MAR SHAORÁNAIGH EORPACHA, BAINIMID TAIRBHE AS RUDAÍ BUNÚSACHA A nDÉANAIMID TALAMH SLÁN DÍOBH GO MINIC. INA MEASC SIN TÁ RÉIGIÚN FAOI SHÍOCHÁIN AGAINN, TÁIMID MAR CHUID DE CHEANN DE NA GEILLEAGAIR IS MÓ AR DOMHAN, AGUS TÁ AN tSAOIRSE AGAINN CHUN CÓNAÍ I mBALLSTÁIT EILE, CHUN STAIDÉAR AGUS OBAIR A DHÉANAMH IONTU AGUS CHUN TAISTEAL CHUCU. BAINIMID TAIRBHE FREISIN AS BUNTÁISTÍ NACH bhFUIL CHOMH SOILÉIR CÉANNA — GNÁTHRUDAÍ A DHÉANANN FÍORDHIFRÍOCHT DÁR SAOL. CUIRTEAR ROINNT SAMPLAÍ PRAITICIÚLA FAOINA nDÉANANN AN tAONTAS EORPACH DÁ SHAORÁNAIGH I dTÁBHACHT SA CHAIBIDIL SEO.

CÉN BHAINT ATÁ AG AN AONTAS EORPACH LE DO SHAOL LAETHÚIL?

Bíonn gach rud a dhéanann an tAontas bunaithe ar chonarthaí ina bhfuil na rialacha maidir le feidhmiú an Aontais. D’aontaigh gach tír san Aontas go deonach agus go daonlathach orthu.

Gníomhaíonn an tAontas sna réimsí úd inar thug na Ballstáit údarú dó agus ina bhfuil sé ciallmhar gníomhú le chéile, ar nós athrú aeráide nó trádáil ar fud an domhain.

Gheobhaidh tú eolas sa chaibidil seo faoina bhfuil curtha chun feidhme agus gníomhaithe cheana féin ag an Aontas Eorpach (agus i gCaibidil 4 ‘Cad atá ar chlár oibre an Aontais Eorpaigh’ gheobhaidh tú eolas faoin méid atá á dhéanamh chun leanúint den obair sin). Níl anseo ach roinnt de na nithe atá bainte amach an Aontas Eorpach go dtí seo.

Taisteal sábháilte éasca

Tá an taisteal níos deacra go sealadach mar gheall ar phaindéim COVID‑19. Mar sin féin, go hiondúil, is fusa i bhfad taisteal a dhéanamh san Eoraip anois ná riamh. Is amhlaidh sin toisc gur chuir formhór na mBallstát, agus roinnt tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, deireadh leis na rialuithe teorainn a bhíodh eatarthu. Cuireadh deireadh leis na rialuithe teorann a bhuí le Comhaontú Schengen, atá ainmnithe as an sráidbhaile i Lucsamburg inar shínigh tíortha Eorpacha é in 1985.

Mar shaoránach Eorpach, féadfaidh tú taisteal laistigh de na 27 ‘dtír Schengen’ gan gá a bheith agat le pas: 23 thír den Aontas Eorpach (an Bheilg, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an tSeicia, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn, an tSualainn agus an Ung) móide an Eilvéis, Lichtinstéin, an Iorua agus an Íoslainn. Ní cuid de limistéar Schengen faoi láthair iad an Bhulgáir, an Chipir, Éire ná an Rómáin. Agus tú ag taisteal chuig tíortha nach tíortha de chuid limistéar Schengen iad, nó ag filleadh ó na tíortha sin, beidh ort pas bailí nó cárta aitheantais bailí a thaispeáint.

Tubaiste a coisceadh
Thosaigh dóiteán in árasán an tsaoránaigh Ghréagaigh Anasthassios, i Liospóin na Portaingéile, díreach tar éis dó cur faoi ann chun freastal ar an ollscoil. Ní raibh uimhir seirbhísí éigeandála na Portaingéile ar eolas aige, ach chuimhnigh sé gurbh fhéidir an uimhir éigeandála 112 a úsáid sa Phortaingéil díreach mar ab fhéidir ina thír dhúchais nó áit ar bith eile san Aontas Eorpach. Ghlaoigh sé ar 112 agus bhí sé i dteagmháil ar an toirt le seirbhís éigeandála Liospóin a chuir an bhriogáid dóiteáin go dtí a árasán láithreach bonn.

Má tharlaíonn rud éigin a fhágann go bhfuil tú i mbaol agus tú i dtír ar bith den Aontas, is féidir leat glaoch ar an uimhir Éigeandála Eorpach 112, cibé acu líne thalún nó fón póca é, ó theileafón ar bith, saor in aisce.

CLEACHTADH 11 LIMISTÉAR SCHENGEN

An bhfuil do thír mar chuid de limistéar Schengen? Ar thaistil tú nó duine de do theaghlach chuig tír eile den Aontas Eorpach le déanaí? An raibh ort nó ar an duine sin dul trí rialuithe teorann? In 2022, bhí thart ar 1.5 milliún duine ina gcónaí i dtír Schengen amháin agus iad ag obair i dtír Schengen eile. Gabhann 3.5 milliún duine ó stát go stát laistigh de limistéar Schengen gach lá. Cé chomh tábhachtach, dar leat, agus atá Comhaontú Schengen do na daoine sin agus don gheilleagar sna ceantair sin?

Agus tú ag obair mar bhall de ghrúpa beag, déan plé air sin le do chomhdhaltaí.

