An Eoraip atá ann sa lá atá inniu ann, tá a fréamhacha ag dul i bhfad siar.
Más mian linn a thuiscint cad é a dhéanann an Eoraip dúinn sa lá atá inniu ann, is mithid a fháil amach conas a bunaíodh í.
Daoine áirithe, ar nós Charlemagne agus Napoléon, d’fhéach siad le tíortha uile na hEorpa a chomhcheangal ina náisiún aonair. Ba as cogaí dearga a tháinig Eoraip na ndaoine sin, áfach.
San 20ú céad, thosaigh dhá chogadh ar mhór-roinn na hEorpa agus scaip siad chuig an domhan mór ansin. Is é sin an fáth a dtugtar cogaí domhanda orthu.
Bhí an Chéad Chogadh Domhanda ann ó 1914 go 1918. Thosaigh an Dara Cogadh Domhanda thart ar 20 bliain ina dhiaidh sin.
An raibh a fhios gur as miotaseolaíocht na Gréige a tháinig an focal “Eoraip”?
Banphrionsa galánta a chónaigh ar an Tuír, ar chósta Áiseach na Meánmhara (an Liobáin), ba ea Europa. Thit Séas, rí na ndéithe, i ngrá léi. Mheall sé í agus thóg sé chun na Gréige í. Bhí triúr leanaí acu agus ba as an mbanphrionsa a ainmníodh an mór-roinn: an Eoraip.
Sa bhliain 1945, bhí an Eoraip ina fothracha tar éis an Dara Cogadh Domhanda.
Mar thoradh ar an gcogadh uafásach sin, a mhair 6 bliana, fágadh 20 milliún leanbh ina ndílleachtaí, scriosadh na bóithre go hiomlán, fuair daoine bás den ocras agus theith daoine as a dtír. Ní raibh ann ach léirscrios agus uafás. B’éigean gach rud a atógáil!
Cé go raibh an tsíocháin faoi réim athuair san Eoraip tar éis na bliana 1945, bhí an Eoraip roinnte ina dhá bloc: Oirthear na hEorpa agus Iarthar na hEorpa. Sa Ghearmáin a bhí an líne dhealaithe idir an dá bhloc.
Mar sin, bhí an Ghearmáin roinnte ina dhá tír freisin: Oirthear na Gearmáine agus Iarthar na Gearmáine.
Ba mhór an difear idir saol san Oirthear agus saol san Iarthar.
Cén bhaint atá aige sin leis an Aontas Eorpach, áfach?
An 9 Bealtaine 1950, rinne Robert Schuman, státaire ón bhFrainc, togha smaoinimh a bhí aige a chur i láthair: Iarthar na Gearmáine agus an Fhrainc oibriú le chéile sna tionscail ghuail agus chruach. D’fhágfadh sé sin, nach gcuimhneodh ceachtar den dá thír cogadh a chur ar a chéile go brách arís.
Thosaigh Iarthar na hEorpa á hathfhorbairt féin faoi shíocháin.
Gan iad a tharraingt, ainmnigh roinnt nithe is féidir a dhéanamh as cruach.
Tamaillín ina dhiaidh sin, chuaigh tíortha eile isteach sa tionscadal guail agus cruach: an Bheilg, an Iodáil, an Ísiltír agus Lucsamburg.
An 18 Aibreán 1951, shínigh na sé thír sin téacs ar a dtugtar “conradh” lenar bunaíodh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach. Ba chéim eile i dtreo na síochána é sin!
Ach ní bheadh sé éasca Eoraip aontaithe a chruthú. Ní gan ceannairí ar leith a rinneadh an beart, idir fhir agus mhná a bhí díograiseach dúthrachtach fadbhreathnaitheach, fir agus mná nárbh fhéidir tionscadal coiteann a dhéanamh den aisling dá n‑uireasa. Nuair a labhraímid faoi na daoine sin sa lá atá inniu ann, tugaimid ”bunaitheoirí an Aontais” orthu. Cérbh iad na bunaitheoirí?
1A – 2D – 3E – 4B – 5E – 6F – 7C – 8A – 9D – 10E
Ag teacht sna sála ar chruthú an Chomhphobail do Ghual agus Cruach, chinn na sé thír margadh mór gan teorainneacha a bhunú. Chruthaigh siad Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa sa bhliain 1957. Ciallaíonn an téarma “Comhphobal Eacnamaíochta” bloc a phléann le hairgead, leis an ngnó, leis an obair agus leis an trádáil.
