Féach fotheideal an ghrianghraifBhuail oibrí cabhrach daonnúla de chuid an Aontais le Lidiia, bean 69 mbliana d’aois arbh éigean di teitheadh lena mac agus lena gariníon ón troid ina sráidbhaile i dtuaisceart na hÚcráine. Nuair a d’fhill siad abhaile chonacthas dóibh go ndearnadh damáiste mór don teach. In éineacht lena chomhpháirtí daonnúil, Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Dhídeanaithe, chuidigh an tAontas le díon nua a chur ar an bhfoirgneamh agus fuinneoga nua a chur in ionad fuinneoga briste. Horenka, cúige Chív, an Úcráin, an 23 Eanáir 2024.
Tá an tAontas tiomanta i gcónaí tacaíocht a thabhairt don Úcráin i bhfianaise chogadh foghach na Rúise gan chúis gan údar i gcoinne na tíre agus a hiarrachtaí neamhdhleathacha chun críocha na hÚcráine a ionghabháil. Tá an tAontas ag cabhrú leis an Úcráin cur i gcoinne an fhogha sin, trí thacú lena riachtanais mhaoinithe agus trí ról mór a imirt ina téarnamh, atógáil agus nuachóiriú chun cabhrú le geilleagar glas, digiteach agus cuimsitheach a bhaint amach. Tá sé an-ghníomhach freisin maidir le tacú le hathchóirithe na hÚcráine agus í ar a bealach i dtreo ballraíocht san Aontas agus maidir le geilleagar na hÚcráine a ailíniú níos mó leis an Margadh Aonair. In 2024 lean an tAontas de thacaíocht pholaitiúil, airgeadais, dhaonnúil agus mhíleata a thabhairt don Úcráin. Leanfaidh sé de bheith ag iarraidh go mbeidh síocháin chóir fhadtéarmach ann i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta – mar shampla prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe – lena n-athbhunófar ceannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na hÚcráine.
Cúnamh airgeadais
Tá an tAontas tiomanta i gcónaí tacaíocht a thabhairt don Úcráin ó thosaigh cogadh foghach na Rúise. Trí phacáistí cúnaimh mhacrairgeadais eisceachtúla - oscail i dtáb nua. a ghlacadh chun geilleagar na hÚcráine a chobhsú, tríd an tSaoráid Eorpach Síochána - oscail i dtáb nua. a ghiaráil le haghaidh tacaíocht mhíleata agus chosanta agus trí mhisin thiomnaithe oiliúna míleata a chur ar fáil, ghníomhaigh an tAontas go pras chun an tacaíocht éigeandála airgeadais agus mhíleata atá de dhíth ar an Úcráin a chur ar fáil.
In 2024 chuir an tAontas leis an tacaíocht sin agus leag sé amach go bhféadfadh sé cúnamh fadtéarmach níos cuimsithí a chur ar fáil don Úcráin. Tá dhá dhúshlán roimh an tír faoi láthair, is iad sin a geilleagar agus a bonneagar a atógáil agus, san am céanna, athchóirithe a chur chun feidhme de réir mar a thosaíonn sí ar a conair féin i dtreo teacht isteach san Aontas (féach Caibidil 8). I bhfianaise chastacht na hatógála agus na n-athchóirithe is gá le haghaidh aontachas leis an Aontas, ba léir go raibh gá le tacaíocht leanúnach struchtúrtha ón Aontas. Chun aghaidh a thabhairt ar an méid sin, chruthaigh an tAontas an tSaoráid don Úcráin - oscail i dtáb nua. chun tacaíocht chobhsaí intuartha airgeadais suas le €50 billiún a chur ar fáil don Úcráin idir 2024 agus 2027.
Leis an tSaoráid don Úcráin léirítear tiomantas an Aontais teacht aniar na hÚcráine a neartú, téarnamh na hÚcráine a chothú agus a bealach i dtreo forbairt inbhuanaithe agus ballraíocht san Aontas a éascú. Faoin tsaoráid, íocadh €16.5 billiún amach in 2024 le buiséad stáit na hÚcráine chun cuidiú le pá poiblí, pinsin agus seirbhísí poiblí riachtanacha a mhaoiniú, agus slógadh €19.6 billiún breise ar fud thrí cholún den tsaoráid.
An tSaoráid don Úcráin
PLEAN NA HÚCRÁINE
Aghaidh a thabhairt ar riachtanais airgeadais stát na hÚcráine chun cobhsaíocht mhacrairgeadais agus tacaíocht a thabhairt d’athchóirithe agus infheistíocht atá dírithe ar théarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine san am céanna. Íocfar cistí gach ráithe ar bhonn chur chun feidhme rathúil na n-athchóirithe earnála agus struchtúracha agus na hinfheistíochta a leagtar amach i bPlean na hÚcráine - oscail i dtáb nua..
AN CREAT INFHEISTÍOCHTA DON ÚCRÁIN
Infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a mhealladh agus a shlógadh le haghaidh théarnamh agus atógáil na hÚcráine tríd an gCreat Infheistíochta don Úcráin - oscail i dtáb nua. (féach an roinn ‘Atógáil na hÚcráine’ thíos).
CLÁIR CHÚNAIMH
Cúnamh teicniúil agus bearta tacaíochta a chur ar fáil chun ailíniú na hÚcráine le dlíthe agus rialacháin an Aontais a éascú.
Is iad seo a leanas príomhchuspóirí na Saoráide don Úcráin:
tacú leis an téarnamh, leis an atógáil agus leis an nuachóiriú trí bhonneagar a atógáil, trí gheilleagar na hÚcráine a athbheochan agus trí theacht aniar na sochaí a fheabhsú;
tacú le hathchóirithe na hÚcráine ar an mbealach chuig aontachas leis an Aontas trí chúnamh agus dreasachtaí a chur ar fáil chun athchóirithe a chur chun feidhme lena n-éascófar ailíniú na hÚcráine le caighdeáin agus luachanna an Aontais;
tacú le riachtanais mhaoinithe trí leanúnachas seirbhísí riachtanacha a chinntiú, fiú i bhfianaise cogaidh agus brú eacnamaíoch;
infheistíocht a shlógadh trí shreabha infheistíochta a éascú chun téarnamh eacnamaíoch tapa agus fás inbhuanaithe a spreagadh, agus an bealach a réiteach do rathúnas fadtéarmach;
tacú le sochaí na hÚcráine trí theacht aniar na n-institiúidí agus na ngníomhaithe a neartú, trí thionchar daonnúil an chogaidh a mhaolú agus trí chomhtháthú sóisialta agus cuimsitheacht a chur chun cinn i sochaí na hÚcráine.
