Féach fotheideal an ghrianghraifFostaí ag obair ar líne chóimeála le haghaidh rothar leictreach i monarcha speisialaithe um rothair ardleibhéil a dhéanamh de láimh, Mühltal na Gearmáine, an 6 Nollaig 2024.
In 2024 bhain an tAontas Eorpach garspriocanna suntasacha amach ina chuid iarrachtaí an geilleagar a neartú agus athléimneacht a chothú mar fhreagairt ar dhúshláin dhomhanda a bhí ann le déanaí. Ag an bpointe leath bealaigh de phlean téarnaimh NextGenerationEU, rinne an tAontas measúnú ar a thionchar ar fud na mBallstát, agus lean na Ballstáit de dhul chun cinn a dhéanamh maidir lena bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme. Ina theannta sin, tháinig an creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe i bhfeidhm agus rinneadh dul chun cinn maidir le hathchóirithe cánach agus maidir leis an aontas custaim a nuachóiriú. Chuidigh na hathchóirithe uile sin le hiomaíochas fadtéarmach a fheabhsú agus fás eacnamaíoch a chur chun cinn agus inbhuanaitheacht fiachais á cinntiú ag an am céanna. Chuir an tAontas creataí nua chun feidhme freisin chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí aeráide, imghabháil cánach agus inbhuanaitheacht chorparáideach. Léiríonn na tionscnaimh sin tiomantas an Aontais don fhás inbhuanaithe, don nuálaíocht agus don cheannaireacht dhomhanda, rud a chinntíonn go leanfaidh na Ballstáit de bheith iomaíoch agus aghaidh á tabhairt acu ar aistrithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta ag an am céanna.
Treochtaí
In 2024 thosaigh geilleagar an Aontais ag fás de réir a chéile arís - oscail i dtáb nua., agus tháinig méadú 0.9 % ar an olltáirgeacht intíre. Laghdaigh an boilsciú ceannlíne go 2.6 %, laghdú nach beag ó 6.4 % in 2023. Sa 2 bhliain amach romhainn, tá sé beartaithe go gcuirfear dlús leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch le linn moilliú breise ar an mboilsciú. Bhí margadh saothair an Aontais láidir fós, tháinig méadú leanúnach ar an bhfostaíocht agus shroich an ráta dífhostaíochta an leibhéal is ísle riamh, is é sin 5.9 %, i mí Dheireadh Fómhair.
Mar sin féin, tá an éiginnteacht agus na rioscaí ag dul i ndéine, mar gheall ar theannas geopholaitiúil atá ag géarú (féach Caibidlí 1 agus 8) agus ilroinnt pholaitiúil intíre. Cruthaíonn an méadú ar mhinicíocht agus déine guaiseacha nádúrtha (féach Caibidil 4) dúshláin do ghníomhaíocht eacnamaíoch freisin.
Valdis Dombrovskis, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh a bhí i gceannas ar Gheilleagar a Fhóireann do Dhaoine ag an am agus an Coimisinéir Eorpach um Thrádáil (sa lár), agus Artjoms Uršuļskis, Rúnaí Parlaiminte Aireacht Sláinte na Laitvia (an dara duine ó thaobh na láimhe deise), os comhair foirgneamh ospidéil nua arna mhaoiniú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Ríge na Laitvia, an 27 Meán Fómhair 2024.
Rath na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta
In 2021 chruthaigh an tAontas NextGenerationEU - oscail i dtáb nua., plean nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe lena scaoilfí cistí chun cabhrú leis na Ballstáit téarnamh ó thionchar eacnamaíoch phaindéim COVID-19 agus a bheith níos athléimní. Ó shin i leith, bhí an plean in ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shocheacnamaíocha a d’eascair as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, cuir i gcás an ghéarchéim fuinnimh.
Déantar an chuid is mó de na cistí sin de chuid NextGenerationEU - oscail i dtáb nua. a dháileadh ar na Ballstáit tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ceaptha chun tacú le téarnamh socheacnamaíoch na mBallstát, chun a n-iomaíochas a mhéadú, agus chun cuidiú leo ag an am céanna lena n-aistrithe glasa agus digiteacha. Eisíoctar cistiú ar bhonn cé chomh maith agus a chuireann na Ballstáit na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá leagtha amach acu ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta faoi seach chun feidhme.
Ba é 2024 an pointe leath bealaigh den phlean téarnaimh - oscail i dtáb nua., agus dá réir sin ba mhithid meastóireacht a dhéanamh ar cé chomh maith agus a d’éirigh leis. Léiríodh sa mheastóireacht gur chuir NextGenerationEU - oscail i dtáb nua. ar a chumas do gheilleagar an Aontais filleadh ar na leibhéil aschuir a bhí ann roimh an bpaindéim faoin tríú ráithe de 2021, agus bhí sé sin i bhfad níos tapúla ná mar a bhí i gcás na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais idir 2007 agus 2008, nuair a thóg sé 7 mbliana air téarnamh go hiomlán. A bhuí le caiteachas na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, bhí olltáirgeacht intíre an Aontais 0.4 % níos airde freisin in 2022 ná mar a bheadh sé in éagmais an chaiteachais sin.
Fuarthas amach sa mheastóireacht freisin go bhfuil sé d’acmhainn ag NextGenerationEU fíor-olltáirgeacht intíre an Aontais a mhéadú suas le 1.4 % in 2026, i gcomparáid le cás gan an plean. Ní chuimsítear leis sin éifeachtaí dearfacha na n-athchóirithe atá á ndéanamh tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, éifeachtaí a bheidh níos feiceálaí de réir a chéile sna blianta amach romhainn.
Tomhas eile ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta is ea an méid cistí a íocadh amach. Faoi dheireadh 2024, bhí €306 bhilliún, nó 47 % de na cistí a gealladh, eisíoctha.
Cuireann an tAontas cúnamh teicniúil ar fáil do na Ballstáit chun na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin a chur chun feidhme tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil. In 2024 chuidigh an ionstraim sin leis na Ballstáit dlíthe agus beartais an Aontais a chur chun feidhme, rud a chuir ar a gcumas do riaracháin phoiblí seirbhísí a chur ar fáil do shaoránaigh agus athchóirithe a dhearadh agus a chur chun feidhme i réimsí beartais, cuir i gcás an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, bainistiú imirce agus cosaint shóisialta. Go dtí seo, thacaigh an ionstraim go díreach nó go hindíreach le breis agus 500 tionscadal i gcomhthéacs na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta - oscail i dtáb nua..
