Le blianta beaga anuas, in aghaidh dúshláin dhomhanda amhail paindéim COVID-19, géarchéim an chostais maireachtála, an t-athrú aeráide agus an t-aistriú digiteach, tá an tAontas Eorpach tar éis dlús a chur lena iarrachtaí chun cosaint agus cumhacht a thabhairt do dhaoine agus do phobail. In 2024, leanadh dá chuid oibre chun feabhas a chur ar dhálaí maireachtála agus oibre do chách go tapa. Agus clabhsúr á chur ar an mBliain Eorpach um Scileanna, rud a bhí rathúil, chuir an Coimisiún Eorpach plean gníomhaíochta nua i láthair chun dul i ngleic le ganntanais saothair agus scileanna, rud a thacaíonn le fás inbhuanaithe cuimsitheach an Aontais agus a chinntíonn a iomaíochas. Lean an tAontas de thacaíocht a thabhairt do bhearta nua ionas gur féidir le hoibrithe leas a bhaint as a gcearta sóisialta. Mar shampla, tá rialacha nua ag tosú a chinntiú go bhfuil oibrithe cosanta ag pá íosta leormhaith, agus cuirfidh cearta agus cosaint nua feabhas ar choinníollacha le haghaidh oibrithe sa gheilleagar poistíneachta. Ina theannta sin, d’fhormheas an tAontas dlí ceannródaíoch chun foréigean in aghaidh na mban a chomhrac agus thug sé cártaí nua isteach a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca ar dhaoine faoi mhíchumas taisteal.
Tá cúrsa uaillmhianach leagtha amach ag an Aontas i dtreo Eoraip chothrom chuimsitheach lena gcosnófar a chuid saoránach agus lena gcruthófar deiseanna. Is é is aidhm dá bheartais feabhas a chur ar dhálaí maireachtála agus oibre do gach duine san Aontas trí níos mó post, scileanna, comhionannas agus cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta, agus poist, scileanna, comhionannas, cosaint agus cuimsiú níos fearr, a chur chun cinn.
Is iad 20 prionsabal Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta - oscail i dtáb nua. – i dteannta leis an bPlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta - oscail i dtáb nua. a ndéanfaidh na prionsabail ina mbearta nithiúla – a threoróidh an tAontas agus beartas náisiúnta sna réimse tábhachtacha seo. Ag comhdháil ardleibhéil - oscail i dtáb nua. i mí Aibreáin in La Hulpe na Beilge, rinne an tAontas, a chomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta athnuachan ar a dtiomantas d’Eoraip shóisialta níos láidre trí dhearbhú a shíniú lena n-athdhearbhaítear an colún mar chreat treorach do bheartais shóisialta an Aontais. Le Dearbhú La Hulpe maidir le todhchaí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, cuirfear fáilte freisin roimh an athbhreithniú atá le teacht go luath ar an bplean gníomhaíochta gaolmhar in 2025. Beidh an t-athbhreithniú sin mar bhonn freisin do ghníomhaíocht bhreise chun príomhspriocanna 2030 an Aontais agus na príomhspriocanna náisiúnta maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach.
Déantar faireachán mionsonraithe ar an dul chun cinn ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta i dtreo na spriocanna sa ‘Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht’ bhliantúil. Léirítear sa tuarascáil is déanaí - oscail i dtáb nua. go bhfuil an tAontas ar an mbóthar ceart i dtreo a sprice fostaíochta tar éis téarnamh lena gcruthaíodh poist. Mar sin féin, ní mór dul chun cinn suntasach a dhéanamh fós chun na spriocanna maidir le laghdú na bochtaineachta agus maidir leis an bhfoghlaim aosach a bhaint amach, ós rud é nach bhfuil éifeachtaí bheartais an Aontais sna réimsí sin le brath go fóill i bhformhór na mBallstát.
Trí sprioc uile-Aontais
Ba cheart 78 % ar a laghad den daonra idir 20 bliain agus 64 bliana d’aois a bheith i bhfostaíocht faoi 2030.
Ba cheart go nglacfadh ar a laghad 60 % de dhaoine fásta rannpháirt in oiliúint gach bliain faoi 2030.
Ba cheart laghdú 15 milliún ar a laghad a dhéanamh ar líon na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta faoi 2030.
Tá an easpa dídine ar cheann de na cineálacha eisiaimh shóisialta is measa dá bhfuil ann, agus tá tionchar aici ar na Ballstáit uile. I mí Feabhra, thug comhdháil neamhfhoirmiúil aireachta - oscail i dtáb nua. ionadaithe ó na Ballstáit agus ó Pharlaimint na hEorpa le chéile le saineolaithe agus comhlachais atá ag dul i ngleic go gníomhach leis an easpa dídine. Chuir na toscairí in iúl go dtacaíonn siad leis an Ardán Eorpach chun an Easpa Dídine a Chomhrac - oscail i dtáb nua., agus ba dhíol sásaimh dóibh an obair atá déanta go dtí seo. Leag siad béim ar an ngá atá ann cur leis an iarracht, leis an tiomantas polaitiúil agus leis na hacmhainní a chuirtear ar fáil chun dul i ngleic leis an easpa dídine, agus é mar aidhm cuspóir Dhearbhú Liospóin a bhaint amach, is é sin deireadh a chur leis an easpa dídine faoi 2030. Léiríodh conclúidí na comhdhála i nDearbhú La Hulpe.
Dubravka Šuica, Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Eorpaigh a bhí i gceannas ar an Daonlathas agus ar Dhéimeagrafaíocht ag an am, ag tabhairt eochairaithisc ag an gcomhdháil ardleibhéil ‘Ag Dul i nGleic leis an Todhchaí: Dúshláin agus deiseanna a bhaineann le fad saoil san Eoraip’, an Bhruiséil, an Bheilg, an 27 Meitheamh 2024.
Aistriú chuig sochaí na fadsaolaí
Agus saol níos faide agus níos sláintiúla á chaitheamh ag muintir na hEorpa, ní mór do bheartais an Aontais agus do na beartais náisiúnta a bheith réamhbhreathnaitheach chun daoine de gach aois a chumhachtú agus chun leas na nglúnta atá le teacht a chinntiú. Is éard atá i gceist leis sin beartais a dhearadh lena spreagtar aosú gníomhach folláin agus a mbíonn tionchar dearfach acu ar an gcaoi a dtéann muintir na hEorpa in aois. Chun tógáil ar thorthaí Thuarascáil 2024 ar an Aosú - oscail i dtáb nua. agus na Tuarascála 2024 maidir le Leordhóthanacht Pinsean - oscail i dtáb nua., tháinig saineolaithe agus páirtithe leasmhara le chéile chun machnamh a dhéanamh ar na príomhdhúshláin a bhaineann le fad saoil san Eoraip. Thug rannpháirtithe dá n-aire go mbeadh gá le tuilleadh athchóirithe chun go gcinnteodh cosaint seanaoise leormhaith inbhuanaithe agus chun dul i ngleic le neamhionannas inscne agus socheacnamaíocha na seanaoise. Beidh infheistíocht in aosú gníomhach folláin, fad a chur leis an saol oibre agus tacú le socruithe oibre oiriúnaithe solúbtha mar chuid den réiteach, in éineacht le córais pinsean agus córais cúraim fhadtéarmaigh éifeachtacha éifeachtúla.
Aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus scileanna
Tá méadú ag teacht ar ghanntanais saothair agus scileanna i ngach Ballstát le beagnach deich mbliana anuas. Is é is cúis leis sin den chuid is mó an t-athrú déimeagrafach agus an t-éileamh méadaitheach ar scileanna mar chuid den aistriú glas agus den aistriú digiteach, agus drochdhálaí oibre i ngairmeacha agus in earnálacha áirithe freisin. Tá níos mó ná 40 gairm bheatha sainaitheanta ag an gCoimisiún ar fud earnálacha éagsúla ina bhfuil ganntanas ar fud an Aontais - oscail i dtáb nua., agus tá roinnt difríochtaí ann ar fud na mBallstát. Tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar na ganntanais sin chun acmhainneacht nuálaíochta an Aontais a mhéadú, chun a acmhainneacht fáis a scaoileadh, chun borradh a chur faoina iomaíochas, chun cruthú post ardcháilíochta a chothú agus chun athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta a mhéadú.
Faoi 2030, meastar go gcruthófar 3.5 milliún post nua in earnálacha an fhuinnimh in-athnuaite.
Ní féidir le dhá thrian (63 %) de ghnólachtaí beaga agus meánmhéide teacht ar an tallann atá de dhíth orthu.
Tá ganntanas ar fud an Aontais maidir le 42 ghairm.
Chun dul i ngleic leis an dúshlán sin, chuir an Coimisiún plean gníomhaíochta - oscail i dtáb nua. i láthair i mí an Mhárta, a ullmhaíodh i ndlúthchomhar lena chomhpháirtithe sóisialta, a bhfuil ról ríthábhachtach acu, ós iad is gaire do mhargadh an tsaothair, chun cabhrú le réitigh a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. Cuireann an plean creat cuimsitheach ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais i gcúig phríomhréimse beartais ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal na gcomhpháirtithe sóisialta.
Plean Gníomhaíochta maidir le ganntanas saothair agus ganntanas scileanna san Aontas Eorpach
Cabhrú le grúpaí atá faoi ghannionadaíocht a bheith níos gníomhaí sa mhargadh saothair.
Tacaíocht a chur ar fáil le haghaidh forbairt scileanna, oiliúna agus oideachais.
Dálaí oibre a fheabhsú.
Soghluaisteacht chothrom a fheabhsú d’oibrithe agus d’fhoghlaimeoirí ar fud an Aontais.
Tallann a mhealladh ó lasmuigh den Aontas Eorpach.
Beidh sé ríthábhachtach an plean gníomhaíochta a chur i bhfeidhm chun príomhspriocanna an Aontais maidir le scileanna agus fostaíocht a bhaint amach faoi 2030. Cuireann an plean leis an iliomad beart beartais agus cistiúcháin atá i bhfeidhm cheana féin ar leibhéal an Aontais, amhail an Comhshocrú um Scileanna - oscail i dtáb nua.. Tá gealltanas tugtha ag comhpháirtíochtaí scileanna deiseanna athscilithe agus uas-scilithe a chur ar fáil do bhreis agus 25 mhilliún duine atá in aois oibre ar fud an Aontais faoi 2030. Ina theannta sin, ó seoladh é in 2020, tá breis agus €150 milliún infheistithe ag comhaltaí an Chomhshocraithe um Scileanna le chéile i ngníomhaíochtaí uas-scilithe agus athscilithe. Thairis sin, tá thart ar €65 bhilliún á infheistiú ag an Aontas i gcláir scileanna, go sonrach tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta - oscail i dtáb nua. (féach Caibidil 3) agus trí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus - oscail i dtáb nua..
Le Bliain Eorpach na Scileanna, a bhí ar siúl ón 9 Bealtaine 2023 go dtí an 8 Bealtaine 2024, tugadh spreagadh úr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil trí thús áite a thabhairt do scileanna agus trí chuidiú le mianta agus tacair scileanna daoine a mheaitseáil le deiseanna sa mhargadh fostaíochta. Shroich iarrachtaí cumarsáide áitiúla na milliúin duine, rud a chuir go mór leis an bhfeasacht ar bheartais scileanna an Aontais.
FÍSEÁN: Bliain Eorpach na Scileanna – an bealach a réiteach i dtreo lucht saothair níos oilte.
An Bhliain Eorpach um Scileanna
2 000+ imeacht ar fud na hEorpa
1.37 milliún cuairteoir ar 54 imeacht in 23 Bhallstát
69 milliún duine sroichte ar na meáin shóisialta
190 tionscnamh faoi stiúir an Aontais maidir le scileanna
90 milliún amharc físe ar YouTube agus Twitch
41 milliún lucht féachana teilifíse i gcúig thír spriocdhírithe
An Bhliain Eorpach um Scileanna – meoin a athrú
FEASACHT NÍOS AIRDE MAIDIR LE BEARTAIS SCILEANNA AN AONTAIS
26 % Feabhra 2023
53 % Nollaig 2023
NÍOS TOILTEANAÍ CÚRSA OILIÚNA A DHÉANAMH
19 % nach bhfaca tionscnaimh na Bliana um Scileanna
64 % a chonaic tionscnaimh na Bliana um Scileanna
A DEIR GO RAIBH TIONCHAR AG AN mBLIAIN AR A SAOL
35 % nach bhfaca tionscnaimh na Bliana um Scileanna
Seoladh Acadamh Bauhaus Eorpach Nua - oscail i dtáb nua., a bhfuil sé d’aidhm aige borradh a chur faoi scileanna inbhuanaitheachta in earnáil na tógála, i mí Aibreáin. Comhcheanglóidh an t-acadamh luachanna na hinbhuanaitheachta, na haeistéitice agus na cuimsitheachta agus tacóidh sé le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip - oscail i dtáb nua.. As seo go ceann dhá bhliain, tabharfaidh sé gairmithe oideachais agus oiliúna le chéile agus nascfaidh sé cúig mhol áitiúla agus réigiúnacha ar fud na hEorpa.
