Iniúchóireacht Phoiblí san Aontas Eorpach
Is tairseach ar líne é Iniúchóireacht Phoiblí san Aontas Eorpach le haghaidh faisnéis faoi shainordú, stádas, eagrú, obair agus aschur na n-uasfhoras iniúchóireachta san Aontas Eorpach agus a chuid Ballstát. Ní áirítear comhlachtaí iniúchóireachta poiblí eile arna gcur ar bun i mBallstáit áirithe, amhail comhlachtaí réigiúnacha nó cúigeacha.
San fhaisnéis a chuirtear ar fáil in Iniúchóireacht Phoiblí san Aontas Eorpach, leagtar béim ar bhunriachtanacht chomhlachtaí iniúchóireachta poiblí an lae inniu san Aontas agus léirítear a mhéid a rannchuidíonn siad le feidhmiú éifeachtach an daonlathais. Trí na héagsúlachtaí agus na cosúlachtaí idir uasfhorais iniúchóireachta an Aontais a leagan amach, léirítear an éagsúlacht shaibhir atá chomh tábhachtach sin don Aontas Eorpach agus atá ar cheann dá phríomhshócmhainní.
Bailíodh an fhaisnéis, i ndlúthchomhar leis na forais iniúchóireachta éagsúla, agus tá Cúirt Iniúchóirí na hEorpa buíoch díobh agus dá bhfoireann as a dtacaíocht.
Leis an tairseach seo, tá súil againn go meallfar spéis iniúchóirí, lucht ceaptha beartais agus reachtóirí ar fud an Aontais Eorpaigh agus níos faide i gcéin. Leis sin, tá súil againn freisin cur go mór leis an taighde leanúnach san iniúchóireacht phoiblí.
An uair dheireanach a nuashonraíodh an suíomh seo ná Nollaig 2024.
NA hUASFHORAIS INIÚCHÓIREACHTA SAN AONTAS EORPACH AGUS A BHALLSTÁIT – FORLÉARGAS
RÉAMHRÁ
Is cuid dhílis de chórais dhaonlathacha é grinnscrúdú poiblí. Gach ceann de na 27 dtír atá anois san Aontas Eorpach (AE), tá socruithe i bhfeidhm acu lena chinntiú go bhfuil an caiteachas poiblí cuntasach agus trédhearcach agus go ndéantar maoirsiú stóinseach air. Is anseo a thagann na huasfhorais iniúchóireachta (UFInna) i gceist, ina gcáil mar iniúchóirí poiblí seachtracha.
Déanann UFInna imscrúduithe neamhspleácha ar cé chomh héifeachtach, éifeachtúil agus barainneach atá acmhainní poiblí á n-úsáid, agus breathnaíonn siad freisin ar a mhéid atá caiteachas poiblí agus bailiú cánach ag comhlíonadh na rialacha is infheidhme. Tacaíonn siad leis an rialú parlaiminteach a dhéantar ar rialtais trí bhíthin a gcuid tuarascálacha iniúchóireachta atá bunaithe ar fhíricí, atá oibiachtúil agus atá neamhchlaonta; ar an gcaoi sin cabhraíonn siad le feabhas a chur ar bheartais, ar chláir, ar riarachán poiblí agus ar bhainistiú cistí poiblí sa stát ina bhfuil siad. Cuidíonn sé sin leis an muinín atá ag na saoránaigh as an gcóras srianta agus ceartúchán atá i bhfeidhm inár sochaithe a chothú, agus tuilleadh forbartha a dhéanamh ar dhaonlathais atá ag feidhmiú go cuí.
Chomh maith le cuntasacht agus trédhearcacht sa rialtas a chur chun cinn agus a fhorbairt, bíonn ról gníomhach ag na UFInna san Aontas ó thaobh tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí iniúchóireachta poiblí i dtíortha lasmuigh den Aontas chun cur leis an méid is féidir leo a dhéanamh.
Go leor de na UFInna atá clúdaithe sa díolaim eolais seo, tá oidhreacht chéimiúil acu (a théann siar cúpla céad bliain do chuid acu), cé go bhfuil tuilleadh acu (sa riocht ina bhfuil siad faoi láthair) nach bhfuil i bhfad ar an bhfód. In imeacht ama, tháinig athrú de réir a chéile ar struchtúr, réimse freagrachtaí agus cumhachtaí fhormhór na UFInna – amanna mar thoradh ar athruithe polaitiúla nó athchóiriú ar an gcóras riaracháin phoiblí. Ceann de na coinníollacha atá ann do thíortha atá ag teacht isteach san Aontas is ea go mbeadh UFI neamhspleách sa tír sin.
AN tAONTAS EORPACH AGUS A BHALLSTÁIT
Bunaíodh an tAontas Eorpach (mar a thugtar anois air) in 1993 le Conradh Maastricht. Na Comhphobail a bhí ann roimhe sin – an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC), Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (CEFA nó Euratom) – téann siad siar go dtí na 1950í. Ó 1993, tá 16 thír tagtha isteach san Aontas (in 1995, 2004, 2007 agus 2013). I láthair na huaire, tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar in 2020, is 27 mBallstát atá san Aontas Eorpach.
AN CINEÁL UFI
AGUS RIALACHAS UFI
Tá trí bhealach éagsúla ann chun UFInna a aicmiú. Go traidisiúnta, dhéantaí iad a ghrúpáil ina gcomhlachtaí le struchtúir eagraíochtúla atá fréamhaithe sna traidisiúin Fhrancacha/Laidineacha, Angla-Shacsanacha nó Ghearmánacha. Sa lá atá inniu ann, áfach, is é an t-idirdhealú is mó a dhéantar ná trácht ar chomhlachtaí a bhfuil cumhacht dlínse acu nó comhlachtaí nach bhfuil cumhacht dlínse acu. Idirdhealú eile is féidir a dhéanamh ná trácht ar UFInna monalathacha a bhfuil duine amháin (Uachtarán, Ard-Iniúchóir nó Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste) i gceannas iontu agus UFInna atá á rialú le comhlacht coláisteach (e.g. bord, coláiste, seanad nó tionól iomlánach).
Laistigh den raon leathan sin, is féidir idirdhealuithe eile fós a dhéanamh, mar shampla bunaithe ar an gcumhacht atá ag UFInna iniúchóireacht a dhéanamh ar leibhéil ísle rialtais nó an caidreamh atá idir an UFI agus an pharlaimint náisiúnta.
RIALACHAS UFI
| Comhlacht rialaithe/ Ceannasaí an UFI |
An líon daoine sa chomhlacht rialaithe |
Sealbhaíocht oifige (blianta) |
|
|---|---|---|---|
| AN tAONTAS EORPACH Cúirt Iniúchóirí na hEorpa |
Comhlacht Coláisteach | 27 | Uachtarán: 3 (in-athnuaite) Comhaltaí: 6 (in-athnuaite) |
| AN BHEILG Rekenhof Cour des comptes Rechnungshof |
Ard-Tionól | 12 | 6 (in-athnuaite) |
| AN BHULGÁIR Сметна палата на Република България |
Uachtarán agus beirt Leas-Uachtarán |
3 | Uachtarán: 7 (neamh-inathnuaite) Leas-Uachtaráin: 7 (in-athnuaite) |
| AN CHIPIR Eλεγκτική Υπηρεσία της Κυπριακής Δημοκρατίας |
Ard-Iniúchóir | 1 | Gan teorainn go dtí an aois scoir reachtúil |
| AN CHRÓIT Državni ured za reviziju |
Ard-Iniúchóir | 1 | 8 (in-athnuaite) |
| AN DANMHAIRG Rigsrevisionen |
Ard-Iniúchóir | 1 | 6 (in-athnuaite uair amháin go ceann tréimhse ceithre bliana) |
| AN EASTÓIN Riigikontroll |
Ard-Iniúchóir | 1 | 5 (in-athnuaite) |
| ÉIRE Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste |
Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste | 1 | Gan teorainn go dtí an aois scoir reachtúil |
| AN FHIONLAINN Valtiontalouden tarkastusvirasto |
Ard-Iniúchóir | 1 | 6 (in-athnuaite) |
| AN FHRAINC Cour des comptes |
Céad-Uachtarán agus 6 Uachtarán ar sheomraí |
7 | Gan teorainn go dtí an aois scoir reachtúil |
| AN GHEARMÁIN Bundesrechnungshof |
Uachtarán, Seanad (Bord) | 16 | Uachtarán: 12 (neamh-inathnuaite) Stiúrthóirí: gan teorainn go dtí an aois scoir reachtúil |
| AN GHRÉIG Ελεγκτικό Συνέδριο |
Tionól iomlánach | 42 | Uachtarán: 4 (neamh-inathnuaite) Comhaltaí agus Breithiúna: gan teorainn go dtí an aois scoir reachtúil |
| AN IODÁIL Corte dei conti |
Uachtarán | 1 | Gan teorainn go dtí an aois scoir reachtúil |
| AN ÍSILTÍR Algemene Rekenkamer |
Bord | 3 | Gan teorainn go dtí an aois scoir ag 70 |
| AN LAITVIA Latvijas Republikas Valsts kontrole |
Comhairle, Ard-Iniúchóir |
7 | 4 (in-athnuaite le haghaidh dhá théarma i ndiaidh a chéile ar a mhéid) |
| AN LIOTUÁIN Valstybės Kontrolė |
Ard-Iniúchóir | 1 | 5 (in-athnuaite uair amháin) |
| LUCSAMBURG Cour des comptes |
Uachtarán, Leas-Uachtarán agus triúr sainchomhairleoirí |
5 | 6 (in-athnuaite) |
| MÁLTA National Audit Office |
Ard-Iniúchóir | 1 | 5 (in-athnuaite uair amháin) |
| AN OSTAIR Rechnungshof |
Uachtarán | 1 | 12 (neamh-inathnuaite) |
| AN PHOLAINN Najwyższa Izba Kontroli |
Uachtarán agus (i gcásanna áirithe) Comhlacht coláisteach |
18 | Uachtarán: 6 (in-athnuaite uair amháin) Comhlacht coláisteach: 3 (in-athnuaite) |
| AN PHORTAINGÉIL Tribunal de Contas |
Uachtarán agus Tionól iomlánach | 19 | Uachtarán: 4 Comhaltaí: gan teorainn |
| AN RÓMÁIN Curtea de Conturi a României |
Tionól iomlánach | 18 | 9 (neamh-inathnuaite) |
| AN SPÁINN Tribunal de Cuentas |
Tionól iomlánach | 13 | Uachtarán: 3 (in-athnuaite) Sainchomhairleoirí eile: 9 (in-athnuaite) Príomh-Ionchúisitheoir: 5 (in-athnuaite) |
| AN tSEICIA Nejvyšší kontrolní úřad |
Bord | 17 | Uachtarán agus Leas-Uachtarán 9 (in-athnuaite) Comhaltaí: gan teorainn go dtí an aois scoir reachtúil |
| AN tSLÓIVÉIN Računsko sodišče Republike Slovenije |
Seanad | 3 | 9 (in-athnuaite) |
| AN tSLÓVAIC Najvyšší kontrolný úrad Slovenskej republiky |
Uachtarán | 1 | 7 (in-athnuaite uair amháin) |
| AN tSUALAINN Riksrevisionen |
Ard-Iniúchóir | 1 | 7 (neamh-inathnuaite) |
| AN UNGÁIR Állami Számvevőszék |
Uachtarán | 1 | 12 (in-athnuaite) |
NEAMHSPLEÁCHAS
Is comhlachtaí poiblí neamhspleácha iad UFInna an Aontais. Tá a neamhspleáchas ar an reachtas, ar an bhfeidhmeannacht agus ar an mbreithiúnacht cumhdaithe sa bhunreacht. Ag brath ar an sainordú atá acu, féadann UFInna seiceálacha ex ante nó ex post a dhéanamh chomh maith le measúnú ar dhlíthiúlacht agus rialtacht ioncaim agus caiteachais, mar aon le measúnú ar a bharainní, a éifeachtaí agus a éifeachtúla atá beartais, cláir agus bearta, nó measúnú ar fheidhmiú an riaracháin phoiblí. Déanann roinnt UFInna meastóireacht freisin ar an tionchar atá ag beartais agus cláir phoiblí.
FEIDHM DHLÍNSE
Tá stádas speisialta mar chúirteanna dlínse ag cuid de na UFInna. Ligeann sé sin dóibh imeachtaí dlí a thionscnamh in aghaidh bainisteoirí nó cuntasóirí cistí poiblí a bhféadfadh sé go bhfuil lámh acu i neamhrialtachtaí ó thaobh caiteachas agus sócmhainní poiblí de. Leis an bhfeidhm dhlínse sin, tá uirlis ag UFInna is féidir leo a úsáid chun freagrachtaí pearsanta a shainaithint go poiblí agus pionós a ghearradh ar dhaoine aonair laistigh den tseirbhís phoiblí.
AN CAIDREAMH
LEIS AN bPARLAIMINT
Tá an oiread céanna d’éagsúlacht ag baint leis an gcaidreamh atá idir UFInna agus parlaimintí ar fud an Aontais agus atá ann d’éagsúlacht idir na comhlachtaí iniúchóireachta poiblí iad féin. Cé gur comhlachtaí neamhspleácha atá sna UFInna, is cuid den struchtúr formhaoirseachta parlaiminteach iad cuid acu.
UFInna LE FEIDHM DHLÍNSE / A DHÉANANN INIÚCHÓIREACHT EX ANTE / ATÁ INA gCUID DE STRUCHTÚR FORMHAOIRSEACHTA PARLAIMINTEACH
| Feidhm dhlínse |
Iniúchóireacht ex ante |
Cuid de struchtúr formhaoirseachta parlaiminteach |
|
|---|---|---|---|
| AN tAONTAS EORPACH Cúirt Iniúchóirí na hEorpa |
|||
| AN BHEILG Rekenhof Cour des comptes Rechnungshof |
● | ||
| AN BHULGÁIR Сметна палата на Република България |
|||
| AN CHIPIR Eλεγκτική Υπηρεσία της Κυπριακής Δημοκρατίας |
|||
| AN CHRÓIT Državni ured za reviziju |
|||
| AN DANMHAIRG Rigsrevisionen |
● | ||
| AN EASTÓIN Riigikontroll |
|||
| ÉIRE Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste |
● | ||
| AN FHIONLAINN Valtiontalouden tarkastusvirasto |
● | ||
| AN FHRAINC Cour des comptes |
● | ||
| AN GHEARMÁIN Bundesrechnungshof |
|||
| AN GHRÉIG Ελεγκτικό Συνέδριο |
● | ● | |
| AN IODÁIL Corte dei conti |
● | ● | |
| AN ÍSILTÍR Algemene Rekenkamer |
|||
| AN LAITVIA Latvijas Republikas Valsts kontrole |
|||
| AN LIOTUÁIN Valstybės Kontrolė |
● | ||
| LUCSAMBURG Cour des comptes |
|||
| MÁLTA National Audit Office |
● | ||
| AN OSTAIR Rechnungshof |
● | ||
| AN PHOLAINN Najwyższa Izba Kontroli |
● | ||
| AN PHORTAINGÉIL Tribunal de Contas |
● | ● | |
| AN RÓMÁIN Curtea de Conturi a României |
|||
| AN SPÁINN Tribunal de Cuentas |
● | ● | |
| AN tSEICIA Nejvyšší kontrolní úřad |
|||
| AN tSLÓIVÉIN Računsko sodišče Republike Slovenije |
● | ||
| AN tSLÓVAIC Najvyšší kontrolný úrad Slovenskej republiky |
|||
| AN tSUALAINN Riksrevisionen |
● | ||
| AN UNGÁIR Állami Számvevőszék |
● |
In ainneoin na héagsúlachta idir UFInna san Aontas Eorpach agus a Bhallstáit, gné choiteann atá acu ná go bhfuil dlúthchaidreamh acu leis an bparlaimint ina dtír féin. Is caidreamh tuairiscithe go príomha atá ansin, trína ndéanann an UFI a chuid tuarascálacha iniúchóireachta a sheoladh chuig an bparlaimint. Déantar na tuarascálacha sin a phlé, de ghnáth, i gcoiste speisialta, agus amanna – ag brath ar ábhar na hiniúchóireachta – ag coistí a bhíonn ag plé le topaicí sonracha chomh maith. Go hiondúil, bíonn ionadaithe ón UFI i dteideal freastal ar na díospóireachtaí sin agus/nó páirt a ghlacadh iontu. I gcuid de na Ballstáit, bíonn an ceart ag ceannasaí an UFI éisteacht a fháil i bpléití parlaiminteacha ar ábhair atá ábhartha d’obair an UFI.
Is minic ról cinntitheach ag na parlaimintí in ainmniú agus/nó ceapadh an uachtaráin/ard-iniúchóra (nó ard-reachtaire) nó an chomhlachta rialaithe atá ar UFI. Sa bhreis air sin, déanann cuid de na parlaimintí buiséad an UFI a dhréachtú agus a fhormheas, nó ainmníonn siad iniúchóir seachtrach chun iniúchóireacht a dhéanamh ar chuntais an UFI.
Ar deireadh, tá an chumhacht ag cuid de na UFInna, cé nach bhfuil sé acu ar fad, iniúchóireacht a dhéanamh ar chaiteachas riaracháin a gcuid parlaimintí náisiúnta.
FOIRNIÚ AGUS BUISÉID
Tá difear as cuimse ó thír go tír idir na hacmhainní daonna agus airgeadais atá ag UFInna, fiú nuair a mheastar an méid sin i gcomhréir leis an líon daoine atá sa tír nó an buiséad atá faoi iniúchóireacht. Ní hé amháin go léiríonn na difríochtaí sin na sainorduithe éagsúla atá ag UFInna agus an chaoi a bhfuil siad eagraithe, ach léiríonn siad freisin na saintréithe ginearálta atá ag roinnt le haon Bhallstát ar leith agus a riarachán náisiúnta.
Ar an iomlán, tá beagnach 16 000 duine ag obair do na UFInna san Aontas Eorpach agus a Bhallstáit. Á dtógáil le chéile, tá isteach agus amach le 5 500 duine ag obair sna UFInna sna ceithre Bhallstát is mó den Aontas (an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil agus an Spáinn, ag a bhfuil daonra de bheagnach 260 milliún duine), agus is isteach agus amach le 9 500 duine atá ag obair sna UFInna sna Ballstáit eile (ag a bhfuil daonra de 190 milliún duine).
Don Aontas ina iomláine, tá fostaí UFI amháin ann in aghaidh airmheán de 20 000 saoránach. Is ann, áfach, do dhifríochtaí suntasacha idir na Ballstáit aonair. Sna cásanna go léir, nach mór, seasann buiséid dhílis UFInna do níos lú ná 0.1 % de bhuiséad foriomlán an rialtais.
FOIREANN AGUS BUISÉAD UFInna
ÁBHAIR INIÚCHÓIREACHTA
Tá ról lárnach ag UFInna an Aontais sa phróiseas cuntasachta poiblí. Mar iniúchóirí seachtracha na feidhmeannachta, déanann siad measúnú ar a mhéid atá na cuspóirí beartaithe á mbaint amach le beartais agus caiteachas an rialtais, seiceálann siad an chaoi a bhfuil cistí poiblí á mbainistiú agus tuairiscíonn siad ar chuntais na gcomhlachtaí poiblí, agus ar an gcaoi sin soláthraíonn siad faisnéis agus dearbhú neamhspleách do na parlaimintí.
NA PRÍOMHCHATAGÓIRÍ INIÚCHÓIREACHTA
INIÚCHADH AIRGEADAIS: Leis seo, scrúdaítear doiciméid, tuarascálacha, córais rialaithe inmheánaigh agus iniúchóireacht inmheánach, nósanna imeachta cuntasaíochta agus airgeadais chomh maith le taifid eile. Déantar an méid sin chun a fhíordheimhniú go dtugann na ráitis airgeadais léargas fíorcheart ar an staid airgeadais agus go bhfuil torthaí na ngníomhaíochtaí airgeadais ag teacht leis na caighdeáin agus prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh go ginearálta leo.
INIÚCHADH COMHLÍONTACHTA: Leis seo, fíoraítear an bhfuil bainistiú eacnamaíoch agus airgeadais an eintitis, na gníomhaíochta nó an chláir atá faoi iniúchóireacht ag comhlíonadh na bhforálacha dlíthiúla agus rialála is infheidhme.
INIÚCHADH FEIDHMÍOCHTA: Leis seo, scrúdaítear na cláir, oibríochtaí, córais bhainistíochta agus nósanna imeachta atá in úsáid ag na comhlachtaí agus institiúidí a bhainistíonn acmhainní, chun measúnú a dhéanamh ar úsáid bharainneach, éifeachtúil agus éifeachtach na n-acmhainní sin.
Déanann UFInna grinnscrúdú ar ioncam agus caiteachas na mbuiséad stáit ar an leibhéal lárnach nó feidearálach agus, i gcuid de na Ballstáit, is féidir leo iniúchtaí a dhéanamh freisin ar leibhéal rialtais réigiúnaigh, áitiúil nó bhardasaigh. Cé go mbíonn a gcuid iniúchtaí ag díriú isteach go príomha ar aireachtaí/ranna agus comhlachtaí rialtais, d’fhéadfadh fiontair faoi úinéireacht stáit, amhail corparáidí craoltóireachta, forais ardoideachais nó bainc náisiúnta, a bheith i gceist freisin le heintitis faoi iniúchóireacht.
Tá formhór na UFInna i dteideal iniúchóireacht a dhéanamh ar an ioncam agus caiteachas poiblí ar fad, lena n-áirítear ar leibhéal cuideachtaí príobháideacha nó tairbhithe aonair.
LEIBHÉIL RIALTAIS FAOI INIÚCHÓIREACHT AG UFInna
| Rialtas láir |
Rialtas réigiúnach |
Rialtas áitiúil |
Fiontair stáit |
Comhlachtaí poiblí |
Bardais | Tairbhithe eile |
|
|---|---|---|---|---|---|---|---|
| AN tAONTAS EORPACH Cúirt Iniúchóirí na hEorpa |
● | ● | ● | ● | ● | ● | ● |
| AN BHEILG Rekenhof Cour des comptes Rechnungshof |
● | ● | ● | ● | ● | ||
| AN BHULGÁIR Сметна палата на Република България |
● | ● | ● | ● | ● | ||
| AN CHIPIR Eλεγκτική Υπηρεσία της Κυπριακής Δημοκρατίας |
● | ● | ● | ● | ● | ● | |
| AN CHRÓIT Državni ured za reviziju |
● | ● | ● | ● | ● | ● | ● |
| AN DANMHAIRG Rigsrevisionen |
● | ● | ● | ● | ● | ||
| AN EASTÓIN Riigikontroll |
● | ● | ● | ● | ● | ● | ● |
| ÉIRE Oifig an Ard- Reachtaire Cuntas agus Ciste |
● | ● | ● | ● | |||
| AN FHIONLAINN Valtiontalouden tarkastusvirasto |
● | ● | ● | ● | ● | ● | |
| AN FHRAINC Cour des comptes |
● | ● | ● | ● | |||
| AN GHEARMÁIN Bundesrechnungshof |
● | ● | ● | ● | |||
| AN GHRÉIG Ελεγκτικό Συνέδριο |
● | ● | ● | ● | ● | ● | ● |
| AN IODÁIL Corte dei conti |
● | ● | ● | ● | ● | ● | ● |
| AN ÍSILTÍR Algemene Rekenkamer |
● | ● | ● | ● | |||
| AN LAITVIA Latvijas Republikas Valsts kontrole |
● | ● | ● | ● | ● | ● | ● |
| AN LIOTUÁIN Valstybės Kontrolė |
● | ● | ● | ● | ● | ● | |
| LUCSAMBURG Cour des comptes |
● | ● | ● | ● | |||
| MÁLTA National Audit Office |
● | ● | ● | ● | ● | ||
| AN OSTAIR Rechnungshof |
● | ● | ● | ● | ● | ● | ● |
| AN PHOLAINN Najwyższa Izba Kontroli |
● | ● | ● | ● | ● | ● | ● |
| AN PHORTAINGÉIL Tribunal de Contas |
● | ● | ● | ● | ● | ● | ● |
| AN RÓMÁIN Curtea de Conturi a României |
● | ● | ● | ● | ● | ● | |
| AN SPÁINN Tribunal de Cuentas |
● | ● | ● | ● | ● | ● | ● |
| AN tSEICIA Nejvyšší kontrolní úřad |
● | ● | ● | ● | |||
| AN tSLÓIVÉIN Računsko sodišče Republike Slovenije |
● | ● | ● | ● | ● | ● | ● |
| AN tSLÓVAIC Najvyšší kontrolný úrad Slovenskej republiky |
● | ● | ● | ● | ● | ● | ● |
| AN tSUALAINN Riksrevisionen |
● | ● | ● | ● | |||
| AN UNGÁIR Állami Számvevőszék |
● | ● | ● | ● | ● | ● |
ROGHNÚ NA dTOPAICÍ
INIÚCHÓIREACHTA
AGUS PLEANÁIL
Sa phróiseas a ghabhann le hiniúchóireacht a roghnú agus a phleanáil, cuirtear critéir éagsúla san áireamh amhail riosca agus tionchar, mar aon leis an bhforbairt a thiocfadh ar na réimsí beartais sonracha amach anseo. Oibríonn go leor UFInna le nósanna imeachta sceidealaithe agus pleananna iniúchóireachta bliantúla a tharraingíonn siad suas bunaithe ar straitéis ilbhliantúil agus ar mheasúnuithe riosca atá leagtha amach ar bhonn bliantúil. Tríd an teaglaim seo de phleanáil mheántéarmach agus pleanáil fhadtéarmach, tá an tsolúbthacht agus an cumas ag UFInna freagairt d’fhorbairtí nach bhféadfaí a thuar.
AN CHINNTEOIREACHT CHRÍOCHNAITHEACH — STRUCHTÚR MONALATHACH/COLÁISTEACH
I roinnt tíortha, féadann an pharlaimint (comhaltaí agus/nó coistí), airí rialtais nó fiú daoine aonair/eagraíochtaí príobháideacha a iarraidh ar UFI iniúchtaí sonracha a dhéanamh. Taobh amuigh de chorr-eisceacht, áfach, níl sé d’oibleagáid ar UFInna iniúchtaí den sórt sin a dhéanamh.
Más duine amháin atá mar cheannasaí ar UFI, is iondúil gurb é nó í ceannasaí an UFI a ghlacann an cinneadh críochnaitheach i dtaobh cé acu iniúchtaí atá le déanamh. I ngach cás eile, is iad comhaltaí an bhoird rialaithe nó an choláiste a dhéanann é sin i gcomhar lena chéile.
FIANAISE
AGUS IARCHÚRAM
Chun fianaise iniúchóireachta a bhailiú, scrúdaíonn na UFInna doiciméid, déanann siad anailís ar shonraí, seolann siad agallaimh nó déanann siad seiceálacha ar an bhfód, mar shampla in áitreabh an té atá faoi iniúchóireacht nó ag láthair an tionscadail. Ionas go mbeidh ar a gcumas é sin a dhéanamh, tá ceart rochtana ag UFInna ar an bhfaisnéis go léir a mheasann siad atá riachtanach chun a gcuid cúraimí a dhéanamh, agus tá sé d’oibleagáid ar fhoireann na n-eintiteas faoi iniúchóireacht comhoibriú leis na hiniúchóirí ó UFInna.
Mar chúiteamh ar an tsaoirse rochtana sin, tá oibleagáidí sonracha rúndachta ar UFInna agus a bhfoireann i ndáil leis an bhfaisnéis a fhaigheann siad le linn a gcuid iniúchóireachta.
TUAIRISCIÚ
Bunaithe ar na hiniúchtaí a dhéanann siad, dréachtaíonn UFInna tuarascálacha ina ndéanann siad a bhfionnachtana agus a mbreathnuithe a chur i láthair, tarraingíonn siad aird ar neamhrialtachtaí, tagann siad ar chonclúidí iniúchóireachta agus déanann siad moltaí chun easnaimh a réiteach. Is gné thábhachtach de gach tuarascáil iniúchóireachta iad na moltaí sin, mar go dtugann siad treorú luachmhar do dhéantóirí beartais. Is féidir leis sin cabhrú leo feabhas a chur ar éifeachtacht, éifeachtúlacht agus barainneacht an chaiteachais phoiblí agus a mhéid atá na rialacha is infheidhme á gcomhlíonadh acu. Cuidíonn sé leo freisin earráidí, neamhrialtachtaí agus cur amú airgid a sheachaint.
Tá UFInna áirithe freisin i dteideal a dtuairimí a thabhairt i dtaca le reachtaíocht (nó dréachtreachtaíocht) ar thopaicí a thagann faoina réimse freagrachtaí, amhail bainistiú airgeadais. D’fhéadfadh sé go mbeidís in ann na tuairimí sin a thabhairt as a stuaim féin, nó nuair a iarrann an reachtas orthu é sin a dhéanamh.
FOILSEACHÁIN
Is gnách le UFInna tuarascálacha bliantúla a fhoilsiú faoin iniúchóireacht a dhéanann siad ar chuntais bhliantúla an stáit agus ar chur chun feidhme an bhuiséid stáit. Sa bhreis air sin, foilsíonn cuid de na UFInna tuarascálacha ar ráitis airgeadais institiúidí nó comhlachtaí ar leith (amhail an pharlaimint, an Ceann Stáit nó córais leasa shóisialaigh). Tá roinnt UFInna ann freisin a eisíonn tuairimí iniúchóireachta ar na ráitis airgeadais sin agus ar na cuntais bhliantúla.
Sa bhreis air sin, eisíonn UFInna tuarascálacha iniúchóireachta ar thopaicí ar leith, tuairimí ar reachtaíocht (nó dréachtreachtaíocht), foilseacháin bunaithe ar athbhreithnithe nó tuarascálacha iarchúraim. Tá roinnt UFInna ann freisin a fhoilsíonn plépháipéir, anailísí agus staidéir, nó sainchomhaid a thugann faisnéis chúlra i dtaobh iniúchóireachtaí ar ábhair ábhartha.
Thairis sin, déanann cuid de na UFInna tuarascálacha a fhoilsiú go rialta ar bhainistiú agus cur chun feidhme chistí AE ina dtír féin.
Ar deireadh, foilsíonn roinnt UFInna tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí, tréimhseacháin nó doiciméid eile a thugann faisnéis chúlra faoina gcuid oibre.
TORTHAÍ A CHUR IN IÚL
Is gnách le UFInna a dtuarascálacha a chur faoi bhráid na parlaiminte, agus go hiondúil seolann siad iad go dtí an coiste atá freagrach as cúraimí buiséid agus/nó an coiste atá freagrach as na topaicí atá clúdaithe ag an iniúchóireacht. Tríd is tríd, poiblíonn UFInna formhór a gcuid tuarascálacha iniúchóireachta. D’fhéadfadh eisceachtaí a bheith ann, áfach, i gcás tuarascálacha a bhíonn ag déileáil le réimsí íogaire (amhail an chosaint) nó nuair a bhíonn feidhm le hoibleagáidí sonracha rúndachta.
Baintear úsáid fhorleathan as na meáin shóisialta chun teagmháil a dhéanamh leis na saoránaigh agus na meáin, agus chun idirghníomhú go díreach leo.
COMHAR
Comhar le UFInna eile
Comhar idir UFInna an Aontais
Is ann do dhlúthghréasán comhair idir UFInna Bhallstáit an Aontais agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. Tarlaíonn an comhar seo faoi chuimsiú an Choiste Teagmhála, atá comhdhéanta de cheannasaithe UFInna an Aontais agus an Chúirt Iniúchóirí. Féadfaidh Coiste Teagmhála an Aontais grúpaí oibre agus tascfhórsaí a chur ar bun maidir le topaicí ar leith a bhaineann leis an Aontas, agus is líonra gníomhach de lucht teagmhála gairmiúla iad le haghaidh fhoireann UFInna an Aontais.
San airteagal den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a threoraíonn don Chúirt Iniúchóirí comhoibriú le UFInna an Aontais, agus idirchaidreamh a bheith aici leo, foráiltear freisin go bhféadfaidh iniúchóirí UFInna Bhallstáit an Aontais páirt a ghlacadh (mar bhreathnóirí) in iniúchtaí a dhéanann an Chúirt Iniúchóirí ina gcríoch náisiúnta féin. Tá nós imeachta caighdeánach ann trína ndéanann an Chúirt Iniúchóirí an UFI náisiúnta a chur ar an eolas i dtaobh gach cuairt iniúchóireachta atá beartaithe ina thír. Féadann an UFI náisiúnta a chinneadh ansin má thograíonn sé daoine dá fhoireann a chur in éineacht le foireann iniúchóireachta na Cúirte Iniúchóirí le linn na gcuairteanna ar an bhfód. Sa bhreis air sin, féadann UFInna an Aontais iniúchtaí comhpháirteacha nó comhordaithe a dhéanamh ar ábhair ar leith dá rogha féin.
Thairis sin, tá traidisiún ann i measc UFInna an Aontais go gcomhoibríonn siad le chéile ar bhonn déthaobhach. Áirítear leis sin, mar shampla, modheolaíochtaí agus torthaí iniúchóireachta a chomhroinnt, chomh maith le malartuithe sealadacha san fhoireann iniúchóireachta.
Comhar le UFInna eile lasmuigh den Aontas
Féadann UFInna an Aontais athbhreithnithe piaraí a dhéanamh nó páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí forbartha acmhainneachta ar nós tionscadail dé-nasctha, atá beartaithe chun cabhrú le UFInna i dtíortha lasmuigh den Aontas a mbunúis dlí agus institiúideacha a fhorbairt.
Tá líonra ar leith curtha ar bun chun tacú le UFInna a chuimsítear i mbeartas méadaithe an Aontais. Tá sé i gceist leis an líonra sin an comhar idir Ballstáit an Aontais, tíortha is iarrthóirí don Aontas agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha don Aontas a chur chun cinn agus a éascú, go príomha trí chomhar ar mhionscála atá praiticiúil agus teagmhálach.
Bíonn líon áirithe de UFInna an Aontais ag comhoibriú go dlúth leis na comhlachtaí iniúchóireachta poiblí i dtíortha a bhfuil dlúthchaidreamh ag a mBallstát leo ar chúiseanna stairiúla agus/nó ar cuid dá bpobal teanga iad.
Comhar le comhlachtaí iniúchóireachta poiblí eile ar an leibhéal náisiúnta
Ag brath ar an struchtúr rialtais atá acu, tá Ballstáit den Aontas ann a bhfuil an fheidhm iniúchóireachta poiblí curtha ar iontaoibh acu ar chomhlachtaí a fheidhmíonn ar leibhéal feidearálach, náisiúnta, réigiúnach, cúige nó bardasach. I dtíortha a bhfuil oifigí iniúchóireachta réigiúnacha lánfheidhmiúla acu, is gnách le UFInna a n-iniúchtaí a dhíriú isteach ar leibhéal an rialtais láir agus comhoibriú, de réir mar is infheidhme, le comhlachtaí iniúchóireachta poiblí eile ina mBallstát féin.
Comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta
Is balleagaraíochtaí de INTOSAI agus EUROSAI iad UFInna uile an Aontais.
INTOSAI
Is éard atá san Eagraíocht Idirnáisiúnta Uasfhoras Iniúchóireachta (INTOSAI) ná creat institiúidithe do UFIanna chun cur chun cinn a dhéanamh ar fhorbairt agus aistriú eolais, chun feabhas a chur ar iniúchóireacht rialtais ar fud an domhain agus chun acmhainneacht, seasamh agus tionchar gairmiúil na UFInna atá ina mballeagraíocht inti a fheabhsú ina dtír féin.
Bunaíodh INTOSAI in 1953 mar eagraíocht fhéinrialaitheach, neamhspleách agus neamhpholaitiúil. Tá stádas speisialta sainchomhairliúcháin aige le Comhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta (ECOSOC) na Náisiún Aontaithe.
Is é UFI na hOstaire atá i mbun chúram na hArd-Rúnaíochta do INTOSAI.
Glacann UFInna an Aontais páirt i dtionscadail éagsúla de chuid INTOSAI, amhail an Fóram le haghaidh Fógairtí Gairmiúla INTOSAI (FIPP), a tharraingíonn suas na caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta (ISSAI) lena leagtar síos na réamhriachtanais bhunúsacha do UFInna agus na prionsabail bhunúsacha chun iniúchóireacht a dhéanamh ar eintitis phoiblí.
(Foinse: INTOSAI)
EUROSAI
Tá Eagraíocht Eorpach na nUasfhoras Iniúchóireachta (EUROSAI) ar cheann de na grúpaí réigiúnacha atá ag INTOSAI. Bunaíodh in 1990 í, agus is 30 balleagraíocht a bhí inti an uair úd (na UFInna as 29 Stát Eorpach agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa). In 2024, tá 51 UFI ina mballeagraíochtaí.
Is é UFI na Spáinne atá i mbun chúram na hArd-Rúnaíochta do EUROSAI.
(Foinse: EUROSAI)
Sa bhreis air sin, bíonn UFInna an Aontais rannpháirteach i dtionscadail a bhíonn á reáchtáil ag lear mór eagraíochtaí éagsúla i réimse na hiniúchóireachta poiblí, agus gníomhaíonn cuid acu mar iniúchóirí seachtracha ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, idir-rialtasacha nó fornáisiúnta, amhail na Náisiúin Aontaithe agus a ngníomhaireachtaí speisialaithe, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) nó an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT). Á dhéanamh sin dóibh, déanann siadsan freisin a chinntiú go bhfuil úsáid rialta agus éifeachtúil á baint as ranníocaíochtaí airgeadais a dtíortha chuig na heagraíochtaí sin.
Ar deireadh, is gnáthchleachtas ag UFInna an Aontais é a bheith rannpháirteach i dtionscnaimh chomhair le heagraíochtaí idirnáisiúnta (mar shampla ECFE, Foras na nIniúchóirí Inmheánacha (IIA), Cónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí (IFAC)). Leis an gcineál sin comhair, is iondúil go mbíonn an fócas ar nithe atá i mbéal an phobail agus a bhaineann le hiniúchóireacht phoiblí, agus d’fhéadfadh iasachtaí foirne, cúrsaí oiliúna, comhroinnt eolais nó foirmeacha eile de mhalartú gairmiúil a bheith i gceist leis.
BILEOG EOLAIS
AN tAONTAS EORPACH
CÚIRT INIÚCHÓIRÍ NA hEORPA
![]() |
Ó 1977 i leith |
Ráiteas misin:
Trínár gcuid oibre iniúchóireachta, atá proifisiúnta agus a bhfuil tionchar aici, déanaimid measúnú ar bharainneacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht, dlíthiúlacht agus rialtacht ghníomhaíochtaí an Aontais chun feabhas a chur ar chuntasacht, trédhearcacht agus bainistíocht airgid agus, tríd an méid sin a dhéanamh, muinín na saoránach a fheabhsú agus freagairt go héifeachtach do na dúshláin atá roimh an Aontas faoi láthair agus a bheidh roimhe amach anseo.
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
Scrúdaíonn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) an t-ioncam ar fad a fhaigheann an tAontas, nó comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí atá curtha ar bun ag an Aontas, chomh maith leis an gcaiteachas ar fad a eisíocann siad.
Déanann sé measúnú ar cibé an ndearnadh nó nach ndearnadh cistí an Aontais a bhainistiú go fónta, agus an bhfuarthas an t-ioncam uile agus an ndearnadh an caiteachas uile a eisíoc i gcomhréir leis na rialacháin is infheidhme. Cuireann CIE ráiteas dearbhaithe bliantúil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na húsáide a bhaintear as cistí an Aontais. Déanann sé tuairisciú freisin ar aon neamhrialtacht a shainaithnítear.
Ullmhaíonn CIE tuarascáil bhliantúil tar éis dheireadh gach bliana airgeadais. Féadfaidh sé freisin, ag am ar bith, barúlacha a thíolacadh maidir le saincheisteanna sonracha, go háirithe i bhfoirm tuarascálacha speisialta, agus tuairimí a thabhairt.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
- Airteagail 285 agus 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
- An Rialachán maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
Déanann CIE iniúchadh ar gach gné de chur chun feidhme bhuiséad an Aontais. Is é an Coimisiún Eorpach príomhiniúchaí CIE agus cuirtear ar an eolas é maidir le hobair agus cur chuige iniúchóireachta na Cúirte, chomh maith leis na torthaí iniúchta ábhartha.
Chomh maith le hArd-Stiúrthóireachtaí an Choimisiúin Eorpaigh, déanann CIE iniúchóireacht ar:
- na Cistí Eorpacha Forbraíochta;
- gníomhaíochtaí agus ardghníomhaíochtaí an Aontais, comhghnóthais, agus comhlachtaí eile;
- an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
- an Banc Ceannais Eorpach;
- oibríochtaí an Aontais trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí (e.g. an Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach);
- an Sásra Aonair Maoirseachta agus an Sásra Réitigh Aonair.
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Struchtúr coláisteachta gan feidhm dhlínse.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
Is é CIE iniúchóir seachtrach an Aontais Eorpaigh. Tá sé ar cheann de sheacht n-institiúid an Aontais Eorpaigh agus tá sé go hiomlán neamhspleách i gcomhlíonadh a iniúchtaí.
Tarraingíonn CIE suas a rialacha nós imeachta féin. Bíonn na rialacha sin le formheas ag an gComhairle.
CAIDREAMH
LE PARLAIMINT NA hEORPA / LEIS AN gCOMHAIRLE / LE PARLAIMINTÍ NA mBALLSTÁT
Cuireann CIE a thuarascálacha agus a thuairimí go léir, lena n-áirítear a thuarascáil bhliantúil, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Is iad na tuarascálacha sin a bhíonn mar bhonn d’urscaoileadh bliantúil bhuiséad an Aontais agus d’fhéadfadh reachtóirí úsáid a bhaint astu san obair atá idir lámha acu.
PARLAIMINT NA hEORPA
Déanann Uachtarán CIE an tuarascáil bhliantúil a thíolacadh chuig an gCoiste um Rialú Buiséadach (CONT) i bParlaimint na hEorpa agus chuig an suí iomlánach sa Pharlaimint, agus tugtar cuireadh don Uachtarán páirt a ghlacadh i ndíospóireacht ar an urscaoileadh ag suí iomlánach de Pharlaimint na hEorpa. Tugtar cuireadh go rialta do Chomhaltaí CIE tuarascálacha ábhartha a thíolacadh chuig CONT agus chuig coistí agus comhlachtaí oibre eile Pharlaimint na hEorpa.
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH
Déanann Uachtarán CIE an tuarascáil bhliantúil a thíolacadh chuig an gComhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN) agus d’fhéadfadh sé go dtabharfaí cuireadh don Uachtarán tuarascálacha speisialta roghnaithe a thíolacadh a bhfuil spéis ar leith ag baint leo.
Ar leibhéal na hoibre, is é an Coiste um an mBuiséad sa Chomhairle an príomh-chomhchainteoir le CIE, agus déileálann sé le saincheisteanna airgeadais, lena n-áirítear an nós imeachta um urscaoileadh. Déantar tuarascálacha CIE a thíolacadh chuig comhlachtaí ullmhúcháin iomchuí na Comhairle, a aontaíonn ar dhréachtchonclúidí ón gComhairle agus déantar na dréachtchonclúidí sin a ghlacadh ag leibhéal níos airde sa Chomhairle.
PARLAIMINTÍ BHALLSTÁIT AN AONTAIS
Cuireann CIE a thuarascálacha agus a thuairimí in iúl do na coistí parlaiminteacha ábhartha sna Ballstáit. Anuas air sin, féadann Comhaltaí CIE foilseacháin, go háirithe tuarascálacha bliantúla agus speisialta, a chur i láthair i bparlaimintí na mBallstát.
— EAGAR
CEANNASAÍ
UACHTARÁN
Chuaigh Tony Murphy i mbun oifige mar Uachtarán i mí Dheireadh Fómhair 2022.
TÉARMA OIFIGE
3 bliana, in-athnuaite.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Tofa ag Comhaltaí CIE as a measc féin.
COMHLACHT RIALAITHE
Comhlacht coláisteach de 27 gComhalta, comhalta amháin as gach Ballstát.
Comhlíonann Comhaltaí CIE a ndualgais faoi neamhspleáchas iomlán agus chun leas ginearálta an Aontais. Ar dhul i mbun oifige dóibh, tugann siad mionn chuige sin os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
TÉARMA OIFIGE
6 mbliana, in-athnuaite.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is í an Chomhairle a cheapann Comhaltaí CIE tar éis di dul i gcomhairle leis an bParlaimint, i ndiaidh ainmniúchán óna mBallstáit faoi seach.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Tá CIE eagraithe i gcúig sheomra iniúchóireachta, móide Coiste an Rialaithe Cáilíochta Iniúchóireachta (AQCC), Coiste Riaracháin agus Ardrúnaíocht. Tugann na stiúrthóireachtaí, a bhfuil foireann iniúchóireachta sannta chucu, tacaíocht don Uachtarán, do gach seomra iniúchóireachta agus do AQCC.
Feidhmíonn an tUachtarán mar chathaoirleach ar an gcoláiste iomlán de 27 gComhalta CIE agus tagann an coláiste le chéile dhá uair in aghaidh na míosa de ghnáth chun doiciméid a phlé agus a ghlacadh, amhail tuarascálacha ar bhuiséad ginearálta an Aontais agus Cistí Eorpacha Forbraíochta, arb iad príomhfhoilseacháin bhliantúla CIE iad.
UACHTARÁNACHT
Tugann Stiúrthóireacht na hUachtaránachta (DOP) tacaíocht don Uachtaránacht agus tá sí freagrach as forbairt straitéiseach, pleanáil oibre, bainistíocht phleanála agus feidhmíochta, caidreamh institiúideach, cumarsáid agus caidreamh leis na meáin.
Ina theannta sin, tuairiscíonn an tseirbhís dlí agus an roinn iniúchóireachta inmheánaí go díreach chuig an Uachtarán.
SEOMRAÍ INIÚCHÓIREACHTA
Sannann CIE na Comhaltaí chuig ceann de na cúig sheomra iniúchóireachta.
Tá téama bunaithe ar bheartas de chuid an Aontais Eorpaigh ag gach seomra chun a gcuid oibre a threorú agus tá siad faoi cheannas Déin, arb iad Comhaltaí an tseomra sin a thoghann é nó í as a measc féin ar feadh tréimhse dhá bhliain. Féadtar an téarma sin a athnuachan. Tá gach Comhalta freagrach as tascanna iniúchóireachta ar leith.
Tá dhá réimse freagrachta ag gach seomra:
- tuarascálacha speisialta, tuarascálacha bliantúla sonracha agus tuairimí a ghlacadh; agus
- na tuarascálacha bliantúla ar bhuiséad an Aontais agus ar na Cistí Eorpacha Forbraíochta a ullmhú chun go nglacfar iad ag Coláiste CIE.
AN COISTE UM RIALÚ CÁILÍOCHTA NA hINIÚCHÓIREACHTA
Tá an Coiste um Rialú Cáilíochta na hIniúchóireachta (AQCC) comhdhéanta den Chomhalta atá freagrach as Rialú Cáilíochta na hIniúchóireachta agus cúigear Comhaltaí eile (aon ionadaí amháin as gach seomra iniúchóireachta). Déileálann sé le beartais, caighdeáin agus modheolaíocht iniúchóireachta, tacaíocht agus forbairt iniúchóireachta, agus rialú cáilíochta na hiniúchóireachta laistigh de CIE. Tá sé i gceannas ar ghnéithe modheolaíochta agus déanann sé athbhreithnithe cáilíochta rannpháirtíochta ar fud CIE.
AN COISTE RIARACHÁIN
Déanann an Coiste Riaracháin agus, i gcás inarb iomchuí, Comhaltaí an choláiste, cinntí maidir le saincheisteanna ginearálta straitéiseacha agus riaracháin.
Tá an Coiste Riaracháin comhdhéanta d’Uachtarán CIE (cathaoirleach), Déin na seomraí, an Comhalta atá freagrach as an gCaidreamh Institiúideach agus an Comhalta atá freagrach as Rialú Cáilíochta na hIniúchóireachta. Déileálann sé le gach ábhar riaracháin agus le cinntí maidir le sainchesteanna a bhaineann leis an straitéis, leis an gcaidreamh seachtrach agus leis an gcumarsáid.
AN tARDRÚNAÍ
Ainmníonn coláiste CIE Ardrúnaí ar feadh tréimhse sé bliana, a fhéadfar a athnuachan.
Bíonn an tArdrúnaí freagrach go príomha as Rúnaíocht na Cúirte agus as na seirbhísí tacaíochta iniúchóireachta (Acmhainní Daonna, Seirbhísí Airgeadais agus Ginearálta, Faisnéis, an tIonad Oibre agus an Nuálaíocht, Aistriúcháin, Seirbhísí Teanga agus Foilsitheoireacht).
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 994 (atá ag freagairt do 982 i gcoibhéis lánaimseartha (31.12.2023) (a bhfuil 60 % díobh ag gabháil don iniúchóireacht)
- Tagann an fhoireann ó Bhallstáit uile an Aontais agus earcaítear iad de ghnáth trí chomórtais oscailte ar fud an Aontais
- Cothromaíocht Inscne: ♂ 47 %; ♀ 53 %. Meánaois: 47.7
BUISÉAD
- Cistítear CIE as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh
- 185.66 milliún euro (2024), caiteachas iomlán riaracháin
- Is ionann buiséad CIE agus níos lú ná 0.1 % de chaiteachas iomlán an Aontais, agus thart ar 1.5 % de chaiteachas riaracháin an Aontais
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— SAINCHÚRAM INIÚCHÓIREACHTA
Bíonn na hiniúchtaí bunaithe ar thaifid agus, i gcás inar gá, déantar ar an bhfód iad in institiúidí eile de chuid an Aontais agus in aon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht a dhéanann bainistiú ar ioncam nó caiteachas thar ceann an Aontais. Tá feidhm ag socruithe sonracha maidir le gníomhaíochtaí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) i dtaca le hioncam agus caiteachas an Aontais a bhainistiú.
Sna Ballstáit, déantar an iniúchóireacht i gcuibhreann le UFInna náisiúnta nó, mura mbíonn na cumhachtaí riachtanacha acu sin, leis na ranna náisiúnta inniúla. Oibríonn CIE i gcomhar le UFInna na mBallstát de mheon na muiníne, agus neamhspleáchas an dá pháirtí á chothabháil acu.
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Socraíonn CIE a clár oibre go neamhspleách. Tá nós imeachta clársceidealaithe bliantúil aige atá bunaithe ar an measúnú riosca ilbhliantúil do réimsí beartais éagsúla.