Sa bhreis ar an gcúnamh airgeadais a cuireadh ar fáil trí Shaoráid na hÚcráine, glacadh pacáiste beart - oscail i dtáb nua. i mí Dheireadh Fómhair chun na gealltanais a thug an tAontas agus comhpháirtithe G7 ag Cruinniú Mullaigh G7 - oscail i dtáb nua. in Fasano, Apulia na hIodáile, a chur chun feidhme chun iasachtaí breise €45 bhilliún a chur ar fáil don Úcráin. As an €45 bhilliún san iomlán, agus tar éis dó ranníocaíochtaí a fháil ó chomhpháirtithe eile G7, dheimhnigh an tAontas go n-eiseoidh sé iasacht cúnaimh macrairgeadais €18.1 billiún mar ranníocaíocht uaidh. Tá na hiasachtaí sin le haisíoc leis an ioncam urghnách a ghintear ó shócmhainní blocáilte Bhanc Ceannais na Rúise.
Faoi dheireadh 2024, bhí tacaíocht eacnamaíoch, dhaonnúil agus mhíleata dar luach breis agus €130 billiún curtha ar fáil ag an Aontas agus a Bhallstáit don Úcráin agus d’Úcránaigh ó thús ionradh iomlán na Rúise.
Tacaíocht don Úcráin agus d’Úcránaigh (2022–2024)
As an tacaíocht iomlán don Úcráin agus d’Úcránaigh ó 2022 go 2024, dar luach níos mó ná €130 billiún, cuireadh os cionn €64.3 billiún ar fáil mar thacaíocht airgeadais, eacnamaíoch agus dhaonnúil agus €47.3 billiún mar thacaíocht mhíleata, agus cuireadh €17 mbilliún ar fáil do na Ballstáit chun tacú le daoine a bhí ag teitheadh ón gcogadh.
Tacaíocht mhíleata
Chomh maith le trealamh míleata a chur ar fáil don Úcráin, tá an tAontas agus a Bhallstáit ag tacú leis an tír freisin trí oiliúint mhíleata a chur ar fáil. Is é is aidhm do Mhisean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin - oscail i dtáb nua. acmhainneacht Fhórsaí Armtha na hÚcráine a neartú chun iomláine chríochach na hÚcráine a chosaint. Oibríonn an misean i ndlúthchomhar le comhpháirtithe idirnáisiú\nta atá ar aon intinn leis chun tacaíocht oiliúna a chur ar fáil d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine. Bíonn na gníomhaíochtaí misin ar fad ar siúl ar chríoch an Aontais. Go dtí seo, tá modúil oiliúna agus pearsanra curtha ar fáil ag 24 Bhallstát, agus cuireadh oiliúint ar níos mó ná 65,000 saighdiúir de chuid na hÚcráine.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ag an am agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh a bhí i gceannas ar Eoraip níos Láidre sa Domhan (ar dheis), agus é ar cuairt ag an tsaoráid ina bhfuil Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh san Úcráin agus Acadamh Náisiúnta na nGnóthaí Inmheánacha ag feidhmiú, Cív na hÚcráine, an 6 Feabhra 2024.
Cabhair dhaonnúil agus cabhair cosanta sibhialta don Úcráin
Tacaíonn maoiniú daonnúil ón Aontas le daoine san Úcráin trí chúnamh airgid, cúnamh cosanta sibhialta, cúram sláinte, dídean éigeandála agus dídean atá díonta ar aimsir an gheimhridh, soláthairtí leighis, bia, uisce, trealamh dímhianaithe agus oiliúint, agus oideachas a chur ar fáil.
Tá €100 milliún breise i gcúnamh daonnúil a cuireadh ar fáil don Úcráin ó bhí mí Iúil ann san áireamh sna cistí sin. Tá an tromlach dírithe ar chabhrú leis na daoine is leochailí le hullmhúcháin don gheimhreadh.
Measann saineolaithe gur cailleadh thart ar 9 ngigeavata d’acmhainneacht táirgeachta fuinnimh mar thoradh ar ionsaithe ar bhonneagar fuinnimh na hÚcráine in 2024 — is é sin leath den mhéid is gá don Úcráin a fháil tríd an ngeimhreadh. Chun na soilse a choinneáil lasta, tá thart ar €100 milliún curtha ar fáil - oscail i dtáb nua. ag an Aontas chun bonneagar fuinnimh a dheisiú agus chun níos mó ná 2 ghigeavata leictreachais a easpórtáil chuig an Úcráin. Cumhdófar an tsuim sin leis an ioncam urghnách a ghintear ó shócmhainní blocáilte Bhanc Ceannais na Rúise san Aontas. (Chun tuilleadh eolais a fháil faoi rannchuidiú an Aontais le slándáil fuinnimh na hÚcráine, féach an roinn ‘Atógáil na hÚcráine’ thíos).
An 20 Meán Fómhair 2024, thug Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (ar chlé), cuairt - oscail i dtáb nua. ar Chív na hÚcráine, áit ar bhuail sí le Volodymyr Zelenskyy, Uachtarán na hÚcráine (ar dheis), chun tacaíocht an Aontais don tír i bhfianaise dhúshláin gheimhreadh 2024–2025 a phlé, agus ganntanas fuinnimh ann mar gheall ar bhombardú na Rúise ar an mbonneagar. D’fhógair sí go gcabhródh an tAontas leis an Úcráin an damáiste a rinne na hionsaithe sin a dheisiú agus leictreachas a easpórtáil chuig an tír, chun thart ar 25 % de riachtanais fuinnimh na hÚcráine don gheimhreadh a chumhdach.
Tá cabhair chomhchineáil curtha ar fáil ag gach ceann de na 27 mBallstát, in éineacht le sé thír nach bhfuil san Aontas, trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta - oscail i dtáb nua., idir sholáthairtí leighis agus fheithiclí agus trealamh fuinnimh.