Tacaíocht do na Ballstáit
Tá Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil - oscail i dtáb nua. an Aontais ag cabhrú le 12 Bhallstát lena n-athchóirithe scileanna. I measc na tacaíochta a chuirtear ar fáil tá cabhair chun curaclam inniúlacht-bhunaithe a dhearadh agus micridhintiúir a fhorbairt (lena ndeimhnítear torthaí eispéiris foghlama ghearrthéarmacha) agus leanaí dídeanaithe a chomhtháthú sa chóras oideachais.
Sampla de thionscadal
Thacaigh an ionstraim le tionscadal dhá bhliain sa Bheilg chun cabhrú le scoileanna TFC a úsáid go héifeachtach don fhoghlaim agus don teagasc. Ba é an sprioc a bhí ann a chur ar chumas scoileanna cineálacha cur chuige foireannbhunaithe a fhorbairt maidir le comhordú TFC agus oideachas digiteach.
Bhí rialacha nua - oscail i dtáb nua. le hionchorprú sa dlí náisiúnta faoin 15 Samhain arb é is aidhm dóibh a chinntiú go ráthaítear leis an bpá íosta náisiúnta slí bheatha chuibhiúil d’oibrithe. Tá formhór na mBallstát tar éis a chur in iúl don Choimisiún go ndearna siad amhlaidh. Le cur chun feidhme na treorach maidir le pá íosta leordhóthanach, rannchuideofar le dálaí maireachtála agus oibre níos fearr trí leordhóthanacht an phá íosta reachtúil a fheabhsú agus trí chómhargáil maidir le pá a chur chun cinn. Cuirfidh sé feabhas freisin ar an rochtain atá ag oibrithe ar chosaint pá íosta trí shásraí forfheidhmithe, faisnéise agus sásaimh níos fearr. Tá éifeachtaí dearfacha ag baint leis an treoir cheana féin, rud a spreag díospóireachtaí ar an leibhéal náisiúnta maidir le leordhóthanacht pá íosta. Mar thoradh air sin, le 2 bhliain anuas, tá méadú suntasach tagtha ar phá íosta reachtúil i bhformhór na mBallstát, rud a chabhraíonn le tionchar an bhoilscithe aird ar chumhacht cheannaigh saothraithe ar phá íseal a chúiteamh.
I mí Iúil 2024, bhí an pá íosta i mBallstáit an Aontais idir €477 in aghaidh na míosa sa Bhulgáir agus €2 571 in aghaidh na míosa i Lucsamburg.
Bhunaigh an tAontas Eorpach rialacha nua - oscail i dtáb nua. in 2024 chun dálaí oibre 28 milliún oibrí ardáin dhigitigh san Aontas a fheabhsú. Áiritheofar leis an Treoir maidir le hObair Ardáin go ndéanfar stádas fostaíochta na ndaoine a oibríonn trí ardáin saothair dhigiteacha a aicmiú i gceart. A luaithe a bheidh siad athaicmithe, beidh oibrithe ardáin in ann leas a bhaint as na cearta saothair agus na sochair shóisialta a bhfuil siad ina dteideal. Leis na rialacha nua, cuirtear trédhearcacht agus cuntasacht níos fearr chun cinn freisin maidir le córais uathoibrithe a thacaíonn le feidhmeanna bainistíochta ag an obair nó a thagann ina n-ionad, lena n-áirítear an ceart cinntí atá bunaithe ar algartaim a chonspóid. Beidh dhá bhliain ag na Ballstáit na rialacha nua a ionchorprú ina gcuid reachtaíochta náisiúnta féin.
Ina theannta sin, rinneadh dul chun cinn in 2024 maidir le hiarrachtaí chun comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht ar oibrithe Eorpacha i gcuideachtaí ilnáisiúnta a neartú. Le togra - oscail i dtáb nua. nua chun athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha atá ann faoi láthair, féachtar le neartú a dhéanamh ar ról na gComhairlí Oibreacha Eorpacha - oscail i dtáb nua., a théann i gcomhairle le hoibrithe agus a choinníonn ar an eolas iad faoi chinntí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá bhfostaíocht nó dá ndálaí oibre. Is é an aidhm atá ann go mbeidh sé níos éasca na comhlachtaí sin a chur ar bun, feabhas a chur ar a gcothromaíocht inscne agus a chinntiú go rachfar i gcomhairle le hoibrithe sula ndéanfar cinntí.
Tá an teilea-obair forleathan anois, go háirithe ó bhí paindéim COVID-19 ann. De réir Shuirbhé an Aontais ar an bhFórsa Saothair - oscail i dtáb nua., tá os cionn méadú faoi dhó tagtha ar líon foriomlán na bhfostaithe atá ag obair ón mbaile san Aontas le blianta beaga anuas, ó 11.1 % in 2019 go 22.4 % in 2023. Ag an am céanna, tugadh níos mó airde ar an tionchar a bhíonn ag cultúr ‘ar siúl i gcónaí’ ar mheabhairshláinte oibrithe. I mí an Mhárta, seoladh - oscail i dtáb nua. comhairliúchán dhá chéim leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le teilea-obair chothrom agus an ceart chun dícheangail.
Meastar go bhfuil thart ar 3.1 milliún oiliúnaí san Aontas Eorpach. Is féidir le tréimhsí oiliúna ardchaighdeáin cabhrú le daoine óga taithí oibre phraiticiúil a fháil agus scileanna nua a fhoghlaim, agus ag an am céanna is féidir leo a chur ar chumas fostóirí baill foirne a mhealladh, oiliúint a chur orthu agus iad a choinneáil. I mí an Mhárta, chuir an Coimisiún tionscnamh ar aghaidh chun feabhas a chur ar dhálaí oibre d’oiliúnaithe san Aontas, lena n-áirítear pá, cuimsitheacht agus cáilíocht na gcúrsaí oiliúna. Chomh maith le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gCreat Cáilíochta do Chúrsaí Oiliúna - oscail i dtáb nua. atá ann cheana chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna amhail pá cothrom agus rochtain ar chosaint shóisialta, moltar ann freisin gníomhaíocht reachtach chun dálaí oibre d’oiliúnaithe a fheabhsú agus chun dul i ngleic le fostaíocht atá faoi bhréagriocht tréimhsí oiliúna.
Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt don mhargadh saothair, thug an tAontas maoiniú nua - oscail i dtáb nua. ar fiú €23 mhilliún é trí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus le haghaidh tionscadail nuálacha chun an dífhostaíocht fhadtéarmach a laghdú agus chun cuidiú le daoine obair a aimsiú. Leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha - oscail i dtáb nua., tugadh tacaíocht freisin do bheagnach 1 600 oibrí a leagadh as a bpost sa Bheilg, sa Danmhairg agus sa Ghearmáin.