Is féidir le Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle topaicí iniúchóireachta féideartha a mholadh chun go ndéanfadh CIE iad a bhreithniú.
Foilsíonn CIE a chlár oibre ar a shuíomh gréasáin.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Trína chuid oibre, scrúdaíonn CIE a mhéid a bhaintear amach cuspóirí beartais an Aontais agus déanann sé measúnú ar staid chuntasaíocht bhuiséid agus bhainistíocht airgeadais an Aontais.
Déanann CIE cineálacha éagsúla iniúchtaí:
- iniúchtaí feidhmíochta ar éifeachtacht, éifeachtúlacht agus barainneacht bheartais agus cláir an Aontais. Is iniúchtaí a scrúdaíonn luach ar airgead iad sin, agus bíonn siad dírithe ar thopaicí sonracha bainistíochta nó buiséadacha. Roghnaítear iad bunaithe ar chritéir amhail leas an phobail, an fhéidearthacht chun feabhas a dhéanamh, an riosca maidir le drochfheidhmíocht nó an riosca maidir le mírialtacht; agus
- iniúchtaí airgeadais agus comhlíontachta ar bheachtas na gcuntas bliantúil agus ar dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo (go háirithe an ráiteas dearbhaithe) chomh maith le measúnuithe ar cibé an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann na córais agus na hidirbhearta i réimsí sonracha den bhuiséad na rialacha agus na rialacháin lena rialaítear iad.
Déanann CIE a chuid iniúchtaí i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta agus i gcomhreir leis an gcód eitice, de réir a thiomantas i leith na gcreataí sin, go sonrach Creat Fógairtí Gairmiúla (IFPP) INTOSAI, na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le hiniúchóireacht (ISAnna), chomh maith le cóid eitice INTOSAI agus IFAC.
Tá an mhodheolaíocht agus an treoraíocht ábhartha ar fáil ar ardán ar líne (AWARE, Acmhainn Iniúchóireachta Inrochtana Gréasánbhunaithe do CIE), atá deartha chun cabhrú le hiniúchóirí CIE iniúchtaí comhlíontachta, airgeadais agus feidhmíochta a roghnú, a phleanáil, a sheoladh agus a thuairisciú, chomh maith leis an méid sin a dhéanamh i gcás rannpháirtíochtaí neamhiniúchóireachta (athbhreithnithe agus tuairimí) i gcomhthéacs an Aontais Eorpaigh.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Cuimsítear an méid seo a leanas i bpunann foilseachán CIE:
- tuarascálacha bliantúla, ina bhfuil torthaí na hoibre iniúchóireachta airgeadais agus comhlíontachta ar bhuiséad an Aontais agus ar Chistí Eorpacha Forbraíochta go príomha; ach a bhfuil gnéithe iontu freisin a bhaineann le bainistíocht bhuiséadach agus feidhmíochta;
- tuarascálacha bliantúla sonracha, ar ghníomhaireachtaí, comlachtaí díláraithe, comhghnóthais agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais;
- tuarascálacha speisialta, ina léirítear torthaí iniúchtaí roghnaithe maidir le beartais nó réimsí caiteachais sonracha, nó maidir le saincheisteanna buiséadacha agus bainistíochta;
- tuairimí maidir le reachtaíocht nua nó nuashonraithe a bhfuil tionchar suntasach acu ar an mbainistíocht airgeadais – arna iarraidh sin ag institiúid eile nó ar thionscnamh CIE féin; agus
- athbhreithnithe, lena bhféachtar le cur síos agus anailís a chur ar fáil i dtaobh chúlra na hiniúchóireachta, go hiondúil ó dhearcadh trasnálach agus bunaithe ar obair iniúchóireachta atá déanta cheana féin nó ar fhaisnéis eile atá ar fáil go poiblí.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
Tá foilseacáin uile CIE ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais. Craobhscoileann CIE a thuarascálacha go gníomhach freisin ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear ar na meáin shóisialta.
— COMHAR LE PÁIRTITHE EILE
Déanann CIE dlúthchaidreamh a chothabháil le UFInna náisiúnta agus le heagraíochtaí iniúchóireachta idirnáisiúnta, déanann sé athbhreithnithe piaraí, idirghníomhaíonn sé le meithleacha machnaimh agus eagraíochtaí taighde, agus bíonn sé rannpháirteach i ndioscúrsa acadúil.
I mí na Samhna 2022, ag Comhdháil INTOSAI XXIV (INCOSAI) in Rio de Janeiro, ghlac CIE an ról ó UFI na Brasaíle le bheith ina Chathaoirleach ar an gCoiste um Chaighdeáin Ghairmiúla (PSC) in INTOSAI. Ina cháil sin dó, is comhalta de Bhord Rialaithe INTOSAI é CIE chomh maith.
AN BHEILG
REKENHOF /
COUR DES COMPTES /
RECHNUNGSHOF
![]() |
Ó 1831 Suíomh gréasáin: www.ccrek.be |
Ráiteas misin:
Ina ráiteas misin, tugann Cúirt Iniúchóireachta na Beilge cuntas ar a fís, na luachanna is bonn dá gníomhaíochtaí agus na straitéisí a fhorbraíonn sí chun cabhrú le feabhas a chur ar bhainistiú poiblí trí bhíthin a cuid iniúchóireachtaí.
Tá sé mar aidhm ag Cúirt Iniúchóireachta na Beilge feabhas a chur ar fheidhmiú na n-údarás poiblí. Chuige sin, déanann sí faisnéis úsáideach agus iontaofa a aimsíonn sí trí nós imeachta imréitigh leis an eintiteas atá faoi iniúchóireacht agus atá comhdhéanta d'fhionnachtana, breithiúnais agus moltaí a sholáthar do thionóil pharlaiminteacha, do chomhaltaí rialtais agus d’eintitis atá faoi iniúchóireacht.
Feidhmíonn Cúirt Iniúchóireachta na Beilge go neamhspleách, agus aird á tabhairt aici ar chaighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta agus í ag comhlíonadh na gceanglas a éiríonn as saineolas, ionracas agus inspreagadh. Bíonn aird chuí ag Cúirt Iniúchóireachta na Beilge ar fhorbairtí sóisialta agus tá sé mar aidhm aici ról ceannródaíochta a bheith aici in iniúchóireacht rialtais.
Tá téacs iomlán an ráitis misin (in Ollainnis agus i bhFraincis) ar fáil ag:
https://www.ccrek.be/sites/default/files/about-page/attachments/Missieverklaring.pdf
https://www.ccrek.be/sites/default/files/about-page/attachments/DeclarationDeMission.pdf
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
Déanann Cúirt Iniúchóireachta na Beilge (BCA) iniúchóireacht ar ioncam agus caiteachas na cumhachta feidhmiúcháin, agus ar an gcaoi a ndéanann an chumhacht feidhmiúcháin beartas a chur chun feidhme. Tá feidhm dhlíthiúil ag BCA freisin i ndáil le hoifigigh chuntasaíochta phoiblí agus tá sainchúraimí eile freisin aige.
I gcomhlíonadh a chuid dualgas dó, tá ceart rochtana ag BCA ar na doiciméid agus an fhaisnéis go léir a mheasann sé a bheith riachtanach. Is féidir leis seiceálacha ar an bhfód a dhéanamh.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
- Bunreacht na Beilge (1831): Airteagal 180;
- Acht Speisialta an 16 Eanáir 1989 maidir le heagrú mhaoiniú na bpobal agus na réigiún: Airteagail 50 agus 71;
- Acht an 29 Deireadh Fómhair 1846 maidir le heagar na Cúirte Iniúchóireachta;
- Acht an 16 Bealtaine 2003, lena leagtar síos na forálacha ginearálta is infheidhme maidir le buiséid, maidir le rialú a dhéanamh ar fhóirdheontais agus ar chuntais na bpobal agus na réigiún agus maidir le hiniúchtaí na Cúirte Iniúchóireachta a eagrú: Airteagail 2 agus 10;
- Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Iniúchóireachta;
- An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh: Airteagal 287(3).
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
Déanann BCA iniúchóireacht orthu seo a leanas:
- an stát feidearálach;
- na pobail;
- na réigiúin;
- na cúigí; agus
- institiúidí seirbhísí poiblí do na leibhéil riaracháin thuasluaite.
Tá iniúchóireacht ar na bardais lasmuigh de raon feidhme a chumhachtaí.
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Uasfhoras iniúchóireachta coláisteach a bhfuil feidhm dhlínse aige.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
Tá BCA neamhspleách ar na comhlachtaí a ndéanann sé iniúchóireacht orthu. Tá sé neamhspleách chomh maith ar na tionóil pharlaiminteacha: leagann sé síos a chuid tosaíochtaí féin ar mhaithe lena mhisean a thabhairt i gcrích agus roghnaíonn sé na hábhair dá chuid iniúchtaí trí chritéir roghnúcháin oibiachtúla a chur i bhfeidhm.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
Déanann BCA iniúchóireacht ar na húdaráis phoiblí agus déanann sé meastóireacht ar chur chun feidhme agus tionchar na mbeartas poiblí d’fhonn na tionóil pharlaiminteacha a chur ar an eolas ina thaobh.
Maidir leis an mbuiséad, is é an cúram sonrach atá ar BCA ná faisnéis a sholáthar ina leith sin do na tionóil pharlaiminteacha.
Déanann sé breithmheas freisin ar chuntais na n-údarás poiblí.
— EAGAR
CEANNASAÍ
UACHTARÁN SINSEARACH
Rinneadh Hilde François a cheapadh an 30 Bealtaine 2023.
TÉARMA OIFIGE
Sé bliana, in-athnuaite.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is é Teach na nIonadaithe a thoghann an tUachtarán Sinsearach.
COMHLACHT RIALAITHE
Tá an t-ardtionól, ar a bhfuil 12 chomhalta, comhdhéanta de sheomra labhartha na Fraincise agus de sheomra labhartha na hOllainnise. Tá uachtarán ar gach aon seomra, agus tá ceathrar sainchomhairleoirí agus ardrúnaí iontu. Tugtar “Premier Président” nó “Eerste Voorzitter” ar an duine is sinsearaí den bheirt uachtarán agus tugtar “Greffier en chef” nó “Hoofdgriffier” ar an duine is sinsearaí den bheirt ardrúnaithe.
TÉARMA OIFIGE
Ceaptar comhaltaí BCA go ceann téarma sé bliana is féidir a athnuachan.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is é Teach na nIonadaithe a thoghann comhaltaí BCA.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Tá seirbhísí BCA comhdhéanta de dheich stiúrthóireacht, a bhfuil iniúchóir-stiúrthóir sinsearach i gceannas ar gach aon cheann acu agus atá grúpáilte i dtrí earnáil.
Tá an leagan amach de réir earnálacha ag teacht leis na cumhachtaí atá ag an ardtionól agus ag seomraí labhartha na Fraincise agus na hOllainnise.
Tá ardtionól BCA freagrach as nithe a bhaineann leis an Stát Feidearálach, le Réigiún Príomhchathrach na Bruiséile, le Coimisiún Chomhphobal na Bruiséile agus le Pobal labhartha na Gearmáinise, chomh maith le bheith freagrach as an léirmhíniú ar rialacha an Aontais Eorpaigh agus ar rialacha na Cónaidhme.
Tá freagracht eisiach ag seomra labhartha na Fraincise as nithe a bhaineann leis an bPobal Fraincise, le Coimisiún Phobal Fraincise na Bruiséile, le Réigiún na Vallúine, leis na cúigí sa Réigiún sin agus leis na hinstitiúidí seirbhíse poiblí a bhaineann leo.
Tá freagracht eisiach ag seomra labhartha na hOllainnise as nithe a bhaineann le Pobal agus Réigiún Flóndras, leis na hinstitiúidí poiblí atá spleách orthu agus le cúigí Fhlóndras.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 440 i gcoibhéis lánaimseartha (2024) (a bhfuil thart ar 71 % díobh ag gabháil don iniúchóireacht)
- Cothromaíocht inscne: ♂ 59 %; ♀ 41 %. Meánaois: 48.7 bliain
BUISÉAD
- Tá BCA maoinithe ag buiséad an stáit fheidearálaigh
- 61.1 milliún euro (2024), in úsáid ina iomláine le haghaidh caiteachas riaracháin
- < 0.05 % de bhuiséad iomlán an stáit fheidearálaigh (2024)
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Pleanálann BCA a chuid oibre de réir na dtrí chineál doiciméid seo a leanas:
- plean straitéiseach ilbhliantúil;
- pleananna oibríochtúla bliantúla (de réir stiúrthóireachta);
- pleananna bainistíochta bliantúla (de réir seirbhíse).
Ullmhaíonn sé na pleananna sin ar an mbonn seo a leanas:
- comhlíonadh a chuid oibleagáidí dlíthiúla;
- anailís riosca;
- nithe parlaiminteacha;
- leas airgeadais agus sóisialta;
- breisluach na hiniúchóireachta;
- an fháil atá ar acmhainní; agus
- gach a gclúdaítear sa réimse iniúchóireachta.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Déanann BCA iniúchtaí feidhmíochta, airgeadais, agus dlíthiúlachta agus rialtachta.
Tá caighdeánú déanta ar a chuid cleachtas iniúchóireachta aige trí lámhleabhair agus trí chomhaid oibre leictreonacha.
Déanann BCA a chuid iniúchtaí de réir na gcaighdeán idirnáisiúnta iniúchóireachta (ISSAInna).
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Foilsíonn BCA:
- tuarascálacha iniúchóireachta bliantúla;
- tuarascálacha speisialta ar thopaicí ar leith;
- tuairimí maidir le dréachtbhuiséid; agus
- tuarascálacha gníomhaíochta bliantúla.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
Déanann BCA na tionóil pharlaiminteacha, na hairí agus na húdaráis phoiblí a chur ar an eolas faoi thorthaí a chuid iniúchtaí. Tá tuarascálacha uile BCA ar fáil ar a shuíomh gréasáin.
— COMHAR LE PÁIRTITHE EILE
Tugann BCA faisnéis ghinearálta faoina straitéis, faoina mhodhanna oibre agus faoi thorthaí a chuid iniúchtaí trína shuíomh gréasáin agus trína chuid foilseachán, agus le linn laethanta staidéir.
Bíonn sé i dteagmháil go tráthrialta le gníomhaithe eile atá rannpháirteach san iniúchóireacht phoiblí sa Bheilg, go háirithe chun taithí úsáideach a mhalartú agus chun a ghníomhaíochtaí iniúchóireachta a phleanáil.
Seolann sé cláir malartaithe foirne agus imeachtaí comhpháirteacha in oiliúint san iniúchóireacht in éineacht le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus le huasfhorais iniúchóireachta i dtíortha eile. Rannchuidíonn sé le hobair eagraíochtaí idirnáisiúnta.
Tá BCA páirteach go gníomhach i bhforbairtí ina réimse iniúchóireachta agus ina réimse gníomhaíochta.
AN BHULGÁIR
СМЕТНА ПАЛАТА НА РЕПУБЛИКА БЪЛГАРИЯ
![]() |
Ó 1995 Céadbhunaithe in 1880 Suíomh gréasáin: www.bulnao.government.bg |
Ráiteas misin:
Rialú a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid agus ar bhainistiú cistí agus gníomhaíochtaí poiblí eile trí obair iniúchóireachta éifeachtach, éifeachtúil agus barainneach a dhéanamh atá dírithe ar fheabhas a chur ar bhainistiú agus cuntasacht acmhainní poiblí.
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
Déanann Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta (NAO) na Bulgáire rialú ar chur chun feidhme an bhuiséid agus ar acmhainní agus gníomhaíochtaí poiblí eile i gcomhréir le hAcht NAO agus i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh go hidirnáisiúnta leo.
Is é an príomhchúram atá ar NAO ná seiceáil a dhéanamh ar bheachtas agus barántúlacht na ráiteas airgeadais ó eagraíochtaí buiséadacha agus ar bhainistiú dlíthiúil, éifeachtach, éifeachtúil agus barainneach acmhainní agus gníomhaíochtaí poiblí, chomh maith le faisnéis iontaofa agus oibiachtúil faoina chuid oibre a thabhairt don Tionól Náisiúnta.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
- Airteagal 91 de Bhunreacht Phoblacht na Bulgáire (1991)
- An tAcht um an Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta, 13 Feabhra 2015
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
Déanann NAO iniúchóireacht orthu seo a leanas:
- buiséad an stáit, buiséid scéim slándála sóisialta an stáit agus an Chiste Náisiúnta Árachais Sláinte, buiséid na 265 bhardas; buiséid eile arna nglacadh ag an Tionól Náisiúnta, buiséid a n-aonad caiteachais agus bainistiú a gcuid maoine;
- buiséid Acadamh Eolaíochtaí na Bulgáire, institiúidí ardoideachais an stáit, Ghníomhaireacht Teileagraif na Bulgáire, Theilifís Náisiúnta na Bulgáire agus Raidió Náisiúnta na Bulgáire;
- cistí poiblí a íoctar le daoine a dhéanann gníomhaíocht eacnamaíoch; cuntais chistí ón Aontas Eorpach agus chláir agus chomhaontuithe idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear a mbainistiú ag comhlachtaí ábhartha agus ag úsáideoirí deiridh na gcistí sin;
- caiteachas buiséadach Bhanc Náisiúnta na Bulgáire agus bainistiú an bhainc sin; cruthú an bharrachais bhliantúil d’ioncaim i gcomparáid leis na costais a dhéanann an banc a chur chun dochair do bhuiséad an stáit, agus aon nasc eile atá aige sin le buiséad an stáit;
- foinsí agus bainistiú fhiacha an stáit, fiacha stát-urraithe, fiacha na mbardas agus an úsáid a bhaintear as ionstraimí fiachais;
- príobháidiú agus lamháltas na maoine stáit agus bardasaí, chomh maith le cistí poiblí agus sócmhainní poiblí a sholáthraítear do dhaoine lasmuigh den earnáil phoiblí;
- cur chun feidhme comhaontuithe, conarthaí agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta nó gníomhartha idirnáisiúnta eile, sa chás go bhforáiltear dó sin leis an ngníomh idirnáisiúnta ábhartha nó go bhfuil sé sannta chuig NAO ag comhlacht údarúcháin;
- fiontair stáit nach cuideachtaí trádála iad;
- cuideachtaí trádála a bhfuil 50 % ar a laghad dá gcaipiteal faoi úinéireacht stáit agus/nó bardais;
- daoine dlítheanacha ag a bhfuil oibleagáidí faoi ráthaíocht ag an stát nó ag maoin stáit agus/nó bardais;
- cistí, sócmhainní agus gníomhaíochtaí poiblí eile, sa chás go bhfuil siad sin sannta le gníomh dlí.
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Oifig iniúchóireachta, atá neamhspleách ar an rialtas agus faoi cheannas Uachtaráin.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
Tá gníomhaíochtaí NAO neamhspleách ar aon chomhlacht rialtais.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
Tuairiscíonn NAO chuig an bParlaimint ar a chuid gníomhaíochtaí don bhliain roimhe sin.
Déanann coimisiún neamhspleách d’iniúchóirí cláraithe, arna gceapadh ag an bparlaimint, iniúchóireacht ar ráiteas airgeadais bliantúil NAO.
Féadann an Tionól Náisiúnta suas le cúig iniúchadh a shannadh go bliantúil chuig NAO.
Cuireann NAO an méid seo a leanas faoi bhráid na parlaiminte: tuarascálacha ar fhorghníomhú na n-iniúchtaí atá sannta chuige ag an bparlaimint, agus tuarascálacha iniúchóireachta agus tuairimí a bhfuil ceangal dlí air a chur faoina bráid.
Déanann NAO, as a stuaim féin nó nuair a iarrann an Tionól Náisiúnta air déanamh amhlaidh, an méid seo a leanas a chur faoi bhráid na gcoistí parlaiminteacha chun go scrúdóidh siad iad: tuarascálacha iniúchóireachta a bhfuil tábhacht shuntasach leo chun feabhas a chur ar smacht buiséadach, agus ar bhainistiú an bhuiséid agus cistí agus gníomhaíochtaí poiblí eile.
Cruthaíodh fochoiste buan, i.e. an fochoiste um chuntasacht na hearnála poiblí, laistigh den Choiste Buiséid agus Airgeadais sa Tionól Náisiúnta chun comhar agus caidreamh níos dlúithe a chinntiú idir NAO agus an pharlaimint.
— EAGAR
CEANNASAÍ
UACHTARÁN
Rinneadh Dimitar Glavchev a cheapadh an 28 Iúil 2023.
TÉARMA OIFIGE
7 mbliana, neamh-inathnuaite.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is í an Pharlaimint a thoghann Uachtarán NAO.
COMHLACHT RIALAITHE
Tá foireann bhainistíochta NAO comhdhéanta d’Uachtarán, beirt Leas-Uachtarán, agus beirt Chomhaltaí atá ina n-ionadaithe ar Institiúid na gCuntasóirí Deimhnithe Poiblí agus ar Institiúid na nIniúchóirí Inmheánacha.
Is ar bhonn an phrionsabail de ‘rialtas oscailte’ a fheidhmíonn an fhoireann bainistíochta.
TÉARMA OIFIGE
Leas-Uachtaráin: 7 mbliana, in-athnuaite.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is í an Pharlaimint, ar mholadh ó Uachtarán NAO, a thoghann na Leas-Uachtaráin agus na Comhaltaí.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Tá NAO eagraithe i sé stiúrthóireacht (péire le haghaidh iniúchtaí airgeadais; péire le haghaidh iniúchtaí comhlíontachta ar bhainistiú airgeadais; ceann le haghaidh iniúchtaí feidhmíochta; agus ceann le haghaidh iniúchtaí speisialta).
Tá gach aon duine den bheirt Leas-Uachtarán freagrach as trí cinn de na stiúrthóireachtaí. Sa bhreis air sin, tá seacht stiúrthóireacht ann a bhfuil freagrachtaí riaracháin éagsúla orthu, agus tagann siad sin ar fad go díreach faoi chúram Uachtarán NAO.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 403 i gcoibhéis lánaimseartha (2024) (a bhfuil 74 % díobh ag gabháil don iniúchóireacht)
- Cothromaíocht Inscne: ♂ 23 %; ♀ 77 %. Meánaois: 466
BUISÉAD
- Tá NAO maoinithe as an mbuiséad náisiúnta
- €17.011 milliún (2024)
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Socraíonn NAO a chlár oibre go neamhspleách. Glacann sé clár bliantúil dá ghníomhaíocht iniúchóireachta bunaithe ar réimsí tosaíochta agus ar chritéir.
Tá nós imeachta bliantúil clársceidealaithe aige bunaithe ar phlean iniúchóireachta straitéiseach trí bliana, trína ndéantar réimsí iniúchóireachta a shainiú, agus as a bhfuil tascanna speisialta iniúchóireachta le roghnú go bliantúil atá le cur isteach sa chlár iniúchóireachta bliantúil. Tá roghnú na dtascanna iniúchóireachta bunaithe ar chritéir atá glactha ag NAO.
Chomh maith leis sin, féadann an Pharlaimint suas le cúig iniúchadh bhreise a shannadh ar NAO in aghaidh na bliana.
Foilsíonn NAO a chlár oibre ar a shuíomh gréasáin.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Déanann NAO:
- iniúchtaí airgeadais;
- iniúchtaí comhlíontachta;
- iniúchtaí feidhmíochta; agus
- iniúchtaí speisialta.
Déanann NAO a chuid iniúchtaí i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta (ISSAInna) agus i gcomhréir leis an dea-chleachtas.
Tá lámhleabhar iniúchóireachta forbartha ag NAO chun na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh go hidirnáisiúnta leo agus a chuid gníomhaíochtaí iniúchóireachta a chur chun feidhme.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Foilsíonn NAO:
- gach tuarascáil iniúchóireachta faoi Acht NAO, cé is moite díobh sin ina bhfuil faisnéis rúnaicmithe agus codanna de thuarascálacha a bhíonn tíolactha chuig Oifig an Ionchúisitheora;
- tuarascáil bhliantúil ar a ghníomhaíocht féin;
- tuarascáil iniúchóireachta ar a ráiteas airgeadais bliantúil féin;
- faisnéis maidir le dréacht-tuarascálacha iniúchóireachta a thíolacadh – nós imeachta a ligeann d’iarbhainisteoirí na n-eagraíochtaí faoi iniúchóireacht fógra a fháil aon uair a dhéantar iniúchadh a bhaineann lena dtréimhse bhainistíochta féin;
- tuarascálacha ar chur chun feidhme a chuid moltaí, lena n-áirítear faisnéis i dtaobh moltaí nach bhfuil curtha chun feidhme;
- ráitis airgeadais bliantúla ó pháirtithe polaitiúla agus liostaí dá ndeontóirí;
- tuarascálacha ar an rialú airgeadais a dhéantar ar pháirtithe polaitiúla faoi Acht na bPáirtithe Polaitiúla;
- faisnéis atá i seilbh rolla poiblí aontaithe na bpáirtithe, na gcomhghuaillíochtaí páirtithe agus na gcoistí tionscnaimh atá cláraithe le haghaidh páirt a ghlacadh sna toghcháin. Clúdaíonn an fhaisnéis sin freisin cistiú d’fheachtais toghchánaíochta, lena n-áirítear deontóirí, gníomhaireachtaí fógraíochta, etc.;
- tuarascálacha iniúchóireachta ar chistiú na bhfeachtas toghchánaíochta faoin gCód Toghcháin;
- achoimrí de na tuarascálacha iniúchóireachta le haghaidh na ráiteas airgeadais bliantúil;
- tuarascálacha, maille le tuairimí, maidir le ráitis cur chun feidhme bhuiséad an stáit, maidir le buiséad na scéime slándála sóisialta poiblí, maidir le buiséad an Chiste Náisiúnta Árachais Sláinte, agus maidir le caiteachas buiséadach Bhanc Náisiúnta na Bulgáire don bhliain roimhe sin;
- leagan Bulgáirise de na ISSAInna.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
Tá gach foilseachán ó NAO, lena n-áirítear na tuarascálacha iniúchóireachta go léir, ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin, arb é sin an príomhardán le haghaidh poiblíochta agus trédhearcachta agus le haghaidh faisnéis phoiblí faoina ghníomhaíocht tríd is tríd.
Foilsíonn NAO preasráitis agus físeáin ghearra faoina chuid tuarascálacha iniúchóireachta, agus eagraíonn sé preasagallaimh agus cruinnithe neamhfhoirmiúla leis na meáin chumarsáide. Glacann sé páirt i gcláir agus agallaimh theilifíse, agus eagraíonn sé cainteanna comhstádais agus comhdhálacha a nglacann sé féin páirt iontu.
Tá NAO gníomhach ar na meáin shóisialta.
— COMHAR LE PÁIRTITHE EILE
Comhoibríonn NAO le húdaráis rialtais eile chun éifeachtúlacht an chórais rialaithe a mhéadú agus chun gníomhú in aghaidh na coiriúlachta agus an éillithe. Comhoibríonn sé freisin le heagraíochtaí gairmiúla agus neamhrialtasacha chun dea-chleachtais a mhalartú agus chun forbairt ghairmiúil a chothú.
AN CHIPIR
EΛΕΓΚΤΙΚΗ ΥΠΗΡΕΣΙΑ ΤΗΣ ΚΥΠΡΙΑΚΗΣ ΔΗΜΟΚΡΑΤΙΑΣ
![]() |
Ó 1960 Céadbhunaithe in 1879 Suíomh gréasáin: www.audit.gov.cy |
Ráiteas misin:
Iniúchóireacht airgeadais, chomhlíontachta agus feidhmíochta a dhéanamh go neamhspleách san earnáil phoiblí i gcoitinne, ar mhaithe le tuairisciú poiblí ar acmhainní airgeadais, agus bainistiú barrfheabhais ar na hacmhainní sin, a chur chun cinn.
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
De réir an Bhunreachta, déanann Oifig Iniúchóireachta Phoblacht na Cipire (AORC) iniúchóireacht ar ioncam agus caiteachas uile na hearnála poiblí agus ar gach sócmhainn airgeadais agus gach sócmhainn eile atá faoi úinéireacht na Poblachta agus a riarann sé nó a riartar ina hainm. Féadann sé iniúchóireacht a dhéanamh freisin ar na dliteanais ar fad a thabhaíonn an Phoblacht nó a thabhaítear thar ceann na Poblachta.
Níl aon teorannú ar AORC ó thaobh raon feidhme a chuid iniúchtaí agus tá an ceart aige rochtain a fháil ar na leabhair agus taifid go léir a bhaineann le sócmhainní agus a measann sé atá riachtanach dá chuid oibre, chomh maith le rochtain a fháil ar na háiteanna ina bhfuil na sócmhainní sin coinnithe.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
- Bunreacht Phoblacht na Cipire (1960): Cuid 6, Caibidil 2, Airteagail 115-117;
- an Dlí um Fhreagracht Fhioscach agus um an gCreat Airgeadais (Dlí Uimh. 20(I)/2014);
- an Dlí maidir le Fianaise agus Faisnéis a sholáthar don Ard-Iniúchóir (Dlí Uimh. 113(I)/2002);
- reachtaíocht ar an soláthar poiblí.
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
Déanann AORC iniúchóireacht ar ghníomhaíochtaí na n-eintiteas seo a leanas:
-
comhlachtaí poiblí:
- aireachtaí;
- ranna, seirbhísí nó gníomhaireachtaí rialtais;
- comhlachtaí reachtacha;
-
údaráis rialtais áitiúil:
- pobail;
- bardais; agus
- eagraíochtaí, fiontair nó cistí eile san earnáil phoiblí i gcoitinne.
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Oifig iniúchóireachta, atá neamhspleách ar an rialtas agus faoi cheannas ardiniúchóra.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
Is comhlacht stáit neamhspleách atá in AORC.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
De réir a struchtúir, tá AORC neamhspleách ar an bparlaimint – ach comhoibríonn an dá chomhlacht go dlúth le chéile. Déanann an Coiste Parlaiminteach um Phleananna Forbartha agus um Rialú an Chaiteachais Phoiblí scrúdú go tráthrialta ar na moltaí agus breathnuithe a dhéanann AORC chun faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil na gníomhaireachtaí faoi iniúchóireacht ag freagairt do bhreathnuithe agus moltaí AORC.
Sa bhreis air sin, iarrann beagnach gach coiste parlaiminteach cúnamh go rialta ar AORC i dtaca le hábhair a bhaineann lena chuid freagrachtaí. Rannchuidíonn AORC leis an bpróiseas reachtach freisin ar uairibh. Féadann an pharlaimint a iarraidh ar AORC imscrúduithe nó iniúchtaí speisialta a dhéanamh.
Déanann AORC iniúchtaí, eisíonn sé tuarascálacha speisialta agus déanann sé tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Uachtarán Phoblacht na Cipire.
Tá buiséad AORC faoi réir a fhormheasta ag an gcomhairle airí agus ag an bparlaimint. Is srianadh ar a neamhspleáchas é sin.
— EAGAR
CEANNASAÍ
ARD-INIÚCHÓIR
Rinneadh Andreas Papaconstantinou a cheapadh an 2 Deireadh Fómhair 2024.
TÉARMA OIFIGE
Gan teorainn go dtí an aois scoir ag 65.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is é nó í Uachtarán na Poblachta a cheapann an tArd-Iniúchóir.
COMHLACHT RIALAITHE
De réir an Bhunreachta, tá AORC á rialú go huile is go hiomlán ag an Ard-Iniúchóir. Níl aon chomhlacht rialaithe eile ann. Ar mhaithe le tuarascálacha speisialta agus tuarascáil bhliantúil AORC a fhormheas, áfach, forálann na treoracha iniúchóireachta d’fhoireann bainistíochta a bhunú ar a mbíonn an tArd-Iniúchóir, Leas-Ardiniúchóir, Stiúrthóirí Iniúchóireachta agus Stiúrthóir Iniúchóireachta Teicniúla.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Tá AORC roinnte i seacht Roinn Iniúchóireachta déag a bhíonn ag déileáil le hiniúchtaí airgeadais, comhlíontachta agus feidhmíochta, agus ceithre Roinn Iniúchóireachta Theicniúil.
Tá cúig Rannán Iniúchóireachta ann, a bhfuil idir Roinn Iniúchóireachta amháin agus trí cinn iontu. Tá ceithre Roinn eile ann a thuairiscíonn go díreach chuig an Ard-Iniúchóir Cúnta. Is Stiúrthóir Iniúchóireachta atá i gceannas ar gach Rannán.
Is é nó í Stiúrthóir na hIniúchóireachta Teicniúla atá i gceannas ar an Rannán Iniúchóireachta Teicniúla, atá freagrach as gach uile iniúchadh den sórt sin.
Sa bhreis air sin, tá aonad um modheolaíocht agus dearbhú cáilíochta in AORC, mar aon le feidhmeanna tacaíochta amhail aonad riaracháin agus aonad cuntas.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN (2024)
- Líon: 134 choibhéis lánaimseartha (Feabhra 2024) [82 % ag gabháil don iniúchóireacht, 18 % i bpoist tacaíochta (cartlannú, etc.)]
- Cothromaíocht Inscne: ♂ 36 %; ♀ 64 %. Meánaois: 49
BUISÉAD
- Tá AORC maoinithe as buiséad an rialtais láir
- €9.2 milliún (2024)
- baineann thart ar 91 % le costais foirne, agus an chuid eile dó le caiteachas oibríochtúil
- thart ar 0.07 % de bhuiséad iomlán an stáit do chaiteachas
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Déantar iniúchóireacht ráiteas airgeadais an rialtais láir, lena n-áirítear iniúchóireacht chomhlíontachta, a chomhordú go lárnach laistigh de AORC, ach is iad na Ranna Iniúchóireachta ábhartha atá freagrach as gach aireacht a dhéanann iad a phleanáil agus a thabhairt i gcrích.
Maidir le hiniúchtaí feidhmíochta agus aon iniúchtaí comhlíontachta breise, is iad Ranna Iniúchóireachta AORC agus an Rannán Iniúchóireachta Teicniúla, de réir a gcúram féin, a dhéanann iad a phleanáil, a sceidealú agus a thabhairt i gcrích.
Áirítear an méid seo a leanas sa phleanáil: imlíne de na laethanta de réir an bhuiséid le haghaidh gach iniúchadh atá pleanáilte (measta ar bhonn an líon foirne atá ar fáil), méid agus tábhacht na hoibre atá i gceist, riosca iniúchóireachta, agus fionnachtana ó iniúchtaí roimhe sin.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Déanann AORC cineálacha éagsúla iniúchtaí:
- iniúchtaí airgeadais;
- iniúchtaí comhlíontachta (rialuithe rialála);
- iniúchtaí feidhmíochta;
- iniúchtaí teicniúla, atá comhdhéanta go príomha d’iniúchtaí ar chleachtais soláthair phoiblí (téarmaí agus coinníollacha i ndoiciméid tairisceana, measúnú ar chostais tionscadail agus tuarascálacha meastóireachta), iniúchtaí ar an bhfód le haghaidh tionscadail foirgníochta atá ar siúl, iniúchóireacht ar chonarthaí le haghaidh maoin a ligean ar cíos mar áitreabh d’oifigí rialtais, agus iniúchtaí TF (i.e. iniúchtaí ar chórais teicneolaíochta faisnéise/próiseála sonraí leictreonacha);
- iniúchtaí comhshaoil, lena mbaineann de ghnáth meascán d’iniúchóireacht airgeadais, chomhlíontachta agus feidhmíochta ar ábhar ar leith a bhaineann le rialachas comhshaoil. Déantar iad sin i gcomhréir le treoirlínte agus caighdeáin sonracha arna n-eisiúint ag INTOSAI;
- imscrúduithe speisialta, a dhéantar a sheoladh de ghnáth nuair a iarrann an pharlaimint go sonrach é sin a dhéanamh, nó tar éis gearáin a bheith déanta, nó má iarrann na póilíní cúnamh ina bhfiosrúcháin ar chásanna a d’fhéadfadh a bheith ina gcásanna coiriúla.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Is iad príomhfhoilseacháin AORC ná:
- tuarascáil bhliantúil, ina bhfuil tagairtí do thuarascálacha speisialta iniúchóireachta a eisíodh i gcaitheamh na bliana, agus fionnachtana na hiniúchóireachta ar ráitis airgeadais Phoblacht na Cipire;
- tuairim iniúchóireachta ar ráitis airgeadais Phoblacht na Cipire;
- tuairim ar an Tuarascáil Airgeadais;
- tuarascálacha speisialta a eisítear nuair a bhíonn mór-iniúchtaí tugtha chun críche, lena n-áirítear iniúchtaí ar chomhlachtaí poiblí, ar chomhlachtaí reachtacha agus/nó ar údaráis áitiúla, chomh maith le hiniúchtaí feidhmíochta agus comhshaoil.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
Déanann AORC fionnachtana a chuid iniúchtaí a thuairisciú go díreach chuig na heintitis ábhartha, agus cuireann sé moltaí ábhartha ar fáil.
Déantar an tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an Uachtaráin agus faoi bhráid pharlaimint Phoblacht na Cipire.
Sa bhreis air sin, foilsíonn AORC gach ceann dá chuid tuarascálacha iniúchóireachta nach bhfuil rúnaicmithe ar a shuíomh gréasáin agus eisíonn sé preasráitis ábhartha nuair is gá. Baintear úsáid as na meáin shóisialta freisin chun faisnéis a thabhairt do na saoránaigh agus tá preasoifigeach ceaptha chun cumarsáid a dhéanamh leis na meáin.
— COMHAR LE PÁIRTITHE EILE
Chomh maith leis an dlúthchomhar a dhéanann sé leis an bparlaimint, bíonn AORC ag obair freisin le saoránaigh, le saineolaithe sa réimse, agus le heagraíochtaí den tsochaí shibhialta chun eolas a fháil faoi ábhar a iniúchóireachta.
AN CHRÓIT
DRŽAVNI URED ZA REVIZIJU
![]() |
Ó 1993 Suíomh gréasáin: www.revizija.hr |
Ráiteas misin:
Tá obair Oifig Iniúchóireachta Stáit Phoblacht na Seice dírithe ar iniúchóireacht a dhéanamh ar thuarascálacha airgeadais agus ar ghníomhaíochtaí gnó, agus feabhas a chur ar chomhlíontacht, éifeachtacht agus éifeachtúlacht na n-eintiteas a bhíonn ag bainistiú maoin phoiblí agus eintiteas eile. Thairis sin, rannchuidíonn sé le feabhas a chur ar bhainistiú maoine poiblí agus acmhainní eile atá ar fáil, chomh maith le feabhas a chur ar an leibhéal faisnéise a thugtar do pharlaimint na Cróite, don rialtas agus do shaoránaigh Phoblacht na Cróite maidir leis na modhanna a bhíonn in úsáid chun bainistiú a dhéanamh ar chistí buiséadacha agus seachbhuiséadacha agus acmhainní eile a chuirtear ar fáil d’iniúchaithe i gcomhair a mbainistithe agus a n-úsáid, chomh maith le heolas a scaipeadh faoi thorthaí an bhainistithe sin.
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
Déanann an Oifig Iniúchóireachta Stáit (SAO) iniúchóireacht ar ioncam agus caiteachas, sócmhainní agus dliteanais, ráitis airgeadais, idirbhearta airgeadais, agus cláir, tionscadail agus gníomhaíochtaí na n-ábhar iniúchóireachta atá sainithe amhlaidh san Acht um an Oifig Iniúchóireachta Stáit agus san Acht um Maoiniú Gníomhaíochtaí Polaitíochta, Feachtas Toghcháin agus Reifreann.
Déanann sé measúnú féachaint an dtugann na ráitis airgeadais léiriú fíorcheart ar an staid airgeadais agus an bhfuil torthaí na ngníomhaíochtaí airgeadais ag teacht leis na caighdeáin chuntasaíochta a bhfuil glacadh go ginearálta leo agus an bhfuil siad ag comhlíonadh na ndlíthe agus na rialachán. Déanann sé measúnú freisin ar bharainneacht, éifeachtacht agus éifeachtúlacht na gclár agus na dtionscadal atá cistithe as buiséad an stáit nó as buiséad na n-aonad féinrialtais áitiúil agus réigiúnach.
Déanann SAO a chuid iniúchtaí ar an leibhéal lárnach, réigiúnach agus áitiúil.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
- Bunreacht (1990);
- An tAcht um an Oifig Iniúchóireachta Stáit (2019);
- An tAcht um Maoiniú Gníomhaíochtaí Polaitíochta, Feachtas Toghcháin agus Reifreann (2019).
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
Cumhdaíonn sainordú SAO na nithe seo a leanas:
- comhlachtaí san earnáil stáit;
- aonaid féinrialtais áitiúla agus réigiúnacha;
- eintitis dhlíthiúla a mhaoinítear as an mbuiséad;
- eintitis dhlíthiúla arna mbunú ag Poblacht na Cróite nó ag aonaid féinrialtais áitiúla agus réigiúnacha agus eintitis dhlíthiúla atá faoi úinéireacht Phoblacht na Cróite nó faoi úinéireacht aonad féinrialtais áitiúil agus réigiúnach;
- cuideachtaí agus eintitis dhlíthiúla eile a bhfuil úinéireacht thromlaigh ag Poblacht na Cróite nó ag aonad féinrialtais áitiúil agus réigiúnach ar na scaireann agus/nó ag a bhfuil tionchar cinntitheach ar an mbainistíocht;
- eintitis dhlíthiúla (fochuideachtaí) a bhunaigh eintitis dhlítheanacha arb í Poblacht na Cróite nó aonad féinrialtais áitiúil agus réigiúnach a mbunaitheoir;
- eintitis dhlíthiúla a bhfuil cistí á n-urrú acu dá ngníomhaíochtaí ó ranníocaíochtaí éigeantacha, ó tháillí ballraíochta nó ó ioncam eile a shonraítear sa dlí;
- páirtithe polaitiúla, ionadaithe neamhspleácha agus comhaltaí de chomhlachtaí ionadaíocha áitiúla d’aonaid féinrialaitheacha réigiunacha, mar a leagtar síos sa dlí lena rialaítear maoiniú gníomhaíochtaí polaitiúla agus feachtas toghcháin;
- eintitis dhlíthiúla i bPoblacht na Cróite a úsáideann cistí ón Aontas Eorpach, sásraí airgeadais idirnáisiúnta agus eagraíochtaí nó institiúidí idirnáisiúnta eile chun riachtanais phoiblí a mhaoiniú.
- I dteannta na n-iniúchaithe thuasluaite, is iniúchaí é Banc Náisiúnta na Cróite freisin i gcomhréir le Teideal IV den Acht um Oifig Iniúchóireachta an Stáit.
Tá isteach agus amach le 14 500 eintiteas ann a thagann faoi dhlínse iniúchóireachta SAO.
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Oifig iniúchóireachta, atá neamhspleách ar an rialtas agus faoi cheannas Ard-Iniúchóra.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
De réir Bhunreacht Phoblacht na Cróite, is é SAO uasfhoras iniúchóireachta na Poblachta agus tá sé uathrialach agus neamhspleách ina chuid oibre.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
Tá an creat dlíthiúil lena ndéantar rialáil ar an gcaidreamh idir SAO agus an pharlaimint leagtha amach san Acht um an Oifig Iniúchóireachta Stáit, san Acht um Maoiniú Gníomhaíochtaí Polaitiúla, Feachtas Toghcháin agus Reifreann agus i mBuanorduithe pharlaimint na Cróite.
Déanann SAO Tuarascáil Oibre Bhliantúil, Tuarascáil Bhliantúil ar Chur Chun Feidhme Bhuiséad an Stáit agus tuarascálacha iniúchóireachta (ceann ar cheann nó i ngrúpa de thuarascálacha téamacha) a sholáthar don pharlaimint. Pléitear na tuarascálacha ag cruinnithe na gcoistí lena mbaineann agus sna seisiúin iomlánacha. Sula gcuirtear tús leis an díospóireacht ar thuarascálacha iniúchóireachta sna coistí nó i seisiúin iomlánacha, iarrann an pharlaimint ar an rialtas tuairim a thabhairt.
Déanann an Coiste Airgeadais agus Bhuiséad an Stáit sa pharlaimint, chomh maith le coistí eile ag brath ar thopaic na hiniúchóireachta, na tuarascálacha iniúchóireachta a phlé agus bíonn an plé sin ar siúl i láthair an Ard-Iniúchóra agus ionadaithe ó SAO. Ansin, glacann an coiste lena mbaineann conclúid ar na tuarascálacha iniúchóireachta.
I ndiaidh an phlé sa seisiún iomlánach, tagann an pharlaimint ar chonclúid agus bíonn ar an rialtas, laistigh de thréimhse áirithe ama, a mhachnamh a dhéanamh ar chur chun feidhme na moltaí ó SAO.
— EAGAR
CEANNASAÍ
ARD-INIÚCHÓIR
Ceapadh Ivan Klešić an 10 Nollaig 2010 agus rinneadh é a athcheapadh an 3 Nollaig 2018.
TÉARMA OIFIGE
Ocht mbliana, in-athnuaite.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is í Parlaimint na Cróite a cheapann an tArd-Iniúchóir ar bhonn togra ón gcoiste atá freagrach as roghnú agus ceapachán, mar aon le tuairim arna soláthar ag an gcoiste atá freagrach as airgeadas agus as Buiséad an Stáit.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Tá ceanncheathrú SAO i Ságrab, agus tá 20 oifig réigiúnach aige. Oibríonn sé ar fud chríoch iomlán na Cróite.
Sa cheannoifig, tá na ranna struchtúrtha de réir na gcineálacha eintiteas agus na gcineálacha iniúchóireachta. Áirítear ar na ranna sin, ranna dlí, acmhainní daonna agus cuntasaíochta chomh maith le roinn um iniúchóireacht inmheánach. Tagann caidreamh poiblí agus comhar idirnáisiúnta faoi réir obair na ceannoifige.
Tá gníomhaíochtaí, cúraimí agus freagrachtaí SAO sainithe san Acht um an Oifig Iniúchóireachta Stáit agus sa Chairt um an Oifig Iniúchóireachta Stáit.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 294 i gcoibhéis lánaimseartha (2022) (a bhfuil 83.7 % díobh ag gabháil don iniúchóireacht)
- Cothromaíocht inscne: ♂ 15.0 %; ♀ 85.0 %. Meánaois: 48.3
BUISÉAD
- Cistítear SAO as Buiséad Stáit Phoblacht na Cróite
- Déanann SAO na cistí atá ag teastáil dá chuid oibre a phleanáil go neamhspleách agus déanann parlaimint na Cróite iad sin a shainiú sa Bhuiséad Stáit
- €12.4 milliún (2022)
- 0.057 % de bhuiséad iomlán an stáit (2022)
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Pleanálann agus déanann SAO a chuid iniúchtaí go neamhspleách de réir a Chláir Bhliantúil agus a Phlean Oibre. Is féidir leis an bparlaimint a iarraidh go mbeadh iniúchtaí ar leith curtha san áireamh i bplean oibre SAO, ach is annamh a dhéantar an iarraidh sin.
Formheasann an tArd-Iniúchóir an Clár Iniúchóireachta Bliantúil agus an Plean Oibre, mar aon leis an treorú ar ullmhú an chláir bhliantúil agus an phlean oibre. Bíonn iniúchtaí éigeantacha, chomh maith le hiniúchtaí ar ábhair eile, sa chlár bliantúil agus sa phlean oibre.
Is iniúchadh éigeantach atá san iniúchadh ar Fhorghníomhú Bhuiséad an Stáit a bhforáiltear dó sin san Acht um an Oifig Iniúchóireachta Stáit. Is le forálacha faoin Acht maidir le Maoiniú Gníomhaíochtaí Polaitíochta, Feachtas Toghcháin agus Reifreann a chinntear iniúchtaí éigeantacha eile.
Is ar bhonn critéir atá sainithe leis an Acht um an Oifig Iniúchóireachta Stáit a chinntear cad iad na hiniúchtaí ar ábhair eile a thagann faoi shainchúram SAO. Is iad sin:
- measúnú riosca;
- tábhacht airgeadais na n-ábhar iniúchóireachta;
- na torthaí a bhí ar iniúchtaí roimhe sin – tuairim a thabhairt;
- faisnéis a bhailítear faoi oibríochtaí agus bainistiú an ábhair; agus
- critéir eile atá cinntithe i rialacháin inmheánacha SAO (moltaí nach bhfuil curtha chun feidhme, agus foilseachán sna meáin).
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Déanann SAO na hiniúchtaí seo a leanas:
- iniúchadh airgeadais: leis seo, scrúdaítear doiciméid, tuarascálacha, córais rialaithe inmheánaigh agus iniúchóireacht inmheánach, nósanna imeachta cuntasaíochta agus airgeadais chomh maith le taifid eile. Déantar an méid sin chun a fhíorú go dtugann na ráitis airgeadais léargas fíorcheart ar an staid airgeadais agus go bhfuil torthaí na ngníomhaíochtaí airgeadais ag teacht leis na caighdeáin agus prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh go ginearálta leo; agus
- iniúchadh comhlíontachta: leis seo, scrúdaítear idirbhearta airgeadais ó thaobh úsáid dhleathach cistí de; agus
- iniúchadh feidhmíochta: leis seo, déantar measúnú ar bharainneacht agus éifeachtúlacht oibríochtaí, agus cé chomh héifeachtach a ndearnadh cuspóirí ginearálta, nó cuspóirí idirbhearta, cláir agus tionscadail airgeadais ar leith a chomhlíonadh.
Déanann SAO a chuid iniúchtaí i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta (ISSAInna) agus i gcomhréir lena chód eitice féin. Baineann sé úsáid as lámhleabhair don iniúchóireacht feidhmíochta agus airgeadais, chomh maith le treoirlínte.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Seo a leanas iad tuarascálacha SAO:
- tuarascáil bhliantúil ar an obair, ina bhfuil torthaí obair iniúchóireachta SAO don tréimhse thuairiscithe agus ina bhfuil torthaí a chuid gníomhaíochtaí eile;
- tuarascálacha iniúchóireachta ar iniúchtaí airgeadais, comhlíontachta agus feidhmíochta; agus
- tuarascálacha iniúchóireachta ar iniúchtaí téamacha a fhoilsítear ag an am céanna le tuarascálacha iniúchóireachta aonair, ina bhfuil na torthaí ar iniúchtaí aonair maidir le téamaí ar leith (mar shampla iniúchóireacht ar ospidéil nó ar pháirceanna náisiúnta).
Déanann SAO fógraí i dtaobh tuarascálacha iniúchóireachta nua nó i dtaobh gníomhaíochtaí eile a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
Nuair a chríochnaítear tuarascálacha iniúchóireachta, foilsítear iad go léir ar an suíomh gréasáin. Ag an am céanna, eisítear preasráiteas agus eagraítear preasagallamh.
