CAIBIDIL 6

An daonlathas Eorpach agus luachanna na hEorpa a chaomhnú

Tá slua ollmhór le feiceáil sa phictiúr. Sa lár tá an slua le feiceáil agus bratach AE mór ina nglac acu. Féach fotheideal an ghrianghraif
Paráid Bhróid Bhúdaipeist i mBúdaipeist na hUngáire, an 28 Meitheamh 2025. © Atilla Kisbenedek/AFP trí Getty Images

I ndaonlathas rathúil, bíonn saoirse ag na saoránaigh a dtuairimí féin a bheith acu agus iad a chur in iúl. Is féidir leo páirt a ghlacadh sa saol daonlathach, a n-ionadaithe polaitiúla a roghnú, agus cead cainte a bheith acu maidir lena dtodhchaí féin, i spás poiblí inar féidir tuairimí éagsúla a chur in iúl agus ina bhfáiltítear roimh an éagsúlacht. In 2025 chuir an tAontas Eorpach dlús lena chuid oibre chun an daonlathas agus a athléimneacht a neartú i leith brúnna inmheánacha agus seachtracha. Lean sé freisin de chumhacht a thabhairt do shaoránaigh páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas daonlathach agus na beartais a dhéanann difear dá saol agus dá bpobail a mhúnlú.

An Sciath Eorpach don Daonlathas

Cuireadh an Sciath Eorpach don Daonlathas - oscail i dtáb nua. i láthair i mí na Samhna, rud a chuir leis an obair a leagadh amach cheana faoin bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach agus faoin bPacáiste maidir le Cosaint an Daonlathais - oscail i dtáb nua.. Tá sé beartaithe leis daonlathais na hEorpa a neartú agus muintir na hEorpa a chumhachtú chun a gcearta a fheidhmiú, a dtuairimí a chur le chéile agus a chur in iúl gan bhac, agus páirt ghníomhach shábháilte a ghlacadh i saol daonlathach an Aontais. Lena ghníomhaíochtaí, neartófar institiúidí daonlathacha, cosnófar sláine na dtoghchán agus tacófar le saoirse agus iolrachas na meán.

Príomhthosaíochtaí na Scéithe Eorpaí don Daonlathas

  • Feasacht staide a threisiú agus tacú le hacmhainneacht freagartha chun sláine an spáis faisnéise a chosaint.
  • Institiúidí daonlathacha, saorthoghcháin chóra agus meáin shaora neamhspleácha a neartú.
  • Athléimneacht na sochaí a chothú trí thacú le hoideachas saoránachta, scileanna don daonlathas agus litearthacht sna meáin, agus borradh a chur faoi rannpháirtíocht na saoránach sa saol daonlathach.

Agus é ag gníomhú mar a bheadh mhol oibríochtúil ann don Sciath Eorpach nua don Daonlathas, tá Lárionad Eorpach um an Athléimneacht Dhaonlathach le bunú chun bagairtí a réamh-mheas agus a bhrath, luathrabhaidh a thabhairt agus mearfhreagairtí a chomhordú. Agus na Ballstáit ina chroílár, feidhmeoidh an lárionad mar a bheadh creat ann chun comhroinnt eolais a éascú agus chun an acmhainneacht a fhothú chun bagairtí coiteanna atá ag teacht chun cinn a sheasamh, go háirithe ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis, agus bréagaisnéis.

Tá Michael McGrath ina shuí idir beirt eile i ndíospóireacht phainéil ag barr an tseomra, agus iad ag labhairt le lucht féachana de dhaoine óga. Tá póstaer le feiceáil sa chúlra ar a bhfuil na focail ‘We talk’ [Labhraímid].
Michael McGrath (sa lár), an Coimisinéir Eorpach um an Daonlathas, an Ceartas agus an Smacht Reachta agus um Chosaint Tomhaltóirí, ag óstáil Idirphlé Beartais leis an Aos Óg chun tuairimí a mhalartú maidir le cumhachtú daonlathach daoine óga mar chuid d’obair an Choimisiúin ar an Sciath Eorpach don Daonlathas i mBaile Átha Cliath, Éire, an 3 Márta 2025. Is iad príomhchuspóirí an Idirphlé Beartais leis an Aos Óg daoine óga a spreagadh lena gcuid tuairimí a chur in iúl maidir le tionscnaimh bheartais an Aontais trí idirghníomhú le Coimisinéirí agus na tuairimí sin a chomhtháthú i gclár oibre polaitiúil an Aontais (féach Caibidil 4 freisin).