An t-idirphlé sóisialta a neartú
Tá ról tábhachtach ag na comhpháirtithe sóisialta — eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna oibrithe agus fhostóirí an Aontais — maidir le dálaí oibre agus táirgiúlacht a fheabhsú, iomaíochas ghnólachtaí an Aontais a neartú agus borradh a chur faoi rathúnas agus athléimneacht an Aontais. Tá sé sin ábhartha go háirithe i bhfianaise na n-athruithe a thagann as teicneolaíochtaí nua agus an ghá atá le haistriú cothrom i dtreo na haeráidneodrachta. Ag cruinniú i mí Eanáir in Val Duchesse, an Bhruiséil, an Bheilg, chomhaontaigh an tAontas agus a chomhpháirtithe sóisialta athnuachan a dhéanamh - oscail i dtáb nua. ar a dtiomantas an t-idirphlé sóisialta a neartú ar leibhéal an Aontais agus dul i gcomhar le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin i ngeilleagair agus i margaí saothair an Aontais. Phléigh na comhpháirtithe sóisialta freisin dúshláin sa mhargadh saothair ag an gCruinniú Mullaigh Sóisialta Tríthaobhach - oscail i dtáb nua. i mí an Mhárta.
Measann 88 % de mhuintir an Aontais go bhfuil tábhacht phearsanta ag baint le hEoraip shóisialta
Tá 60 % ar an eolas faoi phríomhthionscnamh amháin ar a laghad de chuid an Aontais a rinneadh le déanaí lena neartaítear Eoraip shóisialta
49 % An Treoir maidir le Pá Íosta
38 % An Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil
Alexander De Croo, Príomh-Aire na Beilge ag an am (sa tulra, ar clé), agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (sa tulra, ar dheis), ag síniú an Dearbhaithe Trípháirtigh maidir le hIdirphlé Sóisialta Eorpach Rathúil, Val Duchesse, an Bhruiséil, an Bheilg, an 31 Eanáir 2024.
An Limistéar Eorpach Oideachais
Is tionscnamh é an Limistéar Eorpach Oideachais - oscail i dtáb nua. chun cabhrú leis na Ballstáit oibriú le chéile le haghaidh córais oideachais agus oiliúna níos cuimsithí agus níos athléimní a thógáil. Is é is aidhm dó bacainní ar an bhfoghlaim a bhaint agus feabhas a chur ar rochtain do chách ar oideachas, ar oiliúint agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil atá ar ardchaighdeán agus cuimsitheach. Mar chuid den fhís sin, sheol an tAontas tionscnamh chun comhghuaillíochtaí a bhunú idir institiúidí ardoideachais ó gach cearn den Eoraip.
FÍSEÁN: Tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha.
Le cúig bliana anuas, tá tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha - oscail i dtáb nua., atá á mhaoiniú ag Erasmus+ - oscail i dtáb nua., ag dul ó neart go neart. Agus 14 chomhghuaillíocht nua - oscail i dtáb nua. á gcur leis an 50 ceann a roghnaíodh roimhe seo, tá an tionscnamh seo tar éis an aidhm - oscail i dtáb nua. a bhaint amach, is é sin 60 comhghuaillíocht d’Ollscoileanna Eorpacha ar a laghad a bheith ann, agus os cionn 500 ollscoil páirteach faoi lár 2024. Trí oibriú le chéile agus acmhainní a chomhthiomsú, is féidir le hinstitiúidí ardoideachais cláir nuálacha agus na scileanna ceannródaíocha is gá le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh ar fud an Aontais a thairiscint. Beidh ollscoileanna in ann cláir chomhchéime tharraingteacha iomaíocha a chur ar fáil agus tallann a mhealladh agus a choinneáil ó gach cearn den domhan.
Tar éis iarracht na hearnála ardoideachais, go leor comhghuaillíochtaí d’Ollscoileanna Eorpacha san áireamh, ar tuilleadh clár comhpháirteach, tá an Coimisiún tar éis moladh a dhéanamh le haghaidh conair nithiúil le haghaidh comhair - oscail i dtáb nua. idir na Ballstáit agus an earnáil i dtreo céim Eorpach a chruthú. Cuireann an treoirphlean - oscail i dtáb nua. do chineál nua cláir, a chuirtear ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó institiúideach, le sé thionscadal a bhfuil baint ag níos mó ná 140 institiúid ardoideachais ó gach cearn den Aontas leo. Cuireadh an fhís sin maidir le conas an chéim Eorpach a bhaint amach i láthair in éineacht le dhá thogra le haghaidh moltaí ón gComhairle chun tacú leis an earnáil ardoideachais. Is é is aidhm don chéad cheann - oscail i dtáb nua. próisis dearbhaithe cáilíochta agus aitheantas uathoibríoch ar cháilíochtaí san ardoideachas a fheabhsú, agus féachtar leis an dara ceann - oscail i dtáb nua. gairmréimeanna acadúla a dhéanamh níos tarraingtí agus níos inbhuanaithe.
Iliana Ivanova, an Coimisinéir Eorpach um Nuálaíocht, um Thaighde, um Chultúr, um Oideachas agus um an Óige ag an am, ag labhairt ag preasagallamh maidir leis an bpacáiste ardoideachais, an Bhruiséil, an Bheilg, an 27 Márta 2024.
Soghluaisteacht foghlama
Is iomaí buntáiste a bhaineann le tréimhse a chaitheamh i mbun staidéir, oiliúna nó oibre thar lear, amhail borradh a chur faoi scileanna cumarsáide agus idirchultúrtha. Chun deiseanna foghlama thar lear a fheabhsú do chách, socraíodh spriocanna - oscail i dtáb nua. nua ar leibhéal an Aontais.
Spriocanna nua maidir le soghluaisteacht foghlama
Ba cheart taithí foghlama thar lear a bheith ag 23 % ar a laghad de chéimithe san ardoideachas faoi 2030.
Ba cheart go mbainfeadh 12 % ar a laghad d’fhoghlaimeoirí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint tairbhe as eispéireas foghlama thar lear faoi 2030.
Ba cheart go mbainfeadh 20 % ar a laghad de dhaoine ar lú na deiseanna atá acu tairbhe as tréimhse a chaitheamh ar an gcoigríoch faoi 2027.
Trí am a chaitheamh i mBallstát eile, tugtar deis freisin feabhas a chur ar na scileanna teanga atá ann cheana nó teanga nua a fhoghlaim. Cuirtear an éagsúlacht teanga chun cinn trí thionscadail a mhaoinítear leis an gclár Erasmus+ agus leis an gclár Eoraip na Cruthaitheachta - oscail i dtáb nua.. Léirigh suirbhé in 2024 go bhfuil dearcadh dearfach, ar an iomlán, ag daoine san Eoraip i leith an ilteangachais agus na foghlama teanga.
Eorpaigh agus a dteangacha
Ceapann 86 % de mhuintir an Aontais Eorpaigh gur cheart go mbeadh gach duine a bhfuil cónaí orthu san Aontas in ann teanga amháin eile ar a laghad a labhairt.
