2021 Iniúchóireacht ar ghníomhaireachtaí an Aontais go hachomair 2021

Cur i láthair ar Thuarascáil bhliantúil 2021 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le gníomhaireachtaí an Aontais

Tá an foilseachán seo ar fáil i 24 theanga agus sa leagan seo a leanas:
PDF
PDF Iniúchadh AE i mbeagán focal – Gníomhaireachtaí an Aontais 2021

Achoimre Feidhmiúcháin

I Is í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) an t-iniúchóir seachtrach le haghaidh cúrsaí airgeadais an Aontais1. Sa cháil sin, bímid ag gníomhú mar chaomhnóir neamhspleách leasanna airgeadais shaoránaigh an Aontais agus bímid ag cabhrú le feabhas a chur ar bhainistiú airgeadais an Aontais2.

II Sa doiciméid seo, cuirtear i láthair na torthaí ar ár n-iniúchadh bliantúil ar ghníomhaireachtaí an Aontais agus ar chomhlachtaí eile an Aontais (dá dtagraítear le chéile mar “na gníomhaireachtaí”) le haghaidh bliain airgeadais 2021, chomh maith le torthaí iniúchóireachta breise a bhaineann leis na gníomhaireachtaí, lena n-áirítear topaic chothrománacha a bhaineann leis an riosca de choinbhleachtaí leasa, a rinne an Chúirt Iniúchóirí an bhliain chéanna sin.

III Ar an iomlán, is torthaí dearfacha, i gcomhréir leis na torthaí i mblianta roimhe seo a tháinig as ár n-iniúchóireacht ar na gníomhaireachtaí don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2021. Trí na ráitis dearbhaithe atá eisithe againn do gach gníomhaireacht, sholáthraíomar an méid seo a leanas:

  • tuairimí iniúchóireachta gan choinníoll (glan) maidir le beachtas na gcuntas do na gníomhaireachtaí go léir;
  • tuairimí iniúchóireachta gan choinníoll (glan) maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an ioncaim is bun leis na cuntais do na gníomhaireachtaí go léir;
  • tuairimí iniúchóireachta gan choinníoll (glan) maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí is bun le cuntais na ngníomhaireachtaí go léir, ach amháin i gcás eu-LISA, ar eisíomar tuairim choinníollach ina leith.

IV Mar sin féin, i gcás fhormhór na ngníomhaireachtaí, tarraingímid aird ar réimsí a bhféadfaí feabhsúcháin a dhéanamh iontu sna míreanna faoin teideal béim ar ábhar agus ábhar eile, agus inár mbarúlacha nach dtarraingíonn amhras ar na tuairimí iniúchóireachta. Ar an iomlán, rinneamar 77 mbarúil i ndáil le 33 ghníomhaireacht chun aghaidh a thabhairt ar réimsí a bhfuil tuilleadh feabhais le déanamh iontu, amhail soláthair poiblí, bainistiú buiséadach, earcaíocht agus córais bhainistithe agus rialuithe.

V Mholamar iad seo a leanas mar ghníomhaíochtaí atá le déanamh chun aghaidh a thabhairt ar na réimsí sin le haghaidh feabhsúcháin:

  • Ba cheart do na gníomhaireachtaí lena mbaineann tuilleadh feabhais a chur ar a nósanna imeachta soláthair phoiblí chun comhlíontacht iomlán leis na rialacha is infheidhme a chinntiú, agus lena chinntiú freisin go mbaineann siad an luach airgid is fearr is féidir amach. Go sonrach, nuair a bhíonn creatchonarthaí á gcur chun feidhme, is conarthaí sonracha amháin ba cheart do gníomhaireachtaí a úsáid chun táirgí nó seirbhísí atá clúdaithe ag an gcreatchonradh a ghabhann leo a éadáil.
  • Chun an leibhéal iomarcach de thabhairt anonn a réiteach, ba cheart do na gníomhaireachtaí lena mbaineann tuilleadh feabhais a chur ar a bpleanáil buiséid agus ar a thimthriallta don chur chun feidhme.
  • Ba cheart do líonra Gníomhaireachtaí an Aontais teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún agus le reachtóirí chun athruithe ar an gcreat rialála a mholadh lena sainítear sraith íosrialacha is infheidhme do chomhaltaí ar bhoird ghníomhaireachtaí an Aontais i ndáil le coinbhleacht leasa agus “doras imrothlach”.
  • Ba cheart do ghníomhaireachtaí a nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha a neartú maidir le cásanna “dorais imrothlaigh”, chun a áirithiú go bhfuil na rialacha is infheidhme á gcomhlíonadh go hiomlán.
  • Ba cheart do ghníomhaireachtaí rialacha inmheánacha a thabhairt isteach do na comhaltaí ar a mboird maidir le coinbhleachtaí leasa go ginearálta agus cásanna “dorais imrothlaigh” go sonrach.
  • Ba cheart do ghníomhaireachtaí tabhairt faoi fhaireachán gníomhach ar ghníomhaíocht phroifisiúnta a mbaill foirne shinsearacha (lena n-áirítear iad siúd a d’fhág an ghníomhaireacht le dhá bhliain anuas) chun a bheith in ann cásanna “dorais imrothlaigh” neamhdhearbhaithe a bhrath agus lena áirithiú go gcomhlíonfar na srianta a bhí curtha i bhfeidhm orthu sular imigh siad.

Gach a ndearnamar iniúchóireacht air

01 Is eintitis dhlíthiúla ar leith iad gníomhaireachtaí an Aontais atá curtha ar bun le gníomh den reachtaíocht thánaisteach chun cúraimí sonracha teicniúla, eolaíocha nó bainistíochta a dhéanamh a chuidíonn le hinstitiúidí an Aontais beartais a dhearadh agus a chur chun feidhme. Tá siad lonnaithe i mBallstáit éagsúla, agus tá tionchar suntasach acu ar réimsí atá ríthábhachtach do ghnáthshaol shaoránaigh na hEorpa, amhail sláinte, sábháilteacht, slándáil, saoirse agus ceartas.

02 Tá trí chineál gníomhaireachta AE ann: gníomhaireachtaí díláraithe, gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de chuid an Choimisiúin agus comhlachtaí eile. Tugtar tuairisc anseo thíos ar na difríochtaí atá eatarthu.

03 Tá líon na ngníomhaireachtaí méadaithe i gcaitheamh na mblianta. Tá ár dtuarascáil do 2021 ag clúdach 44 ghníomhaireacht, mar a thaispeántar i bhFíor 1; sin trí cinn sa bhreis ar an líon a bhí inár dtuarascáil le haghaidh 2020. Is iad na trí ghníomhaireacht nua:

  • an tÚdarás Eorpach Saothair (ELA), a chuaigh i mbun oibríochtaí an 17 Deireadh Fómhair 2019 agus atá neamhspleách ó thaobh airgeadais de ón 26 Bealtaine 2021;
  • Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), a chuaigh i mbun oibríochtaí an 1 Meitheamh 2021 agus atá neamhspleách ó thaobh airgeadais de ón 24 Meitheamh 2021;
  • an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú (HaDEA), a bunaíodh an 16 Feabhra 2021.

Fíor 1 – Amlíne na ngníomhaireachtaí

Nóta: Maidir leis an mbliain atá luaite sna figiúirí, tagraíonn sí sin don bhliain a tháinig an gníomh bunúsach don ghníomhaireacht (nó dá réamhtheachtaí) i bhfeidhm.

Foinse: CIE.

04 Tá na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin go léir lonnaithe sa Bhruiséil. Tá na gníomhaireachtaí díláraithe agus na comhlachtaí eile lonnaithe i mBallstáit éagsúla den Aontas, mar a thaispeántar i bhFíor 2. Is í an Chomhairle aisti féin, nó an Chomhairle i gcomhar le Parlaimint na hEorpa, a chinneann an suíomh do na gníomhaireachtaí.

Fíor 2 – Suíomh na ngníomhaireachtaí ar fud na mBallstát

Foinse: CIE.

Tugann gníomhaireachtaí díláraithe aghaidh ar riachtanais bheartais ar leith

05 Tá ról tábhachtach ag na 33 ghníomhaireacht dhíláraithe3 ó thaobh beartais an Aontais a ullmhú agus a chur chun feidhme, go háirithe le haghaidh cúraimí teicniúla, eolaíocha, oibríochtúla agus rialála. Is é an ról atá acu ná aghaidh a thabhairt ar riachtanais bheartais ar leith agus an comhar Eorpach a threisiú trí shaineolas teicniúil agus speisialtachta ón Aontas agus ó rialtais náisiúnta a chomhthiomsú. Is le Rialachán ón gComhairle nó ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chuirtear ar bun iad, agus foráiltear sa Rialachán sin go mbeidh siad i mbun oibríochta go ceann tréimhse neamhchinntithe.

Cuireann gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de chuid an Choimisiúin Eorpaigh cláir an Aontais chun feidhme

06 Déanann na seacht ngníomhaireacht feidhmiúcháin4 de chuid an Choimisiúin cúraimí feidhmiúcháin agus oibríochtúla a bhaineann le cláir an Aontais, amhail tacú le geallsealbhóirí an Comhaontú Glas don Eoraip a thabhairt i gcrích (CINEA) agus tionscadail áirithe faoi Fhís Eorpach a bhainistiú (REA). Cuirtear ar bun iad chun go mbeidís i mbun oibríochta go ceann tréimhse socraithe ama (i láthair na huaire, go dtí an 31 Nollaig 2028).

Comhlachtaí eile a bhfuil sainorduithe ar leith acu

07 Is iad na ceithre chomhlacht eile ná EIT, OIPE, ESA agus SRB. Is comhlacht AE neamhspleách díláraithe é EIT a chomhthiomsaíonn acmhainní eolaíocha, gnó agus oideachais chun borradh a chur faoin inniúlacht nuálaíochta san Aontas trí mhaoiniú deontais a sholáthar. Is comhlacht AE neamhspleách é OIPE a dhéanann coireanna in aghaidh bhuiséad an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Tá sé de chúram ar ESA a ráthú go bhfuil soláthar rialta agus cothromasach de bhreoslaí núicléacha ar fáil d’úsáideoirí AE i gcomhréir le Conradh Euratom. Is é SRB údarás lárnach an tSásra Réitigh Aonair san Aontas Baincéireachta Eorpach. Is é an misean atá aige ná a áirithiú go dtarlaíonn réiteach rianúil sa chás go gcliseann banc nó gur dóchúil go gclisfidh banc, leis an tionchar is lú is féidir ar fhíorgheilleagar agus cistí poiblí Bhallstáit an Aontais. Sa bhreis ar an tuarascáil seo, eisímid tuarascáil gach bliain freisin ar dhliteanais theagmhasacha SRB5.

Maoinítear na gníomhaireachtaí ó fhoinsí éagsúla agus faoi cheannteidil éagsúla de CAI

08 In 2021, is é an buiséad iomlán a bhí ann do na gníomhaireachtaí go léir (gan SRB san áireamh) ná €4.1 billiún (2020: €3.7 billiún). Is ionann é sin agus 2.5 % de bhuiséad ginearálta an Aontais do 2021 (2020: 2.3 %), mar a thaispeántar i bhFíor 3.

