Féach fotheideal an ghrianghraifOsclaíodh taispeántas maidir leis an intleacht shaorga, chun eolaíocht agus teicneolaíocht inrochtana a chur chun cinn, i mí na Nollag 2024 in ionad eolaíochta in Mechelen na Beilge. An 17 Eanáir 2025.
Le roinnt blianta anuas, tá an Eoraip in oiriúint don timpeallach dhigiteach atá ag athrú go tapa trí oibriú chun a chinntiú go rachaidh an teicneolaíocht chun tairbhe don tsochaí agus go gcuirfidh an nuálaíocht borradh faoin iomaíochas agus ceannasacht theicneolaíoch an Aontais Eorpaigh, agus an riosca do shaoránaigh á íoslaghdú an tráth céanna. Infheistíodh na billiúin euro i leathnú na snáthoptaice agus 5G chun nascacht a fheabhsú ar fud an Aontais, agus tá an lucht saothair ag foghlaim na scileanna a theastaíonn uathu don todhchaí dhigiteach. Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus leis an nGníomh um Margaí Digiteacha atá ceannródaíoch araon, tá an spás digiteach á dhéanamh níos sábháilte agus níos cothroime do chách cheana féin agus táthar á chinntiú go nglacfaidh ollchuideachtaí teicneolaíochta freagracht as an tionchar suntasach a bheidh acu ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar. Tá an tAontas ar thús cadhnaíochta freisin maidir leis an intleacht shaorga (IS) a dhéanamh níos sábháilte agus níos iontaofa, agus dul i ngleic ag an am céanna leis na rioscaí a bhaineann lena mí-úsáid. Chun borradh a chur faoin nuálaíocht, neartaíodh an comhar idir eagraíochtaí taighde agus ollscoileanna agus cuireadh go mór leis an infheistíocht i dteicneolaíochtaí ceannródaíocha amhail an tsár-ríomhaireacht, leathsheoltóirí, an ríomhaireacht chandamach agus an teicneolaíocht spáis.
Beagnach leath bealaigh trí Dheacáid Dhigiteach - oscail i dtáb nua. na hEorpa, rinne an tAontas measúnú ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna lena dtreoraítear claochlú digiteach an Aontais. Le plean coiteann agus spriocanna atá sainithe go soiléir agus atá le baint amach faoi 2030, is é an aidhm atá ann an teicneolaíocht a chomhtháthú i ngach réimse den tsochaí, idir scoileanna agus ospidéil agus idir gnólachtaí móra agus beaga, agus na huirlisí a thabhairt do dhaoine san Aontas chun an leas is fearr is féidir a bhaint as gach rud atá ar fáil ar an idirlíon.
Léirítear i dtuarascáil dul chun cinn - oscail i dtáb nua. 2024 ar dhul chun cinn maidir leis an Deacáid Dhigiteach a mhéid a tháinig an tAontas chun tosaigh chun na spriocanna sin a bhaint amach, agus aird iomlán á tarraingt an tráth céanna ar réimsí ina bhféadfaí feabhas a dhéanamh. Iarrann sí ar na Ballstáit uile tuilleadh tacaíochta a thabhairt do ghnólachtaí nuathionscanta áitiúla, litearthacht dhigiteach a chur chun cinn ina bpobail féin agus feabhas a chur ar úsáid IS agus úsáid anailísíochta sonraí i ngnólachtaí agus i monarú leathsheoltóirí. Tá nuashonrú déanta ag an Aontas freisin ar a mholtaí do gach Ballstát, agus láidreachtaí agus dúshláin éagsúla ar fud an Aontais á gcur san áireamh.
An intleacht shaorga, domhain fhíorúla agus sár-ríomhairí
Tá an intleacht shaorga ag éirí ina fórsa claochlaitheach do shochaí agus do gheilleagar na hEorpa. Idir monarú agus cúram sláinte agus oideachas, tá croíphróisis agus samhlacha gnó á n-athrú ó bhonn ag IS ar fud na n-earnálacha uile, rud a gheallann éifeachtúlacht agus fás ar bhonn níos fearr. Mar sin féin, tá dúshláin ag teacht chun cinn freisin i réimse na forbartha eiticiúla,réimse na gceart bunúsach agus réimse na cibearshlándála. Tá gá le cothromaíocht chúramach beartas chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht na teicneolaíochta agus chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní ghaolmhara.
FÍSEÁN: Tá an intleacht shaorga i ngach áit agus tá gach duine ag caint fúithi, ach cé atá á chinntiú go bhfuil sí sábháilte?
Is mian leis an Aontas ról ceannasach a bheith aige san intleacht shaorga, ach gan ar chostas ar bith. Molann sé IS atá freagrach agus a thugann tús áite do dhaoine. Mar an chéad fhíoriarracht ar domhan chun an teicneolaíocht sin a rialáil, leagtar amach i nGníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga - oscail i dtáb nua., a tháinig i bhfeidhm i mí Lúnasa, rialacha agus treoirlínte soiléire maidir leis an gcaoi ar féidir é a úsáid agus conas ba cheart é a fhorbairt. Cinnteoidh sin go mbeidh córais intleachta saorga iontaofa, cothrom agus neamhchlaonta agus go gcosnóidh siad cearta bunúsacha daoine. A bhuí le tacar comhchuibhithe rialacha, is fusa a bheidh sé do chuideachtaí an intleacht shaorga a fhorbairt tríd an rómhaorlathas a laghdú agus an nuálaíocht a spreagadh. Cuideoidh na rialacha freisin le cuideachtaí fios a bheith acu cad leis a mbeidh siad ag súil.
An Gníomh IS á chur i bhfeidhmiú
Tháinig Gníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga i bhfeidhm in 2024. Seo an méid a lean é.
Seoladh - oscail i dtáb nua. glao chun go mbeidh cuideachtaí, saineolaithe agus eagraíochtaí IS rannpháirteach i bhforbairt rialacha le haghaidh IS ilchuspóireach (le tabhairt chun críche in 2025).
PAINÉAL EOLAITHE
Bailíodh aiseolas ar thogra maidir le conas a chuirfear painéal - oscail i dtáb nua. nua saineolaithe neamhspleácha IS ar bun agus conas a fheidhmeoidh sé. Tabharfaidh an grúpa sin comhairle maidir le saincheisteanna teicniúla agus tabharfaidh sé rabhadh faoi rioscaí a bhaineann leis an intleacht shaorga.
Cruthóidh an Oifig Eorpach nua um Intleacht Shaorga - oscail i dtáb nua., a bunaíodh i mí na Bealtaine, treoirlínte soiléire do chuideachtaí agus d’fhorbróirí atá ag obair leis an intleacht shaorga agus cinnteoidh sí go gcuirfear na rialacha nua chun feidhme go haonfhoirmeach ar fud an Aontais. Mar lárionad saineolais IS ar fud an Aontais, beidh tionchar suntasach aige freisin maidir le samhlacha IS a fhormheas, agus féadfaidh sé fiú bac a chur ar úsáid IS a mheastar a bheith claonta nó neamhshábháilte. I mí Mheán Fómhair, sheol an tAontas an Comhshocrú um an Intleacht Shaorga - oscail i dtáb nua. chun eagraíochtaí a spreagadh le pleanáil a dhéanamh roimh ré agus tús a chur lena cheanglais a chur chun feidhme roimh an spriocdháta dlíthiúil.