Ceapann 76 % gur cheart feabhsú scileanna teanga a bheith ina thosaíocht beartais.
Creideann 84 % gur cheart teangacha réigiúnacha agus mionlaigh a chosaint.
Is féidir le triúr as gach cúigear comhrá a bheith acu i dteanga amháin eile ar a laghad (méadaíonn sé go dtí ceathrar as gach cúigear i measc dhaoine óga).
Bíonn an tAontas i dteagmháil le rialtais freisin chun an t-ardoideachas san Eoraip a dhéanamh níos cuimsithí agus níos inrochtana tríd an bPróiseas Bologna - oscail i dtáb nua., lena dtugtar le chéile tíortha atá mar chuid de Limistéar Eorpach an Ardoideachais agus an Coimisiún. I mí na Bealtaine, d’athdhearbhaigh 47 ionadaithe aireachta ardoideachais agus an Aontais go bhfuil siad tiomanta tacú le soghluaisteacht mac léinn agus ball foirne. In Communiqué Tirana - oscail i dtáb nua., rinne siad a marana ar an gcomhar san ardoideachas agus leag siad amach an treoir le haghaidh 2025–2027. Chomhaontaigh siad freisin gealltanais nuashonraithe maidir le deireadh a chur le bacainní ar shoghluaisteacht foghlama, idirnáisiúnú an ardoideachais, agus oideachas ardcháilíochta, lena n-áirithítear naisc láidre le tionscnaimh shuaitheanta an Aontais amhail tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha agus an treoirphlean do chéim Eorpach.
Erasmus+
Clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt.
Breis agus 16 mhilliún rannpháirtí i dtionscadail soghluaisteachta foghlama.
Ghlac níos mó ná 900 000 eagraíocht páirt ann ó 2014 i leith.
Buiséad 2024: €4.65 billiún.
2024, b’in comóradh 20 bliain Erasmus Mundus - oscail i dtáb nua., an ghníomhaíocht comhair arna maoiniú ag an gclár Erasmus+ a thacaíonn le bunú céimeanna máistreachta comhpháirteacha idirnáisiúnta. Ó seoladh é, tá beagnach 50 000 mac léinn as 179 dtír tar éis páirt a ghlacadh i gcláir mháistreachta Erasmus Mundus. Fuair os cionn 34 000 mac léinn scoláireacht ón Aontas. Rinneadh ceiliúradh ar a bhfuil bainte amach ag an gclár agus a ionchur maidir le forbairt ghné idirnáisiúnta Erasmus+ ag comhdháil - oscail i dtáb nua. i mí na Bealtaine.
Tacú le taighde agus nuálaíocht
2024, b’in 40 bliain - oscail i dtáb nua. ó seoladh céad chlár maoiniúcháin an Aontais atá dírithe ar thaighde agus nuálaíocht. Ó bhí 1984 ann, rinne an tAontas os cionn €280 billiún a infheistiú san eolaíocht, sa taighde agus sa nuálaíocht, agus chuir sé os cionn 120 000 deontas ar fáil do thart ar 75 000 tairbhí. Leis an maoiniú sin, cruthaíodh poist ar ardchaighdeán, tacaíodh le cuideachtaí nuálaíocha agus feabhsaíodh iomaíochas agus ceannaireacht theicneolaíoch an Aontais. Le daichead bliain anuas, mhéadaigh an tAontas a chuid infheistíocht i réimse an taighde agus na nuálaíochta agus leathnaigh sé a fhócas chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, chun leas a bhaint as acmhainneacht na teicneolaíochta agus chun freastal ar riachtanais athraitheacha na sochaí. Tá aitheantas tugtha do thorthaí na saothar seo trí bhronnadh os cionn 30 duais Nobel ar thaighdeoirí a fuair maoiniú ón Aontas.
FÍSEÁN: Ceiliúradh a dhéanamh ar 40 bliain taighde agus nuálaíochta.
‘Bhí an tacaíocht ó chreatchláir taighde an Aontais an-tábhachtach dom le linn mo ghairmréime, ón tús sa tSualainn agus ar aghaidh, chuir sí ar mo chumas agam grúpa taighde a chruthú, an trealamh saotharlainne ba ghá a cheannach agus smaointe nuálacha a phlé.’
An tOllamh Anne L’Huillier, buaiteoir Dhuais Nobel na Fisice in 2023.
Ba ar David Baker, a fuair maoiniú faoi chlár an Aontais Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie - oscail i dtáb nua., a bhronnadh Duais Nobel na Ceimice in 2024 ‘le haghaidh dearadh ríomhaireachtúil próitéine’ i dteannta Demis Hassabis agus John M. Jumper ‘le haghaidh tuar struchtúr próitéine’. Cuirtear a ainm leis an liosta gradamach ar a bhfuil 18 gcomhalta, n-eolaí agus maoirseoir ón gclár a fuair Duais Nobel ó bhí 2010 ann.
Fís 2020
Léiríonn an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach - oscail i dtáb nua. maidir le Fís 2020, creatchlár taighde agus nuálaíochta an Aontais a bhí ar siúl ó 2014 go 2020 - oscail i dtáb nua., gur fiú go mór an infheistíocht a dhéantar i dtaighde agus nuálaíocht. Fuarthas amach sa tuarascáil gur chuir Fís 2020 go mór le sochaí agus geilleagar AE a thógáil atá fréamhaithe san eolas agus sa nuálaíocht, agus gur bhain daoine san Eoraip tairbhe as i bhfad níos mó ná mar a d’fhéadfaí a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach. Mhaoinigh an clár réitigh nithiúla — ó iompar núíosach hidriginbhreoslaithe agus vacsaíní mRNA go micrileictreonaic agus nanaileictreonaic — agus rinne sé rannchuidiú cinntitheach leis an eolaíocht aeráide. I ndeireadh na dála, tabharfaidh gach euro i gcostais a bhaineann leis an gclár cúig euro i dtairbhí do shaoránaigh an Aontais faoi 2040, rud a chruthóidh an t-ardleibhéal luacha ar airgead atá i gceist le hinfheistíocht i dtaighde agus nuálaíocht do shochaí na hEorpa.
Fís 2020 i bhfigiúirí
BUISÉAD€80 billiún
TIONSCADAIL A MAOINÍODH35 000
Ag rannchuidiú le méadú 20 % i bhfás post ar fud an Aontais.