Go dtí seo tá tabhartais tríd an sásra cothrom le:
breis agus 9.9 milliún bolgán LED;
breis agus 360,000 ítimí soláthair fuinnimh éigeandála, mar shampla:
3,473 chlaochladán,
cúig uath-chlaochladán,
8,809 ngineadóir cumhachta.
Thacaigh an sásra freisin le seachadadh trealaimh dímhianaithe agus inneall dóiteáin. I gcomhar le stoc-chairn éigeandála rescEU - oscail i dtáb nua. an Aontais, tá trealamh leighis agus cúnamh fuinnimh breise seolta chuig an Úcráin.
Chun soláthairtí criticiúla a dháileadh go héifeachtúil, tá moil lóistíochta bunaithe ag an Aontas sa Pholainn, sa Rómáin agus sa tSlóvaic. Go dtí seo, seachadadh breis agus 152,000 tona cabhrach.
Tá aslonnuithe leighis á gcomhordú ag an Aontas freisin d’othair ón Úcráin a bhfuil cóireáil de dhíth orthu go práinneach. Go dtí seo, tá cúram speisialaithe faighte ag beagnach 4,000 othar in 22 thír.
Tá níos mó i gceist leis an gcabhair dhaonnúil ná tabhartais agus maoiniú. Tá ról lárnach ag oifigí daonnúla an Aontais san Úcráin maidir le comhordú daonnúil agus comhroinnt eolais a éascú i measc eagraíochtaí éagsúla. Tá saineolaithe daonnúla an Aontais i mbun misin allamuigh rialta freisin i mbeagnach gach réigiún atá buailte chun measúnú a dhéanamh ar na riachtanais agus monatóireacht a dhéanamh ar thionscnaimh a fhaigheann cistiú ón Aontas. In Kharkiv, an Úcráin, tá comhpháirtithe an Aontais ar an láthair, agus cuireann siad cabhair ríthábhachtach ar fáil, mar shampla airgead tirim, uisce agus éadaí teo, do na daoine sin atá ag teitheadh ó ionsaithe.
Othair Úcránacha ar cuireadh cóir leighis orthu ar fud na hEorpa
an Ostair
Líon na n-othar ar cuireadh cóir leighis orthu: 93
an Bheilg
Líon na n-othar ar cuireadh cóir leighis orthu: 47
an tSeicia
Líon na n-othar ar cuireadh cóir leighis orthu: 32
an Ghearmáin
Líon na n-othar ar cuireadh cóir leighis orthu: 1302
an Danmhairg
Líon na n-othar ar cuireadh cóir leighis orthu: 201
an Eastóin
Líon na n-othar ar cuireadh cóir leighis orthu: 1
an Spáinn
Líon na n-othar ar cuireadh cóir leighis orthu: 265
an Fhionlainn
Líon na n-othar ar cuireadh cóir leighis orthu: 40
an Fhrainc
Líon na n-othar ar cuireadh cóir leighis orthu: 156
an Chróit
Líon na n-othar ar cuireadh cóir leighis orthu: 41
an Ungáir
Líon na n-othar ar cuireadh cóir leighis orthu: 7
Éire
Líon na n-othar ar cuireadh cóir leighis orthu: 28
an Iodáil
Líon na n-othar ar cuireadh cóir leighis orthu: 111
an Liotuáin
Líon na n-othar ar cuireadh cóir leighis orthu: 314
Lucsamburg
Líon na n-othar ar cuireadh cóir leighis orthu: 2
an Mholdóiv
Líon na n-imeachtaí aslonnaithe leighis: 45
an Ísiltír
Líon na n-othar ar cuireadh cóir leighis orthu: 299
an Iorua
Líon na n-othar ar cuireadh cóir leighis orthu: 429
an Pholainn
Líon na n-imeachtaí aslonnaithe leighis: 219
Líon na n-othar ar cuireadh cóir leighis orthu: 370
an Phortaingéil
Líon na n-othar ar cuireadh cóir leighis orthu: 8
an Úcráin
Líon na n-imeachtaí aslonnaithe leighis: 3725
an Rómáin
Líon na n-othar ar cuireadh cóir leighis orthu: 14
an tSualainn
Líon na n-othar ar cuireadh cóir leighis orthu: 214
an tSlóivéin
Líon na n-othar ar cuireadh cóir leighis orthu: 2
an tSlóvaic
Líon na n-imeachtaí aslonnaithe leighis: 1
Cosaint agus tacaíocht a thabhairt do na daoine atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin
Tugadh stádas cosanta sealadaí san Aontas do bhreis agus 4 mhilliún duine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin. I mí an Mheithimh, chuir an tAontas síneadh - oscail i dtáb nua. leis an gcosaint sin, lena ndeonaítear cearta cónaithe, cúraim sláinte, oideachais agus oibre ar fud na mBallstát, go dtí mí an Mhárta 2026.
I gcomhpháirtíocht leis an Aontas, tá Cónaidhm Idirnáisiúnta Chumainn na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg ag tabhairt aghaidh ar riachtanais mheabhairshláinte athraitheacha na ndaoine a easáitíodh mar gheall ar an gcogadh. Cuimsítear leis sin raon cineálacha éagsúla tacaíochta, idir chúnamh a thabhairt do leanaí a bhfuil riachtanais shíceolaíocha agus shóisialta acu sa Bhulgáir agus ghníomhaíochtaí tacaíochta síceolaíocha a chur ar fáil i ranganna fáiltithe sa Danmhairg agus oiliúint a chur ar mhúinteoirí chun tacú le mic léinn easáitithe sa Chróit. Chuir an Chrois Dhearg oiliúint gharchabhrach shíceolaíoch ar bhreis agus 4,000 duine san Úcráin freisin.
Tá iarracht ollmhór déanta ag údaráis náisiúnta ar fud an Aontais freisin chun tacú le cuimsiú foghlaimeoirí easáitithe ar gach leibhéal agus ar gach earnáil oideachais agus oiliúna. Ceanglaítear ar leanaí ón Úcráin freastal ar scoileanna áitiúla i mbreis agus leath de na Ballstáit, agus tá níos mó acu á n-ullmhú féin chun freastal scoile éigeantach a thabhairt isteach dóibh amach anseo. Meastar gur cláraíodh 700,000 - oscail i dtáb nua. leanbh easáitithe ón Úcráin ar fud an Aontais le haghaidh na scoilbliana 2023-2024, idir oideachas agus cúram na luath-óige agus oideachas meánscoile sinsearach.
