Féach fotheideal an ghrianghraifIs leanaí iad beagnach leath den 1.9 milliún duine díláithrithe in Gaza. A bhuí le cistí ón Aontas, tá éadaí geimhridh fíor-riachtanacha curtha ar fáil ag UNICEF do bhreis agus 120 000 leanbh díláithrithe. An 28 Eanáir 2024.
Lean an domhan de bheith ag streachailt le coinbhleachtaí, géarchéimeanna daonnúla agus tubaistí nádúrtha in 2024. Ghlac an tAontas Eorpach ról gníomhach ina leith agus é ag deimhniú a thiomantais don tsíocháin, don tslándáil agus do dhínit an duine. Agus cogadh fogha na Rúise in aghaidh na hÚcráine anois ina thríú bliain, lean an tAontas de bheith ag treisiú a chosanta agus a shlándála. D’oibrigh sé freisin leis na tíortha is iarrthóirí, an Úcráin san áireamh, ar na hathchóirithe is gá dóibh a dhéanamh, agus leis na tíortha is iarrthóirí ionchasacha ó thaobh ullmhúcháin a dhéanamh don aontachas amach anseo. Tá cabhair dhaonnúil á cur ar fáil ag an Aontas i measc na ngéarchéimeanna éagsúla sa Mheánoirthear, Gaza agus an tSiria san áireamh, agus tá sé tiomanta i gcónaí teacht ar réitigh ar na géarchéimeanna sin. Le linn na bliana, threisigh an tAontas a chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta, chuidigh sé le daoine i ngátar agus d’fhreagair sé do thubaistí ar fud an domhain. Trína iarrachtaí fóirithinte a chur in oiriúint do rioscaí nua agus trí chomhpháirtíochtaí níos láidre a chruthú, bhí an tAontas in ann neartú lena ról ceannasach sa chúnamh domhanda. Léirigh an cur chuige aontaithe sin athléimneacht an Aontais agus an fhís atá aige de mhór-roinn oscailte rathúil, d’ainneoin na ndúshlán domhanda atá ann.
Méadú
De thoradh na dteannas geopholaitiúil atá ann faoi láthair, cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine san áireamh, tá béim leagtha ar a thábhachtaí atá an beartas um méadú.
Infheistíocht i síocháin, slándáil agus cobhsaíocht mharthanach na mór-roinne seo againne – sin atá i gceist leis an méadú. Le gach Ballstát nua, treisítear geilleagar an Aontais, rud a chruthaíonn fás agus poist.
In 2024, comóradh 20 bliain ó rinneadh méadú 2004, an méadú ba mhó i stair an Aontais. Fiche bliain ó shin, chuir an tAontas fáilte roimh 10 mBallstát nua, agus tá sé ar cheann de na margaí aonair is mó ar domhain dá thoradh sin. Ó shin i leith, bhain na milliúin duine tairbhe as deiseanna nua, as poist agus as cláir ar fud an Aontais.
FÍSEÁN: Cén fáth a bhfuil sé chomh tábhachtach sin méadú 2004 an Aontais Eorpaigh a cheiliúradh?
Os cionn 2.7 milliún sin líon na ndaoine óga ó na 10 mBallstát a tháinig isteach in 2004 a ghlac páirt sa chlár Erasmus+ ó bhí 2004 ann.
26 mhilliún sin líon na bpost nua a cruthaíodh ar fud an Aontais ó bhí 2004 ann.
79 % de na saoránaigh sna Ballstáit sin, creideann siad gur bhain a dtír leas as ballraíocht an Aontais.
Tá an doras chuig ballraíocht oscailte fós do thíortha Eorpacha a ghlacann le luachanna an Aontais agus a chomhlíonann critéir thábhachtacha. Tíortha ar mian leo a bheith ina mBallstáit, ní mór dóibh, i measc rudaí eile, cleachtais dhaonlathacha láidre a léiriú, urraim a thabhairt don smacht reachta, a ngeilleagair a choinneáil cobhsaí agus feabhas a chur ar a rialachas (féach Caibidil 9).
Déanann an tAontas meastóireacht rialta ar an dul chun cinn atá déanta ag na tíortha is iarrthóirí go léir. I mí Dheireadh Fómhair, d’eisigh an tAontas a phacáiste bliantúil um méadú - oscail i dtáb nua., ina ndéantar athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta ag na tíortha is iarrthóirí (an Albain, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Mhacadóin Thuaidh, an Mholdóiv, Montainéagró, an tSeirbia, an tSeoirsia, an Tuirc agus an Úcráin) agus ag an tír is iarrthóir ionchasach, an Chosaiv (tá an t-ainmniú sin gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive). Sna tuarascálacha bliantúla dírítear ar athchóirithe tábhachtacha, ina measc sin athchóirithe a bhaineann leis an smacht reachta, an riarachán poiblí, institiúidí daonlathacha agus comhlíonadh na gcritéar eacnamaíocha chun teacht isteach san Aontas.
Nuair a chuirtear tús leis na seisiúin chaibidlíochta i leith an aontachais, déantar iad ag comhdhálacha idir-rialtais idir airí agus ambasadóirí na mBallstát agus na tíre is iarrthóir a bhfuil a haontachas á chaibidliú aici. Tharla an chéad chomhdháil leis an Moldóiv - oscail i dtáb nua. agus leis an Úcráin - oscail i dtáb nua. i mí an Mheithimh 2024, nuair a cuireadh tús go foirmiúil lena gcaibidlíocht aontachais. Cuireadh tús leis an bpróiseas scagtha - oscail i dtáb nua. i mí Iúil agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí 2025, tréimhse lena linn nach mór don Mholdóiv agus don Úcráin a léiriú conas atá sé beartaithe acu rialacha agus beartais an Aontais a ghlacadh agus a chur chun cinn, agus pleananna a leagan amach le haghaidh tuilleadh ailíniú a dhéanamh leis an Aontas.
Cruinniú comhchéime na Comhdhála Idir-rialtasaí idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, Lucsamburg, an 25 Meitheamh 2024.
Dul chun cinn na mBalcán Thiar ar an gconair chuig ballraíocht an Aontais in 2024
Cuireadh tuarascáil scagtha i láthair maidir leis an gcéad cheann de na sé chnuasach rialacha nach mór don dá thír ceanglais shonracha (tagarmharcanna) a chomhlíonadh ina leith, amhail athchóirithe ar a gcóras breithiúnach, riarachán poiblí, rialachas, etc.
Cuireadh tús le hobair ar an gcéad chnuasach leis an Albáin ag comhdháil idir-rialtasach i mí Dheireadh Fómhair.
Cuirfear tús le hobair ar an gcéad chnuasach leis an Macadóin Thuaidh a luaithe a chomhlíonfaidh sí na coinníollacha is gá.
Chuir an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin - oscail i dtáb nua. tús le caibidlíocht aontachais i mí an Mhárta. Ansin, ag fóram ardleibhéil, pléadh na hathchóirithe a bhí ag teastáil le gur féidir tús a chur leis na chéad chéimeanna eile.
Rinne Montainéagró - oscail i dtáb nua. dul chun cinn ina phróiseas i dtreo aontachas leis an Aontas, agus é ag comhlíonadh na bpríomhcheanglas maidir leis an smacht reachta agus cearta bunúsacha i mí an Mheithimh mar a deimhníodh ina thuarascáil tíre. Ó shin i leith, tá an tAontas ag tabhairt caibidlí caibidlíochta chun críche go sealadach nuair a chomhlíontar na coinníollacha ábhartha, ag tosú le trí chaibidil i mí na Nollag.
