Freastal réasúnta ag an obair Treoirlínte agus dea-chleachtas

Tá an foilseachán seo ar fáil i 24 theanga agus sa leagan seo a leanas:
PDF
PDF

Réamhrá:
Cad le haghaidh na treoirlínte seo?

Bhí freastal réasúnta d’oibleagáid ar fhostóirí faoi dhlí an Aontais ó bhí 2000 ann1.
Fós féin ní maith mar a thuigtear an coincheap ná an cleachtas ar fud an Aontais, agus ní bhíonn a ­fhios ag daoine i gcónaí cá bhfaighidh siad an t-eolas agus an tacaíocht2.

Tugtar eolas, samplaí praiticiúla agus tagairtí sna treoirlínte seo chun cuidiú le fostóirí an riachtanas sin a chomhlíonadh. Ullmhaíodh na treoirlínte le cúnamh ó chomhaltaí an Ardáin Míchumais3 agus ó chomhpháirtithe sóisialta agus ní hamháin gur chuir siad moltaí ar fáil ach thug siad samplaí de dhea-chleachtais freisin. D’fhéadfaí leas a bhaint as na treoirlínte mar acmhainn luachmhar chun cleachtais ag an áit oibre a athrú chun tacú níos fearr leis an lucht saothair ginearálta, agus chun timpeallacht oibre níos ionchuimsithí a chruthú ina bhfreastalaítear ar gach uile fostaí, gan beann ar a gcumais.

Is cuma más fostóir nó úinéir cuideachta, bainisteoir nó ceannaire foirne, speisialtóir acmhainní daonna, nó díreach comhghleacaí oibre thú, ba cheart do na léargais agus na samplaí praiticiúla de dhea-chleachtas a gheobhaidh tú sa bhróisiúr seo inspioráid a thabhairt duit le linn duit daoine faoi mhíchumas a earcú, a fhostú agus a choinneáil ag úsáid freastal nó coigeartuithe a théann chun tairbhe fostaithe agus fostóirí araon4. Ach na gnéithe praiticiúla a bhaineann le freastal réasúnta agus an cúlra maidir leis a bheith ar eolas agat fágfaidh sin go mbeidh tú níos ábalta glacadh le cumais agus rannchuidiú na foirne faoi mhíchumas go fonnmhar, rud lena saibhreofar an áit oibre dá réir sin agus a rachaidh chun tairbhe d’eagraíochta.

Is d’fhostóirí go príomha na treoirlínte, ach ar ndóigh bainfidh páirtithe leasmhara éagsúla tairbhe astu, cuir i gcás comhlachais fostóirí, ceardchumainn, údaráis phoiblí, comhlachtaí comhionannais5, an tsochaí shibhialta agus daoine faoi mhíchumas. Is féidir leis na dreamanna seo a leanas na treoirlínte a úsáid:

  • comhlachais fostóirí chun cultúr cuimsitheachta a chothú i measc a mballeagraíochtaí, agus chun fealsúnacht freastail agus comhionannas deiseanna comhroinnte a chur chun cinn;
  • ceardchumainn agus an tsochaí shibhialta chun labhairt ar son cleachtais saothair níos ionchuimsithí, chun feasacht agus tuiscint a ardú maidir leis an ngá ríthábhachtach atá le freastal réasúnta;
  • údaráis phoiblí chun beartas a mhúnlú, chun creata rialála a fheabhsú, agus a bheith mar bhonn eolais ag a gcuid straitéisí chun an chuimsitheacht san áit oibre a chur chun cinn; agus ar deireadh thiar thall;
  • daoine faoi mhíchumas chun a gcuid cearta a thuiscint níos fearr mar aon leis an bhfreastal ar féidir leo coinne a bheith acu leis san áit oibre, agus chun a bheith in ann labhairt go héifeachtach ar son a gcuid riachtanas.

1 Oibleagáidí dlíthiúla, beartas agus cúlra1

‘Tá ag gach duine an ceart chun obair a dhéanamh agus ­gabháil do shlí bheatha atá roghnaithe nó glactha go saorálach aige nó aici. Tá ag gach saoránach den Aontas an tsaoirse chun fostaíocht a lorg, chun obair a dhéanamh, agus chun an ceart chun gnóthas a chur ar bun agus seirbhísí a sholáthar nó a fháil in aon Bhallstát a fheidhmiú.’

An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

1.1 Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UN CRPD)2

Shínigh agus dhaingnigh Ballstáit uile an Aontais UN CRPD, rud a chiallaíonn go bhfuil sé d’oibleagáid ar gach Ballstát faoin dlí idirnáisiúnta cearta daoine faoi mhíchumas a chosaint i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún seo. Tá an tAontas Eorpach ina pháirtí sa Choinbhinsiún ina cheart féin freisin.

Léirítear athrú paraidíme ar mheonta agus ar chuir chuige sa Choinbhinsiún maidir le daoine faoi mhíchumas - ó bheith ag féachaint ar dhaoine faoi mhíchumas mar ‘spriocanna’ carthanais, cóireála leighis agus cosanta sóisialta go dtí an tuiscint gur ‘gníomhairí’ iad daoine faoi mhíchumas a bhfuil cearta acu, agus iad in ann cinntí a dhéanamh agus a bheith ina mbaill ghníomhacha den tsochaí. Iarrtar ar fhostóirí freastal réasúnta a chur ar fáil chun cur ar a gcumas do dhaoine faoi mhíchumas cúraimí a bhaineann le hobair a dhéanamh. I gcás nach soláthraítear freastal réasúnta gan údar cuí a thabhairt d’fhéadfaí a rá gur foirm choiscthe d’idirdhealú míchumais é sin faoin dlí náisiúnta nó faoin dlí neamh-idirdhealaithe Eorpach, agus faoin gCoinbhinsiún chomh maith.

Tá Airteagal 27 de UN CRPD3, maidir le hobair agus fostaíocht, ábhartha go háirithe, in éineacht le Barúil Ghinearálta Uimh. 8 (2022)4 an Choiste um Chearta Daoine faoi Mhíchumas, maidir leis an gceart atá ag daoine faoi mhíchumas obair a dhéanamh agus dul i mbun fostaíochta. Le hAirteagal 27 cuirtear cosc ar idirdhealú ar bhonn míchumais i ndáil le gach ábhar a bhaineann le gach cineál fostaíochta, lena n-áirítear earcaíocht, fostú, leanúnachas fostaíochta, dul chun cinn gairme agus dálaí oibre sábháilte agus sláintiúla. Soiléirítear i mBarúil Ghinearálta Uimh. 8 na hoibleagáidí atá ar rialtais faoi Airteagal 27, ina gcuirtear i dtábhacht gur ceart bunúsach de chuid an duine é an ceart chun obair a dhéanamh, agus go bhfuil sé ríthábhachtach chun cearta eile an duine a chomhlíonadh. Is comhpháirt dhoscartha agus bhunúsach de dhínit an duine é, toisc go ndeimhnítear luach an duine leis agus a acmhainneacht cur leis an tsochaí.

‘Aithníonn Páirtithe Stáit an ceart atá ag daoine faoi mhíchumas obair a dhéanamh, ar bhonn comhionann le daoine eile; áirítear leis sin an ceart chun deis a fháil slí mhaireachtála a bhaint amach trí obair a roghnaítear gan bhac nó a nglactar léi i margadh saothair agus i dtimpeallacht oibre atá oscailte, ionchuimsitheach agus inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.’
Airteagal 27 de UN CRPD

1.2 An Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta5

San Aontas Eorpach, tá dualgas ar fhostóirí freastal réasúnta a sholáthar d’oibrithe faoi mhíchumas. I dTreoir 2000/78/CE ón gComhairle, lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh cóir chomhionann i bhfostaíocht (‘An Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta’), tá na forálacha is ábhartha i ndlí an Aontais ann maidir le daoine faoi mhíchumas agus freastal réasúnta.

‘Chun a ráthú go gcomhlíonfar an prionsabal maidir le cóir chomhionann i ndáil le daoine faoi mhíchumas, soláthrófar freastal réasúnta. Ciallaíonn sé sin go ndéanfaidh fostóirí bearta iomchuí, i gcás inar gá i gcás ar leith, chun cur ar a chumas do dhuine faoi mhíchumas rochtain a bheith aige ar fhostaíocht, a bheith rannpháirteach inti nó dul chun cinn a dhéanamh i bhfostaíocht, nó dul faoi oiliúint, mura bhforchuirfí ualach díréireach ar an bhfostóir le bearta den sórt sin. Ní bheidh an t-ualach sin díréireach i gcás ina leigheastar é go leordhóthanach le bearta atá faoi chuimsiú bheartas míchumais an Bhallstáit lena mbaineann.’

Airteagal 5, An Treoir maidir le ­Comhionannas Fostaíochta

1.3 Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas, 2021-2030

Mar chuid de bheartas míchumais an Aontais, féachann sé le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun fostaíocht daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn.

