Ár ngníomhaíochtaí
in 2022

Tuarascáil bhliantúil maidir le
gníomhaíochtaí Chúirt Iniúchóirí
na hEorpa

Cover image

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

Cé muid féin

  • iniúchóir seachtrach an Aontais Eorpaigh;
  • bunaithe le Conradh na Bruiséile 1975 agus tosaithe ag obair i nDeireadh Fómhair 1977;
  • ina Institiúid Eorpach ó 1993 faoi Chonradh Maastricht;
  • ceanncheathrú i Lucsamburg;
  • comhlacht coláisteach le 27 gComhalta, duine as gach Ballstát den Aontas, arna gceapadh ag an gComhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa;
  • thart ar 950 duine as gach náisiúntacht den Aontas ar an bhfoireann.

An méid a dhéanaimid

  • a chinntiú go bhfuil cuntais chuí á gcoinneáil ag an Aontas, go bhfuil na rialacha airgeadais á gcur i bhfeidhm i gceart aige, agus go gcomhlíonann beartais agus cláir an Aontais na cuspóirí atá beartaithe leo agus go gcuireann siad luach ar airgead ar fáil;
  • cabhrú leis an mbainistiú airgeadais a dhéantar san Aontas a fheabhsú, chomh maith leis an gcuntasacht agus an trédhearcacht a chur chun cinn;
  • rabhadh a thabhairt i dtaobh rioscaí, dearbhú a sholáthar, easnaimh agus scéalta rathúla a chur in iúl, agus treorú a thabhairt do lucht déanta beartais agus reachtóirí an Aontais Eorpaigh;
  • ár mbarúlacha agus moltaí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na rialtas agus parlaimintí náisiúnta, chomh maith leis an bpobal i gcoitinne.

Focal ón Uachtarán

A léitheoir dhil,

In 2022, bhí an tAontas Eorpach agus na Ballstáit – sa bhreis ar thionchair phaindéim COVID‑19 agus an athraithe aeráide mhear atá rompu – ag tabhairt aghaidh ar ghéarchéim eile: géarchéim ollmhór fuinnimh, slándála agus imirce, mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Tá tionchar suntasach ag na teagmhais sin go léir ar shaoránaigh an Aontais, ar gheilleagar an Aontais Eorpaigh agus ar a chaidreamh domhanda.

Sa tréimhse dhúshlánach seo, tá cúnamh airgeadais á sholáthar ag an Aontas Eorpach ar scála nár tharla riamh roimhe seo. I gcaitheamh thréimhse 2021-2027, beidh an tAontas in ann €1.8 trilliún a chaitheamh. Áirítear leis sin suas le €0.8 trilliún don ionstraim théarnaimh ar a dtugtar ‘NextGenerationEU’ (NGEU).

Mar iniúchóirí seachtracha, tugaimid measúnú neamhchlaonta ar bheartais agus cláir an Aontais agus ar cháilíocht bhainistíocht airgeadais chistí an Aontais Eorpaigh ar fud an Aontais agus níos faide ó bhaile. Seiceálaimid an bhfuil na rialacha á gcomhlíonadh ag caiteachas an Aontais agus an bhfuil luach ar airgead ag teacht as na beartais agus as na cláir. Beidh ár straitéis do 2021-2025 mar threoir dár ndícheall san iniúchóireacht ar chistí an Aontais Eorpaigh sna blianta seo amach romhainn, in athruithe riachtanacha a dhéanamh ar ár n-eagraíocht agus in úsáid éifeachtach agus éifeachtúil ár gcuid acmhainní.

Tugann an tuarascáil seo maidir le gníomhaíochtaí forléargas ar ár gcuid oibre agus ar ár gcuid foilseachán in 2022, arbh é sin an chéad bhliain de chur chun feidhme ár straitéise nua. Sa bhreis air sin, tugtar faisnéis sa tuarascáil seo freisin ar an mbainistíocht, ar an bhfoireann, ar an tacaíocht iniúchóireachta agus ar an staid airgeadais san institiúid.

In 2022, d’fhoilsíomar ár gcuid tuarascálacha bliantúla go léir laistigh de na sprioc-amanna oifigiúla. D’fhoilsíomar freisin 29 dtuarascáil speisialta agus athbhreithniú. Ar deireadh, d’eisíomar 8 dtuairim a bhí ag déileáil leis na nithe seo a leanas: na rialacha airgeadais nua is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, an maoiniú do Phlean REPowerEU, straitéis chistiúcháin éagsúlaithe mar mhodh ginearálta iasachtaíochta, agus bunú Ciste Aeráide Sóisialta, i measc ábhair eile.

Leanaimid dár seasamh dlúthpháirtíochta leis an Úcráin agus tá ionradh na Rúise ar an Úcráin á cháineadh go láidir againn. Caithfidh an tAontas Eorpach leanúint den dlúthpháirtíocht agus den aontacht. Mar iniúchóir seachtrach neamhspleách an Aontais Eorpaigh, déanfaimid gach rud is féidir linn chun leanúint de bheith ag comhlíonadh an róil atá againn.

Is féidir le saoránaigh an Aontais, chomh maith lenár ngeallsealbhóirí agus comhpháirtithe institiúideacha ar leibhéal an Aontais agus leibhéal na mBallstát araon, brath orainn go soláthróimid tuarascálacha neamhspleácha agus oibiachtúla dóibh ar shaincheisteanna atá tábhachtach do thodhchaí na hEorpa ina dtabharfar chun suntais cad atá ag obair go maith agus freisin ina dtarraingeofar aird ar rudaí nach bhfuil ag obair go maith agus ina ndéanfar moltaí i dtaobh athruithe.

Tá súil againn go mbainfidh tú tairbhe as an bhfaisnéis atá in eagrán na bliana seo den tuarascáil maidir le gníomhaíochtaí.

Tony Murphy
An tUachtarán

Sracfhéachaint ar 2022

Ár ngníomhaíochtaí

Straitéis 2021-2025 atá againn

Le go leor blianta anuas, bhaineamar úsáid as straitéisí ilbhliantúla le bheith mar threoir againn dár n-obair iniúchóireachta, chun athrú eagraíochtúil le haghaidh feabhsúchán leanúnach a chur chun cinn agus chun a chinntiú go mbeimid ar thús cadhnaíochta i gcás forbairtí in iniúchóireacht na hearnála poiblí.

2022: cur chun feidhme na straitéise
– dul chun cinn maith

Ag deireadh 2022, chríochnaíomar an dara bliain dár straitéis nua do 2021-2025. Is iad na spriocanna straitéiseacha atá againn don tréimhse chúig bliana seo ná feabhas a chur ar chuntasacht, ar thrédhearcacht agus ar shocruithe iniúchóireachta ar fud gach cineál gníomhaíochta de chuid an Aontais; ár gcuid iniúchtaí a spriocdhíriú ar réimsí agus topaicí inar féidir linn an breisluach is mó a thabhairt i gcrích; agus dearbhú iniúchóireachta láidir a thabhairt i dtimpeallacht atá dúshlánach agus ag athrú.

Chun ár straitéis a chur i bhfeidhm, d’aontaíomar bearta cur chun feidhme do gach aon sprioc agus cuspóir, shannamar freagrachtaí agus leagamar spriocdhátaí síos. I mbliana, leanamar de dhul chun cinn maith a dhéanamh maidir le roinnt gníomhaíochtaí, go sonrach na nithe seo a leanas:

  • tascanna iniúchóireachta a roghnú a chlúdaigh na réimsí straitéiseacha ar bhealach iomchuí;
  • tús a chur le roinnt iniúchtaí ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), lena n-áirítear ár gcéad tuairim iniúchóireachta ar chaiteachas RRF i gcomhréir lenár gcur chuige straitéiseach don tionscnamh dar teideal ‘NextGenerationEU’ (NGEU);
  • ár gcreat bainistithe eolais a uasghrádú;
  • cur chuige straitéiseach maidir le calaois agus cur chuige straitéiseach maidir leis an smacht reachta a dhréachtú;
  • anailís táirgiúlachta a dhéanamh ar thascanna roghnaithe ionas go bhféadfaimis réimsí a shainaithint a bhféadfaí feabhas a chur orthu;
  • plean gníomhaíochta a chur le chéile don chomhar lenár bpiaraí.

Iniúchóireacht ar fheidhmíocht agus rialtacht ghníomhaíochtaí an Aontais

Iniúchtaí feidhmíochta, airgeadais
agus comhlíontachta

Cuireann ár n-iniúchtaí tuarascálacha neamhspleácha agus oibiachtúla ar fáil do shaoránaigh agus lucht ceaptha beartas an Aontais maidir le príomh-shaincheisteanna do thodhchaí an Aontais, ina gcuirtear béim ar na nithe a oibríonn go maith, ina dtarraingítear aird ar na nithe nach n-oibríonn agus ina ndéantar moltaí le haghaidh athruithe.

Déileálann ár n-iniúchtaí feidhmíochta le barainneacht, éifeachtúlacht agus éifeachtacht bheartais agus chláir an Aontais. Díríonn siad isteach ar thopaicí a léiríonn na saincheisteanna atá roimh an Aontas Eorpach, amhail:

  • an t-athrú aeráide, an comhshaol agus acmhainní nádúrtha;
  • iomaíochas eacnamaíoch an Aontais;
  • athléimneacht i leith bagairtí ar shlándáil an Aontais, agus urraim do luachanna Eorpacha na saoirse, an daonlathais agus an smachta reachta;
  • beartais fhioscacha agus staid airgeadais phoiblí an Aontais.

Tá sé mar aidhm leis na hiniúchtaí sin cabhrú leis an Aontas a chuid cuspóirí beartais a chomhlíonadh ar bhealach níos fearr.

Clúdaíonn ár n-iniúchtaí airgeadais agus comhlíontachta buiséad an Aontais, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus buiséid na gCistí Eorpacha Forbraíochta (CEFanna). Cuirimid ár Ráiteas Dearbhaithe ar fáil maidir le beachtas na gcuntas bliantúil, chomh maith le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo.

Is féidir linn freisin iniúchtaí comhlíontachta roghnaithe a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh ar an staid ina bhfuil cuntasaíocht bhuiséadach agus bainistiú airgeadais an Aontais, nó chun measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil na córais bhainistíochta agus rialaithe le haghaidh bailiú agus caitheamh cistí ón Aontas ag comhlíonadh na rialacha is infheidhme ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

Ar deireadh, is sinne an t-iniúchóir seachtrach le haghaidh lear mór gníomhaireachtaí Eorpacha, comhlachtaí díláraithe agus Comhghnóthas agus le haghaidh na Scoileanna Eorpacha.

Déanaimid ár n-iniúchtaí go léir i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta don earnáil phoiblí a bhfuil glacadh go hidirnáisiúnta leo.

Clár oibre

Clár Oibre 2023+
atá againn

Inár gClár oibre 2023+, a foilsíodh i mí na Samhna 2022, cuirtear béim ar ár dtosaíochtaí iniúchóireachta do na blianta seo amach romhainn agus tugtar mionsonraí i dtaobh 82 thuarascáil speisialta agus athbhreithniú atá ar intinn againn a fhoilsiú ó 2023 ar aghaidh. Tá sé ailínithe go mór leis na réimsí tosaíochta atá leagtha síos inár straitéis le haghaidh 2021-2025.

Faoin réimse dar teideal ‘An t-athrú aeráide, an comhshaol agus acmhainní nádúrtha’, tá sé i gceist againn 21 iniúchadh a dhéanamh ar réimse leathan topaicí – slándáil fuinnimh, truailliú, gníomhaíochtaí a bhaineann leis an aeráid agus táirgeadh inbhuanaithe bia ina measc siúd.

Faoin réimse dar teideal ‘Athléimneacht i leith bagairtí ar shlándáil an Aontais, agus urraim do na luachanna Eorpacha – saoirse, daonlathas agus an smacht reachta’, tá 14 thasc againn amhail comhionannas do dhaoine faoi mhíchumas, an smacht reachta, soghluaisteacht mhíleata agus cabhair do dhídeanaithe.

Faoin réimse dar teideal ‘Iomaíochas eacnamaíoch an Aontais’, tá sé beartaithe againn 12 thuarascáil a fhoilsiú a chlúdóidh, i measc nithe eile, digiteáil sna scoileanna, iompar hidrigine agus intleacht shaorga.

Faoin réimse dar teideal ‘Beartais fhioscacha agus airgeadas poiblí an Aontais’, tá sé beartaithe againn seacht dtasc a dhéanamh, amhail maoirseacht baincéireachta an Aontais, infheistíocht dhíreach choigríche agus cistí ón Aontas a aisghabháil.

Maidir leis an ionstraim théarnaimh, ar a dtugtar tionscnamh NextGenerationEU (NGEU) agus a bhfuil suas le €0.8 trilliún ag gabháil leis atá le caitheamh in achar gearr, tá sí sin freisin go hard ar ár gclár gnó. Tá sé i gceist againn 12 thuarascáil iniúchóireachta a fhoilsiú ina scrúdófar NGEU agus ina gclúdófar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta go príomha.

Ullmhaímid ár gclár oibre iniúchóireachta go neamhspleách, ach fós gan muid a bheith scoite amach asainn féin. Bímid i dteagmháil lenár ngeallsealbhóirí institiúideacha agus go háirithe le Parlaimint na hEorpa. Chuir na coistí i bParlaimint na hEorpa 131 mholadh iniúchóireachta isteach chugainn le haghaidh Chlár Oibre 2023+. Tá beagnach dhá thrian de na moltaí sin glactha ar láimh go hiomlán nó go páirteach san obair atá idir lámha nó déanfar amhlaidh in obair amach anseo, nó tá siad clúdaithe sna tuarascálacha is déanaí atá foilsithe againn. Chomh maith leis sin, fuaireamar ocht gcinn breise de smaointe le haghaidh iniúchtaí a bhí curtha isteach ag Buanionadaíochtaí na mBallstát. Ach ní taobh leis na hinstitiúidí Eorpacha amháin atáimid sa chomhar a bhíonn ar siúl againn. In 2022, fuaireamar 29 moladh le haghaidh iniúchóireachta freisin ó shé cinn de na parlaimintí náisiúnta, ar moltaí iad sin a bhaineann leis na dúshláin reatha atá ag an Aontas Eorpach agus a chuid Ballstát.

Obair allamuigh san iniúchóireacht

Is inár n-áitreabh i Lucsamburg a dhéanaimid formhór na hoibre iniúchóireachta. Tugann ár n-iniúchóirí lear mór cuairteanna ar an gCoimisiún Eorpach – an príomheintiteas a bhíonn faoi iniúchóireacht againn – agus ar institiúidí eile an Aontais, chomh maith le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí, údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla sna Ballstáit, toscaireachtaí AE i dtíortha lasmuigh den Aontas, agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhíonn ag déileáil le cistí ón Aontas.

Tugaimid cuairteanna ar an bhfód ar fhaighteoirí cistí ón Aontas, idir fhaighteoirí laistigh den Aontas agus fhaighteoirí thar teorainn amach. Trí bhíthin na seiceálacha sin, bímid in ann an rian iniúchóireachta a leanúint agus fianaise iniúchóireachta a fháil go díreach ón dream atá páirteach i mbainistiú bheartais agus chláir an Aontais agus i mbailiú nó íoc amach cistí ón Aontas, chomh maith lena leithéid a fháil ó na tairbhithe. In 2022, tar éis do na srianta a bhain le COVID‑19 a bheith bogtha, méadaíomar go mór an líon seiceálacha ar an bhfód a rinneamar, ach fós féin rinneamar cuid de na seiceálacha sin go fíorúil. Ag breathnú romhainn, féachfaimid leis an taithí seo a fuaireamar le linn bhlianta na paindéime a chur i bhfeidhm go rathúil agus feabhas a chur ar bhreisluach agus éifeachtúlacht na gcuairteanna ar an bhfód trína nascadh le hobair fhíorúil.

Seiceálacha ar an bhfód

Is iondúil go mbíonn beirt nó triúr iniúchóirí ar ár bhfoirne iniúchóireachta, agus bíonn idir cúpla lá agus roinnt seachtainí i gceist le fad na gcuairteanna iniúchóireachta. Déantar na seiceálacha ar an bhfód laistigh den Aontas a chomhordú go hiondúil in idirchaidreamh leis na hUasfhorais Iniúchóireachta (UFInna) sna Ballstáit lena mbaineann.