09 Ba é buiséad SRB do 2021 ná €9.7 billiún (2020: €8.1 billiún). Tá sé sin comhdhéanta de ranníocaíochtaí ó na bainc chun an Ciste Réitigh Aonair (€9.6 billiún) a chur ar bun agus chun caiteachas riarachán SRB, atá ag €119 milliún, a mhaoiniú.

10 Clúdaíonn buiséid na ngníomhaireachtaí díláraithe agus na gcomhlachtaí eile an caiteachas foirne, riaracháin agus oibríochtúil atá acu. Bíonn na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin ag cur cláir i bhfeidhm atá maoinithe as buiséad an Choimisiúin. Maidir lena mbuiséid féin, arb ionann é agus €326 milliún in 2021 (2020: €273 milliún), ní chlúdaíonn sé sin ach an caiteachas foirne agus riaracháin atá acu féin. Is é a bhí sa mhéid (leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí) a chaith na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin in 2021 ar chláir cur chun feidhme thar ceann an Choimisiúin ná €13.1 billiún (2020: €14.9 billiún).

Fíor 3 – Foinsí maoinithe na ngníomhaireachtaí do 2021

Foinse: Dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do bhliain airgeadais 2021; Cuntais bhliantúla críochnaitheacha an Aontais Eorpaigh do 2021 agus Tuarascálacha bliantúla maidir le Gníomhaíochtaí na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin do 2021, arna thiomsú ag CIE.

11 Déantar formhór na ngníomhaireachtaí, lena n-áirítear na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin go léir, a mhaoiniú beagnach go hiomlán as buiséad ginearálta an Aontais. Déantar cuid eile acu a mhaoiniú go hiomlán nó go páirteach as táillí agus muirir ó thionscail agus trí ranníocaíochtaí díreacha ó thíortha atá rannpháirteach ina gcuid gníomhaíochtaí. I bhFíor 4, tugtar miondealú de bhuiséid na ngníomhaireachtaí de réir foinse ioncaim.

Fíor1.5 – Buiséid na ngníomhaireachtaí do 2021 de réir foinse ioncaim

* I gcuntais EUSPA do 2021, tugtar buiséad críochnaitheach de €44.1 milliún, ach is é €1.8 billiún a bhí san ioncam iarbhír. Is é an míniú ar an difríocht sin ná go bhfuil gníomhaíochtaí oibríochtúla ann a mhaoinítear trí ioncam sannta; tá siad sin curtha isteach sa bhuiséad formheasta mar iontráil mheabhráin.

Nóta: Níl ioncam ilghnéitheach ná cúlchistí buiséadacha san áireamh.

Foinse: Cuntais bhliantúla chríochnaitheacha na ngníomhaireachtaí do 2021, arna dtiomsú ag CIE.

12 I bhFíor 5, déantar buiséid na ngníomhaireachtaí do 2021 a cur i láthair. Is de réir an chineál caiteachais (Teideal I – costais foirne, Teideal II – caiteachas riaracháin, agus Teideal III – caiteachas oibríochtúil, mar aon le haon teideal eile a úsáidtear) agus ní de réir gníomhaíochtaí atá siad miondealaithe. Ar an iomlán, seasann buiséid foirne agus riaracháin na ngníomhaireachtaí do thart ar 14 % d’iomlán na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí atá ar fáil do Cheannteideal 7 den Cheart Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) – An Riarachán Poiblí Eorpach. Mar chomparáid, is é 47 % atá i gceist don Choimisiún, 18 % don Pharlaimint, 9 % do SEGS agus 5 % don Chomhairle.

Fíor 5 – Caiteachas na ngníomhaireachtaí do 2021 de réir an teidil den bhuiséad

* I gcuntais EUSPA do 2021, tugtar buiséad críochnaitheach de €44.1 milliún, ach is é €1.8 billiún a bhí san ioncam iarbhír. Is é an míniú ar an difríocht sin ná go bhfuil gníomhaíochtaí oibríochtúla ann a mhaoinítear trí ioncam sannta, atá curtha isteach sa bhuiséad formheasta mar iontráil mheabhráin.

** Tá an figiúr do SRB ina dhá chuid: Cuid I le €119 milliún le haghaidh riarachán an Bhoird, agus Cuid II le €9 574 milliún don Chiste. Níl an Cúlchiste san áireamh ansin.

Foinse: Cuntais bhliantúla chríochnaitheacha na ngníomhaireachtaí do 2021, arna dtiomsú ag CIE.

13 Taispeánann Fíor 6 cá mhéad ball foirne a bhí fostaithe ag gach gníomhaireacht amhail ag deireadh 2021. Ar an iomlán, bhí 14 431 bhall foirne fostaithe ag na gníomhaireachtaí (2020: 12 881). Tá an figiúr seo ag freagairt don líon iarbhír post a bhí líonta ag oifigigh bhuana, ag daoine den fhoireann shealadach agus den fhoireann ar conradh agus ag saineolaithe náisiúnta ar iasacht amhail an 31 Nollaig 2021. Má thógaimid na pleananna bunaíochta atá formheasta i mBuiséad Ginearálta an Aontais mar bhunús, bhí thart ar 17 % d’fhoireann uile an Aontais ag obair do na gníomhaireachtaí. Mar chomparáid, is 50 % atá i gceist don Choimisiún, 14 % don Pharlaimint, 6 % don Chomhairle agus 4 % do SEGS.

Fíor 6 – An líon foirne ag gach gníomhaireacht amhail ag deireadh 2021

Foinse: Tiomsaithe ag CIE.

Tá na socruithe don bhuiséad agus don urscaoileadh cosúil le chéile do na gníomhaireachtaí ar fad, seachas EUIPO, CPVO agus SRB

14 I gcás fhormhór na ngníomhaireachtaí díláraithe agus na gcomhlachtaí eile agus i gcás ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin an Choimisiúin, is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle atá freagrach as na nósanna imeachta bliantúla don bhuiséad agus don urscaoileadh. Taispeántar an amlíne don nós imeachta um urscaoileadh i bhFíor 7.

Fíor 7 – An nós imeachta um urscaoileadh d’fhormhór na ngníomhaireachtaí

Foinse: CIE.

15 Tá dhá ghníomhaireacht díláraithe ann atá go hiomlán féinmhaoinithe (CPVO agus EUIPO), áfach, agus iad faoi réir nósanna imeachta don bhuiséad agus don urscaoileadh atá á riar faoi seach ag a gComhairle Riaracháin nó ag a gCoiste um an mBuiséad, agus ní ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle6. Ar an gcaoi chéanna i gcás SRB, is faoi fhreagracht iomlán a Bhoird atá an nós imeachta bliantúil don bhuiséad agus don urscaoileadh.

Éascaíonn Líonra Gníomhaireachtaí AE comhar idirghníomhaireachta agus cumarsáid le geallsealbhóirí

16 Chuir na gníomhaireachtaí Líonra Ghníomhaireachtaí AE (EUAN) ar bun mar ardán comhair idirghníomhaireachta chun infheictheacht na ngníomhaireachtaí a fheabhsú, chun gnóthachain éifeachtúlachta a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus chun gníomhaíochtaí a bhfuil breisluach soiléir Eorpach ag gabháil leo a chur chun cinn. Aithníonn sé an gá atá ag na gníomhaireachtaí cumarsáid a dhéanamh ar bhealach níos comhordaithe lena ngeallsealbhóirí agus leis an bpobal ginearálta maidir le saincheisteanna leasa choitinn, agus cuireann sé lárphointe ar fáil chun faisnéis a bhailiú agus a chraobhscaoileadh i measc na ngníomhaireachtaí uile. In 2015, d’fhormhuinigh EUAN a chéad straitéis ilbhliantúil ina raibh tosaíochtaí atá á gcur chun feidhme i gcláir oibre bliantúla ina sonraítear a ghníomhaíochtaí agus a chuspóirí. In 2020, d’fhormhuinigh Líonra Ghníomhaireachtaí AE a dhara straitéis ilbhliantúil (2021‑2027)7 inar tugadh isteach treo polaitiúil agus straitéiseach an Choimisiún bunaithe ar dhá cholún straitéiseacha:

  • Líonra Ghníomhaireachtaí AE mar eiseamláir bharr feabhais riaracháin;
  • Líonra Ghníomhaireachtaí AE mar chomhpháirtí institiúideach dea-bhunaithe.

17 Bíonn gníomhaireacht éagsúil mar chathaoirleach ar Líonra Ghníomhaireachtaí AE gach bliain ar bhonn uainíochta, agus bíonn cruinnithe iomlánacha comhordaithe ag an Oifig Tacaíochta Comhroinnte dhá uair in aghaidh na bliana. Comhoibríonn an Chúirt Iniúchóirí le EUAN trí dhea-chleachtais a chomhroinnt agus faisnéis a thabhairt maidir le próisis agus torthaí iniúchóireachta.

18 Tá an ghné a bhaineann le seirbhísí, eolas agus saineolas a chomhroinnt i gcroílár obair Líonra Ghníomhaireachtaí AE agus i gcroílár an dá straitéis ilbhliantúla. I measc roinnt samplaí eile den chomhar, tá comhroinnt seirbhísí sna réimsí seo a leanas: teacht aniar ó thubaistí, cuntasaíocht, soláthar comhpháirteach, cúrsaí a bhaineann le COVID-19 agus cosaint sonraí.

Ár n-iniúchadh

Ár sainordú

19 De réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá iniúchóireacht déanta againn ar na nithe seo a leanas:

  • cuntais na 44 ghníomhaireacht uile, atá comhdhéanta de na ráitis airgeadais (i.e. an clár comhardaithe, an ráitis maidir le fheidhmíocht airgeadais, an ráiteas maidir le sreabhadh airgid, an ráiteas maidir leis na hathruithe ar ghlansócmhainní agus achoimre ar bheartais cuntasaíochta suntasacha agus nótaí míniúcháin eile) agus na tuarascálacha maidir le cur chun feidhme an bhuiséid (lena gcomhiomlánaítear na hoibríochtaí buiséadacha agus na nótaí míniúcháin go léir) don bhliain airgeadas dar chríoch an 31 Nollaig 2021, agus
  • dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leis na cuntais sin.

20 Ar bhonn thorthaí ár n-iniúchta, cuirimid ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, nó d’údaráis um urscaoileadh eile, ráiteas dearbhaithe amháin maidir le beachtas chuntais gach gníomhaireachta agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo. Comhlánaímid na ráitis dearbhaithe le barúlacha iniúchóireachta suntasacha, i gcás inarb iomchuí.

