INSTITIÚIDÍ EORPACHA

Ag déanamh cinntí le chéile

Ní stát cosúil leis an mBulgáir, an Iodáil ná leis an Spáinn é an tAontas Eorpach. Tá sé ina chomhlachas deonach a chuimsíonn stáit Eorpacha a chinn tionscadail a chur i gcrích le chéile.

Tá institiúidí láidre ag an Aontas, ar aistrigh na tíortha Eorpacha roinnt dá gcuid cumhachtaí chucu. Tá ról ar leith ag gach institiúid agus tá gach ceann díobh faoi stiúir ag uachtarán.

Conas a fheidhmíonn an tAontas Eorpach?

An Chomhairle Eorpach 1: an áit a dtagann ceannairí na mBallstát le chéile

Sa Chomhairle Eorpach, tugtar le chéile cinn stáit nó cinn rialtais na mBallstát. Ceithre huaire in aghaidh na bliana a thagann siad le chéile, de ghnáth. Tugtar “cruinnithe mullaigh Eorpacha” ar na cruinnithe sin agus úsáidtear iad chun gach a bhfuil ag tarlú san Eoraip a phlé agus chun mór-threoirlínte polaitiúla an Aontais a shocrú.

Is sa Bhruiséil (an Bheilg) atá an Chomhairle lonnaithe.

An Coimisiún Eorpach 2

Rialtas an Aontais Eorpaigh is ea an Coimisiún Eorpach. Molann sé dlíthe nua agus féachann sé chuige go gcuirtear i bhfeidhm iad.

Tá thart ar 27 gCoimisinéir ag an gCoimisiún (duine amháin in aghaidh an Bhallstáit) agus tá réimse amháin nó níos mó de chúram ar gach ceann acu (e.g. an comhshaol, an t-iompar, an t-oideachas).

Is sa Bhruiséil atá an Coimisiún lonnaithe.

Parlaimint na hEorpa 3

Guth mhuintir na hEorpa is ea Parlaimint na hEorpa. Tá 751 Fheisire aici. Is iad na daoine a thoghann na Feisirí, sna toghcháin Eorpacha.

Glacann an Pharlaimint dlíthe agus buiséad an Aontais in éineacht le Comhairle an Aontais Eorpaigh.

In Strasbourg (an Fhrainc), sa Bhruiséil agus i Lucsamburg atá sí lonnaithe.

Comhairle an Aontais Eorpaigh, nó Comhairle na nAirí 1

Tá an Chomhairle comhdhéanta d’airí ó na Ballstáit. Freastalaíonn aire amháin ó gach tír uirthi. Ní hé an t-aon aire amháin a fhreastalaíonn ar an gComhairle i ngach cás, áfach, mar go mbraitheann sé ar an tsaincheist atá á plé.

Más í an Chomhairle Talmhaíochta atá i gceist, mar shampla, is é an t-aire talmhaíochta a bheidh i láthair.

Glacann an Chomhairle dlíthe agus buiséad an Aontais in éineacht le Parlaimint na hEorpa.

Is sa Bhruiséil atá Comhairle an Aontais Eorpaigh lonnaithe.

Triantán institiúideach an Aontais Eorpaigh

Léaráid a léiríonn triantán institiúideach an Aontais Eorpaigh. Is í an Chomhairle Eorpach a leagann amach tosaíochtaí an Aontais. Is é an Coimisiún Eorpach a mholann dlíthe nua, a chuireann an buiséad i bhfeidhm agus a chinntíonn go n-urramaítear na dlíthe, na conarthaí agus na cláir. Is iad Parlaimint na hEorpa agus Comhairle na nAirí a ghlacann na dlíthe agus an buiséad. Déanann siad athbhreithniú ar dlíthe agus déanann siad iad a leasú, a ghlacadh nó a dhiúltú.  Nuair a thagann siad ar chomhaontú, foilsítear dlí nua.

Cad is daonlathas ann?