In 2022, mhéadaíomar an líon cuairteanna ar an bhfód a rinneamar i gcomparáid leis an dá bhliain roimhe sin, tráth a raibh srianta ar thaisteal agus ar shláinte phoiblí a bhain le COVID‑19 fós i bhfeidhm. Chaitheamar 2 039  ar an iomlán sna Ballstáit agus lasmuigh den Aontas, i gcomparáid le 857 lá in 2021, 1 190 lá in 2020 agus 3 605 lá in 2019. Chaith ár n-iniúchóirí 945 lá freisin in institiúidí an Aontais, i ngníomhaireachtaí agus comhlachtaí díláraithe ar fud an Aontais, i gComhghnóthais, in eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail na Náisiúin Aontaithe agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), agus i ngnólachtaí príobháideacha iniúchóireachta. Ba iad na figiúirí comhfhreagracha do 2021, 2020 agus 2019, ná 299, 627 agus 2 504 lá, faoi seach.

Ag an am céanna, bhaineamar úsáid níos mó as iniúchóireacht chianda agus fianaise a bhailiú go leictreonach. Bhaineamar úsáid as uirlisí físchomhdhála agus as teicneolaíocht faisnéise eile, ar nós comhroinnt shlán sonraí agus doiciméad, chun idirghníomhú leis na heintitis a bhí faoi iniúchóireacht againn.

Ár dtuarascálacha

Is gné bhunriachtanach de shlabhra cuntasachta an Aontais iad ár dtuarascálacha iniúchóireachta, athbhreithnithe agus tuairimí. Cabhraíonn siad le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle faireachán agus grinnscrúdú a dhéanamh ar ghnóthú chuspóirí beartais an Aontais agus eintitis atá freagrach as bainistiú bhuiséad an Aontais a thabhairt chun cuntais, go háirithe i gcomhthéacs an nós imeachta bhliantúil um urscaoileadh.

Tuarascálacha speisialta agus athbhreithnithe

In 2022, d’fhoilsíomar 29 dtuarascáil speisialta agus athbhreithniú a thug aghaidh ar an iliomad dúshlán atá roimh an Aontas ar fud réimsí éagsúla caiteachais agus beartas an Aontais. Ina measc sin, gan ach cuid acu a lua, bhí: gníomhú ar son na haeráide, éifeachtúlacht fuinnimh, líonraí 5G, cibearshlándáil, calaois sa Chomhbheartas Slándála agus an smacht reachta. Bhí trí cinn de na tuarascálacha bainteach le COVID‑19; ceann a bhain le saorghluaiseacht san Aontas le linn na paindéime, ceann eile a bhain le hathléimneacht institiúidí an Aontais agus an tríú ceann a bhain le soláthar vacsaíní. Chomh maith leis sin, chuireamar bailchríoch ar ár gcéad tuarascáil speisialta ar an tionscnamh téarnaimh NextGenerationEU, a bhain le measúnú an Choimisiúin ar na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta.

Inár dtuarascálacha speisialta, scrúdaímid an raibh na cuspóirí i sampla roghnaithe de bheartais agus clár den Aontas á gcomhlíonadh, ar baineadh amach na torthaí go héifeachtach agus go héifeachtúil, agus an bhfuil breisluach ag gabháil le gníomhaíocht an Aontais, i.e. ar tugadh níos mó i gcrích leo ná mar a thabharfaí i gcrích le gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta. Sna tuarascálacha sin, déanaimid moltaí freisin ina sainaithnímid bealaí chun airgead a shábháil, oibriú níos fearr, diomailt a sheachaint nó na cuspóirí beartais a rabhthas ag súil leo a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtúla.

Tá sé mar aidhm ag ár n-athbhreithnithe cur síos agus anailís a chur ar fáil i dtaobh staid ar leith i réimse áirithe, go minic ó dhearcadh trasearnálach de agus bunaithe ar obair iniúchóireachta atá déanta cheana féin nó ar fhaisnéis eile atá ar fáil go poiblí. Is féidir linn athbhreithnithe a úsáid freisin chun ár n-anailís ar réimsí nó saincheisteanna nach bhfuil iniúchta fós againn a chur i láthair nó fíorais i dtaobh topaicí nó fadhbanna ar leith a shuíomh. I gcodarsnacht le hiniúchtaí, ní thugann athbhreithnithe aghaidh ar cheisteanna meastóireachta agus ní thugann siad dearbhú.

Tugann na leathanaigh seo a leanas léargas ar ár n-obair agus tugtar samplaí de thuarascálacha speisialta ó 2022 a chlúdaíonn réimsí beartais éagsúla.

Úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha

Tuarascáil speisialta 19/2022: Vacsaíní COVID‑19 a sholáthar san Aontas – Méid leordhóthanach dáileoga faighte tar éis dúshláin tosaigh, ach níl meastóireacht leormhaith déanta ar fheidhmíocht an phróisis

Shainaithin an tAontas go luath sa phaindéim gur tosaíocht a bhí i vacsaíní sa fhreagairt ar COVID‑19. Thosaigh sé ag díriú ar vacsaín shábháilte agus éifeachtúil a fhorbairt chun deireadh a chur leis an ngéarchéim shláinte. Ghlac sé bearta chun an amlíne forbartha do vacsaíní a laghdú ó 10-15 bliana go 12-24 mhí. Faoi mhí na Samhna 2021, bhí conarthaí de luach €71 bhilliún sínithe ag an gCoimisiún thar ceann na mBallstát chun 4.6 billiún dáileog de vacsaíní COVID‑19 a cheannach. Comhaontuithe réamhcheannaigh iad formhór na gconarthaí, ina roinneann an Coimisiún riosca forbartha vacsaíne leis na monaróirí agus ina dtacaíonn sé le cumas táirgeachta ar an scála a fhorbairt, trí íocaíochtaí tosaigh ó bhuiséad AE. Bhí easnamh áirithe soláthair san Aontas sa chéad leath de 2021, ach ag deireadh na bliana, bhí beagnach 952 mhilliún dáileog den vacsaín seachadta chuig na Ballstáit agus bhí 80 % de dhaonra fásta an Aontais iomlán vacsaínithe.

Rinneamar measúnú féachaint ar sholáthair an Coimisiún agus na Ballstáit vacsaíní in aghaidh COVID‑19 go héifeachtúil, suas go dtí deireadh 2021.

Fuaireamar gur chruthaigh an tAontas córas láraithe saincheaptha le haghaidh soláthar vacsaíní, ar éirigh leis punann tosaigh d’iarrthóirí vacsaíne a chruthú, lenar áiríodh cuideachtaí agus teicneolaíochtaí éagsúla. Ach thosaigh AE an soláthar níos déanaí ná mar a rinneadh sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe. Fuaireamar freisin gur lean na caibidlíochtaí próiseas soláthair atá leagtha síos i Rialachán Airgeadais AE, agus bhí na réamhchaibidlíochtaí roimh an gcuireadh chun tairisceana i lár an phróisis. Ní bhfuaireamar aon fhaisnéis faoi na réamhchaibidlíochtaí don chonradh is mó san Aontas, a bhí á stiúradh go díreach ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh. Bhí forálacha níos láidre sna conarthaí a síníodh in 2021 ná na cinn a síníodh in 2020 maidir le pointí lárnacha amhail sceidil don seachadadh agus suíomh táirgthe. Is beag a bhí an Coimisiún in ann a dhéanamh chun teacht slán ó dhúshláin soláthair. Nuair a bhí easnaimh soláthair an-mhór in AE sa chéad leath de 2021, ba léir nach raibh forálacha sonracha i bhformhór na gconarthaí chun déileáil le briseadh sa soláthar. Fuaireamar nach raibh grinnscrúdú ná tagarmharcáil déanta fós ag an gCoimisiún ar an bpróiseas soláthair as a bhféadfadh sé ceachtanna a fhoghlaim le haghaidh feabhsúcháin.

Mholamar go ndéanfadh an Coimisiún an méid seo a leanas: treoirlínte maidir le soláthar paindéime a chur ar fáil agus/nó cuntas ar na ceachtanna a foghlaimíodh a bheadh ar fáil d’fhoirne caibidlíochta amach anseo; measúnú riosca a dhéanamh ar chur chuige soláthair an Aontais agus bearta iomchuí a mholadh; cleachtaí a dhéanamh chun gach cuid dá chreat soláthair paindéime nuashonraithe a thástáil, lena n-áirítear bailiú faisnéise agus faisnéisíochta, chun aon laigí agus réimsí le feabhsú a shainaithint agus na torthaí sin a fhoilsiú.

Infheistíocht sa chomhtháthú, san fhás agus sa chuimsiú

Tuarascáil speisialta 03/2022: Cur i bhfeidhm 5G san Aontas Eorpach – Moilleanna ar chur chun feidhme líonraí le saincheisteanna slándála atá fós gan réiteach

Is éard atá i gceist leis an ‘gcúigiú glúin’ de chórais teileachumarsáide, nó 5G, ná caighdeán nua domhanda gan sreang a sholáthraíonn acmhainneacht sonraí agus luasanna tarchuir i bhfad níos airde. Tá seirbhísí 5G ríthábhachtach do réimse leathan feidhmeanna nuálacha atá in ann acu go leor earnálacha dár ngeilleagair a athrú ó bhonn agus saol laethúil na saoránach a fheabhsú. Tá tábhacht straitéiseach ag baint le 5G don mhargadh aonair trí chéile. Ina Phlean Gníomhaíochta le haghaidh 5G (2016), mhol an Coimisiún cumhdach 5G gan bhriseadh a bheith i limistéir uirbeacha agus feadh na bpríomhchonairí iompair faoi 2025. I Márta 2021, leathnaíodh é sin go dtí clúdach 5G do gach limistéar cónaithe faoi 2030. Cé go bhfuil 5G in ann go leor deiseanna fáis a chruthú, tá rioscaí áirithe ag gabháil leis freisin. Fágann nádúr trasteorann na mbagairtí a atá i gceist, go mbeadh tionchar ag aon teagmhas mór leochaileachta nó cibearshlándála i mBallstát amháin ar an Aontas ina iomláine. Ar fud AE, d’fhéadfadh €400 billiún a bheith i gceist le cur chun feidhme 5G. In 2014-2020, chuir AE níos mó ná €4 bhilliún ar fáil do thionscadail 5G.

Rinneamar measúnú féachaint ar thacaigh an Coimisiún go héifeachtach leis na Ballstáit ó thaobh chuspóirí AE a bhaint amach maidir lena líonraí 5G a leathadh amach agus déileáil go comhbheartaithe le hábhair imní slándála 5G.

Fuaireamar go bhfuil moilleanna ar leathadh amach 5G sna Ballstáit. Faoi dheireadh 2020, bhí seirbhísí tráchtála 5G seolta ag 23 Bhallstát agus bhí an cuspóir idirmheánach de mhórchathair amháin ar a laghad le rochtain 5G bainte amach acu. Ach, ní dhéanann gach Ballstát tagairt do chuspóirí 2025 agus 2030 AE ina straitéisí náisiúnta 5G ná ina bpleananna leathanbhanda. Ó tá na Ballstáit chun deiridh i gcur chun feidhme 5G, tá baint amach chuspóirí AE i mbaol. Thacaigh an Coimisiún leis na Ballstáit i gcur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta le haghaidh 5G (2016) trí thionscnaimh dlí (crua agus bog), trí threoraíocht agus trí mhaoiniú do thaighde 5G. Ach, níor shoiléirigh an Coimisiún cad é an caighdeán seirbhísí 5G a bhfuiltear ag súil léi. Fuaireamar freisin go bhfuil tacar coiteann féideartha de bhearta chun déileáil le príomhbhagairtí slándála don líonra 5G sainithe i mbosca uirlisí AE maidir le cibearshlándáil 5G. Ach, ós rud é nach bhfuil na bearta a moladh ceangailteach ó thaobh dlí, níl aon chumhacht ag an gCoimisiún iad a fhorfheidhmiú. Tá baol ann i gcónaí nach féidir leis an mbosca uirlisí ann féin a ráthú go ndéileálfaidh na Ballstáit go comhbheartaithe le gnéithe slándála líonra.

Mholamar go ndéanfadh an Coimisiún an méid seo a leanas: leathadh amach cothrom agus tráthúil líonraí 5G laistigh den Aontas a chur chun cinn; cur chuige comhbheartaithe a chothú maidir le slándáil 5G i measc na mBallstát; agus faireachán a dhéanamh ar chur chuige na mBallstát maidir le slándáil 5G agus measúnú a dhéanamh ar thionchar na ndibhéirseachtaí ar fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh aonair.

Gníomhaíocht sheachtrach, slándáil agus ceartas

Tuarascáil speisialta 01/2022: Tacaíocht AE don smacht reachta sna Balcáin Thiar – Tá fadhbanna bunúsacha fós ann in ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta

Deir Comhairle na hEorpa gur coincheap iltoiseach é an smacht reachta trína bhfuil, i measc rudaí eile, gach gníomh poiblí faoi réir an dlí i gcomhréir le luachanna an daonlathais agus na gceart bunúsach agus faoi rialú cúirteanna neamhspleácha agus neamhchlaonta. Ghlac AE an sainmhíniú sin agus tá an smacht reachta in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) mar cheann de chomhluachanna na mBallstát. Is treoirphrionsabal é dá bheartas eachtrach. Coinníoll bunúsach agus riachtanach é le haghaidh aontachas AE. Is iarrthóirí (an Albáin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia) nó iarrthóirí ionchasacha (an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv1) ar aontachas iad na sé thír sna Balcáin Thiar. Faigheann siad maoiniú ó fhoinsí éagsúla, ach is é AE an deontóir is mó sa réigiún. Cuirtear cúnamh airgeadais AE ar fáil do na tíortha sin den chuid is mó tríd an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II). Bhí an smacht reachta ar cheann de naoi earnáil tosaíochta IPA II. Tugadh tacaíocht dó ó leithdháileadh buiséadach de €700 milliún do 2014-2020.

Rinneamar measúnú féachaint an raibh tacaíocht AE éifeachtach don smacht reatha sna Balcáin Thiar in 2014-2020.

Fuaireamar, cé gur chuir gníomhaíocht AE le hathchóiriú i réimsí teicniúla agus oibríochtúla (e.g. feabhas ar éifeachtúlacht na mbreithiúna agus reachtaíocht a fhorbairt), gur beag tionchar atá aige sin ar athchóirithe bunúsacha sa smacht reachta sa réigiún. An phríomhchúis: easpa tola polaitiúla go náisiúnta chun na hathchóirithe is gá a chur chun cinn. Fuaireamar nach leor tacaíocht AE sa tír do ghníomhaíocht na sochaí sibhialta sa smacht reachta chun riachtanais na hearnála a chomhlíonadh agus nach ndéantar faireachán críochnúil ar a tionchar. Is lú dul chun cinn a bhí sa tsaoirse chun tuairimí a nochtadh sna sé thír. I gcuid acu, tá an tacaíocht phoiblí do na hathchóirithe is gá don aontachas ag dul i léig. Fuaireamar nach raibh clásail choinníollachta dhochta in IPA II a nascfadh athchóirithe sa smacht reachta go díreach le cistiú srianta in earnálacha eile.

Mholamar go ndéanfadh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) é seo: an sásra don athchóiriú sa smacht reachta a neartú i bpróiseas an mhéadaithe; dlús a chur le tacaíocht don tsochaí shibhialta in athchóiriú sa smacht reachta agus i neamhspleáchas na meán; úsáid choinníollacht IPA II a threisiú; agus tuairisciú agus faireachán tionscadal a neartú.

1 Ní dochar an t-ainmniú ‘an Chosaiv’ do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244 (1999) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar an staid a bhaineann leis an gCosaiv (UNSCR 1244/1999) agus le tuairim chomhairleach ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) ar an gceist maidir le Dearbhú neamhspleáchais aontaobhach i leith na Cosaive a bheith i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta (22 Iúil 2010).

