Féach fotheideal an ghrianghraifFeisirí de Pharlaimint na hEorpa ag caitheamh vóta i seisiún iomlánach de chuid na Parlaiminte i ndáil le dlí nua de chuid an Aontais maidir le saoirse an meán atá ceaptha iriseoirí a chosaint ar chur isteach polaitiúil agus feabhas a chur ar an trédhearcacht maidir le húinéireacht na meán, Strasbourg, an Fhrainc, an 13 Márta 2024.
In 2024, d’oibrigh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh go dlúth le chéile chun aghaidh a thabhairt ar leasanna coiteanna an Aontais agus chun torthaí a bhaint amach dá shaoránaigh. Leanadh d’iarrachtaí a dhéanamh maidir le próiseas reachtóireachta an Aontais a fheabhsú agus údaráis riaracháin a athchóiriú ionas go mbeidís níos ullmhaithe do na deiseanna agus na dúshláin a thagann chun cinn sa domhan seo ina mairimid atá ag síorathrú. Rinneadh dul chun cinn freisin maidir le daonlathais níos athléimní a thógáil ar fud an Aontais trí shaorthoghcháin chóra a chur chun cinn, saoirse na meán a neartú agus cur i gcoinne na bréagaisnéise. Torthaí níos fearr a bhaint amach do na saoránaigh trí rialacha an Aontais a fheabhsú, sin cuspóir comhroinnte a bhfuil institiúidí uile an Aontais agus na Ballstáit freagrach as. Cuimsítear leis sin saoránaigh a chumhachtú chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas daonlathach.
Institiúidí láidre
Tá leagan amach ar leith ag institiúidí an Aontais, agus bíonn an córas cinnteoireachta ag síorathrú. I bprionsabal, is é an Coimisiún Eorpach a mholann dlíthe nua i gcomhréir le treo polaitiúil na Comhairle Eorpaí, agus is iad Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh a ghlacann iad mar chomhreachtóirí. Cuireann na Ballstáit na dlíthe chun feidhme ansin, agus cinntíonn an Coimisiún go gcuirtear i bhfeidhm i gceart iad. Comhlánaítear obair na n-institiúidí sin le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile - oscail i dtáb nua..
Bíonn a seal féin ag na Ballstáit i gceannas uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh gach 6 mhí. In 2024, bhí an uachtaránacht ag an mBeilg ar dtús agus ag an Ungáir ina dhiaidh sin.
Cuirtear tús le timthriall institiúideach an Aontais as an nua gach 5 bliana leis na toghcháin don Pharlaimint. Is codanna ríthábhachtacha de phróiseas daonlathach an Aontais iad na toghcháin sin agus Coimisiún nua a cheapadh ina dhiaidh sin mar a leagtar amach sna conarthaí - oscail i dtáb nua.. Sa bhliain dheireanach de thimthriall 2019–2024, d’éirigh le hinstitiúidí an Aontais a gcuspóirí uaillmhianacha a bhí leagtha síos don tréimhse sin a bhaint amach, agus réitigh siad an bealach do thimthriall polaitiúil nua 2024–2029 (féach Caibidil 0).
Tá sé fíorthábhachtach go feidhmíonn próiseas idirinstitiúideacha an Aontais go cuí chun go n-éireoidh leis an gceapadh beartas. Mar shampla, caithfear a chinntiú go mbíonn parlaimintí náisiúnta na mBallstát agus coistí comhairleacha agus gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais rannpháirteach ann. In 2024, bhí Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún dírithe ar fheabhas a chur ar a gcomhar le gníomhaithe ón tsochaí shibhialta agus le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i dtíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas chun ullmhú do mhéadú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Aontas amach anseo. Ag an am céanna, lean institiúidí an Aontais de mhachnamh a dhéanamh ar na hathchóirithe ba ghá - oscail i dtáb nua. chun cabhrú leis an Aontas a bheith réidh don todhchaí, a mhéid a bhaineann le méaduithe breise agus leis an ngá atá le freagairt do dhúshláin dhomhanda atá ag éirí níos casta.
PODCHRAOLADH: Podchraoladh ina bpléitear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a Chomhrac.
I mí an Mheithimh, cruthaíodh gníomhaireacht dhíláraithe nua chun cosaint níos fearr a thabhairt do shaoránaigh an Aontais agus do chóras airgeadais an Aontais in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.. Tá an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac - oscail i dtáb nua. ar cheann de roinnt gníomhaireachtaí ar fud an Aontais a chuireann le cur chun feidhme bheartais an Aontais.
