CAIBIDIL 7

Cosaint na ndaoine agus cosaint na saoirsí

Beirt bhan ina seasamh in aice a chéile i ngairdín, agus t-léinte fada agus lámhainní orthu beirt. Féach fotheideal an ghrianghraif
Imircigh ban ag obair in úllord mar chuid de chlár comhtháite sochghairmiúil in Culleredo na Spáinne, an 19 Meitheamh 2024. Tacaíonn an tionscnamh seo a fhaigheann cistiú ón Aontas le himircigh leochaileacha trí fhorbairt scileanna agus cuimsiú sa mhargadh saothair a spreagadh agus tríd an gcomhionannas inscne a chur chun cinn.

In 2024, rinne an tAontas Eorpach bearta cuimsitheacha chun a shaoránaigh a chosaint ar bhagairtí laistigh agus lasmuigh dá theorainneacha, agus tús á chur leis an obair chun a chinntiú go mbeadh an Eoraip níos ullmhaithe chun freagairt do ghéarchéimeanna móra. Lean an tAontas de dhlús a chur le bearta chun borradh a chur faoi shlándáil agus cosaint na hEorpa agus thug sé bearta nua isteach chun gáinneáil ar dhaoine, gáinneáil ar dhrugaí agus coireacht eagraithe a chomhrac. Ba in 2024 a cuireadh tús le ré nua chun an imirce a bhainistiú freisin. Agus an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann i bhfeidhm feasta, tá na huirlisí ag an Aontas chun an imirce a bhainistiú ar bhealach ordúil bunaithe ar phrionsabail na dlúthpháirtíochta agus chomhroinnt chóir na freagrachta. Cuireadh tús leis an obair thábhachtach chun an bealach a réiteach do na hathchóirithe agus na Ballstáit ag ullmhú a bpleananna náisiúnta cur chun feidhme. Baineadh garsprioc eile amach tar éis an chinnidh a glacadh i mí na Nollag deireadh a chur le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha talún leis an mBulgáir agus leis an Rómáin agus idir an dá thír sin ón 1 Eanáir 2025. Lean an tAontas de bheith ag obair chun sláinte na saoránach a chosaint freisin agus é ag dul ar aghaidh le hathchóirithe ar reachtaíocht maidir le cógais leighis. Tugadh isteach tionscnaimh nua, cuir i gcás bearta tábhachtacha chun meabhairshláinte agus folláine a fheabhsú, go háirithe i measc leanaí agus daoine óga.

Tóg mar shampla na géarchéimeanna móra a chonacthas le blianta beaga anuas, cuir i gcás an phaindéim dhomhanda, cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus teagmhais thubaisteacha aimsire arb é an t-athrú aeráide ba chúis leo, is léir anois nach cásanna ar leith iad sin agus go mbíonn éifeachtaí fadtéarmacha acu. Cuireann na géarchéimeanna sin i bhfios go láidir nach mór don Eoraip a bheith ullamh agus réidh chun freagairt do ghéarchéim ar bith, am ar bith. Tá sé ríthábhachtach ullmhacht na hEorpa do ghéarchéimeanna a thiocfaidh chun cinn amach anseo a neartú - oscail i dtáb nua. chun cosaint na saoránach agus dea⁠-⁠fheidhmiú gheilleagair agus shochaithe an Aontais a chinntiú.

I dtuarascáil Sauli Niinistö, Safer Together - oscail i dtáb nua., a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair, déantar measúnú ar na dúshláin chasta atá roimh an Aontas agus leagtar amach inti conas is féidir leis an Aontas borradh a chur faoin ullmhacht shibhialta agus mhíleata agus faoin ullmhacht do ghéarchéimeanna a thiocfaidh chun cinn amach anseo. Cuirtear i láthair sa tuarascáil thart ar 80 moladh maidir le bearta gearrthéarmacha agus bearta atá idir meántéarmach agus fadtéarmach chun cuidiú le hullmhacht chuimsitheach a fhorbairt. Ag tógáil ar na tograí sin, tá Straitéis an Aontais Ullmhachta don Aontas á forbairt ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, straitéis ina ndéanfar gníomhaithe a shlógadh ar gach leibhéal rialtais (ón leibhéal áitiúil go leibhéal an Aontais, ó na húdaráis shibhialtacha go dtí na fórsaí armtha) agus ina mbeidh gach cuid den tsochaí rannpháirteach (an earnáil phríobháideach, an tsochaí shibhialta agus na saoránaigh).

Ní bhraitheann 58 % de dhaoine san Aontas go bhfuil siad ullmhaithe go maith do thubaistí.


Tá taithí phearsanta ag 37 % díobh ar thubaiste (seachas COVID-19) le 10 mbliana anuas.


Bheadh a fhios ag 46 % díobh cad ba cheart a dhéanamh i gcás tubaiste.

Creideann 82 % díobh gur cheart páirt níos mó a bheith ag an Aontas in iarrachtaí ullmhachta le haghaidh géarchéimeanna a thiocfaidh chun cinn amach anseo.

Cumais chosanta a fhorbairt

Tá Ballstáit an Aontais ag obair le chéile cheana féin chun dul i ngleic le bagairtí agus dúshláin slándála trí chomhfhís straitéiseach a ghlacadh maidir le slándáil agus cosaint an Aontais do na blianta amach romhainn.

Spreag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine an tAontas chun tionscail chosanta na hEorpa a dhéanamh níos láidre, níos freagrúla agus níos nuálaí. Is é is aidhm don chéad Straitéis Thionsclaíoch um an gcosaint Eorpach - oscail i dtáb nua., a cuireadh i láthair i mí an Mhárta, a chinntiú go mbeidh córais agus trealamh cosanta an Aontais réidh nuair is gá. Ní hamháin go rachaidh sé chun tairbhe don Aontas, ach rachaidh sé chun tairbhe freisin do chomhghuaillithe tábhachtacha, ECAT agus an Úcráin san áireamh. Tá clár cistiúcháin €1.5 billiún - oscail i dtáb nua. le haghaidh 2025–2027 mar thaca leis an straitéis chun tionscal cosanta na hEorpa a ullmhú.

Straitéis thionsclaíoch um an gcosaint Eorpach – spriocanna 2030
  • Ar a laghad 40 % den trealamh cosanta a fháil trí cheannacháin chomhpháirteacha.
  • Ar a laghad 50 % den bhuiséad don soláthar cosanta a chaitheamh ar tháirgí agus seirbhísí ón Eoraip.
  • Ar a laghad 35 % d’earraí cosanta a thrádáil idir na Ballstáit (seachas le tíortha eile).

Chomh maith lena gcaiteachas cosanta a mhéadú go seasta, moltar do na Ballstáit táirgí cosanta a sholáthar go comhpháirteach, agus béim á leagan ar thacaíocht a thabhairt do thionscail chosanta na hEorpa. I mí na Samhna, roghnaíodh cúig thionscadal trasteorann le haghaidh cistiú faoin gclár nua de chuid an Aontais arb é is aidhm dó comhar sa soláthar cosanta a dhreasú. I dteannta a chéile, is ionann na tionscadail sin agus soláthar comhcheangailte táirgí cosanta ar fiú breis agus €11 bhilliún iad d’fhórsaí armtha na mBallstát. Tá baint ag 20 Ballstát leis na tionscadail a roghnaíodh, agus soláthar táirgí cosanta atá beartaithe don Úcráin san áireamh i bhformhór na dtionscadal.

Ag an am céanna, tá ag éirí leis an gcéad iarracht thionsclaíoch chun cur le soláthar armlóin - oscail i dtáb nua. cheana féin. Tá níos mó ná €500 milliún de dheontais leithdháilte, agus tá méadú tagtha ar acmhainneacht tháirgeadh armlóin airtléire na hEorpa go 1 mhilliún sliogán luchtaithe in aghaidh na bliana.

Ó seoladh é 3 bliana ó shin, tá €4 bhilliún geallta leis an gCiste Eorpach Cosanta - oscail i dtáb nua. cheana féin chun tacú le 160 tionscadal cosanta chomhoibríocha a chlúdaíonn raon leathan teicneolaíochtaí agus cumas agus a thacaíonn le hiomaíochas thionscal cosanta na hEorpa. Is é is aidhm do sheoladh Shaoráid Cothromais Cosanta - oscail i dtáb nua. nua an Aontais feabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú d’earnáil na cosanta agus tacú le córas rathúil de ghnólachtaí nuathionscanta cosanta agus de ghnólachtaí beaga cosanta.

I gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata - oscail i dtáb nua., tá an tAontas ag maoiniú 38 dtionscadal nua - oscail i dtáb nua. a chuirfidh feabhas ar iompar trúpaí agus trealaimh feadh an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair. Agus buiséad €807 milliún ar fáil do na tionscadail sin, déanfar uasghrádú ar an bpríomhbhonneagar iompair san Aontas le haghaidh iompar sibhialta agus míleata araon. Glacadh Gealltanas nua maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata - oscail i dtáb nua. in 2024 chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí atá fós ann sa tsoghluaisteacht mhíleata.

Dul i ngleic le bagairtí slándála

Léirítear i dtuarascáil - oscail i dtáb nua. ar an dul chun cinn faoi Straitéis an Aontais Slándála, a foilsíodh i mí na Bealtaine, gur fearr is féidir leis an Aontas aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála mar gheall ar an bhflúirse beart reachtach agus oibríochtúil a rinneadh ó glacadh í. Mar sin féin, fágann síoréabhlóid thimpeallacht na mbagairtí nach mór gach deis a thapú chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann.