Déanann SAO na tuarascálacha iniúchóireachta a chur faoi bhráid na parlaiminte a thúisce a bhíonn siad críochnaithe agus foilsithe.
Foilsíonn SAO a thuarascáil bhliantúil ar an obair agus a phleananna straitéiseacha agus bliantúla ar a shuíomh gréasáin (ní fhoilsítear an tuarascáil bhliantúil ar an obair go dtí go mbíonn an pharlaimint curtha ar an eolas ina thaobh).
— COMHAR LE PÁIRTITHE EILE
Comhoibríonn SAO le húdaráis stáit eile i gcomhlíonadh a chuid cúraimí dó, gan dochar dá uathriail ná dá neamhspleáchas. I gcomhréir leis an gceanglas seo, comhoibríonn an Oifig Iniúchóireachta Stáit le comhlachtaí breithiúnacha agus stáit.
Tar éis tuarascálacha iniúchóireachta a bheith curtha faoi bhráid na parlaiminte, déantar iad a chur faoi bhráid Oifig an Aturnae Stáit.
Nuair a iarrann an Aireacht Gnóthaí Baile ar an SAO amhlaidh, cuireann sé na tuarascálacha iniúchóireachta a iarradh agus aon doiciméadacht atá ar fáil faoi bhráid na hAireachta sin.
Tar éis iniúchóireacht a dhéanamh ar pháirtithe polaitiúla, ar ionadaithe neamhspleácha agus ar chomhaltaí de chomhlachtaí ionadaíochta na n-aonad áitiúil atá tofa ó liosta vótálaithe, ní mór do SAO aon sárú ar an dlí a chur in iúl d’Oifig an Aturnae Stáit. Comhoibríonn an Oifig le Coimisiún na dToghchán Stáit, leis an Riarachán Cánach, leis an Oifig um Éilliú agus Coireacht Eagraithe a Chur Faoi Chois, leis an Aireacht um Ghnóthaí Baile agus leis na cúirteanna agus comhlachtaí stáit eile.
Bíonn dlúthchaidreamh ag SAO le UFInna náisiúnta eile agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta iniúchóireachta, agus bíonn sé páirteach go gníomhach ina gcomhlachtaí agus ina ngrúpaí oibre. Comhoibríonn SAO freisin le heagraíochtaí, comhlachtaí agus institiúidí éagsúla, bídís ina n-eagraíochtaí náisiúnta nó idirnáisiúnta, leis an aos acadúil agus leis an bpobal i gcoitinne.
AN DANMHAIRG
RIGSREVISIONEN
![]() |
Ó 1976 Suíomh gréasáin: www.rigsrevisionen.dk |
Ráiteas misin:
Scrúdaíonn Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta na Danmhairge an bhfuil cistí an rialtais á n-úsáid go héifeachtach faoi mar atá beartaithe ag Parlaimint na Danmhairge (Folketinget).
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
Déanann Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta (NAO) na Danmhairge iniúchóireacht ar chuntais an rialtais agus scrúdaíonn sé an bhfuil cistí an rialtais á riar i gcomhréir le rúin agus cinntí Pharlaimint na Danmhairge.
Tá ceart rochtana aige ar an bhfaisnéis go léir atá riachtanach dó chun a chuid oibre a dhéanamh.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
An tAcht um an Ard-Iniúchóir sa Danmhairg - leagan bunaidh ó 1976, a athbhreithníodh go deireanach in 2012.
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
Déanann NAO iniúchóireacht orthu seo a leanas:
-
cuntais uile an Rialtais:
- aireachtaí: 23 (amhail i Nollaig 2023);
- gníomhaireachtaí rialtais: 75;
- cuntais institiúidí, comhlachais agus fondúireachtaí a bhfuil a gcuid speansas nó easnaimh chuntasaíochta clúdaithe go hiomlán nó go pointe áirithe le deontais atá maoinithe ag an stát;
- cuntais eintiteas riaracháin neamhspleách atá bunaithe le reacht;
- cuntais chomhpháirtíochtaí agus fiontar ina bhfuil an stát rannpháirteach go díreach nó go hindíreach mar chomhpháirtí, nó nuair is comhlach gnó faoi dhliteanas é an stát.
Ní chlúdaíonn sainordú NAO iniúchóireacht ar Bhanc Ceannais na Danmhairge.
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Oifig iniúchóireachta, atá neamhspleách ar an rialtas agus faoi cheannas Ardiniúchóra.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
Is eagraíocht neamhspleách faoi Pharlaimint na Danmhairge é NAO. Ní fhéadfaidh Ardiniúchóir NAO a bheith ina Fheisire Parlaiminte nó ina Feisire Parlaiminte.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
Bíonn NAO go hiomlán neamhspleách i bhfeidhmiú a fheidhmeanna. Is é an Coiste um Chuntais Phoiblí, arna cheapadh ag Parlaimint na Danmhairge, an t-aon chomhlacht a fhéadfaidh a iarraidh ar NAO iniúchóireacht a dhéanamh ar réimse ar leith.
Cuireann NAO a chuid tuarascálacha ar fad faoi bhráid an Choiste um Chuntais Phoiblí agus déanann an tArdiniúchóir na tuarascálacha a thíolacadh ag cruinnithe míosúla an Choiste um Chuntais Phoiblí.
Bíonn NAO ag comhoibriú go dlúth leis na hairí ábhartha agus tugann sé tacaíocht dóibh i bhfoirm treorú dá nósanna imeachta cuntasaíochta agus rialaithe cuntasaíochta.
Is í an Pharlaimint a leagann síos an buiséad do NAO.
— EAGAR
CEANNASAÍ
ARD-INIÚCHÓIR
Rinneadh Birgitte Hansen a cheapadh mar Ardiniuchóir an 1 Bealtaine 2022.
TÉARMA OIFIGE
Sé bliana, in-athnuaite uair amháin go ceann tréimhse ceithre bliana.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is é nó í Spéicéir Pharlaimint na Danmhairge a cheapann an tArd-Iniúchóir, ar mholadh ón gCoiste um Chuntais Phoiblí agus tar éis do Choiste Buanorduithe na Parlaiminte é sin a fhormheas.
COMHLACHT RIALAITHE
Is é nó í an tArdiniúchóir atá i gceannas ar NAO, le cúnamh ó chomhlacht comhairleach atá comhdhéanta de cheithre Ardiniúchóir Cúnta NAO.
TÉARMA OIFIGE
Níl tréimhse sheasta ann do cheapachán na nArdiniúchóirí Cúnta.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is é nó í an tArdiniúchóir a cheapann na hArdiniúchóirí Cúnta.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Tá NAO eagraithe ina cheithre roinn, a bhfuil Ardiniúchóir Cúnta i gceannas ar gach roinn acu.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 296 (amhail ag deireadh 2023)
- Cothromaíocht inscne: ♂ 48 %; ♀ 52 %
BUISÉAD
- Thart ar €31 mmilliún (2023)
- Tá 40 % d’acmhainní iniúchóireachta NAO leithdháilte ar mhórstaidéir ar réimsí sonracha (iniúchtaí feidhmíochta) agus tá 60 % de na hacmhainní leithdháilte ar iniúchadh bliantúil ar chuntais rialtas na Danmhairge.
- < 0.01 % de bhuiséad iomlán an rialtais
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Bíonn cruinniú gach seachtain ag an Ardiniúchóir agus ag an gceathrar Ardiniúchóirí Cúnta chun plé a dhéanamh ar straitéis agus pleanáil gníomhaíochta NAO.
Má iarrann an Coiste um Chuntais Phoiblí ar NAO nithe a scrúdú agus tuairisciú orthu, tá sé d’oibleagáid ar NAO é sin a dhéanamh. Is ionann na tascanna sin ar an meán agus thart ar an tríú cuid de na hábhair iniúchóireachta i mórstaidéir NAO.
Déantar na hiniúchtaí go léir a phleanáil bunaithe ar mheasúnuithe ar ábharthacht agus riosca.
Pleanáiltear gníomhaíochtaí iniúchóireachta bliantúla agus mórstaidéir NAO aon bhliain amháin roimh ré. Déantar an plean a choigeartú go leanúnach, áfach, chun freagairt d’fhorbairtí nua.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Is go neamhspleách a roghnaíonn NAO a chur chuige agus modheolaíocht iniúchóireachta.
Déanann sé a chuid oibre i gcomhréir le reachtaíocht na Danmhairge agus le Caighdeáin Iniúchóireachta Earnáil Phoiblí na Danmhairge, atá bunaithe ar Chaighdeáin Idirnáisiúnta na nUasfhoras Iniúchóireachta (ISSAInna).
Déanann NAO iniúchtaí airgeadais, comhlíontachta agus feidhmíochta.
Chun tionchar a chuid iniúchtaí a fhíorú, seiceálann NAO, in éineacht leis an gCoiste um Chuntais Phoiblí, an obair iardain a dhéanann eintitis faoi iniúchóireacht ar a chuid moltaí.
Sa bhreis air sin, ní mór d’aireachtaí freagairt do thuarascálacha iniúchóireachta NAO.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Foilsíonn NAO:
- tuarascáil bhliantúil ar an iniúchadh ar chuntais rialtas na Danmhairge;
- tuarascáil bhliantúil ar an iniúchadh ar riarachán rialtas na Danmhairge;
- mórstaidéir i réimsí sonracha (thart ar 20-22 in aghaidh na bliana);
- tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí, feidhmíocht agus cuntais NAO féin;
- meabhráin iardain ar gach tuarascáil iniúchóireachta;
- meabhráin bhreise ar thopaicí áirithe; agus
- Caighdeáin Iniúchóireachta Earnáil Phoiblí na Danmhairge.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
I gcomhréir leis an Acht um Fhaisnéis Phoiblí sa Danmhairg, cuireann NAO meabhráin agus tuarascálacha iniúchóireachta faoi bhráid an Choiste um Chuntais Phoiblí sula bhfoilsíonn sé ar a shuíomh gréasáin iad.
Déantar an chéad chaibidil de mhórstaidéir agus rogha de thuarascálacha iniúchóireachta agus meabhráin a aistriú go Béarla.
Bíonn NAO ag díriú isteach ar chomhroinnt eolais go seachtrach chun cáilíocht na seirbhísí a sholáthraíonn sé don earnáil phoiblí a fheabhsú.
Bíonn NAO ina óstach do cheathair nó cúig sheimineár comhroinnte faisnéise le geallsealbhóirí seachtracha gach bliain.
— COMHAR LE PÁIRTITHE EILE
Comhoibríonn NAO leis na haonaid iniúchóireachta inmheánaí sna haireachtaí agus le heintitis eile faoi iniúchóireacht.
AN EASTÓIN
RIIGIKONTROLL
![]() |
Ó 1990 Céadbhunaithe in 1918 Suíomh gréasáin: www.riigikontroll.ee |
Ráiteas misin:
Cabhrú le Parlaimint na hEastóine (Riigikogu), leis an rialtas agus leis na rialtais áitiúla gníomhú go hábalta agus cinntí tábhachtacha a dhéanamh ar mhaithe leis an bpobal i gcoitinne trí gach cineál faisnéise a mheas chomh críochnúil agus is féidir sula ndéantar na cinntí sin.
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
Déanann Oifig Iniúchóireachta Naisiúnta (NAO) na hEastóine iniúchóireacht ar an earnáil phoiblí agus fíoraíonn sé an ndearnadh cistí poiblí a úsáid go barainneach, go héifeachtúil, go héifeachtach agus go dlíthiúil.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
- An tAcht um an Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta (2002)
- Caibidil XI de Bhunreacht Phoblacht na hEastóine (1992) – An Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
Déanann NAO iniúchóireacht ar ghníomhaíochtaí na n-eintiteas seo a leanas:
- Seansailéireacht na Parlaiminte, Oifig Uachtarán na Poblachta, na cúirteanna, Banc Ceannais na hEastóine, an tÚdarás um Maoirsiú agus Réiteach Airgeadais, Oifig an Rialtais agus Oifig Sheansailéir an Cheartais;
- údaráis rialtasacha agus na húdaráis stáit atá á riar acu;
- údaráis áitiúla, a mhéid a bhaineann le seilbh, úsáid agus diúscairt sócmhainní bardasacha (iniúchtaí airgeadais agus comhlíontachta amháin), maoin in-aistrithe agus do-aistrithe an stáit atá ina seilbh acu, leithdháiltí atá curtha i leataobh agus fóirdheontais deonaithe as buiséad an stáit, agus cistí atá leithdháilte le haghaidh feidhmiú feidhmeanna stáit (iniúchtaí airgeadais, comhlíontachta agus feidhmíochta);
- fondúireachtaí agus comhlachais neamhbhrabúsmhara atá bunaithe ag údarás áitiúil nó a bhfuil údarás áitiúil ina chomhalta díobh;
- daoine dlítheanacha faoin dlí poiblí;
- fondúireachtaí agus comhlachais neamhbhrabúsmhara atá bunaithe ag an stát nó ag duine dlítheanach faoin dlí poiblí, nó a bhfuil an stát nó duine dlítheanach faoin dlí poiblí ina chomhalta díobh;
- cuideachtaí a bhfuil tionchar ceannasach ag an stát, ag daoine dlítheanacha faoin dlí poiblí nó ag na fondúireachtaí thuasluaite orthu, bíodh sin i gcomhpháirt nó go leithleach, trí shealúchas tromlaigh nó ar shlí eile, agus fochuideachtaí na gcuideachtaí sin;
- cuideachtaí a bhfuil iasachtaí faighte acu ón stát nó a bhfuil a gcuid iasachtaí nó oibleagáidí conarthacha eile faoi urrús an stáit;
- cuideachtaí a bhfuil tionchar ceannasach ag údarás áitiúil orthu trí shealúchas tromlaigh nó ar shlí eile, agus fochuideachtaí na gcuideachtaí sin;
- daoine eile a dhéanann feidhmeanna poiblí a bhaineann le húsáid agus caomhnú acmhainní stáit.
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Oifig iniúchóireachta, atá neamhspleách ar an rialtas agus faoi cheannas Ardiniúchóra.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
Is comhlacht stáit neamhspleách faoi Bhunreacht na hEastóine é NAO.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
Formheasann an Pharlaimint buiséad NAO.
Tá NAO cuntasach don Pharlaimint agus déanann sé a chuid tuarascálacha a thíolacadh don Roghchoiste um Rialú Bhuiséad an Stáit sa Pharlaimint.
Féadann an tArdiniúchóir páirt a ghlacadh i seisiúin an rialtais agus tá an ceart aige nó aici labhairt i dtaobh rudaí a bhaineann lena dhualgais nó lena dualgais.
Déanann gnóthas iniúchóireachta, arna cheapadh ag an bParlaimint ar mholadh ón gCoiste Airgeadais, gníomhaíochtaí NAO a iniúchadh go bliantúil.
— EAGAR
CEANNASAÍ
ARD-INIÚCHÓIR
Rinneadh Janar Holm a cheapadh an 7 Márta 2018 agus chuir sé tús lena théarma oifige nuair a thug sé mionn oifige os comhair an Riigikogu an 9 Aibreán 2018. Chuir an tUasal Holm tús lena dhara théarma trí mhionn oifige a thabhairt os comhair an Riigikogu an 11 Aibreán 2023.
TÉARMA OIFIGE
Cúig bliana, in-athnuaite.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is é an Riigikogu a cheapann an tArdiniúchóir ar mholadh ó Uachtarán na Poblachta.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Tá NAO roinnte ina thrí aonad struchtúrtha. Déanann an Roinn Iniúchóireachta iniúchtaí airgeadais, comhlíontachta agus feidhmíochta, agus tá sé comhdhéanta de sheacht ngrúpa iniúchóireachta. Ullmhaíonn an Roinn Anailíse athbhreithnithe agus oibreacha speisialta. Tugann an tSeirbhís Forbartha agus Riaracháin tacaíocht don Roinn Iniúchóireachta agus don Ardiniúchóir i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna, agus is í a chomhordaíonn obair NAO.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 75.8 i gcoibhéis lánaimseartha (2024) (a bhfuil 74 % díobh ag gabháil don iniúchóireacht)
- Cothromaíocht inscne: ♂ 37 %; ♀ 63 %. Meánaois: 44
BUISÉAD
- €6.01 milliún (2024)
- 72.7 % ar chostais foirne, 27.3 % ar chostais oibriúcháin
- 0.034 % de bhuiséad iomlán an rialtais (gan infheistíochtaí san áireamh)
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Cinneann NAO go neamhspleách agus go hiomlán as a stuaim féin cad iad na topaicí a ndéanfaidh sé iniúchóireacht orthu, cad iad na cineálacha iniúchóireachta a dhéanfaidh sé agus cad é an sceideal ama a bheidh i gceist do na hiniúchtaí sin.
Foilsíonn sé faisnéis mhionsonraithe ar a shuíomh gréasáin maidir lena chlár iniúchóireachta agus maidir le dul chun cinn na n-iniúchtaí atá idir lámha aige.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Déanann NAO cineálacha éagsúla iniúchtaí:
- In iniúchadh airgeadais, déanann NAO meastóireacht ar ráitis airgeadais na n-institiúidí ag féachaint an dtugann siad léiriú ceart agus beacht ar a riocht airgeadais. Scrúdaíonn NAO an bhfuil na cuntais ceart agus an bhfuil aon mhí-úsáid fhéideartha de chistí díothaithe. Féachann iniúchtaí airgeadais freisin ar dhlíthiúlacht na n-idirbheart.
- In iniúchadh feidhmíochta, scrúdaíonn NAO an bhfuil an earnáil phoiblí ag úsáid na gcistí ar bhealach atá barainneach, éifeachtúil agus éifeachtach. Is féidir iniúchadh feidhmíochta a shainmhíniú freisin mar phróiseas ina n-imscrúdaítear an bhfuil na haidhmeanna a bhí beartaithe acu bainte amach ag na hinstitiúidí faoi iniúchóireacht agus an bhfuil sé sin á dhéanamh go cuí acu nó ar an gcostas is ísle. Le hiniúchadh feidhmíochta, déantar meastóireacht ar ghníomhaíochtaí na hearnála poiblí ó thaobh fadhbanna a réiteach ar leibhéal straitéiseach, déantar grinnanailís ar na cúiseanna atá leis na fadhbanna agus moltar smaointe chun na fadhbanna sin a réiteach. Is é atá mar sprioc le hiniúchadh feidhmíochta freisin ná an cleachtas riaracháin is fearr a shainaithint agus rannchuidiú le craobhscaoileadh an dea-chleachtais sin.
- In iniúchadh comhlíontachta, scrúdaíonn NAO dlíthiúlacht na ngníomhaíochtaí. Is é sin an príomh-chur chuige a úsáidtear san iniúchóireacht ar an rialtas áitiúil.
Tá ceart rochtana ag NAO ar aon fhaisnéis agus gach faisnéis atá riachtanach dó chun a chuid feidhmeanna a chomhall, lena n-áirítear faisnéis faoi shrian rúnaicmiúcháin, agus bíonn ar gach eintiteas faoi iniúchóireacht faisnéis a chur faoina bhráid nuair a iarrann sé orthu é sin a dhéanamh.
Déanann NAO a chuid iniúchtaí i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta (Fógairtí Gairmiúla INTOSAI) agus i gcomhréir lena lámhleabhar iniúchóireachta féin.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Foilsíonn NAO tuarascálacha iniúchóireachta, ar féidir iad a roinnt idir iniúchtaí airgeadais agus iniúchtaí feidhmíochta.
Sa bhreis ar thuarascálacha iniúchóireachta, ullmhaíonn NAO tuarascálacha speisialta freisin nach bhfuil na gnáthnósanna imeachta iniúchóireachta i gceist leo, ach a dhíríonn isteach ar anailís a dhéanamh ar aon cheist amháin.
Chomh maith leis sin, déanann NAO dhá mhórthuarascáil a chur faoi bhráid na Parlaiminte gach bliain:
- léirbhreithniú ar úsáid agus caomhnú sócmhainní stáit i gcaitheamh na bliana buiséadaí roimhe sin;
- meastóireacht ar thuarascáil bhliantúil chomhdhlúite an stáit ina ndéanann NAO, i measc nithe eile, measúnú ag féachaint an bhfuil cuntais bhliantúla an stáit ceart agus an raibh na hidirbhearta eacnamaíocha dleathach.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
Tá foilseacháin NAO ar fáil in Eastóinis ar a shuíomh gréasáin agus tá achoimrí i mBéarla le fáil ansin freisin. Craobhscaoileann NAO faisnéis maidir lena thuarascálacha agus lena ráitis trí chumarsáid ghníomhach leis na meáin agus,freisin, cuireann sé an pobal ar an eolas go rialta ar na meáin shóisialta.
— COMHAR LE PÁIRTITHE EILE
Comhoibríonn NAO le húdaráis áitiúla agus rialtas na Poblachta ar mhaithe le feabhas a chur ar rialú inmheánach agus ar chórais iniúchóireachta inmheánaí na n-údarás rialtasacha agus na n-eintiteas atá á riar ag údaráis rialtasacha.
Sa bhreis air sin, tá sé de cheangal ar dhaoine dlítheanacha faoin dlí poiblí cóip dá dtuarascálacha bliantúla formheasta a sheoladh chuig NAO.
ÉIRE
OIFIG AN ARD-REACHTAIRE
CUNTAS AGUS CISTE
![]() |
Ó 1923 Céadbhunaithe in 1866 Suíomh gréasáin: www.audit.gov.ie |
Ráiteas misin:
Scrúdú neamhspleách a dhéanamh féachaint an bhfuil cistí agus acmhainní poiblí á n-úsáid de réir an dlí, go mbainistítear go ceart iad agus go dtugtar cúiseanna cearta ina leith, agus é sin a thuairisciú chuig Dáil Éireann.
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
Tá ról lárnach ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (ARCC) sa phróiseas cuntasachta poiblí trí dhearbhú a thabhairt do Thithe an Oireachtais tríd an gCoiste um Chuntais Phoiblí (CCP) maidir leis an gcaoi a ndearnadh cistí poiblí a riar agus tuarascálacha a sholáthar ar nithe a éiríonn as iniúchtaí agus scrúduithe eile.
Seo a leanas iad na príomhchúraimí atá air:
- iniúchóireacht a dhéanamh ar chuntais na gcomhlachtaí poiblí, agus tuairisciú orthu sin;
- a shuíomh go bhfuil idirbhearta comhlachtaí poiblí i gcomhréir leis na húdaráis dhlíthiúla a rialaíonn iad agus go bhfuil cistí á n-úsáid chun na gcríoch a bhí beartaithe dóibh;
- a scrúdú an bhfuil acmhainní á riar go barainneach agus go héifeachtúil ag comhlachtaí poiblí agus an bhfuil sásraí i bhfeidhm acu chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na n-oibríochtaí;
- údarú a thabhairt maidir le cistí a fhuascailt ón Státchiste chun críocha atá ceadaithe le dlí.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
- Bunreacht na hÉireann: Airteagal 33 (1922, arna ionadú in 1937);
- An tAcht um an Státchiste agus um Ranna Iniúchóireachta ó 1866;
- Acht an Árd-Scrúdóra, 1923, arna leasú le hAcht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993;
- An tAcht um an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus um Choistí Thithe an Oireachtais (Forálacha Speisialta), 1998.
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
Déanann ARCC iniúchóireacht orthu seo a leanas:
- cuntais vótáilte: 44;
- cistí ranna: 26;
- eintitis airgeadais: 28;
- eintitis sláinte: 29;
- Comhlachtaí Thuaidh/Theas: 7;
- an earnáil oideachais: 39; agus
- comhlachtaí leathstáit: 111.
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Oifig iniúchóireachta, atá neamhspleách ar an rialtas agus faoi cheannas Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
Go hiomlán neamhspleách.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
Is caidreamh tuairiscithe go bunúsach atá ann leis an bparlaimint, nó go sonrach le Dáil Éireann. Déantar torthaí an ngníomhaíochtaí iniúchóireachta a thuairisciú chuig Dáil Éireann trí dheimhnithe iniúchóireachta agus trí thuarascálacha ar bhainistiú airgeadais. Scrúdaíonn CCP tuarascálacha speisialta ARCC chomh maith. Tá dlúthchomhar ann le CCP. Freastalaíonn ARCC ar chruinnithe de CCP mar bhuanfhinné. Fónann torthaí scrúduithe neamhspleácha ARCC mar dhúshraith d’fhiosrúcháin ag CCP.
— EAGAR
CEANNASAÍ
ARD-REACHTAIRE CUNTAS AGUS CISTE
Ceapadh Seamus McCarthy an 28 Bealtaine 2012.
TÉARMA OIFIGE
Gan teorainn go dtí an aois scoir reachtúil.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is é nó í Uachtarán na hÉireann ag gníomhú dó nó di ar ainmniúchán ó Dháil Éireann a cheapann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.
COMHLACHT RIALAITHE
Bord Iniúchóireachta atá comhdhéanta den Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, an Rúnaí agus na Stiúrthóirí Iniúchóireachta, mar aon le Bord Bainistíochta atá comhdhéanta de na Stiúrthóirí Iniúchóireachta agus na Leas-Stiúrthóirí Iniúchóireachta.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Déanann an Bord Iniúchóireachta formhaoirseacht neamhspleách ar Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus is é atá freagrach as straitéis a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Is é an Bord Bainistíochta a chomhordaíonn oibríochtaí na hOifige.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 176 i gcoibhéis lánaimseartha (Nollaig 2023)
- Cothromaíocht inscne: ♂ 51 %; ♀ 49 %. Meánaois: 43 bliain
BUISÉAD
- 17.2 milliún euro (2023)
- < 0.02 % de chaiteachas iomlán an rialtais
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Déanann ARCC an clár oibre d’iniúchóireacht feidhmíochta na hOifige a chinneadh go neamhspleách. Bíonn sé sin bunaithe ar an straitéis tuairiscithe fhoriomlán agus ar straitéisí earnálacha speisialta. Tá an clár iniúchóireachta airgeadais leagtha amach ionas go gcomhlíontar na spriocdhátaí reachtúla, i gcás inarb infheidhme.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Déanann ARCC iniúchtaí airgeadais agus feidhmíochta. Déantar iad sin i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (ISSAInna) agus le cód eitice féin ARCC.
Baineann ARCC úsáid as lámhleabhair don iniúchóireacht airgeadais agus feidhmíochta, chomh maith le treoirlínte praiticiúla.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Dréachtaíonn ARCC na tuarascálacha seo a leanas:
- tuairimí maidir le cuntais phoiblí;
- tuarascálacha ar nithe tábhachtacha a bhaineann le luach ar airgead agus riar na gcistí poiblí;
- litreacha chuig an mbainistíocht i ndiaidh iniúchtaí ar nithe a bhaineann le rialú airgeadais inmheánach, bainistiú agus rialachas corparáide;
- deontais chreidmheasa lena n-údaraítear do Bhanc Ceannais na hÉireann cistí stáit a fhuascailt chun críocha atá údaraithe le dlí.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
Tá sé de cheangal ar chomhlachtaí na hearnála poiblí a gcuid ráiteas airgeadais a thíolacadh do Dháil Éireann. Tá tuarascáil iniúchóireachta ARCC ar áireamh sna ráitis airgeadais sin.
Gach bliain, déanann ARCC ráitis airgeadais ranna agus oifigí an rialtais a chur faoi bhráid Dháil Éireann, mar aon le tuarascáil ar chuntais na seirbhísí poiblí. Sa bhreis air sin, déantar tuarascálacha speisialta a chur faoi bhráid an aire ábhartha agus tá sé de fhreagracht ar an aire sin an tuarascáil a thíolacadh do Thithe an Oireachtais.
Tá na tuarascálacha ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin ARCC agus i leabharlann Thithe an Oireachtais. Foilsítear preasráitis aon uair a fhoilsítear tuarascáil speisialta.
— COMHAR LE PÁIRTITHE EILE
Bíonn ARCC i dteagmháil leis an tSeirbhís Iniúchóireachta Rialtais Áitiúil in Éirinn. Tá an tSeirbhís Iniúchóireachta Rialtais Áitiúil freagrach as iniúchóireacht a dhéanamh ar chomhlachtaí rialtais áitiúil. Gach tuarascáil a fhoilsíonn an tSeirbhís Iniúchóireachta Rialtais Áitiúil, cuirtear ar fáil do ARCC iad.
AN FHIONLAINN
VALTIONTALOUDEN TARKASTUSVIRASTO
![]() |
Ó 1825 Suíomh gréasáin: www.vtv.fi |
Ráiteas misin:
Is é misean straitéise Oifig Náisiúnta Iniúchóireachta na Fionlainne ná a chinntiú go ndéantar an t-airgeadas poiblí a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe chomh maith le rialtas láir atá éifeachtach agus trédhearcach a áirithiú. Tá an institiúid faoi threoir ag na luachanna seo a leanas: freagracht, oibiachtúlacht agus misneach.
Seo a leanas iad tosaíochtaí straitéiseacha na hinstitiúide:
- Trína cuid oibre iniúchóireachta agus formhaoirseachta, cuntasacht rialachais a neartú don pharlaimint náisiúnta agus do na saoránaigh
- Bunaithe ar a cuid oibre iniúchóireachta agus formhaoirseachta, faisnéis fónta agus oiriúnach a chur ar fáil ar shaincheisteanna a bhaineann le cúrsaí airgeadais agus bainistiú airgeadais an rialtais láir
- Lena gníomhaíochtaí, tacú le rialachas éifeachtúil agus dlisteanach
Is éard a rannchuidíonn leis na spriocanna sin a bhaint amach ná: éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht; úsáid a bhaint as digiteáil agus nuatheicneolaíochtaí; chomh maith le gairmiúlacht, spreagadh agus dea-bhail.
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
Is údarás neamhspleách í Oifig Náisiúnta Iniúchóireachta na Fionlainne (NAOF) a dhéanann iniúchóireacht ar dhlíthiúlacht agus oiriúnacht chúrsaí airgeadais an rialtais láir, agus a dhéanann formhaoirseacht ar an mbeartas fioscach, ar chistiú d’fheachtais toghcháin agus do pháirtithe polaitiúla, agus ar an úsáid a bhaintear as an gClár Trédhearcachta. Clúdaíonn a chuid gníomhaíochtaí cúrsaí airgeadais an rialtais láir ina iomláine agus tá cearta rochtana forleathana aige ar fhaisnéis faoi Bhunreacht na Fionlainne.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
- Bunreacht na Fionlainne (1919 agus 1999)
- An tAcht um an Oifig Náisiúnta Iniúchóireachta (676/2000)
- An tAcht maidir leis an gceart atá ag Oifig Náisiúnta Iniúchóireachta na Fionlainne iniúchóireacht a dhéanamh ar aistrithe áirithe creidmheasa idir an Fhionlainn agus na Comhphobail Eorpacha (353/1995)
- An tAcht maidir le cur chun feidhme an Chonartha ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus maidir le teorannuithe ginearálta caiteachais an rialtais (869/2012)
- An tAcht um Chistiú Iarrthóirí Toghcháin (273/2009)
- Acht na bPáirtithe Polaitíochta (10/1969);
- An tAcht um Réimsí Leasa (611/2021);
- An tAcht um eagar an chúraim sóisialta agus sláinte agus um oibríochtaí tarrthála i réigiún Uusimaa (615/2021);
- An tAcht um an gClár Trédhearcachta (430/2023).
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
Déanann NAOF iniúchóireacht ar an méid seo a leanas:
- an rialtas agus na haireachtaí;
- gníomhaireachtaí agus oifigí rialtais;
- cistí seachbhuiséadacha;
- fiontair stáit agus cuideachtaí faoi rialú stáit;
- aistrithe de chuid an rialtais láir agus fóirdheontais a íoctar le pobail, cuideachtaí agus eintitis eile;
- eintitis agus fondúireachtaí ó réimsí seirbhíse agus grúpaí a bhíonn ag déileáil leis an dea-bhail;
- seirbhísí sláinte agus sóisialta agus seirbhísí tarrthála Chathair Heilsincí; agus
- aistrithe cistí idir an Fhionlainn agus an tAontas Eorpach.
Ní dhéanann NAOF iniúchóireacht orthu seo a leanas:
- cúrsaí airgeadais na parlaiminte;
- cistí a bhfuil freagracht ar an bparlaimint ina dtaobh;
- Banc na Fionlainne nó an tÚdarás um Maoirseacht Airgeadais; ná
- an Institiúid um Árachas Sóisialta.
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Údarás iniúchóireachta náisiúnta neamhspleách faoi cheannas Ardiniúchóra.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
Is comhlacht neamhspleách é NAOF atá cleamhnaithe leis an bparlaimint agus a dhéanann iniúchóireacht ar bhainistiú chúrsaí airgeadais an rialtais agus ar chomhlíontacht i leith an bhuiséid. Is é a dhéanann formhaoirseacht ar na rialacha a bhaineann leis an mbeartas fioscach. Sa bhreis air sin, déanann sé formhaoirseacht ar fheachtais toghcháin agus ar chistiú do pháirtithe polaitiúla, agus ar an úsáid a bhaintear as an gClár Trédhearcachta.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
Tá ról agus feidhmeanna NAOF, mar aon lena cheart chun faisnéis a rochtain, leagtha síos i mBunreacht na Fionlainne. Tá NAOF cleamhnaithe leis an bparlaimint ó 2001. Déanann sé cinntí neamhspleácha faoi céard a bhíonn mar ábhar dá iniúchtaí, an chaoi a ndéanann sé na hiniúchtaí sin agus nuair a dhéanann sé iad. Is cúram don Ardiniúchóir é an plean iniúchóireachta agus formhaoirseachta a chinneadh. Ní chlúdaíonn sainordú NAOF gníomhaíochtaí na parlaiminte.
Is í an pharlaimint a thoghann Ardiniúchóir NAOF ag seisiún iomlánach den pharlaimint. Ar an gcaoi chéanna, is í an pharlaimint amháin a fhéadann an tArdiniúchóir a chur as oifig (ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún Oifige). Tá sé de chúram ar an iniúchóir a dhéanann iniúchóireacht ar chuntais na parlaiminte iniúchóireacht a dhéanamh freisin ar chuntais NAOF.
Is de réir an dlí amháin a fhéadann an pharlaimint tascanna a shannadh do NAOF.
Déanann an pharlaimint – ina cáil mar reachtóir – róil agus tascanna NAOF a leagan síos, formheasann sí a thogra buiséid, cinneann sí a chuid acmhainní mar chuid de bhuiséad an Stáit agus déanann sí plé ar a thuarascálacha bliantúla.
Dréachtaíonn NAOF tuarascálacha bliantúla ar an staid ina bhfuil bainistiú chúrsaí airgeadais an rialtais láir, ar an mbeartas fioscach agus ar thrédhearcacht an chistithe d’fheachtais toghchán agus do pháirtithe polaitiúla. Sa bhreis air sin, déanann NAOF a Thuarascáil Bhliantúil maidir le Gníomhaíochtaí a chur faoi bhráid na parlaiminte gach bliain i mí Mheán Fómhair. Gach bliain foilsíonn NAOF dhá thuarascáil ar leithligh: tuarascáil ar leithligh maidir le hiniúchadh chuntais chríochnaitheacha an rialtais láir ón mbliain roimhe sin agus maidir le tuarascáil bhliantúil an rialtais (mí na Bealtaine), agus tuarascáil ar leithligh maidir leis an bhfaireachán ar an mbeartas fioscach (mí na Nollag).
— EAGAR
CEANNASAÍ
ARD-INIÚCHÓIR
Rinneadh Sami Yläoutinen a thoghadh mar Ardiniúchóir na Fionlainne agus mar cheannasaí NAOF an 20 Nollaig 2021. Chuaigh sé i gceann oifige an 1 Eanáir 2022.
TÉARMA OIFIGE
Sé bliana, in-athnuaite.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Tofa ag an bparlaimint.
COMHLACHT RIALAITHE
Is cúram d’Ardiniúchóir NAOF é an plean iniúchóireachta agus formhaoirseachta a fhormheas, agus na tuarascálacha atá le cur faoi bhráid na parlaiminte agus treoirlínte iniúchóireachta a chinneadh.
Faigheann an tArdiniúchóir tacaíocht ó bhord bainistíochta NAOF i gcúrsaí bainistíochta agus sa chinnteoireacht a bhaineann leis an mbeartas ginearálta. Pléann an bord bainistíochta saincheisteanna a bhfuil tábhacht bhunúsach leo agus a bhfuil tionchar fadréimseach acu ó thaobh bhainistiú agus fheidhmiú NAOF, chomh maith le saincheisteanna atá lárnach do chomhordú na n-oibríochtaí.
Chomh maith leis an Ardiniúchóir, tá an bord bainistíocht comhdhéanta de na hoifigigh seo a leanas: na stiúrthóirí aonaid, beirt bhainisteoirí iniúchóireachta, an bainisteoir cumarsáide agus an bainisteoir acmhainní daonna. Is féidir le foireann NAOF a n-ionadaí féin a thoghadh as a measc féin le bheith ar an mbord bainistíochta ar feadh téarma uasta de thrí bliana. Is féidir leis an Ardiniúchóir cuireadh a thabhairt do shaineolaithe sealadacha nó do shaineolaithe buana le bheith ar an mbord bainistíochta, de réir mar is gá.
TÉARMA OIFIGE
Is buanchomhlacht é an bord bainistíochta agus foráiltear dó sin sna Rialacha Nós Imeachta. Is trí bliana atá i dtéarma oifige an ionadaí foirne ar an mbord bainistíochta, cé gur ceapachán buan atá ann do na daoine eile ar an mbord bainistíochta.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Cinntear comhdhéanamh an bhoird bainistíochta i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta a bhíonn formheasta ag an Ardiniúchóir.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Déantar fostaithe NAOF a shannadh chuig ceann de thrí aonad: Aonad Iniúchóireachta, Aonad Faireacháin agus Formhaoirseachta, agus Aonad um Sheirbhísí Comhroinnte.
Is feidhm neamhspleách laistigh de NAOF é an Faireachán ar an mBeartas Fioscach (a dhéantar laistigh den Aonad Faireacháin agus Formhaoirseachta). Déanann sé formhaoirseacht ar a mhéid atáthar ag comhlíonadh na rialacha lena rialaítear an beartas fioscach, agus ar leagan síos agus baint amach chuspóirí an bheartais fhioscaigh.
Sa bhreis air sin, de réir an Achta um Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta na Fionlainne, tá Bord Comhairleach ar NAOF (ar faoin Ardiniúchóir atá sé comhaltaí an Bhoird sin a cheapadh) agus tá Bord Smachtbhannaí agus Pionóis ann freisin.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 142 fhostaí lán-aimseartha agus 9 bhfostaí páirtaimseartha (2023) (a bhfuil 69 % de na haonaid oibre bliantúla sannta do chroíghníomhaíochtaí)
- Cothromaíocht inscne: fir 42 %; mná 58 %. Meánaois: 47.8
BUISÉAD
- €17 milliún (2023)
- 0.02 % de bhuiséad iomlán an rialtais
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Bíonn pleanáil neamhspleách na hoibre iniúchóireachta agus cinnteoireacht i dtaobh modhanna oibre i gceist le neamhspleáchas oibríochtúil NAOF. Tá an obair iniúchóireachta agus formhaoirseachta bunaithe ar an bplean iniúchóireachta agus formhaoirseachta a bhíonn glactha ag NAOF. Clúdaíonn an plean tréimhse ceithre bliana (2024-2027). Ullmhaítear an plean iniúchóireachta agus formhaoirseachta uair sa bhliain, ach is féidir é a nuashonrú i rith na bliana más gá.
Maidir le straitéis NAOF le haghaidh thréimhse 2024-2030, díríonn sí isteach ar thascanna bunúsacha na hinstitiúide a dhéanamh go héifeachtach agus go héifeachtúil. Is é misean straitéise NAOF ná a chinntiú go ndéantar an t-airgeadas poiblí a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe chomh maith le rialtas láir atá éifeachtach agus trédhearcach a áirithiú.
Lena chuid oibre iniúchóireachta agus maoirseachta, déanann NAOF an méid seo a leanas:
- neartaíonn sé cuntasacht rialachais don pharlaimint náisiúnta agus do na saoránaigh;
- cuireann sé faisnéis fónta agus oiriúnach ar fáil ar shaincheisteanna a bhaineann le cúrsaí airgeadais agus bainistiú airgeadais an rialtais láir; agus
- tacaíonn sé le rialachas éifeachtúil agus dlisteanach.
Tá pleanáil na dtopaicí iniúchóireachta ag NAOF bunaithe ar fhaireachán i réimse na hiniúchóireachta. Clúdaíonn sé sin súil a choimeád ar an mbainistiú airgeadais a dhéanann na húdaráis ar mhaithe le dearbhú a fháil do rialtacht, feidhmíocht agus dlíthiúlacht a gcuid oibre. Tá súil a choimeád ar rioscaí agus fadhbanna féideartha a bhaineann le cúrsaí airgeadais an rialtais láir i gceist leis an bhfaireachán sin chomh maith. Is é atá mar aidhm leis an bhfaireachán ná faisnéis úsáideach a thabhairt ar an riocht ina bhfuil cúrsaí airgeadais an rialtais láir ionas go bhféadfar acmhainní NAOF a stiúradh go cuí agus chun deis a thabhairt dó topaicí iniúchóireachta cuí a roghnú. Eagraítear an faireachán ar shlí a chinntíonn go gclúdaítear na codanna bunriachtanacha den réimse iniúchóireachta ó thaobh na dlíthiúlachta agus na rialtachta de, ach freisin ó thaobh feidhmíochta de.
I bplean oibríochtúil agus airgeadais NAOF, cuirtear an méid seo a leanas i láthair: tuairisc ar na cineálacha éagsúla iniúchóireachta; cuspóirí ginearálta na ngníomhaíochtaí iniúchóireachta; pleananna do na hacmhainní; bainistiú cáilíochta, agus pleananna forbartha maidir le hinniúlacht na foirne.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Déantar obair iniúchóireachta NAOF a dheighilt idir iniúchtaí leanúnacha, iniúchtaí bliantúla agus iniúchtaí a athraíonn ar bhonn bliantúil. Is iad na hiniúchtaí leanúnacha ná iniúchtaí airgeadais agus na hiniúchtaí comhlíontachta gaolmhara. Is iad na hiniúchtaí a athraíonn ar bhonn bliantúil ná iniúchtaí feidhmíochta, iniúchtaí ar an mbeartas fioscach, iniúchtaí comhlíontachta, agus iniúchtaí ina bhfuil na cineálacha éagsúla iniúchóireachta in éineacht (nó ‘iniúchtaí ilchineálacha’ mar a thugtar orthu). Roghnaíonn NAOF na topaicí iniúchóireachta bunaithe ar a ábhartha atá siad do chúrsaí airgeadais an rialtais láir, agus aird á tabhairt aige ar na rioscaí feidhmíochta agus dlíthiúlachta atá sainaitheanta sa topaic.
Déantar na hiniúchtaí de réir treoirlínte atá ullmhaithe ag NAOF agus atá bunaithe ar chaighdeáin iniúchóireachta ISSAI. Tá lámhleabhair iniúchóireachta ar fáil go poiblí agus is féidir teacht orthu ar shuíomh gréasáin na hOifige.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Foilsíonn NAOF:
- a thuarascálacha bliantúla, a chuntais bhliantúla, pleananna iniúchóireachta agus formhaoirseachta, pleananna airgeadais agus gníomhaíochta;
- tuarascálacha ar a chuid iniúchtaí ar chuntais chríochnaitheacha an rialtais láir;
- tuarascálacha ar a chuid iniúchtaí airgeadais, comhlíontachta, feidhmíochta, ar a chuid iniúchtaí ilchineálacha agus ar a chuid iniúchtaí ar an mbeartas fioscach.
- meastóireachtaí agus tuarascálacha ar an bhfaireachán ar an mbeartas fioscach;
- tuarascálacha ar leithligh don pharlaimint, lena n-áirítear tuarascáil bhliantúil NAOF, tuarascáil maidir le hiniúchadh chuntais chríochnaitheacha an rialtais láir ón mbliain roimhe sin agus maidir le tuarascáil bhliantúil an rialtais, tuarascáil maidir leis an bhfaireachán ar an mbeartas fioscach, tuarascáil ar an bhfaireachán ar chistiú d’fheachtais toghcháin, agus tuarascáil ar an bhfaireachán ar chistiú na bpáirtithe polaitiúla;
- tuarascálacha ar an bhfaireachán ar chistiú do pháirtithe polaitiúla agus d’fheachtais toghcháin;
- tuarascálacha ar oibriú an Chláir Trédhearcachta, agus ar an bhfaireachán air.
- tuarascálacha leantacha; agus
- páipéir faisnéise, tuairimí, peirspictíochtaí agus grinn-anailísí.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
Iniúchtaí a dhéanann NAOF, agus foilseacháin agus ábhair eile a bhaineann le NAOF, déantar iad a fhógairt ar a shuíomh gréasáin agus ar chainéil sna meáin shóisialta. Déantar faisnéis faoi iniúchtaí agus foilseacháin atá ar na bacáin a liostú ar an suíomh gréasáin chomh maith. Sa bhreis air sin, déantar preasráitis, blaganna agus ábhar cumarsáide eile a chur ar fáil bunaithe ar chomhaontuithe ar leithligh.
— COMHAR LE PÁIRTITHE EILE
Bíonn comhoibriú agus idirphlé gníomhach ag NAOF lena gheallsealbhóirí agus leis na heintitis atá faoi iniúchóireacht. Oibríonn NAOF i gcomhar le geallsealbhóirí, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon.
Sa bhreis ar a chuid oibre iniúchóireachta, is féidir le hionadaithe as NAOF feidhmiú mar shaineolaithe, mar shampla i gcoistí parlaiminteacha agus i ngrúpaí oibre de chuid an rialtais. Glacann NAOF páirt freisin i bpléití i réimse an airgeadais phoiblí agus i bhforbairt an riaracháin.
AN FHRAINC
COUR DES COMPTES
![]() |
Ó 1807 Céadbhunaithe in 1319 Suíomh gréasáin: www.ccomptes.fr |
Ráiteas misin:
Neamhspleáchas, freagracht chomhchoitianta, nós imeachta sáraíochta.
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
Tá Cúirt Iniúchóirí na Fraince (CDC), mar aon le 23 sheomra réigiúnacha agus críochacha na gcuntas (CRTCanna) ‒ 13 i mórthír na Fraince agus 10 thar lear i gceithre shuíomh éagsúla ‒, freagrach as na nithe seo a leanas:
- measúnú a dhéanamh ar na cuntais phoiblí, agus pionós a ghearradh ar oifigigh chuntasaíochta poiblí nó urscaoileadh a dheonú dóibh;
- iniúchtaí comhlíontachta agus feidhmíochta a dhéanamh ar na heagraíochtaí poiblí go léir agus ar na cistí poiblí go léir nó a gcoibhéis;
- deimhniú a dhéanamh ar chuntais an stáit agus ar na cuntais slándála sóisialta;
- meastóireacht a dhéanamh ar bheartais phoiblí.
Ghabh éifeacht le hathchóiriú suntasach an 1 Eanáir 2023. Leis an athchóiriú sin, tá córas roinnte ann idir oifigigh chuntasaíochta poiblí agus oifigigh údarúcháin, rud a chuireann deireadh leis an dliteanas pearsanta agus airgeadaíochta a bhíodh ar oifigigh chuntasaíochta poiblí, seachas i gcríocha áirithe thar lear, agus ina bhfuil sainmhíniú nua ar na sáruithe a thugtaí go dtí sin os comhair na Cúirte Araíonachta Buiséadaí agus Airgeadais (CDBF) – comhlacht nach ann dó a thuilleadh. Ní bheidh na cuntais á rialú a thuilleadh ag breithiúna airgeadais, ach is amhlaidh go dtabharfaidh siad breithiúnas ar na ciontóirí a dhéanann na cionta airgeadais is tromchúisí, idir oifigigh chuntasaíochta poiblí agus oifigigh údarúcháin. Beidh feidhm i gcónaí leis an bprionsabal bunúsach go bhfuil deighilt idir cúraimí an oifigigh údarúcháin agus cúraimí an oifigigh cuntasaíochta. Ag teacht as an athchóiriú seo freisin, tugadh isteach an beartas go ndéanfar tuarascálacha uile CDC a fhoilsiú, agus rinneadh athshainiú ar scóip na tuarascála bliantúla, a d’fhéadfadh, mar shampla, tascanna a roghnaítear tar éis comhairliúchán poiblí a chlúdach.
Bíonn na hiniúchtaí feidhmíochta agus comhlíontachta deighilte de ghnáth in “iniúchtaí eagraíochtúla” (ar eintiteas ar leith) agus “imscrúduithe téamacha” (ar thopaic a bhaineann le bainistiú poiblí nó le beartas poiblí).
Is iad CDC agus na CRTCanna cúirteanna airgeadais na Fraince. Tá rochtain acu ar na doiciméid go léir atá riachtanach dóibh lena gcuid dualgas a chur i gcrích.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
- Bunreacht na Fraince (Airteagal 47-2)
- Cód na gCúirteanna Airgeadais
- Dlíthe agus rialacháin ar leith a bhaineann leis an iniúchóireacht
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
Déanann CDC agus na CRTCanna iniúchóireacht orthu seo a leanas:
-
bainistiú agus cuntais an stáit go léir;
- cuntais Uachtaránacht na Poblachta, an Tionóil Náisiúnta agus an tSeanaid;
- na haireachtaí (riaracháin lárnacha, ranna le freagrachtaí ar an leibhéal náisiúnta agus ranna díláraithe);
- gníomhaireachtaí rialtais agus a líonra críochach;
- fiontair faoi úinéireacht phoiblí;
- bainistiú agus cuntais i réimse na slándála sóisialta;
- bainistiú agus cuntais na n-údarás áitiúil (ón leibhéal réigiúnach go dtí an leibhéal bardasach) agus a ngníomhaireachtaí, chomh maith le hospidéil phoiblí, meánscoileanna, etc.;
- cistí poiblí a dheonaítear d’eintitis phríobháideacha;
- cistí a bhíonn in úsáid ag carthanachtaí, más rud é gur trí fheachtais phoiblí a deonaíodh na cistí sin;
- cistí a bhíonn in úsáid ag eintitis phríobháideacha, más rud é gur tháinig na cistí sin ó dheontais phríobháideacha atá díolmhaithe ó cháin.
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
UFI coláisteachta le feidhm dhlínse.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
Tá CDC neamhspleách ar an rialtas agus ar an bparlaimint agus coinníonn sé an fad láimhe céanna ón dá cheann acu.
