CAIBIDIL 1

Tacaíocht ón Aontas don Úcráin

Beirt leanaí ina suí ar bhinse ar gach taobh de dhealbh a bhfuil feisteas traidisiúnta na hÚcráine uirthi a dtugtar vyshyvanka uirthi, miongháire orthu agus iad ag gabháil do ghrianghraif. Féach fotheideal an ghrianghraif
Páistí ag gabháil do ghrianghraf in aice leis an dealbh de Lybid a bhfuil vyshyvanka uirthi i gCív san Úcráin, an 24 Lúnasa 2025, ar Lá Neamhspleáchais na tíre.
© Yan Dobronosov/Global Images Ukraine trí Getty Images

Tá an tAontas diongbháilte i gcónaí ina thiomantas tacaíocht a thabhairt don Úcráin i bhfianaise chogadh foghach na Rúise gan chúis gan údar i gcoinne na tíre agus a hiarrachtaí neamhdhleathacha chun críocha na hÚcráine a ionghabháil. Ní saoirse na hEorpa go saoirse na hÚcráine, agus sin an fáth a leanfaidh an tAontas de thacaíocht chuimsitheach pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta a chur ar fáil don Úcráin agus dá muintir, i gcomhar le comhpháirtithe agus comhghuaillithe atá ar aon intinn leis.

Tá tacaíocht mhíleata gan fasach curtha ar fáil ag an Aontas d’fhórsaí armtha na hÚcráine agus fáilte curtha aige roimh níos mó ná 4 mhilliún Úcránach a bhí ag lorg tearmainn sna Ballstáit. Tá sé an-ghníomhach freisin maidir le tacú le hathchóirithe na hÚcráine agus í ar a bealach i dtreo ballraíocht san Aontas, lena gcuimsítear lánpháirtiú na hÚcráine de réir a chéile sa Mhargadh Aonair a bhrú chun cinn. Tá tacaíocht shuntasach airgeadais tugtha ag an Aontas freisin chun borradh a chur faoi athléimneacht, téarnamh agus atógáil na tíre. Ar deireadh, leanfaidh an Coimisiún de bheith ag iarraidh go mbeidh síocháin chóir fhadtéarmach ann i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta – mar shampla prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe – lena n‑athbhunófar ceannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na hÚcráine.

Tá beagnach ceithre bliana caite ó chuir an Rúis tús lena cogadh foghach iomlán ar an Úcráin. Tá an tAontas tiomanta i gcónaí tacú leis an Úcráin agus lena muintir a fhad is gá. Leanadh den iarracht sin in 2025, bunaithe ar chreideamh an Aontais go mbeidh an Úcráin ina tír shíochánta rathúil dá saoránaigh uile go luath, í go hiomlán sa bhaile san Aontas. Faoi dheireadh 2025, b’ionann an tacaíocht a bhí curtha ar fáil ag an Aontas - oscail i dtáb nua. agus a Bhallstáit ó thús an chogaidh agus €193.3 billiún. In 2025 amháin, chumhdaigh an tAontas 84% de riachtanais maoiniúcháin sheachtraigh na hÚcráine. Lean an Coimisiún dá chúnamh a chomhordú le príomhthacadóirí eile trí Ardán Comhordaithe Deontóirí don Úcráin. Ag an gComhairle Eorpach an 18 agus an 19 Nollaig, chinn ceannairí an Aontais maoiniú breise €90 billiún a shlógadh do 2026-2027 trí iasachtaíocht chomhchoiteann a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad an Aontais.

Lean an tAontas de thacú le cabhair dhaonnúil ríthábhachtach san Úcráin agus sa Mholdóiv araon, agus cistiú á dhíriú ar chúnamh éigeandála. Cumhdaítear leis sin €40 milliún - oscail i dtáb nua. a leithdháileadh i mí Mheán Fómhair chun cabhrú le muintir na hÚcráine an ceathrú geimhreadh de chogadh foghach na Rúise a sheasamh, chun cabhrú le comhpháirtithe cabhrach daonnúla an Aontais ábhair dídine a sheachadadh, chun tithe agus ionaid a ndearnadh dochar dóibh a dheisiú do dhaoine easáitithe agus chun rochtain ar uisce, ar shláintíocht agus ar theas a fheabhsú.