Tuairiscímid cásanna amhrasta calaoise chuig comhlachtaí ábhartha an Aontais, OLAF agus OIPE

21 Oibrímid i gcomhar leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) maidir le hábhair a bhaineann le cásanna amhrasta calaoise nó gníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, agus le OIPE maidir le hábhair a bhaineann le cásanna amhrasta de choireanna in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais. Tugaimid fógra do OLAF nó OIPE maidir le haon amhras a thagann chun cinn i rith ár gcuid oibre iniúchóireachta, cé nach bhfuil ár n-iniúchtaí deartha go sonrach chun calaois a shainaithint.

Leantar de nósanna imeachta iniúchóireachta a dhigiteáil ag an gCúirt Iniúchóirí

22 Mar atá luaite i dtuarascálacha ó bhlianta roimhe seo8, shainaithin an Chúirt gur deis atá san iniúchadh bliantúil ar ghníomhaireachtaí AE chun tástáil a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ag nósanna imeachta iniúchóireachta uathoibrithe. Tá thart ar 200 nós imeachta iniúchóireachta i gceist le hiniúchadh ar na gníomhaireachtaí, lena gclúdaítear réimsí amhail íocaíochtaí, tuarastail, soláthar, buiséad, earcaíocht agus cuntais bhliantúla. Do bhliain airgeadais 2021, leathnaíomar amach úsáid nósanna imeachta a bhaineann le tuarastail agus asbhaint sonraí chuig na gníomhaireachtaí go léir. Maidir lenár dtástáil ar dhlíthiúlacht agus rialtacht gealltanas agus íocaíochtaí agus ar bheachtas na gcuntas bliantúla, níor chlúdaigh sé ach gníomhaireachtaí feidhmiúcháin AE amháin go fóill, ós rud é go raibh a dtimpeallacht TF comhchosúil go leor.

23 Tá sé beartaithe againn breathnú ar na deiseanna atá ann chun an úsáid a bhainimid as teicnící iniúchóireachta digiteacha a leathnú amach go réimsí eile agus chuig na gníomhaireachtaí go léir. Tá bacainní tromchúiseacha romhainn, áfach, ós rud é, mar a thaispeántar i bhFíor 8, go bhfuil bearnaí fós ann maidir le huirlisí caighdeánaithe TF a úsáid, go háirithe a mhéid a bhaineann le gníomhaireachtaí díláraithe. Thairis sin, cé go bhfuil na huirlisí TF céanna ag roinnt gníomhaireachtaí, tá neamhréitigh sainaitheanta againn maidir leis an gcaoi a úsáideann siad cuid de na feidhmeanna atá ag na huirlisí sin. Is toisc eile é an easpa comhleanúnachais sin a chuireann bac ar dheiseanna chun úsáid nósanna imeachta iniúchóireachta digiteacha a leathnú amach. Do bhliain airgeadais 2022, tá treoirthionscadal á sheoladh againn chun gnéithe den iniúchóireacht ar sholáthar poiblí ghníomhaireachtaí AE a dhigiteáil.

Fíor 8 – Tá bearnaí fós ann maidir le huirlisí caighdeánaithe TF a úsáid, go háirithe sna gníomhaireachtaí díláraithe

Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis ó na gníomhaireachtaí.

Ár dtuairimí

Tá na torthaí ó na hiniúchtaí bliantúla ar na gníomhaireachtaí do bhliain airgeadais 2021 dearfach

24 Ar an iomlán, bhí torthaí dearfacha ag ár n-iniúchadh ar chuntais bhliantúla na ngníomhaireachtaí don bhliain airgeadais dar chríoch an 31 Nollaig 2021 (féach Fíor 9). Thugamar barúlacha, áfach, maidir le neamhrialtachtaí agus laigí a dhéanann difear do bheachtas na gcuntas agus do na híocaíochtaí is bun leis na cuntais, go háirithe a mhéid a bhaineann le soláthairtí.

Fíor 9 – Tuairimí iniúchóireachta bliantúla 2019-2021 maidir le cuntais, ioncam agus íocaíochtaí na ngníomhaireachtaí

Foinse: CIE.

Tuairimí iniúchóireachta “glana” maidir le beachtas na gcuntas do na gníomhaireachtaí go léir

25 Do bhliain airgeadais 2021, eisíonn an Chúirt Iniúchóirí tuairimí iniúchóireachta gan choinníoll (“glana”) maidir le cuntais na 44 ghníomhaireacht go léir (féach Fíor 9).

Tá na míreanna “Béim ar ábhar” tábhachtach chun tuiscint a fháil ar chuntais EMA, Frontex, SRB agus EIGE

Cad atá i gceist le míreanna “béim ar ábhair”?

Tarraingíonn míreanna “béim ar ábhair” aird an léitheora ar ábhar, a léirítear nó a fhoilsítear sna cuntais, a bhfuil an oiread sin tábhacht ag baint leis go bhfuil sé mar bhunús dá dtuiscint ar na cuntais nó ar an ioncam nó na híocaíochtaí is bun leo.

26 I mbliain airgeadais 2021, d’úsáideamar “béim ar ábhar” inár dtuarascálacha ar cheithre ghníomhaireacht: EMA, Frontex, SRB agus EIGE.

27 Áirítear i gcuntais EMA foilsithe suntasacha maidir leis an léas ar shean-áitreamh EMA i Londain. Mairfidh an léas sin go dtí 2039 agus níl clásal scoir ann, ach is féidir an t-áitreabh a fholigean nó a shannadh faoi réir thoiliú an tiarna talún. I mí Iúil 2019, tháinig EMA ar chomhaontú lena thiarna talún, agus rinne sé an t-áitreabh a bhí aige a fholigean le fothionónta le héifeacht ón Iúil 2019, faoi choinníollacha atá i gcomhréir le téarmaí an cheannléasa. Mairfidh téarma an fholéasa go dtí go rachaidh léas EMA in éag i Meitheamh 2039. Ós rud é go leanann EMA de bheith ina pháirtí sa cheannléas, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé faoi dhliteanas i leith na suime iomláine atá fós le híoc faoi oibleagáidí conarthacha an cheannléasa má mhainníonn an fothionónta a chuidsean oibleagáidí a chomhlíonadh. Amhail ag 31 Nollaig 2021, is é €383 mhilliún a bhí sa chíos iomlán gan íoc, na muirir sheirbhíse ghaolmhara agus an t-árachas tiarna talún a bheidh le híoc ag EMA suas go dtí deireadh théarma an léasa.

28 Faigheann Frontex maoiniú ó bhuiséad AE agus ó ranníocaíochtaí ó thíortha atá mar chuid de limistéar Schengen (SACanna) nach bhfuil san Aontas. Áirítear i gcuntais Frontex foilsiú nár ríomhadh i gceart na rannchuidithe ó thíortha atá i limistéir Schengen nach bhfuil san Aontas. Mar thoradh air sin, d’íoc na tíortha atá i limistéar Schengen nach bhfuil san Aontas €2.6 milliún níos lú ná ba cheart, suim a chúitíodh ó bhuiséad AE. Ós rud é go raibh barrachas ann in 2021, áfach, ní raibh aon tionchar ag an méid sin ar ioncam oibriúcháin an ráitis maidir le feidhmíocht airgeadais do 2021.

29 Tá SRB faoi lé dlíthíochta a bhaineann lena bhailiú ranníocaíochtaí chuig an gCiste Réitigh Aonair, mar aon le dlíthíocht a bhaineann leis na tascanna a dhéanann sé ina cháil mar údarás réitigh. Áirítear i gcuntais SRB, foilsiú ina ndéantar cur síos ar achomhairc riaracháin agus imeachtaí breithiúnacha a bhaineann le ranníocaíochtaí ex ante idir roinnt bainc agus údaráis réitigh náisiúnta agus SRB, chomh maith le gníomhaíochta dlíthiúla eile atá tugtha i gcoinne SRB os comhair na Cúirte Ginearálta agus Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar ráitis airgeadais SRB don bhliain airgeadais dar chríoch an 31 Nollaig 2021 (go háirithe dliteanais theagmhasacha, forálacha agus dliteanais), tagann sé sin faoi réir iniúchadh bliantúil sonrach faoi mar a foráiltear dó in Airteagal 92(4) de Rialachán SRM.

30 D’fhoilsigh EIGE dliteanas teagmhasach ina chuntais a thabhófar má rialaíonn Cúirt Uachtarach na Liotuáine i gcoinne EIGE i gcás atá ar siúl faoi láthair a bhaineann le hoibrithe gníomhaireachta sealadacha. Is é €22 000 an meastachán ar an tionchar airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann.

Tionchar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine

31 Tharraingíomar aird ar a bhfuil foilsithe ag trí ghníomhaireacht (EASO, EUSPA agus SRB) i ndáil leis an tionchar atá ag cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine ar a gcuid gníomhaíochtaí. Mar gheall ar an éileamh méadaithe ar chúnamh ó Bhallstáit a bhí ag glacadh isteach le dídeanaithe ón Úcráin, d’iarr EASO go dtabharfaí tuilleadh acmhainní daonna agus airgeadais dó. Bhí tionchar ar ghníomhaíochtaí EUSPA ag an gcur isteach a rinneadh ar úsáid lainseálaithe Soyuz na Rúise le aghaidh satailítí Galileo. Is é measúnú SRB ná gur mhéadaigh an cogadh na rioscaí don chobhsaíocht airgeadais, go háirithe rioscaí creidmheasa i ndáil le neamhchosaint na mbanc i leith a gcontrapháirtithe sa Rúis, sa Bhealarúis agus san Úcráin, agus is iasachtaí a rinneadh le gnólachtaí baile is mó a bhí faoi lé éifeachtaí an chogaidh.

Tuairimí iniúchóireachta “glana” maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an ioncaim is bun leis na cuntais do na gníomhaireachtaí go léir

32 Do bhliain airgeadais 2021, eisíonn an Chúirt Iniúchóirí tuairimí iniúchóireachta gan choinníoll (“glana”) maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an ioncaim is bun leis na gníomhaireachtaí go léir (féach Fíor 9).

Cuidíonn “Béim ar ábhair” le tuiscint a fháil ar ioncam SRB

33 D’úsáid muid mír dar teideal “béim ar ábhar” inár dtuarascáil i dtaca le SRB freisin, mar go bhfuil cuid d’ioncam SRB i ndáil leis na ranníocaíochtaí ex ante do SRF faoi dhíospóid dhlíthiúil. Tá an méid sin ábhartha dár dtuairim i dtaca le hioncam SRB mar gheall go bhféadfadh sé tarlú go mbeidh ar SRB méideanna áirithe de ranníocaíochtaí ó bhainc áirithe a athríomh, ag brath ar thoradh na dlíthíochta.

Tugann an mhír “ábhar eile” aghaidh ar shaincheist a bhfuil tábhacht ar leith ag baint léi maidir le hioncam SRB

Cad atá i gceist le míreanna “ábhair eile”?

Léirítear saincheisteanna suntasacha i míreanna dar teideal “ábhar eile”, seachas iad sin a léirítear nó a fhoilsítear sna cuntais, atá ábhartha mar sin féin chun tuiscint a fháil ar na cuntais nó ar an ioncam nó na híocaíochtaí is bun leo.

