TÁ GO LEOR BAINTE AMACH AG AN AONTAS EORPACH Ó BUNAÍODH É. THUG SÉ BREIS AGUS LEATHCHÉAD BLIAIN SÍOCHÁNA, COBHSAÍOCHTA AGUS RATHÚNAIS DÚINN. CHABHRAIGH SÉ LE CAIGHDEÁIN MHAIREACHTÁLA A ARDÚ. AGUS CHUIR SÉ AN MARGADH AONAIR IS MÓ AR DOMHAN AR BUN, CHOMH MAITH LEIS AN EURO. CAD É AN CHÉAD CHÉIM EILE MAR SIN? SA CHAIBIDIL SEO, GHEOBHAIDH TÚ TUILLEADH EOLAIS FAOIN DÓIGH A bhFUIL AN tAONTAS EORPACH AG DUL I nGLEIC LE DÚSHLÁIN AN LAE INNIU AGUS FAOI NA PRÍOMHTHOSAÍOCHTAÍ ATÁ AIGE DO NA BLIANTA ATÁ LE TEACHT.
An ré seo ina mairimid, is dúshlánach an ré í. Tá an t‑athrú aeráide, caillteanas na bithéagsúlachta agus an dochar don chomhshaol ag bagairt ar an Eoraip agus ar an domhan. An tráth céanna, tá teicneolaíochtaí digiteacha ag athrú na dóighe a mairimid, a n‑oibrímid agus a ndéanaimid gnó ó bhun. Tá deiseanna úra ag gabháil leis na teicneolaíochtaí nua digiteacha sin, ach tá rioscaí úra ag gabháil leo freisin. Anuas air sin, d'fhág paindéim dhomhanda COVID‑19 in 2020/21 agus ionradh na Rúise ar an Úcráin in 2022 an saol bunoscionn againn. Thaispeáin sí cé chomh sciobtha is féidir an domhan a chur i ngéarchéim agus cé chomh tábhachtach atá sé don Aontas Eorpach bheith réidh le dul i ngleic le dúshláin nua i gcomhthráth leis na dúshláin atá ann cheana.
Nuair a tháinig Ursula Von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ina hoifig in 2019, chuir sí i láthair sé uaillmhian don Eoraip do na blianta atá le teacht. Baineann na huaillmhianta sin le réimse rudaí, ar nós a bheith ina cheannródaí san aistriú chuig saol níos folláine agus saol nua digiteach agus ról an Aontais Eorpaigh a neartú mar cheannaire sa domhan. Mar fhreagra ar an bpaindéim dhomhanda, chuir an tAontas Eorpach plean téarnaimh i bhfeidhm chun a chinntiú go mbeidh an Eoraip níos glaise agus níos digití nuair a bheidh COVID‑19 thart, go mbeidh teacht aniar níos fearr inti agus go dtabharfaidh sí go leor deiseanna do dhaoine óga. NextGenerationEU atá ar an bplean téarnaimh sin. Tugtar achoimre sa chaibidil seo ar a bhfuil an tAontas Eorpach ag déanamh i ngach réimse tosaíochta chun go dtarlóidh sé sin.
‘Ní féidir linn an t‑am atá caillte ag daoine óga de dheasca na paindéime a fháil ar ais, ach is féidir linn rud éigin níos fearr agus níos córa a thógáil, lena n‑aghaidh agus ina dteannta. Ní foláir dúinn gníomhú anois, agus ní foláir do dhaoine óga ról lárnach a imirt san athrú seo.’
Faigh amach tuilleadh faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh anseo: ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024_ga
An 24 Feabhra 2022 rinne an Rúis ionradh ollmhór ar an Úcráin agus chuir sí cogadh foghach uirthi.
Ba ghasta freagairt an Aontais Eorpaigh ar an ionradh céanna. Cháin na 27 mBallstát agus a gcomhpháirtithe ar fud an domhain an cogadh foghach gan chúis gan údar, agus rinne siad beart go pras láidir chun geilleagar na Rúise a scoitheadh agus a cumas cogaíochta a chosc trí smachtbhannaí diana.
D’oibrigh an tAontas go dlúth le tíortha comharsanachta na hÚcráine chun tacú leo cosaint a chur ar fáil do dhaoine a bhí ag teitheadh roimh an ionradh.
I mí an Mheithimh 2022 tugadh stádas don Úcráin mar thír is iarrthóir, rud a chiallaíonn go bhfuil ionchas aici a bheith ina Ballstát den Aontas.
Is iomaí Úcránach a theith as a dtír agus a lorg dídean i mBallstáit an Aontais. Chuir an tAontas tacaíocht fhairsing ar fáil dóibh, cabhair ag an teorainn san áireamh chomh maith le tacaíocht ó na córais sláinte, cosaint do leanaí, agus fáil ar an oideachas, ar phoist, ar chúram leigheas agus ar thithíocht.
Tuilleadh eolais faoin eu-solidarity-ukraine.ec.europa.eu/eu-countries-welcoming-thosefleeing-ukraine_ga bhfáilte a chuir Ballstáit an Aontais roimh dhaoine a theith ón Úcráin: Dlúthpháirtíocht an Aontais leis an Úcráin (europa.eu)
Meastar go bhfuil 5.7 milliún leanbh in aois scoile san Úcráin thíos le hionsaí gan údar na Rúise, agus tá damáiste déanta do na mílte scoileanna agus saoráidí. Tá bealaí sábháilte go dtí an scoil ríthábhachtach dóibh, mar ligeann sin dóibh brath go bhfuil an gnáthshaol ag dul ar aghaidh agus is riachtanas bunúsach é dá leas agus dá dtodhchaí. In 2022 leithdháil an tAontas EUR 100 milliún chun scoileanna san Úcráin a ndearnadh damáiste dóibh a athshlánú, agus bhronn sé EUR 14#160;mhilliún chun busanna scoile a cheannach agus a sheachadadh le haghaidh leanaí san Úcráin. D’eagraigh an Coimisiún feachtas dlúthpháirtíochta freisin, inar iarradh ar chomhlachtaí poiblí agus príobháideacha busanna scoile a bhronnadh ar an Úcráin.
Rinne ceannairí an Aontais Eorpaigh comhaontú in 2020 faoin bpacáiste maoinithe is mó riamh de chuid an Aontais chun cabhrú leis an atógáil i ndiaidh COVID‑19 agus todhchaí níos fearr a ullmhú don chéad ghlúin eile. Sa phacáiste tá buiséad fadtéarmach an Aontais le haghaidh 2021–2027 agus an ciste sealadach a cruthaíodh chun dlús a chur le plean téarnaimh na hEorpa a dtugtar NextGenerationEU air. Le chéile, beidh beagán níos mó ná EUR 2 thrilliún (EUR 2 018 billiún) ann chun borradh a chur faoin téarnamh.
Soláthróidh formhór an chistiúcháin as NextGenerationEU tacaíocht airgeadais do Bhallstáit chun cabhrú leo teacht chucu féin ó iarmhairtí na paindéime. Úsáidfear an t‑airgead chun cabhrú leo a bheith níos glaise, níos digití agus níos athléimní tar éis na paindéime. Tá sé beartaithe aige an méid sin a bhaint amach trí infheistíocht a dhéanamh i réimsí a dhéanann difear do na hEorpaigh uile, mar shampla naisc idirlín níos sciobtha, iompar agus fuinneamh glan, oideachas agus oiliúint, agus foirgnimh a dhéanamh níos tíosaí ar fhuinneamh.
Féach tuilleadh sa rannán ar ‘Geilleagar a oibríonn do dhaoine’.
