TÁ AN LÍON TÍORTHA SAN AONTAS EORPACH MÉADAITHE Ó 6 CINN TRÁTH A BHUNAITHE SA BHLIAIN 1957 GO 27 gCINN SA LÁ ATÁ INNIU ANN. CHUAIGH NA TÍORTHA SIN I gCOMHAR LE CHÉILE AR MHAITHE LE TODHCHAÍ NÍOS FEARR A CHRUTHÚ. CÉ NA TÍORTHA AR CUID DEN AONTAS EORPACH IAD AGUS CÉN UAIR A CHUAIGH SIAD ISTEACH ANN? SA CHAIBIDIL SEO, FOGHLAIMEOIDH TÚ FAOI ÉABHLÓID AN AONTAIS EORPAIGH I gCAITHEAMH NA mBLIANTA AGUS FAOI NA GNÉITHE UATHÚLA A BHAINEANN LEIS.
Is comhpháirtíocht uathúil é an tAontas Eorpach idir 27 gcinn de thíortha Eorpacha, ar a dtugtar Ballstáit nó tíortha AE. Cumhdaítear formhór mhór-roinn na hEorpa leis na tíortha in éineacht le chéile. Cónaíonn níos mó ná 447 milliún duine san Aontas Eorpach. Is ionann sin agus thart ar 6 % de dhaonra an domhain. Is saoránaigh den Aontas Eorpach iad saoránaigh na mBallstát.
Féach ar an liosta de bhratacha agus d’ainmneacha tíortha ar thaobh na láimhe deise. Cé gur tíortha Eorpacha iad go léir, níl gach ceann díobh ina Bhallstát den Aontas Eorpach. A luaithe a bheidh na Ballstáit sainaitheanta agat, aimsigh ar an léarscáil iad. Má theastaíonn cúnamh uait, caith súil ar an suíomh gréasáin seo. europa.eu/!GVY6j3
AN ALBÁIN
ANDÓRA
AN BHEALARÚIS
AN BHEILG
AN BHOISNIA AGUS AN HEIRSEAGAIVÉIN
AN BHULGÁIR
CATHAIR NA VATACÁINE
AN CHIPIR
AN CHRÓIT
AN DANMHAIRG
AN EASTÓIN
AN EILVÉIS
ÉIRE
AN FHIONLAINN
AN FHRAINC
AN GHEARMÁIN
AN GHRÉIG
AN IODÁIL
AN IORUA
AN ÍOSLAINN
AN ÍSILTÍR
AN LAITVIA
LICHTINSTÉIN
AN LIOTUÁIN
LUCSAMBURG
AN MHACADÓIN THUAIDH?
MÁLTA
AN MHOLDÓIV
MONACÓ
MONTAINÉAGRÓ
AN OSTAIR
AN PHOLAINN
AN PHORTAINGÉIL
AN RÍOCHT AONTAITHE
AN RÓMÁIN
SAN MAIRÍNE
AN tSEICIA
AN tSEIRBIA
AN tSLÓIVÉIN
AN tSLÓVAIC
AN SPÁINN
AN tSUALAINN
AN TUIRC
AN ÚCRÁIN
AN UNGÁIR
Samhlaigh go n‑oibríonn tú do bhord turasóireachta náisiúnta. Roghnaigh an dá Bhallstát is mó a bhfuil eolas agat orthu agus scríobh achoimre ghearr orthu atá dírithe ar thurasóirí. Mar shampla, cá mhéad duine a chónaíonn sa dá thír sin agus cad í an phríomhchathair atá iontu? Cad atá acu le cuairteoirí a mhealladh (an bia, an cultúr, an teanga agus araile)?
Tá naoi réigiún san Aontas atá suite i bhfad amach ó mhór-roinn na hEorpa. Is iad na críocha sin ar an gcoigríoch (ar a dtugtar na ‘réigiúin is forimeallaí’ freisin): Guáin na Fraince, Guadalúip, Martinique, Mayotte, La Réunion agus Saint Martin (an Fhrainc), Na hAsóir agus Maidéara (an Phortaingéil), agus na hOileáin Chanáracha (an Spáinn).
Tá 24 theanga oifigiúla ag an Aontas Eorpach.
Cén fáth a bhfuil an oiread sin teangacha aige? Níorbh ann don Aontas Eorpach murach a chuid Ballstát agus a phobal. Mar eagraíocht dhaonlathach, is gá don Aontas cumarsáid a dhéanamh le rialtais na mBallstát agus le cónaitheoirí, cuideachtaí agus comhlachtaí poiblí na mBallstát ina dteanga féin. Tá sé de cheart ag gach duine a chónaíonn san Aontas a fhios a bheith acu céard atá á dhéanamh thar a cheann agus lena chuid cánach, agus cé na rialacha atá le leanúint aige. Chomh maith leis sin, ba cheart dóibh bheith in ann páirt a ghlacadh i ngnóthaí an Aontais Eorpaigh gan teanga eile a fhoghlaim ar dtús.