Tar éis ghlao 2024 na nOllscoileanna Eorpacha Erasmus+ - oscail i dtáb nua. a fhógairt maidir le conas comhghuaillíochtaí ollscoile a bhunú nó a leathnú, chuaigh thart ar 35 ollscoil de chuid na hÚcráine isteach i gcomhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha mar chomhpháirtithe comhlachaithe. Tugann an tionscnamh sin deis do mhic léinn agus do bhaill foirne staidéar agus obair a dhéanamh i dtíortha éagsúla san Eoraip. Thairis sin, thacaigh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach le daoine aonair a easáitíodh mar gheall ar an gcogadh san Úcráin trí thionscadail dheonacha - oscail i dtáb nua..
Ó thosaigh cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá 1.5 milliún téacsleabhar curtha ar fáil ag an Aontas do dhaltaí scoile na hÚcráine. Cív na hÚcráine, an 31 Deireadh Fómhair 2024.
Tá €10 milliún breise leithdháilte - oscail i dtáb nua. chun tacú le taighdeoirí easáitithe ón Úcráin trí MSCA4Ukraine - oscail i dtáb nua. faoin gclár Fís Eorpach, is é sin príomhchlár cistiúcháin an Aontais don taighde agus don nuálaíocht. Cuirfidh sé sin ar a gcumas do 50 taighdeoir bhreise ar a laghad leanúint dá gcuid oibre ar thionscadail taighde go sábháilte in ollscoileanna, gnólachtaí, ionaid taighde agus institiúidí eile atá bunaithe san Aontas agus i dtíortha a bhfuil baint acu le Fís Eorpach. Tá an méid sin sa bhreis ar an €25 mhilliún atá tiomnaithe cheana féin chun tacú le 125 thaighdeoir - oscail i dtáb nua. a easáitíodh mar gheall ar an gcogadh faoi scéim comhaltachta MSCA4Ukraine.
Tá an tAontas ag obair freisin chun a chinntiú go mbeidh sé éasca muintir na hÚcráine lánpháirtiú sna Ballstáit den Aontas. A bhuí le hIonstraim an Aontais um thacaíocht theicniúil - oscail i dtáb nua., mar shampla, tá straitéis níos fadtéarmaí á tógáil ag bailte agus cathracha sa Pholainn, sa Rómáin agus sa tSlóvaic chun tacú le teaghlaigh dídeanaithe ón Úcráin. Cuirfidh sé sin ar a gcumas do theaghlaigh tairbhiú de rochtain inbhuanaithe gan bhriseadh ar sheirbhísí riachtanacha mar shampla oideachas agus deiseanna fostaíochta.
Chuir Inna, dídeanaí ón Úcráin, tús le hintéirneacht i mbácús áitiúil sa Danmhairg faoin tionscadal ‘Inclusive Restart’ i gcathair Randers, tionscadal a fhaigheann tacaíocht ó chómhaoiniú ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus. Tá sí fostaithe go hoifigiúil anois.
Inna, dídeanaí ón Úcráin, ag déanamh taosrán i mbácús in Randers na Danmhairge, an 1 Iúil 2024.
FÍSEÁN: Sa Rómáin, chuidigh an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil le cistí a chur ar fáil d’ardán ar líne a fheidhmíonn mar phointe teagmhála aonair trínar féidir le dídeanaithe ón Úcráin rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí.
Chomh maith le lánpháirtiú a chothú, aithníonn an tAontas a thábhachtaí atá sé an t-eolas is gá a thabhairt d’Úcránaigh chun a gcearta mar chónaitheoirí san Aontas a thuiscint agus a fheidhmiú le stádas cosanta sealadaí. In 2024, sheol an tAontas feachtas tiomnaithe - oscail i dtáb nua. chun muintir na hÚcráine easáitithe i sé Bhallstát a chur ar an eolas faoi chearta tomhaltóirí an Aontais. Cuidíonn sé sin lena chinntiú go bhfuil rochtain chomhionann acu ar chóir chothrom, ar chosaint agus ar thrédhearcacht ina n-idirbhearta laethúla tomhaltóirí. Ba é an dara príomhchuspóir a bhí leis an bhfeachtas cumhacht a thabhairt d’Úcránaigh easáitithe cuidiú a lorg agus a gcearta a éileamh trína dtreorú chuig an eagraíocht tomhaltóirí iomchuí sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu.
Faoi dheireadh, tá sé d’aidhm ag an Aontas éagsúlacht agus oidhreacht chultúrtha agus teanga a chosaint, a fhorbairt agus a chur chun cinn, agus aithníonn sé an tábhacht a bhaineann le léiriú cultúrtha chun muintearas agus comhthuiscint a chruthú. I mí na Nollag, ghlac an Úcráin páirt sa tsraith MEDIA - oscail i dtáb nua. de chlár Eoraip na Cruthaitheachta - oscail i dtáb nua., rud a chuir ar a gcumas do chruthaitheoirí scannán agus closamhairc na hÚcráine iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú dá gcuid oibre.
Lean an tAontas dá dhlúthchomhar leis an Úcráin agus leis an Moldóiv chun feabhas a chur ar bhealaí iompair trí thionscnamh na Lánaí Dlúthpháirtíochta - oscail i dtáb nua.. Bunaíodh na Lánaí Dlúthpháirtíochta ar dtús chun dul timpeall ar imshuí na Rúise ar chalafoirt na hÚcráine sa Mhuir Dhubh, calafoirt a bhí mar phríomhthairseach d’easpórtálacha gráin na tíre, agus sa lá atá inniu ann cumhdaítear trádáil ar fud na n-earnálacha ar fad leis na Lánaí Dlúthpháirtíochta. Cuireann siad ar a cumas don Úcráin agus don Mholdóiv gach cineál earra a easpórtáil chuig margaí an domhain agus cinntíonn siad san am céanna go sroicheann iompórtálacha ríthábhachtacha an Úcráin. San fhadtéarma, beidh ról lárnach acu in atógáil agus i gcomhtháthú breise na hÚcráine i Margadh Aonair an Aontais.
FÍSEÁN: Na Lánaí Dlúthpháirtíochta i mbun gníomhaíochta.