Deonaíodh taisteal gan víosa chuig an Aontas don Chosaiv - oscail i dtáb nua. i mí Eanáir, rud a chiallaíonn go bhféadfaidh lena saoránaigh dul isteach san Aontais anois le haghaidh gearrfhanachtaí gan víosa a bheith ag teastáil uathu.
Tá dul chun cinn déanta ag an tSeirbia - oscail i dtáb nua. maidir le hathchóirithe breithiúnacha agus frith-éilliú ach ní mór di na dlíthe maidir leis na meáin a chur chun feidhme ina n-iomláine, ailíniú níos fearr a dhéanamh le beartas eachtrach an Aontais, tacú leis an tsochaí shibhialta agus leis na meáin agus a gealltanas a chomhlíonadh ó thaobh an caidreamh leis an gCosaiv a normalú.
Buaileadh buille in 2024 áfach d’iarrachtaí na Seoirsia dul isteach san Aontas nuair a ritheadh dlí conspóideach a bhí dírithe ar eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú ón gcoigríoch, rud a spreag imní i leith guthanna neamhspleácha a bheith á gcur faoi chois d’aon ghnó agus i leith srian a bheith á chur le saoirsí daonlathacha. Mar gheall air sin agus ar fhorbairtí diúltacha eile i ndul chun cinn na Seoirsia i dtreo aontachas leis an Aontais, tá stop curtha leis an bpróiseas aontachais.
Tá cainteanna aontachais leis an Tuirc fós ina stad, mar atá siad ó bhí 2018 ann, mar gheall ar ábhair imní a bheith fós ann faoin daonlathas, an smacht reachta, an neamhspleáchas breithiúnach agus an t-urraim ar chearta bunúsacha.
An méadú ar an Aontas atá beartaithe, beidh impleachtaí aige sin maidir leis an gcaoi a n-oibríonn an tAontas. Agus an méid sin á chur san áireamh, glacadh teachtaireacht maidir le hathchóirithe réamh-mhéadaithe agus athbhreithnithe beartais - oscail i dtáb nua. i mí an Mhárta, inar fhéachadh ar na himpleachtaí a bheadh ag Aontas níos mó a mhéid a bhaineann le luachanna, beartais, an buiséad agus an rialachas. Is é is aidhm don chur chuige réamhghníomhach sin a chinntiú go mbeidh an tAontas ullamh don mhéadú amach anseo.
Tacaíocht a thabhairt d’athchóiriú, fás agus lánpháirtiú na dtíortha is iarrthóirí
Ach an bhearna eacnamaíoch idir an Aontas agus na tíortha is iarrthóirí a laghdú, cuideofar leis na tíortha sin ullmhú le haghaidh aistriú níos rianúla. Tá an tAontas ag tacú go gníomhach le forbairt na dtíortha a bheidh ina mBallstáit amach anseo trí uirlisí maoiniúcháin nua amhail an tSaoráid don Úcráin (féach Caibidil 1), an Plean Fáis don Mholdóiv - oscail i dtáb nua. agus an Plean Fáis do na Balcáin Thiar - oscail i dtáb nua., agus tá sé ag cur saineolas ar fáil ó na Ballstáit atá ann faoi láthair chun dlús a chur leis na hathchóirithe.
Ó 2021 i leith, tá cúnamh airgeadais €2.2 billiún curtha ar fáil ag an Aontas don Mholdóiv, agus é ag tacú le neamhspleáchas fuinnimh, athchóirithe ceartais agus naisc níos láidre leis an Aontas. Leis an bplean nua fáis a moladh i mí Dheireadh Fómhair, tacófar le conair na Moldóive i dtreo ballraíocht an Aontais, agus suas le €1.8 billiún á chur ar fáil idir 2025 agus 2027 chun borradh a chur faoina geilleagar agus chun dlús a chur le hathchóirithe a bhaineann leis an aontachas.
Mar thoradh ar thitim siar dhaonlathach na Seoirse, d’íosghrádaigh an tAontas a theagmhálacha polaitiúla agus chuir sé €30 milliún faoin tSaoráid Eorpach um Shíocháin agus €121 mhilliún i gcúnamh díreach dá rialtas ar fionraí. Ní raibh tionchar aige sin ar thacaíocht an Aontais don tsochaí shibhialta agus do na meáin neamhspleácha ós rud é go bhfuil siad ríthábhachtach chun an daonlathas a chaomhnú. An 20 Nollaig 2024, mhol - oscail i dtáb nua. an tAontas freisin go mbeadh ar thaidhleoirí agus ar oifigigh de chuid na Seoirsia, mar aon lena mbaill teaghlaigh a bhfuil pas taidhleoireachta nó oifigiúil acu, víosa a fháil chun taisteal chuig an Aontas le haghaidh gearrfhanachtaí.
D’ainneoin an dul chun cinn atá déanta ag tíortha na mBalcán Thiar i leith an aontachais, is ionann olltáirgeacht intíre in aghaidh an duine sna tíortha sin agus méid atá idir an ceathrú cuid agus leath de mheán OTI an Aontais. Chun an bhearna sin a laghdú, ghlac an tAontas an Plean Fáis do na Balcáin Thiar arb é is aidhm dó na naisc eacnamaíocha leis an Aontas agus laistigh den réigiún a neartú agus iarracht a dhéanamh geilleagair na mBalcán Thiar a mhéadú faoi dhó sna deich bliana atá amach romhainn. Cuireadh tús le cur chun feidhme an phlean fáis agus tháinig an tSaoráid Athchóirithe agus Fáis dar luach €6 bhilliún i bhfeidhm i mí na Bealtaine. Tá cláir oibre uaillmhianacha um athchóiriú curtha i láthair ó shin ag cúig cinn de na sé chomhpháirtí sna Balcáin Thiar ina sonraítear na príomhfheabhsuithe a dhéanfar i réimsí amhail an smacht reachta, an rialachas, caipiteal daonna, an t-aistriú fuinnimh agus digiteach, agus an earnáil phríobháideach, mar aon le liosta táscach de thionscadail le haghaidh infheistíochta. Formheasadh na cláir oibre um athchóiriú sin i mí Dheireadh Fómhair.
Pacáiste nua infheistíochta do na Balcáin Thiar faoin bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta
€1.2 billiún le haghaidh infheistíochta in ocht réimse a bhaineann le hiompar iarnróid, an soláthar uisce agus an earnáil phríobháideach.
Cuimsíonn an plean 68 dtionscadal shuaitheanta anois i réimsí ar nós an iompair, an digitithe, an aistrithe fuinnimh, an chomhshaoil, an oideachais agus fhás na hearnála príobháidí.
Sholáthair an tAontas deontais dar luach €5.4 billiún cheana féin agus tá coinne leis go dtabharfar isteach infheistíocht bhreise dár luach €17.5 billiún mar thoradh orthu, méid a chumhdóidh leath den phlean iomlán €30 billiún.
D’óstáil Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (an cúigiú duine ó thaobh na láimhe clé), agus Olivér Várhelyi, an Coimisinéir Eorpach um an gComharsanacht agus um Méadú ag an am (ar clé) lón oibre le ceannairí sé chomhpháirtí ó na Balcáin Thiar sa Bhruiséil, an Bheilg, an 19 Meán Fómhair 2024.
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (an chéad ró, an chéad duine ó thaobh na láimhe deise), Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa (an dara ró, an chéad duine ó thaobh na láimhe deise), agus António Costa, Uachtarán na Comhairle Eorpaí (an chéad ró, an cúigiú duine ó thaobh na láimhe deise), in éineacht le ceannairí an Aontais agus ceannairí na mBalcán Thiar ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar, an Bhruiséil, an Bheilg, an 19 Meán Fómhair 2024.
