Féach fotheideal an ghrianghraifRannpháirtithe ag glacadh páirt san imeacht Climate Pride sa Róimh, an Iodáil, an 16 Samhain 2024, ar son ceartas aeráide.
Is é an Comhaontú Glas don Eoraip freagairt an Aontais Eorpaigh ar ghéarchéim thriarach phláinéadach: an t-athrú aeráide, cailleadh na bithéagsúlachta agus truailliú. Chun daoine agus an pláinéad a chosaint, tá gealltanas tugtha ag an Aontas a bheith aeráidneodrach faoi 2050 – geilleagar saor ó thruailliú díobhálach agus ina mbeidh astaíochtaí glan-nialasacha – go príomha trí astaíochtaí a laghdú, infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí glasa agus an comhshaol nádúrtha a chosaint. Sin cuid de shamhail nua fáis don Eoraip atá bunaithe ar gheilleagar glan ciorclach, ina gcuirtear aistriú glan chun cinn atá fónta ó thaobh an gheilleagair de agus cothrom ó thaobh na sochaí de. In 2024 díríodh ar chreat dlíthiúil an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chur i bhfeidhm chun sprioc aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach agus chun an bealach a réiteach le haghaidh sprioc 2040 faoin Dlí Aeráide Eorpach. Bliain eile ab ea í ina raibh adhaimsir agus tionchar tubaisteach na hadhaimsire sin, agus cuireadh béim ar an tábhacht a bhaineann le hathléimneacht aeráide a fheabhsú le foilsiú an Mheasúnaithe Eorpaigh ar Rioscaí Aeráide, agus fógairt an Phlean Eorpaigh um Oiriúnú don Athrú Aeráide ina dhiaidh sin.
Bliain eile ab ea í ina raibh teochtaí domhanda a bhí ar na cinn ab airde riamh, agus lean an Eoraip de dhéileáil leis an bhfírinne ghéar a bhaineann le haeráid a athraíonn go tapa. B’éigean do Bhallstáit agus réigiúin an Aontais aghaidh a thabhairt ar dhálaí iomadúla adhaimsire a bhaineann leis an athrú aeráide, cuir i gcás triomaigh leanúnacha i ndeisceart na hEorpa, falscaithe tromchúiseacha sa Phortaingéil agus sa Mheánmhuir, tuilte marfacha i lár agus in oirthear na hEorpa agus sa Spáinn, ar maraíodh breis agus 250 duine dá ndeasca.
Tháinig méadú suntasach ar ghníomhachtú mar fhreagairt ar theagmhais adhaimsire i Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta - oscail i dtáb nua.. Léiríonn na treochtaí sin tionchar méadaitheach an athraithe aeráide ar an mór-roinn, agus spreagtar éileamh níos mó dá mbarr ar fhreagairt chomhordaithe ar thubaistí. Agus éifeachtaí an athraithe aeráide ag éirí níos déine, tá dlús curtha ag náisiúin na hEorpa lena gcomhar agus tá dlúthpháirtíocht léirithe acu le linn géarchéime. In 2024, rinne an tAontas bearta breise chun a Shásra um Chosaint Shibhialta a neartú chun ullmhú do thubaistí ar bhealach níos fearr ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin, na tubaistí sin a chosc agus freagairt orthu. Ina measc sin rinne sé a chabhlach comhraic dóiteáin rescEU - oscail i dtáb nua. a neartú agus chuir sé comhraiceoirí dóiteáin go straitéiseach i suíomhanna tábhachtacha ar fud na hEorpa chun tacú le seirbhísí dóiteáin áitiúla.
Léiríodh sa tuarascáil bhliantúil Eorpach ar Staid na hAeráide - comhad PDF, oscail i dtáb nua. treocht na dteochtaí ardaitheacha ar cúis mhór imní í, agus an Eoraip ag téamh a dhá oiread níos mó ná an meán domhanda, agus cuireadh i dtábhacht nach mór don Aontas a bheith aeráidneodrach agus athléimneach in aghaidh an athraithe aeráide. Tá na teagmhais adhaimsire ag éirí níos minice agus níos déine, agus tá méadú tagtha dá mbarr ar bhásanna daoine a bhaineann le teas, ar thonnta teasa muirí troma agus ar chur isteach ar an talmhaíocht, ar sholáthairtí uisce agus ar an mbonneagar.
I dtreo athléimneacht níos fearr in aghaidh an athraithe aeráide
Cuireann an léirscrios arb iad na teagmhais adhaimsire is cúis leis i dtábhacht go bhfuil géarghá le hullmhúchán níos fearr chun éifeachtaí an athraithe aeráide a réamh-mheas agus freagairt orthu. Faoi mar atá an tAontas ag gníomhú chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus an t-athrú aeráide a mhaolú, ní mór dó athléimneacht a fhorbairt freisin in aghaidh na dtionchar sin nach féidir a sheachaint. Mar fhreagairt ar an gcéad Mheasúnú Eorpach ar Rioscaí Aeráide - oscail i dtáb nua. riamh, rud a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, leag an Coimisiún Eorpach amach príomhthionscnaimh - oscail i dtáb nua. maidir le rioscaí aeráide a bhainistiú agus an Eoraip a dhéanamh athléimneach ó thaobh na haeráide de chun daoine agus rathúnas a chosaint.
An creat beartais chun borradh a chur faoin athléimneacht aeráide
RIALACHAS
Níos mó soiléireachta maidir le freagrachtaí agus cé na rioscaí a dhéantar a bhainistiú ar leibhéal an Aontais agus cé na cinn a dhéantar a bhainistiú ar leibhéal na mBallstát
Próisis ar leibhéal an Aontais chun rioscaí aeráide a leabú ar dhóigh níos fearr sa phleanáil agus i gceapadh beartas.
Ba cheart do na Ballstáit acmhainneacht leordhóthanach a chinntiú chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí.
UIRLISÍ
Rochtain níos fearr ar shonraí, samhlacha agus cásanna a bhfuil gá leo le haghaidh cinnteoireacht eolasach, ó chórais luathrabhaidh go pleanáil fhadtéarmach.
Tacaíocht leanúnach d’fhorbairt acmhainní, do sholáthar treoirlínte agus d’úsáid níos fearr na n-uirlisí atá ann cheana.
BEARTAIS STRUCHTÚRACHA
Ba cheart do na Ballstáit rioscaí aeráide a léiriú i gcinntí agus i mbearta maidir le pleanáil spásúil chun bonneagar criticiúil a chosaint.
Sásraí dlúthpháirtíochta níos láidre de chuid an Aontais chun tuar rioscaí a spreagadh ar bhealach níos fearr.
ATHLÉIMNEACHT AIRGEADAIS
A chinntiú go bhfuil athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide i gcroílár chinntí caiteachais uile an Aontais.
Ba cheart d’institiúidí airgeadais poiblí agus príobháideacha agus lucht tionscail leas níos fearr a bhaint as infheistíocht phríobháideach.
Ba cheart do na Ballstáit an athléimneacht a chur san áireamh ina soláthar poiblí.
Ina tuarascáil speisialta maidir le hoiriúnú don athrú aeráide san Aontas - oscail i dtáb nua., rud a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair, tháinig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ar an gconclúid go bhfuil baol ann nach gcoinneodh beartas oiriúnúcháin an Aontais bord ar bhord leis an athrú aeráide. Rinneadh roinnt moltaí sa tuarascáil: feabhas a chur ar an dóigh a dtuairiscíonn na Ballstáit ar oiriúnú don athrú aeráide; úsáid níos fearr a bhaint as uirlisí an Aontais a bhaineann le hoiriúnú; féachaint chuige go seasfaidh maoiniú an Aontais i leith oiriúnú don athrú aeráide. Ghlac an Coimisiún leis na moltaí sin nó ghlac sé go páirteach leo. Ceann de thosaíochtaí an Choimisiúin nua ná plean Eorpach um oiriúnú don athrú aeráide a mholadh chun cuidiú leis na Ballstáit agus leis an Aontas neartú suntasach a dhéanamh ar an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide.
Rinneadh Lá bliantúil an Aontais d’Íospartaigh na Géarchéime Aeráide Domhanda a chomóradh den dara huair an 15 Iúil, lá ina dtugtar onóir dóibh siúd dá ndéantar difear agus ina gcuirtear gníomhaíocht chun cinn chun maolú a dhéanamh ar thionchar tubaistí amach anseo. Tá go leor Ballstát fós ag téarnamh ó theagmhais thubaisteacha aimsire. I mí Lúnasa mhol an Coimisiún - oscail i dtáb nua. cabhrú os cionn €1 bhilliún ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais - oscail i dtáb nua. a thabhairt don Ghréig, don Fhrainc, don Iodáil, don Ostair agus don tSlóivéin chun déileáil le tionchair na dtuilte in 2023. Mar fhreagairt ar na tuilte tubaisteacha agus na falscaithe a bhuail lár, oirthear agus deisceart na hEorpa san fhómhar in 2024, mhol an Coimisiún úsáid na gCistí Comhtháthaithe a éascú - oscail i dtáb nua. chun cuidiú le Ballstáit a bhí thíos le tubaistí a bhain leis an aeráid. I mí na Samhna, faomhadh pacáiste cúnaimh €116 mhilliún - oscail i dtáb nua. ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais chun tacú leis an nGearmáin agus leis an Iodáil tar éis tubaistí nádúrtha tubaisteacha san earrach.