Is éard is daonlathas ann ná córas polaitíochta ina bhfuil an chumhacht i seilbh mhuintir uile na tíre. I gcóras daonlathach, tugtar “saoránaigh” ar mhuintir na tíre. Tá ag gach saoránach atá in aois vótála an ceart chun vóta a chaitheamh i dtoghcháin

 

CEARTA AGUS SAORÁNACHT

Ag urramú ár ndifríochtaí

San Aontas Eorpach, tá ag gach saoránach atá in aois vótála an ceart chun vóta a chaitheamh do pholaiteoirí fireanna agus do pholaiteoirí baineanna a sheasann i dtoghcháin. Gné riachtanach de gach daonlathas is ea an ceart atá ag saoránaigh chun vóta a chaitheamh.

An ceart chun vóta a chaitheamh… agus chun cosaint a fháil.

Tá cearta agus saoirsí ag gach saoránach den Aontas Eorpach. Leagtar na cearta agus na saoirsí sin amach i ndoiciméad aonair ar a dtugtar “Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh”. Ní mór do gach duine an chairt a urramú.

Cearta sonracha an linbh

Saoránaigh Eorpacha as a gceart féin is ea leanaí. Thart ar an gcúigiú cuid de dhaonra an Aontais Eorpaigh, is leanaí iad.

Tá an Chairt um Chearta Bunúsacha ríthábhachtach toisc go dtugann sí raon iomlán ceart sonrach do leanaí: e.g. an ceart dul ar scoil, an ceart a dtuairimí a chur in iúl, an ceart a bheith faoi chosaint agus an ceart cúram sláinte a rochtain.

Is féidir leat léamh faoi do chearta anseo: Plean an Aontais Eorpaigh maidir le cearta leanaí (europa.eu)

An Chúirt Bhreithiúnais

Is é an ról atá ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh féachaint chuige go gcomhlíontar dlíthe an Aontais agus go gcuirtear i bhfeidhm iad ar an mbealach céanna i ngach áit. Tá breitheamh amháin ó gach Ballstát AE ag an gCúirt. Is i Lucsamburg atá sí lonnaithe.

 

DAOINE ÓGA AGUS AN tAONTAS EORPACH

Ag éisteacht le daoine óga

Ós rud é go bhfuil Eorpaigh óga ina saoránaigh as a gceart féin, tá an ceart acu a dtuairimí a chur in iúl. Agus baineann siad leas as an gceart sin! Ina lán tíortha AE, is féidir le daoine óga a dtuairimí a chur in iúl ar bhealaí difriúla, mar shampla trí pharlaimint náisiúnta le haghaidh daoine óga. Ina theannta sin, trí Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh iarrann institiúidí an Aontais ar dhaoine óga agus ar eagraíochtaí óige a gcuid dtuairimí a thabhairt maidir le ceisteanna is spéis leo féin.

Tá thart ar 40 páiste ina suí ag tionól agus iad ag iarraidh cinneadh a dhéanamh le chéile. Screadann buachaill amháin gur a shealsa atá ann le labhairt. Deir buachaill eile ‘Níos mó mús seacláide!’, agus deir cailín ‘agus uachtar reoite!’
  • Cad ba mhaith leat a rá?

Cuir mionpharlaimint ar bun i do rang agus labhair faoi ghnóthaí a théann i bhfeidhm ort go díreach. Mar shampla:

  • Conas is féidir linn maireachtáil ar bhealach níos fearr le chéile inár saol laethúil.
  • Conas is féidir linn cearta leanaí a chur i bhfeidhm agus a chosaint ar bhealach níos fearr.

 

AN MARGADH AONAIR

Ag obair i gcomhar lenár gcomharsana

Is críoch ollmhór ina bhfuil beagnach 4 mhilliún km2 é an tAontas Eorpach, áit a maireann cultúir dhifriúla taobh le taobh. Chun saol na nEorpach a dhéanamh níos éasca, fuair formhór na dtíortha Eorpacha réidh le seiceálacha pas ag a dteorainneacha. Mar sin, tá an tsaoirse ag gach duine a chónaíonn i dtír AE gluaiseacht, cónaí agus obair a dhéanamh in aon tír eile san Eoraip.

Tá an tsaoirse sin ag daoine óga freisin!