D’eagraigh ceannairí na mBalcán Thiar roinnt cruinnithe aireachta maidir leis an bplean fáis le linn na bliana chun iarrachtaí lánpháirtíochta a phlé (sa Mhacadóin Thuaidh i mí Eanáir, san Albáin i mí Feabhra agus i Montainéagró i mí na Bealtaine). Thug Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, cuairt ar na sé chomhpháirtí sna Balcáin Thiar san fhómhar agus tharla an Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar - oscail i dtáb nua. an 18 Nollaig.
Ag Cruinniú Mullaigh Phróiseas Bheirlín - oscail i dtáb nua. in 2024, glacadh plean gníomhaíochta nua le haghaidh an Chómhargaidh Réigiúnaigh chun feabhas a chur ar lánpháirtiú eacnamaíoch an réigiúin, rud atá ina chuspóir lárnach don phlean fáis freisin.
FÍSEÁN: Le tacaíocht ón Aontas, déanann na mílte tionscadal ceiliúradh ar oidhreacht chultúrtha bhríomhar uathúil na mBalcán Thiar a chothaíonn an chruthaitheacht agus an comhar.
Tar éis teannas maidir le gníomhaíochtaí druileála neamhdhleathacha sa Mheánmhuir thoir, tá an tAontas ag athbhunú an chaidrimh leis an Tuirc de réir a chéile, agus tá sin á dhéanamh aige trí chuairteanna ardleibhéil agus trí idirphlé a bhaineann leis an tsláinte, taighde & forbairt, agus trádáil. Ina theannta sin gheall an tAontas acmhainní airgeadais suntasacha chun tacú leis an Tuirc i réimsí éagsúla in 2024.
Comhpháirtithe an Oirthir
Tá an tAontas ag cuidiú freisin ó thaobh na geilleagair i gComharsanacht an Oirthir a neartú agus chun iad a cheangal ar bhealach níos dlúithe leis an Aontas Eorpach.
I mí Aibreáin, fógraíodh - oscail i dtáb nua. Plean Athléimneachta agus Fáis €270 milliún don Airméin ag cruinniú ardleibhéil idir an tAontas, na Stáit Aontaithe agus an Airméin. Is é is aidhm don tionscnamh sin geilleagar na hAirméine a neartú agus tacú le daoine easáitithe. Tá sé d’aidhm freisin ag an gcaibidlíocht ar Chlár Oibre Comhpháirtíochta idir an tAontas agus an Airméin an comhar a neartú trí threochlár comhpháirtíochta níos misniúla.
Tá an Asarbaiseáin ina comhpháirtí fuinnimh luachmhar againn i gcónaí chun foinsí gáis an Aontais a éagsúlú sa tslí nach bhfuiltear ag brath ar an Rúis. De thairbhe thacaíocht leanúnach an Aontais d’earnáil fuinnimh in-athnuaite na hAsarbaiseáine i gcomhthéacs an 29ú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP29) in Baki, tá comhar níos dlúithe á chothú maidir leis an aistriú glas.
Tá an tAontas tiomanta i gcónaí tacú leis an gcaibidlíocht síochána idir an Airméin agus an Asarbaiseáin agus tá iarrachtaí síochána á maoiniú aige, rud a chuimsíonn tacaíocht do dhíbhinní síochána, tríd an bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta. Is é is aidhm dó sin sochair eacnamaíocha agus shóisialta inláimhsithe a chruthú lena gcuirfear síocháin bhuan chun cinn sa réigiún.
Le tacaíocht ón Aontas, thug mic léinn ó Bhaki, san Asarbaiseáin, faoi dhúshláin chomhshaoil ag an gcomórtas EU4Climate, ag fiosrú bealaí chun feabhas a chur ar an gcomhshaol agus Loch Masazir a shábháil. Cuidíonn an tionscnamh EU4Climate le tíortha Chomhpháirtíochta an Oirthir beartais aeráide a chruthú agus a chur chun feidhme, chun forbairt a chothú atá athléimneach ó thaobh na haeráide de agus lena mbaineann astaíochtaí ísle. An 5 Meitheamh 2024.
Chuir na dlúthnaisc eacnamaíocha idir an Bhealarúis agus an Rúis ar chumas na Rúise dul timpeall ar chuid de na smachtbhannaí a forchuireadh uirthi. Mar fhreagairt ar rannpháirtíocht réimeas Lukashenko sa chogadh in aghaidh na hÚcráine, tugadh smachtbhannaí breise isteach i gcoinne na Bealarúise i mí an Mheithimh 2024. Tá na bearta nua sin i gcoinne na Bealarúise ar aon dul le cuid mhaith de na bearta a forchuireadh cheana féin ar an Rúis agus déanann siad smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise níos éifeachtaí fós (féach Caibidil 1).
Infheistíocht an Aontais i gComhpháirtíocht an Oirthir ó 2021 i leith
Ó 2021 i leith, tá cistiú an Aontais do Chomhpháirtíocht an Oirthir cothrom le €2.539 billiún, agus táthar ag súil le hinfheistíocht shlógtha dar luach €13.919 billiún san iomlán. Is suntasach an dul chun cinn é sin i dtreo na sprice €17 mbilliún d’infheistíocht shlógtha a bhfuiltear ag súil léi faoi dheireadh 2027, agus €3.081 billiún fós ag teastáil chun an sprioc a bhaint amach.
Comharsanacht an Deiscirt
Cuireadh béim níos mó ar chomhpháirtíochtaí cuimsitheacha le comharsana an deiscirt chun a gcaighdeáin mhaireachtála a fheabhsú agus chun cur lena gcobhsaíocht mhaicreacnamaíoch. Leis na comhpháirtíochtaí saincheaptha sin, déantar an réigiún níos sláine trí aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce agus trí dhul i ngleic go hoscailte le saincheisteanna casta ar nós na slándála.
I mí an Mhárta, bhunaigh an tAontas agus an Éigipt comhpháirtíocht chuimsitheach a chumhdaíonn an caidreamh polaitiúil, an imirce, an chobhsaíocht eacnamaíoch, an infheistíocht inbhuanaithe agus an trádáil. I mí an Mheithimh, d’eagraigh siad Comhdháil Infheistíochta idir an tAontas agus an Éigipt - oscail i dtáb nua., lenar mealladh infheistíocht nua dár luach €49 mbilliún.
De thoradh comhpháirtíocht chuimsitheach thábhachtach a shíniú leis an Túinéis in 2023, reáchtáladh Comhdháil Infheistíochta idir an tAontas agus an Túinéis - oscail i dtáb nua. i mí an Mheithimh ar lena linn a comhaontaíodh meabhrán tuisceana (creat foirmiúil le haghaidh comhair) a bhí dírithe ar an bhfuinneamh, agus fuinneamh in-athnuaite san áireamh.
Mar gheall ar na himeachtaí a tharla le déanaí sa Mheánoirthear, cuireadh leis an éiginnteacht maidir lena chobhsaíocht pholaitiúil, shóisialta agus eacnamaíoch. Tháinig an tAontas agus Údarás na Palaistíne ar chomhaontú maidir le pacáiste tacaíochta airgeadais éigeandála gearrthéarmach dar luach €400 milliún chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais airgeadais is práinní atá aige agus chun tacú le hathchóirithe. Réiteoidh an tacaíocht airgeadais ghearrthéarmach sin an bealach do chlár ilbhliantúil arb é is aidhm dó cobhsaíocht airgeadais fhadtéarmach Údarás na Palaistíne agus cur chun feidhme a chláir oibre um athchóiriú a chinntiú.
