Thar aon ní eile, is é atá san Aontas Eorpach ná tacar luachanna a chabhraíonn linn maireachtáil le chéile, cé go bhfuil éagsúlacht teangacha, cultúr, reiligiún agus gnásanna againn.
Tá os cionn leathbhilliún duine ina gcónaí san Aontas, agus ní furasta do na sin daoine sin an mhuintir a chónaíonn sna tíortha comharsanacha nó i dtíortha níos faide i gcéin, ní furasta dóibh iad sin a thuiscint.
Más mian linn maireachtáil mar shochaí, is ceart a thuiscint go bhfuil tábhacht ag baint le luachanna áirithe, mar atá an dlúthpháirtíocht, an chaoinfhulaingt, an tsaoirse, comhionannas, agus an meas.
IIs éard atá i gceist le dlúthpháirtíocht a thaispeáint ná bheith toilteanach cabhair a thabhairt dá chéile. Is é atá i gceist le bheith caoinfhulangach ná a aithint gur féidir le daoine maireachtáil agus smaoineamh ar bhealaí difriúla.
Cabhraíonn na comhluachanna daonna sin linn teacht le chéile agus a bhrath go bhfuilimid páirteach sa chomhthionscadal úd ar a dtugtar an tAontas Eorpach.
An tsíocháin go deo!
Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar an Aontas Eorpach sa bhliain 2012. Chinn ceannairí an Aontais an duaischiste a úsáid chun cabhrú le leanaí nach raibh an deis acu go fóill fás aníos faoi shíocháin. Go dtí seo, tá leas bainte ag na mílte leanbh faoi mhíbhuntáiste as cláir oideachasúla.
Ó mo thaobh féin de, ciallaíonn an dlúthpháirtíocht:
Ó mo thaobh féin de, ciallaíonn an chaoinfhulaingt:
Tá saoránaigh an Aontais Eorpaigh ina dtomhaltóirí freisin. Ceannaíonn siad gach cineál táirge agus seirbhíse chun freastal ar a mbunriachtanais nó ar mhaithe le pléisiúr.
Táimid go lear freagrach as smaoineamh ar a bhfuilimid ag úsáid agus ar an dóigh a bhfuilimid ag taisteal. Nuair a dhéanaimid dea‑roghanna agus nuair a thograímid bearta beaga atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh gach lá, is amhlaidh a bhímid ag tacú leis an bhforbairt inbhuanaithe.
Baineann an tAontas úsáid as lear gníomhartha difriúla chun spreagadh a thabhairt do na 27 mBallstát beartais inbhuanaithe a chur i bhfeidhm a théann chun tairbhe do mhuintir na hEorpa agus do mhuintir an domhain.
Cad is forbairt inbhuanaithe ann?
Bealach níos measúla tomhaltais is ea an fhorbairt inbhuanaithe: freastalaímid ar ár riachtanais reatha ach smaoinímid freisin ar na daoine sin a thiocfaidh inár ndiaidh. Tá sé tábhachtach pláinéad glan a fhágáil inár ndiaidh ag ár leanaí. Cuirtear an comhshaol, an geilleagar agus an saol mar shochaí san áireamh san fhorbairt inbhuanaithe.
UISCE
Bíonn sé ag cur báistí an t‑-am ar fad! Is cuma liom, mar sin de, agus fágaim na sconnaí ar siúl.
TÁ
NÍL
BIA
B’fhearr liom bia úr agus torthaí áitiúla a ithe ná sútha talún a cheannach i lár an gheimhridh.
TÁ
NÍL
FUINNEAMH
Fágaim na soilse ar siúl i gcónaí: déanann sin an teach deas cluthar compordach.
TÁ
NÍL
IOMPAR
Ní sa charr a ghiorraím an bóthar ach ar an rothar nuair is féidir.
TÁ
NÍL
Chun maireachtáil go sona le chéile, tá sé tábhachtach aire a thabhairt don chomhshaol: uisce, aer, plandaí agus ainmhithe. Is féidir le gníomhaíochtaí an duine cur isteach ar chothromaíocht an dúlra ó am go chéile. Ní mór dúinn, mar sin, cuid dár nósanna a athrú. Oibríonn an tAontas Eorpach chun truailliú agus téamh an domhain a chosc.
Ar an meán, cuireann gach duine san Aontas Eorpach níos mó ná cileagram de bhruscar isteach sa bhosca bruscair gach lá. Agus tá beagnach 447 mhilliún againn ann!
Ar an dea-uair, táimid ag athchúrsáil a lán táirgí le roinnt mhaith blianta anuas: buidéil phlaisteacha, cannaí, gloine, páipéar agus cairtchlár ina measc. Cuid mhór táirgí plaisteacha aon úsáide, sifiíní, sceanra agus plátaí mar shampla, níl cead iad a úsáid a thuilleadh san Aontas.Táimid ag cabhrú le truailliú a chomhrac leis an mbeart simplí sin.