Baile Schengen i Lucsamburg, atá cóngarach do theorainneacha Lucsamburg leis an nGearmáin agus leis an bhFrainc, agus comharthaí ann a léiríonn cén áit a bhfuil na teorainneacha sin leis an nGearmáin agus leis an bhFrainc.

Gach duine a thaistealaíonn tríd an Aontas Eorpach:

  • cosnaítear iad le sraith iomlán de chearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar eitleán, ar thraein, ar bhád, ar bhus nó ar chóiste (mar shampla, i gcásanna áirithe is féidir leo cúiteamh a fháil má chuirtear a n‑eitilt ar ceal);
  • cosnaítear iad agus iad ag ceannach saoire láneagraithe, rud a fhágann nach mór don chuideachta a dhíol an tsaoire leo déileáil lena ngearán (mar shampla, má tá a n‑óstán faoi bhun caighdeáin);
  • cosnaítear iad má theipeann ar thionscnóir turas nó ar aerlíne.

Is féidir leat na cearta paisinéirí atá agat mar shaoránach den Aontas Eorpach a sheiceáil am ar bith agus áit ar bith. Ní gá duit ach an aip a íoslódáil: europa.eu/!Fk66KJ

ARBH EOL DUIT?

Agus iad ag taisteal i dtír lasmuigh den Aontas Eorpach, féadfaidh saoránaigh den Aontas cuidiú a fháil ó chonsalacht nó ambasáid aon Bhallstát eile mura bhfuil ionadaíocht dá dtír bhaile ann.

Sláinte agus sábháilteacht le linn taistil

Más rud é go mbuailtear breoite thú nó go mbaineann timpiste duit agus cuairt á tabhairt agat ar Bhallstát eile, nó ar an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua nó an Eilvéis, tá sé de cheart agat, mar shaoránach den Aontas, cúram sláinte poiblí a fháil faoi na coinníollacha céanna agus ar an gcostas céanna atá i bhfeidhm do dhaoine sa tír óstach. Iarr ar do sholáthraí náisiúnta cúraim sláinte do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte (europa.eu/!vWVT8b) a thabhairt duit sula rachaidh tú thar lear.

ARBH EOL DUIT?

Tá an tAontas Eorpach, in éineacht leis na tíortha ar cuid den Aontas iad, ar phríomhdheontóirí na cabhrach daonnúla: tacaíonn sé le daoine atá i ngátar ar fud an domhain. Le blianta beaga anuas, d'fhreagair an tAontas Eorpach géarchéimeanna éagsúla san Úcráin, san Éimin, sa tSiria, i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, agus in áiteanna nach iad. Tugann an tAontas cúnamh do dhaoine in áiteanna san Eoraip agus ar fud an domhain atá buailte le tubaistí agus déanann sé comhordú ar an gcúnamh sin, tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta. Is féidir le tír ar bith cúnamh a lorg ar an Sásra. In 2022, cuireadh an Sásra i ngníomh 106 huaire. D'fhreagair sé an cogadh san Úcráin, falscaithe san Eoraip, COVID-19 san Eoraip agus ar fud an domhain, agus tuilte sa Phacastáin.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi rescEU: europa.eu/!qW3B3c agus an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta: europa.eu/!YTRBmG

play video BREATHNAIGH AR AN bhFÍSEÁN: An Cárta Eorpach um Árachas Sláinte
europa.eu/!jd46FN

Airgeadra coiteann in
20 Ballstát: an euro

Tugadh nótaí bainc agus boinn euro isteach in 12 Bhallstát sa bhliain 2002. Sa lá atá inniu ann, is é an euro an t‑airgeadra náisiúnta in 20 tír den Aontas ar an iomlán. Baineann níos mó ná 75 % de na daoine san Aontas Eorpach — 347 milliún duine dínn — úsáid as an euro gach lá.

Gabhann go leor buntáistí le hairgeadra coiteann a úsáid i margadh aonair ina mbíonn daoine ó thíortha difriúla ag trádáil le chéile. Is fusa do thomhaltóirí dá réir praghsanna sa bhaile, thar lear agus ar líne a chur i gcomparáid le chéile. Is féidir le cuideachtaí táillí a ríomh agus iad a ghearradh ar chustaiméirí san aon airgeadra amháin. Dá bhrí sin, ní baol dóibh luaineachtaí ar an ráta malairte. Coinníonn sin praghsanna seasmhach.

Faigh amach tuilleadh faoin euro: europa.eu/!YF74Yq

ARBH EOL DUIT?

Tá léarscáil den Eoraip ar an taobh coiteann de na boinn euro, rud atá le feiceáil ar gach bonn is cuma cén tír ina rinneadh é. Tá a dearadh féin ag gach tír ar an taobh eile. An aithníonn tú an tsiombail ar an mbonn EUR 2 seo? Tabhair buille faoi thuairim faoin tír lena mbaineann sí.

CLEACHTADH 12 CÉ NA TÍORTHA ATÁ SA LIMISTÉAR EURO?

Liostaítear gach ceann de na 27 mBallstát sa tábla thíos. Cuir tic leis an 20 Ballstát a úsáideann an euro mar airgeadra náisiúnta.