Tuilleadh eolais a fháil: ec.europa.eu/info/strategy/recovery-plan-europe_ga
Faigh amach faoi phleananna téarnaimh do thíre: europa.eu/!wYRggt
Caiteachas an AE 2021-2027: tá iomlán de 2 018 billiún euro comhdhéanta de bhuiséad seacht mbliana an AE (1 211 billiún euro) móide 807 billiún euro). ó NextGenerationEU, pacáiste téarnaimh Covid-19.
European countries showed true solidarity byChuir tíortha Eorpacha a ndlúthpháirtíocht chruthanta in iúl tríthacaíocht a thabhairt dá chéile le linn phaindéim Covid. Mar shampla, thug ospidéil ar fud an Aontais Eorpaigh cóireáil d’othair as tíortha eile agus chuir foirne leighis anonn chuig tíortha eile chun cabhrú leo. Rinne an tAontas comhordú freisin ar sheachadadh an trealaimh chosanta chuig na háiteanna ba mhó ina raibh gá leis agus d’eagraigh sé comhcheannach vaicsíní. Tá an tAontas tiomanta freisin chun a chinntiú go seoltar vacsaíní sábháilte chuig gach cearn den domhan. Tá an Coimisiún agus na Ballstáit orthu siúd is mó a dheonaíonn vacsaíní COVID‑19 do COVAX, an tionscnamh domhanda a bhfuil sé d’aidhm aige a chinntiú go mbeidh teacht chothrom ar na vacsaíní sin. Tugann siad tacaíocht freisin d’fheachtais vacsaínithe i dtíortha comhpháirtíochta.
Faigh amach tuilleadh faoin dlúthpháirtíocht Eorpach ag obair: europa.eu/!N9j6tY
Faigh amach tuilleadh faoi fhreagairt an Aontais ar ghéarchéim an choróinvíris: europa.eu/!NjuvRB
Tá an t‑athrú aeráide ar cheann de na dúshláin is mó atá roimh an gcine daonna sa lá atá inniu ann. Tá 1 mhilliún de na 8 milliún speiceas ar an bpláinéad i mbaol a ndíothaithe. Tá foraoisí agus farraigí á dtruailliú agus á scriosadh. Ní haon ionadh é go bhfuil daoine óga ar thús cadhnaíochta ag éileamh níos mó gníomhaíochta ar son na haeráide, óir is iadsan a gheobhaidh an domhan le hoidhreacht agus tá imní orthu faoin mbail atá air.
Tá an tAontas Eorpach ina cheannródaí ar iarrachtaí ar fud an domhain chun an t‑athrú aeráide a chomhrac. D’imir sé ról lárnach chun teacht ar an gcomhaontú cinniúnach maidir leis an aeráid dhomhanda, Comhaontú Pháras, in 2015. Tá rún daingean anois ag an Aontas Eorpach go mbeidh an Eoraip ar an gcéad ilchríoch aeráidneodrach ar domhan faoi 2050 — is é sin, mór-roinn nach gcruthaíonn níos mó gás ceaptha teasa ná mar is féidir linn a shú isteach.
Is é an Comhaontú Glas don Eoraip plean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh chun an sprioc sin a bhaint amach agus chun geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, atá tíosach ó thaobh acmhainní de, a dhéanamh den Aontas. Fágann sé go mbeidh orainn laghduithe uaillmhianacha a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí glasa agus i gcosaint ár gcomhshaoil nádúrtha, i measc gníomhaíochtaí eile. Fágann sé freisin go mbeidh orainn aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí dosheachanta an athraithe aeráide.
Tá sprioc an Aontais go mbeidh sé aeráidneodrach faoi 2050 greanta i gcloch anois a bhuí leis an gcéad dlí aeráide Eorpach riamh. Leis an dlí sin, cuirtear oibleagáid dhlíthiúil ar an Aontas Eorpach a sprioc idirmheánach a bhaint amach freisin, is é sin a chuid glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 55 % ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990. Tá tús curtha ag an Aontas le sprioc le haghaidh 2040 a shainiú, agus eagraíodh comhairliúchán poiblí in earrach 2023.
Chun gealltanais aeráide an Aontais a bhaint amach, beidh gníomhaíocht ag teastáil i ngach réimse — ón tionscal, an fuinneamh agus an t-iompar go táirgeadh an bhia, an talmhaíocht agus an fhoirgníocht. Mar chuid de sin, méadófar an úsáid a bhaintear as fuinneamh glan, laghdófar an truailliú, déanfar ár gcuid foirgneamh níos tíosaí ar fhuinneamh, agus cuirfear córais iompair níos glaine ar bun mar aon leis na breoslaí agus an bonneagar chun tacú leo. I mí Iúil 2021 mhol an Coimisiún Eorpach réimse beart chun go mbainfidh an tAontas a sprioc aeráide amach faoi 2030. Áirítear orthu sin:
Soláthróidh an tAontas Eorpach tacaíocht airgeadais dóibh siúd a bhfuil na dúshláin is mó orthu chun a áirithiú nach mbeidh aon duine ná aon réigiún fágtha ar gcúl. Chun a ghealltanas a chur i dtábhacht, tá an tAontas ag cur 30 % ar a laghad dá chuid caiteachais idir 2021 agus 2027 i leataobh le haghaidh tionscnaimh a bhaineann leis an aeráid.
Ba cheart táirgí a dhíoltar san Aontas a dhearadh ionas go mairfidh siad níos faide agus go mbeidh sé níos éasca iad a athúsáid, a dheisiú agus a athchúrsáil. Ba cheart freisin go mbeadh an oiread ábhar athchúrsáilte iontu agus is féidir. Is ceann de phríomhchodanna an Chomhaontaithe Ghlais é an plean nua gníomhaíochta don gheilleagar ciorclach, a bhfuil sé d’aidhm aige gurb é an gnáthrud é go mbeadh táirgí inbhuanaithe san Aontas.
Is é an sprioc nua na glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 (i gcomparáid le leibhéil 1990). Is é straitéis fhadtéarmach an Aontais glanastaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoi 2050.
Faigh amach faoi thogra an Choimisiúin beart a dhéanamh de réir an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip: europa.eu/!XYHmPu
Mar fhreagairt ar an gcruatan agus ar an suaitheadh sa mhargadh fuinnimh domhanda a tharla mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, cheap an Coimisiún Eorpach Plean REPowerEU chun cuidiú leis an méid seo a leanas:
Tacaítear leis le bearta airgeadais agus dlíthiúla chun an bonneagar nua fuinnimh agus an córas nua fuinnimh atá de dhíth ar an Eoraip a thógáil.
Tuilleadh eolais faoi Phlean REPowerEU audiovisual.ec.europa.eu/en/video/I-225403?
An féidir libhse mar rang nó mar scoil rud éigin a dhéanamh chun cabhrú linn an Eoraip a dhéanamh níos glaise? Is féidir le do mhúinteoir inspioráid a fháil le haghaidh plé ranga i sraith straitéisí an ‘Dúshláin ghlais’ do mhúinteoirí thíos. Déanaigí grúpaí beaga chun bhur gcuid smaointe a phlé.
Sraith straitéisí an ‘Dúshláin ghlais’ don mhúinteoir: europa.eu/!n8Ww4M
Is le foirgnimh a bhaineann 40 % d’fhuinneamh an Aontais agus 36 % dá chuid astaíochtaí CO2 atá bainteach le fuinneamh. Is é an dea-scéala é go bhféadfaí 35 mhilliún foirgneamh san Aontas Eorpach a athchóiriú faoi 2030 agus go ndéanfadh sé sin astaíochtaí a laghdú go suntasach agus 160 000 post nua a chruthú san earnáil tógála.
