An Coimisiún Eorpach

NÓTA DO LÉITHEOIRÍ

D’inis an foilsitheoir dúinn go bhfuil roinnt pictiúiríní greannmhara le feiceáil inár mbróisiúir An Eoraip — Níos fearr le chéile! Is cosúil gur éalaigh buachaill darb ainm Gordon isteach sa siopa clódóireachta agus gur scriobláil sé ar roinnt de na leathanaigh.

Tá súil againn nach gcuirfidh siad isteach ort agus tú ag léamh.

Bain taitneamh as!

Foireann na Seirbhíse Eagarthóireachta agus na For-rochtana Spriocdhírithe, an Coimisiún Eorpach

LÁMHLEABHAR AN OIDE/BILEOG EOLAIS

An Eoraip — Níos fearr le chéile!

Uirlis chun feasacht a mhéadú ar an Eoraip do dhaltaí os cionn 10 mbliana d’aois

Cabhróidh AN EORAIP — Níos fearr le chéile! leat labhairt faoin Eoraip sa rang. San fhoireann uirlisí teagaisc tá thrí bhróisiúr agus léarscáil den Aontas Eorpach.

Foireann uirlisí teagaisc An Eoraip — Níos fearr le chéile! a úsáid sa rang?
Ag brath ar d’ábhair spéise agus ar na ceisteanna ó do dhaltaí, is féidir leat breathnú ar an Aontas Eorpach ó thrí pheirspictíocht dhifriúla. Níl na bróisiúir leagtha amach in aon ord ar leith. Comhlánaíonn siad a chéile ach is féidir gach ceann díobh a úsáid ina n-aonar.

Moltaí maidir leis na bróisiúir a úsáid.

D’fhéadfá díriú ar stair agus tíreolaíocht an Aontais Eorpaigh chun labhairt faoi lánpháirtiú na hEorpa. Sa chás sin, bhainfeá úsáid as an mbróisiúr AN EORAIP — Ag tógáil le chéile! agus/nó an léarscáil. Sa léarscáil, léirítear do dhaltaí suíomh na dtíortha atá san Aontas Eorpach agus suíomh na dtíortha atá sa limistéar euro.
D’fhéadfá díriú ar chúrsaí reatha (e.g. cruinniú mullaigh Eorpach nó an euro) chun labhairt faoi fheidhmiú na n‑institiúidí agus faoin tsaoránacht Eorpach. Sa chás sin, bhainfeá úsáid as an mbróisiúr AN EORAIP — Ag eagrú le chéile!
D’fhéadfá díriú ar shaol laethúil na leanaí (e.g. cáilíocht an uisce agus an bhia, cosaint leanaí ar líonraí sóisialta, etc.). Sa chás sin, bhainfeá úsáid as an mbróisiúr AN EORAIP — Ag maireachtáil le chéile!

An cur chuige atá againn

Bhíomar ag iarraidh timpeallacht teagaisc a chruthú a bheadh saibhir ó thaobh ábhair de agus lán spraoi chun eolas a thabhairt do dhaoine óga faoin saol atá rompu san Eoraip.

Is é an phríomhaidhm atá ann a chur in iúl do na daltaí gur cuid den Aontas Eorpach iad agus gur féidir leo Eoraip an lae amárach a mhúnlú. Chun béim a leagan ar a ról, bhaineamar úsáid as briathar gnímh le haghaidh gach topaice (ag maireachtáil, ag eagrú, ag cuimhneamh, ag cosaint, etc.).

Leis an bhfoclóir, na cluichí agus na leideanna spraíúla a thugtar, cuirtear ar chumas na ndaltaí a gcuid eolais a mhéadú ina n-aonar trí amharc ar Gordon, an carachtar samhlaitheach a scriobláil ar na bróisiúir. Tá an carachtar sin ar comhaois leo, agus dá bharr sin is fusa a rachaidh an t-ábhar i bhfeidhm orthu. Ó thús deireadh na mbróisiúr, baintear úsáid as ceisteanna oscailte freisin chun rannpháirteachas na ndaltaí a spreagadh. Bain taitneamh as!