Mar shampla: an intleacht shaorga a choinneáil faoi smacht san Ísiltír
athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanann siad maoirseacht ar IS;
scrúdú a dhéanamh ar na dúshláin a bhaineann le córais intleachta saorga a dhéanamh sábháilte agus cothrom;
moltaí a chur ar fáil chun cabhrú leis na húdaráis an intleacht shaorga a úsáid go freagrach agus i gcomhréir leis an dlí.
Pacáiste nuálaíochta IS chun tacú le gnólachtaí nuathionscanta agus fiontair bheaga agus mheánmhéide IS
Seoladh an pacáiste beart seo i mí Eanáir 2024 agus tacóidh sé le gnólachtaí nuathionscanta agus fiontair bheaga agus mheánmhéide an Aontais intleacht shaorga iontaofa a fhorbairt.
Sna ‘monarchana IS’ nua, beidh rochtain ag gnólachtaí nuathionscanta a bhfuil smaointe nuálacha IS acu ar chumhacht ríomhaireachta amh na sár-ríomhairí is cumhachtaí san Eoraip agus ar an saineolas a theastaíonn uathu chun a samhlacha intleachta saorga a fhorbairt agus a thástáil.
Le leathadh amach na gcóras comhroinnte sonraí ar bhonn níos tapúla, ar a dtugtar Spásanna Coiteanna Sonraí Eorpacha - oscail i dtáb nua., tabharfar rochtain do thaighdeoirí agus d’fhorbróirí ar linnte ollmhóra sonraí is féidir leo a úsáid chun oiliúint a chur ar a samhlacha intleachta saorga agus chun iad a bheachtú.
Le cláir oideachais, forbrófar linn tallainne IS an Aontais.
Tacóidh tionscnamh GenAI4EU le feidhmchláir nua chruthaitheacha na hintleachta saorga agus meallfaidh sé an chéad ghlúin eile de shaineolaithe intleachta saorga.
Bunófar dhá Chuibhreannas nua don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDICanna).
Cuideoidh CitiVERSE le cathracha feidhmiú go réidh, mar shampla, trí thranglam tráchta a thuar nó trí bhailiú dramhaíola a fheabhsú.
Trí thaighde agus rialáil a chomhcheangal, tá an Aontas ag cruthú áit dó féin sa timpeallacht theicneolaíoch dhomhanda. Leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, leagtar síos caighdeán domhanda agus is ceannródaí é an tAontas dá réir. I mí Mheán Fómhair, shínigh an tAontas Creatchoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir leis an Intleacht Shaorga - oscail i dtáb nua., an chéad chomhaontú idirnáisiúnta maidir leis an intleacht shaorga atá ceangailteach ó thaobh dlí de, atá ailínithe go hiomlán leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga.
Tá an tAontas tiomanta - oscail i dtáb nua. freisin do mhargaí oscailte agus inrochtana, go háirithe do dhomhain fhíorúla agus don intleacht shaorga ghiniúnach, chun cothrom iomaíochta a chruthú agus chun cosc a chur ar mhonaplachtaí an nuálaíocht a phlúchadh. Is é an aidhm atá ann timpeallacht a chruthú inar féidir le cuideachtaí beaga agus gnólachtaí nuathionscanta dul in iomaíocht leis na hollchuideachtaí teicneolaíochta.
Cé go bhfuil teorainneacha na nuálaíochta digití á mbogadh chun tosaigh ag IS agus domhain fhíorúla, braitheann an chumhacht ríomhaireachta is gá chun na teicneolaíochtaí sin a chur chun cinn go mór ar ríomhairí cumhachtacha. I mí Mheán Fómhair 2024, d’eisigh an tAontas glao ar thograí chun sár-ríomhairí a bhí ann cheana a uasghrádú agus roinnt sár-ríomhairí nua a fháil a bhfuil cumais intleachta saorga acu, rud a leathnaigh a thuilleadh an líonra poiblí is mó de shár-ríomhairí ar domhan. Tá na ríomhairí sin ag dul i ngleic le cuid de na dúshláin is mó atá roimh an gcine daonna, mar shampla trí dhlús a chur le fionnachtain drugaí nó trí shamhaltú aeráide a fheabhsú.
FÍSEÁN: Destination Earth.
Beidh ról tábhachtach ag tionscnamh suaitheanta an Aontais Destination Earth - oscail i dtáb nua. (DestinE), arb é is aidhm dó leathchúpla digiteach fíorchruinn den domhan a fhorbairt, chun cabhrú leis an Eoraip oiriúnú don athrú aeráide. Ciallaíonn a chur in úsáid i mí an Mheithimh gur cuireadh de chúram ar ríomhairí ardfheidhmíochta - oscail i dtáb nua. na hEorpa éifeachtaí an athraithe aeráide agus eachtraí adhaimsire a ionsamhlú. A bhuí leis an tionscnamh seo, beidh an Eoraip níos ullmhaithe chun freagairt do mhórthubaistí nádúrtha agus chun measúnú a dhéanamh ar na tionchair shocheacnamaíocha agus bheartais a d’fhéadfadh a bheith ag imeachtaí den sórt sin.
Úsáideann an tionscadal LUMI sár-ríomhaire na Fionlainne in éineacht le sár-ríomhairí eile de chuid an Aontais chun leathchúpla fíorchruinn den domhan a chruthú. Is sampla den scoth é seo de shár-ríomhairí an Aontais i mbun gnímh, agus úsáid á baint as IS agus samhaltú ardleibhéil chun an t-athrú aeráide agus éifeachtaí adhaimsire a ionsamhlú.
Margrethe Vestager, Leasuachtarán Feidhmiúcháin de chuid an Choimisiúin a bhí i gceannas ar Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach ag an am, ag imeacht seolta Ardán DestinE, in Kajaani, an Fhionlainn, an 10 Meitheamh 2024.
Tá an tAontas ag breathnú níos faide ná an ríomhaireacht eacsascálaithe freisin agus ag samhlú todhchaí ina bhféadfadh fionnachtana eolaíocha teacht chun tosaigh ar luas lasrach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo leis an gcéad ghlúin eile de ríomhairí candamacha. Mar sin féin, ós rud é go bhféadfadh ríomhairí candamacha córais chriptiúcháin an lae inniu a shárú freisin, d’eisigh an tAontas moladh - oscail i dtáb nua. i mí na Bealtaine nuair a d’iarr sé ar na Ballstáit modhanna criptiúcháin a fheabhsú chun sonraí criticiúla a chosaint.
In 2024, d’infheistigh an tAontas breis agus €65 mhilliún san intleacht shaorga agus €47 milliún i dteicneolaíochtaí candamacha.
Nascacht
Lean an tAontas d’infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar digiteach in 2024. Chuir sé €420 milliún ar fáil tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE Digiteach) - oscail i dtáb nua., clár cistiúcháin an Aontais a thacaíonn le leathadh amach seirbhísí digiteacha. Trí Chlár Oibre Digiteach nua SCE - oscail i dtáb nua., cuirfear €865 mhilliún breise ar fáil idir 2024 agus 2027 chun tacú le leathadh amach 5G i bpobail agus ar feadh mórbhealaí iompair, mar aon le cáblaí fomhuirí a leagan síos chun croíghréasáin an Aontais a neartú – línte sonraí ardtoillte atá mar chroílár a bhonneagair idirlín.
