Publication document thumbnail

Cuirimis aithne ar an Eoraip!

Dia duit! Fáilte go dtí an Eoraip!

Is as tíortha éagsúla muid agus labhraímid teangacha éagsúla, ach is í an mhór-roinn seo an baile seo againne ar fad.

Tar linn agus cuirimis aithne ar an Eoraip le chéile! Turas eachtrúil trí na blianta agus tríd an spás a bheidh ann agus foghlaimeoidh tú neart rudaí spéisiúla.

De réir mar a théimid ar aghaidh, tástáil thú féin féachaint cén méid a d’fhoghlaim tú. Téigh chuig ár suíomh gréasáin áit a dtiocfaidh tú ar an gcluiche Cuirimis aithne ar an Eoraip! agus ar thráthanna na gceist agus cluichí go leor eile faoin Eoraip.

Foghlaim tuilleadh ar scoil! Iarr ar do mhúinteoir níos mó a insint duit faoi na hábhair sa leabhar seo. Ansin, déan taighde breise i leabharlann na scoile nó ar an idirlíon. D’fhéadfá do leabhrán féin a scríobh fiú faoin méid a d’fhoghlaim tú.

Réidh? Tosaímis mar sin!

  HTML PDF PRINT
Tá an foilseachán seo ar fáil sna formáidí seo a leanas HTML PDF Cuirimis aithne ar an Eoraip! Paper Cuirimis aithne ar an Eoraip!

Mór-roinn le taiscéaladh

Sliabh Elbrus, an sliabh is airde san Eoraip.
Sliabh Elbrus, an sliabh is airde san Eoraip.
© Michael/Pixelio

Tá an Eoraip ar cheann de na seacht mór-roinn ar domhan. Is iad an Afraic, Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Theas, Antartaice, an Áise agus an Astráil/an Aigéine na mór-ranna eile.

Síneann an Eoraip an bealach ar fad ón Artach sa tuaisceart go dtí an Mheánmhuir sa deisceart, agus ón Aigéan Atlantach san iarthar go sléibhte na hÚraile (sa Rúis) san oirthear. Tá go leor aibhneacha, lochanna agus sliabhraonta san Eoraip. Tá ainmneacha roinnt de na cinn is mó sa léarscáil thíos.

Loch na Ginéive, sna hAlpa.
Loch na Ginéive, sna hAlpa.
© Pixelio

Is é Elbrus, i Sléibhte Cugais, an sliabh is airde san Eoraip, agus tá sé ar an teorainn idir an Rúis agus an tSeoirsia. Tá a bhinn is airde 5 642 mhéadar os cionn leibhéal na farraige.

Is é Mont Blanc, sna hAlpa, an sliabh is airde in iarthar na hEorpa. Tá Mont Blanc ar an teorainn idir an Fhrainc agus an Iodáil. Tá a mhullach 4 810 méadar os cionn leibhéal na farraige.

Tá Loch na Ginéive sna hAlpa freisin — an loch fionnuisce is mó in iarthar na hEorpa. Tá sé suite idir an Fhrainc agus an Eilvéis, tá sé 310 méadar ar doimhne agus coinníonn sé tuairim agus 89 dtrilliún lítear d’uisce.

Loch Saimaa, san Fhionlainn.
Loch Saimaa, san Fhionlainn.
© Kratos May/Flickr

Is é Balaton, san Ungáir, an loch is mó san Eoraip láir. Tá sé 77 gciliméadar (km) ar fad agus is é sé tuairim agus 600 ciliméadar cearnach (km2) a achar. Tá lochanna atá níos mó fós ná sin i dtuaisceart na hEorpa, agus Saimaa san Fhionlainn (1 147 km2) agus Vänern sa tSualainn (breis agus 5 500 km2) san áireamh. Is é Loch Ladoga an loch is mó san Eoraip trí chéile. Tá sé suite in iarthuaisceart na Rúise agus tá sé ar an 14ú loch is mó ar domhan. Is é 17 700 km2 achar a dhromchla.

Mór-roinn na hEorpa

Deilt na Danóibe, an Rómáin.
Deilt na Danóibe, an Rómáin.
Deilt na Danóibe, an Rómáin.
© Pixelio

Tá an Danóib ar cheann de na haibhneacha is faide san Eoraip. Éiríonn sí i réigiún na Foraoise Duibhe sa Ghearmáin agus ritheann sí soir tríd an Ostair, an tSlóvaic, an Ungáir, an Chróit, an tSeirbia, an Bhulgáir, an Mholdóiv agus tríd an Úcráin go dtí an Rómáin, ina ndéanann sí deilt ar chósta na Mara Duibhe. Is é tuairim agus 2 850 km a fad ina iomláine.

Tá clú agus cáil ar ghleann an Loire as a chaisleáin áille.
Tá clú agus cáil ar ghleann an Loire as a chaisleáin áille.
© Flickr

I measc na n-aibhneacha móra eile san Eoraip tá an Réin (tuairim agus 1 320 km ar fad), an Eilbe (tuairim agus 1 170 km ar fad) mar aon leis an Loire agus an Viostúile (atá breis agus 1 000 km ar fad araon). An féidir leat iad a aimsiú ar an léarscáil?

Báirse lasta ag taisteal suas an Réin.
Báirse lasta ag taisteal suas an Réin.
© Fridmar Damn/Corbis

Is maith ann iad aibhneacha móra chun rudaí a iompar. Déantar gach cineál earraí a lódáil ar bháirsí a iompraíonn suas agus síos an abhainn iad, idir calafoirt farraige na hEorpa agus cathracha thíos faoin tír.

Ag taisteal timpeall

“Roicéad” Stephenson.
“Roicéad” Stephenson.
© Istock

An raibh a fhios agat gur san Eoraip a ceapadh iarnróid? Ba i Sasana a thóg George Stephenson an chéad traein paisinéirí in 1825. Thugtaí “an Roicéad” ar a inneall traenach ba cháiliúla agus shroich sé luas 40 ciliméadar san uair (km/u) — a bhí thar a bheith tapa an tráth sin.

Tollán Montblanc idir an Iodáil agus an Fhrainc.
Tollán Montblanc idir an Iodáil agus an Fhrainc.
© Wikipedia/Kristoferb

Sa lá atá inniu ann, is éagsúil ar fad iad traenacha ardluais leictreacha na hEorpa leis na chéad innill ghaile sin. Tá siad an-chompordach agus taistealaíonn siad ar luas 330 km/u ar ráillí a tógadh go speisialta dóibh. Tá breis ráillí á dtógáil i gcónaí chun go bhféadfaidh daoine taisteal go tapa idir cathracha móra na hEorpa.

Uaireanta bíonn ar bhóithre agus ar iarnróid sliabhraonta, aibhneacha leathana nó an fharraige go fiú a thrasnú. Mar sin, thóg innealtóirí droichid agus tolláin atá an-fhada. Is é Tollán an Gotthard san Eilvéis an tollán iarnróid is faide san Eoraip.

Is é an tollán Lærdal an tollán bóthair is faide san Eoraip. idir Bergen agus Osló san Iorua. Tá sé breis agus 24 km ar fad agus osclaíodh sa bhliain 2000 é. Tollán tábhachtach eile san Eoraip is ea tollán bóthair Mont Blanc atá 11.6 km ar fad agus a cheanglaíonn an Fhrainc leis an Iodáil. Tógadh é faoi Mont Blanc, an bhinn is airde sna hAlpa (4 810) agus bhí an tollán ar an tollán mórbhealaí ab fhaide ar domhan tráth dá raibh.

Ceann de na droichid is airde ar domhan (336 m ar airde) — Tarbhealach Millau (an Fhrainc).
Ceann de na droichid is airde ar domhan (336 m ar airde) — Tarbhealach Millau (an Fhrainc).
© Jean-Pierre Lescourret/Corbis

Is é an tarbhealach Millau sa Fhrainc droichid is airde ar domhan (336 mhéadar ar airde) agus osclaíodh in 2004 é. Tá Øresund, an droichead bóthair agus iarnróid (16 km ar fad), idir an Danmhairg agus an tSualainn, agus Vasco da Gama, an droichead bóthair (breis agus 17 km ar fad), trasna an Tejo, abhainn sa Phortaingéil, ar chuid de na droichid is faide san Eoraip. As taiscéalaí cáiliúil a ainmníodh an droichead Vasco da Gama agus is féidir leat léamh faoi sin sa chaibidil “Turas trí na blianta”.

Taistealaíonn daoine timpeall na hEorpa ar eitleán freisin mar is fíorthapa an modh taistil é an t-aerthaisteal. Is san Eoraip a tógadh cuid de na heitleáin is fearr dá bhfuil ann — mar shampla, an “Airbus”. I dtíortha Eorpacha éagsúla a dhéantar páirteanna difriúla de Airbus agus ansin cuireann foireann innealtóirí an t-eitleán iomlán le chéile.

Foireann innealtóirí Francacha agus Briotanacha a dhear an t-eitleán paisinéirí is tapúla dá raibh ann, an Concorde. D’fhéadfadh an Concorde eitilt ar luas 2 160 km/u — dhá oiread luas na fuaime — agus d’fhéadfadh sé dul trasna an Atlantaigh i níos lú ná 3 uair an chloig! (Tógann sé tuairim agus 8 n-uaire an chloig ar fhormhór na n-eitleán eile.) D’eitil an Concorde den uair dheiridh in 2003.

An t-eitleán paisinéirí is tapa riamh, an Concorde.
An t-eitleán paisinéirí is tapa riamh, an Concorde.
An t-eitleán paisinéirí is mó ar domhan — an Airbus A380.

Is tapa iad roicéid spáis ná eitleán ar bith. Is tionscadal comhpháirteach idir roinnt tíortha Eorpacha é an roicéad Ariane. Ní thaistealaíonn daoine sa roicéad Ariane: úsáidtear é chun satailítí a lainseáil atá de dhíth le haghaidh líonraí teilifíse agus fón póca, taighde eolaíochta agus mar sin de. Úsáidtear na roicéid Eorpacha sin anois chun go leor de na satailítí ar domhan a lainseáil.

Léiríonn rath an Concorde, an Airbus agus an Ariane an méid is féidir a dhéanamh nuair a oibríonn tíortha Eorpacha le chéile.

Teangacha san Eoraip

Labhraíonn muintir na hEorpa go leor teangacha éagsúla. Baineann an chuid is mó de na teangacha sin le trí mhórghrúpa nó le trí “fhine”: na teangacha Gearmánacha, Slavacha agus Rómánsacha. Tá cosúlacht idir na teangacha i ngach grúpa mar go dtagann siad ó na sinsir chéanna. Mar shampla, tagann na teangacha Rómánsacha ón Laidin — an teanga a labhraíodh na Rómhánaigh.

Seo an chaoi a ndeirtear “Maidin mhaith” nó “Dia duit” i ndornán de na teangacha sin:

 

Na teangacha Gearmánacha

Béarla    Good morning
Danmhairgis    Godmorgen
Gearmáinis    Guten Morgen
Ísiltíris    Goedemorgen
Sualainnis    God morgon

Na teangacha Rómánsacha

Fraincis    Bonjour
Iodáilis    Buongiorno
Portaingéilis    Bom dia
Rómáinis    Bună dimineaţa
Spáinnis    Buenos días

Na teangacha Slavacha

Bulgáiris    Dobró útro
Cróitis    Dobro jutro
Polainnis    Dzień dobry
Seicis    Dobré ráno
Slóvaicis    Dobré ráno
Slóivéinis    Dobro jutro

Is éasca an chosúlacht a fheiceáil sna samplaí sin. Ach is ann do theangacha Eorpacha eile nach bhfuil baint chomh mór sin acu le chéile nó nach bhfuil baint ar bith acu le chéile.

Seo an chaoi a ndeirtear “Maidin mhaith” nó “Dia duit” i roinnt de na teangacha sin.

Gréigis    Kalimera
Eastóinis    Tere hommikust
Fionlainnis    Hyvää huomenta
Gaeilge    Dia duit
Laitvis    Labrīt
Liotuáinis    Labas rytas
Máltais    L-Għodwa t Tajba
Ungáiris    Jó reggelt

I dteanga na Romach atá ina gcónaí ar fud na hEorpa, deirtear Lasho dyes le haghaidh “Maidin mhaith”.

Bíonn sé an-taitneamhach teangacha a fhoghlaim — agus tá tábhacht leis sin i mór-roinn cosúil leis an gceann seo againne. Baineann cuid mhaith dínn taitneamh as dul ar saoire chuig tíortha Eorpacha eile, agus as aithne a chur ar na daoine ansin. Is iontach an deis é sin na frásaí atá ar eolas againn i dteangacha eile a chleachtadh.

An aeráid agus an dúlra

Tá aeráid “mheasartha” sa chuid is mó den Eoraip — ní bhíonn sé róthe ná rófhuar riamh. I bhfad ó thuaidh agus sna sléibhte arda atá na háiteanna is fuaire. I bhfad ó dheas agus soir ó dheas atá na háiteanna is teo.

Sa samhradh a bhíonn an aimsir is teo agus is tirime ann (ó mhí an Mheithimh go mí Mheán Fómhair a bheag nó a mhór) agus sa gheimhreadh a bhíonn an aimsir is fuaire ann (ó mhí na Nollag go mí an Mhárta a bheag nó a mhór).

In 2010 agus in 2015 bhí sé níos teo sa samhradh san Eoraip ná mar a bhí riamh cheana. An comhartha é sin go bhfuil athrú ag teacht ar an aeráid? Is fadhb dhomhanda é an t-athrú aeráide agus ní féidir é a réiteach ach amháin má oibríonn na tíortha go léir le chéile.

Dul i ngleic leis an ngeimhreadh

© Klaus Hackenberg/Corbis

Is iondúil go mbíonn cleití nó fionnadh tiubh ar ainmnithe fiáine i gceantair fhuara chun iad a choinneáil te, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh dath bán ar a gclúmh ionas nach bhfeicfear iad sa sneachta. Caitheann roinnt díobh an geimhreadh ina gcodladh chun fuinneamh a choigilt. Geimhriú a thugtar air sin.

Maireann béir dhonna Eorpacha sna sléibhte, áit a gcaitheann siad an geimhreadh ina gcodladh.
Maireann béir dhonna Eorpacha sna sléibhte, áit a gcaitheann siad an geimhreadh ina gcodladh.

