Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
Ár ngníomhaíochtaí in 2023

Cover image

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

Cé muid féin

  • iniúchóir seachtrach an Aontais Eorpaigh (AE);
  • bunaithe le Conradh na Bruiséile 1975 agus tosaithe ag obair i nDeireadh Fómhair 1977;
  • ina Institiúid Eorpach ó 1993 faoi Chonradh Maastricht;
  • comhlacht coláisteach le 27 gComhalta, duine as gach Ballstát den Aontas, arna gceapadh ag an gComhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa;
  • thart ar 950 duine as gach náisiúntacht den Aontas ar an bhfoireann.

An méid a dhéanaimid

  • a chinntiú go bhfuil cuntais chuí á gcoinneáil ag an Aontas, go bhfuil na rialacha airgeadais á gcur i bhfeidhm i gceart aige, agus go gcomhlíonann beartais agus cláir AE na cuspóirí atá beartaithe leo agus go gcuireann siad luach ar airgead ar fáil;
  • cabhrú leis an mbainistiú airgeadais a dhéantar san Aontas a fheabhsú, chomh maith leis an gcuntasacht agus an trédhearcacht a chur chun cinn;
  • rabhadh a thabhairt i dtaobh rioscaí, dearbhú a sholáthar, easnaimh agus scéalta rathúla a chur in iúl, agus treorú a thabhairt do lucht déanta beartais agus reachtóirí an Aontais Eorpaigh;
  • ár mbarúlacha agus moltaí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na rialtas agus parlaimintí náisiúnta, chomh maith leis an bpobal i gcoitinne.

Intreoir ón Uachtarán

A léitheoir dhil,

Agus muid ag druidim le lárphointe bhuiséad fadtéarmach an Aontais do thréimhse 2021-2027, is léir go raibh dúshláin romhainn nach bhfacthas riamh agus nach rabhthas ag súil leo ó glacadh an buiséad, agus gur chuir na dúshláin sin brú suntasach ar a acmhainneacht. Cé go bhfuil fócas bhuiséad an Aontais á chur in oiriúint chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna is práinní amhail tacaíocht don Úcráin, imirce agus an borradh mór ar rátaí úis a bhaineann le cistiú NextGenerationEU, ní mór leanúint de na tosaíochtaí a bhí ann cheana a bhaint amach, amhail taighde agus nuálaíocht, infheistíochtaí i réimse an athraithe aeráide agus an t-aistriú digiteach.

Sa timpeallacht sin, ní mór do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) – mar aon le gach institiúid de chuid an Aontais – a bheith aisghníomhach agus freagrúil chun ár ról mar iniúchóirí seachtracha neamhspleácha an Aontais a chomhlíonadh. Le linn 2023, chuireamar measúnuithe neamhspleácha ar fáil ar bheartais agus cláir an Aontais, trí mheastóireacht a dhéanamh ar an mbainistiú airgeadais ar chistí AE ar fud an Aontais, agus measúnú a dhéanamh ar an luach ar airgead a sholáthar roinnt beartais agus tionscnaimh éagsúla.

Sa tuarascáil seo tugtar forléargas cuimsitheach ar ár ngníomhaíochtaí agus foilseachán in 2023, lena dtugtar faisnéis ar ár mbainistíocht, ár bhfoireann agus ár bhfeidhmeanna tacaíochtaí iniúchóireachta.

Foilsíodh ár dtuarascálacha bliantúla go léir – ina dtugtar mionsonraí ar thorthaí ár gcuid oibre san iniúchóireacht airgeadais agus comhlíontacha ar bhuiséad an Aontais, ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus ar na Cistí Eorpacha Forbraíochta – laistigh de na spriocdhátaí oifigiúla. Sna tuarascálacha speisialta atá foilsithe againn agus ina ndírítear ar chaiteachas agus réimsí beartais sonracha, clúdaítear réimse de thopaicí lena n-áirítear beartas tionsclaíoch an Aontais maidir le ceallraí, spriocanna aeráide, comhionannas do dhaoine faoi mhíchumas agus feidhmíocht na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.

Thairis sin, d’eisíomar ceithre thuairim ina scrúdaítear tograí reachtacha ón gCoimisiún. Tugtar aghaidh sna tuairimí sin ar ábhair thábhachtacha amhail bunú Shaoráid na hÚcráine agus socrúcháin maidir le hacmhainní dílse airgeadais nua an Aontais a chur ar fáil.

Léiríonn na gníomhaíochtaí seo ár dtiomantas leanúnach chun tosaíocht a thabhairt do shaincheisteanna a dhéanann difear díreach do leas shaoránaigh an Aontais.

Ag féachaint chun cinn i dtreo 2024, is dóchúil go dtiocfaidh tuilleadh forbartha agus fáis ar bhuiséad an Aontais chun dul i ngleic le dúshláin atá ag teacht chun cinn. Leis na toghcháin atá ar na bacáin, táimid ag dréim le hathruithe i bParlaimint na hEorpa agus sa Choimisiún, agus is cúis áthais dúinn na cuir chuige agus na deiseanna nua a thiocfaidh in éineacht leo. I measc na n-athruithe sin, tá an Chúirt diongbháilte i gcónaí ina tiomantas don chuntasacht agus don trédhearcacht. Leanfaimid de thuarascálacha neamhspleácha agus oibiachtúla ar phríomh-shaincheisteanna a bhaineann le todhchaí an Aontais a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais, do gheallsealbhóirí institiúideacha agus do chomhpháirtithe ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát.

Idir an dá linn, molaim duit an forléargas mionsonraithe ar ár ngníomhaíochtaí agus ar an méid atá bainte amach againn le bliain anuas a léamh, agus fanacht ar an eolas maidir le gníomhaíochtaí atá fós le teacht.

Tony Murphy
An tUachtarán

Sracfhéachaint ar 2023

Ár ngníomhaíochtaí

Ár Straitéis do 2021‑2025

Bainimid úsáid as straitéisí ilbhliantúla mar threoir dár gcuid oibre iniúchóireachta, chun athrú eagraíochtúil le haghaidh feabhsúchán leanúnach a chur chun cinn agus chun a bheith ar thús cadhnaíochta i gcás forbairtí in iniúchóireacht na hearnála poiblí.

2023: cur chun feidhme na straitéise
– dul chun cinn maith déanta

Ag deireadh 2023, chríochnaíomar an tríú bliain dár straitéis nua do 2021‑2025. Is iad na spriocanna straitéiseacha atá againn don tréimhse cúig bliana seo ná feabhas a chur ar chuntasacht, ar thrédhearcacht agus ar shocruithe iniúchóireachta ar fud gach cineál gníomhaíochta de chuid an Aontais; ár gcuid iniúchtaí a spriocdhíriú ar réimsí agus topaicí inar féidir linn an breisluach is mó a thabhairt i gcrích; agus dearbhú iniúchóireachta láidir a thabhairt i dtimpeallacht atá dúshlánach agus ag athrú.

Chun ár straitéis a chur i bhfeidhm, d’aontaíomar bearta cur chun feidhme le haghaidh gach sprioc agus cuspóir, shannamar freagrachtaí agus leagamar spriocdhátaí síos. I mbliana, leanamar de dhul chun cinn maith a dhéanamh maidir le roinnt gníomhaíochtaí, go sonrach na nithe seo a leanas:

  • tascanna iniúchóireachta a roghnú a chlúdaíonn na réimsí straitéiseacha ar bhealach iomchuí;
  • roinnt iniúchtaí a dhéanamh atá dírithe ar roinnt gnéithe éagsúla den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), lena n-áirítear ár ndara tuairim iniúchóireachta ar chaiteachas RRF i gcomhréir lenár gcur chuige straitéiseach don tionscnamh dar teideal ‘NextGenerationEU’ (NGEU);
  • plean gníomhaíochta a chur le chéile dár n-idirghníomhaíocht le geallsealbhóirí institiúideacha;
  • athbhreithniú meántéarma a dhéanamh ar dhul chun cinn bhearta cur chun feidhme na straitéise.

Iniúchóireacht ar fheidhmíocht agus rialtacht ghníomhaíochtaí an Aontais

Iniúchtaí feidhmíochta,
airgeadais agus comhlíontachta

Cuireann ár n-iniúchtaí tuarascálacha neamhspleácha agus oibiachtúla ar fáil do shaoránaigh agus lucht ceaptha beartais an Aontais maidir le príomh-shaincheisteanna do thodhchaí an Aontais, ina gcuirtear béim ar na nithe a oibríonn go maith, ina dtarraingítear aird ar na nithe nach n-oibríonn agus ina ndéantar moltaí le haghaidh athruithe.

Déileálann ár n-iniúchtaí feidhmíochta le barainneacht, éifeachtúlacht agus éifeachtacht bheartais agus chláir an Aontais. Díríonn siad isteach ar thopaicí a léiríonn na saincheisteanna atá roimh an Aontas Eorpach, amhail:

  •  iomaíochas eacnamaíoch an Aontais;
  •  athléimneacht i leith bagairtí ar shlándáil an Aontais, agus urraim do luachanna Eorpacha na saoirse, an daonlathais agus an smachta reachta;
  •  an t-athrú aeráide, an comhshaol agus acmhainní nádúrtha;
  •  beartais fhioscacha agus staid airgeadais phoiblí an Aontais.

Tá sé mar aidhm leis na hiniúchtaí sin cabhrú leis an Aontas a chuid cuspóirí beartais a chomhlíonadh ar bhealach níos fearr.

Clúdaíonn ár n-iniúchtaí airgeadais agus comhlíontachta buiséad an Aontais, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus buiséid na gCistí Eorpacha Forbraíochta (CEFanna). Cuirimid ár Ráiteas Dearbhaithe ar fáil maidir le beachtas na gcuntas bliantúil, chomh maith le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo.

Is féidir linn freisin iniúchtaí comhlíontachta roghnaithe a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh ar an staid ina bhfuil cuntasaíocht bhuiséadach agus bainistiú airgeadais an Aontais, nó chun measúnú a dhéanamh ar an bhfuil na córais bhainistithe agus rialaithe le haghaidh bailiú agus caitheamh cistí ón Aontas ag comhlíonadh na rialacha is infheidhme ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

Ar deireadh, is sinne an t-iniúchóir seachtrach le haghaidh líon mór gníomhaireachtaí Eorpacha, le haghaidh comhlachtaí díláraithe agus Comhghnóthas agus le haghaidh na Scoileanna Eorpacha.

Déanaimid ár n-iniúchtaí go léir i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta don earnáil phoiblí a bhfuil glacadh go hidirnáisiúnta leo.

Clár oibre

Clár oibre 2024+

I gclár oibre 2024+ a d’eisíomar agus a foilsíodh i mí na Nollag 2023, cuirtear béim ar ár dtosaíochtaí iniúchóireachta do na blianta seo amach romhainn agus tugtar mionsonraí i dtaobh 73 thuarascáil speisialta agus athbhreithniú atá ar intinn againn a fhoilsiú ó 2024 ar aghaidh, chomh maith lenár dtuarascálacha bliantúla. Tá sé ailínithe go mór leis na réimsí tosaíochta atá leagtha síos inár straitéis le haghaidh 2021‑2025.

Faoin teideal ‘Iomaíochas eacnamaíoch an Aontais’, tá sé beartaithe againn tuarascálacha a fhoilsiú ina gclúdófar, i measc nithe eile, intleacht shaorga, an claochlú digiteach, beartas tionsclaíoch hidrigine agus an tionscal micrishliseanna.

Faoi ‘Athléimneacht i leith bagairtí ar shlándáil an Aontais, agus urraim do luachanna Eorpacha na saoirse, an daonlathais agus an smachta reachta’, tá sé beartaithe againn tuarascálacha a fhoilsiú ar thopaicí amhail aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce san Afraic agus soghluaisteacht mhíleata.

Faoi ‘An t-athrú aeráide, an comhshaol agus acmhainní nádúrtha’, tá sé beartaithe againn tuarascálacha a fhoilsiú ina gclúdófar réimse leathan de thopaicí, amhail slándáil an tsoláthair gáis san Aontas, oiriúnú don aeráid agus feirmeoireacht orgánach.

Faoi ‘Bheartais fhioscacha agus airgeadas poiblí an Aontais’, tá sé beartaithe againn tuarascálacha a fhoilsiú ar thopaicí amhail iomaíocht dhíobhálach chánach, acmhainní dílse bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach agus an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha.

Ar fud na réimsí straitéiseacha uile, tá sé beartaithe againn freisin scrúdú a dhéanamh ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, lena gclúdaítear topaicí amhail córais rialaithe sna Ballstáit, agus colúin ghlasa agus dhigiteacha na hionstraime.

Obair allamuigh san iniúchóireacht

Is inár n-áitreabh i Lucsamburg a dhéanaimid formhór na hoibre iniúchóireachta. Tugann ár n-iniúchóirí lear mór cuairteanna ar an gCoimisiún Eorpach – an príomheintiteas a bhíonn faoi iniúchóireacht againn – agus ar institiúidí eile an Aontais, chomh maith le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí, údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla sna Ballstáit, toscaireachtaí AE i dtíortha lasmuigh den Aontas, agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhíonn ag déileáil le cistí ón Aontas.

Tugaimid cuairteanna ar an bhfód ar fhaighteoirí cistí AE freisin, idir fhaighteoirí laistigh den Aontas agus fhaighteoirí thar teorainn amach. Trí bhíthin na seiceálacha sin, bímid in ann an rian iniúchóireachta a leanúint agus fianaise iniúchóireachta a fháil go díreach ón dream atá páirteach i mbainistiú bheartais agus chláir an Aontais agus i mbailiú nó íoc amach cistí AE, chomh maith lena leithéid a fháil ó na tairbhithe.

Níos mó seiceálacha ar an bhfód

Is iondúil go mbíonn beirt nó triúr iniúchóirí ar ár bhfoirne iniúchóireachta, agus bíonn idir cúpla lá agus roinnt seachtainí i gceist le fad na gcuairteanna iniúchóireachta. Tá seiceálacha ar an bhfód ina gcuid lárnach dár gcuid oibre iniúchóireachta i gcónaí. Laistigh den Aontas, déantar iad a chomhordú go hiondúil in idirchaidreamh leis na huasfhorais iniúchóireachta (UFInna) sna Ballstáit lena mbaineann.

In 2023, mhéadaíomar an líon cuairteanna ar an bhfód go suntasach i gcomparáid leis na trí bliana roimhe sin, nuair a bhí srianta COVID fós i bhfeidhm go páirteach. Chaitheamar 3 527 lá ar an iomlán sna Ballstáit agus lasmuigh den Aontas, i gcomparáid le 2 039 lá in 2022, 857 lá in 2021, 1 190 lá in 2020 agus 3 605 lá in 2019. Ina theannta sin, chaith ár n-iniúchóirí 1 370 lá ag institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais, chomh maith le roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta agus gnólachtaí iniúchóireachta príobháideacha éagsúla. Ba iad na figiúirí comhfhreagracha do 2022, 2021, 2020 agus 2019, ná 945, 299, 627 agus 2 504 lá, faoi seach.

Chomh maith le seiceálacha ar an bhfód, leanamar d’iniúchóireacht chianda a úsáid agus fianaise a chruinniú go leictreonach. D’úsáideamar uirlisí físchomhdhála agus teicneolaíocht faisnéise eile, comhroinnt shlán sonraí agus doiciméad, chun idirghníomhú leis na hiniúchaithe.

Ár dtuarascálacha

Is gné bhunriachtanach de shlabhra cuntasachta an Aontais iad ár dtuarascálacha iniúchóireachta, athbhreithnithe agus tuairimí. Cabhraíonn siad le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle faireachán agus grinnscrúdú a dhéanamh ar ghnóthú chuspóirí beartais an Aontais agus eintitis atá freagrach as bainistiú bhuiséad an Aontais a thabhairt chun cuntais, go háirithe i gcomhthéacs an nós imeachta bhliantúil um urscaoileadh.

Tuarascálacha speisialta agus athbhreithnithe

In 2023, d’fhoilsíomar 35 thuarascáil speisialta agus athbhreithniú a thug aghaidh ar an iliomad dúshlán atá roimh an Aontas ar fud réimsí éagsúla caiteachais agus beartas an Aontais. Áiríodh orthu sin an t-aontas fuinnimh, athrú aeráide agus cúnamh forbraíochta, iompar lastais idirmhódúil, beartas tionsclaíoch an Aontais maidir le ceallraí, comhionannas do dhaoine faoi mhíchumas, maoirseacht ar bhaincéireacht an Aontais, bithbhreoslaí, agus coinbhleacht leasa i gcaiteachas an Aontais ar chomhtháthú agus talmhaíocht, gan ach méid beag a lua. Bhain trí cinn de na tuarascálacha le tionscnamh téarnaimh NextGenerationEU: córas rialála an Aontais don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, bainistíocht fiachais NGEU sa Choimisiún agus creat faireacháin feidhmíochta na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.

Inár dtuarascálacha speisialta, scrúdaítear an raibh na cuspóirí i sampla de bheartais agus clár de chuid an Aontais á gcomhlíonadh, ar baineadh amach na torthaí go héifeachtach agus go héifeachtúil, agus an bhfuil breisluach ag gabháil le gníomhaíocht an Aontais, i.e. ar tugadh níos mó i gcrích leo ná mar a thabharfaí i gcrích le gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta. Sna tuarascálacha sin, déanaimid moltaí freisin ina sainaithnímid bealaí chun airgead a shábháil, oibriú níos fearr, diomailt a sheachaint nó na cuspóirí beartais a rabhthas ag súil leo a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtúla.

Tá sé mar aidhm ag ár n-athbhreithnithe cur síos agus anailís a chur ar fáil i dtaobh chúlra na hiniúchóireachta, go minic ó dhearcadh trasearnálach de agus bunaithe ar obair iniúchóireachta atá déanta cheana féin nó ar fhaisnéis eile atá ar fáil go poiblí. Is féidir linn athbhreithnithe a úsáid freisin chun ár n-anailís ar réimsí nó saincheisteanna nach bhfuil iniúchta fós againn a chur i láthair nó fíorais i dtaobh topaicí nó fadhbanna ar leith a shuíomh. I gcodarsnacht le hiniúchtaí, ní thugann athbhreithnithe aghaidh ar cheisteanna meastóireachta agus ní thugann siad dearbhú.

Tugann na leathanaigh seo a leanas léargas ar ár n-obair agus tugtar samplaí de thuarascálacha speisialta ó 2023 a chlúdaíonn réimsí beartais éagsúla.

Úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha
Tuarascáil speisialta 18/2023: Spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais

Is dúshlán domhanda é an t-athrú aeráide ag a bhfuil tionchar suntasach ar shaol shaoránaigh an Aontais. Le himeacht ama, tá spriocanna aeráide agus fuinnimh níos uaillmhianaí leagtha amach ag AE chun freagairt dó sin. Ina measc, tá spriocanna 2020 agus 2030 chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, úsáid fuinnimh in-athnuaite a mhéadú, agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn. Bhí ar na Ballstáit Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide a thíolacadh le haghaidh 2021‑2030, ina raibh beartais dírithe ar bhaint amach na spriocanna. Gheall AE go gcaithfí 20 % ar a laghad dá bhuiséad do 2014‑2020 ar ghníomhú ar son na haeráide. I gcás bhuiséad 2021‑2027, tá sé sin méadaithe go dtí 30 %, thart ar €87 mbilliún in aghaidh na bliana. Sin níos lú ná 10 % den infheistíocht iomlán is gá chun na spriocanna do 2030 a bhaint amach, a mheastar ag thart ar €1 trilliún in aghaidh na bliana. Thiocfadh an chuid eile den infheistíocht ó chistí náisiúnta agus príobháideacha.

Rinneamar measúnú féachaint ar chuir AE le gníomhaíochtaí rathúla chun a spriocanna fuinnimh agus aeráide do 2030 a bhaint amach.