Tá bagairtí hibrideacha ar cheann de na dúshláin is casta agus is mó a bhíonn ag síorathrú atá roimh an Aontas agus a Bhallstáit. Mar shampla, bac a chur ar phróisis cinnteoireachta dhaonlathacha trí fheachtais bhréagaisnéise agus úsáid na meán sóisialta chun an insint pholaitiúil a rialú, d’fhéadfaí iad sin a áireamh ar na bagairtí atá roimh an Aontas. Tá réimse leathan beart - oscail i dtáb nua. curtha i bhfeidhm ag an Aontas cheana féin chun bagairtí hibrideacha a chomhrac, lena n-áirítear an Bosca Uirlisí Hibrideach, atá i bhfeidhm anois agus a cuireadh i ngníomh chun freagairt ar fheachtas hibrideach treisithe na Rúise atá dírithe ar an Aontas agus ar a Bhallstáit. I mí Dheireadh Fómhair, ghlac - oscail i dtáb nua. an tAontas córas nua smachtbhannaí mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí hibrideacha na Rúise. Chuir na Ballstáit an dlaoi mhullaigh ar na Foirne Mearfhreagartha Hibrideacha - oscail i dtáb nua., a bheidh ar cheann de na príomhuirlisí chun tacú leis na Ballstáit, le tíortha comhpháirtíochta agus le misin an Aontais cur i gcoinne na mbagairtí agus na bhfeachtas sin.

Tá an cibearspás, go háirithe, ina réimse iomaíochta straitéisí anois. Rinneadh dul chun cinn maidir le cur chun feidhme Bheartas Cibearchosanta an Aontais - oscail i dtáb nua. in 2024, agus cuireadh tús leis an obair ullmhúcháin ar Lárionad Comhordúcháin Cibearchosanta an Aontais, rud a chuirfidh feabhas ar fheasacht staide an phobail cosanta. Chun súil a choinneáil ar chur chun feidhme an bheartais, foilsíodh an chéad Chibearáireamh de chuid an Aontais i mí Dheireadh Fómhair, agus tá an dara ceann ar siúl.

I bhfianaise an chlaochlaithe gheopholaitiúil nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar réimse an spáis agus i bhfianaise phríomhról an Aontais sa chlaochlú sin, táthar ag díriú níos mó ar ghnéithe slándála foriomlána an spáis agus ar Straitéis Spáis an Aontais um Shlándáil agus Cosaint - oscail i dtáb nua. a chur chun feidhme. Bhí béim sna tionscnaimh go háirithe ar fheabhas a chur ar an tuiscint choiteann ar bhagairtí spáis agus ar an bhfreagairt orthu. I mí Aibreáin, sheol an Coimisiún, in éineacht le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis - oscail i dtáb nua., Lárionad an Aontais Eorpaigh um Anailís ar Chomhroinnt Faisnéise Spáis - oscail i dtáb nua.. Is é is aidhm don tionscamh comhoibríoch seo le haghaidh chuideachtaí earnáil spáis an Aontais malartú dea-chleachtas a spreagadh chun slándáil chórais spáis an Aontais a neartú.

Ar muir, neartaigh an tAontas a ról mar ghníomhaí slándála muirí agus a chaidreamh le comhpháirtithe seachtracha sa réimse sin. Mar phríomhéacht faoin Straitéis Slándála Muirí - oscail i dtáb nua. athbhreithnithe, i mí na Bealtaine rinneadh an chéad chleachtadh slándála muirí a raibh baint ag na Ballstáit, institiúidí an Aontais agus gníomhaireachtaí speisialaithe leis. Díríodh sa chleachtadh ar bhonneagar criticiúil faoin bhfarraige a chosaint agus ar dhul i ngleic le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte in uiscí an Aontais. San áireamh ann rinneadh tástáil ar thionscnamh nua comhroinnte faisnéise - oscail i dtáb nua., agus fuarthas toradh dearfach sa tástáil sin, rud a d’fhág go rabhthas ábalta malartuithe faisnéise fíor-ama slána a dhéanamh idir údaráis mhuirí an Aontais. Tháinig an tionscnamh i bhfeidhm i mí Iúil. Shínigh - oscail i dtáb nua. an Coimisiún comhaontuithe deontais dar luach €142 mhilliún le haghaidh 21 thionscadal arb é is aidhm dóibh cáblaí cnáimhe droma nascachta nua a uasghrádú nó a imscaradh, cáblaí fomhuirí san áireamh.

Gáinneáil ar dhaoine a chomhrac

Gach bliain, déantar gáinneáil ar na mílte duine - oscail i dtáb nua. san Aontas – idir shaoránaigh agus dhaoine ó lasmuigh den Aontas. Tá dlús á chur ag an Aontas agus ag na Ballstáit lena n-iarrachtaí an choireacht thromchúiseach sin a chomhrac. A bhuí lena ngníomhaíocht, gabhadh níos mó ná 450 duine agus urghabhadh €4.1 milliún in 2023, gan trácht ar na bliana eile. Le Treoir athbhreithnithe an Aontais maidir le Frithgháinneáil - oscail i dtáb nua., a tháinig i bhfeidhm i mí Iúil, tugtar isteach rialacha níos láidre chun gáinneáil ar dhaoine a chomhrac. Cuireann sé uirlisí treisithe ar fáil chun cabhrú le húdaráis phoiblí cionta gáinneála a imscrúdú agus a ionchúiseamh, cuireann sé cineálacha nua dúshaothraithe leis an liosta cineálacha atá cumhdaithe cheana féin le dlíthe frithgháinneála an Aontais agus déanann sé imthoisc ghéaraitheach den teacht i dtír gnéasach a dhéantar ar líne. Cinntíonn sé tacaíocht níos fearr d’íospartaigh freisin. Tá suas le 2 bhliain ag na Ballstáit chun a gcuid reachtaíochta náisiúnta a oiriúnú.

  • Rinneadh dúshaothrú saothair ar 41 % d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine.
  • Rinneadh teacht i dtír gnéasach ar 41 % d’íospartaigh na gáinneála ar dhaoine.

Tháinig Grúpa Fócais na nIonchúisitheoirí Speisialaithe in aghaidh Gáinneáil ar Dhaoine - oscail i dtáb nua. le chéile i mí an Mheithimh chun tuairimí, taithí agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le cásanna casta gáinneála ar dhaoine a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Is iad Comhordaitheoir Frithgháinneála an Aontais - oscail i dtáb nua. agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil - oscail i dtáb nua. a eagraíonn na cruinnithe agus is é is aidhm dóibh comhar breithiúnach a neartú i gcásanna gáinneála ar dhaoine trasteorann agus feabhas a chur ar fhreagairt an cheartais choiriúil trí thuiscint níos fearr a fháil ar an gcoireacht sin.

Físeán faoi gháinneáil ar dhaoine san Aontas ina léirítear an dúshaothrú agus an dofheictheacht a mbíonn íospartaigh na gáinneála i ngleic leo. Iarrann sé go ndéanfaí beart chun deireadh a chur leis an ngáinneáil ar dhaoine agus chun tacú leis na híospartaigh.
FÍSEÁN: Tá feachtas an Aontais ‘End human trafficking – Break the invisible chain - oscail i dtáb nua.’ [Deireadh a chur leis an ngáinneáil ar dhaoine – An slabhra dofheicthe a bhriseadh] ag ardú fheasacht an phobail faoin gcineál sin coireachta a bhaineann a gcearta bunúsacha de dhaoine.

Dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí agus na coireachta eagraithe

Tá an gháinneáil ar dhrugaí ar cheann de na príomhbhagairtí ar shlándáil inmheánach an Aontais, agus tuairiscítear go bhfuil 40 % de na heagraíochtaí coiriúla atá lonnaithe san Aontas bainteach leis an trádáil neamhdhleathach drugaí agus léi sin amháin. Chun cabhrú le dul i ngleic le bagairtí drugaí atá ag teacht chun cinn, sheol an tAontas Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh - oscail i dtáb nua. i mí Iúil. Tá cumhachtaí níos mó ag an ngníomhaireacht nua, a chuireann leis an méid atá bainte amach ag an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí, ná mar a bhí ag a réamhtheachtaí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo maidir le drugaí san Aontas. Cuirfidh obair na gníomhaireachta feabhas ar luathbhrath substaintí contúirteacha. Ina theannta sin, cruthóidh an ghníomhaireacht líonra de shaotharlanna fóiréinseacha, rud a chuirfidh feabhas ar fhreagairt na hEorpa ar eipidéimí nua drugaí. Rachaidh sé i ngleic leis na dúshláin chasta a ghabhann leis an gcoireacht a bhaineann le drugaí freisin, leis na tionchair ar an tsláinte agus leis na costais shóisialta a cuireadh i dtábhacht sa Tuarascáil Eorpach um Dhrugaí 2024: - oscail i dtáb nua. Treochtaí agus forbairtí - oscail i dtáb nua..

Ylva Johansson ina seasamh os comhair comhartha de chuid Ghníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh.
Ylva Johansson, an Coimisinéir Eorpach um Ghnóthaí Baile ag an am, lasmuigh de cheanncheathrú nua Ghníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh, Liospóin, an Phortaingéil, an 3 Iúil 2024.

