nua. ar feadh 7 mbliana.

Costas Kadis, agus seaicéad tarrthála air, ag láimhseáil éisc agus é ar a chromada ar bhád i lár farraige liath.
Costas Kadis, an Coimisinéir Eorpach um an Iascach agus na hAigéin, ar cuairt ar fheirm éisc in Loviisa na Fionlainne, an 26 Meitheamh 2025.

Tá os cionn leath de na bearta a leagtar amach sa Straitéis Bhithéagsúlachta do 2030 - oscail i dtáb nua. i bhfeidhm anois, agus tá formhór na dtionscnamh atá fágtha ar siúl, tríd an Rialachán maidir le hAthchóiriú an Dúlra - oscail i dtáb nua. a chur chun feidhme san áireamh.

Le glacadh an Dlí maidir le Faireachán Ithreach - oscail i dtáb nua., an chéad dlí riamh de chuid an Aontais maidir le hithir, tugtar aghaidh ar phríomhphróisis díghrádaithe ithreach, amhail creimeadh, cailliúint ábhair orgánaigh, salannú, éilliú, balcadh, séalú agus cailliúint bhithéagsúlacht na hithreach. Is é is aidhm don treoir nua - oscail i dtáb nua. freisin bearta a chur san áireamh maidir le faireachán agus measúnú a dhéanamh ar shláinte ithreach.

An dul chun cinn maidir le Misean Ithreach - oscail i dtáb nua. in 2025

Is deis é an Treochlár i dtreo Pointí Creidmheasa Dúlra - oscail i dtáb nua. chun ioncam a ghiniúint go comhuaineach ó fhoinsí airgeadais poiblí agus príobháideacha le haghaidh athchóiriú an dúlra. Is é is aidhm dó borradh a chur faoin mbithéagsúlacht agus gnáthóga a chaomhnú trí infheistíocht phríobháideach a dhreasú lena n-athbhunaítear agus lena gcoinnítear an dúlra ar bun.

I mí na Nollag, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh athbhreithniú spriocdhírithe - oscail i dtáb nua. ar rialachán an Aontais maidir le slabhraí soláthair gan dífhoraoisiú, arb é is aidhm dó a chur i bhfeidhm a shimpliú. D’fhoilsigh an Coimisiún an chéad liosta tagarmharcála - oscail i dtáb nua. freisin in 2025, ar uirlis í chun tíortha a aicmiú de réir a riosca dífhoraoisithe mar gheall ar tháirgeadh eallaigh, cócó, caife, pailme ola, rubair, soighe agus adhmaid.

Eitlíonn bultúr gríofa tríd an aer go réidh. © ASakoulis – stock.adobe.com

A bhuí le Treoir an Aontais maidir le hÉin - oscail i dtáb nua. agus le tionscadail thiomnaithe faoi chlár LIFE - oscail i dtáb nua., seasann an Eoraip amach mar cheann den bheagán áiteanna ina bhfuil go leor pobail éan creiche agus bultúir ag feabhsú nó ag cobhsú, téarnamh bultúr gránaithe agus cineachúil, agus athbheochan an bhultúir bhréige sna hAlpa san áireamh.

Tar éis an mhéadaithe ar dhaonraí mac tíre san Eoraip le blianta beaga anuas, d’fhormheas Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle leasú ar an Treoir maidir le Gnáthóga - oscail i dtáb nua., tar éis leasú a dhéanamh ar stádas cosanta an mhic tíre i gCoinbhinsiún Bheirn - oscail i dtáb nua., rud a thugann níos mó solúbthachta do na Ballstáit a bpobail mac tíre áitiúla a bhainistiú.

A bhuí leis an Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta - oscail i dtáb nua., lean astaíochtaí truailleán aeir de bheith ag laghdú - oscail i dtáb nua. ar fud fhormhór na mBallstát le linn na bliana. Tá fuíolluisce uirbeach ar cheann de na príomhfhoinsí truaillithe uisce, mura mbailítear agus mura gcóireáiltear é i gcomhréir le rialacha an Aontais. Leis an Treoir athbhreithnithe maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh - oscail i dtáb nua., a tháinig i bhfeidhm i mí Eanáir 2025, tugtar aghaidh ar an truailliú atá fós ann agus ar dhúshláin nua i mbainistiú fuíolluisce uirbigh.

In 2025, bhuaigh Heilbronn na Gearmáine - oscail i dtáb nua. Gradam Phríomhchathair Ghlas na hEorpa 2027, agus bronnadh Gradaim na Duilleoige Glaise Eorpaí ar Assen na Ísiltíre agus ar Siena na hIodáile araon, lena léirítear conas is féidir le cathracha a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le dul i ngleic le truailliú aeir, uisce agus torainn, bainistiú dramhaíola agus an geilleagar ciorclach, mar aon leis an mbithéagsúlacht a mhéadú, astaíochtaí a laghdú agus oiriúnú don athrú aeráide.

