Tuarascáil speisialta
10 2022

Éascaíonn LEADER agus forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail rannpháirtíocht áitiúil, ach níl léiriú leordhóthanach ann go fóill maidir le buntáistí breise

Maidir leis an tuarascáil:Is é LEADER chur chuige rannpháirtíochta ón mbun aníos atá ag an Aontas chun go mbeidh pobail áitiúla rannpháirteach i bpróisis forbartha agus chinnteoireachta tionscadal. Tá costais bhreise agus rioscaí breise i gceist leis i gcomparáid le cláir chaiteachais phríomhshrutha an Aontais (ón mbarr anuas). Scrúdaíomar ar baineadh tairbhí as cur chuige LEADER a thug údar maith do na costais agus do na rioscaí breise, agus rinneamar obair leantach ar ár dtuarascáil speisialta 2010 ar an ábhar seo. Fuaireamar amach níos mó ná 10 mbliana níos déanaí, go bhfuil feabhsúcháin le feiceáil i roinnt réimsí agus go n-éascaíonn an cur chuige LEADER rannpháirtíocht áitiúil. Is beag fianaise atá ann, áfach, gur mó na tairbhí ná na costais agus na rioscaí a thabhaítear. Molaimid gur cheart don Choimisiún meastóireacht chuimsitheach a dhéanamh ar chostais agus ar thairbhí LEADER agus ar fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail.

Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Tá an foilseachán seo ar fáil i 24 theanga agus sa leagan seo a leanas:
PDF
PDF Tuarascáil speisialta: Cur chuige LEADER an Aontais maidir le forbairt tuaithe

Achoimre feidhmiúcháin

I Thug an tAontas clár LEADER isteach in 1991 mar thionscnamh ón mbun aníos chun tacú le forbairt réigiún tuaithe faoi mhíbhuntáiste trí thionscadail a théann i ngleic le riachtanais áitiúla. Ó 2014 i leith, bhain an tAontas úsáid as cur chuige LEADER (ar a dtugtar forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail) do roinnt sruthanna cistithe AE i gceantair thuaithe, uirbeacha agus chósta.

II Is é príomhthréith chur chuige LEADER ná modhanna rannpháirtíochta ón mbun aníos a chur i bhfeidhm chun pobail áitiúla rannpháirtiú i bhforbairt tionscadal agus i bpróisis chinnteoireachta. Is grúpaí gníomhaíochta áitiúla, atá comhdhéanta de chomhpháirtithe ón tsochaí phoiblí, phríobháideach agus shibhialta, a bhainistíonn na gníomhaíochtaí. Sa tréimhse 2014-2020, bheartaigh an tAontas cistiú suas le EUR 9.2 billiún a chur ar fáil do LEADER agus d’fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail.

III Tá costais bhreise agus rioscaí breise i gceist le cur chuige LEADER i gcomparáid le cláir chaiteachais phríomhshrutha an Aontais (ón mbarr anuas). Eascraíonn costais bhreise as struchtúir riaracháin ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla a chur ar bun agus a reáchtáil. Cruthaítear rioscaí breise mar gheall ar na nósanna imeachta fada, ceanglais bhreise riaracháin d’úinéirí tionscadail, agus coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann.

IV Tá údar maith le cuid de na costais bhreise agus na rioscaí breise sin má chuireann grúpaí gníomhaíochta áitiúla buntáistí breise ar fáil i gcomparáid le cláir chaiteachais phríomhshrutha an Aontais (ón mbarr anuas). Tugtar le fios sa treoraíocht ón gCoimisiún go dtagann na tairbhí sin as caipiteal sóisialta feabhsaithe, as rialachas áitiúil feabhsaithe agus as torthaí feabhsaithe ó thionscadail.

V Cumhdaíonn ár n-iniúchadh tréimhse cistiúcháin 2014-2020 an Aontais. Scrúdaíomar ar baineadh tairbhí as cur chuige LEADER a thug údar maith do na chostais agus do na rioscaí breise, go háirithe i gcomparáid le cláir chaiteachais phríomhshrutha (ón mbarr anuas) an Aontais. Chun an méid sin a mheasúnú, scrúdaíomar ar éascaíodh rannpháirtíocht áitiúil leis agus ar tháinig tionscadail uaidh a raibh tairbhí follasacha ag baint leo ó thaobh rialachais áitiúil de, ó thaobh feabhas a chur ar chaipiteal sóisialta agus ó thaobh torthaí feabhsaithe de. Rinneamar seiceáil freisin an raibh comhordú níos fearr ar thacaíocht forbartha áitiúla mar thoradh ar thabhairt isteach an chur chuige ilchiste nua.

VI Is gníomh leantach freisin atá san iniúchadh seo ó thuarascáil speisialta 2010 ar LEADER ina ndéantar measúnú féachaint ar thug nó nár thug an Coimisiún aghaidh ar na laigí a sainaithníodh. Tríd an tuarascáil seo, tá sé mar aidhm againn léargais agus moltaí tráthúla a chur ar fáil maidir leis an meastóireacht atá ar siúl ag an gCoimisiún faoi láthair ar chur chuige LEADER.

VII Níos mó ná deich mbliana tar éis ár dtuarascáil speisialta ar LEADER in 2010, léirítear inár n-iniúchadh go bhfuil feabhsuithe déanta i réimsí áirithe agus go n-éascaíonn cur chuige LEADER rannpháirtíocht áitiúil. Is beag fianaise atá ann, áfach, gur mó na tairbhí a bhaineann le cur chuige LEADER ná na costais agus na rioscaí a ghabhann leis.

VIII Cé gur chuir formhór na mBallstát nósanna imeachta ábhartha i bhfeidhm chun grúpaí gníomhaíochta áitiúla a roghnú agus a fhormheas, chuir roinnt Ballstát caighdeáin cháilíochta i bhfeidhm nach raibh chomh dian céanna nuair a bhí straitéisí forbartha áitiúla á roghnú acu. Fuaireamar amach nár chuir Ballstát amháin critéir cáilíochta san áireamh ina phróiseas roghnúcháin. Bhí próiseas iarratais agus formheasa tionscadail casta (suas le hocht gcéim iontu) agus áiríodh leis sin ceanglais bhreise riaracháin d’úinéirí tionscadail i gcomparáid le cláir chaiteachais phríomhshrutha. Ní raibh údaráis phoiblí ceannasach a thuilleadh sna comhlachtaí roghnúcháin tionscadal (mar a fuaireamar amach in 2010), ach is minic nach raibh na comhlachtaí sin ionadaíoch ar an bpobal áitiúil ná nach raibh cothromaíocht inscne iontu.

IX Fuaireamar amach gur roghnaigh grúpaí gníomhaíochta áitiúla tionscadail a bhí i gcomhréir leis na cuspóirí leathana bhí leagtha amach ina straitéisí forbartha áitiúla. Bhain roinnt Ballstát agus grúpaí gníomhaíochta áitiúla úsáid as LEADER chun cúraimí reachtúla údarás náisiúnta, réigiúnach nó bardasach a chistiú nó chun gníomhaíochtaí eile a chistiú arbh ann do chláir shonracha eile de chuid an Aontais agus do chláir chistiúcháin náisiúnta eile dóibh.

X Cé gur tugadh aghaidh ar dhá mholadh as na sé cinn rinneamar in 2010, fuaireamar amach nár chuir creat faireacháin agus meastóireachta an Choimisiúin fianaise ar fáil go fóill faoi thairbhí breise LEADER. Inár dtuairim ó 2018 ar thograí ón gCoimisiún maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta nua, chuireamar i dtreis gur cheart don Choimisiún cloí leis an bprionsabal ‘meastóireacht ar dtús’ agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar an reachtaíocht atá ann cheana. Tá meastóireacht á déanamh ag an gCoimisiún faoi láthair ar thairbhí LEADER.

XI I bhfianaise na gcostas agus na rioscaí breise i gcomparáid le samhlacha cistiúcháin eile agus an easpa leanúnach de thairbhí inléirithe, molaimid don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar na costais agus na tairbhí a bhaineann le LEADER agus measúnú a dhéanamh ar an bhforbairt áitiúil faoi stiúir an phobail.

Réamhrá

Forbairt chur chuige LEADER

01 Is é LEADER, a tugadh isteach in 1991, modh rannpháirteach an Aontais, ón mbun aníos i leith an bheartais forbartha tuaithe a bhaineann le ceantair chósta agus uirbeacha ina dhiaidh sin. Tá sé bunaithe ar ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla (LAGanna) agus ar ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla don iascach (FLAGanna) atá comhdhéanta de dhaoine as na pobail thuaithe nó chósta atá gníomhach san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí. Spreagann grúpaí gníomhaíochta áitiúla pobail chun rannchuidiú le straitéis forbartha áitiúla a dhearadh agus tá siad freagrach as tionscadail a thionscnamh agus a chistiú chun freastal ar riachtanais áitiúla.

02 Is é an t-ionchas atá taobh thiar de chur chuige LEADER ná go mbeadh breisluach ann i gcomparáid leis an mbainistiú traidisiúnta ón mbarr anuas ar chistí an Aontais. I mbileog Eolais an Choimisiúin ó 2006 maidir le cur chuige LEADER, déantar cur síos air mar straitéis atá bunaithe ar sheacht bpríomhghné. Faoi LEADER, tuigtear gurb iad na daoine áitiúla na saineolaithe is fearr chun dlús a chur le forbairt a gcríche (“cur chuige ón mbun aníos”), a shainmhínítear mar limistéar comhtháite beag (10 000 – 150 000 áitritheoir) ag a bhfuil féiniúlacht áitiúil (“cur chuige bunaithe ar cheantar”). Sa réimse sin, tagann gníomhaithe áitiúla le chéile i ngrúpa gníomhaíochta áitiúil (“comhpháirtíocht áitiúil”), rud a chuireann naisc idir gníomhaithe áitiúla chun cinn (“líonrú”). Ina theannta sin, tugann grúpaí gníomhaíochta áitiúla i réigiúin nó i mBallstáit éagsúla faoi comhthionscadail chun obair a dhéanamh i dtreo réitigh chomónta ar dhúshláin áitiúla chomhchosúla (“comhar”). Ba cheart go mbainfeadh cineálacha cur chuige ón mbun aníos agus idirghníomhaíochtaí idir earnálacha éagsúla ar leibhéal áitiúil (“straitéis chomhtháite agus ilearnála”) leas as acmhainneacht áitiúil. Ba cheart gurb iad na grúpaí áitiúla is fearr a bheadh in ann réitigh áitiúla chomhtháite ar fhadhbanna áitiúla a aithint agus is féidir leo a bheith níos freagraí agus réitigh nua a chruthú mar chuid dá bhforbairt áitiúil (“nuálaíocht”). Ba cheart go gcruthódh rannpháirtíocht sa chinnteoireacht áitiúil díograis agus tiomantas méadaithe agus, ar an gcaoi sin, go mbeadh forbairt tuaithe níos fearr, níos inbhuanaithe agus níos áitiúla mar thoradh air sin1.

03 Mar a thugamar faoi deara inár dtuarascáil ó 20102, féachann cur chuige LEADER le rannpháirtíocht agus cumhachtú áitiúil a éascú trí straitéisí áitiúla a fhorbairt agus a thabhairt i gcrích, chomh maith le hacmhainní a leithdháileadh. Baineann sé buntáiste as saineolas agus taithí na bpobal áitiúil chun a riachtanais forbartha a shainiú.

04 Cruthaítear costais bhreise agus rioscaí breise nuair a dhéantar na cúraimí sin a shannadh do ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla. I measc na gcostas breise áirítear caiteachas gníomhaíochta áitiúil maidir le feidhmiú a straitéisí forbartha áitiúla a ullmhú agus a bhainistiú agus maidir le tacaíocht a thabhairt do thairbhithe i bhforbairt tionscadail. Cumhdaíonn na costais seo caiteachas Ballstáit maidir le grúpaí gníomhaíochta áitiúla a fhormheas (mar shampla, comhairleoirí a fhostú chun tacú leis an bpróiséas formheasa).

05 Tá uasteorainn 25 % de chistiú iomlán poiblí ag gabháil leis an tacaíocht LEADER do chostais riaracháin agus oibriúcháin na ngrúpaí gníomhaíochta áitiúla (cistiú ón Aontas móide maoiniú poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil). Áirítear leis na costais sin cur chun feidhme na straitéise forbartha áitiúla a éascú agus cúnamh a thabhairt do thairbhithe féideartha tionscadail a fhorbairt.

06 Cruthaítear rioscaí breise mar gheall ar na nósanna imeachta fada, ceanglais bhreise d’úinéirí tionscadail agus coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann. Eascraíonn rioscaí eile as comhlachtaí cinnteoireachta nach bhfuil ionadaíoch don phobal áitiúil nó nach bhfuil cothromaíocht inscne iontu3.

07 D’fhéadfadh cinnteoireacht áitiúil buntáistí breise a bhaint amach. Tugtar le fios sa treoraíocht ón gCoimisiún maidir le meastóireacht a dhéanamh ar chur chuige LEADER4 go dtagann na tairbhí sin chun cinn mar seo a leanas:

  • caipiteal sóisialta feabhsaithe;
  • rialachas áitiúil feabhsaithe;
  • torthaí feabhsaithe ar thionscadail.

08 Dá bhrí sin, ní bhíonn an bonn cirt atá leis an gclár ag brath ar chritéir eacnamaíocha amhail cliseadh margaidh nó díothacht choibhneasta. Go deimhin, tá feidhm aige anois i ngach ceantar tuaithe, lena n-áirítear na ceantair sin ina bhfuil an fheidhmíocht eacnamaíoch go mór os cionn mheán an Aontais. Fuarthas amach i staidéar a rinne an Coimisiún le déanaí gur bhain ceantair thuaithe leathuirbeacha níos mó tairbhe as forbairtí eacnamaíocha agus déimeagrafacha a tharla le déanaí ná mar a rinne ceantair fhorimeallacha5.

09 In 2014-2020, bhí LEADER ina chuid éigeantach de na cláir forbartha tuaithe go léir. Ón bpointe sin, chuir reachtaíocht an Aontais ceangal ar na Ballstáit, seachas an Chróit, 5 % ar a laghad dá gcistiú d’fhorbairt tuaithe a chaitheamh ar LEADER. Socraíodh ranníocaíocht íosta na Cróite le linn chlárthréimhse 2014-2020 cothrom le leath de chéatadán na mBallstát eile, i.e. 2.5 %. De réir na sonraí a chuir an Coimisiún ar fáil, is é EUR 7 billiún an cistiú atá beartaithe ag an Aontas le haghaidh LEADER do chlárthréimhse 2014-2020 (thart ar 7 % den chistiú iomlán d’fhorbairt tuaithe). B’ionann líon iomlán na dtionscadal LEADER (le linn na tréimhse 2014-2020) agus 143 487 faoi dheireadh 2020. Cuireadh síneadh leis na cláir forbartha tuaithe chun 2021 agus 2022 a chumhdach.

10 Bhain beartas iascaigh an Aontais úsáid as cur chuige LEADER ó 2007 i leith, agus le linn thréimhse 2014-2020 tugadh isteach forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail (CLLD). Leis an gcoincheap nuashonraithe seo, cuirtear cur chuige LEADER i bhfeidhm i ngach ceann de Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIEnna) seachas an Ciste Comhtháthaithe6. Mar gheall ar an bhforbairt atá tagtha ar chur chuige LEADER, mar a léirítear i bhFíor 1, tháinig méadú suntasach ar thacaíocht airgeadais agus ar líon na ngrúpaí gníomhaíochta áitiúla, go háirithe ag tús chlárthréimhse 2007-2013.