Go deimhin, fuaireamar gur bhain AE amach na spriocanna do 2020. Rannchuidigh tosca seachtracha leis sin, áfach. Níl measúnú déanta ag an gCoimisiún ar a mhéid a tharla an dul chun cinn sin mar gheall ar bheartais seachas tosca seachtracha (e.g. géarchéim airgeadais 2009 agus tionchar phaindéim COVID‑19 in 2020). Thairis sin, níl ach forléargas áirithe aige ar na gníomhaíochtaí a raibh rath orthu i mbaint amach spriocanna 2020. Tá laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa AE go maith i gcomparáid leis an laghdú i dtíortha tionsclaithe eile. Ag cur astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais do 2020 san áireamh, ní áirítear astaíochtaí ó thrádáil, mar gheall ar sceitheadh carbóin (a meastar, má chuirtear san áireamh iad, a mhéadóidh faoi thart ar 8 %) agus ón eitlíocht agus loingseoireacht idirnáisiúnta (3.4 % agus 3.6 % faoi seach). Shainaithin an Coimisiún na hearnálacha rathúla, i.e. na hearnálacha sin atá clúdaithe ag Córas Trádála Astaíochtaí AE, ach níl sonraí aige maidir leis an gcostas a chuireann baint amach spriocanna AE ar bhuiséad an Aontais, ar na buiséid náisiúnta agus ar an earnáil phríobháideach. Freisin, tá easpa sonraí sna Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide maidir le riachtanais infheistíochta agus foinsí cistiúcháin chun a mheas an bonn fónta iad na pleananna sin chun spriocanna 2030 a bhaint amach. Ar an iomlán, is beag léiriú a fuaireamar go dtí seo go dtiocfaidh gníomhaíocht leordhóthanach as spriocanna uaillmhianacha an Aontais do 2030.

Mholamar don Choimisiún: tuilleadh trédhearcachta a sholáthar maidir le feidhmíocht an Aontais agus a Bhallstát ó thaobh gníomhaíochtaí aeráide agus fuinnimh de; na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fad arb é an tAontas is cúis leo a chur san áireamh, lena n-áirítear astaíochtaí sa trádáil agus ón eitlíocht agus loingseoireacht idirnáisiúnta; agus tacú le tiomantas na mBallstát spriocanna 2030 a bhaint amach.

Infheistíocht sa chomhtháthú, san fhás agus sa chuimsiú
Tuarascáil speisialta 15/2023: Beartas tionsclaíoch an Aontais maidir le ceallraí

Tá forbairt agus táirgeadh ceallraí ina ghné fhíorphráinneach de straitéis an Aontais chun go bhféadfar aistriú go dtí fuinneamh glas. Chun cabhrú le AE a bheith ina cheannródaí domhanda i dtáirgeadh agus úsáid inbhuanaithe ceallraí, d’fhoilsigh an Coimisiún plean gníomhaíochta straitéiseach maidir le ceallraí in 2018. Clúdaíonn an plean sin na céimeanna éagsúla den luachshlabhra, sainaithníonn sé spriocanna straitéiseacha agus molann sé uirlisí chun iad sin a bhaint amach.

Rinneamar measúnú féachaint an raibh an Coimisiún éifeachtach maidir le beartas tionsclaíoch na hEorpa ar cheallraí a chur chun cinn. Scrúdaíomar na cuspóirí beartais agus uirlisí idirghabhála atá i bplean gníomhaíochta 2018 agus an dul chun cinn atá déanta ina chur chun feidhme.

Fuaireamar go raibh an Coimisiún éifeachtach i gcur chun cinn bheartas tionsclaíoch AE maidir le ceallraí, in ainneoin go raibh easnamh san fhaireachán, sa chomhordú agus sa spriocdhíriú, agus in ainneoin go bhfuil dúshlán mór straitéiseach fós ann don luachshlabhra ceallraí in AE ó thaobh rochtain a fháil ar amhábhair. Den chuid is mó, rinne an Coimisiún na gníomhaíochtaí ba shuntasaí ina phlean gníomhaíochta a thabhairt i gcrích, trí ionstraimí tábhachtacha a chur i bhfeidhm chun tacú leis an earnáil ceallraí. Tá sé ag déanamh faireacháin ar an luachshlabhra ceallraí AE, bunaithe ar shonraí atá teoranta agus ar minic dóibh a bheith as dáta, áfach, agus ní dhearna sé anailís ar an leibhéal táirgeachta i gceallraí san Aontas atá ag teastáil chun an dá sprioc a bhaint amach i.e. aeráidneodracht agus earnáil iomaíoch mótarfheithiclí a chothabháil in AE. Méadaíonn sé sin an baol nach mbainfear amach an sprioc atá ag an gCoimisiún maidir le hastaíocht nialasach le haghaidh 2035 mar gheall ar tháirgeadh neamhleor ceallraí, nó go mbainfear amach é bunaithe ar cheallraí nó feithiclí leictreacha allmhairithe. Méadaíonn sé freisin an éiginnteacht atá ann faoi shlándáil soláthair na n-amhábhar atá ag teastáil don táirgeadh in AE. Cé go bhfuil forbairt thapa á déanamh ar acmhainneacht táirgeachta i gcealla le haghaidh ceallraí ian litiam laistigh de AE‑27 agus go bhféadfadh méadú a bheith ann ó 44 gigeavatuair in 2020 go dtí 1 200 gigeavatuair faoi 2030, ní áirithítear imscaradh iarbhír na hacmhainneachta sin agus d’fhéadfadh tosca geopholaitiúla agus eacnamaíocha é a chur i mbaol. Anuas air sin, níl forléargas ag an gCoimisiún ar an tacaíocht phoiblí iomlán a tugadh don tionscal, rud a chuireann bac ar a chumas comhordú agus spriocdhíriú leormhaith a áirithiú. Fuaireamar, freisin, go bhfuil na coinníollacha le haghaidh tacaíocht airgeadais do Thionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gcoitinne ag brath ar a suíomh.

Mholamar don Choimisiún: an plean gníomhaíochta straitéiseach maidir le ceallraí a nuashonrú, le béim ar rochtain ar amhábhair a áirithiú; faireachán a neartú le sonraí rialta, atá cothrom le dáta agus cuimsitheach; feabhas a chur ar an bhforléargas atá i gceist le cistiú AE don luachshlabhra ceallraí; feabhas a chur ar an gcomhordú agus ar an spriocdhíriú atá i gceist le cistiú AE don luachshlabhra ceallraí; agus a áirithiú go bhfuil machaire réidh ann do gach rannpháirtí i dTionscadail Thábhachtacha atá ar mhaithe le Leas na hEorpa i gcoitinne ó thaobh rochtain a fháil ar thacaíocht airgeadais phoiblí.

Gníomhaíocht sheachtrach, slándáil agus ceartas
Tuarascáil speisialta 21/2023: An Tionscnamh Spotsolais chun deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban agus na gcailíní

Tá an foréigean in aghaidh na mban/na gcailíní ar cheann de na sáruithe ar chearta an duine is mó atá á dhéanamh ar bhealach córasach agus is forleitheadaí atá. In 2017, sheol AE an Tionscnamh Spotsolais in éineacht leis na Náisiúin Aontaithe (NA). Is é príomhchuspóir an tionscnaimh ná saol saor ó fhoréigean agus ó chleachtais dhíobhálacha a chinntiú do gach bean/cailín, go háirithe iadsan atá imeallaithe agus soghonta. Tá €497 milliún ó AE in ‘Spotsolas’, a bhfuil €465 mhilliún de á bhainistiú ag NA ar 4 mhór-roinn agus i mbreis is 26 thír.

Rinneamar measúnú féachaint ar slí éifeachtúil agus éifeachtach a bhí in ‘Spotsolas’ chun aghaidh a thabhairt ar an bhforéigean in aghaidh ban/cailíní.

Fuaireamar gur iarracht uaillmhianach é ‘Spotsolas’ ó thaobh aghaidh a thabhairt ar an bhforéigean in aghaidh ban/cailíní, ach go bhfuil teorainn leis an tionchar atá aige. Cé go bhfuil aschuir bainte amach ag an tionscnamh agus go ndeachaigh sé chun tairbhe do mhná/do chailíní, is deacair measúnú a dhéanamh ar a mhéid a bhain sé amach na torthaí a bhí beartaithe. D’fhéadfadh an tionscnamh a bheith níos éifeachtúla, agus luach níos fearr ar airgead a bheith i gceist leis. Ba chinneadh polaitiúil a bhí i rogha an Choimisiúin go roghnófaí NA mar chomhpháirtí cur chun feidhme, ar cinneadh é sin a rinneadh chun tacú leis an iltaobhachas. Nuair a bhí an comhpháirtí cur chun feidhme á roghnú ag an gCoimisiún, ní dhearna sé comparáid chríochnúil idir na bealaí éagsúla chun tabhairt faoin gcur chun feidhme agus na costais a bhaineann leo. Fuaireamar freisin go raibh samplaí maithe ann den chomhar idir na príomh-gheallsealbhóirí, ach bhí sé deacair cur chuige comhchuibhithe a chur chun feidhme i dtíortha ina bhfuil éagsúlacht mhór sna comhthéacsanna, agus chuir an líon ard eagraíochtaí cur chun feidhme in NA castacht leis an rialachas. Ina theannta sin, níl measúnú leormhaith ar luach ar airgead déanta i gcás ‘Spotsolas’. Bhí a fhios ag an gCoimisiún go mbeadh costais níos airde ann mar gheall ar NA a roghnú, ach níor fhéach sé le costais indíreacha níos ísle a chaibidliú. Thairis sin, fágann na socruithe faireacháin agus tuairiscithe in ‘Spotsolas’ nach féidir measúnú fónta a dhéanamh ar fheidhmíocht na gclár. Ina theannta in, cé gurbh é aidhm an tionscnaimh na gníomhaíochtaí a dhéanamh inbhuanaithe, níor aimsíodh deontóir nua ar bith agus cruthaíonn sé sin riosca d’inbhuanaitheacht na ngníomhaíochtaí. Ar deireadh, ó thaobh comhroinnt eolais de, fuaireamar go bhfuil an fhaisnéis á stóráil ar shlí sách scaipthe agus nach bhfuil sé éasca ag úsáideoirí leasmhara í a rochtain.

Mholamar don Choimisiún: i gcás tionscnaimh forbartha domhanda a bheidh ann amach anseo, anailís chríochnúil a dhéanamh ar na roghanna éagsúla don chur chun feidhme agus doiciméadú iomlán a dhéanamh ar an réasúnú atá le roghnú na réigiún/na dtíortha agus le leithdháileadh cistí orthu sin; ceachtanna a foghlaimíodh a shníomh isteach i ngníomhaíochtaí amach anseo a bheidh ag tógáil ar an Tionscnamh Spotsolais; i gcás gníomhaíochtaí forbartha amach anseo, an sciar den chistiú do na tairbhithe deiridh a mhéadú agus measúnú a dhéanamh ar an gcost-éifeachtacht; agus inbhuanaitheacht mar aon le forbairt agus comhroinnt eolais a neartú sa tréimhse atá fanta den Tionscnamh Spotsolais.

Rialáil margaí agus an geilleagar iomaíoch
Tuarascáil speisialta 26/2023: Creat faireacháin feidhmíochta na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta

Mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19, rinneadh ciste téarnaimh ar fiú níos mó ná €800 billiún (i bpraghsanna reatha) é – NextGenerationEU (NGEU) – a chur ar bun. Ina chroílár tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), a bunaíodh i bhFeabhra 2021, le huasluach iomlán de €723 bhilliún atá comhdhéanta de suas le €338 mbilliún i ndeontais agus suas le €385 bhilliún in iasachtaí (i bpraghsanna 2022).

Rinneamar measúnú féachaint an bhfuil creat faireacháin RRF iomchuí chun feidhmíocht RRF a thomhas in imeacht ama. Ós rud é nach bhfuil sainmhíniú ar choincheap na ‘feidhmíochta’ sna rialacháin lena rialaítear RRF, bhí sainmhíniú in úsáid againne a chuirimid i bhfeidhm de ghnáth inár gcuid oibre iniúchóireachta, i.e. tomhas ar cé chomh maith a rinne gníomhaíocht, tionscadal nó clár a fuair cistiú ón Aontas a chuspóirí a chomhlíonadh agus cé chomh maith a thugann sé luach ar airgead.

Fuaireamar go bhfuil creat faireacháin RRF ag tomhas an dul chun cinn i gcur chun feidhme, ach nach leor é chun feidhmíocht fhoriomlán RRF a thomhas. Cé go rannchuidíonn garspriocanna agus spriocanna le dul chun cinn i gcur chun feidhme infheistíochtaí agus athchóirithe a thomhas, tá éagsúlacht iontu ó thaobh uaillmhéine de agus is mó a bhíonn siad ag díriú isteach ar aschuir seachas ar thorthaí. Ina theannta sin, tá na táscairí coiteanna ceaptha faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn ionsar bhaint amach chuspóir sonrach agus ginearálta RRF, agus tuairisciú ar an dul chun cinn sin. Ní dhéanann siad, áfach, sé cholún RRF (atá neadaithe i gcuspóir ginearálta RRF) a chlúdach go hiomlán; ní thugann siad léargas iomlán ar an dul chun cinn atá déanta ionsar bhaint amach garspriocanna agus spriocanna atá nasctha le hinfheistíochtaí, agus go háirithe athchóirithe. Thairis sin, ar aon dul leis na garspriocanna agus spriocanna, níl ach méid áirithe táscairí coiteanna ann a dhéanann torthaí a thomhas, agus níl táscaire coiteann ar bith ann a thagraíonn go sainráite don tionchar. Measaimid go bhfuil garspriocanna agus spriocanna RRF chomh maith le táscairí coiteanna RRF ag comhlánú a chéile, ach nach dtugann siad clúdach iomlán do gach gné d’fheidhmíocht RRF. Fuaireamar freisin, ar an iomlán, go ndéantar faireachán dlúth agus seiceáil ar na sonraí a thuairiscítear i gcás na ngarspriocanna agus spriocanna, ach is ann fós do rioscaí maidir le beachtas na sonraí, go háirithe ar leibhéal an fhaighteora deiridh. Tá na sonraí a thuairiscítear i dtaobh na dtáscairí coiteanna sách teoranta, bunaítear cuid mhór ar mheastacháin iad, agus ní dhéanann an Coimisiún seiceálacha bunúsacha creatúlachta orthu. Ar deireadh, tá an Scórchlár Téarnaimh agus Athléimneachta, nó ‘an Scórchlár’ (is é sin uirlis an Choimisiúin chun tuairisciú ar chur chun feidhme RRF), éasca le húsáid, ach tá fadhbanna cáilíochta sonraí ag roinnt leis agus, go pointe áirithe, níl sé trédhearcach.

Mholamar don Choimisiún: creat faireacháin feidhmíochta atá cuimsitheach agus creat meastóireachta a áirithiú; feabhas a chur ar cháilíocht na sonraí a thugtar faoi na táscairí coiteanna; feabhas a chur ar thrédhearcacht agus cáilíocht na sonraí a thuairiscítear sa Scórchlár; agus tuairisciú níos eolasaí agus níos comhleanúnaí a áirithiú, ar tuairisciú é atá ailínithe leis na ceanglais dhlíthiúla go léir.

Maoiniú agus riar an Aontais
Tuarascáil speisialta 05/2023: Mór-réimse airgeadais an Aontais

Tá athrú tagtha ar mhór-réimse airgeadais an Aontais le blianta fada anuas. Is é buiséad an Aontais agus na hionstraimí atá comhtháite go hiomlán ann atá i gcroílár an mhór-réimse, ach tá ionstraimí eile ann freisin atá lasmuigh de bhuiséad an Aontais. Tá méadú mór tagtha ar líon na n-ionstraimí nuachruthaithe sin le 15 bliana anuas. Bhí an méid sin mar fhreagairt ar ghéarchéimeanna éagsúla go príomha, agus freisin mar thoradh ar shrianta dlíthiúla agus praiticiúla maidir le húsáid na n-ionstraimí a bhí ann cheana.

Rinneamar measúnú féachaint an bhfuil údar maith le hiolrú agus éagsúlacht na n-ionstraimí i mór-réimse airgeadais an Aontais. Ba é b’aidhm lenár n-iniúchadh ná léargas a thabhairt ar an dearadh agus na socruithe atá anois ann, agus an scóip a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint chun mór-réimse airgeadais an Aontais a shimpliú agus a chuíchóiriú, bunaithe ar anailís ar ionstraimí roghnaithe.

Is é a fuaireamar, fiú má bhí cúiseanna ann chun cineálacha nua ionstraimí a chruthú, ná go raibh struchtúr manglaim ionstraimí le foinsí éagsúla cistí agus socruithe rialachais ann mar thoradh ar an gcur chuige ceann-ar-cheann a glacadh chun mór-réimse airgeadais an Aontais a chur ar bun. Níor lean an chuid is mó de na hionstraimí an dea-chleachtas trí fhianaise shoiléir a áireamh gurbh é an rogha a roghnaíodh agus a dhearadh an rogha ab oiriúnaí. Fuaireamar amach freisin nach bhfuil socruithe leormhaith maidir le cuntasacht phoiblí ann do gach ceann de na hionstraimí. Tá tuairisciú comhtháite tugtha isteach ag an Aontas, ach níl na hionstraimí go léir clúdaithe. Ina theannta sin, níl sainordú ag an gCúirt Iniúchóirí chun iniúchóireacht a dhéanamh ar roinnt ionstraimí atá lasmuigh de bhuiséad an Aontais. I gcás na n-ionstraimí sin, tá bearna san iniúchóireacht ar a bhfeidhmíocht agus níl aon fhormhaoirseacht ag teacht ó Pharlaimint na hEorpa. Thugamar ar aire freisin an dul chun cinn atá déanta le déanaí maidir leis roinnt ionstraimí a chomhdhlúthú. Níl leas iomlán bainte as an bhféidearthacht chun simpliú a dhéanamh, áfach, go háirithe do na hionstraimí a thugann cúnamh airgeadais.

Mholamar don Choimisiún: a áirithiú go bhfuil measúnú ar an dearadh agus na roghanna a roghnaíodh san áireamh in aon ionstraim a mholann sé, agus an dea-chleachtas sin a roinnt leis an gComhairle; faisnéis a thiomsú agus a fhoilsiú maidir le mór-réimse airgeadais foriomlán an Aontais; a mholadh go ndéanfaí an Ciste don Nuachóiriú a chomhtháthú i mbuiséad an Aontais, agus a mholadh go ndéanfar ionstraimí atá ann cheana maidir le cúnamh airgeadais a chomhtháthú agus a chomhdhlúthú.

Tuarascálacha bliantúla agus tuarascálacha bliantúla sonracha

Is é is mó a bhíonn i gceist le tuarascálacha bliantúla ná cur i láthair ar thorthaí ár Ráitis Dearbhaithe maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh, maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus maidir le buiséad na gCistí Eorpacha Forbraíochta (CEFanna), ach chomh maith leis sin clúdaítear gnéithe den fheidhmíocht agus de bhainistiú buiséadach agus airgeadais.

Sna tuarascálacha bliantúla sonracha, cuirimid i láthair ár n-obair iniúchóireachta bhliantúil maidir le gníomhaireachtaí AE agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, maidir le Comhghnóthais an Aontais agus maidir leis na Scoileanna Eorpacha.

Foilsímid tuarascáil freisin maidir le dliteanais theagmhasacha atá ag éirí as gníomhaíochtaí atá déanta ag an mBord Réitigh Aonair, an Chomhairle nó an Coimisiún.

Tuarascáil bhliantúil ar bhuiséad an Aontais do bhliain airgeadais 2022

Gach bliain, déanaimid iniúchóireacht ar ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh chun a scrúdú an bhfuil na cuntais bhliantúla iontaofa agus an bhfuil na hidirbhearta ioncaim agus caiteachais is bun leis na cuntais sin ag comhlíonadh rialacha airgeadais ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát.