FÍSEÁN: In 2024 bhí 30 bliain slán ag Coiste Eorpach na Réigiún.
Fadbhreathnaitheacht straitéiseach
Tacaíonn an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach - oscail i dtáb nua. le ceapadh beartas agus pleanáil straitéiseach réamhbhreathnaitheach an Aontais trí iniúchadh a dhéanamh ar threochtaí a thiocfaidh chun cinn amach anseo ar dócha go mbeidh tionchar suntasach acu ar an Aontas. Cabhraíonn sé chun rioscaí agus deiseanna a thuar, rioscaí agus deiseanna a mhúnlóidh todhchaí na hEorpa. I dtuarascáil 2024 ar threochtaí domhanda - comhad PDF, oscail i dtáb nua. – comhthionscadal ó naoi n-institiúid agus comhlacht de chuid an Aontais faoin gCóras Eorpach um Anailís Straitéiseach agus Beartais – leagtar amach na príomhthreochtaí meántéarmacha agus fadtéarmacha agus tugtar léargas inti do cheannairí an Aontais ar na príomhroghanna straitéiseacha do na blianta atá le teacht (féach Caibidil 0).
Le linn na bliana, neartaigh institiúidí an Aontais a gcomhar leis na Ballstáit maidir le plé straitéiseach ar leibhéal an Aontais a bhuí leis an Líonra Fadbhreathnaitheachta uile-Aontais. Baineann sé sin le hiarrachtaí chun riaracháin phoiblí ar fud na hEorpa a nuachóiriú, iarrachtaí a lean ar aghaidh in 2024 faoi thionscnamh ComPAct - oscail i dtáb nua.. Chomh maith le cuidiú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar bhearnaí scileanna agus an sprioc a bhaint amach maidir le 100 % de na príomhsheirbhísí poiblí a bheith inrochtana ar líne faoi 2030, tá sé d’aidhm ag an tionscnamh freisin nach mbeidh an oiread céanna maorlathais ag baint le riaracháin phoiblí, go mbeidh siad níos tapúla ó thaobh seirbhísí a sholáthar, go mbeidh siad níos trédhearcaí agus go mbeidh siad níos gaire don phobal. In 2024, thacaigh an tionscnamh freisin le riaracháin náisiúnta agus réigiúnacha (e.g. san Iodáil, sa Liotuáin agus i Málta) chun acmhainneacht fadbhreathnaitheachta a fhorbairt agus teicnící fadbhreathnaitheachta a úsáid chun cineálacha cur chuige beartais nua a fhorbairt i réimsí na sláinte, an bheartais shóisialta agus an oideachais, cuir i gcás.
Lean institiúidí agus comhlachtaí an Aontais d’infheistíocht a dhéanamh ina n-acmhainneacht fadbhreathnaitheachta. Mar shampla, bhunaigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa creat inmheánach um fhadbhreathnaitheacht straitéiseach, agus neartaigh Coiste Eorpach na Réigiún an comhar fadbhreathnaitheachta le réigiúin leasmhara. Leis na hiarrachtaí sin déantar cinnte de go seasfaidh na beartais an aimsir agus go leanfaidh siad d’fheabhas a chur ar cháilíocht saoil shaoránaigh an lae inniu agus na nglúnta atá le teacht.
Dea-riarachán
Is iad an trédhearcacht, an t-ionracas agus an chuntasacht na príomhthréithe a bhaineann le daonlathas atá bunaithe ar an smacht reachta. Cuireann siad dea-rialachas chun cinn agus cothaíonn siad muinín sa phróiseas ceaptha beartas.
Chun muinín an phobail in institiúidí agus comhlachtaí an Aontais a neartú a thuilleadh agus chun cultúr coiteann eitice a chruthú, shínigh ocht gcinn d’institiúidí agus comhlachtaí an Aontais comhaontú - oscail i dtáb nua. chun comhlacht eitice idirinstitiúideach - oscail i dtáb nua. a bhunú a mbeadh de shainordú aige caighdeáin choiteanna a fhorbairt um iompar eiticiúil na gcomhaltaí agus sásra foirmiúil a bhunú um chomhordú na gceanglas eitice.
Leis an mbunachar sonraí athchóirithe DORIE - oscail i dtáb nua. (Doiciméadú agus Taighde ar Ábhair Institiúideacha Eorpacha), is féidir le húsáideoirí doiciméid maidir le cúrsaí institiúideacha an Aontais a chuardach i dteangacha oifigiúla uile an Aontais.