11 I dtréimhse 2014-2020, bheartaigh an tAontas cistiú suas le EUR 9.2 billiún a sholáthar do LEADER agus d’fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail (féach Tábla 1). Bhíothas ag súil go mbeadh an cistiú poiblí iomlán (cistiú náisiúnta san áireamh) cothrom le EUR 12.5 billiún. Baineann an chuid is mó de sin (76 % den mhéid beartaithe agus 84 % den mhéid dearbhaithe faoi 2020) le forbairt tuaithe.

Tábla 1 – ranníocaíocht ón Aontas de réir an sruth cistithe (i milliúin euro; amhail ó 2014-2020)

Ciste AE Beartaithe Cistiú do thionscadail fhormheasta* Íoctha
An Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe 7 010 Níl na sonraí ar fáil** 3 026
An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh 548 362 178
Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa 1 095 848 349
Ciste Sóisialta na hEorpa 530 278 82
Iomlán 9 183   3 635

* Is é cistiú an tionscadail fhormheasta ná méid an chistithe ón Aontas atá curtha i leataobh (geallta) ag na Ballstáit do thionscadail ina gcinntí formheasa tionscadal.

** Is é EUR 7 439 milliún an méid iomlán a gealladh (CETFT agus an méid poiblí náisiúnta) ach níl miondealú ar fáil

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí arna soláthar ag an gCoimisiún Eorpach.

Fíor 1 – Méadú ar an gcistiú do LEADER (Líon na ngrúpaí gníomhaíochta áitiúla agus an cistiú atá beartaithe ag an Aontas)

Nóta: 1991-2006: Tacaíocht d’fhorbairt tuaithe (CETRT agus CETFT); 2007-2013: CETFT agus CEI; 2014-2020: CETFT, CEMI, CFRE agus CSE. * lena n-áirítear FLAGanna

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí arna soláthar ag an gCoimisiún Eorpach.

12 Chuir údaráis náisiúnta agus (ag brath ar a struchtúr polaitiúil) réigiúnacha na mBallstát doiciméid chlársceidealaithe ar fáil amhail comhaontuithe comhpháirtíochta agus cláir oibríochtúla agus forbartha tuaithe. Sna doiciméid sin, leagtar amach tosaíochtaí don chistiú náisiúnta nó réigiúnach. Rinne an Coimisiún na doiciméid sin a scrúdú agus a fhormheas. Tá freagracht fhoriomlán ar an gCoimisiún i gcónaí as caiteachas, ach is iad na Ballstáit a rinne grúpaí gníomhaíochta áitiúla agus a straitéisí forbartha áitiúla a fhormheas, iarratais ar thionscadail agus iarrataí ar íocaíocht a phróiseáil, agus rinne siad faireachán agus meastóireacht ar na torthaí. I bhFíor 2 léirítear príomhfhreagrachtaí ghníomhaithe cur chuige LEADER.

Fíor 2 – Príomhfhreagrachtaí ghníomhaithe cur chuige LEADER

Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis ó dhoiciméid de chuid an Choimisiúin.

13 Shocraigh an Coimisiún na táscairí7 agus na spriocanna8 seo a leanas chun faireachán a dhéanamh ar chlár LEADER do thréimhse 2014-2020:

  • an céatadán den daonra tuaithe a chumhdaítear le straitéisí forbartha áitiúla (sprioc 53.5 %),
  • an céatadán den daonra tuaithe a thairbhíonn de sheirbhísí/bhonneagar feabhsaithe (sprioc 16.4 %),
  • na poist a chruthaítear i dtionscadail le tacaíocht LEADER (sprioc 44 109 post).

Liostaítear in Iarscríbhinn I na táscairí agus na spriocanna sonracha a bhaineann le LEADER agus le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail atá leagtha amach i Rialacháin na gcistí éagsúla de chuid an Aontais.

14 D’fhéadfadh na Ballstáit rogha a dhéanamh idir tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla ó chiste amháin de chuid an Aontais (“cur chuige aonchiste”) nó roinnt díobh (“cur chuige ilchiste”). D’fhéadfaidís freisin ciste amháin a ainmniú mar an “príomhchiste”, a chumhdódh costais riaracháin uile na ngrúpaí gníomhaíochta áitiúla. In 2014-2020, chuir 17 de na 28 mBallstát an cur chuige ilchiste i bhfeidhm le teaglamaí éagsúla de chistí, agus é mar aidhm leo comhordú níos fearr a dhéanamh ar thacaíocht forbartha áitiúla agus na naisc idir limistéir thuaithe, uirbeacha agus iascaigh a threisiú (féach Fíor 3).

Fíor 3 – Na cineálacha cur chuige cistithe a úsáideann na Ballstáit

Foinse: CIE, bunaithe ar an gCoimisiúin Eorpach (2017): Treoirlínte. Meastóireacht ar LEADER/CLLD, lch. 10 agus Kah, S. (2021), Nuashonrú: Cistí beartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme trí CLLD ilchiste (Tá na sonraí ceart amhail mí an Mheithimh 2021).

15 Do thréimhse 2021-2027, tá LEADER agus forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail á rialú ag Rialachán na bhForálacha Coiteanna (AE) Uimh. 2021/1060. Tá feidhm ag rialacha nua maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT), a tháinig i bhfeidhm i mí na Nollag 20219, maidir le LEADER.

16 Mar a leagtar amach i mír 12, ní mór do na Ballstáit cur síos a dhéanamh ina gcláir ábhartha ar a gcur chuige LEADER agus ar a gcur chuige um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail. Tá tús curtha ag na Ballstáit lena gcláir oibríochtúla nua a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas, agus bhí orthu a bpleananna straitéiseacha CBT, lena n-áirítear cistiú forbartha tuaithe ó LEADER, a thíolacadh faoi dheireadh 2021. Déantar foráil sa chreat rialála, a tosóidh in 2022, maidir le cistiú LEADER agus tionscnaimh um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail10. Idir an dá linn, leanfaidh an caiteachas ar LEADER ar aghaidh, bunaithe ar chistí nár caitheadh ón tréimhse roimhe sin.

Iniúchtaí a rinneadh roimhe seo

17 Chonaiceamar laigí i ndáil le bainistíocht LEADER inár dtuarascáil bhliantúil 200011. I dtuarascáil speisialta ó 201012, fuaireamar go raibh go leor tionscadal curtha chun feidhme ag grúpaí gníomhaíochta áitiúla a chuaigh chun tairbhe do ghnólachtaí agus do phobail áitiúla. Thugamar faoi deara freisin laigí maidir leis an méid seo a leanas:

  • nósanna imeachta roghnúcháin tionscadal ina raibh údaráis phoiblí ceannasach sa chinnteoireacht, agus go raibh doiléire ag baint leis na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann;
  • cur i bhfeidhm an chur chuige ón mbun aníos i gcás inar theip ar roinnt grúpaí gníomhaíochta áitiúla rannpháirtíocht áitiúil a chur chun cinn;
  • cumas grúpaí gníomhaíochta áitiúla réitigh áitiúla a fhorbairt a bhí éagsúil ó bhearta forbartha tuaithe príomhshrutha e.g. trí thionscadail a chistiú a d’fhéadfaí a chistiú faoi chláir chaiteachais eile;
  • faireachán agus meastóireacht, go háirithe maidir leis na tairbhí a bhaintear amach trí chur chuige LEADER.

18 In 2013, d’fhoilsíomar measúnú leantach13 inar léiríodh feabhsuithe áirithe. Áiríodh leo siúd rialacha níos soiléire do choistí cinnteoireachta na ngrúpaí gníomhaíochta áitiúla (féach mír 17, pointe urchair 1), ach bhí formhór na laigí fós ann. Tá ár measúnú nuashonraithe ar na saincheisteanna sin leagtha amach in Iarscríbhinn II.

Raon feidhme agus cur chuige an iniúchta

19 Féachann cur chuige LEADER le rannpháirtíocht agus cumhachtú áitiúil a éascú (féach mír 03), lena mbaineann costais bhreise agus rioscaí breise (féach míreanna 04 agus 05). Tá údar maith leis na costais agus na rioscaí breise sin más mó go mór na tairbhí breise i gcomparáid le cláir chaiteachais phríomhshrutha (ón mbarr anuas) an Aontais (go háirithe clár forbartha tuaithe an Aontais). Ba í an phríomhcheist iniúchóireachta ná “Ar éirigh le LEADER/forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail tairbhí a sholáthar a thugann údar maith do na chostais bhreise agus do na rioscaí breise?” Chun an méid sin a mheas, scrúdaíomar an méid seo a leanas:

  1. ar éascaíodh rannpháirtíocht áitiúil le LEADER agus le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail;
  2. ar tháinig ann do thionscadail ó LEADER agus ó fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a raibh tairbhí follasacha ag baint leo ó thaobh rialachais áitiúil, ó thaobh feabhas a chur ar chaipiteal sóisialta agus ó thaobh torthaí feabhsaithe de;
  3. an raibh comhordú níos fearr ar thacaíocht forbartha áitiúla mar thoradh ar thabhairt isteach an chur chuige ilchiste nua.

20 Déanann an t-iniúchadh seo obair leantach freisin ar an iniúchadh a rinneamar roimhe seo (féach míreanna 17 agus 18) ina ndearnadh measúnú féachaint, níos mó ná 10 mbliana ina dhiaidh sin, ar thug an Coimisiún aghaidh ar na laigí a sainaithníodh. Tríd an tuarascáil seo, tá sé mar aidhm againn léargais agus moltaí tráthúla a chur ar fáil don mheastóireacht atá ar siúl ag an gCoimisiún faoi láthair ar chur chuige LEADER.

21 Chumhdaíomar an tréimhse 2014-2020. Rinneamar scrúdú ar dheich mBallstát don iniúchadh seo, agus chlúdaíomar dhá ghrúpa gníomhaíochta áitiúla i ngach Ballstát. Sa Ghearmáin, dhíríomar ar an tSacsain, agus sa Phortaingéil ar an mórthír (i.e. gan Maidéara ná na hAsóir a áireamh). Bhí ár rogha Ballstát dírithe ar chothromaíocht gheografach agus ar an gclúdach ó thaobh an chur chuige aonchiste agus ilchiste araon agus ó thaobh rátaí níos airde agus níos ísle de chaiteachas LEADER agus de chaiteachas ar fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail (féach Fíor 4).

Fíor 4 – Na Ballstáit agus na réigiúin roghnaithe, agus cur chuige cistithe LAG a roghnaíodh

Foinse: CIE, bunaithe ar léarscáil arna cur ar fáil ag Eurostat.

22 Roghnaíomar na grúpaí gníomhaíochta áitiúla bunaithe ar chistiú leithdháilte agus ar na cineálacha cistí de chuid an Aontais a úsáideadh, chomh maith leis an réimse agus an daonra a clúdaíodh.

23 Scrúdaíomar an méid seo a leanas:

  • eagrúchán agus nósanna imeachta i ngach Ballstát a roghnaíodh agus i ngach grúpa gníomhaíochta áitiúil, bunaithe ar dhoiciméid agus ar fhreagraí ar cheistneoirí iniúchóireachta;
  • faisnéis faoi 95 thionscadal, arna roghnú bunaithe ar a gcostais (íseal, meánach, ard), ar na hearnálacha lena mbaineann siad agus ar na cistí de chuid an Aontais a úsáideadh. Tá costais iomlána de EUR 7.5 milliún ag gabháil leis na tionscadail sin, le maoiniú EUR 4.9 milliún ag teacht ón Aontas (féach Iarscríbhinn III);
  • Gníomhaíochtaí an Choimisiúin maidir le LEADER agus forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, trí athbhreithnithe faisnéise agus físchruinnithe leo seo a leanas:
    •  na ceithre ardstiúrthóireacht atá freagrach (Talmhaíocht agus Forbairt Tuaithe (AS AGRI), Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú (AS EMPL), Gnóthaí Muirí agus Iascaigh (AS MARE) agus Beartas Réigiúnach agus Uirbeach (AS REGIO));
    •  údaráis na mBallstát;
    •  ionadaithe ó ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla;
    •  úinéirí tionscadail; agus
    •  eagraíochtaí geallsealbhóirí agus saineolaithe idirnáisiúnta.

Barúlacha

Éascaíonn grúpaí gníomhaíochta áitiúla an rannpháirtíocht áitiúil, ach bíonn costais bhreise agus próisis formheasa mhall i gceist leo

24 Sna codanna a leanas, pléifimid conas a d’éascaigh na Ballstáit agus grúpaí gníomhaíochta áitiúla rannpháirtíocht áitiúil agus an costas a bhain leis. Tosóimid trí anailís a dhéanamh ar chostais LEADER. Scrúdóimid ansin conas a d’fhormheas na Ballstáit grúpaí gníomhaíochta áitiúla agus a straitéisí agus ansin conas a roghnaigh grúpaí gníomhaíochta áitiúla tionscadail LEADER.

Bíonn costais bhreise i gceist le grúpaí gníomhaíochta áitiúla

25 Mar a míníodh sa réamhrá, tá grúpaí gníomhaíochta áitiúla i gcroílár LEADER agus na forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail. Is féidir leo cistiú a fháil ón Aontas chun críocha éagsúla (féach Fíor 5). Ní mór do Bhallstáit, do réigiúin, do ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla agus d’úinéirí tionscadail sciar den chistiú a sholáthar freisin.

26 Ba cheart do na Ballstáit na coinníollacha cearta a chruthú do ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla chun a gcúraimí a chomhlíonadh, go háirithe chun geallsealbhóirí áitiúla éagsúla a thabhairt le chéile agus chun tacú leo tionscadail a fhorbairt a rachaidh chun tairbhe don fhorbairt áitiúil. Chun é sin a dhéanamh, ba cheart dóibh neamhspleáchas a thabhairt do ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla agus a n-ualach riaracháin a choinneáil chomh beag agus is féidir14.

Fíor 5 – Cistiú ón Aontas beartaithe do LEADER agus d’fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail (2014-2020; i mbilliúin euro)

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí arna soláthar ag an gCoimisiún Eorpach.

27 Baineann cur chuige rannpháirteach LEADER le struchtúir bainistíochta breise agus gníomhaíochtaí i bhforbairt na straitéise forbartha áitiúla, rud a chruthaíonn costais bhreise. Leis an Rialachán, cuirtear uasteorainn 25 % ar na costais riaracháin agus oibriúcháin sin (féach mír 05). D’ísligh roinnt Ballstát an uasteorainn sin go 20 %.

28 I dTábla 2, tugtar forléargas ar an gcistiú faoi LEADER a bhí beartaithe agus íoctha (amhail ag deireadh 2020) do chlárthréimhse 2014-2020. Léiríonn sé go raibh sé beartaithe ag na Ballstáit 17 % a chaitheamh ar chostais riaracháin do ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla. Tá sé sin go maith faoi na teorainneacha atá leagtha síos i reachtaíocht an Aontais.

Tábla 2 – Cistiú iomlán LEADER (amhail ag deireadh 2020)

Cineál costais Cistiú LEADER atá beartaithe (2014–2020) Cistiú LEADER atá tuairiscithe (faoi dheireadh 2020)
Milliún EUR  % de chistiú iomlán LEADER atá beartaithe Milliún EUR  % de chistiú LEADER atá íoctha
Costais ullmhúcháin 81.6 1 % 67.4 2 %
Costais riaracháin agus oibriúcháin 1 673.6 17 % 1 038 24 %
Gníomhaíochtaí comhair 380.9 4 % 98.6 2 %
Costais tionscadal 7 794.2 78 % 3 054.4 72 %
Iomlán (na Ballstáit uile agus an Ríocht Aontaithe) 9 930.2 100 % 4 258.4 100 %

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí arna soláthar ag an gCoimisiún Eorpach.