Gheall an tUachtarán von der Leyen €1 bhilliún don Liobáin - oscail i dtáb nua. le linn a cuairte ar an tír sin i mí na Bealtaine. Úsáidfear an chéad chuid de, €500 milliún, a glacadh i mí Lúnasa, chun tacú leis an Liobáin in 2024 agus in 2025. Díreofar an maoiniú sin ar sheirbhísí bunúsacha ar nós sláinte, oideachais agus cosaint shóisialta, mar aon le huisce, sláintíocht agus sláinteachas, do ghrúpaí leochaileacha, ina measc sin dídeanaithe ón tSiria agus Liobánaigh leochaileacha. Tacóidh sé freisin le hathchóirithe tábhachtacha, leis an earnáil slándála, le bainistiú teorainneacha (cuir i gcás gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil daoine a chomhrac), le hathléimneacht eacnamaíoch agus leis an aistriú glas. Ina theannta sin, lean an tAontas dá thiomantas ó thaobh tacaíocht a thabhairt do dhídeanaithe ón tSiria trí chabhair dhaonnúil agus forbartha leanúnach (féach an roinn ‘Cabhair dhaonnúil agus cosaint shibhialta’ thíos).
Ó chlé go deas: Nikos Christodoulides, Uachtarán na Cipire, Najib Mikati, Príomh-Aire na Liobáine, agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Béiriút, an Liobáin, an 2 Bealtaine 2024.
Infheistíocht an Aontais i gComharsanacht an Deiscirt ó 2021 i leith
Ó 2021 i leith, tá cistiú an Aontais do Chomharsanacht an Deiscirt cothrom le €5.698 billiún, agus táthar ag súil le hinfheistíocht shlógtha dar luach €26.686 billiún san iomlán. Is suntasach an dul chun cinn é sin i dtreo na sprice €30 billiún d’infheistíocht shlógtha a bhfuiltear ag súil léi faoi dheireadh 2027, agus €3.314 billiún fós ag teastáil chun an sprioc a bhaint amach.
Comhpháirtithe Iarthar na hEorpa
In 2024, bhí an caidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe fós ina phríomhfhócas, bunaithe ar chur chun feidhme iomlán, dílis agus tráthúil an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, ina measc sin Creat Windsor, agus an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair. Leis na hiarrachtaí sin, cosnaítear cearta na milliún saoránach den Aontas agus cearta náisiúnach den Ríocht Aontaithe atá ina gcónaí thar lear, tacaítear leis an gcobhsaíocht eacnamaíoch agus éascaítear an trádáil. Leanadh freisin den chaibidlíocht chun bailchríoch a chur ar chomhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i ndáil le Giobráltar. Chuir an tAontas tús agus críoch leis an gcaibidlíocht leis an Eilvéis maidir le pacáiste leathan comhaontuithe arb é is aidhm dóibh an caidreamh déthaobhach a dhoimhniú agus a leathnú. Rinne sé dul chun cinn freisin i dtreo an comhaontú comhlachais le hAndóra agus San Mairíne a shíniú.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi chomhaontuithe trádála agus teicneolaíochta, féach Caibidil 2.
Global Gateway
Trí Global Gateway, straitéis an Aontais le haghaidh infheistíocht dhomhanda, lean an tAontas de chomhpháirtíochtaí a chruthú ar fud an domhain in 2024. I dteannta a chéile, tá sé d’aidhm ag an Aontas, a Bhallstáit, bainc forbartha agus institiúidí maoinithe Eorpacha suas le €300 billiún d’infheistíocht a chur ar fáil faoi 2027 chun an bhearna infheistíochta domhanda a laghdú agus chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach ar fud an domhain.
Tacaíonn Global Gateway le tionscadail atá dírithe ar an nascacht dhigiteach a fheabhsú, rochtain ar fhuinneamh inbhuanaithe a mhéadú, bealaí iompair a fhorbairt agus sláinte, oideachas agus taighde a neartú. Is é an sprioc atá aige rathúnas marthanach a bhaint amach do na tíortha comhpháirtíochta agus don Aontas araon.
Suas le €300 billiún d’infheistíocht idir 2021 agus 2027.
200+ tionscadal suaitheanta ar fud an domhain go dtí seo.
€3.2 billiún le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite san Afraic.
Tá an tAontas agus na Ballstáit le chéile fós ina bpríomhsholáthraí cúnaimh oifigiúil um fhorbairt ar fud an domhain, agus cuireadh cúnamh dar luach €95.9 billiún ar fáil in 2023 (an bhliain is déanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina leith), méid a bhfuil 42 % den iomlán i gceist leis. Ina theannta sin, is é an tAontas an ranníocóir is mó leis an tionscnamh ‘Aid for Trade’ (Trádchúnamh) de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála.
An Afraic Fho-Shahárach
In 2024, rinne an tAontas dul chun cinn suntasach ina chomhpháirtíochtaí leis an Afraic, agus béim á leagan ar an bhforbairt inbhuanaithe, ar an tsláinte agus ar an bhfás eacnamaíoch. Rinne an tAontas dul chun cinn maidir le Pacáiste Infheistíochta Global Gateway idir Afraic agus an Eoraip dar luach €150 billiún a chur I bhfeidhm, agus é dírithe ar réimsí ar nós fuinneamh glan, bonneagar digiteach, iompair, sláinte agus oideachais.
tionscnamh nua de chuid Fhoireann na hEorpa maidir le gairmoideachas agus gairmoiliúint san Afraic;
seoladh Acadaimh Óige idir an Afraic agus an Eoraip;
15 thionscadal nua le haghaidh soghluaisteacht acadúil ar fud na hAfraice.
Léiríonn na tionscnaimh sin tiomantas leanúnach an Aontais d’oideachas ionchuimsitheach ardcháilíochta faoin Global Gateway.
Tionscnaimh 2024 san Afraic fho-Shahárach
Seoladh mórchlár in Cabo Verde - oscail i dtáb nua. chun tacú leis an bhfuinneamh in-athnuaite agus le hearnálacha an gheilleagair dhigitigh agus ghorm / na conaire straitéisí (Praia–Dakar–Abidjan).
Cuireadh €40 milliún breise ar fáil chun tacú le tionscnaimh atá dírithe ar chumais Ruanda a neartú i réimse an taighde ar vacsaíní agus monarú vacsaíní, agus i rochtain ar tháirgí sláinte, trí fheabhas a chur ar oideachas, bonneagar agus bainistiú an tslabhra soláthair.
Rinneadh dul chun cinn maidir le hathshlánú Dhamba Kariba, rud atá ríthábhachtach do riachtanais fuinnimh ghlain na Saimbia agus na Siombáibe.
Ag an tríú Fóram Gnó idir Uganda agus an tAontas an 6 agus an 7 Márta, seoladh ocht dtionscadal nua dar luach breis agus €200 milliún. Is é is aidhm do na tionscadail sin tacú le gnólachtaí beaga, banfhiontraithe óga, agra-ghnólachtaí agus bonneagar digiteach. Thug an fóram 12 Bhallstát, ocht n-institiúid airgeadais, lena n-áirítear an Banc Eorpach Infheistíochta, agus 193 chuideachta Eorpacha le chéile.
Chuidigh an tAontas ó thaobh talmhaíocht na hAfraice a neartú le linn na bliana trí tháirgí bia áitiúla a chosaint le tásca geografacha — lipéid cháilíochta lena gcruthaítear tionscnamh táirge agus lena dtugtar rochtain ar mhargadh na hEorpa. D’oibrigh an Chomhpháirtíocht um Shlándáil Bia agus Cothaithe agus um an Talmhaíocht Inbhuanaithe - oscail i dtáb nua. i dtreo cuibhreannas taighde a chruthú a bheidh ag plé leis an athrú aeráide, bithéagsúlacht agus comhionannas inscne sa talmhaíocht, agus é ag díriú ar réitigh phraiticiúla don fheirmeoireacht agus ar chomhroinnt eolais.