Maireann go leor speicis éan ar fheithidí, ar chréatúir uisce bheaga nó ar bhia eile nach mbíonn ar fáil go héasca i gcaitheamh mhíonna fuara an gheimhridh. Mar sin eitlíonn siad ó dheas san fhómhar agus ní fhilleann siad go dtí an t-earrach. Taistealaíonn cuid acu ar feadh na mílte ciliméadar, trasna na Meánmhara agus an tSahára, chun an geimhreadh a chaitheamh san Afraic. Tugtar imirce ar an taisteal séasúrach sin.

Taitneamh a bhaint as an earrach agus as an samhradh

Is deas an samhradh é sna móinéir sléibhe.
Is deas an samhradh é sna móinéir sléibhe.
© Aleaimage

Nuair a bhíonn sé ina earrach san Eoraip (mí an Mhárta go mí na Bealtaine), éiríonn sé níos teo. Leánn an sneachta agus an t-oighear. Bíonn na sruthanna agus na linnte ar snámh le héisc óga agus le larbhaí feithidí. Tagann éin a dhéanann imirce ar ais lena neadacha a dhéanamh agus a ngearrcaigh a thógáil. Spréann bláthanna agus iompraíonn beacha pailin ó phlanda go planda.

Lonraíonn solas na gréine ar na duilleoga nua a thagann ar na crainn agus baineann na duilleoga úsáid as an bhfuinneamh sin chun go bhfásfaidh na crainn. I gceantair sléibhe, tiomáineann na feirmeoirí a mba suas go dtí na móinéir arda, áit a mbíonn neart féar úr.

Is breá le laghairteanna an aimsir the.
Is breá le laghairteanna an aimsir the.

Tá an ghrian ag teastáil ó ainmhithe fuarfhuilteacha ar nós reiptílí freisin chun fuinneamh a thabhairt dóibh. Sa samhradh, i ndeisceart na hEorpa go háirithe, feicfidh tú laghairteanna go minic agus iad ag luí bolg le gréin agus cloisfidh tú dreoilíní teaspaigh agus ciocáidí ag bíogarnach leo.

An fómhar: tráth an athraithe

Is breá le foichí torthaí freisin!
Is breá le foichí torthaí freisin!

Amach i ndeireadh an tsamhraidh agus san fhómhar, téann an lá i ngiorracht agus téann an oíche i bhfuaire. Aibíonn go leor torthaí blasta an tráth sin den bhliain, agus bíonn na feirmeoirí gnóthach á mbaint. Aibíonn cnónna san fhómhar freisin agus bailíonn agus stórálann ioraí cairn díobh le bheith réidh don gheimhreadh.

Stórálann ioraí cnónna le haghaidh an gheimhridh.
Stórálann ioraí cnónna le haghaidh an gheimhridh.
© Peter Bohot/Pixelio

Cailleann go leor crann a nduilleoga san fhómhar toisc nach mbíonn a dhóthain solais ón ngrian ann a thuilleadh chun go mbeadh na duilleoga úsáideach. Athraíonn siad de réir a chéile ó ghlas go buí, dearg, ór agus donn. Titeann siad ansin agus bíonn siad ina mbrat ildathach ar an talamh. Lobhann na duilleoga tite, leasaíonn siad an ithir agus soláthraíonn bia do na glúine plandaí atá le teacht.

San fhómhar, bíonn brat duilleog daite ar na coillte.
San fhómhar, bíonn brat duilleog daite ar na coillte.
© The irish image collection/Corbis

Is é timthriall bliantúil na séasúr, agus na hathruithe a ghabhann leis, a fhágann gurb álainn agus an-ilchineálach an tírdhreach faoin tuath san Eoraip.

An fheirmeoireacht

Ar shléibhte arda agus i bhfad ó thuaidh san Eoraip, ní féidir feirmeoireacht a dhéanamh toisc go bhfuil sé rófhuar chun go bhfásfadh na barra. Ach bíonn crainn shíorghlasa amhail crainn phéine agus crainn ghiúise go breá i rith geimhrí fuara. Sin an fáth a bhfuil na háiteanna is fuaire san Eoraip clúdaithe le foraoisí síorghlasa. Úsáideann daoine an t-adhmad ó na foraoisí sin chun go leor rudaí a dhéanamh — idir thithe agus troscán a thógáil agus páipéar agus pacáistíocht chairtchláir a tháirgeadh.

Déanfar fíon dearg as na fíonchaora sin.
Déanfar fíon dearg as na fíonchaora sin.

Níos faide ó dheas, oireann an chuid is mó den talamh don fheirmeoireacht. Fástar réimse leathan barr ar an talamh, cruithneacht, grán buí, biatas siúcra, prátaí agus gach cineál torthaí agus glasraí ina measc.

Sna háiteanna a mbíonn an ghrian ag taitneamh go minic agus nach mbíonn ach fíorbheagán seaca ann (gar don Mheánmhuir, mar shampla), is féidir leis na feirmeoirí torthaí amhail oráistí agus líomóidí, fíonchaora agus ológa a fhás. Tá ola in ológa is féidir a bhrú amach as an toradh agus a úsáid chun bia a ullmhú. Fáisctear an sú as fíonchaora, agus déantar fíon as. Tá clú agus cáil ar an Eoraip as an bhfíon fíormhaith a dhéantar ann agus a dhíoltar ar fud an domhain.

Tá uisciú de dhíth ar bharra sna réigiúin thirime.
Tá uisciú de dhíth ar bharra sna réigiúin thirime.

Fásann feirmeoirí na Meánmhara cuid mhór torthaí agus glasraí eile freisin. Is maith mar a aibíonn trátaí, mar shampla, faoin ngrian sa deisceart. Ach teastaíonn neart uisce ó ghlasraí, mar sin is minic a bhíonn ar fheirmeoirí i réigiúin theo, thirime a mbarra a uisciú. Ciallaíonn sin uisce a thabhairt dóibh ó aibhneacha nó ó fhoinse faoin talamh.

Caoirigh ag innilt ar thalamh féaraigh.
Caoirigh ag innilt ar thalamh féaraigh.

Fásann an féar go héasca nuair a bhíonn dóthain báistí ann, fiú amháin más ithir thanaí atá ann nó mura bhfuil sí torthúil. Bíonn ainmhithe a itheann féar — ba, caoirigh nó gabhair mar shampla — ag go leor feirmeoirí Eorpacha. Táirgeann siad bainne, feoil agus táirgí úsáideacha eile ar nós olla agus leathair.

Beireann cearca uibheacha a bhfuil cuid mhór próitéine iontu agus a chuidíonn linn a bheith sláintiúil.
Beireann cearca uibheacha a bhfuil cuid mhór próitéine iontu agus a chuidíonn linn a bheith sláintiúil.

Bíonn muca nó sicíní ag go leor feirmeoirí freisin. Is féidir na hainmhithe sin a thógáil in aon áit nach mór mar gur féidir iad a choinneáil istigh agus iad a chothú le beatha a ullmhaítear go speisialta dóibh. Ní hamháin go dtáirgeann sicíní feoil ach beireann siad uibheacha freisin, agus táirgeann feirmeacha áirithe na mílte uibheacha gach lá.

Is féidir muca a choinneáil taobh istigh.
Is féidir muca a choinneáil taobh istigh.

Tá go leor feirmeacha san Eoraip, idir bheag agus mhór. Tá páirceanna móra i roinnt díobh — agus bíonn sé éasca barra a bhaint ar na feirmeacha sin le meaisíní móra. Ar fheirmeacha eile, mar shampla i limistéir chnocacha, bíonn páirceanna beaga iontu. Cuidíonn ballaí nó fálta sceach idir na páirceanna le bac a chur leis an ngaoth agus leis an mbáisteach an ithir a thabhairt chun siúil, agus is maith ann iad don fhiadhúlra freisin.

Leagan amach páirceanna san Eoraip.
Leagan amach páirceanna san Eoraip.
© Sylvain Saustier/Corbis

Is maith le go leor daoine ón gcathair an deireadh seachtaine agus laethanta saoire a chaitheamh faoin tuath san Eoraip, agus taitneamh a bhaint as an radharc tíre, as an tsíocháin, as an gciúnas agus as an aer úr. Ní mór dúinn uile ár ndícheall a dhéanamh chun féachaint i ndiaidh na tuaithe agus í a choinneáil álainn.

An fharraige

An fharraige a chuir a gcruth ar na hailte cailce seo.
An fharraige a chuir a gcruth ar na hailte cailce seo.
© Pixelio

Síneann cóstaí san Eoraip na mílte agus na mílte ciliméadar. Mhúnlaigh an dúlra na cóstaí sin ar bhealaí difriúla. Is ann d’aillte arda carraigeacha agus tránna gainimh nó clocha duirlinge daite cruthaithe ag an bhfarraige agus í ag greadadh na gcarraigeacha, leis na céadta blianta.

Oighearshruth a shnoigh an fiord seo.
Oighearshruth a shnoigh an fiord seo.
© Brian Lawrence/ Van Parys
Dumhach Pyla — an ceann is airde san Eoraip.
Dumhach Pyla — an ceann is airde san Eoraip.
© Doug Pearson/Corbis
Maireann ceann de na hainmhithe is gainne san Eoraip — an rón manaigh — sa Mheánmhuir.
Maireann ceann de na hainmhithe is gainne san Eoraip — an rón manaigh — sa Mheánmhuir.

San Iorua, roinn oighearshruthanna an cósta ina ghleannta a bhfuil taobhanna géara orthu. Tugtar fiordanna ar na gleannta sin. I roinnt tíortha eile, déanann an fharraige agus an ghaoth dumhcha den ghaineamh. Is é Dune du Pyla atá gar do Arcachon na Fraince an dumhach is airde san Eoraip. Tá sé 107 méadar ar airde.

Tagann ealta lapairí ar bhia in inbhir aibhneacha.
Tagann ealta lapairí ar bhia in inbhir aibhneacha.

Maireann cuid mhór cineálacha iasc agus ainmnithe eile san fharraige timpeall chósta na hEorpa. Cuireann siad bia ar fáil d’éin farraige agus do mhamaigh mhara amhail rónta. San áit a dtéann aibhneacha amach san fharraige, tagann ealta lapairí, le lag trá, chun ainmhithe a mhaireann sa láib a ithe.

Daoine agus an fharraige

Iompraíonn longa coimeádán earraí chuig an Eoraip agus uaithi.
Iompraíonn longa coimeádán earraí chuig an Eoraip agus uaithi.
© Scott Barrow/Corbis

Tá tábhacht leis an bhfarraige do dhaoine freisin. Bhí an oiread sin tábhachta leis an Meánmhuir do na Rómhánaigh go dtugaidís Mare nostrum (“an fharraige seo againne”) uirthi. Leis na céadta blianta, sheol na hEorpaigh ar aigéin an domhain, tháinig siad ar mhór-ranna eile, chuir siad aithne orthu, thrádáil siad le muintir na mór-ranna eile agus chuir siad fúthu iontu. Sa chaibidil “Turas trí na blianta” tiocfaidh tú ar bhreis eolais faoi na haistir fionnachtana iontacha sin.

I mbáid lastais ó gach cearn den domhan, tugtar gach cineál earraí (agus iad pacáilte i gcoimeádáin go minic) chuig calafoirt ghnóthacha na hEorpa. Déantar iad a dhílódáil ansin ar thraenacha, ar leoraithe agus ar bháirsí. Ina dhiaidh sin, lódáiltear na longa le hearraí a táirgeadh anseo agus a dhíolfar ar mhór-ranna eile.

Ceann de na línéir phaisinéirí is mó ar domhan — “Harmony of the Seas”.
Ceann de na línéir phaisinéirí is mó ar domhan — “Harmony of the Seas”.

Is san Eoraip a tógadh cuid de na longa is fearr dá raibh ann. Orthu siúd, tá “Harmony of the Seas” —ceann de na línéir phaisinéirí is mó ar domhan faoi láthair. Sa Fhrainc a tógadh í agus ba in 2016 a chuaigh sí chun farraige den chéad uair.

Tumadóireacht scúba sa Mheánmhuir.
Tumadóireacht scúba sa Mheánmhuir.
© Pixelio

Áiteanna saoire iontacha is ea iad ionaid saoire cois farraige na hEorpa. Is féidir gach cineál spórt uisce a dhéanamh iontu, ón tsurfáil agus ón mbádóireacht go dtí an sciáil uisce agus an tumadóireacht scúba. Nó is féidir leat do scíth a ligean — bolg le gréin a dhéanamh ar an trá agus fuarú síos san fharraige.

An iascaireacht

Itheann na hEorpaigh go leor cineálacha éisc. Tá an tuinnín ar cheann de na cinn is mó díobh!
Trálaer iascaireachta.

Bhí tábhacht riamh leis an iascaireacht do mhuintir na hEorpa. Tháinig bailte iomlána chun cinn timpeall cuanta iascaireachta, agus saothraíonn na mílte daoine a mbeatha trí éisc a ghabháil agus a dhíol nó trí sholáthar a dhéanamh do na hiascairí agus dá dteaghlaigh.

Ní bhíonn bád ag teastáil uait i gcónaí chun dul ag iascaireacht!
Feirmeoireacht bradán.
© Nathalie Fobes/Corbis

Is féidir le báid iascaireachta nua-aimseartha, ar nós na dtrálaer monarchan, líonta móra iasc a ghabháil. Chun deimhin a dhéanamh de go bhfágfar a ndóthain iasc san fharraige, tháinig tíortha na hEorpa ar chomhaontú faoi rialacha i dtaobh an méid iasc is féidir a ghabháil agus faoi eangacha a úsáid trínar féidir le héisc óga éalú.

Bealach eile atá ann le deimhin a dhéanamh de go bhfuil ár ndóthain iasc againn is ea na héisc a thógáil i bhfeirmeacha. Ar chósta thuaisceart na hEorpa, tógtar bradáin i gcliabháin mhóra san fharraige. Is féidir sliogéisc amhail diúilicíní, oisrí agus breallaigh a thógáil ar an dóigh chéanna.