Baineann 75 % d’astaíochtaí an Aontais le táirgeadh agus úsáid fuinnimh. Má spáráiltear fuinneamh trí bhearta éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh agus fuinneamh in‑athnuaite a uas-scálú go hollmhór, laghdófar dá réir sin ar astaíochtaí, ar thruailliú aeir agus ar an spleáchas ar bhreoslaí iontaise.
Faigh amach tuilleadh faoin bhfuinneamh leis an tsraith seo d’fhíseáin ghearra: europa.eu/learning-corner/eu-energy-policy_ga
Léirítear limistéir Natura 2000 ar fud na hEorpa.
Is fadhb dhomhanda é an t‑athrú aeráide nach féidir leis an Aontas Eorpach a réiteach agus é ag gníomhú ina aonar. Tá an tAontas Eorpach ag obair le tíortha eile agus le réigiúin eile ar domhan chun spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Sa chomhaontú sin leagtar amach an sprioc go gcoimeádfar an méadú ar an téamh domhanda ‘go mór faoi bhun 2 °C’ os cionn na dteochtaí a bhí ann sular tharla an réabhlóid thionsclaíoch, agus go ndéanfar iarrachtaí freisin chun teorainn a chur leis an méadú sin ag 1.5 °C. Tagann ionadaithe ó thíortha le chéile gach bliain chun plé a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, ar a dtugtar COP (Comhdháil na bPáirtithe).
Is é an dúlra an cara is fearr atá againn sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus scaipeadh galar. Braithimid ar ghréasán na beatha, ach tá sé faoi bhagairt ag na gníomhaíochtaí neamh-inbhuanaithe a dhéanaimid féin. Is cuid lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip é an dúlra a thabhairt ar ais chun bisigh. Tá sé beartaithe ag an Aontas Eorpach an méid sin a bhaint amach tríd an líonra limistéir faoi chosaint ar muir agus ar tír a leathnú (líonra ar a dtugtar Natura 2000), na billiúin crann a chur agus cleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe a spreagadh, i measc gníomhaíochtaí eile. Tá sé ag obair freisin chun a áirithiú go bhfuil an bia a ithimid sláintiúil agus inacmhainne agus go dtáirgtear é ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. San áireamh leis sin tá laghdú ar lotnaidicídí díobhálacha agus méadú ar an bhfeirmeoireacht orgánach.
Faigh amach tuilleadh faoi straitéis bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030: europa.eu/!kDcWq4
I dteannta a chéile, tá an tAontas agus na Ballstáit ar an dream is mó ar domhan a sholáthraíonn maoiniú le haghaidh an chomhraic i gcoinne an athraithe aeráide. In 2021 chuir siad breis agus EUR 23 billiún ar fáil do thíortha i mbéal forbartha mar thacaíocht lena n‑iarrachtaí dul i ngleic leis an athrú aeráide.
Tabhair cuairt ar an suíomh gréasán ‘Ár bpláinéad, ár dtodhchaí’ chun tuilleadh a fhoghlaim faoin athrú aeráide: europa.eu/learning-corner/our-planet-our-future_ga
Faigh amach tuilleadh faoin gComhaontú Glas don Eoraip ag: europa.eu/!yT7pfn
Chuir paindéim COVID‑19 dlús as cuimse leis an aistriú chuig saol digiteach san Eoraip. De bharr teicneolaíochtaí digiteacha, coimeádadh teaghlaigh agus cairde i gcaidreamh le chéile, coimeádadh ranganna ar siúl agus coimeádadh gnólachtaí i mbun gnó. Is cuid thar a bheith riachtanach dár saol anois iad. Níl an teacht chéanna ag gach duine ar na teicneolaíochtaí sin áfach, ná na scileanna chun tairbhe iomlán a bhaint astu.
Tá sé d’aidhm ag an Aontas Eorpach gur deacáid dhigiteach na hEorpa a bheidh sna 10 mbliana seo romhainn. Tá sé ag obair chun a áirithiú go ndéanfaidh an claochlú digiteach maitheas dúinn uile seachas don bheagán. Ciallaíonn sin, mar shampla, go n‑áiritheofar go mbeidh teacht ag gach aon duine ar an idirlíon ardluais agus go mbeidh na scileanna acu a theastaíonn chun go mbainfidh siad tairbhe as féidearthachtaí an tsaoil dhigitigh. San am céanna, tá ár ndomhan á chlaochlú ag teicneolaíochtaí nua amhail an intleacht shaorga. Tá go leor buntáistí ag baint leo sin ach tá ábhar nua imní ann freisin. Tá sé d’aidhm ag an Aontas Eorpach ceannaireacht a thabhairt don phróiseas ina bhforbrófar caighdeáin nua dhomhanda chun a áirithiú go bhféadfaidh iontaoibh a bheith ag Eorpaigh as an méid atá le tairiscint ag na teicneolaíochtaí sin.
An t‑aistriú chuig saol digiteach agus úsáid níos cliste a bheith á baint as teicneolaíochtaí, is ríthábhachtach araon iad chun go mbeidh an tAontas in ann a bheith aeráidneodrach faoi 2050 agus spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach.
I mí an Mhárta 2021 leag an Coimisiún Eorpach amach fís i gcomhair chlaochlú digiteach na hEorpa faoi 2030, chomh maith le sraith spriocanna praiticiúla agus plean chun a áirithiú go mbainfear amach iad. Féachann na spriocanna leis na ceithre phríomhchuspóir seo a bhaint amach: go mbeidh fios a ngnó ag pobal na hilchríche i dtaca leis an teicneolaíocht — go mbeidh scileanna digiteacha ag an bpobal agus ardscileanna digiteacha ag gairmithe; go mbeidh bonneagair dhigiteacha den chéad scoth ann agus iad iontaofa slán; go mbeidh sciar mór de ghnólachtaí digitithe ag an Eoraip; agus go mbeidh seirbhísí poiblí nuachóirithe ann a fhreastalaíonn ar riachtanais na sochaí. Déanfaidh an clár don Eoraip dhigiteach, a bhfuil buiséad EUR 7.5 billiún aige le haghaidh 2021-2027 agus arb é an chéad chlár riamh dá shórt é, cistiú a sholáthar do thionscadail i réimsí tábhachtacha amhail an intleacht shaorga, an tsár-ríomhaireacht, an chibearshlándáil agus ardscileanna. Mar chuid de phlean téarnaimh an Aontais Eorpaigh, ní foláir do Bhallstáit 20 % ar a laghad den airgead a fhaigheann siad ón gciste NextGenerationEU a infheistiú i dtionscnaimh dhigiteacha.
Tuilleadh eolais faoi na spriocanna digiteacha le haghaidh 2030: europa.eu/!uUwD6b
Tá saineolas digiteach fíor-riachtanach don staidéar agus don obair. Tá sé fíor-riachtanach freisin chun teacht ar sheirbhísí poiblí ar líne atá ag dul i líonmhaire — bíodh sin cuntas bainc a oscailt nó iarratas a dhéanamh ar staidéar thar lear. Mar sin féin, tá bunscileanna digiteacha in easnamh ag níos mó ná aon duine óg amháin as gach cúigear. Cé go bhfuil an fhreagracht as oideachas agus oiliúint ar na Ballstáit aonair, tugann an tAontas tacaíocht sa réimse seo. Tá sé ag tacú leis na Ballstáit trí infheistíocht a dhéanamh i gcláir amhail an clár oibre Eorpach do scileanna nua agus an plean gníomhaíochta don oideachas digiteach chun oiliúint a chur ar Eorpaigh agus linn tallainne an Aontais a mhéadú.
