Féach fotheideal an ghrianghraifSearmanas ardaithe bhratach na hEorpa ag tús an 10ú téarma reachtach, os comhair Pharlaimint na hEorpa, Strasbourg na Fraince, an 15 Iúil 2024.
Tháinig deireadh le tréimhse institiúideach 5 bliana amháin in 2024 agus thosaigh an chéad cheann eile. Tar éis na dtoghchán Eorpach i mí an Mheithimh, sheol institiúidí an Aontais Eorpaigh timthriall polaitiúil 2024–2029 agus gealltanas tugtha acu go n-oibreodh siad i gcomhar le chéile ar mhaithe le hAontas sábháilte iomaíoch rathúil a sheasann ar son chearta an duine, an daonlathais agus an smachta reachta. Tá an chaibidil seo dírithe ar an aistriú ó thréimhse amháin go dtí an chéad tréimhse eile agus tá príomhthosaíochtaí an timthrialla nua leagtha amach inti. Sa chuid eile den fhoilseachán (Caibidlí 1–9) tá an chaoi ar éirigh leis an Aontas a thosaíochtaí a bhaint amach sa bhliain deiridh den tréimhse shainordaithe 2019–2024 leagtha amach.
Tháinig deireadh le timthriall polaitiúil 5 bliana in 2024, timthriall inar éirigh leis an Aontas a chuspóirí uaillmhianacha a bhaint amach ar fud na réimsí beartas d’ainneoin an bhrú a chuir iliomad géarchéimeanna air (féach Caibidlí 1–9). Le linn na tréimhse sainordaithe, rinneadh dul chun cinn i dtreo samhail nua fáis lena gcosnaítear na daoine agus an pláinéad; atá fónta ó thaobh an gheilleagair de agus cothrom ó thaobh na sochaí de; agus lena gcinntítear go leanfaidh an teicneolaíocht ag cur tairbhí ar fáil do shaoránaigh gan iad a chur i mbaol. Ar a bharr sin, rinne institiúidí an Aontais an bealach a réiteach le haghaidh thús an chéad timthrialla eile trí thosaíochtaí polaitiúla nua a shainiú le haghaidh 2024–2029 i gcomhréir le príomhábhair imní na saoránach.
Is iad na toghcháin Eorpacha, a reáchtáiltear gach cúig bliana, an beart daonlathach trasnáisiúnta is mó ar domhan. Is sna toghcháin i mí an Mheithimh a bhí an ráta vótála is airde le 30 bliain anuas (50.74 %). Tá vótáil i dtoghcháin Eorpacha anois ina beart daonlathach tábhachtach do chuid mhór saoránach; luaigh 46 % díobh siúd a ndearnadh suirbhé orthu go vótálann siad i gcónaí agus dúirt 42 % díobh go measann siad gur dualgas sibhialta é vóta a chaitheamh.
Tá na saoránaigh dóchasach i gcónaí faoi thodhchaí an Aontais agus tá tuiscint dhearfach acu i gcónaí ar an Aontas agus ar a chuid institiúidí. Tá an mhuinín as an Aontas ar an leibhéal is airde ó bhí 2007 ann - oscail i dtáb nua. (féach Caibidil 9). I suirbhé iarthoghchán - oscail i dtáb nua. an Aontais tá sé léirithe go gceapann seachtar as gach deichniúr Eorpach gur bhain a dtír tairbhe as bheith ina bhallstát san Aontas, figiúr atá cobhsaí le blianta beaga anuas. Ar na cúiseanna is mó a luadh lena mheas go bhfuil tairbhe ag baint le ballraíocht san Aontas tá an méadú ar chomhar idir na Ballstáit, cosaint na síochána agus neartú na slándála, an méid a chuireann an tAontas leis an bhfás eacnamaíoch agus cruthú deiseanna nua oibre.
Cé na cúiseanna a bhí le vótaí na saoránach i dtoghcháin Eorpacha 2024?