In 2025, gheall an Coimisiún Eorpach freisin dlús a chur lena rannpháirtíocht leis an tsochaí shibhialta, lena cosaint agus lena tacaíocht di, agus aitheantas á thabhairt don ról tábhachtach atá aici maidir le daonlathais a neartú agus sochaithe athléimneacha a fhorbairt. Na trí phríomhchuspóir seo a leanas atá ag Straitéis nua an Aontais don tSochaí Shibhialta - oscail i dtáb nua..

Príomhchuspóirí Straitéis an Aontais don tSochaí Shibhialta

  1. Rannpháirtíocht éifeachtach fhóinteach leis an tsochaí shibhialta mar chomhpháirtí sa rialachas a neartú.
  2. Spás sibhialta cumasúcháin atá oscailte agus sábháilte a chinntiú trí thacaíocht agus cosaint a chur ar fáil d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta.
  3. Tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta trí mhaoiniú leordhóthanach inbhuanaithe trédhearcach.

Sláine faisnéise a chinntiú

A bhuí le teicneolaíochtaí nua, is féidir le gníomhaithe naimhdeacha feidhmiú agus bréagaisnéis a scaipeadh ar scála agus ar luas nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Dá bhrí sin, saincheisteanna práinneacha don Aontas agus dá Bhallstáit is ea ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis a chomhrac, sin agus athléimneacht shochaíoch a fheabhsú i gcoinne na mbagairtí sin.

Is é Cód Cleachtais an Aontais maidir le Bréagaisnéis - oscail i dtáb nua., rud a bunaíodh in 2018, an chéad ionstraim féinrialála dheonach ar domhan d’ardáin ar líne agus d’innill chuardaigh. Ó mhí Feabhra 2025 i leith, rinneadh é a chomhtháthú - oscail i dtáb nua. go foirmiúil mar chód iompair i gcreat comhrialála an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha.

Aontaíonn 82 % de mhuintir na hEorpa gur fadhb don daonlathas is ea nuacht nó faisnéis nach dtugann léiriú ceart ar an bhfírinne nó atá bréagach.

Aontaíonn 77 % de mhuintir na hEorpa gur fadhb ina dtír féin is ea nuacht nó faisnéis den sórt sin a bheith ann.

Tá samhlacha intleachta saorga (IS) ilchuspóireacha ina mbonn anois do go leor córas intleachta saorga san Aontas. Chun intleacht shaorga shábháilte iontaofa a chinntiú, leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga - oscail i dtáb nua. cuirtear rialacha i bhfeidhm do sholáthraithe na samhlacha sin. Chun cabhrú leis an tionscal na rialacha sin a chomhlíonadh, rialacha a tháinig i bhfeidhm i mí Lúnasa, foilsíodh cód cleachtais - oscail i dtáb nua. deonach ina raibh ionchur ó bhreis agus 1,000 páirtí leasmhar, ina measc sin soláthraithe samhlacha, fiontair bheaga agus mheánmhéide, acadóirí, saineolaithe sábháilteachta intleachta saorga, sealbhóirí ceart agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

Is colún tábhachtach í an Fhaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha - oscail i dtáb nua. d’iarrachtaí an Aontais léargas a fháil ar spás faisnéise ar líne na hEorpa agus athléimneacht na sochaí a neartú i gcoinne na bréagaisnéise. Chuir mol nua réigiúnach de chuid na Faireachlainne Eorpaí um na Meáin Dhigiteacha, ar a dtugtar FACT - oscail i dtáb nua., tús lena chuid oibre in 2025 chun tacú leis an Moldóiv agus leis an Úcráin, i measc tíortha eile, maidir leis an mbréagaisnéis a chomhrac. Mar chuid dá mhisean, rinne FACT monatóireacht freisin ar thréimhse thoghcháin 2025 sa Mholdóiv chun a sláine toghcháin a chinntiú.