Cuireadh an geilleagar ar a bhoinn arís dá bharr sin. D’fhág an Eoraip an cogadh ina diaidh. Bhí Iarthar na hEorpa faoi shíocháin.
Balla Bheirlín (féach an léarscáil)
An cuimhin leat gurb amhlaidh, tar éis an Dara Cogadh Domhanda, a roinneadh an Eoraip ina dhá bloc nár réitigh le chéile?
Sa bhliain 1961, thóg Oirthear na Gearmáine Balla a roinn cathair Bheirlín ina dhá cuid: Oirthear Bheirlín agus Iarthar Bheirlín. Na daoine a bhí ina gcónaí thoir, bhí bac orthu feasta anoir. Balla Bheirlín, ó ba dheighilt é idir an tOirthear (cumannach) agus an tIarthar (caipitlíoch), ba shiombail den Chogadh Fuar a bhí ann.
San Oirthear, bhí gach rud faoi úinéireacht agus faoi stiúir an Stáit: an fheirmeoireacht, an táirgeadh tionsclaíoch agus dáileadh earraí. San Iarthar, bhí na daoine saor agus bhí cead acu a dtuairimí a chur in iúl, gnólachtaí a bhunú, dul ag taisteal, a gceannairí a roghnú agus vóta a chaitheamh.
Bhí fás faoi Iarthar na hEorpa, agus theastaigh ó thíortha eile dul i bpáirt leis na sé thír a bhí i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa ón tús. Rinneadh baill den Chomhphobal den Danmhairg, d’Éire agus den Ríocht Aontaithe (1) in 1973. Chuaigh an Ghréig isteach sa Chomhphobal sa bhliain 1981 agus chuaigh an Spáinn agus an Phortaingéil isteach ann sa bhliain 1986.
Tharla rud an-tábhachtach i gcroílár mhór-roinn na hEorpa sa bhliain 1989. Athaontaíodh muintir Oirthear na hEorpa agus muintir Iarthar na hEorpa.
Bhí deireadh le Balla Bheirlín, an deighilt fhisiciúil agus pholaitiúil idir an dá dhream. Tháinig na mílte de mhuintir Bheirlín amach agus tharraing siad an Balla Mór as a chéile go ndeachaigh siad ar athmhuintearas leis an leath eile den tír.: bhí an Ghearmáin athaontaithe. Bhí ceiliúradh ollmhór ann i measc mhuintir na hEorpa.
Is leis sin a cuireadh deireadh leis an gcumannachas sa Ghearmáin agus, de réir a chéile ina dhiaidh sin chuaigh a lán tíortha eile atá in Oirthear na hEorpa isteach san Aontas Eorpach. Poblacht Chónaidhme na Gearmáine – Iarthar na Gearmáine
In 1992, trí Chonradh Maastricht, rinneadh an tAontas Eorpach (An tAontas) de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.
Chuaigh 16 thír isteach san Aontas Eorpach idir na blianta 1995 agus 2013. Tá 27 mBallstát ann ó d’fhág an Ríocht Aontaithe sa bhliain 2020.
Bíodh sé i gclós súgartha nó san Eoraip í féin, dá mhéad duine atá ann is ea is deacra atá sé teacht ar chomhaontú faoi rud. Agus bíonn gach duine ag iarraidh a dhearcadh féin a chur chun tosaigh.
Mar sin, is gá dúinn labhairt le chéile chun teacht ar réitigh. Leagtar na réitigh sin amach i “gconarthaí”.
Is éard atá i gconradh ná comhaontú a shíníonn Cinn Stáit nó Rialtais na mBallstát. Ar dhóigh, is treoir oibriúcháin an Aontais é.
Tá seacht mórchonradh comhaontaithe go dtí seo. Tá a bhformhór ainmnithe as an gcathair inar síníodh iad. Is é Conradh Liospóin an ceann is déanaí díobh.
Conas dul isteach san Aontas Eorpach
Is féidir le tír Eorpach ar bith iarratas a dhéanamh ar dhul isteach san Aontas Eorpach, ach ní mór di roinnt coinníollacha a chomhlíonadh:
Bratach ghorm a bhfuil 12 réalta órga leagtha amach ina gciorcal uirthi, sin é bratach an Aontais Eorpaigh.