29 De réir thuairisciú an Choimisiúin, amhail ag deireadh 2020 b’fhiú tionscadail pobail áitiúla agus EUR 3.1 billiún nó 72 % de chaiteachas tuairiscithe LEADER. Ar an iomlán, is beag a chaith na grúpaí gníomhaíochta áitiúla ar ghníomhaíochtaí comhair (2 %) agus ar chostais ullmhúcháin (2 %). B’ionann na costais riaracháin agus EUR 1.04 billiún (24 % den chaiteachas iomlán ag an gcéim sin). I roinnt Ballstát ina raibh an caiteachas tuairiscithe ar thionscadail LEADER íseal, bhí an céatadán de chostais ard. Mar shampla, sa Ghréig, sa Phortaingéil agus sa tSlóvaic is mar a chéile a bhí siad ag deireadh 2020 nó bhí siad níos airde ná sin agus an méid a caitheadh ar thionscadail. Is féidir íocaíochtaí do thréimhse 2014-2020 a dhéanamh go dtí deireadh 2023 agus is gnách go dtagann laghdú ar an sciar den chaiteachas riaracháin i gcomparáid le caiteachas ar thionscadail de réir mar a bhíonn an chlárthréimhse á caitheamh.

30 Taispeánann Tábla 3 miondealú ar an gcaiteachas tuairiscithe i ndeich mBallstát agus réigiún roghnaithe. I bhFíor 6 cuirtear comparáid é sin i gcomparáid leis an gcistiú beartaithe iomlán do LEADER. Ar an meán, thuairiscigh na Ballstáit go raibh 39 % dá gcistiú a bhí beartaithe do thionscadal LEADER íoctha. Bhí 72 % den chistiú a bhí beartaithe don tionscadal íoctha ag an Eastóin, bhí 13 % íoctha ag an nGréig, agus ní raibh an tSlóvaic tar éis íoc as aon tionscadal go fóill.

Tábla 3 – Caiteachas tuairiscithe LEADER de réir an chineáil costais (milliún euro; amhail ag deireadh 2020)

Ballstat/réigiún Costais ullmhúcháin Costais riaracháin Gníomhaíochtaí comhair Costas tionscadail Iomlán
An tSeicia - -* 0.2 64.5 64.7
An Ghearmáin (an tSacsain) - 19.4 2.5 200.5 222.4
An Eastóin 1.6 12.5 2.3 48.8 65.2
Éire 1.3 44.3 0.8 77.6 124.0
An Ghréig 3.2 43.1 0.2 46.4 92.9
An Ostair - 33.8 8.0 68.7 110.5
An Phortaingéil (Mórthír) 1.4 36.0 0.5 36.0 73.9
An Rómáin 2.0 77.3 0.1 268.4 347.8
An tSlóvaic 1.1 0.4 0 0 1.5
An tSualainn 3.4 28.3 3.2 63.0 97.9
Ballstáit/ réigiúin roghnaithe 14.0 295.1 17.8 873.9 1 200.8
Na Ballstáit go léir (móide an Ríocht Aontaithe) 67.4 1 038.0 98.6 3 054.4 4 258.4

* Ní áirítear sa tábla thuas aon fhigiúr maidir le costais riaracháin don tSeicia mar gheall go gcumhdaítear iad sin leis an gciste forbraíochta réigiúnaí (ciste ceannasach na Seicia) seachas leis an gciste um fhorbairt tuaithe.

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí arna soláthar ag an gCoimisiún Eorpach.

Fíor 6 – Caiteachas LEADER tuairiscithe i bhforbairt tuaithe do na Ballstáit agus na réigiúin roghnaithe (amhail ag deireadh 2020)

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí arna soláthar ag an gCoimisiún Eorpach.

Chuir formhór na mBallstát nósanna imeachta ábhartha i bhfeidhm chun grúpaí gníomhaíochta áitiúla a fhormheas ach níor chuir cuid acu íoscheanglas cáilíochta i bhfeidhm agus straitéisí forbartha áitiúla á roghnú acu

31 Ba cheart do na Ballstáit tacú le grúpaí gníomhaíochta áitiúla agus a straitéisí forbartha áitiúla á gcur ar bun acu, ó thaobh airgeadais de (tacaíocht ullmhúcháin) agus trí cheanglais shoiléire cháilíochta agus trí treoraíocht shoiléir. Ba cheart dóibh ansin measúnú a dhéanamh ar ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla ar bhealach cothrom agus trédhearcach, laistigh den tréimhse ama atá leagtha síos, gan ach iad siúd a sholáthraíonn straitéisí a shásaíonn na caighdeáin cháilíochta a fhormheas.

32 Ba cheart do ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla a bpobail áitiúla a rannpháirtiú sa phróiseas chun a straitéisí a fhorbairt trí mheascán modhanna, amhail imeachtaí oiliúna, ceardlanna nó seimineáir, agus a n-eolas ar an gceantar áitiúil á úsáid acu. Inár dtuarascáil speisialta ar LEADER roimhe seo, thugamar faoi deara laigí sa chaoi ar chuir grúpaí gníomhaíochta áitiúla rannpháirtíocht áitiúil chun cinn. Fuaireamar amach an uair seo go raibh na grúpaí gníomhaíochta áitiúla go léir a roghnaíodh tar éis tabhairt faoi ghníomhaíochtaí den chineál sin agus gur fhorbair siad a straitéisí forbartha áitiúla trí phróiseas ón mbun aníos.

33 Bhí ar na Ballstáit critéir a shainiú chun grúpaí gníomhaíochta áitiúla a fhormheas, agus na critéir sin a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar na straitéisí a bhí beartaithe. Sa phróiseas sin, áiríodh glaonna ar léiriú spéise nó roinnt glaonna ar thograí; dréacht-straitéisí a ullmhú; measúnú na mBallstát ar na straitéisí; agus, i gcás inar ghá, athbhreithniú. Bhí ar na Ballstáit straitéisí a roghnú agus grúpaí gníomhaíochta áitiúla a fhormheas faoi dheireadh 2017 (dhá bhliain tar éis tús an chaiteachais i réimsí eile den chomhbheartas talmhaíochta)15. Bhain formhór na mBallstát an méid sin amach in 2016, ghlac Éire agus an tSeicia níos mó ama agus chríochnaigh an tSlóvaic an formheas i Márta 2018 (féach Fíor 7 agus Bosca 1).

34 Ar an iomlán, fuaireamar amach gur thacaigh na Ballstáit go maith leis an bpróiseas formheasa, agus go ndearna siad maoirseacht mhaith air, trí cheardlanna, imeachtaí oiliúna agus gníomhaíochta fothaithe acmhainneachta do ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla. Chuir roinnt údarás bainistíochta treoraíocht ar fáil do phobail áitiúla i bhfoirm ábhair faisnéise, lámhleabhar nó pointí teagmhála a chur ar bun le haghaidh ceisteanna.

Fíor 7 – Fad an phróisis chun grúpaí gníomhaíochta áitiúla a fhormheas sna deich mBallstát a roghnaíodh

Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit. ‘Spriocdháta coibhneasta’: ba cheart go mbeadh an chéad babhta de stráitéis agus roghnúchán LAG críochnaithe dhá bhliain tar éis dá comhaontú comhpháirtíochta a bheith formheasta; ‘Spriocdháta daingean’ (líne dhearg): Ba cheart go mbeadh formheas na straitéise forbartha áitiúla críochnaithe faoi 31/12/2017 (Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Bosca 1

Tréimhse fhada d'fhorbairt straitéisí áitiúla sa tSlóvaic

Mhair forbairt straitéisí forbartha áitiúla sa tSlóvaic dhá bhliain go leith, agus tháinig deireadh leis an bhforbairt sin trí mhí tar éis spriocdháta mhí na Nollag 2017.

Ag am ár n-iniúchta, trí bliana ina dhiaidh sin, ní raibh aon tionscadal cistithe.

Bhí an Coimisiún ar an eolas faoin tréimhse fhada a bhí i gceist leis an bpróiseas agus d’iarr sé go ndéanfaí gníomhaíocht chun dlús a chur leis.

35 Mhol an Coimisiún go ndéanfadh na Ballstáit measúnú ar straitéisí forbartha áitiúla bunaithe ar chaighdeáin cháilíochta agus go mbeadh siad in iomaíocht lena chéile16. Leis an gcur chuige seo, bhí sé mar chuspóir ag an gCoimisiún á áirithiú gurb iad na grúpaí gníomhaíochta áitiúla a roghnaíodh ná iad siúd a chuir straitéisí i láthair a chomhlíon íoscheanglais cháilíochta.

36 Bhí ar na Ballstáit critéir mheasúnaithe a shainiú le haghaidh roghnú na straitéisí forbartha áitiúla. Áiríodh leo sin caighdeáin cháilíochta a shainiú, a raibh ar na straitéisí uile iad a chomhlíonadh17. Fuaireamar amach go ndearna naoi mBallstát caighdeáin cháilíochta a shainiú ach ní raibh siad chomh dian céanna sa tSeicia, sa Ghréig agus sa tSlóvaic. Ní dhearna an Rómáin na caighdeáin cháilíochta sin a shainiú.

37 I dTábla 4, tugtar forléargas ar an líon straitéisí a cuireadh isteach agus a roghnaíodh do gach Ballstát a chumhdaítear lenár n-iniúchadh. Roghnaigh sé cinn de na Ballstáit na grúpaí gníomhaíochta áitiúla go léir a thíolaic a straitéisí. Rinne an Rómáin dúbailt ar líon na ngrúpaí gníomhaíochta áitiúla a bhí beartaithe ar dtús aici (ó 120 go 239).

Tábla 4 – Roghnú na ngrúpaí gníomhaíochta áitiúla / straitéisí forbartha áitiúla

Ballstát Líon na straitéisí a tíolacadh Líon na straitéisí a roghnaíodh
An tSeicia 179 178
An Ghearmáin (an tSacsain) 350 350
An Eastóin 34 34
Éire 30 30
An Ghréig 50 50
An Ostair 77 77
An Phortaingéil 175 92
An Rómáin 239 239
An tSlóvaic 121 110
An tSualainn 53 48

Foinse: CIE, bunaithe ar sonraí arna soláthar ag na Ballstáit.

Bhí tionscadail formheasta ag grúpaí gníomhaíochta áitiúla níos moille ná mar a bhíothas ag súil leis

38 Chun tionscadail a roghnú a rachaidh chun tairbhe don fhorbairt áitiúil, ba cheart do ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla critéir a bhunú atá oiriúnach dá gceantar áitiúil, agus nósanna imeachta cothroma agus trédhearcacha a chur i bhfeidhm. Tá LEADER agus tacaíocht d’forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail ar fáil lena n-aghaidh seo a leanas:

  • tionscadail phobail áitiúla;
  • gníomhaíochtaí comhair idir dhá ghrúpa gníomhaíochta áitiúla nó níos mó ón mBallstát céanna nó ó thíortha éagsúla (AE agus neamh-AE).

39 Bhain seacht as deich mBallstát úsáid as iarratais ar líne, roghanna costais simplithe nó uirlisí eile chun an próiseas roghnúcháin a éascú. I gceithre Bhallstát (an Ghréig, an Phortaingéil, an tSeicia agus an tSlóvaic), bhí an próiseas iarratais agus formheasa tionscadail thar a bheith casta agus thóg sé an-chuid ama.

40 Bhí suas le hocht gcéim i gceist leis an bpróiseas agus ghlac sé thart ar bhliain amháin ar an meán, le níos mó ná dhá bhliain i gceist sna cásanna is mó a thóg am. Bhí ar iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar dtús chuig an ngrúpa gníomhaíochta áitiúil, a rinne seiceáil incháilitheachta agus seiceáil an raibh an tionscadal in oiriúint don straitéis forbartha áitiúla. Ansin, chuir siad a n-iarratas faoi bhráid na n-údarás freagrach. Sa Ghréig, bhí ar iarratasóirí iarratas leictreonach agus ar pháipéar a chur isteach. Chuir na riachtanais bhreise riaracháin sin le staid a bheith ann, tráth ár n-iniúchta, a d'fhág nach raibh ach líon measartha beag tionscadal tugtha chun críche agus íoctha ag na Ballstáit (39 % den chaiteachas beartaithe do thionscadail LEADER).

41 De réir threoraíocht an Choimisiúin, ba cheart go mbeadh feidhm áitiúil ag straitéisí forbartha áitiúla agus ba cheart go rannchuideodh na tionscadail a roghnaítear le cuspóirí na straitéisí18. Leag na grúpaí gníomhaíochta áitiúla amach cuspóirí agus critéir roghnúcháin tionscadal sách ginearálta ina straitéisí forbartha áitiúla. Ar an gcaoi sin, bhí na grúpaí gníomhaíochta áitiúla in ann raon leathan tionscadal a roghnú.

Éascaíonn cur chuige LEADER rannpháirtíocht áitiúil ach tá mná agus daoine óga faoi ghannionadaíocht i ngrúpaí gníomhaíochta áitiúla

42 Cuireann grúpaí gníomhaíochta áitiúla fóram cumarsáide ar fáil laistigh de phobail áitiúla chun na straitéisí forbartha áitiúla a dhearadh agus a thabhairt i gcrích, agus trí thionscadail áitiúla a thionscnamh, a fhorbairt agus a chistiú. Tá ról acu maidir le pobail áitiúla a thabhairt le chéile agus chun tabhairt faoin bhforbairt áitiúil. Baineann cur chuige LEADER buntáiste de shaineolas agus taithí na bpobal áitiúil chun a riachtanais forbartha a shainiú. Ina theannta sin, cruthaíodh an cur chuige seo chun ardán a chur ar fáil le haghaidh cumarsáid idir sraitheanna éagsúla rialtais, idir phobail áitiúla agus rialtais réigiúnacha agus náisiúnta, agus chun comhar níos dlúithe den sórt sin a dhreasú.

43 Ba cheart do ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla a bheith ionadaíoch ar a bpobail áitiúla agus gach geallsealbhóir áitiúil ábhartha a bheith rannpháirteach iontu. De réir na reachtaíochta, níor cheart níos mó ná 49 % de chearta vótála grúpa gníomhaíochta áitiúil a bheith i gceist le haon ghrúpa geallsealbhóirí ar leith agus ní mór gur lú ná 50 % líon na vótaí ó údaráis phoiblí i bpróiseas roghnúcháin an tionscadail19. De réir treoraíocht an Choimisiúin, ba cheart do chomhlachtaí cinnteoireachta a bheith cothrom ó thaobh inscne de agus ionadaíocht chothrom a bheith acu ar spriocghrúpaí sonracha, amhail daoine óga, mionlaigh eitneacha agus daoine faoi mhíbhuntáiste20.

44 Fuaireamar amach gur chuir grúpaí gníomhaíochta áitiúla a scrúdaíomar fóram cumarsáide áitiúil ar fáil, agus gur chomhlíon siad na ceanglais dhlíthiúla maidir le comhdhéanamh chomhlachtaí cinnteoireachta na ngrúpaí. Mar gheall air sin, ní raibh na húdaráis phoiblí ceannasach sa phróiseas a thuilleadh (mar a bhí in 2010). Léirigh an anailís a rinneamar go raibh fir i seilbh 60 % nó níos mó de na poist i ndeich gcinn as an ocht ngrúpa gníomhaíochta áitiúla déag a bhfuaireamar sonraí uathu. Bhí gannionadaíocht de dhaoine óga ann. I gcás 16 as an 20 grúpa gníomhaíochta áitiúla a scrúdaíomar, ní raibh aon duine faoi bhun 30 bliain d’aois ar a gcomhlachtaí cinnteoireachta21. Cruthaíonn sé sin riosca nach gcuirfidh comhlachtaí cinnteoireachta a gcuid tuairimí ná leasanna san áireamh sa phróiseas cinnteoireachta.