Tháinig an Rialachán nua maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht - oscail i dtáb nua. i bhfeidhm le linn na bliana, agus é mar chuspóir aige srian a chur leis an bhfás ar ghiniúint dramhaíola ó phacáistíocht. Cuirfidh sé sin cosc ar dhramhaíl chun cinn agus bainfidh sé substaintí ar údar imní iad den slabhra luacha. I mí Iúil, d’fhoilsigh an Coimisiún athbhreithniú 2025 ar chur chun feidhme an bheartais comhshaoil - oscail i dtáb nua. chun tacú le cur i bhfeidhm rialacha an Aontais agus chun feasacht a mhúscailt faoina thábhachtaí atá siad maidir le comhshaol sláintiúil a chinntiú mar bhonn do rathúnas fadtéarmach agus d’iomaíochas na ndaoine atá ina gcónaí san Aontas. Ghlac an Coimisiún treoir - oscail i dtáb nua. freisin chun tacú leis na Ballstáit freagracht leathnaithe táirgeora a chur i bhfeidhm maidir leis na costais a bhaineann le bruscar a ghlanadh suas.

Chuir an Coimisiún Plean Gníomhaíochta nua Thionscal Ceimiceán na hEorpa - oscail i dtáb nua. i láthair i mí Iúil, a ceapadh chun iomaíochas na hearnála a neartú agus chun dlús a chur lena haistriú i dtreo táirgeadh ceimiceán sábháilte, inbhuanaithe agus nuálach. Tá gníomhaíocht déanta ag an Aontas freisin chun cosc a chur ar cheimiceáin dhíobhálacha, suaiteoirí inchríneacha agus bisfeanóil a úsáid i mbréagáin a dhíoltar san Aontas - oscail i dtáb nua., agus cuireadh srian ar PFAS (‘buancheimiceáin’) a úsáid i gcúir comhraic dóiteáin - oscail i dtáb nua.. I mí Aibreáin, d’fhoilsigh an Coimisiún treoir - oscail i dtáb nua. chun tacú le cuideachtaí cloí leis na srianta nua ar mhicreaphlaistigh. Ina theannta sin, le rialacha nua níos soiléire maidir le glantaigh - oscail i dtáb nua. a chomhaontaigh na comhreachtóirí i mí an Mheithimh, cuideofar le sláinte an duine agus an chomhshaoil a chosaint ar bhealach níos fearr.

Bearta 2025 chun cabhrú le monatóireacht a dhéanamh ar thruailliú

  • Comhaontú - oscail i dtáb nua. polaitiúil maidir le sainordú na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí a thabhairt cothrom le dáta. Mar chuid dá ról méadaithe, bainfidh an ghníomhaireacht úsáid as uirlisí faireachais feabhsaithe chun sceitheadh neamhdhleathach ar muir a bhrath agus a dhíspreagadh, agus ag an am céanna forbróidh sí a córais faireacháin astaíochtaí.
  • Ghlac an Coimisiún rialachán lena gcuirtear Lipéad Astaíochtaí Eitilte deonach - oscail i dtáb nua. i bhfeidhm, lena gcuirtear modheolaíocht shoiléir iontaofa ar fáil chun astaíochtaí eitilte a ríomh. Cuideoidh sé sin le paisinéirí cinntí eolasacha a dhéanamh agus iad a chosaint ar mhaímh mhíthreoracha maidir le glas‑snasú.

Creideann 85%

de mhuintir an Aontais gur fadhb thromchúiseach é an t-athrú aeráide.

Tacaíonn 81%

de dhaoine san Aontas leis an sprioc uile-Aontais aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

Aontaíonn 77%

de mhuintir an Aontais go bhfuil costas eacnamaíoch an damáiste mar gheall ar an athrú aeráide i bhfad níos airde ná an infheistíocht is gá le haghaidh aistriú glan‑nialasach.

Fuarthas amach i dTuarascáil Eorpach 2024 ar Staid na hAeráide - oscail i dtáb nua., a foilsíodh in 2025, gurbh é 2024 an bhliain ba theo riamh, agus gurbh í an chéad bhliain freisin í inar sháraigh meánteocht 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.

Bhí teochtaí níos airde ná riamh san Eoraip ina réigiúin láir, thoir agus thoir theas. Maraíodh 335 dhuine ar a laghad in 2024 mar gheall ar stoirmeacha tromchúiseacha agus tuilte forleathana - oscail i dtáb nua., agus rinneadh difear do thart ar 413,000 duine.

fianaise - oscail i dtáb nua. ann go bhfuil gach cuid den aigéan faoi bhagairt anois ón athrú aeráide, ó chailliúint na bithéagsúlachta agus ón truailliú, rud a dhéanann difear d’éiceachórais, don tslándáil bia, do gheilleagair, do phobail chósta agus do rialáil dhomhanda aeráide.