Ó rinne an Rúis ionradh iomlán i mí Feabhra 2022, tá os cionn €1 bhilliún leithdháilte ag an gCoimisiún ar chláir cabhrach daonnúla san Úcráin, lena gcuimsítear €220 milliún in 2025.

Chun cúnamh éigeandála a chur ar fáil d’Úcránaigh, tá an gníomhachtú is mó riamh faoi Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta - oscail i dtáb nua. á comhordú ag an Aontas. Go dtí seo, tá cúnamh comhchineáil curtha ar fáil ag gach ceann de na 27 mBallstát, in éineacht le sé thír rannpháirteacha (an Íoslainn, an Mholdóiv, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an tSeirbia agus an Tuirc), lena gcumhdaítear soláthairtí leighis, earraí dídine, feithiclí agus trealamh fuinnimh, i measc eile. San iomlán, tá os cionn 156,000 tona cúnaimh curtha ar fáil don Úcráin. Ina theannta sin, ó bhí 2022 ann, aistríodh níos mó ná 4,700 othar le haghaidh cúram in ospidéil ar fud na hEorpa.

Tacaíocht don Úcráin agus d’Úcránaigh (2022–2025)

Cairt ina léirítear miondealú ar an tacaíocht airgeadais iomlán a thug an tAontas don Úcráin idir 2022 agus 2025.

Léirítear sa chairt an tacaíocht a thug an tAontas don Úcráin agus dá muintir idir 2022 agus 2025, tacaíocht ar fiú níos mó ná €193.3 billiún í. Os cionn €103.3 billiún a bhí sa sciar is mó, is é sin cúnamh airgeadais, eacnamaíoch agus daonnúil, agus €69.36 billiún a bhí sa tacaíocht mhíleata. Cuireadh €17 mbilliún breise ar fáil do na Ballstáit chun cabhrú le daoine atá ag teitheadh ón gcogadh, agus cuireadh €3.7 billiún ar fáil ó fháltais shócmhainní Rúiseacha blocáilte.

Leanann an tAontas d’fháilte a chur rompu siúd atá ag teitheadh ón gcogadh. In 2025 d’aontaigh na Ballstáit síneadh a chur leis an stádas cosanta sealadaí - oscail i dtáb nua. atá ann faoi láthair, lena gcuirtear ar a gcumas do mhuintir na hÚcráine maireachtáil, oibriú agus staidéar a dhéanamh san Aontas go dtí an 4 Márta 2027. Ó 2022 i leith, tá fáilte curtha ag na Ballstáit roimh níos mó ná 4 mhilliún duine. I mí an Mheithimh, mhol an Coimisiún go dtosódh na Ballstáit ag ullmhú d’aistriú ón gcóras cosanta sealadaí i dtreo roghanna stádais dhlíthiúil eile agus go n-éascóidís filleadh agus ath-imscaradh na ndaoine sin ar mian leo filleadh abhaile chun na hÚcráine.

I mí Iúil, d’fhógair an Coimisiún freisin go bhfuil sé tiomanta ballraíocht chomhlachaithe sa chlár Erasmus+ a chur ar fáil don Úcráin, rud a leathnóidh deiseanna oideachais agus soghluaisteachta do mhic léinn agus do mhúinteoirí na hÚcráine. Ina theannta sin, tacóidh Erasmus+ le 2 mhilliún téacsleabhar nua a dháileadh ar dhaltaí Úcránacha sa scoilbhliain 2025/2026.