Mar thoradh ar chur chun feidhme Threochlár an Aontais chun Gáinneáil ar Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe a Chomhrac - oscail i dtáb nua., bhí roinnt tionscnamh ann atá ag cuidiú le cur isteach ar líonraí coiriúla. Mar shampla, seoladh Comhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí Chomhghuaillíocht na gCalafort Eorpach - oscail i dtáb nua. i mí Eanáir chun calafoirt a chosaint ar gháinneáil ar dhrugaí agus ar insíothlú coiriúil trí bhainistiú riosca, forfheidhmiú an dlí agus comhoibriú idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach a fheabhsú.

Ina theannta sin, cruthaíodh an Líonra Breithiúnach Eorpach um an gCoireacht Eagraithe - oscail i dtáb nua., le tacaíocht ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil, chun feabhas a chur ar mhalartú faisnéise agus dea-chleachtas i measc ionchúisitheoirí.

Físeán faoin obair a rinne an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla in 2023, ina léirítear iarrachtaí ar an gcoireacht eagraithe, an gháinneáil ar dhrugaí agus smuigleáil daoine san Aontas a chomhrac. Dírítear aird ann ar ghabhálacha, urghabhálacha agus oibríochtaí a rinneadh i gcoinne líonraí coiriúla ardriosca agus tacaíocht á tabhairt ag an am céanna do réigiúin eile ar nós na mBalcán Thiar agus Mheiriceá Laidinigh.
FÍSEÁN: Torthaí 2023 ón Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla.

Oibríonn údaráis forfheidhmithe dlí ar fud an Aontais le chéile chun gáinneáil ar dhrugaí agus coireacht eagraithe a chomhrac tríd an Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla - oscail i dtáb nua.. In 2023, rinne na Ballstáit breis agus 13,800 gabháil agus urghabháil, le tacaíocht ón gCoimisiún agus ó ghníomhaireachtaí an Aontais, arbh fhiú beagnach €800 milliún iad, 197 dtona drugaí san áireamh.

Cuireann bearta aisghabhála sócmhainní ar a gcumas d’údaráis forfheidhmithe dlí líonraí d’eagraíochtaí coiriúla san Aontas agus níos faide i gcéin a nochtadh agus deireadh a chur leo. Is é is aidhm do dhlí nua - oscail i dtáb nua. a glacadh in 2024 a chinntiú nach féidir le coirpigh brabúis aindleathacha a choinneáil. Leis an tacar cuimsitheach rialacha, tugtar aghaidh ar aisghabháil sócmhainní ó thús an phróisis go dtí an deireadh – ó rianú, sainaithint, reo agus bainistiú sócmhainní go dtí a gcoigistiú agus a ndiúscairt deiridh. Idir an dá linn, tháinig rialacha nua - oscail i dtáb nua. i bhfeidhm i mí Iúil a thabharfaidh rochtain níos tapúla d’údaráis forfheidhmithe dlí ar fhaisnéis airgeadais. Cuideoidh siad leis na húdaráis imscrúduithe airgeadais a dhéanamh trína chur ar a gcumas a shainaithint an bhfuil cuntais bhainc i mBallstáit eile ag duine atá faoi dhrochamhras.

Mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar an gcoireacht trasteorann, is minice ná riamh a bhíonn ar an Aontas aghaidh a thabhairt ar chásanna ina bhfuil an dlínse ag roinnt Ballstát an cás céanna a ionchúiseamh. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le hionchúisimh iomadúla, mar chuid de straitéis an Aontais chun an choireacht eagraithe a chomhrac, glacadh rialacha nua - oscail i dtáb nua. in 2024 lena leagtar amach creat dlíthiúil chun imeachtaí coiriúla a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.

Gníomhaíocht chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac

Is ábhar imní sna Ballstáit agus níos faide i gcéin é an radacú as a n-eascraíonn an t-antoisceachas foréigneach agus an sceimhlitheoireacht. I mí an Mheithimh, sheol an Coimisiún Mol Eolais an Aontais maidir leis an Radacú a Chosc - oscail i dtáb nua., ardán líonraithe le haghaidh comhar trasteorann, moltaí beartais agus uirlisí coiscthe.

Mar chuid den phróiseas chun an radacú a chosc - oscail i dtáb nua., baintear ábhar sceimhlitheoireachta ar líne - oscail i dtáb nua. anuas. Léirítear - oscail i dtáb nua. i dtuarascáil - oscail i dtáb nua. ar chur chun feidhme an Rialacháin maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne go raibh an méid sin éifeachtach ó thaobh ábhar antoisceach a bhaint. Ó tháinig an rialachán i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2022, eisíodh níos mó ná 1,200 ordú chun ábhar a bhaint anuas. Leis an rialachán, cuirtear d’oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas a luaithe is féidir, agus in aon chás laistigh d’uair an chloig tar éis ordú baint anuas a fháil ó údarás inniúil náisiúnta.

Glacadh rialacha nua - oscail i dtáb nua. in 2024 lena leagtar síos an íosdoimhneacht le haghaidh marcálacha ar airm thine. Cuirfidh sé sin feabhas ar inrianaitheacht arm tine ar fud an Aontais, rud a chuideoidh le himscrúduithe agus a chuirfidh an trádáil shábháilte chun cinn. Tháinig Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú - oscail i dtáb nua. i mí an Mhárta maidir le rialacha nua agus níos láidre i dtaca le hiompórtáil, easpórtáil agus idirthuras arm tine sibhialtach. Leis an tionscnamh seo, tugtar isteach nósanna imeachta comhchuibhithe agus ceadúnú digiteach, rud a fheabhsaíonn inrianaitheacht agus a chuireann bac ar choireacht eagraithe.

I mí na Bealtaine 2024, ghlac an tAontas 10 bpíosa reachtaíochta go foirmiúil arb ionann iad le chéile agus an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann - oscail i dtáb nua.. Leis an tacar rialacha nua sin, cuirtear le tograí athchóirithe a bhí ann roimhe seo agus leasaítear iad. Is cur chuige cuimsitheach é sin arb é is aidhm dó príomhbheartais an Aontais maidir le himirce, tearmann, bainistiú teorainneacha agus lánpháirtiú a neartú agus a chomhtháthú.

Den chéad uair riamh, beidh buansásra dlúthpháirtíochta éigeantach i bhfeidhm ag an Aontas, rud a chiallaíonn nach bhfágfar aon Bhallstát a bhfuil brú tobann imirce air san fhaopach chun an cás a bhainistiú ina aonar. Tá an imirce ina dlúthchuid de chaidreamh dlúth an Aontais le comhpháirtithe ar fud an domhain, ós rud é go n-oibríonn an tAontas leo chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta, chun smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac agus chun bealaí dlíthiúla chuig an Aontas a chur chun cinn.

Tar éis theacht i bhfeidhm na rialacha nua i mí an Mheithimh, tá go dtí lár 2026 ag na Ballstáit chun an creat nua a chur i bhfeidhm. Chun tacú leis na Ballstáit an comhshocrú a chur chun feidhme, chuir an Coimisiún plean coiteann cur chun feidhme - oscail i dtáb nua. i láthair ina leagtar amach garspriocanna do bhearta an Aontais agus do bhearta náisiúnta chun an comhshocrú a chur i bhfeidhm sa 2 bhliain atá romhainn. Bunaithe air sin, d’ullmhaigh na Ballstáit pleananna náisiúnta cur chun feidhme, a bhí le cur isteach faoin 12 Nollaig.

Fuair naoi mBallstát comhairle theicniúil shaincheaptha - oscail i dtáb nua. chun cuidiú lena bpleananna cur chun feidhme náisiúnta don Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann a fhorbairt. Leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil - oscail i dtáb nua., a chabhraíonn leis na Ballstáit athchóirithe a cheapadh agus a chur chun feidhme, cuireadh tacaíocht agus treoir ar fáil i bpríomhréimsí a bhaineann leis an reachtaíocht nua, cuir i gcás próisis oibríochtúla, roghanna beartais agus úsáid straitéiseach chistí an Aontais. Leanfaidh an tionscadal suaitheanta de thacaíocht a thabhairt - oscail i dtáb nua. do na Ballstáit in 2025.

Físeán faoi Chomhshocrú an Aontais maidir le hImirce agus Tearmann, ina mínítear an plean le haghaidh bainistiú imirce cothrom éifeachtúil. Cumhdaítear ann teorainneacha slána, nósanna imeachta tearmainn agus fillte níos tapúla, tacaíocht do dhaoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit. Chomh maith leis sin, neartaíonn an comhaontú comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta chun imirce neamhrialta a chosc agus chun bealaí dleathacha a chur chun cinn.
FÍSEÁN: An Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann; conas a rinneadh é.

Cé go gcuirtear réiteach inbhuanaithe fadtéarmach ar fáil leis an tsraith iomlán athchóirithe imirce agus tearmainn, cuireadh bearta nithiúla oibríochtúla i bhfeidhm ar an láthair freisin chun dul i ngleic le dúshláin láithreacha agus leanúnacha. Sheol an tAontas ceithre phlean gníomhaíochta - oscail i dtáb nua. atá dírithe ar bhealaí imirce sonracha, is iad sin an Mheánmhuir Thoir, an Mheánmhuir Thiar agus an tAtlantach, na Balcáin Thiar agus bealaí na Meánmhara Láir, mar aon le plean 10 bpointe d’oileán Lampedusa na hIodáile. Leis na tionscnaimh sin, cuireadh bearta nithiúla i bhfeidhm, cuir i gcás tacaíocht airgeadais do na Ballstáit agus bearta chun bainistiú teorainneacha a neartú.