Níl aon léiriú fós ar na tairbhí breise a bhaineann le LEADER agus le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

45 Inár dtuarascáil speisialta ar LEADER roimhe seo, ba é ár gconclúid ná nach raibh dóthain fianaise ann maidir le breisluach a bheith ag gabháil le cur chuige LEADER, agus mholamar don Choimisiún céimeanna práinneacha a ghlacadh chun a áirithiú go bhféadfadh sé cuntas a thabhairt ar bhreisluach agus bainistíocht fhónta airgeadais LEADER. Mar a luadh i mír 07, tá an Coimisiún ag súil go mbeidh torthaí tionscadail feabhsaithe ann mar thoradh ar LEADER, chomh maith le caipiteal sóisialta agus rialachas áitiúil feabhsaithe.

46 Sna ranna seo a leanas, déanaimid gach ceann de na gnéithe sin a mheas ceann ar cheann, ag scrúdú ar dtús an ndearna an Coimisiún, le deich mbliana anuas, an dul chun cinn maidir le cuntas a choinneáil ar na tairbhí a bhaineann le LEADER. Scrúdaímid ansin ar éirigh le tionscadail forbartha áitiúla LEADER torthaí feabhsaithe a thabhairt i gcrích, agus ar deireadh an bhfuil fianaise ann go dtagann caipiteal sóisialta agus rialachas feabhsaithe i bpobail áitiúla as cur chuige LEADER.

Tá tús curtha ag an gCoimisiún le meastóireacht ar thairbhí LEADER.

47 Léirigh ár n-athbhreithniú ar an gcóras ábhartha faireacháin agus meastóireachta nár cuireadh chun feidhme go hiomlán ceann de na príomh-mholtaí ó Thuarascáil speisialta LEADER 2010 maidir le cuntasacht ar thairbhí LEADER (féach mír 17 agus Iarscríbhinn II).

48 Mar a mhínítear i mír 13, déanann an Coimisiún faireachán agus tuairisciú ar a bhfuil bainte amach ag clár LEADER agus trí tháscaire atá leagtha amach sa Rialachán á úsáid aige. Taispeántar i dTábla 5 sonraí a tuairiscíodh ar LEADER i dTuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí 2019 ó Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe:

Tábla 5 – Táscairí LEADER

Táscaire Sprioc (le haghaidh 2023) Sonraí tuairiscithe
% den daonra tuaithe a chumhdaítear le straitéisí forbartha áitiúla 53.5 % 60.6 %
% den daonra tuaithe a thairbhíonn ó sheirbhísí/bonneagar feabhsaithe 16.4 % 13.54 %
Líon na bpost a cruthaíodh trí thionscadail a fhaigheann tacaíocht 44 109 13 337

Foinse: CIE, bunaithe ar Thuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí 2019 ó Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe.

49 Ní chuidíonn na táscairí sin le measúnú fónta a dhéanamh ar chostais agus ar thairbhí chur chuige LEADER. Go deimhin, inár dtuarascálacha roimhe seo, lena n-áirítear Tuarascáil 2019 ar Fheidhmíocht22, thugamar faoi deara gur táscairí ionchuir agus aschuir go príomha a úsáideadh agus nach ndéantar torthaí ná breisluach na gclár caiteachais a thomhas leo. Inár dtuarascáil ar LEADER in 2010, mholamar don Choimisiún céimeanna práinneacha a ghlacadh chun a áirithiú gur féidir leis cuntas a thabhairt ar thairbhí chur chuige LEADER agus gur cheart faireachán a dhíriú ar tháscairí na dtairbhí sin, ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht, seachas ar an gcur chun feidhme.

50 Ceanglaíonn an reachtaíocht ar an gCoimisiún treoraíocht a chur ar fáil do na Ballstáit maidir le conas meastóireachtaí a dhéanamh ar a gcláir forbartha tuaithe agus oibríochtúla. Is é an Coimisiún, nó na Ballstáit i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, a dhéanfaidh na meastóireachtaí ar an gclár ag deireadh na tréimhse – na meastóireachtaí ex post mar a thugtar orthu23.

51 D’eisigh an Coimisiún dhá threoirdhoiciméad chun tacú le meastóireacht na mBallstát ar LEADER agus ar fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail i gclárthréimhse 2014-2020: treoirlínte meastóireachta24 agus lámhleabhar meastóireachta25. Ceanglaítear ar an gCoimisiún freisin tuarascáil sintéise ar mheastóireachtaí ex post na mBallstát a chur ar fáil faoin 31 Nollaig 2025 le haghaidh na gclár oibríochtúla agus faoin 31 Nollaig 2027 le haghaidh cláir forbartha tuaithe26.

52 I gclárthréimhse 2007-2013, bhí ar an gCoimisiún an tuarascáil sintéise maidir le forbairt tuaithe a thíolacadh faoin 31 Nollaig 201627. Críochnaíodh an tuarascáil sin i mí Aibreáin 2018 agus foilsíodh i mí Iúil 2020 í28. Bhí roinn ghearr ar LEADER sa tuarascáil, ach níor cuireadh measúnú ar thairbhí LEADER ar fáil inti.

53 Níor eisigh an Coimisiún a mheastóireacht féin ar an gcur chuige LEADER go fóill. Sa tuairim a thugamar in 2018 ar thograí ón gCoimisiún maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta nua, mholamar gur cheart don Choimisiún cloí leis an bprionsabal “meastóireacht ar dtús” agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar reachtaíocht29. Tá meastóireacht á déanamh ag an gCoimisiún faoi láthair ar an tionchar atá ag an gcuid sin de chur chuige LEADER forbairt chríochach ar mhodh cothrom arna chistiú ag an gciste forbartha tuaithe. Is é is aidhm don mheastóireacht sin ná scrúdú a dhéanamh ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas agus breisluach30. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an mheastóireacht sin a fhoilsiú a fhoilsiú in 2023.

Bhain Ballstáit úsáid as LEADER chun tionscadail a eascraíonn as na straitéisí áitiúla a chistiú, ach le haghaidh cláir chaiteachais shonracha eile ann dóibh

54 In éagmais meastóireacht ón gCoimisiún nó sonraí faireacháin ábhartha chun cuntas a thabhairt ar na tairbhí a bhaineann le tionscadail LEADER, rinneamar measúnú féachaint an raibh sé de chumas ag LEADER agus ag tionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail cur leis an bhforbairt áitiúil agus an ndearna siad torthaí feabhsaithe a thabhairt i gcrích. Rinneamar amhlaidh trí anailís a dhéanamh féachaint ar tháinig na tionscadail ó na straitéisí forbartha áitiúla (féach mír 41) a bhí ullmhaithe ag na grúpaí gníomhaíochta áitiúla, agus dá bhrí sin an raibh sé d’acmhainn acu freastal ar riachtanais áitiúla. Bhaineamar úsáid freisin as na treoirlínte meastóireachta ón gCoimisiúin a shainíonn torthaí feabhsaithe ó thaobh an chineáil tionscadal “i gcomparáid le cur chun feidhme gan mhodh LEADER”31.

55 Rinneamar measúnú ar 95 thionscadal i dtéarmaí na gcritéar sin atá curtha i láthair i mír 54. Bhunaíomar an méid sin ar fhéinmheasúnuithe a rinne na grúpaí gníomhaíochta áitiúla. Scrúdaíomar inchreidteacht na bhféinmheasúnuithe sin agus phléamar ár mbreithmheas leis na húdaráis agus le roinnt úinéirí tionscadail.

56 Fuaireamar amach gur thug na tionscadail sin aghaidh ar na cuspóirí ginearálta a leagadh síos sna straitéisí forbartha áitiúla (féach mír 41). Bhí sé d’acmhainn ag roinnt tionscadal rannchuidiú le forbairt áitiúil. D’aithníomar freisin tionscadail a bhfuil níos mó i gceist leo ná díreach na dualgais reachtúla agus nach gcumhdaítear le scéimeanna ar leith.

57 Mar sin féin, fuaireamar amach gur úsáid roinnt Ballstát a clúdaíodh inár n-iniúchadh cistiú LEADER nó cistiú forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail chun tionscadail a chistiú ar cúraimí reachtúla de chuid údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó bhardasacha (amhail chistiú do bhóithre sráidbhailte nó soilsiú sráide) a bheadh i gceist leo sin de ghnáth. Ina theannta sin, thángamar ar thionscadail a dtugtar aghaidh orthu go sonrach le bearta forbartha tuaithe neamh-LEADER, agus trí chláir chaiteachais eile de chuid an Aontais (féach Bosca 2).

58 Mar shampla, d’úsáid an Ghearmáin (an tSacsain) LEADER chun raon leathan seirbhísí bunúsacha tuaithe a chistiú. Leithdháil sí EUR 364.3 milliún, 41.5 % den chistiú a bhí beartaithe aici d’fhorbairt tuaithe, ar LEADER – an sciar is airde i measc na mBallstát agus na réigiún ar fad san Aontas. Dá bhrí sin, bhí ar ghníomhaíochtaí príomhshrutha an rialtais áitiúil sa Ghearmáin (an tSacsain) dul trí ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla. Áiríodh leis sin cistiú do bhóithre sráidbhailte, do shoilsiú agus cothabháil sráide agus do thionscadail chun síneadh a chur le naíscoileanna. De réir na tuarascála meastóireachta meántéarma ar an bhforbairt tuaithe, faoin 30 Meitheamh 2019 bhí cistí LEADER úsáidte ag an Sacsain chun 112 thionscadal le haghaidh soilsiú sráide (le luach EUR 5.5 milliún i gcaiteachas poiblí), 84 bhóthar sráidbhaile (EUR 13 milliún) agus 62 thionscadal naíscoile (EUR 6.3 milliún) a chistiú32.

Bosca 2

Tionscadail atá cistithe ag LEADER, a raibh bearta sonracha agus cláir chaiteachais eile ann ina leith

An tSeicia agus an Rómáin: Tacaíocht do nuachóiriú feirmeacha agus d’fheirmeoirí óga

CETFT

Roghnaigh grúpa gníomhaíochta áitiúil amháin sa Rómáin deich dtionscadal infheistíochta feirme a raibh EUR 1.7 milliún de chostas iomlán i gceist leo. B’ionann iad agus beagnach leath de chostais iomlána na dtionscadal roghnaithe ar fad. D’íoc an dara grúpa sa Rómáin tacaíocht d’fheirmeoirí óga in ocht gcás mar chnapshuim de EUR 240 000 ar an iomlán. Tá bearta sonracha ag na Ballstáit go léir chun tacú le feirmeoirí óga faoi Cholún I de CBT agus cuireann an Rómáin tacaíocht shonrach ar fáil faoi Cholún II.

Roghnaigh an dá ghrúpa gníomhaíochta áitiúil sa tSeicia 47 dtionscadal infheistíochta feirme, agus costais thart ar EUR 2 milliún ag gabháil leo, beagnach leath de chostais iomlána na dtionscadal roghnaithe ar fad. Chaith ceann de na grúpaí gníomhaíochta áitiúla thart ar 80 % dá gcostais tionscadal iomlána ar thionscadail talmhaíochta.

Leis na tionscadail sin, tugadh cistiú ón Aontas d’fheirmeoirí den chuid is mó le haghaidh infheistíochtaí i stáblaí agus i dtrealamh nua nó thug siad tacaíocht d'fheirmeoirí óga le tosú amach ina gceird.

Is féidir le feirmeoirí leasmhara iarratas a dhéanamh ar chistiú forbartha tuaithe lasmuigh de LEADER agus ar an gcaoi sin déantar dúbláil ar na socruithe atá ann cheana trí chistiú LEADER a úsáid i gcásanna den sórt sin.

59 Staid é sin atá ar aon dul leis an staid a d’aithníomar in 2010. An tráth sin, d’aontaigh an Coimisiún nár cheart, i bprionsabal, go dtacódh LEADER le gnáthghníomhaíochtaí an rialtais áitiúil. Inár dtuarascáil speisialta in 2015 ar thacaíocht ón Aontas do bhonneagar tuaithe33, rinneamar barúlacha den chineál céanna maidir le cistiú bóithre tuaithe sa Ghearmáin (an tSacsain) agus mholamar go gcinnteodh na Ballstáit nach dtiocfaidh cistí forbartha tuaithe an Aontais in ionad cistí poiblí eile atá tiomnaithe don réimse beartais céanna.

60 In Éirinn agus sa tSualainn, fuaireamar amach gur seachnaíodh é sin den chuid is mó de bharr rialacha incháilitheachta na dtíortha sin:

  • Rinne údaráis na hÉireann roinnt earnálacha agus gníomhaíochtaí a raibh roghanna cistiúcháin eile ann dóibh a eisiamh ó chistiú LEADER, lena n-áirítear talmhaíocht, athchóiriú ar mhaoin chónaithe phríobháideach agus obair chothabhála ghinearálta ag comhlachtaí poiblí, chomh maith le tionscadail a raibh cistiú ón Aontas nó cistiú náisiúnta eile á fháil acu cheana féin.
  • Bhí rialacha ag an tSualainn i gcoinne costais a chistiú chun cúraimí reachtúla a dhéanamh nó chun ceanglais dhlíthiúla an Aontais nó ceanglais dhlíthiúla náisiúnta a chomhlíonadh (e.g. Treoir AE a chomhlíonadh). Bhí sé de cheangal leis freisin go rachadh tionscadal LEADER agus tionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail chun tairbhe an phobail áitiúil i gcoitinne, ní chun leasa úinéirí tionscadail aonair amháin.

Cé go mbíonn difríochtaí idir imthosca na mBallstát aonair, dar linne, is dea-chleachtais iad na rialacha sin a d’fhéadfadh cur le bainistíocht fhónta airgeadais chlár LEADER.

Cé go measann saineolaithe go bhfuil sé deacair meastóireacht a dhéanamh ar roinnt tairbhí féideartha a bhaineann le cur chuige LEADER, d’aimsíomar fianaise freisin go bhféadfaí é sin féin a dhéanamh

61 Chomh maith le torthaí tionscadail níos fearr, sainíonn an Coimisiún na tairbhí a bhaineann le LEADER i dtéarmaí feabhas a chur ar chaipiteal sóisialta agus ar rialachas. Cuirtear na sainmhínithe seo a leanas ar fáil sna treoirlínte meastóireachta ón gCoimisiún:

  • Is coincheap ilghnéitheach é caipiteal sóisialta, lena n-áirítear gnéithe d’eagraíochtaí sóisialta amhail líonraí, noirm, agus muinín shóisialta a éascaíonn comhordú agus comhar ar mhaithe le comhleas.
  • Cuimsíonn rialachas na hinstitiúidí, na próisis agus na sásraí, trína ndéanann geallsealbhóirí poiblí, eacnamaíocha agus na sochaí sibhialta a leasanna a chur in iúl, a gcearta dlíthiúla a fheidhmiú, a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh agus idirghabháil nuair a bhíonn easaontais ann.

62 Léiríonn ábhar léitheoireachta speisialaithe go bhfuil réimse dúshlán ann a bhaineann le hiarracht á déanamh feabhsuithe ar chaipiteal sóisialta agus rialachas áitiúil a thomhas, lena n-áirítear sainmhíniú ar na coincheapa sin a mbeadh glacadh go coitianta leis34. Dá bhrí sin, aithníonn saineolaithe gur deacair meastóireacht a dhéanamh ar na tairbhí féideartha sin a bhaineann le LEADER.