A bhuí le cur chun feidhme phleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát, faoi mhí na Samhna 2024 (na figiúirí is déanaí atá ar fáil):
Bhí rochtain ar shaoráidí cúraim sláinte nua nó nuachóirithe curtha ar fáil do 48.3 milliún duine;
Bhí 23.2 milliún duine tar éis tairbhe a bhaint as bearta cosanta in aghaidh tuilte, falscaithe agus tubaistí eile a bhaineann leis an aeráid;
Bhí tacaíocht chomhchineáil faighte ag 3.5 milliún gnólacht;
Bhí 16.3 milliún duine páirteach in oideachas nó oiliúint, agus 9.5 milliún duine óg idir 15 bliana d’aois agus 29 mbliana d’aois san áireamh;
Bhí 33.6 milliún meigeavatuair d’fhuinneamh príomhúil bliantúil sábháilte, is é sin fuinneamh ó fhoinsí amha, cuir i gcás gás nádúrtha nó foinsí in-athnuaite.
Paolo Gentiloni, an Coimisinéir Eorpach um an nGeilleagar ag an am (an deichiú duine ó thaobh na láimhe deise), ag seoladh múrphictiúr #EuropeStreetArt agus é ar cuairt ar dhá thionscadal a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: ionad oiliúna chun tallann a fhorbairt san earnáil bhiteicneolaíochta agus sláinte agus mol teicneolaíochta i gcroílár Charleroi, áit a bhfuil éiceachóras cuideachtaí tionsclaíocha, gnólachtaí nuathionscanta óga, ollscoileanna, agus ionad taighde agus oiliúna. Charleroi na Beilge, an 8 Aibreán 2024.
Sampla de thionscadal
an Bhulgáir. Tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ag rannchuidiú le timpeallacht uirbeach atá tíosach ar fhuinneamh agus inbhuanaithe trí thacú le hathchóiriú 3.6 milliún méadar cearnach ar a laghad d’fhoirgnimh chónaithe.
an Ghearmáin. Tá maoiniú á chur ar fáil ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun 689 000 pointe luchtaithe príobháideach a shuiteáil i gceantair chónaithe, rud a thacóidh le leathadh amach an bhonneagair is gá le haghaidh feithiclí leictreacha.
an Fhrainc. Tá €345 mhilliún á chur ar fáil ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun cabhrú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) thionsclaíocha a n-iomaíochas a mhéadú trína bpróisis táirgthe a uasghrádú go digiteach.
an Laitvia. Tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ag cuidiú le hinfheistíocht a dhéanamh i dtrealamh agus i mbonneagar le haghaidh 10 n-ospidéal agus 40 clinic chun rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte comhtháite ardcháilíochta a fheabhsú do shaoránaigh i Ríge agus i réigiúin eile.
An creat rialachais eacnamaíoch nua
An t-athchóiriú is uaillmhianaí agus is forleithne atá déanta ag an Aontas ar a chreat rialachais eacnamaíoch - oscail i dtáb nua. ó bhí an ghéarchéim ann idir 2007 agus 2008, tháinig sé i bhfeidhm in 2024. Is éard atá sa chreat sin na rialacha agus na nósanna imeachta lena rialaítear beartais mhaicreacnamaíocha sna Ballstáit.
Cinntíonn an creat athchóirithe, atá á chur chun feidhme faoi láthair, go bhfuil geilleagair na mBallstát cobhsaí agus ag obair i dtreo spriocanna comhchoiteanna, mar shampla fiachas agus easnaimh iomarcacha a chosc, agus fás inbhuanaithe cuimsitheach á chur chun cinn ag an am céanna trí athchóirithe agus infheistíocht. Chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a bhaint amach agus athléimneacht agus iomaíochas an Aontais a neartú ag an am céanna, tá gá le hinfheistíocht shuntasach leanúnach, cuir i gcás infheistíocht ó eintitis san earnáil phoiblí.
Tugann an t-athchóiriú ar easnaimh sa seanchreat: tá sé níos simplí, níos trédhearcaí agus níos éifeachtaí agus baineann rannpháirtíocht náisiúnta níos mó agus forfheidhmiú níos fearr leis. Leis an gcreat nua, déantar idirdhealú freisin idir na Ballstáit bunaithe ar a gcás aonair agus má tá athchóirithe agus gealltanais infheistíochta lena gcuirtear fás, inbhuanaitheacht fhioscach agus tosaíochtaí an Aontais chun cinn ag tacú leis, ceadaítear coigeartú fioscach níos moille. A bhuí leis an gcur chuige seo, seachnaítear ag an am céanna an claonadh a bhíonn ag beartas fioscach luaineachtaí eacnamaíocha a mhéadú, agus ina ionad sin déantar an geilleagar a chobhsú.
I gcroílár an chreata nua tá pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha, lena gcomhtháthaítear cuspóirí fioscacha, athchóirithe agus infheistíochta i gcur chuige aontaithe. Déanann an comhleanúnachas sin an próiseas a chuíchóiriú agus déanann sé iarrachtaí náisiúnta athchóirithe agus infheistíochta a ailíniú leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, rud a chinntíonn comhsheasmhacht idir beartais náisiúnta agus beartais an Aontais. Leagtar béim sna pleananna ar úinéireacht na mBallstát, rud a thugann níos mó solúbthachta dóibh maidir lena gconairí coigeartaithe fhioscaigh agus a ngealltanais athchóirithe agus infheistíochta a shainiú.
An Seimeastar Eorpach
Is próiseas bliantúil é an Seimeastar Eorpach ina sainaithníonn an tAontas na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta is práinní atá roimh na Ballstáit agus ina gcuireann sé treoir bheartais ar fáil chun cabhrú leo barr a gcumais a bhaint amach.
Dhírigh pacáiste an earraigh den Seimeastar Eorpach 2024 - oscail i dtáb nua. ar iomaíochas agus rathúnas fadtéarmach an Aontais agus a Bhallstát. Bhreathnaigh sé freisin ar chur chun feidhme a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus a gclár beartais chomhtháthaithe ag na Ballstáit. Bunaithe ar an anailís sin, mhol an Coimisiún moltaí tírshonracha chun na Ballstáit a threorú maidir le haghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin.
Ina theannta sin, chuir an tAontas dlús lena chuid iarrachtaí éagothromaíochtaí sóisialta idir na réigiúin agus na Ballstáit a laghdú agus soláthairtí fuinnimh a éagsúlú. Den chéad uair riamh, cuimsíodh i gcreat an tSeimeastair measúnú neartaithe ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta - oscail i dtáb nua. a chur chun feidhme, mar aon le creat - oscail i dtáb nua. chun rioscaí don chóineasú sóisialta a shainaithint. Leis an anailís sin atá i dTuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2024 - oscail i dtáb nua., rinneadh measúnú ar fheidhmiú an mhargaidh saothair, mar aon le scileanna agus dúshláin shóisialta sna Ballstáit uile, chun rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann don chóineasú sóisialta aníos a shainaithint.