Ó bhí 2022 ann, tríd an Sásra Dlúthpháirtíochta Deonach - oscail i dtáb nua. lena dtugtar tacaíocht do na Ballstáit is mó atá thíos leis an mbrú imirce, athshocraíodh breis agus 5,000 iarrthóir tearmainn - oscail i dtáb nua. chuig tíortha eile san Eoraip. Bunaíodh é mar chéim i dtreo buansásra um athshocrú i measc na mBallstát. Ó lár 2026 ar aghaidh, beidh an t-athshocrú ar cheann de na cineálacha beart dlúthpháirtíochta ar féidir leis na Ballstáit is rannchuiditheoirí roghnú uathu faoin gcreat nua dlúthpháirtíochta. D’fhéadfaidís ranníocaíochtaí airgeadais nó bearta malartacha dlúthpháirtíochta a sholáthar freisin (i.e. tacaíocht foirne agus cabhair chomhchineáil).

Dul i ngleic leis an imirce neamhrialta

Measann Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí - oscail i dtáb nua. go dtagann níos mó ná 90 % d’imircigh neamhrialta isteach san Aontas le cúnamh ó smuigléirí. Tá dlúthnasc idir líonraí smuigleála agus cineálacha eile coireachta tromchúisí agus eagraithe, lena n-áirítear an sceimhlitheoireacht, gáinneáil ar dhaoine agus sciúradh airgid, rud a chuireann leis an bpráinn atá le gníomhaíocht agus le comhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta.

Tá caibidlíocht fós ar siúl maidir le tacar tionscnamh a moladh in 2023 chun creat dlíthiúil an Aontais, atá 20 bliain d’aois, a thabhairt cothrom le dáta - oscail i dtáb nua. chun smuigleáil imirceach a chomhrac agus chun na rialacha maidir le comhar póilíneachta a neartú - oscail i dtáb nua. chun pionóis do smuigléirí a chomhchuibhiú, chun borradh a chur faoi acmhainní agus chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí. Ina theannta sin, tá an Comhaontas Domhanda chun Smuigleáil Imirceach a Chomhrac - comhad PDF, oscail i dtáb nua., a seoladh in 2023, ag neartú an chomhair le tíortha comhpháirtíochta maidir le cosc, freagairt, cosaint agus roghanna malartacha ar an imirce neamhrialta.

Sheol an tAontas roinnt tionscnamh chun cur i gcoinne smuigleáil imirceach, comhthionscadail comhpháirtíochta oibríochtúla - oscail i dtáb nua. san áireamh, lena dtugtar le chéile údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha, lena n-ardaítear feasacht faoi na rioscaí a bhaineann leis an imirce neamhrialta agus lena gcuirtear faisnéis ar fáil maidir le roghanna malartacha i ndáil leis an imirce dhleathach. Sheol an Grúpa Teagmhála Eorpach um Chuardach agus Tarrtháil san Iodáil treoirthionscadal sa Mheánmhuir Láir chun feasacht a mhúscailt.

Tá sé léirithe le roinnt blianta anuas gur féidir le dúshláin shuntasacha a bhaineann leis an imirce neamhrialta agus leis an tslándáil teacht chun cinn do dhaoine a thagann isteach san Aontas gan víosa. Mar shampla, is dúshlán iad na scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí, a reáchtálann tíortha atá saor ó víosa lasmuigh den Aontas Eorpach chun infheistíocht a mhealladh trí shaoránacht nó cearta cónaithe a bhronnadh ar infheisteoirí sa tír lena mbaineann. I mí na Bealtaine, mhol - oscail i dtáb nua. an Coimisiún an ceanglas víosa a thabhairt isteach arís go buan do shaoránaigh Vanuatú tar éis dó a mheas gur riosca do shlándáil an Aontais agus a Bhallstát a bhí sa scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí a bhí an tír sin a reáchtáil.

Filleadh na n-imirceach neamhrialta a bhainistiú

Ní mór do chóras imirce a fheidhmíonn foráil a dhéanamh maidir le filleadh éifeachtach na ndaoine sin nach bhfuil aon cheart dlíthiúil acu fanacht san Aontas. Leis an Treochlár um Fhilleadh - oscail i dtáb nua. agus le tacaíocht ón gComhordaitheoir um Fhilleadh - oscail i dtáb nua., tá gníomhaíocht ar bun chun cabhrú leis na Ballstáit dlús a chur leis an bpróiseas sin agus athimeascadh fillithe a éascú. Má bhaintear úsáid níos minice as aitheantas frithpháirteach do chinntí um fhilleadh, cuideoidh sin le dlús a chur leis an bpróiseas, mar aon le tacaíocht mhéadaithe ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta - oscail i dtáb nua.. Cuireadh maoiniú dar luach €25 mhilliún ar fáil faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht - oscail i dtáb nua. chun cabhrú leis na Ballstáit lena gcláir um fhilleadh deonach.

Bealaí sábháilte dlíthiúla chun na hEorpa

Leis an Rialachán lena mbunaítear Creat an Aontais um Athlonnú agus um Ligean Isteach - oscail i dtáb nua., a tháinig i bhfeidhm i mí an Mheithimh mar chuid den Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann, cuirtear creat buan i bhfeidhm maidir le feabhas a chur ar bhealaí sábháilte dlíthiúla chun an Aontais dóibh siúd a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu. Leis sin, cuirfear nós imeachta aontaithe ar fáil le haghaidh oibríochtaí athlonnaithe agus oibríochtaí um ligean isteach ar fhoras daonnúil de réir plean dhá bhliain, lena socrófar an líon dídeanaithe a ligfear isteach san Aontas. Tacóidh Coiste Ardleibhéil nuabhunaithe um Athlonnú agus um Ligean Isteach ar Fhoras Daonnúil - oscail i dtáb nua. leis an gCoimisiún an córas nua a chur ag obair.

Ó bhí 2015 ann, chuidigh scéimeanna um athshocrú arna n-urrú ag an Aontas, a raibh líon suntasach Ballstát páirteach iontu, le breis agus 128,000 daoine leochaileacha a raibh cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu dídean a fháil san Aontas. Don tréimhse 2024–2025 tá breis agus 61,000 áit geallta ag 14 Bhallstát - comhad PDF, oscail i dtáb nua. faoin scéim seo.

Sa bhreis ar bheartais chun cabhrú leo siúd a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, le beartais imirce dhea-bhainistithe a chuireann roghanna malartacha dlíthiúla ar fáil do dhaoine atá le teacht chuig an Aontas, cuirtear borradh faoin ngeilleagar agus neartaítear an comhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta. Gach bliain, tagann idir 3 mhilliún agus 3.5 milliún náisiúnach tríú tír chuig an Aontas chun cónaí ann go dlíthiúil, rud a dhéanann siad le haghaidh oibre den chuid is mó. Cuidíonn siad ó thaobh freagairt do riachtanais i margadh saothair an Aontais nach bhfuil sásaithe go hiomlán ag oibrithe an Aontais. I gcás gairmeacha áirithe a bhíonn thíos de shíor le ganntanas oibrithe, rud atá ag teacht i dtreis is ea bearnaí tábhachtacha a bheith á líonadh ag náisiúnaigh tríú tír atá fostaithe san Aontas.

  • Is saoránaigh nach den Aontas iad breis agus 27 milliún duine atá ina gcónaí san Aontas – thart ar 6 % den daonra iomlán.

Athdhearbhaíodh i bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le Ganntanais Saothair agus Scileanna - oscail i dtáb nua. (féach Caibidil 6) a thábhachtaí atá bearta maidir le tallann a mhealladh, lena leagtar amach tosaíochtaí sa réimse sin. Mar chuid de na hiarrachtaí chun scileanna agus tallann a mhealladh, glacadh athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cead Aonair - oscail i dtáb nua. i mí Aibreáin. Leis an treoir sin bunaítear nós imeachta simplithe maidir le hiarratas a dhéanamh, agus cead aonair amháin maidir leis an gceart atá ag náisiúnaigh tríú tír oibriú san Aontas agus fanacht ann. Leis na rialacha nua, ráthaítear cosaint agus cóir chothrom chomhionann d’oibrithe nach oibrithe de chuid an Aontais iad. Ní bheidh an cead sin nasctha le fostóir aonair ar leith. Fágann sé sin go mbeidh oibrithe neamh-AE in ann dul ó phost go chéile, rud a thabharfaidh níos mó solúbthachta dóibh maidir le bheith ag obair agus ina gcónaí san Aontas le linn thréimhse bailíochta an cheada.

Lean an tAontas dá chuid oibre maidir leis na comhpháirtíochtaí tallainne a seoladh cheana leis an Éigipt, le Maracó agus leis an Túinéis a oibríochtú. Ina theannta sin, sheol an tAontas cláir nua leis an mBanglaidéis - oscail i dtáb nua. agus leis an bPacastáin - oscail i dtáb nua. mar chuid dá rannpháirtíocht fhoriomlán leis na tíortha sin maidir le bainistiú imirce. Leis an tionscnamh, neartaítear bealaí dlíthiúla chun an Aontais trí thacú le soghluaisteacht idirnáisiúnta an lucht saothair i gcás oibrithe oilte, rud a dhéanfar trí chomhoiriúnú níos fearr i margadh an tsaothair.