63 Sa bhreis ar an tuarascáil sintéise ón gCoimisiúin (féach mír 52), rinneamar anailís ar thuarascálacha meastóireachta ex post na mBallstát a clúdaíodh inár n-iniúchadh, go príomha ó thréimhse 2007-2013, le haghaidh fianaise ar chaipiteal sóisialta feabhsaithe agus ar rialachas áitiúil feabhsaithe. Níor cumhdaíodh na coincheapa sin i bhformhór thuarascálacha ex post na mBallstát. I meastóireacht ex post 2007-2013 na Sualainne, bhí fionnachtana follasacha ann i dtaobh rialachas áitiúil. I dtuairim na meastóirí, níor rannchuidigh LEADER go dearfach le ‘rialachas ingearach’, i.e. le seasamh na ngrúpaí gníomhaíochta áitiúla i gcoibhneas le húdaráis agus institiúidí eile. Maidir le ‘rialachas cothrománach’, i.e. comhar le geallsealbhóirí réigiúnacha eile, chuir na meastóirí béim ar an bhfíoras gurb é an toradh a bhí ar LEADER ná go raibh ionadaithe ó ghnólachtaí áitiúla agus ón tsochaí shibhialta rannpháirteach anois i ngnóthaí poiblí áitiúla.

Méadaíonn an cur chuige ilchiste an chastacht a bhaineann le tionscadail forbartha áitiúla a chistiú

64 Tá cúig shruth cistiúcháin éagsúla i gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIEnna), agus a rialacha sonracha féin ag gach ceann acu (féach mír 10). Chuige sin, tá gá le comhordú idir údaráis na mBallstát atá freagrach chun sineirgí a áirithiú agus forluí a sheachaint ar leibhéal an chláir agus ar leibhéal an tionscadail. Tugtar aghaidh go sainráite ar an ngá atá le comhordú den sórt sin sa reachtaíocht do chlárthréimhse 2014-202035.

65 Dar leis an gCoimisiún, is fiú comhchoistí stiúrtha a bhunú do na cláir éagsúla toisc go bhfuil sé úsáideach agus praiticiúil. Fuaireamar nach raibh sé déanta ach ag ceithre Bhallstát as deich mBallstát a chumhdaigh ár n-iniúchadh.

66 Mar sin féin, d’aimsigh na Ballstáit réitigh eile chun an sreabhadh faisnéise a éascú. San Ostair agus sa Ghearmáin (an tSacsain), bhí ionadaíocht ag na húdaráis bhainistíochta do gach ceann de na cistí aonair ar choistí faireacháin na gcistí eile go léir. Bhí comhúdarás bainistíochta bunaithe ag an Eastóin do na cistí forbartha tuaithe agus iascaigh.

67 Déanfar dhá shruth cistiúcháin (an chomhbheartais talmhaíochta an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe) a phleanáil trí Phleananna Straitéiseacha CBT, mar chuid den athchóiriú i ndiaidh 2020. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh nasc níos scaoilte ag an bhforbairt tuaithe leis na trí shruth cistiúcháin eile (Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe).

68 Bhí an Coimisiún ag súil go mbeadh cur chuige ilchiste ann chun raon na n-earnálacha áitiúla, na bpáirtithe leasmhara agus na n-úinéirí tionscadail a bhfuil baint acu le grúpaí gníomhaíochta áitiúla a leathnú, rud a chuirfeadh feabhas ar an gcomhar áitiúil. Bhí siad ag súil freisin, trí cheithre chiste de chuid an Aontais a chur san áireamh, go gcuirfí ar chumas grúpaí gníomhaíochta áitiúla aghaidh a thabhairt ar riachtanais áitiúla chasta ar bhealach níos cuimsithí agus le níos mó airgid.

69 Níl figiúirí cuimsitheacha curtha ar fáil ag an gCoimisiún maidir le líon na ngrúpaí gníomhaíochta áitiúla a úsáideann an cur chuige ilchiste. De réir na sonraí tiomsaithe is déanaí atá ar fáil36, formheasadh 3 337 ngrúpa i ngach Ballstát (lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe) do chlárthréimhse 2014-2020. Astu sin, d’úsáid 813 (24 %) níos mó ná ciste amháin de chuid an Aontais (féach Fíor 8). Bhain formhór na ngrúpaí gníomhaíochta áitiúla ilchistithe sin úsáid as teaglaim de chistiú ón gciste forbartha tuaithe, ón gciste forbartha réigiúnach agus ón gciste sóisialta, agus bhain naoi gcinn san Aontas ar fad úsáid as na ceithre chiste a bhí ar fáil (ocht sa tSualainn agus ceann amháin sa Pholainn).

Fíor 8 – Grúpaí gníomhaíochta áitiúla aonchistithe agus ilchistithe sa tréimhse 2014-2020

Foinse: CIE, bunaithe ar Kah, S. (2021), Nuashonrú: Cistí an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme trí CLLD ilchiste (Tá na sonraí ceart amhail ó mhí Mheithimh 2021).

70 Ba chur chuige nua é an cur chuige ilchiste do na grúpaí gníomhaíochta áitiúla agus d’údaráis na mBallstát, agus bhí grúpaí gníomhaíochta áitiúla ag déileáil leis na cistí sóisialta agus réigiúnacha den chéad uair. Dá bhrí sin, leagadh béim sa treoirdhoiciméad37 ón gCoimisiún ar an ngá atá le “línte soiléire freagrachta agus cinnteoireachta”. Leis sin, bhí gá le comhordú idir údaráis na mBallstát atá freagrach, go háirithe chun rialacha agus treoraíocht shoiléir a chur ar fáil do ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla, ó phointe teagmhála aonair go hidéalach.

71 As na Ballstáit a clúdaíodh inár n-iniúchadh, bhí na socruithe is cuíchóirithe ag an tSualainn chun an cur chuige ilchiste a bhainistiú. Bhí údarás bainistíochta aonair agus grúpa comhordaithe ciste ceaptha aici, agus ní raibh ach trí chlár ghaolmhara aice: clár forbartha tuaithe náisiúnta, clár iascaigh náisiúnta agus clár náisiúnta chun forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a chistiú ó na cistí réigiúnacha agus sóisialta.

72 I gcodarsnacht leis sin, sa tSeicia agus sa Phortaingéil, ba dheacra an cur chuige ilchiste a bhainistiú de réir na n-údarás bainistíochta éagsúla mar go raibh na cistí éagsúla comhcheangailte le cuspóirí agus rialacha éagsúla agus mar go raibh rialacha éagsúla agus treoraíocht éagsúil á gcur i bhfeidhm ag údaráis bhainistíochta éagsúla. (Léirítear i bhFíor 9 socruithe éagsúla chun an cur chuige ilchiste a bhainistiú sa tSualainn, sa tSeicia agus sa Phortaingéil). Níor aimsíomar aon fhianaise sna barúlacha ón gCoimisiúin maidir le tuarascálacha bliantúla cur chun feidhme na mBallstát ná i miontuairiscí na gcruinnithe bliantúla go ndearna an Coimisiún idirghabháil, e.g. trí aiseolas i scríbhinn maidir le bainistiú an chur chuige ilchiste a thabhairt do na Ballstáit nó, nuair ba ghá, trí phleananna gníomhaíochta a éileamh.

Fíor 9 – Socruithe maidir leis an gcur chuige ilchiste a bhainistiú

Foinse: CIE, bunaithe ar léarscáileanna arna gcur ar fáil ag Eurostat.

73 Chun an cur chuige ilchiste a shimpliú, tá roinnt gnéithe nua tugtha isteach ag an gCoimisiún do chlárthréimhse 2021-2027:

  • Ní mór do na Ballstáit glao comhpháirteach a eagrú (ina mbeidh gach ciste lena mbaineann) chun straitéisí forbartha áitiúla agus grúpaí gníomhaíochta áitiúla a roghnú agus chun comhchoiste a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéisí sin38.
  • Má roghnaíonn Ballstát ciste ceannasach, bíonn an straitéis forbartha áitiúil ina hiomláine (i.e. bainistiú agus rialú gach tionscadail) faoi réir rialacha an chiste sin, ach bíonn cur chun feidhme, faireachán agus íocaíochtaí do thionscadail aonair fós faoi réir rialacha an chiste lena gcistítear an tionscadal atá i gceist39.

Fuaireamar amach nach raibh glaonna comhpháirteacha indéanta go fóill, amhail ó dheireadh mhí na Nollag 2021. Chuir an Coimisiún in iúl dúinn gurb é an fáth a bhí leis sin ná gur cuireadh síneadh leis an idirthréimhse don Chomhbheartas Talmhaíochta nua (lena n-áirítear ciste forbartha tuaithe an Aontais) go dtí 2022, rud a d’fhág go leanfadh rialacha 2014-2020 d'fheidhm a bheith acu.

74 Sa tSualainn, in ainneoin an chuíchóirithe a tugadh isteach, mheas na húdaráis nach raibh an t-ilchiste éifeachtach agus go raibh sé costasach le bainistiú, go háirithe ós rud é nach raibh sna cistí iascaigh, réigiúnacha agus sóisialta i dteannta a chéile ach 20 % den chistiú don fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail i dtréimhse 2014-2020. Choimisiúnaigh siad staidéar ina ndearnadh measúnú ar chistiú na dtionscnamh forbartha áitiúil go léir faoi stiúir an phobail ón gCiste Talmhaíochta40 inar léiríodh, in 2014-2020, gur thacaigh grúpaí gníomhaíochta áitiúla le tionscadail chomhchosúla faoi chistí éagsúla (e.g. i réimsí na turasóireachta agus an chomhtháthaithe), agus go bhféadfadh níos mó ná 90 % de na tionscadail ar fad a fuair tacaíocht faoi na trí chiste eile de chuid an Aontais a bheith cistithe ó airgead forbartha tuaithe.

75 Mar thoradh air sin, is dócha go scoirfidh an tSualainn den chur chuige ilchiste. Ó na Ballstáit eile a cuireadh faoi agallamh, fuaireamar freagra measctha a léiríonn nach bhfuil a bhformhór i bhfabhar an cur chuige ilchiste a úsáid sa chlárthréimhse reatha agus sa chlárthréimhse a bheidh ann amach anseo.

Conclúidí agus moltaí

76 Scrúdaíodh inár n-iniúchadh an ndearna cur chuige LEADER tairbhí a thabhairt i gcrích a bheadh ina n-údar maithe lena chostais agus lena rioscaí breise, go háirithe i gcomparáid le cláir chaiteachais phríomhshrutha (ón mbarr anuas) an Aontais.

77 Níos mó ná deich mbliana tar éis ár dtuarascáil speisialta dheireanach ar LEADER, fuaireamar amach gur tharla feabhsuithe i roinnt réimsí agus go gcruthaíonn LEADER struchtúir a éascaíonn rannpháirtíocht áitiúil. Mar sin féin, tá costais riaracháin níos airde i gceist le cur chuige LEADER, mar aon le próisis formheasa mhalla agus ní raibh tionscadail a bhfuil tairbhí breise inléirithe ag baint leo ann mar thoradh air. Ar an iomlán, is é ár gconclúid gur beag fianaise atá ann gur mó go mór na tairbhí a bhaineann le cur chuige LEADER ná na costais agus na rioscaí a ghabhann leis.

78 Tabhaíonn LEADER costais riaracháin agus oibriúcháin arda mar gheall ar a chur chuige rannpháirteach. Le Rialachán an Aontais, cuirtear uasteorainn 25 % ar na costais sin. Le linn chlárthréimhse 2014-2020, bheartaigh na Ballstáit 17 % a chaitheamh ar chostais riaracháin agus oibriúcháin. Áirítear leis na costais sin cur chun feidhme na straitéise forbartha áitiúla a éascú agus cúnamh a thabhairt do thairbhithe féideartha tionscadail a fhorbairt. De réir thuairisciú an Choimisiúin, amhail ag deireadh 2020, b’ionann na costais sin agus EUR 1.04 billiún (24 % den chaiteachas iomlán ag an gcéim sin, rud atá laistigh de theorainneacha an Rialacháin). Is gnách go dtagann laghdú ar sciar den sórt sin i gcomparáid le caiteachas ar thionscadail de réir mar a bhíonn an chlárthréimhse á caitheamh (míreanna 25 go 30).

79 Fuaireamar amach gur éirigh le grúpaí gníomhaíochta áitiúla rannpháirtíocht áitiúil a chur chun cinn agus a straitéisí forbartha áitiúla á bhforbairt acu, agus is feabhas é sin ar an staid a fuaireamar breis agus deich mbliana ó shin. Chuir formhór na mBallstát a cumhdaíodh inár n-iniúchadh nósanna imeachta ábhartha i bhfeidhm chun grúpaí gníomhaíochta áitiúla a roghnú agus a fhormheas bunaithe ar na straitéisí sin, ach chuir roinnt Ballstát caighdeáin cáilíochta nach raibh chomh dian céanna i bhfeidhm nuair a bhí straitéisí forbartha áitiúla á roghnú acu. Fuaireamar amach nár chuir Ballstát amháin critéir cháilíochta san áireamh ina bpróiseas roghnúcháin. Chiallódh sé seo go bhféadfaí díriú ar na straitéisí forbartha áitiúla is fearr (míreanna 31-37).

80 Fuaireamar amach go raibh an próiseas iarratais agus formheasa le haghaidh na dtionscadal casta agus go raibh ceanglais bhreise riaracháin ann d'úinéirí tionscadail i gcomparáid leis an gcás faoi ghnáthchláir chaiteachais. Mar gheall air sin, tráth an iniúchta, ba líon measartha beag a bhí sa líon tionscadal a bhí na Ballstáit tar éis a thabhairt chun críche agus íoc astu (39 %). Fuaireamar amach freisin go raibh critéir roghnúcháin tionscadal LEADER an-ghinearálta i bhformhór na gcásanna, rud a chuir ar chumas grúpaí gníomhaíochta áitiúla raon leathan tionscadal a roghnú (míreanna 38-41).

81 Ní raibh na húdaráis phoiblí ceannasach go foirmiúil a thuilleadh sa phróiseas roghnaithe tionscadail (mar a fuaireamar in 2010) agus d’éirigh le grúpaí gníomhaíochta áitiúla rannpháirtíocht áitiúil a éascú. Fuaireamar amach in 2021, áfach, nach raibh cothromaíocht inscne le sonrú sa chuid is mó de na grúpaí gníomhaíochta áitiúla agus go raibh daoine óga faoi ghannionadaíocht. Cruthaíonn sé sin riosca nach ndéanfadh comhlachtaí cinnteoireachta a gcuid tuairimí ná leasanna a chur san áireamh sa phróiseas cinnteoireachta (míreanna 42-44).

82 Cé gur tugadh aghaidh ar chuid dár moltaí ó 2010, fuaireamar amach nár chuir creat faireacháin agus meastóireachta an Choimisiúin fianaise ar fáil go fóill i dtaobh thairbhí breise LEADER i gcomparáid leis an gcistiú príomhshrutha. Measann saineolaithe go bhfuil sé deacair codanna áirithe de na tairbhí sin – i.e. caipiteal sóisialta agus rialachas áitiúil – a léiriú. Sa tuairim a thugamar in 2018 ar thograí ón gCoimisiún maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta nua, chuireamar i dtreis gur cheart don Choimisiún cloí leis an bprionsabal “meastóireacht ar dtús” agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar an reachtaíocht atá ann cheana. Tá tús curtha ag an gCoimisiún le meastóireacht ar thairbhí LEADER (míreanna 47-53 agus 61-63).

83 Léirigh ár n-anailís ar thionscadail LEADER gur tugadh aghaidh ar na cuspóirí ginearálta a leagadh síos sna straitéisí forbartha áitiúla (féach mír 80). Thángamar ar thionscadail, áfach, ar tugadh aghaidh orthu go sonrach le bearta forbartha tuaithe neamh-LEADER, agus trí chláir chaiteachais eile de chuid an Aontais. Bhain roinnt Ballstát agus grúpaí gníomhaíochta áitiúla úsáid as LEADER chun tionscadail a chistiú ar cúraimí reachtúla de chuid údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó bhardasacha a bheadh i gceist leo de ghnáth (míreanna 54-60).