Soláthraítear sa Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-20306 creat don bheartas sin, atá dírithe ar fheabhas a chur ar shaol daoine faoi mhíchumas.

Ceann de na seacht dtionscnamh shuaitheanta den Straitéis is ea an Pacáiste Fostaíochta Míchumais7, tacar treoraíochta, cleachtas agus deiseanna foghlama atá beartaithe d’fhostóirí, d’eagraíochtaí fostóirí, údaráis phoiblí agus an tsochaí shibhialta, agus é mar chuspóir acu feabhas a chur ar thorthaí mhargadh an tsaothair do dhaoine faoi mhíchumas. Is cuid den phacáiste iad na treoirlínte seo.

I mí na Nollag 2022, d’iarr Comhairle an Aontais Eorpaigh ar na Ballstáit na treoirlínte ábhartha a chur chun feidhme, tacú le gairmoideachas agus gairmoiliúint do dhaoine faoi mhíchumas, an t-aistriú chuig an margadh saothair a éascú, agus spriocanna náisiúnta a leagan síos le haghaidh fostaíocht daoine faoi mhíchumas agus rannpháirtíocht i bhfoghlaim aosach8.

Baineann Prionsabal 17 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta go sonrach le cuimsiú daoine faoi mhíchumas. Luaitear ann:9 specifically relates to the inclusion of persons with disabilities. It states:

‘Tá sé de cheart ag daoine faoi mhíchumas tacaíocht ioncaim a fháil lena gcinntítear gur féidir leo maireachtáil faoi dhínit, seirbhísí a fháil a chuireann ar a gcumas dóibh páirt a ghlacadh sa mhargadh saothair agus sa tsochaí, agus timpeallacht oibre a bheith acu atá in oiriúint dá riachtanais.’

Forchuirtear leis an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach a ritheadh le déanaí ceanglais nua tuairiscithe ar ghnólachtaí a oibríonn san Aontas. Go háirithe, tugtar ceanglas isteach leis tuairisc a thabhairt ar bheartas na cuideachta maidir le héagsúlacht (ina gcumhdaítear míchumas) mar a chuirtear i bhfeidhm é ar a chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta10.

1.4 Beartais agus reachtaíocht náisiúnta

Tá dlíthe náisiúnta agus réigiúnacha ag 27 mBallstát uile an Aontais lena ndéantar an Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta a thrasuí agus a chur chun feidhme, rud a chiallaíonn freisin go bhfuil oibleagáid ar fhostóirí freastal réasúnta a sholáthar sna tíortha sin uile. Ní úsáideann roinnt tíortha, mar sin féin, ach sainmhínithe leathana amháin faoi cad is freastal réasúnta ann, agus faoi cad a d’fhéadfaí a mheas mar ualach díréireach.

Tá deontais, fóirdheontais agus tacaíocht lóistíochta ar fáil i bhformhór na dtíortha chun na costais a chumhdach a bhaineann le freastal réasúnta a dhéanamh, faoi mar atá tacaíocht le haghaidh pleanála agus cur chun feidhme.

faoiseamh cánach ar fáil d’fhostóirí a fhostaíonn oibrithe faoi mhíchumas sa mhargadh saothair oscailte in 11 thír den Aontas, agus tairgeann 13 acu laghduithe ar íocaíochtaí slándála sóisialta nó árachais sláinte ó fhostóirí. Tairgeann formhór na dtíortha fóirdheontais phá chun fostaíocht daoine faoi mhíchumas a spreagadh, agus tá níos mó daoine ag glacadh leis sin. Mhapáil an Fóram Eorpach maidir leis an Míchumas na tíortha as an Aontas ina dtacaítear leis na costais le haghaidh freastal réasúnta11 (féach thíos).

Chuir an chuid is mó de thíortha tionscnaimh ardú feasachta chun feidhme agus soláthraíonn siad eolas, comhairle agus tacaíocht maidir le daoine faoi mhíchumas a fhostú. I roinnt tíortha, tá scéimeanna ann chun teagmháil a éascú idir cuardaitheoirí poist faoi mhíchumas agus fostóirí féideartha, agus bronntar luach saothair ar fhostóirí a léiríonn dea-chleachtas. Bíonn reachtaíocht náisiúnta ann uaireanta lena n-iarrtar ar eagraíochtaí bainisteoir míchumais a cheapadh nó duine éigin a bheidh freagrach as tacaíocht a thabhairt d’fhostaithe faoi mhíchumas.

Dá mba mhaith leatsa tuilleadh a fháil amach faoi chás daoine faoi mhíchumas san Aontas, beidh tú in ann teacht ar thuarascálacha faoi chomhionannas míchumais i dtíortha aonair den Aontas ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh (féach tuarascálacha Shaineolas Eorpach um Míchumas)12. Tugtar léargas sna tuarascálacha ar na cúinsí ina mbíonn daoine faoi mhíchumas, laistigh den mhargadh saothair sna tíortha éagsúla agus níos faide ná sin. Cuideoidh sé sin leat do straitéisí earcaíochta agus coinneála a chur in oiriúint do dhaoine faoi mhíchumas. Ach iarrachtaí réamhghníomhacha den sórt sin a ghlacadh – agus féachaint ar fhostaíocht laistigh de chomhthéacs níos leithne saol daoine faoi mhíchumas – cuideoidh sé sin chun margadh saothair níos ionchuimsithí a chruthú ina seasfar leis na prionsabail maidir le comhionannas deiseanna, dálaí córa oibre agus cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta (na gnéithe uile den Cholún Eorpach um Chearta Sóisialta).

EU Member states that provide support for reasonable accomodation in the form of grant, tax subsidies or direct provision of equipment, ect.


EU state members that provide it (24)
1 Ireland
2 Portugal
3 Netherlands
4 Belgium
5 Luxembourg
6 France
7 Spain
8 Denmark
9 Germany
10 Italy
11 Malta
12 Sweden
13 Finland
14 Estonia
15 Lithuania
16 Poland
17 Czechia
18 Austria
19 Slovenia
20 Croatia
21 Slovakia
22 Hungary
23 Romania
24 Bulgaria

EU state members that provide it to a limited extent (2)
25 Latvia
26 Greece

EU state members that do not provide (1)
27 Cyprus

1.5 Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Tá sé de chúram ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) breithiúnas a thabhairt ar cé acu atá nó nach bhfuil dlí an Aontais á léirmhíniú i gceart agus á chur i bhfeidhm i ngach tír de chuid an Aontais. Tá sé sin ríthábhachtach don Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta, go háirithe don oibleagáid maidir le freastal réasúnta a sholáthar, chun féachaint chuige nach gcuireann cúirteanna náisiúnta ar fud an Aontais na rialacha i bhfeidhm ar bhealaí difriúla.

Ina breithiúnas suntasach HK Denmark, mhaígh CBAE go bhfuil ag freastal réasúnta, arna thuiscint le tagairt d’Airteagal 2 den UN CRPD, sainmhíniú leathan ina dtagraítear do ‘dheireadh a chur leis na bacainní éagsúla a chuireann bac ar rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach daoine faoi mhíchumas sa saol gairmiúil ar bhonn comhionann le daoine eile’. Ní hamháin go gcuimsítear bearta ábhartha leis an gcoincheap maidir le freastal réasúnta ach cuimsítear bearta eagraíochtúla leis freisin, ina bhféadfaí athrú ar an luas nó ar an rithim ag a ndéantar obair a áireamh leis freisin. Mar sin, d’fhéadfadh freastal réasúnta a bheith i gceist le laghdú ar uaireanta oibre i gcás ina bhfágfadh níos lú uaireanta an chloig go mbeadh oibrí in ann leanúint de bheith rannpháirteach i bhfostaíocht13.

Le gairid anuas, ina rialú Ca Na Negreta, shoiléirigh CBAE go dtugann an Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta cosaint don oibrí ó dhíbirt uathoibríoch i gcás ina dtarlaíonn míchumas le linn an chaidrimh fostaíochta ar bhealach a fhágann nach bhfuil ar a chumas na cúraimí a leagtar amach ina chonradh fostaíochta a dhéanamh go buan. Éilítear ar an bhfostóir foráil a dhéanamh maidir le freastal réasúnta ionas gur féidir leis an oibrí fanacht sa phost; ní féidir leis an bhfostóir an t-oibrí a dhíbirt ach amháin más féidir leis a léiriú go gcuimseofaí ualach díréireach le freastal den sórt sin14.

Baineann gach duine tairbhe as fostóir ionchuimsitheach

UIMHIR A HAON:

COMHLÍONTAR OIBLEAGÁIDÍ DLÍTHIÚLA AGUS EITICIÚLA

In éineacht leis an Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta an Aontais, tá ceanglais dlí ar roinnt mhaith tíortha maidir le comhionannas deiseanna fostaíochta agus neamh-idirdhealú daoine faoi mhíchumas15.

