Ráiteas inrochtaineachta

Is le hábhar a fhoilsítear ar an bhfearann seo a leanas a bhaineann an ráiteas seo: ‘https://op.europa.eu/webpub/com/lets-explore-europe/ga/ - oscail i dtáb nua.’.

Níl feidhm aige maidir le hábhar nó suíomhanna gréasáin eile a fhoilsítear ar aon fhofhearann eile dá chuid. Beidh a ráiteas inrochtaineachta féin ag na suíomhanna gréasáin sin agus ag an ábhar atá orthu.

Is í Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide a bhainistíonn an suíomh gréasáin seo. Tá sé deartha lena úsáid ag an oiread daoine agus is féidir, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas.

Ba cheart go mbeifeá in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • zúmáil suas le 200% gan fhadhb;
  • nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin gan ach méarchlár a úsáid;
  • nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin trí úsáid a bhaint as léitheoir scáileáin nua-aimseartha agus bogearraí aitheantais urlabhra (ar do ríomhaire nó ar do ghuthán).

Tá an suíomh gréasáin seo deartha chun cloí leis an gcaighdeán teicniúil le haghaidh suíomhanna gréasáin agus aipeanna móibíleacha, mar atá EN 301 549, v.3.2.1 - comhad PDF – oscail i dtáb nua.. Tá sé sin ag teacht go dlúth le leibhéal ‘AA’ de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) leagan 2.1 - oscail i dtáb nua..

Stádas comhlíontachta

Tá an suíomh gréasáin seo i gcomhréir go páirteach le caighdeán teicniúil EN 301 549 v.3.2.1 - comhad PDF – oscail i dtáb nua. agus leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) leagan 2.1 Leibhéal AA - oscail i dtáb nua.. Féach ‘Ábhar neamh-inrochtana’ chun tuilleadh sonraí a fháil.

Rinneadh an suíomh gréasáin a thástáil go deireanach i mí Eanáir 2026.

Ullmhúchán an ráitis seo

Rinneadh athbhreithniú ar an ráiteas seo i mí Eanáir 2026.

Tá an ráiteas bunaithe ar athbhreithniú a rinne conraitheoir seachtrach atá i gceannas ar fhorbairt an tsuímh gréasáin seo ar shampla ionadaíoch de leathanaigh ghréasáin, agus úsáid á baint as meascán de thástáil láimhe agus tástáil uathoibrithe chuige sin.

Aiseolas

Fáiltímid roimh aiseolas uait maidir le hinrochtaineacht an tsuímh gréasáin ‘Cuirimis aithne ar an Eoraip!’. Cuir in iúl dúinn é má thagann tú ar bhaic inrochtaineachta:

Déanaimid iarracht freagra a thabhairt ar aiseolas laistigh de 15 lá gnó ón dáta a fhaigheann an roinn den Choimisiún atá freagrach an fiosrúchán.

Comhoiriúnacht le brabhsálaithe agus teicneolaíocht chúnta

Tá suíomh gréasáin ‘Cuirimis aithne ar an Eoraip!’ deartha le bheith comhoiriúnach leis na teicneolaíochtaí cúnta caighdeánacha is mó a úsáidtear, mar atá:

  • an leagan is déanaí de na brabhsálaithe Google Chrome, Microsoft Edge, Mozilla Firefox agus Apple Safari;
  • in éineacht leis na leaganacha is déanaí de JAWS, NVDA, VoiceOver agus TalkBack.

Sonraíochtaí teicniúla

Braitheann inrochtaineacht an tsuímh gréasáin ‘Cuirimis aithne ar an Eoraip!’ ar na teicneolaíochtaí seo a leanas chun oibriú leis an meascán ar leith de bhrabhsálaí gréasáin agus d’aon teicneolaíochtaí cúnta nó breiseáin atá suiteáilte ar do ríomhaire:

  • HTML
  • WAI-ARIA
  • CSS
  • JavaScript.

Ábhar neamh-inrochtana

In ainneoin na n-iarrachtaí is fearr atá déanta againn chun inrochtaineacht an tsuímh gréasáin ‘Cuirimis aithne ar an Eoraip!’ a chinntiú, táimid ar an eolas faoi roinnt lochtanna agus táimid ag obair chun iad a réiteach. Anseo thíos tá cur síos ar na lochtanna a cuireadh ar ár súile dúinn agus ar na réitigh a d’fhéadfadh a bheith orthu. Déan teagmháil linn má thagann tú ar fhadhb nach bhfuil liostaithe thíos.

Lochtanna atá ar eolas againn don suíomh gréasáin ‘Cuirimis aithne ar an Eoraip!’:

  • Tá droch-chodarsnacht dathanna ar chuid de na míreanna.
  • Tá téacs malartach agus/nó cur síos mionsonraithe in easnamh ó roinnt íomhánna.