Bíonn Céad-Uachtarán CDC ag fónamh freisin mar chathaoirleach orthu seo a leanas:
- an Ard-Chomhairle um Chistí Poiblí (HCFP);
- Comhairle na Ranníocaíochtaí Éigeantacha (CPO);
- an Chúirt Achomhairc Airgeadais (CAF).
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
Tá CDC neamhspleách ar an rialtas agus ar an bparlaimint. Cuireann sé a chuid tuarascálacha iniúchóireachta, mar aon le moltaí, ar aghaidh chucu.
Deimhníonn CDC na cuntais ón dá theach den pharlaimint.
Mar chuid dá cúraimí meastóireachta agus faireacháin, oibríonn an pharlaimint go dlúth le CDC chun obair leantach a dhéanamh ar na moltaí a tháinig ó CDC. Féadann an pharlaimint agus an Príomh-Aire a iarraidh ar CDC líon teoranta iniúchtaí a dhéanamh. Féadann an pharlaimint freisin meastóireacht ar bheartais phoiblí a chur ar iontaoibh CDC.
— EAGAR
CEANNASAÍ
CÉAD-UACHTARÁN
Ceapadh Pierre Moscovici an 3 Meitheamh 2020.
TÉARMA OIFIGE
Tá téarma oifige gan teorainn ag an gCéad-Uachtarán go dtí an aois scoir reachtúil.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Déantar an Céad-Uachtarán a cheapadh trí fhoraithne ó Uachtarán na Poblachta arna eisiúint ag Comhairle na nAirí ar mholadh ón bPríomh-Aire.
COMHLACHT RIALAITHE
Tá CDC á rialú ag Coláiste atá comhdhéanta den Chéad-Uachtarán agus uachtaráin na seomraí. Bíonn an tArd-Ionchúisitheoir, atá neamhspleách, i láthair ag cruinnithe an Choláiste.
Is uachtaráin atá i gceannas ar na CRTCanna, agus is comhaltaí de CDC iad. Bíonn an Céad-Uachtarán ag feidhmiú mar chathaoirleach ar Ard-Chomhairle na CRTCanna.
TÉARMA OIFIGE
Is giúistísí iad an Céad-Uachtarán agus uachtaráin na seomraí, agus níl aon teorainn ama lena dtéarma oifige ach an aois scoir reachtúil.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Déantar uachtaráin na seomraí agus an tArd-Ionchúisitheoir a cheapadh trí fhoraithne ó Uachtarán na Poblachta arna eisiúint ag Comhairle na nAirí ar mholadh ón bPríomh-Aire.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Tá CDC eagraithe ar an gcaoi seo a leanas: sé sheomra de réir earnála, seomra dlíthíochta, roinn don phleanáil straitéiseach agus don fhoilsitheoireacht, agus ardrúnaíocht.
An tArd-Ionchúisitheoir, na habhcóidí ginearálta agus na hionchúisitheoirí réigiúnacha airgeadais, tá siad neamhspleách ar CDC agus ar na CRTCanna agus gníomhaíonn siad mar ionchúisitheoir poiblí (is féidir leo na nithe seo a leanas a dhéanamh: foréileamh chun imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh; cinntí ag éirí as gach tuarascáil ó na cúirteanna airgeadais; tuairimí maidir le heagar agus modhanna; caidreamh a chothú le húdaráis bhreithiúnacha, etc.).
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 1 803 (819 in CDC agus 984 sna CRTCanna) (2022), a bhfuil 68 % díobh ag gabháil don iniúchóireacht
- Cothromaíocht inscne: ♂ 49 %; ♀ 51 %, meánaois: 49.10
BUISÉAD
- €232.13 milliún (2022) (51 % don CDC, 49 % do na CRTCanna)
- < 0.007 % de bhuiséad iomlán an rialtais
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Is cúram don Chéad-Uachtarán é, tar éis tuairim a iarraidh ar an Ard-Iniúchóir, eagar ginearálta CDC a chinneadh, iniúchtaí agus meastóireachtaí a phleanáil, agus na hacmhainní a leithdháileadh ar na seomraí éagsúla. Is ag leibhéal na foirne laistigh de gach aon seomra a dhéantar an clár a bhriseadh síos in iniúchtaí éagsúla.
Is é an próiseas céanna atá i gceist le gach aon CRTC.
Roghnaítear na topaicí don iniúchóireacht ar bhonn measúnuithe riosca, na tráthchláir do na hiniúchtaí eagraíochtúla éagsúla ar chomhlachtaí éagsúla agus an taithí iniúchóireachta, le haird chuí ar an leibhéal leasa phoiblí atá i gceist. De réir phlean straitéise 2020-2025, chuir ardán atá ar oscailt don phobal ar chumas daoine den phobal a bheith rannpháirteach i gcuid den phleanáil iniúchóireachta ó 2023.
I láthair na huaire, agus go dtí an 1 Eanáir 2023 (féach an fhaisnéis faoin athchóiriú anseo thuas), baineann na gníomhaíochtaí breithiúnacha le cuntais atá roghnaithe go speisialta chun iniúchóireacht a dhéanamh orthu agus atá le breithniú in imeacht tréimhse roinnt blianta.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Tá gach cineál iniúchóireachta bunaithe ar mhodhanna atá sainithe ag CDC/CRTC de réir na gcaighdeán idirnáisiúnta.
Tá rialacha dochta nós imeachta ann do na gníomhaíochtaí breithiúnacha.
Tá an mhodheolaíocht meastóireachta atá ag CDC le haghaidh an bheartais phoiblí leagtha amach i dtreoirlínte praiticiúla agus bíonn seisiúin oiliúna ann lena haghaidh sin.
Déantar na gníomhaíochtaí go léir de réir phrionsabail na freagrachta comhchoitianta agus an nós imeachta sáraíochta.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Foilsíonn CDC:
- tuarascáil bhliantúil ghinearálta a chlúdaíonn 15 go 20 topaic, agus a sheoltar freisin chuig Uachtarán na Poblachta;
- tuarascáil bhliantúil maidir le forghníomhú bhuiséad an stáit, agus na torthaí don bhliain roimhe sin;
- deimhniú bliantúil ar chuntais an stáit don bhliain roimhe sin;
- measúnú bliantúil ar an staid airgeadais phoiblí agus ar na hionchais don bhliain reatha;
- tuarascáil bhliantúil maidir le forghníomhú bhuiséad an chórais slándála sóisialta, agus deimhniú bliantúil ar na cuntais chomhfhreagracha don bhliain roimhe sin;
- tuarascáil bhliantúil ar an airgeadas poiblí áitiúil don bhliain roimhe sin;
- idir cúig agus deich dtuarascáil théamacha gach bliain;
- tuarascálacha ‘splanc-iniúchóireachta’, a bhfuil thart ar 20 leathanach i ngach ceann díobh; is nós imeachta luathaithe a úsáidtear sna ‘splanc-iniúchóireachtaí’ chun anailís a dhéanamh ar bhearta cúnaimh phoiblí nua agus ina dtugtar tráchtanna agus barúlacha úsáideacha don tréimhse amach romhainn;
- gach tuarascáil maidir leis an úsáid a bhaineann eagraíochtaí carthanachta as deontais phríobháideacha;
- gach príomhthuarascáil a sheoltar chuig an rialtas (a tharchuirtear chuig aire).
In 2021, d’fhoilsigh CDC freisin sraith nótaí maidir le saincheisteanna struchtúracha suntasacha a rinne difear don Fhrainc. Sna hachoimrí miona seo ar oibreacha a rinneadh le déanaí agus ar thionscadail nua, déantar anailís ar na dúshláin mhóra do na chéad chúpla bliain eile agus leagtar amach na hionstraimí a d’fhéadfaí a úsáid chun na dúshláin sin a réiteach. Cuidíonn siad le fócas a choinneáil sa díospóireacht phoiblí ag tráth atá tábhachtach do mhachnamh na saoránach, agus féachann siad le réiteach a aimsiú idir beartas poiblí atá éifeachtach agus tacaíocht don fhás inbhuanaithe.
Foilsíonn na CRTCanna:
- a dtuarascálacha maidir le hiniúchóireacht bhainistíochta, a sheoltar chuig na húdaráis áitiúla;
- roinnt tuarascálacha laistigh de thuarascáil bhliantúil ghinearálta CDC.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
Tá oibleagáid de réir an bhunreachta ar CDC an pobal a choinneáil ar an eolas. Dá bhrí sin, tá cion méadaitheach dá chuid oibre á chraobhscaoileadh aige sna meáin (bhí obair CDC luaite 33 000 uair sna nuachtáin in 2022, ar tagairtí do CDC féin a bhí ann 23 300 uair), ar a shuíomh gréasáin (os cionn 2.1 milliún cuairt in 2022, le 1.4 milliún cuairteoir uathúil in 2020) agus ar na meáin shóisialta (183 500 leantóir). D’fhoilsigh na cúirteanna airgeadais 1 362 thuarascáil, ar le haghaidh na CRTCanna a bhí 1 256 díobh.
Seolann CDC gach ceann dá chuid príomhthuarascálacha chuig an rialtas agus chuig an bparlaimint, agus foilsíonn sé iad.
Faigheann an Pharlaimint na sé thuarascáil bhliantúla maille leis na tuarascálacha téamacha ó CDC, agus úsáideann an Pharlaimint iad sin. Foilsíonn CDC faisnéis freisin faoin obair leantach atá déanta ar a chuid moltaí.
Foilsíonn CDC gach tuarascáil maidir le cistí carthanachta.
Seolann na CRTCanna a gcuid tuarascálacha maidir le hiniúchóireacht bhainistíochta chuig na húdaráis áitiúla, a chaithfidh iad a léamh amach os ard i gcruinniú den chomhairle atá ar oscailt don phobal agus do na meáin.
Tugann CDC agus na CRTCanna a n-orduithe agus a mbreithiúnais in éisteachtaí poiblí. Foilsíonn siad bailiúcháin de chásanna dlí a mbíonn nótaí míniúcháin ag gabháil leo.
— COMHAR
Comhoibríonn CDC go dlúth leis na CRTCanna, a dhéanann a gcuid oibre féin go neamhspleách. Bíonn CDC i gceannas ar fhiosrúcháin a dhéantar go comhpháirteach leis na CRTCanna i réimsí a bhfuil inniúlacht roinnte acu.
Comhoibríonn CDC le coistí parlaiminteacha, leis an gComhairle Stáit, leis na húdaráis bhreithiúnacha tríd an Ard-Ionchúisitheoir, le húdaráis riaracháin neamhspleácha eile agus le hard-chigireachtaí rialtasacha.
Ar an leibhéal idirnáisiúnta, oibríonn CDC le UFInna eile ar thionscnaimh dhéthaobhacha (amhail tionscadail dé-nasctha, comhar téamach agus comhaontuithe comhair), agus déanann sé a chion féin i gcomhlachtaí iltaobhacha amhail Coiste Teagmhála UFInna an Aontais Eorpaigh, EUROSAI, INTOSAI agus AISCCUF - comhlachas na UFInna a úsáideann an Fhraincis. In éineacht le UFInna eile nó mar chuid dá thaighde féin, déanann sé lear mór staidéir chomparáideacha idirnáisiúnta, atá ag teacht chun bheith córasach agus iad ina gcomhlánú ar iniúchtaí, agus freagraíonn sé ar a shea d’iarrataí comhchosúla (os cionn 120 staidéar gach bliain).
Is é CDC freisin an t-iniúchóir reachtúil le haghaidh roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta.
Tá Céad-Uachtarán CDC ag feidhmiú mar iniúchóir i dtrí eagraíocht idirnáisiúnta: Comhairle na hEorpa (go dtí 1 Iúil 2024), an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) agus na Náisiúin Aontaithe (NA). An 21 Samhain 2023, toghadh an Céad-Uachtarán mar chathaoirleach ar Phainéal Iniúchóirí Seachtracha na Náisiún Aontaithe, na nGníomhaireachtaí Speisialaithe agus na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach.
AN GHEARMÁIN
BUNDESRECHNUNGSHOF
![]() |
Ó 1950 Céadbhunaithe in 1714 Suíomh gréasáin: www.bundesrechnungshof.de |
Ráiteas misin:
Is iad na prionsabail bhunúsacha a ghabhann le hobair UFI na Gearmáine ná neamhspleáchas, neodracht, oibiachtúlacht agus inchreidteacht.
Is é cuspóir a chuid oibre ná feabhas a chur ar thrédhearcacht, éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht ghníomhaíocht an rialtais.
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
Déanann UFI na Gearmáine (Bundesrechnungshof, BRH) iniúchóireacht ar ioncam agus caiteachas uile na Cónaidhme, agus ar fhóntacht agus rialtacht na bainistíochta buiséadaí agus airgeadais. Áirítear leis sin cistí teagmhasacha, agus caiteachas na seirbhísí faisnéise.
Tá lánchearta rochtana aige ar aon chomhlacht agus aon fhaisnéis atá riachtanach dá chuid oibre iniúchóireachta, lena n-áirítear eintitis neamhfheidearálacha a fhaigheann cistí feidearálacha nó a bhailíonn ioncam rialtas na Cónaidhme.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
- An Bunreacht (Airteagal 114, mír 2) (1949);
- Cód Buiséadach na Cónaidhme (Airteagal 88 et seq.) (1969);
- An tAcht um Phrionsabail Bhuiséadacha (Airteagal 53 et seq.) (1969);
- Acht um an gCúirt Chónaidhme Iniúchóirí.
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
Tá rochtain ag Bundesrechnungshof ar aon institiúid nó comhlacht a bhíonn ag bainistiú cistí feidearálacha, mar shampla:
- aireachtaí rialtais agus a bhfo-chomhlachtaí;
- gníomhaireachtaí stáit;
- institiúidí slándála sóisialta;
- fiontair phoiblí;
- faighteoirí deontas feidearálach; agus
- aonaid riaracháin de chomhlachtaí bunreachtúla.
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Struchtúr coláisteachta gan feidhm dhlínse.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
Is uasúdarás feidearálach é Bundesrechnungshof agus tá sé ar aon chéim le haireachtaí na Cónaidhme.
Tá sé go hiomlán neamhspleách agus níl an chumhacht ag an bhfeidhmeannas ná ag an reachtas chun treoracha a eisiúint nó obair iniúchóireachta ar leith a thabhairt do BRH. Féadann an pharlaimint, áfach, teacht chuig BRH le hiarrataí ar iniúchtaí áirithe.
Tá seasamh ex officio mar Choimisinéir Feidhmíochta na Cónaidhme ag Uachtarán BRH. Sa ról sin, cuireann sé nó sí moltaí, tuarascálacha agus tuairimí ar aghaidh chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht riarachán na Cónaidhme. Féadann sé nó sí comhairle a chur freisin ar an bparlaimint ó thaobh na reachtaíochta de.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT AGUS LEIS AN RIALTAS
Trína obair iniúchóireachta agus chomhairleach, cuireann Bundesrechnungshof tacaíocht ar fáil don dá theach parlaimint agus donpharlaimint. Úsáideann an pharlaimint tuarascáil bhliantúil BRH mar bhunús chun urscaoileadh a dheonú do rialtas na Cónaidhme.
Tuairiscíonn BRH chuig brainse na feidhmeannachta agus chuig brainse an reachtais de rialtas na Cónaidhme agus féadann sé comhairle a thabhairt sula ndéantar na cinntí deiridh.
Bíonn sé páirteach freisin sna caibidlíochtaí buiséadacha idir Aire Airgeadais na Cónaidhme agus na ranna rialtais, agus féadann sé barúil a thabhairt ar gach roinn den bhuiséad. Sa bhreis air sin, tugann sé comhairle le linn chur chun feidhme an bhuiséid.
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— EAGAR
CEANNASAÍ
UACHTARÁN
Ceapadh Kay Scheller an 30 Meitheamh 2014.
TÉARMA OIFIGE
12 bhliain, neamh-inathnuaite. Tá an téarma oifige faoi theorainn ag an aois scoir reachtúil do státseirbhísigh, ar 67 é sin faoi láthair.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is iad dhá theach na parlaiminte a thoghann an tUachtarán ar mholadh ó rialtas na Cónaidhme agus is é nó í Uachtarán Phoblacht Cónaidhme na Gearmáine a cheapann é nó í.
COMHLACHT RIALAITHE
Is i gcomhlacht coláisteach a dhéantar cinntí Bundesrechnungshof de ghnáth. . Maidir leis na comhlachtaí coláisteacha sin, tá siad comhdhéanta i gcónaí de cheann rannáin agus ceann an réimse iniúchóireachta ('coláiste de bheirt'). I gcásanna áirithe bíonn an tUachtarán nó an Leas-Uachtarán ann chomh maith ('coláiste de thriúir'). Tá neamhspleáchas breithiúnach ag comhaltaí BRH.
Tá cineálacha áirithe de chinntí amhail cinntí i dtaobh barúlacha a áireamh sa tuarascáil bhliantúil, forchoimeádta don Seanad, arb é uaschomhlacht cinnteoireachta BRH.
TÉARMA OIFIGE
Is státseirbhísigh iad na Cinn rannáin. Tá a dtéarma oifige faoi theorainn ag an aois scoir reachtúil do státseirbhísigh, ar 67 é sin faoi láthair.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Tá 10 rannán sa Bundesrechnungshof. Tá 9 rannán iniúchóireachta ann le 48 n-aonad iniúchóireachta agus oifig an uachtaráin, atá freagrach as cúraim bhainistíochta.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 1 050 (amhail in 2024) (a bhfuil 80 % díobh ag gabháil don iniúchóireacht)
- Cothromaíocht inscne: ♂ 57 %; ♀ 43 %. Meánaois: > 51
BUISÉAD
- 192 milliún euro (2024)
- 0.03 % de bhuiséad iomlán na Cónaidhme
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Bíonn an tUachtarán, an Leas-Uachtarán, an Seanad agus na comhlachtaí coláisteacha go léir páirteach i bpleanáil straitéiseach agus oibre Bundesrechnungshof.
Déanann aonaid iniúchóireachta BRH anailís riosca agus tascanna ar a réimse iniúchóireachta go tráthrialta. Tá sé sin mar bhunús do phlean iniúchóireachta meántéarmach, chomh maith le straitéis iniúchóireachta do na chéad 3 go 5 bliana eile.
Déanann na haonaid a gcuid tascanna iniúchóireachta i bpleananna iniúchóireachta bliantúla a phleanáil ar bhealach comhordaithe, agus úsáidtear na pleananna sin mar bhonn do phlean iniúchóireachta foriomlán BRH.
Tá saorthoil ag BRH a chinneadh féin a dhéanamh i dtaobh iarrataí ar iniúchtaí a thagann ón bparlaimint nó ó choistí parlaiminteacha.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Déanann Bundesrechnungshof iniúchtaí feidhmíochta, comhlíontachta agus airgeadais, ar bhonn ex post agus freisin i bhfíor-am, agus tugann sé comhairle ar bhonn forghníomhach. Cinneann sé sceidealú agus nádúr a chuid oibre iniúchóireachta ar bhonn neamhspleách agus is féidir leis obair allamuigh a dhéanamh.
Is tasc lárnach iad na hiniúchtaí feidhmíochta, agus is iondúil go ndéantar iad sin a nascadh le gnéithe den iniúchóireacht chomhlíontachta nó airgeadais in iniúchadh cuimsitheach. Bíonn an inbhuanaitheacht in úsáid ag BRH mar chritéar straitéiseach breise san iniúchóireacht.
Áirítear na cineálacha iniúchóireachta seo a leanas chomh maith in obair BRH:
- Iniúchtaí roghnaíocha, lena mbaineann scrúduithe cuimsitheacha atá deartha chun fianaise ar cheist nó ghné ar leith den oibríocht nó idirbheart rialtais a bhailiú.
- Iniúchtaí cothrománacha: ina ndéantar staidéar ar ábhar ar leith trasna rogha ionadaíoch de chomhlachtaí rialtais chun fionnachtana iniúchóireachta a fhorbairt ar réimse sainithe d’oibríochtaí agus idirbhearta rialtais.
- Staidéir thaiscéalaíochta: atá ina n-uirlis chun léargas a fháil ar réimsí, nósanna imeachta nó forbairtí ar leith a bhfuil fadhbanna leo. Níl sé mar aidhm leo sin meastóireacht chríochnaitheach a thabhairt ar oibríochtaí agus idirbhearta rialtais, ach oireann siad chun tascanna iniúchóireachta nua a ullmhú;
- Iniúchtaí leantacha: a fhónann chun a shainaithint an bhfuil na húdaráis inniúla tar éis gníomhú ar scór na bhfionnachtana iniúchóireachta nó ar scór rúin ón bparlaimint a rinneadh roimhe sin.
- Iniúchtaí bainistithe : a fhónann chun forléargas cuimsitheach a fháil ar bhainistiú buiséadach agus airgeadais an chomhlachta atá faoi iniúchóireacht.
- Iniúchtaí fíor-ama: a ligeann do BRH go leor cinntí aonair a ghabhann le mórchláir a scrúdú go leithleach agus ag gach céim den tionscadal. Leis an gcur chuige seo, tá sé in ann easnaimh a bhrath ag céim luath sa tionscadal agus na comhlachtaí cinnteoireachta a chur ar an eolas luath go maith.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Eisíonn Bundesrechnungshof:
- litreacha bainistíochta lena ngabhann fionnachtana iniúchóireachta, a sheolann sé chuig na comhlachtaí faoi iniúchóireacht ionas go bhféadfaidh siad trácht orthu;
- tuarascáil bhliantúil atá comhdhéanta de phríomh-imleabhar (I) agus d’imleabhar forlíontach (II); Foilsítear imleabhar I i bhFómhar gach bliana agus foilsítear Imleabhar II in Earrach na bliana dar gcionn; á dtógáil le chéile, is bunús cothrom le dáta iad le haghaidh nós imeachta urscaoilte na parlaiminte;
- tuarascálacha comhairleacha;
- tuarascálacha sainchuspóra.
Cuireann BRH an dá theach parlaiminte agus rialtas na Cónaidhme ar an eolas faoi thopaicí sainspéise ar leith ag aon am.
Sa bhreis air sin, ina cháil nó ina ról mar Choimisinéir Feidhmíochta na Cónaidhme, foilsíonn an tUachtarán 'Treoracha le haghaidh dea-chleachtais maidir le rialú airgeadais' agus tuairimí saineolaithe.
Cuireann BRH moltaí chun feabhais ina litreacha bainistithe agus ina thuarascálacha, mar aon le nótaí tráchta ar shaincheisteanna atá i mbéal an phobail amhail dréacht-reachtaíocht agus mórthionscadail soláthair, nó soláthraíonn sé ionchur saineolais.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
Déanann Bundesrechnungshof a thuarascáil bhliantúil a thíolacadh don phobal agus foilsíonn sé a chuid oibre (lena n-áirítear barúlacha, tuarascálacha speisialta agus litreacha críochnaitheacha maidir le hiniúchadh) ar a shuíomh gréasáin.
Bíonn forthorthaí an Uachtaráin mar Choimisinéir Feidhmíochta na Cónaidhme ar fáil ansin freisin.
— COMHAR LE PÁIRTITHE EILE
Ós rud é gur struchtúr rialtais feidearálach atá ag an nGearmáin, déanann forais iniúchóireachta réigiúnacha agus oifigí iniúchóireachta bardasacha iniúchóireacht ar na leibhéil eile den rialtas. De bhrí go bhfuil córais airgeadais rialtas na Cónaidhme agus na 16 stát cónaidhme fite fuaite ina chéile, áfach, oibríonn Bundesrechnungshof agus forais iniúchóireachta neamhspleácha réigiúnacha na stát go dlúth le chéile.
Díríonn an comhar seo isteach go príomha ar chláir a ndéanann rialtas na cónaidhme agus na stáit chónaidhme iad a chistiú go comhpháirteach, nó ar fhreagrachtaí atá tarmligthe ag an rialtas láir chuig na stáit.
AN GHRÉIG
ΕΛΕΓΚΤΙΚΟ ΣΥΝΕΔΡΙΟ
![]() |
Ó 1833 Suíomh gréasáin: www.elsyn.gr |
Ráiteas misin:
Tá an Chúirt Iniúchóireachta Heilléanach freagrach as iniúchóireacht sheachtrach a dhéanamh ar an rialtas láir agus rannchuidíonn sí go cinntitheach le cáilíocht agus éifeachtúlacht an bhainistithe airgeadais in earnáil phoiblí na Gréige.
Is iad na príomhchuspóirí straitéiseacha a ghabhann lena hiniúchtaí ná:
- feabhas a chur ar bhainistiú airgeadais agus ar chuntasacht na gcomhlachtaí poiblí;
- rialú airgeadais agus córais chuntasaíochta a neartú;
- feabhas a chur ar rialachas na n-eintiteas trí mhaoirseacht agus meastóireacht a dhéanamh ar chórais rialaithe inmheánacha;
- an acmhainneacht iniúchóireachta a mhéadú;
- faisnéis bhunriachtanach a sholáthar do Pharlaimint na Gréige a chuideoidh léi a ról maoirseachta a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla.
Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, bíonn an Chúirt Iniúchóireachta Heilléanach ag díriú isteach ar réimsí ardspéise iniúchóireachta, rud a chinntíonn go mbíonn tionchar síormhéadaitheach ag na hiniúchtaí a dhéanann sí agus go mbaintear an úsáid is fearr as na hacmhainní atá ar fáil.
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
Déanann an Chúirt Iniúchóireachta Heilléanach (HCA) iniúchtaí ar chaiteachas agus cuntais an Stáit, na n-údarás áitiúil agus eintiteas dlíthiúil eile de réir mar a fhoráiltear dó sin le dlí nó má tá airgead poiblí á fháil acu.
Cuimsíonn dlínse HCA ranna agus aireachtaí rialtais, comhlachtaí rialtais áitiúil agus eagraíochtaí eile san earnáil phoiblí. Féadann sé freisin páirt a ghlacadh in iniúchóireacht ar chuntais eintiteas dlíthiúil atá á rialú leis an dlí príobháideach.
Tá ceart lánrochtana aige ar gach córas TF, ar leabhair chuntasaíochta uile an rialtais láir agus an rialtais áitiúil, agus freisin ar dhoiciméad tacaíochta agus an fhoireann. Féadann sé freisin aon fhaisnéis ábhartha a iarraidh ó gach uile údarás inniúil, agus tá sé d’oibleagáid orthu siúd comhoibriú leis.
INNIÚLACHT DHLÍNSE
Tugann HCA a bhreith ar leighis agus modhanna sásaimh i ndíospóidí a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
- pinsin;
- iniúchóireacht na gcuntas go ginearálta;
- an dliteanas sibhialta atá ar sheirbhísigh phoiblí, fostaithe údaráis áitiúla agus daoine dlítheanacha eile atá á rialú ag an dlí poiblí, sa chás go ndéantar aon damáiste don Stát mar gheall ar chalaois nó faillí, chomh maith leis na heagraíochtaí agus daoine dlítheanacha céanna i ndéanamh a ndualgas;
- an dliteanas atá ar sheirbhísigh phoiblí i leith rachmas a fháil nach féidir údar cuí a bheith leo ó thaobh bunús dlí de (i ndiaidh iniúchadh a dhéanamh ar a ndearbhuithe bliantúla ar shócmhainní agus dliteanais).
Tugann HCA tuairimí freisin ar na nithe seo a leanas:
- dréachtreachtaíocht maidir le (a) cúrsaí pinsin (de réir an Bhunreachta), (b) nithe a bhfuil tábhacht mhór leo agus a bhaineann leis an mbainistiú airgeadais a dhéanann comhlachtaí an Rialtais Láir, (c) saincheisteanna a bhaineann leis an soláthar poiblí agus (d) nithe a thagann faoina réim inniúlachtaí;
- ceisteanna de chineál airgeadais, ar choinníoll nach ndéanann an tuairim réamhbhreithiúnas ar réiteach díospóide atá os a chomhair agus atá fós ar feitheamh;
- dréachtchinntí maidir le (a) ioncam agus caiteachas bhuiséad an Stáit a fhritháireamh agus (b) athrú na gcritéar agus na gcoinníollacha chun ioncam a aicmiú nó a dhíaicmiú mar airgead nach féidir a aisghabháil.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
In Airteagal 98 den Bhunreacht, tugtar cumhdach reachtach do chumhachtaí HCA a dhéantar a fheidhmiú de réir an dlí. Tá tábhacht ar leith ag baint le Dlí Uimh. 4700/2020 (A 127) maidir le Nós Imeachta Aonfhoirmeach do HCA, atá comhdhéanta de chreat reachtach cuimsitheach don iniúchóireacht réamhchonarthach, agus Dlí Uimh. 4820/2021 (Α 130) maidir le Dlí Orgánach HCA.
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
Cuimsíonn sainordú iniúchóireachta HCA:
- Uachtaránacht na Poblachta;
- Uachtaránacht an Rialtais;
- an Pharlaimint;
- 19 n-aireacht;
- 7 riarachán dílárnaithe;
- 5 údarás neamhspleách bunreachtúil agus 18 n-údarás riaracháin neamhspleách nach bhfuil bunaithe go díreach faoin mBunreacht;
- 332 bhardas (an chéad leibhéal de na húdaráis áitiúla);
- 13 réigiún (an dara leibhéal de na húdaráis áitiúla);
- 26 eagraíocht árachais shóisialta;
- 106 ospidéal stáit.
Déanann HCA iniúchóireacht freisin ar chuntais thart ar 450 eintiteas dlíthiúil eile den rialtas ginearálta, agus ar chuntais eintitis dhlíthiúla phoiblí agus phríobháideacha atá faoi úinéireacht na n-údarás áitiúil (755), chomh maith le heintitis phríobháideacha a fhaigheann fóirdheontais.
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Cúirt le cumhachtaí dlínse, iniúchóireachta agus comhairleacha.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
Is é HCA an uas-Chúirt airgeadais phoiblí laistigh de chóras breithiúnais na Gréige.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
Tá sé de cheangal ar HCA tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí iniúchóireachta, agus tuarascáil maidir le cruinneas agus beachtas na tuarascála maidir leis an ráiteas airgeadais, an clár comhordaithe agus ráitis airgeadais eile de chuid an Stáit a chur faoi bhráid na parlaiminte.
Gach bliain, déanann Uachtarán HCA an Clár Iniúchóireachta Bliantúil a thíolacadh don pharlaimint, agus féadann an pharlaimint a mholadh tosaíocht a thabhairt do chuid de na hiniúchtaí atá beartaithe. Is féidir leis an bparlaimint freisin a rá go bhfuil spéis ar leith aici i suas le trí iniúchadh eile in aghaidh na bliana, ag díriú isteach ar laigí sna córais bainistithe phoiblí go háirithe agus a bheadh le déanamh sa bhreis ar na hiniúchtaí atá pleanáilte cheana féin.
Déantar tuarascálacha ar iniúchtaí téamacha a chur ar aghaidh chuig an gCoiste Parlaiminteach ábhartha sula n-eisítear don phreas iad, agus déanann Uachtarán HCA iad a chur i láthair na Parlaiminte i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta.
Is í an pharlaimint freisin a fhormheasann buiséad HCA bunaithe ar mholtaí ón Aire Airgeadais agus ón Aire Dlí agus Cirt.
— EAGAR
CEANNASAÍ
UACHTARÁN
Tá Sotiria Ntouni ina hUachtarán ón 6 Samhain 2023.
TÉARMA OIFIGE
Ceithre bliana, neamh-inathnuaite.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Ceaptha trí Fhoraithne ón Uachtarán ar mholadh ó Chomhairle na nAirí.
COMHLACHT RIALAITHE
Is é Lántionól HCA an uaschomhlacht breithiúnach agus tá sé comhdhéanta den Uachtarán, 10 Leas-Uachtarán agus 40 Breitheamh Comhairleora. Is féidir leis an Lántionól cruinniú iomlán a bheith aige i mórphainéal, nó is féidir leis cruinniú a thionól i gceann de thrí mhionphainéal. D’fhéadfadh an líon comhaltaí a bhíonn ag aon cheann de na mionphainéil sin athrú, bunaithe ar chinneadh ón Lántionól iomlán.
Tá an Lántionól iomlán comhdhéanta d’Uachtarán na Cúirte agus de na Leas-Uachtaráin agus Breithiúna Comhairleora go léir. Tá mórphainéal an Lántionóil comhdhéanta den Uachtarán, na Leas-Uachtaráin agus 20 Breitheamh Comhairleora a roghnaítear trí chrainn a chaitheamh. Tá gach ceann de thrí mhionphainéal an Lántionóil comhdhéanta d’Uachtarán na Cúirte agus 14 de na Leas-Uachtaráin agus Breithiúna Comhairleora. Déantar na Leas-Uachtaráin a leithdháileadh ar gach aon phainéal in ord sinsearachta, agus is trí chrainn a chaitheamh a roghnaítear na Breithiúna Comhairleora gach trí bliana faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa chinneadh ábhartha ón Lántionól.
TÉARMA OIFIGE
Is breithiúna iad na Comhaltaí a bhfuil neamhspleáchas pearsanta agus oibríochtúil á theachtadh acu agus is ceapachán saoil atá acu.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Leas-Uachtaráin: ceaptha trí Fhoraithne ón Uachtarán ar mholadh ó Chomhairle na nAirí.
Breithiúna Comhairleora: curtha ar aghaidh trí Fhoraithne ón Uachtarán ar chinneadh ón Uas-Chomhairle Breithiúnach.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Is é nó í an tUachtarán atá i gceannas ar HCA. Faoin Uachtarán, tá deichniúr Leas-Uachtarán ann atá ag feidhmiú go gníomhach, agus a bhfuil seachtar díobh sin ina gcathaoirligh ar Sheomraí Dlínse agus foirmíochtaí breithiúnacha HCA.
Déanann na Leas-Uachtaráin ionadaíocht ar an Uachtarán de réir ord sinsearachta. Tá poist do 170 breitheamh in HCA. I láthair na huaire, tá 40 Breitheamh Comhairleora ann, 66 Bhreitheamh Cúnta, 22 Bhreitheamh Tuairiscithe, agus 9 mBreitheamh Tuairiscithe faoi oiliúint.
Fite fuaite le struchtúr eagraíochta HCA, tá Oifig an Abhcóide Ginearálta, ar údarás neamhspleách breithiúnach é a ghníomhaíonn chun leas an phobail agus ina bhfuil an tAbhcóide Ginearálta, Leas-Abhcóide Ginearálta, 5 Fho-Leas-Abhcóidí Ginearálta, 4 Bhreitheamh Cúnta agus 8 mBreitheamh Tuairiscithe ó Choimisiún Maoirseachta Ginearálta an Stáit. Tá Breithiúna Cúnta á bhfáil ar iasacht freisin chun tacú le hobair HCA faoi láthair.
Tá HCA comhdhéanta den Lántionól (a bhfuil a struchtúr luaite anseo thuas), seacht Seomra (a bhfuil Leas-Uachtarán mar chathaoirleach orthu) ag a bhfuil cumhachtaí breithiúnacha, agus trí Roinn Iniúchóireachta (a bhfuil an tUachtarán mar chathaoirleach ar Roinn Iniúchóireachta I, agus an Leas-Uachtarán mar chathaoirleach ar Roinn Iniúchóireachta II agus an Roinn Staidéar agus Tuairimí). Tá an Roinn Iniúchóireachta freagrach as na nithe go léir a bhaineann le pleanáil, seoladh iniúchtaí, agus próiseáil na ráiteas maidir le dearbhú agus na tuarascála bliantúla.
Sa struchtúr eagraíochta seo freisin, tá sé Rannóg Dlínse (foirmíochtaí breithiúnacha a bhfuil Breitheamh Comhairleora mar chathaoirleach orthu); tá trí cinn díobh sin freagrach as iniúchtaí réamhchonarthacha, bíonn péire acu ag urscaoileadh freagrachtaí de chineál iniúchóireachta agus dlínse, agus déileálann an Ceathrú Rannóg Dlínse go príomha le maoirseacht, comhordú agus faireachán a dhéanamh ar iniúchtaí na Chúirt Iniúchóireachta na hEorpa sa Ghréig, agus ar chaidreamh idirnáisiúnta HCA.
Ar deireadh, tá oifigigh bhreithiúnacha ann amhail Comhordaitheoirí Ginearálta Coimisinéara (oifigigh ar leibhéal na hArd-Stiúrthóireachta), a bhfuil 14 phost bhuana ag gabháil leo, i.e. 13 phost bhuana le haghaidh Comhordaitheoirí Ginearálta Iniúchóireachta agus post amháin le haghaidh Comhordaitheoir Ginearálta Riaracháin, a bhfuil 12 cheann de na poist sin líonta faoi láthair. Déanann na Comhordaitheoirí Ginearálta nó na Comhordaitheoirí Ginearálta Iniúchóireachta formhaoirseacht ar na ranna iniúchóireachta atá faoi cheannas Choimisinéirí HCA (i.e. oifigigh chúirte le céim ollscoile a bhfuil níos mó ná 15 bliana taithí acu agus atá ina gceann rannáin), atá lonnaithe sna haireachtaí, maorachtaí/réigiúin agus bardais mhóra, agus a bhfuil cumhachtaí iniúchóireachta agus pionósaithe acu. I láthair na huaire, tá 55 oifig Choimisinéara san Aithin agus 56 eile ar fud na Gréige. Is é 613 iomlán na n-oifigeach cúirte, lena n-áirítear na Comhordaitheoirí Ginearálta thuasluaite.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 613 i gcoibhéis lánaimseartha (bainistíocht: 15 %; iniúchóireacht: 63 %; riarachán: 22 %) + 160 Breitheamh
- Cothromaíocht inscne: ♂ 34 %; ♀ 66 %. Meánaois: 53
(tréimhse tagartha: Feabhra 2024)
BUISÉAD
- €39.3 milliún
- Leithdháileadh: thart ar 95 % ar shochair fostaithe
- < 0.01 % de bhuiséad iomlán an Rialtais
(tréimhse tagartha: Feabhra 2024)
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Pleanálann HCA a chuid oibre ina Chláir Oibre Ilbhliantúla agus Bliantúla, a bhíonn formheasta ag an Lántionól.
Sa Chlár Iniúchóireachta Ilbhliantúil, bíonn liosta de na topaicí iniúchóireachta de réir tosaíochta straitéisí, agus sonraítear ann na cuspóirí agus na tosaíochtaí a bheidh ag na hiniúchtaí atá beartaithe. Nuair a bhíonn na hiniúchtaí atá le cur sa Chlár Bliantúil, mar aon le haon teaglaim fhéideartha díobh, á roghnú, tugann HCA san áireamh tosaíochtaí straitéiseacha an Chláir Iniúchóireachta Ilbhliantúil, obair iniúchóireachta na Cúirte a bhíonn uirthi a dhéanamh go tréimhsiúil, aon iarrataí ón bparlaimint, ó ionadaithe na gcomhlachtaí nó ó shaoránaigh le haghaidh iniúchtaí a bhaineann le gearáin a imscrúdú, mar aon le comhar beartaithe le forais iniúchóireachta Eorpacha agus idirnáisiúnta.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Déanann HCA iniúchtaí réamhchonarthacha agus ex post, lena n-áirítear iniúchtaí téamacha i réimsí ardspéise iniúchóireachta (a d’fhéadfadh a bheith ina n-iniúchtaí airgeadais, comhlíontachta nó feidhmíochta), mar aon le hiniúchtaí leantacha, i gcomhréir le lámhleabhar iniúchóireachta HCA agus leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (INTOSAI).
Déanann HCA na nithe seo a leanas:
- iniúchtaí sula ndéantar conarthaí ag a bhfuil luach ard airgeadais arna ndámhachtain ag an Stát nó ag eintiteas dlíthiúil coibhéiseach eile, de réir mar a shonraítear le dlí, a thabhairt chun críche (iniúchadh réamhchonarthach);
- iniúchtaí ex post ar chuntais oifigigh chuntasaíochta an Stáit agus na n-údarás áitiúil nó eintiteas dlíthiúil eile, as a n-eascraíonn cinneadh ón gCoimisinéir de chuid HCA nó ón Rannóg Dlínse atá freagrach ina ndearbhaítear go nglactar leis na cuntais mar chuntais atá fónta nó go bhfuiltear á ndiúltú mar chuntais atá neamhdhleathach. Sa chás go ndearbhaítear go bhfuil siad neamhdhleathach, beidh an t-easnamh le haisghabháil;
- iniúchtaí téamacha (airgeadais, comhlíontachta agus feidhmíochta) i réimsí ardspéise iniúchóireachta, i gcomhréir le Clár Iniúchóireachta Bliantúil HCA agus i gcomhréir le caighdeáin agus prionsabail idirnáisiúnta na nUasfhoras Iniúchóireachta (Creat Fógairtí Gairmiúla (IFPP) INTOSAI).
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Eisíonn an Chúirt Iniúchóireachta Heilléanach:
-
Tuarascálacha iniúchóireachta éigeantacha:
- Tuarascáil bhliantúil ar a gníomhaíochtaí iniúchóireachta, lena n-áirítear torthaí a cuid gníomhaíochtaí, breathnuithe a thagann as a cuid oibre, moltaí maidir le hathchóirithe agus feabhsúcháin (lena n-áirítear na dlíthe ábhartha);
- Tuarascáil maidir leis an ráiteas airgeadais, an clár comhordaithe agus ráitis airgeadais eile de chuid an Stáit lena n-áirítear tuarascáil inbhuanaitheachta airgeadais bhliantúil ar leith;
- Tuarascálacha iniúchóireachta féintionscnaimh: Foilsíonn HCA freisin tuarascálacha iniúchóireachta de réir a Chlár Oibre Bliantúil;
- Tuarascálacha ar iniúchtaí ar léirigh an pharlaimint spéis in iad a fháil déanta nach raibh pleanáilte ó thús (uasmhéid de thrí cinn in aghaidh na bliana), ag díriú isteach go háirithe ar laigí i gcórais bainistithe poiblí;
- Tuairimí maidir le reachtaíocht;
- Eile: Tuarascálacha ar an obair leantach ar thorthaí iniúchta.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
Déantar breithiúnais agus rialuithe fhoirmíochtaí breithiúnacha a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin HCA agus in irisí dlí, ach go mbíonn na sonraí pearsanta bainte amach sula bhfoilsítear iad. I gcásanna faoina inniúlacht, agus tar éis dó na cúinsí a mheas, d’fhéadfadh an Lántionól ráiteas gearr a eisiúint freisin maidir le hábhar ó chinneadh a rinne sé, agus maidir leis an dáta foilsithe measta, agus is féidir leis an ráiteas sin a dhéanamh trí Uachtarán HCA.
Déantar breithiúnais agus rialuithe na bhfoirmíochtaí breithiúnacha a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin HCA agus in irisí dlí, ach go mbíonn na sonraí pearsanta bainte amach sula bhfoilsítear iad.
D’fhéadfadh HCA comhdhálacha a eagrú chun a chuid oibre iniúchóireachta a chur i láthair d’eintitis faoi iniúchóireacht agus do gheallsealbhóirí ábhartha.
Tá an Phreasoifig freagrach as preasráitis a eisiúint, iad a chur suas ar shuíomh gréasáin HCA agus ar na meáin shóisialta, agus as faisnéis a chur chuig an bpreas.
AN IODÁIL
CORTE DEI CONTI
![]() |
Ó 1948 Céadbhunaithe in 1862 Suíomh gréasáin: www.corteconti.it |
Ráiteas misin:
I gcomhréir le hAirteagal 100 de Bhunreacht na hIodáile, feidhmíonn an Chúirt Iniúchóireachta (Corte dei conti) rialú coisctheach ar dhlisteanacht bhearta rialtais agus déanann sí iniúchóireacht ex post ar chur chun feidhme Bhuiséad an Stáit. Bíonn sí rannpháirteach, sna cásanna agus ar na slite atá leagtha síos le dlí, in iniúchóireacht a dhéanamh ar bhainistiú airgeadais eintiteas a fhaigheann tacaíocht rialta bhuiséadach ón Stát. Tuairiscíonn sí chuig an bparlaimint i dtaobh mhórthoradh a cuid iniúchtaí. Tá dlínse ag an gCúirt Iniúchóireachta i nithe a bhaineann leis na cuntais phoiblí agus i nithe eile atá leagtha síos le dlí. Áirithíonn an dlí go bhfuil an Chúirt Iniúchóireachta agus a comhaltaí neamhspleách ar an rialtas. Tá an Chúirt comhdhéanta de bhreithiúna atá sannta chuig seomraí iniúchóireachta, dlísheomraí nó an Oifig Ionchúisitheora Poiblí.
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
I struchtúr bunreachtúil na hIodáile, is comhlacht iniúchóireachta seachtrach den Stát í an Chúirt Iniúchóireachta (CDC), atá neamhspleách ar an bparlaimint agus ar an rialtas agus a bhfuil sé mar aidhm aici bainistiú cuí agus fónta an airgeadais phoiblí a áirithiú agus cobhsaíocht an airgeadais sin a mheasúnú.
INNIÚLACHT DHLÍNSE
Is cuid den bhreithiúnacht é CDC agus, i gcomhréir le hAirteagal 103(2) de Bhunreacht na hIodáile, tá dlínse aige i nithe a bhaineann leis na cuntais phoiblí agus i nithe eile atá leagtha síos le dlí.
Dá réir sin, sa chás go bhfionntar go bhfuil díobháil déanta do chistí poiblí, ní faoi ghnáthrialacha an dlí shibhialta atá an dliteanas ar aon stiúrthóir, fostaí ná oifigeach cuntasaíochta, nó aon duine eile a bhfuil caidreamh fostaíochta acu leis an riarachán poiblí, ach is faoi rialacha sonracha a bhaineann le dliteanas riaracháin agus cuntasaíochta a thagann siad.
Más rud é go mbíonn caillteanas nó diomailt ann i ndáil le cistí poiblí, d’fhéadfaí dliteanas a shuíomh maidir le hoifigigh riaracháin – de chuid an Stáit nó de chuid aon riaracháin phoiblí – agus eintitis phoiblí nó phríobháideacha agus/nó daoine aonair a bhainistíonn cistí poiblí chun leasa na pobail.
D’fhéadfadh na damáistí a bheith ábharthach (cailleadh sócmhainní réadacha/airgeadais) nó doláimhsithe (damáiste neamh-ábharthach).
Is iad na hionchúisitheoirí ag Oifig réigiúnach Ionchúisitheora Phoiblí CDC, agus iadsan amháin, a fhéadann imeachtaí dliteanais a thabhairt os comhair dhlísheomraí réigiúnacha CDC.
Tá dlínse ag CDC freisin i gcás gníomhaíochtaí na n-oifigeach cuntasaíochta i.e. daoine aonair a bhfuil sé de chúram orthu airgead poiblí agus earraí a bhainistiú (e.g. cisteoirí, etc.).
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
Inniúlachtaí iniúchóireachta:
- Airteagail 81, 97, 100, 117 agus 119 de Bhunreacht na hIodáile (1948);
- Dlí Uimh. 20/1994;
- Dlí Uimh. 131/2002;
- Dlí Uimh. 266/2005;
- Dlí Uimh. 213/2012;
- Dlí Uimh. 120/2020;
- Foraithne-Dlí Uimh. 77/2021.
Inniúlachtaí dlínse:
- Airteagail 103 agus 108 de Bhunreacht na hIodáile;
- An Cód um an Dlí Cuntasaíochta de bhun Fhoraithne Reachtach Uimh. 174/2016;
- Dlí Uimh. 19/1994;
- Dlí Uimh. 20/1994;
- Dlí Uimh. 639/1996;
- Dlí Uimh. 120/2020;
- Foraithne-Dlí Uimh. 77/2021.
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
Déanann CDC iniúchóireacht orthu seo a leanas:
- aireachtaí;
- údaráis phoiblí agus gníomhaireachtaí stáit, lena n-áirítear údaráis neamhspleácha;
- comhlachtaí a fhaigheann cistiú poiblí;
- réigiúin, cúigí, bardais, limistéir mheitreapholaiteacha agus a bhfochomhlachtaí; agus
- cuideachtaí príobháideacha ina bhfuil leas rialaithe ag Stát, réigiúin nó comhlachtaí áitiúla na hIodáile.
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Déanann CDC dualgais iniúchóireachta agus dualgais dhlíthiúla.
Sa bhreis air sin, déanann CDC feidhmeanna comhairleacha don pharlaimint, don rialtas, do na réigiúin, do na bardais, do na cúigí agus do na limistéir mheitreapholaiteacha.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
De réir Bhunreacht na hIodáile, tá CDC uathrialach agus neamhspleách ó chumhachtaí eile an Stáit.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
Mar chomhlacht iniúchóireachta, tuairiscíonn CDC a thorthaí iniúchóireachta chuig an bparlaimint.
Déanann sé rialuithe agus iniúchtaí ar ghníomhaíochtaí agus bainistiú an rialtais, agus é mar aidhm aige dlíthiúlacht agus cobhsaíocht an airgeadais phoiblí a choimirciú.
Sa chás nach mbíonn gníomhaíochtaí na feidhmeannachta ag comhlíonadh an dlí, féadann CDC tuairim dhiúltach a eisiúint, rud a fhágann na gníomhaíochtaí sin gan éifeacht.
Déanann CDC feidhmeanna comhairleacha in ábhair chuntasaíochta nuair a iarrann an rialtas, na réigiúin, na cúigí, na bardais agus na limistéir mheitreapholaiteacha air é sin a dhéanamh. Soláthraíonn sé tuairimí don pharlaimint agus don rialtas maidir le dlíthe, billí, forálacha riaracháin agus rialála agus na dréachtaí éagsúla a fhreagraíonn dóibh sin. Ní mór tuairim ó CDC a fháil sula ndéantar forálacha maidir leis na córais chuntasaíochta a thabhairt isteach, a mhodhnú nó a aisghairm, agus tá sé sin riachtanach freisin i gcás teimpléid, doiciméid agus taifid chuntasaíochta a thabhairt isteach nó a mhodhnú.
Bíonn CDC páirteach sna himeachtaí i dáil le Dlí an Bhuiséid agus doiciméid chlársceidealaithe eacnamaíocha eile a ghlacadh.
— EAGAR
CEANNASAÍ
UACHTARÁN
Ceapadh Guido Carlino an 11 Meán Fómhair 2020 (le héifeacht ón 15 Meán Fómhair 2020).
TÉARMA OIFIGE
Maireann téarma oifige an Uachtaráin go dtí go sroicheann sé nó sí an aois scoir (70).
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is é nó í Uachtarán na Poblachta a dhéanann Uachtarán CDC a cheapadh, ar mholadh ó Uachtarán Chomhairle na nAire. Roghnaíonn Comhairle na nAirí an tUachtarán nua as gearrliosta de bhreithiúna in CDC a bhíonn roghnaithe ag Comhairle Uachtaránachta CDC.