Ó chlé go deas: Roman Schremser, Príomhoifigeach um Chomhlíonadh agus Rialachais an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Alessandro Chiocchetti, Ard-Rúnaí Pharlaimint na hEorpa, Willem Van de Voorde, Ambasadóir agus Buanionadaí na Beilge chuig an Aontas Eorpach mar Uachtaránacht-in-oifig, Věra Jourová, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh a bhí i gceannas ar Luachanna agus Thrédhearcacht ag an am, Koen Lenaerts, Uachtarán Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, Tony Murphy, Uachtarán Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, Olivér Röpke, Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus Luca Menesini, Leas-Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún, ag an searmanas sínithe le haghaidh cruthú comhlachta eitice idirinstitiúidigh, sa Bhruiséil, sa Bheilg, an 15 Bealtaine 2024.
Is é an tOmbudsman Eorpach - oscail i dtáb nua. an comhlacht atá freagrach as imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin faoi dhrochriarachán i ngníomhaíochtaí institiúidí an Aontais. In 2024, ní bhfuarthas go raibh drochriarachán ann ach i bhfíorbheagán cásanna (thart ar 5 %), agus cuireadh thart ar thrí cheathrú de mholtaí an Ombudsman chun feidhme go rathúil.
Trí chlár oibre an Aontais maidir le Rialáil Níos Fearr - oscail i dtáb nua., lean sé dá chuid oibre chun reachtaíocht éifeachtúil agus éifeachtach a chinntiú freisin agus chun ualaí riaracháin a laghdú gan an bonn a bhaint de na cuspóirí beartais. Cinntíonn an cur chuige ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ go ndéantar aon ualach a tugadh isteach le déanaí a fhritháireamh le hualach comhionann sa réimse beartais céanna a bhaint. Comhlánaíonn an cur chuige sin an clár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála - oscail i dtáb nua., clár trína bhféachtar le rómhaorlathas agus costais neamhriachtanacha a shainaithint agus a bhaint go córasach aon uair a dhéantar athbhreithniú agus meastóireacht ar reachtaíocht an Aontais.
Leanadh de na hiarrachtaí chun feidhmíocht chomhshaoil - oscail i dtáb nua. institiúidí an Aontais a fheabhsú, fuinneamh a shábháil agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní.
Éifeacht seach-iarmharta ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ró-chomhlíonadh a chosc
A chinntiú go gcuirtear rialacha an Aontais i bhfeidhm
Na dlíthe ceannródaíocha a glacadh le linn thimthriall 2019–2024, mar shampla na dlíthe sin a chuidíonn le claochluithe glasa agus digiteacha na sochaithe ina mairimid, ní bhainfear amach na héifeachtaí agus na tairbhí atá beartaithe dóibh mura gcuirtear chun feidhme go hiomlán iad agus mura gcuirtear i bhfeidhm i gceart iad. Tá sé de ról ag an gCoimisiún a chinntiú go ndéanfaidh na Ballstáit uile amhlaidh ar an gcéad dul síos trí bhearta coisctheacha agus, más gá, trí nósanna imeachta um shárú - oscail i dtáb nua. a thionscnamh. Is é is cuspóir do nós imeachta um shárú a chinntiú go gcuireann na Ballstáit dlí an Aontais i bhfeidhm i gceart. Cuirtear béim ar leith ar sháruithe a théann i bhfeidhm ar go leor daoine nó gnólachtaí. I gcás nach féidir na sáruithe arna sainaithint a leigheas, féadfaidh an Coimisiún na cásanna a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus féadfaidh an Chúirt smachtbhannaí airgeadais a fhorchur ar an mBallstát atá faoi chaibidil.
Cuireadh tús le 568 nós imeachta nua um shárú in 2024.
Cuireadh 52 chás faoi bhráid na Cúirte maidir le 19 mBallstát.
Iarradh smachtbhannaí airgeadais in 10 gcás.
Dúnadh 542 nós imeachta um shárú.
Dúnadh 93 % díobh ag céimeanna tosaigh an nós imeachta, rud a shábháil am do dhaoine agus do ghnólachtaí.
Beidh tairbhí praiticiúla ag gabháil leis na bearta sin i réimsí éagsúla beartais agus beidh cosaint níos fearr ag cearta tomhaltóirí agus saoránach mar thoradh orthu.