Dhírigh pacáiste an fhómhair de Sheimeastar Eorpach 2024 - oscail i dtáb nua. ar airgeadas poiblí fónta agus fás cuimsitheach inbhuanaithe a chinntiú. Sheol sé cur chun feidhme creata nua rialachais eacnamaíoch, ina bhfuil moltaí maidir le pleananna fioscacha meántéarmacha agus measúnuithe ar phleananna buiséadacha an limistéir euro. Rinne sé athbhreithniú freisin ar chomhlíonadh riail an Aontais maidir le heasnamh 3 % in olltáirgeacht intíre, agus rinne sé moltaí a eisiúint chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh iomarcacha in ocht mBallstát agus trí thuarascálacha faireachais iarchláir a eisiúint do chúig cinn. Ina theannta sin, leagadh amach sa phacáiste tosaíochtaí beartais eacnamaíoch agus shóisialta do 2025, mar shampla tograí maidir le beartais don limistéar euro, fostaíocht agus foláirimh eacnamaíocha.
I moladh 2025 maidir leis an limistéar euro, iarradh ar na Ballstáit gníomhú ina n-aonar, trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme mar shampla, agus iarradh orthu gníomhú i dteannta a chéile laistigh den Ghrúpa Euro freisin chun feabhas a chur ar an iomaíochas, chun athléimneacht eacnamaíoch a chothú agus leanúint de chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus airgeadais a chinntiú.
Buiséad an Aontais Eorpaigh: an tAontas a chur in oiriúint do na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo
Ó glacadh buiséad fadtéarmach an Aontais Eorpaigh le haghaidh na tréimhse 2021–2027 - oscail i dtáb nua. siar in 2020, tá dúshláin urghnácha os comhair an Aontais. Mar thoradh ar iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar an mborradh atá tagtha ar rátaí úis agus ar bhrúnna imirce, tá méadú tagtha ar na héilimh ar an mbuiséad - oscail i dtáb nua.. Mar fhreagairt air sin, tháinig Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú maidir leis an gcéad athbhreithniú meántéarma riamh ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais (ar a dtugtar an creat airgeadais ilbhliantúil). Mar thoradh air sin, tá maoiniú breise €64.6 billiún á chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua agus chun oibleagáidí dlíthiúla an Aontais a chomhlíonadh, oibleagáidí nach bhféadfaí freastal orthu a thuilleadh laistigh de na huasteorainneacha buiséadacha bunaidh.
Tá na tosaíochtaí seo a leanas á maoiniú ag acmhainní breise ón athbhreithniú ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais.
An tSaoráid don Úcráin Clár cúnaimh airgeadais a chuireann tacaíocht leanúnach intuartha ar fáil don Úcráin.
An tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don EoraipArdán - oscail i dtáb nua. a chuireann ceannasacht agus iomaíochas fadtéarmach an Aontais chun cinn i dteicneolaíochtaí criticiúla, cuir i gcás an teicneolaíocht dhomhain, an teicneolaíocht ghlan agus an bhiteicneolaíocht (féach Caibidil 2).
An Imirce, gníomhaíocht sheachtrach agus éigeandálaí Acmhainní breise chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin inmheánacha agus sheachtracha na himirce agus chun cumas an Aontais freagairt do ghéarchéimeanna daonnúla agus do thubaistí nádúrtha a choinneáil ar bun.
Costais chistiúcháin NextGenerationEU níos airde Tá méadú tagtha ar chostais mar gheall ar an mborradh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe ar rátaí úis.
Maidir leis an mbuiséad bliantúil, comhaontaíodh - oscail i dtáb nua. buiséad de €192.8 billiún don Aontas le haghaidh 2025 i mí na Samhna. Comhlánófar an buiséad le méid measta €72 bhilliún d’eisíocaíochtaí faoi NextGenerationEU. Díríonn dréachtbhuiséad bliantúil 2025 cistí chuig na háiteanna inar féidir leo an difear is mó a dhéanamh: chun tacú leis na haistrithe glasa agus digiteacha, poist a chruthú agus neamhspleáchas straitéiseach agus ról domhanda an Aontais a neartú. Maoineoidh sé teicneolaíochtaí criticiúla freisin tríd an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip agus cuirfidh sé tacaíocht leanúnach ar fáil do dhídeanaithe, do thíortha comharsanachta agus don Úcráin.
Johannes Hahn, an Coimisinéir Eorpach um an mBuiséad agus um Riarachán ag an am, ag labhairt dó ag Comhdháil Bhliantúil an Aontais 2024 maidir le Buiséad an Aontais, an Bhruiséil, an Bheilg, an 29 Aibreán 2024. Ag an ócáid sin leagadh béim ar an ról atá ag buiséad an Aontais an Eoraip a chur in oiriúint don todhchaí.
Aontas Eorpach comhtháite
Is beartas infheistíochta é beartas comhtháthaithe an Aontais a thacaíonn le cruthú post, iomaíochas, fás eacnamaíoch, cáilíocht saoil fheabhsaithe agus forbairt inbhuanaithe, agus ní fhágann sé aon duine ná aon réigiún ar lár. Tríd an mbeartas, tugann an tAontas aire dá réigiúin uile, agus béim ar leith á leagan ar na Ballstáit agus ar na réigiúin bheagfhorbartha - oscail i dtáb nua. chun cabhrú leo breith suas agus na héagothromaíochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus críochacha atá fós ann laistigh den Aontas a laghdú.
Ó 2014 go 2020, rinneadh an méid seo a leanas le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa:
tugadh tacaíocht do níos mó ná 5 mhilliún gnólacht;
cuireadh fostaíocht, cuimsiú sóisialta agus oiliúint scileanna ar fáil do 64.5 milliún duine;
cuireadh feabhas ar sheirbhísí sláinte le haghaidh níos mó ná 63 mhilliún duine;
méadaíodh an acmhainneacht táirgeachta fuinnimh in-athnuaite arb ionann é agus thart ar 2 400 tuirbín gaoithe;
cuireadh feabhas ar fheidhmíocht fuinnimh i mbreis agus 550 000 teaghlach;
cosnaíodh 17 milliún duine ar thuilte agus 15 mhilliún duine ar dhóiteáin foraoise.
Dhá shampla den Chiste Comhtháthaithe ar obair: líne tram nuachóirithe Dúbravsko-Karloveská radiála sa Bhratasláiv, sa tSlóvaic, agus an síneadh a cuireadh le Líne Mheitreo 2 a chuir feabhas ar sheirbhísí iompair uirbeacha i Vársá na Polainne.
Sa Naoú Tuarascáil ar an gComhtháthú Eacnamaíoch, Sóisialta agus Críochach - oscail i dtáb nua., léiríodh an chaoi a bhfuil an beartas comhtháthaithe ag cuidiú le héagothromaíochtaí críochacha, sóisialta agus eacnamaíocha a laghdú ar fud an Aontais. Cuireadh in iúl inti go ndearnadh dul chun cinn suntasach i mBallstáit nua, inar ardaigh an olltáirgeacht intíre in aghaidh an duine ó 52 % de mheán an Aontais in 2004 go beagnach 80 % in 2023.