Henna Virkkunen agus micreafón ina lámh aici agus í ag labhairt mar chuid de phainéal, in éineacht le beirt bhan. Ar an gclár mór taobh thiar díobh, tá na hinisealacha ‘MSC’ agus na focail ‘Munich Security Conference’ [Comhdháil Slándála München] le feiceáil arís agus arís eile.
Henna Virkkunen (sa lár), Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh um Cheannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus an Daonlathas, ag freastal ar phlé painéil maidir le ‘Disinformation and the “AI‑pocalypse” for democracies’ [Bréagaisnéis agus ‘apacailipsis IS’ do dhaonlathais] le linn Chomhdháil Slándála München 2025 in München na Gearmáine, an 14 Feabhra 2025.

Rialacha toghcháin a neartú

Tá sé ríthábhachtach rannpháirtíocht toghcháin a éascú do gach saoránach chun daonlathas sláintiúil a ráthú agus chun iontaoibh a chothú san Aontas. Sin an fáth ar ghlac an tAontas rialacha nua - oscail i dtáb nua. i mí an Mheithimh chun neartú a dhéanamh ar chearta na saoránach soghluaiste vótáil agus seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin Eorpacha, gan beann ar an áit san Aontas ina bhfuil cónaí orthu. Tá go dtí mí an Mheithimh 2027 ag na Ballstáit chun na rialacha a thrasuí sa dlí náisiúnta.

Príomhghné de shaorthoghcháin chóra is ea rochtain gan srian na dtoghthóirí ar fhaisnéis. Le rialacha nua an Aontais maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla - oscail i dtáb nua., atá i bhfeidhm ó bhí Deireadh Fómhair ann, cinntítear díospóireacht oscailte, feachtais chothroma agus saorthoghcháin. Tacaíonn siad freisin le cuntasacht na ngníomhaithe polaitiúla agus le ceart na saoránach a bheith ar an eolas. Faoi na rialacha, ní mór fógraí polaitiúla a lipéadú go soiléir mar fhógraí polaitiúla agus ní mór a léiriú cé a d’íoc astu, cé mhéad a d’íoc siad agus cé acu atá nó nach bhfuil siad dírithe ar phobal ar leith. Cuirfidh sé sin ar chumas na saoránach fógraí polaitiúla a shainaithint go héasca agus roghanna eolasacha a dhéanamh.

Tá daonlathas, slándáil agus geilleagar na hEorpa bunaithe ar an smacht reachta. Is tríothu sin a dhéantar tairbhí nithiúla de luachanna an Aontais dóibh siúd a bhfuil cónaí san Aontas orthu, rud a chothaíonn cobhsaíocht, comhtháthú sóisialta, iomaíochas agus rathúnas eacnamaíoch. Chun maoiniú ón Aontas a fháil, is gá an smacht reachta a urramú. Tá an tAontas Eorpach tiomanta seasamh leis an smacht reachta ionas go bhféadfaidh daoine agus gnólachtaí ar fud an Aontais leas a bhaint as na cearta agus na saoirsí a bhfuil siad ina dteideal.

Aithníonn 89 % de na saoránaigh den Aontas an tábhacht a bhaineann le luachanna an Aontais a urramú, an smacht reachta san áireamh.

Deimhníodh i dtuarascáil 2025 maidir leis an smacht reachta - oscail i dtáb nua., ina mbreathnaítear ar na Ballstáit agus ar cheithre thír is iarrthóirí – an Albáin, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró agus an tSeirbia – go bhfuil conair dhearfach i roinnt mhaith Ballstát, ós rud é go ndearnadh athchóirithe tábhachtacha. Tá dúshláin fós ann, áfach, agus i roinnt cásanna tá an staid tromchúiseach. Sa tuarascáil leagadh béim ar leith ar ghné an Mhargaidh Aonair chun saincheisteanna a bhaineann leis an smacht reachta a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, ar saincheisteanna iad a bhfuil tionchar díreach acu ar an dóigh a ndéanann cuideachtaí infheistíocht, iomaíocht agus fás san Eoraip. Cuirtear i láthair i Scórchlár Ceartais an Aontais - oscail i dtáb nua. 2025 táscairí nua atá ábhartha don Mhargadh Aonair, agus béim á leagan ar an ról ríthábhachtach atá ag córais cheartais éifeachtúla neamhspleácha maidir le timpeallacht mhargaidh atá cothrom agus iomaíoch a chothú.