An t-athrú aeráide agus an tsláinte
Chruinnigh beagnach 500 taighdeoir, cinnteoir agus eagraíocht mhaoinithe ó gach cearn den domhan ag comhdháil ardleibhéil sa Bhruiséil - oscail i dtáb nua., an Bheilg, i mí Feabhra chun machnamh a dhéanamh ar na riachtanais taighde i réimse an athraithe aeráide agus na sláinte. Phléigh na rannpháirtithe na dúshláin agus na tosaíochtaí is tábhachtaí sa réimse sin agus chuir siad tús leis an ullmhúchán do chlár oibre Eorpach um thaighde agus nuálaíocht a bheidh uaillmhianach, réamhbhreathnaitheach agus cuimsitheach agus a dhíreoidh ar an leibhéal domhanda.
Díospóireacht phainéil le linn an tseisiúin oscailte ardleibhéil ag comhdháil an Aontais maidir leis an Aeráid agus an tSláinte sa Bhruiséil, sa Bheilg, an 19 Feabhra 2024.
Mar thoradh ar éifeachtaí an athraithe aeráide, tá níos mó muiscítí san Eoraip ar féidir leo galair thromchúiseacha a scaipeadh. Mar fhreagairt air sin, d’údaraigh - oscail i dtáb nua. an tAontas an chéad vacsaín riamh in aghaidh víreas Chikungunya. Deimhníodh i dtuarascáil - oscail i dtáb nua. ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú go raibh muiscít Aedes albopictus in 13 thír san Eoraip, muiscít a scaipeann víreas Chikungunya. Is féidir leis an muiscít Aedes aegypti, ar thángthas uirthi sa Chipir le déanaí, cur le scaipeadh víreas Chikungunya mar aon le fiabhras Zika, fiabhras deinge agus fiabhras buí. D’fhormhuinigh na Ballstáit an t-údarú d’aon toil tar éis don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach measúnú - oscail i dtáb nua. dian a dhéanamh air. Chun srian breise a chur leis an mbaol go scaipfeadh muiscítí galair san Eoraip, d’fhógair an Coimisiún maoiniú €500,000 ón gclár EU4Health do threoirthionscadal chun deireadh a chur leis an muiscít Aedes aegypti sa Chipir.
Tá an t-athrú is gá chun an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 á chur i gcrích leis an gComhaontú Glas don Eoraip - oscail i dtáb nua.. Tá an reachtaíocht i bhfeidhm anois chun sprioc mheántéarmach an Aontais a bhaint amach, nó an sprioc sin a shárú fiú, is é sin laghdú 55 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030.
Le glacadh an Dlí Aeráide Eorpaigh - oscail i dtáb nua. agus reachtaíocht an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip - oscail i dtáb nua., tá spriocanna aeráide ag an Aontas anois atá ceangailteach ó thaobh dlí agus a chumhdaíonn príomhearnálacha uile an gheilleagair. Fágann sé sin gurb acmhainn don Aontas spriocanna 2030 a bhaint amach ar bhealach cothrom costéifeachtúil iomaíoch. Chun cothroime iomaíochta a chinntiú do chuideachtaí Eorpacha, cinntítear le sásra nua - oscail i dtáb nua. go n-íoctar praghas coibhéiseach carbóin ar earraí iompórtáilte in earnálacha spriocdhírithe. Ina theannta sin, sna réigiúin sin is mó atá thíos leis, cuirfear tacaíocht ar fáil d’oibrithe chun scileanna nua a fhorbairt agus cuirfear tacaíocht shóisialta ar fáil do shaoránaigh leochaileacha agus do ghnólachtaí leochaileacha.
Mar an chéad chéim eile i dtreo na haeráidneodrachta, chuir an Coimisiún i láthair - oscail i dtáb nua. a mheasúnú ar sprioc aeráide 2040 don Aontas. Moltar ann laghdú 90 % a dhéanamh ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2040 i gcomparáid le leibhéil 1990, rud atá i gcomhréir le comhairle eolaíoch a tugadh le déanaí agus le gealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras - oscail i dtáb nua.. Cuirfidh an measúnú bonn eolais faoin gCoimisiún nua agus a thogra reachtach á dhéanamh aige maidir le sprioc 2040 faoin Dlí Aeráide Eorpach.
Chomh maith le laghduithe doimhne marthanacha ar astaíochtaí, beidh gá le bearta chun dé-ocsaíd charbóin a bhaint den atmaisféar chun an laghdú 90 % atá molta a bhaint amach. Ciallaíonn sé sin go mbeidh teicneolaíochtaí ag teastáil ón Aontas ar féidir leo dé-ocsaíd charbóin a ghabháil nó í a bhaint go díreach den atmaisféar, agus ansin í a stóráil nó a úsáid. Sa Straitéis Bainistíochta Carbóin Thionsclaíoch - oscail i dtáb nua., rud a cuireadh i láthair i mí an Mhárta, sainaithnítear sraith tionscnamh atá le déanamh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun gur féidir na teicneolaíochtaí sin a chur in úsáid agus an bonneagar is gá a chumasú chun margadh aonair a bhunú san Eoraip le haghaidh dé-ocsaíd charbóin sna blianta amach romhainn. Glacadh - oscail i dtáb nua.rialachán - oscail i dtáb nua. i mí na Samhna lena gcruthaítear an chéad chreat deonach uile-Aontais chun aistriú carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí ar fud na hEorpa a dheimhniú. Éascóidh an méid sin infheistíocht i dteicneolaíochtaí nuálacha aistrithe carbóin agus i réitigh inbhuanaithe feirmeoireachta carbóin - oscail i dtáb nua. araon.
FÍSEÁN: Bainistiú tionsclaíoch carbóin – eochair an dícharbonúcháin.
Cuidiú le tionscal an Aontais an aeráidneodracht a bhaint amach
Leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta - oscail i dtáb nua., rud a tháinig i bhfeidhm i mí an Mheithimh, cruthaítear creat rialála chun borradh a chur faoi iomaíochas an tionscail agus faoi na teicneolaíochtaí a chuideoidh leis an Aontas a spriocanna aeráide a bhaint amach. Cuireann sé an tAontas ar an mbóthar ceart chun neartú a dhéanamh ar a mhonarú intíre príomhtheicneolaíochtaí glana. Trí thimpeallacht ghnó aontaithe intuartha a chruthú don earnáil monaraíochta teicneolaíochta glaine, méadófar an chinnteacht pleanála agus infheistíochta agus tacóidh sé le cruthú post ardcháilíochta agus lucht saothair oilte (féach Caibidil 2 freisin).
San fhómhar, thosaigh an tAontas ag glacadh le hiarratais - oscail i dtáb nua. ar thionscadail monaraíochta teicneolaíochta glaine a ainmneofar mar ‘thionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta’ faoin nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta. Cuirfidh tionscadail fhaofa borradh faoi earnáil teicneolaíochta glaine an Aontais, rud a chuirfidh feabhas ar an iomaíochas agus ar an ngníomhú ar son na haeráide agus, ag an am céanna, bainfidh siad tairbhe as ceadú níos tapúla, as cóir tosaíochta ar an leibhéal náisiúnta agus as treoraíocht maidir le maoiniú.
Beidh ról ríthábhachtach ag seoladh an Acadaimh Eorpaigh Grianfhuinneamh - oscail i dtáb nua. i mí an Mheithimh maidir leis na scileanna is gá d’earnáil an ghrianfhuinnimh a thabhairt d’oibrithe, rud atá ríthábhachtach chun spriocanna an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite a bhaint amach. Is é sin an chéad cheann i sraith acadamh de chuid an Aontais atá á gcruthú faoin ngníomh.
Tá an margadh domhanda le haghaidh teicneolaíochtaí glan-nialasacha le méadú faoi thrí faoi 2030, dar luach thart ar €600 billiún in aghaidh na bliana.
Príomhtheicneolaíochtaí glan-nialasacha
CÓRAIS FÓTAVOLTACHA GRÉINE AGUS CÓRAIS THEIRMEACHA GRÉINE
LEICTREALÓIRÍ AGUS BREOSLA-CHEALLA
GAOTH AR TÍR AGUS FOINSÍ IN-ATHNUAITE AMACH ÓN gCÓSTA
BITHGHÁS/BITHMHEATÁN INBHUANAITHE
CADHNRAÍ AGUS STÓRÁIL
GABHÁIL AGUS STÓRÁIL CARBÓIN
TEASCHAIDÉIL AGUS FUINNEAMH GEOITEIRMEACH
TEICNEOLAÍOCHTAÍ EANGAÍ
An t-aistriú chuig fuinneamh glan a chur chun cinn
Mar fhreagairt ar shuaitheadh an mhargaidh fuinnimh dhomhanda agus ar an gcruatan a d’eascair as ionradh na Rúise gan chúis gan údar ar an Úcráin in 2022, sheol an tAontas Plean REPowerEU - oscail i dtáb nua. chun dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan agus chun laghdú tapa a dhéanamh ar a spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis. Le dhá bhliain anuas, chuidigh REPowerEU leis an Aontas fuinneamh a shábháil, a sholáthairtí a éagsúlú, fuinneamh glan a tháirgeadh agus infheistíocht agus athchóirithe a chomhcheangal go cliste.