Mar chuid de na Lánaí Dlúthpháirtíochta, tá trealamh á mhaoiniú ag an Aontas freisin chun tacú le húdaráis teorann agus chustaim. I mí an Mheithimh, seachadadh scanóir lasta soghluaiste nua a fuair maoiniú ón Aontas - oscail i dtáb nua. chuig an trasnú teorann in Chop na hÚcráine, ar an teorainn leis an Ungáir, chun dlús a chur le seiceálacha agus chun amanna feithimh a laghdú do thiománaithe leoraithe agus do ghnólachtaí lóistíochta.
Chomh maith leis na Lánaí Dlúthpháirtíochta, leathnaíodh an Gréasán Tras-Eorpach Iompair - oscail i dtáb nua., ar príomhthionscnamh de chuid an Aontais é atá ceaptha chun bonneagar iompair agus nascacht a fheabhsú ar fud na mBallstát, chun an Úcráin agus an Mholdóiv a chur san áireamh. Thug sé sin rochtain freisin d’eintitis ón dá thír ar an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa - oscail i dtáb nua., is é sin príomhshásra cistiúcháin an Aontais le haghaidh forbairt bonneagair.
Cuideoidh naoi dtionscadal le nascacht trasteorann gan uaim a fhorbairt leis an Úcráin agus leis an Moldóiv, le tacaíocht ó chistiú €338 milliún ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.
Lean an tAontas de thacaíocht a thabhairt don Úcráin trí chomhaontuithe trádála - oscail i dtáb nua. fabhracha, comhaontuithe iompair fabhracha agus comhaontuithe fánaíochta fabhracha a leathnú.
Le linn na bliana, chuir an tAontas síneadh arís eile le bearta tacaíochta trádála - oscail i dtáb nua. lena gcuirtear dleachtanna easpórtála agus cuótaí ar easpórtálacha na hÚcráine ar fionraí, an uair seo go dtí an 5 Meitheamh 2025.
Mar sin féin, i bhfianaise an mhéadaithe shuntasaigh ar roinnt táirgí talmhaíochta ón Úcráin a iompórtáil isteach san Aontas in 2022 agus 2023 tá sásra coimirce treisithe sna bearta tacaíochta athnuaite. Fágann sé gur féidir gníomhaíocht feabhais thapa a dhéanamh i gcás suaitheadh suntasach i margadh an Aontais nó i margaí Ballstáit amháin nó níos mó.
Chun an comhar i réimse an iompair a neartú, seoladh an tIdirphlé Ardleibhéil maidir le hIompar idir an tAontas agus an Mholdóiv. Cuideoidh sé sin le naisc idir gach modh iompair a neartú agus le dul chun cinn comhpháirteach a dhéanamh maidir leis an gclaochlú inbhuanaithe agus digiteach.
Adina Vălean, an Coimisinéir Eorpach um Iompar (ar dheis) ag an am, agus Serhiy Derkach, Leas-Aire na hÚcráine um Chomhphobail, Críocha agus Forbairt Bonneagair (ar chlé), tráth a síníodh an Comhaontú Bóthair idir an tAontas agus an Úcráin, an Bhruiséil, an Bheilg, an 20 Meitheamh 2024.
Aithníonn an tAontas go bhfuil gá freisin le tacaíocht láidir d’atógáil na tíre chun téarnamh eacnamaíoch na hÚcráine a bhaint amach. Tá sé d’aidhm ag an Aontas acmhainní a chomhordú go héifeachtach tríd an Úcráin, an tAontas, tíortha G7 agus comhpháirtithe eile a thabhairt le chéile. Is é an cuspóir atá ann a chinntiú go ndéanfar cúnamh don Úcráin a phleanáil agus a chur ar fáil go héifeachtúil, ar bhealach comhleanúnach, trédhearcach cuimsitheach, agus dúbláil iarrachtaí á seachaint san am céanna.
De réir na tuarascála ón mBanc Domhanda Ukraine — Rapid damage and needs assessment - oscail i dtáb nua., tuarascáil a eisíodh i mí Feabhra 2024, cosnóidh atógáil agus téarnamh na hÚcráine $486 bhilliún sna 10 mbliana amach romhainn. Is iad na riachtanais is práinní tithíocht, iompar, tráchtáil agus tionsclaíocht, talmhaíocht, fuinneamh, cosaint shóisialta agus cosaint slite beatha.
D’ainneoin na n-imthosca dúshlánacha, bhí fás 5% i ngeilleagar na hÚcráine in 2023. De réir réamhaisnéisí na bunlíne - comhad PDF, oscail i dtáb nua., tá coinne leis go mbeidh an fás sna blianta amach romhainn os cionn 4%. Mar sin féin, fiú i gcás bunlíne an chogaidh a thosaigh de bheith ag teacht chun deiridh ag deireadh 2024, ní shroichfeadh fíor-olltáirgeacht intíre na hÚcráine an leibhéal a bhí ann roimh an gcogadh go dtí 2030.
Chun cuidiú leis an Úcráin í féin a atógáil, sheol an tAontas an Creat Infheistíochta nua don Úcráin - oscail i dtáb nua. i mí Aibreáin, faoin tSaoráid don Úcráin. Leis sin, cuirfear €9.3 billiún ar fáil d’ionstraimí infheistíochta (€7.8 billiún i ráthaíochtaí iasachta agus €1.51 billiún le haghaidh deontais airgeadais chumaiscthe) lena bhféadfaí suas le €40 billiún de mhaoiniú breise a shlógadh ó institiúidí airgeadais Eorpacha agus ón earnáil phríobháideach. Síníodh an chéad luach €1.4 billiún de dheontais agus de chomhaontuithe ráthaíochta faoin gcreat i mí an Mheithimh ag Comhdháil Téarnaimh na hÚcráine - oscail i dtáb nua. i mBeirlín, an Ghearmáin. D’fhéadfaidís siúd €6 billiún d’infheistíocht a scaoileadh le haghaidh tionscadail chriticiúla atógála agus nuachóirithe, go háirithe i réimsí ar nós fuinneamh agus bonneagar bardasach. Seoladh an Chomhairle Chomhairleach Gnó - oscail i dtáb nua. sa chomhdháil freisin, comhairle a thacóidh leis an ardán ilghníomhaireachtaí comhordaithe deontóirí don Úcráin - oscail i dtáb nua. trí léargais gnó a chur ar fáil chun feabhas a chur ar an timpeallacht infheistíochta agus infheistíocht phríobháideach a mhealladh.