Is féidir le daoine óga gluaiseacht ar fud na hEorpa freisin a bhuí le clár ar a dtugtar Erasmus+. Ligeann an clár seo do mhic léinn agus do dhaoine óga dul chuig tír eile agus staidéar nó obair dheonach a dhéanamh ann, nó oiliúint a dhéanamh ann. Tugann an taisteal deis dúinn tuilleadh teangacha a fhoghlaim. Ceann de na príomhbhuanna atá againn san Aontas Eorpach is ea an líon mór teangacha a labhraítear ann. Dá mhéad a labhraímid is ea is mó a thuigimid a chéile agus is fearr an t eagar a bhíonn orainn.

Arbh eol duit?

Tá Limistéar Schengen ina limistéar saorghluaiseachta do dhaoine, idir na tíortha a shínigh Comhaontú Schengen (baile i Lucsamburg is ea Schengen). Bhí 27 dtír i Limistéar Schengen sa bhliain 2018: 23 thír den Aontas Eorpach agus ceithre thír nach tíortha den Aontas iad. Laistigh de Limistéar Schengen, is féidir le duine ar bith ón Aontas Eorpach (nó ó thír ar bith eile) teorainneacha na dtíortha Schengen eile a thrasnú gan a bpas a thaispeáint.

  • An féidir leat ceann ar bith de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh a ainmniú? (1)

(1) Féach an liosta ar.

 

AN tAIRGEADRA AONAIR AGUS AN LIMISTÉAR EURO

Ag éascú na trádála

Airgeadra aonair

A bhuí le Conradh Maastricht, a síníodh sa bhliain 1992, tá comhairgeadra ag roinnt Ballstát ón 1 Eanáir 2002 i leith, is é sin an euro. Tá an euro á úsáid ag 20 — Ballstát faoi láthair: an Bheilg, an Chipir, an Chróit, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an tSlóvaic, an tSlóivéin agus an Spáinn.

I dteannta a chéile, is iad an “limistéar euro” iad. Maidir leis na tíortha eile — an Bhulgáir, an Danmhairg, an Pholainn, an Rómáin, an tSeicia, an tSualainn agus an Ungáir — baineann siad siúd úsáid as a n-airgeadra náisiúnta fós.

Arbh eol duit?

Is é eipsealón, litir in aibítir na Gréigise, ab inspioráid don chomhartha euro (€) agus is tagairt é don chéad litir den fhocal “Eoraip”. Tá na línte comhthreomhara a thrasnaíonn an comhartha cosúil leis na línte a úsáidtear i gcomharthaí dhá airgeadra aithnidiúla eile: an dollar agus an yen.

Tá taobh amháin ag na boinn euro go léir ar a bhfuil léarscáil den Eoraip agus is ionann é sin do gach tír. Tá a dhearadh féin ag gach tír ar an taobh eile. Seo roinnt samplaí: Tá dhá eala ar eitilt ar an mbonn 1 euro san Fhionlainn. Tá suaitheantas ar a dtugtar cros Mhálta ar na boinn 1 euro agus 2 euro i Málta. Ar na boinn 1 euro san Iodáil tá líníocht cháiliúil le Leonardo da Vinci a léiríonn comhréir idéalach na colainne daonna. Ar an mbonn 2 euro sa Ghréig tá Europa, atá á fuadú ag Séas agus cruth tairbh air. Is figiúr í Europa i mhiotaseolaíocht na Gréige ar ainmníodh an Eoraip ina diaidh.

1 an Fhionlainn – 2 Málta – 3 an Iodáil – 4 an tSlóivéin – 5 an Eastóin – 6 an Ghearmáin – 7 an Ghréig – 8 an Spáinn

An Banc Ceannais Eorpach

Déanann an Banc Ceannais Eorpach deimhin de go bhfuil an euro ag obair i gceart agus ceadaíonn sé do Bhallstáit an limistéir euro nótaí euro a tháirgeadh. In Frankfurt (an Ghearmáin) atá an Banc Ceannais Eorpach lonnaithe.