Chuidigh an beartas comhtháthaithe le geilleagar an Aontais a bheith níos iomaíche agus níos inbhuanaithe trí thacú le taighde agus forbairt, leis an nuálaíocht agus leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach i ngach Ballstát. Tá feabhas curtha freisin ar shaol na saoránach, a bhuí leis an maoiniú a cuireadh ar fáil chun tionscadal bonneagair fíor-riachtanach a bhí in easnamh roimhe seo a chur i gcrích, cuir i gcás naisc chriticiúla iompair agus fóntais. Tá an Sásra chun cur leis an Tallann - oscail i dtáb nua. ag cuidiú freisin le réigiúin trí chúnamh teicniúil agus gníomhaíochtaí eile a chur ar fáil de réir a chéile chun éifeachtaí an athraithe dhéimeagrafaigh agus imirce daoine oilte a mhaolú.
Thug Elisa Ferreira, an Coimisinéir Eorpach um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin ag an am (ar dheis), cuairt ar an Ungáir chun tacaíocht don bheartas comhtháthaithe a phlé le húdaráis áitiúla agus chun cuairt a thabhairt ar thionscadail a mhaoinítear tríd an gCiste Comhtháthaithe. Le linn a turais, thug sí cuairt ar shráidbhaile Tarnabod, áit a bhfaca sí gníomhaíochtaí a bhain le roinnt tionscadal a fuair maoiniú ón Aontas maidir le cúram leanaí, oideachas agus tacaíocht teaghlaigh don phobal Romach. An 2 Bealtaine 2024.
Déanann an Coimisiún monatóireacht ar Rialachán na Líne Glaise - oscail i dtáb nua., Rialachán a rialaíonn gluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí idir an dá chuid den oileán. Chuidigh cúnamh ón Aontas freisin le galair dhainséaracha bheostoic a dhéanann difear do bha, caoirigh agus gabhair i bpobal Turcach na Cipire a laghdú. Tá sé ríthábhachtach deireadh a chur leis na galair sin le haghaidh díolachán Halloumi/Hellim Chipireacha Thurcacha amach anseo ar fud na Líne Glaise agus i margadh brabúsaí an Aontais. Ina theannta sin, d’fhormheas an Coimisiún 150 scoláireacht do Chipirigh Thurcacha chun staidéar a dhéanamh in ollscoileanna an Aontais, rud a neartaíonn naisc leis an Aontas.
Tá Margadh Aonair an Aontais fós ina bhunchloch don chobhsaíocht eacnamaíoch agus don fhás eacnamaíoch, rud a fhágann gur féidir le hearraí, seirbhísí, caipitil agus daoine gluaiseacht gan bhac ar fud na mBallstát, agus feabhsaíonn sé iomaíochas thionscail an Aontais ag an am céanna.
Chun a chinntiú go leanfaidh an Margadh Aonair de bheith athléimneach, iomaíoch agus ina cheannaire san aistriú glas agus san aistriú digiteach domhanda, tá an tAontas tar éis a bheith ag comhoibriú le comhpháirtithe tionscail chun conairí aistrithe saincheaptha a chruthú do gach éiceachóras tionsclaíoch - oscail i dtáb nua.. Tugann na héiceachórais - oscail i dtáb nua. sin gnólachtaí, taighdeoirí, lucht déanta beartas agus soláthraithe seirbhíse le chéile chun comhspriocanna eacnamaíocha a bhaint amach nó chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha an mhargaidh. Cuireann conairí aistrithe treoir straitéiseach ar fáil do gach earnáil maidir le conas glacadh le teicneolaíochtaí nuálacha, a lorg carbóin a laghdú agus cumais dhigiteacha a fheabhsú.
Ina theannta sin, chun go bhfeidhmeoidh an Margadh Aonair go héifeachtach, ní mór rialacha a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú i gceart. Tá an tAontas ag díriú ar réimsí a mhéadóidh an infheistíocht, a chuirfidh dlús leis an téarnamh agus a chuirfidh feabhas ar an iomaíochas, mar shampla aghaidh a thabhairt ar íocaíochtaí déanacha - oscail i dtáb nua. a dhéanann údaráis phoiblí le gnólachtaí, go háirithe FBManna. Tríd an Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair - oscail i dtáb nua., tá deireadh curtha ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit le bacainní, mar shampla trí shoghluaisteacht ghairmiúil laistigh den Aontas a éascú agus trí aghaidh a thabhairt ar bhacainní riaracháin maidir le fuinneamh in-athnuaite. Tá feabhas á chur ag an gCoimisiún freisin ar thrédhearcacht agus ar uirlisí rialála atá ann cheana chun cosc a chur ar theacht chun cinn bacainní nua.
Is mian leis an Aontas a chinntiú freisin go dtabharfar tacaíocht do FBManna sna Ballstáit uile. Chuige sin, rinne sé anailís ar staid eacnamaíoch FBManna ar fud an Aontais agus d’fhoilsigh sé an t-athbhreithniú bliantúil ar fheidhmíocht FBManna i mí Iúil.
Tá an Margadh Aonair tábhachtach ní hamháin do ghnólachtaí an Aontais, ach dá 450 milliún tomhaltóir freisin. Thug an tAontas rialacha isteach le linn na bliana chun táirgí a dhíoltar san Aontas a dhéanamh níos inbhuanaithe; - oscail i dtáb nua. chun cumhacht a thabhairt do thomhaltóirí ar mhaithe leis an aistriú glas - oscail i dtáb nua. agus an aistriú digiteach; agus chun go mbeadh deisiú earraí - oscail i dtáb nua. ina rogha éasca tharraingteach. Cinnteoidh na rialacha go mbeidh faisnéis níos fearr faoi tháirgí ar fáil do thomhaltóirí agus tabharfaidh siad aghaidh ar ghlas-snasú agus ar dhífheidhmeacht phleanáilte (féach Caibidil 4).
Ar deireadh, leanann an Margadh Aonair de bheith ag fás le haontachas na dtíortha is iarrthóirí de réir a chéile. Cruthaíonn méadú deiseanna suntasacha do ghnólachtaí an Aontais trí shlabhraí soláthair trasteorann a neartú agus trí chostais trádála a ísliú. Ina theannta sin, cuireann méadú ar a gcumas do theaghlaigh i mBallstáit nua agus i mBallstáit atá ann cheana tairbhe a bhaint as rochtain níos éasca ar earraí agus ar sheirbhísí agus as inacmhainneacht níos fearr, rud a fhágann go mbeidh caighdeán maireachtála feabhsaithe ann. Mar shampla, sábhálann tionscnamh na Lánaí Glasa idir an tAontas agus na Balcáin Thiar - comhad PDF, oscail i dtáb nua. tréimhse feithimh arb ionann é agus 20 bliain in aghaidh na bliana do phaisinéirí agus do lastas. Ina theannta sin, tá slabhraí luacha an Aontais leathnaithe mar gheall ar chomhtháthú an réigiúin sa Chomhghuaillíocht um Chógais Leighis Chriticiúla - oscail i dtáb nua., agus tá borradh curtha faoin bhfás agus faoin éifeachtúlacht.