  • an Bheilg
  • an Bhulgáir
  • an Chipir
  • an Chróit
  • an Danmhairg
  • an Eastóin
  • Éire
  • an Fhionlainn
  • an Fhrainc
  • an Ghearmáin
  • an Ghréig
  • an Iodáil
  • an Ísiltír
  • an Laitvia
  • an Liotuáin
  • Lucsamburg
  • Málta
  • an Ostair
  • an Pholainn
  • an Phortaingéil
  • an Rómáin
  • an tSeicia
  • an tSlóivéin
  • an tSlóvaic
  • an Spáinn
  • an tSualainn
  • an Ungáir

Staidéar a dhéanamh, oiliúint a fháil, agus obair íoctha agus dheonach a dhéanamh

A bhuí leis an Aontas Eorpach, féadfaidh aon duine leas a bhaint as saorghluaiseacht ó Bhallstát go chéile.

Ní bhaineann saorghluaiseacht le taisteal agus saoire amháin. Ciallaíonn sé freisin gur féidir leat:

  • oiliúint a fháil agus staidéar a dhéanamh áit ar bith san Aontas faoi na coinníollacha céanna atá i bhfeidhm do náisiúnaigh na tíre lena mbaineann;
  • obair a dhéanamh áit ar bith san Aontas agus tairbhe a bhaint as na deiseanna a ghabhann leis an margadh fostaíochta ar fud an Aontais.

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ina thaobh anseo: europa.eu/!Qp6jPh

ARBH EOL DUIT?

Ar shuíomh gréasáin EURES gheobhaidh tú na mílte fógraí poist ó thíortha ar fud an Aontais Eorpaigh agus ón Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis. Cuidíonn sé le fostóirí freisin chun iarrthóirí ó thíortha eile de chuid an Aontais a aimsiú chun a gcuid folúntas a líonadh (europa.eu/!Rgq3Gh).

Is rud é Europass lena gcuirtear teimpléad so‑úsáidte ar fáil le haghaidh do CV maille le huirlisí eile chun do chuid scileanna a chur in iúl d’fhostóirí ar fud an Aontais (www.europa.eu/europass/ga).

An scéim Ráthaíochta don Aos Óg

Scileanna agus cáilíochtaí áirithe atá á lorg ag fostóirí, is minic in easnamh iad ar dhaoine óga. Tríd an scéim Ráthaíochta don Aos Óg is féidir leis an Aontas Eorpach cabhrú le daoine óga scileanna nua fónta a fháil. D’fhéadfadh sé go ndéanfaí amhlaidh trí oiliúint ar an láthair a sholáthar nó trí ghairmthreoir aonair a thabhairt.

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun clárú ann, seiceáil le do phointe teagmhála náisiúnta: europa.eu/!rqP8XV

Fuair breis agus 24 mhilliún duine óg a chláraigh i scéimeanna Ráthaíochta don Aos Óg tairiscint fostaíochta, breisoideachais, printíseachta nó oiliúna ó bhí 2013 ann.

ARBH EOL DUIT?

Ó thráth a bhunaithe in 2013 tá an Comhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí tar éis níos mó ná milliún printíseacht a chur ar fáil.

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ina leith ag: europa.eu/!cyC9KN

Tugtar tacaíocht do leanaí níos óige freisin tríd an Ráthaíocht Eorpach i dtaobh Leanaí, ar clár é atá ceaptha do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois chun an t‑eisiamh sóisialta agus an bhochtaineacht a chomhrac trí oideachas, cúram sláinte, cothú agus tithíocht.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach
Caibidil 4 ‘Cad atá ar chlár oibre an Aontais Eorpaigh’

Erasmus+

Tá seans ann gur chuala tú faoin gclár Erasmus+ cheana féin. Is tionscnamh de chuid an Aontais Eorpaigh é sin a chabhraíonn le daoine tréimhse ama a chaitheamh thar lear. Tá sé le fáil ag daoine óga, mic léinn, oiliúnaithe, múinteoirí agus baill foirne oideachais, agus saorálaithe ar fud an domhain. Is féidir le mic léinn ollscoile agus ghairmoiliúna araon tacaíocht airgeadais agus eagraíochtúil a fháil ó Erasmus+ le haghaidh a dtréimhse cónaithe in 33 thír ar fud na hEorpa agus an domhain. Cinntítear le córas pointí Eorpach go bhfaigheann mic léinn an chreidiúint cheart as na gráid a thuilleann siad thar lear ar fhilleadh dóibh ar a gcúrsa léinn sa bhaile.

Is féidir le scoileanna oibriú i gcomhar le scoileanna nó eagraíochtaí eile i mBallstáit eile. Iarr ar do mhúinteoir nó do phríomhoide cabhrú leat a sheiceáil cé na deiseanna a sholáthraíonn an clár Erasmus+.

D’fhéadfadh sé go roghnófá tabhairt faoi oiliúint ar an láthair thar lear freisin. Gach bliain, cuireann mórchuid Eorpach óg cuid dá bprintíseacht i gcrích i mBallstát eile. Oibríonn an clár Erasmus+ i gcomhpháirt le cuideachtaí agus institiúidí a fhógraíonn tionscadail le haghaidh daoine óga.

play video BREATHNAIGH AR AN bhFÍSEÁN: Cad é Erasmus+? europa.eu/!pbYRTc

Faoi amach tuilleadh faoi dheiseanna Erasmus+ anseo: erasmus-plus.ec.europa.eu/ga Féadfaidh tú éisteacht freisin le heispéiris daoine óga a ghlac páirt i malartú ógra Erasmus+: audiovisual.ec.europa.eu/ga/video/I-112392

Seiceáil amach aip thiomnaithe Erasmus+ freisin: erasmusapp.eu/

ARBH EOL DUIT?