Trí fhuinneamh a shábháil agus éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, chuidigh an méid sin chun tomhaltas a laghdú. Tá dul chun cinn suntasach déanta maidir le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite chomh maith. Sa chéad leath de 2024, ghin foinsí in-athnuaite fuinnimh 50 % den leictreachas san Aontas. Tá an Iorua tagtha in ionad na Rúise mar phríomhsholáthraí gáis an Aontais. Tharla aistriú suntasach freisin i dtreo iompórtálacha gáis nádúrtha leachtaithe, agus is iad na Stáit Aontaithe príomhsholáthróir an Aontais anois. An rud is tábhachtaí de, d’éirigh leis an Aontas seasamh i gcoinne rioscaí criticiúla do shlándáil a sholáthair fuinnimh, smacht a fháil arís ar an margadh fuinnimh agus ar phraghsanna fuinnimh, agus borradh a chur faoin aistriú i dtreo na haeráidneodrachta.
In 2024, sháraigh an ghaoth giniúint gáis den chéad uair riamh chun bheith ar an dara foinse aonair leictreachais is mó san Aontas, taobh thiar den fhuinneamh núicléach.
Tháinig laghdú ar iompórtálacha gáis ón Rúis (píblínte agus gás nádúrtha leachtaithe) ó sciar 45 % d’iompórtálacha iomlána an Aontais in 2021 go 19 % in 2024.
Bhain an tAontas laghdú 18 % amach i dtaca le héileamh ar ghás idir mí Lúnasa 2022 agus mí na Samhna 2024. Mar thoradh air sin, sábháladh thart ar 165 bhilliún méadar ciúbach de ghás.
D’éirigh leis na bearta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, mar tá praghsanna leictreachais agus gáis i bhfad níos ísle agus níos cobhsaí anois ná mar a bhí nuair ba threise an ghéarchéim fuinnimh.
Idir an dá linn, tá laghdú 37 % tagtha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais i gcomparáid le 1990, agus tá fás
68 % tagtha ar an ngeilleagar sa tréimhse chéanna.
Kadri Simson, an Coimisinéir Eorpach um Fhuinneamh ag an am, ag reáchtáil preasagallaimh maidir le tuarascáil 2024 ar Staid an Aontais Fuinnimh - oscail i dtáb nua., sa Bhruiséil, sa Bheilg, an 11 Meán Fómhair 2024. Sa tuarascáil tugtar achoimre ar dhul chun cinn an Aontais maidir le fuinneamh slán, iomaíoch agus inacmhainne a chinntiú do chách.
Athchóiriú ar an margadh leictreachais
Tá na margaí fuinnimh tar éis éirí níos cobhsaí arís, agus tá praghsanna níos ísle ann ná mar a bhí in 2022 agus 2023. Le glacadh reachtaíochta nuaí, amhail an rialachán agus an treoir nua maidir le hathchóiriú an mhargaidh leictreachais - oscail i dtáb nua., ba cheart praghsanna miondíola a bheith níos neamhspleáiche ar phraghsanna margaidh gearrthéarmacha. Sa chás go mbeidh géarchéim ann amach anseo ó thaobh phraghas an gháis de, beidh na Ballstáit in ann bearta a thabhairt isteach chun tomhaltóirí a chosaint agus chun a chinntiú go mbeidh rochtain ann ar fhuinneamh inacmhainne agus ar sheirbhísí sóisialta riachtanacha. Tugann an t-athchóiriú ar an margadh leictreachais rogha níos leithne conarthaí agus eolas níos soiléire do thomhaltóirí sula síníonn siad iad. Spreagfaidh margaí fuinnimh a sheasfaidh an aimsir infheistíocht san fhuinneamh glan freisin agus éascóidh siad praghsanna níos ísle agus níos cobhsaí, rud atá ríthábhachtach chun tionscal an Aontais a dhéanamh níos iomaíche ar fud an domhain.
Leis an athchóiriú ar mhargadh leictreachais an Aontais, déanfar an méid seo a leanas:
borradh a chur faoin infheistíocht san fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite;
tomhaltóirí an Aontais a chosaint ar bhealach níos fearr agus iad a chumasú;
feabhas a chur ar iomaíochas thionscal an Aontais.
Fuinneamhéifeachtúlacht foirgneamh a mhéadú
Tá earnáil na bhfoirgneamh ríthábhachtach chun spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais a bhaint amach. Cuideoidh an Treoir athbhreithnithe maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh - oscail i dtáb nua., rud a tháinig i bhfeidhm i mí na Bealtaine, chun an ráta athchóirithe san Aontas a mhéadú, go háirithe i gcás na bhfoirgneamh is neamhfheidhmiúla. Leagtar amach sa reachtaíocht nua creat do na Ballstáit chun astaíochtaí agus úsáid fuinnimh i bhfoirgnimh a laghdú, ó thithe go háitribh ghnó agus foirgnimh phoiblí, rud a chuideoidh chun sláinte agus cáilíocht saoil daoine a fheabhsú agus billí a laghdú.
Is i bhfoirgnimh a chaitear thart ar 40 % den fhuinneamh a úsáidtear san Aontas.
Is ó fhoirgnimh a thagann breis agus aon trian d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a bhaineann le fuinneamh.
Is le haghaidh teasa, fuaraithe agus uisce te a chaitear thart ar 80 % den fhuinneamh a úsáidtear i dtithe an Aontais.
FÍSEÁN: An Banc Eorpach Hidrigine – ag tacú le táirgeadh hidrigine in-athnuaite san Eoraip agus ar fud an domhain.
Tá rialacha státchabhrach, amhail na treoirlínte maidir le cabhair don aeráid, don fhuinneamh agus don chomhshaol - oscail i dtáb nua., ag cuidiú leis na Ballstáit cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Tacaíonn na treoirlínte le leathadh amach an fhuinnimh in-athnuaite trí chead a thabhairt do na Ballstáit maoiniú poiblí a dheonú do chuideachtaí a dhéanann an infheistíocht is gá ar an gcostas is ísle is féidir do cháiníocóirí agus gan an iomaíocht a shaobhadh go míchuí.
An Plean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach a chur chun cinn
Tá rioscaí iomadúla ag baint leis an truailliú do shláinte na ndaoine, na n-ainmhithe agus na n-éiceachóras. Chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo a sprice maidir le truailliú nialasach, tá bearta á ndéanamh ag an Aontas chun monatóireacht, tuairisciú, cosc agus leigheas níos fearr a dhéanamh i leith truailliú aeir, uisce agus ithreach agus díobháil ar ceimiceáin is cúis léi.
UISCE
Glacadh roinnt bearta nua in 2024 chun cáilíocht an uisce óil a chinntiú do gach duine san Aontas. Is é is aidhm do na caighdeáin agus nósanna imeachta nua - oscail i dtáb nua. maidir le hábhair agus táirgí a bhíonn i dteagmháil le huisce óil fás miocróbach a chosc agus laghdú a dhéanamh ar an mbaol go láistfeadh substaintí díobhálacha ó ábhair isteach in uisce óil. Glacadh modh nua - oscail i dtáb nua. freisin chun micreaphlaistigh a thomhas, agus bunaíodh treoirlínte teicniúla - oscail i dtáb nua. chun monatóireacht a dhéanamh ar cheimiceáin mharthanacha.
Tá fuíolluisce uirbeach ar cheann de na príomhfhoinsí truaillithe uisce, mura mbailítear agus mura gcóireáiltear é i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais. Thángthas ar chomhaontú - oscail i dtáb nua. maidir le rialacha nua chun truailliú ó fhoinsí uirbeacha a laghdú a thuilleadh agus chun dul i ngleic le truailleáin atá ag teacht chun cinn, micreaphlaistigh agus micreathruailleáin ina measc. I gcomhréir leis an bprionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’, tugadh isteach freagracht leathnaithe táirgeora. Fágann sé sin gur ar na truaillitheoirí atá na costais a bhaineann leis an gcóireáil chun micreathruailleáin a bhaint. Eisíodh treoirlínte nua - oscail i dtáb nua. d’údaráis sna Ballstáit chun a chinntiú gur sábháilte fuíolluisce chóireáilte a athúsáid le haghaidh na talmhaíochta.
Léiríodh i dtuarascáil bhliantúil - oscail i dtáb nua. an Aontais maidir le staid na dtránna agus na limistéar snámha go bhfuil uisce snámha na hEorpa sábháilte i gcónaí, agus go gcomhlíonann níos mó ná 85 % den uisce sin an caighdeán cáilíochta uisce ‘den chéad scoth’.
Ghlac - oscail i dtáb nua. an tAontas ceithre phíosa nua reachtaíochta lena gcuirfear uirlisí nua ar fáil dó chun tacú le loingseoireacht ghlan nua-aimseartha. Tá sé d’aidhm ag na rialacha sceitheadh neamhdhleathach a chosc agus éiceachórais mhuirí a chaomhnú chomh maith.