Ag cur di leis an rath a bhí ar an gcomhaontú, thug an Chomhairle an solas glas do Shásraí Airgeadais de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíche agus na hIorua le déanaí le haghaidh 2021–2028 - oscail i dtáb nua., sásraí a síníodh ansin agus atá á gcur i bhfeidhm go sealadach, rud a dhaingnigh na comhghuaillíochtaí seanbhunaithe sin a thuilleadh agus a neartaíonn naisc eacnamaíocha. Díríonn an cinneadh sin na billiúin euro ar éagothromaíochtaí eacnamaíocha a laghdú ar fud an Aontais, rud a théann chun tairbhe go díreach do dhaoine in 15 Bhallstát. Shínigh an tAontas comhaontuithe leis an Íoslainn agus leis an Iorua freisin, tá siad á gcur i bhfeidhm go sealadach aige agus fágfaidh siad go mbeidh sé níos éasca táirgí éisc áirithe de thionscnamh na dtíortha sin a chur ar mhargadh an Aontais.
Tionscnaimh de chuid an Aontais chun an Margadh Aonair a neartú tuilleadh
Rialacha nua chun toirmeasc a chur ar tháirgí a dhéantar le saothar éigeantais. Beidh feidhm ag na rialacha - oscail i dtáb nua. sin maidir le gach táirge, táirgí a dhéantar laistigh den Aontas agus thar lear araon, gan díriú ar chuideachtaí ná ar thionscail ar leith, agus meastar go mbeidh tionchar acu ar 27.6 milliún duine ar fud an domhain.
Moladh maidir le forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla a neartú. Leis na bearta a mholtar - oscail i dtáb nua., spreagtar comhar idir sealbhóirí ceart, soláthraithe seirbhíse agus údaráis forfheidhmithe dlí, agus úsáid á baint as teicneolaíochtaí nua-aimseartha chun maoin intleachtúil a chosaint agus chun dul i ngleic le góchumadh. Foráiltear leis freisin d’uirlisí tiomnaithe do FBManna agus iarrtar leis go ndéanfaí feasacht a ardú agus oideachas níos fearr a chur ar fáil maidir le maoin intleachtúil.
Córas Paitinní Aonadacha. Tá an córas tar éis próisis phaitinne a shimpliú agus cuireann sé cosaint aonfhoirmeach ar fáil ar fud na mBallstát rannpháirteach uile. Sa chéad bhliain - oscail i dtáb nua. de, cláraíodh 27 000 paitinn aonadach, go príomha sa teicneolaíocht leighis, san innealtóireacht shibhialta agus san iompar.
Córas nua soláthair phoiblí ar líne. Leis an gcóras nua - oscail i dtáb nua., is fusa do ghnólachtaí, go háirithe FBManna, páirt a ghlacadh i dtairiscintí poiblí ar fud an Aontais.
Ríomhshonrascadh. Tá sé 10 mbliana ó bunaíodh Treoir an Aontais maidir le ríomhshonrascadh - oscail i dtáb nua., agus tá sonrascadh trasteorann cuíchóirithe aici, rud a dhéanann costais a laghdú agus borradh a chur faoin éifeachtúlacht. Glacann gach Ballstát anois le ríomhshonraisc le haghaidh soláthar poiblí, rud a théann chun tairbhe do ghnólachtaí agus d’údaráis riaracháin phoiblí araon.
An t-ualach riaracháin a laghdú trí rialacha nua maidir le dlí na gcuideachtaí. Laghdóidh na rialacha nua costais riaracháin ar chuideachtaí faoi bhreis agus €400 milliún in aghaidh na bliana trí dheireadh a chur le foirmiúlachtaí, mar shampla apastailí, agus trí nósanna imeachta trasteorann a shimpliú le réitigh dhigiteacha.
Treoir nua maidir le dliteanas i leith táirgí. Leis an treoir, nuashonraítear na rialacha maidir le dliteanas i leith táirgí - oscail i dtáb nua. chun córas soiléir, intuartha agus éifeachtach a chur ar fáil chun cúiteamh a sholáthar i leith damáiste a dhéanann táirgí lochtacha, mar shampla táirgí a bhaineann úsáid as teicneolaíochtaí nua, cuir i gcás an intleacht shaorga. Tugann sí deimhneacht dhlíthiúil d’oibreoirí eacnamaíocha atá ag iarraidh táirgí a chur ar an margadh.
Aontas na margaí caipitil
Tá an tAontas ag obair freisin chun a Mhargadh Aonair a fhorbairt tuilleadh chun go mbeidh sreabhadh caipitil trasteorann níos fearr ann. Is é Aontas na margaí caipitil - oscail i dtáb nua. a thugtar air sin. Ciallaíonn gluaiseacht chaipitil níos saoire san Aontas costais idirbheart níos ísle, ualach rialála níos ísle agus margaí níos láidre, rud a thugann, dá réir sin, rochtain do chuideachtaí an Aontais, cuir i gcás FBManna, ar níos mó foinsí cistiúcháin agus a fhágann go bhfuil an tAontas níos iomaíche.
Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh (ar chlé), agus Mairead McGuinness, an Coimisinéir Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais, um Sheirbhísí Airgeadais agus um Aontas na Margaí Caipitil ag an am (ar dheis), ag an gcomhdháil maidir le Lánpháirtiú Airgeadais na hEorpa 2024, Frankfurt am Main na Gearmáine, an 18 Meitheamh 2024.
In 2024 glacadh bearta - oscail i dtáb nua. a neartóidh aontas na margaí caipitil agus a rannchuideoidh le cuspóir an Aontais oibleagáidí tuairiscithe a shimpliú agus ualaí riaracháin a laghdú (féach Caibidil 9). Modhnaíonn an Gníomh nua um Liostú - oscail i dtáb nua. na rialacha maidir le réamheolairí, drochúsáid mhargaidh, taighde airgeadais agus struchtúir scaireanna ilvótaí. Éascóidh sé na ceanglais a bhíonn ar chuideachtaí tráth an liostaithe agus tar éis dóibh a bheith liostaithe, agus ag an am céanna caomhnóidh sé trédhearcacht, cosaint infheisteoirí agus sláine an mhargaidh. Tabharfaidh an gníomh aghaidh freisin ar shaincheist na hilroinnte i ndlíthe náisiúnta a chuireann teorainn le solúbthacht cuideachtaí scaireanna ilvótaí a eisiúint tar éis dóibh bunú go poiblí, rud a rachaidh chun tairbhe go háirithe do ghnólachtaí nuálacha atá ag méadú.
Buntáistí an Achta um Liostú
Le haghaidh infheisteoirí agus maoirseoirí
Faisnéis chorparáideach níos giorra, níos tráthúla agus níos éasca le nascleanúint le haghaidh infheisteoirí.
Maoirseacht níos éifeachtúla a bhuí le rialacha liostaithe níos simplí agus níos soiléire.