Ó seoladh an clár Erasmus den chéad uair sa bhliain 1987, tá tairbhe bainte ag níos mó ná 10 milliún duine óg as na deiseanna a ghabhann leis. Táthar ag súil le go mbainfidh 10 milliún duine breise tairbhe as an gclár nua Erasmus+ idir 2021 agus 2027. Tá buiséad EUR 28 mbilliún aige, atá breis agus dhá uair níos mó ná an méid a dáileadh ar an gclár roimhe seo.

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

Má tá tú ag iarraidh cur leis an tsochaí ar bhealach tábhachtach agus dlúthpháirtíocht le do phobal a léiriú, b’fhéidir go dtabharfadh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach deis iontach duit. Cuirtear ar a gcumas do dhaoine óga atá idir 18 mbliana agus 30 bliain d’aois páirt a ghlacadh i raon leathan gníomhaíochtaí trí obair dheonach a dhéanamh nó trí dhul i mbun socrúchán oibre. D’fhéadfadh sé go mbeadh sin ar an gcéad chéim mhór i dtreo na fostaíochta i gcás a lán daoine óga chomh maith.

An bhfuil suim agat ann? Léigh tuilleadh faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach anseo: europa.eu/youth/solidarity_ga

Faigh amach faoi dheiseanna eile chun obair dheonach a dhéanamh san Aontas Eorpach anseo: europa.eu/learning-corner/work-and-study_ga

play video BREATHNAIGH AR AN bhFÍSEÁN: An cór dlúthpháirtíochta Eorpach europa.eu/!YKC9XC

DiscoverEU

A bhuí le tionscnamh DiscoverEU an Aontais Eorpaigh, d’fhéadfá an deis a fháil dul ag taiscéalaíocht timpeall na hEorpa le pas saorthaistil. Má tá tú 18 mbliana d’aois agus más saoránach de Bhallstát thú, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar cheann de na pasanna saorthaistil chun dul ag taiscéalaíocht timpeall an Aontais ar feadh suas le 1 mhí amháin.

ARBH EOL DUIT?

Tá pas taistil DiscoverEU faighte ag breis agus 200,000 duine óg.

Tuilleadh eolais faoi DiscoverEU: europa.eu/youth/discovereu_ga

ARBH EOL DUIT?

I dTairseach Eorpach na hÓige gheobhaidh tú an t‑eolas ar fad a theastaíonn uait chun saol faoi rath a bheith agat mar dhuine óg a chónaíonn san Eoraip. Anuas ar eolas maidir le cláir atá maoinithe ag an Aontas Eorpach, ar nós Erasmus+, tá nuacht agus eolas maidir le hobair dheonach, fostaíocht, oideachas, taisteal agus cúrsaí comhshaoil, spóirt agus cultúr le fáil sa tairseach freisin.

Féach air anseo é: europa.eu/youth/home_ga

CLEACHTADH 13 OBAIR DHEONACH NÓ CÚRSA STAIDÉIR A DHÉANAMH THAR LEAR

Obair dheonach a dhéanamh i dtír eile nó cuid de do chúrsa staidéir a dhéanamh in ollscoil i dtír eile — an bhfuil tú in ann é a shamhlú? Mar bhall de phéire, déan liosta de cheithre argóint ‘ar son’ obair dheonach nó staidéar a dhéanamh thar lear agus de cheithre argóint ‘ina aghaidh’. Cén argóint is fearr leat? Cuir do thorthaí i gcomparáid le torthaí do chomhdhaltaí agus déan plé orthu.

Saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus chaipitil

A bhuí le margadh aonair an Aontais Eorpaigh, ní hamháin gur féidir le daoine gluaiseacht faoi shaoirse san Aontas, ach tá saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus chaipitil i bhfeidhm ann freisin. Is iad daoine, earraí, seirbhísí agus caipiteal ceithre ‘cholún’ na saorghluaiseachta san Aontas, mar a thugtar orthu uaireanta. Cuimhnigh gur mó ná ‘airgead tirim’ amháin atá i gceist le ‘caipiteal’ anseo. Áirítear infheistíochtaí agus iasachtaí leis freisin. Fágann sin gur fusa do ghnólachtaí san Aontas Eorpach oibriú i níos mó ná tír amháin agus dul san iomaíocht ar an leibhéal domhanda. Beag beann ar a méid, tá teacht ag cuideachtaí san Aontas Eorpach ar mhargadh náisiúnta gach Ballstáit agus ar thart ar 447 milliún custaiméir féideartha. Cén fáth a bhfuil sé sin tábhachtach? Nuair a bhíonn iomaíocht níos fearr ann, laghdaítear praghsanna agus cruthaítear raon níos leithne táirgí agus seirbhísí don tomhaltóir deiridh — sin tusa!

ARBH EOL DUIT?

Tá cuidiú praiticiúil agus comhairle phraiticiúil ar an suíomh gréasáin An Eoraip Agatsa faoin saol i dtíortha eile den Aontas agus faoi bheith ag taisteal agus ag obair iontu: europa.eu/youreurope/#en

CLEACHTADH 14 CÉN DIFEAR A DHÉANANN SAORGHLUAISEACHT DUIT I nDÁIRÍRE?

Meaitseáil na samplaí leis na ceithre cholún den mhargadh aonair (saorghluaiseacht daoine, earraí, seirbhísí agus chaipitil) agus cuir tic sa bhosca cuí.