COMHLACHT RIALAITHE
Tá Comhairle Uachtaránachta CDC comhdhéanta de 11 chomhalta: Uachtarán agus Leas-Uachtarán CDC, Ard-Ionchúisitheoir CDC, ceathrar comhaltaí arna gceapadh ag an bparlaimint agus ceathrar breithiúna de CDC.
TÉARMA OIFIGE
Ceithre bliana.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is iad breithiúna CDC a cheapann an ceathrar breithiúna as measc a gcomhaltaí féin. Is iad Teach na dTeachtaí (2) agus an Seanad (2) a cheapann na comhaltaí seachtracha as measc ollúna sa dlí agus/nó dlíodóirí a bhfuil taithí 20 bliain ar a laghad acu.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Tá CDC roinnte ina sheomraí iniúchóireachta agus dlísheomraí náisiúnta agus réigiúnacha, a bhfuil oifigí ionchúisitheora poiblí agus réigiúnacha ann mar chúnamh dóibh.
Is sa Róimh atá ceannáras CDC agus tá rannáin eile aige ar fud na tíre. Dá réir sin, tá seomraí iniúchóireachta réigiúnacha, dlísheomraí réigiúnacha agus oifigí ionchúisitheora réigiúnacha i ngach ceann den 19 réigiún agus sna dá chúige féinrialaitheacha.
Maidir le seomraí achomhairc, tá roinnt seomraí iniúchóireachta lárnacha achomhairc agus trí dhlísheomra lárnacha achomhairc ag CDC sa Róimh agus ceann amháin don tSicil. Feidhmíonn na seomraí achomhairc mar chúirteanna den dara céim agus mar chúirteanna den chéim chríochnaitheach eadrána.
Oibríonn an Oifig Ionchúisitheora Phoiblí leis na dlísheomraí. Tá Ionchúisitheoir Phoiblí CDC lonnaithe sa Róimh agus tá na hionchúisitheoirí réigiúnacha lonnaithe sna dlísheomraí réigiúnacha agus tá siadsan inniúil dá réigiún sonrach féin.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon breithiúna: 493; meánaois = 55
- Líon státseirbhíseach (lena n-áirítear an fhoireann bainistíochta): 2 243 (ar saineolaithe iniúchóireachta iad 34 % díobh sin); meánaois = 53
- Cothromaíocht inscne: ♂ 300; ♀ 193 (breithiúna); ♂ 867; ♀ 1 376 (státseirbhísigh)
Figiúirí nuashonraithe ar an 15 Feabhra 2024
BUISÉAD
- 490.365 milliún euro (0.04 % de bhuiséad náisiúnta 2024 de 1 215 billiún euro)
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Ag tús gach bliana, déanann CDC a phlean iniúchóireachta ginearálta a fhormheas go neamhspleách. Áirítear na nithe seo a leanas sa phlean sin: beartais iniúchóireachta, straitéisí, critéir do na seomraí iniúchóireachta lárnacha agus tásca do na seomraí iniúchóireachta réigiúnacha. Déanann gach seomra iniúchóireachta lárnach agus réigiúnach a phlean iniúchóireachta féin a fhormheas chomh maith.
Cuireann gach plean paraiméadair éagsúla san áireamh, amhail ábharthacht airgeadais, riosca féideartha earráidí nó riosca féideartha maidir le sárú an dlí, torthaí ó iniúchtaí roimhe seo, iarrataí nó moltaí sonracha ó údaráis phoiblí, agus acmhainní daonna agus teicniúla.
Seolann CDC a phlean iniúchóireachta bliantúil féin chuig Uachtaráin Theach na dTeachtaí agus an tSeanaid, agus – ar an leibhéal réigiúnach – chuig uachtaráin na réigiún agus na gcomhairlí réigiúnacha agus chuig na comhlachtaí faoi iniúchóireacht.
Déantar na nithe seo a leanas a leagann amach sa phlean iniúchóireachta bliantúil:
- pleanáil na ngníomhaíochtaí;
- na comhlachtaí a bheidh faoi iniúchóireacht ag CDC;
- na paraiméadair, na critéir agus an nós imeachta samplála atá roghnaithe; agus
- na gníomhaíochtaí agus saincheisteanna a bheidh faoi iniúchóireacht ag CDC.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Déanann CDC:
- iniúchadh comhlíontachta ex ante i dtaca leis na bearta agus treoracha riaracháin, arna n-eisiúint ag an rialtas de bhun an dlí, a bhfuil an tábhacht is mó ó thaobh cúrsaí airgeadais leo. Is í an aidhm atá leis an iniúchadh comhlíontacha sin ná aon sárú ar an dlí a d’éireodh as gníomhaíochtaí an rialtais a chosc;
- iniúchadh feidhmíochta ex post ar gach gníomhaíocht de chuid an riaracháin phoiblí, leis an aidhm measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá na torthaí ag comhlíonadh na gcuspóirí atá leagtha síos le dlí; agus
- iniúchadh ar bhainistiú airgeadais eintiteas, lena n-áirítear gnóthais, a fhaigheann tacaíocht rialta bhuiséadach ón Stát agus ó riaracháin réigiúnacha agus áitiúla.
Tá an ceart ag eintitis faoi iniúchóireacht freagra a thabhairt ar fhionnachtana CDC sula ndéantar an tuarascáil chríochnaitheach a fhormheas.
Faoin nós imeachta sáraíochta seo, déanann CDC na nithe seo a leanas:
- tugann sé fógra do na heintitis faoi iniúchóireacht i dtaobh a phlean iniúchóireachta bliantúil agus tugann sé faisnéis faoi na hábhair, na téarmaí, na himeachtaí agus an phleanáil ghinearálta atá i gceist leis an iniúchadh;
- bíonn idirphlé cuiditheach leanúnach aige leis na heintitis faoi iniúchóireacht agus leis na ranna sna heintitis sin a bhíonn ag gabháil do bhainistiú na hiniúchóireachta inmheánaí;
- foilsíonn sé a thuarascáil chríochnaitheach agus cuireann sé a chuid barúlacha i láthair ag éisteacht phoiblí le linn seisiún poiblí den seomra iniúchóireachta ábhartha.
Maidir lena iniúchtaí feidhmíochta, dréachtaíonn CDC tuarascálacha ina bhfuil anailísí, meastóireachtaí agus moltaí. Ba chóir do na heintitis faoi iniúchóireacht déanamh de réir na moltaí sin chun fadhb ar bith a sonraíodh i mbainistiú airgeadais phoiblí a dhíothú, agus ar an gcaoi sin bainistiú fónta a áirithiú. Ba chóir dóibh freisin CDC a choinneáil ar an eolas faoi bheart ar bith a thugann siad isteach ina dhiaidh sin bunaithe ar na moltaí a rinneadh.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Soláthraíonn CDC faisnéis don pharlaimint ar an gcaoi seo a leanas:
- tuarascálacha bliantúla ar ráiteas airgeadais ginearálta an Stáit;
- tuarascálacha gach ceithre mhí maidir leis na dlíthe caiteachais (i ndáil le haon chostas atá nasctha le forálacha dlíthiúla);
- éisteachtaí speisialta ina ndéanann CDC a thuairim i dtaobh phlean eacnamaíoch agus airgeadais an rialtais, agus maidir lena bhille airgeadais, a chur i láthair;
- tuarascálacha speisialta maidir le maoiniú réigiúnach agus áitiúil;
- tuarascáil bhliantúil maidir le comhordú an airgeadais phoiblí;
- tuarascálacha ar chostas na fostaíochta san earnáil poiblí;
- tuarascálacha ar bhainistiú cistí ón Aontas Eorpach; agus
- tuarascálacha ar bhainistiú comhlachtaí agus eintiteas poiblí.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
Foilsítear tuarascálacha CDC ar a shuíomh gréasáin.
— COMHAR LE PÁIRTITHE EILE
Tá lárchóras rialaithe an Stáit faoi mhaoirsiú ag an Roinn Cuntasaíochta Ghinearálta (san Aireacht Eacnamaíochta agus Airgeadais) atá faoi cheannas an Ard-Chuntasóra Stáit.
I ngach aireacht, déanann lároifig cuntasaíochta neamhspleách, ar cuid den Roinn Cuntasaíochta Ghinearálta í, a fhíorú go bhfuil gníomhaíochtaí riaracháin ag comhlíonadh na ndlíthe airgeadais agus na dtreoracha aireachta ábhartha (amhail dlíthiúlacht aon chaiteachais ionchasaigh). Formheasann an lároifig cuntasaíochta aon ghealltanas i ndáil le dlíthiúlacht nó tarchuireann sí aon idirbheart neamhrialta chuig an Aire, ar féidir leisean nó léise a ordú don Roinn Cuntasaíochta Ghinearálta na hidirbhearta ar leith sin a fhíorú. Seoltar na cásanna seo d’idirbhearta neamhrialta go huathoibríoch chuig CDC.
Déanann an Chigireacht Airgeadais Ghinearálta cigireachtaí ar an bhfód ar ghníomhaíochtaí na n-airí agus na gcomhlachtaí poiblí, agus féadann sí bearta ceartaitheacha a mholadh más gá. Déanann an Chigireacht fíorú freisin ar fheidhmiú cuí na sásraí iniúchóireachta inmheánaí atá ag gach comhlacht. Déantar tuarascálacha na Cigireachta Ginearálta a chur ar aghaidh chuig an Ard-Chuntasóir agus, i gcás ina mbraitear go bhfuil caillteanas airgeadais ann, chuig Ionchúisitheoir Poiblí CDC, a fhéadann státseirbhísigh a ionchúiseamh.
AN ÍSILTÍR
ALGEMENE REKENKAMER
![]() |
Ó 1814 Céadbhunaithe in 1447 Suíomh gréasáin: www.rekenkamer.nl |
Ráiteas misin:
Cabhrú le feabhas a chur ar fheidhmíocht agus oibríocht an rialtais láir agus na n-institiúidí a ghabhann leis.
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
Scrúdaíonn Cúirt Iniúchóireachta na hÍsiltíre (NCA) an bhfuil airgead na gcáiníocóirí á chaitheamh go ciallmhar, go barainneach agus go stuama ag an rialtas láir. Tá cúram reachtúil ar NCA iniúchóireacht a dhéanamh ar ioncam agus caiteachas an rialtais, agus tuairiscíonn sé chuig an bparlaimint air sin uair sa bhliain ar “Lá na Cuntasachta” (an tríú Céadaoin de mhí na Bealtaine). Bunaithe ar thuairim ó NCA, is féidir leis an bParlaimint a chinneadh an bhfuil urscaoileadh le deonú don rialtas nó nach bhfuil. Sa bhreis air sin, tuairiscíonn NCA chuig an bParlaimint i dtaobh iniúchtaí aonair, rud a thugann deis do na Feisirí Parlaiminte a chinneadh an bhfuil beartas an aire ábhartha éifeachtach.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
- Airteagail 76, 77 agus 78 de Bhunreacht na hÍsiltíre (1814)
- An tAcht um Chuntais Rialtais (2016).
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
Déanann NCA iniúchóireacht orthu seo a leanas:
- 23 roinn de bhuiséad an stáit, go príomha cistí aireachtaí agus cistí stáit; agus
- níos mó ná 100 eintiteas dlíthiúil a bhfuil dualgais reachtúla orthu (nó grúpaí de na heintitis sin).
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Struchtúr coláisteachta gan feidhm dhlínse.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
Is é NCA iniúchóir seachtrach an rialtais láir. Is comhlacht neamhspleách é a bhfuil stádas bunreachtúil aige mar “Ard-Chomhairle Stáit”, cineál comhlacht poiblí náisiúnta a cruthaíodh chun an smacht reachta daonlathach a choimirciú.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
Tá an caidreamh oibre idir NCA agus Parlaimint na hÍsiltíre bunaithe ar chomhar. Ar an leibhéal institiúideach, bíonn cruinnithe rialta ag an mBord le Buanchoiste Airgeadais na parlaiminte. Bíonn a bhfoirne i dteagmháil le chéile go laethúil freisin.
Foilsíonn NBCA a chuid fionnachtana iniúchóireachta, go príomha i bhfoirm tuarascálacha agus litreacha, trína seoladh chuig an bparlaimint. Déantar seisiún faisnéise príobháideach a thairiscint don pharlaimint sula bhfoilsítear tuarascáil iniúchóireachta. Má ghlacann an pharlaimint leis an tairiscint sin, déantar seisiún faisnéise príobháideach a thairiscint don aire atá freagrach chomh maith.
Ó am go chéile, iarrann an pharlaimint ar NCA freastal ar éisteachtaí sa pharlaimint – i bhfianaise an tsaineolais atá aige.
— EAGAR
CEANNASAÍ
UACHTARÁN
Ceapadh Pieter Duisenberg ina Uachtarán an 1 Meán Fómhair 2023.
TÉARMA OIFIGE
Is ceapacháin saoil atá ann d’Uachtarán NCA go dtí go sroicheann sé nó sí an aois scoir reachtach ag 70.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Má thagann post Uachtarán NCA chun bheith folamh, déantar Uachtarán nua a roghnú ar an gcaoi seo a leanas: ceaptar comhalta nua ionas go mbeidh líon iomlán comhaltaí arís ar an mBord. Ansin, ag gníomhú dó nó di ar mholadh ón gComh-Aireacht, ceapann an ceann stáit Uachtarán nua as measc an triúir chomhaltaí boird.
COMHLACHT RIALAITHE
Tá NCA á rialú ag Bord atá comhdhéanta den Uachtarán agus beirt chomhaltaí. Is go comhpháirteach a dhéanann comhaltaí an Bhoird a gcuid cinntí go léir.
Gníomhaíonn gach comhalta den Bhord mar rapóirtéir do chuid d’obair NCA agus déanann an tUachtarán formhaoirsiú ar an eagraíocht ina hiomláine.
Tá dhá chomhalta sheachtracha, urghnácha ar Bhord NCA agus d’fhéadfaí a iarraidh orthu siúd páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí áirithe; mar shampla, iniúchtaí a mhaoirsiú, gníomhaíochtaí seachtracha a dhéanamh nó a bheith mar chomhaltaí ionaid do na comhaltaí boird.
TÉARMA OIFIGE
Is ceapacháin saoil atá ann do chomhaltaí boird NCA go dtí go sroicheann siad an aois scoir reachtach ag 70.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is é nó í an ceann stáit a cheapann na comhaltaí boird. I gcomhpháirt le chéile, ullmhaíonn an Bord agus an pharlaimint an cinneadh maidir le ceapachán.
Roghnaíonn an Bord ceathrar iarrthóirí ar a laghad, bunaithe ar nós imeachta oscailte earcaíochta. Cuirtear liosta na n-iarrthóirí faoi bhráid Pharlaimint na hÍsiltíre. Níl ceangal ar an bParlaimint cloí leis an liosta sin. Ansin, cuireann an Pharlaimint liosta de thriúr iarrthóirí chuig an gceann stáit, agus ceapann seisean nó sise an t-iarrthóir a bhfuil an tacaíocht is mó aige nó aici sa pharlaimint.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Faigheann Bord NCA tacaíocht ó eagraíocht atá faoi cheannas Ardrúnaí, arna cheapadh nó arna ceapadh ag an gceann stáit agus a ndéanann an ceann stáit é nó í a chur faoi mhionn. Tá foireann bainistíochta in NCA, faoi cheannas an Ardrúnaí, atá comhdhéanta de sheisear stiúrthóirí iniúchóireachta agus d’aon stiúrthóir seirbhísí tacaíochta amháin. Tá an fhoireann bainistíochta freagrach as cáilíocht na heagraíochta agus na n-iniúchtaí.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 280 i gcoibhéis lánaimseartha (Feabhra 2024 - 62.5 % ag gabháil leis an iniúchóireacht)
- Cothromaíocht Inscne: ♂ 49 %; ♀ 51 %. Meánaois: 45.3
BUISÉAD
- 44.3 milliún euro (2024)
- 0.01 % de chaiteachas iomlán an rialtais (2024)
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Cé go gcinneann NCA as a stuaim féin cad iad na hiniúchtaí a dhéanfaidh sé, féadann an pharlaimint, airí agus rúnaithe stáit a iarraidh ar NCA iniúchadh ar leith a dhéanamh.
Tá clár iniúchóireachta leanúnach ag NCA, a dhéantar a athbhreithniú cúpla uair sa bhliain i gcomhréir leis an bhforthoradh a bhíonn ar sheisiúin idirphlé straitéiseacha. Déantar cuid d’acmhainneacht iniúchóireachta NCA a chur i leataobh do chláir iniúchóireachta ilbhliantúla a bhíonn ag díriú isteach ar thopaicí a meastar go bhfuil tábhacht mhór airgeadais agus sóisialta leo.
Tugann NCA tosaíocht do réimsí iniúchóireachta inar féidir leis breisluach a chur leo a bhuíochas do chumhachtaí sainiúla (amhail ceart rochtana ar fhaisnéis faoi rún) agus a bhuíochas dá neamhspleáchas agus dá neamhchlaontacht, nó mar gheall nach féidir le haon eagraíocht eile iniúchtaí a dhéanamh sna réimsí atá i gceist.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Déanann NCA iniúchtaí airgeadais, feidhmíochta agus éifeachtúlachta.
Baineann sé triail as modhanna agus teicnící nua iniúchóireachta, agus as foirmeacha nua foilsitheoireachta.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Foilsíonn NCA:
- tuarascáil bhliantúil;
- tuarascálacha iniúchóireachta;
- tuarascálacha fócais;
- litreacha buiséid;
- sainchomhaid don ghréasán; agus
- bileoga eolais.
Déanann NCA a chuid fionnachtana iniúchóireachta a chur ar aghaidh chuig an rialtas, chuig an bparlaimint agus chuig an dream atá freagrach as na heintitis faoi iniúchóireacht a bhainistiú, agus roinneann sé a thaithí leo.
Cuireann NCA teorainn leis an méid a fhoilsíonn sé in aimsir olltoghcháin (sna tréimhsí díreach roimhe, lena linn agus díreach ina dhiaidh), go dtí go mbeidh Comh-Aireacht nua in oifig.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
Foilsíonn NCA tuarascálacha ar a shuíomh gréasáin agus cuireann sé faisnéis faoina chuid foilseachán suas ar na meáin shóisialta.
Ar an tríú Céadaoin de mhí na Bealtaine (ar a dtugtar “Lá na Cuntasachta”), tugann NCA tuairim neamhspleách ar chuntais an rialtais láir agus ar a bhainistiú oibríochta, ar bhainistiú airgeadais agus ar cháilíocht na faisnéise beartais a thugann na hairí don pharlaimint.
— COMHAR LE PÁIRTITHE EILE
Comhoibríonn NCA go gníomhach le forais iniúchóireachta Ríocht na hÍsiltíre, agus roinneann sé eolas leo. Is iomaí institiúid atá i gceist leis sin, ó oifigí iniúchóireachta áitiúla agus coistí iniúchóireachta áitiúla go dtí forais iniúchóireachta sa chuid den Ísiltír atá i Muir Chairib.
Sa bhreis air sin, rannchuidíonn NCA go gníomhach leis an bpobal iniúchóireachta idirnáisiúnta. Tá taithí ollmhór aige i bhforbairt institiúideach a neartú trí thionscadail forbartha acmhainneachta le huasfhorais iniúchóireachta thar lear. Comhoibríonn NCA freisin le hinstitiúidí dá shamhail féin, agus malartaíonn sé saineolas sonrach leo, agus is comhalta institiúideach é de INTOSAI, EUROSAI, Coiste Teagmhála an Aontais Eorpaigh agus an Fóram Domhanda um Cheannaireacht san Iniúchóireacht.
Samplaí den dlúthchomhar sin is ea iniúchtaí comhpháirteacha nó comhthreomhara a dhéanann NCA in éineacht le huasfhorais iniúchóireachta eile.
AN LAITVIA
VALSTS KONTROLE
![]() |
Ó 1991 Céadbhunaithe in 1923 Suíomh gréasáin: lrvk.gov.lv |
Ráiteas misin:
Na nithe seo a leanas a éascú:
- úsáid éifeachtach agus dhlíthiúil a bhaint as airgead na gcáiníocóirí;
- bainistiú airgeadais agus cuntasacht sa chaiteachas poiblí;
- cinnteoireacht chothrom agus thrédhearcach laistigh den earnáil phoiblí.
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
Déanann Oifig Iniúchóireachta Stáit (SAO) Phoblacht na Laitvia iniúchtaí airgeadais, comhlíontachta agus feidhmíochta chun na nithe seo a leanas a sheiceáil:
- ioncam agus caiteachas na mbuiséad stáit agus bardasach, lena n-áirítear mar a dhéantar cistí cúnaimh airgid ón Aontas Eorpach agus ó eagraíochtaí agus institiúidí idirnáisiúnta a ghabháil isteach sna buiséid sin;
- gníomhaíochtaí a bhaineann le maoin an stáit agus le maoin rialtais áitiúil.
Gach bliain, cuireann SAO tuairim iniúchóireachta faoi bhráid na parlaiminte maidir le cur chun feidhme na mbuiséad stáit agus bardasach, chomh maith le tuairimí maidir lena bhreithiúnas an bhfuil na tuarascálacha airgeadais bliantúla ullmhaithe i gceart ag na hairí agus ag institiúidí eile de chuid an rialtais láir.
Cuireann SAO tuarascáil faoi bhráid na parlaiminte agus na Comh-Aireachta maidir leis na nithe seo a leanas:
- iniúchtaí airgeadais in eintitis faoi iniúchóireacht a bhfuil tuairim cháilithe nó tuairim neamhfhabhrach, nó séanadh i dtaobh tuairime, eisithe ag SAO ina dtaobh;
- gach iniúchadh feidhmíochta; agus
- fionnachtana atá thar a bheith tábhachtach nó suntasach.
Más rud é go sainaithnítear aon sárú ar chaighdeáin dhlíthiúla le linn na n-iniúchtaí, bíonn ar SAO na hinstitiúidí ábhartha i bhforfheidhmiú an dlí a chur ar eolas ina dtaobh. Maidir le caillteanais i mbuiséad an stáit nó i mbuiséad rialtais áitiúil a tharla mar gheall ar mhíchleachtas duine, agus a braitheadh le linn iniúchta, tá an ceart ag SAO na caillteanais sin a ghnóthú sa chás nach ndéanann an duine sin an caillteanas a chúiteamh dá dheoin nó dá deoin féin agus mura ndéanann an t-eintiteas faoi iniúchóireacht nó a institiúid uachtarach gníomh chun an caillteanas sin a ghnóthú.
Chun easnaimh a fhaightear le linn iniúchtaí a dhíothú, tá sé de shainordú ag SAO moltaí a eisiúint chuig na heintitis faoi iniúchóireacht, agus cur chun feidhme na moltaí sin a mhaoirsiú.
Tá ceart rochtana ag SAO ar an bhfaisnéis go léir a mheastar a bheith riachtanach dó chun a chuid oibre a dhéanamh.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
- Bunreacht Phoblacht na Laitvia (1922):
- An Dlí um an Oifig Iniúchóireachta Stáit (2002).
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
Déanann SAO iniúchóireacht orthu seo a leanas:
- Institiúidí stáit (14 aireacht agus a bhfo-institiúidí, 12institiúid stáit lárnach), ;
- aonaid rialtais áitiúil (36 bhardas agus 7 gcathair mhóra), agus a bhfo-institiúidí;
- fiontair faoi úinéireacht an stáit nó rialtais áitiúil, nó cuideachtaí príobháideacha a bhfuil úinéireacht stáit i gceist leo;
- cuideachtaí tráchtála, cumainn, fondúireachtaí agus daoine nádúrtha eile: (1) má tá acmhainní stáit nó rialtais áitiúil ar fáil dóibh nó ar coimeád acu, (2) má mhaoinítear iad as acmhainní stáit nó rialtais áitiúil, nó (3) má bhíonn siad ag gabháil de sheirbhísí soláthair stáit nó rialtais áitiúil.
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Is uasfhoras iniúchóireachta coláisteach agus neamhspleách, faoi cheannas Ardiniúchóra, é SAO na Laitvia.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
Tá SAO ar cheann de shé chomhlacht bhunreachtúla atá sa Laitvia. Tá sé go hiomlán neamhspleách agus é curtha ar bun mar uasfhoras iniúchóireachta coláisteach, ar príomhghné é sin de chóras rialaithe airgeadais an stáit agus a bhíonn ag fónamh do leas an phobail trí dhearbhú neamhspleách a thabhairt i dtaobh úsáid dhlíthiúil, cheart, bharainneach, éifeachtúil agus éifeachtach acmhainní an rialtais láir agus na rialtas áitiúil, agus trí bhainistiú fónta airgeadais agus próiseas trédhearcach cinnteoireachta a chur chun cinn san earnáil phoiblí.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
Cuireann SAO a chuid tuarascálacha agus tuairimí faoi bhráid Pharlaimint na Laitvia (Saeima) agus na Comh-Aireachta.
AN PHARLAIMINT
Comhoibríonn SAO go dlúth le coistí parlaiminteacha éagsúla, ach den chuid is mó leis an gCoiste um Chaiteachas Poiblí agus Iniúchóireacht (PEAC) – ar chuig an gcoiste sin is mó a dhírítear tuarascálacha SAO. Cuireann SAO PEAC ar an eolas i dtaobh thorthaí na n-iniúchtaí go léir a dhéantar, i dtaobh easnaimh i ngníomhaíochtaí na n-earnálacha éagsúla agus i dtaobh sáruithe ar fhorálacha rialála a bhraitear le linn iniúchtaí. Cuireann sé ar an eolas freisin é i dtaobh an dul chun cinn a dhéantar ar chur chun feidhme moltaí. Óna thaobh siúd de, déanann PEAC gníomh leantach maidir le cur chun feidhme na moltaí ó SAO.
Uair sa bhliain, tuairiscíonn an tArdiniúchóir chuig an bparlaimint maidir le gníomhaíochtaí na hOifige Iniúchóireachta Stáit.
AN CHOMH-AIREACHT
Cuireann SAO an Chomh-Aireacht ar an eolas freisin faoina chuid tuarascálacha agus tuairimí iniúchóireachta. Cuireann SAO tuarascálacha faoi bhráid na Comh-Aireachta a bhaineann le hiniúchtaí airgeadais in eintitis faoi iniúchóireacht a bhfuil tuairim cháilithe nó tuairim neamhfhabhrach, nó séanadh i dtaobh tuairime, eisithe ag SAO ina dtaobh, chomh maith le tuarascálacha ar gach iniúchadh feidhmíochta agus aon fhionnachtana atá thar a bheith tábhachtach agus suntasach.
— EAGAR
CEANNASAÍ
ARD-INIÚCHÓIR
Thogh an Pharlaimint (Saeima) Edgars Korčagins ar an 16 Nollaig 2023 agus tá sé san oifig ón 14 Nollaig 2023 i leith.
TÉARMA OIFIGE
Ceithre bliana, agus ní cheadaítear níos mó ná dhá théarma i ndiaidh a chéile.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is í an Pharlaimint a cheapann an tArdiniúchóir.
COMHLACHT RIALAITHE
Tá SAO á rialú ag Ardiniúchóir (an tUachtarán) agus ag Comhairle SAO, atá comhdhéanta de stiúrthóirí na gcúig roinn iniúchóireachta agus na Roinne Iniúchóireachta agus Modheolaíochta.
TÉARMA OIFIGE
Ceithre bliana, agus ní cheadaítear níos mó ná dhá théarma i ndiaidh a chéile.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is í an Pharlaimint a cheapann comhaltaí na Comhairle ar mholadh ón Ardiniúchóir.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Riarann agus bainistíonn an tArdiniúchóir obair SAO, lena n-áirítear Oifig an Ard-Iniúchóra, na Rannáin Tacaíochta agus an tSeansailéireacht, atá freagrach as pleanáil airgeadais agus cuntasaíocht laistigh de SAO, as coimeád taifead a eagrú, as gníomhaíochtaí cothabhála agus as teicneolaíocht faisnéise.
Tá Comhairle SAO comhdhéanta den Ardiniúchóir (Cathaoirleach) agus seisear Comhaltaí Comhairle atá ina stiúrthóirí ar na Ranna Iniúchóireachta. Formheasann an Chomhairle formhór na ndoiciméad lena rialaítear feidhmíocht SAO.
Laistigh de SAO tá cúig Roinn Iniúchóireachta agus Roinn Iniúchóireachta agus Modheolaíochta, a dhéanann iniúchtaí agus a dhéanann modheolaíocht iniúchóireachta SAO a tharraingt suas, a nuashonrú agus a chur chun feidhme. Tá gach roinn iniúchóireachta comhdhéanta de Stiúrthóir agus dó nó trí cinn d’Earnálacha Iniúchóireachta. Déanann na Ranna Iniúchóireachta iniúchtaí de réir an Phlean Iniúchóireachta Bliantúil atá formheasta ag Comhairle SAO. Tá gach Roinn Iniúchóireachta freagrach as eintitis faoi iniúchóireacht áirithe agus réimsí iniúchóireachta áirithe atá luaite léi.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 164 i gcoibhéis lánaimseartha (29 Feabhra 2024) (a bhfuil thart ar 76 % díobh ag gabháil don iniúchóireacht)
- Cothromaíocht inscne: ♂ 20 %; ♀ 80 %. Meánaois: 45
BUISÉAD
- 8.1 milliún euro (2024)
- Thart ar 0.07 % de chaiteachas iomlán an rialtais
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Déantar an obair iniúchóireachta a phleanáil go bliantúil agus formheasann Comhairle SAO í.
Tá na céimeanna seo a leanas i gceist le forbairt chlár oibre ginearálta na hiniúchóireachta in SAO:
- straitéis SAO a fhorbairt;
- meastóireacht straitéiseach ar na réimsí iniúchóireachta;
- topaicí iniúchóireachta a ullmhú;
- plean oibre SAO a fhorbairt.
Is le haghaidh úsáid inmheánach amháin atá plean oibre SAO ann, ach cuirtear Spéicéir na Parlaiminte ar an eolas faoi na treoracha iniúchóireachta atá beartaithe don bhliain.
Déanann na ranna iniúchóireachta an obair i gcomhréir leis an bplean. Déanann stiúrthóirí na ranna agus ceannasaithe na n-earnálacha cinntí maidir leis an raon feidhme a ghabhann le hiniúchadh ar leith, maidir le ceisteanna iniúchóireachta agus maidir le leithdháileadh na n-acmhainní iniúchóireachta.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Déanann SAO:
- iniúchtaí airgeadais, chun a mheasúnú an ndearnadh na ráitis airgeadais a ullmhú i gcomhréir leis na rialacháin ábhartha;
- iniúchtaí comhlíontachta agus feidhmíochta, chun a mheasúnú an bhfeidhmíonn an t-eintiteas faoi iniúchóireacht i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha síos le dlí agus an bhfuil an t-eintiteas faoi iniúchóireacht ag déanamh a chuid oibríochtaí agus idirbhearta ar shlí atá barainneach agus éifeachtach.
Déanann SAO a chuid iniúchtaí go léir i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta (ISSAInna). Is faoi lánrogha an SAO féin atá cinntí maidir le cur chuige ar leith agus modhanna ar leith. Féadann eintitis faoi iniúchóireacht freagairt d’fhionnachtana iniúchóireachta SAO. Tá de cheangal thairis sin orthu, tuarascálacha maidir leis an dul chun cinn ar chur chun feidhme moltaí a sholáthar.
Tá creat leitheadach ann le haghaidh rialú cáilíochta inmheánach agus seachtrach a dhéantar go leanúnach.
Chomh maith leis sin, úsáideann SAO lámhleabhair le haghaidh iniúchtaí airgeadais, feidhmíochta agus comhlíontachta, treoirlínte praiticiúla don iniúchóireacht agus nósanna imeachta sonracha inmheánacha atá cruthaithe ag SAO. Is le haghaidh úsáid inmheánach amháin atá na doiciméid sin ann.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Foilsíonn SAO:
- tuairim maidir leis an tuarascáil airgeadais i dtaca le cur chun feidhme bhuiséad an stáit agus bhuiséid na rialtas áitiúil;
- tuairimí maidir lena bhreithiúnas an ndearna airí agus institiúidí eile an stáit a gcuid tuarascálacha bliantúla a ullmhú i gceart;
- tuarascálacha iniúchóireachta feidhmíochta agus comhlíontachta;
- plépháipéir bunaithe ar fhionnachtana ó na hiniúchtaí feidhmíochta agus comhlíontachta a rinneadh; agus
- tuarascáil bhliantúil SAO.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
I gcomhréir leis an Dlí um SAO, déanann SAO an pobal i gcoitinne agus na saoránaigh a chur ar an eolas go tráthrialta faoi na hiniúchtaí a dhéanann sé trí bhíthin gach tuarascáil iniúchóireachta agus gach tuairim a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin tar éis dóibh teacht i bhfeidhm. Is iad na bealaí craobhscaoilte is coitianta don fhaisnéis faoin iniúchóireacht ná suíomh gréasáin oifigiúil SAO agus na meáin phoiblí - iriseoirí agus na meáin shóisialta (Facebook, Twitter, YouTube,Instagram, LinkedIn). Bíonn preasráitis nó preasagallaimh ann aon uair a fhoilsítear tuarascálacha iniúchóireachta. I gcásanna áirithe, nuair atá an-spéis ag an bpobal i dtopaic na hiniúchóireachta, déantar achoimrí soléite agus sothuigthe de na tuarascálacha iniúchóireachta agus táirgí closamhairc a ullmhú ionas go bhféadfar iad a úsáid in aon chumarsáid bhreise a dhéantar ar an ábhar. Sa bhreis ar thorthaí na hiniúchóireachta, insítear don phobal freisin cén dul chun cinn ata á dhéanamh ar chur chun feidhme na moltaí iniúchóireachta. Is trí na meáin shóisialta a dhéantar é sin den chuid is mó. Tá achoimrí ar na tuarascálacha iniúchóireachta ar fáil i mBéarla ar shuíomh gréasáin SAO.
— COMHAR LE PÁIRTITHE EILE
Tá Comhairle um Chomhar Poiblí ag SAO, atá comhdhéanta de shaineolaithe ó réimsí acadúla éagsúla agus ó na hearnálacha príobháideacha agus poiblí, a chuireann comhar leis an bpobal chun cinn. Tugann an Comhairle rannpháirt do sháoránaigh maidir le topaicí iniúchóireachta a shainaithint, déanann sí obair leantach i dtaobh a ndéantar na topaicí sin a ionchorpú sa chlár oibre, chomh maith lena a gcur chun feidhme, agus cintíonn sí go scaiptear torthaí na hiniúchóireachta agus go mínítear iad don phobal agus do gheallsealbhóirí.
Comhoibríonn SAO le hiniúchóirí na hearnála príobháidí, agus go háirithe le Cumann Iniúchóirí Deimhnithe na Laitvia, chun an córas a neartú go leanúnach ar mhaithe le húsáid éifeachtach a bhaint as obair na nIniúchóirí Deimhnithe in iniúchtaí airgeadais SAO sna bardais.
AN LIOTUÁIN
VALSTYBĖS KONTROLĖ
![]() |
Ó 1990 Céadbhunaithe in 1919 Suíomh gréasáin: www.valstybeskontrole.lt |
Ráiteas misin:
Dul chun cinn san earnáil phoiblí a spreagadh chomh maith leis na hathruithe is gá sa tsochaí.
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
Tá cumhachtaí Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta na Liotuáine (NAO) leagtha síos i mBunreacht Phoblacht na Liotuáine, i nDlí Phoblacht na Liotúaine um an Oifig Náisiúnta Iniúchóireachta agus i ngníomhartha reachtacha eile.
Déanann NAO formhaoirsiú ar a dhlíthiúla agus a éifeachtúla atá maoin an Stáit á bainistiú agus á húsáid agus ar fhorghníomhú bhuiséad an Stáit. Déanann sé iniúchtaí poiblí, feidhmíonn sé smacht ar an mbeartas buiséadach agus déanann sé gníomhaíochtaí eile chun na cuspóirí atá leagtha síos sa Dlí um an Oifig Náisiúnta Iniúchóireachta a bhaint amach.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
- Bunreacht na Poblachta: an Chaibidil ar NAO (1992);
- Dlí maidir leis an Oifig Náisiúnta Iniúchóireachta (1995), athmhunlú 01/07/2021.
FREAGRACHTAÍ NA HOIFIGE NÁISIÚNTA INIÚCHÓIREACHTA
Déanann NAO iniúchóireacht orthu seo a leanas:
- na cuntais bhliantúla chomhdhlúite dá dtagraítear sa Dlí maidir le Rialú Stáit;
- úsáid chistí buiséid stáit a leithdháiltear do bhuiséid bhardasacha;
- tacaíocht airgeadais an Aontais a fuair Poblacht na Liotuáine.
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Oifig iniúchóireachta, atá neamhspleách ar an rialtas agus faoi cheannas Ardiniúchóra.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
Is uasfhoras iniúchóireachta neamhspleách é NAO atá cuntasach don Pharlaimint agus nach bhfuil aon chaidreamh foirmiúil aige le haon chomhlacht rialtais eile.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
Tá NAO cuntasach don Pharlaimint agus cuidíonn sé léi rialú parlaiminteach a dhéanamh. Dá bhrí sin, tá dlúthchaidreamh idir an Pharlaimint agus NAO.
Is é an caidreamh is dlúithe atá ag NAO ná an caidreamh leis an gCoiste um Iniúchadh sa Pharlaimint, a dhéanann tuarascálacha an NAO a mheas agus a rannchuidíonn le cur chun feidhme mholtaí an NAO trína chinntí. Agus rialú an bheartais bhuiséadaigh á dhéanamh aige, déanann an Oifig Náisiúnta idirchaidreamh le Coiste um Buiséid agus Airgeadas na Parlaiminte, a dhéanann breithniú ar na tuarascálacha agus ar na conclúidí a chuireann an tOifigeach Údarúcháin Náisiúnta faoina bhráid.
Is féidir leis an bParlaimint iniúchtaí áirithe a shannadh do NAO, sa mhéid go dtagann siad sin faoi réimse inniúlachta NAO.
— EAGAR
CEANNASAÍ
ARD-INIÚCHÓIR
Ceapadh Mindaugas Macijauskas an 05 Bealtaine 2020.
TÉARMA OIFIGE
Cúig bliana, in-athnuaite uair amháin.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Molann Uachtarán na Poblachta duine le bheith mar Ardiniúchóir agus formheasann an Pharlaimint an moladh sin.
COMHLACHT RIALAITHE
Tá an tArd-Iniúchóir agus triúr Leas-Ard-Iniúchóirí i gceannas ar an Oifigeach Údarúcháin Náisiúnta. Tá triúr Leas-Ard-Iniúchóirí sa phost faoi láthair.
Faoin Dlí maidir le hOifig Iniúchóireachta Náisiúnta Phoblacht na Liotuáine, ní mór don Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta Comhairle a chur ar bun mar chomhlacht comhairleach de chuid an Ard-Iniúchóir.
TÉARMA OIFIGE
Déantar na Leas-Ardiniúchóirí a cheapadh go ceann téarma cúig bliana, atá in-athnuaite uair amháin.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is é nó í Uachtaránacht na Poblachta a cheapann na Leas-Ardiniúchóirí ar mholadh ón Ardiniúchóir.
Déanann an tArd-Iniúchóir formheas ar chomhdhéanamh agus rialacha nós imeachta Chomhairle na hOifige Iniúchóireachta Náisiúnta.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Tá trí fheidhm in aon institiúid amháin i gceist le NAO:
- Uasfhoras Iniúchóireachta;
- Foras Iniúchóireachta um Infheistíochtaí ón Aontas Eorpach;
- Institiúid Fhioscach.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 237 bhfostaí (1 Feabhra 2024) (a bhfuil 64 % díobh ag gabháil don iniúchóireacht)
- Cothromaíocht inscne: ♂ 24 %; ♀ 76 %. Meánaois: 49 mbliana
BUISÉAD
- €10.395 milliún (2024)
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Pleanálann NAO a iniúchtaí agus meastóireachtaí i gcláir iniúchóireachta bhliantúla, agus tá cead a chomhairle féin aige sa mhéid sin. Ag céim na pleanála, déantar faireachán ar ghníomhaíocht na hearnála poiblí, bailítear sonraí agus déantar anailís ar na rioscaí atá anois ann agus rioscaí a d’fhéadfadh a bheith amach anseo ann. Is féidir le geallsealbhóirí NAO smaointe faoi iniúchtaí a mholadh.
Is féidir an clár oibre a leasú go leanúnach ag freagairt d’fhorbairtí reatha.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Déanann NAO iniúchtaí airgeadais, comhlíontachta agus feidhmíochta. Comhlíonann na modheolaíochtaí go léir na ISSAInna agus an dea-chleachtas idirnáisiúnta.
Tá eintitis faoi iniúchóireacht i dteideal trácht a dhéanamh ar dhréacht-tuarascálacha iniúchóireachta.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Foilsíonn NAO na nithe seo a leanas ar bhonn bliantúil:
- Tuarascáil maidir le gníomhaíochtaí;
-
conclúidí na n-iniúchtaí airgeadais agus tuarascálacha maidir le :
- cuntais bhliantúla chomhdhlúite an stáit;
- cuntais bhliantúla chomhdhlúite de Chistí Sóisialacha an Stáit;
- cuntais bhliantúla chomhdhlúite an Chiste Árachais Sláinte Éigeantaigh Stáit;
- cuntais bhliantúla chomhdhlúite Chiste na mBlianachtaí Pinsean Stáit;
- na cuntais bhliantúla chomhdhlúite náisiúnta.
- tuarascálacha iniúchóireachta feidhmíochta agus comhlíontachta;
- tuarascálacha maidir le cur chun feidhme moltaí;
- conclúidí/tuarascálacha maidir le meastóireachtaí, athbhreithnithe.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
Cuireann an NAO a thuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí, a chonclúidí/thuarascálacha iniúchóireachta agus meastóireachtaí go léir , agus tuarascálacha maidir le cur chun feidhme moltaí iniúchóireachta poiblí faoi bhráid na Parlaiminte.
Foilsíonn NAO a thuarascálacha agus conclúidí iniúchóireachta agus meastóireachtaí ar fad, agus a thuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí ar a shuíomh gréasáin. Cuirtear sonraí maidir le torthaí iniúchtaí poiblí, faireachán ar bheartas buiséadach agus iniúchtaí ar infheistíochtaí an Aontais Eorpaigh ar fáil don phobal freisin ar thairseach sonraí oscailte na Liotuáine.
Déantar torthaí an fhaireacháin ar chur chun feidhme moltaí iniúchóireachta poiblí (stádas maidir le cur chun feidhme moltaí, eintitis fhreagracha, agus athruithe a rinneadh tar éis chur chun feidhme na moltaí) a thabhairt cothrom le dáta agus a fhoilsiú go leanúnach mar shonraí oscailte ar shuíomh gréasáin NAO agus ar thairseach sonraí oscailte na Liotuáine.
Déanann NAO a chuid gníomhaíochtaí de réir phrionsabail an neamhspleáchais, na trédhearcachta, na dlíthiúlachta agus na gairmiúlachta.
— COMHAR LE PÁIRTITHE EILE
Comhoibríonn NAO leis an bParlaimint, leis an Aireacht Airgeadais, le Seomra Iniúchóirí na Liotuáine, le Comhlachas na nIniúchóirí Inmheánacha agus le Comhlachas na Rialaitheoirí Bardasacha chun taithí a roinnt agus caighdeáin chomónta a fhorbairt.
Tá comhaontuithe comhair tugtha i gcrích ag NAO leo seo a leanas: Banc na Liotuáine, an Príomh-Choimisiún Oifigiúil um an Eitic, Cigireacht Chánach an Stáit, an Chomhairle Iomaíochta, an Aireacht um Shlándáil Sóisialta agus um Shaothar, an Aireacht Airgeadais, Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta, an Oifig um Sholáthar Poiblí, an tSeirbhís um Imscrúduithe Speisialta, an tSeirbhís um Choireanna Airgeadais a Imscrúdú, an Ghníomhaireacht Sonraí Stáit, bardais na gcathracha in Vilnias, Kaunus agus Klaipeda Dámh an Gheilleagair agus an Riaracháin Ghnó in Ollscoil Vilnias, Ollscoil Vytautas Magnus, Ollscoil Mykolas Romeris, Comhlachas na Rialaitheoirí Bardasacha, Seomra Iniúchóirí na Liotuáine agus Comhlachas na nIniúchóirí Inmheánacha.
Déantar athbhreithnithe piaraí go tráthrialta chun cáilíocht iniúchtaí NAO a áirithiú.
LUCSAMBURG
COUR DES COMPTES
![]() |
Ó 2000 Céadbhunaithe in 1840 Suíomh gréasáin: www.cour-des-comptes.public.lu |
Ráiteas misin:
Mar iniúchóir seachtrach, déanann an Chúirt Iniúchóirí (Cour des comptes) scrúdú ar dhlíthiúlacht agus rialtacht an ioncaim agus chaiteachais phoiblí agus ar bhainistiú fónta airgeadais cistí poiblí. Dá bhrí sin, seiceálann sí barainneacht, éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chaiteachais phoiblí gan aon bhreithiúnas a dhéanamh, áfach, ar a iomchuí atá na speansais.
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
Déanann Cúirt Iniúchóirí Lucsamburg (LCA) rialú ar bhainistiú airgeadais ionstraimí, riaracháin agus sheirbhísí an Stáit. Tá LCA i dteideal freisin scrúdú a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí eile más rud é nach bhfuil siad faoi réir aon chórais iniúchóireachta airgeadais eile atá forordaithe le dlí. Ar deireadh, is féidir le LCA iniúchóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáidtear cistí poiblí arna ndeonú chun críocha ar leith d’eintitis dhlítheanacha san earnáil phoiblí agus ar dhaoine aonair agus eintitis dhlítheanacha san earnáil phríobháideach i ndáil le húsáid na gcistí sin i gcomhréir leis an gcuspóir a bhí leagtha amach dóibh.
I ndéanamh a chuid oibre dó, tá ceart rochtana ag LCA ar na doiciméid go léir a mheasann sé a bheith riachtanach. Sa bhreis ar an obair iniúchóireachta, is féidir leis an bparlaimint dul i gcomhchomhairle le LCA chun a thuairim ar dhréacht-reachtaíocht a fháil.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
- Airteagal 119 de Bhunreacht Ard-Diúcacht Lucsamburg (1 Iúil 2023);
- An Dlí um an gCúirt Iniúchóirí (8 Meitheamh 1999), arna leasú.
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
Déanann LCA iniúchóireacht orthu seo a leanas:
- ionstraimí, riarachán agus seirbhísí stáit;
- aireachtaí;
- gníomhaireachtaí rialtais;
- comhlachtaí poiblí eile;
- codanna d’eintitis phoiblí agus phríobháideacha atá maoinithe le deontais phoiblí; agus
- páirtithe polaitiúla.
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Struchtúr coláisteachta gan feidhm dhlínse.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
Is institiúid neamhspleách atá in LCA.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
Is caidreamh comhairliúcháin atá aige leis an bParlaimint (Chambre des Députés). Cuireann LCA a chuid tuarascálacha go léir faoi bhráid na Parlaiminte. Sa bhreis air sin, is féidir dul i gcomhchomhairle le LCA nuair a bhíonn reachtaíocht á dréachtú. Féadann an Pharlaimint freisin a iarraidh ar LCA iniúchadh a dhéanamh a bhaineann le hábhar ar leith.
— EAGAR
CEANNASAÍ
UACHTARÁN
Ceapadh Marc Gengler in 2005.
TÉARMA OIFIGE
Sé bliana, in-athnuaite.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is é an tArd-Diúc a cheapann Uachtarán LCA ar mholadh ón bparlaimint as liosta iarrthóirí a bhíonn ullmhaithe aici.
COMHLACHT RIALAITHE
Tá LCA á rialú ag coláiste atá comhdhéanta den Uachtarán, den Leas-Uachtarán agus de thriúr cunsailéirí.
TÉARMA OIFIGE
Sé bliana, in-athnuaite.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is é an tArd-Diúc a cheapann comhaltaí choláiste LCA ar mholadh ón bparlaimint as liosta iarrthóirí a bhíonn ullmhaithe aici.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Déanann LCA cinntí ar bhonn coláisteachta trí vóta tromlaigh. Is é nó í an tUachtarán a fheidhmíonn mar chathaoirleach ar na cruinnithe, agus tá vóta réitigh aige nó aici sa chás go mbíonn cothrom vótála ann.
Tá rannóg iniúchóireachta agus rannóg riaracháin in LCA. Tá ceithre roinn iniúchóireachta sa rannóg iniúchóireachta agus tá duine de na Comhaltaí i gceannas ar gach roinn díobh.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 30 (2024)
- Cothromaíocht inscne: ♂ 66.7 %; ♀ 33.3 %
BUISÉAD
- 5.295 milliún euro (2024)
- Forálann buiséad an Stáit do chothabháil LCA bunaithe ar a chuid meastachán.
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Cinneann LCA a chlár oibre bliantúil go neamhspleách. Bíonn an nós imeachta pleanála socraithe ag coláiste LCA, a ghlacann an chlár oibre ag deireadh na bliana roimh bhliain an chláir.
Féadann an Pharlaimint a iarraidh ar LCA iniúchtaí a dhéanamh i réimsí áirithe.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Déanann LCA iniúchtaí airgeadais agus feidhmíochta.
I rith an phróisis iniúchóireachta, cuireann LCA a chuid fionnachtana faoi bhráid na n-eintiteas faoi iniúchóireacht agus is féidir leosan freagra a thabhairt air sin trí thrácht a dhéanamh laistigh de thréimhse socraithe ama sula ndéantar na tuarascálacha a chur faoi bhráid na Parlaiminte.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Foilsíonn LCA:
- tuarascáil ghinearálta ar chuntais an Stáit;
- tuarascálacha speisialta ar réimsí sonracha den bhainistiú airgeadais, arna n-ullmhú ag LCA as a stuaim féin nó má iarrann an pharlaimint air é sin a dhéanamh; agus
- tuairimí maidir le dréachtreachtaíocht agus maidir le bainistiú an bhuiséid.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
Cuireann LCA a chuid tuarascálacha bliantúla agus a chuid tuarascálacha speisialta faoi bhráid na Parlaiminte agus foilsíonn sé freisin ar a shuíomh gréasáin iad.
— COMHAR LE PÁIRTITHE EILE
Comhoibríonn LCA go dlúth leis na heintitis faoi iniúchóireacht agus leis na haireachtaí ábhartha.