Cóstaí na hEorpa a chosaint

Tá cóstaí na hEorpa agus an fharraige tábhachtach don fhiadhúlra agus don chine daonna. Mar sin, is gá dúinn aire a thabhairt dóibh. Ní mór dúinn a chinntiú nach mbeidh siad truaillithe ag dramhaíl ó mhonarchana agus ó bhailte móra. Baineann timpiste do thancaeir ola uaireanta ina ndoirteann siad chuid mhór ola san fharraige. Fágann sin go dtagann dath dubh ar thránna agus go maraítear na mílte éan farraige.

Tá tíortha na hEorpa ag obair le chéile féachaint lena chinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís agus le deimhin a dhéanamh de go mbeidh ár gcóstaí chomh hálainn céanna do na glúine atá le teacht.

Turas trí na blianta

Leis na mílte blianta anuas, tá athrú ollmhór tagtha ar an Eoraip.
Scéal thar a bheith spéisiúil is ea é! Ach is fada an scéal é agus, mar sin, níl anseo ach roinnt de na buaicphointí.

An Chlochaois

Pictiúir uaimhe réamhstairiúla i Lascaux na Fraince.
Pictiúir uaimhe réamhstairiúla i Lascaux na Fraince.
Wikimedia

Fiagaithe agus cnuasaitheoirí ba ea an chéad dream a chónaigh san Eoraip. Rinne siad pictiúir áille d’eachtraí seilge ar bhallaí roinnt pluaiseanna. Sa deireadh, d’fhoghlaim siad feirmeoireacht, thosaigh siad ag pórú ainmhithe, ag fás barr agus ag cur fúthu i mbailte.

As cloch a dhéanaidís a gcuid arm agus uirlisí — trí phíosaí breochloch a ghéarú, mar shampla.

An Chré-umhaois agus an Iarannaois — Ag foghlaim conas miotal a úsáid

Ceann tua cré-umha.
Ceann tua cré-umha.

Na mílte blianta RCh (sular rugadh Críost), d’fhoghlaim daoine conas saghsanna difriúla miotal a dhéanamh trí chineálacha éagsúla carraigeacha a théamh i dtine an-te. Bhí cré-umha — meascán de chopar agus de stán — crua go leor chun uirlisí agus airm a dhéanamh. Bhí ór agus airgead bog ach fíor-álainn agus d’fhéadfaí iad a mhúnlú ina n-ornáidí.

Ina dhiaidh sin, thángthas ar mhiotal a bhí níos crua fós ná sin: iarann. Ba í an chruach an cineál miotail ab fhearr agus bhí sí láidir agus níor bhris sí go héasca. Mar sin, bhíothas in ann claimhte maithe a dhéanamh aisti. Ach bhí sé thar a bheith casta cruach a dhéanamh, agus dá bhrí sin bhíodh claimhte maithe gann agus luachmhar!

Timpeall 530 RCh a rinneadh an vása Gréagach seo a bhfuil fíoracha dearga air.
Timpeall 530 RCh a rinneadh an vása Gréagach seo a bhfuil fíoracha dearga air.

An tSean-Ghréig
(thart ar 2000 go 200 RCh)

Ba sa Ghréig tuairim agus 4 000 bliain ó shin a thosaigh daoine ag tógáil cathracha. Bhí siad faoi smacht ríthe ar dtús. Ina dhiaidh sin, timpeall 500 RCh, thug cathair na hAithne “an daonlathas” isteach — a chiallaíonn “rialú de chuid na ndaoine”. (In ionad rí a bheith acu, rinne fir na hAithne na cinntí trí vóta a chaitheamh.) Coincheap Eorpach thábhachtach is ea an daonlathas agus scaip sé ar fud an domhain.

Seo a leanas roinnt de na nithe eile a thug na Seán-Ghréagaigh dúinn:

Platón, duine de na smaointeoirí ba mó le rá riamh.
Platón, duine de na smaointeoirí ba mó le rá riamh.
© Marie-LanNguyen/Wikimedia

  • scéalta iontacha faoi dhéithe agus laochra, faoi chogaí agus eachtraí;
  • teampaill ghalánta, dealbha marmair agus potaireacht álainn;
  • na Cluichí Oilimpeacha;
  • amharclanna dea-dheartha, agus scríbhneoirí den scoth a bhfuil a ndrámaí fós á léiriú inniu;
  • múinteoirí amhail Sócraitéas agus Platón, a mhúin do dhaoine conas machnamh loighciúil a dhéanamh;
  • matamaiticeoirí amhail Eoiclídéas agus Píotágarás, a d’oibrigh patrúin agus rialacha amach sa mhata;
  • eolaithe amhail Arastotail (a rinne staidéar ar phlandaí agus ar ainmhithe) agus Éarastaitéanas (a chruthaigh gur sféar é an Domhan agus a d’oibrigh a mhéid amach.)

Impireacht na Róimhe
(thart ar 500 RCh go 500 AD — ciallaíonn AD tar éis bhreith Chríost)

Ní raibh sa Róimh i dtús ach sráidbhaile san Iodáil. Ach bhíodh na Rómhánaigh thar a bheith eagraithe, bhíodh a n-arm lánábalta troid a dhéanamh agus ghabh siad na tíortha uile timpeall na Meánmhara diaidh ar ndiaidh. I ndeireadh thiar, shín impireacht na Róimhe an tslí ar fad ó thuaisceart Shasana go dtí an Sahára agus ón Atlantach go dtí an Áise.

Seo a leanas roinnt de na rudaí a thug na Rómhánaigh dúinn:

Uiscerian Rómhánach arb ann dó fós: Pont du Gard sa Fhrainc.
Uiscerian Rómhánach arb ann dó fós: Pont du Gard sa Fhrainc.
© Alexander Barti/Pixelio
  • bóithre maithe, díreacha a cheangail gach cuid den impireacht le chéile;
  • tithe áille agus clóis iontu, teas lárnach agus tíleanna mósáice ar an urlár;
  • droichid láidre agus uiscerianta (chun uisce a iompar ar feadh achair fhada);
  • áirsí agus barra cruinne — rud a d’fhág go raibh foirgnimh dhaingne agus bhuanseasmhacha acu;
  • ábhair thógála nua, amhail stroighin agus coincréit;
  • scríbhneoirí den scoth amhail Cicearó agus Veirgil;
  • córas dlí na Róimhe, atá fós in úsáid in go leor tíortha Eorpacha sa lá atá inniu ann.
Déantar mósáicí as mionphíosaí cloch, cruain, gloine nó ceirmigh agus úsáidtear iad chun foirgnimh a mhaisiú.

Déantar mósáicí as mionphíosaí cloch, cruain, gloine nó ceirmigh agus úsáidtear iad chun foirgnimh a mhaisiú.

An Mheánaois
(thart ar 500 go 1500 AD)

Nuair a thit impireacht na Róimhe, ghlac daoine éagsúla seilbh ar chodanna éagsúla den Eoraip. Mar shampla…

Na Ceiltigh

Roimh aimsir na Rómhánach, bhíodh cónaí ar na Ceiltigh ar fud na hEorpa. Sa lá atá inniu ann, is sa Bhriotáin (an Fhrainc), i gCorn na Breataine (Sasana), sa Ghailís (an Spáinn), in Éirinn, in Albain agus sa Bhreatain Bheag atá cónaí ar a sliocht go príomha. Sna ceantair sin den Eoraip, tá teanga agus cultúr na gCeilteach beo bríomhar go fóill.

Na Gearmánaigh

Níor lonnaigh gach duine díobh sa Ghearmáin:

Bhí na Lochlannaigh chomh maith sin ag an tseoltóireacht gur shroich siad Meiriceá fiú amháin (ach níor inis siad d’aon duine é!)
Bhí na Lochlannaigh chomh maith sin ag an tseoltóireacht gur shroich siad Meiriceá fiú amháin (ach níor inis siad d’aon duine é!)
  • Chuaigh na hAnglaigh agus na Sacsanaigh chun cónaí i Sasana agus bhí siad i gceannas air go dtí 1066.
  • Ghabh na Fraincaigh cuid mhór den Eoraip, agus an Fhrainc san áireamh, thart ar an tréimhse idir 500 agus 800 AD. Ba é Charlemagne an rí ba cháiliúla a bhí acu.
  • Na Gotaigh (Viseagotaigh agus Ostrogotaigh) a chuir ríochtaí ar bun sa Spáinn agus san Iodáil.
  • I gCríoch Lochlann a bhíodh cónaí ar na na Lochlannaigh. Sna 800idí agus na 900idí chuaigh siad chun farraige chuig tíortha eile, ghoid siad seoda, rinne siad trádáil agus chuir siad fúthu áit a raibh talamh feirme maith.

Na Normannaigh

nó “Northmathr” (“fir an tuaiscirt”). Lochlannaigh ba ea iad a chur fúthu sa Fhrainc (sa limistéar a dtugaimid an Normainn air) agus ghabh siad Sasana in 1066. Léiríonn taipéis Normannach cháiliúil radhairc ón gconcas sin. I músaem in Bayeux, baile sa Fhrainc, a choinnítear í.

Tógadh caisleáin mheánaoiseacha chun an namhaid a choinneáil amach.
Tógadh caisleáin mheánaoiseacha chun an namhaid a choinneáil amach.

Lonnaigh na Slavaigh in go leor ceantar in oirthear na hEorpa agus is dá mbunadh lucht labhartha Slavaise an lae inniu, lena n-áirítear Bealarúisigh, Bulgáraigh, Crótaigh, Polannaigh, Rúisigh, Seicigh, Seirbiaigh, Slóvacaigh, Slóivéanaigh agus Úcránaigh.

Tar éis lonnú na Maigiarach in Imchuach Cairp sa 9ú agus sa 10ú céad, bhunaigh siad Ríocht na hUngáire sa bhliain 1 000. Inniu, tá a sliocht ina gcónaí san Ungáir agus i dtíortha comharsanacha eile.

Aireagán iontach de chuid na Meánaoise ab ea an ailtireacht “Ghotach”. Seo “geargáil” ar Ardeaglais Milano.
Aireagán iontach de chuid na Meánaoise ab ea an ailtireacht “Ghotach”. Seo “geargáil” ar Ardeaglais Milano.
© SXC

Le linn na Meánaoise, bhíodh ríthe agus daoine uaisle ag achrann le chéile go minic agus b’iomaí cogadh a bhíodh ann. (B’shin an tráth ar throid ridirí in arm ar mhuin capaill). Chun iad féin a chosaint ar ionsaí, ba mhinic a chónaíodh ríthe agus daoine uaisle i gcaisleáin dhaingne a raibh ballaí cloiche tiubha iontu. Bhí roinnt de na caisleáin chomh daingean sin gur ann dóibh fós sa lá atá inniu ann.

Radharc ar an mosc meánaoiseach ollmhór in Cordoba (na Spáinne).
Radharc ar an mosc meánaoiseach ollmhór in Cordoba (na Spáinne).
© Dieter Scütz/Pixelio

Ba í an Chríostaíocht an príomhreiligiún san Eoraip i rith na Meánaoise agus tógadh eaglaisí i mbeagnach gach áit. Radharc iontach go deo atá i gcuid acu — go háirithe na hardeaglaisí móra, agus a dtúir arda agus a bhfuinneoga daite.

Bhí baint ag na manaigh leis an bhfeirmeoireacht agus chuidigh siad le talmhaíocht a fhorbairt ar fud na hEorpa. Chuir siad scoileanna ar bun freisin agus rinne siad leabhair a bhí maisithe go hálainn. Bhíodh leabharlanna sna mainistreacha go minic inar caomhnaíodh leabhair thábhachtacha ón tseanaimsir.

I ndeisceart na Spáinne, inarb é Ioslam an príomhreiligiún, thóg na rialtóirí moscanna agus miontúir áille. Is iad na cinn is cáiliúla dá bhfuil ann fós sa lá atá inniu ann an mosc in Córdoba agus miontúr an Giralda in Sevilla agus tá siad araon sa Spáinn.

An Athbheochan
(thart ar 1300 go 1600 AD)

Ceann de na dealbha is cáiliúla ar domhan: David le Michelangelo.
Ceann de na dealbha is cáiliúla ar domhan: David le Michelangelo.
© David Gaya/Wikimedia

Le linn na Meánaoise, ní raibh léamh ná scríobh ag formhór na ndaoine agus ní raibh aon eolas acu taobh amuigh den mhéid a d’fhoghlaim siad sa séipéal. Ní raibh cóipeanna de na leabhair a scríobh na sean-Ghréagaigh ná na sean-Rómhánaigh le fáil ach amháin sna mainistreacha agus sna hollscoileanna. Ach sna 1300idí agus sna 1400idí, thosaigh mic léinn ag cur eolais ar sheanleabhair athuair. Chuir na smaointe agus an t-eolas iontach ar tháinig siad orthu iontu ionadh orthu agus scaipeadh an scéal.

Ceann de na pictiúir is mó cáil ón Athbheochan: Véineas le Botticelli.
Ceann de na pictiúir is mó cáil ón Athbheochan: Véineas le Botticelli.
Wikimedia

Chuir daoine saibhre agus léannta, mar shampla i bhFlórans (na hIodáile) an-suim iontu. Bhí sé d’acmhainn acu leabhair a cheannach — go háirithe nuair a ceapadh an chlódóireacht san Eoraip (1445) — agus thit siad i ngrá leis an tSean-Ghréig agus leis an tSean-Róimh. Bhunaigh siad a dtithe ar pháláis Rómhánacha agus d’íoc siad ealaíontóirí agus dealbhóirí cumasacha chun iad a mhaisiú le radhairc as scéalta Gréagacha agus Rómhánacha, agus le dealbha de dhéithe, de laochra agus d’impirí.

Bhí an chosúlacht air gur tháinig an áilleacht agus an ghaois a bhí caillte ar an saol, gur tháinig siad i dtreis arís. Sin an fáth a dtugtar an “Athbheochan” ar an ré sin. A bhuí leis sin, fuair an domhan:

  • péintéirí agus dealbhóirí den scoth ar nós Michelangelo agus Botticelli;
  • ailtirí cumasacha ar nós Brunelleschi;
  • an ceapadóir agus an t-ealaíontóir iontach Leonardo da Vinci;
  • smaointeoirí iontacha amhail Thomas More, Erasmus agus Montaigne;
  • eolaithe amhail Copernicus agus Galileo (a fuair amach go dtéann an Domhan agus pláinéid eile timpeall na gréine);
  • foirgnimh áille ar nós na gcaisleán i nGleann an Loire;
  • spéis nua sa mhéid is féidir le daoine a bhaint amach.
Dhear Leonardo da Vinci an “héileacaptar” seo 500 bliain ó shin!
Dhear Leonardo da Vinci an “héileacaptar” seo 500 bliain ó shin!
Wikimedia

An Réabhlóid Thionsclaíoch
(thart ar 1750 go 1880 AD)

Cuireadh tús le réabhlóid nua san Eoraip timpeall 250 bliain ó shin — i réimse na “tionsclaíochta”. Thosaigh sí de dheasca géarchéim fuinnimh. Leis na mílte blianta, bhí adhmad agus gualach á ndó ag daoine. Ach ansin, ní raibh aon fhoraois fágtha i gcuid den Eoraip! Cad eile a d’fhéadfaidís a úsáid mar bhreosla?