Tá limistéar Schengen anois ar an limistéar saorthaistil is mó ar domhan. Agus an Bhulgáir agus an Rómáin ag teacht isteach ann in 2024, d’fhás sé chun achar 4.5 milliún ciliméadar cearnach a chlúdach, le daonra 458 milliún duine. Agus aitheantas á thabhairt don mhéid a chuir an dá Bhallstát sin le feidhmiú limistéar Schengen, cuireadh deireadh le rialuithe ag teorainneacha aeir agus farraige an 31 Márta. I mí na Nollag, chomhaontaigh na Ballstáit d’aon toil - oscail i dtáb nua. deireadh a chur leis na rialuithe ag teorainneacha inmheánacha talún an dá thír ón 1 Eanáir 2025, agus a n-iontráil iomlán i limistéar Schengen á cur i gcrích acu.

Limistéar Schengen nach ndéantar seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha ann, is gné lárnach de teorainneacha seachtracha an Aontais a bhainistiú go héifeachtach. Neartaigh an Bhulgáir agus an Rómáin an comhar maidir le bainistiú teorainneacha - oscail i dtáb nua. chun tacú lena n-aontachas le limistéar Schengen. Ina theannta sin, rannchuideoidh an dá Bhallstát sin le hiarrachtaí comhpháirteacha Eorpacha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirce agus chun cur le slándáil an Aontais ag teorainneacha seachtracha trí chreataí comhair aonair.

In 2024, rinne an tAontas athbhreithniú ar Chód Teorainneacha Schengen - oscail i dtáb nua. chun rialachas limistéar Schengen a neartú agus chun gur fearr an cumas a bheidh ag na Ballstáit déileáil le dúshláin ag teorainneacha seachtracha an Aontais agus le bagairtí sláinte agus slándála trasteorann. Leis na rialacha athbhreithnithe, déantar beart na rogha deiridh de rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, cuirtear roghanna malartacha chun cinn agus tugtar isteach sásra aistrithe le haghaidh gluaiseachtaí neamhrialta. Téann siad i ngleic le hionstraimiú imirceach ag teorainneacha seachtracha an Aontais tríd an deis a thabhairt do na Ballstáit teorainn a chur le líon na bpointí trasnaithe teorann nó a n-uaireanta oscailte a laghdú. Chomh maith leis sin, fágann na rialacha gur féidir tabhairt faoi bhearta feabhsaithe maidir le faireachas ar theorainneacha. Tá curtha ag an gCoimisiún le tacaíocht - oscail i dtáb nua. do na Ballstáit le haghaidh cur i gcoinne bagairtí hibrideacha a eascraíonn ón Rúis agus ón mBealarúis a bheith ag úsáid na himirce mar uirlis troda, agus le haghaidh an tslándáil a neartú ag teorainneacha seachtracha an Aontais.

Sa Tuarascáil is déanaí ar Staid Schengen - oscail i dtáb nua., rinneadh measúnú ar na forbairtí a thit amach le bliain roimhe sin agus leagadh síos na príomhthosaíochtaí le haghaidh 2024 agus 2025. Léiríodh sa tuarascáil gur eisíodh os cionn 10 milliún víosa Schengen in 2023 agus gur thug níos mó ná leathbhilliún paisinéir cuairt ar limistéar Schengen, ag sroicheadh 92 % de na leibhéil a bhí ann roimh COVID-19. Chuir sé sin go mór le geilleagar an Aontais, toisc go soláthraíonn an turasóireacht beagnach 10 % d’olltáirgeacht intíre an Aontais agus go gcuireann sí poist ar fáil do thart ar 22.6 milliún duine.

Tacaíocht láidir ó shaoránaigh agus ó ghnólachtaí do limistéar Schengen

Measann 63 % de dhaoine san Aontas gurb é an phríomhthosaíocht atá ag an Aontas go dtí 2030 an comhar laistigh de limistéar Schengen a threisiú.

Dúirt 33 % de ghnólachtaí go laghdaíonn limistéar Schengen costais mar gheall ar easpa rialuithe ag teorainneacha inmheánacha.

Aontaíonn 83 % de chuideachtaí go bhfuil limistéar Schengen go maith do ghnólachtaí agus aithníonn 81 % é mar cheann de na héachtaí is mó atá bainte amach ag an Aontas.

Nósanna imeachta nua maidir le taisteal chun na hEorpa

Córas TF uathoibrithe is ea an Córas Dul Isteach/Imeachta - oscail i dtáb nua. lena gclárófar náisiúnaigh neamh-AE a thaistealaíonn le haghaidh tréimhse gearrfhanachta gach uair a thrasnaíonn siad teorainneacha seachtracha aon cheann de na Ballstáit nó aon cheann de na tíortha atá comhlachaithe le Schengen. Is córas é trína gcuirfear clárú digiteach in ionad stampáil pasanna de láimh. Cuidiú a bheidh ann ó thaobh rófhantóirí a bhrath, comhroinnt faisnéise fíor-ama a chinntiú, agus cur leis an tslándáil trí chalaois aitheantais a chosc. Ina theannta sin, fágfaidh sé go bhféadfar rialuithe teorann a uathoibriú, rud a chuirfidh dlús de réir a chéile leis na seiceálacha ag na teorainneacha seachtracha, agus déanfar an taisteal a éascú agus eispéireas na dtaistealaithe a fheabhsú dá réir. Céim thábhachtach atá sa Chóras Dul Isteach/Imeachta (EES) i dtreo rialú teorann digitithe Eorpach a bhaint amach, rud a threiseoidh a thuilleadh le cur chuige an Aontais maidir le bainistiú comhtháite teorainneacha. I mí na Nollag, thíolaic an Coimisiún togra - oscail i dtáb nua. le haghaidh tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí an Chórais Dul Isteach/Imeachta. Nuair a bheidh sé sin formheasta agus nuair a bheidh dáta tosaigh socraithe, beidh 6 mhí ag na Ballstáit chun an córas a chur in úsáid.

Réiteoidh an córas nua seo an bealach don Chóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil - oscail i dtáb nua., rud a shimpleoidh an taisteal do na milliúin cuairteoirí ó lasmuigh den Aontas go luath. Ach a mbeidh an córas sin á oibriú, taistealaithe nach bhfuil víosa de dhíth orthu chun dul isteach in 30 tír Eorpach - oscail i dtáb nua., beidh orthu iarratas a dhéanamh ar údarú taistil tríd an gcóras céanna. Beidh an t-údarú sin nasctha le pas an taistealaí, agus beidh sé bailí ar feadh suas le 3 bliana nó go dtí go rachaidh an pas in éag, cibé acu is túisce.

Is tionscnamh nua é seo chun pasanna agus cártaí aitheantais a dhigitiú, agus is é is aidhm dó taisteal trasna an Aontais a dhéanamh níos tapúla agus níos rianúla do shaoránaigh an Aontais agus do dhaoine nach saoránaigh den Aontas iad araon. I mí Dheireadh Fómhair, thíolaic an Coimisiún tograí - oscail i dtáb nua. le haghaidh creat coiteann maidir le dintiúir taistil dhigiteacha a úsáid, agus feidhmchlár AE nua um Thaisteal Digiteach chun na dintiúir sin a stóráil.

Sna 5 bliana atá imithe tharainn, chonacthas sraith dúshlán nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, dúshláin a d’imir tionchar mór ar shláinte na ndaoine san Aontas agus níos faide i gcéin, agus a bhfuil tionchar mór á imirt acu uirthi i gcónaí. Léirigh an méid sin nach féidir beartas sláinte an Aontais a shrianadh a thuilleadh de réir na dteorainneacha a bhí leis roimh an bpaindéim, agus go bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach ar leibhéal an Aontais ríthábhachtach ar mhaithe le dea-bhail shochaí na hEorpa. Inniu, faoi scáth Aontas Sláinte Eorpach - oscail i dtáb nua. níos láidre, tá na Ballstáit uile ag obair as lámh a chéile, i réimsí ina bhfuil gá le gníomhaíocht chomhpháirteach Eorpach, chun ullmhú do ghéarchéimeanna sláinte agus chun freagairt dóibh. Tá siad ag cinntiú freisin go bhfuil soláthairtí leighis ar fáil agus gur praghas réasúnta atá orthu, agus tá siad ag cur feabhas ar chosc galar ar nós ailse, chomh maith cóireáil agus iarchúram i leith na ngalar sin.

Plean Sáraithe Ailse na hEorpa

3 bliana tar éis a ghlactha, tá tionchar dearfach á imirt cheana féin ag Plean Sáraithe Ailse na hEorpa - oscail i dtáb nua. ar shaol an-chuid daoine, rud atá sé a dhéanamh trí bhealach a réiteach i dtreo cosc, luathbhrath, cóireáil agus cúram níos fearr, agus trí chur leis an gcáilíocht saoil atá ag othair ailse agus ag daoine a tháinig slán ón ailse.