Sa bhreis air sin, déanaimid measúnú go sonrach ar mhór-réimsí de bhuiséad an Aontais, bunaithe ar na ceannteidil/fo-cheannteidil atá sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) agus sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Déanaimid anailís freisin ar an gcúis ar tharla earráidí agus cár tharla na hearráidí; déanaimid moltaí chun feabhais; agus scrúdaimid ar cuireadh moltaí a rinneamar roimhe sin chun feidhme agus cén chaoi ar cuireadh chun feidhme iad.

Bíonn an obair fhorleitheadach sin ina bhonn dár Ráiteas Dearbhaithe, a bhfuil sé de cheangal orainn é a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i gcomhréir lenár sainordú faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Buiséad AE: tuairim fhabhrach
ar na cuntais agus ar an ioncam

Do bhliain airgeadais 2022, sholáthraíomar ‘tuairim fhabhrach’ ar na cuntais agus ar ioncam an Aontais Eorpaigh.

Buiséad AE:
tuairim neamhfhabhrach
maidir leis an gcaiteachas

In 2022, ba é €196 bhilliún a bhí i gcaiteachas bhuiséad an Aontais, arbh ionann é sin agus 1.3 % d’iomlán na n-ollioncam náisiúnta a bhí ag AE‑27.

Do bhliain airgeadais 2022, d’eisíomar ‘tuairim neamhfhabhrach’ ar chaiteachas an Aontais Eorpaigh.

Earráid mheasta de 4.2 %
(caiteachas buiséid 2022)

Do bhliain airgeadais 2022, ba é ár meastóireacht ar an leibhéal earráide don chaiteachas buiséid ná go raibh sé idir 3.1 % agus 5.3 %. Maidir leis an lárphointe don raon sin, ar a dtugtar an ‘earráid is dóchúla’, tá sé sin méadaithe i gcomparáid leis an mbliain seo caite, é méadaithe ó 3.0 % go dtí 4.2 %.

Earráid ábharthach i 66 %
de phobal iniúchóireachta
bhuiséad an Aontais

Do bhliain airgeadais 2022, bhí caiteachas ardriosca i gceist le 66 % dár bpobal iniúchóireachta, i gcomparáid le 63 % anuraidh. Is é 6.0 % an leibhéal earráide don chaiteachas ardriosca i gcomparáid le 4.7 % do bhliain airgeadais 2021.

dhá chineál caiteachais lena mbaineann patrúin riosca ar leithligh ina saintréithe ag caiteachas an Aontais:

  • Caiteachas ísealriosca: Comhdhéanta den chuid is mó d’íocaíochtaí bunaithe ar theidlíocht, de chuid den chaiteachas riaracháin (‘Tuarastail agus pinsin d’fhoireann an Aontais’) agus de thacaíocht bhuiséadach do thíortha lasmuigh den Aontas. San áireamh in íocaíochtaí bunaithe ar theidlíocht, tá cúnamh díreach d’fheirmeoirí (‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’) agus gníomhaíochtaí mac léinn agus gníomhaíochtaí soghluaisteachta eile (‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’).
  • Caiteachas ardriosca, aisíocaíochtaí costais: Déanann an tAontas aisíocaíocht ar chostais incháilithe le haghaidh gníomhaíochtaí incháilithe (a bhfuil rialacha níos casta i gceist leo). Áirítear orthu sin tionscadail taighde (faoi ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’); infheistíocht i bhforbairt réigiúnach agus tuaithe (faoi ‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’ agus ‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’); agus tionscadail don chabhair forbartha (faoi ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’).
Formhór na n-earráidí faoi CAI in
‘Comhtháthú, Athléimneacht agus
Luachanna’ agus ‘An Margadh Aonair,
Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’

Do bhliain airgeadais 2022, ba é ‘Comhtháthú, athléimneacht agus luachanna’ an fo-cheannteideal de CAI is mó a raibh earráidí ann, agus ina dhiaidh sin aniar bhí ‘An margadh aonair, nuálaíocht agus inneachar digiteach’.

Caiteachas RRF:
tuairim cháilithe

In 2022, den dara huair, chlúdaigh ár gcuid oibre iniúchóireachta caiteachas RRF agus tugaimid tuairim ar leithligh dó sin. Léiríonn sé seo an fíoras gur ionstraim shealadach atá in RRF atá á tabhairt i gcrích agus á maoiniú ar shlí atá an-difriúil ó ghnáthchaiteachas an bhuiséid faoi CAI. B’ionann ár bpobal iniúchóireachta agus €53.7 billiún ar an iomlán agus bhí sé comhdhéanta de 13 eisíocaíocht.

Do bhliain airgeadais 2022, d’eisíomar ‘tuairim cháilithe’ ar chaiteachas RRF. Léiríonn an fhianaise iniúchóireachta fhoriomlán ónár n-obair go raibh tionchar ag fionnachtana cainníochtúla ar 11 as 13 íocaíocht RRF (chomh maith le himréitigh ghaolmhara an réamh-mhaoinithe). Bhí tionchar ag earráid ábharthach ar shé cinn de na híocaíochtaí sin. Shainaithníomar freisin cásanna ina raibh dearadh lag sna garspriocanna nó spriocanna agus shainaithníomar fadhbanna le beachtas na faisnéise a chuir Ballstáit ina ndearbhú bainistíochta.

Cásanna de chalaois amhrasta
a tuairiscíodh
chuig OLAF agus OIPE

Mar iniúchóir seachtrach an Aontais Eorpaigh, níl sainordú againn cásanna de chalaois amhrasta a imscrúdú. Dá bhrí sin, níl ár gcuid iniúchtaí deartha go sonrach chun calaois a bhrath. Nuair a shainaithníonn ár n-iniúchóirí cásanna ina bhfuil amhras orainn go bhféadfadh sé gur tharla gníomhaíocht chalaoiseach, áfach, tá sé d’oibleagáid orainn na cásanna sin a thuairisciú chuig na húdaráis inniúla.

In 2023, thuairiscíomar 19 gcás de chalaois amhrasta chuig an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) tar éis iad sin a shainaithint le linn ár gcuid oibre iniúchóireachta. Rinneadh 17 gcinn de na cásanna sin a thuairisciú chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) freisin. In 2022, thuairiscíomar 14 chás de chalaois amhrasta chuig OLAF agus sé cinn de na cásanna sin chuig OIPE. Inár dtuarascáil bhliantúil ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh, tugtar faisnéis bhreise faoi nádúr na gcásanna calaoise amhrasta agus, i gcás inarb infheidhme agus/nó i gcás ina bhfuil sé ar fáil, faoi na haisghabhálacha airgeadais ina dhiaidh sin a bhí molta ag OLAF.

Tuarascáil bhliantúil ar na Cistí Eorpacha Forbraíochta do bhliain airgeadais 2022
CEFanna: tuairim fhabhrach
ar na cuntais agus ar an ioncam;
tuairim neamhfhabhrach
ar an gcaiteachas

Is iad na Cistí Eorpacha Forbraíochta (CFEnna), a seoladh in 1959, príomhionstraimí an Aontais chun cabhair um chomhar forbraíochta a sholáthar do thíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) agus do thíortha agus críocha thar lear (TCTL). Tá siad á maoiniú ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus á mbainistiú lasmuigh de bhuiséad AE ag an gCoimisiún Eorpach agus ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI). Leanfar de bheith á gcur chun feidhme go leithligh, agus de bheith ag tuairisciú orthu go leithligh, go dtí go ndúnfar na cistí.

Le haghaidh chreat airgeadais ilbhliantúil 2021‑2027, tá cabhair um chomhar forbraíochta do thíortha ACC agus TCTL á maoiniú as buiséad an Aontais.

In 2022, b’ionann caiteachas CFEnna agus €2.4 billiún.

Mar a bhí i mblianta roimhe seo, d’eisíomar ‘tuairim fhabhrach’ i dtaobh chuntais CFE agus i dtaobh an ioncaim, ach is ‘tuairim neamhfhabhrach’ a d’eisíomar i dtaobh chaiteachas CFE do bhliain airgeadais 2022. Is é 7.1 % ár leibhéal earráide measta don chaiteachas (4.6 % do bhliain airgeadais 2021).

Tuarascálacha bliantúla sonracha ar ghníomhaireachtaí an Aontais

Is eintitis dhlíthiúla ar leith iad gníomhaireachtaí an Aontais atá curtha ar bun chun cúraimí sonracha teicniúla, eolaíocha nó bainistíochta a dhéanamh a chuidíonn le hinstitiúidí an Aontais beartais a dhearadh agus a chur chun feidhme. Ar an iomlán, bhí 43 ghníomhaireacht ann in 2022, ceann amháin níos lú ná a bhí ann in 2021 mar gheall gur cuireadh deireadh de réir a chéile leis an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia (Chafea).

Gníomhaireachtaí an Aontais:
tuairim fhabhrach d’fhormhór na
ngníomhaireachtaí;
ceithre thuairim cháilithe

I mbliain airgeadais 2022, is é €4.5 billiún a bhí i mbuiséad iomlán na ngníomhaireachtaí go léir faoinár sainordú (gan BRA san áireamh), agus is ionann é sin agus 3 % de bhuiséad ginearálta an Aontais do 2022. Is iad na figiúirí comhfhreagracha do bhliain airgeadas 2021 ná €4.1 billiún agus 2.5 %.

Ar an iomlán, dheimhnigh ár n-iniúchóireacht ar na gníomhaireachtaí na torthaí dearfacha a tuairiscíodh sna blianta roimhe sin. D’eisíomar ‘tuairimí fabhracha’ i dtaobh chuntais na 43 ghníomhaireacht agus i dtaobh na n-ioncam. Chuireamar ár séala leis na híocaíochtaí is bun le cuntais na ngníomhaireachtaí go léir, cé is moite de na cuntais dóibh seo a leanas: Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh (CdT), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA). Do na ceithre ghníomhaireacht sin, d’eisíomar tuairim cháilithe, go príomha mar gheall ar neamhrialtachtaí i nósanna imeachta soláthair, gan údarás a bheith tarmligthe chun dul i mbun gealltanais dlíthiúla, nó CBL neamh-incháilithe.

Tuarascáil bhliantúil shonrach ar Chomhghnóthais do bhliain airgeadais 2022

Is éard atá sna Comhghnóthais ná comhpháirtíochtaí idir an Coimisiún Eorpach agus an tionscal, agus – i gcásanna áirithe – eagraíochtaí taighde, eagraíochtaí idir-rialtasacha agus stáit rannpháirteacha. Is é a bpríomh-mhisean ná aistriú an eolais eolaíoch isteach i nuálaíochtaí ceannródaíocha inmhargaidh a chothú laistigh d’fhís straitéiseach atá i bpáirt le chéile ag na comhpháirtithe.

In 2021, ghlac an Chomhairle rialacháin nua lena gcuirtear 11 chomhghnóthas ar bun chun gníomhaíochtaí faoi chláir Fís Eorpach agus Eoraip Dhigiteach, na cláir thaighde agus nuálaíochta ilbhliantúla do thréimhse airgeadais 2021‑2027 a chur chun feidhme. Déanann na Comhghnóthais sin a gcláir shonracha taighde agus nuálaíochta a chur chun feidhme sna réimsí seo a leanas: iompar, fuinneamh, sláinte, tionscail bhithbhunaithe, teicneolaíochtaí leictreonacha, sár-ríomhaireacht, córais chliste líonra agus cibearshlándáil.

Bhí ocht gcinn as an 11 Chomhghnóthas i mbun oibríochta cheana faoin gclár roimhe seo (Fís 2020), agus leanfaidh siad ar aghaidh faoi na cláir nua mar eintitis dhlíthiúla nua, le hainmneacha nua agus sainchúraimí athbhreithnithe. Chomh maith leis na Comhghnóthais atá i mbun oibríochta cheana, bunaíodh trí cinn nua: Comhghnóthas na Líonraí agus Seirbhísí Cliste, an Comhghnóthas Sláinte Dhomhanda – a fuair a neamhspleáchas airgeadais i nDeireadh Fómhair 2023 – agus Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála – a gheobhaidh a neamhspleáchas airgeadais in 2024. Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí iniúchóireacht ar an dá Chomhghnóthas a fuair a neamhspleáchas airgeadais in 2023.

Ina theannta sin, tá Comhghnóthas amháin eile ann, ‘Fuinneamh Comhleá’, a fhaigheann cistiú ó Euratom agus óna Bhallstáit. Tá sé freagrach as rannchuidiú na hEorpa leis an Imoibreoir Trialach Teirmeanúicléach Idirnáisiúnta (ITER).

Comhghnóthais:
tuairim fhabhrach
maidir le gach Comhghnóthas

Do bhliain airgeadais 2022, d’eisíomar ‘tuairimí fabhracha’ i dtaobh na gcuntas, an ioncaim agus na n-íocaíochtaí do na hocht gComhghnóthas a lean dá n-oibriú faoi na cláir thaighde nua, agus i dtaobh ‘Fuinneamh Comhleá’ (F4E). Mar sin féin, léiríomar imní faoin tionchar ar an bhfoireann agus ar thorthaí na dtionscadal a bheadh ag a bheith ag bainistiú roinnt tionscadal atá ag forluí ar a chéile. Tarraingímid aird ar roinnt Comhghnóthas a bhfuil tionscadail tugtha anonn acu ón timthriall buiséadach roimhe seo go dtí an ceann reatha, agus táimid ag tathant orthu na tionscadail oidhreachta sin a thabhairt chun críche chomh luath agus is féidir.

Mar a bhí i mblianta roimhe seo, bhí ‘béim ar ábhar’ ag gabháil lenár dtuairim iniúchóireachta fhabhrach i dtaobh chuntais 2022 an Chomhghnóthais ‘Fuinneamh Comhleá’ (F4E). Rinneadh an méid sin go príomha chun aird a tharraingt ar an bhfíoras go bhfuil an meastachán reatha de €19 mbilliún de chistiú ón Aontas bunaithe ar gharspriocanna agus toimhdí costais 2016 agus go bhfuil athbhreithniú suntasach le déanamh air, a mheastar a bheidh déanta faoi dheireadh 2024.

Tuarascálacha bliantúla sonracha ar na scoileanna Eorpacha agus dliteanais theagmhasacha an Bhoird Réitigh Aonair

Do bhliain airgeadais 2022, d’eisíomar ár dtuarascáil bhliantúil ar an athbhreithniú ar chuntais bhliantúla chomhdhlúite na 13 scoil Eorpacha. Níor thug ár n-athbhreithniú aon earráidí ábhartha sna cuntais chun solais.

Tuairiscímid go bliantúil freisin ar dhliteanais theagmhasacha an Bhoird Réitigh Aonair (BRA), na Comhairle agus an Choimisiúin ag éirí as comhlíonadh a gcúraimí faoin Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair. Inár dtuarascáil ar bhliain airgeadais 2022, tagaimid ar an gconclúid nár thángamar ar rud ar bith a thugann le fios gur míráiteas ábharthach atá sna dliteanais theagmhasacha a eascraíonn as feidhmiú a gcúraimí réitigh ag BRA, ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle.

Tuairimí

Tograí reachtacha ón gCoimisiún
a scrúdú

Mar iniúchóir seachtrach neamhspleách an Aontais, rannchuidímid le feabhas a chur ar bhainistiú airgeadais trí thuairimí a eisiúint ar thograí ón gCoimisiún le haghaidh reachtaíocht nua nó reachtaíocht athbhreithnithe. Nuair a bhíonn tionchar suntasach airgeadais i gceist leis na tograí reachtaíochta sin, tá ceanglas i ndlí an Aontais a deir go gcaithfear dul i gcomhchomhairle linn. Is féidir le hinstitiúidí eile a iarraidh orainn tuairimí a eisiúint ar shaincheisteanna sonracha eile. Déantar ár gcuid tuairimí go léir a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

In 2023, d’fhoilsíomar ceithre thuairim den sórt sin. Bhain siad sin go príomha le tograí reachtacha ón gCoimisiún maidir leis na nithe seo a leanas: Saoráid na hÚcráine a bhunú; bearta a leagan síos chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí san Aontas a neartú; ullmhú do bhagairtí cibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála, agus freagairt dóibh (‘Gníomh Cibear-Dhlúthpháirtíochta’ an Aontais); leasú ar an rialachán ar shocruithe maidir le hacmhainní dílse an Aontais a chur ar fáil.

Iris Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (ECA Journal)

I ngach eagrán den fhoilseachán dar teideal ECA Journal bíonn ailt ar théama ar leith, ón dearcadh iniúchóireachta den chuid is mó, atá scríofa ag daoine atá ag obair laistigh nó lasmuigh d’institiúidí an Aontais Eorpaigh.

In 2023, d’eisíomar dhá eagrán, ina dtugtar aghaidh ar ‘An bhfuil fuadar á chur faoi aistriú fuinnimh an Aontais?’ agus ‘Beartas imirce an Aontais’.

Comhdhálacha agus seimineáir

In 2023 freisin, d’eagraíomar na comhdhálacha agus seimineáir ghréasáin seo a leanas, a bhí ar oscailt do pháirtithe leasmhara:

  • seimineár maidir leis an athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais atá ar na bacáin;
  • comhdháil ar líne maidir le todhchaí staidrimh oifigiúil – neamhspleáchas agus cuntasacht i ré na mórshonraí;
  • comhdháil agus taispeántas ealaíne dar teideal ‘Teorainneacha an domhain seo againne’;
  • comhdháil ‘Ceartas sóisialta agus comhionannas do chách? Dúshláin, tacaíocht agus cuimsiú le haghaidh pobal LGBTIQ+ san Aontas agus in Institiúidí AE’;
  • comhdháil maidir le cur chun feidhme RRF – rioscaí, dúshláin agus deiseanna;
  • ‘Comhdháil 2023 maidir le Comhtháthú – Meastóireacht a dhéanamh ar bheartas comhtháthaithe an Aontais – Dúshláin agus deiseanna’;
  • ceardlann bhliantúil 2023 CIE-OLAF;
  • ceardlann chomhpháirteach CIE-OLAF-OIPE maidir le calaois i soláthair phoiblí a chomhrac.
Seimineár CIE 2023 maidir le
cur chuige straitéiseach AEagus
neamhspleáchas straitéiseach
oscailte AE

Uair sa bhliain, téann ár gComhaltaí, an tArd-Rúnaí agus na stiúrthóirí ar sheimineár dhá lá chun plé a dhéanamh ar shaincheisteanna tábhachtacha a bhaineann le straitéis fhadtéarmach, obair agus eagar na Cúirte Iniúchóirí.

I rith Sheimineár na Cúirte a bhí ar siúl sa Bhruiséil i mbliana, phléigh na Comhaltaí na topaicí lárnacha seo a leanas:

  • cur chuige straitéiseach an Aontais, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag tosaíochtaí an Aontais ar obair fhadtéarmach na Cúirte Iniúchóirí;
  • neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais, le fócas ar leith ar spleáchas fuinnimh;
  • clár oibre 2024+.

Caidreamh institiúideach

Bímid ag obair go dlúth le Parlaimint na hEorpa, leis an gComhairle, leis na parlaimintí náisiúnta/réigiúnacha agus le rialtais na mBallstát, mar go bhfuil tionchar ár gcuid oibre ag brath go mór ar an úsáid a bhaineann siadsan as ár gcuid fionnachtana agus moltaí.

Parlaimint na hEorpa

In 2023, lean Parlaimint na hEorpa (PE) de dheis a thabhairt d’institiúidí agus comhlachtaí eile a bheith rannpháirteach go fisiciúil ar bhonn tráthrialta ag na suíonna iomlánacha agus ag cruinnithe coiste. Mhéadaigh láithreachtaí na Cúirte Iniúchóirí go dtí 164, i gcomparáid le 134 in 2022.

Tugann coistí agus comhlachtaí PE, go háirithe an Coiste um Rialú Buiséadach (CONT), cuireadh go rialta do Chomhaltaí na Cúirte agus do na foirne iniúchóireachta torthaí a gcuid oibre a chur i láthair ag a gcuid cruinnithe.