Ina theannta sin, i mí na Samhna, ag an gComhdháil Infheistíochta idir an tAontas agus an Úcráin i Vársá na Polainne, seoladh glao ar léirithe spéise, glao a bhí dírithe ar ghnólachtaí príobháideacha atá bunaithe san Aontas agus ar spéis leo infheistíocht a dhéanamh san Úcráin. Mheall an chomhdháil níos mó ná 5,500 rannpháirtí ó 32 thír, lena agus ionadaithe ó ghnólachtaí agus bainc san áireamh.
Chun tacú le hatógáil na hÚcráine atá níos glaise agus níos cuimsithí ar bhonn sóisialta, shínigh - oscail i dtáb nua. an tAontas agus an Chorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta comhaontú ráthaíochta €90 milliún chun tacú le hatógáil chuimsitheach inbhuanaithe san Úcráin. Is é is aidhm don chlár breis agus €500 milliún d’infheistíochtaí ón earnáil phríobháideach a shlógadh i mbonneagar criticiúil, i dtáirgeadh earraí, i ndícharbónú agus i gcaomhnú slite beatha.
FÍSEÁN: Tionscadal Nad Dzherelom, buaiteoir na duaise um Aitheantas Speisialta maidir le hIarracht Atógála agus Téarnaimh na hÚcráine.
Bhí fáilte roimh thionscadail de chuid na hÚcráine i nduaiseanna Bauhaus Eorpach Nua - oscail i dtáb nua. den chéad uair in 2024, duaiseanna a thugann infheictheacht do thionscadail agus coincheapa nuálacha le saoránaigh ón Eoraip agus níos faide i gcéin. Bronnadh duais a thugann aitheantas speisialta d’iarracht atógála agus téarnaimh na hÚcráine ar dhá thionscnamh a chuireann dídean agus spásanna coiteanna ar fáil do dhaoine easáitithe ina dtír féin agus do theaghlaigh atá i ngátar. Leis an duais speisialta sin, tugtar aitheantas do theacht aniar mhuintir na hÚcráine agus tacaítear leis an bpróiseas atógála agus téarnaimh.
Fuinneamh slán glas don Úcráin
Mar fhreagairt ar ionsaithe na Rúise ar bhonneagar fuinnimh, mhéadaigh an tAontas an tacaíocht a thugann sé d’earnáil fuinnimh na hÚcráine le trí phríomhthosaíocht.
Acmhainneacht giniúna a athbhunú agus dlús a chur le húsáid foinsí díláraithe fuinnimh, mar shampla foinsí in-athnuaite fuinnimh.
Tabhartais a shlógadh ó na Ballstáit, ó chomhpháirtithe agus ó ghnólachtaí, a gcomhordaítear iad trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta. Chuidigh an tAontas freisin le Ciste Tacaíochta Fuinnimh na hÚcráine a bhunú. Soláthraíodh ar a laghad €2 bhilliún de thacaíocht don tslándáil fuinnimh don Úcráin cheana féin ó rinne an Rúis ionradh iomlán, trí bhíthin Chiste Tacaíochta Fuinnimh na hÚcráine agus Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, i measc foinsí eile.
Easpórtálacha leictreachais an Aontais chuig an Úcráin a mhéadú, agus iad socraithe ag 2,100 meigeavata ar bhonn tráchtála agus 250 meigeavata ar bhonn éigeandála ó bhí an 1 Nollaig 2024 ann.
Tá an tAontas ag tacú leis an Úcráin ina comhtháthú i margadh fuinnimh an Aontais agus tá treoir á cur ar fáil aige maidir le conair uaillmhianach athchóirithe lena n-éascófar an t-aontachas.
Mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ar an ngéarchéim praghsanna fuinnimh a bhí mar thoradh air sin, ghlac an Coimisiún ionstraimí Státchabhrach spriocdhírithe, mar atá an Creat Sealadach Géarchéime agus an Creat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe - oscail i dtáb nua. a tháinig ina dhiaidh. Bhí ról suntasach acu sin maidir leis an tionchar a bhíonn ag costais arda fuinnimh a mhaolú agus maidir le tacú leis an aistriú glas sna Ballstáit. I mí na Bealtaine, chuir an Coimisiún síneadh 6 mhí eile le forálacha áirithe den Chreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe, go dtí deireadh 2024, chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh leanúnach sa mhargadh go sonrach in earnálacha na talmhaíochta agus an iascaigh.
Tugadh aghaidh ar ábhair imní fheirmeoirí an Aontais maidir leis an méadú atá ag teacht ar iompórtálacha agraibhia ón Úcráin trí chlásal coimirce neartaithe agus coscán éigeandála do sheacht dtáirge íogaire a chur san áireamh sna bearta tacaíochta trádála, ar cuireadh síneadh leo go dtí an 5 Meitheamh 2025. Tá an Rúis fós ina heaspórtálaí gránach an-mhór ar domhan, agus leanann a heaspórtálacha, go díreach agus go hindíreach, den iarracht chogaidh a mhaoiniú. Mar thoradh ar an mbagairt i ndáil le suaitheadh i margadh an Aontais, glacadh - oscail i dtáb nua. taraifí níos airde ar tháirgí gráin a dhéantar a iompórtáil isteach san Aontas ón Rúis agus ón mBealarúis — is é sin méadú suas le 50%, taraifí a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil. I gcomhréir le bunphrionsabal an Aontais gan bearta sriantacha a dhéanamh a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar shlándáil an tsoláthair dhomhanda bia, níl feidhm ag an gcosaint mhéadaithe taraife sin ach amháin maidir le hiompórtálacha isteach i margadh an Aontais.
Lean an tAontas de smachtbhannaí troma a fhorchur ar an Rúis le linn na bliana, agus é d’aidhm aige teorainn a chur lena cumas a cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine a mhaoiniú. Ó bhí mí Feabhra 2022 ann, tá 15 phacáiste de bhearta sriantacha forchurtha ag an Aontas ar an Rúis. Chomh maith le bheith ag díriú ar dhaoine aonair agus ar eintitis shonracha, díríonn smachtbhannaí an Aontais ar na hearnálacha airgeadais, fuinnimh, iompair, teicneolaíochta agus cosanta freisin.