Cumhachtaíonn líonraí atá iontaofa agus tapa teicneolaíochtaí an lae amárach
Soghluaisteacht nasctha
Cúram sláinte pearsantaithe/teilileigheas
An Intleacht Shaorga
Idirlíon na rudaí nithiúla
Néalríomhaireacht
Foirgnimh chliste
An Imeall-ríomhaireacht
Monarchana cliste
CHUN TACÚ LE hAISTRIÚ DIGITEACH RATHÚIL, TÁ SPRIOCANNA SONRACHA LEAGTHA SÍOS AG AN AONTAS ATÁ LE BAINT AMACH FAOI 2030
Nascacht ghigighiotáin do chách.
Nascacht ardluais (5G ar a laghad) i ngach áit.
10,000 imeallnód néalríomhaireachta (freastalaithe atá suite níos gaire d’úsáideoirí a chinnteoidh agaí próiseála sonraí agus freagartha níos tapúla).
Ríomhaireacht chandamach an Aontais (faoi 2025).
20 % de shliseanna an domhain le táirgeadh san Aontas.
I mí Feabhra, d’eisigh an tAontas moladh - oscail i dtáb nua. maidir le cáblaí fomhuirí a chosaint, agus d’aithin sé gur bonneagar criticiúil iad. Is iad na cáblaí sin faoin bhfarraige a iompraíonn an chuid is mó de shonraí an domhain ach d’fhéadfadh siad a bheith i mbaol damáiste agus sabaitéireachta, rud a fhágann go bhfuil a gcosaint ríthábhachtach don chumarsáid dhomhanda agus don tslándáil eacnamaíoch.
Is é is aidhm don Ghníomh um Bonneagar Gigighiotáin - oscail i dtáb nua., a glacadh in 2024, dlús a chur le cur in úsáid líonraí ardtoillte, amhail líonraí snáthoptaice agus líonraí5G, do ghnólachtaí agus an cur in úsáid sin a éascú. Cuireann sé deireadh le páipéarachas, formheasanna agus rialacháin anásta a chuir moill go dtí seo ar leathadh amach líonraí agus cinntíonn sé idirlíon níos tapúla, nascacht níos fearr agus seirbhísí níos fearr do chách. Agus é glactha ag an am céanna, cuireann an Moladh Gigighiotáin - oscail i dtáb nua. iomaíocht idir soláthraithe chun cinn agus cuireann sé níos mó roghanna agus praghsanna níos fearr ar fáil do thomhaltóirí. Thángthas ar chomhaontú freisin i ndáil leis na rialacha maidir le glaonna agus teachtaireachtaí téacs a dhéantar ó Bhallstát go Ballstát eile, rud a chinntíonn go leanfar de thomhaltóirí leochaileacha a chosaint ar chostais arda a d’fhéadfadh a bheith ar na seirbhísí sin go dtí 2032.
FÍSEÁN: Cuireann nascacht 5G borradh faoi acmhainneacht na tuaithe.
Tionscal Leathsheoltóirí an Aontais Eorpaigh
Idir na fóin chliste atá inár bpócaí agus na gluaisteáin a thiomáinimid, is iad leathsheoltóirí — dá ngairtear sliseanna de ghnáth — a chumhachtaíonn na gléasanna a shainíonn an saol nua-aimseartha. Trí infheistíocht a dhéanamh i dtaighde, i saoráidí táirgthe agus i mbonneagar, tá an tAontas ag obair chun a bheith in ann riar dóibh féin i monarú leathsheoltóirí gan aon chuidiú seachtrach.
Tá thart ar 160 slis éagsúil i bhfón póca.
Tá suas le 3 500 slis i gcarr leictreach hibrideach.
2024: bliain ina ndearna tionscal sliseanna an Aontais dul chun cinn
MÍ FEABHRA
Seoladh glaonna ar thograí dar luach €216 mhilliún a bhaineann le leathsheoltóirí, micrileictreonaic agus fótónaic.
AIBREÁN
Roghnaíodh eagraíochtaí chun ceithre líne phíolótacha leathsheoltóra a bhunú chun modhanna monaraíochta a thástáil le maoiniú €3.7 billiún ón Aontas agus ó na Ballstáit.
BEALTAINE
Formheasadh - oscail i dtáb nua. státchabhair €2 bhilliún chun cuidiú le mórmhonaróir domhanda sliseanna monarcha a thógáil chun sliseanna cairbíde sileacain a tháirgeadh. Is féidir leis na sliseanna sin níos mó teasa a sheasamh ná sliseanna rialta agus is amhlaidh atá siad an-oiriúnach d’fheithiclí leictreacha agus do chórais fuinnimh in-athnuaite.
MÍ IÚIL
Seoladh glaonna dar luach €330 milliún chun tacú leis an méid seo a leanas:
an fhótónaic
lárionaid inniúlachta
dearadh leathsheoltóra néalbhunaithe.
MÍ LÚNASA
Seoladh dhá ghlao nua a bhaineann le teicneolaíochtaí sliseanna candamacha. Formheasadh - oscail i dtáb nua. €5 bhilliún státchabhrach chun monarcha micrishliseanna ardfheidhmíochta a thógáil.
MÍ NA NOLLAG
Leag an Fóram Eorpach um Chomhpháirteanna agus Córais Leictreonacha béim ar an ngá atá le nuálaíocht agus táirgeadh leathsheoltóirí a chur chun cinn san Aontas.
Gnó a dhéanamh go digiteach
Cuideachtaí atá ag leathadh chuig Ballstáit eile, is minic a bhíonn orthu a chruthú do na húdaráis sna tíortha sin gur cuideachta de chuid an Aontais iad agus faisnéis a chur isteach arís, amhail a sonraí oifige cláraithe nó ainmneacha a n-ionadaithe dlíthiúla, cé go bhfuil na sonraí sin ar fáil cheana féin sa chlár gnó ina mBallstáit féin. Le rialacha - oscail i dtáb nua. nua cuideachtaí de chuid an Aontais, a glacadh i mí na Nollag, tabharfar isteach uirlisí digiteacha chun an t-ualach riaracháin sin a laghdú. Ní bheidh ar chuideachtaí doiciméid a chur isteach arís agus fochuideachtaí nó brainsí á mbunú acu i mBallstáit eile, toisc go ndéanfar an fhaisnéis sin a mhalartú go díreach idir cláir ghnó faoi phrionsabal na haonuaire. Ina theannta sin, le deimhniú ilteangach cuideachta de chuid an Aontais — ar cárta aitheantais corparáideach de chuid an Aontais é go bunúsach — beidh cuideachtaí in ann a chruthú go héasca go bhfuil siad corpraithe go dlíthiúil san Aontas, agus le cumhacht aturnae de chuid an Aontais beidh ionadaithe in ann cúrsaí dlí agus gnó a bhainistiú thar theorainneacha.
FÍSEÁN: Faigh amach faoi chumhacht an chlaochlaithe dhigitigh leis an Líonra Mol Eorpach maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach.
Tá an claochlú digiteach ríthábhachtach chun go leanfaidh gnólachtaí de bheith iomaíoch i saol an lae inniu atá ag athrú go tapa, agus tá an tAontas ag cabhrú go gníomhach leo an t-aistriú sin a dhéanamh. Ceann de na bealaí a ndéanann sé é sin is ea trí na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha - oscail i dtáb nua., lena dtugtar tacaíocht do ghnólachtaí ó thaobh teicneolaíochtaí digiteacha a ghlacadh, chomh maith leis an intleacht shaorga. Mar shampla, d’fhéadfadh mol cabhrú le gnólacht miondíola beag botaí comhrá IS a bhunú le haghaidh seirbhís do chustaiméirí nó uirlisí a thairiscint chun anailís a dhéanamh ar shonraí díolacháin le haghaidh bainistíocht fardail níos fearr.