Cé na bealaí a bhfuil difear á dhéanamh ag Plean Sáraithe Ailse na hEorpa?
  • Táthar ag teacht ar thuiscint níos fearr ar an ailse a bhuí leis an taighde agus leis an nuálaíocht.
  • Tá feabhas tagtha ar an bprognóis agus tá roghanna cóireála breise ann a bhuí toisc a bhuí leis an luathbhrath.
  • Cuirtear stop leis an ailse sula dtosaíonn sí a bhuí le hiarrachtaí coisctheacha.
  • Tá an cúram ailse á fheabhsú agus tá an neamhionannas á laghdú, mar go bhfuil an ceart ag gach duine fáil a bheith aige ar chúram sláinte ardcháilíochta, inacmhainne, coisctheach, íceach.

Is é is aidhm do cheann de thionscnaimh shuaitheanta ailse an Aontais aghaidh a thabhairt ar ailsí is féidir a chosc le vacsaíniú, is é sin le rá, ailsí a eascraíonn ón bpapalómaivíreas daonna (HPV) agus ó víreas heipitíteas B (HBV). Le bheith cruinn beacht faoi, iarrtar i bPlean Sáraithe Ailse na hEorpa go ndéanfaí 90 % ar a laghad de spriocphobal cailíní an Aontais a vacsaíniú, agus go ndéanfaí an ráta vacsaínithe a mhéadú go mór i measc buachaillí. Ina theannta sin, ba cheart bearta a bheith ann a thabharfadh rochtain níos fearr do dhaoine ar vacsaíniú i gcoinne HBV, ionas gur mó an líon daoine a gheobhaidh an vacsaín sin, agus go gcoscfar ailse ae dá bharr. Tá difríochtaí suntasacha idir codanna éagsúla den Aontas ó thaobh rátaí cumhdaigh de, áfach. Faoi láthair, tá cumhdach vacsaínithe HPV do chailíní i bhfad faoi bhun 50 % i roinnt mhaith Ballstát, agus níl ach sonraí teoranta ar fáil do bhuachaillí agus do dhaoine fásta óga, agus tá easpa shuntasach sonraí ann maidir le rátaí vacsaínithe HBV.

Papalómaivíreas daonna
  • Seo é an t-ionfhabhtú víreasach is coitianta a bhuaileann an córas atáirgthe, agus bíonn idir mhná agus fhir thíos le raon riochtaí sláinte dá dheasca, ar a n-áirítear loit réamhailseacha a bhféadfadh ailse a bheith mar thoradh orthu.
  • Meastar go dtarlaíonn 28,600 cás ailse ceirbheacs agus 13,700 bás gach bliain i mBallstáit an Aontais/i dtíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch.
  • trí vacsaín údaraithe san Aontas Eorpach.
  • Moltar iad d’ógánaigh agus do réamhógánaigh, idir bhuachaillí agus chailíní.
  • Is é an cuspóir atá ann 90 % ar a laghad de spriocphobal cailíní an Aontais a vacsaíniú go hiomlán agus vacsaíniú buachaillí a mhéadú go suntasach faoi 2030, chun deireadh a chur ar deireadh thiar le hailse cheirbheacs agus ailsí eile arb é HPV is cúis leo.
Víreas heipitíteas B
  • Ceann na cúiseanna is mó atá le galar ainsealach ae, le ciorróis, agus le hailse ae is ea ionfhabhtú ainsealach leis an víreas sin.
  • Meastar go bhfaigheann 64,000 duine bás gach bliain mar gheall ar ghalair arb é HBV agus víreas heipitíteas C is cúis leo ar fud an Aontais/an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch agus na Ríochta Aontaithe.
  • 12 vacsaín údaraithe san Aontas.
  • Is vacsaíní iad sin le haghaidh naíonán, le haghaidh daoine fásta atá go mór i mbaol, agus atá faoi mhíbhuntáiste i gcásanna áirithe, agus le haghaidh gairmithe sláinte.
  • Is é an sprioc atá ann borradh a chur faoin vacsaíniú i gcomhréir leis an sprioc atá ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) deireadh a chur faoi 2030 leis an mbagairt don tsláinte phoiblí a eascraíonn ó heipitíteas víreasach i Réigiún Eorpach EDS.

Tá sé molta do na Ballstáit - oscail i dtáb nua. dlús a chur le glacadh na vacsaíní sin, feabhas a chur ar an bhfaireachán i leith rátaí vacsaínithe, agus dul chun comhraic le mífhaisnéis agus le bréagaisnéis. Moltar do na Ballstáit freisin a chinntiú go bhfuil vacsaíní saor in aisce agus sorochtana, agus cur leis na hiarrachtaí atá ar bun chun spriocanna EDS don Eoraip i gcomhair 2030 a bhaint amach.

Tá an tobac ar cheann de na tosca riosca is mó dá bhfuil ann maidir leis an ailse, agus i gcás os cionn an cheathrú cuid den líon daoine ar cúis bháis dóibh an ailse san Aontas, san Íoslainn agus san Iorua, is é an tobac an chionsiocair atá luaite lena mbás. In 2024, rinne an tAontas gníomhaíocht chun cosaint níos fearr a thabhairt do dhaoine, go háirithe leanaí, ar dheatach athláimhe agus ar aerasóil agus chun sprioc Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa a bhaint amach, is é sin glúin saor ó thobac a chruthú faoi 2040, agus níos lú ná 5 % den daonra ag úsáid táirgí tobac. I mí na Nollag, glacadh moladh athbhreithnithe - oscail i dtáb nua. do na Ballstáit i mí na Nollag arb é is aidhm dó beartais um thimpeallacht saor ó thobac a leathnú ionas go gcumhdófar limistéir ríthábhachtacha amuigh faoin aer, iad seo a leanas cuir i gcás – clóis súgartha phoiblí, foirgnimh phoiblí, stadanna iompair, agus limistéir lasmuigh d’áitribh cúraim sláinte agus áitribh oideachais.

In ainneoin an róil ríthábhachtaigh atá ag an gcúram maolaitheach maidir leis an gcáilíocht saoil a fheabhsú, is minic stiogma agus míthuiscint ann ina leith. An Chomhdháil um Chúram Maolaitheach Nuálach do Dhaoine a bhfuil Ailse orthu, a tionóladh i mí Dheireadh Fómhair, ba é ab aidhm di aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin tríd an ngá atá le cúram maolaitheach ceart ar fud na hEorpa a chur in iúl do shaoránaigh agus do lucht déanta beartas.

Stella Kyriakides ag siúl i measc slua daoine a bhfuil t-léinte bána agus scairfeanna bándearga orthu, agus gearrthóga bándearga i gcruth ban á n-iompar in airde sa slua.
Stella Kyriakides, an Coimisinéir Eorpach um Shláinte agus Sábháilteacht Bia ag an am, ag freastal ar Shiúlóid Scáthchrutha Bhándeirg Europa Donna na Cipire, imeacht a reáchtáladh mar chuid den Mhí um Fheasacht ar Ailse Cíche. An Niocóis, an Chipir, an 5 Deireadh Fómhair 2024.

Dul i ngleic leis an meabhairshláinte

Sa saol casta seo a bhíonn ag athrú de shíor, tá folláine mheabhrach na ndaoine faoi bhrú nach beag. I gcur chuige cuimsitheach an Aontais i leith na meabhairshláinte, a glacadh i mí an Mheithimh 2023, leagadh amach 20 tionscnamh suaitheanta agus deiseanna maoinithe ar leibhéal an Aontais arbh fhiú €1.23 billiún iad, chun na páirtithe go léir a thabhairt le chéile i bhfianaise an dúshláin seo atá ag dul i méid. Ó seoladh an cur chuige cuimsitheach, tá dul chun cinn suntasach déanta ó thaobh gníomhaíocht chomhpháirteach sna Ballstáit éagsúla maidir leis an meabhairshláinte, chun dea-mheabhairshláinte a chur chun cinn agus chun tacú leis na daoine is leochailí.

Dea-mheabhairshláinte a chur chun cinn, cosc, agus idirghabháil luath

An tionscadal Meabhairshláinte Le Chéile - comhad PDF, oscail i dtáb nua.: comhar idir na Ballstáit chun an cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

Bosca uirlisí um chosc le haghaidh leanaí a fhorbairt i gcomhar le UNICEF, lena rachfar i ngleic le deitéarmanaint ríthábhachtacha ó thaobh na sláinte de, agus leis na ceangail idir an mheabhairshláinte agus an tsláinte fhisiciúil.

Stóras de dhea-chleachtais agus de chinn a bhfuil gealladh fúthu i dtaca le cur chun cinn, cosc, luathbhrath agus idirghabháil luath ar an Tairseach AE um Dhea-Cleachtais maidir leis an tSláinte Phoiblí - oscail i dtáb nua..

An feachtas ‘Áiteanna oibre sláintiúla’ maidir le tionchar na dteicneolaíochtaí digiteacha nua, feachtas atá á reáchtáil ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair. - oscail i dtáb nua.

Tionscadal de chuid na Comhghuaillíochta Eorpaí i gcoinne an Dúlagair - oscail i dtáb nua. lena gcuirtear dea⁠-⁠chleachtais chun feidhme maidir leis an bhféinmharú a chosc.