Taispeánann an ceann seo go bhfuil táirge neamhdhíobhálach don timpeallacht
Taispeánann an ceann seo cé mhéad fuinneamh a úsáideann fearas leictreonach
Marcáil Comhréireachta
An aithníonn tú an comhartha CE? Tá sé éigeantach i gcás lear táirgí. Ciallaíonn sé go gcomhlíonann an táirge riachtanais an Aontais Eorpaigh ó thaobh na sábháilteachta, na sláinte agus chosaint an chomhshaoil de. Feicfidh tú é ar roinnt mhaith rudaí i do theach, bréagáin san áireamh. Féach thart!
Ní bac don truailliú teorainneacha. Gach soicind ar ár bpláinéad, scriostar méid foraoise atá chomh mór le páirc pheile chun adhmad nó páipéar a dhéanamh. Bíonn an truailliú sin ag scriosadh “scamhóga glasa” an domhain agus ag táirgeadh barraíocht gás ceaptha teasa.
Gabhann gathanna na gréine trínár n-atmaisféar agus téann siad ár bpláinéad. Faoi mar atá i dteach gloine ina bhfásaimid plandaí nó glasraí, áfach, ní imíonn roinnt de ghathanna na gréine as an domhan. Tugtar an iarmhairt cheaptha teasa ar an bhfeiniméan nádúrtha sin.
A bhuí le clóraifill, ionsúnn plandaí glasa gáis cheaptha teasa agus scaoileann siad ocsaigin uathu. Déanann daoine agus carranna a mhalairt ar fad: tógann siad ocsaigin isteach agus cuireann siad CO2, nó dé-ocsaíd charbóin, amach. Is é an gás sin an chúis is mó leis an iarmhairt cheaptha teasa agus leis an téamh domhanda. Déanaimid a mhalairt den rud a dhéanann plandaí, mar sin de. Agus, nuair a scriosaimid na plandaí sin, scriosaimid na scamhóga glasa a thugann ocsaigin dúinn le go mbeimid in ann maireachtáil.
Ag cosaint an dúlra
Téann an comhshaol agus an aeráid i bhfeidhm ar an domhan ar fad. Déanann an tAontas obair mhór chun stop a chur le hathrú na haeráide. Is é an sprioc atá aige go mbeidh an tAontas ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach ar domhan faoi 2050.
Ionas gur féidir an spioc sin a aimsiú, tá sé aontaithe ag na Ballstáit go mbeidh roinnt bearta i bhfeidhm acu faoi 2030, iad seo a leanas mar shampla:
Is éard atá i gceist le réim chothrom bia méideanna beaga de gach cineál bia a ithe chun an t-ocras a bhaint dínn, agus gan níos mó thairis sin nó faoina bhun sin. B’fhearr, mar sin, dá dtáirgfeadh feirmeoirí agus tógálaithe ainmhithe na hEorpa raon mór cineálacha bia agus go leor bia chun gach duine a bheathú!
In 1957, chinn an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír agus Lucsamburg — na sé thír bhunaitheacha — nach mbeadh ocras ann san Eoraip choíche. Sa bhliain 1962 sheol siad an comhbheartas talmhaíochta (ar a dtugtar “CBT” freisin).
Ba é an aidhm a bhí leis sin go leor bia a tháirgeadh do gach duine agus a chinntiú go bhféadfadh feirmeoirí a mbeatha a thabhairt i dtír leis an bhfeirmeoireacht. Fuair feirmeoirí Eorpacha cabhair airgeadais chuige sin agus cead acu an oiread bia ba mhaith leo a tháirgeadh. Ós rud é gur tháirg siad an oiread sin bia, áfach, bhí na mílte tonna bia ann nach raibh duine ar bith ag iarraidh a cheannach. Cad é mar chur amú!
Ó na 1980idí i leith, níl feirmeoirí in ann bia a tháirgeadh de réir mar is rogha leo ná é a dhéanamh ar an mbealach is rogha leo. Is é an riail atá anois ann go gcaithfidh an bia a tháirgtear a bheith ar ardchaighdeán. Tá rialacha ann freisin chun a chinntiú go gcaifear ar bhealach níos fearr le hainmhithe. Tugann an Eoraip spreagadh dá cuid feirmeoirí páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí eile.
Mar shampla:
Ar na saolta seo, ní mór d’fheirmeoirí agus do shiopaí bia lógónna agus lipéid a chur ar an bpacáistíocht a bhíonn ar an saghas sin bia ar a dtugtar “ón bhfeirm go dtí an forc”. Insíonn na lipéid sin dúinn cén dóigh a ndéantar an bia, léiríonn siad an dáta faoinar cheart é a chaitheamh, etc.