Ach daoine faoi mhíchumas a earcú agus a fhostú go gníomhach, féachann fostóirí chuige go gcomhlíontar na hoibleagáidí sin agus léiríonn siad a dtiomantas don fhreagracht shóisialta, do chearta an duine agus do chleachtais eiticiúla gnó.

UIMHIR A DÓ:

AN CUIMSIÚ AGUS AN ÉAGSÚLACHT

Nuair a fhostaítear daoine faoi mhíchumas léirítear tiomantas maidir le cultúr ionchuimsitheach agus éagsúil san áit oibre, agus seoltar teachtaireacht láidir go bhfuil meas ag an eagraíocht ar an éagsúlacht agus go bhfuil sí tiomanta comhionannas deiseanna a chur ar fáil. Áiteanna oibre a chuireann rannpháirtíocht fostaithe chun cinn, is féidir leo an tallann is fearr atá ar fáil a mhealladh.

UIMHIR A TRÍ:

ROCHTAIN AR LINN TALLAINNE ÉAGSÚIL

Ach daoine faoi mhíchumas a fhostú osclaítear suas rochtain ar raon éagsúil scileanna, cumas agus peirspictíochtaí, go háirithe i gcomhthéacs ina bhfuil ganntanais lucht saothair. Lena dtaithí siúd tagann smaointe úra agus cineálacha cur chuige cruthaitheach chun an ceann is fearr a fháil ar dhúshláin.

UIMHIR A CEATHAIR:

RANNPHÁIRTÍOCHT AGUS DÍLSEACHT MHÉADAITHE Ó FHOSTAITHE

Léiríonn fostaithe faoi mhíchumas ardleibhéil rannpháirtíochta agus dílseachta. Mothaíonn fostaithe a oibríonn in áit oibre ionchuimsitheach go bhfuil meas orthu agus go dtugtar aitheantas dóibh. Cuidíonn sé sin leis sin chun borradh a chur faoi rannpháirtíocht agus táirgiúlacht fostaithe, rátaí athraithe i measc na foirne a laghdú agus dea-chaidrimh foirne a chur chun cinn laistigh den eagraíocht.

Uimhir a cúig:

DO BHONN CUSTAIMÉIRÍ AGUS AN TEAGMHÁIL LEIS AN MARGADH A LEATHNÚ

Nuair a fhostaíonn eagraíochtaí daoine faoi mhíchumas cuidítear leo riachtanais bonn custaiméirí éagsúil a thuiscint níos fearr agus freastal ar a gcuid riachtanas. As sin tagann deiseanna nua gnó, sástacht níos fearr le custaiméirí agus téitear i dteagmháil leis an margadh ar bhonn níos leithne. Is mó seans atá ann go dtabharfaidh custaiméirí tacaíocht do chuideachtaí a thugann tús áite don éagsúlacht agus don chuimsiú, rudaí a chuidíonn le híomhá agus cáil dhearfach branda.

UIMHIR A SÉ:

CULTÚR DEARFACH ­EAGRAÍOCHTÚIL A CHOTHÚ

Ach daoine faoi mhíchumas a fhostú, cuireann eagraíochtaí cultúr eagraíochta dearfach agus ionchuimsitheach chun cinn, ina seastar le prionsabal an chomhionannais i measc na bhfostaithe uile, agus braistint pobail, obair bhuíne agus meanma i measc fostaithe. Meallann an cultúr dearfach sin an tallann is fearr agus cuidíonn sé chun an tallann sin a choinneáil, agus as sin cruthaítear lucht saothair níos rannpháirtí agus níos bisiúla.

2 Freastal réasúnta: Cad atá i gceist leis?

2.1 Na bunrudaí

Is é is aidhm d’fhreastal réasúnta cur ar a gcumas do dhaoine faoi mhíchumas rochtain a bheith acu ar fhostaíocht, iad a bheith rannpháirteach ann, nó ardú céime a bhaint amach i bhfostaíocht, cur ar a gcumas d’fhostaithe faoi mhíchumas na torthaí oibre céanna a bhaint amach agus comhionannas deiseanna a bheith acu le fostaithe nach bhfuil faoi mhíchumas, trí rudaí a dhéanamh ar bhealach atá beagán difriúil.

I bhfocail eile, ciallaíonn freastal réasúnta aon athrú ar ról poist timpeallacht oibre a bhfuil gá leis chun cur ar a chumas d’fhostaí faoi mhíchumas a phost a dhéanamh.

Leathnaíonn an ceart maidir le freastal réasúnta chuig gach gníomhaíocht a bhaineann le hobair a chumhdaítear le dlí an Aontais, ón bpróiseas ina ndéantar iarratas ar phost go dtí foirceannadh fostaíochta. Leathnaíonn sé freisin chuig ardú céime, dálaí oibre, oiliúint agus aon bhuntáiste breise a thairgtear don fhoireann.

Cathain a thosaíonn an dualgas?

Mar fhostóir, tosaíonn an oibleagáid atá ortsa freastal réasúnta a chur ar fáil ón bpointe a iarrann duine faoi mhíchumas rochtain ar shuíomhanna nó ar chásanna nach bhfuil fáil aige orthu faoi láthair i ngeall ar bhacainní a d’fhéadfadh, cuir i gcás, cosc a chur air a bheith rannpháirteach in agallamh poist nó fógra poist a léamh.

Fostaithe nach raibh aon bhacainn shuntasach orthu go dtí seo, d’fhéadfaidís a bheith faoi mhíchumas anois tar éis timpiste nó breoiteachta, cuir i gcás. D’fhéadfadh coigeartuithe ag an áit oibre a bheith de dhíth ar na fostaithe sin, ar coigeartuithe iad nach raibh gá leo roimhe seo.

Ní mór duit bearta réamhghníomhacha a dhéanamh chun aon bhacainn a shainaithint agus a bhaint ar bacainní iad a d’fhéadfadh a bheith i do bheartais nó i do chleachtais, nó sa timpeallacht oibre fhisiciúil, chun rochtain chomhionann agus comhionannas deiseanna a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas. Tús maith a d’fhéadfadh a bheith i gcur chuige bunaithe ar bhearta oibre solúbtha uilíocha do gach fostaí. Ní hamháin go bhféadfadh sé cuidiú chun daoine faoi mhíchumas a choinneáil, ach fostaithe eile freisin, cuir i gcás oibrithe scothaosta.

Cuimhnigh go gcaitear freastal réasúnta a chur chun feidhme ag gach céim den fhostaíocht, is é sin earcaíocht, coinneáil, agus dul chun cinn gairme.

Mínítear sna treoirlínte seo conas is féidir leis an bhfostóir a chinntiú gur leor iad bearta a dhéantar chun freastal ar dhaoine faoi mhíchumas, go bhfuil na bearta sin éifeachtach agus praiticiúil, agus go bhfuil siad saincheaptha do riachtanais ar leith gach fostaí.

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí praiticiúla seo a leanas cuidiú leat a chinntiú go gcomhlíontar oibleagáidí Airteagal 5 den Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta:

  • Próiseas earcaíochta ionchuimsitheach
    A chinntiú go bhfuil an próiseas fostaíochta ionchuimsitheach agus inrochtana d’iarrthóirí faoi mhíchumas, lena n-áirítear trí thacaíocht cumarsáide.
  • Dul chun cinn gairme agus oiliúint ionchuimsitheach
    A chinntiú go soláthraíonn tú freastal réasúnta ní hamháin chun post áirithe a dhéanamh, ach a chinntiú gur féidir le daoine faoi mhíchumas tairbhiú de phróiseas dul chun cinn gairme agus oiliúint.
  • Teicneolaíochtaí cúnta a ghlacadh
    An bhéim a chuirtear ar rochtain chomhionann sa Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta a ailíniú, teicneolaíochtaí cúnta a thabhairt isteach amhail léitheoirí scáileáin nó bogearraí aitheantais gutha chun cur ar a gcumas do dhaoine faoi mhíchumas a gcúraimí sa phost a dhéanamh go héifeachtúil.
  • Inrochtaineacht dhigiteach a chinntiú
    Ag meabhrú nach féidir le gach duine gnáthchórais, ardáin agus bogearraí TF a úsáid go héasca. Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar na huirlisí sin agus iad a chur in oiriúint le déanamh cinnte go bhfuil siad ionchuimsitheach agus inrochtana do chách.
  • Cumarsáid inrochtana a chur chun cinn
    Cainéil chumarsáide inrochtana a bhunú amhail seirbhísí fotheidealaithe le linn cruinnithe, gairis éisteachta chuiditheacha, nó ateangairí teanga comharthaíochta a sholáthar d’úsáideoirí teanga comharthaíochta, idirphlé ionchuimsitheach a chur chun cinn laistigh den áit oibre mar a leagtar amach sa Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta.
  • Inrochtaineacht fhisiceach a chinntiú
    A chinntiú go bhfuil áiteanna oibre inrochtana go fisiceach do dhaoine faoi mhíchumas. Ina measc sin tá rampaí, ardáin, leithris inrochtana agus saoráidí agus trealamh eile atá curtha in oiriúint.
  • Socruithe solúbtha oibre a chothú
    Timpeallacht a chruthú ina dtugtar deis le socruithe solúbtha oibre d’fhostaithe faoi mhíchumas obair a dhéanamh agus a gcuid riochtaí a bhainistiú. Ba cheart do na freastail sin comhionannas deiseanna a chur chun cinn, agus cumhacht á tabhairt d’fhostaithe faoi mhíchumas a gcumais a léiriú agus a ndualgais a dhéanamh go héifeachtach ag an obair.
  • Feasacht a ardú maidir le stiogma
    Feasacht a ardú maidir le stiogma agus claontacht a bhaineann le míchumas agus céimeanna a ghlacadh chun deireadh a chur leo laistigh den áit oibre.
  • Ag obair le heagraíochtaí sochaí sibhialta
    Oibriú go dlúth le daoine faoi mhíchumas agus a gcuid eagraíochtaí ionadaíocha chun tairbhiú dá gcuid eolais, saineolais agus acmhainní.
  • Líonraí tacúla a chothú
    Cláir meantóireachta nó grúpaí tacaíochta piaraí a chruthú chun cuimsiú sóisialta agus gairmiúil fostaithe faoi mhíchumas a éascú, ag cuimsiú bunteachtaireacht na Treorach maidir le Comhionannas Fostaíochta maidir le rochtain chothrom a chur chun cinn do chách.