FÍSEÁN: #WaterWiseEU – an chaoi a smaoinímid faoin uisce san Eoraip a athrú ó bhonn.
AER
Tháinig dlí nua - oscail i dtáb nua.i bhfeidhm - oscail i dtáb nua. i mí na Nollag chun neartú a dhéanamh ar chaighdeáin an Aontais 2030 maidir le cáilíocht an aeir chun sláinte daoine agus an comhshaol a chosaint ar bhealach níos fearr. Leis na rialacha athbhreithnithe, laghdaíodh an teorainnluach bliantúil don phríomhthruailleán – mínábhar cáithníneach – níos mó ná 50 %. Beidh sé de cheart ag daoine a ndéantar díobháil dá sláinte mar gheall ar thruailliú aeir cúiteamh a fháil freisin má sháraítear rialacha an Aontais maidir le cáilíocht an aeir.
ASTAÍOCHTAÍ TIONSCLAÍOCHA
Eascraíonn sciar mór den truailliú san Aontas as próisis táirgthe thionsclaíocha, ina measc sin astú truailleán aeir, sceitheadh fuíolluisce agus giniúint dramhaíola. Déanfar tuilleadh laghdaithe le rialacha nua - oscail i dtáb nua. ar astaíochtaí ó phríomhthruailleáin aeir, uisce agus ithreach trí fhoinsí breise astaíochtaí a chumhdach agus trí chuíchóiriú a dhéanamh ar na forálacha maidir le ceadanna oibriúcháin a dheonú do na suiteálacha tionsclaíocha agus do na feirmeacha tionsclaíocha lena mbaineann. Tugtar isteach leo oibleagáidí agus bearta lena bhfeabhsófar an t-eolas atá ar fáil go poiblí maidir le hastaíochtaí agus úsáid acmhainní na suiteálacha tionsclaíocha is mó san Aontas. Is é is aidhm don Lárionad Nuálaíochta um Chlaochlú agus Astaíochtaí Tionsclaíocha - oscail i dtáb nua., rud a seoladh i mí Iúil, dlús a chur le forbairt agus glacadh réiteach nuálach maidir le rialú ar thruailliú.
ITHIR
Mar chuid dá iarrachtaí ithreacha na hEorpa a dhéanamh níos sláintiúla, tá sé d’aidhm ag an Aontas 100 saotharlann bheo - oscail i dtáb nua. agus teach solais - oscail i dtáb nua. (láithreáin chun réitigh eiseamláireacha a léiriú) a chur ar bun faoi 2030. Faoin tionscnamh ‘Misean Ithreach - oscail i dtáb nua.’ de chuid an Aontais, tá na chéad 25 shaotharlann bheo roghnaithe agus seolta, ina dtagann comhpháirtithe iomadúla le chéile chun réitigh agus samhlacha gnó a chomhchruthú agus a thástáil faoi dhálaí fíorshaoil. Ina theannta sin, tá straitéisí feabhsúcháin, samhlacha agus réitigh á bhforbairt go sonrach ag 10 dtionscadal de chuid an Mhisin Ithreach chun monatóireacht a dhéanamh ar thruailliú agus chun aghaidh a thabhairt air agus ar dhí-éilliú talún agus uisce i limistéir uirbeacha, thuaithe agus chósta.
FÍSEÁN: Bithéagsúlacht ithreach.
CEIMICEÁIN
Tá treoirphrionsabail - oscail i dtáb nua. bunaithe ag an Aontas chun a chinneadh cad is ‘úsáidí riachtanacha’ ann i dtaca leis na ceimiceáin is díobhálaí don tsochaí. Is é an aidhm atá ann deireadh níos tapúla a chur de réir a chéile le húsáidí na substaintí neamhriachtanacha is díobhálaí, agus ag an am céanna, níos mó ama a bheith ar fáil chun deireadh a chur de réir a chéile le húsáidí atá riachtanach don tsochaí agus nach bhfuil roghanna malartacha ann ina leith go fóill.
Tháinig rialacha nua - oscail i dtáb nua. i bhfeidhm ar fud an Aontais in 2024 lena gcuirfear toirmeasc ar na húsáidí deireanacha mearcair d’aon ghnó atá fágtha. Cuireann na rialacha nua toirmeasc ar úsáid agus easpórtáil malgaim fiaclóireachta amhail ón 1 Eanáir 2025. Na Ballstáit a dteastaíonn níos mó ama uathu chun a gcórais náisiúnta cúraim sláinte a oiriúnú, is féidir maolú teoranta sealadach a thabhairt dóibh maidir le húsáid, monarú agus iompórtáil malgaim fiaclóireachta (go dtí an 30 Meitheamh 2026). Faoi dheireadh, beidh ábhair líonta fiaclóireachta saor ó mhearcair, ach amháin i gcás riachtanais shonracha leighis agus nuair a mheasann dochtúir go bhfuil géarghá leis.
Tá bearta nua glactha - oscail i dtáb nua. ag an Aontas freisin chun srian a chur ar cheimiceáin dhíobhálacha mharthanacha áirithe a thagann ó tháirgí amhail teicstílí, cosmaidí agus pacáistiú, chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint.
Tháinig reachtaíocht athbhreithnithe maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú ceimiceán i bhfeidhm - oscail i dtáb nua. i mí na Nollag. Leis na rialacha nua sin, tá sé d’aidhm ag an Aontas oibrithe, tomhaltóirí agus an comhshaol a chosaint ar cheimiceáin ghuaiseacha trí na rioscaí a bhaineann leo ar fud na slabhraí soláthair a chur in iúl ar bhealach níos fearr.
Lean an tAontas den dul chun cinn i dtreo geilleagar ciorclach in 2024, agus é d’aidhm aige an brú ar acmhainní nádúrtha a laghdú, an dramhaíl a laghdú agus fás agus poist inbhuanaithe a chruthú. Le reachtaíocht nua a glacadh, cuideofar le táirgiúlacht acmhainní a mhéadú agus borradh a chur faoi iomaíochas agus athléimneacht fhadtéarmach gheilleagar an Aontais.
Creideann 78 %
de dhaoine san Aontas go bhfuil tionchar díreach ag an gcomhshaol ar a saol laethúil agus ar a sláinte. Measann siad gurb iad seo a leanas na bealaí is éifeachtaí chun dul i ngleic le fadhbanna comhshaoil:
17 %
an geilleagar ciorclach a chur chun cinn trí dhramhaíl a laghdú agus trí tháirgí a athúsáid nó a athchúrsáil;
15 %
an dúlra a athbhunú;
14 %
a chinntiú go n-urramaítear dlíthe comhshaoil;
14 %
a chinntiú nach ndéanfaidh táirgí a dhíoltar ar mhargadh an Aontais díobháil don chomhshaol.
Is féidir tionchar suntasach ar an gcomhshaol a bheith ag táirgí agus ag an gcaoi a n-úsáidimid iad, ach a bhuí le rialacha nua de chuid an Aontais, beidh táirgí inbhuanaithe ina ngnás de réir a chéile. Tagann an méid sin i ndiaidh theacht i bhfeidhm rialacha nua - oscail i dtáb nua. lena gcinnteofar gur sia a mhairfidh earraí laethúla tí agus táirgí tionsclaíocha, go n-úsáidfidh siad fuinneamh agus acmhainní ar bhealach níos éifeachtúla, gur fusa a bheidh sé iad a dheisiú agus a athchúrsáil, agus go mbeidh níos mó ábhar athchúrsáilte iontu. Beidh siopadóirí in ann roghanna níos inbhuanaithe a dhéanamh freisin, a bhuí le Pasanna Digiteacha Táirgí - oscail i dtáb nua. ar clibeanna inscanta iad ar tháirgí lena dtugtar rochtain éasca ar eolas inbhuanaitheachta. Faoi na rialacha nua, cuirfear toirmeasc ar dhíothú éadaí agus coisbhirt nár díoladh.
FÍSEÁN: Faigh amach faoin Rialachán nua maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe.
Tháinig rialacha nua - oscail i dtáb nua. de chuid an Aontais i bhfeidhm i mí an Mhárta chun tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe ghlais. Fágann sé sin go bhfaighidh tomhaltóirí eolas níos fearr sula gceannóidh siad táirge faoina mharthanacht agus faoina indeisitheacht, agus faoi na cearta ráthaíochta dlíthiúla atá acu. Ní bheidh cuideachtaí in ann a dhearbhú a thuilleadh go bhfuil táirgí ‘glas’ mura féidir leo feidhmíocht chomhshaoil aitheanta den scoth a léiriú. Ina theannta sin, beidh toirmeasc ar chleachtais tráchtála éagóracha, amhail na cleachtais sin a bhaineann le dífheidhmeacht luath nó le maímh bhréagacha a dhéanamh faoi inbhuanaitheacht táirge. Beidh feidhm ag na rialacha nua i mí Mheán Fómhair 2026.