Rialáil margaí agus an geilleagar iomaíoch

Tuarascáil speisialta 21/2022: Measúnú an Choimisiúin ar na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta – Iomchuí ar an iomlán, ach tá rioscaí fós ann don chur chun feidhme

I mí Iúil 2020, mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19, chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach ar chiste téarnaimh arbh fhiú níos mó ná €800 billiún é – NextGenerationEU. Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) atá i gcroílár an chiste, agus is fiú suas go dtí €723.8 billiún ar an iomlán í sin. Is é an cuspóir atá le RRF ná tionchar eacnamaíoch agus sóisialta na paindéime a mhaolú agus geilleagair agus sochaithe an Aontais Eorpaigh a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos athléimní don todhchaí, le fócas ar leith ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach. Ionas go bhféadfadh Ballstáit tairbhiú de thacaíocht faoi RRF, chuir siad dréacht dá gcuid pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta (RRPanna) faoi bhráid an Choimisiúin. Tá an Coimisiún freagrach as measúnú a dhéanamh ar na RRPanna sin bunaithe ar chritéir atá leagtha síos i rialachán RRF agus tá sé freagrach as treoraíocht agus tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit ina leith sin.

Rinneamar measúnú féachaint an raibh measúnú an Choimisiúin ar na RRPanna iomchuí agus an ndearnadh bainistiú éifeachtach ar an bpróiseas measúnaithe agus ar an treoraíocht do na Ballstáit.

Fuaireamar go raibh measúnú an Choimisiúin ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta, ar an iomlán, iomchuí i bhfianaise a chasta atá an próiseas agus na srianta ama atá i gceist leis. Shainaithníomar, áfach, roinnt laigí, rioscaí agus réimsí a gcaithfear aird a thabhairt orthu amach anseo, mar shampla: próifílí íocaíochta a bheith ag eascairt as caibidlíochtaí; gan soiléireacht a bheith ag roinnt le garspriocanna agus spriocanna; agus córais faireacháin agus rialaithe gan a bheith i bhfeidhm go hiomlán fós ag tráth an mheasúnaithe.

Mholamar go ndéanfadh an Coimisiún an méid seo a leanas: feabhas a chur ar nósanna imeachta measúnaithe agus ar dhoiciméadú; malartú dea-chleachtas i measc na mBallstát a chur chun cinn; obair leantach a dhéanamh ar a mhéid a rannchuidíonn na bearta atá curtha chun feidhme leis na moltaí tírshonracha; feabhas a chur ar an trédhearcacht agus ar an bhfaireachán a ghabhann leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’; sásraí fíorúcháin soiléire do na garspriocanna agus spriocanna a áirithiú, chomh maith le sainiú leormhaith orthu; a mhéid atáthar ag comhlíonadh na ngarspriocanna sonracha don fhaireachán agus don rialú a fhíorú, agus na Ballstáit a spreagadh le húsáid a bhaint as uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála rioscaí an Choimisiúin.

Maoiniú agus riar an Aontais

Tuarascáil speisialta 11/2022: Buiséad an Aontais a chosaint – Is gá úsáid níos fearr a bhaint as dúliostú

Tá an tAontas Eorpach agus na Ballstáit freagrach go comhpháirteach as leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i dtaca le cistí an Aontais. Is príomhuirlis é ‘dúliostú’ (nó eisiamh) a úsáideann comhlachtaí idirnáisiúnta agus údaráis náisiúnta chun a gcistí poiblí a chosaint. Is é an cuspóir atá leis sin ná comhaontuithe airgeadais le contrapháirtithe neamhiontaofa a sheachaint, amhail comhaontuithe le contrapháirtithe a bhfuil baint acu le calaois, éilliú, mí-iompar gairmiúil, sciúradh airgid, nó gan cáin a íoc. In 2020, d'íoc an tAontas amach thart ar €150 billiún faoi chomhaontuithe airgeadais. Ó 2016, tá an Coimisiún freagrach as an gCóras Luathbhraite agus Eisiamh (EDES) a fheidhmiú don cheathrú cuid de chaiteachas an Aontais (€39 mbilliún) a bhainistíonn sé go díreach nó go hindíreach. Don trí cheathrú cuid de chaiteachas an Aontais a bhaineann le húdaráis náisiúnta (€111 bhilliún), bíonn ar Bhallstáit déanamh de réir oibleagáidí a bhaineann le heisiaimh ach ní cheanglaítear orthu córais nó bunachar sonraí eisiaimh per se a chur ar bun.

Rinneamar measúnú féachaint an bhfuil eisiamh á úsáid go héifeachtach chun cistí an Aontais a chosaint ó chontrapháirtithe neamhiontaofa.

Fuaireamar nach bhfuil eisiamh á úsáid go héifeachtach chun cistí an Aontais a chosaint ó chontrapháirtithe neamhiontaofa. Cé go bhfuil réimse leathan de chásanna eisiaimh agus nósanna imeachta urrúnta maidir le cinnteoireacht in EDES, is beag eisiaimh atá taifeadta ag seirbhísí an Choimisiúin sa chóras toisc go bhfuil easnaimh sna socruithe maidir le contrapháirtithe a shainaithint i gcásanna eisiaimh. Sa bhainistíocht chomhroinnte, nach bhfuil feidhm ag EDES ina leith, baineann cuir chuige éagsúla na mBallstát an bonn den éifeachtacht fhoriomlán atá ag úsáid an eisiaimh chun buiséad an Aontais a chosaint.

Mholamar don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh: an réimse eisiaimh a fhairsingiú tuilleadh; cur chun feidhme EDES a neartú; an faireachán ar EDES faoi bhainistíocht indíreach a fheabhsú; EDES a fhairsingiú chun bainistíocht chomhroinnte a chumhdach; úsáid níos fearr a bhaint as sonraí agus uirlisí digiteacha chun críocha eisiaimh.

Tuarascálacha bliantúla agus tuarascálacha bliantúla sonracha

Is é is mó a bhíonn i gceist le tuarascálacha bliantúla ná cur i láthair ar thorthaí ár Ráitis Dearbhaithe maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh, maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus maidir le buiséad na gCistí Eorpacha Forbraíochta (CEFanna), ach chomh maith leis sin clúdaítear gnéithe den fheidhmíocht agus de bhainistiú buiséadach agus airgeadais.

Sna tuarascálacha bliantúla sonracha, cuirimid i láthair ár n-obair iniúchóireachta bhliantúil maidir le gníomhaireachtaí an Aontais agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, maidir le Comhghnóthais agus maidir leis na Scoileanna Eorpacha.

Foilsímid tuarascáil freisin maidir le dliteanais theagmhasacha atá ag éirí as gníomhaíochtaí atá déanta ag an mBord Réitigh Aonair (BRA).

Tuarascáil bhliantúil ar bhuiséad an Aontais do bhliain airgeadais 2021

Gach bliain, déanaimid iniúchóireacht ar ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh chun a scrúdú an bhfuil na cuntais bhliantúla beacht agus an bhfuil na hidirbhearta ioncaim agus caiteachais is bun leis na cuntais sin ag comhlíonadh rialacha airgeadais ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát.

Sa bhreis air sin, déanaimid measúnú go sonrach ar gach mór-réimse de bhuiséad an Aontais Eorpaigh, bunaithe ar na ceannteidil/fo-cheannteidil atá sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) agus sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Déanaimid anailís freisin ar an gcúis ar tharla earráidí agus cár tharla na hearráidí; déanaimid moltaí chun feabhais; agus scrúdaimid ar cuireadh moltaí a rinneamar roimhe sin chun feidhme agus cén chaoi ar cuireadh chun feidhme iad.

Bíonn an obair fhorleitheadach sin ina bhonn dár Ráiteas Dearbhaithe, a bhfuil sé de cheangal orainn é a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i gcomhréir lenár sainordú faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Buiséad AE: tuairim fhabhrach
ar na cuntais agus ar an ioncam

Do bhliain airgeadais 2021, sholáthraíomar ‘tuairim fhabhrach’ ar na cuntais agus ar ioncam an Aontais Eorpaigh.

Buiséad AE: tuairim neamhfhabhrach
ar an gcaiteachas

In 2021, ba é €181.5 billiún a bhí i gcaiteachas an Aontais, arbh ionann é sin agus 1.3 % d’iomlán na n-ollioncam náisiúnta a bhí ag AE-27.

Do bhliain airgeadais 2021, d’eisíomar ‘tuairim neamhfhabhrach’ ar chaiteachas an Aontais Eorpaigh.

Earráid mheasta de 3.0 %
(caiteachas buiséid 2021)

Do bhliain airgeadais 2021, ba é ár meastóireacht ar an leibhéal earráide don chaiteachas buiséid ná go raibh sé idir 2.2 % agus 3.8 %. Maidir leis an lárphointe don raon sin, ar a dtugtar an ‘earráid is dóchúla’, tá sé sin méadaithe i gcomparáid leis an mbliain seo caite, é méadaithe ó 2.7 % go dtí 3.0 %.

Nóta: Úsáidimid teicnící caighdeánacha staidrimh chun meastachán a dhéanamh ar an leibhéal earráide. Tá leibhéal muiníne 95 % againn go bhfuil an leibhéal earráide don phobal áit éigin sa raon idir na teorainneacha earráide íochtaracha agus uachtaracha.

Arís, bhí earráid ábharthach
ag baint le níos mó ná 50 %
den phobal iniúchóireachta

Do bhliain airgeadais 2021, bhí caiteachas ardriosca i gceist le 63.2 % dár bpobal iniúchóireachta, i gcomparáid le 59 % anuraidh. Is é 4.7 % an leibhéal earráide don chaiteachas ardriosca i gcomparáid le 4.0 % do bhliain airgeadais 2020.

dhá chineál caiteachais lena mbaineann patrúin riosca ar leithligh ina saintréithe ag caiteachas an Aontais:

  • Íocaíochtaí teidlíochta ísealriosca: Bunaithe ar choinníollacha áirithe (nach bhfuil chomh casta) a bheith comhlíonta ag na tairbhithe, bheidís seo a leanas i gceist leo sin: comhaltachtaí mac léinn agus taighde (faoi ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’); cabhair dhíreach d’fheirmeoirí (faoi ‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’); agus tuarastail agus pinsin d’fhoireann an Aontais (faoi ‘Riarachán Poiblí Eorpach’).
  • Aisíocaíochtaí costais ardriosca: Déanann an tAontas aisíocaíocht ar chostais incháilithe le haghaidh gníomhaíochtaí incháilithe (a bhfuil rialacha níos casta i gceist leo). Áirítear orthu sin: tionscadail taighde (faoi ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’); infheistíocht i bhforbairt réigiúnach agus tuaithe (faoi ‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’ agus ‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’); agus tionscadail don chabhair forbartha (faoi ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’).
Na ceannteidil de CAI is mó a raibh earráidí iontu:
‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’
agus ‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’

Do bhliain airgeadais 2021, ba é ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’ an fo-cheannteideal de CAI is mó a raibh earráidí ann, agus ina dhiaidh sin aniar bhí ‘Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach’.

RRF: an chéad tuairim
i dtaca le caiteachas

In 2021, den chéad uair riamh, chlúdaigh ár gcuid oibre caiteachas RRF mar a dtugaimid tuairim ar leithligh i dtaca leis an gcaiteachas faoin tsaoráid seo. Léiríonn sé seo an fíoras gur ionstraim shealadach atá in RRF atá á tabhairt i gcrích agus á maoiniú ar shlí atá an-difriúil ó ghnáthchaiteachas an bhuiséid faoi CAI. Ní raibh sa phobal iniúchóireachta ach an t-aon eisíocaíocht amháin a rinneadh in 2021, i.e. íocaíocht leis an Spáinn, ar €11.5 billiún a bhí i gceist léi. San iarraidh ar íocaíocht a rinne an Spáinn, bhí 52 gharsprioc ar mheas an Spáinn go raibh siad comhlíonta.

D’eisíomar tuairim fhabhrach i dtaca le caiteachas RRF. Bhunaíomar ár measúnú ar an gcoinníoll don íocaíocht i.e. go raibh na garspriocanna agus spriocanna comhlíonta go sásúil. Scrúdaíomar, dá bhrí sin, an raibh fianaise leordhóthanach agus iomchuí bailithe ag an gCoimisiún chun tacú lena mheasúnú ar an gcoinníoll sin. Ní cuid den mheasúnú seo é a sheiceáil an raibh rialacha Eorpacha agus náisiúnta eile á gcomhlíonadh. Tugann an fhianaise iniúchóireachta fhoriomlán a fuaireamar le tuiscint go raibh ceann amháin den 52 gharsprioc a bhain leis an gcéad eisíocaíocht leis an Spáinn ann nach raibh bainte amach. Ní raibh córas sainithe ag an gCoimisiún go fóill chun cainníochtú a dhéanamh ar an tionchar a ghabhann le gan garsprioc nó sprioc a bhaint amach. Is é ár dtuairim ná nach bhfuil an earráid ábharthach.

Cásanna de chalaois amhrasta
a tuairiscíodh chuig OLAF agus OIPE

Mar iniúchóir seachtrach an Aontais Eorpaigh, níl sainordú againn cásanna de chalaois amhrasta a imscrúdú. Dá bhrí sin, níl ár gcuid iniúchtaí deartha go sonrach chun calaois a bhrath. Nuair a shainaithníonn ár n-iniúchóirí cásanna ina bhfuil amhras orainn go bhféadfadh sé gur tharla gníomhaíocht chalaoiseach, tuairiscímid na cásanna sin chuig na húdaráis inniúla.

In 2022, thuairiscíomar 14 chás de chalaois amhrasta chuig an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) tar éis iad sin a shainaithint le linn ár gcuid oibre iniúchóireachta. Rinneadh sé cinn de na cásanna sin a thuairisciú chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) freisin. In 2021, thuairiscíomar 15 chás de chalaois amhrasta chuig OLAF agus péire de na cásanna sin chuig OIPE. Inár dtuarascáil bhliantúil ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh, tugtar faisnéis bhreise faoi nádúr na gcásanna calaoise amhrasta agus faoi na gnóthachain airgeadais ina dhiaidh sin a bhí molta ag OLAF.

Tuarascáil bhliantúil maidir le feidhmíocht
Tuarascáil bhliantúil maidir le feidhmíocht:
an bhliain deiridh dár dtreoirthionscadal

Roinneamar ár dtuarascáil bhliantúil ina dhá chuid mar threoirthionscadal, atá anois tugtha chun críche leis an tuarascáil bhliantúil do bhliain airgeadais 2021. Clúdaíonn an dara cuid den tuarascáil bhliantúil feidhmíocht na gclár caiteachais faoi bhuiséad an Aontais.

Is é atá mar phríomhthéama i dTuarascáil 2021 ar fheidhmíocht ná an príomhshruthú atá déanta ar chúig thosaíocht bheartais chothrománacha i mbuiséad an Aontais:

  1. an t-athrú aeráide a chomhrac;
  2. an bhithéagsúlacht a chaomhnú;
  3. comhionannas inscne;
  4. Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe; agus
  5. an t-aistriú digiteach.

Scrúdaíomar an ndearna an Coimisiún tosaíochtaí beartais cothrománacha a thabhairt isteach i mbuiséad an Aontais, agus an ndearna sé an caiteachas a rianú agus na torthaí a thuairisciú go cruinn.

Scrúdaíomar freisin an ndearna an Coimisiún creat feidhmíochta iomchuí a chur i bhfeidhm chun an tacaíocht ó bhuiséad an Aontais do na tosaíochtaí trasearnálacha in aon cheann déag de chláir roghnaithe a thomhas.

Thairis sin, leanamar suas freisin na moltaí iniúchóireachta a rinneamar i dtuarascálacha speisialta a foilsíodh in 2018.

Tuarascáil bhliantúil ar na Cistí Eorpacha Forbraíochta do bhliain airgeadais 2021
CEFanna: tuairim fhabhrach
ar na cuntais agus ar an ioncam;
tuairim neamhfhabhrach ar an gcaiteachas

Is iad na Cistí Eorpacha Forbraíochta (CFEnna), a seoladh in 1959, príomhionstraimí an Aontais chun cabhair um chomhar forbraíochta a sholáthar do thíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) agus do thíortha agus críocha thar lear (TCTL). Tá siad á maoiniú ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus á mbainistiú lasmuigh de bhuiséad an Aontais ag an gCoimisiún Eorpach agus ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI). Leanfar de bheith á gcur chun feidhme go leithleach, agus de bheith ag tuairisciú orthu go leithleach, go dtí go ndúnfar na cistí.