Seomra ranga ina bhfuil leanaí Úcránacha ag súgradh agus ag foghlaim.
Leanaí Úcránacha ag súgradh agus ag foghlaim ag dídean nua a fuair maoiniú ón Aontas in Molodizhne, Odesa oblast, an Úcráin a osclaíodh i mí na Bealtaine 2025. Leis an tsaoráid nua-aimseartha frithradaíochta seo, tá spás ar fáil do 700 mac léinn ón Úcráin chun filleadh ar an oideachas as líne, agus feidhmíonn sí mar scoil, ionad cultúrtha agus mol óige faoi thalamh. © CPVA
Buachaill agus cailín ina seasamh i bhfeisteas traidisiúnta na hÚcráine lasmuigh d’fhoirgneamh riaracháin nua.
Searmanas ar siúl in ionad seirbhíse riaracháin a bunaíodh in Bashtanka, an Úcráin, i mí Aibreáin 2025 mar chuid den scéim EU4Recovery - oscail i dtáb nua., ar comhpháirtíocht í idir an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe.
© Anton Sevastianov/UNDP san Úcráin

Tacaíocht ón Aontas don oideachas, don chultúr agus don tsochaí shibhialta san Úcráin (2022–2025)

  • €100 milliún tiomnaithe chun tacú le rochtain shábháilte ar oideachas do leanaí san Úcráin.
  • Soghluaisteacht níos mó ná 52,000 saoránach Úcránach san oideachas, san oiliúint, san óige agus sa spórt faoi Erasmus+.
  • €60 milliún do thionscadail atá dírithe ar acmhainneacht ollscoileanna, institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna, agus eagraíochtaí spóirt agus óige na hÚcráine a fhorbairt faoi Erasmus+.
  • €65 mhilliún le haghaidh lón scoile sláintiúil saor in aisce do 70,0000 dalta bunscoile san Úcráin.
  • Deonaíodh breis agus 380 bus scoile.
  • 1.5 milliún téacsleabhar seachadta chuig mic léinn.
  • Cuireadh níos mó ná €50 milliún ar fáil chun tacú le hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha na hÚcráine, lena gcuimsítear os cionn €11.5 milliún atá tiomnaithe don oidhreacht chultúrtha.
  • Tá 75 thionscnamh ó 24 Bhallstát agus ón gCoimisiún i dTionscnamh Team Europe maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha san Úcráin anois.
  • Breis agus €700,000 i ndeontais soghluaisteachta d’ealaíontóirí agus do ghairmithe cultúrtha.
  • €123 mhilliún chun tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta san Úcráin.
Grúpa mac léinn ón Úcráin bailithe le chéile in éineacht le Kaja Kallas agus bratach na hÚcráine ina lámh acu.
Kaja Kallas, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus í ag cur fáilte chuig an gCoimisiún roimh thoscaireacht mac léinn agus comhaltaí foirne ó Acadamh Ceannaireachta na hÚcráine sa Bhruiséil, an Bheilg, an 5 Bealtaine 2025. Is ardán foirmitheach luachbhunaithe é an t-acadamh d’fhorbairt phearsanta agus shóisialta daoine óga.

Tá dlúthbhaint idir slándáil na hÚcráine agus slándáil na hEorpa. Sin é an fáth gurb é príomhthosaíocht an Aontais deireadh a chur le cogadh foghach na Rúise agus lena hiarrachtaí neamhdhleathacha chun críoch na hÚcráine a ionghabháil, agus síocháin chothrom mharthanach a chinntiú. Ar feadh 2025, thóg an tAontas céimeanna suntasacha i dtreo an chuspóra an‑dúshlánach agus an-chasta sin, lena gcuimsítear tacaíocht mhíleata leanúnach a chur ar fáil agus pacáistí smachtbhannaí comhleanúnacha a sheoladh lenar forchuireadh fíorchostais ar gheilleagar na Rúise.

Leis na smachtbhannaí nua, chuir an tAontas srian breise ar rochtain na Rúise ar theicneolaíochtaí ón láthair chatha, rinne sé a coimpléasc tionsclaíoch míleata a lagú agus chuir sé dlús leis an gcomhrac i gcoinne a scáthchabhlaigh. Rinne an tAontas na srianta ar ioncam fuinnimh na Rúise a ghéarú freisin agus thug sé isteach toirmeasc ar iompórtáil gáis nádúrtha leachtaithe ón Rúis ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh.