Ina theannta sin, lean an tAontas dá chuid oibre i dtaca le sáruithe a chosc ar an gcéad dul síos, mar shampla trí thacaíocht luath a thabhairt do na Ballstáit maidir le cur chun feidhme dhlí an Aontais le treoraíocht phraiticiúil, cruinnithe, oiliúint agus cúnamh teicniúil sna príomhréimsí beartais uile. Mar shampla, chuidigh an Coimisiún leis na Ballstáit an Treoir athbhreithnithe maidir le Fuinneamh In-athnuaite a chur chun feidhme, rud a d’éascaigh digitiú na bpróiseas ceadaithe náisiúnta, tríd an tionscnamh Accele-RES - oscail i dtáb nua.. Mar chuid den tionscnamh sin bhí tacaíocht airgeadais agus theicniúil, treoirlínte agus malartuithe rialta maidir le cur chun feidhme.
In 2024 rinneadh iarrachtaí méadaithe freisin chun feabhas a chur ar fhorfheidhmiú an dlí trasteorann le togra le haghaidh rialacha nua - oscail i dtáb nua. i gcoinne cleachtais éagóracha trádála in earnáil na talmhaíochta. Neartóidh na rialacha seasamh na ngníomhaithe is laige sa slabhra soláthair, go háirithe feirmeoirí (féach Caibidil 4 freisin), trína chinntiú go mbeidh na huirlisí is gá ag na húdaráis forfheidhmiúcháin chun imscrúdú a dhéanamh, fianaise a bhailiú agus bearta a dhéanamh i gcoinne ceannaitheoirí atá lonnaithe i mBallstát eile.
Sa tulra, ó chlé go deas: Maroš Šefčovič, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh a bhí i gceannas ar an gComhaontú Glas don Eoraip, an Caidreamh Idirinstitiúideach agus Fadbhreathnaitheacht ag an am, ag tabhairt cuairt ar eastát Jonas Lemaire-Taelemans, feirmeoir Beilgeach, in éineacht le Peter Meedendorp, Uachtarán Chomhairle Eorpach na bhFeirmeoirí Óga, Lennik, an Bheilg, an 9 Eanáir 2024.
Lean an tAontas freisin d’oiliúint na breithiúnachta agus na foirne breithiúnaí in ábhair shibhialta agus choiriúla a mhaoiniú i gcomhréir leis an Straitéis Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach. Cuireann an straitéis cúrsaí comhpháirteacha oiliúna chun cinn do bhaill foirne ó roinnt Ballstát chun líonrú a chumasú agus muinín fhrithpháirteach a fheabhsú. Is é is aidhm dó sin comhar breithiúnach trasteorann a neartú agus a chinntiú go gcuirtear dlíthe i bhfeidhm ar bhealach caighdeánaithe ar fud an Aontais.
An smacht reachta a chaomhnú
Tá sé ríthábhachtach sa lá atá inniu ann, agus an domhan ag éirí níos míshocra agus níos scoilte, go ndéanfar an daonlathas, cearta bunúsacha agus an smacht reachta a chosaint agus a chaomhnú go réamhghníomhach, san Aontas agus níos faide i gcéin. Cuireadh go mór leis an méid sin sa ‘Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta - oscail i dtáb nua.’ in 2024, mar uirlis choisctheach inar léiríodh gur tugadh aghaidh go hiomlán nó go páirteach ar 68 % de na moltaí a eisíodh do na Ballstáit in 2023. Is léiriú é sin ar na hiarrachtaí móra atá á ndéanamh sna Ballstáit chun tabhairt faoi na hathchóirithe is gá chun an smacht reachta a neartú i bpríomhréimsí mar shampla an córas ceartais, na creata frithéillithe, iolrachas agus saoire na meán, agus srianta agus ceartúcháin institiúideacha. Leathnaíodh tuarascáil 2024 chun ceithre thír is iarrthóirí (an Albáin, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró agus an tSeirbia) a chlúdach chun tacú lena n-iarrachtaí athchóirithe. Cuireann an tuarascáil bonn ar fáil le haghaidh idirphlé rialta i measc na n-airí sa Chomhairle Gnóthaí Ginearálta - oscail i dtáb nua. agus i measc Fheisirí Pharlaimint na hEorpa. Tá idirphlé náisiúnta maidir leis an smacht reachta á eagrú ag an gCoimisiún freisin le páirtithe leasmhara sna Ballstáit.