Le haghaidh creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, tá cabhair um chomhar forbraíochta do thíortha ACC agus TCTL á maoiniú as buiséad an Aontais.

In 2021, is é €3.4 billiún a bhí i gcaiteachas na CFEnna.

Mar a bhí i mblianta roimhe seo, d’eisíomar ‘tuairim fhabhrach’ i dtaobh chuntais CFE agus i dtaobh an ioncaim, ach is ‘tuairim neamhfhabhrach’ a d’eisíomar i dtaobh chaiteachas CFE do bhliain airgeadais 2021. Is é 4.6 % ár leibhéal earráide measta don chaiteachas (3.8 % do bhliain airgeadais 2020).

Tuarascálacha bliantúla sonracha ar ghníomhaireachtaí an Aontais

Is eintitis dhlíthiúla ar leith iad gníomhaireachtaí an Aontais atá curtha ar bun chun cúraimí sonracha teicniúla, eolaíocha nó bainistíochta a dhéanamh a chuidíonn le hinstitiúidí an Aontais beartais a dhearadh agus a chur chun feidhme. Ar an iomlán, tá 44 ghníomhaireacht ann.

Tuairim fhabhrach i dtaobh
ghníomhaireachtaí uile an Aontais, seachas ceann,
do bhliain airgeadais 2021

I mbliain airgeadais 2021, is é €4.1 billiún a bhí i mbuiséad iomlán na ngníomhaireachtaí go léir faoinár sainordú (gan SRB san áireamh), agus is ionann é sin agus 2.5 % de bhuiséad ginearálta an Aontais do 2021. Is iad na figiúirí comhfhreagracha do bhliain airgeadas 2020 ná €3.7 billiún agus 2.2 %.

Ar an iomlán, dheimhnigh ár n-iniúchóireacht ar na gníomhaireachtaí na torthaí dearfacha a tuairiscíodh sna blianta roimhe sin. D’eisíomar ‘tuairimí fabhracha’ i dtaobh chuntais na 44 ghníomhaireacht agus i dtaobh na n-ioncam. Chuireamar ár séala leis na híocaíochtaí is bun le cuntais na ngníomhaireachtaí go léir, cé is moite de na cuntais don Ghníomhaireacht chun Bainistiú Oibríochtúil a Dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA). Don ghníomhaireacht sin, d’eisíomar tuairim cháilithe, go príomha mar gheall ar neamhrialtachtaí sna nósanna imeachta soláthair phoiblí.

Tuarascáil bhliantúil shonrach ar Chomhghnóthais do bhliain airgeadais 2021

Is éard atá sna Comhghnóthais ná comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha idir an Coimisiún Eorpach agus an tionscal, agus i gcásanna áirithe taighde, eagraíochtaí idir-rialtasacha nó Ballstáit rannpháirteacha. Is é a bpríomh-mhisean ná aistriú an eolais eolaíoch go nuálaíochtaí ceannródaíocha inmhargaidh a chothú laistigh d’fhís straitéiseach atá á roinnt ag an tionscal agus ag comhpháirtithe taighde.

In 2021, ghlac an Chomhairle rialacháin nua lena gcuirtear aon chomhghnóthas déag ar bun chun gníomhaíochtaí faoi chláir Fís Eorpach agus Eoraip Dhigiteach, na cláir thaighde agus nuálaíochta ilbhliantúla do thréimhse airgeadais 2021-2027, a chur chun feidhme. Déanann na Comhghnóthais sin a gcláir shonracha taighde agus nuálaíochta a chur chun feidhme sna réimsí seo a leanas: iompar, fuinneamh, sláinte, tionscail bhithbhunaithe, príomhtheicneolaíochtaí leictreonacha, sár-ríomhaireacht agus córais chliste líonra.

Bhí ocht gcinn as an 11 Chomhghnóthas i mbun oibríochta cheana faoin gclár roimhe seo (Fís 2020), agus leanfaidh siad ar aghaidh faoi na cláir nua mar eintitis dhlíthiúla nua, le hainmneacha nua agus cúraimí méadaithe nó cúraimí le hathruithe beaga. Chomh maith leis na Comhghnóthais atá i mbun oibríochta cheana, bunaíodh trí cinn nua: Comhghnóthas na Líonraí agus Seirbhísí Cliste, an Comhghnóthas Sláinte Dhomhanda agus Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála. Déanfaidh an Chúirt iniúchóireacht ar na trí Chomhghnóthas nua den chéad uair tar éis dóibh a neamhspleáchas airgeadais a fháil, a meastar a tharlóidh in 2023.

Sa bhreis air sin, tá Comhghnóthas eile ann, ‘Fuinneamh Comhleá’, atá cistithe ag Euratom agus tá sé freagrach as rannchuidiú na hEorpa le hImoibreoir Trialach Teirmeanúicléach Idirnáisiúnta (ITER) a sholáthar.

Tuairim fhabhrach i dtaobh
na gComhghnóthas uile
do bhliain airgeadais 2021

I mbliain airgeadais 2021, d’eisíomar ‘tuairim fhabhrach’ i dtaobh na gcuntas, an ioncaim agus na n-íocaíochtaí do na Comhghnóthais go léir.

Mar a bhí i mblianta roimhe seo, áfach, d’eisíomar ár dtuairim iniúchóireachta i dtaobh chuntais bhliantúla an Chomhghnóthais ‘Fuinneamh Comhleá’ (F4E) agus mír dar teideal ‘béim ar ábhar’ ag gabháil léi, go príomha chun aird a tharraingt ar an riosca go mbeidh tuilleadh méaduithe costais agus tuilleadh moilleanna i gceist le tionscadal ITER a chur chun feidhme.

Tuarascálacha bliantúla sonracha ar na scoileanna Eorpacha agus dliteanais theagmhasacha an Bhoird Réitigh Aonair

I mbliain airgeadais 2021, d’eisíomar ár dtuarascáil bhliantúil ar an athbhreithniú ar chuntais bhliantúla chomhdhlúite na 13 scoil Eorpacha. Cé nár thug ár n-athbhreithniú aon earráidí ábharthacha sna cuntais chun solais, mar sin féin ní rabhamar in ann a dheimhniú go raibh bainistiú airgeadais na Scoileanna ag comhlíonadh an Rialacháin Airgeadais agus na Rialachán Foirne go hiomlán.

Tuairiscímid go bliantúil freisin ar dhliteanais theagmhasacha an Bhoird Réitigh Aonair (SRB), na Comhairle agus an Choimisiúin ag éirí as comhlíonadh a gcúraimí faoin Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair. Inár dtuarascáil ar bhliain airgeadais 2021, thángamar ar an gconclúid nár thángamar ar rud ar bith a thugann le fios gur míráiteas ábharthach atá sna dliteanais theagmhasacha a eascraíonn as feidhmiú a gcúraimí réitigh ag SRB, ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle.

Ár dtuarascálacha bliantúla:
Pointe tosaigh don nós imeachta um urscaoileadh
i bParlaimint na hEorpa

Is é foilsiú ár dtuarascálacha bliantúla an pointe tosaigh freisin don nós imeachta um urscaoileadh, ar nós imeachta é trína gcinneann Parlaimint na hEorpa – ar mholadh ón gComhairle – an bhfuil buiséad an Aontais bainistithe go sásúil ag an gCoimisiún agus ag comhlachtaí eile. Má tá sé sin déanta acu, deonaítear urscaoileadh dóibh.

I mí Dheireadh Fómhair 2022, thosaíomar lenár dtuarascálacha bliantúla do 2021 a thíolacadh don Choiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa agus don Choiste um an mBuiséad sa Chomhairle. Ina dhiaidh sin, rinneamar cur i láthair orthu ag seisiún iomlánach i bParlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais.

Thairis sin, i gcaitheamh 2022, rinneamar ár dtuarascálacha bliantúla a chur i láthair do pharlaimintí náisiúnta/réigiúnacha agus do rialtais in 21 Bhallstát.

Tuairimí

Tograí reachtacha ón gCoimisiún
a scrúdú

Mar iniúchóir seachtrach neamhspleách an Aontais, rannchuidímid le feabhas a chur ar bhainistiú airgeadais trí thuairimí a eisiúint ar thograí ón gCoimisiún le haghaidh reachtaíocht nua nó reachtaíocht athbhreithnithe. Nuair a bhíonn tionchar suntasach airgeadais i gceist leis na tograí reachtacha sin, tá ceanglas i ndlí an Aontais a deir go gcaithfear dul i gcomhchomhairle linn. Is féidir le hinstitiúidí eile a iarraidh orainn tuairimí a eisiúint ar shaincheisteanna sonracha eile. Déantar ár gcuid tuairimí go léir a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

In 2022, d’fhoilsíomar ocht dtuairim den sórt sin. Bhain siad seo go príomha le tograí reachtacha ón gCoimisiún maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais a leasú, ach freisin maidir leis an méid seo a leanas: rialacha nua a thabhairt isteach i ndáil le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha; cead a thabhairt do na Ballstáit a bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta (RRPanna) a úsáid chun Plean REPowerEU a mhaoiniú; straitéis chistiúcháin éagsúlaithe mar mhodh ginearálta iasachtaíochta a bhunú; agus Ciste Aeráide Sóisialta.

Iris na Cúirte Iniúchóirí

I ngach eagrán d’Iris na Cúirte Iniúchóirí bíonn ailt ar théama ar leith, ón dearcadh iniúchóireachta den chuid is mó, atá scríofa ag daoine atá ag obair laistigh nó lasmuigh d’institiúidí an Aontais Eorpaigh.

In 2022, d’eisíomar dhá eagrán a bhí ag déileáil le ‘Comhtháthú agus NextGenerationEU: comhchordacht nó contrárthacht’ agus ‘Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais Eorpaigh: léim i dtreo Eoraip Athléimneach?’.

Comhdhálacha agus seimineáir ghréasáin

In 2022 freisin, rinneamar comhdhálacha agus seimineáir ghréasáin a eagrú nó a chomheagrú, a bhí ar oscailt do pháirtithe leasmhara.

Seo thíos dhá shampla díobh.

Seimineár gréasáin CIE
ar an athrú ó bhonn don Aontas

An 29 Meitheamh 2022, mar chuid den Chomhdháil ar thodhchaí na hEorpa, rinne an Chúirt Iniúchóirí, i gcomhoibriú le UFIanna na Gearmáine, na Liotuáine agus na Sualainne, seimineár gréasáin dar teideal ‘Athrú ó bhonn don Aontas – tosaíochtaí nua d’uasfhorais iniúchóireachta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta?’ a eagrú. Chlúdaigh an seimineár gréasáin na saincheisteanna an-tráthúil seo a leanas: imirce, éifeachtúlacht fuinnimh agus cosaint. Roinn na daoine ar an bpainéal smaointe le chéile faoin gcaoi ar féidir le forais iniúchóireachta oiriúnú don bhonn nua de réir mar a athraíonn a gcuid cúraimí. Thug an seimineár gréasáin an deis do na rannpháirtithe ceisteanna a chur agus a gcuid smaointe de réir mheon na Comhdhála a chur ar aghaidh.

Seimineár na Cúirte Iniúchóirí
ar sciúradh airgid

An 16 Meán Fómhair 2022, d’eagraigh an Chúirt Iniúchóirí seimineár ardleibhéil ar sciúradh airgid. Tháinig ionadaithe ó na hinstitiúidí Eorpacha, ó na Ballstáit, ó CAI, ó mhaoirseacht baincéireachta agus ón tionscal le chéile chun samhail nua maoirseachta airgeadais an Aontais i réimse an sciúrtha airgid agus na frithsceimhlitheoireachta a bhí molta ag an gCoimisiún Eorpach a phlé, chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta sna caibidlíochtaí go dtí seo. I measc na dtopaicí a pléadh, bhí siad seo a leanas: ionchais agus indéantacht; cur chun feidhme éifeachtach; agus féachaint chuige go mbeidh sé slán i bhfad na haimsire. Bhí aird ar leith acu ar na socruithe rialachais atá beartaithe don Údarás um an Sciúradh Airgid a Chomhrac (ÚSAC) atá nuabhunaithe, agus cén chaoi a mbeidh an comhlacht nua in ann idirghníomhú go héifeachtach le húdaráis rialaithe Eorpacha agus náisiúnta eile gan ualach gan ghá i gcúrsaí comhlíontachta a chruthú don tionscal.

Claochlú digiteach na hiniúchóireachta

Tá an Chúirt Iniúchóirí ag leanúint d’fheabhas a chur ar éifeachtúlacht a cuid próiseas iniúchóireachta trí chur le comhtháthú agus idir-inoibritheacht na gcóras atá aici cheana féin. Ag an am céanna, tá gníomhaíochtaí in uathoibriú, san iniúchóireacht TF agus in ardchórais anailísíochta sonraí curtha chun feidhme aici mar chuid dá plean forbartha le haghaidh úsáid níos fearr a bhaint as an teicneolaíocht don iniúchóireacht. Lean sí freisin dá gníomhaíochtaí nuálaíochta atá dírithe ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a shainaithint, ar teicneolaíochtaí iad sin is féidir a úsáid ar bhealaí nua chun tacú leis an obair iniúchóireachta.

Cruinnithe agus imeachtaí hibrideacha

D’ísligh an phaindéim na bacainní teicneolaíochta agus síceolaíochta atá ann do dhaoine agus eagraíochtaí ó thaobh a bheith ag obair go cianda agus ó thaobh cruinnithe a bheith acu go cianda, rud a chuir feabhas ag an am céanna ar a leibhéal scileanna digiteacha. Ní heisceacht sa mhéid sin í an Chúirt. Baintear úsáid go rialta anois as cruinnithe cianda nó cruinnithe hibrideacha le haghaidh cruinnithe oibre, go háirithe le geallsealbhóirí seachtracha ar nós iniúchaithe agus comhlachtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta eile, rud a laghdaíonn an líon misean go dtí an leibhéal atá riachtanach chun cuspóirí na hinstitiúide a bhaint amach.

Tá ár gcuid seomraí cruinnithe feistithe againn le réitigh físchomhdhála den scoth, agus fós tá réitigh iniompartha á gcur ar fáil againn, rud a chiallaíonn gur féidir cruinnithe grúpa a thionól in áit ar bith i bhfoirgnimh na Cúirte.

Ar deireadh, rinneamar seomra cruinnithe amháin a thiontú isteach ina stiúideo teilifíse fíorúil, áit ar féidir faisnéisiú don phreas, comhdhálacha hibrideacha le hateangaireacht nó imeachtaí faisnéise agus oideachais eile a thaifeadadh agus a chraoladh, rud a thacaíonn le gníomhaíochtaí cumarsáide na hinstitiúide.

Comhtháthú agus uathoibriú digiteach

An réiteach a cuireadh i bhfeidhm roinnt blianta ó shin le haghaidh malartú slán doiciméad agus sonraí leis na hiniúchaithe (ECAFiles), tá sé sin comhtháite anois inár bpríomhchóras bainistithe iniúchóireachta (ASSYST) agus sa chóras trína ndéantar an próiseas imréitigh a bhainistiú (CLEAR), rud a shimplíonn agus a fheabhsaíonn an chumarsáid leis na hiniúchaithe ar fud an phróisis iniúchóireachta.

Sna cásanna nárbh fhéidir clár-rochtain a fháil ar bhunachair sonraí na n-iniúchaithe, sheolamar seirbhís don uathoibriú róbatach próiseas in 2021. Thug sé sin rogha eile seachas doiciméid a íoslódáil, a shábháil agus a sheiceáil de láimh, ar choinníoll go bhfuil na doiciméid curtha ar fáil san fhormáid inúsáide atá riachtanach lena aghaidh.

Seirbhísí d’ardchórais
anailísíochta sonraí

An fhoireann nua a bunaíodh in 2021 le haghaidh D.A.T.A. (Sonraí agus Teicneolaíocht don Iniúchóireacht), lean siad de bheith ag obair ar chur chun feidhme an phlean forbartha le haghaidh úsáid níos fearr a bhaint as an teicneolaíocht mar thaca do chuspóirí iniúchóireachta na Cúirte.