I mí Iúil, d’atogh an Pharlaimint nuabhunaithe Roberta Metsola - oscail i dtáb nua. mar Uachtarán uirthi. Chomh maith leis sin, tar éis di an togra a fháil ón gComhairle Eorpach, thogh an Pharlaimint Ursula von der Leyen - oscail i dtáb nua. mar Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach le haghaidh an dara téarma. Tar éis na n-éisteachtaí deimhniúcháin os comhair na gcoistí Parlaiminte lena mbaineann, a d’éirigh leis na hiarratasóirí i ndeireadh mhí na Samhna, d’fhormheas an Pharlaimint comhdhéanamh nua an Choimisiúin Eorpaigh - oscail i dtáb nua., lena n-áirítear an tArdionadaí nua do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Kaja Kallas. Chuaigh Coláiste nua na gCoimisinéirí arna cheapadh ag an gComhairle Eorpach i mbun oifige an 1 Nollaig. Ag an am céanna, tháinig António Costa - oscail i dtáb nua. i gcomharbas ar Charles Michel mar Uachtarán ar an gComhairle Eorpach.
FÍSEÁN: Formheasann an Pharlaimint an Coimisiún nua, Strasbourg, an Fhrainc, an 29 Samhain 2024. Íomhá: Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (ar clé), agus Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa (ar dheis), ag fáiltiú roimh chinneadh na Parlaiminte Coimisiún Eorpach 2024-2029 a fhormheas.
Uachtaránacht na Comhairle Eorpaí á haistriú ón Uachtarán atá ag dul as oifig, Charles Michel (ar dheis) go dtí an tUachtarán nua, António Costa (ar chlé), an Bhruiséil, an Bheilg, an 29 Samhain 2024.Coláiste na gCoimisinéirí 2024–2029.
Beidh obair an Aontais sa timthriall institiúideach nua faoi threoir ag Clár Oibre Straitéiseach 2024–2029 - oscail i dtáb nua., a ghlac ceannairí an Aontais i mí an Mheithimh. Is é is aidhm don Chlár Oibre Straitéiseach an Eoraip a ullmhú níos fearr le dul i ngleic le dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo trí dhíriú ar thrí phríomhréimse.
Plean nua chun go mbeidh rathúnas agus iomaíochas na hEorpa inbhuanaithe.
Ré nua maidir le cosaint agus slándáil na hEorpa.
Tacú le daoine agus ár sochaithe agus ár múnla sóisialta a neartú.
Ár gcáilíocht saoil a chothabháil: slándáil bia, uisce agus an dúlra.
Ár ndaonlathas a chosaint, ár luachanna a chaomhnú.
An Eoraip dhomhanda: ár gcumhacht agus ár gcomhpháirtíochtaí a ghiaráil.
Torthaí a bhaint amach le chéile agus ár nAontas a ullmhú don todhchaí.
Príomhthionscnaimh atá le seoladh sa chéad 100 lá de théarma an Choimisiúin
Comhaontú nua maidir le Tionsclaíocht Ghlan le haghaidh tionscail iomaíocha agus poist ardcháilíochta.
Páipéar Bán maidir le Todhchaí Chosaint na hEorpa chun riachtanais infheistíochta a shainaithint.
Tionscnamh um Monarchana Intleachta Saorga chun a chinntiú go mbeidh rochtain ar acmhainneacht sár-ríomhaireachta nua shaincheaptha ag ghnólachtaí nuathionscanta agus tionscail intleachta saorga.
Plean Gníomhaíochta Eorpach maidir le Cibearshlándáil Ospidéal agus Soláthraithe Cúraim Sláinte chun feabhas a chur ar bhrath bagairtí, ar ullmhacht agus ar fhreagairt ar ghéarchéimeanna san earnáil cúraim sláinte.
Fís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia chun iomaíochas agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach na hearnála feirmeoireachta a chinntiú.
Athbhreithnithe beartais roimh mhéadú chun ullmhú níos fearr d’aontachais a dhéanfar amach anseo.
Idirphlé Beartas leis an Aos Óg a dhéanfaidh na Coimisinéirí uile chun níos mó saoirse agus freagrachta a thabhairt do dhaoine óga laistigh de shochaithe agus stáit dhaonlathacha an Aontais.