FÍSEÁN: Obair i gcomhar ar an ‘Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta’
Uirlis - comhad PDF, oscail i dtáb nua. thábhachtach eile de chuid an Aontais chun an smacht reachta a chosaint ar sháruithe a dhéanann na Ballstáit is ea an fhéidearthacht Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a ghníomhachtú go frithghníomhach. Cuireadh tús leis an nós imeachta sin, a bhféadfadh fionraí ceart ballraíochta a bheith mar thoradh air ar deireadh, i gcoinne na Polainne in 2017 agus i gcoinne na hUngáire in 2018. In 2024 cuireadh clabhsúr leis - oscail i dtáb nua. an nós imeachta maidir leis an bPolainn tar éis don tír bearta substaintiúla a thabhairt isteach chun neamhspleáchas breithiúnach a chosaint agus tar éis di athnuachan a dhéanamh ar a gealltanas aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní thromchúiseacha maidir leis an smacht reachta trí phlean gníomhaíochta - oscail i dtáb nua. tiomnaithe. Mar thoradh air sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh riosca soiléir ann a thuilleadh go ndéanfaí sárú tromchúiseach ar an smacht reachta sa Pholainn. Tá an nós imeachta - oscail i dtáb nua. maidir leis an Ungáir fós ar oscailt.
An daonlathas a chosaint
I ndaonlathas atá folláin agus faoi bhláth, is féidir le saoránaigh a gcuid tuairimí a chur in iúl gan srian, a gceannairí polaitiúla a roghnú agus tionchar a imirt ar a dtodhchaí féin. Tá an daonlathas san Aontas láidir, ach tá dúshláin le sárú ina leith mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar an antoisceachas, ar chur isteach ar thoghcháin, ar scaipeadh faisnéise ionramhála agus ar bhagairtí i gcoinne iriseoirí, shaoirse na meán agus iolrachais. Is é is aidhm don phacáiste maidir le cosaint an daonlathais - oscail i dtáb nua., a glacadh i ndeireadh 2023, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ar nós trasnaíocht eachtrach agus athléimneacht a chothú ó laistigh den Aontas trí rannpháirtíocht saoránach agus rannpháirtíocht dhaonlathach a spreagadh. Gné ríthábhachtach den phacáiste is ea an togra - oscail i dtáb nua. chun an trédhearcacht agus cuntasacht dhaonlathach a fheabhsú trí sholas a chaitheamh ar thionchar eachtrach ceilte. In 2024, thosaigh an Pharlaimint agus an Chomhairle ag plé an togra sin. Leis na bearta sin cuirfear feabhas freisin ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair trí chomhchaighdeáin le haghaidh gníomhaíochtaí ionadaíochta-leasa a dhéantar thar ceann tíortha nach tíortha den Aontas iad.
Ina theannta sin, tá dhá mholadh sa phacáiste: neartú na bpróiseas toghcháin - oscail i dtáb nua. san Aontas agus rannpháirtíocht chuimsitheach - oscail i dtáb nua. na saoránach agus na sochaí sibhialta i gceapadh beartas a chur chun cinn. I gcomhréir leis an gcéad mholadh, forbraíodh Cód Iompair le haghaidh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa 2024 agus cuireadh i láthair é i mí Aibreáin chun sláine na dtoghchán agus feachtasaíocht chothrom a chinntiú. Chomhaontaigh na páirtithe polaitiúla Eorpacha uile maidir leis an seicliosta cuimsitheach, rud a chuir feabhas ar na hiarrachtaí chun cur isteach eachtrach agus ionramháil ar fhaisnéis a chosc.
Ar an gcaoi chéanna, leis na rialacha nua - oscail i dtáb nua. maidir le trédhearcacht na fógraíochta polaitiúla, a glacadh i mí an Mhárta, tacófar le cuntasacht in úsáid fógraí polaitiúla, cosnófar cearta bunúsacha agus cuideofar le hionramháil ar fhaisnéis agus cur isteach eachtrach ar thoghcháin a chomhrac. Faoi na rialacha nua, ní mór fógraí polaitiúla a lipéadú go soiléir agus ní mór eolas amhail cé a d’íoc astu agus cé mhéad a caitheadh orthu a bheith san áireamh orthu; cén próiseas toghcháin, reifrinn nó rialála a bhfuil siad nasctha leis; agus an bhfuil siad spriocdhírithe.
In 2024, lean an tAontas de chearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn ar fud an domhain. Mar shampla, faoin gClár Téamach um Chearta an Duine agus um an Daonlathas - oscail i dtáb nua. (arb ionann é agus €1.5 billiún), thacaigh an tAontas leis an Tionscnamh Domhanda in aghaidh na Saoirse ó Phionós, tionscnamh faoi stiúir na sochaí sibhialta in aghaidh coireanna idirnáisiúnta agus sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.