Moil Nuálaíochta Digití Eorpach ag dul ó neart go neart
Bhí Gas Grün GmbH, gnólacht nuathionscanta beag bithgháis sa Ghearmáin, ag streachailt chun an tairbhe is mó is féidir a bhaint as toradh fuinnimh a ghléasraí bithgháis. Le cabhair - oscail i dtáb nua. ó mhol nuálaíochta digití, d’fhorbair an chuideachta córas rialaithe IS-bhunaithe a mhéadaigh táirgeadh fuinnimh a mhéid ab fhéidir agus a laghdaigh dramhaíl a mhéid ab fhéidir chomh maith. Chabhraigh sé seo leo a ngnó a fhás agus a gcuid oibre a léiriú ag imeachtaí tionscail.
Tá an Coimisiún agus na Ballstáit ag obair freisin chun tairseach aonair um dhearbhú digiteach - oscail i dtáb nua. a fhorbairt chun an t-ualach riaracháin a laghdú ar chuideachtaí (ina measc sin, fiontair bheaga agus mheánmhéide) a chuireann oibrithe ar dualgas chuig Ballstát eile. Cuideoidh córas nua ar líne le cuideachtaí rialacha tuairiscithe náisiúnta a chomhlíonadh agus oibrithe á seoladh acu chuig Ballstáit eile. Beidh sé ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais, beidh sé simplí le húsáid agus ligfidh sé d’úsáideoirí faisnéis ó thuarascálacha roimhe seo a athúsáid.
Iompar agus soghluaisteacht dhigiteach
Tá bearta á ndéanamh ag an Aontas chun feabhas a chur ar an gcaoi a mbogaimid timpeall ár gcathracha. Tá tionscadal comhroinnte sonraí DeployEMDS - oscail i dtáb nua. ina bhunchloch d’iarracht an Aontais spás coiteann sonraí soghluaisteachta - oscail i dtáb nua. a chruthú. Is é is aidhm dó córas a chur ar bun a ligeann do chathracha faisnéis fíor-ama a roinnt maidir le sreabhadh tráchta agus iompar poiblí. Cuideoidh an líonra cliste sin, atá á thástáil cheana féin i naoi gcathair agus i naoi réigiún, le fadhbanna soghluaisteachta uirbí ar fud an Aontais a shainaithint agus le dul i ngleic leo.
Le forbairt thapa na teicneolaíochta drón, is amhlaidh a bheidh rialacháin shoiléire sa réimse seo riachtanach. Tá bearta nua - oscail i dtáb nua. glactha ag an Aontas chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sábháilteachta ar leith a bhaineann le seirbhísí soghluaisteachta aeir atá ag teacht chun cinn. Tá dhá aidhm ann: próisis rialála a chuíchóiriú agus ardchaighdeáin sábháilteachta a choinneáil ag an am céanna; agus rialacháin a chomhchuibhiú ar fud na mBallstát uile. Leis na rialacha comhchuibhithe sin, beidh an saol níos éasca d’fhorbróirí agus d’úsáideoirí drón. Tabharfaidh rialacháin shoiléire chomhsheasmhacha muinín do chuideachtaí infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí nua drón, rud a spreagfaidh nuálaíocht ar fud an Aontais.
Seirbhísí ar líne níos sábháilte
Cé go bhfuil an t-idirlíon thar a bheith luachmhar, tá dúshláin ag baint leis freisin amhail mífhaisnéis, fuathchaint neamhdhleathach agus cineálacha eile ábhair agus cleachtas neamhdhleathach. Chun srian a chur le cleachtais den sórt sin agus chun feabhas a chur ar shábháilteacht ar líne, tá dhá phríomh-mhír reachtaíochta achtaithe ag an Aontas: an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha - oscail i dtáb nua. (DSA) agus an Gníomh um Margaí Digiteacha - oscail i dtáb nua. (DMA).
Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, ceanglaítear ar ardáin ar líne a bheith níos réamhghníomhaí maidir le hábhar neamhdhleathach a bhaint, a n-algartaim a dhéanamh níos trédhearcaí agus cineálacha áirithe fógraíochta spriocdhírithe a thoirmeasc. Tháinig sé i bhfeidhm ar fud an Aontais i mí Feabhra 2024, agus tugadh isteach leis rialacha nua maidir le hardáin ar líne, na meáin shóisialta agus suíomhanna ríomhthráchtála. Ní mór d’ardáin níos mó, ar a dtugtar ardáin an-mhór ar líne, rialacha níos déine a chomhlíonadh mar gheall ar an tionchar níos mó atá acu.
Príomhathruithe ar DSA a mbíonn tionchar acu ar ríomhthráchtáil
TRÉDHEARCACHT MHÉADAITHE Ní mór do dhíoltóirí faisnéis níos soiléire faoi tháirgí agus faoi sheirbhísí a thairiscint anois.
RIALACHÁIN FÓGRAÍOCHTA NÍOS DÉINE Teastaíonn níos mó trédhearcachta ó fhógraí spriocdhírithe agus ní mór dóibh níos mó smachta a thabhairt d’úsáideoirí.
COSAINT NÍOS FEARR DO THOMHALTÓIRÍ Forálacha feabhsaithe chun tomhaltóirí a chosaint ar ábhar díobhálach agus ar chalaois.
CUNTASACHT ARDÁIN Ní mór do mhargaí gníomhú go tapa i gcoinne táirgí neamhdhleathacha.
Conas a d’fhorfheidhmigh an tAontas an Gníomh um Margaí Digiteacha in 2024?
ARDÁIN BHREISE A CHUR LEIS AN GCOMHAD FAIREACHAIS Cuireadh trí ardán an-mhór nua ar líne leis:
Shein
Temu
XNXX.
IMSCRÚDUITHE LEANÚNACHA Rinneadh iarrataí ar fhaisnéis agus tionscnaíodh imeachtaí maidir le sáruithe féideartha ar DSA in aghaidh na nithe seo a leanas:
AliExpress
TikTok
Meta
X
Temu.
D’ainmnigh na Ballstáit comhordaitheoirí seirbhísí digiteacha i measc a n-údarás rialála náisiúnta.
Go príomha i bhforfheidhmiú DSA díríodh aird ar leanaí a chosaint agus, mar thoradh air sin, tugadh caingean dlí i gcoinne trí phríomhardán maidir le fíorú aoise neamhleor agus maidir le mionaoisigh a nochtadh d’ábhar díobhálach. Ag an am céanna, tá oiliúint á cur ar mhúinteoirí mar chaomhnóirí scoile DSA - oscail i dtáb nua. chun daltaí a threorú trí dhúshláin ar líne amhail cibearbhulaíocht agus mífhaisnéis, rud a chruthóidh spás digiteach níos sábháilte d’úsáideoirí óga. In 2024 freisin, rinneadh comóradh dhá bhliain ar an straitéis maidir le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí - oscail i dtáb nua., agus eisíodh uirlis féinmheasúnaithe chun cabhrú le hardáin cosaint níos fearr a thabhairt do leanaí ar líne.