Tá réimse leathan tionscadal ag an gCoimisiún Eorpach a fhéachann le cabhrú leis na Ballstáit feabhas a chur ar a leibhéal scileanna digiteacha. Ar na tionscadail sin tá seachtain chóid an Aontais Eorpaigh agus tréimhsí oiliúna i ‘ndeiseanna digiteacha’, a dtugann an dá cheann acu deis do mhic léinn ardoideachais taithí ghairmiúil phraiticiúil a fháil sna réimsí digiteacha a theastaíonn sa mhargadh fostaíochta.
Faigh amach faoina mhéad féidearthachtaí digiteacha atá ann leis an tsraith cartún seo do thaiscéalaithe digiteacha: europa.eu/!7fDDby
De réir scórchlár 2021 le haghaidh ‘mná i réimsí digiteacha’, ní mná iad ach 19 % de speisialtóirí TFC san Aontas. Chomh maith leis sin, tá an tAontas ag gníomhú chun borradh a chur faoi rannpháirtíocht na mban san earnáil dhigiteach trí aghaidh a thabhairt ar steiréitíopaí, trí oideachas agus oiliúint i scileanna digiteacha a chur chun cinn, agus trí níos mó fiontraithe ban a spreagadh le bheith rannpháirteach san earnáil.
Is iomaí bealach is féidir leis an intleacht shaorga (IS) cabhrú linn, mar shampla trí dhiagnóisí leighis a dhéanamh níos cruinne agus tionchar na feirmeoireachta ar an gcomhshaol a íoslaghdú. Ach tá imní ar roinnt daoine go mb’fhéidir go mbeidh a bpoist i mbaol de dheasca IS, nó níl a fhios acu ar cheart iontaoibh a chur sa teicneolaíocht. Chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní sin, tá rialacha nua molta ag an gCoimisiún chun deimhin a dhéanamh de go mbeidh na córais IS a úsáidtear san Aontas Eorpach sábháilte, trédhearcach, eiticiúil, neamhlaofa agus faoi smacht an duine.
Cad iad na buntáistí agus na rioscaí a bhaineann le IS? Déan plé ar an ábhar mar bhall de ghrúpa beag.
Is é Vega an chéad sár-ríomhaire den chéad scoth ag an Aontas Eorpach. Cuireadh ar siúl in Maribor na Slóivéine i mí Aibreáin 2021 é. Is dochreidte an rud é ach tá sé in ann 6.9 milliún billiún ríomh a dhéanamh in aghaidh an tsoicind! As Jurij Vega, matamaiticeoir iomráiteach na tíre sin, a fuair sé a ainm. Tá sé ar cheann d’ocht sár-ríomhaire den chéad scoth a chabhróidh le taighdeoirí Eorpacha, agus leis an earnáil tionsclaíochta agus le gnólachtaí san Eoraip, dul chun cinn mór a dhéanamh in go leor réimsí — idir chógais agus ábhair nua a dhearadh agus an t‑athrú aeráide a chomhrac.
Is ag an Aontas Eorpach atá cuid de na rialacha príobháideachais sonraí agus cosanta sonraí is doichte ar domhan. Is cabhair iad na rialacha sin maidir lena chinntiú go mbeidh an t‑idirlíon ina áit chóir shábháilte. Cabhraíonn siad freisin le daoine a chosaint, go háirithe leanaí, ar ábhar atá neamhdhleathach agus díobhálach. Ach is féidir mí‑úsáid a bhaint as ardáin ar líne chun ábhar neamhdhleathach a scaipeadh, amhail fuathchaint nó ábhar sceimhlitheoireachta, nó chun earraí contúirteacha agus táirgí góchumtha a dhíol. Tá an Coimisiún Eorpach
ag obair chun a áirithiú go mbeidh na rudaí atá neamhdhleathach as líne neamhdhleathach ar líne chomh maith céanna. Tá sé ag déanamh beart freisin chun an chibearshlándáil a neartú ar fud an Aontais agus chun rialtais, saoránaigh agus gnólachtaí san Aontas a chosaint ar chibearbhagairtí domhanda. Mar chuid den obair sin, chabhraigh an tAontas Eorpach le cibearaonad comhpháirteach a bhunú chun acmhainní agus saineolas a thabhairt le chéile agus a chur ar fáil don Aontas agus do na Ballstáit. Is éard is aidhm don aonad oll-chibearionsaithe agus cibearghéarchéimeanna a chosc agus a dhíspreagadh agus freagairt dóibh go héifeachtúil.
Tá an líonra ionad d’idirlíon níos sábháilte cistithe ag an Aontas Eorpach agus cabhraíonn sé le feasacht faoi shábháilteacht ar líne a ardú. Tá painéal na n‑óg ag gach ceann de na hionaid sin mar a gcuireann daoine óga comhairle luachmhar ar a bpiaraí bunaithe ar a dtaithí féin le teicneolaíochtaí ar líne.
Faigh amach tuilleadh faoi Eoraip atá oiriúnach don aois dhigiteach ag: europa.eu/!VfBWq4
Bhain paindéim an choróinvíris suaitheadh ollmhór as geilleagair Eorpacha, ag cur isteach ar shlí bheatha daoine agus ar ghnólachtaí i ngach earnáil. Cailleadh cuid mhór post i measc daoine óga go háirithe, a raibh go leor díobh ag obair san earnáil turasóireachta agus fáilteachais, mar shampla, a buaileadh go trom.
Anuas ar bhearta a dhéanamh chun gnólachtaí agus oibrithe ar an gcuid ba mheasa de dhrochthorthaí eacnamaíocha na paindéime, tá deartha ag an Aontas freisin chun an Eoraip a chur ar ais ar a seanléim. NextGenerationEU atá ar an bplean sin a dhíríonn ar an damáiste a rinne an phaindéim a dheisiú agus, mar is léir óna ainm, ar infheistíocht a dhéanamh sa chéad ghlúin eile d’Eorpaigh agus i dtodhchaí fhadtéarmach an Aontais. Is anuas ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2021-2027 a thagann an maoiniú do NextGenerationEU, a thugann deis uathúil do na Ballstáit dlús a chur leis an téarnamh agus leis an dá aistriú, glas agus digiteach, ar fud an Aontais. Is fiú níos mó ná EUR 2 thrilliún an pacáiste téarnaimh ina iomláine.
Tá an tAontas Eorpach ag obair chun an geilleagar a neartú i ngach Ballstát agus i ngach réigiún agus é ag díriú go mór ar thacaíocht do dhaoine óga. Tá sé ag obair freisin chun an neamhionannas a laghdú agus feabhas a chur ar chaighdeáin mhaireachtála na nEorpach uile.
Is fiú níos mó ná EUR 800 billiún é an ciste téarnaimh NextGenerationEU. Go príomha, maoineofar leis athchóirithe agus infheistíochtaí i mBallstáit suas go 2026. Gheobhaidh an Coimisiún Eorpach airgead ar iasacht ar na margaí caipitil thar ceann an Aontais i gcaitheamh na tréimhse sin. An t‑airgead a thiomsaítear, dáilfear ar Bhallstáit é lena chaitheamh ar thionscadail agus ar thionscnaimh. Chun go bhféadfaidís tairbhiú den tacaíocht airgeadais, b’éigean do na Ballstáit pleananna náisiúnta a leagan amach a léireodh conas a dhéanfaidís an t‑airgead a infheistiú. B’éigean dóibh sciar faoi leith dá gcuid caiteachais a chur i leataobh ann le haghaidh tionscnaimh aeráide agus dhigiteacha. Cuideoidh sé sin leis an Aontas a sprioc aeráidneodrachta faoi 2050 a bhaint amach agus cuirfidh sé leis an aistriú digiteach san Eoraip, le cruthú post agus le borradh faoin bhfás eacnamaíoch an tráth céanna.