Henry Bessemer — ceapadóir an déanta cruach nua-aimseartha.
Henry Bessemer — ceapadóir an déanta cruach nua-aimseartha.
Wikimedia

Gual an freagra a bhí ar an gceist sin. Bhí neart guail san Eoraip agus thosaigh mianadóirí ag tochailt ar a lorg. Sholáthair gual cumhacht do na hinnill ghaile nuacheaptha. D’fhéadfaí é a róstadh freisin agus a thiontú ina “chóc”, breosla atá i bhfad níos glaine — agus atá ar fheabhas chun iarann agus cruach a dhéanamh.

Tuairim agus 150 bliain ó shin, cheap Sasanach darbh ainm Henry Bessemer “foirnéis soinneáin” a d’fhéadfadh méideanna móra cruach a tháirgeadh ar bheagán costais. Níorbh fhada go raibh méideanna ollmhóra dí á dtáirgeadh san Eoraip, rud a d’athraigh an domhan! A bhuí le cruach ar chostas íseal, bhíothas ag tógáil scríobairí spéire, droichid ollmhóra, línéir farraige móire, gluaisteán, cuisneoirí… Agus gunnaí agus buamaí cumhachtacha freisin.

Fionnachtana iontacha agus smaointe nua
(thart ar 1500 go 1900 AD)

Macasamhlacha de longa Chríostóir Cholambais.
Macasamhlacha de longa Chríostóir Cholambais.
© E.Benjamin Andrews

In aimsir na hAthbheochana, bhí trádáil le tíortha i bhfad i gcéin ag éirí an-tábhachtach do cheannaithe na hEorpa. Mar shampla, bhí earraí á ndíol san India acu agus bhí spíosraí luachmhara agus clocha lómhara á dtabhairt ar ais acu. Ach ba dheacair taisteal a dhéanamh thar tír agus thóg sé i bhfad, mar sin, theastaigh ó na ceannaithe an India a bhaint amach ar an bhfarraige. Ba é an fhadhb go raibh an Afraic sa tslí — agus tá sí an-mhór!

Vasco da Gama — an chéad fhear a sheol ón Eoraip go dtí an India.
Vasco da Gama — an chéad fhear a sheol ón Eoraip go dtí an India.
© Gregorio Lopes

Mar sin féin, má bhí an domhan cruinn dáiríre (agus bhí daoine ag teacht ar an tuiscint gur mar sin é), ba cheart go mbeadh longa Eorpacha in ann an India an bhaint amach ach seoladh siar díreach. Dá bhrí sin, in 1492, d’imigh Críostóir Colambas agus a gcuid mairnéalach leo ón Spáinn agus thrasnaigh siad an tAtlantach. Ach seachas an India a bhaint amach, tháinig siad ar na Bahámaí (oileáin i Muir Chairib, gar do chósta Mheiriceá).

Mhair an dódó, éan nach raibh eitilt aige, ar oileán san Aigéan Indiach tráth dá raibh. Ba iad na coilínigh Eorpacha a dhíothaigh é.
Mhair an dódó, éan nach raibh eitilt aige, ar oileán san Aigéan Indiach tráth dá raibh. Ba iad na coilínigh Eorpacha a dhíothaigh é.
Wikimedia

Níorbh fhada gur lean taiscéalaithe eile iad. In 1497-98, bhí Vasco da Gama — oifigeach cabhlaigh Portaingéalach — ar an gcéad Eorpach a bhain an India amach trí sheoladh timpeall na hAfraice. In 1519, ba é Ferdinand Magellan — taiscéalaí Portaingéalach eile, a bhí ag obair do Rí na Spáinne — a bhí i gceannas ar an gcéad turas ón Eoraip timpeall an domhain ar fad!

D’fhoilsigh Charles Darwin a theoiric éabhlóide in 1859.
D’fhoilsigh Charles Darwin a theoiric éabhlóide in 1859.
© Julia Margaret Cameron

Sula i bhfad, bhí Eorpaigh ag taiscéalaíocht in oileáin Mhuir Chairib agus i Meiriceá (ar ar thug siad an “Domhan Nua”) agus ag bunú coilíneachtaí iontu. Is é sin le rá, gabh siad an talamh agus mhaígh siad gur lena dtír dhúchais san Eoraip é. Thug siad leo a gcreidimh, a nósanna agus a dteangacha — agus is iad an Béarla agus an Fhraincis na príomhtheangacha a labhraítear i Meiriceá Thuaidh, agus an Spáinnis agus an Phortaingéilis na príomhtheangacha i Meiriceá Láir agus Theas mar gheall air sin.

Le himeacht ama, sheol na hEorpaigh níos faide agus níos faide i gcéin — chuig an tSín, an tSeapáin, an Áise Thoir Theas, an Astráil agus an Aigéine. Dúirt mairnéalaigh a d’fhill ó na tíortha sin i gcéin go bhfaca siad créatúir aisteacha a bhí an-éagsúil leosan san Eoraip. Dá bhrí sin, bhí fonn ar eolaithe na háiteanna sin a thaiscéaladh agus ainmhithe agus plandaí a thabhairt ar ais chuig músaeim na hEorpa. Sna 1800idí, chuaigh taiscéalaithe Eorpacha níos faide isteach san Afraic agus faoi 1910 rinne náisiúin Eorpacha coilíniú ar an gcuid is mó de mhór-roinn na hAfraice.

Idir an dá linn, ar ais san Eoraip, bhí ag méadú ar an tuiscint a bhí ag eolaithe ar an dóigh a bhfeidhmíonn an domhan. Thosaigh geolaithe ag cur ceisteanna orthu féin faoin dóigh ar cruthaíodh an Domhan agus faoi cé chomh sean agus a bhí sé i ndáiríre. Rinne beirt eolaithe iontacha, Jean-Baptiste Lamarck (sa Fhrainc) agus Charles Darwin (i Sasana), amach ar deireadh go ndearna ainmhithe agus plandaí “éabhlóidiú” — agus gur athraigh siad ó speiceas go chéile thar na milliúin agus na milliúin blianta.

Sna 1700idí, bhí ceisteanna tábhachtacha eile á gcur ag daoine freisin — amhail cén chaoi ar cheart tíortha a rialú, agus cé na cearta agus na saoirsí ba cheart a bheith ag daoine. Dúirt an scríbhneoir Jean-Jacques Rousseau gur cheart do gach duine a bheith ar comhchéim le chéile. Dúirt scríbhneoir eile, Voltaire, gurbh fhearr an domhan é dá gcuirfí réasún agus eolas in ionad aineolais agus piseog.

De bharr ré na smaointe nua sin, a dtugtar an “Eagnaíocht” uirthi, rinneadh athruithe móra i roinnt tíortha — mar shampla, tharla Réabhlóid na Fraince in 1789, nuair a chinn na daoine nach rialódh ríthe ná banríonacha iad a thuilleadh. Bhí “saoirse, comhionannas agus bráithreachas” ar cheann de na manaí réabhlóideacha a bhí acu — agus is é sin mana náisiúnta na Fraince anois.

Voltaire, duine de scríbhneoirí móra Ré na hEagnaíochta.
Voltaire, duine de scríbhneoirí móra Ré na hEagnaíochta.
© Catherine Lusurier

Saol na linne seo
(thart ar 1880 go dtí an lá atá inniu ann)

Chuidigh aireagáin Eorpacha eile ón 19ú céad agus ón 20ú céad leis an saol mar atá sé anois a chruthú. Mar shampla:

Ba é Alexander Graham Bell — a rugadh in Albain — a cheap an chéad teileafón. Sa lá atá inniu ann, is san Eoraip a dhéantar na fóin phóca is déanaí.
Ba é Alexander Graham Bell — a rugadh in Albain — a cheap an chéad teileafón. Sa lá atá inniu ann, is san Eoraip a dhéantar na fóin phóca is déanaí.
© Zubro/Wikimedia
An t-inneall peitril 1886
Na chéad teachtaireachtaí raidió 1901
Bácailít, an chéad phlaisteach 1909
Soilse neoin 1912
Teilifís agus mótarbhealaigh 1920idí
Radar agus an peann badhró 1935
Caife ar an toirt 1937
An chéad scairdeitleán 1939
An chéad ríomhaire 1940idí
An Gréasán Domhanda 1980idí

Inniu, tá rudaí atá ag teastáil le haghaidh shaol na linne seo á dtáirgeadh ag thart ar an gceathrú cuid de na daoine atá ag obair san Eoraip: bia agus deochanna; fóin phóca agus ríomhairí; éadaí agus troscán; meaisíní níocháin agus teilifíseáin; gluaisteáin, busanna agus leoraithe agus cuid mhór rudaí eile.

Tá poist “seirbhíse” ag tromlach na noibrithe san Eoraip. Is é sin le rá, oibríonn siad i siopaí agus in oifigí poist, i mbainc, i gcuideachtaí árachais, in óstáin agus i mbialanna, in ospidéil agus i scoileanna, etc. — agus bíonn rudaí á ndíol acu nó seirbhísí atá de dhíth ar dhaoine á soláthar acu.

Ceachtanna a fhoghlaim ón stair

Ar an drochuair, tá níos mó i gceist le scéal na hEorpa ná éachtaí móra a bhféadfaimis a bheith bródúil astu. Is iomaí údar náire atá ann freisin. Leis na céadta blianta, bhí sé ina chogadh idir náisiúin na hEorpa. Bhain na cogaí sin le cumhacht agus le maoin, nó leis an reiligiún den chuid is mó.

Mharaigh coilínigh Eorpacha na milliúin daoine dúchasacha ar mhór-ranna eile — trí throid ina gcoinne nó drochíde a thabhairt dóibh, nó trí ghalair Eorpacha a scaipeadh ina measc de thimpiste. Ghabh na hEorpaigh na milliúin Afracach freisin ionas go n-oibreoidís mar sclábhaithe.

Foghlaimíodh an ceacht ó na héagóracha uafásacha sin. Cuireadh deireadh leis an trádáil Eorpach sclábhaithe sna 1800idí. Tugadh saoirse do na coilíneachtaí sna 1900idí. Agus bhí an tsíocháin i réim san Eoraip ar deireadh.

Le fáil amach conas a tharla sin, léigh an chaibidil a dtugtar “An teaghlach a thabhairt le chéile: scéal an Aontais Eorpaigh” uirthi.

Cogadh…

Ar an drochuair, bhí sé ina achrann minic go leor i measc na nEorpach. Ba mhinic a bhain na hachrainn leis an duine ba cheart tír a rialú, nó leis an bpíosa talún a raibh seilbh ag tír ar leith air. In amanna, theastaigh ó rialtóir níos mó cumhachta a fháil trína chomharsana a chloí, nó le cruthú go raibh a mhuintir féin níos láidre agus níos fearr ná daoine eile.

Ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile, troideadh cogaí uafásacha san Eoraip ar feadh na gcéadta blianta. Sa 20ú céad, thosaigh dhá chogadh mhóra ar an mór-roinn seo ach scaip siad agus bhí baint ag tíortha ar fud an domhain uile leo. Sin an fáth a dtugtar “cogaí domhanda” orthu. Maraíodh na milliúin daoine dá ndeasca agus ba bhocht an mhór-roinn í an Eoraip ina ndiaidh agus fágadh ina fothrach í.

An bhféadfaí aon ní a dhéanamh chun a chinntiú nach dtarlódh a leithéid arís? An bhfoghlaimeodh muintir na hEorpa go brách conas suí síos le chéile agus rudaí a phlé seachas a bheith ag troid?

“D’fhoghlaimeodh” an freagra atá air sin.

Sin scéal ár gcéad chaibidle eile: scéal an Aontais Eorpaigh.

… agus síocháin

Is as go leor tíortha éagsúla dúinne, muintir na hEorpa, agus tá teangacha, traidisiúin, nósanna agus creidimh éagsúla againn. Mar sin féin, tá baint againn uile le chéile, cosúil le teaghlach mór, ar iliomad cúiseanna.

Seo a leanas roinnt díobh sin.

  • Tá an mhór-roinn seo á comhroinnt againn leis na mílte blianta.
  • Is minic a bhíonn baint ag ár dteangacha le chéile.
  • Shíolraigh go leor daoine i ngach tír ó dhaoine ó thíortha eile.
  • Is minic a bhíonn an bunús céanna ag ár dtraidisiúin, ag ár nósanna agus ag ár bhféilte.
  • Roinnimid agus bainimid taitneamh as an gceol agus an ealaín álainn, agus as na drámaí agus as na scéalta iomadúla, a thug daoine ó gach cearn den Eoraip dúinn, leis na céadta blianta anuas.
  • Creideann nach mór gach duine san Eoraip ina leithéid de rudaí agus cothrom na Féinne, muintearas, an tsaoirse chun do thuairimí féin a nochtadh, meas ar a chéile agus aire a thabhairt do dhaoine atá i gcruatan.
  • Mar sin, bainimid taitneamh as a éagsúla agus a suaithinsí atá ár dtír agus ár réigiún féin, ach, bainimid taitneamh as na rudaí atá i bpáirt againn mar Eorpaigh freisin.

Scéal an Aontais Eorpaigh

Tháinig deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda in 1945. Ba thráth uafásach scriosta agus maruithe é, agus thosaigh sé san Eoraip. Cén chaoi a bhféadfadh ceannairí thíortha na hEorpa a chinntiú nach dtarlódh na rudaí tubaisteacha sin go brách arís? Bhí plean an-mhaith nár triaileadh riamh roimhe sin ag teastáil uathu.