34 I mbliain airgeadais 2021, níor úsáideamar mír dar teideal “Ábhar eile” ach amháin le haghaidh SRB. Ní leagtar síos creat rialaithe cuimsitheach agus comhsheasmhach i Rialachán SRB chun beachtas na faisnéise a sholáthraíonn na bainc do SRB le haghaidh ríomh na ranníocaíochtaí ex-ante do SRF a áirithiú. Déanann SRB, áfach, seiceálacha comhsheasmhachta agus anailíseacha ar an bhfaisnéis, chomh maith le roinnt seiceálacha ex post ar leibhéal na mbanc. Sa bhreis air sin, ní féidir le SRB mionsonraí a eisiúint i dtaobh ríomhanna na ranníocaíochtaí a bhfuil riosca-choigeartú déanta orthu i gcás gach institiúide creidmheasa, mar go bhfuil siad idirnasctha agus go bhfuil faisnéis i modh rúin i dtaca le bainc eile ar áireamh iontu. D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar aige sin ar thrédhearcacht na ríomhanna sin. Thugamar ar aire le haghaidh ranníocaíochtaí 2021 agus 2022 a ríomh, gur chuir SRB feabhas ar thrédhearcacht do na bainc trí chéim chomhairliúcháin a eagrú. Sa chomhairliúchán sin, rinne SRB sonraí a chur in iúl, rud a lig do na bainc ríomh ranníocaíochtaí ex ante 2021 agus 2022 a ionsamhlú.

Tuairimí iniúchóireachta “glana” maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí is bun leis na cuntais do na gníomhaireachtaí, seachas eu-LISA

35 Do bhliain airgeadais 2021, d’eisíomar tuairimí iniúchóireachta gan choinníoll (“glana”) maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí is bun leis na cuntais bhliantúla do 43 ghníomhaireacht as 44 (féach Fíor 9).

36 I gcás eu-LISA, d’eisíomar tuairim choinníollach. De na 28 n-íocaíocht a ndearnamar iniúchóireacht orthu, bhí sé cinn acu neamhchomhlíontach (féach Bosca 1). Bhain trí cinn de na híocaíochtaí sin le conradh sonrach lena ndearnadh creatchonradh a chur chun feidhme ach nár tugadh ann na mionsonraí do na seirbhísí a bhí ag teastáil (cainníochtaí agus dátaí seachadta), agus dá réir sin nár chruthaigh gealltanas dlíthiúil soiléir. Shainaithníomar íocaíochtaí eile freisin, lasmuigh dár sampla tosaigh, a bhí nasctha leis an gconradh sin agus a raibh an neamhchomhlíonadh céanna ag baint leo. Maidir leis na trí íocaíocht neamhchomhlíontacha eile ónár sampla tosaigh, bhain siad sin le trí chonradh shonracha éagsúla a bhí ag claonadh go bunúsach ó na creatchonarthaí a bhí ag freagairt dóibh. Is é €18.11 milliún an méid iomlán caiteachais a ndearnadh difear dó. Is ionann é sin agus 6.2 % de na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí iomlána a bhí ar fáil in 2021.

Bosca 1

Saincheisteanna a bhain le pleanáil bhuiséadach agus soláthar in eu-LISA

Do bhliain airgeadais 2019, thuairiscíomar ar na rioscaí a bhí ag gabháil leis an gcleachtas trínar tugadh acmhainní do eu-LISA sula raibh an reachtaíocht glactha a shaineodh na riachtanais do na córais TF a bhí le forbairt. Fuaireamar gur tháinig ann do na rioscaí sin: d’fhág an brú ama a bhí ar eu-LISA dá bharr sin ó thaobh cistí a ghealladh agus a chaitheamh sula mbeadh a dtréimhse éaga thart gur rannchuidíodh le neamhchomhlíontachtaí i nósanna imeachta soláthair agus i gcur chun feidhme na gconarthaí. I measc na gcásanna sin de neamhchomhlíonadh, bhí siad seo a leanas: gan faisnéis i dtaobh cainníochtaí agus dátaí seachadta na seirbhísí a fuarthas a bheith i gconradh sonrach; agus athruithe i raon feidhme, ré nó luach an chonartha a bhí ag dul thar an tsolúbthacht atá ceadaithe leis an Rialachán Airgeadais. Mar thoradh air sin, d’eisíomar tuairim choinníollach maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht íocaíochtaí eu-LISA le haghaidh 2021. Anuraidh, luamar coinníollacha lenár dtuairim maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht íocaíochtaí eu-LISA le haghaidh 2020 mar gheall ar chásanna comhchosúla neamhchomhlíontachtaí den chineál céanna i gcur chun feidhme conartha.

Gníomhaíocht atá le déanamh 1

Ba cheart do eu-LISA feabhas a chur ar a chuid nósanna imeachta soláthair agus ar a bhainistiú ar chonarthaí, go háirithe a mhéid a bhaineann le seirbhísí agus earraí atá faighte a shainiú i gconarthaí sonracha agus teorainn a chur le hathruithe ar raon feidhme, ré agus luach conarthaí ionas go mbeidh siad ag teacht leis an tsolúbthacht a cheadaítear faoin Rialachán Airgeadais.

Ba cheart do eu-LISA freisin dul i dteagmháil leis an gCoimisiún chun athruithe ar a phleanáil bhuiséadach ilbhliantúil a mholadh, ionas nach mbeidh cistí le haghaidh forbairt na gcóras á bhfáil aige ach amháin nuair a bheidh an reachtaíocht (lena n-áirítear rialacháin tharmligthe agus cur chun feidhme) ina sainítear na ceanglais ábhartha glactha, agus ionas gur féidir raon feidhme an tionscadail a shonrú sách mion.

Cuidíonn an mhír dar teideal “Béim ar ábhar” le tuiscint a fháil ar íocaíochtaí Frontex

37 Áiríonn cuntais Frontex foilsiú a bhaineann le híocaíochtaí a rinneadh in 2021 de €18.1 milliún do chur chun feidhme gealltanas buiséadach ó 2020 a tugadh ar aghaidh go 2021 gan Frontex a bheith tar éis dul i mbun gealltanais dhlíthiúil roimh dheireadh 2020, de réir mar a éilítear faoi Rialachán Airgeadais AE. Thugamar tuairisc ar an tsaincheist sin i dTuarascáil bhliantúil shonrach 2020 uainn9. Is é €18 375 458 a bhí in iomlán na n-íocaíochtaí sin in 2021. Chuir Frontex an neamhchomhlíonadh sin ina cheart trí bhíthin gealltanais dhlíthiúla ina dhiaidh sin le linn 2021.

Míreanna “ábhar eile” i dtaobh saincheisteanna a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo d’íocaíochtaí HaDEA

38 Tarraingímid aird ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/173 ón gCoimisiún10 agus ar an bhfíoras gur cuireadh an t-údarás gníomhú mar Stiúrthóir eatramhach ar HaDEA ar iontaoibh Ard-Stiúrthóir AS SANTE go dtí go raibh acmhainneacht oibríochtúil bainte amach ag HaDEA ó thaobh a bhuiséad féin a chur chun feidhme. An 19 Feabhra 2021, rinne Ard-Stiúrthóir AS SANTE an t-údarás sin a tharmligean chuig oifigeach eile in AS SANTE, á cheapadh siúd mar Stiúrthóir eatramhach ar HaDEA. Le hAirteagal 26 de Rialachán Airgeadais HaDEA is féidir cumhachtaí buiséadacha a tharmligean. Ní féidir a léirthuiscint as sin, áfach, go gceadaítear údarás iomlán an Stiúrthóra eatramhaigh a tharmligean, mar go sáródh sé sin an Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún.

Tugann ár mbarúlacha aghaidh ar réimsí ar féidir feabhsúcháin a dhéanamh iontu

39 Go hiomlán, rinneamar 77 mbarúil a bhaineann le 33 ghníomhaireacht inar luamar réimsí a raibh tuilleadh feabhsúcháin de dhíth iontu. Leis na huimhreacha sin, áirítear an dá bharúil a bhí mar bhonn do thuairim choinníollach do eu-LISA, chomh leis an mbarúil atá clúdaithe ag an mír “ábhar eile” do HaDEA. I gcomparáid leis sin, rinneamar 60 barúil don bhliain airgeadais 2020. Baineann an chuid is mó de na barúlacha le heasnaimh i nósanna imeachta soláthair poiblí, i gcórais bhainistíochta agus rialaithe agus i mbainistíocht bhuiséadach. Is iad na laigí i nósanna imeachta soláthair phoiblí an phríomhfhoinse leis na híocaíochtaí neamhrialta i gcónaí.

40 Léiríonn Fíor 10 agus Fíor 11 an líon cineálacha de bharúlacha éagsúla a bhí i gceist leis na 33 ghníomhaireacht inár dtuarascáil.

Fíor 10 – Méid na mbarúlacha a bhaineann le gach gníomhaireacht

Foinse: CIE.

Fíor 11 – Méid na mbarúlacha trí chineál na laigí coitianta

Foinse: CIE.

Tá borradh faoi na laigí i nósanna imeachta soláthair phoiblí agus iad mar phríomhfhoinse leis na híocaíochtaí neamhrialta i gcónaí

41 Is é is cuspóir do na rialacha i nósanna imeachta soláthair phoiblí ná iomaíocht chothrom idir tairgeoirí a chinntiú agus táirgí agus seirbhísí ag na praghsanna is fearr a sholáthar, agus urraim á léiriú do phrionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe. Rinneamar iniúchadh ar sholáthar sna 44 ghníomhaireacht ar fad. I gcás 22 ghníomhaireacht (ACER, Oifig BEREC, CdT, CEPOL, CPVO, EASO, ÚBE, EEA, EIGE, EIOPA, EISMEA, ELA, EMA, EMSA, ENISA, ESMA, EUIPO, eu-LISA, EU-OSHA, Eurofound, Eurojust agus Frontex), rinneamar tuairisc ar chonarthaí a raibh tionchar ag easnaimh i soláthair phoiblí éagsúla orthu, lena n-áirítear íocaíochtaí a rinneadh sa bhliain airgeadais 2021 a eascraíonn as nósanna imeachta soláthair neamhrialta a tuairiscíodh i mblianta roimhe sin. Cuireann Bosca 2 samplaí i láthair de neamhrialtachtaí tipiciúla i gcur chun feidhme na gconarthaí soláthair.