Déanfar formhór na gcistí ón gclár NextGenerationEU (723.8 billiún euro i bpraghsanna reatha) a chaitheamh trí chlár na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Is éard atá sa chlár sin tacaíocht airgeadais ar mhórscála d’infheistíochtaí poiblí agus do réimsí amhail tionscadail ghlasa agus dhigiteacha. Tabharfar an tacaíocht i bhfoirm deontas (338.0 billiún euro) agus iasachtaí (385.8 billiún euro), i bpraghsanna reatha. Na 83.1 billiún euro atá fágtha, is i roinnt clár eile a infheistítear iad.
Tá an tAontas Eorpach ag obair chun a áirithiú go mbeidh na scileanna agus na hinniúlachtaí ag daoine óga a bheidh ag teastáil uathu i saol oibre a bhíonn ag athrú go pras — go háirithe iad siúd a chuirfidh ar a gcumas dóibh a bheith rathúil le linn na n‑aistrithe chuig geilleagar glas agus digiteach. Tá tionscnaimh spriocdhírithe molta ag an gCoimisiún chun tacaíocht a thabhairt do Bhallstáit an dífhostaíocht a laghdú agus cabhair a thabhairt do dhaoine óga atá ag dul isteach sa mhargadh fostaíochta den chéad uair. Tríd an tionscnamh um fhostaíocht don aos óg, rinneadh an ráthaíocht don aos óg a dhaingniú, agus leathnaíodh é sa chaoi go gcumhdaítear spriocghrúpa daoine óga idir 15-29 anois leis. Cuireann sé borradh faoi phrintíseachtaí freisin trí athnuachan a dhéanamh, mar shampla, ar an gcomhaontas Eorpach do phrintíseachtaí, a mbeidh fostóirí agus daoine óga araon in ann tairbhe níos fearr a bhaint as anois, agus trí athchóirithe chun go mbeidh an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint níos nua-aimseartha, níos tarraingtí agus níos solúbtha.
Tá tionscnamh nua Aontais ann ar a dtugtar ALMA (Beartaigh, Foghlaim, Máistrigh, Gnóthaigh) a chabhróidh le daoine óga nach bhfuil aon chineál poist acu agus nach bhfuil i mbun cúrsa oideachais nó oiliúna a mbealach a dhéanamh i dtreo an mhargaidh fostaíochta. Beidh tacaíocht don oideachas, don ghairmoiliúint nó don fhostaíocht ina dtír bhaile i gceist leis mar aon le socrúchán oibre i mBallstát eile.
Tá an Coimisiún ag obair freisin chun feabhas a chur ar dhálaí oibre daoine atá i bhfostaíocht nach bhfuil tipiciúil — mar shampla obair a eagraítear ar ardáin dhigiteacha — rud atá forleathan go maith anois i measc daoine óga.
Is é an sprioc fhoriomlán go ndéanfaidh na Ballstáit EUR 22 bhilliún ar a laghad de mhaoiniú ón Aontas a infheistiú i mbearta a thacaíonn leis an bhfostaíocht don aos óg idir 2021 agus 2027. Mar shampla, is féidir acmhainní de chuid an Aontais a úsáid chun bónais a thabhairt do ghnólachtaí beaga le go bhfostóidh siad printísigh, nó chun iasachtaí agus deontais tionscnaimh a thabhairt do dhaoine ar mhaith leo a bheith ina bhfiontraithe, nó chun seisiúin oiliúna a reáchtáil a chabhróidh le daoine óga scileanna nua a fháil a bhfuil gá leo sa mhargadh fostaíochta.
Tuilleadh eolais faoi thacaíocht fostaíochta do dhaoine óga: europa.eu/!CMWPpU
Ó cheart an duine chun comhionannas deiseanna agus tacaíocht fostaíochta go pá cóir a cheadaíonn caighdeán maith maireachtála, leagtar amach i gcolún Eorpach na gceart sóisialta 20 prionsabal a fhéachann le margaí saothair agus córais leasa shóisialta chóra a chruthú a oibríonn do gach duine. Tá institiúidí an Aontais Eorpaigh, údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta uile freagrach as an sprioc sin a bhaint amach.
Féachann tacar spriocanna atá le baint amach ag an Aontas Eorpach faoi 2030 le deimhin a dhéanamh de go mbeidh teacht ag níos mó Eorpach ar na scileanna a theastaíonn uathu agus ar dheiseanna comhionanna i ngeilleagar atá níos digití, níos inbhuanaithe agus níos ionchuimsithí.
Is é a chiallaíonn sé a bheith ionchuimsitheach riachtanais gach duine sa tsochaí a chur san áireamh. Ciallaíonn sé freisin gur cheart go mbeadh an deis ag gach duine obair a dhéanamh agus a gcuid airgid féin a shaothrú. Oibreoidh an Coimisiún Eorpach chun a áirithiú gur féidir le daoine faoi mhíchumas páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna agus scileanna nua a fhoghlaim agus gur féidir leo post a fháil agus a bheith neamhspleách.
Tá bearta nua á moladh ag an gCoimisiún freisin chun a áirithiú go bhfaighidh mná agus fir pá comhionann as obair chomhionann. Méadóidh na bearta sin feasacht faoi dhálaí pá laistigh de chuideachta agus beidh níos mó uirlisí ag fostóirí agus oibrithe chun dul i ngleic leis an idirdhealú pá ag an obair dá mbarr.
Tabharfaidh ciste nua sóisialta na hEorpa plus tacaíocht do dhaoine, do réigiúin agus do thíortha san Aontas aghaidh a thabhairt ar réimse dúshlán, dúshláin ar a n‑áirítear téarnamh ón bpaindéim agus gnóthú spriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, cuimsiú sóisialta, oideachas agus an aeráid (europa.eu/!PqGxKM).
Faigh amach tuilleadh faoi thionscnaimh an Choimisiúin chun beart a chur le briathar leis an 20 prionsabal sin i gcolún Eorpach na gceart sóisialta: europa.eu/!HfqGJW
Is é 2023 an Bhliain Eorpach um Scileanna. Tá sí dírithe ar chuidiú le daoine na scileanna cearta a fháil chun poist ardchaighdeáin a bheith acu agus ar chabhrú le comhlachtaí, gnólachtaí beaga agus meánmhéide go háirithe, dul i ngleic le ganntanais scileanna san Aontas.
Tuilleadh eolais: year-of-skills.europa.eu/index_ga
Feicfidh tú liosta réimsí thíos a chumhdaítear le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. Roghnaigh na trí réimse is tábhachtaí, dar leat, agus déan plé ar do roghanna i ngrúpa beag.
Faigh tuilleadh eolais faoi na pleananna atá ag an Aontas maidir le geilleagar a fhóireann do dhaoine: europa.eu/!qm74fU
Tá thart ar 447 milliún duine ina gcónaí san Aontas Eorpach — is é sin an tríú daonra is mó ar domhan agus an tSín sa chéad áit agus an India sa dara háit — agus tá ról tábhachtach ag an Aontas ar an ardán domhanda. Agus 27 dtír ag oibriú le chéile mar mhargadh aonair, is é an tAontas Eorpach an bloc trádála is mó ar domhan. Gineann margaí trádála idirnáisiúnta fás geilleagrach don Eoraip agus dá comhpháirtithe. Cuidíonn siad freisin le prionsabail agus luachanna Eorpacha, amhail daonlathas, cearta an duine, cearta sóisialta agus an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, a chur chun cinn.