Samplaí Saorghluaiseacht daoine Saorghluaiseacht earraí Saorghluaiseacht seirbhísí Saorghluaiseacht chaipitil
1. Táim in ann carr athláimhe a cheannach thar lear agus é a thabhairt ar ais liom gan dleachtanna custaim a íoc. TÁ / NÍL TÁ / NÍL TÁ / NÍL TÁ / NÍL
2. Táim in ann taisteal áit ar bith laistigh den Aontas Eorpach. TÁ / NÍL TÁ / NÍL TÁ / NÍL TÁ / NÍL
3. Táim in ann staidéar a dhéanamh i mBallstát eile. TÁ / NÍL TÁ / NÍL TÁ / NÍL TÁ / NÍL
4. Tá mo thuismitheoirí in ann tíleoir ó Bhallstát eile a fhostú chun an seomra folctha a athchóiriú. TÁ / NÍL TÁ / NÍL TÁ / NÍL TÁ / NÍL
5. Tá mo thuismitheoirí in ann airgead a chur chugam sa tír ina bhfuilim i mbun staidéir, gan aon táille bhreise. TÁ / NÍL TÁ / NÍL TÁ / NÍL TÁ / NÍL
6. Táim in ann obair a dhéanamh i mBallstát eile. TÁ / NÍL TÁ / NÍL TÁ / NÍL TÁ / NÍL
7. Táim in ann earraí a cheannach ar líne ó Bhallstát eile gan dleachtanna custaim a íoc. TÁ / NÍL TÁ / NÍL TÁ / NÍL TÁ / NÍL

Sábháilteacht bia agus táirgí

Ar fud an Aontais, baineann daoine tairbhe as bia agus earraí atá sábháilte agus ar ardchaighdeán. Is ag an Aontas Eorpach atá roinnt de na caighdeáin is airde ar domhan ó thaobh sábháilteacht bia de. Tá seiceálacha éigeantacha i bhfeidhm aige ar fud an tslabhra agraibhia chun a chinntiú go mbíonn plandaí agus ainmhithe sláintiúil, go mbíonn bia agus beatha ainmhithe sábháilte agus go mbíonn táirgí lipéadaithe i gceart.

Tá ceanglais dhochta sábháilteachta tugtha isteach ag an Aontas Eorpach freisin le haghaidh réimse leathan táirgí, amhail bréagáin agus fearais leictreonacha. Ní foláir do dhéantóirí na ceanglais sin a chomhlíonadh chun a gcuid táirgí a dhíol sna Ballstáit. Má bhíonn táirgí lochtacha nó contúirteacha á ndíol san Eoraip, fágann Córas Mear-Rabhaidh an Aontais go bhfuil sé éasca ag údaráis náisiúnta foláireamh a thabhairt don phobal fúthu, an t‑eolas is déanaí fúthu a roinnt le chéile agus tomhaltóirí a choimeád sábháilte.

 

CLEACHTADH 15 LIPÉID EORPACHA

Le dlíthe ón Aontas Eorpach, cuireadh dianrialacha i bhfeidhm maidir le lipéadú bia, deochanna, táirgí cosmaideacha agus fearais leictreonacha. Cuid de na lipéid sin, cabhraíonn siad le tomhaltóirí a chosaint, agus cuid eile, cuireann siad ar an eolas iad faoi ghnéithe áirithe den táirge. Tá lipéid ann a léiríonn cé na táirgí atá orgánach nó tíosach ar fhuinneamh, mar shampla. Ní cheadófar táirge a chur ar an margadh i gcás nach bhfuil sé lipéadaithe go cuí.

An aithníonn tú na lipéid thíos? Cén cineál táirgí ar a gcuirtear iad? Cad is ciall leo?

Grafaic faisnéise ina dtaispeántar íomhá de lipéid éagsúla an Aontais is féidir a fheiceáil ar tháirgí atá le ceannach san Aontas.

lipéad margaíochta CE, éicilipéad an Aontais, lógó orgánach an Aontais, Lipéad Fuinnimh an Aontais, Táscaí Geografacha an Aontais

Faigh amach tuilleadh faoin bhfuinneamh leis an tsraith seo d’fhíseáin ghearra: europa.eu/learning-corner/eu-energy-policy_ga

Cearta tomhaltóirí

Nuair a théann tú ag siopadóireacht san Aontas Eorpach, cosnaítear thú le cineálacha éagsúla dlíthe. Mar shampla, tá táirgí a cheannaíonn tú san Aontas Eorpach ráthaithe ar feadh 2 bhliain ar a laghad. Dá réir sin, má chliseann d’fhón póca ort tar éis 1 bhliain amháin, caithfear é a dheisiú nó a athsholáthar saor in aisce duit, is cuma cén áit san Aontas Eorpach inar cheannaigh tú ar dtús é.

Is mó i gcónaí an líon daoine a bhíonn ag siopadóireacht ar líne agus is fearr an chosaint atá ag tomhaltóirí an Aontais anois a bhuí le dlíthe ón Aontas Eorpach:

Teileachumarsáid ardchaighdeáin

Úsáideann cuid mhór dínn fóin chliste agus táibléid. Mar shaoránach den Aontas Eorpach, is féidir leat:

ARBH EOL DUIT?

A bhuí le rialuithe ón Aontas Eorpach, féadfaidh tú d’fhón a úsáid ar fud an Aontais gan aon táille bhreise. Ní bheidh ort cailleadh amach ar an gceol ná ar na cláir teilifíse is ansa leat ach an oiread. An t‑ábhar céanna a bhfuil síntiús agat leis sa bhaile, is féidir é a shruthú is cuma cá bhfuil tú san Aontas.