Níor cheart go léireofaí ualach míréasúnta ar d’eagraíocht leis na bearta sin, ag cur méid agus acmhainneacht airgeadais na heagraíochta san áireamh agus na costais éagsúla a d’fhéadfá a thabhú – idir chostais airgeadais agus neamhairgeadais. B’fhéidir gurbh fhiú roghanna a fhiosrú chun maoiniú poiblí a fháil nó cineálacha eile cúnaimh chun cúnamh a thabhairt na bearta is gá a chur chun feidhme. Chun tuilleadh mionsonraí a fháil, féach an roinn ‘Tacaíocht airgeadais’ de na treoirlínte seo.

2.2 Cúig mhodh den fhreastal réasúnta

Is ann do mhodhanna comhlántacha chun freastal réasúnta a chur chun feidhme ag an áit oibre laistigh de thréimhse ama gearr. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi thíortha sonracha, téigh chuig tuarascálacha EDE: Striving for an inclusive labour market16

Is ann do mhodhanna comhlántacha chun freastal réasúnta a chur chun feidhme ag an áit oibre laistigh de thréimhse ama gearr. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi thíortha sonracha, téigh chuig tuarascálacha EDE: Striving for an inclusive labour market [Saothrú i dtreo margadh saothair ionchuimsitheach], nó páipéar plé Equinet lena liostaítear cleachtais shonracha maidir le cásdlí náisiúnta, an iarscríbhinn maidir le cásanna aonair daoine faoi mhíchumas san áireamh17.

Modh 1

Teicneolaíocht chúnta a sholáthar

Féadann tú tacaíocht a thabhairt d’fhostaithe a mbíonn bacainní orthu ina gcuid oibre trí theicneolaíocht chúnta a chur ar fáil dóibh – ríomhchlár is féidir a úsáid chun téacs a mhéadú, in éineacht le scáileán mór speisialta, nó gairis éisteachta chuiditheacha chun nascadh le teileafóin, mar shampla. Is fiú seiceáil le húdaráis áitiúla mar shampla – chun fáil amach faoi mhaoiniú chun cúnamh a thabhairt an costas a bhaineann le gairis chuiditheacha agus réitigh TF éagsúla a chumhdach.

Téann freastal réasúnta níos faide ná an áit oibre a dhéanamh inrochtana – ar nós rochtain a chur ar fáil ar dheasca, leithris, agus bealaí amach. Trína chinntiú gur féidir le duine faoi mhíchumas a stáisiún oibre nó an ceaintín a rochtain, mar shampla, d’fhéadfadh gá a bheith le roinnt coigeartuithe a dhéanamh (mar shampla doirse a athrú, daoine áirithe a bhogadh chuig seomraí difriúla, troscán a bhogadh nó troscán nua a fháil, nó rampaí a chur ar fáil), ach ní mór duit a chinntiú freisin go ndéantar coigeartuithe leordhóthanacha ionas go mbeidh baill foirne faoi mhíchumas ábalta na cúraimí dá bhfuil siad fostaithe, a dhéanamh.

Modh 2

Cúnamh pearsanta

D’fhéadfadh seirbhísí cúnaimh phearsanta a bheith áisiúil do dhaoine faoi mhíchumas chun cuidiú leo cúraimí a thuiscint, a eagrú agus a dhéanamh. Cuir i gcás, tionlacan a bheith acu chun na hoibre, measúnú aonair a dhéanamh chun próiseas earcaíochta, oiliúint nó cúraimí a oiriúnú. Díríonn measúnuithe indibhidiúlaithe ar láidreachtaí agus ar cheanglais an fhostaí aonair a mbíonn bacainní os a chomhair. Is féidir leis an bhfostóir measúnú a dhéanamh ansin ar na réimsí ina bhfuil an acmhainneacht is mó ag an bhfostaí. Tugann a lán suíomhanna gréasáin rochtain d’fhostóirí, d’ionaid oibre agus do dhaoine aonair ar chúntóirí pearsanta.

Modh 3

An spás oibre a choigeartú
(lena n-áirítear teilea-obair)

Áirítear le tacaíocht fostaíochta d’fhostaithe faoi mhíchumas an spás oibre a choigeartú. Leis sin is féidir tagairt a dhéanamh do raon beart, idir troscán, trealamh agus saoráidí sna hoifigí a athrú nó ar an áitreabh i gcoitinne, agus athruithe ailtireachta a dhéanamh lena n-éascaítear cuimsiú agus inrochtaineacht, agus spás ciúin a chur ar fáil, spás oibre aonair, nó teilea-obair. Is féidir le fostóirí na hearnála poiblí agus príobháidí rogha na teilea-oibre a thairiscint mar chineál freastail réasúnta. Dá thoradh sin, is féidir le húsáideoirí cathaoireacha rothaí a bhfuil míchumas fisiceach trom orthu, cuir i gcás, nó daoine faoi lagú amhairc, a gcuid oibre a rochtain trí theaglaim freastal réasúnta. B’fhéidir go gcaithfí trealamh speisialta TF agus/nó deasc a shuiteáil ag teach cónaithe an duine seachas in oifig, mar shampla, go háirithe mura féidir iompar poiblí a úsáid. Ní mór don trealamh TF a bheith inrochtana agus bealaí cumarsáide inrochtana a áireamh (cuir i gcás téacs go teanga le linn cruinnithe fíorúla).

Mar sin féin, tá sé tábhachtach gan teilea-obair a fhorchur ach í a thairiscint mar rogha. Nuair a bhíonn duine ag obair ón mbaile is féidir leis sin difear a dhéanamh do chumas duine aitheantas a fháil as a chuid oibre agus ardú céime a fháil. As sin cuirtear leis an uaigneas agus leis an aonrú, agus cruthaítear costais bhreise freisin (cuir i gcás costais fuinnimh) don fhostaí. Dá bhrí sin, moltar measúnú riosca a dhéanamh roimh ré (lena n-áirítear rioscaí síceasóisialta).

Modh 4

Uaireanta oibre solúbtha

Ní bhíonn aon uirlis speisialta nó oiriúintí fisiceacha i gceist leis an lá oibre a chur in oiriúint, ná ní theastaíonn aon fhóirdheontas poiblí lena dhéanamh. An t-aon rud is gá a dhéanamh anseo ná na huaireanta oibre a athrú. D’fhéadfadh sé go gcaithfeadh oibrithe faoi mhíchumas sos lóin níos faide a ghlacadh ná formhór dá gcomhghleacaithe, nó b’fhéidir gur mhian leo teacht isteach chun na hoibre níos túisce nó fanacht tar éis na hoibre chun tairbhiú d’amanna ina mbíonn an áit oibre níos ciúine, rud lena laghdaítear an rólódáil chéadfach.

Tá sé ríthábhachtach socruithe solúbtha oibre a institiúidiú chun cultúr uileghabhálachta a chur chun cinn. Níor cheart don mhodh sin a bheith ag brath ar dhiscréid bainisteoirí aonair, ach ba cheart dó in ionad sin a bheith leabaithe laistigh de bheartais eagraíochtúla, ag cinntiú go bhfuil cur chuige struchtúrtha ann maidir le freastal réasúnta. Ar an mbealach sin, ní dhéantar difear do shlándáil fostaíochta agus do chobhsaíocht airgeadais daoine faoi mhíchumas, agus aithnítear a gcuid riachtanais sainiúla agus freastalaítear orthu.