Cabhrú leo siúd atá i ngátar, grúpaí leochaileacha agus leanaí ina measc

Tionscadal arna mhaoiniú ag an Aontas i gcomhar le Cónaidhm Idirnáisiúnta Chumainn na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg - oscail i dtáb nua. chun tacaíocht gharchabhrach shíceolaíoch a chur ar fáil do dhaoine easáitithe na hÚcráine agus dóibh siúd atá thíos leis an staid sa tír.

Moladh ón gCoimisiún - oscail i dtáb nua. maidir le córais chomhtháite cosanta leanaí agus Treoir athbhreithnithe maidir le Cearta Íospartach.

€14.5 milliún do thionscadail arna gcur chun feidhme ag páirtithe leasmhara, lena n-áirítear ceithre cinn atá dírithe ar dhídeanaithe ón Úcráin - oscail i dtáb nua. (Well-U, Peace of Mind, MESUR agus U-Rise), ceann amháin maidir le cosaint leanaí sa Phortaingéil (Let’s Talk about Children - oscail i dtáb nua.) agus ceann eile do leanaí leochaileacha san Fhionlainn (Icehearts - oscail i dtáb nua.).

Ardán tacaíochta meabhairshláinte le haghaidh daoine óga a tháinig slán ón ailse.

Spásanna digiteacha níos sábháilte agus spásanna níos sábháilte ar líne tríd an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus an straitéis le haghaidh idirlíon níos fearr do leanaí.

Cúis imní a bhfuil ag géarú uirthi de réir a chéile is ea an mheabhairshláinte i measc leanaí agus daoine óga. An meath atá tagtha ar fholláine leanaí agus déagóirí, mar gheall ar thosca éagsúla ar a n-áirítear brú scoile agus na meáin shóisialta, is rud é a leagann béim ar an ngá práinneach atá le cur chuige uile-chórais, uile-scoile i leith na meabhairshláinte. Cuireadh ar fáil do lucht déanta beartas agus d’oideoirí sraith treoirlínte - oscail i dtáb nua. ina bhfuil 11 mholadh agus samplaí den dea-chleachtas. Cuid is ea an tionscnamh sin d’iarrachtaí atá ar bun chun athrú sistéamach a chur chun cinn ar mhaithe le dul i ngleic leis an meabhairshláinte agus leis an bhfolláine i scoileanna agus le timpeallachtaí dearfacha foghlama a fhorbair. Tá sraith bileog eolais - oscail i dtáb nua. ag gabháil leis na treoirlínte sin, áit a bhfuil leideanna praiticiúla agus naisc chuig acmhainní.

  • Bíonn fadhbanna meabhairshláinte ag 20 % de leanaí scoile le linn a mblianta scoile.
  • Leanbh amháin as gach cúigear, is óige mhíshásta imníoch atá acu, a deir siad, mar gheall ar bhulaíocht, ar dhúshláin a bhaineann le hobair scoile agus ar an uaigneas.
  • Tuairiscíonn 24 % de mhúinteoirí san Eoraip go raibh tionchar diúltach ag a bpost ar a meabhairshláinte.
  • Is é €50 billiún an costas bliantúil measta a bhaineann le neamhoird mheabhairshláinte i ndaoine óga (0–19 mbliana d’aois) in iarthar na hEorpa.

An tionscadal Child & Youth Wellbeing and Mental Health First - oscail i dtáb nua., is é is aidhm dó feabhas a chur ar an soláthar tacaíochta meabhairshláinte, folláine agus síceasóisialta do leanaí agus do dhaoine óga sa Spáinn, san Iodáil, sa Chipir agus sa tSlóivéin. Tacóidh an tionscadal leis na ceithre Bhallstát sin agus iad ag tabhairt faoi athchóirithe lena dtabharfar rochtain níos fearr ar chúram meabhairshláinte agus ar sheirbhísí meabhairshláinte le haghaidh leanaí agus dhaoine óga. Is tionscadal é a fhaigheann tacaíocht ón Ionstraim AE um Thacaíocht Theicniúil, agus cuireann sé saineolas teicniúil ar fáil do na húdaráis náisiúnta. Thacaigh - oscail i dtáb nua. an ionstraim freisin le 13 Bhallstát maidir le hathchóirithe lena ndírítear ar mheabhairshláinte agus ar fholláine daoine óga, rud atá ar cheann de na tosaíochtaí a sainaithníodh le linn Bhliain Eorpach na hÓige in 2022. Ar na nithe atá i gceist leis sin, tá tionscadail lena gcuirtear an fholláine chun cinn, i scoileanna - oscail i dtáb nua. go mór mór, sin agus cosc na handúile, rud atá bainteach le húsáid substaintí agus le cluichíocht agus cearrbhachas ar líne, cuir i gcás.

Leis an gClár Eorpach um Malartuithe Meabhairshláinte, Líonrú agus Scileanna - oscail i dtáb nua., ar fiú €9 milliún é, a seoladh in 2024, cuirfear oiliúint ildisciplíneach ar fáil maidir le meabhairshláinte do ghairmithe cúraim sláinte agus do ghairmithe eile, amhail múinteoirí, oibrithe sóisialta agus iad siúd atá ag obair i bpríosúin agus in ionaid choinneála d’ógánaigh. Cuirfear oiliúint ar thuairim agus 120 gairmí ó 30 tír, an Úcráin san áireamh, chun tacú le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte. Tá €10 milliún breise á chur ar fáil ag an Aontas freisin chun tacú le meabhairshláinte grúpaí leochaileacha, amhail leanaí agus dídeanaithe.

I dtreo córas nua-aimseartha le haghaidh cógas

Is é is aidhm don athchóiriú ar reachtaíocht chógaisíochta an Aontais - oscail i dtáb nua., athchóiriú a moladh in 2023 - oscail i dtáb nua., rochtain chomhionann ar chógais a chinntiú do gach othar agus a chinntiú go mbeidh an creat rialála cógaisíochta iomaíoch agus fabhrach don nuálaíocht. In 2024, rinneadh dul chun cinn sa chaibidlíocht maidir leis na príomhthograí reachtacha a bheidh mar bhonn taca leis an athchóiriú is mó ar reachtaíocht chógaisíochta an Aontais le 20 bliain anuas.

Leis an gComhaontas um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla - oscail i dtáb nua., a seoladh in Aibreán 2024, tugtar le chéile gníomhaithe poiblí agus príobháideacha ó earnáil sláinte na hEorpa, le haghaidh moltaí a mholadh chun slándáil an tsoláthair a threisiú agus chun slabhraí soláthair domhanda na dtáirgí íocshláinte criticiúla a neartú. Fiosróidh an Comhaontas bealaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun rioscaí struchtúracha a mhaolú agus chun an soláthar a threisiú trí éagsúlú a spreagadh agus tríd an acmhainneacht mhonaraíochta a nuachóiriú agus a mhéadú ar leibhéal an Aontais freisin nuair is gá. Cuirfear a chuid oibre san áireamh freisin i dtionscnamh reachtach a bheidh ann amach anseo le haghaidh Gníomh um Tháirgí Íocshláinte Chriticiúla.

Bainistiú saolré cógas leighis a dhéanamh níos éifeachtúla is aidhm don athbhreithniú atá beartaithe a dhéanamh ar na rialacha atá ann faoi láthair lena leagtar amach na nósanna imeachta maidir le hathruithe ar údaruithe margaíochta le haghaidh cógas. Éascóidh an t-athbhreithniú sin próiseáil níos tapúla ar éagsúlachtaí, rud a rachaidh chun tairbhe do shealbhóirí údaruithe margaíochta agus d’údaráis rialála araon.

I mí na Bealtaine tugadh isteach bearta nua - oscail i dtáb nua. chun feabhas a chur ar infhaighteacht feistí leighis diagnóiseacha – ó thástálacha toirchis agus COVID-19 go tástálacha glúcóis fola do dhiaibéitigh. Leis na bearta sin, tugtar tuilleadh ama do chuideachtaí chun tosú ag cloí le rialacha nua - oscail i dtáb nua. maidir le feistí diagnóiseacha. Ina theannta sin, leis na forálacha nua cuireadh d’oibleagáid ar mhonaróirí gach cineáil feistí leighis na húdaráis náisiúnta agus an earnáil sláinte a chur ar an eolas sa chás go mbainfeadh briseadh do sholáthar feistí áirithe, agus cead a thabhairt bunachar sonraí Eorpach maidir le feistí leighis a leathadh amach de réir a chéile.

Ionfhabhtuithe agus galair a chosc

Is í an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, a tharlaíonn nuair a bhíonn baictéir agus víris frithsheasmhach in aghaidh na gcógas a úsáidtear chun iad a chomhrac, is cúis le níos mó ná 35,000 bás gach bliain san Aontas, agus cosnaíonn sí €11.7 billiún ar chórais sláinte an Aontais. Tá an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha ar cheann de na rudaí is géire atá ag bagairt ar an tsláinte ar fud an domhain mhóir sa lá atá inniu ann: d’fhéadfadh méadú leanúnach ar fhrithsheasmhacht a bheith ina chúis le 10 milliún bás ar fud an domhain faoi 2050.

