Réamhrá

Grianghraf portráide den Uachtarán

Ursula von der Leyen

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Tharla athruithe móra domhanda sa bhliain 2025. Bhí cogaíocht ar leac an dorais againn, agus d’éirigh an iomaíocht eatarthu siúd atá i gcumhacht ní ba dhéine. Mar sin féin, tháinig athrú ó bhonn ar an Eoraip in 2025 chomh maith – bliain soiléireachta, bliain diongbháilteachta. I ndomhan scoilte atá anois níos míshocra, d’aithin an Eoraip nach mór di níos mó freagrachta a ghlacadh as a todhchaí féin. Ba é 2025 tráth neamhspleáchais na hEorpa.

Roghnaigh an Eoraip freagracht a ghlacadh seachas drogall a bheith uirthi, a bheith aontaithe seachas scoilte. Chuir an Coimisiún Eorpach nua tús lena chuid oibre go dúthrachtach, agus leag sé amach conair shoiléir do na blianta amach romhainn; conair lena gcosnófar saoirse agus rathúnas na hEorpa agus lena gcinnteofar gur féidir leis an Aontas seo againne a bheith rathúil i ndomhan atá ag éirí níos dúshlánaí de réir a chéile.

Freagracht a ghlacadh as ár slándáil féin, sin é an chéad rud a bhí le déanamh. Leis an bpacáiste Ullmhacht 2030, chuireamar tús leis an mborradh is suntasaí riamh ar infheistíocht cosanta na hEorpa. Agus leanamar de bheith ag seasamh go daingean leis an Úcráin, mar is leis sin a thosaíonn slándáil na hEorpa féin. Chuireamar maoiniú fadtéarmach ar fáil chun tacú le muintir na hÚcráine agus leanamar de bheith ag obair i dtreo síocháin chóir mharthanach. Ag an am céanna, chuireamar chun cinn conair na hÚcráine i dtreo ballraíocht san Aontas Eorpach, toisc go bhfuil áit san Aontas tuillte ag an Úcráin, í saor daonlathach rathúil.

Ní neamhspleáchas go neart eacnamaíoch, rud a thuigimid. Mar sin, chuireamar beartais i gcrích faoi threoir an Chompáis Iomaíochais chun borradh a chur faoin nuálaíocht agus faoin rathúnas. Laghdaíomar ualaí nach bhfuil gá leo ar ghnólachtaí agus rinneamar infheistíocht sna teicneolaíochtaí lena saineofar an todhchaí, ón intleacht shaorga go fuinneamh glan. Tríd an tionscnamh ‘Roghnaigh an Eoraip’, cinnteoimid gurb í an Eoraip an áit is fearr ar domhan ó thaobh na heolaíochta agus an taighde de. Agus cinnteoimid go mbíonn cothrom na Féinne ag gabháil leis an iomaíochas, agus sinn ag gníomhú chun tacú le tithíocht agus fuinneamh níos inacmhainne do mhuintir uile na hEorpa.

Ar an leibhéal domhanda, sheas an Eoraip an fód agus sheas sí lena leasanna agus lena luachanna. Is sinne fós an soláthraí cabhrach daonnúla is mó ar domhan. Leanamar de bheith ar thús cadhnaíochta sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, agus thugamar tús áite don tsaorthrádáil chóir le comhaontuithe suntasacha nua.

I dteannta a chéile, chuireamar an Eoraip ar chonair a leasa. Ní deireadh aistir a bhí in 2025, ach cor cinniúnach. De réir mar a thugaimid 2026 linn, leanfaimid den fhorbairt chun gur sláine, iomaíche agus neamhspleáiche a bheidh an Eoraip.

Sa saol éiginnte seo, beidh an Eoraip inchurtha leis an dúshlán i gcónaí.

Gura fada buan an Eoraip!