| Tír … | (A) tá sí in ann dul isteach san Aontas Eorpach |
(B) níl sí in ann dul isteach san Aontas Eorpach |
|---|---|---|
| 1. nach bhfuil saoirse an phreasa aici | NÍL | TÁ |
| 2. ina gcuirtear pionós an bháis i bhfeidhm | NÍL | TÁ |
| 3. a cheadaíonn dá saoránaigh agóid a dhéanamh in aghaidh an rialtais | TÁ | NÍL |
| 4. ina dtoghtar an pharlaimint ar bhonn tráthrialta | TÁ | NÍL |
| 5. ina gcinneann an t‑arm beartas na tíre agus ina bhféadfadh sé cumhacht mhíleata a úsáid chun idirghabháil a dhéanamh i ngnóthaí inmheánacha | NÍL | TÁ |
| 6. ina meastar daoine a bheith neamhchiontach go dtí go bhfaighidh cúirt ciontach iad | TÁ | NÍL |
| 7. ina mbíonn páirtí amháin i mbun an rialtais i gcónaí | NÍL | TÁ |
| 8. ina dtugtar cosaint do mhionlaigh, fiú amháin i gcás ina bhfuil formhór na ndaoine ina n‑éadan | TÁ | NÍL |
| Cé acu díobh seo? | Parlaimint na hEorpa | An Chomhairle Eorpach | Comhairle an Aontais Eorpaigh | An Coimisiún Eorpach | Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh |
|---|---|---|---|---|---|
| 1.is í an institiúid seo a dhéanann tograí le haghaidh dhlíthe an Aontais Eorpaigh | NÍL | NÍL | NÍL | TÁ | NÍL |
| 2. is í an institiúid seo a fhormheasann dlíthe an Aontais Eorpaigh | TÁ | NÍL | TÁ | NÍL | NÍL |
| 3. is í an institiúid seo an ceann ina bhfuil ionadaí/comhalta amháin ó gach Ballstát | NÍL | TÁ | TÁ | TÁ | TÁ |
| 4.is í an institiúid seo a dtoghtar a feisirí go díreach | TÁ | NÍL | NÍL | NÍL | NÍL |
| 5. is í an institiúid seo a bhainistíonn an buiséad | NÍL | NÍL | NÍL | TÁ | NÍL |
| 6. is í an institiúid seo a dhéanann ionadaíocht ar leasanna na ndaoine | TÁ | NÍL | NÍL | NÍL | NÍL |
| 7.is í an institiúid seo a dhéanann ionadaíocht ar leasanna na mBallstát/leasanna rialtais na mBallstát | NÍL | TÁ | TÁ | NÍL | NÍL |
| 8.is í an institiúid seo a dhéanann ionadaíocht ar leasanna an Aontais Eorpaigh ina iomláine | NÍL | NÍL | NÍL | TÁ | NÍL |
| 9.is í an institiúid seo a dhéanann cinneadh faoi léiriú dhlíthe an Aontais Eorpaigh | NÍL | NÍL | NÍL | NÍL | TÁ |
| 10. is í an institiúid seo a shainíonn treo polaitiúil ginearálta an Aontais Eorpaigh | NÍL | TÁ | NÍL | NÍL | NÍL |
Molann an Coimisiún Eorpach dlí. Déanann Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh an dlí molta a scrúdú, agus ansin é a ghlacadh, a leasú nó a dhiúltú.
Tá cuid mhór eolais agat anois ar na hinstitiúidí Eorpacha, ach an aithníonn tú ainm agus aghaidh na ndaoine atá i gceannas orthu? An eol duit cé atá sna róil seo faoi láthair:
Roberta Metsola
Uachtarán Pharlaimint na hEorpa
Charles Michel
Uachtarán na Comhairle Eorpaí
Ursula von der Leyen
Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
Josep Borrell Fontelles
Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
| Samplaí | Saorghluaiseacht daoine | Saorghluaiseacht earraí | Saorghluaiseacht seirbhísí | Saorghluaiseacht chaipitil |
|---|---|---|---|---|
| 1. Táim in ann carr athláimhe a cheannach thar lear agus é a thabhairt ar ais liom gan dleachtanna custaim a íoc. | NÍL | TÁ | NÍL | NÍL |
| 2. Táim in ann taisteal áit ar bith laistigh den Aontas Eorpach. | TÁ | NÍL | NÍL | NÍL |
| 3. Táim in ann staidéar a dhéanamh i mBallstát eile. | TÁ | NÍL | NÍL | NÍL |
| 4. Tá mo thuismitheoirí in ann tíleoir ó Bhallstát eile a fhostú chun an seomra folctha a athchóiriú. | NÍL | NÍL | TÁ | NÍL |
| 5. Tá mo thuismitheoirí in ann airgead a chur chugam sa tír ina bhfuilim i mbun staidéir, gan aon táille bhreise. | NÍL | NÍL | NÍL | TÁ |
| 6. Táim in ann obair a dhéanamh i mBallstát eile. | TÁ | NÍL | NÍL | NÍL |
| 7. Táim in ann earraí a cheannach ar líne ó Bhallstát eile gan dleachtanna custaim a íoc. | NÍL | TÁ | NÍL | NÍL |
Le dlíthe an Aontais Eorpaigh, cuireadh dianrialacha i bhfeidhm maidir le lipéadú táirgí áirithe amhail bia, deochanna agus táirgí cosmaideacha. Tá lipéid ann chun sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí a chosaint agus cabhrú leo na roghanna cearta a dhéanamh. Ní cheadófar táirge a chur ar an margadh i gcás nach bhfuil sé lipéadaithe go cuí.
Is lipéad sábháilteachta é Marcáil CE, a léiríonn go gcomhlíonann an táirge caighdeáin sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil an Aontais.
Bronntar éicilipéad an Aontais ar tháirgí agus seirbhísí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Is scéim dheonach é a tugadh isteach le dlí an Aontais sa bhliain 1980.
Insíonn éicilipéad fuinnimh an Aontais duit cé chomh éifeachtach atá fearas ó thaobh fuinnimh de ar scála idir A agus G. Is in Aicme A (glas) atá na fearais is mó éifeachtúlacht. Is in Aicme G (dearg) atá na cinn is lú éifeachtúlacht. Tugadh leagan iomlán nua den lipéad sin isteach an 1 Márta 2021 le haghaidh catagóirí áirithe (cuisneoirí, reoiteoirí, miasniteoirí, meaisíní níocháin agus teilifíseáin). Tiocfaidh táirgí eile chun cinn sna blianta atá le teacht.
Insíonn lógó orgánach an Aontais duit go gcomhlíonann an táirge rialacha an Aontais don earnáil feirmeoireachta orgánaí. I gcás táirgí próiseáilte, ciallaíonn sé sin gur comhábhair orgánacha iad 95 % ar a laghad de na comhábhair thalmhaíochta.
Léirítear le trí lógó cáilíochta an Aontais Eorpaigh saintréithe na dtáirgí bia a thagann ón láthair gheografach ina dtáirgtear iad nó ón modh traidisiúnta ina gcruthaítear nó ina dtáirgtear iad.