Má chuirtear deisiú earraí chun cinn is amhlaidh a chuireann sé le tomhaltas inbhuanaithe. Tháinig rialacha nua - oscail i dtáb nua. i bhfeidhm i mí Iúil lena mbunaítear bearta chun cur le líon na n-earraí a dhéantar a dheisiú laistigh agus lasmuigh den ráthaíocht dhlíthiúil. Beidh ar mhonaróirí táirgí atá faoi réir ceanglais indeisitheachta i ndlí an Aontais (e.g. cuisneoirí agus gutháin chliste) táirgí a dheisiú laistigh de thréimhse ama réasúnta agus ar phraghas réasúnta. Laistigh de thréimhse na ráthaíochta dlíthiúla, beidh sé de cheangal ar dhíoltóirí deisiúchán a thairiscint ach amháin i gcás ina mbeidh sé níos costasaí ná an táirge a athsholáthar. Tar éis don ráthaíocht dhlíthiúil a bheith imithe in éag, beidh tacar nua ceart agus uirlisí ar fáil do thomhaltóirí ionas go mbeidh an deisiú ina rogha éasca inrochtana. Beidh sé de cheart ag tomhaltóirí bliain bhreise den ráthaíocht dhlíthiúil a fháil freisin má roghnaíonn siad an táirge a dheisiú seachas ceann nua a cheannach. Beidh feidhm ag na rialacha nua ó mhí Iúil 2026 ar aghaidh.
Ní hamháin go sábháiltear fuinneamh agus airgead leis an athchúrsáil, ach féadfaidh sí foinse mhaith amhábhar criticiúil a chur ar fáil freisin. Táthar ag éirí níos imníche nach mbeidh rochtain iontaofa gan chosc ann ar amhábhair áirithe amach anseo. Leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, rud a tháinig i bhfeidhm - oscail i dtáb nua. i mí na Bealtaine, socraítear tagarmharc chun 25 % ar a laghad de thomhaltas bliantúil an Aontais d’ábhair den sórt sin a fhoinsiú ón athchúrsáil. San áireamh leis freisin tá rialacha chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht agus ciorclaíocht amhábhar criticiúil ar mhargadh an Aontais.
Táirgeann cónaitheoirí an Aontais thart ar leathchileagram de dhramhaíl ó phacáistíocht gach lá ar an meán. Glacadh rialacha nua - oscail i dtáb nua. i mí na Nollag a dhéanfaidh pacáistíocht níos inbhuanaithe trí phacáistíocht nach bhfuil gá léi a laghdú, róphacáistíocht a theorannú agus méadú a dhéanamh ar líon na scéimeanna aisíoctha éarlaise le haghaidh buidéil phlaisteacha agus cannaí miotail. D’fhéadfadh gach duine suas le €100 sa bhliain a shábháil má chuireann gnólachtaí an coigilteas ar aghaidh.
Tá méadú 88 % tagtha ar easpórtálacha dramhaíola ón Aontas chuig tíortha nach den Aontas iad ó 2004 i leith, agus bhain siad 35 mhilliún tona amach in 2023. Tháinig rialacha nua isteach i mí na Bealtaine chun a chinntiú go nglacfaidh an tAontas níos mó freagrachta as a chuid dramhaíola. Is é is aidhm don rialachán nua - oscail i dtáb nua. a chinntiú nach n-easpórtálfaidh an tAontas a chuid dramhaíola chuig tíortha lasmuigh den Aontas agus go gcuireann sé le bainistiú dramhaíola atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.
Le linn Fhéile Bauhaus Eorpach Nua i mí Aibreáin, tugadh cuireadh do chuairteoirí chuig lá speisialta a bhí dírithe ar an bhfaisean inbhuanaithe, inar reáchtáladh seó faisin chiorclaigh chuimsithigh ar thaispeáin 16 dhearthóir idirnáisiúnta as ocht dtír a gcuid éadaí éiceabhácha lena linn. Cuireadh béim leis an imeacht ní hamháin ar an tarraingt aeistéitiúil a bhaineann leis an bhfaisean inbhuanaithe, ach ar a ról maidir le stíl mhaireachtála a réitíonn go maith lenár gcomhshaol a chur chun cinn freisin.
An Fhéile Bauhaus Eorpach Nua, an Bhruiséil, an Bheilg, an 11 Aibreán 2024.
An comhshaol agus an dúlra
Deimhnítear in athbhreithniú meántéarma ar an Ochtú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil - oscail i dtáb nua., rud a bheidh ina threoir do bheartas comhshaoil an Aontais go 2030, gur féidir cuspóirí an Aontais faoin gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach má chuirtear na bearta uile atá beartaithe i bhfeidhm ina n-iomláine. Cuireann sí i dtreis freisin an tionchar dearfach eacnamaíoch sóisialta a bhaineann le cuspóirí aeráide agus comhshaoil a bhaint amach, ó thaobh folláine, sláinte, athléimneachta, iomaíochais agus slándáil soláthair na n-ábhar uile a chinntiú ina measc sin.
Tháinig Dlí um Athbhunú Dúlra - oscail i dtáb nua., dlí ceannródaíoch de chuid an Aontais, i bhfeidhm i mí Lúnasa agus is é is aidhm dó an meath tromchúiseach ar an mbithéagsúlacht a aisiompú agus cur leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Cuireann sé le straitéis bhithéagsúlachta an Aontais - oscail i dtáb nua. agus leagann sé síos spriocanna chun éiceachórais dhíghrádaithe a athbhunú, go háirithe na héiceachórais sin is mó atá in ann carbón a ghabháil agus a stóráil agus tionchar tubaistí nádúrtha a chosc agus a laghdú. Leis an dlí nua, cuirtear bearta i bhfeidhm chun 20 % ar a laghad de limistéir talún agus mhara an Aontais a athchóiriú faoi 2030. Faoi 2050, ba cheart bearta a bheith i bhfeidhm le haghaidh na n-éiceachóras ar fad a bhfuil athbhunú ag teastáil ina leith. Táthar ag súil go gcuirfidh na Ballstáit pleananna náisiúnta um athchóiriú isteach faoi lár 2026, ina léireoidh siad an dóigh a mbainfidh siad na spriocanna amach. Leis an Dlí um Athbhunú Dúlra, an chéad dlí dá leithéid ar domhan, cuideofar leis an Aontas agus lena Bhallstáit a ngealltanais idirnáisiúnta bhithéagsúlachta faoi Chreat Domhanda Bithéagsúlachta Kunming-Montreal - oscail i dtáb nua. a chomhlíonadh.
Tionscadal - oscail i dtáb nua. chun an abhainn Isar sa Ghearmáin agus na tuilemhánna a athchóiriú, trí chomhoibriú ar leith idir údaráis na Baváire um an uisce agus um an dúlra, bhuaigh sé Gradam LIFE 2024 don Dúlra. Beagnach deich mbliana tar éis an tionscadal a thosú, tá an abhainn ag sreabhadh gan bhac arís, agus tá speicis atá i mbaol tar éis filleadh.
FÍSEÁN: Monatóireacht a dhéanamh ar ghluaiseachtaí éan uisce ar Bhealach Eitilte an Atlantaigh Thoir.
Is é líonra Natura 2000 de limistéir faoi chosaint cnámh droma bheartais caomhnaithe dúlra an Aontais le 30 bliain anuas. In 2024 dhírigh Gradaim Natura 2000 - oscail i dtáb nua. aird ar raon leathan tionscnaimh nua, ó chaomhnú agus bainistiú an stoirc dhuibh sa Pholainn go caomhnú muirí ‘foraoisí gorma’ sa Phortaingéil.
Gradaim Natura 2000.
Leanadh in 2024 de thacaíocht a chur ar fáil chun borradh a chur faoi thionscnaimh atá ann cheana féin, mar shampla trí threoir nua - oscail i dtáb nua. a fhoilsiú maidir le beartais úsáide talún níos fearr a cheapadh. Ba cheart go gcabhródh sé sin leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile eolas níos fearr a chur ar reachtaíocht maidir le húsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht, agus ar dhea-chleachtas. Tá an earnáil ríthábhachtach chun an dúlra a chaomhnú agus chun dul i ngleic leis an athrú aeráide trí charbón a bhaint ar mhórscála. Roimh Lá Idirnáisiúnta na bhForaoisí i mí an Mhárta, d’óstáil an Coimisiún comhdháil - oscail i dtáb nua. chun borradh a chur faoi iarrachtaí 3 bhilliún crann - oscail i dtáb nua. a phlandú faoi 2030 le haghaidh níos mó athléimneachta in aghaidh bagairtí aeráide agus comhshaoil.
Ábhar imní méadaitheach atá sa choireacht chomhshaoil, rud a dhéanann díobháil shuntasach don chomhshaol, do shláinte na saoránach agus don gheilleagar laistigh agus lasmuigh den Aontas araon. Tabharfaidh reachtaíocht athbhreithnithe - oscail i dtáb nua., rud a tháinig i bhfeidhm i mí na Bealtaine, aghaidh ar na sáruithe is tromchúisí ar oibleagáidí comhshaoil an Aontais. Tugadh isteach roinnt catagóirí nua ciona, amhail athchúrsáil neamhdhleathach long agus astarraingt uisce. Leis na rialacha nua, neartófar an slabhra forfheidhmiúcháin agus tacófar le cosantóirí agus cleachtóirí comhshaoil agus iad ag dul i ngleic leis an gcoireacht chomhshaoil. Tá dhá bhliain ag na Ballstáit chun a gcuid reachtaíochta náisiúnta a oiriúnú.