  • An aithníonn tú an cumadóir cáiliúil sin? An bhfuil a fhios agat cén t-ainm atá air agus cén tír arb as é?
Tá cumadóir cáiliúil Ostarach le feiceáil ar an mbonn 1 euro san Ostair. An bhfuil a fhios agat cé hé? 
freagra: Wolfgang Amadeus Mozart

Wolfgang Amadeus Mozart, an Ostair.

 

BUISÉAD AN AONTAIS EORPAIGH

Ag infheistiú inár dtodhchaí

Infheistíonn an tAontas Eorpach i roinnt mhaith réimsí: an t-oideachas, an comhshaol, taighde ar theicneolaíochtaí nua, an talmhaíocht, etc. Chun go mbeidh sé in ann infheistiú, áfach, teastaíonn airgead uaidh! Chomh maith leis sin, ní mór dó a eagrú cén dóigh a roinntear an t-airgead sin: is rud é sin a dtugaimid “buiséad” air.

Cén áit a bhfaigheann an tAontas Eorpach a chuid airgid?

Is ó na tíortha AE a fhaightear an chuid is mó de bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

Baintear úsáid as chun roinnt mhaith tionscadal ar fud na hEorpa a mhaoiniú (tógáil bóithre, droichead, scoileanna, ollscoileanna, ionad taighde eolaíoch, músaem, ospidéal, monarchana) agus chun malartuithe daoine óga, poist san Eoraip a chur chun cinn agus an comhshaol a chosaint.

 

Tionscadail a dtacaíonn an tAontas Eorpach leo

Tá infheistíocht ón Aontas Eorpach faighte ag na céadta míle tionscadal i gcaitheamh na mblianta. Seo a leanas roinnt samplaí. https://kohesio.ec.europa.eu/ga/

Feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh sna scoileanna

Tá líon mór scoileanna san Eoraip a úsáideann a lán fuinnimh. Chabhraigh an tionscadal Energy@School le breis agus 40 scoil fuinneamh a spáráil idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna i seacht mBallstát – an Ghearmáin, an Chróit, an Iodáil, an Ostair, an Pholainn, an Ungáir agus an tSlóivéin . Is tionscadal é lenar cuireadh oiliúint ar dhaltaí agus ar mhúinteoirí ionas gur “caomhnóirí fuinnimh” a bheidh iontu, agus ionas go mbeidh siad páirteach i gcruthú scoileanna atá “cliste ó thaobh an fhuinnimh de”.

Ag comhrac ailsí leanaí

Forbraíonn Apeiron Biologics, gnólacht biteicneolaíochta Ostarach, cógais cóireála ailse, go háirithe cineálacha neamhchoitianta ailse a bhíonn ar leanaí go háirithe. Bainfear leas as iasacht ón Aontas Eorpach chun cabhrú leis an gcuideachta níos mó taighde a dhéanamh agus teacht ar bhealaí nua chun an galar a chomhrac.

Clóis súgartha chliste do leanaí

Tá ag méadú sa lá atá inniu ann ar an méid ama a chaitheann leanaí ag imirt ar ghléasanna leictreonacha sa bhaile in ionad a bheith ag spraoi i gclóis súgartha. Fágann an easpa aclaíochta sin agus an drochréim bia a bhíonn acu go mbíonn níos mó leanaí ag éirí murtallach. A bhuí le cistiú ón Aontas Eorpach, d’fhorbair Playground Energy, gnólacht Bulgárach, clóis súgartha ina gclaochlaítear fuinneamh cinéiteach ina fhuaim agus ina sholas. Tugann sé sin spreagadh do leanaí bogadh níos mó agus beatha níos sláintiúla a chaitheamh.

  • Conas atá an scéal san áit a bhfuil tú féin i do chónaí? An eol duit aon sampla de chuidiú a thug an tAontas Eorpach sa tír, sa réigiún nó ar an mbaile ina bhfuil tú i do chónaí?

 

TÁSTÁIL D’EOLAS

Tráth na gceist!