Ag fanacht slán ar líne

Tá a fhios ag aon duine a chaitheann am ar líne go bhfuil sé éasca go leor teacht ar ábhar ar an idirlíon atá míchuí, míthreorach nó antoisceach fiú.

Chun sinn a choimeád sábháilte, tá cód iompair an Aontais ann chun fuathchaint neamhdhleathach ar líne a chomhrac trína chinntiú go bpléitear go sciobtha le hiarrataí chun ábhar ciníoch agus seineafóbach a bhaint anuas. Tugann an cód cleachtais maidir le bréagaisnéis líonraí sóisialta agus an earnáil fógraíochta le chéile trí chomhaontú a rinne siad maidir le roinnt gealltanas a bhaineann le gach rud ó chúrsaí trédhearcachta go bréagchuntais. Déanann Facebook, Microsoft, Twitter, YouTube agus ardáin eile ar líne measúnú laistigh de 24 uair an chloig anois ar 90 % den ábhar marcáilte. Tá an straitéis Eorpach i ndáil le hidirlíon níos fearr do leanaí tar éis an caighdeán is airde a leagan síos maidir le cosaint agus cumasú leanaí óga ar líne.

Féach an léarscáil chun teacht ar acmhainní i do thír: betterinternetforkids.eu/sic

Do chuid sonraí pearsanta a choinneáil faoi chosaint agus do phríobháideachas ar líne a chinntiú, is tosaíocht ollmhór atá sna nithe sin, agus óir measann an tAontas gur cuid de do chearta bunúsacha iad. Is dlí AE é an rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí a chabhraíonn linn an méid sin a fhorfheidhmiú trí chreat dlíthiúil a chur ar bun chun faisnéis phearsanta a bhailiú ó dhaoine a chónaíonn san Aontas agus í a phróiseáil.

An bhfuil imní ort faoi bhréagnuacht? Leis an tsraith straitéisí seo agus le cabhair do mhúinteora foghlaimeoidh tú conas bréagaisnéis a aithint agus a chomhrac agus tús a chur le comhrá faoi na topaicí tábhachtacha a thagann aníos de dheasca na bréagaisnéise. Tá ceisteanna a bhfuil tionchar acu ar shláinte phoiblí, daonlathas, agus na gnásanna cultúir agus dlíthúla a bhfuil mar chrann taca ár sochaithe ina measc.

 

Comhionannas agus cearta an duine

Gealltar réimse ceart bunúsach do gach duine a chónaíonn san Aontas Eorpach. Tá urraim do chearta agus do dhínit an duine cumhdaithe i gconarthaí an Aontais agus comhdhlúite ag an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Cuirtear toirmeasc leis sin ar aon idirdhealú bunaithe ar inscne, treoshuíomh gnéasach, cine, eitneacht, náisiúntacht, teanga, reiligiún, aois nó míchumas.

Bíonn an tAontas Eorpach ag obair go dlúth leis na Ballstáit chun meas ar dhaoine eile a chur chun cinn, dlíthe neamh-idirdhealaithe a fhorfheidhmiú agus cearta an duine a chur chun tosaigh ar fud an Aontais agus i gcéin. Cuirtear cúrsaí chearta an duine san áireamh freisin i gcomhaontuithe trádála idirnáisiúnta an Aontais le tíortha eile.

Sa bhaile a thosaíonn an dul chun cinn, áfach. Tá an tAontas Eorpach tar éis go leor gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh go dtí seo i gcoinne an idirdhealaithe sa chuid is mó de na bealaí is minice a thagann sé chun cinn. Ar na gníomhaíochtaí a rinneadh ó thaobh beartas maidir le míchumas, mar shampla, tá idir dhlíthe (rinneadh dlí den Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta in 2019) agus tionscnaimh a chuireann cathracha inrochtana chun cinn (gradaim an Aontais don chathair is inrochtana).

D’ainneoin na gcéimeanna praiticiúla sin, bíonn daoine ar fud na hEorpa agus an domhain fós ann a ndéantar leithcheal agus ciapadh orthu agus a dtugtar drochíde orthu. Tá an tAontas Eorpach tar éis tús a chur le plean chun cur leis an gcomhionannas agus na foirmeacha éagsúla fuatha agus idirdhealaithe atá ann a chomhrac.

Féach tuilleadh mionsonraí i gCaibidil 4 ‘Cad atá ar chlár oibre an Aontais Eorpaigh’.

Cothromaíocht idir an saol oibre agus an saol príobháideach agus caighdeán na beatha

Tá an tAontas Eorpach ag obair go dian ar mhaithe le sochaí a bheidh níos cothroime agus níos córa. Cuid thábhachtach den obair sin is ea cothromaíocht a bheith ann idir ár saol ag an obair agus ár saol lasmuigh di. Ó bhí mí Lúnasa 2022 ann, ní mór do gach Ballstát rialacha an Aontais chun feabhas a chur ar an saol oibre do thuismitheoirí agus do chúramóirí a chur i bhfeidhm. Tá sé d'aidhm ag na rialacha go spreagfar daoine chun saoire tuismitheora a chomhroinnt ar bhealach níos cothroime, go dtabharfar saoire cúramóra isteach agus go rachfar i ngleic le heaspa ionadaíochta na mban sa mhargadh saothair. Ina theannta sin, tá an ceart chun socruithe oibre solúbtha ag gach oibrí feasta.