Bronnadh Duais Sakharov 2024 um Shaoirse Smaointeoireachta - oscail i dtáb nua. – an comhartha ómóis is airde a thugann an tAontas d’obair ar son chearta an duine – ar María Corina Machado agus ar an Uachtarán toghaí Edmundo González Urrutia as a gcomhrac cróga chun an tsaoirse agus an daonlathas a athbhunú i Veiniséala.
Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa (sa lár), in éineacht le Edmundo González Urrutia (ar chlé) agus Ana Corina Sosa, iníon María Corina Machado (ar dheis), le linn shearmanas bronnta Dhuais Sakharov 2024, an Bhruiséil, an Bheilg, an 17 Nollaig 2024.
Saoirse na meán
Feidhmíonn na meáin neamhspleácha mar fhoras faire poiblí, agus tugann siad iad siúd atá i gcumhacht chun cuntais. Is príomhcholún de dhaonlathas na hEorpa iad agus ní mór iad a chosaint. Tá sé d’aidhm ag an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán - oscail i dtáb nua., a tháinig i bhfeidhm i mí na Bealtaine, cosaint níos fearr a thabhairt do na meáin agus d’iriseoirí ar chur isteach polaitiúil agus a chinntiú gur féidir leo oibriú thar theorainneacha ar bhealach níos éasca. Beidh feidhm ag an gcuid is mó dá fhorálacha ó mhí Lúnasa 2025 ar aghaidh.
I mí Aibreáin, ghlac an tAontas rialacha nua - oscail i dtáb nua. freisin chun iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a chosaint ar chásanna dlí mí-úsáideacha a raibh sé d’aidhm acu iad a chur ina dtost. Tá sé d’aidhm ag na rialacha cosc a chur ar chásanna dlí gan bhunús nó mí-úsáideacha, ar a dtugtar SLAPPanna - oscail i dtáb nua., arb é is aidhm dóibh iad siúd atá rannpháirteach sa díospóireacht phoiblí maidir le hábhair amhail cearta bunúsacha, an comhshaol agus rochtain phoiblí ar fhaisnéis a chur ina dtost. Den chéad uair riamh, tá córas coimircí nós imeachta cumhachtacha i bhfeidhm le haghaidh cásanna trasteorann. Cuirfidh na coimircí sin ar chumas na gcúirteanna déileáil le dlíthíocht mhí-úsáideach, agus cuirfidh siad bac ar éilitheoirí ionchasacha dul i mbun cleachtais den sórt sin freisin. Leanadh den obair freisin ar an Moladh Frith-SLAPP - oscail i dtáb nua. gaolmhara chur chun feidhme, lena gcumhdaítear creataí is infheidhme, oiliúint, múscailt feasachta agus sásraí tacaíochta, mar aon le bailiú sonraí, tuairisciú agus faireachán.
8 dtionscadalcistithe tríd an ngníomhaíocht Comhpháirtíochtaí Iriseoireachta ón gclár Eoraip na Cruthaitheachta.
€12 mhilliúnchun tacú le hathléimneacht earnáil na meán nuachta.
€6 mhilliúncurtha ar leataobh le haghaidh thionscadail eile chun saoirse agus iolrachas na meán a fheabhsú san Aontas.
Ionramháil ar fhaisnéis a chomhrac
Tá institiúidí an Aontais ag neartú a bhfreagairt ar an mbréagaisnéis agus ar an ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis atá dírithe i gcoinne bheartais an Aontais agus i gcoinne dhaonlathas na hEorpa.
Tá an ghníomhaíocht dírithe ar na ceithre phríomhréimse seo a leanas:
beartais a fhorbairt chun daonlathais Eorpacha a neartú, agus é a dhéanamh níos deacra do ghníomhaithe bréagaisnéise mí-úsáid a bhaint as ardáin ar líne, agus iriseoirí agus iolrachas na meán a chosaint;
cur i gcoinne cur isteach eachtrach agus cibirionsaithe trí thionscadail múscailte feasachta, réitigh theicneolaíocha ardfhorbartha, agus comhordú feabhsaithe;
athléimneacht na sochaí a fhorbairt i gcoinne na bréagaisnéise trí litearthacht sna meáin agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta;
comhoibriú le hinstitiúidí, le húdaráis náisiúnta, leis an tsochaí shibhialta agus le heagraíochtaí eile.
Ós rud é go raibh an deis ag leath de dhaonra an domhain vóta a chaitheamh in 72 thír in 2024 – an bhliain toghcháin is mó riamh – cuireadh béim ar leith ar mhúscailt feasachta a neartú agus sláine toghchán a chosaint, go háirithe maidir leis na toghcháin Eorpacha i mí an Mheithimh.
