Ráiteas inrochtaineachta
Is le hábhar a fhoilsítear ar an bhfearann seo a leanas a bhaineann an ráiteas seo: ‘https://op.europa.eu/webpub/com/general-report-2024/ga/ - oscail i dtáb nua.’
Níl feidhm aige maidir le hábhar nó suíomhanna gréasáin eile a fhoilsítear ar aon fhofhearann eile dá chuid. Beidh a ráiteas inrochtaineachta féin ag na suíomhanna gréasáin sin agus ag an ábhar atá orthu.
Is í AS COMM a bhainistíonn an suíomh gréasáin seo. Tá sé deartha lena úsáid ag an oiread daoine agus is féidir, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas.
Ba cheart go mbeifeá in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
- zúmáil suas le 200% gan aon fhadhb;
- nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin gan ach méarchlár a úsáid;
- nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin trí úsáid a bhaint as léitheoir scáileáin nua-aimseartha agus bogearraí aitheantais urlabhra (ar do ríomhaire nó ar do ghuthán).
Tá an suíomh gréasáin seo deartha chun cloí leis an gcaighdeán teicniúil le haghaidh suíomhanna gréasáin agus aipeanna móibíleacha, mar atá EN 301 549, v.3.2.1 - comhad PDF – oscail i dtáb nua.. Tá sé sin ag teacht go dlúth le leibhéal ‘AA’ de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) leagan 2.1 - oscail i dtáb nua..
Stádas comhlíontachta
Tá an suíomh gréasáin seo i gcomhréir go páirteach le caighdeán teicniúil EN 301 549 v.3.2.1 - comhad PDF – oscail i dtáb nua. agus leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) leagan 2.1 Leibhéal AA - oscail i dtáb nua.. Féach ‘Ábhar neamh-inrochtana’ chun tuilleadh sonraí a fháil.
Rinneadh an suíomh gréasáin a thástáil go deireanach an 11 Márta 2025.
Ullmhúchán an ráitis seo
Rinneadh athbhreithniú ar an ráiteas seo an 11 Márta 2025.
Tá an ráiteas bunaithe ar athbhreithniú a rinne conraitheoir seachtrach atá i gceannas ar fhorbairt an tsuímh gréasáin seo ar shampla ionadaíoch de leathanaigh ghréasáin, agus úsáid á baint as meascán de thástáil láimhe agus tástáil uathoibrithe chuige sin.
Aiseolas
Fáiltímid roimh aiseolas uait maidir le hinrochtaineacht an tsuímh gréasáin ‘An tAontas Eorpach in 2024 - Tuarascáil Ghinearálta ar ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh’. Cuir in iúl dúinn é má thagann tú ar bhaic inrochtaineachta:
Déanaimid iarracht freagra a thabhairt ar aiseolas laistigh de 15 lá gnó ón dáta a fhaigheann an roinn den Choimisiún atá freagrach an fiosrúchán.
Comhoiriúnacht le brabhsálaithe agus teicneolaíocht chúnta
Tá suíomh gréasáin ‘An tAontas Eorpach in 2024 - Tuarascáil Ghinearálta ar ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh’ deartha le bheith comhoiriúnach leis na teicneolaíochtaí cúnta caighdeánacha is mó a úsáidtear, mar atá:
- an leagan is déanaí de na brabhsálaithe Google Chrome, Microsoft Edge, Mozilla Firefox agus Apple Safari;
- in éineacht leis na leaganacha is déanaí de JAWS, NVDA, VoiceOver agus TalkBack.
Sonraíochtaí teicniúla
Braitheann inrochtaineacht an tsuímh gréasáin ‘An tAontas Eorpach in 2024 - Tuarascáil Ghinearálta ar ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh’ ar na teicneolaíochtaí seo a leanas chun oibriú leis an meascán ar leith de bhrabhsálaí gréasáin agus d’aon teicneolaíochtaí cúnta nó breiseáin atá suiteáilte ar do ríomhaire:
- HTML
- WAI-ARIA
- CSS
- JavaScript.
Ábhar neamh-inrochtana
In ainneoin na n-iarrachtaí is fearr atá déanta againn chun inrochtaineacht an tsuímh gréasáin ‘An tAontas Eorpach in 2024 - Tuarascáil Ghinearálta ar ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh’ a chinntiú, táimid ar an eolas faoi roinnt lochtanna agus táimid ag obair chun iad a réiteach. Anseo thíos tá cur síos ar na lochtanna a cuireadh ar ár súile dúinn agus ar na réitigh a d’fhéadfadh a bheith orthu. Déan teagmháil linn má thagann tú ar fhadhb nach bhfuil liostaithe thíos.
Lochtanna atá ar eolas againn don suíomh gréasáin ‘An tAontas Eorpach in 2024 - Tuarascáil Ghinearálta ar ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh’:
- Seinnteoir físe – inrochtaineacht méarchláir: Táimid ar an eolas faoi roinnt fadhbanna le hinrochtaineacht méarchláir ár seinnteoir físe (agus teanga na bhfotheideal á roghnú ón roghchlár, ní féidir na saigheadeochracha a úsáid chun bogadh ó theanga go chéile. Ní féidir é sin a dhéanamh ach amháin leis an gcnaipe TAB).
- Graif agus cairteacha
- Graif agus cairteacha – úsáid dathanna: Graif agus cairteacha áirithe ar an suíomh gréasáin, braitheann siad ar dhath amháin chun faisnéis a chur in iúl, rud a chuireann mearbhall ar dhaoine a bhfuil uireasa aitheanta dathanna orthu. Nuair nach bhfuil baint amhairc ag lipéid leis an rannán comhfhreagrach daite i gcairteacha, ach cliceáil ar na lipéid sna scoráin ‘eochair eolais’ ar an líne, an barra nó an rannán comhfhreagrach chun iad a chur ar siúl nó a mhúchadh, ligtear d’úsáideoirí a sheiceáil cén lipéad a bhaineann le cén chuid den chairt.
- Níl comhpháirteanna léirshamhlaithe na sonraí go hiomlán comhlíontach. I bpríomh-roghchlár na gcairteacha, tá na naisc ann mar naisc ancaire, ach ní théann siad go dtí áit ar bith.
- Is féidir sonraí taobh thiar de na graif agus na cairteacha a íoslódáil in Xcel agus i bhformáidí eile.
Eochracha rochtana
Is gléas nascleanúna iad eochracha rochtana a ligeann duit an suíomh gréasáin seo a úsáid trí úsáid a bhaint as do mhéarchlár. Is féidir teacht ar mhioneolas faoi eochracha rochtana ag Treoirlínte Inrochtaineachta - oscail i dtáb nua..
Na heochracha rochtana atá ar fáil
Úsáideann an suíomh seo socrú a thagann go dlúth le formhór na moltaí idirnáisiúnta maidir le heochracha rochtana.
Is í seo a leanas an eochair rochtana:
Eochracha rochtana a úsáid i mbrabhsálaithe gréasáin éagsúla
Brabhsálaí |
Windows |
Linux |
Mac |
Internet Explorer |
[Alt] + accesskey |
N/B |
|
Chrome |
[Alt] + accesskey |
[Alt] + accesskey |
[Control] [Alt] + accesskey |
Firefox |
[Alt][Shift] + accesskey |
[Alt][Shift] + accesskey |
[Control] [Alt] + accesskey |
Safari |
[Alt] + accesskey |
N/B |
[Control] [Alt] + accesskey |
Opera |
Opera 15 nó níos nuaí: [Alt] + accesskey
Opera 12.1 nó níos sine: [Shift] [Esc] + accesskey
|