Smaoineamh úrnua

Jean Monnet.
Jean Monnet.
© an tAontas Eorpach

Rinne Francach darbh ainm Jean Monnet dianmhachnamh air sin. Thuig sé go raibh dhá rud ag teastáil ó thírsula bhféadfadh sí dul chun cogaidh: iarann chun cruach a tháirgeadh (chun tancanna, gunnaí, buamaí agus mar sin de a dhéanamh) agus gual chun fuinneamh a sholáthar do mhonarchana agus d’iarnróid. Bhí neart guail agus cruach ag an Eoraip: sin an fáth a mbíodh sé éasca do thíortha na hEorpa airm a dhéanamh agus dul chun cogaidh.

Mar sin, chuimhnigh Jean Monnet ar smaoineamh cróga nua. Ba é an smaoineamh a bhí aige nár cheart do rialtas na Fraince ná do rialtas na Gearmáine — agus tíortha eile de chuid an hEorpa freisin b’fhéidir — a bheith i mbun a dtionscal guail agus cruach féin a thuilleadh. Ina ionad sin, ba cheart do dhaoine ó na tíortha uile a bhí páirteach na tionscail sin a eagrú, agus shuífidís timpeall an bhoird agus phléidís rudaí le chéile. Ar an dóigh sin, níorbh fhéidir leo dul chun cogaidh!

Robert Schuman.
Robert Schuman.
© an tAontas Eorpach

Bhraith Jean Monnet go raibh gach seans go mbeadh rath lena phlean dá mbeadh ceannairí na hEorpa toilteanach triail a bhaint as. Labhair sé faoi le Robert Schuman, cara leis a bhí ina aire i rialtas na Fraince. Cheap Robert Schuman gur smaoineamh den scoth ab ea é agus d’fhógair sé in óráid thábhachtach an 9 Bealtaine 1950 é.

Ní hamháin gur ndeachaigh a óráid i bhfeidhm ar cheannairí na Fraince agus na Gearmáine, chuaigh Schuman i bhfeidhm ar cheannairí na Beilge, na hIodáile, na hÍsiltíre agus Lucsamburg freisin. Chinn siad uile a dtionscail guail agus cruach a chur le chéile agus club a bhunú ar thug siad an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach air. D’oibreodh sé ar son na síochána agus chuideodh sé leis an Eoraip a thógáil arís i ndiaidh scrios an chogaidh. Cuireadh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach ar bun in 1951.

An Cómhargadh

Tuirseach den teorainn… Bhíodh scuainí den saghas seo mar chuid den ghnáthshaol san Eoraip.
Tuirseach den teorainn… Bhíodh scuainí den saghas seo mar chuid den ghnáthshaol san Eoraip.
© Keystone

Réitigh na sé thír chomh maith sin le chéile agus iad ag obair le chéile nárbh fhada gur chinn siad club eile a chur ar bun, ar thug siad Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) air. In 1957 a cuireadh ar bun é.

Ciallaíonn “eacnamaíoch” “bainteach leis an eacnamaíocht” — is é sin le rá, bainteach le hairgead, le gnó, le poist agus le trádáil.

Ar cheann de na príomhsmaointe a bhí ann, socraíodh go roinnfeadh tíortha CEE “cómhargadh” ionas go mbeadh sé níos fusa trádáil a dhéanamh le chéile. Go dtí sin, b’éigean do leoraithe agus do thraenacha agus do bháirsí a bhí ag iompar earraí ó thír amháin go tír eile stopadh ag an teorainn i gcónaí, agus ba ghá na páipéir a sheiceáil agus airgead ar tugadh “dleachtanna custam” air a íoc. Chuir sin moill ar chúrsaí agus d’fhág sé go raibh earraí ón gcoigríoch níos daoire.

Ba é an chúis a bhí le cómhargadh fáil réidh leis na seiceálacha teorann, leis na moilleanna agus leis na dleachtanna custam sin uile, agus ligean do thíortha trádáil a dhéanamh le chéile amhail agus nach raibh iontu ach aon tír amháin.

Bia agus feirmeoireacht

Is measiíní mar seo a úsáidtear chun cruithneacht agus barra eile a bhaint.
Is measiíní mar seo a úsáidtear chun cruithneacht agus barra eile a bhaint.
© Randy Wells/Corbis

De dheasca an Dara Cogadh Domhanda, ba rídheacair don Eoraip bia a tháirgeadh nó a iompórtáil ó mhór-ranna eile. Bhí an Eoraip gann ar bhia fiú sna 1950idí luath. Mar sin, tháinig CEE ar shocrú chun a fheirmeoirí a íoc agus níos mó bia a sholáthar, agus deimhin a dhéanamh de go bhféadfaidís a mbeatha a bhaint den talamh.

Tugadh an “comhbheartas talmhaíochta” ar an socrú sin. Bhí rath air. Bhí sé chomh rathúil sin, dáiríre, gur tháirg na feirmeoirí an iomarca bia agus gur ghá an socrú a athrú! Inniu, íoctar feirmeoirí chun aire a thabhairt don tuath freisin tríd an gcomhbheartas talmhaíochta.

Ó Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa go dtí an tAontas Eorpach

Ag dul isteach sa chlub. Sa phictiúr seo, toilíonn an Ghréig le ballraíocht.
Ag dul isteach sa chlub. Sa phictiúr seo, toilíonn an Ghréig le ballraíocht.
© an tAontas Eorpach

Níorbh fhada go raibh an saol níos éasca do dhaoine i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa a bhuí leis an gcómhargadh.

Bhí breis airgid le caitheamh acu, breis bia le hithe agus breis rudaí difriúla ina siopaí. Thug tíortha comharsanachta eile an méid sin faoi deara agus, sna 1960idí, thosaigh cuid acu ag fiafraí an bhféadfaidís dul isteach sa chlub freisin.

Tá laghdú an aerthruaillithe fite fuaite i gcosaint an chomhshaoil — mar shampla, fuinneamh gaoithe a úsáid chun leictreachas a dhéanamh.
Tá laghdú an aerthruaillithe fite fuaite i gcosaint an chomhshaoil — mar shampla, fuinneamh gaoithe a úsáid chun leictreachas a dhéanamh.

Tar éis na mblianta a chaitheamh i mbun plé, chuaigh an Ríocht Aontaithe*, an Danmhairg agus Éire isteach ann in 1973. Chuaigh an Ghréig isteach ann in 1981, an Phortaingéil agus an Spáinn ina dhiaidh sin in 1986, agus an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn in 1995.

Mar sin, bhí 15 bhall sa chlub ansin.

Déanann póilín agus a mhadra seiceáil ar bhagáiste le haghaidh drugaí.
Déanann póilín agus a mhadra seiceáil ar bhagáiste le haghaidh drugaí.

Bhí athrú ag teacht ar an gclub i gcaitheamh na mblianta. Faoi dheireadh 1992, bhí an “margadh aonair” (mar a thugtaí air) cruthaithe aige agus bhí i bhfad níos mó ná sin á dhéanamh aige. Mar shampla, bhí tíortha CEE ag obair le chéile chun an comhshaol a chosaint agus chun bóithre agus iarnróid níos fearr a thógáil ar fud na hEorpa. Chuidigh tíortha saibhre le tíortha níos boichte le bóithre a thógáil agus le tionscadail thábhachtacha eile a chur i gcrích.

Chun an saol a éascú do thaistealaithe, fuair an chuid is mó de thíortha CEE réidh le seiceálacha pas ar na teorainneacha idir eatarthu. Bhí cead ag duine a chónaigh i mballstát amháin dul chun cónaí agus teacht ar obair in aon bhallstát eile. Bhí smaointe nua á bplé ag na rialtais freisin — mar shampla, an chaoi a bhféadfadh póilíní ó thíortha éagsúla cuidiú le chéile le coirpigh, smuigléirí drugaí agus sceimhlitheoirí a ghabháil.

I mbeagán focal, bhí an club an-éagsúil agus i bhfad níos aontaithe ná mar a bhíodh, agus chinn sé, in 1992, a ainm a athrú go dtí an “tAontas Eorpach” (AE).

An teaghlach a thabhairt le chéile

Idir an dá linn, bhí rudaí iontacha ag tarlú lasmuigh de theorainneacha an Aontais. Le blianta fada anuas, coinníodh oirthear agus iarthar na hEorpa scartha ó chéile. Chreid na rialtóirí san oirthear i gcóras rialtais a dtugtar an “Cumannachas” air, rud a d’fhág go raibh an saol dian ar an bpobal ansin. Bhí daoine faoi chois agus cuireadh cuid mhór díobh a labhair amach i gcoinne an réimis chuig campaí géibhinn.

Nuair a thosaigh níos mó agus níos mó daoine ag teitheadh ón oirthear go dtí an t-iarthar, scanraigh sé na rialtóirí san oirthear. Thóg siad claíocha móra agus ballaí arda, cosúil leis an mballa i mBeirlín, chun daoine a chosc ar a dtíortha a fhágáil. Scaoileadh go leor díobh a thriail an teorainn a thrasnú gan chead. Bhí an deighilt chomh cumhachtach sin gur minic a thugtaí an “Cuirtín Iarainn” uirthi.

1989: Balla Bheirlín á leagan.
1989: Balla Bheirlín á leagan.

Ar deireadh, in 1989, cuireadh deireadh leis an deighilt. Leagadh Balla Bheirlín agus níorbh ann don “Chuirtín Iarainn” a thuilleadh dá bharr sin. Níorbh fhada go raibh an Ghearmáin athaontaithe. Roghnaigh muintir lár agus oirthear na hEorpa rialtais nua dóibh féin a fuair réidh le seanréimeas dian na gCumannaithe. Bhí siad saor ar deireadh! B’iontach an tráth ceiliúrtha é.

Thosaigh na tíortha ar tugadh saoirse dóibh ag fiafraí an bhféadfaidís dul isteach san Aontas Eorpach, agus níorbh fhada go raibh scuaine sách fada tíortha “is iarrthóirí” ag fanacht le bheith ina mbaill den Aontas.

Sula bhféadfaidh tír dul isteach san Aontas Eorpach, caithfidh a gheilleagar a bheith bisiúil. Caithfidh sé a bheith daonlathach freisin — is é sin le rá, ní mór do mhuintir na tíre a bheith in ann a rogha rialtóirí a roghnú dóibh féin. Agus ní mór di cearta an duine a urramú. Áiríonn cearta an duine an ceart chun tuairimí a nochtadh, an ceart chun triail chothrom a fháil sula gcuirtear duine i bpríosún, an ceart gan bheith céasta, agus cearta tábhachtacha go leor eile freisin.

Bratacha 28 mBallstát an Aontais Eorpaigh.
Bratacha 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh.

D’oibrigh na tíortha iar-Chumannacha go dícheallach ar na rudaí sin uile agus, tar éis roinnt blianta, bhí ocht gcinn díobh réidh: an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an tSeicia, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Ungáir.

Chuaigh siad isteach san Aontas an 1 Bealtaine 2004, mar aon le dhá oileán sa Mheánmhuir — an Chipir agus Málta. An 1 Eanáir 2007, chuaigh dhá thír iar-Chumannacha isteach sa ghrúpa, an Bhulgáir agus an Rómáin. Chuaigh an Chróit isteach san Aontas an 1 Iúil 2013, rud a d’fhág go raibh 28 dtír ann san iomlán.

Ní dheachaigh an oiread sin tíortha isteach san Aontas in achar chomh gearr sin riamh roimhe sin. Is “teacht le chéile teaghlaigh” amach is amach é seo, agus oirthear, lár agus iarthar na hEorpa á dtabhairt le chéile.

I mí an Mheithimh 2016, vótáil an Ríocht Aontaithe i bhfabhar an tAontas Eorpach a fhágáil, agus in 2020, b’ionann líon iomlán thíortha an Aontais agus 27 dtír.

An méid a dhéanann an tAontas

Féachann an tAontas leis an saol a fheabhsú ar go leor bealaí éagsúla.
Seo a leanas roinnt díobh sin.

An t-athrú aeráide agus an comhshaol

Trasnaíonn an truailliú na teorainneacha, mar sin, oibríonn tíortha na hEorpa le chéile chun an comhshaol a chosaint.
Trasnaíonn an truailliú na teorainneacha, mar sin, oibríonn tíortha na hEorpa le chéile chun an comhshaol a chosaint.
© Javier Larrea /Van Parys

Is le gach duine an comhshaol, mar sin, ní mór do thíortha oibriú le chéile chun é a chosaint. Tá rialacha ag an Aontas faoi thruailliú a chosc agus éin fhiáine (mar shampla) a chosaint. Tá na rialacha sin i bhfeidhm i ngach tír san Aontas agus ní mór do rialtas na dtíortha sin a chinntiú go gcloítear leo. Is fadhb eile é an t-athrú aeráide — a dtugtar an téamh domhanda air freisin — nach féidir le tíortha dul i ngleic leis ina n-aonar. Dá bhrí sin, d’aontaigh tíortha an Aontais oibriú le chéile chun go laghdófar an méid astaíochtaí a tháirgeann siad a dhéanann dochar don atmaisféar agus a chruthaíonn an téamh domhanda. Tá an tAontas ag féachaint le dul i bhfeidhm ar thíortha eile freisin chun go ndéanfaidh siad amhlaidh.

An euro

Úsáidtear an euro in go leor tíortha san Aontas.
Úsáidtear an euro in go leor tíortha san Aontas.
© Harald Reiss/Pixelio

San am atá caite, bhí a cineál airgid féin, nó “airgeadra”, ag gach tír san Eoraip. Sa lá atá inniu ann, tá airgeadra aonair amháin ann, an euro, agus is féidir le gach tír san Aontas é a thabhairt isteach má tá siad ullamh lena aghaidh. Nuair nach bhfuil ach an t-aon airgeadra amháin in úsáid is fusa gnó a dhéanamh agus dul ag taisteal agus siopadóireacht a dhéanamh ar fud an Aontais gan iallach a bheith ag athrú ó airgeadra go chéile. Ina theannta sin, fágann sin go mbíonn an geilleagar níos cobhsaí tráth na géarchéime. Inniu, is é an euro atá mar airgeadra acu in 19 dtír.

Má chuireann tú boinn euro i gcomparáid le chéile, feicfidh tú go bhfuil dearadh ar aghaidh amháin a léiríonn an tír ina ndearnadh é. Tá an aghaidh eile mar an gcéanna sna tíortha uile.