Le haghaidh gnólachtaí
Laghduithe suntasacha ar chostais agus borradh faoi thairiscintí tosaigh don phobal san Aontas:
meastar go sábhálfar €67 milliún in aghaidh na bliana de bharr rialacha níos simplí maidir le réamheolairí;
laghdú thart ar €100 milliún in aghaidh na bliana ar chostais chomhlíonta le haghaidh cuideachtaí liostaithe de chuid an Aontais;
d’fhéadfadh scaireanna ilvótaí an líon tairiscintí tosaigh don phobal a mhéadú suas le 20 % san Aontas;
buntáistí sonracha le haghaidh FBManna: níos mó infheictheachta d’infheisteoirí ar mhargaí airgeadais agus córas smachtbhannaí níos comhréirí do mhionsáruithe ar na rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh.
Rinneadh dul chun cinn freisin le linn na bliana maidir leis na coinníollacha cearta a chruthú le haghaidh soláthraithe teilitéipe comhdhlúite chun léargas comhdhlúite a thabhairt ar thrádáil ar fud an Aontais. An 16 Nollaig, d’fhoilsigh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí - oscail i dtáb nua.tuarascáil ar caighdeáin theicniúla le haghaidh soláthraithe teilitéipe comhdhlúite - comhad PDF, oscail i dtáb nua.. Leagadh amach sa tuarascáil na caighdeáin theicniúla chríochnaitheacha le haghaidh soláthraí teilitéipe comhdhlúite, arb é is aidhm dóibh trédhearcacht an mhargaidh agus cáilíocht sonraí a fheabhsú, agus ar an gcaoi sin tacú le haontas na margaí caipitil trí mhargadh airgeadais níos comhtháite agus níos éifeachtúla a chothú.
Ina theannta sin, rinne an tAontas dul chun cinn maidir le haghaidh a thabhairt ar na bacainní a eascraíonn as dlíthe dócmhainneachta éagsúla na mBallstát. Bíonn aontas na margaí caipitil ilroinnte mar thoradh ar dhlíthe éagsúla. Chun bacainní a bhaint agus iomaíochas a fheabhsú, mhol an Coimisiún dlíthe substainteacha dócmhainneachta na mBallstát a chomhchuibhiú in 2022. Leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí Aibreáin 2024, cruthaíodh móiminteam breise, rud a chuir dlús leis an gcaibidlíocht.
Ar deireadh, chun a chinntiú go bhfeidhmeoidh aontas na margaí caipitil go héifeachtach, tá an tAontas ag cur le tarraingteacht agus athléimneacht a sheirbhísí imréitigh - oscail i dtáb nua.. Is seirbhísí iad sin a thairgeann contrapháirtithe lárnacha a idirchuireann iad féin idir contrapháirtithe in idirbhearta ionstraimí airgeadais, rud a fhágann gurb é an ceannaitheoir é do gach díoltóir agus gurb é an díoltóir é do gach ceannaitheoir. Trí oibleagáidí conarthacha a ráthú i gcás mainneachtana, tá contrapháirtithe lárnacha ríthábhachtach chun cobhsaíocht an mhargaidh a chaomhnú, rioscaí sistéamacha a mhaolú agus muinín sa mhargadh a fheabhsú.
I mí Feabhra 2024 thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir le pacáiste beart - oscail i dtáb nua. a chuirfidh ar chumas contrapháirtithe lárnacha táirgí nua a thabhairt chuig margadh an Aontais níos tapúla, rud a spreagfaidh rannpháirtithe sa mhargadh chun leachtacht a imréiteach agus a fhorbairt ag contrapháirtithe lárnacha an Aontais. Neartóidh sé freisin creat maoirseachta an Aontais do chontrapháirtithe lárnacha, rud a chuirfidh feabhas ar shábháilteacht agus ar athléimneacht na gcóras imréitigh. Leis an gcreat, laghdófar an spleáchas iomarcach ar chontrapháirtithe lárnacha sistéamacha i dtíortha nach ballstáit den Aontas iad trí cheangal a chur ar na rannpháirtithe ábhartha uile sa mhargadh cuntais ghníomhacha a bheith acu ag contrapháirtithe lárnacha an Aontais agus trí chuid ionadaíoch de chonarthaí díorthach sistéamacha áirithe a imréiteach laistigh den Mhargadh Aonair.
An t-airgeadas digiteach
Tháinig rialacha nua - oscail i dtáb nua. i bhfeidhm i mí Aibreáin chun íocaíochtaí meandracha in euro a chur ar fáil do gach duine agus do gach gnólacht a bhfuil cuntas bainc acu san Aontas, agus cuirfear i bhfeidhm de réir a chéile iad ó mhí Eanáir 2025. Is é is aidhm do na rialacha a chinntiú go mbeidh íocaíochtaí meandracha in euro inacmhainne slán agus go bpróiseáilfear iad gan bhacainní ar fud an Aontais.
Cuireann íocaíochtaí meandracha réitigh thapa áisiúla ar fáil do dhaoine i gcásanna laethúla, mar shampla chun cistí a fháil go pras (taobh istigh de 10 soicind) le linn éigeandálaí; chun íoc as earraí agus seirbhísí a cheannaíonn siad ar líne agus i siopaí; agus chun costais chomhroinnte a roinnt láithreach i suíomhanna sóisialta. Chomh maith leis sin, cuireann siad feabhas ar bhainistiú sreafa airgid le haghaidh riaracháin phoiblí agus gnólachtaí, go háirithe FBManna; cuireann siad ar a gcumas do charthanais agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha rochtain a fháil ar chistí go tapa; agus déanann siad bainc agus soláthraithe seirbhísí íocaíochta eile a spreagadh chun seirbhísí agus táirgí nuálacha airgeadais a fhorbairt.
Ina theannta sin, in 2024, tháinig an Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní - oscail i dtáb nua. i bhfeidhm, rud a chuir rialacha aonfhoirmeacha margaidh an Aontais i bhfeidhm le haghaidh criptea-shócmhainní. Tacóidh sé sin le sláine agus nuálaíocht an mhargaidh trí rialáil a dhéanamh ar thairiscintí poiblí criptea-shócmhainní agus idirghabhálaithe criptea-shócmhainní a sholáthraíonn seirbhísí do thomhaltóirí, rud a chinnteoidh go mbeidh cosaint níos fearr acu ar rioscaí gaolmhara.
Tá Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil an Aontais ag cuidiú freisin le 37 n-údarás maoirseachta airgeadais ó 26 Bhallstát feabhas a chur ar a gcumas rioscaí an airgeadais dhigitigh a bhainistiú. Le linn 2024, chuir Acadamh Maoirseachta Airgeadais Dhigitigh an Aontais cúrsaí oiliúna cónaithe agus ar líne ar fáil do níos mó ná 1 000 maoirseoir ar fud an Aontais.