Sa 13ú pacáiste de smachtbhannaí - oscail i dtáb nua. a glacadh i mí Feabhra 2024, díríodh ar rochtain na Rúise ar theicneolaíochtaí mhíleata a theorannú a thuilleadh, cuir i gcás teicneolaíocht le haghaidh ladrann, agus ar chuideachtaí agus daoine aonair breise a bhfuil baint acu le hiarracht chogaidh na Rúise a liostú. Sa 14ú pacáiste de bhearta sriantacha - oscail i dtáb nua. a glacadh i mí an Mheithimh, chuathas i ngleic le saincheisteanna forfheidhmiúcháin agus le hiarrachtaí na Rúise dul timpeall ar smachtbhannaí an Aontais. Bhí bearta nua tábhachtacha ann a bhaineann le fuinneamh agus a dhíríonn ar ghás nádúrtha leachtaithe. Den chéad uair riamh, ghlac an tAontas beart atá dírithe ar shoithí sonracha lena n-éascaítear cogaíocht na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar soithí iad atá faoi réir toirmeasc rochtana calafoirt agus toirmeasc ar sholáthar seirbhísí.
Leis an 14ú pacáiste neartaíodh smachtbhannaí airgeadais go mór freisin trí thoirmeasc a thabhairt isteach ar bhainc de chuid an Aontais lasmuigh den Rúis úsáid a bhaint as an gCóras Aistrithe Teachtaireachtaí Airgeadais, ar córas é atá coibhéiseach le SWIFT (an Cumann um Theileachumarsáid Airgeadais Idirbhainc Dhomhanda) na Rúise. Ina theannta sin tugadh isteach leis an bpacáiste toirmeasc ar idirbhearta le bainc agus le soláthraithe criptea-shócmhainní, rud a éascaíonn idirbhearta lena dtugtar tacaíocht do bhonn tionsclaíoch cosanta na Rúise. Chun teorainn bhreise a chur le cumas na Rúise rochtain a fháil ar earraí srianta agus teicneolaíocht shrianta, tugadh isteach roinnt beart a fhéachann le borradh a chur faoi chomhlíonadh ar thaobh na hearnála príobháidí, tacú le forfheidhmiú ar thaobh na n-údarás inniúil náisiúnta, agus bac a chur ar theacht timpeall ar smachtbhannaí, ar nós guaim a choinneáil ar fochuideachtaí eachtracha oibreoirí an Aontais.
PODCHRAOLADH: Podchraoladh ina bpléitear éifeachtacht smachtbhannaí an Aontais.
Sa 15ú pacáiste de smachtbhannaí - oscail i dtáb nua. a glacadh i mí na Nollag, díríodh ar dhul i ngleic le scáthchabhlach na Rúise, teacht timpeall ar smachtbhannaí agus coimpléasc tionsclaíoch míleata na Rúise. Den chéad uair riamh, d’fhorchuir an tAontas smachtbhannaí iomlána — mar shampla toirmisc taistil, reonna sócmhainní agus toirmisc acmhainní eacnamaíocha – ar roinnt eintitis Shíneacha. Ina theannta sin, díríodh sa phacáiste ar mhonaróirí trealaimh mhíleata na Rúise, ar ghnólachtaí loingseoireachta agus ar eintitis loingseoireachta atá ag cabhrú le teacht timpeall ar smachtbhannaí, agus tugadh isteach leasuithe chun aghaidh a thabhairt ar an ndlíthíocht atá ag méadú agus ar fhrithbhearta díoltais sa Rúis i gcoinne thaisclanna lárnacha urrús an Aontais. Bhí 84 liostú sa phacáiste freisin — 54 dhuine aonair agus 30 eintiteas — rud a fhágann gur mó ná 2,300 an líon iomlán de chineálacha liostaithe. Ciallaíonn sé sin gur cuireadh sócmhainní atá bunaithe san Aontas atá ag na daoine aonair agus na heintitis liostaithe sin faoi réir reo sócmhainní, agus — i gcás daoine aonair — faoi réir toirmisc taistil.
Ghlac an tAontas smachtbhannaí i gcoinne na Bealarúise - oscail i dtáb nua. freisin mar fhreagairt ar a ról i gcogadh foghach neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Léiríonn na bearta cuimsitheacha sin roinnt de na srianta a forchuireadh cheana ar an Rúis, lena dtugtar aghaidh ar rioscaí imchéimniúcháin mar gheall ar dhlúth-chomhtháthú gheilleagair na Rúise agus na Bealarúise.
Tá an tAontas ag obair go dian chun a chinntiú go gcuirfear na smachtbhannaí chun feidhme go héifeachtach. Leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, lena gcuirtear saineolas saincheaptha ar fáil do na Ballstáit, leanadh de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit trí chabhrú leo na cumhachtaí agus na heagraíochtaí is ábhartha do reo sócmhainní a mhapáil. Faoi chuimsiú an Tascfhórsa ‘Calcadh agus Coigistriú’ - oscail i dtáb nua. lean na Ballstáit de dhea-chleachtais a mhalartú eatarthu féin agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta maidir le conas feabhas a chur ar chur chun feidhme smachtbhannaí an Aontais. I mí na Bealtaine, tháinig treoir i bhfeidhm lena gcomhchuibhítear na sainmhínithe ar chionta coiriúla agus ar phionóis choiriúla i leith sárú ar smachtbhannaí an Aontais - oscail i dtáb nua.. Neartóidh sé sin éifeachtacht smachtbhannaí an Aontais a thuilleadh. Faoi dheireadh, le linn 2024, lean David O’Sullivan, an Toscaire Speisialta maidir le Cur Chun Feidhme Smachtbhannaí AE, de theagmháil a dhéanamh le tíortha lasmuigh den Aontas chun a chinntiú nach mbainfear an bonn d’éifeachtacht smachtbhannaí an Aontais mar gheall ar chleachtais imchéimniúcháin.