84 Ba ghné nua é an cur chuige ilchiste do chlárthréimhse 2014-2020, a tugadh isteach chun comhordú níos fearr a dhéanamh ar thacaíocht don fhorbairt áitiúil agus chun na naisc idir limistéir thuaithe, uirbeacha agus iascaigh a threisiú. Ar an iomlán, fuaireamar amach go méadaíonn an cur chuige ilchiste, san fhoirm ina bhfuil sé faoi láthair, an chastacht a bhaineann le tionscadail forbartha áitiúla a chistiú (míreanna 64-75).

Moladh 1 – Meastóireacht chuimsitheach a dhéanamh ar chostais agus ar thairbhí LEADER

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht chuimsitheach a dhéanamh ar na costais agus ar na tairbhí araon. Ba cheart don mheastóireacht sin ar LEARDER (pointí a-e) a chumhdach:

  1. Próiseas roghnúcháin do ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla a chur i bhfeidhm a leithdháileann airgead ar na straitéisí forbartha áitiúla cáilíochta;
  2. Gníomhaíochtaí chun costais agus castachtaí riaracháin a laghdú (e.g. ualach riaracháin breise d’úinéirí tionscadal, nósanna imeachta roghnúcháin fada);
  3. A mhéid atá ionadaíocht ag ghrúpaí éagsúla sna comhlachtaí cinnteoireachta de réir aoise, inscne, agus spriocghrúpaí eile;
  4. A mhéid a thugann tionscadail arna gcistiú ag LEADER tairbhí breise i gcomparáid le tionscadail nach bhaineann le LEADER agus
  5. a mhéid a úsáidtear cistí LEADER chun na cúraimí reachtúla AE, comhlachtaí náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla a chistiú.

Spriocdháta cur chun feidhme: 2023

Moladh 2- measúnú a dhéanamh ar an bhforbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

Agus measúnú á dhéanamh ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na forbartha áitiúil faoi stiúir an phobail, ba cheart don Choimisiún a mhéid agus is féidir na gnéithe a shonraítear i bpointí (a) go (e) i moladh 1.

Spriocdháta cur chun feidhme: 2025 (do na meastóireachtaí ex post 2014-2020)

Is é Seomra I, faoi cheannas Joëlle Elvinger (Comhalta den Chúirt Iniúchóirí), a ghlac an Tuarascáil seo i Lucsamburg an 4 Bealtaine 2022.

 

Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Klaus-Heiner Lehne
An tUachtarán

Iarscríbhinní

Iarscríbhinn I – Táscairí sonracha a bhaineann le LEADER agus le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

Tábla 6 – CETFT CEMI CFRE CSE
Táscairí aschuir Táscairí aschuir Gan táscaire ar bith a bhaineann go sonrach le CLLD Gan táscaire ar bith a bhaineann go sonrach le CLLD
O.18: An daonra atá cumhdaithe faoi LAG

O.19: An líon LAGanna a roghnaíodh

O.20: An líon tionscadal LEADER a dtugtar tacaíocht dóibh

O.21: An líon tionscadal comhair a dtugtar tacaíocht dóibh

O.22: An líon agus an cineál tionscnóirí tionscadail

O.23: Uimhir aitheantais uathúil an LAG atá rannpháirteach sa tionscadal comhair
  1. Líon na straitéisí forbartha áitiúla a roghnaítear
  2. Tacaíocht ullmhúcháin
  3. Comhar
Táscairí sprice agus toraidh Táscairí toraidh
T21/R22: céatadán den daonra tuaithe a chumhdaítear le straitéisí forbartha áitiúla

T22/R23: céatadán den daonra tuaithe a thairbhíonn ó seirbhísí/bonneagar feabhsaithe

T23/R24: Poist a cruthaíodh i dtionscadail a fhaigheann tacaíocht (LEADER)

  1. Fostaíocht a cruthaíodh (coibhéis lánaimseartha)
  2. Fostaíocht a coinníodh (coibhéis lánaimseartha)

Foinsí: CETFT: Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 808/2014 ón gCoimisiún; CEMI: Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1014/2014 ón gCoimisiún.

Iarscríbhinn II – Obair leantach ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le Tuarascáil speisialta 5/2010 a rinneadh don tuarascáil iniúchóireachta seo

Moltaí Freagra ón gCoimisiún Obair leantach ó CIE
Moladh 1    
I bhfianaise na laigí leanúnacha atá ann, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil dóthain soiléireachta sa reachtaíocht maidir leis na caighdeáin is gá i gcás sonrach LEADER. D’fhéadfadh cúpla ceanglas simplí ar leibhéal an Aontais teacht in ionad an ghá atá le rialacha oibríochta éagsúla ar leibhéal an chláir agus d'fhéadfaidís sin nósanna imeachta a shimpliú, comhsheasmhacht a fheabhsú agus caighdeáin rialaithe shoiléire a sholáthar sna réimsí seo a leanas:    
  1. tionscadail a gcuirtear tús leo sula ndéantar cinneadh deontais a eisiamh, chun fáil réidh le mór-riosca neamhéifeachtúlachta (marbhualach);
  1. Scrúdóidh an Coimisiún an cheist maidir leis an tús d'incháilitheacht tionscadal, á chur san áireamh an gá atá le cur chuige comhchuibhithe sa chistiú Comhphobail faoi bhainistíocht chomhroinnte .


gan a bheith curtha i bhfeidhm
Le hAirteagal 65(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 déantar tionscadail a bhíonn curtha i gcrích go fisiciúil nó a curtha chun feidhme go hiomlán sula gcuirtear isteach an t-iarratas a eisiamh ó chistiú. Ní chuireann sé sin cosc ar thionscadail tosú sula ndéantar an cinneadh deontais, i.e. leanann an riosca marbhualaigh de bheith ann.
  1. Roghnú thionscadail LAG a bheith bunaithe ar mheasúnuithe doiciméadaithe a léiríonn fóntacht agus cothroime an chinnidh ó thaobh critéir chomhsheasmhacha agus ábhartha de;
  1. Tabharfaidh an Coimisiún treoraíocht bhreise i ndáil leis sin i nuashonrú ar an ‘Treoirleabhar maidir le cur i bhfeidhm ais LEADER’ le linn an tréimhse chláraithe reatha.


Curtha i bhfeidhm go pointe áirithe
Leagtar síos an caighdeán dlíthiúil in Airteagal 34(3)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Fuaireamar amach gur mhinic le critéir roghnúcháin a bheith suibiachtúil agus gur bhain na grúpaí áitiúla léirthuiscint ar bhealaí éagsúla astu.
  1. Rialacha chun a áirithiú nach mbeidh na húdaráis áitiúla ceannasach ar na comhpháirtíochtaí ag cruinnithe roghnúcháin tionscadal.
  1. Tá rialacha ann cheana sa chreat dlíthiúil reatha. Sonraítear in Airteagal 62(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 nach mór 50 % ar a laghad den chomhpháirtíocht áitiúil a bheith comhdhéanta d’ionadaithe ón tsochaí shibhialta ar leibhéal na cinnteoireachta.

    Admhaíonn an Coimisiún, áfach, go bhféadfaí na prionsabail a áireamh ar bhealach níos sonraí. Féachfaidh an Coimisiún ar an treoraíocht atá ann cheana a athbhreithniú chun cur i bhfeidhm éigeantach na rialach maidir le ‘córam dúbailte’ a mbeidh feidhm aige maidir le comhdhéanamh LAG agus ar leibhéal na cinnteoireachta a shoiléiriú tuilleadh.


Curtha chun feidhme
Leagtar síos an caighdeán dlíthiúil in Airteagal 34(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.
Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta éifeachtacha i bhfeidhm maidir leis na laigí a shainaithnítear sa tuarascáil seo, agus go ndéantar maoirseacht ar fheidhmiú ceart na nósanna imeachta sin.  


Curtha i bhfeidhm go pointe áirithe
Tá nósanna imeachta i bhfeidhm ag na Ballstáit chun LAGanna a threorú agus a mhaoirsiú. Ní chuireann sé sin cosc ar na laigí a shainaithnítear sa tuarascáil seo.
Moladh 2    
Leis an rialachán airgeadais, toirmisctear aon ghníomhaíocht a bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith mar thoradh air. I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil coimircí éifeachtacha i bhfeidhm, agus a sheiceáil go n-oibríonn siad i gceart. Ba cheart do chomhaltaí de choistí measúnaithe tionscadail nó cinnteoireachta LAG a bhfuil aon leas pearsanta, polaitiúil, gairmiúil nó gnó acu i dtogra tionscadail dearbhú i scríbhinn a dhéanamh maidir leis an leas sin. Níor cheart dóibh a bheith i láthair d'aon phlé, measúnú ná cinneadh maidir leis an tionscadal agus ba cheart an t-ábhar a tharchur chuig an údarás bainistíochta i gcomhréir leis an rialachán airgeadais. Aontaíonn an Coimisiún leis an gCúirt gur cheart, a mhéid a bhaineann leis an bpróiseas cinnteoireachta, go mbeadh rialacha soiléire ann maidir le coinbhleacht leasa, ar cheart cloí go docht leo.

Déantar foráil in Airteagal 61(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 nach mór 50 % ar a laghad den chomhpháirtíocht áitiúil a bheith comhdhéanta de chomhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, chomh maith le hionadaithe ón tsochaí shibhialta ar leibhéal na cinnteoireachta.

Cuirfidh an Coimisiún dea-chleachtais chun cinn freisin tríd an ‘Treoirleabhar maidir le cur i bhfeidhm ais LEADER’ agus iarrfaidh sé ar na Ballstáit coimircí éifeachtacha a áirithiú agus a sheiceáil.


Curtha chun feidhme
Leagtar síos an caighdeán dlíthiúil in Airteagal 34(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.
Moladh 3    
Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh, in éineacht leis na Ballstáit, an gcuireann na bearta atá ann cheana srian ar chumas LAGanna straitéisí áitiúla nuálacha agus ilearnálacha a dhearadh agus a chur chun feidhme chun cuspóirí Aiseanna 1-3 den bheartas forbartha tuaithe a bhaint amach. Ba cheart do na Ballstáit a gcuid rialacha a leasú de réir mar is gá le go bhféadfaidh LAGanna réitigh áitiúla a fhorbairt nach gcomhfhreagraíonn do bhearta an chláir forbartha tuaithe. Is féidir athruithe a dhéanamh i gcónaí ar chláir forbartha tuaithe (CFTanna) d’fhonn cur chun feidhme straitéisí áitiúla a fheabhsú.

Ina theannta sin, is féidir athbhreithniú a dhéanamh ar an ‘Treoirleabhar maidir le cur i bhfeidhm ais LEADER’ chun feabhas a chur ar an treoir do na Ballstáit maidir le cistiú tionscadal (nuálaíoch) lasmuigh den chatalóg de bhearta.

Ó dhéanach sa bhliain 2009, tá roinnt Ballstát ag iarraidh a gcláir a leasú chun cur chun feidhme éifeachtach mhodh LEADER a fheabhsú trí níos mó solúbthachta a cheadú, ga príomha, trí bhearta comhtháite nó speisialta a thabhairt isteach. Is toradh é sin, de chuid mhaith, ar an bplé a rinne an Coimisiún faoi chuimsiú fhochoiste LEADER de cuid an Ghréasáin Eorpaigh um Fhorbairt Tuaithe.


Curtha i bhfeidhm go pointe áirithe
Níl tionscadail LEADER/CLLD nasctha a thuilleadh le bearta príomhshrutha.

Fuaireamar amach go bhfuil laigí áirithe ann:
  •  PT: Ní mór do na tionscadail sé bheart shainithe a chomhlíonadh;
  •  Ar an iomlán: Is minic gur tionscadail phríomhshrutha nó tionscadail chomhchosúla iad tionscadail LEADER/CLLD, seachas tionscadail a chuireann réitigh áitiúla shaincheaptha ar fáil.
Moladh 4    
Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar straitéisí na LAGanna do thréimhse 2007-2013 agus go gcuirfidh sé de cheangal orthu cuspóirí intomhaiste a leagan síos atá sonrach dá limistéar áitiúil agus a d’fhéadfaí a bhaint amach le clár LEADER sa chuid eile den tréimhse. Ba cheart go n-gceanglódh na Ballstáit ar LAGanna cuntas a thabhairt maidir leis an gcaoi a ndéanann siad a gcuid cuspóirí straitéise áitiúla a bhaint amach, maidir leis an mbreisluach atá á bhaint amach trí chur chuige LEADER, agus maidir le héifeachtúlacht an chaiteachais deontais agus na gcostas oibriúcháin. Áireofar sna tuarascálacha meastóireachta meántéarma atá le teacht ag deireadh 2010 moltaí maidir le modhnuithe ar an gclár forbartha tuaithe chun inneachar an chláir a ailíniú le cuspóirí. Tapóidh an Coimisiún an deis chun cur chun feidhme Ais 4 a phlé leis na Ballstáit agus go háirithe an fhéidearthacht chun feabhas a chur ar cháilíocht na straitéisí forbartha áitiúla agus a gcur chun feidhme trí, inter alia, fhaireachán agus meastóireacht níos fearr ar leibhéal LAG.

Tá sé beartaithe, go háirithe, go ndéanfar dea-chleachtas a bhailiú agus a scaipeadh maidir le faireachán a dhéanamh ar leibhéal LAG tríd an nGréasán Eorpach um Fhorbairt Tuaithe (ENRD) agus maidir le meastóireacht i gcomhthéacs an Líonra Eorpaigh um Meastóireacht ar Fhorbairt Tuaithe.


Curtha i bhfeidhm go pointe áirithe
Rinne na Ballstáit athbhreithniú freisin ar na straitéisí forbartha áitiúla maidir le cuspóirí intomhaiste a leagan síos. Fuaireamar amach go bhfuil na straitéisí sin leathan go ginearálta, chun go mbeifear in ann raon leathan tionscadal a ghlacadh.

Tá na cuspóirí teoranta do spriocanna aschuir, a léiríonn, mar shampla, an líon tionscadal d’aon chineál ar cheart a chur chun feidhme. Baineann táscairí éigeantacha eile (AE) le líon na bpost a chruthaítear agus le líon na n-áitritheoirí atá cumhdaithe ag LAG.

Déanann an Coimisiún tuairisciú comhchoiteann ar na táscairí sin ach léirigh ár n-athbhreithniú neamhréireachtaí maidir leis na sonraí a tuairiscíodh (e.g. cumhdach >100 % ar an daonra i limistéir thuaithe).

Sainítear in Airteagal 34(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 cúraimí LAGanna, lena n-áirítear gníomhaíochtaí faireacháin agus meastóireachta. Leagann na Ballstáit síos íoscheanglais ábhartha do LAGanna. D’aimsíomar torthaí measctha, i.e. roinnt dea-chleachtas, ach chomh maith leis sin, LAGanna nach measann go bhfuil an faireachán sin úsáideach.
Ba cheart do na Ballstáit a mheas freisin an bhféadfaí na córais bhainistithe, mhaoirseachta agus rialaithe atá ann cheana a chuíchóiriú mar thoradh ar an gcuntasacht mhéadaithe maidir le bainistiú fónta airgeadais, agus nach mbeadh an gá céanna lena sheiceáil go bhfuil coinníollacha incháilitheachta do bhearta á gcomhlíonadh.