MÁLTA
NATIONAL AUDIT OFFICE
![]() |
Ó 1997 Céadbhunaithe in 1814 Suíomh gréasáin: www.nao.gov.mt |
Ráiteas misin:
Cabhrú le cuntasacht, cuibhiúlacht agus dea-chleachtais a chur chun cinn in oibríochtaí rialtais.
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
Is í Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta (NAO) Mhálta an foras iniúchóireachta náisiúnta atá freagrach as iniúchóireacht sheachtrach a dhéanamh ar an rialtas láir agus ar rialtais áitiúla. Is í an fheidhm shainordaitheach atá ag NAO ná iniúchtaí airgeadais agus comhlíontachta a dhéanamh ar an rialtas láir.
Thairis sin, féadann sé iniúchtaí a dhéanamh ar ní ar bith a bhaineann le hairgeadas, maoin nó cistí an rialtais atá á riar ag aon roinn nó oifig rialtais nó atá faoina smacht.
Féadann NAO freisin iniúchóireacht a dhéanamh ar chuntais agus/nó gníomhaíochtaí na n-údarás poiblí nó na gcomhlachtaí poiblí a bhíonn ag riar cistí ar leis an rialtas go díreach nó go hindíreach iad, nó a shealbhaíonn nó a úsáideann na cistí sin. Thairis sin, féadann sé iniúchóireacht a dhéanamh ar oibríochtaí cuideachtaí nó eintiteas eile ina bhfuil scairshealbhaíocht tromlaigh ag an rialtas.
I gcomhréir le reachtaíocht NAO, tá sé de chumhacht aige iniúchtaí feidhmíochta a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar bharainneacht, ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht chláir, ar fheidhmeanna, ar thionscnaimh nó ar ghníomhaíochtaí eile na hearnála poiblí.
Tá NAO freagrach freisin as iniúchóireacht a dhéanamh ar rialtais áitiúla. Don chúram sin, dá bhrí sin, ceapann sé iniúchóirí príobháideacha chun iniúchóireacht a dhéanamh ar chomhairlí áitiúla, agus tugann sé tacaíocht theicniúil agus riaracháin dóibh.
Tá ceart rochtana ag NAO ar an bhfaisnéis go léir a mheastar a bheith riachtanach dó chun a chuid oibre a dhéanamh.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
- Bunreacht Mhálta: Airteagal 108 (1964)
- An tAcht um an Ard-Iniúchóir agus um an Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta (1997)
- Buanordú Uimh. 120 de chuid Theach na nIonadaithe (1995)
- An tAcht Rialtais Áitiúil (1995)
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
Déanann NAO iniúchóireacht orthu seo a leanas:
- aireachtaí: 21 (éigeantach);
- gach roinn agus oifig rialtais (éigeantach);
- rialtais áitiúla (éigeantach ó thaobh an Achta Rialtais Áitiúil de), faoi mar a shonraítear faoi ‘Sainordú’ anseo thuas;
- údaráis phoiblí nó comhlachtaí poiblí a riarann, a shealbhaíonn nó a úsáideann cistí ar leis an rialtas go díreach nó go hindíreach iad (níl sé seo éigeantach, mura rud é go bhforáiltear go sonrach dó i reachtaíocht ábhartha);
- comhlachtaí eile a shealbhaíonn nó a úsáideann cistí rialtais (níl sé seo éigeantach, mura rud é go bhforáiltear go sonrach dó i reachtaíocht ábhartha);
- cuideachtaí nó eintitis eile ina bhfuil scairshealbhaíocht tromlaigh ag an rialtas (níl sé seo éigeantach).
Nóta: Is é an dualgas príomha atá ar NAO ná iniúchtaí airgeadais agus comhlíontachta a dhéanamh ar an rialtas láir, agus is féidir leis iniúchóireacht de chineál ar bith a dhéanamh ar an rialtas láir agus ar na rialtais áitiúla chomh maith le comhlachtaí eile a shealbhaíonn nó a riarann cistí poiblí. Mar sin féin, is iniúchóirí san earnáil phríobháideach a dhéanann iniúchóireacht ar eintitis phoiblí agus eintitis eile nach den rialtas láir iad.
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Oifig iniúchóireachta, atá neamhspleách ar an rialtas agus faoi cheannas Ardiniúchóra.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
Is é NAO iniúchóir seachtrach an rialtais. Bíonn sé go hiomlán neamhspleách nuair a dhéanann sé iniúchtaí. Ní féidir leis an Ardiniúchóir a bheith faoi réir údarás ná rialú aon duine eile.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
Tuairiscíonn an tArdiniúchóir go díreach chuig Spéicéir Theach na nIonadaithe.
Is féidir leis an gCoiste Cuntas Poiblí (PAC) sa pharlaimint agus leis an Aire atá freagrach as an Airgeadas a iarraidh ar NAO fiosrúcháin a dhéanamh i dtaobh ní ar bith a thagann faoi réim a shainordaithe. Ó thaobh na reachtaíochta rialtais áitiúil de, féadann an tAire atá freagrach as gnóthaí rialtais áitiúil a iarraidh freisin ar an Ardiniúchóir imscrúduithe a dhéanamh ar na comhairlí áitiúla.
— EAGAR
CEANNASAÍ
ARD-INIÚCHÓIR
Rinneadh Charles Deguara a cheapadh den chéad uair an 30 Márta 2016. Rinneadh a théarma oifige a athnuachan an 30 Márta 2021.
TÉARMA OIFIGE
Cúig bliana, in-athnuaite uair amháin.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Déanann an tUachtarán, i gcomhréir le rún ó Theach na nIonadaithe le tacaíocht vótála ó dhá thrian ar a laghad de na Feisirí Parlaiminte, an tArdiniúchóir a cheapadh.
COMHLACHT RIALAITHE
Cé nach bhfuil aon chomhlacht rialaithe oifigiúil ann, bíonn Leas-Ardiniúchóir agus triúr Ardiniúchóirí Cúnta ina gcúnamh ag an Ardiniúchóir.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Déanann an tUachtarán, de réir an mhodha atá luaite anseo thuas, an tArdiniúchóir agus an Leas-Ardiniúchóir a cheapadh.
Déantar Ardiniúchóirí Cúnta a cheapadh trí ghairm ar iarratais, ar féidir leis an ngairm sin a bheith déanta go hinmheánach nó go seachtrach. Bíonn bord agallaimh inmheánach ann (ar a mbíonn comhalta amháin atá go hiomlán neamhspleách ar an NAO) a chuireann na hiarrthóirí don phost faoi agallamh agus a thuairiscíonn ar na hiarrthóirí sin. Ceapann an tArdiniúchóir an t-iarrthóir rathúil, ar mholadh ón mbord sin.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Tá NAO eagraithe ina cheithre rannóg, a bhfuil Ardiniúchóir Cúnta i gceannas ar na chéad trí cinn díobh. Is iad sin:
- Rannóg na hIniúchóireachta Airgeadais agus Comhlíontachta, atá freagrach as anailís a dhéanamh ar Thuarascáil Airgeadais an Rialtais agus as iniúchóireacht a dhéanamh ar líon áirithe aireachtaí agus ranna rialtais, ar na rialtais áitiúla agus ar líon áirithe eagraíochtaí neamhrialtasacha;
- Rannóg na hIniúchóireachta Feidhmíochta, atá freagrach as iniúchtaí feidhmíochta agus iniúchtaí i dtaobh luach ar airgead;
- Rannóg na nIniúchtaí Speisialta agus na nImscrúduithe Speisialta, atá freagrach as tuarascálacha imscrúdaitheacha ar gnách gurb é an Coiste Cuntas Poiblí nó an tAire atá freagrach as an Airgeadas a iarrann iad sin a dhéanamh;
- an Rannóg TFC, atá freagrach as iniúchtaí TF chomh maith le tacaíocht TF a thabhairt do rannóga iniúchóireachta eile na hOifige de réir mar a dhéanann siad a gcuid iniúchtaí féin.
Sa bhreis ar na rannóga iniúchóireachta sin, tá rannóg eile ann i.e. an rannóg airgeadais agus riaracháin atá faoi cheannas bainisteora. Tá an rannóg sin freagrach as nithe a bhaineann le hairgeadas, riarachán agus acmhainní daonna.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 58 i gcoibhéis lánaimseartha (Nollaig 2023) (a bhfuil 78 % díobh ag gabháil don iniúchóireacht)
- Cothromaíocht inscne: ♂ 41 %; ♀ 59 %. Meánaois: 46
BUISÉAD
- €4.2 milliún (2023)
- Tá buiséad NAO maoinithe go hiomlán as buiséad ginearálta Mhálta
- Thart ar 0.06 % de chaiteachas iomlán an rialtais
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Tá saorthoil ag NAO i dtaobh na hábhair iniúchóireachta a roghnaíonn sé. Féadann PAC agus an Aireacht atá freagrach as an Airgeadas a iarraidh freisin air imscrúduithe a bhaineann le cistí poiblí a dhéanamh. Cé go gcomhlíonann NAO na hiarrataí sin de ghnáth, níl oibleagáid air é sin a dhéanamh.
Ullmhaíonn NAO pleananna iniúchóireachta bliantúla, go príomha trí bhíthin liosta a thiomsú de na hiniúchtaí atá beartaithe aige don bhliain áirithe sin agus a ndéanann an tArdiniúchóir agus an Leas-Ardiniúchóir iad a fhormheas ansin.
Nuair a bhíonn na réimsí iniúchóireachta á roghnú aige le cur isteach sa chlár iniúchóireachta bliantúil, bíonn aird chuí ag NAO ar chritéir éagsúla, amhail na rioscaí a mheastar a bheith ag baint leis an ábhar, a mhéid atá an tsaincheist i mbéal an phobail, ábharthacht shóisialta agus airgeadais, nó a mhéid a bhfuil spéis ag an bparlaimint agus ag an rialtas, ag na meáin nó ag an bpobal ann. Tá córas measúnaithe riosca le haghaidh aireachtaí rialtais tugtha isteach le déanaí ag an Oifig. Tá sé seo á fhorbairt tuilleadh anois ionas go gclúdóidh sé corparáidí, gníomhaireachtaí poiblí agus eilimintí riosca eile. Fágann an cleachtas seo go bhfuil raon níos cothromaí d’iniúchtaí ann.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Déanann NAO iniúchtaí airgeadais, iniúchtaí comhlíontachta, iniúchtaí feidhmíochta, iniúchtaí imscrúdaitheacha agus iniúchtaí TF.
Foilsítear na tuarascálacha airgeadais agus comhlíontachta go bliantúil, tráth nach déanaí ná 12 mhí i ndiaidh dheireadh na bliana airgeadais (31 Nollaig). Foilsítear tuarascálacha eile a thúisce a bhíonn siad tugtha chun críche.
Sa bhreis air sin, déanann NAO achoimre bhliantúil ar fhionnachtana na dtuarascálacha iniúchóireachta ó iniúchóirí rialtais áitiúil a fhoilsiú ag deireadh na bliana (teideal: Tuarascáil ón Ard-Iniúchóir ar Fheidhmiú na Rialtas Áitiúil).
Déanann NAO a chuid iniúchtaí i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta ábhartha agus tá a chuid lámhleabhar iniúchóireachta féin aige le haghaidh iniúchtaí airgeadais, comhlíontachta agus feidhmíochta.
Thairis sin, mar threoir dá chuid oibre ar iniúchtaí feidhmíochta, leanann NAO an cur chuige atá ann don Anailís ar Shaincheisteanna agus Teacht ar Chonclúidí (IADC), trína ndéanann sé anailís ar an ábhar agus trína dtagann sé ar a chuid conclúidí féin.
Ar deireadh, tá a chód féin maidir le hiompar gairmiúil aige, a bhfuil ar a chuid fostaithe cloí leis.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Foilsíonn NAO:
- tuarascáil bhliantúil ar na cuntais phoiblí;
- tuarascáil bhliantúil ar fheidhmiú na rialtas áitiúil;
- tuarascálacha bliantúla ar iniúchtaí leantacha;
- tuarascáil bhliantúil NAO agus tuarascáil ar na ráitis airgeadais; agus
- tuarascálacha aonair i dtaobh iniúchtaí feidhmíochta, tuarascálacha imscrúdaitheacha, agus cineálacha eile de thuarascálacha iniúchóireachta nach bhfuil luaite anseo thuas.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
Déanann NAO a chuid tuarascálacha iniúchóireachta go léir agus tuarascálacha eile a chur faoi bhráid Spéicéir Theach na nIonadaithe. Bíonn achoimre feidhmiúcháin i ngach foilseachán ina dtugtar sintéis den tuarascáil agus a mbíonn preasráiteas ag gabháil leis ina bhfuil pointí suntasacha na tuarascála atá i gceist. Foilsíonn NAO a chuid tuarascálacha ar fad ar a shuíomh gréasáin agus ar a leathanach Facebook tar éis iad a chur faoi bhráid Spéicéir Theach na nIonadaithe.
— COMHAR LE PÁIRTITHE EILE
Bíonn caidreamh dlúth déthaobhach ag NAO le líon áirithe UFInna as Ballstáit an Aontais Eorpaigh. Chomh maith le bheith ina chomhalta de INTOSAI, EUROSAI agus Coiste Teagmhála an Aontais Eorpaigh, is comhalta freisin é de líonra Ard-Iniúchóirí an Chomhlathais.
Chomh maith leis sin, tá NAO rannpháirteach i roinnt líonraí idirnáisiúnta, go háirithe na líonraí sin atá sa ghrúpa oibre TF de chuid EUROSAI agus sa Ghrúpa Oibre ar Iniúchóireacht Chomhshaoil de chuid EUROSAI.
Bíonn sé ag comhoibriú le hOllscoil Mhálta agus is comhalta é, i gcáil ‘breathnóra’, de roinnt coistí rialtais.
AN OSTAIR
RECHNUNGSHOF
![]() |
Ó 1948 Céadbhunaithe in 1761 Suíomh gréasáin: www.rechnungshof.gv.at |
Ráiteas misin:
Neamhspleách, oibiachtúil agus ag fónamh duitse.
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
Is í Cúirt Iniúchóireachta na hOstaire (ACA) an t-uasfhoras iniúchóireachta neamhspleách ar an leibhéal feidearálach, cúige agus bardasach.
Fíoraíonn sí go bhfuil cistí an stáit á riar i gceart, agus áirítear leis sin caiteachas stáit ag institiúidí poiblí agus caiteachas stáit a bhíonn in úsáid ag institiúidí príobháideacha (ar bhonn na haonfhoirmeachta iniúchóireachta).
Déanann ACA grinnscrúdú chun a fháil amach an bhfuil na hacmhainní atá ar fáil á n-úsáid go barainneach, go héifeachtúil agus go héifeachtach. Sa bhreis ar iniúchtaí agus sainchomhairliúcháin – an fheidhm straitéiseach is tábhachtaí atá aige – comhlíonann ACA cúraimí eile atá ábhartha don bheartas poiblí agus do líon áirithe feidhmeanna nótaire.
Cinneann ACA cad iad na cineálacha, téamaí agus modheolaíochtaí iniúchóireachta a úsáidfidh sé, agus déanann sé é sin as a stuaim féin agus go neamhspleách.
Tá sainordú de réir an bhunreachta ag ACA le hiniúchtaí speisialta a dhéanamh. Mar shampla:
- bunaithe ar rún ó Pharlaimint Chónaidhme na hOstaire nó ó cheann de na parlaimintí cúige;
- má iarrann comhaltaí Pharlaimint Chónaidhme na hOstaire nó comhaltaí cheann de na parlaimintí cúige air é sin a dhéanamh; agus
- bunaithe ar iarraidh réasúnaithe ó rialtas na Cónaidhme, ó rialtas cúige nó ó Aire den Chónaidhm.
Cuireann an Bunreacht teorainn leis an líon iarrataí den sórt sin is féidir a dhéanamh, chun neamhspleáchas phleanáil iniúchóireachta ACA a áirithiú.
Sa bhreis air sin, gabhann ACA cúraimí speisialta agus tábhachtacha chuige féin, ar nós:
- na ráitis airgeadais feidearálacha a thiomsú;
- oibriú ar an ráiteas maidir le fiacha airgeadais;
- athbhreithniú ar dhréacht-dhlíthe agus ar dhréacht-rialacháin;
- tascanna faoin Acht um Neamhréireacht agus faoin Acht um Theorannú Ioncaim;
- tascanna a bhaineann le páirtithe polaitiúla agus toghcháin;
- tascanna a bhaineann leis an tuarascáil maidir le meánioncaim agus pinsin scoir a íocann fiontair agus gníomhaireachtaí rialtas na Cónaidhme; agus ar deireadh
- tuairimí saineolais a chur ar fáil do phainéil eadrána, de réir Chomhshocrú Cobhsaíochta 2012.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
Tá gníomhaíochtaí, feidhmeanna, eagar agus staid ACA á rialú acu seo a leanas:
- Caibidil VII de Dhlí Bunreachtúil na Cónaidhme (1920);
- Acht na Cónaidhme um Chúirt Iniúchóireachta na hOstaire (an tAcht um Chúirt Iniúchóireachta na hOstaire 1948 – RHG);
- an tAcht um an gCúirt Bhunreachtúil (mura mbíonn ACA agus eintiteas dlíthiúil ar aon intinn faoi chumhachtaí agus cearta, is féidir le ACA a iarraidh ar an gCúirt Bhunreachtúil cinneadh a dhéanamh);
- Dlí na Cónaidhme maidir le Rialacha Nós Imeachta na Comhairle Náisiúnta (rialaíonn na parlaimintí cúige rannpháirtíocht thábhachtach straitéiseach ACA i gcruinnithe coiste agus i seisiúin iomlánacha);
- an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (tá sé infheidhme go díreach maidir le hiniúchóireacht ar acmhainní comhphobail an Aontais agus maidir le comhar le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa).
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
Déanann ACA iniúchóireacht ar ghnóthaí airgeadais (i.e. gníomhaíochtaí airgeadais) na nithe seo a leanas:
- an stát, na cúigí, comhlachais bhardasacha, bardais le níos mó ná 10 000 áitritheoir iontu agus eintitis eile atá sainithe le dlí;
- fondúireachtaí, cistí agus forais atá á riar ag institiúidí feidearálacha, cúige nó bardasacha nó ag daoine aonair ar cuid d’institiúid fheidearálach, chúige nó bhardasach iad na daoine sin;
- eagraíochtaí atá á rialú ar bhonn de facto ag an stát, ag cúige nó ag bardas le 10 000 áitritheoir ar a laghad iontu, nó go sealbhaíonn siad 50 % ar a laghad den chaipiteal scaireanna, stoic nó cothromais, nó atá á n-oibriú ag an stát, ag cúige nó ag bardas, bíodh sé sin ina n-aonar nó in éineacht le páirtithe conarthacha eile;
- eintitis fheidearálacha, chúige nó bhardasacha a bhaineann úsáid as cistí feidearálacha, cúige nó bardasacha;
- comhlachtaí árachais shóisialta agus comhlachais reachtúla d’fhostóirí, fostaithe agus gairmithe (cumainn lucht trádála); agus
- eintitis dhlíthiúla atá bunaithe le dlí, e.g. ORF (Corparáid Chraoltóireachta na hOstaire).
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Samhail ar leith, atá faoi cheannas Uachtaráin agus a dhéanann iniúchóireacht ar an leibhéal feidearálach, cúige agus bardasach de réir mhúnla Westminster.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
Is é ACA Uasfhoras Iniúchóireachta na hOstaire agus tuairiscíonn sé go díreach chuig an bparlaimint náisiúnta. Gníomhaíonn sé:
- mar ghníomhaire don pharlaimint náisiúnta i nithe a bhaineann le riarachán feidearálach cistí poiblí agus le riarachán airgeadais comhlachais gairmiúla reachtacha faoi údarás feidhmiúcháin Chónaidhm na hOstaire;
- mar ghníomhaire do na parlaimintí cúige a bhfuil lámh acu i nithe a bhaineann leis na cúigí, le comhlachais bhardasacha agus le riarachán bardasach cistí poiblí, chomh maith le riarachán airgeadais na gcomhlachas gairmiúil reachtach faoi údarás feidhmiúcháin na gcúigí.
Tá ACA neamhspleách ar rialtas na Cónaidhme agus ar na rialtais chúige, agus níl sé faoi réir aon rud eile ach forálacha an dlí. Dá réir sin, is cuid de chraobh reachtach na tíre é.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
Bíonn Uachtarán ACA i gcumarsáid dhíreach agus phearsanta leis an bparlaimint náisiúnta agus a coistí nó is féidir leis nó léi cumarsáid a dhéanamh trí ghníomhaire atá údaraithe chuige sin aige nó aici.
Tá Uachtarán ACA i dteideal páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí sa pharlaimint náisiúnta agus ina coistí nó fochoistí ar na nithe seo a leanas: tuarascálacha ACA, cuntais chríochnaitheacha bhuiséad na Cónaidhme, tairiscintí i gcomhair rúin i dtaca le gníomhaíochtaí sonracha i scrúdú ACA ar riarachán cistí poiblí a chur chun feidhme, agus na foranna d’Acht Airgeadais na Cónaidhme a bhaineann le ACA.
I gcomhréir le forálacha mionsonraithe de Dhlí na Cónaidhme maidir le Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte Náisiúnta, tá Uachtarán ACA i dteideal i gcónaí éisteacht a fháil i ndíospóireachtaí ar na nithe sin ata liostaithe anseo thuas aon uair a iarrann sé nó sí amhlaidh.
Déanann ACA tuarascáil bhliantúil ar a chuid gníomhaíochtaí a chur faoi bhráid na parlaiminte náisiúnta, na bparlaimintí cúige agus na gcomhairlí bardasacha. Is féidir leis a bhreathnuithe ar nithe aonair a thuairisiciú chuig an bparlaimint náisiúnta, chuig na parlaimintí cúige agus chuig na comhairlí bardasacha ag am ar bith agus, más gá, féadfaidh sé moltaí a dhéanamh. Cuireann ACA rialtas na Cónaidhme ar an eolas faoina thuarascálacha go léir ag an am céanna a chuireann sé faoi bhráid na parlaiminte náisiúnta iad.
Thairis sin, tá buanchoiste ceaptha ag an bparlaimint náisiúnta chun tuarascálacha ACA a phlé. Déantar ceapachán an bhuanchoiste sin de réir phrionsabal na hionadaíochta cionmhaire.
— EAGAR
CEANNASAÍ
UACHTARÁN
Rinneadh Margit Kraker a cheapadh an 1 Iúil 2016.
TÉARMA OIFIGE
12 bhliain, neamh-inathnuaite.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Déantar Uachtarán ACA a thoghadh ar thogra ó Phríomh-Choiste na parlaiminte náisiúnta. Sula sealbhaíonn an tUachtarán an oifig, déanann Uachtarán na Cónaidhme é nó í a chur faoi mhionn.
Ní fhéadfaidh Uachtarán ACA a bheith ina chomhalta nó ina comhalta de chomhlacht ginearálta ionadaíochta ná de Pharlaimint na hEorpa ná ní fhéadfaidh duine oifig an uachtarán a shealbhú má bhí sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta de rialtas na Cónaidhme nó de rialtas cúige ag aon am le cúig bliana roimhe sin.
Maidir le cuntasacht, tá an stádas céanna ag Uachtarán ACA agus atá ag comhaltaí de rialtas na Cónaidhme nó ag comhaltaí den rialtas cúige lena mbaineann, ag brath ar an ngníomhaíonn ACA mar oifigeach feidhmiúcháin den pharlaimint náisiúnta nó de cheann de na parlaimintí cúige.
COMHLACHT RIALAITHE
Níl aon chomhlacht rialaithe ag ACA. Is ag an Uachtarán, go huile agus go hiomlán, atá an t-údarás cinnteoireachta.
Níl aon Leas-Uachtarán buan ar ACA. Más rud é nach mbíonn an tUachtarán in ann a chuid nó a cuid freagrachtaí a chur i gcrích, is é nó í an t-oifigeach is sinsearaí in ACA a dhéanann ionadaíocht air nó uirthi. Bíonn sé seo i gceist freisin aon uair a thagann oifig an Uachtaráin chun beith folamh.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Tá ACA eagraithe i gcúig rannán agus dhá aonad (aon rannán bainistíochta agus riaracháin amháin agus ceithre rannán iniúchóireachta, chomh maith le haonad na bpáirtithe agus na hiniúchóireachta comhlíontachta, agus aonad na hiniúchóireachta ar rialú, pleanáil agus tionchar). Tá na rannáin iniúchóireachta comhdhéanta de dhá fho-aonad iniúchóireachta an ceann, ina bhfuil trí nó ceithre roinn iniúchóireachta grúpáilte ar bhonn téamach. Tá aonad na bpáirtithe agus na comhlíontachta comhdhéanta de dhá rannán iniúchóireachta.
Leis an struchtúr eagraíochtúil sin, is féidir pleanáil straitéise agus iniúchóireachta idir-rannánach a dhéanamh, is féidir an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní trí fhoirne iniúchóireachta atá solúbtha agus comhoibritheach, agus déantar malartú eolais idir-rannánach a chothú agus a fheabhsú.
Cruthaíodh 'Ionaid Barr Feabhais' i ngach aonad agus rannán. Tá gach ionad barr feabhais freagrach as réimse téamach trasearnálach, a bhfuil sé mar aidhm aige saineolas a fhorbairt, an t-eagar eolais a chomhdhlúthú, agus an sreabhadh faisnéise laistigh de ACA a áirithiú. Seo a leanas samplaí de réimsí trasearnálacha: bainistíocht cháilíochta, anailís sonraí, bainistíocht agus cosc géarchéime, bainistíocht tionscadal tógála agus dlí soláthair phoiblí, oibleagáidí idirnáisiúnta aeráide agus comhshaoil, an córas airgeadais agus airgeadas poiblí in-athnuaite, calaois a chosc, agus bainistíocht chomhlíontachta agus riosca.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 283 (1 Eanáir 2024) (thart ar 78 % ag gabháil don iniúchóireacht)
- Cothromaíocht Inscne: ♂ 48.7 %; ♀ 51.3 %. Meánaois: 48.5
BUISÉAD
- 42.2 milliún euro (2023)
- 0.04 % de bhuiséad iomlán an rialtais
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Pleanálann ACA a chuid oibre ar bhonn bliantúil.
San Ostair, d’fhéadfaí a iarraidh freisin ar ACA iniúchóireachtaí speisialta a dhéanamh. Tá sé sin bunaithe ar rún ón gComhairle Náisiúnta nó ó pharlaimint cúige, nó ó chomhaltaí den Chomhairle Náisiúnta nó de pharlaimint cúige, nó má thagann iarraidh réasúnach ó rialtas na Cónaidhme, ó rialtas cúige nó ó Aire den Chónaidhm. Cuireann an Bunreacht teorainn, áfach, leis an líon iarrataí is féidir a dhéanamh chun neamhspleáchas phleanáil iniúchóireachta ACA a áirithiú.
Amhail ó 2017, chuir ACA tús le tionscnamh chun rannpháirteachas an phobail a spreagadh den chéad uair trí Facebook. Iarradh ar shaoránaigh páirt a ghlacadh i bhforbairt na dtopaicí iniúchóireachta trí thopaicí a raibh spéis acu iontu a mholadh. Rinneadh a gcuid moltaí a bhreithniú aon uair ab fhéidir sa phróiseas pleanála iniúchóireachta agus pléadh iad sa chomhdháil bhliantúil maidir le pleanáil iniúchóireachta.
Déanann ACA isteach agus amach le 70 iniúchadh gach bliain, ar an leibhéal feidearálach, cúige agus bardasach.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Is iad na critéir iniúchóireachta atá ag ACA ná prionsabail dhlíthiúla na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta, ar bhonn rialtachta agus dlíthiúlachta.
Déanann ACA iniúchtaí ina bhfuil teaglaim díobh seo a leanas:
- iniúchtaí feidhmíochta; agus
- iniúchtaí airgeadais.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Déanann ACA a chuid tuarascálacha a thíolacadh ar an leibhéal feidearálach, cúige agus bardasach.
Sa bhreis air sin, foilsíonn ACA tuarascálacha:
- i ndáil le himscrúdú agus meastóireacht saincheisteanna;
- a chuireann béim ar fheabhsúcháin a d’fhéadfaí a dhéanamh agus a dhéanann cainníochtú ar na feabhsúcháin sin;
- a leagann síos saincheisteanna airgeadais agus a dhéanann cainníochtú orthu; agus
- ina n-eisítear moltaí nithiúla is féidir a chur chun feidhme.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
Craobhscaoileann ACA a chuid foilseachán:
- ar a shuíomh gréasáin;
- ar na meáin shóisialta;
- i bpreasráitis.
— COMHAR LE PÁIRTITHE EILE
Ar an leibhéal náisiúnta, comhoibríonn ACA leis na forais iniúchóireachta cúige chun a gcuidsean pleananna iniúchóireachta bliantúla a chomhordú.
Ó 1963, is é ACA atá i mbun chúram na hArd-Rúnaíochta in INTOSAI.
AN PHOLAINN
NAJWYŻSZA IZBA KONTROLI
![]() |
Ó 1919 Céadbhunaithe in 1809 Suíomh gréasáin: www.nik.gov.pl |
Ráiteas misin:
Iniúchóireacht neamhspleách agus ghairmiúil a dhéanamh ar chúraimí poiblí chun leasa na saoránach agus an stáit.
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
Déanann an Uasoifig Iniúchóireachta (NIK) iniúchóireacht ar ghníomhaíochtaí chomhlachtaí riaracháin an rialtais, Bhanc Náisiúnta na Polainne, daoine dlítheanacha stáit agus aonaid eagraíochtúla stáit eile i ndáil le dlíthiúlacht, stuamacht eacnamaíoch, éifeachtúlacht agus dícheall. Féadann NIK iniúchóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht na gcomhlachtaí rialtais áitiúil, ar eintitis dhlíthiúla rialtais áitiúil agus ar aonaid eagraíochtúla rialtais áitiúil eile i ndáil le dlíthiúlacht, stuamacht eacnamaíoch agus dícheall.
Féadann NIK freisin iniúchóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht aonaid eagraíochtúla agus eintitis ghnó eile i ndáil le dlíthiúlacht agus rialtacht faoi réir an úsáid a bhaineann siad as maoin nó acmhainní stáit nó poiblí agus i ndáil lena n-oibleagáidí airgeadais i leith an stáit a chomhlíonadh.
Tá NIK i dteideal rochtain a fháil ar an bhfaisnéis go léir a theastaíonn uaidh, agus tá saor-rochtain ag a fhoireann ar áitreabh na gcomhlachtaí faoi iniúchóireacht agus tá an ceart acu doiciméid ábhartha agus ábhair eile a scrúdú. Féadann NIK agallamh a chur ar fhinnéithe ón eintiteas faoi iniúchóireacht nó ó chomhlachtaí eile, tá cead aige fianaise a fháil uathu agus mínithe ó bhéal nó i scríbhinn a iarraidh ar fhoireann na gcomhlachtaí faoi iniúchóireacht. Féadann sé cúnamh a lorg ar shaineolaithe agus speisialtóirí agus páirt a ghlacadh i gcruinnithe bainistíochta na n-eintiteas faoi iniúchóireacht.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
Bunreacht Phoblacht na Polainne an 2 Aibreán 1997 An tAcht maidir leis an Uas-Oifig Iniúchóireachta (arna leasú) (Acht NIK) an 23 Nollaig 1994.
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
I measc nithe eile, déanann NIK iniúchóireacht orthu seo a leanas:
- aonaid bhuiséadacha (e.g. aireachtaí agus gníomhaireachtaí stáit);
- cistí spriocdhírithe an stáit;
- gníomhaireachtaí na feidhmeannachta agus eintitis dhlíthiúla stáit eile ón earnáil airgeadais phoiblí;
- bainc an stáit, lena n-áirítear Banc Náisiúnta na Polainne;
- comhlachtaí féinrialtais áitiúla;
- eintitis eile a thabhaíonn caiteachas poiblí, lena n-áirítear aonaid lasmuigh den earnáil airgeadais phoiblí.
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Oifig iniúchóireachta, faoi cheannas Uachtaráin agus a ghníomhaíonn faoi phrionsabal na coláisteachta. Ciallaíonn sé sin go bhfuil comhlacht speisialta ann, ar a dtugtar Coláiste NIK, a bhíonn ag gabháil don phróiseas chun na doiciméid is tábhachtaí a fhormheas agus a ghlacadh.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
Is uaschomhlacht iniúchóireachta stáit é NIK, atá neamhspleách ar an rialtas ach faoi údarás Theach na nIonadaithe.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
Tuairiscíonn NIK chuig Teach na nIonadaithe agus comhoibríonn sé le beagnach gach ceann de choistí Theach na nIonadaithe, a dhéanann tromlach thuarascálacha iniúchóireachta NIK a athbhreithniú de réir raon feidhme a gcuid oibríochtaí. Déanann an Coiste Iniúchóireachta Stáit i dTeach na nIonadaithe athbhreithniú freisin ar thuarascálacha iniúchóireachta NIK agus soláthraíonn sé tuairimí maidir le buiséad NIK agus déanann sé moltaí i dtaobh réimsí iniúchóireachta a bhféadfadh NIK tabhairt fúthu bunaithe ar iarrataí chuige sin a fhaigheann sé ó choistí eile i dTeach na nIonadaithe (40-60 in aghaidh na bliana). Cuireann NIK a phlean oibre bliantúil in iúl don Choiste Iniúchóireachta Stáit chomh maith.
Déanann Teach na nIonadaithe athbhreithniú ar phríomhthuarascálacha NIK: an tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí agus anailís ar fhorghníomhú bhuiséad an stáit agus treoirlínte maidir leis an mbeartas airgeadaíochta.
Is féidir le Teach na nIonadaithe agus a chomhlachtaí a ordú do NIK iniúchtaí a dhéanamh, ach is annamh a tharlaíonn sé sin (1-3 in aghaidh na bliana).
— EAGAR
CEANNASAÍ
UACHTARÁN
Chuaigh Marian Banaś i gceann oifige an 30 Lúnasa 2019.
Faigheann an tUachtarán tacaíocht ó thriúr Leas-Uachtarán agus ón Ard-Stiúrthóir.
TÉARMA OIFIGE
Sé bliana, in-athnuaite uair amháin.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Arna cheapadh nó arna ceapadh ag Teach na nIonadaithe ar thoiliú an tSeanaid (Teach Uachtarach na Parlaiminte) ar iarraidh ó Spéicéir Theach na nIonadaithe nó ó ghrúpa de 35 Fheisire Parlaiminte ar a laghad.
COMHLACHT RIALAITHE
Is iad an tUachtarán agus an Chomhairle a chomhdhéanann comhlacht rialaithe NIK. Is comhlacht coláisteach atá ann ina bhfuil 19 gcomhalta: Uachtarán NIK, Leas-Uachtaráin, an tArdstiúrthóir, agus 14 chomhalta, i.e. seachtar den aos acadúil sa dlí nó sa gheilleagar (atá neamhspleách ar NIK) agus seachtar as measc stiúrthóirí na n-aonad iniúchóireachta eagraíochtúla nó na gcomhairleoirí d’Uachtarán NIK.
TÉARMA OIFIGE
Fónann an tUachtarán, na Leas-Uachtaráin agus an tArdstiúrthóir ar Chomhairle NIK ar feadh ré a dtionachta, cé go ndéantar na comhaltaí eile a cheapadh go ceann téarma trí bliana a fhéadfar a athnuachan.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is é nó í Maor (Spéicéir) Theach na nIonadaithe a cheapann 14 chomhalta Chomhairle NIK arna iarraidh sin air nó uirthi ag Uachtarán NIK tar éis tuairim a fháil ina thaobh sin ó Choiste Iniúchóireachta Stáit Theach na nIonadaithe.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Tá NIK eagraithe in aonaid iniúchóireachta (14 roinn agus 16 chraobh réigiúnacha) agus i ranna riaracháin agus tacaíochta (4). Freagraíonn na críocha oibríochtúla atá ag craobhacha réigiúnacha ar leith – a bhfuil an stádas céanna acu le ranna iniúchóireachta – do rannáin riaracháin na Polainne (réigiúin).
Déanann Uachtarán NIK nó duine de na Leas-Uachtaráin maoirseacht ar na hiniúchtaí a dhéanann na ranna iniúchóireachta agus na craobhacha réigiúnacha.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 1 587 i gcoibhéis lánaimseartha (2022) (a bhfuil 71 % díobh ag gabháil don iniúchóireacht)
- Cothromaíocht inscne: ♂ 52 %; ♀ 48 %. Meánaois: os cionn 41 (iniúchóirí)
BUISÉAD
- Buiséad NIK: PLN 332 mhilliún/thart ar 71 mhilliún euro (Nollaig 2022)
- Leithdháileadh: glacann Comhairle NIK dréachtbhuiséad NIK. Déanann an tAire Airgeadais é a chur isteach i ndréachtbhuiséad an stáit, agus ansin pléann an pharlaimint é agus formheasann sí é.
- Thart ar 0.067 % de bhuiséad iomlán an rialtais
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Pleanálann NIK a chuid iniúchtaí ar bhonn straitéis ceithre bliana, ina n-áirítear pleananna forbartha, an misean, na cuspóirí agus tionscnaimh straitéiseacha, na meáin chun an dul chun cinn ar chur chun feidhme na dtionscnamh sin a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu, agus straitéis ghníomhaíochta trí bliana don iniúchóireacht, chomh maith le straitéis ghníomhaíochta ar an bplean oibre bliantúil. Tá tosaíocht sa phleanáil iniúchóireachta ag an iniúchadh ar fhorghníomhú bhuiséad an stáit, arb é sin an dualgas príomha, bunreachtúil agus reachtach atá ar NIK.
Tagann an plean oibre as próiseas pleanála ilchéime a mhaireann roinnt míonna. Déanann an grúpa pleanála iniúchóireachta dréacht den phlean oibre a tharraingt suas, bunaithe ar thopaicí iniúchóireachta roghnaithe a bhíonn molta ag na haonaid iniúchóireachta eagraíochtúla. Freastalaíonn comhaltaí an ghrúpa ar chruinnithe le hionadaithe ó na haonaid iniúchóireachta eagraíochtúla go léir chun moltaí na n-aonad sin a phlé. Bíonn sraith pléití inmheánacha ann freisin ar thopaicí iniúchóireachta a bhíonn curtha isteach ag stiúrthóirí na n-aonad iniúchóireachta eagraíochtúla, ag abhcóidí Uachtarán NIK agus ag iniúchóirí eile. Déantar dréacht den phlean oibre a chur ar aghaidh ansin chuig an gCoiste Stiúrtha, a bhfuil an t-údarás aige leasuithe breise a dhéanamh. Tá an Coiste Stiúrtha i gceannas freisin ar shocruithe teicniúla agus eagraíochtúla a dhéanamh don phlean oibre bliantúil.
Déanann NIK faireachán ar athruithe reachtacha, déanann sé staidéar ar shonraí staidrimh agus scrúdaíonn sé pleananna agus cláir an rialtais, chomh maith le preasráitis agus gearáin ó shaoránaigh. Cuireann an faireachán sin go mór leis an bpleanáil bhliantúil agus fhadtéarmach. Ar an mbonn sin, is féidir leis plean oibre a fhorbairt agus tosaíochtaí iniúchóireachta a shainiú.
Sula roghnaítear na réimsí a bheidh molta don iniúchóireacht, bíonn anailís chuimsitheach rioscaí ann bunaithe, i measc nithe eile, ar thuarascálacha agus foilseacháin ó institiúidí idirnáisiúnta (amhail ECFE, an Banc Domhanda, Comhairle an Aontais Eorpaigh nó Cúirt Iniúchóirí na hEorpa), ar dhoiciméid straitéise náisiúnta, ar phleananna airgeadais na hearnála poiblí, ar staidreamh, ar ghearáin a bhíonn faighte ag NIK, ar thorthaí pobalbhreitheanna agus ar thuairiscí sna meáin.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Déanann NIK iniúchtaí airgeadais, rialtachta agus feidhmíochta (idir iniúchtaí pleanáilte agus iniúchtaí ad hoc), chomh maith le hiniúchtaí comhtháite a chuimsíonn gach ceann de na trí réimse sin.
Úsáideann NIK caighdeáin iniúchóireachta atá bunaithe ar dhlí na Polainne, Caighdeáin Iniúchóireachta INTOSAI, na Treoirlínte Cur Chun Feidhme Eorpacha i gcomhair Chaighdeáin Iniúchóireachta INTOSAI, Caighdeáin Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí (IFAC) agus a thaithí seanbhunaithe féin.
Tá treoirlínte modheolaíochta (lámhleabhar iniúchóireachta) ann bunaithe ar na caighdeáin sin, a thugann treoracha mionsonraithe faoin gcaoi le hiniúchadh a sheoladh.
Tá Cód Eitice NIK ag teacht le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta acu.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Foilsíonn NIK:
- anailísí ar fhorghníomhú bhuiséad an stáit agus ar threoirlínte don bheartas airgeadaíochta (tuarascáil bhliantúil);
- tuairimí maidir le formheasanna, a dhírítear chuig Comhairle na nAirí;
- ráitis iar-iniúchóireachta (tuarascálacha i ndiaidh iniúchtaí ar eintitis aonair);
- tuarascálacha achoimre ar na hiniúchtaí go léir atá pleanáilte agus ar chuid de na hiniúchtaí ad hoc (faisnéis ar thorthaí iniúchta);
- Tuarascálacha Bliantúla maidir le Gníomhaíochtaí;
- anailísí ar an úsáid a bhaintear as fionnachtana iniúchóireachta maidir le déanamh an dlí agus maidir le cur i bhfeidhm an dlí;
- Pleananna Oibre Bliantúla.
Déanann NIK na nithe seo a leanas a tharraingt suas chomh maith:
- tograí le haghaidh leasuithe reachtacha (tograí de lege ferenda);
- anailísí ar iarrataí agus gearáin ó shaoránaigh.
Torthaí iniúchta leantacha:
- Cuireann NIK a chuid fionnachtana agus moltaí in iúl do na heintitis faoi iniúchóireacht agus déanann sé seiceáil rialta ag féachaint an bhfuil obair leantach á déanamh ina leith sin. Cuirtear torthaí na seiceálacha sin i láthair i dtuarascálacha iardain.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
FOILSIÚ NA dTORTHAÍ INIÚCHÓIREACHTA
Foilsíonn NIK a thuarascálacha iniúchóireachta, doiciméid ghaolmhara agus faisnéis faoina ghníomhaíochtaí reatha ar a shuíomh gréasáin (www.nik.gov.pl) agus tríd an bhFeasachán Faisnéise Poiblí (https://bip.nik.gov.pl/).
TUAIRISCIÚ SNA MEÁIN
Tá beartas faisnéise gníomhach ar siúl ag NIK le blianta a chuireann an t-eolas is oibiachtúla agus is leithne faoi iniúchtaí agus gníomhaíochtaí NIK os comhair an phobail.
IDIRGHNÍOMHAÍOCHT LE SAORÁNAIGH
Tá oibleagáid dhlíthiúil ar NIK faisnéis a sholáthar maidir lena fheidhmiú, a ghníomhaíochtaí, a tháirgí etc. agus ligeann sé do shaoránaigh iarrataí a chur isteach e.g. iarrataí ar iniúchtaí a dhéanamh. Cuirtear gach tuarascáil iniúchóireachta (seachas cinn atá faoi rún) suas ar shuíomh gréasáin NIK. Foilsíonn NIK tréimhseachán gach dhá mhí ar a dtugtar “Iniúchóireacht Stáit”.
— COMHAR LE PÁIRTITHE EILE
Oibríonn NIK go dlúth le comhlachtaí rialaithe, iniúchóireachta agus cigireachta eile – idir náisiúnta agus áitiúil. Tugann na comhlachtaí sin torthaí a gcuid iniúchtaí féin do NIK agus i gcomhar le chéile seolann siad iniúchtaí áirithe faoi bhainistíocht NIK.
Comhoibríonn NIK go rialta le hollscoileanna agus le hinstitiúidí taighde agus lorgaíonn sé comhairle go córasach ar speisialaithe seachtracha, lena n-áirítear trí phainéil saineolaithe a chur ar bun.
AN PHORTAINGÉIL
TRIBUNAL DE CONTAS
![]() |
Ó 1849 Céadbhunaithe in 1389 Suíomh gréasáin: www.tcontas.pt |
Ráiteas misin:
Feabhas a chur ar bhainistiú airgeadais na gcistí poiblí trí chuntasacht agus trédhearcacht a chur chun cinn agus dliteanas airgeadais a fhorfheidhmiú. Gníomhaíonn an Chúirt Iniúchóireachta (Tribunal de Contas) mar chaomhnóir neamhspleách leasanna airgeadais na saoránach trí thuairisc a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil a gcuid airgid á chaitheamh.
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
I gcomhréir leis an mBunreacht agus leis an dlí, déanann Cúirt Iniúchóireachta na Portaingéile (TCP) an méid seo a leanas:
- rialú ar dhlíthiúlacht agus rialtacht an ioncaim agus an chaiteachais phoiblí agus an fhiachais phoiblí;
- tuairim a eisiúint maidir le Cuntais Ghinearálta an Stáit agus maidir le Cuntais na Réigiún Féinrialaitheach, agus ó 2023 ar aghaidh tabharfaidh sé deimhniú i ndáil le Cuntais Ghinearálta an Stáit;
- measúnú ar bhainistiú an airgeadais phoiblí; agus
- dliteanais airgeadais a fhorfheidhmiú.
Tá ceart rochtana ag TCP ar an bhfaisnéis go léir a meastar a bheith riachtanach dó agus ní mór do na heintitis faoi iniúchóireacht comhoibriú leis.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
- Bunreacht Phoblacht na Portaingéile (1976): Airteagail 107, 209(c), 214 agus 216;
- An Dlí um Eagar agus Feidhmiú na Cúirte Iniúchóireachta: Dlí 98/97 an 26 Lúnasa 1997;
- An Creat-Dlí um an mBuiséad: Dlí 151/2015 an 11 Meán Fómhair 2015, Airteagal 66 (6).
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
Déanann TCA iniúchóireacht orthu seo a leanas:
- an Stát agus ranna éagsúla an Stáit;
- réigiúin fhéinrialaitheacha na nAsór agus Mhaidéara agus na ranna éagsúla ansin;
- údaráis áitiúla agus a gcomhlachais nó a gcónaidhmeanna, lena n-áirítear limistéir mheitreapholaiteacha;
- forais phoiblí;
- institiúidí slándála sóisialta;
- comhlachais phoiblí, comhlachais d’eintitis phoiblí nó comhlachais d’eintitis mheasctha a bhfuil gné phoiblí agus gné phríobháideach ag roinnt leo agus a fhaigheann formhór a gcistí ó eintitis phoiblí nó atá faoi rialú bainistíochta eintiteas poiblí;
- cuideachtaí faoi úinéireacht stáit;
- cuideachtaí réigiúnacha;
- cuideachtaí idirbhardasacha agus bardasacha;
- eintiteas ar bith a bhfuil cistí poiblí i gceist leo, bíodh sin trí dheontas a fháil nó iad faoi pháirt-úinéireacht an Stáit;
- cuideachtaí a bhfuil sé de chúram orthu cuideachtaí faoi úinéireacht stáit a bhainistiú, nó cuideachtaí a bhfuil scair de chaipiteal poiblí acu nó cuideachtaí measctha le gné phríobháideach agus gné phoiblí atá á rialú ag an earnáil phoiblí, cuideachtaí a bhfuil seirbhísí poiblí de chúram orthu nó a bhainistíonn seirbhísí poiblí, agus cuideachtaí a bhfuil oibreacha poiblí de chúram orthu; agus
- eintitis eile a thairbhíonn de chistí poiblí nó a bhainistíonn cistí poiblí.
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Cúirt choláisteachta le feidhmeanna iniúchóireachta agus dlínse mar mhúnla aige agus é comhdhéanta d’Uachtarán agus 18 gComhalta (breithiúna leis an stádas céanna le breithiúna Cúirte Uachtaraí).
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
I gcomhréir leis an mBunreacht, is cúirt uachtarach é TCP agus, dá réir sin, is comhlacht ceannasach é ar aon leibhéal le hUachtarán na Poblachta, leis an bparlaimint, leis an rialtas agus le cúirteanna eile. Is é an t-uasfhoras iniúchóireachta neamhspleách é atá i gceannas ar rialú/iniúchóireacht airgeadais sheachtrach a dhéanamh trí sheiceáil a dhéanamh ar an gcaoi a mbíonn an rialtas ag forghníomhú Bhuiséad an Stáit.
Maidir le Comhaltaí TCP, ós rud é gur breithiúna iad, ní féidir iad a chur as oifig agus níl siad faoi dhliteanas ag a mbreithiúnais – ach go bhforáiltear le dlí d’eisceachtaí áirithe.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
Tá TCP neamhspleách ar gach institiúid eile. Tá nósanna imeachta comhair leagtha síos sa reachtaíocht, áfach, a chuimsíonn an méid seo a leanas ach gan é a bheith teoranta dó:
- féadfaidh an pharlaimint agus an rialtas a iarraidh ar TCP tabhairt faoi iniúchóireacht ar eintitis ar leith nó ar ábhair airgeadais, ach níl sé éigeantach do TCP an ghníomhaíocht a iarrtar a dhéanamh;
- féadfaidh an pharlaimint a iarraidh tuarascálacha atá déanta a sheoladh chuici;
- féadfaidh an pharlaimint a iarraidh ar TCP an fhaisnéis a fuair sé i ndéanamh a chuid iniúchtaí dó a roinnt léi; agus
- is iondúil go ndéantar tuarascálacha iniúchóireachta TCP agus a thuarascáil bhliantúil a fhoilsiú agus a sheoladh chuig an bparlaimint agus chuig geallsealbhóirí eile.
— EAGAR
CEANNASAÍ
UACHTARÁN
Chuaigh Filipa Urbano Calvão i mbun oifige an 7 Deireadh Fómhair 2024 i leith.
TÉARMA OIFIGE
Ceithre bliana
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is é nó í Uachtarán na Poblachta a cheapann an tUachtarán ar mholadh ón rialtas.
COMHLACHT RIALAITHE
Is eagraíocht fhéinrialaitheach é TCP.
Is é nó í an tUachtarán ceannasaí na hinstitiúide.
Tá an ceart ag TCP a bhuiséad féin a chinneadh agus tá neamhspleáchas airgeadais aige freisin ó thaobh bhainistiú a bhuiséid. Formheasann an Pharlaimint an buiséad.