Bhí na daoine ar fhoireann D.A.T.A. ag obair go dlúth leis na foirne iniúchóireachta chun tuiscint a fháil ar na próisis agus riachtanais shonracha atá acu. Ag brath ar cé chomh casta a bhí an riachtanas, d’athraigh an obair ó ghníomhaíochtaí comhairleacha gearrthéarmacha go dtí rannpháirtíocht iomlán i dtascanna iniúchóireachta.

Bhí foireann D.A.T.A. i gceannas ar an iomad tionscadal ar fud na Cúirte, nó ghlac siad páirt iontu; ina measc sin bhí saineolaithe sonraí do thascfhórsa NGEU, pobal eolaíochta sonraí a chruthú d’iniúchóirí, measúnú agus indéantacht le haghaidh inneall nua cuardaigh sheimeantaigh i gcomhair táirgeadh dílis laistigh den Chúirt.

Bhunaíomar ‘bonneagar eolaíochta sonraí’ freisin ionas go bhféadfaí próiseáil sonraí agus ardchóras anailíse agus léirshamhlaithe a dhéanamh go príomha ar thacair sonraí gan struchtúr agus ar mhórshonraí.

Ag an am céanna, sheol ár roinn TF ‘stóras sonraí mar sheirbhís’ i nDeireadh Fómhair 2022 a thug deis don úsáideoir sonraí struchtúrtha a phróiseáil agus a anailísiú le méideanna éagsúla féinriar, ag dul ó thuarascálacha réamhshainithe a fháil d’úsáideoirí bunúsacha go dtí próiseáil sonraí agus cruthú tuarascálacha agus léirshamhluithe ar bhonnad hoc d’úsáideoirí saineolaíocha.

Nuálaíocht

Leanadh den chomhar le hUasfhorais Iniúchóireachta ó Bhallstáit an Aontais ar Theicneolaíocht agus Nuálaíocht don Iniúchóireacht i gcomhthéacs líonra agus ardán TiNA. Bhí 11 imeacht ar líne TiNA ann ar ábhair éagsúla ó iniúchóireacht ar an gcibearshlándáil agus aistriú slán sonraí go huirlisí sonracha a úsáid le haghaidh anailísíocht sonraí agus mianadóireacht próiseas.

Lean an Chúirt Iniúchóirí de bheith páirteach go gníomhach sa Ghrúpa um theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn de chuid an Choiste Idirinstitiúidigh um Chlaochlú Digiteach, ag obair ar theicneolaíochtaí nua amhail intleacht shaorga, réaltacht bhreisithe nó blocshlabhra a thabhairt isteach in institiúidí an Aontais. Tá tús curtha le togra le haghaidh tionscadal comhpháirteach chun teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte a oibriú chun slándáil bhreise a thabhairt do mhalartuithe le hiniúchaithe.

Caidreamh institiúideach

Bímid ag obair go dlúth le Parlaimint na hEorpa, leis an gComhairle, leis na parlaimintí náisiúnta/réigiúnacha agus le rialtais na mBallstát, mar go bhfuil tionchar ár gcuid oibre ag brath go mór ar an úsáid a bhaineann siadsan as ár gcuid fionnachtana agus moltaí.

Parlaimint na hEorpa

In 2022, chuir Parlaimint na hEorpa (PE) tús arís de réir a chéile le rannpháirtíocht fhisiciúil rialta institiúidí agus comhlachtaí eile ag na suíonna iomlánacha agus ag cruinnithe coiste. Mar thoradh air sin, tháinig laghdú beag in 2022 go dtí 134 ar an líon iomlán uaireanta a bhí an Chúirt i láthair in PE, ar i láthair go fisiciúil den chuid is mó a bhí sí, i gcomparáid le 147 n-uair in 2021, ar láithriú go cianda a bhí iontu sin ar fad.

Tugann coistí agus comhlachtaí PE, go háirithe an Coiste um Rialú Buiséadach (CONT), cuireadh go rialta do Chomhaltaí na Cúirte agus do na foirne iniúchóireachta torthaí a gcuid oibre a chur i láthair ag a gcuid cruinnithe.

Ar an iomlán, in 2022, rinne ár gComhaltaí cur i láthair in CONT ar 16 thuarascáil speisialta agus ar aon athbhreithniú amháin. Bhí siad páirteach freisin in 16 éisteacht phoiblí CONT maidir le hurscaoileadh 2021, lena n-áirítear an cur i láthair ar Thuarascáil bhliantúil 2021 uainn a rinne Uachtarán na Cúirte, Tony Murphy.

Sa bhreis air sin, rinne na Comhaltaí 27 gcur i láthair ar thuarascálacha speisialta agus athbhreithnithe i láthair 14 choiste PE eile, iad sin den chuid is mó i gcomhchruinnithe le coistí leasmhara eile.

I Márta 2022, thug Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí cuireadh d’Uachtarán na Cúirte Iniúchóirí chuig malartú tuairimí faoinár gClár Oibre 2022+ agus faoin gcomhairliúchán ar Chlár Oibre 2023+. I mBealtaine, bhí iar-Uachtarán na Cúirte, Klaus‑Heiner Lehne, páirteach i suí iomlánach PE a bhain le hurscaoileadh 2020. I nDeireadh Fómhair, bhí cruinniú ag Uachtarán na Cúirte, Tony Murphy, le hUachtarán PE, Roberta Metsola, agus chuir sé Tuarascáil bhliantúil 2021 i láthair ag suí iomlánach PE. I mí an Mheithimh, bhí cruinniú freisin ag comhaltaí Sheomra II le Comhordaitheoirí REGI chun plé a dhéanamh ar chomhar breise agus thug Coiste CONT cuairt ar an gCúirt Iniúchóirí i mí na Samhna chun go mbeadh malartú tuairimí acu leis an gColáiste.

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Tháinig méadú mór ar an líon uaireanta a bhí an Chúirt Iniúchóirí i láthair ag an gComhairle in 2022, leis an líon sin ag 82 i gcomparáid le 68 in 2021.

Mar riail, bíonn comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle ag déileáil lenár dtuarascálacha speisialta go luath i ndiaidh a bhfoilsithe, ach ní gá gurb amhlaidh an cás leis na hathbhreithnithe agus na tuairimí go léir. In 2022, chuireamar 26 thuarascáil speisialta agus trí thuairim i láthair ag 19 gcoiste agus meitheal éagsúla den Chomhairle.

In 2022, d’fhreastail ionadaithe ón gCúirt Iniúchóirí ar 29 gcruinniú a bhí ag plé le hurscaoileadh do bhuiséad an Aontais le haghaidh bhlianta airgeadais 2020 agus 2021. Thairis sin, thug an Coiste um an mBuiséad sa Chomhairle cuireadh do bhainistíocht na Cúirte Iniúchóirí ár gClár Oibre 2023+ agus an dréachtbhuiséad le haghaidh 2023 a chur ina láthair.

Uachtaránacht na Comhairle
An Fhrainc: Eanáir – Meitheamh 2022
Poblacht na Seice: Iúil – Nollaig 2022


Mar gheall gur laghdaíodh srianta COVID‑19, bhí ionadaithe na Cúirte Iniúchóirí in ann páirt a ghlacadh arís i bpearsa i bhformhór na gcruinnithe a bhí ag Comhairle an Aontais Eorpaigh. Tá cuid den idirghníomhaíocht fós ar siúl go cianda, áfach. Leis an mbealach nua seo chun oibre, bhíomar in ann níos mó idirghníomhaíochta a bheith againn le Comhairle an Aontais Eorpaigh, ar nós seisiúin faisnéise teicniúla spriocdhírithe a bheith againn le Buaniondaíochtaí an Aontais i ndáil le cuid de na tuarascálacha.

I mí Iúil 2022, bhí cruinniú ag iar-Uachtarán na Cúirte Iniúchóirí, Klaus‑Heiner Lehne, le Príomh-Aire na Seice agus leis na hairí gnóthaí Eorpacha agus airgeadais san Aontas Eorpach chun tosaíochtaí Uachtaránacht na Comhairle a phlé. I mí Mheán Fómhair, ghlac Iliana Ivanova agus Jan Gregor (Comhaltaí den Chúirt) páirt i gcruinniú neamhfhoirmiúil leis na hairí atá freagrach as an mbeartas Comhtháthaithe. I mí na Samhna, bhí cruinniú ag Uachtarán na Cúirte Iniúchóirí, Tony Murphy, le Príomh-Aire agus Aire Gnóthaí Airgeadais na Sualainne. I mí na Nollag 2022, bhí cruinniú ag Tony Murphy (Uachtarán na Cúirte) agus Jan Gregor (Comhalta den Chúirt) le hAire Airgeadais na Seice ina cháil mar Uachtarán ECOFIN sula ndearnadh Tuarascáil bhliantúil 2020 a thíolacadh do na hairí airgeadais san Aontas Eorpach. Sa bhreis air sin, bhí comhaltaí den Chúirt agus bainistíocht na Cúirte páirteach i 14 chruinniú le hionadaithe ó Bhuanionadaíochtaí an Aontais in 2022.

Parlaimintí náisiúnta/réigiúnacha agus rialtais na mBallstát

Cruinnithe le
parlaimintí náisiúnta/réigiúnacha

In 2022, chuir ár gComhaltaí agus daoine den fhoireann ár n-obair i láthair ag 88 gcruinniú le parlaimintí náisiúnta/réigiúnacha in 20 Ballstát.

Cruinnithe le
rialtais na mBallstát

Rinne ár gComhaltaí agus ár mbainistíocht cur i láthair ar ár gcuid oibre ag 133 chruinniú le rialtais agus comhlachtaí rialtais na mBallstát i 22 mBallstát in 2022.

An Coimisiún Eorpach

Malartú tuairimí lenár n-iniúchaithe
ar an leibhéal is airde

Bíonn teagmhálacha rialta déthaobhacha ag Comhaltaí na Cúirte agus na Coimisinéirí le chéile i dtaobh tascanna iniúchóireachta atá beartaithe agus atá idir lámha.

Le blianta, is cleachtas seanbhunaithe freisin é go mbeadh cruinniú bliantúil ag na Comhaltaí lena gcontrapháirtithe sa Choimisiún Eorpach. Is deis atá sna cruinnithe sin chun léargas a fháil ar an staid ina bhfuil cúrsaí, agus machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí ár gcomhar le chéile a neartú tuilleadh.

I mí Iúil 2022, leanadh den traidisiún sin nuair a thug iar-Uachtarán na Cúirte, Klaus‑Heiner Lehne, cuireadh go Lucsamburg do choláiste na gCoimisinéirí. Bhí cruinniú déthaobhach aige leis an Uachtarán von der Leyen. Tháinig Comhaltaí na Cúirte agus Comhaltaí an Choimisiúin le chéile i gceithre ghrúpa plé, a bhí ag díriú isteach ar na réimsí seo a leanas: an Comhaontú Glas don Eoraip; an t-aistriú digiteach; an ghné dhomhanda; agus buiséad an Aontais a bheith ag feidhmiú mar threallús don téarnamh Eorpach/an nasc le creat rialachais eacnamaíoch an Aontais.

Comhar le hUasfhorais Iniúchóireachta eile

Coiste Teagmhála Uasfhorais Iniúchóireachta an Aontais Eorpaigh

Tarlaíonn ár gcomhoibriú leis na hUasfhorais Iniúchóireachta (UFInna) sna 27 mBallstát go príomha faoi chuimsiú Choiste Teagmhála Uasfhorais Iniúchóireachta an Aontais Eorpaigh. Is fóram é sin a éascaíonn idirphlé agus malartú idir UFInna Bhallstáit an Aontais agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

In 2022, leanamar den Iniúchóireacht ar an Líonra Eorpach ar COVID‑19, as ar lean líon mór bileog eolais ar na UFInna atá ábhartha d’obair 2020 agus 2021 ar an topaic seo a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choiste Teagmhála. Leanamar freisin dár ngníomhaíocht chomhair i ndáil leis an iniúchóireacht ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. I gcás na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, bhí cruinnithe rialta ag bainisteoirí iniúchóireachta agus iniúchóirí a bhí ag déanamh ionadaíocht ar 22 UFI san Aontas, áit ar phléigh siad iniúchtaí a bhain le NGEU, idir iniúchtaí a bhí idir lámha, iniúchtaí a bhí beartaithe agus iniúchtaí a bhí tugtha chun críche.

Cruinniú bliantúil 2022

I mBealtaine 2022, thionólamar an cruinniú bliantúil a bhí ag an gCoiste Teagmhála. Ba é sin an chéad chruinniú fisiciúil de cheannairí UFInna an Aontais ó 2019, i ndiaidh imeacht ardleibhéil ar líne a bhí ann i mí na Nollag 2021. Bhí na príomhábhair phlé dírithe ar na tascanna agus dúshláin straitéiseacha atá ag UFInna an Aontais chun measúnú a dhéanamh ar bhreisluach na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach.

UFInna i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha ar aontachas leis an Aontas

Tacaímid freisin leis na UFInna i dtíortha is iarrthóirí ar aontachas (an Albáin, an Mholdóiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia, an Tuirc agus an Úcráin) agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha ar aontachas (an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv2).

In 2022, thacaíomar le SIGMA (Tacaíocht d’Fheabhsú sa Rialachas agus sa Bhainistíocht), tionscnamh comhpháirteach atá ag ECFE agus ag an Aontas Eorpach, i gcruinniú de chuid Líonra UFInna na dTíortha is Iarrthóirí agus na dTíortha is Iarrthóirí Ionchasacha a stiúradh i bPáras.

2 Ní dochar an t-ainmniú ‘an Chosaiv’ do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244 (1999) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar an staid a bhaineann leis an gCosaiv (UNSCR 1244/1999) agus le tuairim chomhairleach ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) ar an gceist maidir le ‘Dearbhú neamhspleáchais aontaobhach i leith na Cosaive a bheith i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta’ (22 Iúil 2010).

INTOSAI

In 2022, leanamar dár rannpháirtíocht ghníomhach i ngníomhaíochtaí na hEagraíochta Idirnáisiúnta Uasfhoras Iniúchóireachta (INTOSAI). Mar Leas-Chathaoirleach den Choiste um Chaighdeáin Ghairmiúla (PSC), bhí ionchur againn i dTascfhórsa INTOSAI um Pleanáil Straitéiseach agus chomhoibríomar go gníomhach leis na Cathaoirligh eile ar na Sprioc-Choistí. Thionólamar freisin an 21ú cruinniú de Choiste Stiúrtha PSC a bhí ar siúl i mí Mheán Fómhair, áit ar glacadh an tuarascáil maidir le nuachóiriú chreat na gcaighdeán; is faoi stiúir na Cúirte Iniúchóirí a rinneadh an obair ar an tuarascáil sin.

I mí na Samhna 2022, d’fhreastalaíomar ar Chomhdháil XXIV INTOSAI (INCOSAI) in Rio de Janeiro. Gach trí bliana a bhíonn an Chomhdháil sin ann. Is í an Chomhdháil sin uasfhoras INTOSAI, agus is aici a dhéantar na cinntí riaracháin is tábhachtaí don eagraíocht. Glacadh Plean Straitéiseach 2023-2028 do INTOSAI ag an gComhdháil, agus ghlac an Chúirt Iniúchóirí an ról mar Chathaoirleach PSC ar láimh ó UFI na Brasaíle. Ina cáil mar Chathaoirleach PSC, is comhalta de Bhord Rialaithe INTOSAI anois í an Chúirt Iniúchóirí.

Bhíomar páirteach freisin i bhfochoistí PSC agus i ngníomhaíochtaí agus tionscadail chomhlachtaí oibre eile in INTOSAI, go sonrach iad sin a bhíonn ag plé le hiniúchóireacht chomhshaoil, mórshonraí, nuachóiriú airgeadais agus athchóiriú rialála, chomh maith le meastóireacht ar bheartais agus cláir phoiblí. Sa bhreis air sin, bhíomar sa stiúir ar thionscadal a bhain le ISSAI 140 maidir le bainistiú cáilíochta le haghaidh UFInna a nuashonrú, agus chomhoibríomar le Tionscnamh Forbartha INTOSAI (IDI) maidir le treoraíocht chur chun feidhme don chaighdeán nua a chur ar fáil.