Sheol an Coimisiún agus an Afraic Theas, i gcomhar le Global Citizen, grúpa abhcóideachta idirnáisiúnta, feachtas bliana chun deontais a mhealladh faoin teideal ‘Foinsí fuinnimh in-athnuaite a mhéadú san Afraic - oscail i dtáb nua.’. Faoin bhfeachtas sin, déanfar infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a shlógadh ar mhaithe le dlús a chur le tionscadail fuinnimh in-athnuaite ar fud mór-roinne na hAfraice chun rochtain a thabhairt do mhuintir na hAfraice ar fhuinneamh inacmhainne agus chun cuidiú ó thaobh astaíochtaí domhanda a laghdú i gcomhréir leis na gealltanais a fógraíodh ag Comhdháil 2023 na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP28).
Rinne an tAontas a chomhpháirtíocht leis an Áise Thoir Theas a dhoimhniú freisin, trí chomhar níos dlúithe le Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas, agus é ag tacú le tionscadail amhail oiliúint a bhaineann le scileanna agus poist sa Chambóid - oscail i dtáb nua.; talmhaíocht inbhuanaithe agus athchóiriú bóthair náisiúnta i Laos - oscail i dtáb nua.; agus pacáiste don gheilleagar digiteach sna hOileáin Fhilipíneacha - oscail i dtáb nua..
Jutta Urpilainen, an Coimisinéir Eorpach um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta ag an am, ag glacadh páirt i searmanas curtha crainn ag Bunscoil Phnom Penh Thme sa Chambóid, an 13 Márta 2024. Le linn a cuairte go dtí an Chambóid, sheol an Coimisinéir Urpilainen bearta chun poist ghlasa agus fás inbhuanaithe a chur chun cinn agus rinne sí turas treoraithe ar Ghléasra Cóireála Fuíolluisce Bakheng, tionscnamh Global Gateway a chuireann uisce glan ar fáil do bhreis agus 2 mhilliún duine.
Le seoladh Phrótacal Réigiúnach an Aigéin Chiúin, comhaontú réigiúnach faoi Chomhaontú Shamó - oscail i dtáb nua. (creat comhpháirtíochta 20 bliain de chuid an Aontais le tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, a síníodh in 2023), neartaíodh an chomhpháirtíocht idir an tAontas agus réigiún an Aigéin Chiúin. Lean an tAontas de thacaíocht a thabhairt do Thíortha Oileánacha an Aigéin Chiúin i ndáil le hathléimneacht aeráide, an geilleagar gorm agus an talmhaíocht inbhuanaithe.
Shínigh an tAontas cúig chomhaontú nua um chomhar leis na tíortha agus na críocha thar lear, iad dírithe ar dhigitiú, uisce agus sláintíocht, cosaint na n-éiceachóras muirí, turasóireacht inbhuanaithe, agus comhar idir-réigiúnach. Mar chuid de Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir leis an Artach - oscail i dtáb nua., bunaíodh oifig nua de chuid an Aontais in Nuuk na Graonlainne, chun an chomhpháirtíocht idir an tAontas agus an chríoch sin a neartú.
Ag cruinnithe mullaigh G7 agus G20, tagann Ceannairí Stáit agus Rialtais na ngeilleagar is tábhachtaí ar domhan le chéile chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, chun bearta polaitiúla a chomhordú agus chun gealltanais thábhachtacha a thabhairt maidir le saincheisteanna domhanda.
Ag Cruinniú Mullaigh G7 - oscail i dtáb nua. i mí an Mheithimh in Fasano, Apulia na hIodáile, deimhníodh tacaíocht láidir an G7 don Úcráin. Chomhaontaigh na ceannairí iasacht bhreise €45 bhilliún don Úcráin, agus leas á bhaint as ioncam urghnách a ghintear ó shócmhainní ceannasacha calctha na Rúise. Ina theannta sin, sheol ceannairí G7 tionscnaimh chun an tslándáil eacnamaíoch a neartú, feabhas a chur ar an gcomhar in earnáil an fhuinnimh (go háirithe leis an Afraic), an tslándáil bia a fheabhsú agus smuigleáil daoine a chomhrac.
Tá G7 tiomanta freisin intleacht shaorga (IS) atá sábháilte, slán agus iontaofa a chur chun cinn. Tá sé beartaithe aige plean gníomhaíochta a sheoladh maidir le húsáid na hintleachta saorga san ionad oibre agus branda a fhorbairt chun tacú leis an gcód iompair idirnáisiúnta d’eagraíochtaí a fhorbraíonn ardchórais intleachta saorga. Le Gníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga (féach Caibidil 5) agus le síniú - oscail i dtáb nua. Chreat-Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir leis an Intleacht Shaorga, leagtar amach creataí chun a chinntiú go n-urramaíonn an intleacht shaorga cearta an duine agus luachanna daonlathacha.
Deisil, ón tulra ar clé: Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí ag an am, Olaf Scholz, Seansailéir Cónaidhme na Gearmáine, Justin Trudeau, Príomh-Aire Cheanada, Emmanuel Macron, Uachtarán Phoblacht na Fraince, Giorgia Meloni, Príomh-Aire na hIodáile, Joe Biden, Uachtarán na Stáit Aontaithe ag an am, Fumio Kishida, Príomh-Aire na Seapáine ag an am, Rishi Sunak, Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe ag an am, agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag Cruinniú Mullaigh G7 Summit in Fasono, Apulia, an Iodáil, an 13 agus an 14 Meitheamh 2024.
An éagothromaíocht, an t-athchóiriú ar an rialachas domhanda, agus an t-athrú aeráide a bhí faoi chaibidil ag na ceannairí ag Cruinniú Mullaigh G20 - oscail i dtáb nua. in Rio de Janeiro na Brasaíle, i mí na Samhna, nuair a sheol siad an Chomhghuaillíocht Dhomhanda i gcoinne Ocras agus Bochtaineacht. Chuaigh an tAontas isteach sa chomhghuaillíocht mar chomhalta bunaidh, in éineacht le 82 thír, an tAontas Afracach, 24 eagraíocht idirnáisiúnta, 9 n-institiúid airgeadais idirnáisiúnta agus 31 eagraíocht dhaonchairdiúla agus eagraíochtaí neamhrialtasacha. Ag an gcruinniú mullaigh, d’fhógair an tUachtarán von der Leyen go raibh feachtas bliana á sheoladh chun deontais a mhealladh le haghaidh foinsí in-athnuaite fuinnimh san Afraic. Chun dul chun cinn níos leithne a chothú i dtreo na spriocanna a comhaontaíodh ag COP28, d’iarr an tUachtarán von der Leyen ar cheannairí G20 agus ar cheannairí eile teacht le chéile i bhFóram Domhanda nua um an Aistriú Fuinnimh. Faoin bhfóram sin tabharfar le chéile rialtais, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus gníomhaithe airgeadais ar mhaithe leis na hiarrachtaí cur chun feidhme a neartú.
Caidreamh an Aontais le Comhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille
Tugann Comhairle Comhair na Murascaille sé stát Arabacha de chuid na Murascaille le chéile chun an lánpháirtiú polaitiúil agus eacnamaíoch a chur chun cinn. Tá beagnach an tríú cuid de chúltaiscí ola an domhain sa Mhurascaill.
D’óstáil an tAontas agus a Bhallstáit a gcéad chruinniú mullaigh - oscail i dtáb nua. leis an gComhairle i mí Dheireadh Fómhair chun saincheisteanna an Mheánoirthir a phlé agus chun féachaint ar an gcaoi a bhféadfaidís oibriú le chéile i réimsí nua, cuir i gcás:
an fuinneamh in-athnuaite
an tslándáil fuinnimh
an nascacht
an t-aistriú glas.