An tsaoirse!

Déanann mic léinn ó thíortha éagsúla staidéar le chéile, le cuidiú ón Aontas.
Déanann mic léinn ó thíortha éagsúla staidéar le chéile, le cuidiú ón Aontas.
© SXC

Tá cead a gcinn ag daoine san Aontas cur fúthu, oibriú nó staidéar a dhéanamh ina rogha tíre san Aontas, agus tá oiread agus is féidir á dhéanamh ag an Aontas chun go mbeadh sé breá simplí aistriú ó thír amháin go tír eile. Nuair a thrasnaíonn tú na teorainneacha idir formhór thíortha an Aontais, ní gá duit do phas a thaispeáint a thuilleadh. Spreagann an tAontas mic léinn agus daoine óga chun am a chaitheamh i mbun staidéir nó oiliúna i dtír Eorpach eile.

Poist

Tá sé fíorthábhachtach daoine a chur faoi oiliúint chun jabanna nua a dhéanamh.
Tá sé fíorthábhachtach daoine a chur faoi oiliúint chun jabanna nua a dhéanamh.
© Javier Larrea /Van Parys

Is den tábhacht go mbeadh poist ag daoine a thaitníonn leo agus a bhfuil siad go maith chucu. Úsáidtear cuid den airgead a thuilleann siad chun íoc as ospidéil agus as scoileanna agus chun aire a thabhairt do dhaoine aosta. Sin an fáth a bhfuil a dhícheall á dhéanamh ag an Aontas chun poist nua fheabhsaithe a chruthú do na daoine atá in ann obair a dhéanamh. Cuidíonn sé le daoine gnólachtaí nua a chur ar bun, agus soláthraíonn sé airgead chun oiliúint a chur ar dhaoine le cineálacha nua oibre a dhéanamh.

Ag cuidiú le réigiúin in am an ghátair

Cuidíonn an tAontas le híoc as bóithre nua.
Cuidíonn an tAontas le híoc as bóithre nua.
© Stephen Mosweeny/Van Parys

Ní thagann an saol go bog ar gach duine gach áit san Eoraip. In áiteanna áirithe, níl a ndóthain post ann do dhaoine toisc gur dúnadh mianaigh nó monarchana. I gceantair áirithe, is deacair feirmeoireacht a dhéanamh de dheasca na haeráide, nó is doiligh trádáil a dhéanamh toisc nach bhfuil a ndóthain bóithre ná iarnród ann.

Téann an tAontas i ngleic leis na fadhbanna sin trí airgead a bhailiú ó na Ballstáit go léir agus úsáid a bhaint as chun cuidiú le réigiúin atá ina ghátar. Mar shampla, cuidíonn sé le híoc as bóithre agus naisc iarnróid nua, agus cuidíonn sé le gnólachtaí poist nua a sholáthar do dhaoine.

Ag cuidiú le tíortha bochta

Tugann an tAontas bia do dhaoine atá ina ghátar.
Tugann an tAontas bia do dhaoine atá ina ghátar.
© Annie Griffiths, Belt/Corbis

In go leor tíortha ar fud an domhain, tá daoine ag fáil bháis nó tá an saol crua orthu de dheasca cogaí, galar agus tubaistí nádúrtha amhail creathanna talún, triomach nó tuilte. Na scoileanna agus na hospidéil, na bóithre agus na tithe atá de dhíth ar an bpobal, is minic nach mbíonn go leor airgid ag na tíortha sin chun iad a thógáil.

Tugann an tAontas airgead do na tíortha sin, agus cuireann sé múinteoirí, dochtúirí, innealtóirí agus saineolaithe eile chucu chun oibriú iontu le cuidiú le saol na ndaoine a fheabhsú iontu. Ina theannta sin, ceannaíonn sé an iliomad rud a tháirgeann na tíortha sin gan dleachtanna custaim a ghearradh. Ar an dóigh sin, is féidir le tíortha bochta breis airgid a thuilleamh.

An tsíocháin

Bratach na hEorpa.
Bratach na hEorpa.

Is iomaí tír ar shnaidhm an tAontas Eorpach cairdeas eatarthu. Ar ndóigh, ní bhíonn siad ar aon intinn faoi gach rud i gcónaí, ach seachas a bheith ag troid le chéile, suíonn a gceannairí le chéile timpeall an bhoird chun na heasaontais eatarthu a réiteach.

Mar sin, fíoraíodh fís Jean Monnet agus Robert Schuman.

Tá an tsíocháin i réim i mBallstáit an Aontais a bhuí leis. Ina theannta sin, tá sé ag obair i dtreo na buansíochána lena chomharsana agus leis an domhan trí chéile.

Labhraíomar faoi chuid de na nithe a dhéanann an tAontas: is iomaí rud eile a dhéanann sé. Leis an bhfírinne a dhéanamh, cuireann an tAontas Eorpach cruth eile ar bheagnach gach gné dár saol. Cé na rudaí ba cheart, nó nár cheart, don Aontas a dhéanamh? Is faoi mhuintir an Aontais atá sé an cinneadh sin a dhéanamh. Conas is féidir linn cead cainte a fháil? Is féidir foghlaim faoi sin sa chéad chaibidil eile.

Tá a bratach féin ag an Eoraip mar aon lena haintiún féin — Óid don Aoibhneas — ón naoú siansa de chuid Beethoven. Scríobhadh na focail bhunaidh sa Ghearmáinis, ach nuair a úsáidtear mar aintiún na hEorpa é ní bhíonn aon fhocail ag gabháil leis — díreach an fonn. Is féidir cluas a thabhairt dó ar an idirlíon.

Tíortha an Aontais Eorpaigh

Tá na tíortha in ord aibítre de réir ainm na tíre ina teanga nó ina teangacha féin (mar a léirítear idir na lúibíní).

Bratach Tír Príomhchathair Daonra
An Bheilg
(Belgique/België)
An Bhruiséil
(Bruxelles/Brussel)
11.4 milliún
An Bhulgáir
(България/Bulgaria)
Sóifia
(София/Sofia)
7.1 milliún
An tSeicia
(Česká republika)
Prág
(Praha)
10.6 milliún
An Danmhairg
(Danmark)
Cóbanhávan
(København)
5.8 milliún
An Ghearmáin
(Deutschland)
Beirlín
(Berlin)
82.8 milliún
An Eastóin
(Eesti)
Taillinn
(Tallinn)
1.3 milliún
Éire
(Éire/Ireland)
Baile Átha Cliath
(Baile Átha Cliath/Dublin)
4.8 milliún
An Ghréig
(Ελλάδα/Elláda)
An Aithin
(Αθήνα/Athinai)
10.7 milliún
An Spáinn
(España)
Maidrid
(Madrid)
46.7 milliún
An Fhrainc
(France)
Páras
(Paris)
66.9 milliún
An Chróit
(Hrvatska)
Ságrab
(Zagreb)
4.1 milliún
An Iodáil
(Italia)
An Róimh
(Roma)
60.5 milliún
An Chipir
(Κύπρος/Kypros)
An Niocóis
(Λευκωσία/Lefkosia)
0.9 milliún
An Laitvia
(Latvija)
Ríge
(Rīga)
1.9 milliún
An Liotuáin
(Lietuva)
Vilnias
(Vilnius)
2.8 milliún
Lucsamburg
(Luxembourg)
Lucsamburg
(Luxembourg)
0.6 milliún
An Ungáir
(Magyarország)
Búdaipeist
(Budapest)
9.8 milliún
Málta
(Malta)
Vaileite
(Valletta)
0.5 milliún
An Ísiltír
(Nederland)
Amstardam
(Amsterdam)
17.2 milliún
An Ostair
(Österreich)
Vín
(Wien)
8.8 milliún
An Pholainn
(Polska)
Vársá
(Warszawa)
38.0 milliún
An Phortaingéil
(Portugal)
Liospóin
(Lisboa)
10.3 milliún
An Rómáin
(România)
Búcairist
(București)
19.5 milliún
An tSlóivéin
(Slovenija)
Liúibleána
(Ljubljana)
2.1 milliún
An tSlóvaic
(Slovensko)
an Bhratasláiv
(Bratislava)
5.4 milliún
An Fhionlainn
Heilsincí
(Suomi/Finland)
(Helsinki/Helsingfors)
5.5 milliún
An tSualainn
Stócólm
(Sverige)
(Stockholm)
10.1 milliún

Baineann figiúirí an daonra le mí Eanáir 2019.

Foinse: Eurostat.

An dóigh a ndéanann an tAontas cinntí

Ní nach ionadh, is gá do chuid mhór daoine iarracht mhór a dhéanamh chun an tAontas a eagrú agus a chinntiú go bhfeidhmeoidh sé mar ba cheart. Cé a dhéanann an obair agus cad a dhéanann siad?

Parlaimint na hEorpa

Déanann Parlaimint na hEorpa ionadaíocht ar mhuintir an Aontais uile. Bíonn cruinniú mór aici gach mí, in Strasbourg (na Fraince), chun plé agus cinneadh a dhéanamh faoi dhlíthe nua don Eoraip. Bíonn baill ó gach ballstát san Aontas ann. Bunaithe ar mhéid na dtíortha, bíonn breis ball ag na tíortha móra ná mar a bhíonn ag na tíortha beaga.

Roghnaítear feisirí Pharlaimint na hEorpa gach 5 bliana, i dtoghchán ina dtugtar deis vótála do gach saoránach fásta den Aontas. Trínár bhFeisire a roghnú, agus trí labhairt leis nó léi, tugtar cead cainte dúinn sa chinneadh a dhéanann an tAontas.

An Chomhairle Eorpach

Sin an áit a dtagann ceannairí thíortha an Aontais le chéile go rialta ag “cruinnithe mullaigh”, chun an dul chun cinn atá á dhéanamh san Eoraip a phlé agus straitéis an Aontais a shocrú. Ní phléann siad rudaí go mion, amhail cén friotal is fear do dhlíthe nua.

An Chomhairle

Ní hamháin gur gá do na Feisirí dlíthe nua le haghaidh na hEorpa a phlé, ach is gá d’airí rialtais ó gach tír san Aontas iad a phlé freisin. Nuair a thagann na hairí le chéile, tugtar “an Chomhairle” orthu.

Tar éis togra a phlé, caitheann an Chomhairle vóta air. Tá rialacha ann faoin líon vótaí atá ag gach tír agus faoin líon atá ag teastáil chun dlí a rith. I gcásanna áirithe, de réir na rialach, bíonn ar an gComhairle aontú go huile agus go hiomlán leis.

Nuair a ritheann an Chomhairle agus an Pharlaimint dlí nua, ní mór do thíortha an Aontais cloí leis.

An Coimisiún Eorpach

Sa Bhruiséil, tagann grúpa ban agus fear (duine ó gach tír san Aontas) le chéile gach Céadaoin chun an chéad rud eile atá le déanamh a phlé. Cuireann rialtas a dtíre na daoine sin ar aghaidh agus glacann Parlaimint na hEorpa leo.

Tugtar “Coimisinéirí” orthu, agus is siadsan an Coimisiún Eorpach. Is é an post atá acu a machnamh a dhéanamh ar leas an Aontais trí chéile, agus dlíthe nua a mholadh don Aontas. Ansin, formheasann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na dlíthe sin.

Tugann saineolaithe, dlíodóirí, rúnaithe, aistritheoirí agus araile cuidiú do na Coimisinéirí lena gcuid oibre. Ritheann siad obair laethúil an Aontais Eorpaigh.

An Chúirt Bhreithiúnais

Mura gcuireann tír an dlí i bhfeidhm i gceart, tabharfaidh an Coimisiún Eorpach rabhadh di faoi agus féadfaidh sé gearán a dhéanamh fúithi leis an gCúirt Bhreithiúnais, i Lucsamburg. Is é ról na Cúirte a chinntiú go gcloítear le dlíthe an Aontais agus go gcuirtear i bhfeidhm ar an dóigh chéanna i ngach áit iad. Tá breitheamh amháin ó gach tír san Aontas sa Chúirt.

Tá baint ag grúpaí eile daoine (coistí saineolaithe agus mar sin de) le cinntí a dhéanamh san Aontas, toisc gur den tábhacht é iad a dhéanamh i gceart.

Amárach…

Ar cheann de na dúshláin atá roimh an Eoraip faoi láthair tá a chinntiú gur féidir le daoine óga poist a bheith acu agus go mbeidh saol maith i ndán dóibh.

Tá fadhbanna móra eile ann sa lá atá inniu ann nach féidir dul i ngleic leo ach trí thíortha timpeall an domhain a chur ag obair as lámh a chéile, mar shampla:

  • an choireacht idirnáisiúnta agus an sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta;
  • an t-ocras agus an bhochtaineacht;
  • an truailliú agus an t-athrú aeráide.

Tá an tAontas Eorpach ag dul i ngleic leis na dúshláin sin, ach ní gan dua a thagann an oiread sin rialtais éagsúla agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú i gcónaí.

Agus rud eile de, is minic a bhraitheann cuid mhór daoine nach dtugtar mórán cead cainte dóibh sa mhéid a chinntear sa Bhruiséil nó in Strasbourg trí vóta a chaitheamh ar son a bhfeisire uair amháin gach 5 bliana agus tríd sin amháin.

… agus ina dhiaidh sin

Mar sin, ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh cead cainte ag gach duine maidir leis an méid a chinneann an tAontas Eorpach.

Conas is féidir linn sin a dhéanamh? An bhfuil aon smaoineamh maith agatsa? Cé na fadhbanna is mó ar cheart don Aontas a bheith ag déileáil leo, dar leat, agus cad é ba mhaith leatsa go ndéanfadh sé le dul i ngleic leo?

Cén fáth nach bpléifeá agus nach mbreacfá síos do smaointe in éineacht le do mhúinteoir agus leis na daoine atá in aon rang leat agus nach seolfá chuig d’Fheisire iad? Tiocfaidh tú ar ainm d’Fheisire agus a sheoladh poist ar an suíomh gréasáin seo a leanas.

Is féidir leat dul i dteagmháil leis an gCoimisiún Eorpach nó le Parlaimint na hEorpa freisin ag ceann de na seoltaí atá i ndeireadh an leabhráin seo agus socrú a dhéanamh fiú go dtabharfadh do rang cuairt ar an dá institiúid sin, b’fhéidir.