Cuidíonn DSA le sláine toghchán a chosaint ar bhagairtí ar líne, agus ábhar a ghintear le IS san áireamh, trí ullmhacht ardán a thástáil ó thaobh struis de - oscail i dtáb nua. agus trí threoirlínte - oscail i dtáb nua. a eisiúint maidir le maolú riosca agus lipéadú soiléir ar ábhar IS. Le rialacha - oscail i dtáb nua. comhlántacha a glacadh i mí an Mhárta, cuirfear teorainn le húsáid sonraí pearsanta i bhfógraíocht pholaitiúil, ar líne agus as líne araon. Sainordaítear leo go gcuirfear lipéid trédhearcachta i bhfógraí polaitiúla, gur gá toiliú sainráite a fháil le haghaidh spriocdhíriú ar líne agus próifíliú bunaithe ar shonraí pearsanta íogaire a thoirmeasc. Cuirfidh stór Eorpach sonraí ar fáil maidir leis na fógraí polaitiúla uile agus maidir lena modhanna spriocdhírithe, rud a laghdóidh an baol ionramhála agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis. Toirmisctear fógraí thar ceann gníomhaithe neamh-AE laistigh de thréimhse trí mhí roimh thoghcháin.
Conas a chosnaíonn an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha mionaoisigh ar líne?
Sásraí tuairiscithe atá fabhrach do leanaí le haghaidh ábhar neamhdhleathach nó míchuí.
Sonraí pearsanta agus príobháideachas a chosaint níos fearr.
Téarmaí agus coinníollacha soiléire agus gonta.
Cosc ar aon fhógraíocht spriocdhírithe do leanaí ná do dhaoine óga.
Moladh - oscail i dtáb nua. athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac chun dul i ngleic le bagairtí nua de mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne, amhail domhainbhrionnuithe agus fóraim péidifileach. Leis na rialacha nua, neartófar cosc agus tacaíocht d’íospartaigh agus leagfar síos caighdeáin íosta maidir le hionchúiseamh san Aontas. Cuireadh síneadh le beart dlíthiúil sealadach chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac go dtí 2026 d’fhonn bearta deonacha leanúnacha a cheadú lena ndéanfar ábhar maslach a bhrath agus a bhaint. Tá na hiarrachtaí sin ag cuidiú le leanaí a chosaint ar líne agus reachtaíocht níos buaine á forbairt ag an Aontas chun dul i ngleic go héifeachtach leis na saincheisteanna sin.
Ní hamháin go bhfuil rabharta na héadulaingthe ar líne ag teacht salach ar bhunphrionsabail an Aontais, ach is tromchúiseach an bhagairt í freisin d’íospartaigh agus cuireann sí an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an dioscúrsa daonlathach i mbaol. Is amhlaidh a dhéantar maoirseacht níos déine ar ardáin na meán sóisialta anois, ós rud é go bhfuil an tAontas i gcomhpháirtíocht le rialtóirí chun mionaoisigh a chosaint; ardáin a dhéanamh níos trédhearcaí; dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach agus bréagaisnéis shistéamach; agus forfheidhmiú a fheabhsú trí oiliúint chomhpháirteach, trí phlé agus trí thaighde.
Cé go ndíríonn an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha ar úsáideoirí a chosaint agus ar aghaidh a thabhairt ar ábhar neamhdhleathach, cinntíonn an Gníomh go bhfanann ár margadh digiteach cothrom agus iomaíoch. Tá an Gníomh um Margaí Digiteacha ar cheann de na chéad uirlisí chun cumhacht cuideachtaí móra digiteacha a rialáil. Feidhmíonn sé taobh le rialacha iomaíochta an Aontais, a bhfuil feidhm iomlán acu fós. Leagtar amach ann critéir shoiléire maidir le geatóirí a ainmniú — ardáin dhigiteacha mhóra amhail innill chuardaigh, aipmhargaí agus seirbhísí teachtaireachtaí. Ó mhí an Mhárta 2024 ar aghaidh, ní mór do na geatóirí (a bhfuil seacht gcinn acu ann faoi láthair) cloí - oscail i dtáb nua. leis an méid is ceart a dhéanamh agus nach ceart de réir an Ghnímh um Margaí Digiteacha ionas nach gcuirfidh siad srian leis an iomaíocht. Cinnteoidh sé sin go mbeidh deis chothrom ag cuideachtaí beaga dul san iomaíocht agus go mbeidh níos mó roghanna agus praghsanna níos cothroime ann do thomhaltóirí.
Conas a d’fhorfheidhmigh an tAontas an Gníomh um Margaí Digiteacha in 2024?
Ainmníodh geatóirí nua
Booking. An líon iomlán geatóirí: 7.
Croísheirbhísí ardáin nua
(seirbhísí a chuireann geatóirí ar fáil a bhfuil tionchar suntasach acu ar an margadh digiteach)
Apple’s iPadOS. Líon iomlán na gcroísheirbhísí ardáin: 24.
Níos mó smachta le haghaidh úsáideoirí
Idirphléití rialála le geatóirí chun a chinntiú go bhfuil an Gníomh um Margaí Digiteacha á chomhlíonadh acu.
Is féidir le húsáideoirí an méid seo a leanas a dhéanamh anois:
na brabhsálaithe agus na hinnill chuardaigh is fearr leo a roghnú gan a bheith faoi ghlas i réamhshocrú atá leagtha amach ag geatóir;
gléasanna a úsáid gan iad a bheith ceangailte le seirbhísí eile ón ngeatóir céanna;
sonraí a aistriú chuig seirbhísí malartacha ar bhealach níos éasca.
Imscrúduithe agus réamhthorthaí
Cuireadh tús le 6 imscrúdú neamhchomhlíontachta (fiosrúcháin fhoirmiúla maidir le sáruithe ar rialacha).
Cuireadh tús le 2 nós imeachta sonraíochta (próiseas chun oibleagáidí dlíthiúla a shoiléiriú) agus seoladh réamhthorthaí.
Seoladh réamhchinntí maidir le sáruithe féideartha ar rialacha chuig:
Apple, as srian a chur ar fhorbróirí aipeanna eolas a chur ar fáil d’úsáideoirí faoi roghanna íocaíochta níos saoire lasmuigh dá App Store;
Meta, maidir le cé acu a thugann nó nach dtugann a shamhail ‘íoc nó toiligh’ rogha chothrom d’úsáideoirí agus bailiú sonraí á dhiúltú acu.
Tugadh isteach 2 uirlis le haghaidh sceithirí in 2024, rud a chuir ar chumas daoine aonair faisnéis a chur ar fáil a chuidíonn le cleachtais dhíobhálacha ag ardáin a shainaithint agus a nochtadh, agus iad a chosaint ar bhearta díoltais ag an am céanna. Tá trédhearcacht ríthábhachtach chun muinín tomhaltóirí as an margadh digiteach a mhéadú, go háirithe maidir le tionchairí ar líne agus ardáin mhiondíola.
Fuarthas amach le scagadh (nó ‘scuabadh’) ar phostálacha ar na meáin shóisialta gur annamh a nochtann tionchairí ar líne nádúr tráchtála an ábhair a chruthaíonn siad:
chuir 97 % de thionchairí ábhar tráchtála in airde ar bhonn rialta; ach
níor chuir ach 1 as 5 in iúl go seasta go raibh fógraíocht i gceist.
Tá méadú ag teacht ar an tóir atá ar mhargaí ar líne ach fuarthas amach go gcuireann siad tomhaltóirí amú maidir le praghsáil agus téarmaí. Tar éis gníomhaíocht chomhpháirteach ó údaráis náisiúnta tomhaltóirí agus ón Aontas, tá gealltanas tugtha ag roinnt ardán ar líne feabhas a chur ar a gcleachtais tráchtála.