Mar shampla, ar uibheacha bíonn cód a léiríonn an tír ar rugadh iad inti agus cé acu a chónaigh na cearca amuigh faoin spéir nó a chónaigh siad i gcaighean.
Chomh maith leis sin, tá go leor táirgí ann agus bíonn lógónna Eorpacha orthu a dheimhníonn a gcáilíocht nó a n-áit tionscnaimh.
Ciallaíonn an lógó “Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint” nach mór an táirge a dhéanamh, a phróiseáil agus a ullmhú in áit nó i réigiún ar leith.
Samplaí: Ola olóige Kalamata (an Ghréig), mil Mel do Alentejo (an Phortaingéil), cáis Herve (an Bheilg), agus sauerkraut Stupavské zelé (an tSlóvaic).
Ciallaíonn an lógó “Tásc Geografach faoi Chosaint” go ndearnadh ceann amháin ar a laghad de chéimeanna an táirgthe (táirgeadh, próiseáil nó ullmhú) in áit nó i réigiún ar leith.
Samplaí: Ispín muiceola Kiełbasa piaszczańska (an Chróit), asparagas Asparago di Cantello (an Iodáil).
Leis an lógó sin dearbhaítear go ndéantar 95 % de na comhábhair go horgánach agus tugtar ainm an táirgeora nó ainm an díoltóra.
Tá breis agus leath na ndaoine fásta ar fad san Aontas Eorpach róthrom. Mura dtéitear i ngleic leis sin, beidh eipidéim ollmhór san Eoraip faoin mbliain 2030. Tá páistí agus daoine óga thíos leis freisin: sa bhliain 2019, bhí duine óg amháin as gach cúigear san Eoraip róthrom nó murtallach féin.
Chinn roinnt scoileanna cosc a chur ar bhurgair mhairteola, sceallóga, píotsaí agus ar dheochanna súilíneacha. Faoin scéim Eorpach torthaí do scoileanna, tugtar torthaí agus glasraí do dhaltaí saor in aisce, rud a spreagann nósanna itheacháin sláintiúla.
Chun réim shláintiúil bia a bheith againn, ní mór dúinn cúig thoradh agus ghlasra a ithe in aghaidh an lae. D’fhéadfadh sé go gceapfá gur méid mór é sin, ach is féidir é a dhéanamh!
Léiriú ar ár modh maireachtála is ea an cultúr. Léiríonn sé éagsúlacht ár dtraidisiún, ár ngnásanna agus ár luachanna. Cuimsíonn sé na teangacha a labhraímid, na healaíona agus ionaid ealaíon, ailtireacht ár bhfoirgneamh, an t-oideachas, agus mórchuid nithe eile.
Trí eolas a chur ar ár gcultúr féin agus ar chultúr daoine eile, cabhraítear linn tuiscint níos fearr a chur ar a chéile agus maireachtáil le chéile ar bhealach níos fearr.
Tacaíonn an tAontas Eorpach le forbairt lear mór earnálacha cultúir agus closamhairc sna 27 tír AE. Is é an aidhm atá aige feasacht a ardú maidir le cruthaitheoirí cumasacha na hEorpa agus lear mór post a chruthú i ngach earnáil dá mbaineann le cúrsaí cultúir: an cineama, an teilifís, cluichí ríomhaire, músaeim, an ceol, leabhair, etc.
Arbh eol duit?
Gach bliain, roghnaítear cathracha áirithe de chuid na hEorpa mar Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa. An ndearnadh ceann de Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa de chathair i do réigiúnsa go fóill?
A bhuí leis an idirlíon, is féidir leat dul ar líne chun cluichí a imirt, éisteacht le ceol, agus dul ar lorg físeán agus eolais chun cabhrú leat d’obair baile a dhéanamh. Is iontach an rud é freisin é a úsáid chun comhrá a dhéanamh le do chairde nó chun ghrianghraif a chomhroinnt.
Cuireann líonraí sóisialta ar nós Facebook nó Snapchat ar do chumas coinneáil i dteagmháil le cairde, an t-eolas is deireanaí a fháil ó dhaoine muinteartha duit, grianghraif ghreannmhara a thógáil agus, in amanna, cairde nua a dhéanamh. Dá mhéad cara atá ag duine is ea is mó an cion atá ag daoine orthu. Sin é a shíltear amanna, ar aon chaoi.
Tá sé tábhachtach cloí le riail rabhaidh amháin i gcónaí, is é sin gan eolas dlúthphearsanta a thabhairt do “chairde” nua, go háirithe do dhaoine nach bhfuil aithne agat orthu ach ar éigean. Ní mór duit an ní ar a dtugtar do “phríobháideacht” a chosaint. Agus príobháideacht do mhuintire freisin.