Modh 5

Socruithe cúraim solúbtha

Ach cúraimí oibre a shocrú as an nua laistigh d’áit oibre (ar a dtugtar ‘díolmhú poist’), cruthaítear cuid de straitéis fostaíochta a dtacaítear léi, a chuireann ar a gcumas do dhaoine glacadh le post, d’ainneoin na mbacainní a d’fhéadfadh a bheith rompu. D’fhéadfadh na socruithe sin tosú le linn tréimhse tosaigh fostaíochta, le measúnuithe indibhidiúlaithe. Is éard is freastal réasúnta trí dhíolmhú poist nuair a dhéantar róil poist nó cúraimí speisialtóra a bhabhtáil idir róil poist chun an leas is mó a bhaint as scileanna aonair duine faoi mhíchumas, ionas gur féidir leo na cúraimí is fearr a bhfuil siad oilte lena n-aghaidh nó is rathúla ag a bhfuil siad a dhéanamh. Cuir i gcás, duine atá faoi mhíchumas intleachtúil nach bhfuil in ann íocaíochtaí a láimhseáil d’fhéadfadh sé a bheith in ann oibriú i siopa nó i margadh go fóill, ag freastal ar chustaiméirí agus ag a gcuid earraí a thabhairt dóibh.

In éineacht le freastal a dhéanamh san eagraíocht, tá sé tábhachtach do bhainisteoirí agus do chomhghleacaithe a bheith fáilteach roimh chomhghleacaithe faoi mhíchumas. Chuige sin, is gá do chomhghleacaithe a thuiscint go gcuirtear socruithe speisialta i bhfeidhm chun obair daoine faoi mhíchumas a éascú, ní chun pribhléidí breise a chur ar fáil dóibh. Nuair a mhothaíonn daoine faoi mhíchumas compordach agus cuimsithe go sóisialta san áit oibre, taobh amuigh de shocruithe lóistíochta amháin, is mó seans go ndéanfaidh siad a gcuid cúraimí níos éifeachtaí agus go mothóidh siad mar chuid lárnach den fhoireann.

2.3 Cad nach gcomhaireann mar fhreastal réasúnta?

D’fhéadfaí glacadh leis trí dhearmad gur freastail réasúnta iad roinnt cleachtas nó athruithe, ach nach gcomhlíonann siad ceanglais na Treorach maidir le Comhionannas Fostaíochta nó Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe. Is rud difriúil é freastal réasúnta ó inrochtaineacht. Sonraítear sa Bharúil Ghinearálta in UN CRPD maidir le hinrochtaineacht go mbaineann inrochtaineacht le grúpaí, ach go mbaineann freastal réasúnta le daoine aonair18.

Soiléirítear inti freisin gur réamhchoinníoll í an inrochtaineacht, ach gur rud éigin é an freastal réasúnta a thagann ina dhiaidh sin, mar bhealach chun an ceann is fearr a fháil ar bhacainní leanúnacha agus freagairt do cheanglais aonair19. D’fhéadfadh sé gur comhpháirt den fhreastal réasúnta í an inrochtaineacht, in imthosca áirithe freisin. Thairis sin, nuair a bhaintear inrochtaineacht amach cheana féin, bíonn freastal réasúnta, i ndáil le gairis theicniúla, i bhfad níos simplí agus níos saoire.

(i) Coigeartuithe íosta le beagán tionchair

D’fhéadfadh sé nach leor athruithe beaga a dhéanamh i d’áit oibre chun na ceanglais maidir le freastal réasúnta a chomhlíonadh. Astu féin, nuair a dhéantar coigeartuithe amhail clómhéid níos mó a chur ar fáil ar scáileán ríomhaire nó meantóir a shannadh chun cúnamh a thabhairt d’fhostaí faoi mhíchumas – cé gur rudaí áisiúla iad – b’fhéidir nach dtabharfaí aghaidh leordhóthanach leo ar na bacainní uile a bhíonn roimh fhostaí maidir lena phost a dhéanamh nó maidir le dul chun cinn a dhéanamh ina ghairm. Ba cheart duit freastal réasúnta a shaincheapadh chun riachtanais shonracha do chuid fostaithe a chomhlíonadh, rud a thabharfaidh deis dóibh a bheith rannpháirteach go hiomlán san áit oibre.

(ii) Coigeartuithe nach gcomhlíonann an gá a léirítear

Nuair a chuireann fostóir seirbhís ar fáil nach gcomhlíonann na riachtanais a léirigh an duine faoi mhíchumas, ní áirítear sin mar fhreastal réasúnta faoi UN CRPD. Astu féin, ní thugann coigeartuithe ar nós fotheidil dhúnta a chur ar fáil le haghaidh cruinnithe d’fhostaí bodhar – in ionad ateangaireacht chomharthaíochta náisiúnta mar a iarradh – ní thugann na rudaí sin aghaidh go leordhóthanach ar na dúshláin a bhíonn le sárú ag fostaí bodhar chun a phost a dhéanamh.

(iii) Réitigh shealadacha

B’fhéidir go bhfiafrófá cibé an bhféadfaí féachaint ar réitigh shealadacha nó ghearrthéarmacha mar fhreastal réasúnta – cuir i gcás, deis a thabhairt d’fhostaí a bhfuil lagú soghluaisteachta ag gabháil dó oibriú ón mbaile ar feadh tamaill nó saoire uaineach a dheonú dó. Cé go bhféadfadh bearta sealadacha a bheith iomchuí i gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé nach leor iad chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais fhadtéarmacha an fhostaí, mar sin gach seans go gcaithfidh tú freastal de chineál níos buaine a fhiosrú. I bhfocail eile, ba cheart bearta agus nósanna imeachta maidir le freastal réasúnta a leabú i nósanna imeachta san áit oibre.

(iv) Cleachtais leithscartha nó eisiatacha

B’fhéidir go gceapann fostóirí gur cineál freastail réasúnta é fostaithe faoi mhíchumas a leithscaradh – cuir i gcás, fostaithe faoi mhíchumas a shannadh do spásanna oibre ar leithligh nó teorainn a chur lena n-idirghníomhaíochtaí le comhghleacaithe. D’fhéadfadh sé sin cuidiú leo uaireanta, mar shampla in imthosca ina mbíonn sé i bhfad níos éasca ag fostaí díriú ar an obair agus a bheith ag obair le linn dó a bheith ar shiúl ó dhaoine eile. Mar sin féin, ní mór a bheith cúramach nuair a bhíonn réitigh den sórt sin á gceapadh. Is gá d’fhostaithe faoi mhíchumas idirghníomhú lena gcomhghleacaithe. Ní freastal réasúnta a bheadh ann dá ndéanfaí an timpeallacht oibre a athrú chun díobhála dó sin agus, go ginearálta, do shainroghanna agus do chumais aonair fostaithe faoi mhíchumas; chuirfeadh sé leis an stiogmatú, chuirfeadh sé bac ar dheiseanna forbartha gairme fostaithe faoi mhíchumas, agus bhainfeadh sé an bonn dá gcuimsiú san áit oibre. I bhfocail eile, leithscaradh a bheadh i gceist leis. Is é is aidhm le freastal réasúnta rannpháirtíocht agus cuimsiú comhionann a éascú, in ionad daoine aonair a aonrú mar gheall ar a míchumais.

(v) Gan úsáid gaireas próistéiteach agus ortótach a cheadú

Is táirgí leighis iad gairis phróistéiteacha agus ortótacha le haghaidh úsáid phearsanta a cheartaíonn, a fheabhsaíonn, nó a athsholáthraíonn ball coirp nó feidhm den chorp. I measc na samplaí tá áiseanna éisteachta nó ionphlandú, géaga nó cosa saorga, cathaoireacha rothaí, agus gloiní. Uaireanta, cinnfidh riarachán poiblí nach bhféadfar roinnt de na gairis sin (áiseanna éisteachta nó ionphlanduithe éisteachta) a úsáid le linn scrúduithe iomaíocha na seirbhíse sibhialta mura ndearna duine faoi mhíchumas iarratas ar ‘fhreastal réasúnta’. Déanann sé sin neamhaird den fhíoras nach gcuimsítear leis na gairis sin (amhail gloiní, ionphlanduithe agus cathaoireacha rothaí) bearta inrochtaineachta nó freastal réasúnta, ach gur rudaí iad atá doscartha ón duine agus a bhaineann leis an duine féin. Ba cheart d’fhostóirí a bheith feasach maidir leis sin agus machnamh a dhéanamh ar ghairis den sórt sin a cheadú lena n-úsáid le linn próisis earcaíochta.