Léirítear le cleachtais mhargaíochta a bhfuil fadhbanna ag baint leo an gá atá le dlíthe níos fearr chun tomhaltóirí a chosaint ar líne. I mí Dheireadh Fómhair, sainaithníodh in athbhreithniú - oscail i dtáb nua. bearnaí i rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí, ar nós dlíthe doiléire, rialacha a bheith á gcur i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla i dtíortha éagsúla agus forfheidhmiú lag. Déanfar athbhreithniú mionsonraithe in 2025 ar réimsí sonracha nach mór a fheabhsú.
Tá Viagogo, margadh ar líne le haghaidh díolachán athláimhe ticéid imeachta, tar éis gealltanas a thabhairt an méid seo a leanas a dhéanamh:
tomhaltóirí a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr faoi na coinníollacha a bhaineann le ticéid a athdhíol;
stop a chur le brú a chur ar thomhaltóirí le hamadóirí comhaireamh síos, rud a chuireann deifir orthu agus rudaí a gceannach acu.
Tá athruithe déanta ag Vinted, margadh ar líne chun earraí athláimhe a dhíol, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
faisnéis níos soiléire a chur ar fáil faoi phraghas iomlán na n-earraí sula gcuirfidh tomhaltóirí bailchríoch ar a gceannach;
a chinntiú go bhfuil a fhios ag tomhaltóirí conas aisíocaíocht a fháil mura dtagann a n-ordú nó má tá an t-earra góchumtha.
Tugadh fógra do Temu, margadh ar líne, faoi chleachtais ar a ardán a sháraíonn dlí tomhaltóirí an Aontais, lascainí bréige, brúdhíol, athbhreithnithe bréige, faisnéis mhíthreorach agus cluichiú éigeantach ina measc. Tugadh treoir dó ailíniú le rialacha an Aontais agus tá sé fós faoi imscrúdú.
Cibearshlándáil
Is beag teagmhas a mbíonn tionchar níos measa acu ar mhuinín tomhaltóirí, ar chobhsaíocht na margaí agus ar inchreidteacht institiúidí ná sárú ar shonraí nó cur isteach ar sheirbhísí ar líne. Dá bhrí sin, is ábhar mór imní do gach duine í an chibearshlándáil.
Tugadh isteach reachtaíocht maidir le bearta chun ardleibhéal cibearshlándála coiteann a bhaint amach i ngach Ballstát (ar a dtugtar Treoir NIS2 - oscail i dtáb nua.) i mí Dheireadh Fómhair. Leis an treoir sin, soláthraítear bearta dlíthiúla chun borradh a chur faoi leibhéal foriomlán na cibearshlándála san Aontas agus leathnaítear raon feidhme na rialacha cibearshlándála chuig earnálacha agus eintitis chriticiúla bhreise. I measc na n-earnálacha sin tá cumarsáid leictreonach phoiblí, seirbhísí digiteacha, bainistiú fuíolluisce agus dramhaíola, spás, seirbhísí poist agus riarachán poiblí.
Tábhacht na cibearshlándála
71 % de chuideachtaí an Aontais a mheasann gur ardtosaíocht í an chibearshlándáil.
57 % de chuideachtaí an Aontais, tá fostaí amháin ar a laghad acu atá ag feidhmiú i ról a bhaineann go díreach leis an gcibearshlándáil.
CAD IAD NA SCILEANNA CIBEARSHLÁNDÁLA IS TÁBHACHTAÍ DO CHUIDEACHTAÍ AN AONTAIS?
25 % de chuideachtaí a cheapann gurb é an rud is tábhachtaí cleachtais saoil oibre a chur i gcrích maidir le saincheisteanna cosanta sonraí agus príobháideachais.
21 % ode chuideachtaí a cheapann go bhfuil sé ríthábhachtach anailís, measúnú agus athbhreithniú a dhéanamh ar shlándáil bogearraí nó crua-earraí.
20 % de chuideachtaí a cheapann gurb é an rud is tábhachtaí saincheisteanna a bhaineann leis an gcibearshlándáil a shainaithint agus a réiteach.
19 % de chuideachtaí a cheapann gurb é an rud is tábhachtaí cleachtais bainistíochta riosca maidir leis an gcibearshlándáil a chur chun feidhme agus comhlíonadh rialachán agus caighdeán a chinntiú.
Tháinig an tAontas ar chomhaontú polaitiúil - oscail i dtáb nua. freisin maidir le rialacha chun feabhas a chur ar an gcomhar idir na Ballstáit agus chun feabhas a chur ar a gcumas cibearbhagairtí a bhrath, ullmhú dóibh agus freagairt dóibh (an Gníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht). Athrú ó bhonn a bheidh sna rialacha sin maidir le cibearbhagairtí a bhrath, ullmhú dóibh agus freagairt do theagmais ar fud an Aontais, agus beidh pleananna le haghaidh córas foláirimh cibearshlándála, sásra práinnfhreagartha agus deimhniúchán le haghaidh seirbhísí slándála bainistithe san áireamh sa chomhaontú sealadach.
Tháinig rialacha nua - oscail i dtáb nua. i bhfeidhm i mí Eanáir 2024 chun borradh a chur faoi chibearshlándáil institiúidí an Aontais. Leagtar síos iontu treoirlínte soiléire do na hinstitiúidí maidir le creataí inmheánacha bainistíochta riosca, rialachais agus rialaithe cibearshlándála a bhunú. Cuideoidh na bearta sin le sáruithe ar shonraí agus cibirionsaithe a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sheirbhísí poiblí, do shonraí pearsanta agus do mhuinín fhoriomlán as córais dhigiteacha a chosc.
Ní mór an tslándáil a chur san áireamh freisin i ngach táirge digiteach a úsáideann daoine. Leis an nGníomh um Chibear-Athléimneacht - oscail i dtáb nua., a glacadh i mí Dheireadh Fómhair (a mbeidh feidhm aige ó dheireadh 2027 ar aghaidh), bainfear an méid sin amach trí chrua-earraí agus bogearraí níos sábháilte a chinntiú. Ní mór do mhonaróirí bearta slándála a chur i bhfeidhm i ngach táirge a bhfuil comhpháirteanna digiteacha acu, ó fhóin chliste go meaisíní caife. Leis na rialacha sin, sonraítear an gá atá le measúnuithe slándála, láimhseáil leochaileachta agus nuashonruithe bogearraí le linn saolré táirge.
Le cleachtadh cibearshlándála i mí an Mheithimh, rinneadh tástáil ar ullmhacht an Aontais do chibirionsaí mórscála trí ionsaí ar earnáil an fhuinnimh a ionsamhlú. Ina dhiaidh sin, fuarthas tuarascálacha agus moltaí maidir leis an gcibearshlándáil i líonraí teileachumarsáide, leictreachais agus cumarsáide. Ghlac an tAontas an chéad scéim um dheimhniú cibearshlándála - oscail i dtáb nua., lena leagtar amach rialacha uile-Aontais maidir le táirgí TFC a dheimhniú ar feadh a saolré. Tá breis agus €210 milliún á infheistiú ag an Aontas freisin chun cumais chibearchosanta agus dhigiteacha a neartú ar fud na hEorpa.
Sonraí a bhainistiú agus a chosaint san Aontas
Is iad sonraí inneall gheilleagair an lae inniu, agus braitheann gach tionscal ar shaorshreabhadh faisnéise. Leis an nascacht sin, osclaítear margaí domhanda do chuideachtaí de gach méid, ach tá dúshláin ag baint léi freisin a mhéid a bhaineann le sonraí a láimhseáil agus a chomhroinnt ar bhealach slán agus cothrom.