Is é Lántionól na Cúirte, atá comhdhéanta den Uachtarán agus na Comhaltaí go léir, an t-údarás cinnteoireachta do dhréachtbhuiséad bliantúil TCP agus don phlean straitéiseach.
TÉARMA OIFIGE
Is ceapachán saoil atá ann do na Comhaltaí.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Déantar Comhaltaí a earcú trí chomórtas poiblí atá faoi stiúir ag bord roghnúcháin.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Tá TCP eagraithe i dtrí Sheomra agus dhá Sheomra Réigiúnacha (ceann do na hAsóir agus ceann do Mhaidéara). Tá ranna iniúchóireachta agus riaracháin sna seomraí iniúchóireachta sin.
Sa bhreis air sin, tá Roinn Iniúchóireachta Inmheánaí in TCP atá faoi fhreagracht dhíreach Uachtarán TCP chomh maith le Coimisiún um Chaighdeáin Iniúchóireachta.
Déantar Comhaltaí TCP a shannadh chuig seomraí éagsúla, bunaithe ar chritéir a bhaineann lena gcáilíochtaí acadúla agus gairmeacha proifisiúnta.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 577 (Nollaig 2023)
- Cothromaíocht inscne: ♂ 28.9 %; ♀ 70.2 %. Meánaois: 52
- Céatadán na bhfoirne a oibríonn san iniúchóireacht: 57.8 %
BUISÉAD
- Déantar TCP a mhaoiniú as buiséad ginearálta an stáit agus trína acmhainní dílse féin (táillí a ghearrtar ar na heintitis faoi iniúchóireacht)
- Buiséad foriomlán (2024): 29.9 milliún euro
- 0.026 % de chaiteachas iomlán an rialtais
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Formheasann TCP a Phlean Straitéiseach gach trí bliana, i ndiaidh próiseas rannpháirtíochta a chríochnaíonn le hanailís SWOT (anailís ar phríomhlaigí, láidreachtaí, deiseanna, dúshláin agus bagairtí) agus le hanailís rioscaí ina leagtar amach na spriocanna agus na tosaíochtaí.
Don tréimhse straitéiseach chéanna, formheasann an Chúirt freisin clár iniúchóireachta trí bliana as a leanann plean oibríochta meántéarmach agus arb éard atá ann ná suim na bpleananna bliantúla don tréimhse i dtrácht.
Sa bhreis air sin, formheasann sé clár oibre bliantúil mionsonraithe faoi neamhspleáchas iomlán.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Déanann TCP cineálacha éagsúla iniúchtaí.
Tá na modhanna agus na modheolaíochtaí a úsáidtear leagtha síos i lámhleabhair iniúchóireachta TCP, ina dtugtar aird chuí ar chaighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta (ISSAInna) agus dea-chleachtais atá aitheanta go hidirnáisiúnta.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Foilsíonn TCP a chuid tuarascálacha agus cinntí go léir, go háirithe:
- tuairimí maidir le Cuntais Ghinearálta an Stáit agus maidir le cuntais na Réigiún Féinrialaitheach;
- tuarascálacha iniúchóireachta; agus
- tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
Déanann TCP a thuarascálacha, cinntí, doiciméid ábhartha, gníomhaíochtaí agus imeachtaí a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.
Thairis sin, féadann sé a chinneadh a chuid tuarascálacha a fhoilsiú in Iris Oifigiúil na Portaingéile agus iad sin a chraobhscaoileadh trí na meáin chumarsáide. Úsáideann TCP na meáin shóisialta freisin chun idirghníomhú a dhéanamh leis an bpobal.
— COMHAR LE PÁIRTITHE EILE
Is comhalta é TCP de Bhord Rialaithe INTOSAI, de EUROSAI agus d’eagraíocht UFInna na dtíortha ina labhraítear Portaingéilis (CPLP), agus is comhalta comhlach é de OLACEFS (Eagraíocht UFInna Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib). Is Leas-Chathaoirleach é TCP freisin ar Líonra Eitice EUROSAI, a théann in ionad an Tascfhórsa um Iniúchóireacht agus Eitic agus atá faoi chathaoirleacht ag UFI na Cróite. Ina theannta sin, bíonn TCP rannpháirteach i dtionscadail forbartha acmhainneachta UFI (go sonrach sna tíortha ina labhraítear Portaingéilis), agus tá sé ina iniúchóir seachtrach le haghaidh EMBL (an tSaotharlann Eorpach um Bitheolaíocht Mhóilíneach), CERN (an Eagraíocht Eorpach um Thaighde Núicléach), agus INL (an tSaotharlann Nanaitheicneolaíocht Ibéarach Idirnáisiúnta), agus is comhalta é de Bhord Iniúchóireachta EUROCONTROL.
AN RÓMÁIN
CURTEA DE CONTURI A ROMÂNIEI
![]() |
Ó 1992 Céadbhunaithe 1864 Suíomh gréasáin: www.curteadeconturi.ro |
Ráiteas misin:
Iniúchóireacht a dhéanamh ar bhunú, bhainistiú agus imscaradh acmhainní airgeadais an Stáit agus na hearnála poiblí; tuairisciú chuig an bparlaimint, chuig údaráis riaracháin, chuig institiúidí poiblí agus chuig na cáiníocóirí maidir le húsáid agus riar na n-acmhainní sin i gcomhréir le prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta.
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
Seolann Cúirt na gCuntas sa Rómáin (RCA) iniúchtaí ar bhunú, bhainistiú agus úsáid acmhainní airgeadais an stáit agus na hearnála poiblí. Oibríonn sé go huathrialaitheach, faoi mar atá leagtha síos sa Bhunreacht, agus is comhalta é d’eagraíocht idirnáisiúnta na UFInna.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
- Bunreacht na Rómáine (1991, athbhreithnithe in 2003)
- Dlí Uimh. 94/1992 maidir le heagar agus oibriú Chúirt na gCuntas, a athfhoilsíodh ina dhiaidh sin le leasuithe agus míreanna breise ann
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
Déanann RCA iniúchóireacht orthu seo a leanas:
- údaráis agus institiúidí poiblí;
- aonaid riaracháin agus críochacha (comhairlí contae, méaraí na gcathracha, na mbailte agus na mbardas);
- Banc Náisiúnta na Rómáine;
- fiontair phoiblí;
- cuideachtaí tráchtála ina bhfuil scairshealbhaíocht tromlaigh, bíodh sin ina n-aonar nó go comhpháirteach, ag údaráis stáit, áitiúla nó réigiúnacha, ag institiúidí poiblí nó ag riaracháin fhéinrialaitheacha;
- Comhlachtaí árachais shóisialta a bhíonn ag bainistiú sócmhainní, rachmais nó cistí poiblí;
- eintitis dhlítheanacha a fhaigheann ráthaíochtaí rialtais le haghaidh iasachtaí nó fóirdheontais, nó aon chúnamh airgeadais stáit eile, ó riaracháin phoiblí lárnacha agus áitiúla nó ó institiúidí poiblí eile.
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Struchtúr faoi rialachas coláisteachta gan feidhm dhlínse.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
Is institiúid phoiblí neamhspleách é RCA agus níl sé freagrach do dhream ar bith ach an pharlaimint.
Mar uasfhoras iniúchóireachta na Rómáine, seolann RCA iniúchtaí ar bhunú, bhainistiú agus úsáid acmhainní airgeadais an stáit agus na hearnála poiblí.
Nuair a iarrann an pharlaimint air é, formheasann RCA dréachtbhuiséad an stáit agus dréachtreachtaíocht i réimse an airgeadais phoiblí agus na cuntasaíochta, chomh maith le dréachtaí eile arb é a bheadh mar thoradh orthu ná go mbeadh níos lú ioncaim ann nó níos mó caiteachais thar mar a bhforáiltear dóibh san Acht um an mBuiséad. Formheasann sé freisin comhlachtaí speisialaithe a bhunaíonn an rialtas nó na haireachtaí faoina bhfreagracht féin.
Déantar dlíthíocht a éiríonn as gníomhaíocht RCA a shocrú sna cúirteanna breithiúnais.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
Déanann RCA tuarascáil bhliantúil ar na cuntais bhliantúla, ina dtaispeántar an chaoi ar úsáideadh buiséid phoiblí, a chur faoi bhráid na parlaiminte. Bíonn conclúidí na hiniúchóireachta agus moltaí ar áireamh sa tuarascáil sin.
Is í an pharlaimint an t-aon údarás a fhéadfaidh a iarraidh ar RCA iniúchtaí a dhéanamh ar an earnáil phoiblí.
Is é RCA an t-aon comhlacht a dhéanann iniúchóireacht ar an gcaoi a ndéanann dhá theach na parlaiminte agus an rialtas a gcuid buiséad a chur chun feidhme.
Déanann RCA a bhuiséad féin a tharraingt suas agus a fhormheas, agus seolann sé é sin chuig an rialtas chun é a chur isteach i ndréachtbhuiséad an stáit a chuirtear ansin faoi bhráid na Parlaiminte lena fhormheas. De réir phróiseas formheasta an bhuiséid bhliantúil, áfach, is féidir leis an rialtas nó leis an bparlaimint lámh a bheith acu féin sa bhuiséad a bheidh glactha ag lántionól RCA.
Tá coiste parlaiminteach speisialta ann a dhéanann grinnscrúdú ar an gcaoi a n-úsáideann RCA a bhuiséad féin.
— EAGAR
CEANNASAÍ
UACHTARÁN
Ceapadh Mihai Busuioc an 15 Deireadh Fómhair 2017.
TÉARMA OIFIGE
Naoi mbliana, neamh-inathnuaite.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is í an pharlaimint a cheapann an tUachtarán.
COMHLACHT RIALAITHE
Tá RCA á rialú ag lántionól de 18 gcomhalta ar a dtugtar “cunsailéirí na gcuntas”, arb í an Pharlaimint a cheapann iad i gcomhréir leis an mBunreacht agus leis an dlí maidir le heagar agus oibriú na hinstitiúide.
Tá an tUachtarán freagrach as bainistiú feidhmeannach RCA. Bíonn beirt leas-uachtarán, arna gceapadh ag an bParlaimint as measc chunsailéirí na gcuntas, ina gcúnamh don Uachtarán sa chúram sin.
TÉARMA OIFIGE
Gach trí bliana, cuirtear daoine nua in ionad comhaltaí is ionann leis an tríú cuid den lántionól.
Naoi mbliana, neamh-inathnuaite.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is í an pharlaimint a cheapann comhaltaí RCA go ceann tréimhse naoi mbliana. Feidhmíonn siad a gcuid dualgas go neamhspleách agus ní féidir iad a dhífhostú ach amháin faoi na téarmaí atá leagtha síos sa Dlí maidir le heagar agus oibriú na hinstitiúide agus is ag an bparlaimint atá an chumhacht ina leith sin. Is oifigigh stáit ardchéime iad cunsailéirí na gcuntas agus tá siad faoi réir na srianta dlíthiúla céanna agus atá breithiúna. Dá réir sin, ní féidir le comhaltaí RCA a bheith in aon pháirtí polaitiúil ná gabháil do ghníomhaíocht phoiblí de chineál polaitiúil le linn a dtéarma oifige.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Tá RCA eagraithe go lárnach ina 12 rannán iniúchóireachta (a mbíonn ceann acu ag obair ar iniúchtaí feidhmíochta), ard-stiúrthóireacht comhordúcháin agus modheolaíochta, ard-stiúrthóireacht um ábhair dlí, stiúrthóireacht um rialú soláthair phoiblí, agus ardrúnaíocht arb é an ról atá aici ná tacaíocht a thabhairt don institiúid i réimsí sonracha oibre. Go réigiúnach, tá 42 sheomra contae na gcuntas ann chomh maith le Seomra na gCuntas do Chathair Bhúcairist. Laistigh den RCA féin, tá údarás iniúchóireachta ann freisin a fheidhmíonn go neamhspleách agus arb é an cúram atá air ná iniúchóireacht a dhéanamh ar na cistí a fhaigheann an Rómáin ón Aontas Eorpach.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 1 966 phost (2024), lena n-áirítear 1 617 phost le haghaidh gníomhaíochtaí iniúchóireachta agus rialaithe go sonrach (a bhfuil 82.25 % díobh ag gabháil don iniúchóireacht)
- Cothromaíocht inscne: ♂ 37.14 %; ♀ 62.86 %. Meánaois: 49 mbliana agus 2 mhí
BUISÉAD
- Tá RCA maoinithe as buiséad an Stáit.
- €105.5 milliún euro (2023), lena n-áirítear caiteachas riaracháin
- Thart ar 0.13 % den airgead iomlán a chaitear as buiséad an Stáit
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Is é RCA a chinneann a chláir oibre féin.
Déantar an phleanáil go bliantúil agus go hilbhliantúil. Is é an lántionól a fhormheasann na cláir oibre.
Clúdaíonn na cláir oibre ilbhliantúla tréimhse trí bliana.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Déanann RCA:
- iniúchtaí airgeadais ar chuntais chur chun feidhme an bhuiséid;
- iniúchtaí feidhmíochta ar eintitis, tionscadail, próisis nó oibríochta a bhfuil caiteachas poiblí i gceist leo;
- iniúchtaí comhlíontachta.
Déantar na hiniúchtaí i gcomhréir le caighdeáin INTOSAI agus ar bhonn rialacha dlíthiúla, lámhleabhar agus treoirlínte atá forbartha le haghaigh gníomhaíochtaí sonracha, chomh maith le rialacha inmheánacha eile.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Déanann RCA tuarascáil bhliantúil phoiblí maidir lena iniúchadh ar chuntais bhainistithe an bhuiséid ghinearálta chomhdhlúite don bhliain airgeadais roimhe sin a chur faoi bhráid na parlaiminte.
Is í an tuarascáil bhliantúil phoiblí an doiciméad is tábhachtaí agus is suntasaí a fhoilsíonn RCA. Tugtar achoimre inti ar phríomhfhionnachtana iniúchóireachta, conclúidí agus moltaí na hinstitiúide.
Táirgeann RCA tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí comh maith, ina bhfuil faisnéis faoina straitéis, a shainordú, a fhreagrachtaí, a mhisean agus a chaidreamh le geallsealbhóirí éagsúla. Sa tuarascáil sin freisin, bíonn sonraí agus faisnéis don bhliain i dtrácht maidir leis an gcaoi a raibh RCA eagraithe, an obair a rinne sí, an oiliúint a cuireadh ar an bhfoireann, féilire de ghníomhaíochtaí gairmiúla, torthaí, gníomhaíocht idirnáisiúnta agus acmhainní daonna agus airgeadais.
Uair sa bhliain, díríonn RCA tuarascálacha maidir le hairgeadas poiblí áitiúil chuig údaráis dhioscúrsacha na rialtas áitiúil. Eascraíonn na tuarascálacha sin as torthaí na n-iniúchtaí a rinne seomraí contae na gcuntas ar bhuiséid na n-údarás áitiúla agus réigiúnacha.
Táirgíonn RCA tuarascálacha iniúchóireachta féintionscnaimh i réimsí lárnacha a bhfuil spéis ag an bpobal iontu. Seolann sé na tuarascálacha sin chuig an bparlaimint agus chuig geallsealbhóirí eile.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
Tá fáil go leictreonach ar thuarascálacha agus foilseacháin eile RCA ar shuíomh gréasáin oifigiúil na hinstitiúide (www.curteadeconturi.ro), agus tá achoimrí i mBéarla den tuarascáil bhliantúil phoiblí agus den tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí le fáil ansin freisin.
Foilsítear tuarascáil bhliantúil RCA in Iris Oifigiúil na Rómáine, Cuid a III-a.
— COMHAR LE PÁIRTITHE EILE
Go hidirnáisiúnta, bíonn caidreamh ag RCA le UFInna eile trí mhalartú taithí, trí rannpháirtíocht i gcomhdhálacha, seimineáir agus grúpaí oibre, agus trí staidéir ábhartha a fhoilsiú in irisí idirnáisiúnta.
Glacann RCA páirt freisin in iniúchtaí comhpháirteacha agus in iniúchtaí a dhéantar i gcomhar le huasfhorais iniúchóireachta eile i réimsí amhail iniúchóireacht chomhshaoil, iniúchóireacht ar bhailiú dramhaíola agus iniúchóireacht ar na bardais.
AN SPÁINN
TRIBUNAL DE CUENTAS
![]() |
Ó 1978 Céadbhunaithe in 1851 Suíomh gréasáin: www.tcu.es |
Ráiteas misin:
Feidhm uasiniúchóireachta agus dlínse chuntasaíochta a fheidhmiú sa Spáinn faoi na téarmaí atá leagtha síos i mBunreacht na Spáinne agus i nDlí na Spáinne.
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
Déanann an Chúirt Iniúchóireachta (TCU) iniúchóireacht – ar bhonn seachtrach, leanúnach agus ex post – ar ghníomhaíocht airgeadais agus eacnamaíoch san earnáil phoiblí, ar chuntais bhliantúla na bpáirtithe polaitiúla a fhaigheann fóirdheontais le haghaidh speansais oibríochtúla agus ar phróisis thoghchánacha (feidhm iniúchóireachta). Déanann TCU measúnú freisin ar fhreagracht chuntasaíochta an dreama a bhainistíonn cistí agus sócmhainní poiblí (feidhm dhlínse), is féidir leis pionóis a ghearradh ar pháirtithe polaitiúla agus tá feidhm theoranta chomhairleach aige.
Tá dlínse aige ar fud chríoch náisiúnta na Spáinne.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
- Bunreacht na Spáinne (1978), codanna 136 agus 153 d;
- An tAcht Tionscnaimh maidir le TCU, Uimh. 2/1982;
- An tAcht um Fheidhmiú TCU, Uimh. 7/1988;
- An tAcht Tionscnaimh um Maoiniú na bPáirtithe Polaitiúla, Uimh. 8/2007;
- An tAcht Tionscnaimh um Chóras na nOlltoghchán, Uimh. 5/1985.
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
Déanann TCU iniúchóireacht orthu seo a leanas:
-
an earnáil phoiblí stáit, lena n-áirítear:
- Riarachán Ginearálta an Stáit (lena n-áirítear 22 aireacht agus oifig comh-aireachta);
- Institiúidí stáit san earnáil phoiblí, ina bhfuil 449 n-eintiteas:
- 215 chomhlacht riaracháin phoiblí (47.88 %)
- 199 gnó poiblí (44.32 %)
- 35 fhondúireacht phoiblí (7.80 %)
-
an earnáil phoiblí réigiúnach: na 17 Réigiún Uathrialaitheacha agus an dá Chathair Uathrialaitheacha, ina bhfuil isteach agus amach le 1 304 eintiteas;
- 430 chomhlacht riaracháin phoiblí (32.98 %)
- 483 gnó poiblí (37.04 %)
- 391 fhondúireacht phoiblí (29.98 %)
- an earnáil phoiblí áitiúil: ina bhfuil 12 988 eintiteas;
- páirtithe polaitiúla: páirtithe le hionadaíocht sa pharlaimint (11 pháirtí pholaitiúla) agus páirtithe eile (59 bpáirtí cláraithe).
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Cúirt le feidhm dhlínse.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
Is é TCU an t-uasfhoras iniúchóireachta sa Spáinn. Tá sé freagrach as iniúchóireacht a dhéanamh ar chuntais agus ar bhainistiú airgeadais agus eacnamaíoch an Stáit agus na hearnála poiblí, ar chuntais bhliantúla na bpáirtithe polaitiúla a fhaigheann fóirdheontais le haghaidh speansais oibríochtúla agus ar chuntais na bpróiseas toghchánach.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
AN CAIDREAMH LE PARLAIMINT NA SPÁINNE
Freagraíonn TCU go díreach don pharlaimint, gan dochar dá dhualgais neamhspleácha maoirseachta agus dlínse, agus déanann sé scrúdú agus fíorú ar chuntais ghinearálta an Stáit trí údarás tarmligthe. Féadann an pharlaimint a mholadh do TCU iniúchtaí a dhéanamh.
Bíonn idirchaidreamh buan ag TCU leis an bparlaimint tríd an gComhchoiste den Chomhdháil agus den Seanad atá freagrach as an gcaidreamh le TCU.
A thúisce a bhíonn a chlár iniúchóireachta glactha ag an Lántionól, cuireann sé ar aghaidh é chuig an gComhchoiste atá freagrach as an gcaidreamh le TCU.
Déantar torthaí na n-iniúchtaí (lena n-áirítear tuarascálacha, meabhráin, tairiscintí agus nótaí atá formheasta ag Lántionól TCU) a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na Spáinne. Ag éisteacht ag a mbíonn Uachtarán TCU i láthair, déanann an Comhchoiste den Chomhdháil agus den Seanad atá freagrach as an gcaidreamh le TCU plé ar gach ceann de na tuarascálacha, meabhráin, tairiscintí agus nótaí. Ansin, déanann sé na cinntí iomchuí ina leith.
Féadann TCU aird na parlaiminte a tharraingt ar chásanna a thagann chun cinn nuair nár chomhoibrigh dream leis cé go bhfuil siad faoi oibleagáid an comhoibriú sin a dhéanamh (agus é sin gan dochar do chaingne eile is féidir a thionscnamh de réir dlí).
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
Bíonn TCU go hiomlán neamhspleách i bhfeidhmiú a fheidhmeanna.
A thúisce a fhormheastar a thuarascáil maidir le gníomhaíochtaí, cuirtear an tuarascáil sin ar aghaidh chuig an rialtas náisiúnta, chuig Comhairlí Rialaithe na Réigiún Uathrialaitheach nó chuig seisiúin iomlánacha na n-údarás áitiúil, de réir mar is iomchuí.
— EAGAR
CEANNASAÍ
UACHTARÁN
Enriqueta Chicano Jávega. Ceapadh í an 18 Samhain 2021 agus athcheapadh í an 18 Samhain 2024.
TÉARMA OIFIGE
Trí bliana, in-athnuaite.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is é Rí na Spáinne a cheapann Uachtarán TCU as measc Cunsailéirí TCU, de dhroim molta ó Lántionól TCU.
COMHLACHT RIALAITHE
Tá TCU á rialú ag Lántionól, atá comhdhéanta de chomhlacht coláisteachta de 12 Chunsailéir (ar duine díobh sin é nó í an tUachtarán) mar aon le Príomhionchúisitheoir TCU.
Sa bhreis air sin, tá Bord Bainistíochta ag TCU atá comhdhéanta d’Uachtarán TCU agus ceannasaithe rannóga iniúchóireachta agus ionchúisimh TCU. Tá sé freagrach as an gcaidreamh leis an bparlaimint, as nithe a bhaineann le hacmhainní daonna agus as pleanáil na hoibre. Feidhmíonn sé cumhachtaí araíonachta i gcásanna de mhí-iompar tromchúiseach agus déanann sé míreanna do chlár gnó an Lántionóil a fhorbairt agus a mholadh.
TÉARMA OIFIGE
Cunsailéirí: naoi mbliana, in-athnuaite. Tá stádas breithimh acu, tá siad neamhspleách agus ní féidir iad a chur as oifig.
An Príomhionchúisitheoir: cúig bliana, in-athnuaite.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is í Parlaimint na Spáinne a cheapann na Cunsailéirí (seisear ag an gComhdháil agus seisear ag an Seanad, le vóta tromlaigh de thrí chúigiú i ngach aon teach díobh). Is é an rialtas a cheapann an Príomhionchúisitheoir.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Tá Rannóg Iniúchóireachta TCU comhdhéanta d’ocht roinn. Cúig roinn earnálacha (a chlúdaíonn gníomhaíocht airgeadais agus eacnamaíoch san earnáil phoiblí), dhá roinn chríochacha (ceann a dhéanann iniúchóireacht ar ghníomhaíochtaí airgeadais agus eacnamaíocha na Réigiún Uathrialaitheach agus na gCathracha Uathrialaitheacha, agus ceann a dhéanann iniúchóireacht ar na heintitis chúige agus bhardasacha), agus roinn a dhéanann iniúchóireacht ar pháirtithe polaitiúla.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 749 i gcoibhéis lánaimseartha (Feabhra 2024) (a bhfuil thart ar 56 % díobh ag gabháil don iniúchóireacht agus thart ar 13 % ag gabháil do chúraimí dlínse)
- Cothromaíocht inscne: ♂ 38 %; ♀ 62 %. Meánaois: 53.98
BUISÉAD
- 78 milliún euro (2023), cuid de Bhuiséad Ginearálta an Stáit
- Leithdháileadh: thart ar 87 % le haghaidh luach saothair na foirne
- 0.02 % de bhuiséad iomlán an rialtais
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Pleanálann TCU a chuid oibre iniúchóireachta i gclár bliantúil, atá bunaithe ar phleanáil mheántéarmach agus fhadtéarmach. Is é Lántionól TCU a fhormheasann an clár iniúchóireachta bliantúil agus cuireann sé ar aghaidh é chuig an gComhchoiste den Chomhdháil agus den Seanad i bParlaimint na Spáinne atá freagrach as an gcaidreamh le TCU.
Sa chlár sin, bíonn liosta de na hiniúchtaí a chaithfear a dhéanamh ar bhonn shainordú dlíthiúil TCU, na hiniúchtaí a dhéanfaidh TCU as a stuaim féin, agus na hiniúchtaí a bhíonn molta ag Parlaimint na Spáinne (agus, má thagann sé faoina réimse freagrachtaí, ag Tionóil Reachtacha na Réigiún Uathrialaitheach). Ag aon am i gcaitheamh na bliana, féadann an Lántionól iniúchtaí breise a chur leis an gclár, nó iniúchtaí sa liosta a mhodhnú, a fhionraí nó a chealú.
Foilsítear an clár bliantúil ar shuíomh gréasáin TCU.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Déanann TCU:
- iniúchtaí comhlíontachta, chun a fhíorú an bhfuil bainistiú eacnamaíoch agus airgeadais an eintitis, na gníomhaíochta nó an chláir atá faoi iniúchóireacht ag comhlíonadh na bhforálacha dlíthiúla agus rialála is infheidhme;
- iniúchtaí airgeadais, a bhfuil sé mar aidhm leo tuairim a thabhairt i dtaobh iontaofacht na faisnéise a thugtar i ráitis airgeadais eintitis maidir lena ábhartha atá siad do na prionsabail, na critéir agus na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme; agus
- iniúchtaí feidhmíochta, a bhfuil sé mar aidhm leo measúnú a thabhairt ar na hoibríochtaí, córais bhainistithe agus nósanna imeachta go léir atá ag an eintiteas faoi iniúchóireacht (nó ag cuid de na hoibríochtaí, córais bhainistithe agus nósanna imeachta sin), ar an gclár gníomhaíochta ó thaobh a réasúnú eacnamaíoch agus airgeadais de, agus ar an staid ó thaobh é a bheith ag cloí le prionsabail an bhainistithe fónta.
Má dhéantar teaglaim de chineálacha éagsúla iniúchóireachta, d’fhéadfadh siad seo a leanas a bheith i gceist:
- iniúchtaí rialtachta, a dhíríonn isteach ar chuspóirí iniúchtaí comhlíontachta agus airgeadais; nó
- iniúchtaí cuimsitheacha, a chlúdaíonn gach cineál de na hiniúchtaí dá dtagraítear anseo thuas.
Chomh maith leis sin, déanann TCU iniúchtaí leantacha a bhíonn spriocdhírithe go huile agus go hiomlán ar fhíorú a dhéanamh ar a mhéid atáthar ag comhlíonadh na moltaí a d’eisigh TCU i dtuarascálacha iniúchóireachta roimhe sin.
Sa bhreis air sin, déanann TCU iniúchtaí cothrománacha ina ndéanann sé iniúchóireacht ar roinnt eintiteas éagsúil laistigh den fho-earnáil phoiblí chéanna, nó i bhfo-earnálacha éagsúla, a bhfuil saintréithe chomónta acu agus na cuspóirí agus an raon ama céanna.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Cuireann TCU na tuarascálacha agus táirgí seo a leanas ar fáil, nach mór iad ar fad a bheith formheasta ag an Lántionól:
- tuarascálacha speisialta, ina bhfuil torthaí, conclúidí agus moltaí na n-iniúchtaí aonair;
- meabhrán feidhmíochta bliantúil, atá comhdhéanta d’achoimre ar na gníomhaíochtaí iniúchóireachta agus dlínse a rinne TCU i rith na bliana, maille leis na príomhthorthaí;
- dearbhú críochnaitheach maidir le cuntais ghinearálta an Stáit, ina n-áirítear tuairim i dtaobh bhainistiú airgeadais agus earnáil phoiblí an Stáit;
- tuarascáil iniúchóireachta bhliantúil maidir leis an earnáil phoiblí réigiúnach;
- tuarascáil iniúchóireachta bhliantúil maidir leis an earnáil phoiblí áitiúil;
- tairiscintí ina bhfuil tograí le haghaidh beart a d’fhéadfadh, i dtuairim TCU, feabhas a chur ar bhainistiú airgeadais na hearnála poiblí; agus
- nótaí, arb éard atá iontu sin ná doiciméid ina ndéantar anailís ar ábhar sonrach mar gheall ar thábhacht ar leith nó mar gheall ar a shaintréithe uathúla.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
A thúisce a fhormheasann an Lántionól torthaí na n-iniúchtaí, foilsítear iad ar shuíomh gréasáin TCU agus cuirtear ar aghaidh iad chuig na faighteoirí seo a leanas:
- Parlaimint na Spáinne;
- Tionóil Reachtacha na Réigiún Uathrialaitheach; nó
- seisiúin iomlánacha na n-údarás áitiúil, de réir mar is iomchuí.
Cuirtear ar aghaidh freisin iad chuig an rialtas náisiúnta, chuig Comhairlí Rialaithe na Réigiún Uathrialaitheach nó chuig seisiúin iomlánacha na n-údarás áitiúil, de réir mar is iomchuí.
A thúisce a bhíonn anailís déanta ag an bparlaimint ar thuarascáil iniúchóireachta, déantar an tuarascáil sin, maille le rún a bhíonn glactha ag an gComhchoiste, a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Stáit (agus, i gcás inarb iomchuí, in Iris Oifigiúil an Réigiúin Uathrialaithigh).
Chomh maith leis sin, foilsíonn TCU preasráitis ar a shuíomh gréasáin chun rochtain thapa a thabhairt ar an bhfaisnéis is déanaí ar a thuarascálacha agus ar a dhoiciméid.
Sa bhreis air sin, foilsítear feasachán ráithiúil ina bhfuil faisnéis i dtaobh ghníomhaíochtaí TCU.
— COMHAR LE PÁIRTITHE EILE
Comhordaíonn TCU a chuid gníomhaíochtaí go dlúth leis na Comhlachtaí Iniúchóireachta Seachtracha Réigiúnacha atá cruthaithe i gcuid de na Réigiúin Uathrialaitheacha.
AN tSEICIA
NEJVYŠŠÍ KONTROLNÍ ÚŘAD
![]() |
Ó 1993 Céadbhunaithe in 1919 (sa tSeicslóvaic, mar a bhí) Suíomh gréasáin: www.nku.cz |
Ráiteas misin:
Is é misean na hUasoifige Iniúchóireachta ná léargas mion, tomhaiste agus criticiúil a sholáthar do bhainisteoirí buiséid phoiblí ar na réimsí a bhainistíonn siad ionas go bhféadfadh siad freagairt ar bhealach eolasach agus réitigh atá freagrach agus inbhuanaithe go fioscach a chur chun feidhme..
Scrúdaíonn an Uasoifig Iniúchóireachta an bhfuil na gníomhaíochtaí faoi iniúchóireacht ag comhlíonadh na reachtaíochta, déanann sé athbhreithniú ar bheachtas fíorasach agus foirmiúil na ngníomhaíochtaí sin, agus déanann sé measúnú féachaint an bhfuil siad éifeachtach, éifeachtúil agus fónta go heacnamaíoch.
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
Déanann an Uasoifig Iniúchóireachta (SAO) iniúchóireacht ar bhainistiú mhaoin an stáit, ar na cistí a bhailítear de bhun an dlí chun tairbhe daoine dlítheanacha (e.g. árachas sláinte), agus ar na hacmhainní airgeadais a fhaightear ón gcoigríoch (lena n-áirítear cistí ón Aontas Eorpach). Tugann sé a thuairim i dtaobh staid chríochnaitheach na gcuntas agus déanann sé formhaoirsiú ar chur chun feidhme bhuiséad an stáit. Níl SAO údaraithe chun iniúchóireacht a dhéanamh ar chúrsaí airgeadais sna bardais, sna bailte nó réigiúin, ná chun iniúchóireacht a dhéanamh ar chuideachtaí tráchtála atá faoi úinéireacht an stáit nó atá faoi fhéinriarachán.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
- Bunreacht Phoblacht na Seice (1993);
- Acht Uimh. 166/1993 Coll., maidir leis an Uasoifig Iniúchóireachta (i ndáil le gníomhaíochtaí agus cumhachtaí SAO).
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
Déanann SAO iniúchóireacht orthu seo a leanas:
- aonaid eagraíochtúla an stáit, eagraíochtaí státmhaoinithe, cistí stáit;
- daoine dlítheanacha agus nádúrtha (a bhaineann leis an gcaoi a mbainistíonn siad cistí stáit, agus é sin amháin); agus
- bainistiú airgeadais Bhanc Náisiúnta Phoblacht na Seice i dtaca le caiteachas d'éadáil maoine agus oibríochtaí an bhainc.
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Foras coláisteachta gan feidhm dhlínse.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
Is é SAO comhlacht iniúchóireachta neamhspleách Phoblacht na Seice. Tá sé fréamhaithe go díreach i mBunreacht Phoblacht na Seice, rud a thugann ráthaíocht dá neamhspleáchas ar an reachtas, ar an bhfeidhmeannacht agus ar an mbreithiúnacht.
San Acht um Buiséad Stáit Phoblacht na Seice, foráiltear do chaibidil ar leith i mbuiséad an stáit a chinntíonn go bhfuil an uathriail iomchuí airgeadais ag SAO.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT/LEIS AN RIALTAS
Is é nó í Uachtarán na Poblachta a ainmníonn Uachtarán agus Leas-Uachtarán SAO bunaithe ar an moladh ó Theach Teachtaí Pharlaimint Phoblacht na Seice (an teach íochtarach den Pharlaimint).
Cuireann SAO a dhréachtbhuiséad faoi bhráid Theach Teachtaí na Seice, agus formheasann an pharlaimint an buiséad agus a struchtúr bunúsach. Ní féidir leis an Rialtas cinntí a dhéanamh a bhaineann le buiséad SAO; ní dhéanann sé ach an buiséad a áireamh sa chaibidil maidir le buiséad SAO i ndréachtbhuiséad ginearálta an stáit.
Seolann Uachtarán SAO gach ceann de na conclúidí iniúchóireachta atá formheasta ag SAO chuig an Rialtas, chuig Teach na dTeachtaí agus chuig Seanad Pharlaimint Phoblacht na Seice (teach uachtarach na Parlaiminte).
Tá Uachtarán SAO i dteideal freastal ar sheisiúin agus labhairt faoi ábhair a bhaineann le hobair SAO le linn seisiúin pharlaiminteacha nó rialtasacha.
Pléann an rialtas gach tuarascáil iniúchóireachta ó SAO i láthair Uachtarán SAO, agus glacann sé rún ón Rialtas (a mbíonn bearta leighis ann de ghnáth) maidir le gach aon iniúchadh.
Is é Coiste um Rialú Buiséadach Theach na dTeachtaí an príomhpháirtí ar an leibhéal parlaiminteach.
— EAGAR
CEANNASAÍ
UACHTARÁN
Ceapadh Miloslav Kala don dara téarma an 6 Aibreán 2022.
TÉARMA OIFIGE
Naoi mbliana, in-athnuaite (Uachtarán agus Leas-Uachtarán).
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is é nó í Uachtarán na Poblachta, bunaithe ar mholadh ó Theach na dTeachtaí, a cheapann Uachtarán agus Leas-Uachtarán SAO.
COMHLACHT RIALAITHE
Bord SAO (atá comhdhéanta den Uachtarán, den Leas-Uachtarán agus 15 Chomhalta).
TÉARMA OIFIGE
Críochnaíonn téarma oifige Comhalta nuair a shlánaíonn siad 65 bliana d’aois. Téann gach Comhalta de SAO faoi mhionn i láthair Chathaoirleach Theach na dTeachtaí agus téann siad i mbun oifige ina dhiaidh sin.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Toghann Teach na dTeachtaí na 15 Chomhalta bunaithe ar mholadh ó Uachtarán SAO.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Is foras coláisteachta é SAO atá comhdhéanta de chomhlachtaí, rannóga, ranna agus aonaid éagsúla. Is é nó í Uachtarán SAO a dhéanann formhaoirseacht ar an Oifig agus feidhmíonn an Leas-Uachtarán mar oifigeach ionaid dó nó di.
Seo a leanas comhlachtaí SAO: an Bord, na Seanaid agus an Seomra Araíonachta. Tá siad sin á rialú leis an Acht um an Uasoifig Iniúchóireachta agus lena rialacha nós imeachta féin, a bhíonn pléite agus formheasta ag an mBord.
Tá SAO comhdhéanta den Rannóg Iniúchóireachta, den Rannóg Riaracháin agus d’Oifig Uachtarán SAO. Tá siad sin roinnte ina ranna speisialaithe, agus na ranna speisialaithe sin roinnte arís ina n-aonaid.
Tuairiscíonn bainistíocht SAO go díreach chuig an Uachtarán. Áirítear sa bhainistíocht: Stiúrthóir Sinsearach na Rannóige Iniúchóireachta, Stiúrthóir Sinsearach na Rannóige Riaracháin, Stiúrthóir Oifig an Uachtaráin, Rúnaí an Bhoird, Stiúrthóir na Rannóige Slándála agus Stiúrthóir na Rannóige Iniúchóireachta Inmheánaí.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 454 i gcoibhéis lánaimseartha (2023) (a bhfuil thart ar 65 % díobh ag gabháil don iniúchóireacht)
- Cothromaíocht inscne: ♂ 38 %; ♀ 62 % (♂ 48 %; ♀ 52 % i gcás poist bhainistíochta)
BUISÉAD
- Tá caiteachas SAO clúdaithe ag buiséad stáit Phoblacht na Seice
- 31.41 milliún euro (2023)
- 0.035 % de bhuiséad iomlán an Rialtais
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Pleanálann SAO a chuid oibre i bplean iniúchóireachta bliantúil, atá bunaithe ar mholtaí ón Uachtarán, ón Leas-Uachtarán agus ó Chomhaltaí an Bhoird, ar thoradh anailíse inmheánaí nó ar mholtaí ó gheallsealbhóirí seachtracha.
Is féidir leis an Rialtas, Teach Teachtaí nó an Seanad agus a gcomhlachtaí siúd moltaí i gcomhair iniúchtaí a dhéanamh le Bord SAO, agus tá lánrogha ag an mBord glacadh leis na moltaí sin nó iad a dhiúltú.
Maidir leis na moltaí iniúchóireachta sin, bíonn achoimre iontu ar ábhar agus cuspóirí an iniúchta, tugann siad le fios na heintitis faoi iniúchóireacht agus sceideal ama na hiniúchóireacht agus an t-údar atá leis . Bíonn iontu freisin, faisnéis faoi staid dhlíthiúil agus eacnamaíoch na n-iniúchaithe atá molta, faisnéis faoi iniúchtaí comhionanna nó comhchosúla a rinneadh roimhe sin, saintréithe bunúsacha an réimse faoi iniúchóireacht, na hipitéisí iniúchóireachta, etc.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Faoina chumhachtaí sainithe, déanann SAO iniúchtaí i gcomhréir lena chaighdeáin iniúchóireachta atá bunaithe ar Chaighdeáin Idirnáisiúnta na nUasfhoras Iniúchóireachta. Déanann SAO iniúchtaí i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuimsíonn iniúchtaí ar dhlíthiúlacht, iniúchtaí airgeadais agus iniúchtaí feidhmíochta. Áirítear san iniúchadh céim ullmhúcháin, céim forghníomhúcháin agus céim dréachtaithe na gconclúidí iniúchóireachta. Glacann iniúchadh 10 mí ar an meán lena thabhairt chun críche, agus bíonn idir cúpla agus cúpla dosaein iniúchóir páirteach ann - ag brath ar an líon eintiteas atá faoi iniúchóireacht.
Scrúdaíonn SAO an bhfuil na gníomhaíochtaí faoi iniúchóireacht ag comhlíonadh na reachtaíochta, déanann sé athbhreithniú ar bheachtas substainte agus foirmiúil na ngníomhaíochtaí sin agus déanann sé measúnú ag féachaint an bhfuil siad éifeachtach, éifeachtúil agus fónta go heacnamaíoch.
I gcás iniúchtaí airgeadais SAO, seiceáiltear an dtugann ráitis airgeadais na n-eintiteas atá faoi iniúchóireacht léargas fíorcheart ar na cuntais faoi seach i gcomhréir leis na rialacháin dlí ábhartha.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Is i bhfoirm conclúidí iniúchóireachta a bhíonn príomh-aschur SAO agus foilsítear iad sin ar shuíomh gréasáin SAO agus i bhFeasachán SAO a thúisce a bhíonn conclúid an iniúchta formheasta ag Bord SAO. Seolann Uachtarán SAO gach ceann de na conclúidí iniúchóireachta atá formheasta ag SAO chuig Teach na dTeachtaí, chuig an Seanad agus chuig an Rialtas.
Tá oibleagáid dhlíthiúil ar SAO na nithe seo a leanas a fhoilsiú:
- Feasachán SAO, foilseachán oifigiúil ina bhfuil achoimre ar na tuarascálacha iniúchóireachta i dtréimhse ar leith. Bíonn an plean iniúchóireachta bliantúil in eagrán amháin, agus d’fhéadfadh aon athrú ar an bPlean Iniúchóireachta Bliantúil sin a bheith in eagráin eile ina dhiaidh sin.
- an Tuarascáil Bhliantúil, ina mbíonn, go háirithe, measúnú ar na hiniúchtaí agus ar thorthaí iniúchóireachta ón mbliain roimhe sin. Bíonn tuairisc ar ghníomhaíochtaí eile sa Tuarascáil Bhliantúil freisin, amhail faisnéis faoi chomhar SAO leis na húdaráis ceartais choiriúil, le húdaráis chánach agus leis an bpobal, faisnéis faoi ghníomhaíochtaí comhair idirnáisiúnta agus faisnéis a bhaineann le bainistiú airgeadais agus foirniú SAO.
- An Ráiteas maidir leis an Tuarascáil ar Fhorbairt Eacnamaíoch agusCur Chun Feidhme Bhuiséad an Stáit, ina dtugann SAO a thuairim i dtaobh thuarascáil an .Rialtais maidir le cur chun feidhme bhuiséad an stáit, bunaithe ar a mheasúnú ar riarachán bhuiséad an stáit sna chéad sé mhí den bhliain ábhartha
- An Ráiteas maidir le Cuntas Clabhsúir an Stáit. Sa doiciméad sin, tugann SAO a thuairim maidir leis an dréacht de chuntas críochnaitheach Phoblacht na Seice don bhliain ábhartha, bunaithe ar a mheastóireacht ar an staid eacnamaíoch intíre agus ar thorthaí bhainistiú airgeadais an stáit.
- An Cuntas Críochnaitheach, ina mbíonn faisnéis ar bhainistiú airgeadais SAO don bhliain roimhe sin. Déanann iniúchóir seachtrach an Cuntas Críochnaitheach a fhíorú gach bliain, agus ina dhiaidh sin cuireann Uachtarán SAO faoi bhráid Theach íochtarach Pharlaimint na Seicia é.
Sa bhreis air an méid thuasluaite, eisíonn SAO foilseacháin eile, amhail Tuarascáil AE (ina ndéanann SAO a chomparáid agus measúnú ar ghlacadh agus úsáid cistí AE ag Poblacht na Seice a chur i láthair), achoimrí ar thuarascálacha iniúchóireachta a chlúdaíonn réimsí sonracha, lámhleabhair, páipéir ar shaincheisteanna na huaire, agus tuarascálacha ar iniúchtaí a rinne SAO i gcomhréim le UFInna eile.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
Féachann SAO lena chinntiú go mbíonn rochtain éasca ag an bpobal ar fhaisnéis i dtaobh na dtorthaí iniúchóireachta. Dá bhrí sin, foilsíonn sé conclúidí iniúchóireachta, preasráitis agus doiciméid ábhartha eile ar a shuíomh gréasáin agus ar na meáin shóisialta. Úsáideann sé an suíomh gréasáin agus na meáin shóisialta freisin chun na nithe seo a leanas a chur os comhair an phobail: a torthaí iniúchtóireachta, anailís agus nuacht, físeáin faoina chuid iniúchtaí agus faisnéis eile faoina chuid gníomhaíochtaí.
Is mór ag SAO an trédhearcacht, agus dá bhrí sin foilsíonn sé a chuid conarthaí féin ar a shuíomh gréasáin mar aon le mionsonraí faoina bhuiséad, sonraí oscailte agus faisnéis eile.
— COMHAR LE PÁIRTITHE EILE
Tá comhroinnt eolais ar cheann de phríomhaidhmeanna SAO sa timpeallacht idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, tacaíonn sé le comhroinnt eolais trí ghníomhaíochtaí idirnáisiúnta agus trí iniúchtaí comhoibritheacha.
Gach bliain, eagraíonn SAO roinnt comhdhálacha, seimineár agus gníomhaíochtaí eile atá dírithe ar dhaoine gairmiúla. Agus iad deartha d’fhoireann SAO agus don phobal gairmiúil mar aon le hionadaithe ó institiúidí stáit eile, rannchuidíonn na gníomhaíochtaí sin le feabhas a chur ar an riarachán poiblí.
Ó 2017, tá haiceatón bliantúil sa riarachán poiblí eagraithe go rialta ag SAO agus soláthraíonn suas go dtí 20 údarás poiblí a sonraí lena linn. I Márta 2020, bhí SAO ina óstach don chéad haiceatón bliantúil idirnáisiúnta le haghaidh Uasfhorais Iniúchóireachta, ar ghlac 23 thír (as an Eoraip den chuid is mó) páirt ann. Glacann cúpla dosaein forbróirí, ríomhchláraitheirí agus anailíseoirí sonraí páirt sna haiceatóin agus cruthaítear fréamhshamhlacha spéisiúla d'fheidhmchláir agus léirshamhlacha mar thoradh air sin.
Tá siad sin ceaptha ardán le haghaidh comhroinnt eolais a chruthú mar aon le dea-chleachtais - ní hamháin i measc an phobail ach freisin i measc an aosa acadúil, saineolaithe i réimsí sonracha, mic léinn agus grúpaí eile lena mbaineann.
Ar leibhéal idirnáisiúnta, ligeann SAO dá chuid iniúchóirí páirt a ghlacadh go tráthrialta i gcomhlachtaí iniúchóireachta atá ag eagraíochtaí idirnáisiúnta. Bhí ionadaithe ag SAO i gcomhlachtaí amhail Eurocontrol, an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint agus an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis.
Idir 2021 agus 2024, tá SAO i mbun cathaoirleacht ar Eagraíocht Eorpach na nUasfhoras Iniúchóireachta (EUROSAI).
AN tSLÓIVÉIN
RAČUNSKO SODIŠČE REPUBLIKE SLOVENIJE
![]() |
Ó 1994 Suíomh gréasáin: www.rs-rs.si |
Ráiteas misin:
A bheith ag faire ar an airgead poiblí
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
Déanann Cúirt Iniúchóireachta (CoA) Phoblacht na Slóivéine faireachán ar chuntais an Stáit, ar bhuiséad an Stáit agus ar gach ioncam agus caiteachas poiblí.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
- Bunreacht Phoblacht na Slóivéine: Airteagail 150 agus 151 (Iris Oifigiúil RS Uimh. 33/91I, 42/97 – UZS68, 66/00 – UZ80, 24/03 – UZ3a, 47, 68, 69/04 – UZ14, 69/04 – UZ43, 69/04 – UZ50, 68/06 – UZ121,140,143, 47/13 – UZ148, 47/13 – UZ90,97,99, 75/16 – UZ70a agus 92/21 – UZ62a)
- An tAcht um an gCúirt Iniúchóirí (Iris Oifigiúil RS Uimh. 11/01 agus 109/12).
Na hachtanna faoina bhfeidhmíonn CoA a chumhachtaí, ní féidir iad a agóid i gcúirt dlí ná os comhair údaráis an stáit.
Ní mór do chomhlachtaí stáit, údaráis áitiúla agus úsáideoirí cistí poiblí cloí le tuairim CoA maidir lena n-oibríochtaí gnó, de réir mar is infheidhme.
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
Déanann CoA iniúchóireacht orthu seo a leanas:
- eintitis dhlítheanacha atá á rialú leis an dlí poiblí, nó aonaid na n-eintiteas sin;
-
aon eintiteas dlítheanach atá á rialú leis an dlí poiblí, agus a bhfuil an méid seo a leanas ábhartha dóibh:
- tá cúnamh faighte aige ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh, ó bhuiséad an Stáit nó ó bhuiséad údaráis áitiúil;
- déanann sé seirbhís phoiblí nó soláthraíonn sé earraí poiblí ar bhonn lamháltais; nó
- is cuideachta, banc nó cuideachta árachais é ina bhfuil leas tromlaigh ag an stát nó ag údarás áitiúil;
-
daoine nádúrtha a bhfuil an méid seo a leanas ábhartha dóibh:
- tá cúnamh faighte acu ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh, ó bhuiséad an Stáit nó ó bhuiséad údaráis áitiúil; nó
- bíonn siad i mbun seirbhíse poiblí nó soláthraíonn siad earraí poiblí ar bhonn lamháltais.
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Déanann Uachtarán na Cúirte Iniúchóireachta ionadaíocht ar CoA agus labhraíonn sé/sí ar a shon ina cháil mar Cheann agus Ardiniúchóir CoA. Déanann CoA iniúchóireacht ar riarachán poiblí lárnach agus áitiúil, fiontair faoi úinéireacht stáit, údaráis phoiblí, bardais agus tairbhithe eile cistí poiblí. Níl aon chumhachtaí dlínse ag CoA.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
Tá CoA neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid dualgas agus tá sé faoi cheangal ag an mBunreacht agus ag dlíthe eile.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
Seolann CoA a chuid tuarascálacha iniúchóireachta chuig an Tionól Náisiúnta, agus cuireann sé tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí faoina bhráid chomh maith.
De réir an chreata atá socraithe sa dlí, cinneann CoA go neamhspleách cad iad na hiniúchtaí a dhéanfaidh sé le linn tréimhse áirithe.