Tá caidreamh an Aontais leis an gcuid eile den domhan bunaithe ar dhlúthpháirtíocht agus ar chomhar. Níl aird ag dúshláin amhail an t‑athrú aeráide, antoisceachas foréigneach, gáinneáil agus imirce neamhrialta ar theorainneacha, agus ní féidir dul i ngleic leis an bhfíorbhochtaineacht ach amháin trí oibriú i gcomhar le tíortha comhpháirtíochta i dtíortha i mbéal forbartha.
Oibríonn an tAontas chun an domhan a dhéanamh níos sábháilte, chun áit ina gcaitear go cothrom le daoine agus ina bhfuil meas ag daoine ar na dlíthe a bhaint amach. Is iad na prionsabail a bhí mar spreagadh do chruthú agus d’fhorbairt an Aontais féin, lena n‑áirítear síocháin, daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, a stiúrann a ghníomhaíochtaí seachtracha. Tá an tAontas ag obair chun a chomhpháirtíochtaí a neartú lena chomharsana atá díreach soir uaidh — go háirithe na Balcáin Thiar — chomh maith leo siúd atá níos faide i gcéin (chun sonraí maidir le tíortha is iarrthóirí le haghaidh ballraíocht san Aontas Eorpach, féach Caibidil 1 ‘Cad é an tAontas Eorpach?’).
Tá os cionn 45 chomhaontú trádála i bhfeidhm san Aontas le níos mó ná 80 rannpháirtí ar fud an domhain. In 2020, tháinig an tAontas ar chomhaontú nua trádála le Meicsiceo, agus tháinig a mhargadh trádála le Vítneam i bhfeidhm.
Roimh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe amach as an Aontas Eorpach an 31 Eanáir 2020, shínigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe an 30 Nollaig 2020.
Tacaítear le níos mó ná 35 mhilliún post Eorpach go díreach nó go hindíreach trí thrádáil le tíortha eile lasmuigh den Aontas Eorpach.
Fágann margaí trádála go mbíonn sé níos éasca ag tíortha gnó a dhéanamh lena chéile agus cuidíonn siad chun níos mó post a chruthú agus cuireann sé sin borradh faoin bhfás geilleagrach. Tugann siad níos mó roghanna freisin do cheannaitheoirí san Aontas ar tháirgí ó chodanna éagsúla den domhan, chomh maith le praghsanna níos ísle. Ina theannta sin, cuidíonn siad le cuideachtaí an Aontais dul san iomaíocht ar an gcoigríoch. Rinne an tAontas idirbheartaíocht ar chomhaontuithe trádála le neart tíortha ar domhan. Agus é ag idirbheartú d’aon ghuth, is mó go mór an tionchar atá ag an Aontas i gcaibidlíocht trádála idirnáisiúnta ná an tionchar a bheadh ag ceann ar bith de na Ballstáit ina n‑aonar.
Féadtar ról tábhachtach a bheith ag beartas trádála maidir leis an athrú aeráide agus an díghrádú comhshaoil a chomhrac. Tá sé d’aidhm ag an Aontas comhlíontacht le Comhaontú Pháras a dhéanamh mar ghné fhíor-riachtanach de chomhaontuithe trádála agus infheistíochta amach anseo.
Tá an tAontas mar cheannaire in iarrachtaí chun rialacha trádála domhanda a athchóiriú le háirithiú go bhfuil siad in ann freagairt ar dhúshláin an lae inniu ar bhealach níos fearr.
Oibríonn an tAontas go dlúth lena chomharsana agus le tíortha eile agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail na Náisiúin Aontaithe agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ghnáthchomónta, cuir i gcás COVID‑19 agus an t‑athrú aeráide. Tá sé d’aidhm aige comhghuaillíochtaí nua a thógáil le tíortha lasmuigh den Aontas Eorpach agus comhar a neartú le heagraíochtaí iltaobhacha agus réigiúnacha.
Is í an Tairseach Dhomhanda straitéis nua an Aontais Eorpaigh chun feabhas a chur ar idirnaisc sna hearnálacha digiteacha, fuinnimh agus iompair agus chun córais sláinte, oideachais agus taighde ar fud an domhain a neartú. Cinnteoidh EUR 300 billiún d’infheistíochtaí go mbeidh na hidirnaisc sin daonlathach, trédhearcach, glas, sábháilte agus cliste.
Tuilleadh eolais: europa.eu/!cpJpHj
Bhí cruinniú mullaigh AE‑SAM i mí na Bealtaine 2021 mar thúsphointe le comhpháirtíocht thrasatlantach athnuaite agus socraíodh leis clár oibre comhpháirteach eatarthu sa ré i ndiaidh na paindéime.
Cómhaoiníonn an tAontas an scoil ghnó a chuireann ar a gcumas do dhaoine óga san Afraic a bheith ina bpíolótaí, ina bhfoireann cábáin nó ina n‑innealtóirí eitilte. Grianghraf d’Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, agus í ar cuairt chuig Acadamh Eitlíochta na hAetóipe in Addis Ababa an 27 Feabhra 2020.
Tá comhar níos láidre agus níos doimhne á fhorbairt ag an Aontas leis an Afraic. Mhol sé sraith comhpháirtíochtaí ar leasanna agus luachanna comhroinnte ag díriú ar phríomhréimsí amhail an t‑aistriú glas, an claochlú digiteach, imirce agus soghluaisteacht.
Tá 140 oifig ag an Aontas Eorpach, ar a dtugtar toscaireachtaí, ar fud an domhain. Tá an ról atá acu cosúil leis an ról a bhíonn ag ambasáidí. Tá ról ríthábhachtach acu ionadaíocht a dhéanamh ar an Aontas agus ar a shaoránaigh agus líonraí agus comhpháirtíochtaí a thógáil.
Seo roinnt samplaí de ról an Aontais Eorpaigh ar an leibhéal domhanda. Roghnaigh na trí cinn is tábhachtaí duit agus mínigh cén fáth ar roghnaigh tú iad. Cuir do fhreagraí i gcomparáid le freagraí do chomhdhaltaí.
Faigh amach tuilleadh faoin obair a dhéanann an tAontas chun Eoraip níos láidre a bhaint amach sa domhan mór: europa.eu/!PJM3Rp
Baineann i bhfad níos mó leis an Aontas Eorpach ná margadh amháin le haghaidh earraí agus seirbhísí. Is aontas daoine a chomhroinneann sraith luachanna comhchoiteanna é. Leagtar amach na luachanna sin i gconarthaí AE agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, cairt a ráthaíonn cearta do dhaoine atá ina gcónaí laistigh den Aontas. Is iad na luachanna sin, lena n‑áirítear daonlathas agus an smacht reatha, atá mar bhunchloch lenár sochaithe. Mar shampla, ní fhéadfadh aon daonlathas a bheith faoi bhláth gan cúirteanna neamhspleácha a ráthaíonn cosaint do chearta bunúsacha agus saoirsí sibhialta, nó gan sochaí shibhialta ghníomhach agus saor-mheáin.
Tá an dóigh bheatha san Eoraip ionchuimsitheach, ciallaíonn sé sin nár cheart aon duine a fhágáil ar lár. Ba cheart deis a bheith ag gach duine atá ina gcónaí san Aontas a bheith faoi bhláth, a bheith rannpháirteach agus i gceannas, gan beann ar dhifríochtaí bunaithe ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threosuíomh gnéasach. Cuireann an Coimisiún Eorpach beartais agus gníomhaíochtaí i bhfeidhm chun an t‑idirdhealú agus na steiréitíopaí a aimsítear go rómhinic sa tsochaí a cheistiú.