Curtha i bhfeidhm go pointe áirithe
Ceanglaítear le hAirteagal 34(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ar na Ballstáit na seiceálacha ábhartha a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha incháilitheachta, nó iad a tharmligean do LAGanna trína n-ainmniú mar chomhlachtaí idirmheánacha. Thángamar ar shamplaí de fhreagrachtaí a bheith á dtarmligean chuig LAGanna gan iad a bheith ainmnithe mar chomhlachtaí idirmheánacha.
Moladh 5    
I bhfianaise na freagrachta atá ar an gCoimisiún bainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais a áirithiú, ba cheart dó seiceáil sách mion a dhéanamh ar chláir a bheidh ann amach anseo ó thaobh na ngnéithe sonracha atá bunriachtanach do bhreisluach, d’éifeachtacht agus d’éifeachtúlacht LEADER. I gcomhthéacs fhormheas an chláir don chlárthréimhse reatha faoi bhainistíocht chomhroinnte, scrúdaigh an Coimisiún na príomhghnéithe dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1974/2006. Ní mór do na húdaráis bhainistíochta, áfach, eilimintí bainistíochta breise eile de chuid LEADER a shainiú tar éis fhormheas an chláir i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta.


Curtha i bhfeidhm go pointe áirithe
Rinne an Coimisiún seiceáil ar na cláir oibríochtúla agus ar na cláir forbartha tuaithe, ach ní dhearnadh chomh mion céanna é ar fud na mBallstát.

Níor chuir an Coimisiún de cheangal ar na Ballstáit díriú ar thionscadail a sholáthair breisluach nó ar ghnéithe eile de bhreisluach LEADER/CLLD.
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú amach anseo go gceartaíonn LAGanna aon laigí a shainaithnítear sa phróiseas roghnúcháin sa chaoi is go mbeidh straitéisí agus pleananna cur chun feidhme den chaighdeán is airde ag LAGanna.  


Curtha i bhfeidhm go pointe áirithe
Rinne na Ballstáit na straitéisí forbartha áitiúla a sheiceáil, chuir siad oiliúint agus comhairle ar fáil agus thug siad deis do LAGanna a gcuid straitéisí a fheabhsú nó a leasú tar éis na hathbhreithnithe tosaigh.

Ar an lámh eile, níor chuir sé sin cosc orthu straitéisí forbartha áitiúla a ghlacadh a raibh cuspóirí agus réimsí gníomhaíochta leathana acu a ligfeadh do LAGanna gach cineál tionscadail a roghnú.
Moladh 6    
Ba cheart don Choimisiún bearta práinneacha a dhéanamh chun a áirithiú go bhféadfaidh sé cuntas a thabhairt ar bhreisluach agus bainistíocht fhónta airgeadais LEADER. Ba cheart faireachán a dhíriú ar tháscairí a léiríonn breisluach chur chuige LEADER, éifeachtúlacht agus éifeachtacht, seachas cur chun feidhme. Ba cheart na sonraí a fhíorú ag an bhfoinse, ar a laghad ar bhonn samplach. I bhfianaise scála agus nádúr LEADER agus na ndeacrachtaí a bhí ann go dtí seo maidir le sonraí ábhartha, inchomparáide agus iontaofa a fháil, ba cheart don Choimisiún smaoineamh ar chineálacha cur chuige atá níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí, amhail faireachán mion a dhéanamh ar shamplaí de LAGanna atá bailí ó thaobh staidrimh de, trí tháscairí, trí chigireachtaí agus trí chás-staidéir struchtúrtha le fíorú cuí sonraí ag meastóir neamhspleách. Tá idirphlé buan ann leis na Ballstáit chun cur chun feidhme chur chuige LEADER a fheabhsú trí fhochoiste LEADER de chuid an Ghréasáin Eorpaigh um Fhorbairt Tuaithe (ENRD). Tá an Coimisiún i mbun idirphlé freisin leis na Ballstáit a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an gComhchreat Faireacháin agus Meastóireachta, lena n-áirítear na táscairí faireacháin do LEADER. Chuir an Coimisiún bailchríoch le déanaí ar dhréachtpháipéar oibre críochnaitheach maidir le measúnú a dhéanamh ar thionchar LEADER i gceantair thuaithe.

De bharr na ndifríochtaí idir straitéisí, ní féidir an fhaisnéis chéanna a bhailiú sna LAGanna go léir ós rud é go bhfuil cur chun feidhme straitéise áitiúla faoi stiúir próisis. Ní mór meastóireacht aonair a bheith teoranta chun an gaol idir costais agus éifeachtúlacht an phróisis meastóireachta féin a urramú.


Gan a bheith curtha i bhfeidhm
Bailíonn an Coimisiún sonraí, ach tá cineálacha cur chuige éagsúla ag na ceithre Ardstiúrthóireacht lena mbaineann.

Baineann na sonraí a bhailítear le cúrsaí gnó den chuid is mó agus ní thugann siad aon fhaisnéis maidir le breisluach LEADER/CLLD. Tá an coincheap nua a tugadh isteach sách teoiriciúil agus is deacair é a chur i bhfeidhm i gcleachtas.
Ba cheart don Choimisiún na Ballstáit a chomhordú chun a áirithiú go mbeidh na córais mhaoirseachta agus rialaithe in ann dearbhú a thabhairt i dtaobh chothroime agus thrédhearcacht na nósanna imeachta; go soláthróidh siad sonraí inchomparáide maidir leis na costais, agus go mbeidh siad ina gcomhlánú don fhaireachán ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht.


Curtha i bhfeidhm go pointe áirithe
Is annamh a dhéanann an Coimisiún cigireacht ar LEADER/CLLD.

Éilíonn an Coimisiún tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme agus cruinnithe athbhreithnithe bliantúla, agus faigheann sé iad siad.

Iarscríbhinn III – Liosta de na tionscadail a ndearnadh iniúchadh orthu (Caiteachas, amhail ó mhí Bealtaine 2021)

Tuairisc ar an tionscadal An cineál tionscnóra tionscadail Caiteachas iomlán (in euro) Ranníocaíocht AE (in euro) CSIE
An tSeicia
Cuid lárnach de bhardas a atógáil (pábháil agus bá ag stad bus) Comhlacht poiblí 98 069.98 93 166.48 CFRE
Bunscoil saor ó bhacainní Comhlacht poiblí 77 822.80 73 931.73 CFRE
Innealra feirme a cheannach (lódaire ilfheidhmeach) FBM 29 420.99 11 297.66 CETFT
Trealamh a cheannach chun vaigíní traenach stairiúla a atógáil FBM 6 268.63 1 805.35 CETFT
Campaí lae do pháistí LAG 100 389.34 85 330.94 CSE
Infheistíochtaí feirme, i stáblaí agus innealra do thógáil ainmhithe Fiontar talmhaíochta príobháideach 194 224.11 74 582.03 CETFT
Innealra feirme a cheannach (tarracóir) FBM 77 867.57 22 269.18 CETFT
Innealra feirme a thógáil (lódaire agus iompróir) FBM 62 725.56 24 086.62 CETFT
Teaschaidéal a cheannach le haghaigh teach aíochta do thurasóirí FBM 7 061.04 2 033.58 CETFT
Trealamh a fháil le haghaidh siopa gabha (gaibhniú ealaíne) FBM 3 510.91 1 011.14 CETFT
An Ghearmáin (an tSacsain)
Tiontú chuig ionad cúraim lae chomhtháite do leanaí Comhlacht poiblí 375 000.00 300 000.00 CETFT
Seanteach díblí aon-teaghlaigh a leagan Duine príobháideach 9 196.32 7 357.06 CETFT
Seanteach mainistir a athchóiriú d’úsáid phríobháideach Duine príobháideach 160 000.00 128 000.00 CETFT
Lamairne iascaireachta a thógáil do dhaoine faoi mhíchumas ENR 70 753.80 47 688.23 CEMI
Clós súgartha eachtraíochta comhtháite le cúlra geolaíochta ENR 41 003.44 32 802.75 CETFT
Iar-chlinic il-úsáide a atógáil agus a athchóiriú le haghaidh dochtúirí nua FBM 200 000.00 160 000.00 CETFT
Athchóiriú chun seomra folctha saor ó bhacainní a dhéanamh in árasán príobháideach Duine príobháideach 5 463.87 4 371.10 CETFT
Seanteach printíseachta a leagan Comharchumann talmhaíochta 15 000.00 12 000.00 CETFT
Soilse sráide a athchóiriú Comhlacht poiblí 2 981.16 2 384.93 CETFT
Coimeádáin lastais a athchóiriú mar thithe saoire FBM 29 152.85 23 322.28 CETFT
An Eastóin
Linn snámha a nuachóiriú– linn sláinte agus leanaí a thógáil Comhlacht poiblí 80 000.00 64 000.00 CETFT
Ceardlann próiseála olla a fhorbairt – meaisín cardála a fháil agus áiseanna táirgthe a oiriúnú FBM 25 706.24 23 135.61 CETFT
Leantóir iompair d’eallach agus caoirigh a cheannach (úsáid chomhroinnte ag trí fheirm) FBM 4 043.60 3 234.88 CETFT
Réitigh teilgin chlosamhairc d’ionad oideachais staire ENR 10 000.00 8 000.00 CETFT
Seanstáisiún iarnróid a atógáil mar halla feithimh d’iompar poiblí agus mar mhúsaem ENR 72 911.64 58 329.28 CETFT
Meaisín gearrtha carraige a cheannach le haghaidh próiseáil cloiche páirce FBM 65 040.00 52 032.00 CETFT
Oiliúint sa turasóireacht dúlra do dhaltaí scoile Comhlacht poiblí 3 233.16 2 586.52 CETFT
Páirc scátála a thógáil ENR 17 836.94 14 269.54 CETFT
Trealamh a cheannach d’obair phobail na heaglaise ENR 4 943.13 3 954.47 CETFT
Scraith shaorga a cheannach le haghaidh láthair spóirt ENR 139 999.80 111 999.84 CETFT
Éire
Foirgneamh a fhorbairt agus a thógáil ENR 500 000.00 314 000.00 CETFT
Páirc Scátála Pobail ENR 127 671.00 80 177.39 CETFT
Scoil Mharcaíochta a mhéadú FBM 56 062.97 35 207.55 CETFT
Feachtas Margaíochta ag cuideachta phríobháideach FBM 19 374.37 12 167.10 CETFT
Pleanáil Shoch-Eacnamaíochta Pobail LAG 26 442.90 16 606.14 CETFT
Trealamh ríomhaireachta a cheannach i ngnó turasóireachta tuaithe Príobháideach 5 008.25 3 145.18 CETFT
Fothú Acmhainneachta in Ionad Cuairteoirí ENR 52 170.10 32 762.82 CETFT
Oibreacha feabhsúcháin ar láthair oidhreachta ENR 200 000.00 125 600.00 CETFT
Feabhsúchán ar shaoráid ghnó FBM 117 567.47 73 832.37 CETFT
Staidéar Bithéagsúlachta & Éiceolaíochta ENR 8 966.70 5 631.09 CETFT
An Ghréig
Féile cheoil ENR 31 520.00 28 112.69 CETFT
Feabhsúchán ar bhonneagar bóithre Eintiteas poiblí 580 000.00 517 302.00 CETFT
Tionscadal cultúir ENR Cumann Cultúir 13 633.42 12 159.65 CETFT
Oibreacha feabhsúcháin ar scoil riachtanais speisialta Cumann tuismitheoirí agus cairde leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu 182 329.93 162 620.06 CETFT
Tionscadal cultúir ENR Cumann Cultúir 10 515.20 9 378.50 CETFT
Tionscadal cóiríochta do thurasóirí Príobháideach 265 803.55 239 223.20 CETFT
Líne tháirgeachta nua a chruthú Príobháideach 125 040.00 112 048.34 CETFT
Nuachóiriú gnó Príobháideach 11 113.00 9 958.36 CETFT
Aonad gnó nua a chistiú Príobháideach 57 220.60 51 275.38 CETFT
Aonad táirgeachta déirí a chistiú Príobháideach 61 017.48 54 677.76 CETFT
An Ostair
Coincheapa do Thob-Shiopaí áitiúla a fhiosrú Cumann turasóireachta 102 398.29 32 767.46 CETFT
Táirgeadh agus próiseáil luibheanna agus spíosraí ar ardchaighdeán a fhorbairt Comharchumann 341 956.33 109 426.02 CETFT
Tacaíocht chun an chéad scoil Montessori sa réigiún a bhunú Comharchumann 57 126.95 27 177.60 CETFT
Coincheap “Sráidbhaile Cliste” a fhorbairt trí “Smaointeoireacht Deartha” Comhlacht poiblí 7 560.00 3 628.80 CETFT
Bealaí nua a fhiosrú ionsar thionscadail nuálacha

(Tionscadal comhair de thrí cinn de LAGanna na hOstaire, lena n-áirítear an dá ghrúpa faoi iniúchóireacht)
ENR 376 305.71 240 000.00 CETFT
Réadlann ar mhionscála do réalteolaithe amaitéaracha, scoileanna agus daoine sa phobail a bhfuil spéis acu ann ENR 55 929.40 26 145.60 CETFT
Tacaíocht d’fhiontraíocht inbhuanaithe nuathionscanta in earnálacha éagsúla gnó ENR 85 608.00 41 091.84 CETFT
Brosna a tháirgeadh agus a mhargú Comharchumann 15 000.00 4 800.00 CETFT
Bainistiú traidisiúnta féaraigh ar mhalaí sléibhe ENR 23 850.00 11 448.00 CETFT
An Phortaingéil (Mórthír)
Seanmhuilte gaoithe a thiontú isteach ina lóistín do thurasóirí Dílseánacht aonair