Tá thart ar €66 bhilliún de thacaíocht mhíleata curtha ar fáil ag an Aontas agus a Bhallstáit ó thús fhogha míleata iomlán na Rúise faoin Úcráin, a bhfuil €6.4 billiún de curtha ar fáil tríd an tSaoráid Eorpach Síochána - oscail i dtáb nua.. Chuir an tAontas €3.4 billiún ar fáil freisin ó na fáltais ó shócmhainní blocáilte na Rúise, agus ag an am céanna is soláthraí fíor-riachtanach oiliúna é d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine trí Mhisean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin - oscail i dtáb nua., misean a bhfuil oiliúint curtha aige ar thart ar 85,000 pearsanra míleata de chuid na hÚcráine go dtí seo. Cuidíonn na cineálacha tacaíochta míleata sin go léir chun an Úcráin a neartú ar an láthair chatha agus ag an mbord caibidlíochta, rud a chosnaíonn beatha mhuintir na hÚcráine.

Le linn 2025, lean an tAontas de bheith ag cinntiú go dtabharfar ceannaireacht na Rúise chun cuntais as na coireanna ainghníomhartha a rinneadh san Úcráin agus ina coinne. I mí Feabhra, leag an Coimisiún, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Comhairle na hEorpa agus an Úcráin, mar aon le 37 dtír eile, an bhunchloch chun an Binse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin a bhunú. Ba i mí an Mheithimh a síníodh an comhaontú idir Comhairle na hEorpa agus an Úcráin i dtaca leis an mbinse a bhunú. Beidh sé de chumhacht ag an mbinse ceannairí polaitiúla agus míleata na Rúise a thabhairt chun cuntais, arb iad is mó atá freagrach as na hainghníomhartha a rinneadh san Úcráin. I mí na Nollag shínigh an Coimisiún an Coinbhinsiún lena mbunaítear an Coimisiún Éileamh Idirnáisiúnta don Úcráin thar ceann an Aontais. Tráth cinniúnach a bhí sa síniú sin ó thaobh iarrachtaí comhchoiteanna na hEorpa cuntasacht agus ceartas a chinntiú don Úcráin agus do mhuintir na hÚcráine, rud lena gcinnteofar go dtabharfaí cúiteamh cuí d’íospartaigh chogadh foghach brúidiúil na Rúise.

Chun a chinntiú go gcuirfear smachtbhannaí an Aontais i bhfeidhm ina n-iomláine, neartaíodh dlí an Aontais chun go mbeidh na Ballstáit in ann sócmhainní a bhaineann le cionta coiriúla a choigistiú. A bhuí leis an Tascfhórsa ‘Calcadh agus Coigistiú’ - oscail i dtáb nua., faoi dheireadh 2025 bhí níos mó ná €27 mbilliún de shócmhainní príobháideacha ar le holagarcaí na Rúise agus na Bealarúise agus a gcomhlaigh iad calctha ag na Ballstáit.

  • Tá imscrúdú á dhéanamh ag an Úcráin ar 200,302 theagmhas de choireanna idirnáisiúnta líomhnaithe, agus meastar go bhfuil líon iarbhír na n-ainghníomhartha níos airde fós.
  • Cuireadh níos mó ná 65,000 éileamh faoi bhráid Chlár an Damáiste don Úcráin, i 13 chatagóir, faoi dheireadh 2025.
  • 18 mBallstát tar éis tús a chur le himscrúduithe náisiúnta ar choireanna idirnáisiúnta a rinneadh san Úcráin.
  • 6 Bhallstát mar chuid d’fhoireann chomhpháirteach um imscrúdú a fhaigheann tacaíocht ó Eurojust – in éineacht leis an Úcráin, leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus le Europol – chun comhordú a dhéanamh ar bhailiú fianaise agus imscrúduithe ar chroíchoireanna idirnáisiúnta a rinneadh san Úcráin.
  • 5 Bhallstát, in éineacht leis an Úcráin, rannpháirteach sa Lárionad Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh Choir an Fhogha faoin Úcráin, le dlúth-rannpháirtíocht na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta.