Ar an iomlán, in 2023, rinne ár gComhaltaí cur i láthair in CONT ar 13 thuarascáil speisialta agus dhá athbhreithniú. Bhí siad rannpháirteach freisin in 16 éisteacht phoiblí CONT maidir le hurscaoileadh 2022, lena n-áirítear an cur i láthair ar Thuarascáil bhliantúil 2022 uainn a rinne Uachtarán na Cúirte, Tony Murphy.

Sa bhreis air sin, rinne na Comhaltaí 27 gcur i láthair ar thuarascálacha speisialta agus athbhreithnithe i láthair 16 choiste PE eile, agus bhí cuid acu sin i gcomhchruinnithe le coistí leasmhara eile.

I bhFeabhra 2023, thug Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí cuireadh d’Uachtarán na Cúirte Iniúchóirí chuig malartú tuairimí faoinár gclár oibre 2023+ agus faoin gcomhairliúchán ar chlár oibre 2024+. I mí na Bealtaine, ghlac Uachtarán na Cúirte Iniúchóirí, Tony Murphy, páirt i seisiún iomlánach PE maidir le hurscaoileadh 2021. I mí Dheireadh Fómhair, bhí cruinniú aige le hUachtarán na Parlaiminte, Roberta Metsola agus chuir sé tuarascáil bhliantúil 2022 i láthair ag suí iomlánach PE. I mí an Mheithimh, bhí cruinniú freisin ag comhaltaí Sheomra II le comhordaitheoirí AGRI chun plé a dhéanamh ar chomhar breise agus thug Coiste CONT cuairt ar an gCúirt Iniúchóirí i mí Dheireadh Fómhair chun go mbeadh malartú tuairimí acu leis an gColáiste.

Comhairle an Aontais Eorpaigh

In 2023, bhí líon iomlán láithreachtaí na Cúirte Iniúchóirí seasmhach ag 81, i gcomparáid le 82 in 2022.

Go hiondúil, bíonn comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle ag déileáil lenár dtuarascálacha speisialta go luath i ndiaidh a bhfoilsithe, ach ní gá gurb amhlaidh an cás leis na hathbhreithnithe agus na tuairimí go léir. In 2023, chuireamar 29 thuarascáil speisialta, athbhreithniú amháin agus tuairim amháin i láthair ag 22 choiste agus meitheal éagsúla den Chomhairle.

In 2023, d’fhreastail ionadaithe ón gCúirt Iniúchóirí ar 23 chruinniú a bhí ag plé le hurscaoileadh do bhuiséad an Aontais le haghaidh bhlianta airgeadais 2021 agus 2022.

Uachtaránacht na Comhairle
An tSualainn: Eanáir –Meitheamh 2023
An Spáinn: Iúil – Nollaig 2023
 

I Samhain 2022, bhí cruinniú ag Uachtarán na Cúirte, Tony Murphy, agus Eva Lindström, an Comhalta den Chúirt atá freagrach as Caidreamh Institiúideach, le hAire Airgeadais na Sualainne. I Meitheamh 2023, bhí cruinniú ag an Uachtarán, in éineacht le Baudilio Tomé Muguruza, Comhalta den Chúirt, le Leas-Uachtarán rialtas na Spáinne, leis an Rúnaí Stáit agus leis an Aire Airgeadais chun tosaíochtaí Uachtaránacht na Comhairle a phlé. I Samhain, bhí cruinniú ag an Uachtarán, in éineacht le Annemie Turtelboom, Comhalta den Chúirt, le príomhionadaithe ó rialtas agus parlaimint na Beilge roimh a nUachtaránacht ar an gComhairle in 2024. Bhí cruinniú aige freisin i mí na Samhna, in éineacht le Jan Gregor, Comhalta den Chúirt, le hAire Airgeadais na Beilge, roimh an gcur i láthair ar thuarascáil bhliantúil 2022 do Chomhairle ECOFIN. Sa bhreis air sin, bhí comhaltaí den Chúirt agus bainistíocht na Cúirte páirteach i 15 chruinniú le hionadaithe ó Bhuanionadaíochtaí an Aontais in 2023.

Parlaimintí náisiúnta/réigiúnacha agus rialtais na mBallstát

Cruinnithe le parlaimintí
náisiúnta/réigiúnacha
 

In 2023, chuir ár gComhaltaí agus daoine den fhoireann ár n-obair i láthair ag 91 chruinniú le parlaimintí náisiúnta/réigiúnacha in 19 mBallstát. Tionóladh an chuid is mó de na cruinnithe le coistí a bhíonn an déileáil le buiséad, gnóthaí airgeadais agus/nó iniúchóireacht agus gnóthaí AE.

Cruinnithe le
rialtais na mBallstát
 

Rinne ár gComhaltaí agus ár mbainistíocht cur i láthair ar ár gcuid oibre ag 120 cruinniú le rialtais agus comhlachtaí rialtais na mBallstát i 25 Bhallstát in 2023. Tionóladh an chuid is mó de na cruinnithe le hairí/aireachtaí airgeadais.

An Coimisiún Eorpach

Bíonn teagmhálacha rialta déthaobhacha ag Comhaltaí na Cúirte agus na Coimisinéirí le chéile i dtaobh tascanna iniúchóireachta/athbhreithnithe atá beartaithe agus atá idir lámha.

Le blianta, is cleachtas seanbhunaithe freisin é go mbeadh cruinniú bliantúil ag na Comhaltaí leis na Coimisinéirí sa Choimisiún Eorpach. Is deis atá sna cruinnithe sin chun léargas a fháil ar an staid ina bhfuil cúrsaí, agus machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí ár gcomhar le chéile a neartú tuilleadh.

I Samhain 2023, leanadh den nós sin nuair a bhí cruinniú ag an dá choláiste sa Bhruiséil. Phléigh Comhaltaí na Cúirte agus na Coimisinéirí an chaoi a rannchuidíonn buiséad an Aontais le tosaíochtaí glasa agus digiteacha an Aontais a bhaint amach, agus an chaoi a bhfuil buiséad an Aontais ag cur téarnamh eacnamaíoch na hEorpa chun cinn i ndiaidh phaindéim COVID‑19. D’athdhearbhaigh siad freisin a dtiomantas comhchoiteann dá áirithiú go ndéantar cistí an Aontais Eorpaigh a bhainistiú i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasachta, trédhearcachta agus bhainistíochta fónta airgeadais is airde. Thairis sin, d’athdhearbhaigh siad a thábhachtaí atá na hiarrachtaí comhchoiteanna chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

Comhar le huasfhorais iniúchóireachta eile

Coiste Teagmhála Uasfhorais Iniúchóireachta an Aontais Eorpaigh

Tarlaíonn ár gcomhoibriú leis na huasfhorais iniúchóireachta (UFInna) sna 27 mBallstát go príomha faoi chuimsiú Choiste Teagmhála Uasfhorais Iniúchóireachta an Aontais Eorpaigh. Is fóram é sin a éascaíonn idirphlé agus malartú idir UFInna Bhallstáit an Aontais agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Ag deireadh 2023, thugamar an t-iniúchadh ar líonra an Aontais maidir le COVID‑19 chun críche. Mar phríomh-aschuir, d’fhoilsíomar Coimre Iniúchóireachta amháin maidir le COVID‑19 (lena gclúdaítear obair iniúchóireachta UFInna an Aontais in 2020) agus thart ar 70 bileog eolais faoi dheireadh 2023 lena gclúdaítear obair iniúchóireachta a bhaineann le COVID ó thréimhse 2020‑2023.

Leanamar freisin dár ngníomhaíocht chomhair maidir le hiniúchóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), dár eagraíomar malartú ar an láthair idir na hiniúchóirí i nDeireadh Fómhair 2023 inár n-áitreabh. Bhí sraith de cheardlanna i gceist leis sin agus bhí sé réamh-choincheap iniúchóireachta mar thoradh air, lena gclúdaítear roinnt gnéithe éagsúla de chur chun cinn feidhme RRF.

Ina theannta sin, chuireamar tús leis an Iniúchadh ar Líonra an Aontais (EUNA) maidir le Fuinneamh. Ghlac ionadaithe ó 19 UFI an Aontais páirt sa chruinniú tosaigh sa Háig i mí na Samhna.

Cruinniú bliantúil 2023

I Meitheamh 2023, bhí cruinniú bliantúil ag an gCoiste Teagmhála le cinn uasfhorais iniúchóireachta an Aontais i Liospóin. Bhí na príomhphléití dírithe ar an téama ‘Fuinneamh – An chaoi ar féidir le UFInna an Aontais rannchuidiú ar bhealach níos fearr le spriocanna 2030 a chur chun feidhme’. Tugadh athamharc ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, arbh é an príomhthéama é i gcruinniú 2022 an Choiste Teagmhála.

UFInna i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha ar aontachas leis an Aontas

Tacaímid freisin leis na UFInna i dtíortha is iarrthóirí ar aontachas (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeoirsia, an Mholdóiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia, an Tuirc agus an Úcráin) agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha ar aontachas (an Chosaiv1).

Sa dara leath de 2023, thugamar cúnamh san athbhreithniú ar chreat comhair an Líonra, a glacadh i Nollaig 2023.

1 Ní dochar an t-ainmniú ‘an Chosaiv’ do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244 (1999) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar an staid a bhaineann leis an gCosaiv (UNSCR 1244/1999) agus le tuairim chomhairleach ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) ar an gceist maidir le ‘Dearbhú neamhspleáchais aontaobhach i leith na Cosaive a bheith i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta’ an 22 Iúil 2010.

INTOSAI

In 2023, leanamar dár rannpháirtíocht ghníomhach i ngníomhaíochtaí na hEagraíochta Idirnáisiúnta Uasfhoras Iniúchóireachta (INTOSAI). Mar Chathaoirleach ar an gCoiste um Chaighdeáin Ghairmiúla (PSC), d’eagraíomar dhá chruinniú den choiste stiúrtha inar glacadh doiciméid lena n-athraítear nósanna imeachta oibre, earcaíocht d’Fhóram Chreat Fógairtí Gairmiúla INTOSAI agus Plean forbartha straitéisí (PFS) an Choiste le haghaidh 2023‑2028. Tá roinnt beart i gceist le cur chun feidhme PFS 2023‑2028 chun fógraí INTOSAI a dhéanamh níos soiléire agus a dhigiteáil.

Bhíomar páirteach freisin i bhfochoistí PSC agus i ngníomhaíochtaí agus tionscadail chomhlachtaí oibre eile in INTOSAI, amhail iniúchóireacht chomhshaoil, cobhsaíocht airgeadais agus eacnamaíoch, meastóireacht ar bheartais phoiblí agus mórshonraí.

EUROSAI

Bhíomar bainteach go gníomhach freisin le gníomhaíochtaí in Eagraíocht Eorpach na nUasfhoras Iniúchóireachta (EUROSAI), an grúpa réigiúnach Eorpach de INTOSAI, go háirithe a grúpaí oibre ar iniúchóireacht chomhshaoil agus teicneolaíochtaí faisnéise, chomh maith le tionscadail sna réimsí seo a leanas: saincheisteanna atá ag teacht chun cinn, intleacht shaorga agus modheolaíocht iniúchóireachta.

Ár mbainistíocht

Comhaltaí

Feidhmíonn an Chúirt Iniúchóirí mar chomhlacht coláisteach de Chomhaltaí, le comhalta amháin ann as gach Ballstát. Ar dhul i gcomhchomhairle le Parlaimint na hEorpa, ceapann an Chomhairle gach aon Chomhalta tar éis don rialtas náisiúnta lena mbaineann iad a ainmniú. Níl aon ról againn sa phróiseas chun ár gComhaltaí a ainmniú nó a cheapadh.

Is téarma in-athnuaite sé bliana atá ag ár gComhaltaí. Comhlíonann siad a ndualgais faoi neamhspleáchas iomlán agus chun leas ginearálta an Aontais. Ar dhul i mbun oifige dóibh, tugann siad gealltanas sollúnta chuige sin os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

In 2023, cheap an Chomhairle Comhalta Eastónach nua, Keit Pentus‑Rosimannus (amhail an 1 Eanáir), agus Comhalta Slóvacach nua, Katarína Kaszasová (amhail an 16 Deireadh Fómhair). Ina theannta sin, rinne an Chomhairle athnuachan ar théarma oifige an Chomhalta ón Ungáir, Ildikó Gáll‑Pelcz, go ceann tréimhse sé bliana eile (amhail an 1 Meán Fómhair).

Tar éis í a bheith ceaptha mar Choimisinéir nua na Bulgáire, d’éirigh Iliana Ivanova as a hoifig mar Chomhalta den Chúirt le héifeacht ón 19 Meán Fómhair 2023.

Bhí na nósanna imeachta ainmniúcháin maidir le comhaltaí nua as an bPortaingéil agus as an mBulgáir a cheapadh fós idir lámha ag deireadh 2023.

Bhí 24 chruinniú den choláiste ann in 2023. Bhí ráta tinrimh de 88 % ann do na cruinnithe sin. Ghlac na Comhaltaí páirt freisin i gcruinnithe seomra agus i gcruinnithe coiste (féach freisin Seomraí iniúchóireachta agus coistí).

An tUachtarán

Tá an tUachtarán i gceannas ar na nithe seo a leanas san institiúid: straitéis, bainistiú pleanála agus feidhmíochta, cumarsáid agus an caidreamh leis na meáin, idirchaidreamh institiúide, gnóthaí dlíthiúla agus an iniúchóireacht inmheánach. Déanann an tUachtarán ionadaíocht ar an gCúirt freisin sa chaidreamh seachtrach.

Roghnaíonn ár gComhaltaí duine as a measc féin mar Uachtarán go ceann tréimhse in-athnuaite trí bliana. Is ar an té a thoghtar a thiteann na cúraimí seo a leanas: an ról mar shaoi i measc na sua (primus inter pares); cathaoirleacht a dhéanamh ar chruinnithe na Cúirte; agus a áirithiú go ndéantar cinntí a ghlactar a chur chun feidhme.

Toghadh Tony Murphy mar an tUachtarán i nDeireadh Fómhair 2022.

Nóta: Amhail ag Feabhra 2024.

Seomraí iniúchóireachta agus coistí

Sanntar na Comhaltaí chuig ceann de chúig sheomra iniúchóireachta, ina ndéantar formhór ár dtuarascálacha iniúchóireachta, athbhreithnithe agus tuairimí a ghlacadh. Leithdháileann na seomraí iniúchóireachta a gcuid tascanna ar a gcuid Comhaltaí. Tá gach Comhalta cuntasach don seomra, agus don Choláiste, as a gcuid tascanna iniúchóireachta féin. Is iniúchóirí gairmiúla atá ag obair do stiúrthóireachtaí an tseomra iniúchóireachta a dhéanann an obair iniúchóireachta.

Déanann na Comhaltaí i ngach seomra iniúchóireachta Déan a thoghadh go ceann tréimhse in-athnuaite dhá bhliain. In 2023, ba iad seo a leanas na Déin a bhí ar ár gcúig sheomra iniúchóireachta: Joëlle Elvinger, Annemie Turtelboom, Bettina Jakobsen, Mihails Kozlovs agus Jan Gregor.

Déileálann an Coiste um Rialú Cáilíochta na hIniúchóireachta (CRCI) le beartais, caighdeáin agus modheolaíocht iniúchóireachta, tacaíocht agus forbairt iniúchóireachta agus rialú cáilíochta na hiniúchóireachta sa Chúirt Iniúchóirí. Tá sé comhdhéanta de Chomhalta amháin as gach seomra iniúchóireachta agus, amhail ón 28 Meán Fómhair 2023, is é Baudilio Tomé Muguruza atá ag feidhmiú mar chathaoirleach.

Glacann an Coiste Riaracháin (CR) agus, i gcás inarb iomchuí, Coláiste na gComhaltaí – arb ar an Uachtarán atá cúram na cathaoirleachta dóibh araon – cinntí maidir le saincheisteanna straitéiseacha agus riaracháin go ginearálta. Tá an Coiste Riaracháin comhdhéanta den Uachtarán, Déin na seomraí, cathaoirleach CRCI agus an Comhalta atá freagrach as an gCaidreamh Institiúideach (Eva Lindström).

In 2023, bhí 103 chruinniú ag na seomraí, 15 chruinniú ag CR agus 11 chruinniú ag CRCI. Bhí ráta tinrimh de 92 %, 88 % agus 88 % ann do na cruinnithe sin, faoi seach.

I measc na gcoistí eile atá ann, tá an Coiste Eitice (faoi chathaoirleacht George Marius Hyzler, amhail an 4 Iúil 2023), an Coiste Iniúchóireachta Inmheánaí (faoi chathaoirleacht Hannu Takkula) agus an Painéal Comhairleach Fadbhreathnaitheachta (faoi chathaoirleacht Helga Berger).

Tá ár mbainistíocht shinsearach comhdhéanta den Ard-Rúnaí agus de stiúrthóirí. Ar an iomlán, tá deich stiúrthóireacht ann, a bhfuil cúig cinn acu cleamhnaithe le seomraí iniúchóireachta, ceann le CRCI, ceann leis an Uachtaránacht agus trí cinn leis an Ardrúnaíocht.

Nóta: Amhail in Eanáir 2022.

Feidhmíocht a thomhas

Cuirimid tacar d’eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) i bhfeidhm mar bhonn faisnéise dár mbainistíocht faoin dul chun cinn atá á dhéanamh chun ár spriocanna straitéiseacha a bhaint amach, chun tacú leis an gcinnteoireacht agus chun faisnéis faoinár bhfeidhmíocht a thabhairt dár ngeallsealbhóirí institiúideacha. Tá ár KPInna nuashonraithe againn chun tacú lenár straitéis do 2021‑2025. Tugann an tacar seo a leanas de KPInna forléargas leathan ar an gcaoi a bhfuilimid ag feidhmiú mar eagraíocht a mhéid a bhaineann le craobhscaoileadh ár gcuid oibre, an tionchar atá aici agus an dearcadh atá uirthi:

  • an líon tuarascálacha a foilsíodh;
  • feiceálacht sna meáin;
  • an tionchar atá ag ár gcuid oibre agus an dearcadh atá uirthi (aiseolas ó gheallsealbhóirí);
  • muid a bheith i láthair in institiúidí eile, sna parlaimintí náisiúnta/réigiúnacha agus i rialtais na mBallstát, agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnta;
  • a mhéid a dhéantar moltaí ón gCúirt Iniúchóirí a chur chun feidhme.
35 thuarascáil foilsithe in 2023

D’fhoilsíomar 35 thuarascáil in 2023. Bhí 29 dtuarascáil speisialta agus 6 athbhreithniú i gceist leo seo. Foilsíodh níos mó tuarascálacha in 2023 ná mar a foilsíodh an dá bhliain roimhe sin (2022: 29 dtuarascáil agus 2021: 32 thuarascáil).

Feiceálacht sna meáin

Bhí an clúdach sna meáin
fós ag méadú

In 2023, thaifeadamar níos mó ná 22 000 alt nuachtáin (a foilsíodh ar líne) a bhain lenár dtuarascálacha iniúchóireachta, foilseacháin eile nó an Chúirt Iniúchóirí go ginearálta, rud a dheimhníonn an treocht mhéadaitheach i gclúdach sna meáin a tugadh faoi deara le blianta beaga anuas (2022: 20 000; 2021: 18 000). Léiríonn beagnach 54 000 postáil sna meáin shóisialta go bhfuil fás nádúrtha ag tarlú agus gurbh eisceacht iad figiúirí 20222 (2022: 110 000; 2021: 49 000).

2 In 2022, thugamar faoi deara gur cruthaíodh rabharta postálacha chomhionanna sna meáin sóisialta trí líonraí claonta (ar chosúil go raibh siad ag úsáid botaí). Ba iad ár dtuarascálacha speisialta maidir leis an bpróiseas soláthair phoiblí le haghaidh vacsaíní COVID‑19 agus móréillitheacht san Úcráin a spreag na postálacha sin den chuid is mó.