Tar éis smachtbhannaí an Aontais, cuireadh bac ar shócmhainní bhanc ceannais na Rúise san Aontas, ar fiú breis agus €210 mbilliún iad. Thart ar €2.5 billiún - €3 bhilliún in aghaidh na bliana a bhíonn ar an ioncam urghnách a ghintear trí bhainistiú na sócmhainní sin. I mí na Bealtaine, ghlac an tAontas gníomhartha dlí - oscail i dtáb nua. lenar féidir na glanbhrabúis sin a úsáid chun tairbhe na hÚcráine, agus cuireadh an chéad íocaíocht €1.5 billiún ar fáil - oscail i dtáb nua. i mí Iúil agus tá an dara híocaíocht beartaithe d’earrach 2025.
Ó bhí 2023 ann, tá an Lárionaid Idirnáisiúnta um ionchúiseamh choir an fhogha faoin Úcráin - oscail i dtáb nua. á óstáil ag Eurojust chomh maith. Bunaíodh an lárionad chun tacú leis an obair a bhaineann le haon ionchúiseamh i gcoir an fhogha a ullmhú amach anseo, gan beann ar an dlínse a dtabharfar os a comhair iad. Oibríonn ionchúisitheoirí ón bhfoireann chomhpháirteach um imscrúdú, mar shampla an Úcráin agus ionchúisitheoir ó na Stáit Aontaithe, le chéile ar an láthair, agus cuireann sé sin ar a gcumas dóibh fianaise a mhalartú go tapa agus teacht ar chomhaontú maidir le bealach coiteann chun cinn ina n-imscrúduithe. Tá baint ghníomhach ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta leis.
Ina theannta sin, ó bhí 2023 ann, tá an tAontas, Comhairle na hEorpa - oscail i dtáb nua. agus thart ar 40 tír, ar a dtugtar an Croíghrúpa le chéile, rannpháirteach go gníomhach i bplé maidir le binse speisialta a bhunú chun coir an fhogha faoin Úcráin a ionchúiseamh. An 22 Samhain 2024 d’athdhearbhaigh an Croíghrúpa a thiomantas don iarracht sin trí Ráiteas Vín-Ríge - comhad PDF, oscail i dtáb nua. a fhoilsiú. Leagtar amach sa ráiteas sin bunú an bhinse speisialta faoi chuimsiú Chomhairle na hEorpa, ar bhonn comhaontú déthaobhach idir an Úcráin agus Comhairle na hEorpa.
Ní mór an Rúis a chur faoi dhliteanas freisin as an damáiste a rinne sí, agus atá fós á dhéanamh aici, don Úcráin agus dá daonra. I mí na Bealtaine 2023 bhunaigh 43 thír agus an tAontas Clár an damáiste arna dhéanamh ag Fogha Chonaidhm na Rúise faoin Úcráin - oscail i dtáb nua. laistigh de Chomhairle na hEorpa chun éilimh ar dhamáistí, ar chaillteanas agus ar ghortú de bharr ionradh na Rúise a thaifeadadh. Osclaíodh an clár chun an chéad chatagóir éileamh a chur isteach - oscail i dtáb nua. ag an gcomhdháil maidir le Ceartas a Athbhunú don Úcráin - oscail i dtáb nua. a tionóladh san Háig, an Ísiltír, an 2 Aibreán 2024. Ó mhí Dheireadh Fómhair ar aghaidh, taifeadadh níos mó ná 10,000 éileamh sa chlár. An 13 Nollaig d’fhógair Clár an Damáiste a chéad chinntí maidir le héilimh a thaifeadadh, cinntí a bhain le 832 éileamh ar dhamáiste nó ar scriosadh réadmhaoine cónaithe. Thairis sin, in 2024 ghlac níos mó ná 50 tír, in éineacht leis an Aontas agus le Comhairle na hEorpa, páirt i dtrí chruinniú ullmhúcháin chun Coimisiún éileamh a bhunú. Ba chéim thábhachtach iad na cruinnithe sin i dtreo sásra cuimsitheach cúitimh a chruthú, agus é d’aidhm aige éilimh a thaifeadtar sa chlár a athbhreithniú agus a chinneadh.
Tacaíonn an tAontas go láidir leis an Úcráin síocháin chuimsitheach chóir mharthanach a bhaint amach, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe. Ag an gCruinniú Mullaigh maidir leis an tSíocháin san Úcráin - oscail i dtáb nua. a tionóladh san Eilvéis an 15 agus an 16 Meitheamh, gheall an tAontas - oscail i dtáb nua. seasamh leis na prionsabail sin agus tacú le síocháin lena n-athbhunófar ceannasacht, neamhspleáchas polaitiúil agus iomláine chríochach na hÚcráine.
Ní hamháin go dtacóidh an tAontas leis an Úcráin síocháin chóir a bhaint amach ar a téarmaí féin, leanfaidh sé de thacaíocht idirnáisiúnta a thabhairt don Úcráin. An 27 Meitheamh shínigh an tAontas agus an Úcráin na ‘Gealltanais chomhpháirteacha slándála idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin - comhad PDF, oscail i dtáb nua.’. Tríd an gcomhaontú sin a shíniú - oscail i dtáb nua., gheall an tAontas agus a Bhallstáit an tacaíocht pholaitiúil, airgeadais, eacnamaíoch, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta ar fad is gá a chur ar fáil don Úcráin agus dá muintir ar feadh 10 mbliana. Cuimsítear leis sin cabhrú leis an Úcráin tacaíocht idirnáisiúnta a fhorbairt, go háirithe ó phríomhthíortha i mbéal forbartha agus ó gheilleagair atá ag teacht chun cinn.
Shínigh an tAontas Eorpach — in éineacht le roinnt tíortha — Comhshocrú na hÚcráine - oscail i dtáb nua. ag an 33ú Cruinniú Mullaigh de chuid ECAT i mí Iúil. Cuirtear i dtábhacht sa doiciméad sin a thábhachtaí atá slándáil na hÚcráine do shlándáil an réigiúin Eora-Atlantaigh ina iomláine, agus a thábhachtaí atá fogha míleata na Rúise faoin Úcráin don tsíocháin agus slándáil idirnáisiúnta. Dhearbhaigh sínitheoirí go raibh sé ar intinn acu tacú leis an Úcráin go dtí go mbeidh an lámh in uachtar aici i gcoinne fhogha na Rúise.
Grianghraf grúpa de lucht freastail an Chruinnithe Mullaigh maidir leis an tSíocháin san Úcráin, Lucerne, an Eilvéis, an 15 Meitheamh 2024.