Bhunaigh an tAontas an tSaoráid don Úcráin - oscail i dtáb nua., ionstraim mhaoiniúcháin thiomnaithe dar luach suas le €50 billiún chun tacaíocht intuartha sholúbtha a chur ar fáil don Úcráin le haghaidh 2024–2027 agus chun tacú lena téarnamh, lena hatógáil agus lena nuachóiriú, i gcomhréir lena conair i dtreo an Aontais.

I mí Feabhra 2025, chuir an tAontas pacáiste tacaíochta - oscail i dtáb nua. nua ar fáil don Úcráin chun gur féidir í a lánpháirtiú go hiomlán i margadh fuinnimh na hEorpa faoi thús 2027, in éineacht leis an Moldóiv, mar aon le lánpháirtiú breise in earnáil gáis an Aontais, ar choinníoll go gcuirfidh an Úcráin dlús suntasach leis na hathchóirithe margaidh is gá.

Ag an am céanna, lean an tAontas de lánpháirtiú na hÚcráine sa Mhargadh Aonair de réir a chéile a bhrú chun cinn, go háirithe trí na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin. Mar thoradh air sin, chuaigh an Úcráin isteach sa limistéar ‘Fánaíocht ar Tháille Baile - oscail i dtáb nua.’ an 1 Eanáir 2026. Ina theannta sin, tá athnuachan déanta ag an Aontas agus ag an Úcráin ar a gcomhaontú maidir le hiompar de bhóthar - oscail i dtáb nua. go dtí mí an Mhárta 2027, rud a chumasaíonn idirthuras lasta trasteorann níos rianúla chun tairbhe an dá gheilleagar. Tá iompar gléasra iomlán cumhachta teirmí ón Liotuáin go dtí an Úcráin curtha i gcrích ag an gCoimisiún freisin chun tacú le riachtanais fuinnimh an daonra – an gníomhachtú is mó go dtí seo faoi Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.

Leis na Lánaí Dlúthpháirtíochta - oscail i dtáb nua., a leagadh amach i mí na Bealtaine 2022, leantar de bheith ag cinntiú gur féidir leis an Úcráin na hearraí atá de dhíth uirthi a iompórtáil agus roinnt táirgí talmhaíochta agus táirgí eile a easpórtáil. Cé go raibh siad ríthábhachtach d’easpórtálacha talmhaíochta na hÚcráine go dtí lár 2023, d’éirigh leis an Úcráin troid in aghaidh na Rúise ó shin chun conair na Mara Duibhe a dhaingniú. Tacaíonn an tAontas le trádáil na hÚcráine atá nasctha leis an Muir Dhubh trí thacú leis an gconair sin, rud a chuireann ar chumas shoithí na hÚcráine leanúint de bheith ag easpórtáil. Ag an am céanna, tá infheistíocht déanta ag an Aontas i mbonneagar agus i gcomhordú chun a chinntiú go leanfaidh an bealach muirí sin de bheith inmharthana agus slán.

Lean an tAontas d’ionstraimí ráthaíochta creidmheasa easpórtála a úsáid le linn na bliana chun tacú le trádáil. Mar shampla, i mí an Mheithimh, thángthas ar an gcéad chomhaontú - oscail i dtáb nua. faoi Shaoráid Ráthaíochta Creidmheasa Onnmhairiúcháin an Aontais don Úcráin, lenar soláthraíodh ráthaíochtaí dar luach €20 milliún d’easpórtálacha an Aontais chuig an Úcráin trí Oifig Easpórtála‑Iompórtála na Danmhairge.