Is féidir leat scríobh chuig institiúidí an Aontais Eorpaigh in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais agus freagra a fháil sa teanga sin.
Ar chuala tú an frása ‘Aontaithe san éagsúlacht’ riamh? Is é mana an Aontais Eorpaigh é agus cuimsíonn sé gach a bhfuil i gceist le luachanna an Aontais. Cé go bhfuil a gcultúr, a dteanga agus a dtraidisiúin féin ag na Ballstáit uile, tá na luachanna coiteanna céanna i bpáirt acu. Ní foláir dóibh na luachanna sin a chomhlíonadh mar Bhallstáit den Aontas Eorpach.
Bunluach amháin a aontaíonn gach ceann de na Ballstáit le chéile is ea an daonlathas. Is é sin le rá, nach féidir ach le tíortha daonlathacha a bheith ina mball de. Ar na luachanna eile atá ag Ballstáit uile an Aontais tá meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an comhionannas, an smacht reachta agus meas ar chearta an duine, ar chearta daoine ar cuid de mhionlaigh iad freisin.
Tá an tAontas Eorpach bunaithe ar sé bhunluach atá mar bhonn dár sochaí:
Troideadh ar feadh na mblianta ar son na luachanna sin agus tá an tsochaí ina mairimid inniu múnlaithe acu.
Leagtar amach luachanna an Aontais Eorpaigh i gconarthaí AE agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Is téacsanna tábhachtacha dlí iad sin atá formheasta ag na Ballstáit uile agus ní mór dóibh iad a urramú dá bhrí sin.
Cuimsítear i gconarthaí an Aontais na rialacha a threoraíonn an obair a dhéanann an tAontas. Leasaítear iad ó am go ham, mar shampla nuair a thagann tíortha nua isteach san Aontas nó nuair a dhéantar athruithe ar an mbealach a oibríonn an tAontas. Is é Conradh Liospóin an conradh is deireanaí a formheasadh, a síníodh i bpríomhchathair na Portaingéile in 2007.
Faigh amach tuilleadh faoi chonarthaí an Aontais : europa.eu/!bDuVfd
Tháinig an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm in éineacht le Conradh Liospóin. Leagadh amach ann na cearta agus na saoirsí atá ag gach duine a chónaíonn san Aontas, amhail cearta pearsanta, eacnamaíocha agus sóisialta. Ionas go mbeidh sé ina léiriú ar shochaí an lae inniu, tá cearta bunúsacha nua san áireamh sa chairt, amhail cosaint sonraí agus ráthaíochtaí maidir leis an mbitheitic. Tá forálacha sonracha ann freisin maidir le cearta daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois, rud a chinntíonn go bhfuil cearta an linbh san áireamh i gcearta an duine nach mór don Aontas agus dá Bhallstáit a chomhlíonadh agus a chosaint.
Faigh amach tuilleadh faoin gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh : fra.europa.eu/ga/eu-charter agus Straitéis an Aontais maidir le Cearta an Linbh : ec.europa.eu/info/policies/justice-and-fundamental-rights/rights-child_ga
Na tíortha atá san Aontas Eorpach, tá siad an‑éagsúil le chéile. Tá cónaí ar 84 mhilliún duine sa Ghearmáin, an Ballstát is mó daonra. Ní chónaíonn ach 500 000 duine i Málta, an Ballstát is lú. Labhraíonn muintir an Aontais Eorpaigh teangacha difriúla agus tá trí aibítir dhifriúla in úsáid acu (aibítir na Laidine, aibítir na Gréige agus an aibítir Choireallach). Tá éagsúlacht ann maidir leis na traidisiúin, na cultúir, na bianna agus na féilte i ngach tír freisin.
Is éard ata i mbratach na hEorpa 12 réalta órga i gciorcal agus cúlra gorm. Ghlac an tAontas Eorpach (ar a dtugtaí Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa an uair sin) an bhratach sa bhliain 1984. Bíonn sí ar foluain os cionn foirgnimh, páirceanna agus séadchomharthaí fud fad na hEorpa. Ní athraítear an líon réaltaí riamh — beidh 12 réalta ar an mbratach go deo. Seasann siad don aontacht, don dlúthpháirtíocht agus don tsíocháin i measc phobal na hEorpa.