Tá gníomhaíocht dhearfach á déanamh ag an Aontas chun dul i ngleic leis an dúshlán práinneach sin, agus é ag obair le pobail áitiúla agus le heagraíochtaí domhanda in earnálacha éagsúla agus i dtíortha éagsúla chun a chinntiú go n-úsáidfear antaibheathaigh go freagrach i gcás daoine agus ainmhithe araon. Seoladh i mí Feabhra an tionscadal is mó riamh maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha arna mhaoiniú ag an Aontas, agus tugtar le chéile ann 120 comhpháirtí in 30 tír Eorpach chun dul i ngleic leis an dúshlán coiteann sin. Leis an nGníomhaíocht Chomhpháirteach maidir le Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha agus Ionfhabhtuithe a bhaineann le Cúram Sláinte, a fhaigheann tacaíocht ó €50 milliún faoin gclár EU4Health - oscail i dtáb nua., díreofar ar réimsí amhail ionfhabhtú a chosc agus a rialú, faireachas agus faireachán, úsáid stuama ábhar frithmhiocróbach, ardú feasachta agus nuálaíocht.

Chun feasacht a ardú i dtaobh na bagartha ollmhóire don tsláinte phoiblí a bhaineann leis an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, sheol an Coimisiún Beat the Bug - oscail i dtáb nua., cluiche saor in aisce ar líne a forbraíodh ar an ardán Fortnite, ina nglacann imreoirí ról sárlaochra chun an domhan a shábháil ó shárfhrídíní. Tá an cluiche mar chuid d’fheachtas cumarsáide do dhaoine óga, do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí - oscail i dtáb nua. ar fud an Aontais. Forbraíodh ábhar oideachais - oscail i dtáb nua. freisin chun tacú le tuismitheoirí agus le hoideoirí, ar mhaithe le bearta coisctheacha agus úsáid fhreagrach antaibheathach a chur chun cinn.

FÍSCHLUICHE: Imir an Cluiche – Beat the Bug.

I mí na Nollag, shínigh an Coimisiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta comhaontú - oscail i dtáb nua. ar fiú €20 milliún é le cuideachta teicneolaíochta leighis de chuid na Danmhairge chun cógais nua fhrithbhaictéaracha an-roghnaíoch a fhorbairt le haghaidh ionfhabhtuithe ar deacair iad a chóireáil mar gheall ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha.

Breisiú €100 milliún ar an gclár InvestEU - comhad PDF, oscail i dtáb nua. is ea HERA Invest - oscail i dtáb nua.. Is rud é trína n-oibrítear chun muintir an Aontais a chosaint ar na trí bhagairt sláinte is mó a dteastaíonn comhordú beart ar leibhéal an Aontais ina leith: pataiginí a d’fhéadfadh tiontú ina bpaindéim nó ina n-eipidéim; an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha; chomh maith le bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha. I mí Dheireadh Fómhair, shínigh - oscail i dtáb nua. an Coimisiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta an chéad chomhaontú faoi HERA Invest, ar fiú €20 milliún é, le cuideachta bhithchógaisíochta Fhrancach. Tacóidh sé sin leis an gcuideachta ó thaobh forbairt agus úsáid teiripí speictrim leathain chun dul i gcomhrac le bagairtí bitheolaíocha ar an tsláinte phoiblí.

Is éard atá sa fhliú éanúil galar víreasach a bhaineann d’éin go príomha. Bíodh agus gur bagairt íseal atá i gceist leis an bhfliú éanúil i gcás an phobail i gcoitinne, tá bagairt níos airde ann i gcás oibrithe feirme, oibrithe a bhíonn ag plé le héanlaith chlóis, agus tréidlianna. I mí an Mheithimh, chinntigh an Coimisiún rochtain - oscail i dtáb nua. do na Ballstáit chun 665,000 dáileog den vacsaín oiriúnaithe in aghaidh fliú zónóiseach a cheannach agus chun 40 milliún dáileog bhreise a chur in áirithe go ceann ceithre bliana.

50 bliain den vacsaíniú domhanda a cheiliúradh

Ba nóiméad ríthábhachtach i stair na sláinte poiblí é seoladh an Chláir Mhéadaithe ar Imdhíonadh ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte 50 bliain ó shin. Sábháladh na milliúin beatha ar fud an domhain a bhuí leis an vacsaíniú. In 1974, ní raibh ach 5 % de leanaí an domhain vacsaínithe in aghaidh diftéire, teiteanais agus treacha. Sa lá atá inniu ann, tá méadú tagtha ar an bhfigiúr sin go beagnach 85 % de leanaí ar fud an domhain, agus 94 % i Réigiún Eorpach EDS.

Físeán faoi Chlár Leathnaithe um Imdhíonadh na hEagraíochta Domhanda Sláinte, a seoladh in 1974 chun leanaí ar fud an domhain a chosaint le vacsaíní. Léirítear ann an dul chun cinn atá déanta maidir le galair ar nós an phóilió agus na bruitíní a chosc, mar aon le tionchar na vacsaíní ar an ailse ceirbheacs, na maláire agus Ebola agus an ról atá acu i leith deireadh a chur le COVID-19 mar éigeandáil dhomhanda.
FÍSEÁN: Clár leathnaithe um imdhíonadh na hEagraíochta Domhanda Sláinte – lena seachnaítear níos mó ná 4 mhilliún bás gach bliain. © WHO / Blink Media – Etinosa Yvonne

Tá vacsaíní ríthábhachtach ó thaobh ráigeanna de ghalair thógálacha a smachtú, agus tá an infheistíocht sa taighde agus san fhorbairt ríthábhachtach ó thaobh na slándála sláinte agus na hullmhacht chun paindéime de, mar a léirigh forbairt thapa vacsaíní COVID-19. Tá breis agus €100 milliún á infheistiú ag an Aontas chun Mol Vacsaíní Eorpach a fhorbairt, a bhfuil sé d’aidhm aige rochtain thapa ar vacsaíní paindéime a chinntiú trí chuibhreannas d’institiúidí Eorpacha ceannródaíocha.

Seoladh tionscnamh nua - oscail i dtáb nua. i mí an Mhárta chun feabhas a chur ar rochtain ar dhiagnóis, ar fhaisnéis agus ar chúram do shaoránaigh a bhfuil galair neamhchoitianta orthu, a mbíonn tionchar acu ar suas le 36 mhilliún duine san Aontas. Le maoiniú iomlán de níos mó ná €18 milliún, tugann an Ghníomhaíocht Chomhpháirteach ar Chomhtháthú Líonraí Tagartha Eorpacha i gCórais Náisiúnta Cúraim Sláinte le chéile na Ballstáit go léir, móide an Iorua agus an Úcráin, chun an bealach a réiteach do chomhar níos éifeachtaí, níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe amach anseo.

Sláinte Dhomhanda

An Comhthionól Domhanda Sláinte, rud a bhfuil níos mó ná 190 tír páirteach ann, na Ballstáit ar fad san áireamh, ghlac sé pacáiste uaillmhianach leasuithe ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta - oscail i dtáb nua. i mí an Mheithimh, tar éis 2 bhliain caibidlíochta. Is é is aidhm do na rialacha neartaithe feabhas a chur ar bhainistiú éigeandálaí sláinte poiblí arb ábhar imní idirnáisiúnta iad agus cosaint níos fearr a thabhairt do shaoránaigh ar bhagairtí sláinte tromchúiseacha trasteorann – rud atá ar cheann de phríomhthosaíochtaí Straitéis Sláinte Domhanda - oscail i dtáb nua. an Aontais. Thángthas ar chomhaontú freisin go leanfaí den chaibidlíocht maidir le comhaontú paindéime - oscail i dtáb nua., agus féachfar le teacht ar chomhdhearcadh faoin am a thionólfar an chéad chruinniú eile de chuid an chomhthionóil i mí na Bealtaine 2025.

Seoladh cuibhreannas domhanda - oscail i dtáb nua. nua i mí an Mhárta chun faireachas fuíolluisce agus comhshaoil a chur chun cinn laistigh de chórais sláinte poiblí agus chun córas domhanda a chruthú um luathbhrath ráigeanna eipidéime. Tá breis agus 300 comhoibrí domhanda páirteach sa tionscnamh, ar a n-áirítear an tAontas Eorpach, EDS, Fondúireacht Bill agus Melinda Gates, Lárionaid SAM um Ghalair a Rialú agus a Chosc, agus Lárionaid na hAfraice um Ghalair a Rialú agus a Chosc.

Mar fhreagairt ar an dearbhú ó EDS i mí Lúnasa gur éigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í ráig na bolgaí moncaí, rinne an tAontas agus a chuid Ballstát (Foireann na hEorpa) gníomhaíocht chuimsitheach láithreach chun cabhrú le comhpháirtithe an galar a rialú agus freagairt dó. Cuid den ghníomhaíocht sin ba ea breis agus leathmhilliún dáileog vacsaíne a dheonú, agus ba é an tAontas ba thúisce a rinne iad a sheachadadh ar an láthair i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, an tír is mó atá thíos leis an ráig.

Lasta á dhíluchtú ag aerfort. Tá an lasta daingnithe in eangach, agus tá foirne a bhfuil veisteanna orthu á dhíluchtú.
Tagann na chéad lastais de vacsaíní in aghaidh bolgach moncaí isteach ag Aerfort Kinshasa, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, an 5 Meán Fómhair 2024. Tá an tionscnamh seo ina chuid de thacar cuimsitheach de bhearta Aontais faoi Straitéis Sláinte Domhanda an Aontais, gné thábhachtach de thionscnamh Global Gateway chun tacú le comhpháirtithe sa chuid eile den domhan.