Tuilleadh eolais: europa.eu/!3QmKmN

An comhshaol a chosaint agus an t‑athrú aeráide a chomhrac

Bhí an tAontas Eorpach i gcónaí ar thús cadhnaíochta sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Tugann sé ceannaireacht do chomhaontuithe idirnáisiúnta maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú agus teochtaí domhanda a ísliú i gcomhréir le Comhaontú Pháras. Is ag an Aontas Eorpach atá roinnt de na caighdeáin is airde ar domhan ó thaobh an chomhshaoil de. Leis na caighdeáin sin, cosnaítear na gnáthóga nádúrtha, an bhithéagsúlacht, an t‑uisce óil, an t‑uisce snámha agus an cháilíocht aeir atá againn. De bharr líonra an Aontais de limistéir nádúrtha faoi chosaint, ar a dtugtar líonra Natura 2000, cruthaíodh spásanna inar féidir leis an duine gníomhaíochtaí inbhuanaithe a dhéanamh taobh le speicis agus gnáthóga atá gann agus leochaileach.

ARBH EOL DUIT?

Tháinig rialacha i bhfeidhm i mí Iúil 2021 lena gcuirtear cosc ar na 10 gcinn de tháirgí plaisteacha aon úsáide is minice a aimsítear ar thránna na hEorpa — ó bhaitíní cadáis agus cipíní balúin go soip.

Tá práinn nua leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, áfach. Is gá dúinn géarú ar ár n‑iarrachtaí anois daoine a chosaint, slándáil bia a chinntiú, teorainn a chur le ganntanas uisce agus aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí eile a bhíonn ar athruithe ollmhóra teochta. Tá geallta ag an Aontas Eorpach go mbeidh an Eoraip ar an gcéad il‑chríoch aeráidneodrach ar domhan faoi 2050 de thoradh a thiomantais don Chomhaontú Glas don Eoraip. Is pacáiste forleathan é sin de bhearta chun an t‑athrú aeráide a chomhrac.

Féach tuilleadh mionsonraí i gCaibidil 4 ‘Cad atá ar chlár oibre an Aontais Eorpaigh’.

play video BREATHNAIGH AR AN bhFÍSEÁN: Green Deal Proposal europa.eu/!h8Q9yK

Maoiniú ón Aontas Eorpach i do réigiún féin

Ní hamháin nach bhfuil tíortha agus réigiúin an Aontais Eorpaigh ar cóimhéid; ní hionann leibhéal saibhris dóibh ach oiread. Fuair na mílte tionscadal maoiniú ón Aontas Eorpach i gcaitheamh na mblianta. Chuaigh na tionscadail sin chun tairbhe do na Ballstáit aonair, agus don Aontas Eorpach ina iomláine, trí phoist a chruthú, trí bhorradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus trí fheabhas a chur ar cháilíocht saoil saoránach.

Ní bhíonn daoine ar an eolas i gcónaí gurbh é an tAontas a mhaoinigh tionscadail áirithe ina gceantar áitiúil nó go bhfuil tionscadail á maoiniú ag an Aontas ina gceantar áitiúil faoi láthair. Mar sin féin, tá tairbhe le baint acu as tionscadail a fuair maoiniú ón Aontas agus ar éirigh leo na milliúin post nua a chruthú, naisc straitéiseacha iompair a fhorbairt, bonneagar fuinnimh a uasghrádú, gréasáin leathanbhanda a chur ar bun, infheistiú a dhéanamh i dtaighde agus nuálaíocht, agus an oidhreacht chultúrtha agus limistéir áilleachta nádúrtha a chosaint.

Tabhair cuairt ar na suíomhanna gréasáin seo a leanas agus caith do shúil ar roinnt de na tionscadail i do thír a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach. Feicfidh tú gur mó an tionchar a imríonn an tAontas Eorpach i do cheantar áitiúil ná mar a shíl tú: kohesio.ec.europa.eu/ga/

A bhuí le maoiniú ón Aontas Eorpach, is féidir leat nascadh leis an idirlíon saor in aisce i leabharlanna, i bpáirceanna, i músaeim agus in áiteanna poiblí eile ar fud na hEorpa áit ar bith a bhfeiceann tú an tsiombail seo.

ARBH EOL DUIT?

Féachann an clár Eoraip na Cruthaitheachta le héagsúlacht chultúrtha na hEorpa a chothú. Tugann an Lipéad Oidhreachta Eorpach, Príomhchathracha Cultúir na hEorpa agus Laethanta Eorpacha na hOidhreachta spreagadh do níos mó daoine fáil amach faoi fhréamhacha cultúrtha comhroinnte na hEorpa.

Faigh amach tuilleadh faoi chultúr agus faoi chruthaíocht san Aontas Eorpach: ec.europa.eu/culture/ga

Infheistíocht an Aontais Eorpaigh i dtaighde

Is féidir leis an eolaíocht an dóigh a mairimid a athrú ó bhun. Sin é an fáth a bhfuil an tAontas Eorpach ag infheistiú na mbilliún euro i dtaighde agus nuálaíocht chun an t‑athrú aeráide a chomhrac, borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus faoin bhfostaíocht agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin eile atá romhainn. Is é Fís Eorpach príomhchlár cistiúcháin an Aontais sa réimse sin. A bhuí leis an timthriall maoinithe deireanach a bhí ag Fís Eorpach, cuireadh dlús le forbairt vacsaíní, rinneadh infheistíocht i dtionscadail chun an bhithéagsúlacht a chosaint agus baineadh úsáid as satailít Galileo chun córais GPS agus léarscáileanna níos cruinne a thabhairt dúinn. Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé do thodhchaí an Aontais Eorpaigh, tá buiséad EUR 95.5 billiún curtha i leataobh i gcomhair Fhís Eorpach le haghaidh 2021-2027. Díreofar ar theicneolaíochtaí glasa, intleacht shaorga agus go leor rudaí eile.