Inniu, is muidne páistí na hEorpa: is gearr gur daoine fásta na hEorpa a bheidh ionainn.

An Eoraip: mór-roinn álainn a bhfuil stair an-spéisiúil aici. Is as an Eoraip a thagann cuid mhór de na heolaithe, de na ceapadóirí, de na healaíontóirí agus de na cumadóirí is fearr ar domhan, mar aon le siamsóirí agus imreoirí spóirt rathúla.
Leis na céadta blianta bhí an Eoraip ciaptha ag cogaí agus deighiltí. Ach le breis agus 60 bliain anuas, tháinig tíortha na sean-mhór-roinne seo le chéile ar deireadh ar mhaithe leis an tsíocháin, leis an gcairdeas agus leis an aontacht, chun gur fearrde an Eoraip agus an domhan trí chéile é.
Tá cur síos simplí soiléir ar an scéal sa leabhrán seo do pháistí (atá thart ar 9 mbliana d’aois go 12 bhliain d’aois). Tá neart fíricí suimiúla agus léaráidí ildaite ann mar aon le léargas bríomhar ar an Eoraip agus míniú ar a bhfuil i gceist leis an Aontas Eorpach agus ar an dóigh a bhfeidhmíonn sé.

Téigh chuig an suíomh gréasáin

Tiocfaidh tú ar thráthanna na gceist agus cluichí spraíúla ann chun do chuid eolais a thástáil!

Bain súp as a bheith ag cur aithne ar an Eoraip!

Cuirimis aithne ar an Eoraip! Tráth na gceist

(Nod: tiocfaidh tú ar fhreagraí na gceisteanna seo go léir sa leabhrán seo)

 1.  Cá mhéad mór-roinn atá ar domhan?  7.  Cén t-ábhar, a úsáidtear chun cumhacht a sholáthar d’innill ghaile, a bhí taobh thiar den Réabhlóid Thionsclaíoch?
 2.  Cén dá thír a cheanglaítear le chéile le tollán Mont Blanc?  8.  Cén ócáid stairiúil a tharla in 1789?
 3.  Nuair a eitlíonn éin ó dheas san fhómhar agus nuair a chaitheann siad an geimhreadh i réigiúin theo, cad a thugtar air sin?  9.  Ceapadh an ríomhaire le linn cén tréimhse 10 mbliana?
 4.  Nuair a chuireann feirmeoirí uisce ar a bpáirceanna le huisce ón talamh nó ó aibhneacha, cad a thugtar air sin? 10. Cé mhéad tír san Aontas Eorpach a bhfuil an euro mar airgeadra acu?
 5.  Ainmnigh cineál ainmhí mara is féidir a thógáil. 11. Cá bhfuil Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lonnaithe?
 6.  Cad is brí leis an “daonlathas”? 12. Cé chomh minic agus a bhíonn toghcháin Eorpacha ann?

An mian leat cluichí a imirt, do chuid eolais a thástáil agus tuilleadh aithne a chur ar an Eoraip?
Téigh chuig europa.eu/learning-corner

1. Seacht gcinn (an Eoraip, an Afraic, Meiriceá Thuaidh, Meiriceá Theas, Antartaice, an Áise agus an Astráil/an Aigéine) / 2. An Fhrainc agus an Iodáil / 3. An imirce / 4. An t-uisciú / 5. Bradáin, diúilicíní, oisrí, breallaigh / 6. Rialú de chuid na ndaoine / 7. Gual / 8. Réabhlóid na Fraince / 9. 1940idí / 10. 19 / 11. Lucsamburg / 12. Gach 5 bliana

Daichead duine cáiliúil, A go Z

Is as an Eoraip do go leor de na healaíontóirí, de na cumadóirí, de na ceapadóirí, de na heolaithe agus de na himreoirí spóirt is fearr ar domhan. Luamar roinnt díobh sna caibidlí roimhe seo. B’fhéidir gur chuala tú trácht ar chuid díobh; ní bheidh cur amach agat ar chuid eile díobh. Níl bealach ar bith ar féidir linn iad uile a chur sa leabhar seo, mar sin, níl anseo ach 40 ainm eile, in ord aibítre ó thíortha Eorpacha éagsúla.

Tá spás bán ar deireadh le haghaidh do rogha pearsanta féin. D’fhéadfadh duine cáiliúil ó do thír féin nó do rogha foireann spóirt Eorpach nó popghrúpa Eorpach a bheith i gceist. Cén fáth nach n‑aimseofá grianghraf díobh agus nach ngreamófá den spás bán é, mar aon le dornán fíricí fúthu?

Albert Einstein
© Philippe Halsman/Belga/AFP

Eolaí: An Ghearmáin

In 1905 tháinig sé ar “choibhneasacht” — is é sin le rá, an dóigh a bhfuil nasc idir ábhar, fuinneamh agus am.

Alfred Nobel
WikiCommons / Public domain

Ceimiceoir, ceapadóir agus innealtóir: An tSualainn

Tá 355 fhionnachtain ar a laghad ceaptha aige, agus tá dinimít ar an gceann is iomráití díobh. D'fhág sé cuid mhór dá mhaoin ina dhiaidh chun Gradaim Nobel le haghaidh oirircis a bhunú i gcúig réimse éagsúla.

Anne Frank
© Jewish Chron

Scríbhneoir: An Ísiltír

Tá sí ar dhuine de na híospartaigh Ghiúdacha is clúití dá bhfuil ann de dheasca an Uileloiscthe. Cailleadh i sluachampa géibhinn í nuair a bhí sí 15 bliana d’aois. Tá a dialann ar cheann de na leabhair is mó léamh ar domhan.

Antonio Vivaldi
Wikimedia

Cumadóir: An Iodáil

Scríobh sé go leor píosaí, Na Ceithre Shéasúr (1725) ina measc.

Bono
© European Union

Amhránaí: Éire

Is é Paul David Hewson, a dtugtar an t-ainm stáitse Bono air, príomhamhránaí agus príomhchumadóir amhrán an bhanna rac-cheoil U2. Is cosantóir díograiseach ar an Aontas Eorpach é Bono agus tá clú air as a ghníomhaíochas le haghaidh cúiseanna ceartais shóisialta agus forbairt inbhuanaithe.

Carmen Kass
© Pierre Vauthey/Sygma/Corbis

Mainicín faisin agus bean ghnó: An Eastóin

Bhí sí ar chlúdach na hirise Vogue agus i bhfeachtais le haghaidh brandaí ar nós Chanel agus Gucci. Sheas sí mar iarrthóir do Pharlaimint na hEorpa freisin.

Christo
© Lynn Goldsmith/Corbis

Ealaíontóir: An Bhulgáir

Tá clú air as fabraic a chur thart ar fhoirgnimh, ar shéadchomharthaí agus ar chrainn fiú, mar a rinne sé le parlaimint na Gearmáine in 1995.

Cristiano Ronaldo
WikiCommons/
И. Хохлов/I. Khokhlov

Peileadóir: An Phortaingéil

Bronnadh gradam Imreoir na Bliana de chuid FIFA air cúig huaire . D’imir sé do Sporting Portugal, Manchester United agus do Real Madrid agus bhí sé ina chaptaen ar fhoireann náisiúnta na Portaingéile.

Edward de Bono
© Corbis

Smaointeoir: Málta

Chum sé an téarma “smaointeoireacht chliathánach” agus is é a leabhar “Six Thinking Hats” ba mhó ba chúis lena cháil.

Ernő Rubik
WikiCommons / Babak Mansouri

Ceapadóir agus ailtire: An Ungáir

Cheap sé “Ciúb Rubik” agus puzail mheicniúla eile.

Fryderyk Chopin
Wikimedia

Cumadóir agus pianódóir: An Pholainn

Scríobh sé go leor píosaí don phianó, lena n-áirítear a shaothar cáiliúil na Nocturnes .

Gabrielle “Coco” Chanel
© Man Ray

Dearthóir faisin: An Fhrainc

Pearsa thábhachtach a bhí inti i bhfaisean an 20ú céad mar gheall ar a cuid éadaí nuálacha do mhná.

George Michael
© MAXPPP

Popréalta idirnáisiúnta: An Chipir

Tharraing a cheirníní ar nós Last Christmas clú agus cáil air agus tá breis agus 90 milliún singil díolta aige ar fud an domhain

Georges Remi (Hergé)
© Belga/AFP

Scríbhneoir greannán: An Bheilg

Is é an stiallghreannán Eachtraí Tintin, a scríobh sé ó 1929 go dtí a bhás in 1983, is mó is cúis lena cháil.

Greta Thunberg
© European Union

Gníomhaí: An tSualainn

Tá clú ar an ngníomhaí aeráide atá 16 bliana d’aois as feasacht a ardú faoin ngéarghá atá le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus as iarraidh ar an Aontas Eorpach agus ar na Náisiúin Aontaithe spriocanna atá níos uaillmhianaí ná mar a bhí ann cheana a leagan síos chun an domhan a chosaint.

Hans Christian Andersen
© AKG

Scríbhneoir: An Danmhairg

Chuir a chuid síscéalta iontacha — amhail An Lachín Ghránna agus An Mhaighdean Mhara Bheag — lúcháir ar ghlúin i ndiaidh glún de pháistí timpeall an domhain.

Helena Rubinstein
© Interfoto

Bean ghnó: An Pholainn

Bhunaigh sí an chuideachta chosmaideach Helena Rubinstein, a d’fhág go raibh sí ar dhuine de na mná ba shaibhre agus ba rathúla dá raibh ann lena linn.

Homer
Wikimedia

File: An Ghréig

File mór le rá de chuid na Sean-Ghréige, deirtear sa seanchas gurb é a chum na dánta eipiciúla An Íliad agus An Odaisé.

Ivana Kobilca
Wikimedia

Ealaíontóir: An tSlóivéin

An péintéir mná is tábhachtaí sa tSlóivéin, rinne sí pictiúir d’ábhair neamhbheo, portráidí agus tírdhreacha réalaíocha agus impriseanaíocha.

Jean Monnet
© an tAontas Eorpach

Pearsa pholaitiúil: An Fhrainc

Ba é a d’fhorbair na príomhsmaointe maidir leis an Aontas Eorpach a chruthú agus chuidigh sé leis an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach a bhunú.

Jeanne d’Arc
Wikimedia

Pearsa stairiúil: An Fhrainc

Bhuaigh arm na Fraince an lá roinnt mhaith uaireanta cinniúnacha le linn an Chogaidh Céad Bliain faoina ceannas. Gabhadh ina dhiaidh sin í agus dódh ag an stáca í nuair a bhí sí 19 mbliana d’aois.

Kati Levoranta
© Rovio

Ceannaire gnó: An Fhionlainn

Ceann na cuideachta a chruthaigh na cluichí “Angry Birds” a bhfuil rath orthu ar fud an domhain.

Krišjānis Barons
© Jānis Rieksts

Scríbhneoir: An Laitvia

Tugtar athair na “dainas” air — ceol agus liricí Baltacha traidisiúnta.

Leonardo da Vinci
Wikimedia

Péintéir, dealbhóir, ailtire, eolaí, ceapadóir agus fealsamh: An Iodáil

Phéinteáil sé an phortráid cháiliúil den Mona Lisa agus dhear sé an chéad mhúnla de héileacaptair chomh fada siar le 1493.

Luka Modrić
© Shutterstock

Imreoir peile: An Chróit

D'imir sé do na príomhfhoirne Tottenham Hotspur agus Real Madrid agus is iomaí uair a d'imir sé don Chróit i gCorn an Domhain agus i gcraobhacha Eorpacha.

Maria Callas
© WikiCommons / Houston Rogers

Amhránaí ceoldrámaíochta: An Ghréig

Thugtaí La Divina uirthi freisin agus bhí sí ar na hamhránaithe ceoldrámaíochta ab iomráití agus ba mhó le rá sa 20ú haois.

Marie Curie (Maria Skłodowska-Curie)
© Bettman/Corbis

Eolaí: An Pholainn

Tháinig sí ar raidiam — miotal radaighníomhach — lena fear céile Pierre. Bronnadh Duais Nobel na Fisice orthu in 1903.

Marlene Dietrich
© CinemaPhoto/Corbis

Aisteoir: An Ghearmáin

Bhí an phríomhpháirt aici in go leor scannán, bunleagan an scannáin Around the World in 80 Days (1956) ina measc.

Michael Schumacher
© European Union

Tiománaí de chuid Fhoirmle a hAon: An Ghearmáin

Tá cáil air mar go bhfuil sé ar dhuine de na tiománaithe de chuid Fhoirmle a hAon is fearr dá raibh ann riamh agus craobh an domhain buaite seacht n‑uaire aige.

Mikalojus Konstantinas Čiurlionis
© RIA/Novosti

Péintéir agus cumadóir: An Liotuáin

Duine de na healaíontóirí is cáiliúla sa Liotuáin, chum sé 250 píosa ceoil agus phéinteáil sé 300 pictiúr.

Nadia Comăneci
© Wally McNamee/Corbis

Lúthchleasaí: An Rómáin

Ba í an chéad duine riamh í a fuair lánmharcanna (10 as 10) sa ghleacaíocht sna Cluichí Oilimpeacha in 1976.

Rafael Nadal
WikiCommons

Imreoir leadóige: An Spáinn

Bhuaigh sé an t-iliomad príomhchomórtas agus measann cuid mhór daoine go bhfuil sé ar an imreoir leadóige is fearr dá raibh ann riamh.

Robert Schuman
© an tAontas Eorpach

Polaiteoir: Lucsamburg

Cé gur rugadh i Lucsamburg é, rinneadh Príomh-Aire na Fraince de ina dhiaidh sin. Meastar go forleathan gurbh “athair na hEorpa” é. Rinneadh Dearbhú Schuman an 9 Bealtaine 1950 agus tá an 9 Bealtaine ainmnithe mar“Lá na hEorpa” ó shin i leith.

Saoirse Ronan
© WikiCommons / Siebbi

Aisteoir: Éire

Réalta na stáitse agus an scáileáin, ainmníodh í le haghaidh trí Dhuais Acadaimh (na “Oscars”). Bhí sí ar chlúdach na hirise TIME mar dhuine den deichniúr de dhaoine óga a roghnaíodh mar “Cheannairí ar an gCéad Ghlúin Eile”.