Is féidir leis an gclúdach sna meáin athrú go mór ag brath ar an ábhar agus ar cé chomh casta atá tuarascáil. D’fhéadfadh tosca seachtracha, ar nós imeacht tábhachtach nó forbairt beartais, tionchar a imirt freisin ar an spéis a chuireann na meáin inár gcuid foilseachán. Thairis sin, le linn éigeandálaí ar nós na paindéime nó chogadh foghach na Rúise san Úcráin, bíonn aird na meán dírithe go mór ar ábhar a bhaineann leis an ngéarchéim.

Idirghníomhú méadaithe
leis an bpreas

Ó 2020 i leith, tá ár bhfoilseacháin á gcur chun cinn go fíorúil againn, rud a chuir ar ár gcumas teagmhálacha le hiriseoirí ó eagraíochtaí nuachta náisiúnta i mBallstáit an Aontais a mhéadú.

In 2023, d’eisíomar 45 phreasráiteas in 24 theanga de chuid an Aontais, chomh maith le roinnt nótaí faisnéise, fógraí do na meáin agus closráitis (réidh le húsáid) éagsúla i roinnt teangacha. Chomh maith leis sin, thugamar roinnt agallamh le móreagraíochtaí meán ar fud na hEorpa a chlúdaigh an raidió, an teilifís agus an preas scríofa. Sa bhreis air sin, bhí 21 sheisiún faisnéise ar líne don phreas againn agus sé cinn de sheisiúin faisnéise don phreas de réir tíre don tuarascáil bhliantúil. Ar an iomlán, mheall ár seisiúin faisnéise 590 iriseoir, a raibh a bhformhór ag teacht ó eagraíochtaí nuachta náisiúnta i mBallstáit an Aontais.

Aon mhilliún go leith cuairt
ar shuíomh gréasáin na Cúirte

In 2023, sheolamar suíomh gréasán nua na Cúirte. Tugadh os cionn aon mhilliún go leith cuairt ar ár suíomh gréasáin, le thart ar 700 000 cuairteoir uathúil ann, ar méadú níos mó ná 14 % é sin i gcomparáid le 2022.

2023: lean an líon leantóirí
ar na meáin shóisialta
de bheith ag méadú

Faoi dheireadh 2023, bhí níos mó ná 48 000 leantóir ag ár dtrí chuntas sna meáin shóisialta (X (Twitter, mar a bhíodh), LinkedIn, Facebook), sin méadú ar an 45 000 a bhí againn in 2022 agus an 39 000 a bhí againn in 2021.

An tionchar atá ag ár gcuid oibre agus an dearcadh atá uirthi

Dúirt 85 % de na freagróirí
ar ár suirbhéanna go raibh
ár dtuarascálacha úsáideach
dá gcuid oibre

Déanaimid measúnú ar an tionchar dóchúil atá ag ár gcuid oibre agus ar úsáideacht ár gcuid oibre, de réir mar a fheictear é sin do léitheoirí ár gcuid tuarascálacha i bParlaimint na hEorpa, sa Chomhairle, sa Choimisiún, i ngníomhaireachtaí an Aontais, i mbuanionadaíochtaí na mBallstát, i ngníomhaireachtaí agus UFInna na mBallstát, in eagraíochtaí neamhrialtasacha, i measc an aosa acadúil, sna meáin agus i measc páirtithe eile.

Ó 2018, tá suirbhéanna leictreonacha i ndíth ainm á ndéanamh againn chun a iarraidh ar ár léitheoirí aiseolas cáilíochtúil a thabhairt ar rogha tuarascálacha agus moltaí ginearálta a dhéanamh i dtaobh ár gcuid oibre.

In 2023, mheas 85 % den tuairim is 1 060 freagróir go raibh ár gcuid tuarascálacha úsáideach dá gcuid oibre agus mheas 78 % go raibh tionchar ag na tuarascálacha sin. Tá sé sin cosúil leis an toradh don bhliain roimhe sin (2022: 82 % agus 78 %, faoi seach).

Muid a bheith i láthair in institiúidí eile, sna parlaimintí náisiúnta/réigiúnacha agus i rialtais na mBallstát, agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnta

Bhí an idirghníomhaíocht
lenár ngeallsealbhóirí
níos airde ná riamh

Ar an iomlán in 2023, bhí ár leibhéal idirghníomhaíochta lenár ngeallsealbhóirí Eorpacha agus idirnáisiúnta níos airde ná riamh. Rinneamar cur i láthair ar thorthaí ár gcuid oibre ag 456 ócáid ag coistí de Pharlaimint na hEorpa, ag comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle, ag parlaimintí náisiúnta/réigiúnacha agus ag rialtais na mBallstát (2022: 437; 2021: 419).

Thairis sin, ghlacamar páirt i 221 ghníomhaíocht idirnáisiúnta. Áiríodh orthu sin gníomhaíochtaí eagraíochtaí iniúchóireachta poiblí idirnáisiúnta, go háirithe INTOSAI agus EUROSAI, chomh maith le himeachtaí déthaobhacha le UFInna eile, comhdhálacha, cruinnithe, agus gníomhaíochtaí a bhí dírithe ar spriocghrúpaí níos leithne (2022: 178; 2021: 154).

Mar a dhéantar moltaí ón gCúirt Iniúchóirí a chur chun feidhme

Cuireadh beagnach gach ceann
dár moltaí ó 2019 chun feidhme
go pointe áirithe, ar a laghad

Tomhaisimid an chaoi a ndéantar ár gcuid moltaí a chur chun feidhme bunaithe ar an obair leantach a dhéanann ár gcuid iniúchóirí. Le haghaidh 2023, rinneamar anailís ar na moltaí a bhí dírithe chuig an gCoimisiún agus chuig institiúidí eile sna tuarascálacha a d’fhoilsíomar in 2019.

Thaispeáin an anailís ar na moltaí a ndearnadh obair leantach orthu, go raibh 100 % de na 15 a rinneadh i dTuarascáil bhliantúil 2019 agus 85 % de na 208 a rinneadh i dtuarascálacha speisialta 2019 curtha chun feidhme, bíodh sé sin ina n-iomláine nó go pointe áirithe nó ar an mórchóir.

Ár bhfoireann

Leithdháileadh na foirne

Amhail ag deireadh 2023, bhí 882 phost bhuana agus shealadacha3 againn (873 in 2022). Maidir leis na naoi bpost bhreise, dheonaigh an t-údarás buiséadach iad sin ar bhonn sealadach chun iniúchóireacht a dhéanamh ar thionscnamh NGEU. Bhí 559 de na poist sna seomraí iniúchóireachta, lena n-áirítear 104 phost in oifigí na gComhaltaí. Áirítear leis an Uachtaránacht an tUachtarán agus oifig phríobháideach an Uachtaráin, stiúrthóireacht na huachtaránachta, an tseirbhís dlí agus an tseirbhís um iniúchóireacht inmheánach.

3 Lena n-áirítear poist atá folamh go sealadach.

Sa bhreis air sin, bhí 86 dhuine ar conradh agus 26 shaineolaí náisiúnta ar iasacht ag obair dúinn ag deireadh na bliana (2022: 91 agus 33 faoi seach).

Earcaíocht

Leanann ár mbeartas earcaíochta prionsabail ghinearálta agus coinníollacha fostaíochta institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus tá raon leathan de chúlraí acadúla agus gairmiúla ag ár bhfoireann.

In 2023, d’earcaíomar 95 fhostaí nua (2022: 107): 27 n-oifigeach, 47 ar an bhfoireann shealadach, 17 ar an bhfoireann ar conradh agus 4 shaineolaí náisiúnta ar iasacht. De mheon dlúthpháirtíochta, foghlama frithpháirtí agus comhair, cuireadh síneadh le tréimhse iasachta na saineolaithe náisiúnta ón Úcráin a tháinig chun na Cúirte in 2022 ar feadh bliana amháin breise, ó Iúil 2023 go dtí Iúil 2024. Chuireamar 64 thréimhse oiliúna ar fáil freisin (2022: 60) do chéimithe ollscoile, a mhair idir trí mhí agus cúig mhí. As na 64 oiliúnaí, fuair 62 acu íocaíocht ón gCúirt agus fuair beirt acu luach saothair óna mBallstáit.

Dearadh clár comhtháthaithe (ionduchtaithe) ASPIRE d’iniúchóirí chun a chur ar chumas na Cúirte iniúchóirí nua a earcú agus fáilte a chur rompu ar leibhéal na Cúirte, chun a chur ar a gcumas páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí oiliúna spriocdhírithe agus taithí ar an láthair a fháil sna réimsí iniúchóireachta comhlíontachta/airgeadais agus feidhmíochta araon le linn a gcéad trí bliana.

Próifíl aoise

I gcás trí cheathrú (75 %) dár bhfoireann i seirbhís ghníomhach ag deireadh 2023, bhí siad idir 40 agus 59 mbliana d’aois; figiúr atá cosúil leis an bhfigiúr do 2022.

73 % dár gcuid bainisteoirí in aois 50 bliain nó os a chionn (2022: 72 %). Mar gheall ar sin, beidh athnuachan ar chuid shuntasach dár mbainistíocht sna cúig go deich mbliana atá amach romhainn.

Comhionannas deiseanna

Ar an iomlán, fostaímid cion comhionann de mhná agus d’fhir inár bhfórsa oibre.

Táimid tiomanta do dheiseanna comhionanna gairme a thabhairt dár bhfoireann ag gach leibhéal den eagraíocht. Fostaímid cion comhionann de mhná agus fir, agus tá méadú tagtha le blianta beaga anuas ar an sciar de na stiúrthóirí agus príomhbhainisteoirí ar mná iad, ó 33 % in 2019 go dtí 38 % in 2023.

Shroich an cion de phríomhbhainisteoirí i réimse na hiniúchóireachta sa Chúirt ar mná iad 50 % (41.4 % in 2022), rud atá níos airde ná sprioc 2027 de 40 %. I gcomhréir le Plean Gníomhaíochta um Éagsúlacht agus Cuimsiú (2021-2025) na Cúirte Iniúchóirí, d’fhoilsíomar an dara Tuarascáil bhliantúil ar éagsúlacht agus cuimsiú in 2023 (a chlúdaigh an bhliain 2022).

Ar an gcaoi chéanna, táimid i gcónaí tiomanta do chóimheá gheografach a bhaint amach inár mbainistíocht.

Tar éis ghlacadh Chinneadh Uimh. 50‑2022 i dtaca le beartas Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le háit oibre urramach, chuibhiúil agus saor ó chiapadh a áirithiú, thugamar faoi roinnt gníomhaíochtaí (e.g. idirghabhálaithe inmheánacha agus sainchomhairleoirí iontaoibhe a cheapadh, oiliúint éigeantach do bhainisteoirí, leathanach gréasáin tiomanta a chruthú ar shuíomh inlín na Cúirte) chun an cinneadh a chur chun feidhme.

Thairis sin, in 2023, rinneadh iniúchadh seachtrach – den chéad uair riamh – ar inrochtaineacht fhisiciúil fhoirgnimh na Cúirte. Ag éirí as sin, rinneadh staidéar agus mar thoradh ar an staidéar sin eisíodh moltaí agus gníomhaíochtaí féideartha chun foirgnimh na Cúirte a dhéanamh níos inrochtaine do chách, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas. Tosóimid ag cur na ngníomhaíochtaí a comhaontaíodh chun feidhme in 2024 trí phlean a choimisiúnú chun comharthaíocht a bhaineann le hinrochtaineacht a fheabhsú ar fud fhoirgnimh na Cúirte. Thairis sin, oibreoimid i gcomhair le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais chun bealach comhchuibhithe a chruthú chun dul chun cinn a thomhas agus tuairisciú a dhéanamh maidir le hearcú daoine faoi mhíchumas, de réir mar a moladh i dTuarascáil speisialta 20/2023 dar teideal ‘Tacaíocht a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas: Tá tionchar praiticiúil ghníomhaíocht an Aontais teoranta’.

Eitic

Tá treoirlínte eitice na Cúirte Iniúchóirí bunaithe ar na luachanna seo a leanas: neamhspleáchas, ionracas, oibiachtúlacht, trédhearcacht agus gairmiúlacht. Aontaíonn an Chúirt Iniúchóirí leis na ceanglais a leagtar amach i gCód Eitice INTOSAI (ISSAI 130) agus chuir sí san áireamh iad ina treoirlínte eiticiúla, atá infheidhme maidir le gach duine de Chomhaltaí agus foireann na Cúirte.

D’athdhearbhaigh an Chúirt a tiomantas don trédhearcacht trína cinneadh maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid a athbhreithniú. Ba é an cuspóir a bhí ann ná éabhlóid chásdlí na hEorpa a léiriú agus an nós imeachta maidir le freagairt ar iarrataí ar rochtain ar dhoiciméad agus iarrataí ar dheimhniú a shimpliú. Foilsíodh an cinneadh nua san Iris Oifigiúil i Meán Fómhair 2023.

Mar chuid d’ollchóiriúchán a rinneadh le déanaí ar ár gcreat eitice, rinneamar nuashonrú ar na rialacha inmheánacha maidir le neamhrialtachtaí tromchúiseacha a thuairisciú (sceithireacht), chun iad a dhéanamh níos soiléire, níos mionsonraithe agus chun tuilleadh faisnéise a chur ar fáil don fhoireann. Chun béim a chur ar an tábhacht a chuirimid ar chosaint a thabhairt do sceithirí, tá an tacar rialacha nua leagtha amach i gcinneadh ón gcoláiste.

Déanann Coiste Eitice na Cúirte athbhreithniú ar chúrsaí ábhartha eitice, lena n-áirítear gníomhaíochtaí seachtracha na gComhaltaí, chun a chinntiú go mbítear ag seasamh le caighdeáin na Cúirte. Tá an coiste sin comhdhéanta de thriúr comhaltaí arna gceapadh ag an gcoláiste, lena n-áirítear beirt Chomhaltaí den Chúirt agus comhalta seachtrach amháin arna roghnú bunaithe ar a gcumas agus a gcáilíochtaí proifisiúnta. Tháinig an coiste le chéile cúig huaire in 2023.

Tacaíocht don iniúchóireacht

Claochlú digiteach na hiniúchóireachta

Tá an Chúirt Iniúchóirí ag leanúint d’fheabhas a chur ar éifeachtúlacht a cuid próiseas iniúchóireachta trí chur le comhtháthú agus idir-inoibritheacht na gcóras atá aici cheana féin. Ag an am céanna, tá gníomhaíochtaí san iniúchóireacht TF, in eolaíocht ardchóras sonraí agus in uathoibriú curtha chun feidhme aici mar chuid dá plean forbartha le haghaidh úsáid níos fearr a bhaint as an teicneolaíocht don iniúchóireacht. Lean sí freisin dá gníomhaíochtaí nuálaíochta atá dírithe ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a shainaithint, ar teicneolaíochtaí iad sin is féidir a úsáid ar bhealaí nua chun tacú leis an obair iniúchóireachta.

Plé a dhéanamh
le geallsealbhóirí go digiteach

In 2023, úsáideadh stiúideo nua na Cúirte go forleathan chun seisiúin faisnéise don phreas, cruinnithe le geallsealbhóirí, comhdhálacha hibrideacha agus físeáin fógraíochta ó Chomhaltaí den Chúirt maidir le táirgí na Cúirte a sheachadadh, chomh maith lena úsáid chun feasacht a mhúscailt go hinmheánach sa Chúirt agus le haghaidh físeáin faisnéise.

Go sonrach, seachadadh 23 chruinniú faisnéise don phreas, naoi bhfísthuarascáil, sé nuashonrú maidir le hobair na Cúirte, ceithre chruinniú le geallsealbhóirí, dhá agallamh teilifíse, físócáid amháin agus comhdháil ar líne amháin as an stiúideo. Táirgeadh sé fhíseán maidir le mealltacht Lucsamburg as an stiúideo agus 10 bhfíseán inmheánach chomh maith.

Comhtháthú
agus uathoibriú digiteach

Leanadh de chórais faisnéise iniúchóireachta a chomhtháthú agus é mar aidhm idir-inoibritheacht idir na córais atá ann cheana féin a fheabhsú agus córas níos inláimhsithe don úsáideoir a chur ar fáil. Áirítear leis sin ASSYST (ár bpríomhchóras doiciméadachta iniúchóireachta) agus AMS (an córas bainistíochta iniúchóireachta). Seoladh córas bainistíochta don tsreabh oibre maidir le doiciméid a fhormheas (PASS), atá á chomhtháthú le ‘EU Sign’, chun síniú leictreonach cáilithe a chumasú. Cuireadh uirlisí ar bun freisin chun dlús a chur le hathbhreithniú ar dhoiciméid, agus chun an t-athbhreithniú sin a éascú. Cuireadh le húsáid Stóras Sonraí na Cúirte, rud a fhágann gur féidir léirshamhlú idirghníomhach agus faireachán i gcás sonraí a bheith i níos mó de na tuarascálacha.

Seirbhísí san
eolaíocht ardchóras sonraí
agus iniúchóireacht TF

Lean foireann DATA (Sonraí agus Teicneolaíocht don Iniúchóireacht), a cuireadh ar bun in 2021, dá cuid oibre maidir le plean forbartha le haghaidh úsáid níos fearr a bhaint as an teicneolaíocht a chur chun feidhme chun tacú le cuspóirí iniúchóireachta na Cúirte.

Bhí foireann DATA ag obair go dlúth leis na foirne iniúchóireachta chun tuiscint a fháil ar na próisis agus riachtanais shonracha atá acu. Ag brath ar chastacht an riachtanais, bhí idir rannpháirtíocht ghearrthéarma agus rannpháirtíocht lánscála i dtascanna iniúchóireachta i gceist lena cuid oibre – d’eolaithe sonraí agus iniúchóirí TF araon.

Bhí foireann DATA ag stiúradh nó ag glacadh páirt i roinnt tionscadal ar fud na Cúirte:

  • tionscadal píolótach chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi le húsáid éifeachtach a bhaint as ardán r-Sholáthair an Choimisiúin Eorpaigh;
  • rannpháirtíocht eolaithe sonraí le haghaidh tascfhórsa NGEU;
  • uirlis fhréamhshamhlach a fhorbairt le hardfheidhmiúlachtaí téacsmhianadóireachta agus ardfheidhmiúlachtaí cuardaigh shéimeantaigh le haghaidh táirgeadh na Cúirte féin; agus
  • tacú leis na hiniúchóirí an rogha is fearr a roghnú astu sin a bhí ar fáil sa ‘bhonneagar eolaíochta sonraí’ a chuireadh ar bun in 2022, chun go bhféadfaí próiseáil, ardanailís agus léirshamhlú a dhéanamh ar shonraí.

Tar éis an dlús mear a cuireadh le forbairt na hintleachta saorga (IS), go háirithe i réimse IS giniúnach, d’ullmhaigh foireann DATA anailís ar na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann le IS don Chúirt agus dá cuid oibre iniúchóireachta. Mar obair leanúnach air sin, thosaigh siad ag forbairt togra le haghaidh straitéis maidir le húsáid IS sa phróiseas iniúchóireachta.

Nuálaíocht

Seoladh cur chuige nua maidir le nuálaíocht atá ag brath ar chineál nua ‘Gearrthionscadail Nuálaíochta’ (GTNanna) agus ar shaotharlann nuálaíochta a chruthú a bheidh dírithe ar theicneolaíochtaí nua a thástáil. De ghnáth spreagtar GTNanna nuair a bhíonn úsáideoirí ag iarraidh uirlis nó teicneolaíocht phraiticiúil nua a thriail, agus sannann an fhoireann TF bainisteoir togra chun bheith in éineacht leis an úsáideoir agus breathnaíonn an bainisteoir sin amach do na gnéithe teicneolaíochta agus rialála TF. Áirítear leis na chéad GTNanna dróin a úsáid don iniúchóireacht, uirlisí bainistithe iniúchóireachta tráchtálacha a thástáil a d’fhéadfadh teacht in ionad ASSYST, agus IS giniúnach a úsáid.