3 Gan bhacainní ar thallann: cur chuige nua-aimseartha a ghlacadh maidir le míchumas

An dearcadh atá againn maidir le míchumas agus daoine faoi mhíchumas, tá sé ag athrú le himeacht ama ar fud na hEorpa. Cur chuige ionchuimsitheach a ghlacadh chugainn féin, ar cur chuige é atá dírithe ar dhaoine aonair agus ar bheith ag cuidiú leo an ceann is fearr a fháil ar a gcuid bacainní, seachas a bheith ag díriú ar a gcuid laigí, is rud lárnach é maidir le coigeartuithe éifeachtacha a chur ar fáil ag d’áit oibre chun cuidiú le d’fhostaithe uile a bheith faoi bhláth i dtimpeallacht thacúil, bhisiúil do chách.

Díriú ar thallanna, fiúntais, inniúlacht agus scileanna daoine faoi mhíchumas, mar a dhéanfá le fostaithe nach bhfuil faoi mhíchumas.

Má tá míchumas ag déanamh difear don duine aonair ag an obair, fiafraigh den duine cé na straitéisí a úsáideann sé ina ghnáthshaol lasmuigh den obair chun na bacainní a bhíonn le sárú aige a láimhseáil. B’fhéidir go mbeifí in ann roinnt de na straitéisí sin a úsáid san áit oibre.

Ba cheart duit freastal a cheapadh ar bhealach a bheidh duinelárnach, agus riachtanais shonracha, dúshláin shonracha agus láidreachtaí sonracha daoine aonair atá faoi mhíchumais dhifriúla á gcur san áireamh. Cuideoidh idirphlé oscailte agus ómósach le d’fhostaithe chun a gceanglais shainiúla a chinneadh agus a thuiscint.

Oibrigh leis na ceardchumainn laistigh de d’áit oibre chun machnamh a dhéanamh ar réitigh d’fhreastal réasúnta trí chómhargáil.

Tá níos mó i gceist le freastal réasúnta ná díreach aird a bheith ag duine ar an dlí. I gcomhthéacs na fostaíochta, ba cheart gurb é seo an cur chuige ceart:

  • duine-lárnach
  • iomlánaíoch
  • bithshíceasóisialta

agus ba cheart go gcuimseofaí leis:

  • cuimsiú
  • folláine
  • cumhachtú
  • inrochtaineacht
  • na cineálacha difriúla míchumais a aithint.

Cad atá i gceist le cur chuige bithshíceasóisialta?

Aithnítear leis an gcur chuige bithshíceasóisialta go mbaineann míchumas le níos mó ná fachtóirí bitheolaíocha amháin – riocht nó lagú, míchumas meabhrach nó fisiceach, a dhéanann difear don duine lena mbaineann; in ionad sin, baineann sé le meascán d’fhachtóirí bitheolaíocha, síceolaíocha agus sóisialta, agus cuirtear an duine i gcroílár phróiseas an fhreastail réasúnta, agus a gceanglais, sainroghanna agus láidreachtaí sainiúla á gcur san áireamh.

Aithnítear leis an tsamhail bhithshíceasóisialta gur rud ilghnéitheach é míchumas. Cé go gcuirtear laguithe agus riochtaí ainsealacha duine san áireamh ann, breithnítear leis freisin na gnéithe síceolaíocha (fachtóirí cognaíocha agus mothúchánacha) agus gnéithe sóisialta (a bhaineann le bacainní sóisialta, dearcaí agus cuimsiú) ar rudaí iad go léir a mhúnlaíonn taithí an duine sin ar mhíchumas.

Díríonn an ghné duine-lárnach den chur chuige seo ar riachtanais, sainroghanna agus láidreachtaí sainiúla an duine, ag aithint go bhfuil a gcumais aonair féin ag gach duine atá faoi mhíchumas agus dúshláin shonracha le sárú acu. Níl aon chur chuige a oibríonn do chách. Trí chomhráití stuama le d’fhostaithe, beidh tú in ann a n-imthosca sonracha a thuiscint agus d’fhreastail a shaincheapadh dá réir sin. Cuirtear braistint úinéireachta, dínite agus ómóis chun cinn leis an gcur chuige indibhidiúlaithe sin, agus as sin leanfaidh sástacht agus éifeachtacht níos mó sa phróiseas freastail.

3.1 Raon leathan míchumas a bhreithniú

Trí na cineálacha difriúla míchumas a bhfuil cuntas orthu sa UN CRPD a bhreithniú agus cur chuige cuimsitheach duine-lárnach a ghlacadh maidir le freastal, is féidir leat timpeallachtaí oibre ionchuimsitheacha a chruthú a chuireann comhionannas deiseanna ar fáil don fhoireann atá faoi mhíchumais fhisiceacha, chéadfacha, intleachtúla agus shíceasóisialta, lena n-áirítear le haghaidh lucht saothair atá ag dul in aois.

Míchumais fhisiceacha

Tá raon leathan riochtaí ann atá in ann difear a dhéanamh do shoghluaisteacht, do dheaslámhacht nó d’fheidhmiú fisiceach duine. I measc na samplaí tá gortuithe a bhaineann do chorda an dromlaigh, diostróife mhatánach agus caillteanas géag.

Ba cheart duit inrochtaineacht fhisiceach laistigh den áit oibre a chinntiú, lena n-áirítear rampaí, ráillí láimhe, hallaí leathan, pasáistí marcáilte, ardáin agus saoráidí leithris inrochtana. D’fhéadfaí deasca inchoigeartaithe a áireamh le freastal réasúnta nó stáisiúin oibre, gairis chuiditheacha, trealamh modhnaithe agus spásanna páirceála inrochtana.

Míchumais chéadfacha

Is féidir le breacamharc go dtí daille iomlán a bheith i gceist le laguithe amhairc, agus is féidir le caillteanas breacéisteachta nó bodhaire a bheith i gceist le laguithe éisteachta. I measc daoine atá faoi mhíchumas éisteachta, déanann roinnt daoine cumarsáid i dteanga labhartha agus roinnt eile i dteanga chomharthaíochta.

Is féidir leat deasca agus cathaoireacha inchoigeartaithe léitheoirí scáileáin, ábhair in Braille, ateangairí téacs go teanga, teidealú, comharthóirí ateangaireachta dóibh siúd a dhéanann cumarsáid i dteanga chomharthaíochta nó gairis éisteachta chuiditheacha dóibh siúd a dhéanann cumarsáid i dteanga labhartha a chur ar fáil. D’fhéadfadh doiciméid inrochtana nó formáidí eile a bheith de dhíth chun cumarsáid a chumasú. Cuir cruinnithe ar siúl i spásanna inrochtana agus cuir ábhair cruinnithe ar fáil i bhformáidí inrochtana, amhail Braille nó leaganacha leictreonacha a bheidh inléite ag léitheoirí scáileáin.

Míchumais intleachtúla

Áirítear orthu sin teorainneacha i bhfeidhmiú cognaíoch agus i scileanna oiriúnaithe. D’fhéadfadh tacaíocht bhreise a bheith de dhíth ar dhaoine faoi mhíchumais intleachtúla chun cúraimí poist a thuiscint agus a dhéanamh.

Ba cheart duit treoracha soiléire a chur ar fáil, ábhair shimplithe agus oiliúint. I measc an fhreastail d’fhéadfaí próisis oibre modhnaithe, cúraimí casta a bhriseadh síos, tuilleadh ama a thabhairt chun cúraimí a chur i gcrích, áiseanna amhairc a sholáthar, agus tacaíocht ó chóitseálaithe poistmeantóirí.

Míchumais shíceasóisialta

Tá roinnt riochtaí meabhairshláinte ann atá in ann difear a dhéanamh d’fholláine mhothúchánach agus feidhmiú laethúil duine – lena n-áirítear dúlagar, neamhoird imní, neamhord dépholach agus neamhord struis iarthrámaigh.

Ba cheart duit timpeallacht oibre thacúil agus saor ó stiogma a chur ar fáil, agus solúbthacht a thabhairt sa sceidealú agus oiliúint agus feasacht mheabhairshláinte a chur chun cinn. D’fhéadfaí a áireamh le freastal réasúnta uaireanta oibre modhnaithe, comhairleoireacht, coigeartuithe san áit oibre chun strus a laghdú nó spás ciúin tiomanta.

inrochtaineacht ar cheann de na príomhghnéithe maidir le freastal réasúnta a chinntiú. Leis sin cuimsítear inrochtaineacht dhigiteach agus fhisiceach araon, inrochtaineacht táirgí agus seirbhísí20, agus cumarsáid. Trí inrochtaineacht a chinntiú, léiríonn fostóirí tiomantas maidir le háiteanna oibre ionchuimsitheacha a chruthú.

Trí na cineálacha éagsúla míchumas a dtugtar achoimre orthu in UN CRPD a bhreithniú, agus cur chuige cuimsitheach agus duine-lárnach a ghlacadh maidir le freastal, is féidir le fostóirí timpeallachtaí oibre ionchuimsitheacha a chruthú a sholáthraíonn comhionannas deiseanna don fhoireann atá faoi mhíchumais fhisiceacha, chéadfaí, intleachtúla agus shíceasóisialta.

