Réamhrá

Grianghraf portráide d’Ursula von der Leyen.

Ursula von der Leyen

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Ba bhliain mhór é 2024 ó thaobh na dtoghchán de. Ghlac na billiúin daoine ar fud an domhain páirt i dtoghcháin, na milliúin saoránach den Aontas san áireamh, agus tháinig an líon daoine is mó riamh amach chun vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha i mí an Mheithimh. Chuir an gníomh mór daonlathais sin i gcuimhne dúinn go bhfuil saoirsí againn a baineadh amach le dua agus nár cheart agus nár chóir dúinn talamh slán a dhéanamh díobh choíche. Agus go bhfuil sé de dhualgas ar ár gceannairí freastal ar ardaidhmeanna na ndaoine a bhfuil a muinín curtha acu iontu.

Is mór an onóir agus an chúis bhróid dom gur tugadh an dara mandáid dom chun bheith i gceannas ar an gCoimisiún Eorpach agus leanúint den obair ar chuireamar tús léi 5 bliana ó shin. Nuair a chuaigh mé i mbun oifige in 2019, ní raibh aon léiriú agam ar na dúshláin mhóra a bhí romhainn – paindéim dhomhanda agus cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine go dtí na géarchéimeanna fuinnimh agus an choinbhleacht sa Mheánoirthear. Agus lena linn sin bhí orainn aghaidh a thabhairt ar na géarchéimeanna aeráide agus bithéagsúlachta, dul i ngleic le dúshláin imirce agus deimhin a dhéanamh de go mbeadh fás faoin Eoraip agus go mbeadh sí iomaíoch.

Bhí sé riamh ina bhua ag an Eoraip go n-éiríodh sí láidir nuair a thagadh crua uirthi. Agus sinn ag obair i gcomhar le chéile thángamar ar réitigh ar na fadhbanna is mór le saoránaigh an Aontais. Ón athchóiriú ar mhargadh an leictreachais go dtí an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann agus teacht i bhfeidhm na gcéad rialacha a bhí riamh ann maidir leis an intleacht shaorga, tá an réiteach déanta againn le haghaidh Eoraip a bheidh níos sábháilte agus níos inbhuanaithe. An cogadh andána atá an Rúis a fhearadh, léirigh sé nach mór don Eoraip cur lena cumas cosanta. Leis an gcéad Straitéis Eorpach maidir le Tionsclaíocht dá raibh riamh againn agus a seoladh i mí an Mhárta tá dúshraith leagtha síos againn ar ar féidir leis na Ballstáit a gcuid acmhainní cosanta a thógáil.

Agus an chéad cheathrú den chéad seo ag druidim chun deiridh tháinig athrú ó bhonn ar chúrsaí an domhain. Tá ré nua ann ina bhfuil an iomaíocht gheostraitéiseach go mór chun tosaigh. Agus ní mór don Eoraip na giaranna a athrú chun a fás a chothú sa chéad cheathrú eile den chéad seo. Leis an gCompás Iomaíochais nua againn a chuireamar i láthair i bhfíorthús ár mandáide déanfar an claochlú ar ár ngeilleagar a stiúradh sa chaoi go mbeidh rath ar ár saoránaigh.

Agus sinn ag dul isteach sa bhliain 2025, cé nach féidir linn a bheith cinnte faoi cad atá i ndán dúinn tá a fhios againn go bhfreagróidh an Eoraip cibé dúshláin atá roimpi má fhanaimid le chéile mar Eorpaigh.

Gura fada buan an Eoraip!