EUROSAI

Bhíomar bainteach go gníomhach freisin le gníomhaíochtaí in Eagraíocht Eorpach na nUasfhoras Iniúchóireachta (EUROSAI), an grúpa réigiúnach Eorpach de INTOSAI, go háirithe a grúpaí oibre ar iniúchóireacht chomhshaoil, teicneolaíochtaí faisnéise, iniúchóireacht ar chistí a leithdháiltear le haghaidh tubaistí agus mórthubaistí, agus an líonra eitice.

In 2022, leanamar d’obair an ghrúpa tionscadail ar ‘Ullmhú do rioscaí sa todhchaí agus don ghéarchéim aeráide: An bhfuil sé in am ag an iniúchóireacht a bheith fadbhreathnaitheach?’ (a bhí faoi chomhstiúir Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta na Ríochta Aontaithe) i gcomhthéacs an chúraim dar teideal ‘Smaoineamh chun cinn agus saincheisteanna atá ag teacht chun cinn’. Thairis sin, rannchuidíomar go gníomhach leis an ngrúpa tionscadail ar iniúchóireacht a dhéanamh ar an bhfreagairt do COVID‑19.

Ár mbainistíocht

Comhaltaí

Feidhmíonn an Chúirt Iniúchóirí mar chomhlacht coláisteach de Chomhaltaí, le comhalta amháin ann as gach Ballstát. Ar dhul i gcomhchomhairle le Parlaimint na hEorpa, ceapann an Chomhairle gach aon Chomhalta tar éis don rialtas náisiúnta lena mbaineann iad a ainmniú. Níl aon ról againn sa phróiseas chun ár gComhaltaí a ainmniú nó a cheapadh.

Is téarma in-athnuaite sé bliana atá ag ár gComhaltaí. Comhlíonann siad a ndualgais faoi neamhspleáchas iomlán agus chun leas ginearálta an Aontais. Ar dhul i mbun oifige dóibh, tugann siad gealltanas sollúnta chuige sin os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

In 2022, cheap an Chomhairle comhalta nua as an tSlóivéin, Jorg Kristijan Petrovič (amhail ón 7 Bealtaine); comhalta nua as an Ísiltír, Stef Blok (amhail ón 1 Meán Fómhair); comhalta nua as Málta, George Marius Hyzler (amhail ón 1 Deireadh Fómhair); comhalta nua as an gCipir, Lefteris Christoforou (amhail ón 2 Samhain); agus comhalta nua as an Liotuáin, Laima Liucija Andrikienė (amhail ón 16 Samhain). Sa bhreis air sin, rinne an Chomhairle na téarmaí oifige a athnuachan go ceann tréimhse sé bliana eile (amhail an 7 Bealtaine) do na Comhaltaí seo a leanas: Comhalta na Seicia, Jan Gregor; Comhalta na Laitvia, Mihails Kozlovs; agus Comhalta na Polainne, Marek Opioła.

Méala mór dúinn gur bhásaigh ár gComhalta as an Ísiltír, Alex Brenninkmeijer, an 14 Aibreán 2022.

Bhí an nós imeachta ainmniúcháin chun comhalta nua as an bPortaingéil a ainmniú fós ar siúl ag deireadh 2022.

Bhí 25 chruinniú den choláiste ann in 2022. Bhí ráta tinrimh de 93 % ann do na cruinnithe sin. Ghlac na Comhaltaí páirt freisin i gcruinnithe seomra agus i gcruinnithe coiste (féach freisin Seomraí iniúchóireachta agus coistí).

Seimineár 2022 na Cúirte Iniúchóirí:
ár n-éifeachtúlacht a fheabhsú
agus an úsáid is fearr a bhaint
as ár n-acmhainní in iniúchtaí amach anseo

Uair sa bhliain, téann ár gComhaltaí, an tArd-Rúnaí agus na stiúrthóirí ar sheimineár dhá lá chun plé a dhéanamh ar shaincheisteanna tábhachtacha a bhaineann le straitéis fhadtéarmach, obair agus eagar na Cúirte Iniúchóirí.

I rith Sheimineár na Cúirte i mbliana, phléigh na Comhaltaí na topaicí lárnacha seo a leanas:

  • bealaí chun éifeachtúlacht níos fearr agus gnóthachain bhreise sa táirgiúlacht a bhaint amach nuair a bhíonn ár dtuarascálacha speisialta á gcur i dtoll a chéile againn;
  • saincheisteanna a bhaineann le Cód Iompair na Cúirte Iniúchóirí a chur i bhfeidhm go praiticiúil; agus
  • Clár Oibre 2023+.

An tUachtarán

Tá an tUachtarán i gceannas ar na nithe seo a leanas san institiúid: straitéis, bainistiú pleanála agus feidhmíochta, cumarsáid agus an caidreamh leis na meáin, idirchaidreamh institiúide, gnóthaí dlíthiúla agus an iniúchóireacht inmheánach. Déanann an tUachtarán ionadaíocht ar an gCúirt freisin sa chaidreamh seachtrach.

Roghnaíonn ár gComhaltaí duine as a measc féin mar Uachtarán go ceann tréimhse in-athnuaite trí bliana. Is ar an té a thoghtar a thiteann na cúraimí seo a leanas: an ról mar shaoi i measc na sua (primus inter pares); cathaoirleacht a dhéanamh ar chruinnithe na Cúirte; agus a áirithiú go ndéantar cinntí a ghlactar a chur chun feidhme.

An 1 Deireadh Fómhair 2022, tháinig Tony Murphy in ionad Klaus-Heiner Lehne mar Uachtarán ar an gCúirt Iniúchóirí.

Nóta: Amhail ag Feabhra 2023.

Seomraí iniúchóireachta agus coistí

Sanntar na Comhaltaí chuig ceann de chúig sheomra iniúchóireachta, ina ndéantar formhór ár dtuarascálacha iniúchóireachta, athbhreithnithe agus tuairimí a ghlacadh. Leithdháileann na seomraí iniúchóireachta a gcuid tascanna ar a gcuid comhaltaí. Tá gach Comhalta cuntasach don seomra, agus don choláiste, as a gcuid tascanna iniúchóireachta féin. Is iniúchóirí gairmiúla atá ag obair do stiúrthóireachtaí an tseomra iniúchóireachta a dhéanann an obair iniúchóireachta.

Déanann na Comhaltaí i ngach seomra iniúchóireachta Déan a thoghadh go ceann tréimhse in-athnuaite dhá bhliain. Amhail an 11 Deireadh Fómhair 2022, ba iad seo a leanas na Déin a bhí ar ár gcúig sheomra iniúchóireachta: Joëlle Elvinger, Annemie Turtelboom, Bettina Jakobsen, Mihails Kozlovs agus Jan Gregor.

Déileálann an Coiste um Rialú Cáilíochta na hIniúchóireachta (AQCC) le beartais, caighdeáin agus modheolaíocht iniúchóireachta, tacaíocht agus forbairt iniúchóireachta agus rialú cáilíochta na hiniúchóireachta sa Chúirt Iniúchóirí. Tá sé comhdhéanta de Chomhalta amháin as gach seomra iniúchóireachta agus, amhail ón 2 Samhain 2022, is í Iliana Ivanova atá ina cathaoirleach.

Glacann an Coiste Riaracháin (AC) agus, i gcás inarb iomchuí, Coláiste na gComhaltaí – a bhfuil an tUachtarán ag feidhmiú mar chathaoirleach orthu araon – cinntí maidir le saincheisteanna straitéiseacha agus riaracháin go ginearálta. Tá an Coiste Riaracháin comhdhéanta den Uachtarán, Déin na seomraí, cathaoirleach AQCC agus an Comhalta atá freagrach as an gCaidreamh Institiúideach (amhail ón 10 Deireadh Fómhair 2022, Eva Lindström).

In 2022, bhí 113 chruinniú ag na seomraí, 15 chruinniú ag AC agus 10 gcruinniú ag AQCC. Bhí ráta tinrimh de 95 %, 94 % agus 89 % ann do na cruinnithe sin, faoi seach.

I measc na gcoistí eile atá ann, tá an Coiste Eitice (faoi chathaoirleacht Joëlle Elvinger), an Coiste Iniúchóireachta Inmheánaí (faoi chathaoirleacht Hannu Takkula) agus an Painéal Comhairleach Fadbhreathnaitheachta (faoi chathaoirleacht Helga Berger).

Tá ár mbainistíocht shinsearach comhdhéanta den Ardrúnaí agus de stiúrthóirí. Ar an iomlán, tá deich stiúrthóireacht ann, a bhfuil cúig cinn acu nasctha le seomraí iniúchóireachta, ceann le AQCC, ceann leis an Uachtaránacht agus trí cinn leis an Ardrúnaíocht.

Nóta: Amhail ag Feabhra 2023.

Feidhmíocht a thomhas

Cuirimid tacar d’eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) i bhfeidhm mar bhonn faisnéise dár mbainistíocht faoin dul chun cinn atá á dhéanamh chun ár spriocanna straitéiseacha a bhaint amach, chun tacú leis an gcinnteoireacht agus chun faisnéis faoinár bhfeidhmíocht a thabhairt dár ngeallsealbhóirí institiúideacha. Tá ár KPInna nuashonraithe againn chun tacú lenár straitéis do 2021-2025. Tugann an tacar seo a leanas de KPInna forléargas leathan ar an gcaoi a bhfuilimid ag feidhmiú mar eagraíocht a mhéid a bhaineann le craobhscaoileadh ár gcuid oibre, an tionchar atá aici agus an dearcadh atá uirthi:

  • an líon tuarascálacha a foilsíodh (i gcomparáid leis an méid a pleanáladh);
  • feiceálacht sna meáin;
  • an tionchar atá ag ár gcuid oibre agus an dearcadh atá uirthi (aiseolas ó gheallsealbhóirí);
  • muid a bheith i láthair in institiúidí eile, sna parlaimintí náisiúnta/réigiúnacha agus i rialtais na mBallstát, agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnta;
  • mar a dhéantar moltaí ón gCúirt Iniúchóirí a chur chun feidhme.
29 dtuarascáil foilsithe in 2022

D’fhoilsíomar 29 dtuarascáil i gcomparáid le 32 in 2021. Bhí 28 dtuarascáil speisialta agus aon athbhreithniú amháin i gceist leo sin.

Feiceálacht sna meáin

2022: méadú suntasach
ar an gclúdach sna meáin

In 2022, thaifeadamar isteach agus amach le 130 000 alt ar líne agus postáil sna meáin sóisialta a bhain lenár dtuarascálacha iniúchóireachta, le foilseacháin eile nó leis an gCúirt go ginearálta. Is méadú suntasach é sin ar an gclúdach i gcomparáid le blianta roimhe sin (2021: 67 000; 2020: 32 000).

Is féidir leis an gclúdach sna meáin athrú go mór ag brath ar an ábhar agus ar cé chomh casta atá tuarascáil. D’fhéadfadh tosca seachtracha, ar nós imeacht tábhachtach nó forbairt beartais, tionchar a imirt freisin ar an spéis a chuireann na meáin inár gcuid foilseachán. Thairis sin, le linn éigeandálaí ar nós phaindéim COVID‑19 nó cogadh foghach na Rúise san Úcráin, bíonn aird na meán dírithe go mór ar ábhar a bhaineann leis an ngéarchéim.

Idirghníomhú leis an bpreas

Ó bhí dianghlasáil COVID‑19 ann, tá ár gcuid foilseachán curtha chun cinn go fíorúil againn, rud a chuir ar ár gcumas teagmhálacha le hiriseoirí a mhéadú.

In 2022, d’eisíomar 41 phreasráiteas in 24 theanga de chuid an Aontais, chomh maith le nótaí faisnéise, fógraí do na meáin agus closráitis (réidh le húsáid) i roinnt teangacha. Chomh maith leis sin, thugamar roinnt agallamh le móreagraíochtaí meán ar fud na hEorpa a chlúdaigh an raidió, an teilifís agus an preas scríofa. Sa bhreis air sin, bhí 14 sheisiún faisnéise ar líne don phreas againn agus naoi gcinn de sheisiúin faisnéise don phreas de réir tíre don tuarascáil bhliantúil. Ar an iomlán, mheall ár seisiúin faisnéise 350 iriseoir, a raibh a bhformhór ag teacht ó eagraíochtaí nuachta náisiúnta i mBallstáit an Aontais.

Aon mhilliún go leith cuairt
ar shuíomh gréasáin na Cúirte

In 2022, tugadh os cionn aon mhilliún go leith cuairt ar ár suíomh gréasáin, le thart ar 600 000 cuairteoir uathúil ann.

2022: lean an líon leantóirí
ar na meáin shóisialta
de bheith ag méadú

Faoi dheireadh 2022, bhí os cionn 45 000 leantóir ag ár dtrí chuntas sna meáin shóisialta (Twitter, LinkedIn, Facebook), sin méadú ar an 39 000 a bhí againn in 2021.

An tionchar atá ag ár gcuid oibre agus an dearcadh atá uirthi

Dúirt 82 % de na freagróirí
ar ár suirbhéanna go raibh ár dtuarascálacha
úsáideach dá gcuid oibre

Déanaimid measúnú ar an tionchar dóchúil atá ag ár gcuid oibre agus ar úsáideacht ár gcuid oibre, de réir mar a fheictear sin do léitheoirí ár gcuid tuarascálacha i bParlaimint na hEorpa, sa Chomhairle, sa Choimisiún, i ngníomhaireachtaí an Aontais, i mbuanionadaíochtaí na mBallstát, i ngníomhaireachtaí agus UFInna na mBallstát, in eagraíochtaí neamhrialtasacha, i measc an aosa acadúil, sna meáin agus i measc páirtithe eile.

Ó 2018, tá suirbhéanna leictreonacha i ndíth ainm á ndéanamh againn chun a iarraidh ar ár léitheoirí aiseolas cáilíochtúil a thabhairt ar rogha tuarascálacha agus moltaí ginearálta a dhéanamh i dtaobh ár gcuid oibre.

In 2022, mheas 82 % den thart ar 450 freagróir go raibh ár gcuid tuarascálacha úsáideach dá gcuid oibre agus mheas 78 % go raibh tionchar ag na tuarascálacha sin. Tá sé sin cosúil leis an toradh don bhliain seo caite (2021: 83 % agus 79 %, faoi seach).

Muid a bheith i láthair in institiúidí eile, sna parlaimintí náisiúnta/réigiúnacha agus i rialtais na mBallstát, agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnta

Leibhéal ard idirghníomhaíochta
lenár ngeallsealbhóirí

Ar an iomlán in 2022, bhí leibhéal ard idirghníomhaíochta againn arís eile lenár ngeallsealbhóirí Eorpacha agus idirnáisiúnta. Rinneamar cur i láthair ar thorthaí ár gcuid oibre ag 437 n-ócáid ag coistí de Pharlaimint na hEorpa, comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle, parlaimintí náisiúnta/réigiúnacha agus rialtais na mBallstát (2021: 419).

Thairis sin, ghlacamar páirt in 178 ngníomhaíocht idirnáisiúnta. Áiríodh orthu sin gníomhaíochtaí eagraíochtaí iniúchóireachta poiblí idirnáisiúnta, go háirithe INTOSAI agus EUROSAI, chomh maith le himeachtaí déthaobhacha le UFInna eile, comhdhálacha, cruinnithe, agus gníomhaíochtaí a bhí dírithe ar spriocghrúpaí níos leithne (2021: 154).

Mar a dhéantar moltaí ón gCúirt Iniúchóirí a chur chun feidhme

Rinneadh beagnach gach ceann
de na moltaí a rinneamar in 2018
a chur chun feidhme

Tomhaisimid an chaoi a ndéantar ár gcuid moltaí a chur chun feidhme bunaithe ar an obair leantach a dhéanann ár gcuid iniúchóirí. Le haghaidh 2022, rinneamar anailís ar na moltaí a bhí dírithe chuig an gCoimisiún agus chuig institiúidí eile sna tuarascálacha a d’fhoilsíomar in 2018.