An choireacht chomhshaoil:
is í an ceathrú gníomhaíocht coireachta eagraithe is mó ar domhan í
tá sí ag fás ag ráta 5-7 % in aghaidh na bliana
tá caillteanas domhanda bliantúil €80-230 billiún ag baint léi
Le roinnt blianta anuas, tá feirmeoirí na hEorpa ag tabhairt aghaidh ar réimse dúshlán agus éiginnteachtaí as cuimse – ó phaindéim agus méadú géar ar phraghsanna fuinnimh a chuaigh in olcas mar gheall ar chogadh foghach na Rúise gan údar i gcoinne na hÚcráine go teagmhais adhaimsire atá ag éirí níos minice. In 2024, lean an tAontas de ghníomhaíocht a dhéanamh chun tacú leo agus chun cuidiú leo dul i ngleic leis na dúshláin a tháinig chun cinn ó rinneadh an t-athchóiriú ar an gComhbheartas Talmhaíochta - oscail i dtáb nua..
I mí an Mhárta mhol an Coimisiún athruithe a dhéanamh ar fhorálacha áirithe den Chomhbheartas Talmhaíochta, agus ag an am céanna a ról a choinneáil maidir le tacú le haistriú thalmhaíocht na hEorpa chuig an bhfeirmeoireacht inbhuanaithe. Bhí bearta breise ag gabháil leis sin chun an t-ualach riaracháin ar fheirmeoirí a laghdú mar chuid de bheartas níos leithne chun oibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú, rud a seoladh in 2023. Lorgaíodh tuairimí fheirmeoirí an Aontais maidir le hualaí riaracháin a bhaineann leis an gComhbheartas Talmhaíochta, oibleagáidí tuairiscithe ina measc, i gcomhairliúchán ar líne a fuair 27,000 freagra.
Tacaíocht d’fheirmeoirí an Aontais
Laghdú 50 % ar a laghad ar líon chuairteanna lucht riaracháin náisiúnta ar an bhfeirm a bhaineann leis an gComhbheartas Talmhaíochta.
Leithdháileadh €98 mbilliún le haghaidh bearta deonacha a théann chun tairbhe don chomhshaol, don aeráid agus do leas ainmhithe.
Ina theannta sin, mhol an Coimisiún bearta chun luach saothair feirmeoirí. Seoladh Faireachlann an Aontais um an Slabhra Agraibhia - oscail i dtáb nua. i mí Iúil chun féachaint ar chostais táirgthe, corrlaigh agus cleachtais trádála. Is é an aidhm atá ann trédhearcacht agus muinín idir páirtithe leasmhara a threisiú trí shonraí a chur ar fáil go poiblí agus trí eolas a mhalartú. Cuireadh roghanna i láthair freisin maidir le rialacha nua chun míchothromaíochtaí a cheartú i slabhra an tsoláthair bia. Chuir an Coimisiún tuarascáil i láthair - oscail i dtáb nua. i mí Aibreáin freisin maidir le cur chun feidhme na Treorach maidir le Cleachtais Éagóracha Trádála - oscail i dtáb nua. i slabhra an tsoláthair bia, rud a chuirfidh leis an meastóireacht leanúnach ar an reachtaíocht. I mí na Nollag, mhol sé bearta nua - oscail i dtáb nua. chun seasamh feirmeoirí i slabhra an tsoláthair agraibhia a neartú agus feabhas a chur ar an bhforfheidhmiú trasteorann i gcoinne cleachtais éagóracha trádála.
Le linn 2024 deonaíodh tacaíocht dar luach €233 mhilliún d’fheirmeoirí dá ndearna tubaistí nádúrtha agus teagmhais adhaimsire difear sa Bhulgáir, sa tSeicia, sa Ghearmáin, san Eastóin, sa Ghréig, san Iodáil, san Ostair, sa Pholainn, sa Rómáin agus sa tSlóivéin. Tugadh isteach bearta tacaíochta freisin chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh an mhargaidh in earnáil an fhíona sa Phortaingéil, mar aon leis an tionchar diúltach ar mhargaí na héanlaithe agus na n-uibheacha arb é fliú na n-éan san Iodáil is cúis leo.
Janusz Wojciechowski, an Coimisinéir Eorpach um Thalmhaíocht ag an am (sa lár), le toscairí ag déanamh ionadaíocht d’fheirmeoirí óga ag Cruinniú Airí G7 maidir leis an Talmhaíocht in Syracuse, an Iodáil, an 27 Meán Fómhair 2024.
I mí Mheán Fómhair, cuireadh i láthair an tuarascáil deiridh maidir leis an idirphlé. A shared prospect for farming and food in Europe - oscail i dtáb nua. [‘Dearcadh comhroinnte le haghaidh na feirmeoireachta agus an bhia san Eoraip’] is teideal don tuarascáil, ina gcuirtear i láthair measúnú ar na dúshláin agus ar na deiseanna, agus 14 mholadh ag gabháil leis. Treoróidh na moltaí sin obair an Choimisiúin agus an Fhís don Talmhaíocht agus don Bhia á múnlú aige, fís atá le cur ar fáil sna chéad 100 lá den sainordú polaitíochta nua.
In 2024 rinne an tAontas caibidlíocht chun deireadh a chur le bacainní trádála ar easpórtálacha mairteola na hÉireann agus na Fraince chuig an gCóiré Theas, rud a thug rochtain do tháirgeoirí ó na Ballstáit sin ar cheann de na margaí iompórtála mairteola is mó ar domhan.
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (ar dheis), agus Peter Strohschneider, Cathaoirleach an Phlé Straitéisigh faoi Thodhchaí na Talmhaíochta san Aontas Eorpach (ar chlé), ag preasagallamh maidir le foilsiú thuarascáil chríochnaitheach an Phlé Straitéisigh, an Bhruiséil, an Bheilg, an 4 Meán Fómhair 2024.
Iascaigh agus dobharshaothrú inbhuanaithe
Cuireann an t-athrú aeráide, cailleadh na bithéagsúlachta agus truailliú na n-aigéan agus fionnuisce inbhuanaitheacht na n-acmhainní iascaigh agus dobharshaothraithe i mbaol. Le pacáiste iascaigh agus aigéan - oscail i dtáb nua. 2023, chuir an Coimisiún sraith beart chun cinn chun dul i ngleic leis na dúshláin sin tríd an gComhbheartas Iascaigh - oscail i dtáb nua. a chur chun feidhme. Seoladh comhairliúchán - oscail i dtáb nua. chun meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, agus táthar ag súil le tuarascáil faoi dheireadh 2025.
Tá ríthábhacht le rialacha rialaithe chun an Comhbheartas Iascaigh a chur i bhfeidhm, go háirithe chun monatóireacht a dhéanamh ar úsáid cuótaí iascaireachta agus chun a chinntiú nach gcaitear gabhálacha de thaisme ar ais go neamhdhleathach. Tháinig rialacha nua - oscail i dtáb nua. i bhfeidhm i mí Eanáir chun nuachóiriú a dhéanamh ar an dóigh a rialaítear gníomhaíochtaí iascaireachta, i gcás soithí den Aontas agus soithí nach den Aontas iad a bhíonn ag iascaireacht in uiscí an Aontais. Cuideoidh siad chun an ró-iascaireacht a chosc, córas rialaithe iascaigh níos éifeachtaí agus níos comhchuibhithe a chruthú, agus cothroime iomaíochta a chinntiú idir imchuacha farraige agus cabhlaigh éagsúla. Leis na rialacha nua, laghdófar an t-ualach riaracháin freisin tríd an digitiú, agus cuirfear úsáid teicneolaíochtaí chun cinn.
Thug an Coimisiún freagra freisin ar ghlaonna chun laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin a bhaineann le láithreáin dobharshaothraithe a bhunú agus a oibriú san Aontas. Rinne sé amhlaidh trí thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit na treoirlínte straitéiseacha a chur i bhfeidhm chun an dobharshaothrú a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos iomaíche.
I dtreo aigéan inbhuanaithe
D’athdhearbhaigh an tAontas a thiomantas do rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan trí 40 gealltanas gníomhaíochta a fhógairt le haghaidh 2024 - oscail i dtáb nua. ag an gcomhdháil ‘Our Ocean’ - oscail i dtáb nua. sa Ghréig, agus tacaíocht €3.5 billiún lena n-aghaidh ó chistí an Aontais. Dírítear sna gealltanais ar réimsí amhail an t-iascach inbhuanaithe, limistéir mhuirí faoi chosaint, an t-athrú aeráide agus aigéin, geilleagair ghorma inbhuanaithe agus truailliú muirí.
Virginijus Sinkevičius, an Coimisinéir Eorpach um an gComhshaol, um na hAigéin agus um an Iascach ag an am, ag tabhairt eochairaithisc ag comhdháil ‘Our Ocean’ (‘Ár nAigéan’) san Aithin, sa Ghréig, an 16 Aibreán 2024.