Tháinig reachtaíocht nua - oscail i dtáb nua. i bhfeidhm i mí Eanáir chun comhroinnt sonraí san Aontas a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos inrochtana. Leis an nGníomh um Shonraí, leagtar amach cé na páirtithe a bhfuil cead acu sonraí a úsáid agus na coinníollacha faoina n-úsáidtear iad, rud a thugann rochtain shlán do chuideachtaí ar shonraí riachtanacha. Le rochtain níos fearr ar shonraí tionsclaíocha, cuirtear iomaíocht agus nuálaíocht chun cinn, go háirithe do chuideachtaí beaga. Cuirfidh sé sin ar a gcumas táirgí agus seirbhísí nua a fhorbairt agus dul in iomaíocht le cuideachtaí móra. Chomh maith leis sin, i mí na Bealtaine cuireadh tús le caingean dlí - oscail i dtáb nua. i gcoinne 18 mBallstát toisc gur theip orthu údaráis chuí a bhunú chun maoirseacht a dhéanamh ar an nGníomh um Rialachas Sonraí - oscail i dtáb nua., ina leagtar amach rialacha maidir le sonraí a chomhroinnt ar fud an Aontais.
Beidh níos mó tacar sonraí poiblí - oscail i dtáb nua. ar fáil anois lena n-athúsáid, a bhuí le rialacha nua a tháinig i bhfeidhm i mí an Mheithimh. Tá feidhm ag na rialacha sin maidir le tacair sonraí ardluacha - oscail i dtáb nua. ina bhfuil faisnéis faoi 6 réimse théamacha, lena n-áirítear sonraí geospásúla, faire na cruinne agus soghluaisteacht, agus spreagfaidh siad nuálaíocht i réimsí amhail an intleacht shaorga. Trí Spás Eorpach Sonraí Sláinte - oscail i dtáb nua. a chruthú, tabharfar smacht iomlán do shaoránaigh ar a gcuid sonraí sláinte, agus ceadófar fós na sonraí sin a úsáid le haghaidh taighde agus sláinte phoiblí faoi choinníollacha dochta.
Acmhainneacht fáis an gheilleagair sonraí sláinte
€5.5 bhilliún Is é sin an méid a shábhálfar san Aontas thar thréimhse 10 mbliana a bhuí le rochtain níos fearr ar shonraí sláinte i gcúram sláinte, agus le malartú na sonraí sin.
20-30 % Is é sin an fás breise ar an margadh sláinte digití.
€5.4 billiún Is é sin an méid a shábhálfar san Aontas thar thréimhse 10 mbliana a bhuí le húsáid níos fearr a bhaint as sonraí sláinte le haghaidh taighde, nuálaíochta agus ceapadh beartas.
I ré ina bhfuil méadú ag teacht ar chomhroinnt sonraí, cinntítear freisin le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí, is é sin an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí - oscail i dtáb nua. (RGCS), nach ndéanfaidh an dul chun cinn sin dochar don phríobháideachas. Tá RGCS fós ina bhunchloch do bheartais dhigiteacha uile an Aontais a bhaineann le sonraí pearsanta. Tugtar smacht do dhaoine ar a gcuid sonraí pearsanta agus cé a fhaigheann rochtain orthu. Tá RGCS ina eiseamláir i gcónaí le haghaidh creataí cosanta sonraí ar fud an domhain. An tráth céanna, sainaithníodh i dtuarascáil 2024 maidir le cur i bhfeidhm RGCS - oscail i dtáb nua. roinnt réimsí a d’fhéadfaí a fheabhsú, láimhseáil cásanna trasteorann ina measc. Tugadh aghaidh air sin cheana féin tríd an rialachán atá beartaithe maidir le rialacha nós imeachta RGCS, lena bhféachtar leis an gcomhar idir údaráis cosanta sonraí a chuíchóiriú agus RGCS á fhorfheidhmiú i gcásanna trasteorann.
Téann tábhacht RGCS níos faide ná an tAontas Eorpach freisin. De réir mar a bhíonn cuideachtaí ag brath níos mó ar shreafaí sonraí trasteorann, cuirtear uirlisí ar fáil trí RGCS chun sonraí pearsanta a chosaint, fiú nuair a fhágann na sonraí sin an tAontas, agus d’fhéadfadh sé aistrithe chuig tíortha a bhfuil caighdeáin níos ísle acu a shrianadh fiú. Ceann de na sásraí a úsáidtear chun a áirithiú go bhfuil an leibhéal céanna cosanta ag sonraí lasmuigh den Aontas is ea cinntí leordhóthanachta, lena n-aithnítear tíortha nach Ballstáit den Aontas iad a sholáthraíonn cosaint leordhóthanach sonraí. Go dtí seo, glacadh 16 chinneadh leordhóthanachta, a ndéantar athbhreithniú tréimhsiúil orthu. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar chuid de na cinntí atá ann cheana i mí Eanáir 2024, dheimhnigh an tAontas gur féidir le sonraí leanúint de bheith ag sreabhadh gan bhac chuig 11 thír agus chríoch chomhpháirtíochta - oscail i dtáb nua..
Ar bhonn cinneadh leordhóthanachta - oscail i dtáb nua. nua maidir le Creat Príobháideachais Sonraí AE-SAM, is féidir le sonraí pearsanta sreabhadh go sábháilte ón Aontas chuig cuideachtaí SAM gan iallach a bheith orthu coimircí breise cosanta sonraí a chur i bhfeidhm. Tugtar an ceart freisin do dhaoine san Aontas achomharc a dhéanamh chuig cúirt nua a cuireadh ar bun chun gearáin ón Aontas faoi ghníomhaíochtaí sheirbhísí faisnéise na Stát Aontaithe a réiteach. Deimhníodh i dtuarascáil - oscail i dtáb nua. mheastóireachta mhí Dheireadh Fómhair 2024 ar an gcreat go bhfuil na struchtúir agus na nósanna imeachta is gá curtha i bhfeidhm ag údaráis na Stát Aontaithe chun a chinntiú go bhfeidhmeoidh sí go héifeachtach. Cosnaíonn na cosaintí sin sonraí i ngach aistriú trasatlantach, aistrithe a dhéantar trí chomhaontuithe cuideachta nó trí bheartais inmheánacha san áireamh.
Seirbhísí poiblí digiteacha
Tá seirbhísí poiblí agus príobháideacha ag éirí níos digití de réir a chéile, ach ní i gcónaí a bhíonn príobháideachas agus slándáil ar líne de réir an chaighdeáin is gá, rud a fhágann daoine aonair leochaileach i leith goid aitheantais agus próifíliú nach bhfuil uathu. Tháinig rialacha nua - oscail i dtáb nua. i bhfeidhm i mí na Bealtaine, rud a réitigh an bealach do shaoránaigh agus do chónaitheoirí uile an Aontais an Tiachóg Eorpach Céannachta Digití - oscail i dtáb nua. a bheith acu faoi 2026. Fágfaidh sé sin go mbeidh tascanna laethúla níos éasca agus níos sábháilte. Beidh úsáideoirí in ann a n-aitheantas a chur ar fáil, doiciméid dhigiteacha, ar nós oidis leighis, a mhalartú agus íocaíochtaí a dhéanamh ar bhealach slán – in aon aip amháin. Coinneoidh úsáideoirí smacht iomlán ar a gcuid sonraí pearsanta.
Tá treoirlínte dlíthiúla á n-ullmhú ag an Aontas faoi láthair chun a chinntiú go gcomhlíonann na tiachóga na caighdeáin slándála is airde agus go n-oibríonn siad gan uaim ar fud an Aontais. I mí na Samhna, glacadh 5 rialachán cur chun feidhme - oscail i dtáb nua. ina leagtar amach rialacha maidir le príomhfheidhmeanna agus deimhniú tiachóg.