Bosca 2

Samplaí de chur chun feidhme neamhrialta na gconarthaí

Bhí creatchonradh ag CEPOL maidir le seirbhísí socraithe taistil a bhí bailí go dtí mí an Mhárta 2022. Níor chlúdaigh raon feidhme an conartha tíortha áirithe laistigh den Aontas Eorpach. Bhí na seirbhísí taistil do na tíortha sin clúdaithe ag conarthaí eile go dtí deireadh 2020. I samhradh na bliana 2021, cé go raibh sé fós an-deacair an staid taistil a thuar, bhí an chosúlacht air gur dhócha go gcaithfeadh CEPOL gníomhaíochtaí ar an láthair a eagrú i dtíortha nach bhfuil san Aontas. Tar éis dó measúnú a dhéanamh ar an gcás agus ar na roghanna éagsúla a bhí ar fáil, roghnaigh CEPOL an creatchonradh a bhí ann cheana a úsáid chun imeachtaí sna tíortha sin a chlúdach, cé nár tháinig na himeachtaí sin faoi raon feidhme an chonartha. Is sárú é sin ar an Rialachán Airgeadais. Rinne CEPOL nóta den chinneadh sin i gclár na n-eisceachtaí. Tá na híocaíochtaí lena mbaineann, arb ionann iad agus €76 590 in 2021, neamhrialta.

42 Tugaimid ar aire go bhfuil méadú ar líon na mbarúlacha soláthair a rinneamar in imeacht na dtrí bliana airgeadais deiridh (ó 20 in 2019 agus 18 in 2020, go 34 in 2021), chomh maith le méadú ar líon na ngníomhaireachtaí lena mbaineann (ó 11 in 2019 agus 14 in 2020, go 22 in 2021). Mar a léirítear i bhFíor 12, ó bhliain airgeadais 2019 i leith, tá barúlacha a bhaineann le soláthar déanta againn gach bliain do dhá ghníomhaireacht (CEPOL agus EMA).

Fíor 12 – Tá ár mbarúlacha ar laigí agus nithe neamhrialta i soláthair phoiblí ag éirí níos coitianta thar na trí bliana deiridh

Foinse: CIE.

Gníomhaíocht atá le déanamh 2

Is iad earráidí soláthair na cineálacha earráidí is coitianta i gcónaí atá braite inár n-iniúchtaí ar na gníomhaireachtaí. Ba cheart do na gníomhaireachtaí lena mbaineann tuilleadh feabhais a chur ar a nósanna imeachta soláthair phoiblí chun comhlíontacht iomlán leis na rialacha is infheidhme a chinntiú, agus lena chinntiú freisin go mbaineann siad an luach airgid is fearr is féidir amach.

Go háirithe, agus creatchonarthaí á gcur chun feidhme, ba cheart do gníomhaireachtaí conarthaí sonracha amháin a úsáid chun táirgí nó seirbhísí a sholáthar, agus iad clúdaithe ag an gcreatchonradh a ghabhann leo. Ba cheart do ghníomhaireachtaí freisin a chinntiú go gcomhlíonann siad na coinníollacha chun modhnú a dhéanamh ar chonarthaí atá ann cheana féin faoi mar atá leagtha amach sa Rialachán Airgeadais.

Cuireann laigí isteach ar chórais bhainistíochta agus rialaithe

43 I gcás 16 ghníomhaireacht (ACER, Cedefop, CEPOL, EASA, ÚBE, EIOPA, EISMEA, EIT, ELA, ENISA, OIPE, ESMA, Europol, EUSPA, Frontex agus HaDEA), tuairiscímid laigí sna córais bhainistithe agus rialaithe sa bhreis ar na laigí sin a bhaineann le soláthair nó a bhaineann le hearcaíocht. I gcás na 16 ghníomhaireacht sin, áirítear na nithe seo a leanas inár mbarúlacha: cásanna féideartha de choinbhleacht leasa, rialuithe ex ante/ex post a bheith in easnamh, gan bainistiú na ngealltanas buiséadach agus dlíthiúil a bheith leormhaith, agus gan saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí.

44 Léiríonn Fíor 11 na cineálacha laigí i rialáil inmheánach is coitianta a shainaithníomar. Tá samplaí i mBosca 3 de na laigí sin i dtaobh an riosca de choinbhleacht leasa.

Bosca 3

Is féidir le saincheisteanna rialála cur isteach ar éifeachtacht ghníomhaireachtaí AE

Is é an ról atá ag na trí údarás maoirseachta Eorpach – ÚBE, EIOPA agus ESMA – ná machaire réidh a áirithiú d’fhaireachán na seirbhísí airgeadais. Maidir leis na Comhaltaí ar a mBoird Maoirseoirí, áirítear forálacha éagsúla ina Rialacháin bhunaidh chun a chinntiú “go ngníomhóidh siad go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine” agus “nach lorgóidh siad ná nach nglacfaidh siad treoracha ó aon rialtas [...] ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile11.

Faoi nósanna imeachta Údarás Maoirseachta Eorpach, foráiltear i dtaobh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí a bhfuil coinbhleacht leasa acu nach féidir leo páirt a ghlacadh i bpléití an Bhoird ná nach féidir leo vótáil ar an ábhar i dtrácht. Mar sin féin, féadfaidh na comhaltaí fanacht ag an gcruinniú mura gcuirfidh aon duine ina choinne (ÚBE agus EIOPA) nó mura rud é go vótálann formhór na gcomhaltaí chun iad a eisiamh (ESMA). Cruthaíonn sé sin baol do neamhspleáchas an Bhoird, nó ar a laghad cruthaíonn sé an dealramh go bhfuil neamhspleáchas an Bhoird i mbaol.

Le blianta beaga anuas, thuairiscíomar i roinnt mhaith tuarascálacha speisialta ar shaincheisteanna rialachais a bhfuil tionchar acu ar údaráis mhaoirseachta Eorpacha, agus tionchar tromchúiseach na saincheisteanna sin ar a gcuspóirí.

Inár dtuarascáil speisialta faoi thástálacha struis do bhainc12, fuaireamar go bhfuil rannpháirtíocht shuntasach ag údaráis náisiúnta i struchtúr rialachais ÚBE, ós rud é go bhfuil Bord Maoirseoirí ÚBE comhdhéanta d’ionadaithe náisiúnta nach bhfuil a gceapachán faoi réir aon fhormheas ag comhlachtaí AE. D’fhéadfadh go mbeadh teannas ann mar gheall air sin, mar b’fhéidir go ngníomhóidh comhaltaí den bhord ar mhaithe le forbairt náisiúnta amháin, seachas le leasanna Eorpacha níos fairsinge.

Inár dtuarascáil speisialta ar mhaoirseacht árachais13, thugamar faoi deara go raibh éifeachtacht agus éifeachtúlacht obair EIOPA ag brath ar cháilíocht ionchur na n-údarás náisiúnta go minic, agus ar thoilteanas na n-údarás sin comhoibriú a dhéanamh. Tugann an struchtúr rialachais atá ag EUIPA faoi láthair cumhacht d’údaráis náisiúnta tionchar a imirt ar a mhéid athbhreithnithe a bheidh déanta ar a n-obair féin, chomh maith le conclúidí na n-athbhreithnithe sin. Déanann BoS formheas ar phríomhdhoiciméid, amhail straitéis formhaoirseachta EIOPA. D’fhéadfadh sé sin cur isteach ar neamhspleáchas EIOPA agus é a stopadh óna chuspóirí a bhaint amach.

Inár dtuarascáil speisialta i gcoinne sciúradh airgid14, fuaireamar go ndearna foireann EBA imscrúduithe críochnúla ar sháruithe féideartha de dhlí an Aontais, ach d’aimsíomar fianaise scríofa d’iarrachtaí brústocaireacht a dhéanamh ar chomhaltaí an phainéil le linn na tréimhse nuair a bhí moladh féideartha á phlé ag an bpainéal. Dhiúltaigh an Bord Maoirseoirí don dréachtmholadh sa deireadh.

Inár dtuarascáil speisialta ar chistí infheistíochta15, fuaireamar go bhfuil dúshláin roimh ESMA ó thaobh úsáid a bhaint as a uirlisí go héifeachtach. I measc na ndúshlán sin, áirítear fadhbanna a bhfuil struchtúr rialachais an ESMA féin mar chúis leo, a spleáchas ar dhea-thoil na n-údarás náisiúnta agus a spleáchas ar thoilteanas a Bhoird Maoirseoirí féin. Fuaireamar amach gurbh fhearr leo uirlisí cóineasaithe “neamhionrach”, uirlisí nach bhfuil a n-éifeachtúlacht léirithe go fóill agus nach raibh maoirseacht éifeachtúil agus chomhsheasmhach mar thoradh orthu go minic. Chuir sé sin teorainn le héifeachtacht ESMA.

I ngach cás, molaimid gur cheart don Choimisiún machnamh a dhéanamh ar athruithe a mholadh do struchtúr rialachais na n-údarás maoirseachta Eorpaí, rud a ligfeadh dóibh a gcumhachtaí a úsáid níos éifeachtúla. In 2019, níor ghlac an reachtóir struchtúr rialachais athbhreithnithe a bhí molta16 ag an gCoimisiún áfach.

Is minic go mbaineann laigí earcaíochta leis an bpróiseas meastóireachta

45 I gcás naoi ngníomhaireacht (Oifig BEREC, Cedefop, ÚBE, EIGE, EMA, OIPE, EUSPA, Frontex agus SRB), tuairiscímid laigí a bhaineann le gnéithe éagsúla de nósanna imeachta earcaíochta, lena n-áirítear próisis mheastóireachta agus fógraí folúntais. Léiríonn Fíor 11 na cineálacha laigí is coitianta a bhaineann le gnéithe éagsúla de nósanna imeachta earcaíochta.

Tá tabhairt anonn ard nó íocaíochtaí déanacha ann mar gheall ar laigí i mbainistiú buiséadach de ghnáth

46 I gcás 10 ngníomhaireacht (ACER, Cedefop, EACEA, OIPE, ERCEA, EUIPO, eu-LISA, FRA, Frontex, HaDEA), tuairiscímid laigí a bhaineann le gnéithe éagsúla de bhainistiú buiséadach, mar shampla tabhairt anonn leithreasuithe a bheith iomarcach agus rátaí arda d’íocaíochtaí déanacha. Léiríonn Fíor 11 na cineálacha laigí is coitianta a bhaineann le gnéithe éagsúla de bhainistiú buiséadach.

47 Léiríonn Fíor 13 an leibhéal de thabhairt anonn, go gach teideal den bhuiséad agus do gach gníomhaireacht. Cé nach leagann Rialachán Airgeadais an Aontais uasleibhéil síos do thabhairt anonn mar sin agus gurb é nádúr ilbhliantúil na n-oibríochtaí is cúis le méid áirithe dóibh, d’fhéadfadh sé go léireodh leibhéil iomarcacha de thabhairt anonn go bhfuil moill ar chur chun feidhme na gclár oibre nó pleananna soláthair. Mar mhalairt air sin, d’fhéadfadh sé go léireodh siad saincheist struchtúrtha, pleanáil lag bhuiséadach, nó b’fhéidir sárú ar phrionsabal buiséadach na bliantúlachta. Tuairiscímid laigí den sórt sin i dtaobh ceithre ghníomhaireacht (ACER, EACEA, eu-LISA agus FRA).

Fíor 13 – Leibhéal de thabhairt anonn a bhfuil tionchar aige ar gach teideal den bhuiséad

Foinse: Cuntais bhliantúla críochnaitheacha na nGníomhaireachtaí 2021, arna thiomsú ag CIE.