Agus é bunaithe ar idéil na síochána agus an chomhair, lean an tAontas de bheith ag obair lena chomhghuaillithe chun dul i ngleic le mórdhúshláin dhomhanda ar mhaithe leis an tvsíocháin a chaomhnú, an chosaint a neartú agus muintir an Aontais a choimirciú. Den mheon sin, cuireadh an Chomhpháirtíocht idir an tAontas agus Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh - oscail i dtáb nua. i dtábhacht arís in 2024, agus é ag cuidiú ó thaobh an chobhsaíocht a chaomhnú ar an dá thaobh den Atlantach agus tacaíocht a thabhairt don Úcráin. D’oibrigh an tAontas agus ECAT chun comhordú níos fearr a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí sibhialtacha agus míleata, chun bonneagar ríthábhachtach a dhéanamh níos athléimní agus chun feabhas a chur ar an gcaoi a dtuigeann siad géarchéimeanna agus tubaistí agus ar an gcaoi a bhfreagraíonn siad dóibh. Le hidirphlé struchtúrtha nua, tugtar aghaidh anois freisin ar shaincheisteanna ar nós cibearbhagairtí, gníomhaíochtaí spáis, teicneolaíochtaí suaiteacha, éifeachtaí an athraithe aeráide agus an tionscail cosanta.
Is comhpháirtí tábhachtach eile de chuid an Aontais é na Náisiúin Aontaithe sa chomhrac ar son na síochána, na slándála agus na cobhsaíochta. Oibríonn siad i gcomhar a chéile chun coinbhleachtaí a chosc, chun tacú le misin síochánaíochta agus chun atógáil iarchoinbhleachta ar fud an domhain a éascú. Le linn na bliana leanadh ar aghaidh leis an gComhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe maidir le hoibríochtaí síochána agus bainistiú géarchéime don tréimhse 2022–2024.
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (ar dheis) agus Mark Rutte, Ard-Rúnaí ECAT (ar clé), an Bhruiséil, an Bheilg, an 29 Deireadh Fómhair 2024.
An chomhpháirtíocht idir an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe maidir le hoibríochtaí síochána agus bainistiú géarchéime
Tá comhpháirtíocht uathúil sheanbhunaithe idir an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe maidir le bainistiú géarchéime agus síochánaíocht shibhialta, phóilíneachta agus mhíleata, bunaithe ar luachanna agus ar ghealltanais chomhroinnte.
Tionóltar idirphlé ardleibhéil rialta, amhail sa Choiste Stiúrtha um Bainistiú Géarchéime idir an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe, agus bíonn idirghníomhaíocht leanúnach ar an leibhéal oibre idir misin agus oibríochtaí, mar aon le dlúthchomhar idir na ceanncheathruithe.
Tá 21 mhisean agus oibríocht de chuid an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta ar siúl ag an Aontas faoi láthair, ar misin shibhialtacha iad 12 cheann díobh, ar misin mhíleata iad 8 gcinn díobh agus ar misin shibhialta-mhíleata ceann amháin díobh. Tá aon cheann déag den 21 mhisean agus oibríocht ar siúl i gcomhthráth le misin na Náisiún Aontaithe, amhail i bPoblacht na hAfraice Láir, san Iaráic, in Iosrael/sa Phalaistín (ní fhorléireofar an t-ainmniú seo mar aitheantas ar Stát na Palaistíne agus tá sé gan dochar do sheasaimh aonair na mBallstát maidir leis an tsaincheist sin), sa Chosaiv, sa Libia agus sa tSomáil.
I dteannta a chéile, cuireann na Ballstáit an ceathrú cuid de bhuiséad síochánaíochta na Náisiún Aontaithe ar fáil.
Comhar slándála agus cosanta: Forléargas 2024
Tionóladh idirphlé slándála agus cosanta le comhpháirtithe i gComharsanachtaí an Oirthir agus an Deiscirt, san Afraic, sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, i Meiriceá Laidineach agus i Meiriceá Thuaidh.
Chomhoibrigh an tAontas le heagraíochtaí réigiúnacha amhail an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, an tAontas Afracach agus Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas.
Cuireadh tús le hidirphlé ar an tslándáil réigiúnach le Comhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille.
Tugadh comhpháirtíochtaí slándála agus cosanta i gcrích leis an Albáin, leis an tSeapáin, leis an Moldóiv, leis an Macadóin Thuaidh, leis an Iorua agus leis an gCóiré Theas.
An tSaoráid Eorpach Síochána.
Cuireadh tacaíocht ar fáil d’acmhainneachtaí míleata agus cosanta na gcomhpháirtithe.
Tugadh cúnamh do 26 thairbhí go dtí seo ar fud an iliomad réigiún:
an Afraic
comharsanachtaí an Oirthir agus an Deiscirt
na Balcáin Thiar.
Leathnaíodh líonra na gcomhairleoirí míleata i dtoscaireachtaí an Aontais.
Tionóladh an dara heagrán d’Fhóram Slándála agus Cosanta Schuman i mBruiséil na Beilge.
Aithníonn an tAontas go bhfuil gníomhaíocht chinntitheach ríthábhachtach chun an tsíocháin agus an chobhsaíocht a chaomhnú, go háirithe le linn géarchéime. Is féidir le himeachtaí lasmuigh de theorainneacha an Aontais tionchar díreach a imirt ar shlándáil a mhuintire. Cuireann an Comhbheartas Slándála agus Cosanta ar chumas an Aontais freagairt do dhúshláin slándála trí mhisin agus oibríochtaí a imscaradh thar lear. Ar an gcaoi sin, cuidíonn an tAontas ó thaobh coinbhleachtaí a chosc, feabhsaíonn sé cumas na dtíortha comhpháirtíochta déileáil le saincheisteanna slándála agus íoslaghdaíonn sé bagairtí a d’fhéadfadh teacht chomh fada leis an Eoraip.
Mar chuid den bheartas sin, sheol an tAontas tionscnamh slándála agus cosanta - oscail i dtáb nua. in 2024 chun tacú le tíortha na hAfraice Thiar feadh chósta Mhurascaill na Guine agus chun cuidiú leo dul i ngleic le fadhbanna slándála a eascraíonn as an tSaheil, amhail an sceimhlitheoireacht agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha.
I mBeinin, cuireadh oiliúint ar 90 oifigeach ó chúig aonad de Phóilíní na Poblachta chun déileáil le frith-fheistí pléascacha seiftithe. Ba in Kandi, Parakou, Dassa agus Cotonou a rinneadh an oiliúint, mar chuid de Thionscnamh Slándála agus Cosanta Mhurascaill na Guine. Dassa, Beinin, an 2 Bealtaine 2024.
Rannpháirtíocht slándála agus cosanta an Aontais ar fud an domhain
Tá 5 mhisean/oibríocht mhíleata ar siúl faoi láthair.
Tá 12 mhisean shibhialtacha ar siúl faoi láthair.
Tá 3 oibríocht chabhlaigh ar siúl faoi láthair.
Tá 1 tionscnamh sibhialta agus míleata amháin ar siúl.
Cur chuige comhtháite Déantar gníomhaíochtaí slándála agus cosanta an Aontais a chur ar bun agus a chur chun feidhme i gcomhar le huirlisí agus ionstraimí eile de chuid an Aontais ar mhaithe le tionchar straitéiseach a imirt.
Cuspóirí Síochánaíocht, coinbhleacht a chosc, slándáil idirnáisiúnta a neartú, tacú leis an smacht reachta, gáinneáil ar dhaoine agus píoráideacht a chosc, rannchuidiú leis an tslándáil mhuirí agus trealamh míleata agus bonneagar slándála a chur ar fáil do chomhpháirtithe an Aontais.