Is í an “Óid don Aoibhneas” aintiún na hEorpa. Ón Naoú Siansa le Ludwig van Beethoven, an cumadóir Gearmánach mór le rá.
Cé nach bhfuil aon fhocal ann, músclaíonn sé idéil na saoirse, na síochána agus na dlúthpháirtíochta — idéil a seasann an Eoraip dóibh.
Is in 2000, den chéad úir, a ghlac an tAontas Eorpach mana arb é is bhrí leis ná “Aontaithe san éagsúlacht”.
Léiríonn an mana sin an dóigh ar múnlaíodh an tAontas, agus ar saibhríodh é trí leas a bhaint as na cultúir, na traidisiúin agus na teangacha éagsúla atá ann sa mhór-roinn.
Ar an léarscáil seo den Eoraip, féach leat cuid de na pictiúir a léiríonn sainchomharthaí, pearsantachtaí, bia agus tréithe agus traidisiúin náisiúnta eile de chuid gach Ballstáit.
Ceiliúrtar Lá na hEorpa an 9 Bealtaine agus comórann sé “Dearbhú Schuman”, a síníodh ar an dáta céanna sa bhliain 1950. Ba é sin an dáta a cuireadh tús le lánpháirtiú na hEorpa. Thart ar an dáta sin, osclaíonn institiúidí uile an Aontais Eorpaigh a ndoras don phobal.
Nuair a labhraímid ar an “Eoraip”, d’fhéadfadh roinnt rudaí difriúla a bheith i gceist.
Thar aon ní eile, is mór-roinn í an Eoraip. Is éard is mór-ranna ann ná píosaí ollmhóra talún atá scartha ag aigéin.
Cuimsíonn mór-roinn na hEorpa a lán tíortha nó críoch. Chinn 27 gcinn de na tíortha sin dul isteach i gcomhlimistéar darb ainm “an tAontas Eorpach”.
Agus chinn roinnt de na tíortha sin den Aontas airgeadra aonair a úsáid: an euro. Is cuid den “limistéar euro” iad na tíortha sin.
Cruthaíodh an tAontas Eorpach de réir a chéile, agus é bunaithe ar smaointe na bhfear agus na mban cróga a throid ar son na síochána. Toradh ar phróiseas fada staire atá ann, próiseas ina raibh ról againn ar fad.
Níl sé foirfe go fóill, ar ndóigh: is tionscadal é a bhíonn á fhorbairt gach lá. Agus, san am atá le teacht, is iad daoine óga an lae inniu a chuirfidh chun tosaigh é.
Tá mórfhadhbanna ann go fóill nach réiteofar ach amháin má oibríonn na tíortha uile le chéile.
Ach cé a thógfaidh Eoraip an lae amárach? Is í do ghlúin féin a THÓGFAIDH í agus sibh ag obair as lámha a chéile!
Más maith leat foghlaim faoin eagar atá ar an Eoraip agus faoin dóigh a n‑oibríonn sí ó lá go chéile, caith súil ar an dá bhróisiúr seo a leanas:
Tá an foilseachán ar líne seo ar fáil i 24 teanga agus sna formáidí seo a leanas:
Lámhscríbhinn arna uasdhátú i mí an Mhárta 2023 ag:
An Coimisiún Eorpach
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Seirbhís Eagarthóireachta & Sprioc For-rochtana
1049 Bruxelles/Brussel
BELGIQUE/BELGIË
Lucsamburg, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2023
op.europa.eu/ga/publications
Ar bhain tú tairbhe as an bhfoilseachán seo? Cuir scéala chugainn.
comm-publi-feedback@ec.europa.eu
© An tAontas Eorpach, 2023
Déantar beartas athúsáide dhoiciméid an Choimisiúin Eorpaigh a chur chun feidhme le Cinneadh 2011/833/AE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2011 maidir le hathúsáid dhoiciméid an Choimisiúin (IO L 330, 14.12.2011, lch. 39). Ach amháin má shonraítear a mhalairt, údaraítear an doiciméad seo a athúsáid faoi cheadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0) (creativecommons.org/licenses/by/4.0/). Ciallaíonn sé sin go gceadaítear an athúsáid ar choinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí agus go léirítear aon athrú a dhéantar.
Le haghaidh míreanna nach bhfuil faoi úinéireacht an Aontais Eorpaigh a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé gur ghá cead a iarraidh go díreach ar shealbhóirí an chóipchirt.
Gach íomhá © An tAontas Eorpach, mura sonraítear a mhalairt.