Tá 24 theanga oifigiúla ag an Aontas Eorpach. Cé go n-úsáidtear Béarla go minic, tá an tAontas tiomanta saibhreas gach teanga a chaomhnú agus tugann sé spreagadh do gach duine san Eoraip roinnt teangacha a fhoghlaim chun gur fearr a thuigfidh gach duine a chéile. Chun sinn féin a eagrú i gceart, ní mór dúinn tuiscint níos fearr a bheith againn ar a chéile!

Hello
I don’t understand - Un helado
Danke - ¡Hola! - Bitte - Entschuldigung
Tschüss - Thank you - Ein Eis
No entiendo - Sorry - Por favor - Hallo
Goodbye - Tengo hambre - Das verstehe ich nicht
Perdón - Please - Ich habe Hunger
How are you? - ¡Hasta pronto! - See you
Adiós - An ice cream - Bis bald
Gracias - Wie geht’s ? - I am hungry
¿Cómo estás?

  • Seo thíos “Dia duit” agus “go raibh maith agat” i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh. An féidir leat na focail a mheaitseáil leis an teanga cheart?
Beannacht – Teanga – Léirthuiscint

Béarla: Good morning, Thank you; Bulgáiris: Dobro utro - добро утро, Blagodarya - Благодаря; Cróitis: Dobro jutro, Hvala; Danmhairgis: Godmorgen, Tak; Eastóinis: Tere hommikust, Aitäh; Fionlainnis: Hyvää huomenta, Kiitos; Fraincis: Bonjour, Merci; Gaeilge: Dia dhuit, Go raibh maith agat; Gearmáinis: Guten Tag, Danke; Gréigis: Kalimera - Καλημέρα, Efkaristó - ευχαριστώ; Iodáilis: Buongiorno, Grazie; Laitvis: Labrīt, Paldies; Liotuáinis: Labas rytas, Ačiū; Máltais: L-għodwa t-tajba, Grazzi; Ollainnis: Goedemorgen, Bedankt; Polainnis: Dzień dobry, Dziękuję; Portaingéilis: Bom dia, Obrigado; Rómáinis: Buna dimineata, Mulțumesc; Seicis: Dobré ráno, Děkuji; Slóivéinis: Dobro jutro, Hvala; Slóvaicis: Dobré ráno, Ďakujem; Spainnis: Buenos días, Gracias; Sualainnis: God morgon, Tack; Ungáiris: Jó reggelt, Köszönöm.

Más mian leat foghlaim faoi bhunú na hEorpa agus faoin dóigh a n-oibríonn sí ó lá go chéile, féach leat an dá bhróisiúr seo go fóill:

Formáidí atá ar fáil

Tá an foilseachán ar líne seo ar fáil i 24 teanga agus sna formáidí seo a leanas:

PDF PRINT HTML

 

Lámhscríbhinn arna uasdhátú i mí an Mhárta 2023 ag:

An Coimisiún Eorpach
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Seirbhís Eagarthóireachta & Sprioc For-rochtana
1049 Bruxelles/Brussel
BELGIQUE/BELGIË

Lucsamburg, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2023
op.europa.eu/ga/publications

Ar bhain tú tairbhe as an bhfoilseachán seo? Cuir scéala chugainn.
comm-publi-feedback@ec.europa.eu

© An tAontas Eorpach, 2023
Logo CC

Déantar beartas athúsáide dhoiciméid an Choimisiúin Eorpaigh a chur chun feidhme le Cinneadh 2011/833/AE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2011 maidir le hathúsáid dhoiciméid an Choimisiúin (IO L 330, 14.12.2011, lch. 39). Ach amháin má shonraítear a mhalairt, údaraítear an doiciméad seo a athúsáid faoi cheadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0) (creativecommons.org/licenses/by/4.0/). Ciallaíonn sé sin go gceadaítear an athúsáid ar choinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí agus go léirítear aon athrú a dhéantar.

Le haghaidh míreanna nach bhfuil faoi úinéireacht an Aontais Eorpaigh a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé gur ghá cead a iarraidh go díreach ar shealbhóirí an chóipchirt.

Gach íomhá © An tAontas Eorpach, mura sonraítear a mhalairt.