Gníomhaíocht atá le déanamh 3

Ba cheart do na gníomhaireachtaí lena mbaineann tuilleadh feabhais a chur ar a bpleanáil buiséid agus ar a thimthriallta don chur chun feidhme.

Laigí agus dea-chleachtas maidir le cásanna féideartha “dorais imrothlaigh” a láimhseáil ag gníomhaireachtaí

48 Do bhliain airgeadais 2021, rinneamar comhlánú ar an obair iniúchóireacht rialta maidir le beachtas chuntais na ngníomhaireachtaí agus dlíthiúlacht agus rialtacht a n-ioncaim agus a n-íocaíochtaí le hanailís ar an gcaoi ar láimhseáil na gníomhaireachtaí cásanna féideartha “dorais imrothlaigh”. I mBosca 4, mínítear cad is brí le cásanna “dorais imrothlaigh” agus insítear cén chaoi a mbaineann sé leis an riosca de choinbhleacht leasa agus le gabháil beartais.

Bosca 4

Cad atá i gceist leis na cásanna de ‘dhoras imrothlach’ agus cén fáth a bhfuil sé tábhachtach?

Déanann an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) an coincheap ‘doras imrothlach’ a shainiú mar seo a leanas. “Is féidir le coinbhleachtaí leasa teacht chun cinn agus an riosca a chruthú ó thaobh gabháil beartais de, nuair a ghluaiseann daoine ó phost san earnáil phoiblí go dtí post san earnáil phríobháideach. Nuair a chlúdaíonn feidhmeanna réimsí atá dúnta nó a bhí rialaithe go díreach a duine a bhí tráth ina oifigeach poiblí, is féidir a mheas go dtugann an feiniméan seo ar a dtugtar doras imrothlach buntáiste míchothrom don duine sin ó thaobh faisnéise de, ó thaobh caidrimh de nó ó thaobh aon chineáil eile buntáiste a fuair an duine sin le linn dó nó di a bheith i mbun feidhmeanna poiblí roimhe seo. I roinnt cásanna, d’fhéadfadh sé go mbeadh cathú ar oifigigh phoiblí cinntí a dhéanamh nó an tuiscint a thabhairt go bhfuil cinntí déanta acu nach bhfuil ar mhaithe le leas an phobail ach atá ar mhaithe le leas an iarfhostóra nó an fhostóra a bheidh aige nó aici amach anseo.” 17

Sa chomhthéacs Eorpach, míníonn an tOmbudsman Eorpach18 “nuair a bhogann oifigeach poiblí chuig an earnáil phríobháideach, is minic a deirtear go bhfuil siad tar éis dul tríd an ‘doras imrothlach’. Is féidir leis seo ionracas institiúidí an Aontais a chur i mbaol toisc gur féidir eolas luachmhar ón taobh istigh a bhogadh isteach san earnáil phríobháideach, nó toisc go bhféadfadh iar-oifigigh brústocaireacht a dhéanamh ar a n-iar-chomhghleacaithe nó go bhféadfadh tionchar a bheith ar oifigigh reatha ag an bpost a d’fhéadfaidís a fháil amach anseo.”

Trí gníomhaíocht sheachtrach ar íocaíocht a dhéanamh fad a bhítear ag obair in institiúid nó comhlacht den Aontas, amhail gníomhaireacht, d’fhéadfadh sé sin rioscaí a chruthú atá cosúil leo sin a bhaineann le post nua a ghlacadh tar éis sheirbhís phoiblí an Aontais a fhágáil.

49 Bíonn baol ar leith ann do ghníomhaireachtaí go dtarlóidh cásanna de ‘dhoras imrothlach’ iontu mar gheall ar a spleáchas ar dhaoine den fhoireann shealadach, a bhfuil rátaí arda d’athrú foirne i gceist leis, agus mar gheall ar a samhail rialachais, ina bhfuil boird ar gnách leis na comhaltaí ar na boird sin a bheith ag fónamh orthu ar feadh téarmaí réasúnta gearr. I gcás gníomhaireachtaí áirithe, déantar an riosca seo a mhéadú níos mó fós mar gheall ar chumhachtaí rialaitheacha suntasacha (e.g. ÚBE, EIOPA agus ESMA) nó naisc le tionscal (e.g. EASA, ECHA nó EFSA). Bheartaíomar an t-ábhar a scrúdú mar gheall ar a thábhacht, ní hamháin d’fheidhmiú cuí ghníomhaireachtaí an Aontais, ach freisin dá gcáil agus ar bhealach níos leithne, do cháil an Aontais ina iomláine.

50 Scrúdaíomar cásanna idir 2019 agus 2021 de dhaoine atá sinsearach ar fhoireann gníomhaireachta (stiúrthóirí feidhmiúcháin, stiúrthóirí agus oifigigh ar ghráid AD14‑16), nó a bhí roimhe sin i bpost sinsearach den sórt sin, a ghlac post tar éis dóibh an ghníomhaireacht a fhágáil nó a rinne gníomhaíocht sheachtrach ar íocaíocht agus iad ag obair do ghníomhaireacht. Rinneamar scrúdú ar chásanna comhchosúla a dhéanann difear do chomhaltaí agus iarchomhaltaí bhoird na ngníomhaireachtaí, agus ar cásanna iad sin a raibh roinnt gníomhaireachtaí tar éis iad a mheasúnú ar bhonn a gcuid rialacha inmheánacha féin, agus ar an mbonn sin amháin. Áiríodh 40 gníomhaireacht i scóip an scrúdaithe sin. Ba iad Chafea, a dúnadh in 2021, agus an trí ghníomhaireacht nach raibh i mbun oibríochta nó neamhspleách go dtí 2021 (ELA, OIPE agus HaDEA) na gníomhaireachtaí nár breithníodh. I mBosca 5, mínítear na caighdeáin dhlíthiúla ábhartha.

Bosca 5

Creat dlíthiúil an Aontais is infheidhme i leith rioscaí “dorais imrothlaigh” a bhainistiú

Leagtar amach na rialacha is infheidhme i leith cásanna “dorais imrothlaigh” a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a bhainistiú agus an riosca de choinbhleacht leasa atá ag gabháil leis, go príomha i Rialacháin Foirne19 an Aontais. Tá feidhm ag na rialacha sin maidir le daoine a bhí tráth agus daoine atá anois ar fhoireann institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, lena n-áirítear gníomhaireachtaí an Aontais. Áirítear an méid seo a leanas sna rialacha.

  • Ní mór do bhaill foirne a ngníomhaireacht a chur ar an eolas más rud é go bhfuil sé ar intinn acu post a ghlacadh laistigh de dhá bhliain tar éis dóibh seirbhís shibhialta an Aontais a fhágáil.
  • Sula ndéantar údarú a dheonú nó a dhiúltiú d’iarbhaill foirne chun gníomhaíocht sheachtrach a dhéanamh nó post nua a dhéanamh, ní mór do ghníomhaireacht teagmháil a dhéanamh lena Comhchoiste.
  • Má cheapann gníomhaireacht go bhfuil riosca de choinbhleacht leasa ann, féadfaidh sí cosc a chur ar an mball foirne glacadh leis an bpost nó gan formheas a thabhairt ach amháin de réir coinníollacha áirithe.
  • Ní mór do ghníomhaireacht toirmeasc a chur ar a hiaroifigigh shinsearacha ó bhrústocaireacht nó abhcóideacht a dhéanamh maidir le foireann na hinstitiúide le linn na 12 mhí tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil.
  • Ní mór do ghníomhaireacht liosta bliantúil a fhoilsiú maidir leis na cásanna a mheasúnaítear i gcomhthéacs riosca na brústocaireachta agus na habhcóideachta.

Níl feidhm ag na rialacha seo maidir le baill bhoird na ngníomhaireachtaí, áfach, toisc nach meastar mar chuid d’fhoireann na ngníomhaireachtaí iad. Mar sin féin, tá rialacha inmheánacha ag naoi ngníomhaireacht atá ag deileáil leis an réimse seo.

Tá ceanglais shoiléire maidir le comhlíonadh agus faireachán in easnamh sa chreat dlíthiúil reatha

51 Mar a luadh i mBosca 5, níl feidhm ag na Rialacháin Foirne (lena n-áirítear a rialacha a bhaineann le cásanna “dorais imrothlaigh” agus coinbhleachtaí leasa níos leithne), de réir an tsainmhínithe, maidir le comhaltaí bhoird na ngníomhaireachtaí nach le foireann na gníomhaireachta iad. Ní bhaineann siad ach oiread le comhaltaí de choistí eolaíocha na ngníomhaireachtaí, grúpaí saineolaithe agus comhlachtaí comhchosúla eile. Fágann sé seo folús dlíthiúil ann, toisc nach bhfuil bunús coiteann dlí ar bith ann lena sainítear íosleibhéal ceanglais do chatagóirí daoine atá ag obair do ghníomhaireachtaí an Aontais, i dtaca leis an riosca coinbhleachta leasa agus leis na cásanna a bhaineann le “dorais imrothlaigh”. Fágtar faoi gach gníomhaireacht aonair é na rialacha is infheidhme a leagan síos.

52 I gcreat dlíthiúil AE maidir leis an riosca a bhaineann le “doras imrothlach” a bhainistiú, leagtar amach oibleagáidí an-teoranta d’institiúidí agus comhlachtaí AE (lena n-áirítear gníomhaireachtaí AE) chun faireachán a dhéanamh ar a mhéid atá na foirne reatha agus na hiarfoirne ag comhlíonadh na gceanglas a bhaineann le “doirse imrothlacha”. Ní shainíonn sé an bealach ina bhféadfaí faireachán den sórt sin a dhéanamh nó na huirlisí a d’fhéadfaí a úsáid chun na críche sin. Dá thoradh sin, ní bhíonn formhór na ngníomhaireachtaí ag gabháil d’aon ghníomhaíocht faireacháin den sórt sin, agus tá seans maith nach mbraitear cásanna “dorais imrothlaigh” neamhdhearbhaithe agus sáruithe ar shrianta a fhorchuirtear ar dhaoine a fhágann an post a mhéid a bhaineann leis an obair nua a mbeidh siad ann.

53 Níl na rialacha a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar chásanna “dorais imrothlaigh”, agus iad a láimhseáil, agus an riosca coinbhleachta leasa atá bainteach leo, sainráite go leordhóthanach faoin oibleagáid atá ar institiúidí agus comhlachtaí AE lena mbaineann go ndéanfaidís liosta bliantúil de chásanna a mheasúnaítear i gcomhthéacs riosca na brústocaireachta agus na habhcóideachta a fhoilsiú. Thuairiscigh an tOmbudsman Eorpach ar an tsaincheist seo cheana féin in 2017 (féach Bosca 6). Níor athraíodh na rialacha ábhartha sna Rialacháin Foirne ó shin.