Thionóil an Líonra Comhair Eorpach um Thoghcháin roinnt imeachtaí chun cleachtais a mhalartú d’fhonn an bhréagaisnéis a chomhrac.
FÍSEÁN: Na bréaga a dhíchódú – conas thú féin a chosaint ar theachtaireachtaí cealgacha le linn shéasúr toghcháin an Aontais.
Roimh na toghcháin Eorpacha, sheol an Coimisiún feachtas cumarsáide comhpháirteach le Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc chun saoránaigh a chur ar an eolas faoi na rioscaí gaolmhara, chun smaointeoireacht chriticiúil a spreagadh agus chun leideanna praiticiúla a chur ar fáil maidir le conas bréagaisnéis a aithint agus dul i ngleic léi.
I mí an Mhárta d’fhoilsigh an Coimisiún treoirlínte maidir le bearta molta le haghaidh ardáin agus innill chuardaigh an-mhór ar líne chun maolú a dhéanamh ar rioscaí sistéamacha ar líne a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar shláine toghchán. I dtuarascáil iarthoghcháin - oscail i dtáb nua. a foilsíodh i mí Iúil, ní bhfuarthas aon fhianaise ar aon bhréagaisnéis mhór ná ar chur isteach eachtrach ar na toghcháin Eorpacha. Beidh tuarascáil chuimsitheach ann maidir leis na toghcháin in 2025.
Rinne na hardáin mhóra ar líne agus sínitheoirí an Chóid Cleachtais maidir le Bréagaisnéis - oscail i dtáb nua. tuairisciú ar bhearta chun sláine na dtoghchán Eorpach a chosaint. Áiríodh orthu sin ceangal a chur ar fhógróirí nó ar chruthaitheoirí lipéadú soiléir a dhéanamh aon uair a cruthaíodh nó a athraíodh comhad íomhá, físe nó fuaime go digiteach, comhoibriú le heagraíochtaí seiceála fíricí, faisnéis ardcháilíochta agus údarásach a chur chun cinn do vótálaithe agus feachtais spriocdhírithe litearthachta sna meáin agus réamhbhréagnaithe a fhorbairt.
Le linn na bliana, d’athnuaigh an Coimisiún a thacaíocht do thionscnaimh thábhachtacha bhréagaisnéise, mar atá moil na Faireachlainne Eorpaí um na Meáin Dhigiteacha - oscail i dtáb nua.. Bhí ról lárnach ag an bhfaireachlann agus ag a moil maidir le faireachán a dhéanamh ar fheachtais bhréagaisnéise agus iad a nochtadh, feasacht a mhúscailt agus litearthacht sna meáin a chur chun cinn roimh na toghcháin Eorpacha.
Tá an tAontas ag tacú le hathléimneacht faisnéise agus le fhor-rochtain na hÚcráine i leith comhpháirtithe domhanda, go háirithe chun Foirmle Síochána na hÚcráine - oscail i dtáb nua. a chur chun cinn. Chun é sin a dhéanamh, úsáideann an tAontas cur chuige uile-shochaí, agus oibríonn sé le hinstitiúidí rialtais, leis an tsochaí shibhialta, le heagraíochtaí meán agus le hardáin ar líne. Chun cabhrú le ciorrú raon na hionramhála ar fhaisnéis agus na bolscaireachta ón Rúis, tá gníomhaíochtaí craoltóireachta an iliomad eagraíochtaí bréagaisnéise atá faoi úinéireacht stát na Rúise agus atá ar son na Creimile curtha ar fionraí ag an Aontas. Le teacht i bhfeidhm an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha, ní mór do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus inneall cuardaigh an-mhór ar líne meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí don tsochaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint lena seirbhísí. Áirítear orthu sin bagairtí ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an baol go n-úsáidfí a gcuid seirbhísí le haghaidh feachtais bhréagaisnéise.
131 dréachtghníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe.
11 TIONSCNAMH EORPACH NUA Ó NA SAORÁNAIGH CLÁRAITHE.
D’iarr siad go ndéanfaí gníomhaíocht i réimsí éagsúla: talmhaíocht, slándáil bia agus uisce; ginmhilleadh sábháilte; cearta tomhaltóirí físchluichirí; etc.
conas tairbhí na héifeachtúlachta fuinnimh a thabhairt chuig na saoránaigh, chuig na húdaráis phoiblí agus chuig na fiontair, agus 13 mholadh - comhad PDF, oscail i dtáb nua. mar thoradh air sin.