Ag an am céanna, seoladh an obair maidir le Lárionad Inniúlachta ildisciplíneach um Intleacht Shaorga chun tacú le straitéis thuasluaite na Cúirte maidir le IS.

Lean an Chúirt de pháirt ghníomhach a bheith aici sa ghrúpa maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn de chuid an Choiste Idirinstitiúidigh um Chlaochlú Digiteach, a bhí ag díriú isteach ar an obair maidir le hintleacht shaorga in 2023.

Cumarsáid amhairc

Ár n-aschuir
a dhéanamh níos inrochtaine

Tá úsáid íomhánna mealltacha agus léirshamhlú ar shonraí éirithe níos tábhachtaí agus níos tábhachtaí ó thaobh idirghníomhú lenár ngeallsealbhóirí agus teagmháil a dhéanamh le saoránaigh an Aontais. In 2023, lean an fhoireann dearthóireachta grafaice i roinn cumarsáide na Cúirte de thacaíocht a thabhairt d’fhoirne iniúchóireachta agus thug siad grafaicí faisnéise agus léaráidí dóibh a bhí deartha dá riachtanais agus i gcomhréir le haitheantas amharcaitheantais na Cúirte.

Trí íomhánna a úsáid inár n-ábhar cumarsáide, is féidir torthaí ár gcuid oibre a dhéanamh níos feiceálaí, níos intuigthe agus – ar an gcaoi sin – níos inrochtaine do shaoránaigh agus do gheallsealbhóirí, chun luach níos mó a thabhairt dár gcuid oibre iniúchóireachta agus tionchar ár dtuarascálacha a fheabhsú. Seoladh an suíomh gréasáin nua in Aibreán 2023, rud a threisíonn an iarracht sin leis an gcuma níos nua-aimseartha atá air agus na feidhmiúlachtaí feabhsaithe atá ann.

Modheolaíocht iniúchóireachta

AWARE

Inár n-ardán digiteach inmheánach AWARE (Acmhainn Iniúchóireachta Inrochtana Gréasánbhunaithe), tugtar tuairisc ar ár modheolaíocht iniúchóireachta agus an treoraíocht i leith na hiniúchóireachta. Tá sé sin ar fáil ar ár suíomh gréasáin. Is pointe rochtana aonair chuig ár modheolaíocht iniúchóireachta é seo don phobal.

Oiliúint ghairmiúil

2023: chuathas thar an sprioc
don oiliúint ghairmiúil

In 2023, chuamar arís eile thar an sprioc don oiliúint ghairmiúil atá socraithe ag cúig lá d’oiliúint seachas cúrsaí teanga d’iniúchóirí, rud atá de réir mholtaí Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí, agus dhá lá don fhoireann nach iniúchóirí iad.

D’fhreastail ár n-iniúchóirí ar 6.7 lá oiliúna nár bhain le teanga (6.9 in 2022 agus 8.5 in 2021) ar an meán, arbh oiliúint chroíghnó (a bhain leis an iniúchóireacht) a bhí in 4.5 lá díobh sin. D’fhreastail an fhoireann nach iniúchóirí iad ar 3.0 lá oiliúna (3.6 in 2022 agus 4.2 in 2021) ar an meán. Mar a bhí in 2022, is é an míniú atá ar an laghdú beag bliain ar bhliain sa dá tháscaire sin ná go rabhthas ag filleadh de réir a chéile ar oiliúint sa seomra ranga/duine le duine, rud a thugann deis foghlama níos fearr ach a bhfuil deis freastail níos ísle ó nádúr aige ná mar atá ag cúrsaí ar líne.

Oiliúint shainoiriúnaithe
d’iniúchóirí

Bíonn an fhoireann oiliúna ghairmiúil ag féachaint i gcónaí le hoiliúint ar ardchaighdeán a chur ar fáil dár bhfoireann, le béim ar leith ar oiliúint chroíghnó (a bhaineann le hiniúchóireacht). Ceann de na príomhthosaíochtaí atá againn is ea forbairt agus feabhas a chur ar an eolas inár réimsí iniúchóireachta/i réimsí beartais Eorpacha, i gcomhar lenár seomraí iniúchóireachta. In 2023, d’eagraíomar roinnt seisiúin oiliúna de réir réimsí beartais do na seomraí iniúchóireachta go léir inar clúdaíodh topaicí tosaíochtaí a sainaithníodh ag tús na bliana.

Leanamar freisin d’oiliúint a chur ar ár bhfoireann maidir le NextGenerationEU (NGEU), agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF). San áireamh ansin, bhí ár dtionscnamh suaithinseach arb éard atá ann ná cúrsa oiliúna dhá lá ar RRF, a thugamar i gcrích i gcomhar leis an Institiúid Eorpach um Riarachán Poiblí (EIPA). Ina theannta sin, d’eagraíomar seisiúin maidir le rioscaí, dúshláin agus deiseanna a bhaineann le RRF agus cainteanna maidir le RRF inar chuir saineolaithe seachtracha a dtuairimí i láthair maidir le topaicí a bhaineann le RRF.

I Meitheamh 2023, rinneamar nuashonrú ar ár gclár oiliúna maidir le húsáid sonraí agus teicneolaíochta san iniúchóireacht. Bhí seisiún píolótach ann maidir le buneolas ar an Intleacht Shaorga ag deireadh mhí na Samhna agus beidh níos mó seisiún ann in 2024.

Creat inniúlachta nua
d’iniúchóirí

I bhFeabhra 2023, sheolamar tionscadal chun creat inniúlachta nua dár n-iniúchóirí a shainiú. Tabharfar cuntas sa chreat ar na hinniúlachtaí a bhíonn ag iniúchóirí airgeadais, comhlíontachta agus feidhmíochta na Cúirte, ar inniúlachtaí iad atá mar chuid bhunúsach chun a gcuid tascanna a chomhlíonadh go rathúil. Cuireann an creat le treoraíocht INTOSAI agus leis an ionchur a fuaireamar ó chomhairliúcháin le 15 Uasfhoras Iniúchóireachta. Tá an tionscadal sa chéim dheireanach agus táthar ag dréim leis go dtabharfar i gcrích é sa chéad leath de 2024. Cuirfidh sé bunús ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar riachtanais foghlamtha agus forbartha agus cuirfidh sé struchtúr ar fáil d’oiliúint chroíghnó na Cúirte maidir le príomhinniúlachtaí.

Aistriúchán

In 2023, d’aistríomar agus d’athbhreithníomar os cionn 208 000 leathanach (2022: 203 700), lena n-áirítear 12 900 leathanach a cuireadh amach chuig saoraistritheoirí. Bíonn idir uirlisí ríomhchuidithe agus teicneolaíochta meaisínaistriúcháin in úsáid ag na foirne teanga chun an próiseas aistriúcháin a shruthlíniú. D’ullmhaíomar 52 fhoilseachán agus bhí caighdeáin eagarthóireachta agus amharcaitheantais na Cúirte á gcur i bhfeidhm agus á rialú againn. Bhí ár gcuid aistritheoirí páirteach freisin i ngníomhaíochtaí iniúchóireachta, ag tabhairt cúnamh teanga le linn cuairteanna iniúchóireachta, ag cruinnithe ar líne nó hibrideacha, chomh maith le scríobh na dtuarascálacha chun teanga shoiléir a áirithiú. Sa bhreis air sin, bhí siad páirteach in obair chumarsáide, ag tabhairt comhairle teanga agus ag feabhsú na cáilíochta trí theachtaireachtaí a oiriúnú don spriocghrúpa – mar shampla trí oiriúnú cultúrtha.

Cibearshlándáil

Cibearshlándáil:
bagairtí síormhéadaitheacha

Tá sé de chúram ar fhoireann slándála TF na Cúirte ár seirbhísí TF a choimeád slán. Déanann siad an méid sin le tacaíocht ón bhFoireann Idirinstitiúideach Phráinnfhreagartha Ríomhaire, CERT-EU. Bhí an tacaíocht sin cuiditheach, go háirithe ó thaobh déileáil le cibeartheagmhas a tharla in Iúil 2023. Níorbh fhéidir an tslándáil i gceann dár gcuid tairseacha a ráthú a thuilleadh. Nuair a rinneadh tuilleadh imscrúduithe, áfach, tháinig sé chun solais nár tharla aon sárú ar shonraí agus nach raibh aon chóras eile i mbaol.

Rinneadh dul chun maidir le plean cibearshlándála 2022‑2024 a chur chun feidhme agus tá roinnt gníomhaíochtaí tugtha i gcrích nó idir lámha. Ceann de na gníomhaíochtaí is ábhartha atá curtha chun feidhme is ea teicneolaíocht cianrochtana neamhiontaoibhe (‘Zero Trust’) a chur in ionad an réitigh VPN.

Is cibearbhagairt fhorleathan i gcónaí í an fhioscaireacht. Threisigh an Chúirt an réiteach slándála ríomhphoist chun déileáil le ríomhphoist mhailíseacha ar bhealach níos fearr.

Bhí roinnt feachtais fioscaireachta againn in 2023, lena n-áirítear feachtas a seoladh ar leibhéal idirinstitiúideach faoi stiúir na Cúirte. Thaifeadamar méadú ar líon na ndaoine d’fhoireann na Cúirte a shainaithin agus a thuairiscigh teachtaireachtaí fioscaireachta, agus thosaíomar ag baint úsáid as uirlis nua do na feachtais fioscaireachta spriocdhírithe a bhí againn.

Bhí sé fós ar cheann de phríomhaidhmeanna fhoireann ISO feasacht a mhúscailt i measc fhoireann na Cúirte maidir le bagairtí cibearshlándála. Anuas ar na foirmeacha cumarsáide traidisiúnta amhail seisiúin oiliúna agus nuachtlitreacha, foilsíodh roinnt físeán i bhformáid agallaimh, ós rud é gur léiríodh gur teicníocht chumarsáide éifeachtach agus nua-aimseartha iad.

Thug an Chúirt an t-ionduchtú chuig SECABC chun críche freisin – córas a bhfuil an Coimisiún Eorpach i bhfeighil air chun malartú ríomhphost criptithe i measc institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais a éascú.

I measc na ngníomhaíochtaí eile, tá an rogha ‘ná cur ar aghaidh’ a ghníomhachtú in Outlook agus cosc a chur ar an bhfeidhmchlár TikTok.

Ar deireadh, bhí an Chúirt gníomhach maidir le rialachán cibearshlándála nua a ullmhú agus tá go leor dá fhorálacha á gcur chun feidhme aici cheana féin.

Foirgnimh

Áit oibre atá cuimsitheach, slán agus
neamhdhíobhálach don chomhshaol

Creidimid go láidir go bhfuil an-tábhacht ag baint le háit oibre mhaith a bheith ann chun spriocanna straitéiseacha na Cúirte Iniúchóirí a bhaint amach. Rannchuidíonn an tionchar díreach ar dhea-bhail na foirne le háit oibre tharraingteach a dhéanamh den Chúirt Iniúchóirí.

Is í an fhís atá againn ná áit oibre inbhuanaithe a chur ar fáil ina bhfuil timpeallacht chomhoibritheach atá dírithe ar an dea-bhail agus atá slán, cuimsitheach agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus an timpeallacht sin a bheith ann do na fostaithe go léir.

trí fhoirgneamh i gceantar Kirchberg i Lucsamburg (‘K1’, ‘K2’ agus ‘K3’) inár seilbh faoi láthair agus baintear feidhm as na foirgnimh sin mar eintiteas aonair atá comhtháite go teicniúil. Tá spás oifige tógtha ar cíos againn i Lucsamburg freisin dár n-ionad athshlánaithe ó thubaiste.

Bainistiú comhshaoil

Mar institiúid den Aontas Eorpach, tá dualgas orainn prionsabail an bhainistithe fónta comhshaoil a chur i bhfeidhm inár ngníomhaíochtaí go léir. Dá bhrí sin, táimid tiomanta dár dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú go leanúnach. Gach bliain, déanaimid faireachán agus anailís ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa atá á nginiúint ag ár ngníomhaíochtaí.

Tá an Chúirt bródúil as an deimhniú atá faighte aici faoin Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS). Tá córas bainistithe comhshaoil atá i gcomhréir le EMAS á oibriú go rathúil againn agus tá na ceanglais do dheimhniú ISO 14001:2015 á gcomhlíonadh go hiomlán againn.

Tar éis dúinn deimhniú EMAS a fháil athnuaite go dtí 2025, rinneadh an iniúchóireacht fíorúcháin seachtraí bhliantúil ar EMAS i nDeireadh Fómhair 2023. Bhí na torthaí go maith; níor aimsíodh neamhréireachtaí ar bith, agus sainaithníodh go leor dea-chleachtas.

Ar deireadh, formheasadh plean gníomhaíochta 2023‑2025 EMAS.

Déileáil
leis an ngéarchéim fuinnimh

Rinne an Chúirt roinnt beart chun déileáil leis an ngéarchéim fuinnimh, bunaithe ar an bplean dar teideal ‘Coigil gás le haghaidh geimhreadh sábháilte’ de chuid an Choimisiúin agus na Comhairle. Bhaineamar amach laghdú 21 % le haghaidh 2022‑2023 i gcomparáid leis an meánídiú thar na cúig bliana roimhe sin.

Tá an Chúirt Iniúchóirí ag leanúint den mholadh a rinne rialtas Lucsamburg le déanaí a chur san áireamh, ina ndeirtear gur chóir an teocht i bhfoirgnimh atá á n-oibriú ag údaráis phoiblí a choinneáil síos go dtí 20°C.

Tar éis an iniúchta fuinnimh ar fhoirgnimh na Cúirte in 2022, ghlacamar na céimeanna ba ghá chun an t-ídiú fuinnimh sna foirgnimh a laghdú, amhail roinnt beart a chur chun feidhme i rith shamhradh 2023: d’ardaíomar an teocht in áiteanna aerchóirithe; mhúchamar na córais aerála agus fuarúcháin i roinnt áiteanna sna foirgnimh; agus laghdaíomar an soilsiú i bpasáistí K1 agus K2 agus sna staighrí go dtí an soilsiú is ísle ó thaobh slándála de.

Treochlár chun astaíochtaí
a laghdú faoi 2030

In 2022, rinneadh staidéar ar an bhféidearthacht chun astaíochtaí gás ceaptha teasa na Cúirte a laghdú. Rinneadh measúnú ar na laghduithe féideartha ar astaíochtaí bunaithe ar na ríomhanna bliantúla ar an lorg carbóin agus ar smaointe a bailíodh le linn an chomhairliúcháin le gach roinn den Chúirt agus le foireann iomlán na Cúirte in earrach 2022. Shainaithin na foirne oibríochtúla 371 smaoineamh chun astaíochtaí a laghdú agus rinne siad meastóireacht orthu. As sin tháinig trí threochlár ar an bhfód. Bunaithe ar an machnamh sin, ghlacamar an clár comhshaoil nua le haghaidh 2023‑2025.

Tuairisciú ar an inbhuanaitheacht

In 2023, d’fhoilsíomar dara tuarascáil inbhuanaitheachta na Cúirte, a bhain le bliain 2022. Is éard atá i gceist le tuairisciú inbhuanaitheachta ná meastóireacht, tomhas agus tuairisciú a dhéanamh ar an gcaoi a dtugann an eagraíocht aghaidh ar na tionchair ábharthacha atá aici ar an ngeilleagar, ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol, agus ar an gcaoi a mbainistíonn sí na tionchair sin. Tugtar forléargas sa tuarascáil inbhuanaitheachta ar thionchair ár gcuid oibríochtaí. Déantar tuairisciú inti freisin ar an gcaoi a scrúdaímid, inár n-iniúchtaí, an mbíonn cistí an Aontais ag tacú le fás inbhuanaithe agus cuimsitheach san Eoraip agus ar fud na cruinne. Tugtar faisnéis freisin ar an tionchar atá ag ár struchtúr féin agus ag na bealaí a mbímid ag feidhmiú ar bhonn riaracháin chun an misean sin a shaothrú.

Tá ár dtuairisciú inbhuanaitheachta do bhliain 2023 i gceangal leis an tuarascáil seo mar Iarscríbhinn.

Réamhrá

01 San iarscríbhinn seo tugtar tuairisc ar a bhfuil ar siúl againn chun bheith inár n-institiúid inbhuanaithe. Nuair a bhí an t-ábhar atá le cur anseo á roghnú againn, bhí na caighdeáin faoin Tionscnamh Domhanda um Thuairisciú1 (GRI) mar threoir againn agus rinneamar na caighdeáin sin a oiriúnú dár gcomhthéacs agus saintréithe féin mar institiúid phoiblí. Tugtar tuairisc san iarscríbhinn ar an gcaoi a dtugaimid aghaidh ar na tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil atá ag ár gcuid oibre, bíodh sé sin go hinmheánach nó go seachtrach.

02 Seo é an tríú huair againn ag tuairisciú ar an inbhuanaitheacht. Tá an chéad tuarascáil (2021) ar fáil anseo, agus an dara tuarascáil (2022) ar fáil anseo. Tá fáilte romhat breathnú ar an dá thuarascáil sin a d’eisíomar roimhe seo chun gur fearr a thuigfidh tú an comhthéacs do thuarascáil 2023.

03 D’ullmhaíomar an doiciméad seo sula raibh sonraí áirithe ar fáil, go sonrach sonraí maidir le tomhailt acmhainní. Sna cásanna sin, bhaineamar úsáid as figiúirí 2022.

04 Le haghaidh tuilleadh eolais faoi ghníomhaíochtaí agus faoi thuarascálacha iniúchóireachta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE), is féidir leat dul go dtínár suíomh gréasáin: www.eca.europa.eu. Is féidir leat freisin:

  • Muid a leanúint ar X (ar a dtugtaí Twitter roimhe seo)
  • Súil a chaitheamh ar ár gcuid leathanach ar LinkedIn agus ar Facebook
  • Féachaint ar fhíseáin dár gcuid ar YouTube

1 Is eagraíocht idirnáisiúnta sheachbhrabúsach atá sa Tionscnamh Domhanda um Thuairisciú. Tá Treoirlínte don Tuairisciú ar an Inbhuanaitheacht curtha ar fáil ag GRI lena chur ar chumas cuideachtaí agus eagraíochtaí tuairisciú ar a bhfeidhmíocht eacnamaíoch, chomhshaoil, shóisialta agus rialachais. Cabhraíonn an creat um thuairisciú ar an inbhuanaitheacht atá ag GRI le cuideachtaí an fhaisnéis sin a shainaithint agus a bhailiú, agus tuairisciú uirthi ar bhealach atá soiléir agus inchomparáide.

Caighdeáin eacnamaíocha

Feidhmíocht eacnamaíoch

05 Tá na forálacha airgeadais lena rialaítear an Chúirt Iniúchóirí leagtha síos sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh2. In 2023, bhí buiséad de €175.1 milliún againn (€162.1 milliún in 2022), agus bhí ráta forghníomhaithe de 98 % againn (98.5 % in 2022 agus 97 % in 2021). Tá ár mbuiséad ag seasamh do 1.5 % de chaiteachas riaracháin iomlán an Aontais (níos lú ná 0.1 % de chaiteachas iomlán an Aontais).

06 Déanann Oifigeach Cuntasaíochta na Cúirte Iniúchóirí dréacht dár gcuntais bhliantúla a tharraingt suas, agus déanann iniúchóir seachtrach iniúchóireacht bhliantúil orthu. Cuirtear na cuntais bhliantúla a bhfuil iniúchóireacht déanta orthu, chomh maith le tuarascálacha an iniúchóra sheachtraigh, ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach chun go bhféadfar iad a chomhdhlúthú sna cuntais do na hinstitiúidí ar fad. Cuirtear ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle freisin iad.