Bosca 6

D’iarr an tOmbudsman Eorpach go mbeadh níos mó trédhearcachta ann ar mheasúnú na gcásanna i ndáil le riosca na brústocaireachta agus na habhcóideachta

I dtuarascáil 201720, chuir an tOmbudsman Eorpach in iúl gur cheart faisnéis a fhoilsiú do na cásanna uile a mheasúnaítear, is cuma an raibh an institiúid den tuairim go bhféadfadh sé go mbeadh brústocaireacht agus abhcóideacht a bheith i gceist leis an ngníomhaíocht ghairme faoinar tugadh fógra, nó go deimhin go mbeadh sé sin i gceist léi. Tá sé seo riachtanach chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus stuama Airteagal 16(3) agus 16(4) a áirithiú.” Luaigh an tOmbudsman Eorpach gur cheart go mbeadh an méid seo a leanas san fhaisnéis atá le foilsiú:

  • ainm an bhaill foirne shinsearaigh lena mbaineann;
  • dáta imeachta an bhaill foirne shinsearaigh;
  • an cineál poist a bhí ag an mball foirne sinsearach agus tuairisc ar na dualgais a rinneadh le linn na dtrí bliana deiridh i seirbhís shibhialta an Aontais;
  • ainm an fhostóra amach anseo agus tuairisc ar an gcineál dualgais a bheidh le déanamh sa phost nua; nó mar rogha air sin, tuairisc ar na gníomhaíochtaí féin-fhostaithe atá beartaithe;
  • más rud é go bhfuil an fostóir a bheidh ann nó an chuideachta féin-úinéireachta cláraithe ar Chlár Trédhearcachta an Aontais, nasc chuig an iontráil ábhartha sa chlár;
  • measúnú mionsonraithe na hinstitiúide ar an gcás, lena n-áirítear a conclúid i dtaobh é a údarú nó gan é a údarú – bíodh bearta maoluithe i gceist leis nó ná bíodh– agus ráiteas maidir le cé acu a d’fhéadfadh brústocaireacht agus abhcóideacht a bheith i gceist le gníomhaíocht atá beartaithe agus dá réir sin gur gá cosc brústocaireachta agus abhcóideachta a fhorchur.

Gníomhaíocht atá le déanamh 4

Ba cheart do Líonra Gníomhaireachtaí an Aontais teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún agus le reachtóirí chun athruithe ar an gcreat rialtachta a mholadh lena sainítear sraith íosrialacha is infheidhme do chomhaltaí bhoird ghníomhaireachtaí an Aontais i ndáil le coinbhleacht leasa agus “doras imrothlach”. I gcás inarb iomchuí, ba cheart feidhm a bheith ag rialacha comhchosúla maidir le comhaltaí de choistí eolaíocha, grúpaí saineolaithe agus comhlachtaí comhchosúla nach dtagann faoi raon feidhme na rialachán foirne.

Comhlíonann Gníomhaireachtaí a n-oibleagáidí dlíthiúla den chuid is mó

54 Nuair a théann ball foirne reatha nó iarbhall foirne i dteagmháil le gníomhaireacht faoina bpleananna chun post nua a ghlacadh, tá 30 lá oibre ag an ngníomhaireacht cinneadh a eisiúint. Níl teorainn den sórt sin leagtha amach do ghníomhaíochtaí seachtracha. Sula nglacfar cinneadh, bíonn ar an ngníomhaireacht teagmháil a dhéanamh leis an gComhchoiste.

55 Le linn na dtrí bliana deiridh (2019-2021), níor mheas ach 20 as na 40 gníomhaireacht a scrúdaíomar aon chásanna dorais imrothlaigh a d’fhéadfadh a bheith ann a bhain le baill foirne shinsearacha. Níor mheas ach cúig cinn aon chásanna a bhain le comhaltaí dá mboird a bheith ag dul i bpost nua nó ag tabhairt faoi ghníomhaíocht sheachtrach. Mar a léirítear i bhFíor 14, ba é líon iomláin na gcásanna a measúnaíodh ná 71, agus as sin, bhí baint ag 43 chás le foireann shinsearach agus baint ag 28 gcás le comhaltaí boird. Tá na huimhreacha sin bunaithe ar an bhfaisnéis a fuaireamar ó na gníomhaireachtaí, rud a bhí ag brath go ginearálta ar fhéindearbhuithe ón bhfoireann agus ó chomhaltaí boird lena mbaineann. Níl imscrúdú déanta againn chun aon chásanna neamhdhearbhaithe a shainaithint.

Fíor 14 – Is beag cás a rinne formhór na ngníomhaireachtaí measúnú orthu, nó ní dhearna siad measúnú ar aon cheann

Foinse: CIE, ar bhonn faisnéise a fuarthas ó na gníomhaireachtaí.

56 Scrúdaíomar sampla de 17 gcinn de na cásanna agus thángamar ar an gconclúid gur chomhlíon na gníomhaireachtaí go ginearálta na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme. Bhain na sáruithe a shainaithníomar i sé ghníomhaireacht (féach Fíor 15) leis an oibleagáid liosta cásanna a ndearnadh measúnú orthu a fhoilsiú, teagmháil a dhéanamh leis an gComhchoiste, nó cinneadh foirmiúil a eisiúint laistigh de 30 lá oibre.

Fíor 15 – D’aimsíomar sáruithe nós imeachta i sé ghníomhaireacht

Foinse: CIE.

Gníomhaíocht atá le déanamh 5

Ba cheart do ghníomhaireachtaí a nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha a neartú maidir le cásanna “dorais imrothlaigh”, chun a áirithiú go bhfuil na rialacha is infheidhme á gcomhlíonadh go hiomlán. Go háirithe, ba cheart dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • cinntí foirmiúla a eisiúint laistigh den teorainn ama is infheidhme;
  • teagmháil a dhéanamh leis an gComhchoiste i dtaobh na gcásanna go léir sula n-eiseoidh siad cinneadh;
  • liosta a fhoilsiú maidir leis na cásanna a mheasúnaítear i ndáil le riosca na brústocaireachta agus na habhcóideachta.

Níl ach roinnt gníomhaireachtaí a dhéanann níos mó ná na ceanglais dhlíthiúla íosta nuair a bhíonn cásanna féideartha de dhoirse imrothlacha á láimhseáil acu

57 Bhí a rialacha inmheánacha féin tugtha isteach ag naoi ngníomhaireacht (EBA, EIOPA, EIT, EMA, ESMA, EUIPO, Europol, FRA agus SRB) chun deileáil le heaspa forálacha i reachtaíocht an Aontais a rialaíonn gníomhaíochtaí chomhaltaí bhoird na ngníomhaireachtaí. Féach Bosca 7.

Bosca 7

Samplaí de rialacha an dorais imrothlaigh ó EMA agus EIT

Cuireann rialacha inmheánacha EMA de cheangal ar chomhaltaí boird (agus ar a gcomhaltaí ionaid) fógra láithreach a thabhairt do EMA má tá sé i gceist acu tabhairt faoi ghníomhaíochtaí ceirde le cuideachtaí cógaisíochta. Ón uair a fhaigheann sé fógra den sórt sin, ní mór do EMA srian a chur an té lena mbaineann ó aon bhaint eile a bheith aige nó aici i ngníomhaíochtaí an bhoird. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le comhaltaí choistí eolaíocha agus grúpaí saineolaithe EMA.

Tá Cód Dea-Iompraíochta ag EIT, a thugann aghaidh ar choinbhleachtaí leasa do chomhaltaí an bhoird rialaithe. Stopann sé comhaltaí an bhoird ó aon phost, bíodh sé íoctha nó neamhíoctha, a ghlacadh in aon ghnólachtaí, ionaid taighde nó ollscoileanna a ghlacann páirt sna Pobail Eolais agus Nuálaíochta atá ag EIT nó ó aon deontais EIT a fháil, ar feadh dhá bhliain tar éis dóibh a bpost a fhágáil.

58 Ní chuireann an 31 ghníomhaireacht eile san áireamh aon chásanna féideartha “dorais imrothlaigh” seachas na cinn a bhaineann lena bhfoireann reatha agus a n-iarfhoireann. Mar thoradh air sin, níl ach líon beag cásanna féideartha “dorais imrothlaigh” de chomhaltaí bhoird na ngníomhaireachtaí faoi réir aon mheasúnaithe (féach Fíor 16). Is féidir le coinbhleachtaí leasa braite nó iarbhír a bheith mar thoradh air sin, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis leis an méid seo a leanas:

  • cinntí nach bhfuil ar mhaithe le leas an phobail ach atá ar mhaithe le leas an fhostóra a bheidh amach anseo ag an gcomhalta boird lena mbaineann;
  • buntáistí míchothroma d’eintitis earnála príobháidí ar leith i dtaca le faisnéis chos istigh nó caidrimh/brústocaireacht.

Fíor 16 – Ní dhéantar ach líon beag chásanna féideartha “dorais imrothlaigh” a bhaineann le comhaltaí bhoird na ngníomhaireachtaí a mheasúnú

Foinse: CIE, ar bhonn faisnéise a fuarthas ó na gníomhaireachtaí.

Gníomhaíocht atá le déanamh 6

Ba cheart do ghníomhaireachtaí rialacha inmheánacha a thabhairt isteach do chomhaltaí dá mboird maidir le coinbhleachtaí leasa go ginearálta agus cásanna “dorais imrothlaigh” go háirithe.

59 Tríd is tríd, fuaireamar go mbíonn gníomhaireachtaí ag brath beagnach go heisiach ar fhéindearbhuithe ó chomhaltaí na foirne lena mbaineann maidir le cásanna “dorais imrothlaigh” a shainaithint agus an riosca de choinbhleacht leasa a ghabhann leis. Ní ghlacann an chuid is mó de na gníomhaireachtaí aon chéimeanna chun a fháil amach an bhfuil gníomhaíochtaí neamhdhearbhaithe seachtracha á ndéanamh ag baill foirne reatha nó ar chuir a n-iarbhaill foirne tús le poist nua gan an ghníomhaireacht a chur ar an eolas. Ní dhéanann siad faireachán ach oiread féachaint an bhfuil iarbhaill foirne ag comhlíonadh na srianta atá forchurtha orth ina bpost nua. Tá ceithre shampla den dea-chleachtas sainaitheanta againn, áfach, ina léirítear an chaoi ar thug gníomhaireachtaí nósanna imeachta isteach chun faireachán a dhéanamh air sin. Féach Bosca 8.

Bosca 8

Níl nósanna imeachta i bhfeidhm ach ag ceithre ghníomhaireacht (Oifig BEREC, SRB, ÚBE agus ESMA) maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha a bhaineann le “doras imrothlach”

Tá nósanna imeachta i bhfeidhm ag Oifig BEREC chun seiceálacha samplacha a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí ag iarbhaill foirne faoi Airteagal 16 de na Rialacháin Foirne. Leis na seiceálacha sin, dírítear ar bhaill foirne shinsearacha agus ar bhaill foireann nach bhfuil cead acu dul i mbun gníomhaíochta ar leith nó a raibh cead acu glacadh le post nua faoi réir teorainneacha áirithe.