Fís Eorpach
Gné nua den chreatchlár taighde agus nuálaíochta reatha le haghaidh 2021-2027, Fís Eorpach - oscail i dtáb nua., is ea pleananna straitéiseacha a thabhairt isteach, arna bhforbairt i gcomhar leis na Ballstáit, leis na tíortha comhlachaithe agus leis an bParlaimint le hionchur ó pháirtithe leasmhara agus ó shaoránaigh. Sa dara Plean Straitéiseach de chuid Fís Eorpach - oscail i dtáb nua., a foilsíodh i mí an Mhárta, leagtar amach an fócas do thrí bliana deiridh an chláir (2025–2027). Stiúrfaidh sé sin cistiú taighde agus nuálaíochta laistigh den Eoraip agus lasmuigh di chun dul i ngleic le príomhdhúshláin dhomhanda amhail an t-athrú aeráide, truailliú agus cailliúint na bithéagsúlachta, an t-aistriú digiteach agus daonra atá ag dul in aois. Leis an bplean straitéiseach nua sin, ardaíonn an tAontas uaillmhian an chláir maidir leis an mbithéagsúlacht trí ghealltanas a thabhairt 10 % de bhuiséad iomlán Fís Eorpach do 2025–2027 a thiomnú d’ábhair a bhaineann leis an mbithéagsúlacht. Comhlánaíonn sé sin na spriocanna atá ann cheana maidir le caiteachas aeráide (35 % thar shaolré Fís Eorpach) agus na príomhghníomhaíochtaí digiteacha (€13 bhilliún thar an tréimhse chéanna).
Mar chuid den chlár Fís Eorpach, bíonn an Chomhairle Eorpach um Thaighde - oscail i dtáb nua. ag cabhrú ó thaobh teorainneacha an eolais a shárú i ngach réimse den eolaíocht agus den léann trína scéimeanna deontais iomráiteacha. In 2024, bronnadh deontais dar luach iomlán €2.3 bhilliún ar thionscadail a roghnaíodh mar gheall ar an sármhaitheas eolaíochta atá bainte amach acu.
Fógraíodh maoiniú €1.25 bhilliún i rith na bliana chun tacú le taighde faoi Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie, clár suaitheanta an Aontais um oiliúint dochtúireachta agus iardhochtúireachta. Tacóidh an maoiniú le thart ar 10 000 taighdeoir cumasach ó gach cearn den domhan ag gach céim dá ngairm agus cuirfidh sé poist ar fáil dóibh.
Chun feabhas a chur ar na dálaí le haghaidh forbairt gairme agus chun taighdeoirí a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip, seoladh Ardán Tallainne an Limistéir Eorpaigh Taighde - oscail i dtáb nua. i mí an Mheithimh. Beidh sé ina mhol lárnach a thabharfaidh rochtain éasca do thaighdeoirí ar fhorbairt gairme, ar mhaoiniú agus ar uirlisí comhair idirnáisiúnta, rud a chuirfidh borradh faoina soghluaisteacht agus faoi dhul chun cinn a ngairme ar fud na hEorpa.
Comhionannas agus neamh-idirdhealú is bunluachanna agus cearta bunúsacha san Aontas iad.Chun sochaí oscailte chuimsitheach a chinntiú, tá réimse straitéisí tiomnaithe curtha i bhfeidhm ag an Aontas, agus tá bearta agus cistiú nithiúil ar fáil chun difear a dhéanamh do shaol daoine ar fud an Aontais.
Cártaí míchumais agus páirceála ar fud an Aontais
Formheasadh - oscail i dtáb nua. rialacha nua lena gcruthaítear an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas i mí Dheireadh Fómhair. Beidh feidhm ag na cártaí maidir le saoránaigh den Aontas agus baill teaghlaigh faoi mhíchumas aitheanta, agus maidir le saoránaigh neamh-AE faoi mhíchumas aitheanta atá ina gcónaí san Aontas.
Agus duine ag taisteal i mBallstáit eile, cuirfidh an Cárta Míchumais Eorpach rochtain chomhionann ar fáil ar choinníollacha speisialta agus ar chóir fhabhrach a chuireann raon leathan seirbhísí ar fáil. D’fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla, rochtain tosaíochta nó saor in aisce, cúnamh pearsanta in ionaid, treoracha braille nó fuaime, agus táillí saor in aisce nó laghdaithe. Beidh sealbhóirí an Chárta Páirceála Eorpaigh in ann rochtain a fháil ar choinníollacha agus saoráidí páirceála do dhaoine faoi mhíchumas i mBallstáit eile. Beidh feidhm ag na rialacha nua maidir le gearrfhanachtaí suas le 3 mhí, nó maidir le tréimhsí níos faide i gcásanna áirithe, mar shampla do shealbhóirí cárta atá rannpháirteach i gcláir shoghluaisteachta an Aontais (amhail Erasmus+ agus tionscadail de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh - oscail i dtáb nua.). Féadfaidh na Ballstáit an treoir a chur i bhfeidhm freisin ar feadh tréimhsí níos faide do shealbhóirí eile an chárta.
Comhlánóidh an Cárta Míchumais Eorpach na cártaí nó na deimhnithe míchumais náisiúnta, agus tiocfaidh an cárta páirceála nua in ionad an chárta páirceála AE atá ann faoi láthair do dhaoine faoi mhíchumas. Meastar go mbeidh an dá chárta ag feidhmiú ar fud an Aontais in 2028.
Spásanna inrochtana, is céadchéim ríthábhachtach iad chun comhionannas a bhaint amach. Ba é eagrán 2024 comóradh 15 bliana an Ghradaim don Chathair is Inrochtana - oscail i dtáb nua.. Leis an ngradam iomráiteach seo, tugtar aitheantas do na sár-iarrachtaí atá á ndéanamh ag cathracha an Aontais tús áite a thabhairt don inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas.
I mí na Samhna, bhuaigh Vín, an Ostair, an Gradam don Chathair is Inrochtana 2025 - oscail i dtáb nua. as a bheith ina sampla iontach den chaoi ar féidir le príomhchathracha móra inrochtaineacht a chomhtháthú go rathúil i ngach gné den saol uirbeach. Chun na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha 2024 a cheiliúradh, bronnadh moladh speisialta ar Nürnberg, an Ghearmáin, maidir le bonneagar spóirt inrochtana as infheistíocht a dhéanamh in ionaid spóirt chuimsitheacha lena ngabhann trealamh oiriúnaithe, oiliúint do chóitseálaithe i spóirt oiriúnaitheacha agus cláir snámha chuimsitheacha.
Chun comóradh a dhéanamh ar 15ú bliain den Ghradam don Chathair is Inrochtana, tháinig eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas agus comhlachais pháirtithe leasmhara le chéile chun dea-chleachtas a mhalartú. Bhailigh siad aiseolas freisin le haghaidh an dara céim den Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021–2030 - oscail i dtáb nua..
Rannpháirtithe sa chruinniú comhchéime a eagraíodh chun comóradh a dhéanamh ar 15ú bliain de na Gradam don Chathair is Inrochtana, an Bhruiséil, an Bheilg, an 29 Bealtaine 2024.