Tá an iascaireacht neamhdhleathach neamhthuairiscithe neamhrialáilte ar cheann de na bagairtí is tromchúisí ar shaothrú inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha na mara, rud a chuireann na hiarrachtaí domhanda chun rialachas aigéan níos fearr agus Comhbheartas Iascaigh an Aontais araon a chur chun cinn i mbaol. I mí na Bealtaine d’eisigh an tAontas ‘cárta buí - oscail i dtáb nua.’ don tSeineagáil – fógra maidir leis an ngá atá le dlús a chur le gníomhaíocht sa chomhrac i gcoinne an chineáil sin iascaireachta. Meastar gurb é €10-20 billiún in aghaidh na bliana luach domhanda na hiascaireachta neamhdhleathaí neamhthuairiscithe neamhrialáilte. Déantar idir 11 mhilliún agus 26 mhilliún tona éisc a ghabháil go neamhdhleathach gach bliain, sin é 15 % ar a laghad de ghabhálacha an domhain.
Cuideoidh cinntí tábhachtacha - oscail i dtáb nua., ina measc sin cinntí maidir le bainistiú gléasanna ar snámh a úsáidtear chun tuinníní agus éisc eile a ghabháil, chun iascaigh san Aigéan Indiach a dhéanamh níos inbhuanaithe. Bunaithe ar thogra ón Aontas, glacadh rún le linn an 28ú cruinniú bliantúil den Choimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh i mí na Bealtaine lena gcuirtear i bhfeidhm de réir a chéile in-bhithdhíghrádaitheacht iomlán sruthfheiste comhthiomsaithe éisc faoi 2030. Cuireadh feabhas freisin ar an gcreat rialála le haghaidh feistí den sórt sin chun inrianaitheacht agus comhlíonadh a mhéadú.
Tá an tAontas réidh chun an Conradh maidir leis an Mórmhuir - oscail i dtáb nua. a dhaingniú, ar a dtugtar an Comhaontú maidir leis an mBithéagsúlacht i Limistéir Lasmuigh den Dlínse Náisiúnta chomh maith. Déanfaidh sé amhlaidh i gcomhpháirt le roinnt Ballstát roimh an tríú ceann de Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis na hAigéin i mí an Mheithimh 2025. Is é is aidhm don chonradh an t-aigéan a chosaint, cothromas agus cothroime a chur chun cinn, dul i ngleic le díghrádú an chomhshaoil, an t-athrú aeráide a chomhrac agus cailleadh na bithéagsúlachta ar an mórmhuir a chosc. Tiocfaidh sé i bhfeidhm nuair a bheidh sé daingnithe ag 60 páirtí. Tá an tAontas ag ullmhú go gníomhach dá chur chun feidhme agus tá sé ag tacú le tíortha eile ina n-iarrachtaí an conradh a dhaingniú agus a chur i bhfeidhm.
Is é an t-iompar is cúis le beagnach an ceathrú cuid d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais. Faoin gComhaontú Glas don Eoraip, tá sé d’aidhm ag an Aontas astaíochtaí a bhaineann le hiompar a laghdú 90 % faoi 2050. Leis an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste - oscail i dtáb nua., cuirtear treochlár ar fáil chun na laghduithe uaillmhianacha sin ar astaíochtaí a bhaint amach. Le cúig bliana anuas, tá dul chun cinn suntasach déanta chun earnáil iompair an Aontais a dhéanamh níos inbhuanaithe.
Tá os cionn 90 % de na 82 thionscnamh faoin Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste tugtha chun críche, sin nó tá siad fós ar siúl.
Leithdháileadh breis agus €21.2 billiún ar 630 tionscadal bonneagair iompair ar fud an Aontais faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 2021-2027.
Tá beagnach €100 billiún leithdháilte ar an iompar ag na Ballstáit faoina bpleananna téarnaimh náisiúnta.
Tá €4 bhilliún infheistithe i dtaighde agus nuálaíocht iompair.
Leis an Rialachán ‘ReFuelEU Aviation’ - oscail i dtáb nua., cuirtear úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe chun cinn agus tiocfaidh laghdú suntasach os cionn 60 % dá bharr ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin faoi 2050, i gcomparáid le leibhéil 1990. Tháinig sé i bhfeidhm i mí Eanáir 2024.
Le scéim dheonach lipéadaithe - oscail i dtáb nua. chun astaíochtaí eitilte a ríomh, rud a cruthaíodh faoin rialachán, beidh paisinéirí in ann roghanna eolasacha a dhéanamh agus iad ag déanamh comparáide idir roghanna éagsúla eitilte.
Cuideoidh an Rialachán ‘FuelEU Maritime’ - oscail i dtáb nua. le hastaíochtaí ón loingseoireacht a laghdú trí úsáid breoslaí in-athnuaite ísealcharbóin agus teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain do longa a chur chun cinn. Beidh feidhm aige amhail ó mhí Eanáir 2025.
Roghnaíodh 42 thionscadal nua le linn na bliana chun breis agus €424 mhilliún de chistiú ón Aontas - oscail i dtáb nua. a fháil chun bonneagar breoslaí malartacha a chur in úsáid (pointí athluchtaithe leictrigh agus stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine a shuiteáil; oibríochtaí talún in aerfoirt a leictriú).
ASTAÍOCHTAÍ IOMPAIR A LAGHDÚ
Tháinig spriocanna athbhreithnithe laghdaithe astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin d’fheithiclí tromshaothair (leoraithe, busanna agus cóistí) i bhfeidhm i mí Iúil, agus laghdóidh siad astaíochtaí 45 % faoi 2030, 65 % faoi 2035 agus 90 % faoi 2040.
Le rialacha nua - oscail i dtáb nua. a leagann síos teorainneacha astaíochtaí le haghaidh feithiclí bóthair agus ceanglais le haghaidh marthanacht ceallraí, déanfar rialú ar cháithníní ó choscáin agus boinn le haghaidh gach feithicle, rud a laghdóidh astaíochtaí agus micreaphlaistigh.
Tá an t-iompar ar uiscebhealaí intíre fuinneamhéifeachtúil agus nach mór saor ó phlódú. Le togra nua - oscail i dtáb nua. chun feabhas a chur ar bhainistiú tráchta ar aibhneacha agus ar chanálacha an Aontais, cuirfear borradh faoi éifeachtúlacht agus iontaofacht na loingseoireachta intíre agus cuirfear le haidhm an Aontais níos mó lasta a aistriú chuig aibhneacha agus canálacha na hEorpa.
Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Aontas maidir le hastaíochtaí iompair a laghdú chomh maith tríd an Dearbhú Eorpach maidir leis an rothaíocht - oscail i dtáb nua. a ghlacadh, rud a aithníonn gur modh iompair inbhuanaithe inrochtana inacmhainne í an rothaíocht.
Chuir comhaltaí na Comhghuaillíochta um Eitlíocht Astaíochtaí Nialasacha - oscail i dtáb nua. cuspóir uaillmhianach i láthair chun idir 36 % agus 68 % d’eitiltí a oibriú laistigh den Aontas ina n-úsáidtear aerárthaí faoi thiomáint hidrigine agus leictreachais faoi 2050. D’fhéadfadh sé sin astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ar na bealaí sin a laghdú idir 12 % agus 31 %. Sheol an tAontas an chomhghuaillíocht mar thionscnamh deonach chun cur ar a gcumas do chomhpháirtithe príobháideacha agus poiblí oibriú le chéile chun cineálacha nua iompair inbhuanaithe a chur i gcrích do thaistealaithe san Eoraip.
Gréasán iompair inbhuanaithe athléimneach
Chun feabhas a chur ar naisc iompair ar fud na hEorpa, tá an tAontas ag infheistiú €7 mbilliún - oscail i dtáb nua., an méid is mó riamh, i mbonneagar iompair inbhuanaithe sábháilte cliste. Úsáidfear níos mó ná 80 % den mhaoiniú chun tacú le tionscadail a chomhlíonann cuspóirí aeráide an Aontais, rud a fheabhsóidh agus a nuachóireoidh gréasán iarnróid, uiscebhealaí intíre agus bealaí muirí an Aontais. Tabharfar maoiniú do mhórthionscadail chun naisc iarnróid trasteorann a fheabhsú. Ina measc sin tá an tionscadal ‘Rail Baltica’, lena nascfar stáit Bhaltacha na hEastóine, na Laitvia agus na Liotuáine - oscail i dtáb nua., agus tionscadal thollán Fehmarnbelt - oscail i dtáb nua., lena nascfar an Ghearmáin leis an Danmhairg.
Tá luasanna iarnróid níos tapúla ar an mbealach, a bhuí le rialacha nua - oscail i dtáb nua. lena leagtar síos spriocanna uaillmhianacha do bhonneagar iompair na hEorpa. Faoi 2040, ní mór do línte iarnróid paisinéirí ar phríomhnaisc iarnróid paisinéirí an Aontais tacú le traenacha a bhíonn ag taisteal ar luasanna 160 ciliméadar in aghaidh na huaire nó níos tapúla.