Cuideoidh an dá thacar moltaí le múnlú tionscnamh an Aontais a bheidh ann amach anseo.
Cuid den 150 saoránach a roghnaíodh go randamach ag glacadh páirte sa Phainéal Saoránach Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, an Bhruiséil, an Bheilg, an 14 Aibreán 2024. Is gné rialta den saol daonlathach san Aontas Eorpach iad na Painéil Saoránach - oscail i dtáb nua. anois. Tugtar aird ar leith ar a chinntiú go bhfuil siad ionadaíoch do phobal an Aontais agus éagsúil go leor chun léiriú a thabhairt ar réimse leathan dearcthaí agus tuairimí.
Le Duais an Aontais Eorpaigh um Eolaíocht na Saoránach - oscail i dtáb nua., nasctar an eolaíocht leis an tsochaí, spreagtar rannpháirtíocht an phobail agus cothaítear muinín as an dul chun cinn eolaíoch. Bronnadh é ar thrí thionscadal in 2024, tionscadail a dhírigh ar thruailliú mara, bithéagsúlacht talmhaíochta agus meabhairshláinte.
INCREASE - oscail i dtáb nua., chun eolas maidir le leasú síolta a chur chun tosaigh trí chumhachtú na sochaí sibhialta agus na saoránach, go háirithe i gceantair thuaithe.
A bhuí le rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí, tá cosaint mhaith ag tomhaltóirí agus tá siad i dteideal faisnéis shoiléir a fháil faoi na táirgí agus na seirbhísí atá á gceannach acu. Ón 13 Nollaig, cinntítear le rialacha - oscail i dtáb nua. nua go bhfuil gach táirge neamhbhia ar mhargadh an Aontais sábháilte trí dhearadh. Leis na rialacha nua, féachtar le haghaidh a thabhairt ar athruithe móra sochaíocha agus margaidh a rinne difear do shábháilteacht táirgí tomhaltais le fiche bliain anuas agus féachtar lena chinntiú ar bhealach níos fearr go mbeidh gach cineál táirge sábháilte, cibé acu a dhíoltar as líne nó ar líne iad. Thairis sin, leis na rialacha nua tabharfar cumhacht do thomhaltóirí ar mhaithe leis an aistriú glas, rud a chuirfidh ar a gcumas táirgí níos buanfasaí agus níos indeisithe a roghnú (féach Caibidil 4).
Leanaí agus daoine óga a chumhachtú
Margaritis Schinas, Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiún Eorpaigh a bhí i gceannas ar ár nDóigh Bheatha Eorpach a chur chun cinn ag an am, ag óstáil Idirphlé Beartais leis an Aos Óg maidir lenár nDóigh Bheatha Eorpach, ag leagan béim ar thiomantas an Aontais do chur chun cinn an daonlathais, chearta an duine agus na dlúthpháirtíochta, an Bhruiséil, an Bheilg, an 9 Aibreán 2024.
I rith na bliana, d’fhógair an tAontas 60 beart - oscail i dtáb nua. a thabharfaidh tionchar níos mó do dhaoine óga ar na cinntí a dhéanann difear dóibh agus a dhoimhneoidh gné na hóige i raon beartas de chuid an Aontais. Ceann de na bearta sin is ea ‘an tseiceáil óige’ chun a chinntiú go gcuirfear an tionchar ar dhaoine óga san áireamh go córasach nuair atá beartais nua de chuid an Aontais á gceapadh.
Ba cheart ról ceannasach agus gníomhach a bheith ag saoránaigh de gach aois agus cúlra maidir le tosaíochtaí agus leibhéal uaillmhéine bheartais an Aontais a leagan síos. Dá mhéad a ghlacann siad páirt i gceapadh beartas, is ea is éifeachtaí agus is éifeachtúla a bheidh dlíthe an Aontais chun difear a dhéanamh do shaol na ndaoine. Sin an fáth a bhfuil institiúidí an Aontais ag obair go gníomhach chun ról níos láidre a thabhairt do mhuintir na hEorpa i gceapadh beartas an Aontais, agus leanfaidh siad de sin a dhéanamh faoin timthriall polaitiúil nua (féach Caibidil 0).
Cad a cheapann leanaí faoin daonlathas?
BA MHAITH LE LEANAÍ AGUS DÉAGÓIRÍ:
ról níos mó a bheith acu i ndáil le tionchar a imirt ar chinntí a mbíonn tionchar díreach acu ar a saol;
tuilleadh faisnéise faoin bpróiseas daonlathach, agus spreagadh chun páirt a ghlacadh ann.