07 Inár dTuarascáil bhliantúil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais, tugaimid forléargas ar an gcaoi a ndéantar ár mbuiséad a chur chun feidhme agus tugaimid míniú ar theagmhais a raibh tionchar suntasach acu ar ár gcuid oibre. Cuirtear an tuarascáil sin ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

2 Airteagail 310 go 325.

Spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe i gcomhthéacs an Aontais Eorpaigh

08 Mar uasfhoras iniúchóireachta, rannchuidíonn an Chúirt Iniúchóirí – trína cuid iniúchtaí – ar bhealach fiúntach leis na 17 de spriocanna forbartha inbhuanaithe (SFInna) na Náisiún Aontaithe a bhaint amach. I gcomhréir lenár sainordú agus lenár dtosaíochtaí, déanaimid faireachán ar chur chun feidhme, déanaimid dul chun cinn a rianú, agus sainaithnímid feabhsúcháin ar na SFInna go léir.

09 Cé nach bhfuil aon iniúchtaí déanta againn a dhíríonn go sonrach ar chur chun feidhme na SFInna, tá roinnt tuarascálacha foilsithe againn a chlúdaíonn topaicí a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na SFInna. In 2023, d’fhoilsíomar 35 thuarascáil speisialta agus athbhreithniú. Chlúdaigh 89 % de na doiciméid sin (62 % in 2022) topaicí atá ábhartha do bhaint amach SFInna na Náisiún Aontaithe. Sa tábla seo thíos, tugtar forléargas ar an nasc idir ár gcuid tuarascálacha agus na SFInna. Tá faisnéis ar an topaic seo (a dhéantar a nuashonrú go rialta) ar fáil anseo.

Tábla 1 – Inneachar i dtuarascálacha 2023 na Cúirte Iniúchóirí atá ábhartha do SFInna na Náisiún Aontaithe

Tuarascáil SFI gaolmhar
Tuarascáil speisialta 01/2023: ‘Uirlisí lena n-éascaítear taisteal laistigh den Aontas le linn phaindéim COVID‑19 – Tionscnaimh ábhartha, agus tá an tionchar ag dul ó iad a bheith rathúil go dtí úsáid theoranta’. N/B
Tuarascáil speisialta 02/2023: ‘Rialacha an bheartais comhtháthaithe a oiriúnú chun freagairt do COVID‑19 – Cistí á n-úsáid ar bhealach níos solúbtha, ach ní foláir machnamh a dhéanamh ar an mbeartas comhtháthaithe mar uirlis freagartha ar ghéarchéimeanna’.
Tuarascáil speisialta 03/2023: ‘An margadh inmheánach leictreachais a chomhtháthú – Struchtúir chasta dlí, moilleanna, laigí sa rialachas agus faireachas neamhiomlán margaidh, tá siad ag cur bac ar chuspóir uaillmhianach a bhaint amach go hiomlán’.
Tuarascáil speisialta 04/2023: ‘An Comhaontas Domhanda um an Athrú Aeráide(+) – Níor baineadh amach an méid a beartaíodh’.
Tuarascáil speisialta 05/2023: ‘Mór-réimse airgeadais an Aontais – Struchtúr manglaim a bhfuil tuilleadh simplithe agus cuntasachta ag teastáil ina leith’. N/B
Tuarascáil speisialta 06/2023: ‘Coinbhleacht leasa i gcaiteachas comhtháthaithe agus talmhaíochta AE – Tá creat i bhfeidhm, ach tá bearnaí sna bearta trédhearcachta agus braite’
Tuarascáil speisialta 07/2023: ‘Dearadh chóras rialaithe an Choimisiúin do RRF – Tá bearna maidir le dearbhú agus cuntasacht ar leibhéal an Aontais fós sa tsamhail nua seachadta in ainneoin obair fhairsing atá á pleanáil’.
Tuarascáil speisialta 08/2023: ‘Iompar lastais idirmhódúil – Tá an tAontas fós i bhfad ó lastas a bhaint den bhóthar’.
Tuarascáil speisialta 09/2023: ‘Slabhraí soláthair táirgí talmhaíochta a áirithiú le linn COVID‑19 – Bhí freagairt an Aontais tapa, ach ní raibh sí spriocdhírithe go leor ag na Ballstáit’.
Tuarascáil speisialta 10/2023: ‘Réamhbheart maidir le Taighde Cosanta – Ceachtanna foghlamtha, ach laghdú ar a luach mar mhodh tástála chun caiteachas cosanta an Aontais a mhéadú mar gheall ar shrianta ama agus torthaí teoranta’.
Tuarascáil speisialta 11/2023: ‘Tacaíocht ón Aontas le haghaidh digiteáil sna scoileanna – Infheistíochtaí suntasacha, ach gan fócas straitéiseach i bhfeidhm ag na Ballstáit sa chaoi ar úsáid siad maoiniú ón Aontas’.
Tuarascáil speisialta 12/2023: ‘Maoirseacht an Aontais ar riosca creidmheasa na mbanc – Chuir BCE dlús lena iarrachtaí ach caithfear níos mó a dhéanamh ionas go méadófar an dearbhú go bhfuil an riosca creidmheasa á bhainistiú agus á chlúdach go cuí’.
Tuarascáil speisialta 13/2023: ‘Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe – Clár láidir custaim, ach gan lánúsáid bainte as an acmhainneacht agus tá an cur chun feidhme neamhrialta’.
Tuarascáil speisialta 14/2023: ‘An clársceidealú don Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda: Cláir chuimsitheacha ach go bhfuil easnaimh sna modhanna chun cistí a leithdháileadh agus san fhaireachán ar an tionchar’.
Tuarascáil speisialta 15/2023: ‘Beartas tionsclaíoch an Aontais maidir le ceallraí – Spreagadh straitéiseach nua ag teastáil’.
Tuarascáil speisialta 16/2023: ‘Bainistíocht fiachais NGEU ag an gCoimisiún – Tús spreagúil, ach is gá é a ailíniú tuilleadh le dea-chleachtas’.
Tuarascáil speisialta 17/2023: ‘An geilleagar ciorclach – Aistriú mall á dhéanamh ag na Ballstáit in ainneoin gníomhaíocht ón Aontas Eorpach’.
Tuarascáil speisialta 18/2023: ‘Spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais – Baineadh amach na spriocanna do 2020, ach is beag léiriú atá ann gur leor gníomhaíochtaí chun na spriocanna do 2030 a bhaint amach’.
Tuarascáil speisialta 19/2023: ‘Iarrachtaí an Aontais le haghaidh ithir a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe – Caighdeáin neamh-uaillmhianacha agus spriocdhíriú teoranta’.
Tuarascáil speisialta 20/2023: ‘Tacaíocht a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas – Tá tionchar praiticiúil ghníomhaíocht an Aontais teoranta’.
Tuarascáil speisialta 21/2023: ‘An Tionscnamh Spotsolais chun deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban agus na gcailíní – Uaillmhianach, ach is tionchar teoranta atá go dtí seo aige’.
Tuarascáil speisialta 22/2023: ‘Fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta san Aontas – Pleananna uaillmhianacha don fhás ach is dúshlán fós í an inbhuanaitheacht’.
Tuarascáil speisialta 23/2023: ‘Athstruchtúrú agus plandáil fíonghort san Aontas Eorpach – Tionchar doiléir ar an iomaíochas agus is beag d’uaillmhian chomhshaoil atá ann’.
Tuarascáil speisialta 24/2023: ‘Cathracha cliste – Réitigh fhollasacha, ach tá an ilroinnt ina dúshlán dá nglacadh ar bhonn forleathan’.
Tuarascáil speisialta 25/2023: ‘Beartas Dobharshaothraithe an Aontais Eorpaigh – Táirgeadh marbhánta agus torthaí doiléire d’ainneoin cistiú méadaithe ón Aontas’.
Tuarascáil speisialta 26/2023: ‘Creat faireacháin feidhmíochta na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta – Dul chun cinn sa chur chun feidhme á thomhas, ach ní leor é chun léargas a thabhairt ar an bhfeidhmíocht’.
Tuarascáil speisialta 27/2023: ‘Scagadh ar infheistíochtaí díreacha coigríche san Aontas – Na chéad chéimeanna tógtha, ach tá teorainneacha suntasacha fós ann ó thaobh déileáil go héifeachtach le rioscaí slándála agus oird phoiblí’. N/B
Tuarascáil speisialta 28/2023: ‘Soláthar poiblí san Aontas Eorpach – Níos lú iomaíochta maidir le conarthaí a dámhadh le haghaidh oibreacha, earraí agus seirbhísí sna 10 mbliana roimh 2021’.
Tuarascáil speisialta 29/2023: ‘Tacaíocht an Aontais do bhithbhreoslaí inbhuanaithe san iompar – Bealach doiléir amach romhainn’.
Athbhreithniú 01/2023: ‘Maoiniú AE tríd an mbeartas comhtháthaithe agus tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta – Anailís chomparáideach’. N/B
Athbhreithniú 02/2023: ‘Gníomhaíochtaí an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an méadú atá ag teacht ar dhramhaíl ghuaiseach’.
Athbhreithniú 03/2023: ‘Iompar ainmhithe beo san Aontas Eorpach – Dúshláin agus deiseanna’.
Athbhreithniú 04/2023: ‘Bainistíocht chistí an Aontais a dhigiteáil’.
Athbhreithniú 05/2023: ‘Rialachas eacnamaíoch an Aontais a athchóiriú – Deiseanna a bhfuil rioscaí agus dúshláin ag baint leo’.
Athbhreithniú 06/2023: ‘Tuarascáil bhliantúil an Choimisiúin ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht Bhuiséad AE 2022’.

Cleachtais soláthair phoiblí

10 Na cleachtais soláthair phoiblí go léir atá i bhfeidhm sa Chúirt Iniúchóirí, tá siad faoi réir an Rialacháin Airgeadais3, agus bainimid úsáid as na nósanna imeachta soláthair phoiblí atá leagtha síos sa rialachán sin nuair a bhíonn earraí, seirbhísí nó oibreacha á n-éadáil againn. Is doiciméad poiblí atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin é an doiciméad dar teideal Coinníollacha ginearálta le haghaidh conarthaí soláthair, seirbhíse agus oibre ina leagtar síos an caidreamh conarthach atá idir an Chúirt Iniúchóirí agus a cuid soláthróirí, soláthraithe seirbhíse agus conraitheoirí.

11 In 2023, cheannaigh an Chúirt Iniúchóirí earraí agus seirbhísí a raibh luach iomlán de €23 426 750.05 ag gabháil leo (€5 512 853 in 2022 agus €15 215 515 in 2021). Den luach iomlán sin, bhain costas de €21 453 665.05 (€4 848 701 in 2022 agus €10 144 812 in 2021) le ceannacháin ó sholáthróirí áitiúla. Is 91.58 % (88 % in 2022 agus 67 % in 2021) a bhí sa chéatadán de chaiteachas a rinneadh le soláthróirí áitiúla.

12 Ar mhaithe leis an trédhearcacht, déanaimid ár gcleachtais agus nósanna imeachta soláthair phoiblí a fhoilsiú go poiblí. Tá na nithe seo a leanas ar fáil ar ár leathanach gréasáin: liosta de na glaonna ar thairiscintí sa Chúirt Iniúchóirí; an phleanáil do chonarthaí íseal-luacha agus meánluacha; liostaí bliantúla de chonarthaí; agus na coinníollacha ginearálta le haghaidh conarthaí soláthair, seirbhíse agus oibre Chúirt Iniúchóirí na hEorpa.

3 Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

Gníomhú in aghaidh an éillithe

13 A mhéid a bhaineann le hoibríochtaí a dhéantar a mheasúnú ó thaobh rioscaí éillithe de, tá orainn idirdhealú a dhéanamh idir oibríochtaí seachtracha agus oibríochtaí inmheánacha. Tagraíonn ‘oibríochtaí seachtracha’ d’oibríochtaí nó idirbhearta faoi bhuiséad an Aontais Eorpaigh a sheiceálaimid mar chuid dár gcuid oibre iniúchóireachta.

14 Mar iniúchóir seachtrach an Aontais, níl an sainordú ag an gCúirt Iniúchóirí cásanna de chalaois amhrasta in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú. Cé gur féidir leis a bheith deacair calaois a shainaithint trí na gnáthnósanna imeachta iniúchóireachta, tagann líon áirithe cásanna de chalaois amhrasta chun solais gach bliain ag éirí as an obair iniúchóireachta a dhéanaimid. Déantar na cásanna sin a thuairisciú chuig OLAF (Oifig Frith-Chalaoise an Aontais Eorpaigh) trí shásraí agus cainéil comhair atá leagtha síos don dá eagraíocht. Má mheastar gur gá é a dhéanamh, d’fhéadfaí na cásanna sin a thuairisciú freisin ag an am céanna chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE).

15 Níor tuairiscíodh aon chás calaoise i dtaca le hoibríochtaí inmheánacha in 2023.

16 A mhéid a bhaineann le hoiliúint i gcosc na caimiléireachta, d’eagraíomar 24 chúrsa oiliúna in 2023 ar bheartais in aghaidh an éillithe (21 in 2022 agus 15 in 2021), a mhair 175 uair an chloig ar an iomlán (156 uair an chloig in 2022 agus 76 uair an chloig in 2021).

17 D’fhreastail 1 069 duine4 ar na himeachtaí sin (612 in 2022, agus 1 011 in 2021), agus bhí siad ar fáil do gach duine atá ag obair sa Chúirt Iniúchóirí – Comhaltaí na Cúirte san áireamh.

4 Seo é an figiúr don líon iomlán daoine a d’fhreastail ar chúrsaí.

Caighdeáin shóisialta

Fostaíocht

18 Bímid ag brath ar scileanna ár bhfoirne, agus ar chomh spreagtha atá siad, chun na cuspóirí inár gclár oibre bliantúil a bhaint amach. Dá bhrí sin, is tosaíocht lárnach é na daoine cearta a earcú ag an am ceart, agus tá beartais fostaithe foirne ríthábhachtach chuige sin. I dTábla 2, taispeántar an staid foirnithe, de réir náisiúntachta agus cineál fostaí, a bhí againn ag deireadh 2023:

Tábla 2 – Foireann CIE amhail an 31.12.20235

Tír Oifigigh Foireann shealadach Foireann ar conradh Saineolaithe náisiúnta Iomlán na foirne
An Ostair 7 5   1 13
An Bheilg 44 7 9   60
An Bhulgáir 28 7     35
An Chróit 3 6 2 1 12
An Chipir 4 4 1   9
Poblacht na Seice 26 4 1 1 32
An Danmhairg 6 4     10
An Eastóin 9 4 1   14
An Fhionlainn 13 5   1 19
An Fhrainc 79 24 18 3 124
An Ghearmáin 63 14 2   79
An Ghréig 36 18 6 3 63
An Ungáir 24 6 2   32
Éire 10 8 1   19
An Iodáil 52 13 7   72
An Laitvia 10 5 1 1 17
An Liotuáin 14 5 5   24
Lucsamburg 3 4 5 1 13
Málta 5 6     11
An Ísiltír 8 4     12
An Pholainn 52 7 4 2 65
An Phortaingéil 26 9 9   44
An Rómáin 46 9 2 2 59
An tSlóvaic 9 3   3 15
An tSlóivéin 10 6 3   19
An Spáinn 44 11 7 1 63
An tSualainn 13 2   1 16
An Úcráin   1   5 6
An Ríocht Aontaithe 9 3     12
Iomlán 653 204 86 26 969

Foinse: CIE.

Amhail ag deireadh 2023, bhí 969 nduine6 fostaithe ar an bhfoireann againn (954 in 2022), agus is oifigigh a bhí i 67.4 % díobh sin (68.2 % in 2022). Tá na daoine ar ár bhfoireann earcaithe ó gach ceann de 27 mBallstát an Aontais agus ón Ríocht Aontaithe. Le haghaidh eolas faoin earcaíocht in 2023, féach an roinn dar teideal ‘Earcaíocht’ atá i bpríomhchuid an doiciméid seo.

19 Le haghaidh staitisticí ar an gcothromaíocht inscne in CIE, féach an roinn dar teideal ‘Comhionannas deiseanna’ sa phríomhdhoiciméad.

20 An 1 Eanáir 2022, thosaigh an Chúirt Iniúchóirí ar chóras oibre hibrideach, a thug isteach cur chuige solúbtha i leith an ama oibre mar chuid bhunriachtanach de bhainistiú acmhainní daonna. Is é an córas fleisc-ama an gnáthshocrú oibre ó shin i leith, rud a ligeann do dhaoine den fhoireann cothromaíocht níos fearr a bhaint amach idir an saol oibre agus an saol pearsanta, ach fós aird chuí á tabhairt ar riachtanais na seirbhíse. Rannchuidíonn an socrú sin freisin ar bhealach dearfach le cothromaíocht inscne agus éifeachtúlacht eagraíochtúil.

21 Tá an Chúirt Iniúchóirí rannpháirteach i dtionscnamh ardleibhéil (a sheol an Coimisinéir Johannes Hahn) chun áit níos tarraingtí mar ionad oibre a dhéanamh de Lucsamburg. Is é atá mar aidhm leis an tionscnamh sin ná teacht ar chomhaontú i dtaobh gníomhaíochtaí sonracha a bheadh á gcur chun feidhme ag na hinstitiúidí Eorpacha go léir atá lonnaithe i Lucsamburg. Chomhaontaigh na hinstitiúidí ceithre mheitheal a bhunú le dul ag obair ar 12 ghníomhaíocht shonracha a fhorbairt. Tá an chathaoirleacht do cheann de na meithleacha sin ag an Stiúrthóir um Acmhainní Daonna sa Chúirt Iniúchóirí. Tá an mheitheal áirithe sin comhdhéanta de dhá fho-mheitheal: ceann atá ag déileáil le cumarsáid chomhpháirteach idirinstitiúideach, agus ceann eile a bhaineann le caidreamh a chothú leis an lucht léinn san Aontas Eorpach – ar a dtugtar Gréasán REA freisin agus atá á stiúradh ag an gCúirt Iniúchóirí.

5 Sa tábla seo tugtar an líon daoine iarbhír a bhí ag obair in CIE amhail an 31 Nollaig 2023 (857 i bpost buan nó i bpost sealadach, 26 shaineolaí náisiúnta ar iasacht agus 86 ar conradh). Níl 25 Chomhalta na Cúirte san áireamh sa tábla seo. Chomh maith leis sin, tá an líon post buan agus post sealadach (a léirítear ar leathanach 50 den phríomhdhoiciméad) níos airde ná seo (882 phost) mar go bhfuil poist a bhí folamh ag deireadh 2023 san áireamh san fhigiúr sin.

6 Gan 25 Chomhalta CIE san áireamh.

Comhionannas deiseanna, éagsúlacht agus cuimsiú

22 Is fostóir comhionannais deiseanna í an Chúirt Iniúchóirí, agus táimid tiomanta do dheiseanna gairme comhionanna a thairiscint dár bhfoireann ag gach leibhéal san institiúid. Tá prionsabal an chomhionannais deiseanna cumhdaithe in Airteagal 1 de na Rialacháin Foirne, lena dtoirmisctear idirdhealú ar fhoras ar bith. Áiríonn sé sin comhionannas iomlán idir fir agus mná san ionad oibre.

23 In 2023, choinnigh an Chúirt Iniúchóirí uirthi le cur chun feidhme a beartais um éagsúlacht agus cuimsiú, a sheol sí in 2021. Bhí na nithe seo a leanas san áireamh san obair sin: nuashonrú ar na treoirlínte um chomhionannas deiseanna don fhoireann go léir; glaonna éagsúla ar léirithe spéise chun idirghabhálaithe agus sainchomhairleoirí iontaoibhe a earcú, go hinmheánach agus go seachtrach; agus nuashonrú ar na treoirlínte maidir le filleadh ar an obair i ndiaidh saoire bhreoiteachta fhadtéarmach. Ó thús 2023, tá ‘Garchabhair mheabhairshláinte’ á tairiscint don fhoireann againn.