I mí Feabhra 2024, sheol an tAontas freisin Oibríocht Aspides Eunavfor - oscail i dtáb nua., oibríocht mhara chun longa a thaistealaíonn tríd an Muir Rua a chosaint ar ionsaithe ó na reibiliúnaigh Houthi, grúpa armtha in Éimin. Cuidíonn an oibríocht sin lena chinntiú gur féidir le longa gluaiseacht go sábháilte agus neartaíonn sí an tslándáil sa Mhuir Rua agus i réigiún na Murascaille in aice láimhe.
Idir an 6 agus an 8 Iúil 2024, thug Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus an Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Eoraip níos láidre sa Domhan ag an am (ar dheis), cuairt ar Djibouti chun na naisc leis an gcomhpháirtí réigiúnach an-tábhachtach sin a neartú agus chun measúnú a dhéanamh ar thionchar oibríochtaí cabhlaigh an Aontais. Rinne sé turas treoraithe ar an bhfrigéad Iodálach Virginio Fasan, atá á oibriú faoi oibríocht Aspides Eunavor, misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh a chosnaíonn an tslándáil mhuirí agus an tsaoirse loingseoireachta sa Mhuir Rua, san Aigéan Indiach, i Murascaill na Peirse agus i gceantair eile in aice láimhe.
Géarchéim an Mheánoirthir
Tá meath mór tagtha ar an staid dhaonnúil i Stráice Gaza ó mhí Dheireadh Fómhair 2023, nuair a chuir an t-ionsaí sceimhlitheoireachta brúidiúil a rinne Hamas ar Iosrael, an géarú ar an gcogaíocht idir na páirtithe ina dhiaidh sin, agus oibríochtaí míleata lánscála Iosrael le géarchéim a bhí ann cheana.
In 2024, lean an tAontas de bheith ag éileamh go mbeadh sos cogaidh láithreach ann in Gaza, go scaoilfí saor na gialla uile gan choinníoll, go méadófaí go práinneach an chabhair dhaonnúil do Gaza agus go gcuirfí deireadh marthanach leis an gcogaíocht. D’iarr sí arís agus arís eile ar na páirtithe uile, Iosrael san áireamh, cloí leis an dlí idirnáisiúnta agus leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta, go háirithe Coinbhinsiúin na Ginéive, agus gach iarracht a dhéanamh sibhialtaigh neamhurchóideacha a chosaint agus gan dochar a dhéanamh dóibh. Tá an tAontas ag obair gan stad gan staonadh chun iarmhairtí breise na coinbhleachta ar an mór-réigiún máguaird a chosc. Tá sé tiomanta i gcónaí do shíocháin mharthanach inbhuanaithe a bheidh bunaithe ar réiteach an dá stát agus ar na rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe trí iarrachtaí athbheoite i bPróiseas Síochána an Mheánoirthir.
Dola daonna ghéarchéim Gaza (amhail Meán Fómhair 2024)
40 000bás.
88 000gortú.
1.9 milliúnduine easáitithe.
Tá níos mó ná 2.2 milliún duine buailte agus tá ganntanas mór riachtanas bunúsach, ar nós bia, uisce agus foscaidh, ag na céadta míle duine. Mar gheall ar an damáiste atá déanta do bhonneagar scoileanna agus ospidéal, is deacra fós rochtain a fháil ar sheirbhísí ríthábhachtacha. Tá an t-ualach is troime ar leanaí, agus tá tráma fisiceach agus síceolaíoch ag go leor acu. Tá an Bruach Thiar ag streachailt freisin le staid atá ag dul in olcas agus tá géarú ar riachtanais dhaonnúla i measc pobail Phalaistíneacha de dheasca foréigean ó lonnaitheoirí - oscail i dtáb nua..
I lár na ndúshlán sin, tá an tAontas tiomanta i gcónaí dá mhisean daonnúil, agus líne tharrthála á cur ar fáil aige trí chúnamh díreach agus trí thacaíocht shuntasach airgeadais. De thairbhe an chúnaimh fhadtéarmaigh sin tá seirbhísí riachtanacha á gcur ar fáil — idir bhia, uisce glan, cúram leighis, foscadh, oideachas agus chosaint — dóibh siúd is mó atá i ngátar ar fud na limistéar atá buailte. Gníomhachtaíodh sásra freagartha éigeandála an Aontais, Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta - oscail i dtáb nua., 10 n-uaire in 2024 chun cúnamh a thabhairt do Gaza, aslonnuithe a chomhordú agus tacú le tíortha comharsanacha a bhfuil tionchar ag an ngéarchéim orthu.
D’ainneoin na rioscaí slándála suntasacha, leanann an tAontas de bheith ag tabhairt cúnamh faoin sásra, agus rinneadh sin trí Chonair Mhara na Cipire - oscail i dtáb nua. freisin, an príomhbhealach mara trínar chuir an Ghearmáin, an Chipir, an Rómáin agus an tSlóvaic bia agus ábhair foscaidh ar fáil. Thacaigh naoi mBallstát le hAireacht Sláinte na hÉigipte trí chúnamh comhchineáil. Tá an sásra freisin ag tacú lena chomhpháirtithe trí shaineolaithe a sheoladh agus trí chomhordú a dhéanamh ar aslonnuithe leighis - oscail i dtáb nua. chuig an Eoraip le haghaidh othair Phalaistíneacha atá go dona tinn.
Breis agus 20 bliain de thacaíocht an Aontais do na Palaistínigh
Is é an tAontas Eorpach an deontóir idirnáisiúnta is mó do mhuintir na Palaistíne.
TACAÍOCHT UM FHORBAIRT
2014-2020€2.2 billiún leithdháilte.
2021-2024€1.36 billiún leithdháilte (a bhfuil níos mó ná €920 milliún de formheasta).
TACAÍOCHT DHAONNÚIL
Ó bhí 2000 ann Breis agus€1.1 billiún.
In 2024€238 milliún de chabhair dhaonnúil geallta (*).Níos mó ná4 000 tona de sholáthairtí daonnúla do Phalaistínigh atá i ngátar in Gaza.
(*) San áireamh leis sin tá an breisiú breise €45 mhilliún a d’fhógair an tUachtarán von der Leyen i mí Mheán Fómhair.
Sa Bhruach Thiar, tá an tAontas agus roinnt Ballstát ag obair le comhpháirtithe daonnúla ar an láthair chun cosaint a thabhairt do phobail atá i mbaol easáitithe éigeantais agus foréigin ó lonnaitheoirí.
Nuair a tharlaíonn tubaistí nádúrtha nó coinbhleachtaí, bíonn na milliúin i mbaol. Is líne tharrthála atá sa chabhair dhaonnúil ansin, lena gcuirtear bia, foscadh agus cúram leighis ar fáil dóibh siúd is leochailí.
Tá an tAontas ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí fóirithinte sin agus tá sé ar cheann de na deontóirí cabhrach daonnúla is mó ar domhan. Cuireann sé cabhair atá bunaithe ar riachtanais ar fáil do dhaoine atá thíos le géarchéimeanna de dhéanamh an duine agus tubaistí nádúrtha ar fud an domhain. In 2024, leithdháil an tAontas €2.49 billiún chun cabhrú le níos mó ná 300 milliún duine i ngátar.
Tá oibríocht nua Aerdhroichid Dhaonnúil á seoladh ag an gCoimisiún dóibh siúd is mó atá i ngátar sa tSiria, chun cúram sláinte éigeandála agus soláthairtí riachtanacha eile a chur ar fáil, agus tá sé ag cur lena mhaoiniú daonnúil.