3.2 Tacú le lucht saothair atá ag dul in aois

Trí na prionsabail a bhaineann le freastal réasúnta a leathnú chun riachtanais lucht saothair atá ag dul in aois a bhreithniú, is féidir leat tógáil ar bhunchloch timpeallachta oibre ionchuimsithí. Má ghlacann tú deiseanna chun eirgeanamaíocht a fheabhsú agus uaireanta oibre solúbtha roghanna scoir céimnithe agus oiliúint leanúnach scileanna a cheadú, is féidir leis sin dul chun tairbhe d’fhostaithe níos sine agus an áit oibre a dhéanamh níos oiriúnaithe agus níos athléimní do chách an tráth céanna. Ailíníonn an cur chuige ó ghlúin go glúin sin leis na spriocanna níos leithne d’inbhuanaitheacht shóisialta, ag cinntiú gur spás éagsúil, ionchuimsitheach agus bisiúil í an áit oibre.

Meastar go forleathan, agus go minic bítear contráilte faoi, gur de thoradh an phróisis aosaithe a bhíonn daoine scothaosta faoi mhíchumais, agus tá sé ríthábhachtach an tuairim sin a athrú. Ba cheart duit a bheith cúramach idirdhealú a dhéanamh idir athruithe a bhaineann le haois agus míchumais áirithe óna bhféadfadh tacaíocht agus freastal sonrach a bheith ag teastáil. Nuair nach n-aithnítear i gceart míchumas i ndaoine scothaosta, d’fhéadfadh sé nach dtabharfaí faoi deara i gcónaí na bacainní ar inrochtaineacht, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar dhaoine scothaosta faoi mhíchumas deiseanna fostaíochta a rochtain ina n-iomláine.

Mar fhostóir, is féidir leat timpeallachtaí tacúla a chruthú trí sceidealú solúbtha, roghanna oibre cianda, spásanna oibre atá deartha ar bhonn eirgeanamaíoch, deiseanna foghlama leanúnacha atá saincheaptha do riachtanais daoine scothaosta, go háirithe iad sin faoi mhíchumas. Ach é sin a dhéanamh, ní hamháin go saibhreoidh tú do chultúr eagraíochta ach atreiseoidh tú freisin do bhuntáiste iomaíoch sa mhargadh ar na bealaí atá liostaithe thíos.

  • Taithí agus saineolas
    Tá na blianta taithí ag daoine scothaosta agus tá stór saibhir eolais acu. Is féidir leis na léargais atá acu, a ghéaraítear i gcaitheamh na mblianta, a bheith luachmhar sa chinnteoireacht, chun fadhbanna a réiteach, chun meantóireacht a thabhairt d’fhostaithe níos óige, agus i róil a bhaineann le caidreamh le custaiméirí.
  • Éagsúlacht agus nuálaíocht
    Le lucht saothair éagsúil, ina gcuirtear raon aoiseanna san áireamh, cuirtear peirspictíochtaí éagsúla chun cinn, rud atá lárnach don nuálaíocht. Tá eispéiris agus tuairimí saoil difriúla in ann an smaointeoireacht chomhchoiteann a threisiú agus réitigh chruthaitheacha a éascú.
  • Éifeachtúlacht chostais
    Trí sceidil sholúbtha nó roghanna oibre cianda a thairiscint, is féidir le gnólachtaí saineolas luachmhar oibrithe scothaosta a choinneáil ar chostais a d’fhéadfadh a bheith níos ísle i gcomparáid leis an socrú traidisiúnta in-oifige.
  • Brandáil fostóra
    Is féidir leat d’íomhá bhranda a fheabhsú má aithnítear thú mar fhostóir atá báúil don aois. Léirítear leis tiomantas don chuimsiú agus don fhreagracht shóisialta, rud atá in ann linn tallainne níos leithne a mhealladh agus a théann i gcion go fonnmhar ar thomhaltóirí.
  • Comhlíontacht dhlíthiúil agus maolú riosca
    Nuair a chloítear le beartais chuimsithe agus freastail réasúnta léirítear go bhfuil caighdeáin dlí á gcomhlíonadh agus cuirtear cosc ar rioscaí go gcaillfear an fhoireann shinsearach nó saineolas sinsearach.

3.3 Ag fostú foirne faoi mhíchumais ag úsáid freastal réasúnta: na buntáistí ar féidir leat coinne a bheith agat leo

Foireann a fhaigheann tacaíocht agus a bhfuil meas orthu

Ach freastal réasúnta a chur chun cinn mar cheart cuidítear chun áit oibre níos ionchuimsithí, níos éagsúla agus níos tacúla agus cultúr cothroime agus comhionannas deiseanna a chruthú. Leis sin seoltar teachtaireacht shoiléir go bhfuil meas ar lucht foirne faoi mhíchumas agus go bhfuil tacaíocht acu, agus gur féidir leo sin a mbíonn bacainní os a gcomhair a bheith ar a gcompord chun a bhfíorphearsantacht féin a thabhairt chun na hoibre. Is féidir leis sin borradh a chur fiú faoin líon iarratas a dhéantar ar phost, má spreagtar tuilleadh daoine faoi mhíchumas chun iarratas a dhéanamh.

Coinneáil níos fearr ag leanúint as an tacaíocht cheart

Is mó seans atá ann go mothóidh fostaithe a fhaigheann freastal iomchuí go bhfuil tacaíocht acu, go bhfuil meas orthu agus mothaíonn siad go bhfuil siad in ann an obair is fearr a dhéanamh. As sin, ansin, feabhsaítear sástacht poist, dílseacht agus rátaí coinneála ar an iomlán laistigh den eagraíocht.

Éifeachtúlacht agus ­táirgiúlacht níos airde

Nuair a bhíonn an freastal is gá ag fostaithe chun an ceann is fearr a fháil ar bhacainní a bhíonn le sárú acu maidir le míchumas, is féidir leo a gcuid cúraimí oibre a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla; le dálaí oibre barrfheabhsaithe cuirtear ar a gcumas dóibh leas iomlán a bhaint as a gcuid scileanna agus cumais, agus feabhas a chur ar tháirgiúlacht agus ar thorthaí feidhmíochta. Breathnaíonn an 7ú tuarascáil Eorpach maidir le cearta an duine de chuid an Fhóraim Eorpaigh maidir leis an Míchumas ar an gceart atá ag daoine faoi mhíchumas chun obair a dhéanamh. Luaitear torthaí ann ó roinnt tuarascálacha eile maidir le táirgiúlacht daoine faoi mhíchumas. Mar shampla, fuarthas i staidéar i measc bainisteoirí acmhainní daonna go ndéantar 72 % d’fhostaithe faoi mhíchumas a ngealltar freastal réasúnta dóibh a rátáil mar ar an meán, os cionn an mheáin nó iontach ina gcuid feidhmíochta21.

Buntáistí eacnamaíocha do ­chuideachtaí ionchuimsitheacha

Taispeántar i staidéar de chuid an Fhóraim Eacnamaíoch Domhanda gur éirigh le cuideachtaí níos ionchuimsithí, sa tréimhse 4 bliana a ndearnadh anailís orthu, ioncaim a bhaint amach a bhí 28 % níos airde ná ioncaim cuideachtaí nach raibh chomh hionchuimsitheach, agus a dhá oiread de ghlanioncam agus corrlaigh bhrabúis 30 % níos airde22.

Cáil fheabhsaithe ar an eagraíocht

Nuair a chuirtear freastal réasúnta chun cinn mar cheart taispeántar go bhfuil eagraíocht tiomanta don éagsúlacht, do chuimsiú agus go bhfuil sí tiomanta oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh. Leis an tiomantas sin feabhsaítear an cháil atá ar an eagraíocht go hinmheánach agus go seachtrach araon, agus cuidítear chun an tallann is fearr a mhealladh agus caidreamh dearfach a choinneáil le cliaint agus le páirtithe leasmhara, agus cuirtear an fostóir chun cinn mar fhostóir atá freagrach go sóisialta agus ionchuimsitheach.

Cultúr dearfach san áit oibre, agus lucht saothair inbhuanaithe

Cuidíonn áit oibre dearfach chun deireadh a chur le stiogma agus le claontachtaí a bhaineann le míchumais, agus spreagtar ómós agus tuiscint. Is féidir athruithe a dhéanamh freisin a rachaidh chun tairbhe lucht saothair atá ag dul in aois, agus bacainní sonracha a leanann as míchumais á gcur san áireamh agus idirdhealú á dhéanamh an tráth céanna eatarthu sin agus athruithe a bhaineann leis an aois i measc oibrithe scothaosta. Baineann an fhoireann uile tairbhe as an gcultúr ionchuimsitheach sin agus cuidíonn sé chun timpeallacht a chruthú ina ndéantar ceiliúradh ar an éagsúlacht, agus ina mothaíonn gach duine go bhfuil meas orthu agus go bhfuil tacaíocht acu.