Mar sin féin, in ainneoin dul chun cinn suntasach a bheith déanta, tá bealach fada fós le déanamh chun comhionannas inscne a bhaint amach. De réir Thuarascáil 2024 maidir le Comhionannas Inscne san Aontas - comhad PDF, oscail i dtáb nua., tá bearnaí suntasacha inscne fós ann i margadh an tsaothair agus i bpoist chinnteoireachta, lena n-áirítear ionadaíocht pholaitiúil, agus is dúshlán fós iad steiréitíopaí inscne maidir le ról na mban sa tsochaí. Ina theannta sin, tá mná agus cailíní fós an-leochaileach d’iarmhairtí an chogaidh agus na coinbhleachta. Tugtar faoi deara sa tuarascáil freisin bacainní méadaithe ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, go háirithe ar líne, agus frithfhreagairt atá ag dul i méid i gcoinne chearta na mban in áiteanna éagsúla ar domhan.
In 2024, glacadh dlí ceannródaíoch de chuid an Aontais - oscail i dtáb nua. lena ndéantar foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac. Leis an dlí nua, déantar coir as cineálacha áirithe foréigin in aghaidh na mban, go háirithe ciorrú ball giniúna ban, pósadh éigeantais agus na cineálacha cibearfhoréigin is forleithne (e.g. ábhar pearsanta nó cúbláilte a chomhroinnt go neamhthoiliúil, cibearstalcaireacht agus cibearchiapadh), mar aon le cibearghríosú inscnebhunaithe chun foréigin nó fuatha.
Tá foréigean fisiciúil, foréigean gnéasach nó bagairtí gnéis fulaingthe ag bean amháin as gach triúr san Aontas.
Níor thuairiscigh ach bean amháin as gach ochtar a d’fhulaing foréigean an eachtra do na póilíní.
Níl ach bean amháin as gach cúigear a d’fhulaing foréigean tar éis teagmháil a dhéanamh le soláthraí cúraim sláinte nó seirbhísí sóisialta chun cabhair a fháil.
Leis an treoir, neartaítear rochtain na n-íospartach ar cheartas, ar chosaint agus ar thacaíocht, agus ceanglaítear ar na Ballstáit bearta cuimsitheacha coisctheacha a chur i bhfeidhm agus ról lárnach an toilithe i gcaidrimh a chur chun cinn. Beidh go dtí an 14 Meitheamh 2027 ag na Ballstáit na rialacha nua a thrasuí ina ndlí náisiúnta féin.
Comhionannas inscne a chur chun cinn sa bheartas poiblí agus sna próisis bhuiséadacha
Chun tacú lena ghealltanas comhionannas inscne a chur chun cinn, in 2024 chuir an tAontas saineolas teicniúil saincheaptha ar fáil - oscail i dtáb nua. do 12 riarachán i naoi mBallstát (an Ghearmáin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Chipir, an Phortaingéil agus an Rómáin). Is é an aidhm atá ann cabhrú leo beartais agus buiséid a chur i bhfeidhm lena dtugtar aghaidh ar riachtanais inscne agus lena gcuirtear chun cinn iad.
A bhuí le hathruithe ar rialacha airgeadais an Aontais, cuirfear inscne san áireamh anois i gcláir airgeadais an Aontais. I measc na n-athruithe tá faireachán feabhsaithe, rud a dhéanfaidh idirdhealú anois idir faisnéis de réir inscne. Ina theannta sin, beidh ar na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó chistí an Aontais, nuair is féidir — ag tosú leis an gcéad tréimhse bhuiséadach eile (tar éis 2027) – riachtanais agus tosaíochtaí sonracha na mban agus na gcailíní a mheas.
Caighdeáin nua do chomhlachtaí comhionannais
Tá ról tábhachtach ag comhlachtaí comhionannais náisiúnta - oscail i dtáb nua. chun a chinntiú go gcuirtear dlí an Aontais maidir le neamh-idirdhealú chun feidhme ar an láthair. Cuireann siad cóir chomhionann chun cinn trí chúnamh neamhspleách a chur ar fáil d’íospartaigh an idirdhealaithe, trí shuirbhéanna neamhspleácha a dhéanamh, trí thuarascálacha neamhspleácha a fhoilsiú agus trí mholtaí a dhéanamh maidir le hábhair a bhaineann le hidirdhealú. Mar sin féin, in ainneoin a gcuid oibre luachmhaire, tá roinnt dúshlán roimh chomhlachtaí comhionannais faoi láthair agus tá acmhainneacht neamhshaothraithe acu fós chun an t-idirdhealú a chosc agus a chomhrac.
Le reachtaíocht nua a ghlac an tAontas - oscail i dtáb nua. in 2024, tabharfar níos mó neamhspleáchais, acmhainní agus cumhachtaí do chomhlachtaí comhionannais, rud a chuideoidh le forfheidhmiú dhlí an Aontais maidir le neamh-idirdhealú a neartú. Tá go dtí an 19 Meitheamh 2026 ag na Ballstáit chun a reachtaíocht náisiúnta a oiriúnú.
Fágfaidh na rialacha nua nach mór do na Ballstáit a chinntiú gur féidir le gach comhlacht comhionannais an méid seo a leanas a dhéanamh:
seirbhísí saor in aisce agus inrochtana a chur ar fáil do gach íospartach ar bhonn comhionann;
dul i mbun coisc, cuir chun cinn agus múscailt feasachta,
gníomhú sa chúirt i gcásanna idirdhealaithe chun tacaíocht iontaofa a chur ar fáil d’íospartaigh.
Creideann daoine san Aontas go bhfuil an t-idirdhealú forleathan ina dtíortha féin
Léiríonn torthaí an tríú suirbhé LADTIA, a d’fhoilsigh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha - oscail i dtáb nua. i mí na Bealtaine, go bhfuil daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasghnéasacha, idirghnéasacha agus aiteacha (LADTIA) níos oscailte faoina ngnéaschlaonadh, faoina bhféiniúlacht inscne nó faoina saintréithe gnéis ina dtimpeallacht shóisialta ná mar a bhí siad roimhe seo. Mar sin féin, tá níos mó foréigin agus ciaptha os a gcomhair. Ag an am céanna, tá teagmhais neamhthuairiscithe idirdhealaithe, foréigin agus ciaptha fós ard.
Léirítear i dtuarascáil - comhad PDF, oscail i dtáb nua. ar chur chun feidhme na Straitéise um Chomhionannas LADTIA go raibh tionchar dearfach aici ar staid dhaoine LADTIA san Aontas. Tá straitéisí nó pleananna gníomhaíochta um chomhionannas LADTIA i bhfeidhm ag dhá Bhallstát déag, rud a chomhlánaíonn straitéis an Aontais, agus tá Ballstáit eile ag ullmhú a gcéad straitéisí nó pleananna gníomhaíochta náisiúnta tiomnaithe faoi láthair. Déanfar an comhar leis na Ballstáit a neartú trí dhea-chleachtais a mhalartú maidir le forbairt agus cur chun feidhme pleananna gníomhaíochta náisiúnta.