Aithnítear sa Straitéis um Aontas na hUllmhachta - oscail i dtáb nua. (féach Caibidil 3) freisin gur príomhthionscnóir riosca é an t-athrú aeráide, agus béim á leagan ar ról an réamh-mheasta agus an choisc, agus ar chur chuige iomlánaíoch maidir le bainistiú riosca. Chuige sin, tá tús curtha leis an obair ar an gCreat Comhtháite le haghaidh Athléimneacht Aeráide agus Bainistiú Riosca san Eoraip - oscail i dtáb nua..

Le Misean an Aontais Eorpaigh - oscail i dtáb nua.:Oiriúnú don Athrú Aeráide - oscail i dtáb nua. faoin gclár Fís Eorpach - oscail i dtáb nua., déantar gníomhaíocht shonrach de Straitéis an Aontais um an Oiriúnú don Athrú Aeráide - oscail i dtáb nua.. In 2025 seoladh 18 dtionscadal misin nua - oscail i dtáb nua. chun cineálacha cur chuige cruthaithe a uas-scálú, oiriúnú a leabú ar fud na leibhéal rialachais, réitigh shistéamacha agus trasearnála a chur chun cinn agus tacú leis na grúpaí sóisialta is leochailí.

Agus buiséad foriomlán €2.3 billiún aige, is é is aidhm do dheiseanna maoiniúcháin 2025-2027 faoi chlár LIFE aistriú an Aontais chuig geilleagar glan ciorclach iomaíoch atá athléimneach ó thaobh na haeráide de a chur chun cinn. Ina theannta sin, d’infheistigh an Coimisiún €86 mhilliún i dtionscadail chomhtháite straitéiseacha nua - oscail i dtáb nua. atá dírithe ar cháilíocht agus infhaighteacht uisce a fheabhsú, aibhneacha truaillithe a ghlanadh, cosaint dóiteáin agus tuilte a fheabhsú agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Leis an Straitéis Eorpach maidir le hAthléimneacht i Réimse an Uisce, tugtar aghaidh freisin ar thionchair an athraithe aeráide, cuir i gcás tuilte agus triomaigh.

Is é is aidhm do Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta - oscail i dtáb nua. an comhar cosanta sibhialta idir na Ballstáit agus na tíortha rannpháirteacha a neartú chun feabhas a chur ar chosc tubaistí, ar ullmhacht dóibh agus ar an bhfreagairt dóibh, lena n-áirítear teagmhais aeráide (féach Caibidil 3).

Aontas Sláinte Eorpach - oscail i dtáb nua. láidir á fhorbairt ag an Aontas Eorpach, aontas ina bhfuil soláthairtí leighis inacmhainne agus nuálach le fáil ann; tá na Ballstáit uile ullamh do ghéarchéimeanna sláinte agus freagraíonn siad orthu le chéile; agus oibríonn na Ballstáit chun feabhas a chur ar chosc, ar chóireáil agus ar iarchúram le haghaidh galair amhail ailse agus galar cardashoithíoch.

Laistigh den chéad 100 lá dá shainordú, mhol an Coimisiún an gníomh um chógais leighis chriticiúla - oscail i dtáb nua. chun feabhas a chur ar infhaighteacht, soláthar agus táirgeadh cógas leighis criticiúil laistigh den Aontas. Leis an ngníomh, cinnteofar go mbeidh rochtain ag othair ar na cógais leighis a theastaíonn uathu, nuair a theastaíonn siad uathu. Mar chomhlánú ar an ngníomh um tháirgí íocshláinte criticiúla, thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an bpacáiste cógaisíochta - oscail i dtáb nua.. Is é seo an chéad mhór‑athchóiriú ar reachtaíocht chógaisíochta an Aontais ó bhí 2004 ann.

Tháinig an Spás Eorpach Sonraí Sláinte - oscail i dtáb nua. i bhfeidhm le linn na bliana. Is bunchloch d’aontas sláinte na hEorpa é agus is cloch mhíle é i gclaochlú digiteach an Aontais. Chuir an Coimisiún an plean gníomhaíochta maidir le cibearshlándáil ospidéal agus soláthraithe cúraim sláinte - oscail i dtáb nua. i láthair i mí Eanáir freisin chun an tslándáil dhigiteach inár gcórais cúraim sláinte a threisiú a thuilleadh.

I mí na Nollag, chuir an Coimisiún i láthair an chéad phlean sláinte cardashoithíoch riamh de chuid an Aontais - oscail i dtáb nua., chun dul i ngleic leis an bpríomhchúis bháis san Eoraip. Is é is aidhm don phlean nua líon na mbásanna anabaí de dheasca galar cardashoithíoch san Aontas a laghdú trí na galair sin a chosc ar bhealach níos fearr agus iad a bhrath, a chóireáil agus a bhainistiú go luath.