FÍSEÁN: Foghlaim faoi Thiachóg na Céannachta Digití ón Aontas.
Fágann an córas dlí páipéarbhunaithe atá ag an Aontas faoi láthair go bhfuil sé casta agus costasach cúrsaí trasteorann a phróiseáil. Chun an fhadhb sin a réiteach, tabharfar isteach córas ar líne - oscail i dtáb nua. chun cúrsaí dlí a bhainistiú i ngach Ballstát. Is cuma má tá siad ag plé le hoidhreachtaí nó conarthaí gnó, beidh daoine agus gnólachtaí in ann doiciméid a chur isteach, cumarsáid a dhéanamh leis na cúirteanna, freastal ar éisteachtaí agus táillí a íoc – go leictreonach.
A bhuí leis an gcóras comhroinnte sonraí - oscail i dtáb nua. uile-Aontais, tá sé níos éasca anois do shaoránaigh staidéar, bogadh, obair, dul ar scor nó gnó a dhéanamh ar fud an Aontais. Is féidir le húdaráis i mBallstáit éagsúla doiciméid a roinnt lena chéile ar iarratas ón saoránach, ionas nach mbeidh orthu an fhaisnéis chéanna a sholáthar níos mó ná uair amháin. Déanfar an córas sin a chomhtháthú sa Tairseach Aonair Dhigiteach, lena nasctar tairseacha náisiúnta chun faisnéis, seirbhísí ar líne agus tacaíocht a chur ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí i ngach Ballstát. In 2024, cuireadh ar chumas na mBallstát faisnéis atá cothrom le dáta agus iontaofa a chur ar fáil maidir le nósanna imeachta údarúcháin náisiúnta le haghaidh tionscadail thionsclaíocha ghlan-nialasachta ar thairseach An Eoraip Agatsa - oscail i dtáb nua., rud a chuidíonn le cuideachtaí am a shábháil agus iarratas á dhéanamh acu ar cheadanna.
Scileanna digiteacha
Chun rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí ar líne, staidéar, obair, cumarsáid a dhéanamh agus faisnéis iontaofa a fháil, ní mór go mbeidh litearthacht dhigiteach ag muintir an Aontais. Tá scileanna digiteacha bunúsacha ar a laghad ag 56 % - oscail i dtáb nua. de dhaoine san Aontas idir 16-74 bliana d’aois.
Chun feabhas a chur air sin, tá sprioc leagtha síos ag an Aontas go mbeidh 80 % de dhaoine fásta in ann an teicneolaíocht a úsáid le haghaidh cúraimí laethúla agus 20 milliún duine a fhostú i réimse na teicneolaíochta faoi 2030, agus béim á leagan ar níos mó ban a thabhairt isteach sa réimse. Tá an tionscnamh nua Women TechEU - oscail i dtáb nua. ríthábhachtach maidir leis an sprioc sin. Cuirtear meantóireacht, cóitseáil agus tacaíocht airgeadais ar fáil do mhná a stiúrann cuideachtaí nuathionscanta teicneolaíochta chun cabhrú leo a ngnólachtaí a fhás.
Conas a thacaigh an tAontas le forbairt scileanna in 2024?
Le tionscadal ‘Girls go Circular’ - oscail i dtáb nua. de chuid na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, cuireadh scileanna digiteacha agus fiontraíochta ar fáil do 40,000 cailín, agus tá an tionscadal sin 3 bliana chun tosaigh ar an sceideal.
Is uirlis ar líne saor in aisce é Selfie - oscail i dtáb nua. a thacaíonn le scoileanna gairmoideachais agus gairmoiliúna agus le cuideachtaí teicneolaíochtaí digiteacha a chomhtháthú.
Is clár de chuid an Aontais í an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil - oscail i dtáb nua. a chuidíonn leis na Ballstáit dlús a chur lena gclaochlú digiteach, go háirithe sa chúram sláinte agus san oideachas. In 2024, chuir an ionstraim ar chumas na hEastóine, na Spáinne, na hIodáile agus na Rómáine cláir oiliúna agus straitéisí a fhorbairt chun scileanna digiteacha sna príomhearnálacha sin a fheabhsú, agus iad ag díriú ar thionscadail ar nós:
ríomhthaifid sláinte a chur i bhfeidhm;
feabhas a chur ar scileanna digiteacha múinteoirí agus daltaí araon.
Is líonra é Women4Cyber - oscail i dtáb nua. a bhfuil sé mar aidhm aige níos mó ban a mhealladh chuig réimse na cibearshlándála.
Daltaí ag foghlaim scileanna digiteacha ag eagraíocht neamhrialtasach a thacaíonn le leanaí faoi mhíchumas in Bologna, an Iodáil, an 23 Deireadh Fómhair 2024.
Leis an gComhspás Sonraí Eorpach um Scileanna, a seoladh in 2024, beifear in ann sonraí a bhaineann le scileanna a chomhroinnt agus rochtain a fháil orthu. Is féidir na sonraí a úsáid chun críocha éagsúla, ar nós anailís a dhéanamh ar threochtaí, straitéisí a cheapadh agus feidhmchláir nua a fhorbairt, agus tosaíocht á tabhairt d’eitic, d’éagsúlacht agus do chosaint sonraí ag an am céanna.
Spreagann an beartas spáis nuálaíocht, cuireann sé feabhas ar shlándáil agus spreagann sé fás eacnamaíoch ar fud earnálacha éagsúla. Aithníonn an tAontas na tairbhí forleathana sin, agus chuir sé cláir nua i bhfeidhm agus leathnaigh sé cláir atá ann cheana in 2024.
Cé go bhfithisíonn satailítí i bhfad os ár gcionn, tá a dtionchar le brath níos gaire ná mar a cheapaimid. Idir fhóin chliste inár bpócaí agus eitleáin sa spéir, coinníonn na fairtheoirí fithiseacha seo ár ndomhan nasctha le chéile agus ag bogadh ar aghaidh.
Cuireadh 4 shatailít nua le réaltbhuíon Galileo - oscail i dtáb nua., córas loingseoireachta an Aontais, in 2024. Leis an méadú sin, cuireadh feabhas ar an mbeachtas do thionscail atá ag brath ar shonraí satailíte, atá mar bhonn agus mar thaca anois ag 10 % de gheilleagar an Aontais.
FÍSEÁN: Céard é Galileo?
Chuir Sentinel-1C agus Sentinel-2C, na satailítí is déanaí a cuireadh le clár Copernicus - oscail i dtáb nua., tús leis an bhfaireachán, agus tá siad réidh chun údaráis a chur ar an eolas faoi thubaistí agus bagairtí comhshaoil, rud a chruthóidh freagairtí éigeandála níos gasta agus níos beaichte.
FÍSEÁN: Eolas faoin tsatailít Fairtheoir Copernicus-2C – an tsatailít is déanaí a cuireadh le fine satailítí an Aontais.
Cuireadh IRIS² - oscail i dtáb nua. (Bonneagar don Athléimneacht, don Idirnascacht agus don tSlándáil trí Shatailít), líonra satailíte slán an Aontais, cumarsáid shlán ar fáil le haghaidh cúraimí ar nós rialú teorann agus bainistiú géarchéime, agus ag an am céanna oibríonn sé chun idirlíon ardluais a chur ar fáil do cheantair iargúlta agus chun slándáil dhigiteach na hEorpa a fheabhsú.