(Empresário em Nome Individual)
181 561.09  72 624.47  CETFT
Trealamh tionsclaíoch cistine a cheannach chun subh, seatnaí, anlann etc. a tháirgeadh FBM 47 378.22 12 507.59 CETFT
Muilte gaoithe agus an ceantar máguaird a chaomhnú agus a athchóiriú (músaem amuigh faoin aeir) Comhlacht poiblí 149 000.00  89 400.00  CETFT
Oigheann connaidh de chuid an phobail a athchóiriú Comhlacht poiblí 8 285.90 3 597.44 CETFT
Trealamh a cheannach le haghaidh táirgeadh cáise in uachtarlann FBM 171 066.39 68 551.57 CETFT
Tacaíocht do chruthú post i ngrúdlann do bheoir cheirde FBM 10 458.24 5 229.12 CSE
Trealamh a cheannach le haghaidh grúdlann do bheoir cheirde FBM 31 571.56 12 628.63 CFRE
Tacaíocht do chruthú post ag comhlacht seirbhísí cúnaimh ar thaobh an bhóthair FBM 6 052.62 5 144.73 CSE
Nuachóiriú agus ceannach trealaimh le haghaidh ionad aclaíochta FBM 99 195.60 39 678.23 CFRE
Nuachóiriú ar aonad cóiríochta áitiúil FBM 31 013.41 12 405.36 CFRE
An Rómáin
Cosán rothaíochta a thógáil i sráidbhaile Údarás poiblí 81 624.00 72 906.56 CETFT
Innealra talmhaíochta a cheannach FBM 160 226.27 143 114.11 CETFT
Trealamh a cheannach le haghaidh gabháltas beachaireachta leathchothaitheach FBM 13 975.50 12 482.92 CETFT
Trealamh a cheannach do sheitheadóir FBM 1 047.31 935.46 CETFT
Innealra talmhaíochta a cheannach (feirmeoir óg) FBM 84 574.13 75 541.62 CETFT
Innealra talmhaíochta a cheannach (feirmeoir óg) FBM 27 951.00 24 965.83 CETFT
Sciamhlann a bhunú i sráidbhaile FBM 23 292.50 20 804.86 CETFT
Ionad comhtháite seirbhísí sóisialta i sráidbhaile ENR 5 820.00 5 198.42 CETFT
Scraith shaorga a thógáil Údaráis phoiblí 3 979.20 3 554.22 CETFT
Cleachtas cinéisteiripe a bhunú i mbaile beag FBM 23 292.50 20 804.86 CETFT
An tSlóvaic
Foirgneamh a atógáil agus athchóiriú chun líonraí ilchodacha a tháirgeadh FBM 177 424.76 97 583.62 CFRE
Trealamh chun bláthfhleasca saorga leathchríochnaithe a tháirgeadh FBM 103 524.20 56 938.31 CFRE
Feithicil ocht suíochán a cheannach le haghaigh iompar áitiúil (e.g. leanaí, daoine scothaosta) Comhlacht poiblí (bardas) 34 210.53 32 500.00 CFRE
Córas séarachais phoiblí Comhlacht poiblí 25 000.00 18 750.00 CETFT
Conair oideachasúil a dhearadh agus a thógáil Comhlacht poiblí 24 936.70 18 702.53 CETFT
Bóithre sráidbhaile a atógáil Comhlacht poiblí 22 233.18 16 674.89 CETFT
An tSualainn
Réitigh nuálaíocha iompair phoiblí do thurasóirí agus do dhaoine áitiúla (Staidéar féidearthachta) ENR 29 930.67 14 965.34 CETFT
Cúram lae do mhadraí – Ath-imeascadh gairmiúil do dhaoine faoi mhíchumas FBM 108 894.76 54 447.38 CSE
Scoil snámha do dhaoine áitiúla i réigiún inar tearc an daonra FBM 15 585.82 7 792.91 CFRE
Tionscadal de chuid an LAG féin chun cabhrú le gnólachtaí nuathionscanta áitiúla LAG 26 852.69 13 426.34 CETFT
Margaíocht dhíreach, chothrom agus TF-bhunaithe ar tháirgí bia áitiúla ENR 54 600.31 27 300.15 CETFT
Tionscadal spóirt chun lánpháirtiú a chur chun cinn idir áitritheoirí áitiúla agus imircigh ENR 106 785.60 53 392.80 CETFT
Bealaí nua chun iascaigh thráchtála áitiúla a chaomhnú (Staidéar féidearthachta) ENR 6 736.32 3 368.16 CEMI
Tionscadal de chuid an LAG féin chun tacú le daoine óga i ndearadh agus i gcur chun feidhme a dtionscadal féin (CETFT) LAG 153 930.76 76 965.38 CETFT
Tionscadal de chuid an LAG féin chun tacú le daoine óga i ndearadh agus i gcur chun feidhme a dtionscadal féin (CFRE) LAG 38 519.59 19 259.79 CFRE
Tionscadal amharclainne agus seirbhís lónadóireachta le sainbhianna áitiúla ENR 66 640.00 33 320.00 CETFT

Acrainmneacha agus giorrúcháin

AE: An tAontas Eorpach

AS-AGRI: Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe

AS-EMPL: An Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

AS-MARE: Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta

AS-REGIO: Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh

CBT: An Comhbheartas Talmhaíochta

CEI: An Ciste Eorpach Iascaigh

CEMI: An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh

CETFT: An Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe

CETRT: An Ciste Eorpach um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta

CFRE: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa

CFT: Cláir Forbartha Tuaithe

CLLD: Forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

CO: Clár Oibríochtúil

CSE: Ciste Sóisialta na hEorpa

CSIE: Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa

ENRD: An Líonra Eorpach um Fhorbairt Tuaithe

FARNET: Líonra na Limistéar Iascaigh

FLAG: Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil don Iascach

LAG: Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil

LEADER: Liaison entre actions de développement de l’économie rurale – Naisc idir gníomhaíochtaí um fhorbairt gheilleagar na tuaithe

Gluais

Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIEanna): Cúig phríomhchiste an Aontais, a oibríonn le chéile chun tacú le forbairt eacnamaíoch ar fud Bhallstáit uile an Aontais, i gcomhréir le cuspóirí na straitéise Eoraip 2020: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE), an Ciste Comhtháthaithe (CC), an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETRT), An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI).

Cliseadh margaidh: Tagraíonn cliseadh margaidh do dháileadh neamhéifeachtúil earraí agus seirbhísí sa saormhargadh. D’fhéadfadh cliseadh margaidh tarlú sa mhargadh ar roinnt cúiseanna, lena n-áirítear, mar shampla, seachtrachtaí, earraí poiblí mar a thugtar orthu, faisnéis neamhfhoirfe sa mhargadh nó rialú margaidh (monaplacht/olagaplacht).

Marbhualach a thugtar ar an éifeacht a tharlaíonn nuair a chuirtear cistiú ar fáil chun tacú le tairbhí a mbeadh an rogha chéanna déanta aige in éagmais cúnaimh. I gcásanna den chineál sin, ní féidir an forthoradh a chur i leith an bheartais, agus ní raibh aon tionchar ag an gcabhair a íocadh leis an tairbhí. Dá bhrí sin, tá sciar an chaiteachais a ghineann marbhualach neamhéifeachtach de réir sainmhínithe, toisc nach gcuidíonn sé le cuspóirí a bhaint amach. I gcomhthéacs an iniúchta seo, táthar ag trácht ar chásanna a mbeadh tionscadal fóirdheonaithe déanta ina iomláine nó i bpáirt fiú mura mbeadh an chabhair deontais ar fáil lena aghaidh.

Rialachas agus Caipiteal Sóisialta: Dhá théarma iad sin ar minic doiléire agus aighneas a bheith ag baint leis an mbrí atá leo. Sa tuarascáil seo, táimid ag tagairt do shainmhínithe an Choimisiúin (féach mír 61)

Straitéis Forbartha Áitiúil (CLLD): Sraith chomhleanúnach oibríochtaí arb é is aidhm dóibh cuspóirí agus riachtanais áitiúla a chomhlíonadh, rud a chuidíonn leis an straitéis Eoraip 2020 a bhaint amach, agus ar LAG a dhéanann iad a dhearadh agus a chur chun feidhme.

Foireann iniúchóireachta

I dtuarascálacha speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, leagtar amach torthaí a iniúchtaí ar bheartais agus ar chláir an Aontais, nó ar topaicí a bhaineann le bainistíocht ó réimsí buiséadacha ar leith. Is í an Chúirt a roghnaíonn agus a dhearann na cúraimí iniúchóireachta sin chun go mbeidh an tionchar is mó is féidir ag baint leo, trí na rioscaí don fheidhmíocht nó don chomhlíonadh a mheas mar aon leis an leibhéal ioncaim nó caiteachais lena mbaineann, na forbairtí atá le teacht agus an leas polaitiúil agus poiblí.

Is é Seomra Iniúchóireachta I – Úsáid Inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha, atá faoi cheannas Joëlle Elvinger (Comhalta den Chúirt), a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo. Ba é João Figueiredo(†) (Comhalta den Chúirt) a bhí i gceannas ar an iniúchadh ar dtús, le tacaíocht ó Paula Betencourt (Ceann na hOifige Príobháidí) agus Quirino Mealha (Ataisé na hOifige Príobháidí).

Ba í Eva Lindström (Comhalta den Chúirt) a thug an t-inúchadh chun críche, le tacaíocht na daoine seo a leanas: Katharina Bryan (Ceann na hOifige Príobháidí) agus Johan Stalhammar (Ataisé na hOifige Príobháidí), Michael Bain (Príomh-Bhainisteoir), Joanna Kokot (Ceann Cúraim), Vasileia Kalafati, Anca Florinela Cristescu, Liia Laanes agus Anna Zalega (Iniúchóirí), agus Marika Meisenzahl (Iniúchóir agus dearadh grafach). Thug Daniela Jinaru, Jan Kubat, Michael Pyper agus Marek Říha tacaíocht teanga.

Críochnótaí

1 Suíomh gréasáin an Choimisiúin maidir le LEADER

2 Tuarascáil speisialta Uimh. 5/2010: Cur chun feidhme chur chuige LEADER maidir le forbairt tuaithe.

3 Tuarascáil speisialta Uimh. 5/2010: Cur chun feidhme chur chuige LEADER maidir le forbairt tuaithe.

4 Doiciméad maidir leis an gceardlann ar an Líonra Eorpach um Fhorbairt Tuaithe: LEADER: 30 bliain agus ag ullmhú don todhchaí: breisluach uathúil LEADER a chur ar fáil.

5 An Coimisiún Eorpach, Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, cuid 2/3 SWD(2021) 166 final.

6 i.e. an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE).

7 Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 808/2014 ón gCoimisiún.

8 Tuarascáil Bhliantúil 2019 ar Ghníomhaíochtaí Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe.

9 Rialachán (AE) Uimh. 2021/2115.

10 Airteagal 86(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2021/1060.

11 Tuarascáil bhliantúil maidir le bliain airgeadais 2000.

12 Tuarascáil speisialta 5/2010 Cur chun feidhme chur chuige LEADER maidir le forbairt tuaithe.

13 Tuarascáil speisialta 19/2013: Tuarascáil 2012 ar an obair leantach ó Thuarascálacha Speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa.

14 Treoraíocht do na Ballstáit agus d’údaráis cláir maidir le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail sna cistí SIE

15 Airteagal 33(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

16 Treoraíocht do na Ballstáit agus d’údaráis cláir maidir le CLLD sna Cistí SIE, Roinn 7.3, lch. 42-43.

17 Treoraíocht do na Ballstáit agus d’údaráis cláir maidir le CLLD sna Cistí SIE, Roinn 7.3, lch. 42-43.

18 Treoraíocht do na Ballstáit agus d’údaráis cláir maidir le CLLD sna Cistí SIE, lch. 25-43.

19 Airteagail 32(2)(b) agus 34(3)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

20 Treoraíocht do na Ballstáit agus d’údaráis cláir maidir le CLLD sna Cistí SIE, lch. 27

21 Maidir le “daoine óga”, táthar ag trácht ar dhaoine atá idir 18 agus 30 bliain d’aois; féach Comhairle na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach (2019): Bunriachtanais Bheartas na hÓige, lch. 6.

22 Tuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le feidhmíocht bhuiséad an Aontais Eorpaigh – Staid ag deireadh 2019.

23 Airteagail 54-57 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

24 Treoirlínte, Meastóireacht ar LEADER/CLLD.

25 An Coimisiún Eorpach (2018): Treoir #15 FARNET – Meastóireacht a dhéanamh ar CLLD. Lámhleabhar do LAGanna agus FLAGanna.

26 Airteagal 57(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Airteagal 2(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2020/2220.

27 Airteagal 87(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1698/2005.

28 An Coimisiún Eorpach (2020): Sintéis ar mheastóireachtaí ex post na gClár Forbartha Tuaithe (CFTanna) do thréimhse 2007-2013 , Lucsamburg, lgh. 222-234.

29 Tuairim ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa in 2018 maidir le tograí ón gCoimisiún le haghaidh rialacháin a bhaineann leis an gcomhbheartas talmhaíochta don tréimhse i ndiaidh 2020.

30 Treochlár Meastóireachta: Meastóireacht ar thionchar LEADER ar fhorbairt chríochach chothromúil.

31 Treoirlínte, Meastóireacht ar LEADER/CLLD.

32 Zentralbewertung des Entwicklungsprogramms für den ländlichen Raum 2014-2020 im Freistaat Sachsen. Endbericht, lch. 257.

33 Tuarascáil speisialta 25/2015: Tacaíocht ón Aontas do bhonneagar tuaithe.

34 Nardone, G., Sisto, R., Lopolito, A., Caipiteal Sóisialta i dTionscnamh LEADER: cur chuige modheolaíoch, Journal of Rural Studies, Vol. 26, Eagrán 1, 2010, lch. 63-72.

Pisani, E., Franceschetti, G.; Secco, L. and Asimina C. (eag., 2017), Social Capital and Local Development: From Theory to Empirics [Caipiteal Sóisialta agus Forbairt Áitiúil: Ó Theoiric go Turgnaimh]. Cham (an Eilvéis).

Claridge, T. (2020), Current definitions of social capital - Academic definitions in 2019 [Sainmhínithe reatha ar chaipiteal sóisialta – Sainmhínithe acadúla in 2019], lena n-áirítear an nasc chuig an gcur i láthair “Social capital - is there an accepted definition in 2020?” [Caipiteal sóisialta – an bhfuil sainmhíniú inghlactha ann in 2020?].

Shucksmith, M. (2002), Endogenous Development, Social Capital and Social Inclusion: perspectives from leader in the UK [Forbairt ón Lár Amach, Caipiteal Sóisialta agus Cuimsiú Sóisialta: peirspictíochtaí ó LEADER sa Ríocht Aontaithe], Sociologia Ruralis, 40(2), lch. 208-218.

Thuesen, A. A. (2010), Is LEADER elitist or inclusive? Composition of Danish LAG boards in the 2007-2013 rural development and fisheries programmes [An bhfuil LEADER eilíteach nó an bhfuil sé cuimsitheach? Comhdhéanamh bhoird LAG na Danmhairge i gcláir forbartha tuaithe agus iascaigh 2007-2013], Sociologia ruralis, 50(1), lch. 31-45.

35 Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, lena n-áirítear Iarscríbhinn I (comhchreat straitéiseach).

36 Kah, S. (2021), Nuashonrú: Cistí an bheartais chomhtháthaithe a chur chun feidhme trí CLLD ilchiste (Tá na sonraí ceart amhail ó mhí Mheithimh 2021).

37 An Coimisiún Eorpach (2016), Treoir #10 FARNET: Tús a chur le cur chun feidhme CLLD i gcleachtas.

38 Airteagal 31(3) de Rialachán (AE) Uimh. 2021/1060.

39 Airteagal 31(4)-(6) de Rialachán (AE) Uimh. 2021/1060.

40 Är det möjligt att finansiera alla insatser inom lokalt ledd utveckling genom jordbruksfonden? Uppföljningsrapport 2019:11 (An féidir gach tionscnamh de chuid an Chláir Forbartha Pobail a chistiú ón gCiste Talmhaíochta [CETFT])? Tuarascáil leantach 2019: 11).

Sonraí teagmhála

European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUCSAMBURG

Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors

Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).

Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022

PDF ISBN 978-92-847-8082-2 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/929323 QJ-AB-22-012-GA-N
HTML ISBN 978-92-847-8104-1 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/165366 QJ-AB-22-012-GA-Q

CÓIPCHEART

© An tAontas Eorpach, 2022

Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE).

Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar CIE atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar CIE an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh CIE faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.

Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann CIE nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.

I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.

D’fhéadfadh sé gur gá cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt chun ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh.

Fíor 2:

Fíor 3 agus 4:

Fíor 5:

Bosca 2: Íocóin arna ndéanamh ag Freepik ó https://flaticon.com

Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide CIE.

Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar suíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus cóipchirt a léamh go cúramach.

Úsáid Lógó CIE

Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE HINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad Eolais “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil anseo: https://europa.eu/european-union/contact_ga

Ar an bhfón nó le ríomhphost
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach: Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

  • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
  • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696, nó
  • le ríomhphost, tríd an suíomh: https://europa.eu/european-union/contact_ga

EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa ag: https://europa.eu/european-union/index_ga

Foilseacháin de chuid an Aontais
Is féidir leat foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh, idir cinn saor in aisce agus cinn a bhfuil praghas orthu, a íoslódáil nó a ordú ag: https://op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna de na foilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad eolais áitiúil chun é sin a dhéanamh (https://europa.eu/european-union/contact_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar eolas dlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex ag: https://eur-lex.europa.eu

Sonraí oscailte ón Aontas Eorpach
Is féidir teacht ar thacair shonraí ón Aontas Eorpach ag Tairseach Sonraí Oscailte an Aontais (https://data.europa.eu/ga). Is féidir sonraí a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce, ar bhonn tráchtála nó ar bhonn neamhthráchtála.