Thaispeáin an anailís ar na moltaí a ndearnadh obair leantach orthu, go raibh 100 % de na 14 a rinneadh i dTuarascáil bhliantúil 2018 agus 85 % de na 325 i dtuarascálacha speisialta 2018 curtha chun feidhme, bíodh sé sin ina n-iomláine nó go pointe áirithe nó ar an mórchóir.

Ár bhfoireann

Leithdháileadh na foirne

Amhail ag deireadh 2022, bhí 873 phost bhuana agus shealadacha againn (853 sna blianta roimhe sin). Maidir leis an 20 post breise, dheonaigh an t-údarás buiséadach iad sin ar bhonn sealadach chun iniúchóireacht a dhéanamh ar thionscnamh NGEU. Bhí 549 de na poist sna seomraí iniúchóireachta, lena n-áirítear 104 phost in oifigí na gComhaltaí.

Sa bhreis air sin, bhí 91 dhuine ar conradh agus 33 shaineolaí náisiúnta ar iasacht ag obair dúinn ag deireadh na bliana (2021: 92 agus 25 faoi seach).

Earcaíocht

Leanann ár mbeartas earcaíochta prionsabail ghinearálta agus coinníollacha fostaíochta institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus tá raon leathan de chúlraí acadúla agus gairmiúla ag ár bhfoireann.

In 2022, d’earcaíomar 107 bhfostaí nua (2021: 80 fostaí): 33 oifigeach, 47 ar an bhfoireann shealadach, 16 ar an bhfoireann ar conradh agus 11 shaineolaí náisiúnta ar iasacht.

In 2017, thugamar isteach an clár ASPIRE d’iniúchóirí agus tá sé deartha chun cúnamh a thabhairt d’imeascadh gairmiúil daoine nua a éascú, ag ligean dóibh taithí ag an obair a fháil i dtascanna iniúchóireachta éagsúla chomh maith le páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí oiliúna sna chéad trí bliana anseo dóibh.

Chuireamar 60 intéirneacht ar fáil freisin (2021: 56) do chéimithe ollscoile, a mhaireann idir trí mhí agus cúig mhí. In 2022, bhí ár gcuid oiliúnaithe ag obair ar mhodh hibrideach – faoi mar a bhí foireann eile na Cúirte – le haghaidh sheisiúin an Mhárta, na Bealtaine agus Dheireadh Fómhair le meascán d’obair ar an láthair agus obair go cianda.

Próifíl aoise

I gcás trí cheathrú (76 %) dár bhfoireann i seirbhís ghníomhach ag deireadh 2022, bhí siad idir 40 agus 59 mbliana d’aois; figiúr atá cosúil leis an bhfigiúr do 2021.

72 % dár gcuid bainisteoirí in aois 50 bliain nó os a chionn (2021: 73 %). Fágann sé sin go mbeidh athnuachan bainistíochta ann sna chéad 5 go 10 mbliana eile de réir mar a bheidh siad seo ag dul ar scor.

Comhionannas deiseanna

Ar an iomlán, fostaímid cion comhionann de mhná agus d’fhir inár bhfórsa oibre.

Táimid tiomanta do dheiseanna comhionanna gairme a thabhairt dár bhfoireann ag gach leibhéal den eagraíocht. Fostaímid cion comhionann de mhná agus d’fhir, agus in 2022 is mná a bhí i níos mó ná an tríú cuid (39 %) dár stiúrthóirí agus dár bpríomhbhainisteoirí (36 % in 2021).

Shroich an cion de phríomhbhainisteoirí i réimse na hiniúchóireachta sa Chúirt ar mná iad 41.4 % (37.5 % in 2021), rud atá os cionn sprioc 2027 de 40 %. I gcomhréir le Plean Gníomhaíochta um Éagsúlacht agus Cuimsiú (2021-2025) atá ag an gCúirt Iniúchóirí, d’fhoilsíomar an chéad Tuarascáil bhliantúil ar éagsúlacht agus cuimsiú in 2022 (a chlúdaigh an bhliain 2021). Chuireamar tús freisin, den chéad uair riamh, le hiniúchóireacht inrochtana ar fhoirgnimh na Cúirte.

Ar an gcaoi chéanna, táimid i gcónaí tiomanta do chóimheá gheografach a bhaint amach inár mbainistíocht.

Eitic

In 2022, rinne an Chúirt Iniúchóirí nuashonrú ar dhá dhoiciméad thábhachtacha atá ina creat eitice: na Treoirlínte Eiticiúla, agus an beartas chun áit oibre urramach agus atá saor ó chiapadh a áirithiú. Rinneadh an nuashonrú ar na Treoirlínte Eiticiúla tar éis do shainchomhairleoir seachtrach – a rinne roinnt moltaí – meastóireacht a dhéanamh ar an gcreat eitice.

Pléann an Coiste Eitice sa Chúirt Iniúchóirí aon ábhar a mheasann sé a bheith ábhartha ó thaobh chaighdeáin agus cháil na Cúirte, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí seachtracha na gComhaltaí. Tá sé comhdhéanta de thriúr comhaltaí atá ceaptha ag an gcoláiste bunaithe ar thogra ón Uachtarán le haghaidh téarma trí bliana (atá in-athnuaite uair amháin): beirt chomhaltaí den Chúirt agus comhalta seachtrach a roghnaítear ar bhonn a gcuid cumas, taithí agus cáilíochtaí gairmiúla.

Tacaíocht don iniúchóireacht

Modheolaíocht iniúchóireachta

AWARE

Inár n-ardán digiteach inmheánach AWARE (Acmhainn Iniúchóireachta Inrochtana Gréasánbhunaithe), tugtar tuairisc ar ár modheolaíocht iniúchóireachta agus an treoraíocht i leith na hiniúchóireachta. Anuraidh, chuireamar an t-ardán sin ar fáil ar ár suíomh gréasáin. Is pointe rochtana aonair chuig ár modheolaíocht iniúchóireachta é seo don phobal.

Oiliúint ghairmiúil

2022: chuathas thar an sprioc
don oiliúint ghairmiúil

Arís eile in 2022, chuamar thar an sprioc don oiliúint ghairmiúil atá socraithe ag cúig lá d’oiliúint seachas cúrsaí teanga d’iniúchóirí, mar atá de réir mholtaí Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí, agus dhá lá don fhoireann nach iniúchóirí iad.

D’fhreastail ár n-iniúchóirí ar 6.9 lá oiliúna seachas cúrsaí teanga (8.5 in 2021 agus 5.4 in 2020), arbh oiliúint chroíghnó (a bhain leis an iniúchóireacht) a bhí in 5.0 lá díobh sin. D’fhreastail an fhoireann nach iniúchóirí iad ar 3.6 lá oiliúna (4.2 in 2021 agus 3.1 in 2020) ar an meán. Is é an míniú atá ar an laghdú bliain ar bhliain sa dá tháscaire sin ná go rabhthas ag filleadh de réir a chéile ar oiliúint sa seomra ranga/duine le duine, rud a thugann deis foghlama níos fearr ach a bhfuil deis freastail níos ísle ó nádúr aige ná mar atá ag cúrsaí ar líne.

Oiliúint shainoiriúnaithe d’iniúchóirí

Agus muid go seasta ag féachaint le flúirse tairiscintí san oiliúint a chur ar fáil, bhí aird ar leith againn ar oiliúint chroíghnó (a bhaineann leis an iniúchóireacht). As sin tháinig roinnt cúrsaí nua agus roinnt tionscnamh nua chun cinn, amhail na cúrsaí a bhfuil tuairisc anseo thíos orthu:

  • Oiliúint a bhaineann le réimsí beartais: Ceann de na príomhthosaíochtaí a bhí againn in 2022 ab ea forbairt agus feabhas a chur ar an eolas inár réimsí iniúchóireachta/i mbeartais Eorpacha, i gcomhar lenár seomraí iniúchóireachta. D’eagraíomar 12 sheisiún faoin tionscnamh sin.
  • Réimse nua a raibh aird mhór againn air ab ea NextGenerationEU (NGEU), agus go sonrach an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF). Is éard a bhí inár dtionscnamh suaithinseach san oiliúint ná cúrsa oiliúna dhá lá ar RRF, a thugamar i gcrích i gcomhar leis an Institiúid Eorpach um Riarachán Poiblí (EIPA). Thionólamar sé eagrán den chúrsa ar líne seo a bhí deartha ar shlí a chabhródh leis na rannpháirtithe tuiscint a fháil ar na mionsonraí agus ar na sonraíochtaí a ghabhann le rialachán RRF, agus ar an gcaoi a ndéanann na Ballstáit a gcuid pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme.
  • Cláir oiliúna nua do Chinn Chúraim agus ar úsáid sonraí agus teicneolaíochta san iniúchóireacht: thugamar an creat inniúlachta do Chinn Chúraim chun críche, ar creat é sin a bhí mar bhunús don ullmhúchán le haghaidh clár oiliúna ar leith a bhí bunaithe ar na trí phríomhinniúlacht ba cheart a bheith ag Cinn Chúraim: bainistiú tionscadal, cumarsáid éifeachtach agus ceannaireacht. I gcomhar le Foireann D.A.T.A na Cúirte Iniúchóirí, chuireamar tús le próiseas uas-scilithe dár gcomhghleacaithe iniúchóireachta in úsáid sonraí agus teicneolaíochta.
Oiliúint agus múscailt feasachta
don timpeallacht nua hibrideach

D’eagraíomar oiliúint do dhaoine den fhoireann agus do bhainisteoirí faoin gcaoi le do bhealach a dhéanamh sa réaltacht nua hibride atá ann ó tháinig an cinneadh nua maidir le hobair hibrideach i bhfeidhm i mí Aibreáin 2022. Bhí an clár dar teideal ‘Ar ais san oifig’ ar siúl ó mhí an Mheithimh go dtí mí Dheireadh Fómhair, agus bhí gníomhaíochtaí éagsúla i gceist leis amhail: cúrsaí oiliúna, cuir i láthair, ceardlanna, agus comórtas grianghrafadóireachta. Eagraíodh cúrsa éigeantach do bhainisteoirí i mí na Samhna 2022.

Leanamar dár gclár oiliúna do shainchomhairleoirí gairme, do mheantóirí, d’éascaitheoirí inmheánacha agus do dhaoine teagmhála iontaoibhe, agus sheolamar clár nua a bhain le hathléimneacht agus cóitseáil inmheánach.

Aistriúchán

In 2022, d’aistríomar agus d’athbhreithníomar os cionn 203 000 leathanach (2021: 227 003), lena n-áirítear 21 133 leathanach a cuireadh amach chuig saoraistritheoirí. Bhí ár gcuid aistritheoirí páirteach freisin i ngníomhaíochtaí iniúchóireachta, ag tabhairt tacaíocht teanga le linn cuairteanna iniúchóireachta, ag cruinnithe ar líne nó ag cruinnithe hibrideacha agus i scríobh na dtuarascálacha. Sa bhreis air sin, bhí siad páirteach in obair chumarsáide, ag tabhairt comhairle teanga agus ag feabhsú na cáilíochta trí theachtaireachtaí a shainoiriúnú don spriocghrúpa – mar shampla trí oiriúnú cultúrtha.

Den chéad uair riamh, d’aistríomar táirgí uile na Cúirte Iniúchóirí go pras go Gaeilge agus, dá réir sin, foilsíodh na tuarascálacha in am.

Cibearshlándáil

2022: bliain lárnach
don chibearshlándáil

Le géarchéim COVID‑19, tháinig méadú an-sciobtha ar chibearchoiriúlacht agus ar chibirionsaithe stát-urraithe. Níos mó ná riamh, bhí an t-ualach trom le hiompar ag foireann slándála TF na Cúirte Iniúchóirí a bhaineann lenár seirbhísí TF a choimeád slán. Ní fhéadfaidís é sin a bhaint amach gan tacaíocht luachmhar a fháil ón bhFoireann Idirinstitiúideach Phráinnfhreagartha Ríomhaire, CERT-EU.

Cuireadh tús le Plean cibearshlándála 2022-2024 le roinnt gníomhaíochtaí ábhartha atá tugtha i gcrích faoin tráth seo nó atá fós ar siúl. Thairis sin, agus faoi choimirce CERT-EU, tá treochlár forbartha againn chun éabhlú ionsar shamhail slándála neamh-iontaoibhe, arb é sin ceann de na prionsabail atá mar threallús don phlean cibearshlándála. Is é an chéad chóras a bhfuil an pharaidím nua sin á cur chun feidhme aige ná an t-ardán cianrochtana nua a thiocfaidh in ionad an réitigh VPN atá againn faoi láthair sa chéad ráithe de 2023.

Bhí roinnt feachtais fioscaireachta againn in 2022, lena n-áirítear feachtas a seoladh ar leibhéal idirinstitiúideach. Bhí rath ar na feachtais sin: shonraíomar méadú ar an líon daoine d’fhoireann na Cúirte a shainaithin na teachtaireachtaí fioscaireachta agus a thuairiscigh iad.

Chuir CERT-EU seisiún ar leith ar fáil don bhainistíocht shinsearach sa Chúirt chun í a chur ar an eolas i dtaobh na mbagairtí atá ann faoi láthair agus i dtaobh na dtosaíochtaí straitéiseacha a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu.

I rith na bliana, d’fhormhuinigh an tArdrúnaí bearta nua logála agus iniúchóireachta do na córais TF. Tá an beartas nua sin ceaptha úsáideoirí a chur ar a suaimhneas agus trédhearcacht a sholáthar ó thaobh sonraí iniúchóireachta agus logála an chórais a úsáid, agus fós slándáil ár gcóras a áirithiú.

Ar deireadh, bhí an Chúirt Iniúchóirí gníomhach in ullmhú na rialacha nua idirinstitiúideacha maidir leis an gcibearshlándáil. Tá na rialacha sin faoi réir a bhformheasta i láthair na huaire, agus tá go leor de na forálacha atá iontu á gcur i bhfeidhm cheana féin ag an gCúirt Iniúchóirí.

Foirgnimh

Áit oibre atá cuimsitheach, slán
agus neamhdhíobhálach don chomhshaol

Creidimid go láidir go bhfuil an-tábhacht ag baint le háit oibre mhaith a bheith ann chun spriocanna straitéiseacha na Cúirte Iniúchóirí a bhaint amach. Rannchuidíonn an tionchar díreach ar dhea-bhail na foirne le háit oibre tharraingteach a dhéanamh den Chúirt Iniúchóirí.

Is í an fhís atá againn ná áit oibre inbhuanaithe a chur ar fáil ina bhfuil timpeallacht chomhoibritheach atá dírithe ar an dea-bhail agus atá slán, cuimsitheach agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus an timpeallacht sin a bheith ann do na fostaithe go léir.

trí fhoirgneamh (‘K1’, ‘K2’ agus ‘K3’) inár seilbh faoi láthair, agus baintear feidhm as na foirgnimh sin mar eintiteas aonair atá comhtháite go teicniúil. Tá spás oifige tógtha ar cíos againn i Lucsamburg freisin dár n-ionad athshlánaithe ó thubaiste.

K1

I bhfoirgneamh K1, a osclaíodh in 1988, tá oifigí ann do suas le 310 duine den fhoireann chomh maith le seomraí cruinnithe.

Rinneadh nuachóiriú ar K1 in 2008 ionas go mbeadh sé ag comhlíonadh na gceanglas náisiúnta sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil. Aon áit a raibh faill againn air, rinneadh an teicneolaíocht in K1 a oiriúnú chun go mbeadh sí comhoiriúnach leis an teicneolaíocht atá in úsáid in K2 agus K3.

K2

Osclaíodh foirgneamh K2 in 2003. Tá oifigí do suas le 241 dhuine den fhoireann ann, chomh maith le seomraí cruinnithe, seomra comhdhála le bothanna ateangaireachta, seomraí físchomhdhála, caifitéire agus limistéir bhunúsacha cistine.

Tá athchóiriú déanta ar fhoirgneamh K2 chun barr feabhais a chur ar an gcaoi a bhfuil na spásanna oibre eagraithe agus chun na suiteálacha teicniúla ann a uasghrádú, rud a fhágann go bhfuil siad i bhfad níos éifeachtúla ó thaobh an chomhshaoil de.