Ar scála domhanda, tá an tAontas fós ina dhaingean do na meáin shaora, agus caighdeán á leagan síos aige le haghaidh an daonlathais. Mar sin féin, tá treochtaí ann ar ábhar imní iad agus atá ag dul i méid, rud a dheimhníonn gur gá don Aontas bearta níos láidre a dhéanamh chun an bunphrionsabal sin de dhaonlathas na hEorpa a chosaint. Chuige sin, tháinig an chuid is mó d’fhorálacha an Ghnímh Eorpaigh um Shaoirse na Meán - oscail i dtáb nua. i bhfeidhm ón 8 Lúnasa. Is é is aidhm do na rialacha cosaint níos fearr a thabhairt do na meáin agus d’iriseoirí ar chur isteach polaitiúil agus a chinntiú gur féidir leo oibriú ar bhealach níos éasca thar theorainneacha, gan brú míchuí. Is é is aidhm don Bhord Eorpach nua um Sheirbhísí na Meán - oscail i dtáb nua., a bunaíodh faoin ngníomh, an comhar a neartú ar leibhéal an Aontais, ina measc sin i gcoinne ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis, agus cur i bhfeidhm éifeachtach comhsheasmhach chreat dhlí an Aontais maidir leis na meáin a chur chun cinn.

Tacaíocht ón Aontas le haghaidh meáin shaora

€900,000 chun seasamh na gcomhairlí preasa agus meán a neartú i dtimpeallacht chomhtháite meán.

€500,000 chun córas monatóireachta úinéireachta meán - oscail i dtáb nua. a chur chun feidhme chun bunachar sonraí tírbhunaithe a sholáthar.

Deontais €2 mhilliún chun tacú leis an nuálaíocht sna meáin áitiúla agus réigiúnacha agus chun borradh a chur faoin iolrachas.

€3 mhilliún le haghaidh sásra mearfhreagartha - oscail i dtáb nua. chun cuidiú praiticiúil a chur ar fáil chun iriseoirí atá faoi bhagairt a chosaint.

€1.1 milliún chun Monatóir ar Iolrachas sna Meáin - oscail i dtáb nua. a chur i bhfeidhm chun rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don iolrachas sna meáin a shainaithint.

€5.2 milliún chun tacú le hathdheonú d’earnálacha meán a bhfuil ábharthacht speisialta ag baint leo don daonlathas - oscail i dtáb nua. (mar shampla iriseoireacht áitiúil agus iniúchach, iriseoireacht leasa phoiblí agus meáin phobail).

€2.9 milliún le haghaidh mol um shaoirse na meán - oscail i dtáb nua. chun tacú le meáin neamhspleácha Bhealarúiseacha agus Rúiseacha atá ann cheana agus atá bunaithe cheana agus a oibríonn san Aontas.

Duais Sakharov 2025

Gach bliain, bronnann Parlaimint na hEorpa Duais Sakharov chun onóir a thabhairt do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí thar na bearta a chosnaíonn cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, a chosnaíonn cearta mionlach agus a throideann ar son urraim don dlí idirnáisiúnta, don daonlathas agus don smacht reachta.

Is ar Andrzej Poczobut ón mBealarúis agus Mzia Amaglobeli ón tSeoirsia a bronnadh Duais Sakharov 2025 um Shaoirse Smaointeoireachta, beirt iriseoirí a cuireadh i bpríosún as labhairt amach in aghaidh lucht na cumhacha. Tá an bheirt acu ina siombailí anois den streachailt ar son na saoirse agus an daonlathais. Seasann an tAontas leo, agus leo siúd go léir a bhfuil an tsaoirse á héileamh acu i gcónaí.