Štefan Banič
© SXC

Ceapadóir: An tSlóvaic

Cheap sé an paraisiút in 1913.

Stromae
© WikiCommons

Ceoltóir: An Bheilg

Amhránaí agus cumadóir amhrán. Bhí singil Stromae ó 2009 Alors on Danse ag uimhir a haon in go leor tíortha Eorpacha. Ba mhinic a bhíodh sé ar an liosta le haghaidh gradaim ceoil agus bhuaigh sé go leor acu

Václav Havel
© Massimo Barbaglia

Drámadóir, polaiteoir agus easaontóir: An tSeicia

Cháin sé réimeas na gCumannaithe agus ba é a bhí i gceannas ar “Réabhlóid na Veilbhite” mar a thugtar uirthi. Bhí sé ar an Uachtarán deiridh ar an tSeicslóvaic agus ar an gcéad Uachtarán ar Phoblacht na Seice.

Vasco da Gama
© Leemage

Taiscéalaí: An Phortaingéil

Duine de na taiscéalaithe ba rathúla le linn Ré Eorpach na Fionnachtana, bhí sé i gceannas ar na chéad longa a sheol go díreach ón Eoraip go dtí an India.

Vincent van Gogh
WikiCommons / Public domain

Ealaíontóir: An Ísiltír

Duine de na healaíontóirí is cáiliúla sa 20ú céad. Bhí tionchar ag péintéirí impriseanaithe na tréimhse air, agus d’fhorbair sé a stíl uathúil féin uathu siúd. Tá Vása agus Dhá Lus na Gréine Dhéag agus An Seomra Leapa in Arles i measc na saothar is cáiliúla leis.

Wolfgang Amadeus Mozart
Wikimedia

Ceoltóir: An Ostair

Cumadóir ceoil chlasaicigh, chum Mozart breis agus 600 saothar agus scríobh sé a chéad cheoldráma in 1770, nuair nach raibh sé ach 14 bliana d’aois.

TREOIRLEABHAR DO MHÚINTEOIRÍ

FOILSEACHÁN AGUS CLUICHE OIDEACHASÚIL AR LINE DO PHÁISTÍ IDIR 9 mBLIANA AGUS 12 BHLIAIN D’AOIS

I. AIDHMEANNA

  • Suim san Eoraip agus san Aontas Eorpach a spreagadh i measc daoine óga atá idir 9 mbliana d’aois agus 12 bhliain d’aois.
  • Daoine óga a chur ar an eolas faoi phríomhghnéithe an tsaoil san Eoraip.
  • Daoine óga a chur ar an eolas faoi stair agus forbairt ghinearálta na hEorpa.
  • Bunú agus forbairt an Aontais Eorpaigh a chur sa chomhthéacs sin.

II. CLÁR

I gcaibidlí ar leith cuirtear príomhghnéithe den Eoraip agus de shaol na hEorpa i láthair i bhfoirm focal agus pictiúr, mar a leanas:

  • Mór-roinn le taiscéaladh léarscáil rilífe de na sléibhte is airde, de na lochanna is mó agus de na haibhneacha is faide san Eoraip.
  • Ag taisteal timpeall iarnród agus bóthar, na tolláin agus na droichid is faide, aerthaisteal agus spástaisteal.
  • Teangacha san Eoraip teangacha Gearmánacha, Rómánsacha, Slavacha, agus teangacha dúchasacha agus mionlaigh eile, agus Roimis.
  • An aeráid agus an dúlra an teocht, an t-athrú aeráide, imirce ainmhithe agus éan, na séasúir.
  • An fheirmeoireacht barra, ainmhithe, uisciú, taitneamh a bhaint as an tuath.
  • An fharraige cóstaí, éisc agus mamaigh mhara, bealaí trádála agus iascaireacht, caomhnú agus cosaint.
  • Turas trí na blianta an Chlochaois, an Chré-umhaois, an Iarannaois, an tSean-Ghréig, Impireacht na Róimhe, an Mheánaois, an Athbheochan, an Réabhlóid Thionsclaíoch, fionnachtana agus smaointe, saol na linne seo, an coilíneachas agus an sclábhaíocht, ón gcogadh go dtí an tsíocháin.
  • Scéal an Aontais ón gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach go dtí an méadú tar éis 1989.
  • An méid a dhéanann an tAontas an t-athrú aeráide agus an comhshaol, an euro, an tsaorghluaiseacht, poist agus oiliúint, tacaíocht réigiúnach, cuidiú le tíortha bochta, agus síocháin a dhéanamh.
  • An dóigh a ndéanann an tAontas cinntí — feidhmiú agus institiúidí an Aontais.
  • Amárach agus ina dhiaidh sin — ag cur leis an rannpháirtíocht dhaonlathach i measc shaoránaigh na hEorpa.
  • Daichead duine cáiliúil ó A go Z; léarscáil den Aontas agus dá chomharsana; tráth na gceist a ghabhann le Cuirimis aithne ar an Eoraip!; agus naisc úsáideacha do dhaltaí agus do mhúinteoirí.

III. TÉAMAÍ CURACLAIM

An tíreolaíocht: cineálacha tírdhreacha; tionchar na haeráide; teacht ar chonclúidí bunaithe ar fhianaise; úsáid léarscáileanna; an suíomh agus dálaí áitiúla, gnéithe fisiceacha agus saorga sa timpeallacht; tionchar an duine ar an timpeallacht; forbairt inbhuanaithe.

An stair: daoine, imeachtaí agus athruithe a chur sna tréimhsí cearta; dátaí agus stór focal a bhaineann le tréimhsí ar leith a úsáid; eolas ar chreidimh, ar dhearcthaí agus ar thaithí daoine san am atá caite; cúiseanna agus iarmhairtí athruithe a fhiosrú; an t-athrú agus an leanúnachas; léirmhíniú ar an am atá thart.

Nuatheangacha iasachta: scileanna léitheoireachta, labhartha agus éisteachta; cumarsáid fhiúntach; tuiscint ar dhifríochtaí agus ar chosúlachtaí; tuiscint ar thíortha agus ar chultúir eile.

Inniúlacht shóisialta agus shibhialta: freagracht i réimsí pearsanta agus poiblí; an daonlathas; cearta agus freagrachtaí; ag ullmhú le ról gníomhach a imirt mar shaoránaigh; féiniúlacht eitneach; rogha aonair agus choiteann agus úsáid acmhainní.

An mhatamaitic: sonraí i dtaobh an daonra; fad agus achar.

An eolaíocht: an gheolaíocht; an réalteolaíocht; an éabhlóid.

An teicneolaíocht agus an dearadh: úsáid uirlisí; aireagáin; fuinneamh gaoithe.

IV. SAMPLAÍ DE GHNÍOMHAÍOCHTAÍ A D’FHÉADFAÍ A DHÉANAMH SA RANG

An tíreolaíocht

  • Roghnaigh abhainn agus pléigh an ról atá aici i dtimthriall an uisce i dtaca le galú-comhdhlúthú-deascadh-bailiú. Príomhghnéithe abhann a aithint; tarraing léaráid lena léiriú; úsáid an léaráid nó timthriall an uisce le haghaidh cluiche ina gcuireann páistí cártaí sainmhínithe le cártaí focal. Úsáid Google Earth chun íomhánna d’aibhneacha na hEorpa a fheiceáil.
  • Fiafraigh de na daltaí cé na tíortha san Eoraip ar thug siad cuairt orthu agus ar thug siad aon difríocht mhór faoi deara sa leagan amach tíreolaíoch, sa tírdhreach, san aeráid, etc.
  • Fiosraigh éifeachtaí dearfacha agus diúltacha an iompair agus na turasóireachta i gcathair Eorpach nó i gceantar Eorpach cois cósta. Déan rólimirt ar iriseoirí agus fiosraigh (e.g. trí cheistneoir a dhéanamh) an chúis a bhfuil níos mó nó níos lú daoine ag dul ar cuairt ar an gcathair/ar an gceantar sin cois cósta.

An stair

  • Roghnaigh Eorpach cáiliúil; scríobhadh na daltaí blag faoi “lá i saol duine” a mbeidh daoine eile in ann a léamh.
  • Pléigh oidhreacht na Gréige nó oidhreacht na Róimhe i do thír féin. Dear agus déan cluiche cláir mar shampla “Nathracha is dréimirí” ag baint úsáid as uimhreacha Rómhánacha nó leagan Gréagach nó Rómhánach de “Monopoly”.
  • An Dara Cogadh Domhanda: pléigh stíl mhaireachtála do shin-seantuismitheoirí le linn an Dara Cogadh Domhanda. I ndiaidh an Chogaidh, an dóigh leat go raibh siad in ann cairdeas a dhéanamh le daoine a raibh siad ag troid leo?

Nuatheangacha iasachta

  • Déan bileog/treoir turasóireachta shimplí do bhaile Eorpach cois farraige i dteanga eile. Taifead fógra teilifíse nó déan bróisiúr chun daoine a spreagadh le cuairt a thabhairt ar an mbaile sin.
  • Aimsigh Cuirimis aithne ar an Eoraip! sa teanga iasachta atá á foghlaim agat. Aistrigh cuid den leabhrán i do theanga féin agus cuir i gcomparáid leis an leagan foilsithe í. (Foilsíodh an foilseachán in 24 leagan teanga agus tá teacht orthu uile ar an suíomh gréasáin).

An mhatamaitic

  • Tríd an léarscáil a úsáid, fiosraigh na faid idir cathracha agus tíortha ar leith ag baint úsáid as scálaí éagsúla. Fiosraigh cá fhad a thógfadh sé an t-achar a thaisteal le cineálacha éagsúla iompair.
  • Dear léarscáil taisce de chathair Eorpach nó de thír Eorpach agus tabhair tagairtí eangaí éagsúla chun an taisce a aimsiú.

An eolaíocht

  • Fiosraigh buanfas agus tréscaoilteacht carraigeacha. Cén cineál cloiche a úsáideadh chun cuid dár ndealbha cathrach cáiliúla a dhéanamh agus cén fáth ár úsáideadh an cineál sin?

An teicneolaíocht

  • Úsáid ábhair agus déantáin chun rud atá ina shiombail ar do chathair nó ar do thír féin a dhearadh; nó tóg múnla de shainchomhartha cáiliúil.

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, 2020
An tAonad Seirbhís Eagarthóireachta agus For-rochtain Dhírithe

Ceadaítear atáirgeadh a dhéanamh air seo.

PrintISBN 978-92-76-11096-5doi:10.2775/50471NA-02-19-742-GA-C
PDFISBN 978-92-76-11065-1doi:10.2775/283719NA-02-19-742-GA-N
HTMLISBN 978-92-76-11909-8doi:10.2775/300520NA-02-19-742-GA-Q

Teagmháil a dhéanamh le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh

AR LÍNE

Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa ag: https://europa.eu/european-union/index_ga

DUL ANN TÚ FÉIN

Tá na céadta Ionad Eolais “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh.

Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil anseo: https://europa.eu/european-union/contact_ga

AR AN bhFÓN NÓ LE RÍOMHPHOST

Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach: Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin: ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (d’fhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin). Ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696, nó le ríomhphost, tríd an suíomh: https://europa.eu/european-union/contact_ga

FOILSEACHÁIN FAOIN EORAIP

Is féidir leat foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh, idir cinn saor in aisce agus cinn a bhfuil praghas orthu, a íoslódáil nó a ordú ag: https://op.europa.eu/ga/publications

Is féidir faisnéis agus leabhráin a fháil i nGaeilge faoin Aontas Eorpach ó seo a leanas:

IONADAÍOCHTAÍ AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH

Tá oifigí (ionadaíochtaí) ag an gCoimisiún Eorpach i ngach Ballstát den Aontas Eorpach:
https://ec.europa.eu/info/about-european-commission/contact/local-offices-eu-member-countries_ga

OIFIGÍ IDIRCHAIDRIMH PHARLAIMINT NA hEORPA

Tá oifig faisnéise ag Parlaimint na hEorpa i ngach Ballstát den Aontas Eorpach:
http://www.europarl.europa.eu/at-your-service/ga/stay-informed/liaison-offices-in-your-country

TOSCAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Tá toscaireachtaí ag an Aontas Eorpach ar fud an domhain:
https://eeas.europa.eu/headquarters/headquarters-homepage/area/geo_en

Foghlaim tuilleadh faoin Eoraip

Europa

Faisnéis faoin Aontas, i ngach ceann de 24 theanga oifigiúil an Aontais:
europa.eu

Cúinne Foghlama

Ábhar teagaisc, cluichí agus cuid mhór eile faoin Aontas Eorpach agus faoina ghníomhaíochtaí, le haghaidh múinteoirí, páistí agus déagóirí:
https://europa.eu/learning-corner/home_ga

Europe Direct

Ionaid faisnéise de chuid an Aontais ar fud na hEorpa. Is féidir leat do chuid ceisteanna a chur trí shaorghlao (00 800 6 7 8 9 10 11) nó trí ríomhphost, nó trí chuairt a thabhairt ar ionad in aice leat:
https://europa.eu/european-union/contact_ga

Stair an Aontais Eorpaigh

Faisnéis agus físeáin faoi stair an Aontais:

An Eoraip Agatsa

Cuidiú agus comhairle do náisiúnaigh an Aontais agus dá gcuid teaghlach:
europa.eu/youreurope/citizens/index_en.htm

Eolas faoin bhfoilseachán seo

Tá an leabhrán seo “Cuirimis aithne ar an Eoraip” agus an treoirleabhar le haghaidh múinteoirí a ghabhann leis le fáil ag:
https://europa.eu/learning-corner/home_ga
https://op.europa.eu/ga/publications

An Coimisiún Eorpach
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Seirbhís eagarthóireachta agus Sprioc For-rochtana
1049 an Bhruiséil
AN BHEILG

Lámhscríbhinn arna críochnú in Eanáir 2020
Léaráidí: Birte Cordes agus Ronald Köhler

Lucsamburg:
Oifig Foilseacháin an Aontais Eorpaigh, 2020

Print ISBN 978-92-76-01559-8doi:10.2775/485328NA-04-19-264-GA-C
PDF ISBN 978-92-76-01551-2doi:10.2775/509395NA-04-19-264-GA-N
HTML ISBN 978-92-76-15345-0doi:10.2775/550527NA-04-19-264-GA-Q