Leagann na rialacha nua ceanglais síos ar fud an Aontais don earnáil phríobháideach chun a chinntiú go gcuirfear na rialacha i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an Mhargaidh Aonair. Déanann siad cúraimí agus cumhachtaí maoirseoirí náisiúnta agus aonad um fhaisnéis airgeadais a chomhchuibhiú freisin chun comhar éifeachtach trasteorann a chumasú. Thairis sin, neartaíonn an creat sin cumhachtaí na gclár úinéireachta tairbhiúla chun trédhearcacht a chinntiú maidir leo siúd a bhfuil eintitis dhlítheanacha agus iontaobhais dhlíthiúla faoina n-úinéireacht nó faoina rialú. Ar deireadh, déanann sé na rialacha maidir le rochtain ar an bhfaisnéis sin a comhchuibhiú, rud a ligeann do pháirtithe leasmhara a bhfuil leas dlisteanach acu, cuir i gcás iriseoirí agus an tsochaí shibhialta, rannchuidiú leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta airgeadais.
Cad a thiocfaidh as an gcreat nua maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac?
Samplaí praiticiúla
An earnáil sacair
Déanfar grinnscrúdú anois ar infheistíochtaí i gclubanna gairmiúla sacair agus ar urraíocht na gclubanna sin, mar aon le haistrithe imreoirí. Déanfar idirbhearta lena mbaineann suimeanna de thionscnamh amhrasach a bhrath agus a thuairisciú.
Maoin réadach
Agus só-airíonna á gceannach acu, beidh sé d’oibleagáid anois ar chuideachtaí atá bunaithe lasmuigh den Aontas sonraí úinéir deiridh na maoine a nochtadh, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca d’údaráis an Aontais a fheiceáil cé atá ag gníomhú taobh thiar de na cuideachtaí sin.
Sluamhaoiniú
Beidh an úsáid a bhainfear as feachtais sluachistiúcháin faoi réir grinnscrúdú anois, rud a fhágfaidh go mbeidh sé deacair do charthanais bhréige rochtain a fháil ar chistiú nó cistí a atreorú chun tacú le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta.
Feithiclí ardluacha
Beidh ar thrádálaithe i ngluaisteáin, báid agus eitleáin sóchais díolacháin os cionn tairseacha áirithe a thuairisciú go córasach. Cuideoidh sé sin leis na húdaráis aon nasc le gníomhaíochtaí coiriúla a bhrath i gcás inarb amhlaidh an cás.
Cuirfidh na rialacha nua sonraí iontaofa ar fáil d’infheisteoirí agus d’institiúidí airgeadais faoi fheidhmíocht chomhshaoil, shóisialta agus rialachais cuideachtaí, rud a chuideoidh leo cinntí níos eolasaí a dhéanamh faoi infheistíochtaí inbhuanaithe agus faoi bhainistiú riosca a bhaineann leis na tosca sin. Tabharfaidh na rátálacha níos mó soiléireachta freisin maidir le gníomhaíochtaí soláthraithe rátála agus an ndearna siad na bearta is gá chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a mhaolú.
Chomhaontaigh - oscail i dtáb nua. an Pharlaimint agus an Chomhairle freisin an spriocdháta chun Caighdeáin Eorpacha earnáilsonracha um Thuairisciú Inbhuanaitheachta a ghlacadh a chur siar ó lár 2024 go dtí lár 2026. Chomh maith le níos mó ama a cheadú chun caighdeáin den sórt sin a fhorbairt, tabharfaidh sé níos mó ama do chuideachtaí freisin díriú ar chur chun feidhme na chéad sraithe de chaighdeáin chothrománacha a glacadh i mí Iúil 2023.
Chomh maith le cloí le caighdeáin tuairiscithe, ceanglófar ar chuideachtaí móra a chomhlíonann critéir áirithe dícheall cuí a dhéanamh ar a n-oibríochtaí féin, mar aon le hoibríochtaí a bhfochuideachtaí agus a gcomhpháirtithe gnó laistigh dá slabhraí gníomhaíochta domhanda, chun drochthionchair iarbhír agus fhéideartha ar an gcomhshaol agus ar chearta an duine a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu. Leis an Treoir nua i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach - oscail i dtáb nua., ceanglaítear ar chuideachtaí na modhnuithe is gá a dhéanamh ar a straitéisí agus ar a n-oibríochtaí foriomlána, agus cleachtais cheannaigh, deartha agus dáileacháin san áireamh. D’fhéadfadh forfheidhmiú riaracháin a bheith mar thoradh ar neamhchomhlíonadh, cuir i gcás smachtbhannaí agus dliteanas sibhialta.
Tá córas baincéireachta sláintiúil ríthábhachtach do shaoránaigh uile an Aontais agus do chobhsaíocht agus rathúnas gheilleagar an Aontais. Ó bhí an ghéarchéim airgeadais ann in 2007-2008, tháinig ceannairí Eorpacha agus idirnáisiúnta ar chomhaontú maidir le caighdeáin bhaincéireachta idirnáisiúnta, ar a dtugtar caighdeáin Basel III - oscail i dtáb nua., chun a chinntiú go mbeidh na bainc níos athléimní agus chun an dóchúlacht go mbeidh géarchéimeanna airgeadais ann amach anseo a laghdú.
Is cloch mhíle thábhachtach i dtreo chur chun feidhme dílis chaighdeáin Basel III san Aontas é teacht i bhfeidhm théacs deiridh an phacáiste baincéireachta - oscail i dtáb nua. is déanaí (an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil agus an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil) an 9 Iúil 2024. Athdhearbhaíonn sé go bhfuil an tAontas toilteanach á thiomantas idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus na rialacha nua stuamachta a chur chun feidhme ón 1 Eanáir 2025, mar a fógraíodh roimhe seo. Mar sin féin, cuireadh dáta chur i bhfeidhm cuid amháin de chaighdeáin Basel III, an Bunathbhreithniú ar an Leabhar Trádála - oscail i dtáb nua., siar go dtí an 1 Eanáir 2026 chun cothrom iomaíochta domhanda a chaomhnú do bhainc Eorpacha atá gníomhach go hidirnáisiúnta agus chun ailíniú le hamlínte cur chun feidhme mórdhlínsí eile.
Ina theannta sin, i mí na Nollag 2023 comhaontaíodh Treoir Sócmhainneacht II athbhreithnithe. Neartaíonn na rialacha nua - oscail i dtáb nua. an creat rialála árachais trí dhreasachtaí níos fearr a chur ar fáil don earnáil árachais agus athárachais (i.e. árachas do chuideachtaí árachais) chun infheistíocht a dhéanamh i gcaipiteal fadtéarmach. Leis na rialacha nua, cuirfear rioscaí maicreacnamaíochta san áireamh ar bhealach níos fearr, cuir i gcás rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide, agus fágfar nach mbeidh riocht airgeadais na n-árachóirí chomh híogair céanna i leith luaineachtaí gearrthéarmacha sa mhargadh. Cinnteoidh na hathruithe sin go mbeidh an earnáil sin láidir i gcónaí le linn tréimhsí deacra eacnamaíocha agus cosnóidh siad leasanna tomhaltóirí.