Nuair a úsáideann tú an t-idirlíon, líonraí sóisialta nó teachtaireachtaí téacs, is féidir go bhféachfaidh daoine mailíseacha áirithe le bradaíl a dhéanamh ort nó le cur isteach ar do phríobháideacht.
Chuir an tAontas Eorpach an clár ‘‘Idirlíon Níos Sábháilte’’ ar bun chun daoine óga a chosaint ar chontúirtí agus ar chastachtaí an idirlín agus chun iad a dhéanamh níos stuama.
Is éard atá i gceist le turscar ná dramhphost, ná teachtaireacht ó dhuine éigin a chuireann i gcéill go bhfuil aithne aige ort. De ghnáth, bíonn an duine sin ag iarraidh rud a dhíol leat nó airgead a iarraidh ort.
Mar a chonaiceamar cheana féin, tá an dlúthpháirtíocht ar cheann de bhunluachanna an Aontais Eorpaigh. Sampla amháin den dlúthpháirtíocht is ea an comhrac in aghaidh na bochtaineachta, rud a chuaigh i bhfeidhm ar dhuine as gach cúigear san Eoraip sa bhliain 2019 féin.
Agus ní bhaineann sé sin le muintir na hEorpa amháin. Arbh eol duit go bhfuil breis agus 700 billiún duine ar domhan beo ar thimpeall is EUR 1.5 sa lá? Tá bochtaineacht dá leithéid ina lán tíortha san Afraic, san Áise agus i Meiriceá Laidineach. Tá an iomarca daoine ar domhan fós nach mbíonn teacht acu ar uisce óil, cúram sláinte ná oideachas. Is éigean dúinn beart a dhéanamh!
I dteannta a chéile, soláthraíonn an tAontas Eorpach agus na Ballstáit níos mó ná leath na cabhrach domhanda ar fad.
Gach bliain, téann tubaistí nádúrtha, coinbhleachtaí agus cogaí i bhfeidhm ar na milliúin duine timpeall an domhain.
Baintear leas as cabhair dhaonnúil ón Aontas Eorpach chun beatha daoine a shábháil agus chun bia, foscadh, cógais agus uisce óil a sholáthar do dhaoine atá ar an ngannchuid. Baintear úsáid aisti chun tacú le teaghlaigh a bhfuil orthu tíortha atá á réabadh ag cogaíocht a fhágáil agus chun foirgnimh a scriosadh a atógáil.
Ní hé amháin go mbaineann maireachtáil le chéile le taitneamh a bhaint as amanna sonais le chéile, ach baineann sí freisin le himní a léiriú faoi thubaistí beaga agus móra ár gcomharsan, bíodh siad i gcóngar nó i gcéin. Ceann amháin dár luachanna Eorpacha is ea an dlúthpháirtíocht!
maireachtáil níos fearr le chéile?
Cad a d’fhéadfá a dhéanamh i do shaol laethúil chun feabhas a chur ar an saol i do phobal, i do theaghlach, i do scoil nó ar do shráid?
Más maith leat foghlaim faoin eagar atá ar an Eoraip agus faoin dóigh a n‑oibríonn sí ó lá go chéile, caith súil ar an dá bhróisiúr seo a leanas:
Tá an foilseachán ar líne seo ar fáil i 24 teanga agus sna formáidí seo a leanas:
Lámhscríbhinn arna uasdhátú i mí an Mhárta 2023 ag:
An Coimisiún Eorpach
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Seirbhís Eagarthóireachta & Sprioc For-rochtana
1049 Bruxelles/Brussel
BELGIQUE/BELGIË
Lucsamburg, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2023
op.europa.eu/ga/publications
Ar bhain tú tairbhe as an bhfoilseachán seo? Cuir scéala chugainn.
comm-publi-feedback@ec.europa.eu
© An tAontas Eorpach, 2023
Déantar beartas athúsáide dhoiciméid an Choimisiúin Eorpaigh a chur chun feidhme le Cinneadh 2011/833/AE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2011 maidir le hathúsáid dhoiciméid an Choimisiúin (IO L 330, 14.12.2011, lch. 39). Ach amháin má shonraítear a mhalairt, údaraítear an doiciméad seo a athúsáid faoi cheadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0) (creativecommons.org/licenses/by/4.0/). Ciallaíonn sé sin go gceadaítear an athúsáid ar choinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí agus go léirítear aon athrú a dhéantar.
Le haghaidh míreanna nach bhfuil faoi úinéireacht an Aontais Eorpaigh a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé gur ghá cead a iarraidh go díreach ar shealbhóirí an chóipchirt.
Gach íomhá © An tAontas Eorpach, mura sonraítear a mhalairt.