Faigh amach tuilleadh faoi Fhís Eorpach: europa.eu/!Xf47NRP

Féach tuilleadh mionsonraí maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh i gCaibidil 4 ‘Cad atá ar chlár oibre an Aontais Eorpaigh’.

Grafaic faisnéise lena léirítear an sciar de bhuiséad an Aontais a chaitear ar an riarachán.

2,018 mbilliún euro atá i mbuiséad an Aontais don tréimhse 2021–2027, rud ar chuir NextGenerationEU leis. Caitear 4 % den mhéid sin ar an riarachán.

CLEACHTADH 16 AN tAONTAS EORPACH I DO SHAOL LAETHÚIL

Seo chugat 10 sampla den chaoi a n‑oibríonn an tAontas Eorpach ar do shon i do shaol laethúil. Roghnaigh na trí cinn is tábhachtaí duit. Cuir do fhreagraí i gcomparáid le freagraí do chomhdhaltaí agus mínigh cén fáth ar roghnaigh tú na trí cinn sin.

Is féidir leat taisteal chuig Ballstát ar bith nó staidéar, obair nó cónaí a dhéanamh ann. Is féidir le daoine gluaiseacht faoi shaoirse a bhuí le margadh aonair an Aontais Eorpaigh.

Chuir an tAontas Eorpach deireadh le bacainní ar shaorthrádáil idir a bhaill. Fágann sin gur féidir leat earraí a tháirgeadh, a dhíol agus a cheannach áit ar bith san Aontas Eorpach. Fágann sin freisin gur féidir le tomhaltóirí teacht ar rogha níos leithne táirgí ar phraghsanna níos ísle.

Le Comhaontú Schengen, cuireadh deireadh le rialuithe teorann idir formhór na mBallstát. Is féidir leat formhór na dteorainneacha laistigh den Aontas Eorpach a thrasnú anois gan do phas a thaispeáint.

D’fhéadfadh sé go mbuailfí breoite thú nó go mbainfeadh timpiste duit agus tú ag taisteal i mBallstát eile. Leis an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte, tá tú i dteideal aon chóir leighis a theastaíonn go práinneach uait a fháil. Gheobhaidh tú cúram sláinte thar lear ón mBallstát eile agus íocfaidh tú na táillí céanna a ghearrtar ar náisiúnaigh na tíre sin.

Tá an t-aerthaisteal i bhfad níos saoire anois. Chuir an tAontas Eorpach deireadh le monaplachtaí náisiúnta agus cheadaigh sé iomaíocht san earnáil eitlíochta. Tá méadú tagtha ar an líon cathracha a bhfuil a n‑aerfort féin acu agus ar an líon eitiltí díreacha idir na cathracha sin. Neartaíodh cearta paisinéirí freisin.

Tá laghdú suntasach tagtha le blianta beaga anuas ar an gcostas a bhaineann le fóin phóca agus gléasanna cliste a úsáid thar lear. Le rialacha an Aontais Eorpaigh, rinneadh laghdú suntasach (faoi níos mó ná 90 % ón mbliain 2007 i leith) ar na costais sin trí theorainn a chur le praghsanna. Cuireadh deireadh le táillí fánaíochta i mí an Mheithimh 2017. Fágann sin go n‑íocann tú an praghas céanna a íocann tú sa bhaile agus d’fhón póca á úsáid agat thar lear.

Mar shaoránach den Aontas Eorpach, is leatsa do chuid sonraí. Níl cead ag eagraíochtaí ná cuideachtaí do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil gan do thoil agus tá sé de cheart agat a bheith ar an eolas faoin bhfaisnéis atá bailithe acu fút.

Le dlí an Aontais Eorpaigh, tugtar cosaint duit nuair a dhéanann tú earraí a ordú nó a cheannach áit ar bith seachas i siopa. Má chuireann tú d’ainm le síntiús nó le conradh ar an tsráid nó ar líne, mar shampla, beidh tú i dteideal d’intinn a athrú ina dhiaidh sin. Tá sé de cheart agat d’ordú a chealú nó do cheannachán a thabhairt ar ais laistigh de 14 lá.

D’fhéadfadh sé gurbh fhearr leat, mar thomhaltóir, ‘táirgí glasa a cheannach’. Is féidir leat lipéad fuinnimh an Aontais Eorpaigh a úsáid chun cabhrú leat é sin a dhéanamh. Bíonn lipéad fuinnimh an Aontais le fáil ar chuid mhór táirgí amhail bolgáin solais, innill níocháin, cuisneoirí agus teilifíseáin. Fágann sin gur fusa na táirgí is éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de a shainaithint. Is é ‘A’ an rátáil a thugtar do na táirgí sin.

Bíonn uisce glan snámha agus óil ar fáil duit san Aontas Eorpach. Níl teorainn le truailliú comhshaoil. Dá bhrí sin, tá an tAontas Eorpach tar éis srianta éigeantacha ar thruailliú aeir agus uisce a thabhairt isteach ar fud na hEorpa. Ní foláir do na Ballstáit a chinntiú go gcloítear leis na leibhéil sin.