Cabhair dhaonnúil an Aontais ar fud an domhain in 2024
Sa bhuiséad domhanda cabhrach daonnúla dar luach €1.8 billiún áirítear €546 mhilliún don Afraic fho Shahárach, €470 milliún don Mheánoirthear agus don Afraic Thuaidh, €297 milliún don Áise, do Mheiriceá Laidineach, don Aigéan Ciúin agus do Mhuir Chairib, €115 mhilliún don Úcráin, do na Balcáin Thiar agus do Chugas, agus €413 mhilliún do leithdháiltí neamhgheografacha.
I réigiún na Saiheile, réigiún atá buailte le coinbhleacht, géarchéimeanna aeráide agus eipidéimí, chuir an tAontas cabhair ríthábhachtach ar fáil sna réimsí – míchothú, easáitiú, sláinte agus oideachas.
Thug an tAontas tacaíocht do phobail atá thíos le coinbhleacht fhadtréimhseach agus le teagmhais adhaimsire in oirthear agus i ndeisceart na hAfraice.
San Afganastáin, áit a bhfuil cúnamh daonnúil de dhíth ar níos mó ná leath den daonra mar gheall ar choinbhleacht, ar bhochtaineacht agus ar athrú aeráide, chuir an AE cabhair chriticiúil ar fáil laistigh den tír agus i dtíortha comharsanacha, ag díriú ar shlándáil bia, ar chúram sláinte agus ar chosaint.
Agus an choinbhleacht ag dul in olcas i Maenmar/Burma, chuidigh an tAontas le freastal ar riachtanais an phobail áitiúil, riachtanais a bhí ag méadú i rith an ama agus thacaigh sé le dídeanaithe Róihinsí sa Bhanglaidéis.
Thairis sin, tugadh tacaíocht d’íospartaigh choinbhleachtaí agus thubaistí ar fud na hÁise.
I gCríocha Mheiriceá, chuidigh an tAontas le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim dhaonnúil i Veiniséala, thacaigh sé le híospartaigh na coinbhleachta sa Cholóim, chuidigh sé le pobail atá thíos le foréigean agus le coireacht i Meiriceá Láir agus in áiteanna eile, chuidigh sé le daoine easáitithe ar fud an réigiúin agus chuidigh sé leis an gcéad Aerdhroichead Daonnúil riamh go Háítí a eagrú in 2024 mar fhreagairt ar an bhforéigean drong atá ag dul i méid.
An Acmhainneacht Eorpach um Fhreagairt Dhaonnúil in 2024
16 ghéarchéim ar tugadh aghaidh orthu in 17 dtír (an Afganastáin, Buircíne Fasó, Sead, Cúba, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Háítí, Laos, an Liobáin, Mailí, an Nígir, an Phalaistín, Ruanda, San Uinseann agus na Greanáidíní, an tSomáil, an tSúdáin, an tSiria agus Éimin).
Thacaigh an Cumas Mearfhreagartha Eorpach le tionscnaimh Fhoireann na hEorpa le linn 5 ghéarchéim, agus í ag comhoibriú le 8 mBallstát le haghaidh oibríochtaí comhpháirteacha.
93 eitilt chairtfhostaithe.
5 402 thona mhéadracha cabhrach iompartha (d’aer, ar muir, de thalamh).
16 683 phaisinéir iompartha trí Eitiltí an Aontais um Chabhair Dhaonnúil.
3 thrádstórais oscailte.
817 dtona stoic slógtha.
13 saineolaí seolta.
Le linn 2024, d’eagraigh an tAontas imeachtaí ardleibhéil éagsúla freisin chun an tionchar daonnúil a uasmhéadú. I mí an Mhárta, tionóladh an tríú Fóram Daonnúil Eorpach - oscail i dtáb nua. sa Bhruiséil, an Bheilg, áit ar fhógair an tAontas go leithdháilfeadh sé os cionn €7.7 billiún le haghaidh géarchéimeanna domhanda in 2024.
An mhí dár gcionn, chomheagraigh an tAontas Eorpach, an Ghearmáin agus an Fhrainc comhdháil idirnáisiúnta maidir leis an tSúdáin. - oscail i dtáb nua. I mí Aibreáin 2023, bhris cogadh cathartha amach sa tír sin, as ar eascair easáitiú ar mhórscála agus géarchéim dhaonnúil thromchúiseach. Mar fhreagairt ar achainí na Náisiún Aontaithe i mí Feabhra 2024, gheall deontóirí idirnáisiúnta breis agus €2 bhilliún ag an gcomhdháil. Áiríodh leis sin beagnach €900 milliún ón Aontas agus óna Bhallstáit chun tacú leis an bpobal sibhialtach sa tSúdáin agus le dídeanaithe i dtíortha comharsanacha.
Tá géarchéim dhaonnúil ag bagairt ar Farchana i Sead, de dheasca plódú isteach dídeanaithe cogaidh ón tSúdáin agus éifeachtaí tubaistí nádúrtha athfhillteacha. Tá géar-neamhshlándáil an tsoláthair bia ag baint de bhreis agus 800 000 duine anois agus tá géarghá acu le cabhair dhaonnúil. An 28 agus an 29 Aibreán 2024.
Agus é ag leanúint dá thiomantas dul i ngleic le dúshláin dhaonnúla dhomhanda, bhí an tAontas ina chathaoirleach ar an gcuid ardleibhéil aireachta den ochtú Comhdháil sa Bhruiséil chun tacú le todhchaí na Siria agus an réigiúin - oscail i dtáb nua. i mí na Bealtaine. Leag na rannpháirtithe béim ar an ngá atá le réiteach polaitiúil síochánta ar an gcoinbhleacht sa tSiria agus le tacaíocht leanúnach airgeadais dóibh siúd atá thíos léi. Gheall an tAontas agus a Bhallstáit €3.8 billiún de dheontais agus tá siad fós ar an deontóir cabhrach is mó don tSiria. Tá na cistí sin curtha in áirithe do riachtanais phráinneacha mhuintir na Siria sa tSiria, do dhídeanaithe i dtíortha comharsanacha agus dá bpobail óstacha.
Tá an tSiria anois sa 13ú bliain de ghéarchéim agus tá riachtanais dhaonnúla aici ar scála nach bhfacthas riamh roimhe seo. Tá thart ar 7.2 milliún Siriach easáitithe ina dtír féin agus is mó ná riamh an gá atá le cúnamh daonnúil. Tá mná agus leanaí, ar níos mó ná dhá thrian den daonra easáitithe iad, scoite den chuid is mó ón oideachas foirmiúil mar gheall ar an gcoinbhleacht leanúnach.
In 2024, rinne an tAontas bearta breise ar mhaithe lena Shásra um Chosaint Shibhialta a neartú chun gur fearr is féidir leis ullmhú do thubaistí ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin, freagairt do thubaistí agus tubaistí a chosc (féach Caibidlí 4 agus 7).
Ceapann 94 % de dhaoine san Aontas gur cheart do na Ballstáit cabhair a thabhairt do Bhallstáit eile atá buailte ag tubaistí.
Ceapann 91 % de dhaoine san Aontas gur cheart do na Ballstáit cabhair a thabhairt do thíortha lasmuigh den Aontas atá buailte ag tubaistí.
Ceapann 90 % de dhaoine go bhfuil sé tábhachtach go gcuidíonn an tAontas leis an bhfreagairt ar thubaistí a chomhordú áit ar bith ar domhan.
Aontaíonn 90 % de dhaoine gur cheart gníomhaíocht chomhordaithe an Aontais sa réimse sin a mhéadú amach anseo.
Janez Lenarčič, an Coimisinéir Eorpach um Bainistiú Géarchéime ag an am (an tríú duine ó thaobh na láimhe clé), ag an ochtú Fóram Eorpach um Chosaint Shibhialta sa Bhruiséil, an Bheilg, an 5 Meitheamh 2024.