Chuir an Coimisiún plean coisc, ullmhachta agus freagartha de chuid an Aontais - oscail i dtáb nua. chun cinn mar bhosca uirlisí do lucht ceaptha beartas agus do bhainisteoirí géarchéime atá ag obair in éigeandálaí sláinte. Is príomhghníomhaíocht é i gcur chun feidhme na Straitéise um Aontas na hUllmhachta in earnáil na sláinte. Lean an Coimisiún de thionscadail thábhachtacha a chur chun cinn chun ullmhacht an Aontais d’éigeandálaí sláinte amach anseo a threisiú, trí mhol forbartha nua a thionscnamh le haghaidh vacsaíní - oscail i dtáb nua. agus trí rochtain ar chógais leighis a éascú trí chomhaontuithe nua maidir le soláthar comhpháirteach.

Chuir an Coimisiún an Straitéis Frithbheart Leighis - oscail i dtáb nua. i láthair freisin chun cosaint an Aontais ar bhagairtí sláinte tosaíochta a threisiú, lena n-áirítear víris a d’fhéadfadh a bheith ina bpaindéim, frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, bagairtí sláinte de dheasca an athraithe aeráide, bagairtí a bhaineann le coinbhleachtaí armtha agus bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha.

Olivér Várhelyi ag tabhairt óráide ó léachtán. Tá comhartha mór ar a bhfuil lógó Pharlaimint na hEorpa le feiceáil sa chúlra.
Olivér Várhelyi, an Coimisinéir Eorpach um Shláinte agus um Leas Ainmhithe, ag labhairt ag cur i láthair an togra le haghaidh an Ghnímh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla i bParlaimint na hEorpa, Strasbourg na Fraince, an 11 Márta 2025.

Bearta chun galair a chosc agus a chóireáil

A bhuí lena Straitéis Sláinte Domhanda - oscail i dtáb nua., tá dul chun cinn suntasach déanta - oscail i dtáb nua. ag an Aontas maidir le córais sláinte a neartú agus clúdach sláinte uilíoch a leathnú, agus maidir le feabhas a chur ar ullmhacht do bhagairtí sláinte trasteorann agus ar fhreagairtí orthu. Sa chomhthéacs sin, in 2025, shínigh an Coimisiún comhaontuithe nua le hUllmhacht Éigeandála Sláinte Cheanada - oscail i dtáb nua. agus leis an Eagraíocht Phan-Mheiriceánach Sláinte - oscail i dtáb nua.. Chuir an Coimisiún €9.4 milliún ar fáil freisin chun tacú leis an gComhpháirtíocht chun Dlús a chur le Tástáil agus Seicheamhú bolgaí san Afraic - oscail i dtáb nua.. Neartóidh sé sin brath agus faireachán na bolgaí moncaí, agus tacóidh sé le tástálacha nuálacha ag an am céanna.

Rinne an 12ú Fóram Comhpháirtíochta maidir le Trialacha Cliniciúla idir Tíortha Eorpacha agus Tíortha i mBéal Forbartha - oscail i dtáb nua., a tionóladh in Kigali, Ruanda, athbhreithniú ar dhul chun cinn na comhpháirtíochta cinniúnacha sin maidir le trialacha cliniciúla leis an Afraic. Tá os cionn €1.5 billiún caite ag an gcomhpháirtíocht anois ar 477 staidéar chliniciúla, as ar eascair cógais nua amhail an chéad dá vacsaín mhaláire ar domhan.

Tacaíonn an tAontas leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte - oscail i dtáb nua. (EDS), an príomhúdarás maidir leis an tsláinte dhomhanda i gcóras na Náisiún Aontaithe. Ó 2020 i leith, tá an tAontas ina chomhpháirtí gníomhach rannpháirteach atá ag obair le tíortha EDS agus le comhlachtaí ábhartha eile maidir le Comhaontú Paindéime - oscail i dtáb nua. uaillmhianach. Glacadh an comhaontú in 2025, agus is é is aidhm dó feabhas a chur ar chosc, ullmhacht agus freagairt i leith paindéimí domhanda a bheidh ann amach anseo. Sheol EDS leagan 2.0 den chóras Faisnéise Eipidéime ó Fhoinsí Oscailte - oscail i dtáb nua. ag Mol Paindéime EDS i mBeirlín na Gearmáine, le dlúth-thacaíocht ón Aontas agus óna Bhallstáit. Tá an  tAontas rannpháirteach freisin san obair leanúnach ar an gcóras maidir le Rochtain ar Phataiginí agus Comhroinnt Tairbhí - oscail i dtáb nua..