Ag tógáil ar cheachtanna a foghlamaíodh ó phaindéim an choróinvíris, tá an tAontas ag obair chun a fhreagairt ar ghéarchéimeanna a neartú agus tá sé ag déanamh bearta chun gach gné a bhaineann le sláinte na saoránach a fheabhsú.
Tá roinnt den reachtaíocht frith-idirdhealaithe is forleithne ar domhan san Aontas Eorpach. Mar sin féin, ní mór níos mó a dhéanamh fós chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannas atá fós ann san Aontas agus chun a áirithiú gur féidir le gach duine a bheith rannpháirteach sa saol san Eoraip. Tá an Coimisiún ag cur borradh faoin obair a dhéanann sé i ngach réimse — idir ghníomhaíocht chun an ciníochas agus an frith-Sheimíteachas a chomhrac agus a áirithiú nach ndéantar daoine a thagann chun na hEorpa agus daoine ar de mhionlaigh eitneacha iad a imeallú nó a eisiamh ón tsochaí. Leanann an Coimisiún lena obair chun a áirithiú gur féidir le daoine atá faoi mhíchumas leas a bhaint as a gcearta agus go mbeidh an deis chéanna acu mar a bhíonn ag gach duine eile, agus chun idirdhealú in aghaidh daoine LADTIA a chomhrac.
Tuilleadh eolais faoi phleananna an Aontais chun gach uile chineál idirdhealaithe a chomhrac: europa.eu/!tCpQ3V
Tá thart ar 87 milliún duine san Aontas atá faoi chineál éigin míchumais.
Faigh amach faoi na pleananna atá ag an Aontas chun cearta daoine atá faoi mhíchumas a chosaint sa deacáid amach romhainn: europa.eu/!8uuhfG
Measann seisear as gach deichniúr Eorpach go bhfuil an t‑idirdhealú bunaithe ar bhunadh eitneach nó ar chneasdath forleathan ina dtír.
Foinse: Eurobarometer 2251
An féidir leat smaoineamh ar chásanna ina bhfaca tú — nó ina bhfuair tú taithí — ar an idirdhealú? Cad is féidir a dhéanamh chun comhrac i gcoinne an idirdhealaithe i do thuairim féin? Pléigí an méid sin i ngrúpaí beaga agus cuir bhur dtuairimí in iúl don rang.
Tá tionchar díreach ag an smacht reachta ar shaol gach saoránaigh. Tá sé riachtanach chun a áirithiú go gcaitear mar an gcéanna le daoine a théann os comhair an dlí agus chun cearta aonair a chosaint. Tá gá leis freisin chun mí‑úsáid cumhachta ag údaráis phoiblí a chosc agus chun a chinntiú go mbíonn cinnteoirí cuntasach.
Faigh amach gach a bhfuil á dhéanamh ag an Aontas chun an smacht reatha san Eoraip a chur chun cinn, a chosaint agus a fhorfheidhmiú: europa.eu/!UY9NtU
Deir níos mó ná ochtar as deichniúr saoránach go bhfuil cosaint éifeachtach bhreithiúnach ag cúirteanna neamhspleácha, comhionannas os comhair an dlí agus imscrúdú agus ionchúiseamh cuí an éillithe tábhachtach dóibh.
Foinse: Eurobarometer 2235
Is áit é an tAontas Eorpach ina bhfaigheann daoine cosaint agus iad ag éalú ón ngéarleanúint nó ó dhíobháil thromchúiseach ina dtír thionscnaimh. Gach bliain, tagann na mílte daoine chun na hEorpa agus cosaint idirnáisiúnta nó saol níos fearr á lorg acu. Tá an tAontas ag obair i dteannta leis na Ballstáit chun bealaí a fháil chun bainistíocht níos fearr a dhéanamh ar an sreabhadh daoine a thagann i dtír ann. In 2020, chuir an Coimisiún tograí ar aghaidh chun feabhas a chur ar an gcóras imirce agus tearmainn san Eoraip. Áirithítear leis na tograí sin breathnú ar bhealaí chun comhar le tíortha tionscnaimh agus idirthurais a fheabhsú, comhtháthú rathúil dídeanaithe agus daoine nach bhfuil ceart acu fanacht san Eoraip a sheoladh ar ais.
Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, rinne an tAontas Eorpach beart eisceachtúil agus chuir sé an scéim cosanta sealadaí i bhfeidhm den chéad uair riamh. Tá réimse iomlán gníomhartha ar fáil faoin scéim sin chun cabhair ghasta éifeachtach a chur ar fáil do dhaoine a bhíonn ag teitheadh ón gcogadh.. Leis an scéim, is féidir cearta coiteanna a thabhairt do theifigh ar fud an Aontais, ar nós cearta cónaithe, cearta chun tithíochta agus cúnaimh leighis, agus an ceart do leanaí fáil a bheith acu ar oideachas.
Faigh amach tuilleadh faoi dhlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin: europa.eu/!D6hPTc
Tá ról tábhachtach ag imircigh agus saoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil cúlra imircigh acu i sochaí na hEorpa agus in earnálacha éagsúlacha dár ngeilleagar. Tá an tAontas ag obair chun a áirithiú gur féidir leo ról iomlán a ghlacadh sa tsochaí trí ghníomhaíocht i réimsí amhail oideachas, poist, cúram sláinte agus tithíocht.
Tháinig Suaad Alshleh chun na hEorpa ón tSiria. Níl uaithi anois ach a bheith ina dochtúir in Éirinn.
Tá an tAontas ag obair chun a áirithiú go n‑ullmhaíonn agus go bhfreagróidh tíortha an Aontais le chéile ar ghéarchéimeanna sláinte agus go mbeidh soláthairtí leighis ar fáil agus go mbeidh siad inacmhainne. Tá sé ag obair freisin chun feabhas a chur ar chosc, cóireáil agus iarchúram le haghaidh galar amhail ailse. Cuideoidh an obair sin — a bhaineann le
haontas sláinte na hEorpa — leis an Aontas a bheith in ann paindéimí amach anseo a chosc agus dul i ngleic leo ar bhealach níos fearr, chun córais sláinte na hEorpa a neartú agus sláinte na saoránach a chosaint ar bhealach níos fearr.
Infheisteoidh an tAontas níos mó ná EUR 5 bhilliún i ngníomhaíochtaí ag a bhfuil breisluach AE chun beartais sláinte na mBallstát a chomhlánú faoina chlár cistiúcháin EU4Health.
ec.europa.eu/health/funding/eu4health_en
Réimsí gníomhaíochtaí:
Faigh amach tuilleadh faoin gclár EU4Health san fhíseán gearr seo: europa.eu/!v3KYvf
In 2020, diagnóisíodh 2.7 milliún duine san Aontas Eorpach le hailse agus fuair 1.3 milliún duine eile bás mar gheall ar an ailse, lena n‑áirítear níos mó ná 2 000 duine óg.
Faigh amach conas atá sé d’aidhm ag ‘Plean na hEorpa chun an Ailse a Chomhrac’ an líon básanna ón ngalar a laghdú agus feabhas a chur ar chosc, cóireáil agus iarchúram ailse: europa.eu/!wbH9fk
Altra ag socrú an innill le haghaidh scanadh MRI othair, Ospidéal Ollscoile Liège, an Bheilg, 24 Eanáir 2020.
Faigh amach tuilleadh faoin obair a dhéanann an tAontas chun ár ndóigh bheatha Eorpach a chur chun cinn ag: europa.eu/!BD37hm
Is é an daonlathas an bhunchloch ar ar tógadh an tAontas Eorpach. I gcóras daonlathach sláintiúil atá faoi bhláth, bíonn saoránaigh in ann a dtuairimí a chur in iúl faoi shaoirse, a gceannairí polaitiúla a roghnú nó a bheith ina bpolaiteoirí iad féin, agus a dtuairimí faoin todhchaí a chur in iúl.