24 In 2023 freisin, tháinig an Chúirt Iniúchóirí chun bheith ina comhalta de Líonra Idirnáisiúnta na Déghairme (IDCN) i Lucsamburg. Is eagraíocht dhomhanda é IDCN a bhíonn ag díriú isteach ar thacú le forbairt gairme agus dea-bhail na ndaoine atá ina bpáirtnéirí agus ina gcéilí ag fostaithe. Cuireann IDCN réimse leathan seirbhísí ar fáil, amhail léargas ar an margadh fostaíochta áitiúil, cúnamh a thabhairt le CV a chur le chéile, imeachtaí don líonrú a eagrú agus rochtain a thabhairt ar líonraí gnó áitiúla trí chaidreamh le comhaltaí eile de IDCN. Is féidir le gach duine atá ina bpáirtnéir nó ina gcéile ag duine atá fostaithe ag an gCúirt Iniúchóirí, agus atá lonnaithe i Lucsamburg, ballraíocht a ghlacadh in IDCN.

25 I mbliana, rinneadh an Chúirt Iniúchóirí a ainmniú le haghaidh Gradam an Ombudsman don Dea-Riarachán mar aitheantas don tSeachtain Feasachta Míchumas a d’eagraíomar (catagóir: Barr feabhais san éagsúlacht agus cuimsiú). Tugann Gradam an Ombudsman Eorpaigh don Dea-Riarachán aitheantas don obair a dhéanann comhlachtaí de chuid an Aontais a bhfuil tionchar dearfach infheicthe agus díreach aici ar shaol na ndaoine san Eoraip agus níos faide i gcéin. Is é atá mar aidhm leis an ngradam ná na dea-shamplaí sin a chur ar a súile do spriocphobal níos leithne agus dea-chleachtais a chraobhscaoileadh laistigh de na hinstitiúidí.

26 Níor tuairiscíodh aon chás d’idirdhealú in 2023.

Saoirse comhlachais agus cómhargáil

27 Tá an fhoireann go léir faoi réir Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh.

28 Tá saoirse comhlachais ag foireann na Cúirte Iniúchóirí. Tá an tsaoirse comhlachais sin á rialú le creat-chomhaontú leis na ceardchumainn foirne, a síníodh in 2018. I measc rudaí eile, rialaíonn an comhaontú an ról agus na feidhmeanna atá ag na ceardchumainn agus rialaíonn sé na nósanna imeachta idir-réitigh chomh maith leis an gceart atá ag an bhfoireann dul ar stailc. Go dtí seo, níl an comhaontú sin sínithe ach ag aon cheardchumann foirne amháin i.e. Union Syndicale Luxembourg (USL).

29 Tá ionadaíocht ag an bhfoireann freisin ar an gCoiste Foirne, atá comhdhéanta d’fhostaithe de ghráid éagsúla agus d’fheidhmghrúpaí éagsúla. Is féidir leis an gCoiste Foirne aon cheist a ardaíonn daoine den fhoireann sa Chúirt Iniúchóirí a phlé leis an Riarachán.

30 Foráiltear do Choiste Foirne in Airteagal 9 de na Rialacháin Foirne, ina leagtar síos ceanglas go gcaithfear dul i gcomhchomhairle leis an gCoiste i roinnt réimsí éagsúla, amhail ardú céime, deimhniú agus luathscor. Tá ionadaíocht ag an gCoiste Foirne freisin ar choistí comhairleacha éagsúla (Oiliúint Ghairmiúil, TF agus Faisnéis, Sláinte agus Sábháilteacht, agus Lónadóireacht). Sa bhreis air sin, tugann an Coiste a thuairim i dtaobh nithe riaracháin áirithe amhail comórtais inmheánacha, earcaíocht, athnuachan conarthaí, athghrádú agus misin.

31 In 2023, ba é FG I, grád 3, céim 3 (lena ngabhann tuarastal míosúil de €3 119.25) an tuarastal iontrála íosta a bhí ann don fhoireann ar conradh. Mar chomparáid, is €3 085.11 a bhí sa tuarastal míosúil íosta d’oibrí oilte i Lucsamburg in 2023.

Oiliúint agus oideachas

32 Ó aimsir na paindéime, agus le timpeallacht oibre hibrideach anois ann, tá meascán d’oiliúint ar líne agus de chúrsaí ar an láthair anois i gceist leis an oiliúint. In 2023, d’eagraíomar 544 ghníomhaíocht foghlama (663 in 2022) ar raon leathan topaicí agus d’fhreastail 12 041 dhuine ar an iomlán (16 014 sa bhliain roimhe sin) ar na gníomhaíochtaí sin. Le haghaidh tuilleadh eolais faoinár ngníomhaíochtaí oiliúna, féach an roinn dar teideal ‘Oiliúint ghairmiúil’ atá i bpríomhchuid an doiciméid seo.

Caighdeáin chomhshaoil

Ár mbeartas comhshaoil

33 Ghlac an Chúirt Iniúchóirí a céad beartas comhshaoil (EMAS) in 2014. Tá an próiseas sin bunaithe ar thimthriall trí bliana. Amhail ag deireadh 2022, tháinig ár dtríú timthriall EMAS chun críche go rathúil, nuair a rinneadh ár ndeimhniú EMAS7 a athnuachan go ceann trí bliana eile.

34 Tríd an mbeartas sin, tá sé geallta ag an gCúirt Iniúchóirí go ndéanfaidh sí an méid seo a leanas:

  • bearta a ghlacadh chun truailliú a chosc agus chun astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin a laghdú;
  • úsáid éifeachtúil fuinnimh a chur chun cinn agus bearta a ghlacadh chun tomhailt leictreachais agus uisce a laghdú;
  • a chinntiú go mbaintear úsáid níos éifeachtúla as páipéar chun tomhailt páipéir a laghdú;
  • critéir chomhshaoil a chur ina nósanna imeachta soláthair phoiblí;
  • dea-chleachtais i ndáil le bainistiú dramhaíola a thabhairt isteach;
  • gach duine den fhoireann a spreagadh le gníomhú go hinbhuanaitheach agus rannchuidiú le baint amach spriocanna an bheartais.

35 I Márta 2023, dá bhrí sin, shocraíomar cuspóirí nua agus uaillmhianacha le haghaidh thréimhse 2023-2025, lena n-áirítear plean gníomhaíochta nuashonraithe.

7 Déanann an Chúirt Iniúchóirí de réir na gceanglas deimhniúcháin atá i gcaighdeán cáilíochta ISO 14001:2015 (Córas bainistithe comhshaoil) a bhfuil comhaontú idirnáisiúnta ann ina thaobh, agus tá deimhniú ISO 14001 faighte go hoifigiúil aici.

Achoimre ar na torthaí comhshaoil

36 Déanaimid faireachán rialta ar ár dtomhaltas ó thaobh fóntais de, agus táimid go dícheallach ag tabhairt bearta éagsúla isteach chun leibhéal úsáide na bhfóntas sin a laghdú. Mar shampla, tá roinnt beart déanta againn chun ár dtomhailt fuinnimh a laghdú: nuachóiriú ar na córais aeraithe; bolgáin LED le tomhaltas íseal a chur go leanúnach in ionad gnáthbholgáin solais; agus an t-am aeraithe agus fuaraithe a laghdú i gcaitheamh mhíonna an tsamhraidh.

37 Is le linn an dara ráithe den bhliain dár gcionn a bhíonn fáil de ghnáth ar na figiúirí don tomhaltas fóntais, agus mar sin ní raibh na figiúirí le haghaidh 2023 ar fáil nuair a cuireadh an tuarascáil seo i dtoll a chéile. Dá bhrí sin, tá anailís déanta againn ar na treochtaí tomhaltais do 2022 i gcomparáid le 2021.

Graf 3 – Tomhaltas fóntais do 2022 i gcomparáid le 2021, agus an treocht ó 2014 i leith

Táscairí in aghaidh an CLA8 I mbliain amháin Ó 2014
Leictreachas 3.57 MWh/CLA − 2.7 % − 34.5 %
Téamh (tomhaltas caighdeánaithe) 3.08 MWh/CLA − 6.0 % − 22.2 %
Páipéar 2 929.33 leathanach/CLA + 46.5 % − 83.5 %
Astaíochtaí 8.25 tCO2e/CLA + 3.9 % − 29.5 %
Dramhaíl9 109.13 kg/CLA + 39.9 % − 33.7 %
Uisce 7.37 m³/CLA + 24.0 % − 45.3 %

Foinse: CIE.

38 Maidir leis na méaduithe móra sna táscairí don uisce, do ghiniúint dramhaíola agus do thomhailt páipéir, tá siad ar fad nasctha leis an bhfoireann a bheith ag filleadh ar an obair in áitreabh na Cúirte Iniúchóirí tar éis deireadh a bheith curtha le srianta COVID. De réir mar a bhí an fhoireann ag filleadh ar an oifig, tháinig méadú ar an líon béilí a ullmhaíodh i gceaintín na Cúirte Iniúchóirí, faoi mar a tháinig méadú freisin ar thomhailt uisce agus ar dhramhaíl.

39 Mar chuid dár ndícheall comhshaoil, táimid ag coinneáil súil ar ár lorg carbóin agus é mar aidhm againn é a laghdú. Bhí ár n-astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) le haghaidh 2022 ag 7 989 tCO2e ar an iomlán, arb ionann é sin agus laghdú 25 % ó 2014 i leith. Is iarmhairt dhíreach é sin ar na pleananna gníomhaíochta a bhí againn roimhe seo.

8 CLA: duine den fhoireann i gcoibhéis lánaimseartha.

9 Níl coibhéis sna paraiméadair tomhais idir 2014 agus 2020.

Graf 1 – Astaíochtaí foriomlán GCT le haghaidh 2022

Foinse: Is é ‘21 Solutions’ a rinne an ríomh, bunaithe ar shonraí ón gCúirt Iniúchóirí.

Graf 2 – Athrú i lorg carbóin foriomlán na Cúirte Iniúchóirí ó 2014 i leith

Foinse: Is é ‘21 Solutions’ a rinne an ríomh, bunaithe ar shonraí ón gCúirt Iniúchóirí.

Bithéagsúlacht

40 Is beag tionchair atá ag ár ngníomhaíochtaí ar an mbithéagsúlacht. Mar sin féin, déanaimid faireachán agus measúnú ar an tionchar atá againn ar an mbithéagsúlacht ó thaobh déine, minicíochta agus leibhéal rialaithe de. Má thagann saincheist chun bheith suntasach, déanaimid gníomh chun na rioscaí gaolmhara a mhaolú.

41 In 2023, rinneamar anailís fhorleathan ar na tionchair atá ag ár ngníomhaíocht agus ag ár n-áitreabh ar an mbithéagsúlacht. Is ar an tsoghluaisteacht agus ar úsáid na bhfoirgneamh is mó a bhí ár dtionchar. Is é an taisteal a bhaineann leis an obair (go príomha, misin iniúchóireachta ar an bhfód) agus an t-aistear laethúil go dtí an obair na príomhfhoinsí don tionchar sin. Is ar an úsáid a bhainimid as foirgnimh a bhí an dara tionchar is mó: tomhailt fuinnimh, úsáid trealaimh, acmhainní agus trealamh TF, agus lónadóireacht.

42 Chun ár dtionchar diúltach a fhritháireamh, táimid ag féachaint le tionchar dearfach a bheith againn ar an mbithéagsúlacht trí bhíthin gníomhaíochtaí agus tionscadail éagsúla a rannchuidíonn go suntasach le feasacht a mhúscailt i measc na foirne, cé go gceapfaí ar an gcéad amharc nach bhfuil an oiread sin téagair iontu. In 2023, bhí na gníomhaíochtaí seo a leanas i measc na nithe a rinneamar:

  • Gníomhaíochtaí éicea-phobal na Cúirte Iniúchóirí: oibríonn daoine den fhoireann go saorálach chun aire a thabhairt do ghairdín comónta in áitreabh na Cúirte Iniúchóirí agus tá malartán síolta curtha ar bun acu; tá comhpháirtíocht sínithe againn le heagraíocht neamhrialtasach áitiúil ar a dtugtar natur&ëmwelt – Fondation Hëllef fir d´Natur, agus tá crainn curtha againn i bhforaois áitiúil (cuireadh thart ar 1 000 crann mar chuid de dhá ghníomhaíocht éagsúla); agus d’eagraíomar ‘Caiféanna deisiúcháin’ ina raibh daoine ar fáil go saorálach chun earraí tí a bhí briste a dheisiú dá gcomhghleacaithe.
  • Beachaireacht: tá roinnt coilíneachtaí beach i gcónaí againn ag áitreabh na Cúirte Iniúchóirí, agus tháirgeamar ár mil féin. Is daoine atá ar fáil go saorálach a bhíonn i mbun na gníomhaíochta sin. Baintear úsáid as an mil a tháirgimid mar bhronntanais chun críche prótacail.
  • Den chéad uair riamh, leagamar sprioc bhithéagsúlachta intomhaiste síos dúinn féin inár bplean gníomhaíochta comhshaoil agus é mar aidhm againn spásanna glasa a mhéadú 1 % faoi dheireadh 2025.
  • D’eagraíomar an chéad cheardlann bhithéagsúlachta don fhoireann chun feasacht a mhúscailt i dtaobh an tionchair atá ag cailliúint na bithéagsúlachta, agus chuireamar cuairt threoraithe ar fáil do dhaoine den fhoireann ag túr uisce Ban de Gasperich agus é mar aidhm leis sin tuiscint a fháil ar shaincheisteanna a bhaineann le bainistiú uisce.

Múscailt feasachta

43 Leanamar d’imeachtaí, léachtaí agus comhroinnt eolais a eagrú don fhoireann, agus roinneamar ár gcuid eolais agus na fionnachtana ónár dtuarascálacha leis na hinstitiúidí Eorpacha:

  • Ghlacamar páirt i laethanta idirinstitiúideacha EMAS an Aontais Eorpaigh, áit a ndearnamar cur i láthair ar an méid seo a leanas: ár dtuarascáil inbhuanaitheachta do 2022; ár dtuarascáil ar fhreagairt ghníomhaireachtaí an Aontais i leith na géarchéime fuinnimh agus i leith an tuairiscithe ar an inbhuanaitheacht; agus tionscnamh an ‘Chaifé deisiúcháin’.
  • In 2023, síníomar coinbhinsiún le hAire Iompair Lucsamburg d’fhonn plean soghluaisteachta a fhorbairt chun an úsáid a bhaineann an fhoireann as soghluaisteacht bhog a fheabhsú.
  • Chuireamar tús le faireachán níos dlúithe a dhéanamh ar dhramhaíl, trí úsáid a bhaint as bogearraí speisialaithe agus trí scálaí leictreonacha a cheannach.
  • D’eagraíomar modúil oiliúna éagsúla maidir le múscailt feasachta comhshaoil don fhoireann, lena n-áirítear oiliúint ar líne do nuatheachtaithe i bhfoirm ‘freascó na haeráide’ (ceardlann ar an eolaíocht bhunúsach a ghabhann leis an athrú aeráide), agus léacht ar anailís riosca sistéimeach.

Déan teagmháil le

European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG

Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: https://eca.europa.eu/en/contact
Suíomh gréasáin: https://eca.europa.eu
Twitter: @EUauditors

Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).

Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2024

PDF ISBN 978-92-849-1986-4 ISSN 2811-700X doi:10.2865/123112 QJ-AA-24-001-GA-N
HTML ISBN 978-92-849-1982-6 ISSN 2811-700X doi:10.2865/24678 QJ-AA-24-001-GA-Q
PRINT ISBN 978-92-849-1991-8 ISSN 2811-7522 doi:10.2865/079 QJ-AA-24-001-GA-C

Tá an foilseachán seo ar fáil i 24 theanga agus sa leagan seo a leanas:

PDF
PDF General Report

CÓIPCHEART

© An tAontas Eorpach, 2024

Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar na Cúirte Iniúchóirí atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine atá ag baint athúsáid as ábhar na Cúirte Iniúchóirí an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh an Chúirt Iniúchóirí faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.

Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann na Cúirte nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.

I gcás ina bhfaightear an cead sin, cuirfidh sé an cead ginearálta thuasluaite ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus beidh sé ráite go soiléir sa chead nua má tá aon srianta eile ann maidir le húsáid.

I gcás na bpictiúr seo a leanas, déantar athúsáid a údarú ar choinníoll go ndéantar sealbhóir an chóipchirt, an fhoinse agus, má tá siad luaite, ainmneacha na ngrianghrafadóirí a thabhairt le fios:

* © An tAontas Eorpach, 2023. Foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

* (2ú sraith, ar dheis): © An tAontas Eorpach, 2021. Foinse: An Coimisiún Eorpach – grianghrafadóir: Christophe Licoppe. Ailtirí an fhoirgnimh: André Polak, Lucien De Vestel agus Jean Gilson.

*, *, * © An tAontas Eorpach, 2023. Foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

* © An tAontas Eorpach, 2023. Foinse: Parlaimint na hEorpa/Alexis Haulot.

* © An tAontas Eorpach, 2023. Foinse: An Coimisiún Eorpach/Christophe Licoppe.

Iarscríbhinn – Ár dtuairisciú ar an inbhuanaitheacht le haghaidh 2023:

Clúdach: © An tAontas Eorpach, 2017. Foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. Ailtirí na bhfoirgneamh: Paul Noël (1988) agus Jim Clemes (2004 & 2013).

Tábla 1 – Deilbhíní SFI: Cóipcheart © Na Náisiúin Aontaithe. Gach ceart ar cosaint. Níl gach a bhfuil san fhoilseachán seo formheasta ag na Náisiúin Aontaithe, agus ní léiríonn sé tuairimí na Náisiún Aontaithe ná a n-oifigigh. Tá deilbhíní le haghaidh teangacha nach teangacha oifigiúla na Náisiún Aontaithe iad íoslódáilte ó Trello nó cruthaithe ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. Ní ghlacann na Náisiúin Aontaithe le haon fhreagracht ná dliteanas a éiríonn as aistriúchán ar théacs dheilbhíní SFI go dtí teangacha nach teangacha oifigiúla de chuid na Náisiún Aontaithe iad.

Má táthar ag iarraidh ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé go gcaithfí cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt:

* (1ú sraith, ar chlé): © stock.adobe.com/Rusland.

* (1ú sraith, ar dheis): © stock.adobe.com/kunakorn.

* (2ú sraith, ar chlé): © shutterstock.com/Artem Kontratiev.

* (3ú sraith, ar chlé): © stock.adobe.com/katafree.

* (3ú sraith, ar dheis): © stock.adobe.com/ufly.

* (4ú sraith, ar chlé): © stock.adobe.com/Suheyp.

* (4ú sraith, ar dheis): © stock.adobe.com/Семен Саливанчук.

* © stock.adobe.com/Antony Weerut.

* © stock.adobe.com/phonlamaiphoto.

* © stock.adobe.com/AungMyo.

* © depositphotos.com/XavierLejeune.

* (ó chlé go deas, grianghraif an chlúdaigh): © depositphotos.com/Andrey Popov/Kav777; © depositphotos.com/Salajean.

* © Tribunal de Contas de Portugal (Cúirt Iniúchóirí na Portaingéile), 2023. Ailtire an fhoirgnimh: Diogo de Boitaca.

* © GLOBAL VIEW SPRL – grianghrafadóir: Simon Schmitt. Ailtirí na bhfoirgneamh: Paul Noël (1988) agus Jim Clemes (2004 & 2013).

Iarscríbhinn – Ár dtuairisciú ar an inbhuanaitheacht le haghaidh 2023:

*, * rinneadh an tábla agus na graif a dhearadh ag úsáid deilbhíní ó Flaticon.com. © Freepik Company S.L. Gach ceart ar cosaint.

Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide na Cúirte.

Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus chóipchirt a léamh go cúramach.

Úsáid lógó CIE

Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Ar an bhfón nó i scríbhinn
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

  • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
  • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
  • tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.

EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).

Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh
Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).

Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh
Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.