K3

Osclaíodh foirgneamh K3 in 2012. Is bialann, caifitéire agus seomraí oiliúna atá ar urlár na talún. Tá oifigí do 503 dhuine den fhoireann san fhoirgneamh sin freisin, mar aon le seomraí cruinnithe agus seomra TF. Tugadh rátáil ‘an-mhaith’ d’fhoirgneamh K3 de réir BREEAM, an modh ceannródaíoch domhanda chun inbhuanaitheacht foirgneamh a mheas agus a dheimhniú.

Tá áitreabh na Cúirte ar ardchlár Kirchberg i Lucsamburg.

Bainistiú comhshaoil

Mar institiúid den Aontas Eorpach, tá dualgas orainn prionsabail an bhainistithe fónta comhshaoil a chur i bhfeidhm inár ngníomhaíochtaí go léir. Dá bhrí sin, táimid tiomanta dár dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú go leanúnach. Gach bliain, déanaimid faireachán agus anailís ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa atá á nginiúint ag ár ngníomhaíochtaí.

Tá an Chúirt bródúil as an deimhniú atá faighte aici faoin Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS). Tá córas bainistithe comhshaoil atá i gcomhréir le EMAS á oibriú go rathúil againn agus tá na ceanglais do dheimhniú ISO 14001:2015 á gcomhlíonadh go hiomlán againn.

Rinneadh iniúchadh fíorúcháin seachtrach EMAS i nDeireadh Fómhair 2022. Bhí na torthaí go maith, níor aimsíodh neamhréireachtaí ar bith agus sainaithníodh go leor dea-chleachtas. Mar thoradh air sin, rinneadh ár ndeimhniú EMAS do thréimhse 2023-2025 a fhormhuiniú.

Déileáil leis an ngéarchéim fuinnimh

Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí bearta breise chun go mbainfear amach an laghdú 15 % in ídiú gáis a moladh i mí Iúil seo caite i bplean ón gCoimisiún agus ón gComhairle dar teideal ‘Coigil Gás le haghaidh Geimhreadh Sábháilte’. Cuirfidh an Chúirt Iniúchóirí san áireamh freisin an moladh a rinne rialtas Lucsamburg le déanaí ag rá an teocht i bhfoirgnimh atá á n-oibriú ag údaráis phoiblí a choinneáil síos go dtí 20°C.

In 2022, rinneadh roinnt roghanna coigilte fuinnimh a mholadh in iniúchadh fuinnimh ar fhoirgnimh na Cúirte agus, mar thoradh air sin, táthar i mbun cur chun feidhme faoi láthair ar phlean uaillmhianach chun an t-ídiú fuinnimh a laghdú.

Treochlár chun
astaíochtaí a laghdú faoi 2030

In 2022, sheolamar tionscadal chun astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a laghdú. Tá sé bunaithe ar thrí spreagthóir lárnacha:

  • An tionchar comhshaoil atá ag ár bhfoirgnimh a laghdú.
  • Plean atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a bheith ann ó thaobh taisteal ar chúinsí oibre, ina gcuirtear san áireamh an gá atá le misin iniúchóireachta ar an bhfód a dhéanamh mar gur cumasóir bunúsach dár gcuid oibre iniúchóireachta é sin.
  • Feasacht na foirne agus tiomantas ón bhfoireann a chothú.
Tuairisciú ar an inbhuanaitheacht

I mí Mheán Fómhair 2022, ghlac an coláiste an chéad Tuarascáil inbhuanaitheachta ón gCúirt Iniúchóirí, a bhí ag freagairt don bhliain 2021. Is é cuspóir bunúsach na freagrachta corparáidí ná a chinntiú go bhfuil tionchar dearfach ar an tsochaí, ar an gcomhshaol agus ar an ngeilleagar ag na gníomhaíochtaí a dhéanann eagraíocht. Sin iad na trí cholún bhunúsacha ar a bhfeidhmíonn an fhreagracht chorparáideach, nó an inbhuanaitheacht. Dá réir sin, tugann an inbhuanaitheacht aghaidh ar an eitic a ghabhann leis na gníomhaíochtaí a dhéanann eagraíocht, agus go bhfuil sí ag feidhmiú ar bhealach atá inmharthana san fhadtéarma.

Is mó atá i gceist le hinbhuanaitheacht ná díreach a bheith ag cur le bearta glasa. Tá an tionchar eacnamaíoch i gceist leis freisin, faoi mar atá eitic agus rialachas, urraim do dhlíthe agus rialacháin agus, thar aon ní eile, daoine. Ag an gCúirt Iniúchóirí, measaimid gurb iad na daoine ar an bhfoireann an tsócmhainn is luachmhara atá againn agus tá raon iomlán tionscnamh agus gníomhaíochtaí á gcur i bhfeidhm againn chun barr feabhais a chur ar dhea-bhail na foirne.

Sa tuarascáil, tugtar forléargas ar na tionchair eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta atá ag ár gcuid oibríochtaí nuair a bhímid ag iniúchadh an bhfuil cistí ón Aontas ag tacú le fás inbhuanaithe agus cuimsitheach san Eoraip agus ar fud an domhain. Tugtar faisnéis freisin ar an tionchar atá ag ár struchtúr féin agus ag na bealaí a mbímid ag feidhmiú ar bhonn riaracháin chun an misean sin a shaothrú.

Is inseachadán bliantúil de chuid na Cúirte Iniúchóirí a bheidh sa Tuarascáil inbhuanaitheachta ón gCúirt Iniúchóirí, agus foilseofar ar ár suíomh idirlín í.

Ár gcuntasacht

Faisnéis airgeadais

Maoinítear ár n-institiúid as buiséad an Aontais faoin gceannteideal ‘Caiteachas riaracháin’.

In 2022, is thart ar €162.1 milliún a bhí inár mbuiséad.

Is ionann ár mbuiséad agus 1.5 % de chaiteachas riaracháin iomlán an Aontais (níos lú ná 0.1 % de chaiteachas iomlán an Aontais).

Cur chun feidhme Bhuiséad 2022

BLIAIN AIRGEADAIS 2022 Leithreasuithe deiridh Gealltanais % úsáide (gealltanas/ leithreasuithe) Íocaíochtaí
Teideal 1: Daoine atá ag obair leis an institiúid (mílte euro)
1 0 – Comhaltaí na hInstitiúide 11 590 11 084 96 % 10 630
1 2 – Oifigigh agus pearsanra sealadach 120 203 118 984 99 % 118 984
1 4 – Foireann eile agus seirbhísí seachtracha 9 089 9 055 99 % 8 783
1 6 2 – Misin 1 647 1 647 100 % 1 227
1 6 1 + 1 6 3 + 1 6 5 – Caiteachas eile a bhaineann le daoine atá ag obair leis an institiúid 2 752 2 564 93 % 2 156
Fo-Iomlán Theideal 1 145 281 143 334 99 % 141 780
Teideal 2: Foirgnimh, maoin shochorraithe, trealamh agus caiteachas ilghnéitheach oibriúcháin
2 0 – Maoin dhochorraithe 4 908 4 9053 99 % 2 274
2 1 0 – TF&T 8 879 8 879 100 % 5 617
2 1 2 + 2 1 4 + 2 1 6 – Maoin shochorraithe agus costais ghaolmhara 847 783 92 % 534
2 3 – Caiteachas riaracháin reatha 540 478 89 % 378
2 5 – Cruinnithe, comhdhálacha 381 185 48 % 138
2 7 – Faisnéis agus foilsiú 1 305 1 145 88 % 834
Fo-Iomlán Theideal 2 16 860 16 375 97 % 9 775
Iomlán CIE 162 141 159 709 99 % 151 555

3 Lena n-áirítear tabhairt anonn a rinneadh de réir cinnidh.

Buiséad 2023

méadú de 7.97 % i mbuiséad 2023 le hais an fhigiúir do 2022.

BLIAIN AIRGEADAIS 2022 2023 2022
Teideal 1: Daoine atá ag obair leis an institiúid (mílte euro)
1 0 – Comhaltaí na hInstitiúide 11 777 11 715
1 2 – Oifigigh agus pearsanra sealadach 131 876 120 838
1 4 – Foireann eile agus seirbhísí seachtracha 9 779 8 444
1 6 2 – Misin 2 453 2 452
1 6 1 + 1 6 3 + 1 6 5 – Caiteachas eile a bhaineann le daoine atá ag obair leis an institiúid 2 601 2 732
Fo-Iomlán Theideal 1 158 486 146 181
Teideal 2: Foirgnimh, maoin shochorraithe, trealamh agus caiteachas ilghnéitheach oibriúcháin
2 0 – Maoin dhochorraithe 4 274 3 778
2 1 0 – TF&T 8 452 8 228
2 1 2 + 2 1 4 + 2 1 6 – Maoin shochorraithe agus costais ghaolmhara 894 944
2 3 – Caiteachas riaracháin reatha 588 574
2 5 – Cruinnithe, comhdhálacha 580 675
2 7 – Faisnéis agus foilsiú 1 786 1 761
Fo-Iomlán Theideal 2 16 574 15 960
Iomlán CIE 175 060 162 141

Nóta: Baineann na figiúirí atá tuairiscithe anseo leis an mbuiséad tosaigh.

Iniúchóireacht inmheánach agus sheachtrach

Iniúchóireacht inmheánach

Tugann an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) atá againn dearbhú neamhspleách agus oibiachtúil, mar aon le seirbhísí comhairliúcháin/comhairleacha atá ceaptha breisluach a chur le hoibríochtaí na Cúirte agus feabhas a chur ar na hoibríochtaí sin. Cuidíonn IAS leis an gCúirt Iniúchóirí ina straitéis agus a cuid cuspóirí a bhaint amach trí chur chuige córasach agus riailbhéasach a ghlacadh chun measúnú a dhéanamh ar cé chomh héifeachtach atá rialachas, bainistiú rioscaí agus rialú inmheánach sa Chúirt Iniúchóirí agus chun feabhas a chur ar an éifeachtacht sin. Tuairiscíonn IAS chuig an gCoiste Iniúchóireachta Inmheánaí, atá comhdhéanta de thriúr Comhaltaí den Chúirt agus saineolaí seachtrach. Déanann an Coiste faireachán rialta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ar na tascanna éagsúla atá leagtha amach i gclár oibre bliantúil IAS, agus áirithíonn sé go bhfuil IAS neamhspleách.

In 2022, lean IAS d’athbhreithniú a dhéanamh ar bheartas bainistithe riosca na Cúirte agus d’eisigh sé tuarascálacha maidir le dhá thasc: ‘Rialachas TF’; ‘An próiseas earcaíochta’. Tá an phríomhchuid den obair iniúchóireachta ar dhá thasc eile (i.e. ‘Beartas foirgnimh na Cúirte – Athchóiriú K2’ agus ‘Na próisis don mheastóireacht agus don ardú céime’) tugtha chun críche freisin ag IAS agus eiseofar tuarascálacha orthu sin in 2023.

Ar an iomlán, níor léirigh obair IAS easnamh ar bith a tharraingeodh amhras, mar gheall ar a nádúr nó a méid, ar iontaofacht fhoriomlán na gcóras rialaithe inmheánaigh atá curtha i bhfeidhm ag an oifigeach údarúcháin trí tharmligean chun dlíthiúlacht agus rialtacht ár n-oibríochtaí airgeadais in 2022 a áirithiú.

Iniúchóireacht sheachtrach

Déanann iniúchóir seachtrach neamhspleách ár gcuntais bhliantúla a iniúchadh. Tá sé seo tábhachtach mar go léiríonn sé go bhfuil na prionsabail chéanna ó thaobh trédhearcachta agus cuntasachta á gcur i bhfeidhm againn orainn féin agus a dhéanaimidne do na heintitis a bhíonn faoi iniúchóireacht againne.

D’fhoilsigh ár n-iniúchóir seachtrach – ACG Auditing & Consulting Group S.r.l. – a thuarascáil ar ár gcuid cuntas do bhliain airgeadais 2021 ar an 5 Bealtaine 2022, agus is tuairim fhabhrach a bhí ag gabháil leis sin.

Tuairimí ár n-iniúchóra sheachtraigh – Bliain airgeadais 2021

Maidir lenár ráitis airgeadais:

‘Is é ár dtuairim go dtugann na ráitis airgeadais léargas fíorcheart ar staid airgeadais na Cúirte amhail an 31 Nollaig 2021, agus ar thorthaí a cuid oibríochtaí, a sreabha airgid agus na hathruithe i nglansócmhainní don bhliain dar chríoch ar an dáta sin i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.07.2018, lch. 1).’

Maidir leis an úsáid a bhaineamar as acmhainní agus maidir le nósanna imeachta um rialú:

Bunaithe ar ár n-obair a bhfuil tuairisc uirthi sa tuarascáil seo, is é ár dtuairim gur chomhlíon an Chúirt, i ngach slí ábharthach, na critéir a bhfuil tuairisc anseo thuas orthu:

  • Úsáideadh na hacmhainní a bhí sannta ar an gCúirt chun na gcríoch dá raibh siad beartaithe;
  • Tugann na nósanna imeachta um rialú atá i bhfeidhm na ráthaíochtaí is gá chun a áirithiú go bhfuil na hoibríochtaí airgeadais ag comhlíonadh na rialacha agus na rialachán is infheidhme.’

Déan teagmháil le

European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG

Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors

Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).

Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2023

PDF ISBN 978-92-847-9799-8 ISSN 2811-700X doi:10.2865/64091 QJ-AA-23-001-GA-N
HTML ISBN 978-92-847-9781-3 ISSN 2811-700X doi:10.2865/305400 QJ-AA-23-001-GA-Q
PRINT ISBN 978-92-847-9841-4 ISSN 2811-7522 doi:10.2865/417029 QJ-AA-23-001-GA-C

Tá an foilseachán seo ar fáil i 24 theanga agus sa leagan seo a leanas:

PDF
PDF General Report

CÓIPCHEART

© An tAontas Eorpach, 2023

Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar na Cúirte Iniúchóirí atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar na Cúirte Iniúchóirí an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh an Chúirt Iniúchóirí faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.

Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann na Cúirte Iniúchóirí, nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.

I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.

I gcás na bpictiúr seo a leanas, déantar athúsáid a údarú ar choinníoll go ndéantar sealbhóir an chóipchirt, an fhoinse agus, má tá siad luaite, ainmneacha na ngrianghrafadóirí a thabhairt le fios:

* © An tAontas Eorpach, 2022, foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

* © An tAontas Eorpach, 2022, foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

* © An tAontas Eorpach, 2022, foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

* © An tAontas Eorpach, 2022, foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

* © An tAontas Eorpach, 2022, foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

* © An tAontas Eorpach, 2022, foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

* © An tAontas Eorpach, 2022, foinse: Parlaimint na hEorpa / Alexis Haulot.

* © GLOBAL VIEW SPRL – grianghrafadóir: Simon Schmitt. Ailtirí na bhfoirgneamh: Paul Noël (1988) agus Jim Clemes (2004 & 2013).

Má táthar ag iarraidh ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé go gcaithfí cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt:

* (in uachtar, ar chlé): © depositphotos.com/ mrdoomits.

* (in uachtar, ar dheis): © depositphotos.com/ Xavier Lejeune.

* (i lár báire, ar chlé): © depositphotos.com/ adriaticphoto.

* (i lár báire, sa lár): © depositphotos.com/ halfpoint.

* (i lár báire, ar dheis): © depositphotos.com/ fran11.

* (in íochtar): © stock.adobe.com/ denizbayram.

* © stock.adobe.com/ Weyo.

* © shutterstock.com/ jamesteohart.

* © Getty Images / Tonkovic.

* © stock.adobe.com/ Negro Elkha.

* © depositphotos.com/ Tashatuvango.

* © depositphotos.com.

* © shutterstock.com/ Billy Miaron.

Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide na Cúirte.

Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt orthu sin, moltar duit a mbeartais príobháideachais agus chóipchirt a léamh go cúramach.

Úsáid lógó CIE

Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Ar an bhfón nó i scríbhinn
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

  • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
  • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
  • tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.

EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).

Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh
Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).

Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh
Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.