Tá duine as gach beirt daoine LADTIA oscailte anois maidir le cé hiad féin.
Déantar idirdhealú ar dhuine amháin as gach triúr daoine LADTIA.
Déantar ciapadh ar dhuine amháin as gach beirt daoine LADTIA.
D’fhulaing beirt as gach triúr daoine LADTIA bulaíocht le linn dóibh a bheith ar scoil.
Déantar foréigean ar dhuine amháin as gach seachtar daoine LADTIA.
Léirítear i dtuarascáil maidir le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Frithchiníochas le haghaidh 2020-2025 - comhad PDF, oscail i dtáb nua. cé gur cuireadh formhór na mbeart chun feidhme, go bhfuil gá le cosaint níos éifeachtaí ar idirdhealú ciníoch, mar aon le cosc córasach ar chiníochas. Léirítear ann freisin go bhfuil bearta agus tionscnaimh frithchiníochais á bhforbairt ar fud réimsí beartais uile an Aontais — ón oideachas agus an fhostaíocht go dtí an ghníomhaíocht sheachtrach. Léirítear sa tuarascáil, áfach, go bhfuil ciníochas forleathan i struchtúir na sochaí, amhail san fhostaíocht, san oideachas agus sa rochtain ar thithíocht, agus go bhfuil ról lárnach ag na Ballstáit maidir leis sin a chomhrac. Tar éis 2025, leanfaidh an tAontas de dhul i ngleic leis an gciníochas de gach cineál agus forbróidh sé straitéis chuimsitheach frithchiníochais.
Tháinig 96 % de Ghiúdaigh na hEorpa ar fhrithsheimíteachas ar líne nó as líne.
Deir 80 % go bhfuil méadú tagtha ar an bhfrithsheimíteachas le blianta beaga anuas.
Seachnaíonn 76 % nithe a bheith á n-iompar nó á dtaispeáint go poiblí a d’fhágfadh go mbeidís inaitheanta mar Ghiúdaigh.
Foilsíodh an chéad tuarascáil ar dhul chun cinn - oscail i dtáb nua. maidir le Straitéis 2021–2030 an Aontais maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú in 2024. Léiríonn sé, ó rinne Hamas ionsaithe ar Iosrael an 7 Deireadh Fómhair 2023 agus ón gcogadh a lean in Gaza, go bhfuil na leibhéil is airde eachtraí fuatha agus foréigin atá dírithe ar dhaoine Giúdacha feicthe ag an Eoraip ó bunaíodh an tAontas. De réir suirbhé - oscail i dtáb nua. a rinne Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha in 2023, bhí leibhéal an fhrithsheimíteachais ard cheana féin fiú roimh ionsaithe Hamas, rud a chuaigh in olcas mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Leagtar amach sa tuarascáil an chaoi a bhfuil an tAontas agus a Bhallstáit ag obair chun an frithsheimíteachas a chomhrac agus na bearta atá déanta acu chun slándáil na bpobal Giúdach a threisiú. Cuirtear i láthair ann an dul chun cinn atá déanta maidir le struchtúir inbhuanaithe AE agus náisiúnta a thógáil chun an frithsheimíteachas a chosc agus a chomhrac. Mar thoradh ar straitéis an Aontais, tá straitéis náisiúnta i gcoinne an fhrithsheimíteachais glactha ag 23 Bhallstát agus tá comhordaitheoir náisiúnta ar an bhfrithsheimíteachas ceaptha ag 20 Ballstát.
De réir na tuarascála Being Muslim in the EU — Experiences of Muslims [Bheith i do Mhoslamach san Aontas Eorpach — Taithí Mhoslamaigh] - comhad PDF, oscail i dtáb nua., a d’fhoilsigh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha i mí Dheireadh Fómhair, tá ciníochas agus idirdhealú roimh bheagnach duine as gach beirt Mhoslamach san Aontas ina saol laethúil — méadú mór ó 2016 i leith. Dírítear ar mhná, ar fhir agus ar leanaí Moslamacha, ar líne agus as líne araon, ní hamháin mar gheall ar a reiligiún, ach freisin mar gheall ar dhath a gcraicinn agus a gcúlra eitneach nó inimirceach. Bailíodh na figiúirí a úsáideadh sa tuarascáil roimh ionsaí Hamas an 7 Deireadh Fómhair 2023 agus roimh an gcogadh a tháinig ina dhiaidh in Gaza, rud a mhéadaigh ioslamafóibe.
I dtuarascáil ar chur chun feidhme na gcreataí straitéiseacha náisiúnta maidir leis na Romaigh - oscail i dtáb nua., leagtar béim ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit agus ag tíortha an mhéadaithe maidir leis na struchtúir, na próisis agus na cláir is gá a bhunú chun a gcreataí náisiúnta maidir leis na Romaigh a chur chun feidhme go héifeachtach. Cé gur céim thábhachtach chun cinn iad na hiarrachtaí sin, is féidir uaillmhian mhéadaithe a bheith ann fós chun spriocanna an Aontais do 2030 - comhad PDF, oscail i dtáb nua. a bhaint amach ina n-iomláine, ar spriocanna iad lena ndéantar faireachán ar a fheabhas a baineadh amach cuspóirí Chreat Straitéiseach an Aontais maidir leis na Romaigh i réimsí an chomhionannais, an chuimsithe shocheacnamaíoch agus rannpháirtíocht fhóinteach na Romach. Tá an tAontas tiomanta i gcónaí tacú leis na Ballstáit trí threoir a thabhairt dóibh agus trí fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme a gcreataí náisiúnta maidir leis na Romaigh.
Sochaithe cuimsitheacha a cheiliúradh
Léiríonn Mí na hÉagsúlachta Eorpaí i mí na Bealtaine tiomantas fadtéarmach an Aontais d’ionaid oibre agus do shochaithe atá éagsúil agus cuimsitheach. Bhí níos mó ná 50 imeacht ar siúl ar fud an Aontais in 2024. Ceann de na buaicphointí ba ea an tríú heagrán den Ghradam bliantúil do Phríomhchathracha Ionchuimsithe agus Éagsúlachta na hEorpa - oscail i dtáb nua., lena n-aithnítear an obair a dhéanann cathracha, bailte nó réigiúin an Aontais chun an cuimsiú a chur chun cinn agus sochaithe atá saor ó idirdhealú a chruthú. Cuireadh catagóir gradam ar leith san áireamh i mbliana d’údaráis a chuireann ar chumas bailte, cathracha agus réigiúin a bheith sábháilte trí aghaidh a thabhairt ar fhoréigean in aghaidh na mban.