Tá nósanna imeachta ag SRB chun seiceálacha comhlíontachta a chur i gcrích ar dhaoine a bhí ar an bhfoireann tráth ach a d’fhág SRB laistigh den dá bhliain roimhe sin, lena n-áirítear úsáid a bhaint as bunachair sonraí atá ar fáil go poiblí.

Gníomhaíocht atá le déanamh 7

Ba cheart do ghníomhaireachtaí tabhairt faoi fhaireachán gníomhach na gníomhaíochta proifisiúnta dá mbaill foirne shinsearacha (lena n-áirítear iad siúd a d’fhág an ghníomhaireacht le dhá bhliain anuas) chun bheith in ann cásanna “dorais imrothlaigh” neamhdhearbhaithe a bhrath agus lena áirithiú go gcomhlíonfar na srianta a bhí curtha i bhfeidhm roimhe sin orthu.

Táirgí eile a bhaineann le gníomhaireachtaí atá eisithe ag an gCúirt Iniúchóirí

60 Seachas tuarascálacha iniúchóireachta a chlúdaíonn na gníomhaireachtaí go sonrach, i gcaitheamh na bliana 2021 agus sa chéad leath de 2022, d’eisigh an Chúirt Iniúchóirí roinnt tuarascálacha speisialta maidir le cur chun feidhme bheartas an Aontais ina ndearnadh tagairt do roinnt gníomhaireachtaí. Tá an liosta iomlán i bhFíor 17.

Fíor 17 – Tuarascálacha speisialta eile CIE ina dtagraítear do ghníomhaireachtaí a eisíodh in 2021 agus an chéad leath de 2022

Foinse: CIE.

Tá gníomhaireachtaí ag déanamh obair leantach ar bharúlacha ó bhlianta roimhe seo

61 Cuireann muid faisnéis ar fáil faoi stádas na oibre leantaí atá déanta ag na gníomhaireachtaí mar fhreagra ar bharúlacha ó bhlianta roimhe seo. Léirítear i bhFíor 18 i gcás na 139 mbarúil nach raibh aghaidh tugtha orthu ag deireadh 2020, go raibh – in 2021 – gníomhaíocht cheartaitheach tugtha chun críche i 67 gcás acu, agus go raibh 39 chás ann a bhí idir lámha. I gcás 22 ghníomhaireacht (ACER, Oifig BEREC, CEPOL, CPVO, EASA, EASO, EFSA, EISMEA, EIT, EMA, EMCDDA, ERA, ESMA, ETF, EUIPO, eu-LISA, Eurofound, Eurojust, Europol, FRA, Frontex agus SRB), tuairiscímid 48 mbarúil ó bhlianta roimhe sin nár cuireadh chun feidhme go fóill, agus tá 9 gcinn díobh sin fós gan réiteach.

Fíor 18 – Iarrachtaí na ngníomhaireachtaí obair leantach a dhéanamh ar bharúlacha ó bhlianta roimhe seo

Foinse: CIE.

62 Míníonn Bosca 9 na stádais éagsúla den obair leantach a úsáidtear sa tuarascáil seo agus tugtar samplaí ann de chásanna tipiciúla lena mbaineann siad.

Bosca 9

Samplaí den stádas den obair leantach a úsáidtear sa doiciméad seo

Críochnaithe: Thug an ghníomhaireacht feabhsúcháin isteach chun aghaidh a thabhairt ar an mbarúil, le tacaíocht ó fhianaise agus arna seiceáil ag CIE.

Idir lámha: Tá roinnt fianaise ann go ndearnadh gníomh ceartaitheach, ach níl an próiseas curtha chun feidhme go hiomlán ná críochnaithe go fóill.

Gan réiteach: Gan aon fhreagairt ar an mbarúil nó easaontas ag an ngníomhaireacht.

N/B: Níl an bharúil infheidhme a thuilleadh, nó tá an conradh ba chúis leis an mbarúil dulta in éag. Infheidhme freisin, mar gheall ar athrú imthosca, nuair is mó an costas chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist ná na buntáistí.

Liosta acrainmneacha a úsáidtear do ghníomhaireachtaí an Aontais agus comhlachtaí eile

Acrainm Ainm iomlán   Acrainm Ainm iomlán
ACER Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh   EMA An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach
Oifig BEREC An Ghníomhaireacht Tacaíochta do Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach   EMCDDA An Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí
CdT Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh   EMSA An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí
Cedefop An Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna   ENISA Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil
CEPOL Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí   OIPE Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
Chafea An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia   ERA Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh
CINEA An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol   ERCEA Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde
CPVO An Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí   ESA Gníomhaireacht Soláthair Euratom
EACEA An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr   ESMA An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí
EASA Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh   ETF An Fhondúireacht Eorpach Oiliúna
EASO An Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn   EUIPO Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
ÚBE An tÚdarás Baincéireachta Eorpach   eu-LISA Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a Dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais
ECDC An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú   EU-OSHA An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair
ECHA An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán   Eurofound An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú
EEA An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil   Eurojust Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil
EFCA An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach   Europol Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí
EFSA An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia   EUSPA Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis
EIGE An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne   FRA Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha
EIOPA An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde   Frontex An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta
EISMEA Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide   HaDEA An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú
EIT An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht   REA An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde
ELA An tÚdarás Eorpach Saothair   SRB An Bord Réitigh Aonair

An fhoireann iniúchóireachta

 

Ar chúl (ó chlé go deas): Janis Gaisonoks, Marco Corradi, Peter Eklund, Joao Pedro Bento, Ivo Koppelmaa, Emmanuel Djoffon (Iniúchóirí).

Sa lár (ó chlé go deas): Sergio Gascon Samper (Iniúchóir), Alexandra Mazilu (Dearthóir grafaice), Nikolaos Alampanos, Armin Hosp, Leonidas Tsonakas, Paulo Oliveira, (Iniúchóirí), Ioanna Michali (Cúntóir).

Chun tosaigh (ó chlé go deas): Rimantas Šadžius (Comhalta den Chúirt), Julio Cesar Santin Santos, Mirko Gottmann (Iniúchóirí), Michal Machowski (Príomhbhainisteoir), Christine Becker (Iniúchóir), Mindaugas Pakstys (Ceannasaí na hOifige Príobháidí).

Comhaltaí den fhoireann iniúchóireachta nach bhfuil sa ghrianghraf: John Sweeney (Príomhbhainisteoir), Di Hai, Matthias Blaas (Ataiséanna), Iveta Adovica, Santiago Fuentes, Joaquin Hernandez Fernandez, Marc Hertgen, Tomas Mackevicius, Hans Christian Monz, Roberto Sanz Moratal, Svetoslava Tashkova, (Iniúchóirí), Chantal Kapawa (Cúntóir).

Ba mhaith linn ómós ar leith a léiriú don Uasal Alex Brenninkmeijer (1951-2022), Comhalta den Chúirt, a bhí i gceannas ar an iniúchóireacht seo go dtí Aibreán 2022.

Críochnótaí

1 Airteagail 285 go 287 (IO C 326, 26.10.2012, lgh. 169-171).

2 Tá tuilleadh eolais faoinár gcuid oibre le fáil inár dtuarascálacha maidir le gníomhaíochtaí, inár dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme bhuiséad an Aontais Eorpaigh, inár dtuarascálacha speisialta, inár n-athbhreithnithe lánléargais agus inár dtuairimí i dtaca le dlíthe nua nó nuashonraithe an Aontais nó i dtaca le cinntí eile a bhfuil impleachtaí acu don bhainistiú airgeadais (www.eca.europa.eu).

3 ACER, Oifig BEREC, Cedefop, CdT, CEPOL, CPVO, EASA, EASO, ÚBE, ECDC, ECHA, EEA, EFCA, EFSA, EIGE, EIOPA, ELA, EMA, EMCDDA, EMSA, ENISA, ERA, ESMA, ETF, EUIPO, eu-LISA, EU-OSHA, EUSPA, Eurofound, Eurojust, Europol, FRA, Frontex.

4 CINEA, EACEA, EISMEA, ERCEA, HaDEA, REA agus Chafea (a scoir an 1 Aibreán 2021).

5 Féach ár dtuarascáil le haghaidh bliain airgeadais 2020.

6 Athbhreithniú 01/2014: “Bearnaí, forluí agus dúshláin – Athbhreithniú lánléargais ar chuntasacht AE agus ar shocruithe iniúchóireachta poiblí’, mír 84.

7 Straitéis 2021-2027 do Líonra Ghníomhaireachta AE, an Bhruiséil, 9 Samhain 2020.

8 Tuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaireachtaí an Aontais do bhliain airgeadais 2019: míreanna 2.34-2.41.

9 Tuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaireachtaí an Aontais do bhliain airgeadais 2020: míreanna 3.30-15.

10 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/173 ón gCoimisiún lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Eorpaí um Thaighde, agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr.

11 Airteagail 42 de Rialachán (AE) Uimh 1093/2010, 1094/2010 agus 1095/2010.

12 CIE, Tuarascáil speisialta 10/2019: “Tástálacha struis do bhainc ar fud an AE – Soláthraítear faisnéis as cuimse ar bhainc, ach tá gá le comhar agus aird níos fearr ar rioscaí”.

13 CIE, Tuarascáil speisialta 29/2018: “Rinne EIOPA rannchuidiú tábhachtach do mhaoirseacht agus seasmhacht san earnáil árachais, ach tá dúshláin shuntasacha ann i gcónaí”.

14 CIE, Tuarascáil speisialta 13/2021: “Tá iarrachtaí an Aontais i ndáil le sciúradh airgid san earnáil baincéireachta a chomhrac ró-ilroinnte agus níl an cur chun feidhme leordhóthanach”

15 CIE, Tuarascáil speisialta 04/2022: “Cistí infheistíochta – Níl gníomhaíochtaí an Aontais tar éis fíormhargadh aonair a théann chun tairbhe infheisteoirí a chruthú go fóill”.

16 Togra ón gCoimisiún maidir le leasuithe ar Rialacháin (AE) Uimh 1093/2010, 1094/2010 agus 1095/2010, COM(2017) 536 final.

17 Lámhleabhar um Ionracas Poiblí ECFE; Caibidil 13.3.2.

18 Obair an Ombudsman Eorpaigh ar dhoirse imrothlacha.

19 Airteagail 12, 12b, 16 agus 17 de Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh d’Fhuinneamh Adamhach.

20 Tuarascáil an Ombudsman Eorpaigh maidir le faisnéis a fhoilsiú ar iarfhoireann shinsearach chun an toirmeasc bliana ar bhrústocaireacht agus ar abhcóideacht a fhorfheidhmiú.

Déan teagmháil le

European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG

Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors

Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).

Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2022

PDF ISBN 978-92-847-8818-7 doi:10.2865/648036 QJ-AH-22-001-GA-N
HTML ISBN 978-92-847-8829-3 doi:10.2865/462585 QJ-AH-22-001-GA-Q

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Ar an bhfón nó i scríbhinn
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

  • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
  • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
  • tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.

EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).

Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh
Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).

Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh
Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.