Mar chuid de thiomantas leanúnach an Aontais d’atógáil na hÚcráine in 2025 bhí ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí, deontais agus tacaíocht ar choinníoll athchóirithe chun borradh a chur faoi athléimneacht agus cobhsaíocht eacnamaíoch na tíre agus chun tacú lena téarnamh inbhuanaithe fadtéarmach. Cuid lárnach de na hiarrachtaí sin is ea an tSaoráid don Úcráin 2024-2027. Cuireadh €9.5 billiún san iomlán de thacaíocht ón Aontas ar fáil don Chreat Infheistíochta don Úcráin, brainse infheistíochta na Saoráide don Úcráin, agus ceapadh é chun suas le €40 billiún d’infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a shlógadh le haghaidh théarnamh agus atógáil na hÚcráine. Go dtí seo, leithdháileadh €6.9 billiún chun cláir infheistíochta a chistiú a théann chun tairbhe go díreach do mhuintir na hÚcráine – poist nua a chruthú, leictreachas, teas agus uisce glan a sholáthar, tacú le tithíocht inacmhainne, foscadáin bhuamála a thógáil, bonneagar a ndearnadh damáiste dó de dheasca an chogaidh a athshlánú agus tuilleadh.

Seoladh glao ar thograí - oscail i dtáb nua. i mí an Mhárta chun tacú le gnólachtaí beaga, le pobail atá thíos leis an gcogadh agus le hinfheistíochtaí téarnaimh. Bhí sé d’aidhm aige rochtain ar thacaíocht airgeadais do mhicrifhiontair, d’fhiontair bheaga agus d’fhiontair mheánmhéide a leathnú trí bhainc chun comhtháthú socheacnamaíoch na hÚcráine a neartú. Ina dhiaidh sin tháinig glao nua ar léirithe spéise, ar tháinig deireadh leis i mí Dheireadh Fómhair.

Chun naisc iompair idir an tAontas, an Úcráin agus an Mholdóiv a fheabhsú, tá breis agus €2.3 billiún slógtha ag an Aontas go dtí seo, lena gcuimsítear €1.55 billiún i dtacaíocht deontais neamh-inaisíoctha ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Mar shampla, i mí Mheán Fómhair, d’oscail an Úcráin an chéad líne iarnróid ar leithead caighdeánach an Aontais - oscail i dtáb nua., rud a chumasaigh taisteal traenach díreach ón Úcráin go cathracha ar nós Bhúdaipeist na hUngáire agus Vín na hOstaire. I mí Iúil, roghnaíodh tionscadal nua dar luach €73.5 milliún faoin tsaoráid chun nasc iarnróid ar leithead caighdeánach an Aontais a thógáil ón bPolainn go Sknyliv (gar do Lviv) san Úcráin. Cuirfidh sé sin le lánpháirtiú breise na hÚcráine i ngréasán iarnróid an Aontais.

Sa bhreis ar mhaoiniú díreach, tá an tAontas ag díriú ar athchóirithe struchtúracha agus institiúideacha mar chuid den phróiseas atógála. Tá sé de chúram ar an Úcráin plean téarnaimh agus athchóirithe a chur i bhfeidhm; sásraí daonlathacha, an smacht reachta agus cearta an duine a chaomhnú; agus rialachas trédhearcach cuntasach a choinneáil ar bun.

Infheistíocht i dtodhchaí na hÚcráine

Is é is aidhm do na comhaontuithe a rinneadh le linn na Comhdhála ar Théarnaimh na hÚcráine infheistíocht suas le €10 mbilliún a chur ar fáil chun tithe a atógáil, ospidéil a athoscailt, gnólachtaí a athbheochan agus fuinneamh a chinntiú, rud a chuideoidh leis an Úcráin bogadh níos gaire don Aontas gach lá. Léiríonn na hiarrachtaí sin fís atógála lena nasctar atógáil spásanna fisiciúla le neartú chumas na hÚcráine comhtháthú le noirm, luachanna agus margaí Eorpacha.

Grianghraf de ghrúpa de Choimisinéirí Eorpacha agus ceannairí eile.
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (an chéad ró, an naoú duine ar chlé), agus António Costa, Uachtarán na Comhairle Eorpaí (an chéad ró, an 16ú duine ar chlé), in éineacht le ceannairí eile ag an gComhdháil ar Théarnamh na hÚcráine sa Róimh, an Iodáil, an 10 Iúil 2025.