Agus é ag cinneadh cad iad na hiniúchtaí atá le déanamh in aon bhliain féilire ar leith, breithníonn CoA na moltaí a bhíonn déanta ag comhaltaí agus comhlachtaí oibre an Tionóil Náisiúnta, ag an rialtas láir, ag aireachtaí agus ag comhlachtaí pobail áitiúla. Bíonn air cúig mholadh ar a laghad ón Tionól Náisiúnta a bhreithniú, lena n-áirítear dhá mholadh ón bhfreasúra agus dhá mholadh ó chomhlachtaí oibre parlaiminteacha.
Roghnaíonn an Tionól Náisiúnta iniúchóir seachtrach chun iniúchóireacht a dhéanamh ar ráitis airgeadais CoA.
— EAGAR
CEANNASAÍ
UACHTARÁN
Ceapadh Jana Ahčin ina hUachtarán an 1 Iúil 2022.
TÉARMA OIFIGE
Naoi mbliana, in-athnuaite.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is é an Tionól Náisiúnta a cheapann Uachtarán CoA trí thromlach glan de na vótaí ar thogra ó Uachtarán na Poblachta.
COMHLACHT RIALAITHE
Tá CoA á rialú ag seanad atá comhdhéanta den Uachtarán agus beirt Leas-Uachtarán.
TÉARMA OIFIGE
Naoi mbliana, in-athnuaite.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is é an Tionól Náisiúnta a cheapann Leas-Uachtaráin CoA trí thromlach glan de na vótaí ar thogra ó Uachtarán na Poblachta.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Mar Ardiniúchóir Stáit, déanann an tUachtarán ionadaíocht ar CoA agus is é nó í atá freagrach as a chuid oibríochtaí. Gabhann an chéad Leas-Uachtarán an t-údarás chuige nó chuici féin nuair a bhíonn an tUachtarán as láthair agus, le húdarás an Uachtaráin, comhlíonann sé nó sí cúraimí Ardiniúchóra Stáit in éineacht leis an dara Leas-Uachtarán. Tá eagar ar na Ranna de réir réimse gníomhaíochta na hearnála poiblí agus tá siad faoi cheannas uasiniúchóirí stáit.
Tá an Seanad comhdhéanta den Uachtarán agus de na Leas-Uachtaráin agus déanann sé, i measc nithe eile, rialacha nós imeachta CoA a ghlacadh trí chomhaontú leis an Tionól Náisiúnta.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 123.75 i gcoibhéis lánaimseartha (31.12.2023) (a bhfuil thart ar 70.0 % díobh ag gabháil don iniúchóireacht)
- Cothromaíocht inscne: ♂ 24.0 %; ♀ 76.0 %. Meánaois: 49.2 bliain
BUISÉAD
- Buiséad CoA (2023): €8 295 400
- 0.051 % den bhuiséad iomlán
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Roimh dheireadh gach bliana féilire, tarraingíonn an tUachtarán suas clár do CoA chun a shainordú iniúchóireachta a fheidhmiú sa chéad bliain féilire eile. féadtFéadtar an clár a leasú nó a fhorlíonadh i rith na bliana, agus coinnítear faoi rún é go dtí deireadh na bliana féilire lena mbaineann sé.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Déanann CoA cineálacha éagsúla iniúchtaí:
- iniúchtaí feidhmíochta ar éifeachtacht, éifeachtúlacht agus barainneacht oibríochtaí na n-eintiteas faoi iniúchóireacht ó thaobh spriocanna agus cláir a bhaint amach; roghnaítear iad sin ar bhonn critéar amhail a mhéid is féidir leo rannchuidiú le bainistiú airgeadais níos fearr, leas an phobail, an riosca go bhfuil drochfheidhmíocht ann agus neamhrialtachtaí;
- iniúchtaí airgeadais agus comhlíontachta ar iontaofacht na gcuntas bliantúil agus ar dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo (ráiteas dearbhaithe) chomh maith le measúnuithe ar cibé an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann na córais agus na hidirbhearta i réimsí sonracha den bhuiséad na rialacha agus na rialacháin is infheidhme.
Is minic a bhíonn teaglaim den dá chineál iniúchóireachta seo sna hiniúchtaí.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Foilsíonn CoA:
- – tuarascálacha iniúchóireachta;
- tuarascálacha leantacha;
- tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí;
- tuairimí;
- rogha freagraí ar iarrataí go ndéanfadh sé trácht ar phointe ar leith.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
Déanann CoA poiblíocht ar a chuid oibre ar na bealaí seo a leanas:
- tuarascáil maidir le gníomhaíochtaí a chuireann sé faoi bhráid an Tionóil Náisiúnta;
- preasagallaimh agus cumarsáid eile leis na meáin;
- tuarascálacha iniúchóireachta a fhoilsiú ar líne;
- tascanna ata idir lámha a fhoilsiú ar líne go rialta;
- preasráitis;
- príomhthuairimí maidir le saincheisteanna a thagann faoina inniúlacht.
Cuireann CoA a thuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí faoi bhráid Spéicéir an Tionóil Náisiúnta. Ansin, pléitear an tuarascáil sa Choiste um Rialú Airgeadais Phoiblí i seisiún atá ar oscailt d’iriseoirí agus d’ionadaithe eile ó na meáin.
Déantar gach tuarascáil iniúchóireachta agus gach tuarascáil leantach a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin CoA aon lá amháin tar éis iad a bheith glactha go foirmiúil agus curtha faoi bhráid an eintitis nó na n-eintiteas faoi iniúchóireacht agus faoi bhráid an Tionóil Náisiúnta.
— COMHAR LE PÁIRTITHE EILE
Is é an príomhfhócas atá ag CoA ná faisnéis oibiachtúil agus iontaofa a thabhairt faoin gcaoi a bhfuil airgeadas poiblí á chaitheamh agus é mar aidhm leis sin cuidiú le feabhas a chur ar an gcaoi a bhfuil seirbhísí poiblí á mbainistiú agus á dtabhairt i gcrích. Chuige sin, comhoibríonn sé le heintitis éagsúla ar fud an fhearainn phoiblí agus bíonn dlúthchaidreamh oibre aige leis an Tionól Náisiúnta agus a choistí. Chun dea-bhainistiú a chur chun cinn agus chun a chuid fionnachtana a chraobhscaoileadh níos forleithne, is minic go nglacann CoA páirt in imeachtaí a bhíonn eagraithe ag comhlachais ghairmiúla nó ag comhlachtaí poiblí.
AN tSLÓVAIC
NAJVYŠŠÍ KONTROLNÝ ÚRAD SLOVENSKEJ REPUBLIKY
![]() |
Ó 1993 Céadbhunaithe in 1919 (sa tSeicslóvaic, mar a bhí) Suíomh gréasáin: www.nku.gov.sk |
Ráiteas misin:
Fís: Faoi 2025, a áirithiú go mbeidh obair iniúchóireachta Uas-Oifig Iniúchóireachta Phoblacht na Slóvaice ag díriú isteach ar na topaicí is ábhartha agus, go háirithe, ar na rioscaí in úsáid acmhainní poiblí a chuireann gnóthú chuspóirí an bheartais phoiblí i mbaol. Beidh a shuntasaí a bheidh forthorthaí na n-iniúchtaí sin ina n-údar cuí lena bplé sa pharlaimint, ag a choistí nó ag an rialtas, agus beidh siad ina n-údar cuí freisin le bearta leighis leormhaithe a ghlacadh ar mhaithe le rialachas níos fearr a chur chun cinn.
Misean: Is é misean Uas-Oifig Iniúchóireachta Phoblacht na Slóvaice ná cabhrú le Parlaimint Phoblacht na Slóvaice, le Rialtas Phoblacht na Slóvaice agus le páirtithe leasmhara eile a gcúraimí a chomhall ar an mbealach is fearr is féidir trí aschuir iniúchóireachta atá oibiachtúil agus sothuigthe, agus é mar aidhm leis sin go n-áiritheofar úsáid éifeachtúil, bharainneach agus éifeachtach acmhainní poiblí atá beartaithe chun cuspóirí beartais phoiblí a ghnóthú agus, ar an tslí sin, go rannchuideofar le sochaí dhea-bhainistithe a fhorbairt.
Luachanna: Tugann Uas-Oifig Iniúchóireachta Phoblacht na Slóvaice urraim agus aitheantas do na luachanna atá sainithe ag INTOSAI – neamhspleáchas, ionracas, gairmiúlacht, éifeachtúlacht, inchreidteacht, cuimsitheacht, comhar agus nuálaíocht. Taobhaíonn iniúchóirí na hUasoifige leis na luachanna atá leagtha amach i gCaighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta ISSAI agus sa Chód Eitice. Don tréimhse seo amach romhainn, tá neamhspleáchas, oibiachtúlacht agus éifeachtúlacht sainithe mar phríomhluachanna ag Uas-Oifig Iniúchóireachta Phoblacht na Slóvaice, agus cuimsítear sa méid sin luachanna eile i.e. ionracas, inchreidteacht, comhar agus nuálaíocht.
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
Déanann Uas-Oifig Iniúchóireachta (SAO) Phoblacht na Slóvaice iniúchóireacht ar bhainistiú chistí agus mhaoin an stáit, na n-údarás áitiúil agus na Aontais Eorpaigh. Déanann SAO iniúchóireacht freisin ar ioncam an stáit agus áirithíonn sé go bhfuil dleachtanna custaim agus cáin á mbailiú i gceart.
I ndéanamh a chuid iniúchtaí dó, tá ceart rochtana ag SAO ar gach áitreabh agus doiciméad a meastar a bheith riachtanach dó chun a chuid oibre a dhéanamh.
Sa bhreis ar a chuid gníomhaíochtaí iniúchóireachta féin, agus arna iarraidh sin air ag Banc Náisiúnta na Slóvaice, bíonn SAO rannpháirteach sa phróiseas trína ndéantar iniúchóir seachtrach neamhspleách a mholadh chun iniúchóireacht a dhéanamh ar chuntais chríochnaitheacha Bhanc Náisiúnta na Slóvaice.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
- Airteagail 60-63 de Bhunreacht Phoblacht na Slóvaice (1992);
- Acht Uimh. 39/1993 um Uas-Oifig Iniúchóireachta Phoblacht na Slóvaice.
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
Déanann SAO iniúchóireacht orthu seo a leanas:
- comhlachtaí rialtais;
- aireachtaí: 14;
- comhlachtaí riaracháin an stáit láir;
- institiúidí poiblí;
- eintitis dhlíthiúla atá bunaithe ag údaráis an rialtais láir nó ag gníomhaireachtaí riaracháin stáit eile;
- comhlachtaí rialtais áitiúil agus ardaonaid chríochacha, a gcuid eagraíochtaí a fhaigheann cistí ón mbuiséad agus eintitis dhlítheanacha atá ionchorpraithe iontu;
- aonaid sainchuspóra stáit; agus
- daoine aonair agus eintitis dhlítheanacha a fhaigheann cistí náisiúnta, poiblí agus Eorpacha chomh maith le cistí eachtracha eile.
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Struchtúr de chineál Westminster (monalathach) gan aon fheidhm dhlínse.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
Is comhlacht stáit neamhspleách atá in SAO.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
Cuireann SAO tuarascáil achomair bhliantúil ar thorthaí a chuid iniúchtaí go léir faoi bhráid na parlaiminte. Chomh maith leis sin, déanann sé na tuarascálacha iniúchóireachta iomlána a chur faoi bhráid na gcoistí parlaiminteacha ábhartha.
Bunaithe ar rún ón bparlaimint, féadtar a ordú do SAO iniúchadh ar leith atá laistigh dá réimse freagrachtaí a dhéanamh. Ní mór do SAO an t-iniúchadh sin a dhéanamh.
Soláthraíonn SAO tuairimí maidir le tograí le haghaidh buiséad stáit agus cuntais chríochnaitheacha stáit Phoblacht na Slóvaice agus cuireann sé na tuairimí sin faoi bhráid na parlaiminte.
Is í an pharlaimint a thoghann agus a aisghaireann an tUachtarán agus an bheirt Leas-Uachtarán.
— EAGAR
CEANNASAÍ
UACHTARÁN
Ceapadh Ľubomír Andrassy an 25 Bealtaine 2022.
TÉARMA OIFIGE
Seacht mbliana, in-athnuaite uair amháin.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is iad Comhaltaí na Comhairle Náisiúnta (an pharlaimint) a thoghann an tUachtarán trí bhallóid rúnda.
COMHLACHT RIALAITHE
Tá SAO á rialú mar chomhlacht reachtach ag an Uachtarán agus faigheann sé nó sí tacaíocht ó bheirt Leas-Uachtarán.
TÉARMA OIFIGE
Seacht mbliana atá i dtionacht na Leas-Uachtarán, agus is féidir é sin a athnuachan uair amháin.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is iad Comhaltaí na Comhairle Náisiúnta a thoghann na Leas-Uachtaráin trí bhallóid rúnda.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Tá ceanncheathrú SAO sa Bhratasláiv comhdhéanta de rannóg Iniúchóireachta, rannóg Nuálaíochta agus Oifig an Uachtaráin, a sholáthraíonn seirbhísí tacaíochta. Tá seacht gcraobh réigiúnacha freisin ann atá lonnaithe in ionaid réigiúnacha a dhéanann iniúchóireacht ar na bardais fhéinrialaitheacha réigiúnacha, cheantair agus áitiúla.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 298 (2023) (a bhfuil 75 % díobh ag gabháil don iniúchóireacht)
- Cothromaíocht Inscne: ♂ 35 %; ♀ 65 %. Meánaois: 48
BUISÉAD
- 14.4 milliún euro (2024)
- 0.04 % de chaiteachas iomlán an rialtais
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
Pleanálann SAO a chuid oibre iniúchóireachta i bpleananna iniúchóireachta bliantúla, a bhformheasann an Bord Comhairleach iad bunaithe ar chreatphlean trí bliana.
Tiomsaítear an liosta d’iniúchtaí go príomha bunaithe ar anailís rioscaí, ar chuspóirí straitéiseacha SAO agus ar mholtaí ón bpobal.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Déanann SAO trí phríomhchineál iniúchóireachta:
- iniúchtaí airgeadais;
- iniúchtaí comhlíontachta; agus
- iniúchtaí feidhmíochta.
Bunaithe ar na torthaí a bhíonn ar iniúchadh, seolann SAO dréacht-tuarascáil chuig an eintiteas faoi iniúchóireacht agus féadann an t-eintiteas sin tuairim a thabhairt ina taobh ansin. Cuirfear an tuairim sin sa tuarascáil chríochnaitheach mar leasú ar an tuarascáil.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Foilsíonn SAO:
- tuarascáil bhliantúil;
- tuarascálacha iniúchóireachta airgeadais;
- tuarascálacha iniúchóireachta comhlíontachta;
- tuarascálacha iniúchóireachta feidhmíochta; agus
- tuarascáil achomair ar thorthaí a chuid iniúchtaí go léir.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
Seolann SAO a chuid tuarascálacha iniúchóireachta go léir chuig an eintiteas faoi iniúchóireacht agus chuig an bparlaimint agus chuig na coistí parlaiminteacha ábhartha. Cuireann SAO na fionnachtana substaintiúla in iúl d’Uachtarán na Poblachta, don Phríomh-Aire agus do Spéicéir na Parlaiminte.
Sa bhreis air sin, déantar achoimre den tuarascáil chríochnaitheach a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin SAO.
— COMHAR LE PÁIRTITHE EILE
Comhoibríonn SAO le go leor institiúidí ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idirnáisiúnta.
Siad na comhpháirtithe náisiúnta ná ollscoileanna, údaráis phoiblí amhail Oifig an Ionchúisitheora Ginearálta, Seomra na nIniúchóirí, Oifig Frithmhonaplachta Phoblacht na Slóvaice, agus an Oifig um Soláthar Poiblí, i measc eagraíochtaí eile.
Is í an aidhm atá le gníomhaíochtaí comhair náisiúnta agus idirnáisiúnta SAO ná rannchuidiú le modheolaíochtaí agus cáilíocht na hoibre a fhorbairt agus ar an gcaoi sin rannchuidiú freisin le cur chun feidhme feabhsaithe ar shainordú SAO laistigh de Phoblacht na Slóvaice.
AN tSUALAINN
RIKSREVISIONEN
| Ó 2003 Céadbhunaithe in 1921 Suíomh gréasáin: www.riksrevisionen.se |
Ráiteas misin:
Cabhrú le húsáid thrédhearcach agus éifeachtach acmhainní an rialtais láir agus le riarachán éifeachtúil poiblí a chur chun cinn trí iniúchóireacht neamhspleách a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí uile an rialtais láir.
Déanann Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta na Sualainne cúraimí eile ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta, amhail an iniúchóireacht phoiblí a fhorbairt agus a chur chun cinn, agus féachann sí le húdaráis iniúchóireachta i dtíortha i mbéal forbartha a neartú.
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
SAINORDÚ
Is cuid den struchtúr rialaithe parlaiminteach í Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta (NAO) na Sualainne agus is í an t-aon chomhlacht í a fhéadann iniúchóireacht a dhéanamh ar na cistí stáit go léir. Trí iniúchóireacht a dhéanamh ar shlabhra iomlán na cumhachta feidhmeannachta, cinntíonn NAO go seoltar iniúchadh comhordaithe agus neamhspleách ar airgeadas agus gníomhaíochtaí rialtais an stáit chuig Parlaimint na Sualainne.
Déanann NAO ionadaíocht ar an tSualainn go hidirnáisiúnta freisin chun an iniúchóireacht phoiblí a chur chun cinn agus a fhorbairt agus tá sé coimisiúnaithe ag an bparlaimint chun comhoibriú le UFInna eile i dtíortha i mbéal forbartha chun a gcuid scileanna iniúchóireachta agus a n-acmhainneacht a neartú.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT
- An Ionstraim Rialtais (Bunreacht, 1809, arna ionadú in 1974)
- An tAcht um Iniúchóireacht Ghníomhaíochtaí Stáit (2002)
- Acht ina bhfuil treoracha d’Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta na Sualainne
- Reachtaíocht mhionsonraithe bhreise
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
Tá sainordú ag NAO iniúchóireacht a dhéanamh orthu seo a leanas:
- cuntais an rialtais, na n-oifigí rialtais, na gcúirteanna agus na n-aireachtaí agus gníomhaireachtaí rialtais go léir;
- riarachán agus gníomhaireachtaí na Parlaiminte;
- an rítheaghlach agus riarachán pháirceanna cheantar ríoga Djurgården;
- cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta atá faoi úinéireacht stáit nó faoi thionchar an stáit;
- Cistí Iontaobhais Oidhreachta na Sualainne agus fondúireachtaí atá cruthaithe ag údaráis stáit nó atá á mbainistiú go páirteach nó go hiomlán ag údaráis stáit; agus
- cuideachtaí a bhfuil sciar níos mó ná 50 % díobh faoi úinéireacht stáit.
Trína iniúchtaí airgeadais, scrúdaíonn NAO an méid seo a leanas:
- cuntais uile an rialtais, lena n-áirítear cuntais oifigí rialtais agus gníomhaireachtaí rialtais, seachas cistí pinsean poiblí (AP-fonderna);
- riarachán na parlaiminte agus ombudsmain na parlaiminte, Banc na Sualainne agus Banc Fhondúireacht Trí Chéid na Sualainne; agus
- an rítheaghlach agus riarachán cheantar ríoga Djurgården.
Chomh maith leis sin, féadann NAO iniúchóirí a cheapadh chuig cuideachtaí nó fondúireachtaí a bhfuil sciar d’os cionn 50 % díobh faoi úinéireacht stáit.
Féadann NAO páirt a ghlacadh freisin in iniúchtaí ar eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil an tSualainn ina comhalta díobh.
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Oifig iniúchóireachta, atá neamhspleách ar an rialtas agus faoi cheannas Ardiniúchóra.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
Is eagraíocht neamhspleách faoi Pharlaimint na Sualainne é NAO agus is cuid den struchtúr rialaithe parlaiminteach é.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
Cinneann an Pharlaimint cé chomh fairsing a bhíonn gníomhaíochtaí iniúchóireachta NAO agus cad air a bhíonn an fócas. Is í an Pharlaimint a chinneann na deontais bhliantúla chomh maith.
Déanann an Pharlaimint measúnú freisin ar éifeachtúlacht NAO féin agus ceapann sí iniúchóir seachtrach gach bliain chun iniúchóireacht a dhéanamh ar NAO. Ceapann sí comhairle pharlaiminteach chun formhaoirseacht a dhéanamh ar NAO agus teagmháil a choimeád leis (Comhairle Pharlaiminteach Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta na Sualainne).
Cuireann NAO a chuid tuarascálacha iniúchóireachta airgeadais faoi bhráid an rialtais agus cuireann sé na tuarascálacha iniúchóireachta feidhmíochta faoi bhráid na parlaiminte. Cuireann an pharlaimint na hiniúchtaí feidhmíochta sin ar aghaidh chuig an rialtas chun tuairim i scríbhinn faoin iniúchadh a fháil uaidh. Seoltar an tuarascáil leantach chuig Buanchoiste Airgeadais na Parlaiminte.
Má aimsíonn NAO aon easnamh, tugann sé tuairisc ar na heasnaimh sin agus is iondúil go n-eisíonn sé moltaí ina leith. Bítear i gcomhchomhairle leis na heintitis i dtrácht le linn an phróisis iniúchóireachta agus tá orthu sin freagra a thabhairt ar aon cheist a ardaítear. Chun a chuid oibre a dhéanamh, tá ceart rochtana ag NAO ar an bhfaisnéis go léir.
— EAGAR
CEANNASAÍ
ARD-INIÚCHÓIR
Chuaigh Christina Gellerbrant Hagberg i mbun dualgais an 16 Meán Fómhair 2024.
Cinneann an tArdiniúchóir cad atá le scrúdú, conas a dhéantar an iniúchóireacht agus cad iad na conclúidí atá le baint as an obair iniúchóireachta. Tá an tArdiniúchóir neamhspleách agus faoi chosaint an Bhunreachta.
TÉARMA OIFIGE
Ceaptar an tArdiniúchóir go ceann téarma seacht mbliana agus ní féidir é nó í a athcheapadh.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Is í an pharlaimint a cheapann an tArdiniúchóir agus an Leas-Ardiniúchóir.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Tá NAO comhdhéanta de roinn amháin don iniúchóireacht feidhmíochta agus roinn amháin don iniúchóireacht airgeadais.
Tá ceithre roinn eile ann atá freagrach as na nithe seo a leanas: an caidreamh idirnáisiúnta, cumarsáid, seirbhísí dlí agus tacaíocht bhainistíochta.
Ar deireadh, tá Comhairle Pharlaiminteach agus Comhairle Eolaíoch ag NAO chomh maith le hAonad um Iniúchóireacht Inmheánach.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 319 i gcoibhéis lánaimseartha (2024) (a bhfuil 69 % díobh ag gabháil don iniúchóireacht)
- Cothromaíocht Inscne: ♂ 39 %; ♀ 61 %. Meánaois: 45
BUISÉAD
- 438.4 milliún SEK (€39.1 milliún), lena n-áirítear 50 milliún SEK (€4.5 milliún) le haghaidh comhar forbraíochta idirnáisiúnta (2024)
- Thart ar 0.03 % de bhuiséad iomlán an stáit do 2024
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
De réir an chreata atá socraithe ag an bParlaimint a mhéid a bhaineann le fairsinge agus fócas obair iniúchóireachta NAO, cinneann NAO go neamhspleách cad iad na topaicí a ndéanfaidh sé iniúchóireacht orthu.
Bíonn fócas na hiniúchóireachta bunaithe ar anailís ar rioscaí de mhí-ráiteas ábharthach agus ar mhéid airgeadais choibhneasta an eintitis faoi iniúchóireacht. Má mheastar, áfach, go bhféadfadh mí-ráiteas beag díobháil a dhéanamh don iontaoibh as an rialtas áitiúil, is féidir féachaint ar an mí-ráiteas sin freisin mar mhí-ráiteas ábharthach.
Fócas iniúchóireachta eile atá aige is ea an fhorbairt i gcoitinne a chur chun cinn ionas go mbíonn toradh éifeachtach ar infheistíochtaí stáit le fáil ag an bpobal. I gcás iniúchtaí feidhmíochta, i measc na gcritéar breise a bhreithnítear tá: an breisluach; sceidealú; agus a indéanta atá iniúchadh.
Taobh amuigh dá phleanáil féin, bíonn ar NAO iniúchóireacht airgeadais bhliantúil a dhéanamh ar chuntais chomhdhlúite agus gníomhaireachtaí an rialtais.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Déanann NAO iniúchóireacht airgeadais bhliantúil chun measúnú a dhéanamh ar chirte na ráiteas airgeadais, agus déanann sé iniúchóireachtaí feidhmíochta ina ndéanann sé measúnú ar éifeachtúlacht oibríochtaí. Déanann NAO caighdeáin idirnáisiúnta agus treoirlínte inmheánacha a chur i bhfeidhm i dtaca le gníomhaíochtaí iniúchóireachta, cumarsáid agus saincheisteanna eitice.
Tá na tuarascálacha go léir faoi réir rialú cáilíochta - idir inmheánach agus seachtrach.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Foilsíonn NAO:
- tuarascáil bhliantúil;
- tuarascáil iniúchóireachta bhliantúil;
- tuarascálacha iniúchóireachta feidhmíochta;
- tuairimí agus tuarascálacha iniúchóireachta airgeadais;
- tuarascáil iniúchóireachta ina ndéantar athbhreithniú ar an tuarascáil eatramhach (deimhniú iniúchóireachta); agus
- tuarascáil leantach bhliantúil.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
Foilsíonn NAO a chuid tuarascálacha go léir ar a shuíomh gréasáin agus foilsíonn sé preasráitis i dtaobh a chuid oibre go tráthrialta. Úsáideann sé bealaí cumarsáide éagsúla, lena n-áirítear cuid de na meáin shóisialta.
Chomh maith leis sin, foilsíonn sé nuachtlitir do shaoránaigh agus geallsealbhóirí leasmhara.
— COMHAR LE PÁIRTITHE EILE
Déanann NAO raon leathan gníomhaíochtaí idirnáisiúnta agus déanann sé ionadaíocht ar an tSualainn go hidirnáisiúnta. Faoi chuimsiú an chúnaimh ón tSualainn, tá sainordú aige ón bparlaimint tacú le forbairt údarás iniúchóireachta i dtíortha eile.
Tá leithdháileadh buiséid ar leith le haghaidh forbraíocht idirnáisiúnta ag NAO a úsáideann sé chun rannchuidiú le trédhearcacht, forbairt dhaonlathach agus neartú an rialaithe pharlaimintigh i dtíortha comhpháirtíochta. Tarlaíonn an comhar sin go déthaobhach agus trí bhíthin tionscadail réigiúnacha araon. Ní mór go mbeadh sé mar aidhm ag gníomhaíochtaí NAO díriú isteach ar acmhainneacht iniúchóireachta gairmiúla an chomhpháirtí comhair, chomh maith le hacmhainneacht na ndaoine aonair ó thaobh a gcuid scileanna iniúchóireachta a úsáid agus acmhainneachtaí na foirne a nascadh le héifeachtúlacht oibríochtúil. Is féidir le NAO oiliúint bhunúsach ar chúrsaí iniúchóireachta a sholáthar, chomh maith le breisoiliúint i réimsí speisialaithe, tacaíocht i bhforbairt dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta, agus ionchur i gcomhthéacs an eagraíocht a neartú ó thaobh ceannaireachta, pleanála straitéisí, cumarsáide agus acmhainneachtaí eile de.
AN UNGÁIR
ÁLLAMI SZÁMVEVŐSZÉK
![]() |
Céadbhunaithe: 1870 Ó 1989 Suíomh gréasáin: www.asz.hu |
Sainordú:
Is í an Oifig Iniúchóireachta Stáit (SAO) uasfhoras iniúchóireachta airgeadais agus eacnamaíochta an Tionóil Náisiúnta, agus tacaíonn sí le hoibriú agus bainistiú dlíthiúil, pras, barainneach, éifeachtúil agus éifeachtach na n-eagraíochtaí a bhíonn ag bainistiú cistí agus sócmhainní poiblí. Déanann SAO é sin trína chuid iniúchtaí agus éachtaintí, trí thuairimí comhairleacha, trí mholtaí agus trí anailísí bunaithe ar an taithí iniúchóireachta. Déanann sé faireachán freisin ar úsáid chuí na gcistí poiblí. Trína gníomhaíochtaí, rannchuidíonn an Oifig Iniúchóireachta Stáit le feabhas a chur ar fheidhmíocht fheidhmeanna an stáit.
FAISNÉIS GHINEARÁLTA
— BUNÚS DLÍ
Is í Oifig Iniúchóireachta Stáit (SAO) na hUngáire uasfhoras iniúchóireachta airgeadais agus eacnamaíoch an Tionóil Náisiúnta agus tuairiscíonn sí chuige. Tá sainordú ginearálta tugtha do SAO chun iniúchóireacht a dhéanamh ar chistí poiblí agus ar an gcaoi a ndéantar sócmhainní an rialtais stáit agus na rialtas áitiúil a bhainistiú. Feidhmíonn sé an sainordú sin go neamhspleách ar aon eagraíocht eile.
Tá freagracht ar SAO as iniúchóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid láir, ar bhainistiú an chórais airgeadais phoiblí, ar úsáid cistí poiblí agus ar bhainistiú sócmhainní náisiúnta. Déanann SAO a chuid iniúchtaí i gcomhréir le critéir na dlíthiúlachta, na caoithiúlachta agus na héifeachtachta. Bunaithe ar a fhionnachtana, féadann SAO imeachtaí a thionscnamh leis an údarás inniúil in aghaidh na n-eintiteas faoi iniúchóireacht agus na ndaoine aonair atá freagrach. Ní féidir tuarascálacha SAO, ná a chuid fionnachtana agus conclúidí, a agóid os comhair na gcúirteanna ná os comhair údaráis eile.
Bunaithe ar a thaithí iniúchóireachta, cuidíonn SAO leis an Tionól Náisiúnta, le coistí an Tionóil agus le hobair na n-eintiteas faoi iniúchóireacht trí fhionnachtana, iomluanna, tuairimí comhairleacha agus moltaí a chur ar fáil dóibh, chomh maith le hanailísí agus staidéir a dhéanamh.
PRÍOMHREACHTAÍOCHT MAIDIR LE STÁDAS SAO
- Dlí Bunúsach na hUngáire.
- Acht LXVI de 2011 maidir le SAO
EINTITIS FAOI INIÚCHÓIREACHT
- comhlachtaí a bhainistíonn ceannteidil an bhuiséid láir, comhlachtaí buiséadacha faoi na ceannteidil bhuiséadacha sin, rialtais áitiúla, féinrialtais mhionlaigh agus a gcomhlachais
- eagraíochtaí (institiúidí) eacnamaíocha atá cistithe as an mbuiséad láir;
- rialtais áitiúla, féinrialtais mhionlaigh náisiúnta agus áitiúla, fondúireachtaí poiblí, comhlachtaí poiblí, eagraíochtaí a thairbhíonn de chistí poiblí, eagraíochtaí eacnamaíocha, comhlachais, fondúireachtaí agus eintitis thairbhiúla eile
- eagraíochtaí eacnamaíocha atá faoi úinéireacht iomlán nó úinéireacht pháirteach an stáit nó na rialtas áitiúil
- bainistiú sócmhainní i gcás eagraíochtaí eacnamaíocha atá faoi úinéireacht iomlán nó úinéireacht pháirteach an stáit nó na rialtas áitiúil
- conarthaí soláthair phoiblí a chistítear as fochórais struchtúr airgeadais an rialtais ghinearálta agus conarthaí a bhaineann le sócmhainní a bhaineann leis na fochórais sin
- comhlíontacht na rialacha cuntasaíochta is infheidhme maidir le struchtúr airgeadais an rialtais ghinearálta, feidhmiú an chórais rialaithe inmheánaigh do struchtúr airgeadais an rialtais ghinearálta
- urscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid láir
- cánachas agus gníomhaíochtaí cruinnithe ioncaim eile a dhéanann údaráis chánach agus chustaim an stáit, agus gníomhaíochtaí na n-údarás custaim;
- bainistiú Bhanc Náisiúnta na hUngáire, gníomhaíochtaí an Bhainc ar leibhéal níos leithne ná na cúraimí príomhúla, agus a mhéid atá an reachtaíocht agus reachtanna á gcomhlíonadh ag an mBanc
- bainistiú na bpáirtithe polaitíochta
- an úsáid a bhaintear as an ranníocaíocht airgeadais a íocann an Tionól Náisiúnta le grúpaí polaitíochta na bpáirtithe
- cur chun feidhme na tacaíochta a íoctar leo seo a leanas: comhlachais eaglasta; eintitis dhlíthiúla eaglasta; eagraíochtaí a bhíonn ag gabháil don oideachas, don ardoideachas, don tsláinte, don charthanacht, don leas sóisialach, do chúrsaí teaghlaigh, leanaí agus cosanta na hóige, don chultúr agus do ghníomhaíochtaí spóirt, cé is moite de ghníomhaíochtaí reiligiúnacha
- sonraí i dtaca leis an úsáid a bhaintear as buiséid oibríochta sonracha na seirbhísí slándála náisiúnta
- comhlachais agus fondúireachtaí a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí ar dócha dóibh tionchar a imirt ar an saol poiblí
— STRUCHTÚR
AN CINEÁL UFI
Eagraíocht riaracháin gan aon chumhachtaí oifigiúla, a bhíonn ag feidhmiú faoi fhreagracht iomlán an Uachtaráin.
IONAD AN UFI SA CHÓRAS RIALTAIS
Déanann SAO a chuid dualgas faoi údarás an Tionóil Náisiúnta. Ina thuarascáil bhliantúil chuig an Tionól Náisiúnta, tugann an tUachtarán faisnéis faoi ghníomhaíochtaí iniúchóireachta, oibríocht agus bainistiú SAO don bhliain roimhe sin, agus ar na bearta a rinneadh mar obair leantach ar na fionnachtana iniúchóireachta.
Tá ceannteideal neamhspleách i struchtúr an bhuiséid láir ag SAO, agus is é/í Uachtarán SAO a theachtann cearta an chomhlachta atá ag rialú an cheannteidil sin.
AN CAIDREAMH LEIS AN bPARLAIMINT / LEIS AN RIALTAS
Is comhalta den Chomhairle Fhioscach atá in Uachtarán SAO. Tacaíonn SAO le hobair na Comhairle trí anailísí agus staidéir a dhéanamh agus iad sin a chur ar fáil don Chomhairle.
Déanann SAO a chuid gníomhaíochtaí iniúchóireachta bunaithe ar phlean iniúchóireachta bliantúil a bhíonn formheasta ag an Uachtarán. Cuireann Uachtarán SAO an Tionól Náisiúnta ar an eolas faoin bplean iniúchóireachta agus faoi aon leasuithe a dhéantar ar an bplean sin. Bunaithe ar chinneadh ón Uachtarán, féadann SAO iniúchtaí nach bhfuil liostaithe sa phlean iniúchóireachta a dhéanamh. Cuirtear an Tionól Náisiúnta ar an eolas faoi na hiniúchtaí sin trí bhíthin thuarascáil bhliantúil SAO.
Bíonn ar SAO iniúchtaí a dhéanamh bunaithe ar chinneadh ón Tionól Náisiúnta, agus is féidir leis iniúchtaí a dhéanamh bunaithe ar iarraidh ón rialtas, ó ECAT, ón Aontas Eorpach nó ó aon eagraíocht idirnáisiúnta a bhfuil an Ungáir ina comhalta de, chomh maith le hiniúchtaí a dhéanamh i gcomhlíonadh oibleagáide a thagann as conradh idirnáisiúnta atá déanta ag an bparlaimint nó ag an rialtas, nó ar bhonn cinneadh aonair ón Uachtarán.
— EAGAR
CEANNASAÍ
UACHTARÁN
Ceapadh an Dr László Windisch an 4 Iúil 2022.
TÉARMA OIFIGE
12 bhliain, agus ceadaítear atoghadh.
MODH ROGHNÚCHÁIN
Déantar Uachtarán SAO a thoghadh le tromlach dhá thriain de Chomhaltaí an Tionóil Náisiúnta.
STRUCHTÚR NA hEAGRAÍOCHTA
Feidhmíonn SAO faoi fhreagracht iomlán an Uachtaráin. Is iad atá mar oifigigh shinsearacha ná an tUachtarán agus na Leas-Uachtaráin. Is é an Tionól Náisiúnta a thoghann an tUachtarán agus ceapann an tUachtarán na Leas-Uachtaráin; is téarma 12 bhliain atá acu. Is stiúrthóireachtaí iniúchóireachta a dhéanann na gníomhaíochtaí iniúchóireachta, agus clúdaíonn na gníomhaíochtaí sin an leibhéal láir agus na leibhéil áitiúla den airgeadas poiblí, eintitis lasmuigh den rialtas ginearálta a thairbhíonn de chistí poiblí, bainistiú sócmhainní poiblí agus iniúchtaí feidhmíochta. Bíonn stiúrthóirí iniúchóireachta i gceannas ar na stiúrthóireachtaí iniúchóireachta agus is faoi stiúir oibríochtúil na mbainisteoirí iniúchóireachta – a thagann faoi fhreagracht na stiúrthóirí – a dhéantar an obair iniúchóireachta.
Tá feidhmeanna don mheasúnú riosca straitéiseach agus modheolaíochta mar aon le feidhm dearbhaithe cáilíochta ann mar thaca do na gníomhaíochtaí iniúchóireachta sna stiúrthóireachtaí, agus déantar na feidhmeanna sin faoi cheannaireacht an Stiúrthóra Comhordúcháin. Sa bhreis ar iniúchtaí, tá láraonad anailíse ann a dhéanann feidhmeanna anailíseacha SAO faoi mar a fhoráiltear dó sin sa reachtaíocht. Sa bhreis air sin, tá aonaid eile ann (dlíthiúil, airgeadas, TF, riarachán, pearsanra, cumarsáid, idirnáisiúnta) a rannchuidíonn lena áirithiú go bhfuil SAO ag feidhmiú go cuí.
— ACMHAINNÍ
FOIREANN
- Líon: 523.81 (i gcoibhéis lánaimseartha) (amhail an 29 Feabhra 2024) (a bhfuil 74.25 % díobh ag gabháil don iniúchóireacht)
- Cothromaíocht inscne: ♂ 38.53 %; ♀ 61.47 %. Meánaois: 47.76 bliain
BUISÉAD
- 15.3 billiún HUF (2024) (40.3 milliún euro)
- Pleanáil bhuiséadach: dréachtaíonn SAO a bhuiséad féin, a chaitear a chur faoi bhráid an Tionóil Náisiúnta – agus gan aon athrú déanta air ag an rialtas – mar chuid den dréachtghníomh ar an mbuiséad láir.
- < 0.04 % de chaiteachas iomlán an rialtais; 0.02 % den OTI
OBAIR INIÚCHÓIREACHTA
— AN OBAIR INIÚCHÓIREACHTA A PHLEANÁIL
- Déanann SAO a chuid gníomhaíochtaí iniúchóireachta bunaithe ar an bplean iniúchóireachta bliantúil a bhíonn formheasta ag an Uachtarán agus de réir na rialacha agus na gcaighdeán iniúchóireachta. Bunaithe ar chinneadh ón Uachtarán, féadann SAO iniúchtaí nach bhfuil liostaithe sa phlean iniúchóireachta a dhéanamh.
- Is le dlí a chinntear cé chomh minic a dhéantar iniúchtaí; nó mura bhfuil forálacha reachtacha ann chuige sin, déantar iad ar chinneadh ón Uachtarán.
- Tá córas ag SAO chun réimsí agus eintitis a roghnú a ndéanfaidh sé iniúchóireacht orthu agus le fónamh mar bhunús do na hiniúchtaí sin, le fócas ar leith ar bhreisluach.
- Déanann SAO a chuid iniúchtaí bunaithe ar chinneadh ón Tionól Náisiúnta. Faoin Acht maidir le SAO, is féidir le heintitis eile iniúchtaí a dhéanamh má iarrtar é sin orthu.
— MODHANNA INIÚCHÓIREACHTA
Forbraíonn SAO a chuid rialacha agus caighdeáin iniúchóireachta faoi chuimsiú chaighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta INTOSAI, trína ndéanann sé na caighdeáin sin a oiriúnú do na creataí náisiúnta dlí agus iniúchóireachta, agus áirithíonn SAO go ndéantar athbhreithniú leanúnach ar a chuid rialacha agus caighdeán iniúchóireachta i gcomhréir leis an timpeallacht athraitheach atá ann.
Tá plean iniúchóireachta bliantúil SAO ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin (www.asz.hu). Cuirtear in iúl do na hiniúchaithe cad iad na cuspóirí iniúchóireachta agus na critéir ar a mbunaíonn SAO a chuid fionnachtana trí bhíthin doiciméid iniúchóireachta atá foilsithe aige. Cuirtear in iúl freisin dóibh cad iad na modhanna iniúchóireachta atá in úsáid, agus seoltar an clár iniúchóireachta chucu. Le linn do SAO a bheith i mbun iniúchóireachta, déantar faisnéis atá curtha ar fáil ag an eintiteas faoi iniúchóireacht agus sonraí a bhaineann leis an iniúchadh a mheasúnú ar bhonn critéir iniúchóireachta a bhíonn leagtha síos sa chlár iniúchóireachta.
ASCHUR
— TUARASCÁLACHA AGUS FOILSEACHÁIN EILE
Foilsíonn SAO:
- tuairim maidir leis an dréacht-acht um an mbuiséad láir;
- tuarascáil maidir le cur chun feidhme an bhuiséid láir;
- tuarascálacha iniúchóireachta (ag áirithiú ag an am céanna go bhfuil cosaint tugtha d’fhaisnéis rúnaicmithe);
- faisnéis bhliantúil maidir lena chuid gníomhaíochtaí agus feidhmiú na hinstitiúide;
- moltaí nach bhfuil ceangailteach de réir dlí;
- cuid dá chuid anailísí.
Tá oibleagáid dhlíthiúil ar SAO tacú le hobair na Comhairle Fioscaí trí bhíthin na n-anailísí a dhéanann sé. Chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh, déanann SAO roinnt anailísí gach bliain ar staid an bhuiséid agus ar shaincheisteanna áirithe a bhaineann leis an mbeartas fioscach.
— GNÍOMHAÍOCHTAÍ CRAOBHSCAOILTE
Chun an buntáiste is mó a bhaint dá chuid oibre agus dá thaithí ghairmiúil, bíonn aird ar leith ag SAO ar chumarsáid oscailte agus shoiléir leis na hiniúchaithe, agus tugann sé tuairisc ar a chuid oibre, ar shlí atá soiléir agus inrochtana, don Tionól Náisiúnta agus don phobal. Tá suíomh gréasáin ag SAO atá in Ungáiris agus i mBéarla chun an pobal a chur ar an eolas faoina chuid gníomhaíochtaí agus chun a oibleagáid reachtúil i dtaobh foilsiú a áirithiú. Foilsíonn SAO a chuid tuarascálacha agus anailísí go léir ar an suíomh gréasáin, agus tuairiscíonn sé ar a chuid iniúchtaí tosaíochta trí bhíthin cumarsáidí achoimre. Sa bhreis air sin, tá faisnéis ar an suíomh gréasáin faoin timpeallacht rialála trína sainítear gníomhaíocht SAO, an eagraíocht agus oibriú na hinstitiúide, chomh maith leis na caighdeáin iniúchóireachta gairmiúla. I gcomhréir leis an reachtaíocht, is féidir leis na hiniúchaithe brath ar an treoraíocht, na lámhleabhair agus na féintástálacha atá ar fáil ar an suíomh gréasáin.
— COMHAR LE hEAGRAÍOCHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA
Déanann SAO forbairt ghairmiúil leanúnach a áirithiú trí chomhoibriú le heagraíochtaí comhpháirtíochta seachtracha agus leas a bhaint as a gcuid saineolais siúd, agus ar an gcaoi sin méadaíonn sé cáilíocht agus inchreidteacht a chuid oibre féin. Chun a chuid tascanna a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí, tugann sé comhaontuithe comhair i gcrích le comhpháirtithe gairmiúla agus bíonn idirchaidreamh aige le comhlachtaí iniúchóireachta náisiúnta.
Bíonn SAO rannpháirteach in imeachtaí gairmiúla san Ungáir féin agus go hidirnáisiúnta, agus coinníonn sé súil ghéar ar fhorbairtí sna caighdeáin ghairmiúla idirnáisiúnta don iniúchóireacht agus ar shaincheisteanna atá i mbéal an phobail a bhíonn á bplé i bhfóraim idirnáisiúnta, ionas gur féidir leis a chuid gníomhaíochtaí iniúchóireachta agus a mhodheolaíocht – chomh maith lena fheidhmiú eagraíochtúil – a fhorbairt tuilleadh.
Bíonn SAO páirteach i ngníomhaíochtaí idirnáisiúnta chun a ról i bpobal idirnáisiúnta na hiniúchóireachta a chur chun cinn. Déanann SAO idirchaidreamh, go háirithe, le INTOSAI, EUROSAI, institiúidí agus eagraíochtaí eile an Aontais Eorpaigh, an Bord Idirnáisiúnta Iniúchóirí do ECAT agus uasfhorais iniúchóireachta na dtíortha i gComhar Visegrad chun an comhar idirnáisiúnta a neartú agus chun feabhas a chur ar bhonn leanúnach ar a chuid rialacha iniúchóireachta agus ar a chuid modhanna iniúchóireachta.
CREIDIÚINTÍ DO NA GRIANGHRAIF
Foinse CIE: © An tAontas Eorpach 2018, foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa Ailtirí na bhfoirgneamh: Paul Noël (1988) agus Jim Clemes (2004 & 2013).
Foinse AT: Rechnungshof. Portráid: © Achim Bieniek.
Foinse BE: Rekenhof / Cour des comptes / Rechnungshof. Ailtirí an fhoirgnimh: Gustave Saintenoy agus Clément Parent.
Foinse BG: Сметна палата на Република България.
Foinse CY: Eλεγκτική Υπηρεσία της Κυπριακής Δημοκρατίας. Ailtire an fhoirgnimh: Ailtirí agus Innealtóirí Maratheftis-Yiannouris.
Foinse CZ: Nejvyšší kontrolní úřad.
Foinse DE: Bundesrechnungshof. Ailtire an fhoirgnimh: Josef Trimborn.
Foinse DK: Rigsrevisionen. Portráid: Helga Theilgaard.
Foinse EE: Riigikontroll.
Foinse EL: Ελεγκτικό Συνέδριο. Ailtire an fhoirgnimh: Themis Kataskevastiki (cuideachta phoiblí).
Foinse ES: Tribunal de Cuentas. Ailtire an fhoirgnimh: Francisco Jareño y Alarcón. Portráid: David Corral.
Foinse FI: Valtiontalouden tarkastusvirasto. Ailtire an fhoirgnimh: Ailtirí Helin & Co. Portráid: Lari Järnefelt / Felt Fotografi Oy.
Foinse FR: Tangopaso (Wikimedia Commons). Ailtire an fhoirgnimh: Constant Moyaux. Portráid: Émile Lombard, Cour des comptes.
Foinse HR: Državni ured za reviziju.
Foinse HU: Állami Számvevőszék. Ailtirí an fhoirgnimh: Antal Skalnitzky agus Henrik Koch.
Foinse IE: Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Ailtire an fhoirgnimh: Ailtirí Scott Tallon Walker.
Foinse IT: Corte dei conti.
Foinse LT: Valstybės Kontrolė. Ailtire an fhoirgnimh: Loreta Grikinienė.
Foinse LU: Cour des comptes. Ailtire an fhoirgnimh: Ailtirí Arlette Schneiders.
Foinse LV: Valsts kontrole. Ailtire an fhoirgnimh: Vizuālās Modelēšanas Studija Teo. Bainisteoir tionscadail: Daiga Bikse; agus ailtire: Daiga Levane.
Foinse MT: National Audit Office.
Foinse NL: Algemene Rekenkamer. Ailtire an fhoirgnimh: Aldo van Eyck. Portráid: Henriette Guest.
Foinse PL: Najwyższa Izba Kontroli. Ailtire an fhoirgnimh: Antoni Dygat. Portráid: Marek Brzeziński/Creative Commons CC0 1.0.
Foinse PT: Tribunal de Contas. Ailtirí an fhoirgnimh: Jorge Manuel Soares Costa agus Fernando Silva.
Foinse RO: Curtea de Conturi a României.
Foinse SE: Riksrevisionen. Portráid: Frida Ström.
Foinse SI: Računsko sodišče Republike Slovenije. Ailtire an fhoirgnimh: Miroslav Gregorič. Portráid: Luka Dakskobler/Mladina.
Foinse SK: Najvyšší kontrolný úrad Slovenskej republiky. Ailtire an fhoirgnimh: Vladimir Dedecek.
TEAGMHÁIL
TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE CIE
CÚIRT INIÚCHÓIRÍ NA hEORPA
12, rue Alcide De Gasperi
1615 Luxembourg
LUCSAMBURG
Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: www.eca.europa.eu/ga/contact
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
LinkedIn: EUAuditors
https://x.com/EUAuditors
Facebook: EUAuditors
Instagram: #EUAuditors
Youtube: @EUAuditors
EOLAS A FHÁIL FAOI CIE
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Ardán trédhearcachta: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/Transparency-portal-home.aspx
TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).
Ar an bhfón nó i scríbhinn
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:
- ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
- ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
- tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.
EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH
Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).
Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh
Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).
Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).
Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh
Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.
CÓIPCHEART
© An tAontas Eorpach, 2024
Is le Cinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a chuirtear beartas athúsáide Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) chun feidhme.
Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déanfar ábhar CIE atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Ciallaíonn sé sin go gceadaítear athúsáid, ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear athruithe. Níor cheart don athúsáideoir bunbhrí ná teachtaireacht na ndoiciméad a shaobhadh. Ní bheidh CIE faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.
Ní mór duit cearta breise a imréiteach má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann CIE nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh. I gcás ina bhfaighfear cead, cuirfear an cead ginearálta ar ceal agus tiocfaidh an cead a fuarthas in ionad an cheada ghinearálta atá thuasluaite agus léireofar aon srian ar úsáid go soiléir ann.
B’fhéidir go mbeidh ort cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt chun ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh.
Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, eisiatar iad ó bheartas athúsáide CIE agus ní thugtar faoi cheadúnas duit iad.
Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar Shuíomhanna Gréasáin an Aontais atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt orthu, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus cóipchirt a léamh go cúramach.
Lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid
Ní fhéadfar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.
Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2025
| HTML | ISBN 978-92-849-5106-2 doi:10.2865/9252695 QJ-01-25-019-GA-Q |


