Ár mbóithre a dhéanamh níos sábháilte
Tá feabhas suntasach tagtha ar an tsábháilteacht ar bhóithre san Aontas le blianta beaga anuas, agus tá laghdú tagtha ar líon na mbásanna ar bhóithre an Aontais ó thart ar 50,000 fiche bliain ó shin go dtí thart ar 20,400 sa lá atá inniu ann. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh gníomhaíochta - oscail i dtáb nua. ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil chun aidhm an Aontais a bhaint amach nach mbeidh bás ar bith ann faoi 2050.
Tháinig rialacha nua - oscail i dtáb nua. i bhfeidhm chun feabhas a chur ar shábháilteacht ghinearálta feithiclí i gcás gach mótarfheithicle a dhíoltar san Aontas. Sainordaítear leis na rialacha raon teicneolaíochtaí nua agus ardchórais cúnaimh tiománaí i ngach feithicil nua. Ó thosaigh feidhm a bheith acu den chéad uair maidir le samhlacha nua feithiclí in 2022, bhí ról lárnach ag na bearta maidir le feabhas a chur ar chosaint do phaisinéirí, do choisithe agus do rothaithe ar fud an Aontais. Faoi 2038, meastar gur breis agus 25,000 beatha duine a bheidh sábháilte i ngeall ar na rialacha, agus gur ar a laghad 140,000 gortú tromchúiseach a bheidh coiscthe.
Tá an tsoghluaisteacht chomhoibríoch, nasctha agus uathoibrithe - oscail i dtáb nua. riachtanach chun gur glaise, gur sábháilte agus gur iomaíche a bheidh iompar na hEorpa. Tá an tAontas, i gcomhar le páirtithe príobháideacha, ag infheistiú €500 milliún tríd an gclár Fís Eorpach chun an taighde a chur chun cinn i leith na teicneolaíochta sin.
Leanadh in 2024 d’obair an Aontais le príomh-chomhpháirtithe idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim thriarach an athraithe aeráide, chailleadh na bithéagsúlachta agus an truaillithe. Rinneadh trí mhórchaibidlíocht iltaobhacha – Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide san Asarbaiseáin, Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht sa Cholóim, agus Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an nGaineamhlú san Araib Shádach.
Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide
Bhí an 29ú ceann de Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP29) ar siúl in Baki na hAsarbaiseáine ón 11 go dtí an 24 Samhain. Thug an cruinniú mullaigh páirtithe le chéile chun dlús a chur leis an ngníomhaíocht chun sprioc Chomhaontú Pháras a bhaint amach, is é sin an méadú ar an meánteocht dhomhanda a theorannú go 1.5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.
Dhírigh an chomhdháil ar na hinfheistíochtaí suntasacha airgeadais is gá a chinntiú chun astaíochtaí a laghdú agus chun pobail leochaileacha a chosaint. Bhí ról ríthábhachtach ag an Aontas - oscail i dtáb nua. chun teacht ar chomhaontú i ndáil le sprioc nua maidir le maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide chun tacú le gníomhaíocht tíortha i mbéal forbartha ar son na haeráide.
Leag na páirtithe síos sprioc nua chainníochtaithe chomhchoiteann uaillmhianach maidir le foinsí uile an mhaoinithe don troid i gcoinne an athraithe aeráide a mhéadú go $1.3 trilliún in aghaidh na bliana faoi 2035. Laistigh den sprioc níos leithne sin, gheall na tíortha forbartha a bheith ina gceannródaí maidir le $300 billiún ar a laghad a shlógadh in aghaidh na bliana faoi 2035. D’éirigh leis an sprioc bonn rannchuiditheoirí domhanda a leathnú freisin, agus spreagadh níos mó tíortha chun rannchuidiú, rud a léiríonn a n-astaíochtaí agus a meáchan eacnamaíoch atá ag dul i méid. Leag an méid sin béim freisin ar an ról claochlaitheach atá ag bainc iltaobhacha maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide a mhéadú.
Ina theannta sin, bhí ról tábhachtach ag an Aontas maidir le leabhar rialacha Chomhaontú Pháras do mhargaí carbóin a thabhairt chun críche. Bhí an comhaontú á chur faoi chaibidil ar feadh naoi mbliana, agus déanfaidh sé margaí carbóin idirnáisiúnta - oscail i dtáb nua. a oibríochtú agus cinnteoidh sé creat láidir le haghaidh trédhearcachta, cuntasachta agus sláine comhshaoil níos fearr. Éacht tábhachtach eile ab ea síneadh a chur le Clár Oibre feabhsaithe Líoma maidir le hInscne, ina leagtar béim ar a thábhachtaí atá gníomhaíocht aeráide atá freagrúil ó thaobh inscne de i measc na bpáirtithe.
Le linn COP29, d’fhoilsigh an tAontas a chéad tuarascáil dhébhliantúil trédhearcachta riamh, roimh an spriocdháta deireadh bliana. Is cloch mhíle shuntasach é sin i gcur chun feidhme Chomhaontú Pháras, rud a chuireann tús le ré nua cuntasachta agus comhair sa chomhrac domhanda in aghaidh an athraithe aeráide.
Wopke Hoekstra, an Coimisinéir Eorpach um Ghníomhaíocht ar mhaithe leis an Aeráid agus an Coimisinéir (Gníomhach) um Iompar ag an am (ar clé), le Ferre Van Steenbergen, 12 bhliain d’aois, an ball is óige de thoscaireacht na Beilge ag comhdháil COP29 in Baku, an Asarbaiseáin, an 19 Samhain 2024.
Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht
Ag an 16ú ceann de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht in Cali na Colóime i mí Dheireadh Fómhair, údar mór misnigh a bhí ann go bhfuil ag éirí le cur chun feidhme an Chreata Domhanda Bithéagsúlachta - oscail i dtáb nua. chun cailleadh na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú faoi 2030. Tugadh ‘COP na ndaoine’ air agus rinneadh roinnt cinntí tábhachtacha - oscail i dtáb nua., ina measc sin comhaontú chun ról na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil a leathnú maidir leis an mbithéagsúlacht a shábháil agus comhaontú ceannródaíoch maidir le conas buntáistí na faisnéise géinití digití a chomhroinnt. Chuir an tAontas pacáiste tionscnamh nua i láthair dar luach beagnach €160 milliún chun tacú le tíortha comhpháirtíochta agus chun an bhithéagsúlacht a chosaint ar fud an domhain, rud a léiríonn tiomantas soiléir spriocanna maoiniúcháin domhanda a bhaint amach chun an dúlra a chosaint.
Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an nGaineamhlú
Ag an 16ú ceann de Chomhdháil na Páirtithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an gaineamhlú a chomhrac, d’oibrigh an tAontas i ndlúthchomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun gealltanais dhomhanda a chomhlíonadh chun dul i ngleic leis an ngaineamhlú, leis an díghrádú talún agus leis an triomach. Cuireadh an chéad Atlas Domhanda um Thriomach - oscail i dtáb nua., rud a d’fhorbair Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin agus an coinbhinsiún, i láthair ag an gcomhdháil. Is é is aidhm don atlas gach gné den triomach agus na rioscaí domhanda méadaithe a bhaineann leis a léiriú. Chomh maith leis na dúshláin a leagan amach, cuireann sé freagraí ar fáil freisin chun cur ar chumas lucht ceaptha beartas gníomhú chun neartú a dhéanamh ar an athléimneacht in aghaidh triomach.
Mórtheagmhais triomaigh ina bhfuil samplaí de chórais ar cuireadh isteach orthu (2022–2024)
In 2022, cuireadh isteach ar éiceachórais, talmhaíocht, hidreachumhacht agus soláthar uisce in iarthar na Stát Aontaithe. San Áis láir, cuireadh isteach ar thalmhaíocht agus soláthar uisce, agus san Áis Thoir cuireadh isteach ar thalmhaíocht, loingseoireacht intíre, tionscal agus monaraíocht. Sa bhliain chéanna, cuireadh isteach ar thalmhaíocht freisin san Áise Thoir Theas.
Idir 2022 agus 2023, cuireadh isteach ar loingseoireacht intíre, hidreachumhacht, talmhaíocht, soláthar uisce, éiceachórais agus sláinte san Eoraip. San Afraic Thiar, bhí fadhbanna le talmhaíocht agus slándáil bia, agus san Afraic Thoir, bhí fadhbanna móra le talmhaíocht, slándáil bia agus easáitiú daoine. Sna hAindéis lasmuigh den teochrios agus in abhantrach La Plata, bhí ganntanas uisce, cur isteach ar loingseoireacht intíre agus tionchair ar thalmhaíocht.
Idir 2023 agus 2024, cuireadh isteach ar thalmhaíocht agus soláthar uisce i Meiriceá Láir agus i dtuaisceart Mheiriceá Theas. Imríodh tionchair ar abhantrach Amasóin na Brasaíle ar éiceachórais, loingseoireacht intíre agus hidreachumhacht.
Faoi 2024, bhí réigiún na Meánmhara i ngleic le ganntanas uisce agus dúshláin talmhaíochta, cuireadh isteach ar thalmhaíocht, slándáil bia, hidreachumhacht agus éiceachórais i ndeisceart na hAfraice agus in abhantrach an Zambezi. San Afganastáin, cuireadh isteach ar thalmhaíocht agus soláthar uisce