Roberta Metsola ina seasamh in éineacht le beirt bhan, Jana Poczobut agus Irma Dimitradze. Tá dioplóma gorm na duaise Sakharov i bhfráma ag gach duine acu. Taobh thiar díobh, tá Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ag bualadh bos.
Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa (sa lár), le Jana Poczobut (ar dheis), iníon an iriseora Andrzej Poczobut ón mBealarúis atá i bpríosún, agus Irma Dimitradze (ar chlé), ionadaí an iriseora Mzia Amaglobeli ón tSeoirsia atá i bpríosún, le linn shearmanas bronnta na Duaise Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta i bParlaimint na hEorpa, Strasbourg, an Fhrainc, an 16 Nollaig 2025.

Is é an rud is tábhachtaí maidir le daonlathas sláintiúil ná saoránaigh chumhachtaithe. Tá an tAontas tiomanta éisteacht go cúramach le saoránaigh agus le páirtithe leasmhara agus rannpháirtíocht an phobail a spreagadh sa phróiseas ceaptha beartas. Baintear an méid sin amach trí roinnt tionscnamh, cuir i gcás comhairliúcháin phoiblí agus aiseolas - oscail i dtáb nua., an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh - oscail i dtáb nua. agus na Painéil Saoránach Eorpach - oscail i dtáb nua.. Leis na Painéil Saoránach Eorpach, ar cuid rialta den saol daonlathach san Aontas anois iad, tugtar le chéile 150 saoránach a roghnaítear go randamach ó gach ceann de na 27 mBallstát chun plé a dhéanamh ar dhúshláin chriticiúla fhadtéarmacha agus chun moltaí a dhéanamh do lucht ceaptha beartas. Le linn na bliana, sheol an tAontas idirphlé straitéiseach le príomhearnálacha tionscail freisin, rud a chruthaigh fóram cuimsitheach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shonracha.

In 2025 rinne an Coimisiún obair leantach ar an Tionscnamh Eorpach rathúil ó na Saoránaigh in 2023 dar teideal ‘Stop finning – Stop the trade’ [Cuirtear deireadh le teascadh eití – Cuirtear deireadh leis an trádáil], inar iarradh ar an Aontas gníomhaíocht a dhéanamh chun deireadh a chur leis an trádáil idirnáisiúnta in eití scaoilte siorcanna. Amhail ó Eanáir 2025, tá dlús curtha ag an gCoimisiún leis an monatóireacht ar thrádáil táirgí siorcanna a bhuí le 13 chód taraife nua le haghaidh siorcanna agus a n-eití.

  • 98 gcomhairliúchán phoiblí a seoladh in 2025

    Fuarthas aiseolas i leith:

    • 201 dhoiciméad glao ar fhianaise;
    • 51 thogra reachtach;
    • 224 dhréachtghníomh cur chun feidhme agus tarmligthe.
  • Seoladh 4 thionscnamh Eorpacha nua ó na Saoránaigh

    • ‘HouseEurope! Athchóirímis anois’.
    • ‘Is ceart daonna do chách é an ceart chun bia! Córais bhia atá sláintiúil, cóir agus inbhuanaithe a ráthú.
    • ‘Sábháil do chearta, sábháil d’eitilt!’
    • ‘Éileamh chun an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus Iosrael a chur ar fionraí go hiomlán i bhfianaise sháruithe Iosrael ar chearta an duine’.
  • Eagraíodh 2 phainéal saoránach nua

    • Painéal Saoránach Eorpach maidir le buiséad nua an Aontais.
    • Painéal Saoránach Eorpach maidir le cothroime idirghlúine.
Grúpa éagsúil daoine ina suí i sraitheanna ag deasca. Tá cluasáin ar na rannpháirtithe uile. Sa tulra, tá bean óg ag gáire agus na cluasáin á socrú ar a ceann aici.
Seisiún den Phainéal Saoránach Eorpach maidir le Cothroime Idirghlúine, sa Bhruiséil, an Bheilg, Meán Fómhair 2025. Tionóladh an painéal seo chun plé a dhéanamh ar an gcuma ba cheart a bheith ar Aontas atá cothrom i leith gach glúine, inbhuanaithe agus cuimsitheach. Cuirfidh na moltaí ó na saoránaigh bonn eolais go díreach faoin Straitéis maidir le Cothroime Idirghlúine atá ar na bacáin, atá le teacht in 2026.