Tír … |
(A) tá sí in ann dul isteach san Aontas Eorpach |
(B) níl sí in ann dul isteach san Aontas Eorpach |
---|---|---|
1. nach bhfuil saoirse an phreasa aici | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL |
2. ina gcuirtear pionós an bháis i bhfeidhm | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL |
3. a cheadaíonn dá saoránaigh agóid a dhéanamh in aghaidh an rialtais | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL |
4. ina dtoghtar an pharlaimint ar bhonn tráthrialta | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL |
5. ina gcinneann an t‑arm beartas na tíre agus ina bhféadfadh sé cumhacht mhíleata a úsáid chun idirghabháil a dhéanamh i ngnóthaí inmheánacha | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL |
6. ina meastar daoine a bheith neamhchiontach go dtí go bhfaighidh cúirt ciontach iad | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL |
7. ina mbíonn páirtí amháin i mbun an rialtais i gcónaí | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL |
8. ina dtugtar cosaint do mhionlaigh, fiú amháin i gcás ina bhfuil formhór na ndaoine ina n‑éadan | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL |
Tar éis dhá chogadh domhanda thubaisteacha sa chéad leath den fhichiú haois (1914–1918 agus 1939–1945), bhí rún daingean ag an bpobal a chinntiú nach dtarlódh a leithéid arís choíche.
Idir 1945 agus 1950, thosaigh roinnt polaiteoirí san Eoraip, Robert Schuman, Konrad Adenauer, Alcide De Gasperi agus Winston Churchill ina measc, thosaigh siad ag obair chun an tAontas Eorpach ina gcónaímid inniu a thógáil. Ba í an fhís a bhí acu tíortha Eorpacha a aontú le chéile ón taobh eacnamaíoch agus polaitiúil de ar mhaithe le síocháin bhuan agus rathúnas buan a áirithiú.
An 9 Bealtaine 1950, mhol Robert Schuman, Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, go ndéanfaí táirgeadh guail agus cruach san Eoraip a bhainistiú go comhpháirteach. Ba iad sin amhábhair na cogaíochta ag an am — bhí gual ina fhoinse fuinnimh agus úsáideadh cruach le haghaidh airm agus innealra. Dá dtabharfaí an táirgeacht uile le chéile, ní fhéadfadh aon tír í féin a armáil go rúnda in aghaidh na dtíortha eile. Mar thoradh ar an moladh sin, tháinig ann don Chomhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach in 1952. Sé cinn de thíortha comharsanacha a bhunaigh é — an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír — agus a leag bunchloch an Aontais Eorpaigh atá againn sa lá atá inniu ann.
Is féidir tuilleadh a fhoghlaim faoi na daoine agus na polaiteoirí a mhúnlaigh an tAontas Eorpach thar na blianta i sraith Ceannródaithe an Aontais anseo :
Cúpla bliain ní ba dhéanaí, shocraigh na sé thír bhunaitheacha ar an gcomhar a leathnú go hearnálacha eacnamaíocha eile. Síníodh Conradh na Róimhe in 1957, conradh lenar bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, agus tháinig sé i bhfeidhm in 1958. Ba é an rud ab aidhm dó ar dtús trádáil agus lánpháirtíocht eacnamaíoch idir na tíortha rannpháirteacha a chothú.
Chuaigh an Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe (*) isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa in 1973. Cúpla bliain ní ba dhéanaí, nuair a bhí deireadh tagtha le deachtóireachtaí na heite deise i ndeisceart na hEorpa, bhí trí thír eile incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht. Ba í an Ghréig an chéad cheann díobh sin, a tháinig isteach in 1981. Tháinig an Phortaingéil agus an Spáinn isteach ina dhiaidh sin in 1986. Cruthaíodh an tAontas Eorpach in 1993 agus tháinig an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn isteach 2 bhliain ina dhiaidh sin. Leis sin, bhí 15 Bhallstát san Aontas Eorpach.
Go luath tar éis an Dara Cogadh Domhanda, roinneadh an Eoraip ina dhá cuid — an t‑oirthear agus an t‑iarthar — leis an ‘gcuirtín iarainn’. Thosaigh an Cogadh Fuar ansin, a mhair ar feadh 40 bliain. Siombail den roinnt sin ba ea Balla Bheirlín, óir bhí an chathair féin roinnte ina dhá leath aige.
Tar éis thitim an chumannachais in 1989, chuir na tíortha sin san Eoraip láir agus in oirthear na hEorpa a bhíodh faoi rialú cumannach roimhe sin tús le próiseas daonlathaithe agus rinne siad iarratas ar bhallraíocht san Aontas Eorpach.
Sa bhliain 2004, chuaigh ocht dtír ón Eoraip láir agus ó oirthear na hEorpa isteach san Aontas: an tSeicia, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, an Pholainn, an tSlóivéin agus an tSlóvaic. Sa bhliain chéanna rinneadh Ballstáit den Aontas den Chipir agus de Mhálta, oileáin atá suite sa Mheánmhuir. Chuaigh an Bhulgáir agus an Rómáin isteach ann in 2007, agus an Chróit ina dhiaidh sin in 2013.