Léiríodh le blianta beaga anuas go bhfuil borradh faoin rannpháirtíocht pholaitiúil arís agus go bhfuil méadú ag teacht ar an líon daoine a chaitheann vótaí. Mar sin féin, mar is amhlaidh i neart áiteanna ar fud an domhain, tá roinnt dúshlán roimh an daonlathas san Aontas agus i dtíortha an Aontais. Tá raon leathan dushlán ag baint leis sin idir antoisceachas atá ag dul i méid, cur isteach ar thoghcháin, bagairtí ar iriseoirí agus an fad a bhraitheann daoine idir an pobal agus a n‑ionadaithe tofa.
Is mian leis an Aontas próisis dhaonlathacha a neartú agus molann sé do shaoránaigh a bheith rannpháirteach ina dtodhchaí san Aontas a mhúnlú. Féachann sé lena chuid struchtúir féin a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos daonlathaí freisin.
Faigh amach tuilleadh faoin gcaoi ar féidir leat a bheith rannpháirteach agus do thuairim a chur in iúl i gCaibidil 2 — Conas a fheidhmíonn an tAontas Eorpach? sa roinn maidir le ‘Do thuairim a chur chun tosaigh i gcinnteoireacht an Aontais’ .
Tá cearta agus saoirsí aonair, trédhearcacht agus cuntasacht i gcroílár phlean an Choimisiúin chun an daonlathas san Aontas a dhéanamh níos láidre. Díríonn sé ar ghníomhaíochtaí a chuireann saorthoghcháin chóra chun cinn, a thacaíonn leis na saor-mheáin agus a théann i ngleic le bréagaisnéis. Tá an tAontas Eorpach agus tíortha an Aontais ag cur lena ngníomhaíochtaí chun cur i gcoinne iarrachtaí a dhéanann daoine géarchéimeanna a chur chun tairbhe dóibh féin, amhail paindéim COVID‑19, chomh maith leo siúd a scaipeann bolscaireacht nó an fuath. Ceann de na bealaí a bhfuil sé sin á dhéanamh ag an Aontas is ea go bhfuiltear ag aimsiú agus ag nochtadh bréagaisnéise agus ag obair le hardáin ar líne chun scaipeadh bréagnuachta a theorannú.
D’fhulaing 73 % d’iriseoirí ban foréigean ar líne agus iad ag tabhairt faoina gcuid oibre (suirbhé Unesco/ICEF, 2020).
Ba cheart do gach leanbh san Eoraip — agus i ngach áit eile — na cearta céanna a bheith aige agus a bheith in ann maireachtáil saor ón idirdhealú agus ón imeaglú. Tá sé d’aidhm ag an gcéad straitéis ón Aontas maidir le cearta an linbh cosaint agus tacaíocht a áirithiú le haghaidh gach linbh (daoine óga faoi 18 mbliana d’aois), gan beann ar a gcúlra, a dtionscnamh, a stádas sóisialta ná cónaithe. Molann sé gníomhaíocht i roinnt réimsí, lena n‑áirítear réimsí a bhaineann le ceart an linbh chun bheith saor ón bhforéigean agus chun bheith sábháilte ar líne. An tráth céanna, tá an tAontas ag obair chun timthriallta na bochtaineachta agus an míbhuntáiste thar ghlúnta a bhriseadh. Is é is aidhm don ráthaíocht nua, Ráthaíocht Eorpach i dtaobh Leanaí, a áirithiú go bhfuil rochtain ag leanaí atá i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta ar bhéilí sláintiúla, oideachas, cúram sláinte agus tithíocht leordhóthanach.
Chuir níos mó ná 10 000 leanbh agus duine óg a dtuairimí isteach agus chuidigh siad le straitéis an Aontais maidir le cearta an linbh a mhúnlú.
In 2019, bhí 22.2 % de leanaí san Aontas ina gcónaí i dteaghlaigh a bhí i mbaol na bochtaineachta nó an eisiata shóisialta. Sin thart ar 18 milliún leanbh atá i ngátar.
Chun a chinntiú go dtugtar aird ar do thuairimí, chruthaigh an tAontas an tArdán um Rannpháirtíocht Leanaí. Is áit shábháilte í inar féidir leat do thuairimí faoi ábhair thábhachtacha a roinnt le cinnteoirí. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le leanaí eile, idirghníomhú leo, plé a dhéanamh agus foghlaim faoi do chearta. Is féidir leat foghlaim faoi dhlíthe agus faoi bheartais freisin i dteanga atá oiriúnach do leanaí agus dul i dteagmháil le heagraíochtaí atá cóngarach do d'áit chónaithe!
Faigh amach tuilleadh: europa.eu/!8qKvvX
I mí na Bealtaine 2021, sheol an tAontas díospóireacht inar thug sé deis do dhaoine atá in gcónaí ar fud an Aontais an cineál Eorpa ar mian leo a bheith ina gcónaí inti a roinnt. Eagraíodh na pléití agus na himeachtaí ar líne agus i bpearsa i ngach tír. Tá an t‑aiseolas sin ríthábhachtach dúinn mar cuideoidh sé le todhchaí an Aontais a mhúnlú.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, féach: futureu.europa.eu/?locale=ga
Tá athrú ag teacht ar shochaithe na hEorpa mar gheall ar ionchas saoil níos faide agus rátaí breithe níos ísle. Tá sé ríthábhachtach go dtugtar aghaidh ar athruithe déimeagrafacha chun Aontas Eorpach níos athléimní, níos inbhuanaithe agus níos cothroime a bhaint amach. Mar shampla, is minic a dhéanann titim i ndaonra na tuaithe difear do cheantair thuaithe ar fud an Aontais, agus an tráth céanna bíonn na háitritheoirí níos sine, ar an meán, ná áitritheoirí i gceantair uirbeacha. Soláthraíonn ceantair thuaithe bia, tithe, poist agus seirbhísí éiceachórais fíor-riachtanacha dúinn. Chun a áirithiú go leanann na ceantair thuaithe sin de na róil fíor-riachtanacha sin a ghlacadh, leag an Coimisiún Eorpach plean gníomhaíochta amach chun cuidiú le pobail agus gnóthaí faoin tuath a n‑acmhainneacht iomlán a bhaint amach sna deacáidí amach romhainn.
Féach ar an gcuma a bheidh ar an Eoraip sna deacáidí amach romhainn: europa.eu/!RxVWRv
Bíonn comhphlé leis na saoránaigh ar siúl go rialta idir Coimisinéirí agus an pobal ar fud an Aontais Eorpaigh. Mura mbíonn tú in ann páirt a ghlacadh i gceann amháin de na himeachtaí sin, is féidir leat d’imeacht féin a eagrú. Ba cheart do thriúr nó do cheathrar scoláirí a ghlacann ról an Choimisinéara ceann amháin de na hábhair a cuireadh in iúl sa chaibidil seo a roghnú mar thúsphointe don phlé. Le linn dóibh a bheith i mbun staidéir leo féin, d’fhéadfaidís breathnú ar shonraí an bheartais roghnaithe chun ráiteas 5 nóiméad a ullmhú. Agus iad sa seomra ranga, a luaithe a bheidh an ráiteas gairid tugtha ag an ‘gCoimisinéir’, reáchtáil seisiún ceisteanna agus freagraí 15 nóiméad, agus is é an múinteoir a stiúrfaidh an seisiún sin.
Faigh amach tuilleadh faoi Ugach nua an Aontais do dhaonlathas na hEorpa: europa.eu/!db69nM