Ag an am céanna, comhaontaíodh Treoir nua maidir le Téarnamh agus Réiteach Árachais - oscail i dtáb nua. freisin. Cinntíonn an treoir seo cobhsaíocht airgeadais agus cosnaíonn sí sealbhóirí polasaí agus cáiníocóirí i gcás ina gcliseann ar árachóir nó ar athárachóir. Chuige sin, ní mór árachóirí agus athárachóirí agus a n-údaráis réitigh a roghnú ar bhonn riosca chun pleananna téarnaimh coisctheacha agus pleananna réitigh coisctheacha a cheapadh, faoi seach, chun a chinntiú go mbeidh siad ullamh do ghéarchéimeanna.
Athchóiriú ar an aontas custaim
Leis an athchóiriú ar an aontas custaim - oscail i dtáb nua., a moladh in 2023, beartaítear córas custaim sonraíbhunaithe ceannródaíoch domhanda lena simpleofar go mór na próisis chustaim do ghnólachtaí agus, ag an am céanna, lena gcuirfear na huirlisí is gá ar fáil do na húdaráis chun stop a chur le hiompórtálacha a bhfuil fíor-rioscaí ag baint leo don Aontas, dá shaoránaigh agus dá gheilleagar. In 2024, rinneadh dul chun cinn - oscail i dtáb nua. maidir leis an togra chun Údarás Custaim Eorpach agus mol sonraí custaim láraithe a bhunú, atá ar dhá cheann de na trí phríomhcholún atá i gcroílár an athchóirithe (is í an ríomhthráchtáil an tríú colún).
Comhlánú air sin is ea Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais maidir le Custam - oscail i dtáb nua., atá á cur chun feidhme de réir a chéile cheana féin agus arb é is aidhm di nósanna imeachta riaracháin a chomhchuibhiú idir custam agus earnálacha eile, mar shampla an tsláinte agus an comhshaol. Cuirfidh sé sin feabhas ar mhalartuithe digiteacha idir rialtais ag teorainneacha an Aontais agus déanfaidh sé cuíchóiriú ar an bpróiseas chun earraí a imréiteach.
Ina theannta sin, ceanglaítear anois le Córas Rialaithe Allmhairí 2 - oscail i dtáb nua. ar oibreoirí eacnamaíocha sonraí sábháilteachta agus slándála a chur isteach maidir le gach modh iompair. A bhuí leis an gcóras, rinne údaráis chustaim na Beilge na hurghabhálacha is mó riamh ar réamhtheachtaithe drugaí (ceimiceáin a úsáidtear chun drugaí aindleathacha a tháirgeadh) ag aerfort Liège i mí an Mhárta, agus iad ag obair le Ballstáit eile.
FÍSEÁN: Céard é an Córas Rialaithe Allmhairí?
Ar deireadh, seoladh Comhghuaillíocht na gCalafort Eorpach - oscail i dtáb nua. faoi chuimsiú Threochlár an Aontais chun Gáinneáil ar Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe a Chomhrac (féach Caibidil 7). Cuirfidh sé feabhas ar an gcomhordú idir údaráis chustaim agus éascóidh sé comhar le húdaráis forfheidhmithe dlí eile agus leis an earnáil phríobháideach.
Cothrom iomaíochta a bhaint amach sa chánachas
I mí Eanáir 2024, thug an tAontas rialacha nua isteach lena leagtar síos íosráta cánach éifeachtach 15 % - oscail i dtáb nua. do chuideachtaí ilnáisiúnta a fheidhmíonn laistigh dá theorainneacha. Le teacht i bhfeidhm na rialacha sin, déantar cur chun feidhme chreat Cholún 2 ag an Aontas a chur ar bhonn foirmiúil, ar cuid é de chomhaontú stairiúil idirnáisiúnta maidir le hathchóiriú cánach - oscail i dtáb nua. ar tháinig an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta air in 2021. Cé go bhfuil beagnach 140 dlínse ar fud an domhain tar éis síniú chun ceangal de na rialacha sin, tá an tAontas ina cheannródaí maidir le reachtaíocht a dhéanamh díobh. Leis na rialacha sin, dídhreasaítear gnólachtaí ó bhrabúis a aistriú go dlínsí ísealchánach agus cuirtear srian le cleachtas an ‘sodar go grinneall’, ina n-íslíonn tíortha rátaí cánach ioncaim chorparáidigh chun infheistíocht a mhealladh.
Cuireann an Lárchóras Leictreonach Faisnéise Íocaíochta - oscail i dtáb nua. sonraí ar fáil do riaracháin chánach na mBallstát anois a chuidíonn leo calaois chánach bhreisluacha a bhrath ar bhealach níos éasca, go háirithe ó ghníomhaíochtaí ríomhthráchtála. Faoi na rialacha nua, ní mór do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta a thairgeann seirbhísí san Aontas monatóireacht a dhéanamh ar fhaighteoirí íocaíochtaí trasteorann. Ceanglaítear orthu freisin faisnéis maidir le híocaíochtaí trasteorann a tharchur chuig riaracháin chánach na mBallstát.
Neartaíodh an comhrac i gcoinne calaois chánach agus mí-úsáid chánach freisin le píosa nua reachtaíochta a formheasadh i mí na Nollag. Leis an Treoir maidir le Faoiseamh Cánach Níos Tapúla agus Níos Sábháilte ó Fharasbarr Cánacha Siarchoinneálacha - oscail i dtáb nua., tugtar isteach rialacha lena ndéanfar nósanna imeachta um cháin shiarchoinneálach san Aontas níos éifeachtúla agus níos sláine d’infheisteoirí, d’idirghabhálaithe airgeadais agus do riaracháin chánach náisiúnta. Cuirfidh sé sin dlús leis an bpróiseas chun go bhfaighidh infheisteoirí faoiseamh ó fharasbarr cánacha siarchoinneálacha ar íocaíochtaí díbhinne agus úis trasteorann. Laghdóidh sé freisin riosca an chánachais dhúbailte do cháiníocóirí agus éascóidh sé infheistíocht trasteorann, rud a neartóidh aontas na margaí caipitil.
Ina theannta sin, tá an tAontas ag glacadh leis an aistriú digiteach chun cabhrú leis an gcalaois a chomhrac agus chun tacú le gnólachtaí an Aontais. Leis an togra maidir le CBL sa Ré Dhigiteach - oscail i dtáb nua. a comhaontaíodh an 5 Samhain laghdófar an gá atá le clárúcháin CBL iomadúla i mBallstáit éagsúla, rud a leathnóidh an tsamhail Ionad Ilfhreastail CBL atá ann cheana. Cuideoidh an togra seo freisin le húsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha nua, mar shampla ríomhshonrascadh agus tuairisciú digiteach, chun calaois CBL a chomhrac. Is iad na rialacha nua an chéad chéim i dtreo aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as forbairt an gheilleagair ardán agus cuidíonn siad le cothrom iomaíochta a bhaint amach idir seirbhísí ar líne agus seirbhísí traidisiúnta in earnálacha na cóiríochta gearrthéarmaí agus an iompair. Rachaidh siad chun tairbhe d’airgeadas poiblí na mBallstát agus laghdóidh siad na costais riaracháin agus chomhlíonta do thrádálaithe an Aontais.