A bhuí le Ballstáit nua a bheith tagtha isteach san Aontas, leathnaíodh limistéar an chómhargaidh agus cabhraíodh le síocháin agus rathúnas a choinneáil ar bun san Eoraip. Ní foláir do gach ball nua bheith sásta na conarthaí a shíniú agus corpas iomlán dhlí an Aontais Eorpaigh a ghlacadh. Ní foláir dóibh luachanna an Aontais a urramú, amhail prionsabail an daonlathais, an smacht reachta agus meas ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha.
Lasmuigh dá theorainneacha féin, coinníonn an tAontas Eorpach caidrimh láidre ar bun le tíortha comharsanacha freisin. Tacaíonn beartas comharsanachta na hEorpa le slándáil, cobhsaíocht agus rathúnas na dtíortha atá go díreach taobh thoir agus taobh ó dheas den Aontas. Ina theannta sin, cumhdaíonn beartas an Aontais maidir le méadú Ballstáit nua a d’fhéadfadh a bheith ann. Níos faide i gcéin ón réigiún ‘comharsanachta’, bíonn caidrimh dhomhanda an Aontais Eorpaigh bunaithe de ghnáth ar chomhaontuithe trádála, ar chomhpháirtíochtaí agus ar chomhar iltaobhach.
Is iad seo na tíortha is iarrthóirí faoi láthair ar bhallraíocht an Aontais: An Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Mhacadóin Thuaidh, an Mholdóiv, Montainéagró, an tSeirbia agus an Úcráin. Is tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí iad an Chosaiv (*) agus an tSeoirsia.
(*) Tá an t‑ainmniú sin gan dochar do sheasaimh ar stádas, agus tá sé i gcomhréir le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
Is iad an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír na sé thír a chuir an tAontas ar bun. Tháinig an Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe isteach san Aontas Eorpach an 1 Eanáir 1973 sa chaoi go raibh naoi mBallstát ann ansin. Ghlac an Ghréig ballraíocht in 1981, agus an Phortaingéil agus an Spáinn ina diaidh in 1986. In 1995, tháinig an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn isteach san Aontas Eorpach. Tháinig an méadú ba mhó ar an Aontas in 2004 nuair a ghlac 10 dtír ballraíocht ann: An Chipir, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an tSeicia, an tSlóvaic, an tSlóivéin agus an Ungáir. Tháinig an Bhulgáir agus an Rómáin isteach in 2007 agus ba í an Chróit an tír ba dheireanaí le teacht isteach san Aontas in 2013.
Bunaíodh an tAontas Eorpach chun a chinntiú go mbeadh síocháin bhuan ann idir a chuid Ballstát. Ó bunaíodh an tAontas, is annaimhe i bhfad a bhíonn coimhlintí inmheánacha foréigneacha ann agus an baol go gcuirfeadh Eorpaigh cogadh ar a chéile. Mar aitheantas ar an obair atá déanta ag an Aontas ar son na síochána, an daonlathais agus chearta an duine san Eoraip agus ar fud an domhain, bronnadh Duais Nobel na Síochána air in 2012. Chinn sé an duais airgid EUR 930 000 — móide EUR 930 000 breise ón Aontas Eorpach féin — a dheonú do leanaí a bhfuil an deis ceilte orthu fás aníos faoi shíocháin.
AN tAONTAS EORPACH I gCAITHEAMH NA mBLIANTA
Ón ilchríoch i mbun cogaidh go haontas faoi shíocháin, lean aistear an Aontais Eorpaigh ar amlíne an Aontais :
Mar atá feicthe againn, leagadh an bhunchloch don Aontas Eorpach i dtús na 1950í. Chonaic na daoine a bhunaigh é ainghníomhartha lena súile féin le linn cogadh domhanda amháin nó le linn an dá cheann díobh. Cailleadh na milliúin daoine ar fud na hilchríche sna cogaí sin. B’uaillmhianach an fhís a bhí ann ag an am tíortha agus daoine a bhí i gcoimhlint le chéile tamall beag roimhe sin a aontú le chéile.
Bhí an tsíocháin agus an rathúnas san Eoraip le 50 bliain cheana féin faoin am a rugadh thú agus do chairde, ach b’fhéidir gur chuala tú nó gur léigh tú scéalta faoi eispéiris dheacra i gcodanna eile den domhan le linn na tréimhse sin. Mar dhaoine óga, cad a cheapann sibh faoin tsíocháin fhada sin san Eoraip? An ndéanann tú talamh slán di, nó an mbíonn eagla ort ó am go ham faoina bhfuil i ndán dúinn? An leor an daonlathas ann féin chun an tsíocháin a ráthú? Déan plé air sin le do chomhdhaltaí.