3.4 Conas feasacht a mhúscailt

Tuigeann fostóirí anois níos mó ná riamh go bhféadfadh buntáistí a bheith ag baint le freastal réasúnta, agus tá siad á chur chun cinn go gníomhach mar ghnáthchleachtas.

Tá roinnt bealaí ann inar féidir leat feasacht a mhúscailt laistigh de d’eagraíocht nó cuideachta faoin tábhacht atá le freastal réasúnta agus na buntáistí a bhaineann leis.

• Oiliúint agus ceardlanna

Is féidir le seisiúin oiliúna agus le ceardlanna faoin bhfeasacht ar mhíchumas agus freastal réasúnta (faoi stiúir roinn acmhainní daonna d’eagraíochta, mar shampla) oideachas a chur ar bhainisteoirí agus ar fhostaithe eile maidir leis na cearta atá ag fostaithe faoi mhíchumas, na tairbhí atá le freastal agus dea-chleachtais chun freastal a chur chun feidhme sa chleachtas. I gceardlanna idirghníomhacha is féidir le rannpháirtithe scrúdú a dhéanamh ar na dúshláin agus na deiseanna atá os a gcomhair, agus cás-staidéir agus cásanna difriúla á bplé.

• Feachtais chumarsáide

Is féidir feachtais feasachta a úsáid chun aird a tharraingt ar an tábhacht atá le freastal réasúnta agus chun cultúr cuimsitheachta a spreagadh. Is féidir leat nuachtlitreacha inmheánacha, leathanaigh inlín agus comharthaíocht dhigiteach a úsáid chun eolas a roinnt, scéalta ratha agus teistiméireachtaí ó fhostaithe a bhain tairbhe as freastal, ní díreach chun feasacht a mhúscailt ach chun dúshlán a thabhairt do mhíthuiscintí agus dearcaí dearfacha a chur chun cinn maidir le freastal réasúnta.

• Ceannaireacht, tiomantas agus seaimpíní

Ba cheart do cheannairí, feidhmeannaigh agus do bhainisteoirí cuidiú chun cúis an fhreastail réasúnta a chosaint. Má tá ról ceannaireachta agatsa agus má tá tú in ann do thiomantas a léiriú, leagtar amach an cúrsa ón tús agus spreagtar glacadh agus inghlacthacht níos leithne laistigh den eagraíocht.

• Comhoibriú le heagraíochtaí míchumais

Trí chomhpháirtíochtaí le heagraíochtaí míchumais seachtracha, grúpaí abhcóideachta nó saineolaithe tugtar saineolas agus treoraíocht bhreise leis na rudaí sin. Is féidir lena gcuid léargas agus acmhainní an tuiscint atá ag d’eagraíocht faoi fhreastal réasúnta agus taithí fostaithe faoi mhíchumas a fheabhsú, rud as a leanann smaointe agus cuir chuige úra.

• Meastóireacht agus feabhas leanúnach

Ba cheart duit aiseolas a bhailiú ó fhostaithe, foireann AD agus ó bhainisteoirí chun réimsí feabhais a shainaithint, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus rath a cheiliúradh. Is féidir le faireachán leanúnach agus meastóireacht cuidiú le d’eagraíocht a cur chuige a shainiú as an nua, feasacht na foirne a fheabhsú agus na tairbhí atá le freastal réasúnta a uasmhéadú.

An tsamhailmaidir le ‘roghnú ­nochtadh a dhéanamh’

Aithnítear leis an tsamhail ‘roghnú nochtadh a dhéanamh’ an ceart atá ag an duine aonair cinneadh cé acu a inseoidh sé faoina mhíchumas nó nach n-inseoidh. Tugann sé deis do dhuine cur is cúiteamh a dhéanamh faoi fhreastal réasúnta nuair atá siad réidh lena dhéanamh agus toilteanach déanamh amhlaidh.

Ciallaíonn sé sin gur féidir le duine faoi mhíchumas smacht a choimeád ar a shonraí pearsanta féin.

Leis an gcur chuige sin urramaítear neamhspleáchas an duine agus ligtear do dhuine a stádas míchumais a roinnt agus a fhreastail a phlé (d’fhéadfadh próiseas freastail sholúbtha a bheith i gceist leis sin) ag a luas féin.

Ach ómós a thabhairt don rogha aonair sin cuirtear príobháideachas agus rúndacht chun cinn, rud lena gcinntítear nach roinntear eolas pearsanta leochaileach ach le daoine aonair ábhartha, amhail lucht pearsanra AD nó maoirseoirí, rud a chuidíonn chun spás sábháilte a choinneáil ar bun le haghaidh comhráití oscailte agus ionraice.

Trí thimpeallacht a chruthú nach mbíonn iallach ar dhaoine aonair an míchumas atá orthu a nochtadh, is féidir leis an tsamhail sin laghdú ar stiogma agus ar an mbaol a bhaineann le cóireáil idirdhealaitheach, ionas go ndéanfaí obair ball foirne a mbíonn bacainní le sárú acu a mheasúnú ar bhonn a gcumas, a scileanna agus a bhfeidhmíochta – agus ní ar an míchumas atá ort.

3.5 Freastal réasúnta a leithdháileadh

Féadfaidh tú réiteach inbhuanaithe a bhaint amach do d’fhoireann faoi mhíchumas trí phróiseas dea-eagraithe chun freastal réasúnta a leithdháileadh. Ní mór don fhreastal a chuirtear ar fáil a bheith éifeachtach, éifeachtúil, agus saincheaptha don duine. Is gá do na réitigh a chuirtear ar fáil a bheith inbhuanaithe le himeacht ama. B’fhéidir go mbeadh ort measúnuithe cruinne a dhéanamh d’fhostaithe faoi mhíchumas, agus sainchomhairle á cur san áireamh nuair a bhíonn fáil uirthi, agus ba cheart duit d’fhostaithe a dhéanamh rannpháirteach sa phróiseas cinnteoireachta. Ba cheart duit é a bheith mar aidhm agat freastal a shainaithint ina dtugtar aghaidh ar ghar-riachtanais na bhfostaithe sin a mbeadh bacainní rompu ina gcuid oibre murach sin, agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach á cur san áireamh an tráth céanna.

Faigheann an próiseas a bhaineann le freastal réasúnta a leithdháileadh treoir ó oibleagáidí dlíthiúla agus ó dhlíthe frith-idirdhealaithe. Mura bhfuil tú cinnte faoi na ceanglais bheachta, ba cheart duit labhairt le d’údarás áitiúil nó le heagraíocht fostóirí, a d’fhéadfadh cúnamh a thabhairt duit chun dlíthe faoi seach a shainaithint. Ach an dlí a chomhlíonadh tugtar cosaint do chearta fostaithe faoi mhíchumas agus laghdaítear an baol go dtarlóidh agóidí dlí nó éilimh idirdhealaithe, agus cruthaítear agus coinnítear timpeallacht oibre chothrom agus chóir an tráth céanna.

Tá ról tábhachtach ag an gcómhargáil agus ag an idirphlé sóisialta idir fostóirí agus ceardchumainn chun bearta le haghaidh freastal réasúnta san áit oibre do dhaoine faoi mhíchumas a chaibidliú agus a chur chun feidhme. Tríd an idirphlé comhoibríoch sin, seasann ceardchumainn an fód go láidir d’oibrithe faoi mhíchumas, agus úsáideann siad a neart comhchoiteann chun tionchar a imirt ar choigeartuithe a bhfuil gá leo agus chun iad a bhaint amach. Trí aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha agus atmaisféar ionchuimsitheach a chothú, atreisítear leis an idirphlé sin an tiomantas do chomhionannas deiseanna, rud a fhágann go mbíonn rochtain ag gach duine ar an áit oibre agus go dtacaítear ann leo.

3.6 Cleachtais ionchuimsitheacha thar chéimeanna fostaíochta

Is aistear é fostaíocht daoine faoi mhíchumas a thosaíonn leis an gcéim earcaíochta, agus cuimsítear leis coinneáil agus áirítear leis dul chun cinn réidh gairme a éascú. Leagtar amach sa roinn seo na céimeanna is féidir le fostóirí a ghlacadh ag gach céim den fhostaíocht chun timpeallacht oibre ionchuimsitheach a chothú.

I. Earcaíocht

Nuair a fhostaítear lucht saothair éagsúil tosaíonn sé sin le próiseas earcaíochta ionchuimsitheach. Mar fhostóir, tá tú chun tosaigh, agus bíonn róil tacaíochta ag gníomhaireachtaí earcaíochta agus ag údaráis phoiblí.

Comhar

  • Oibriú le gníomhaireachtaí earcaíochta speisialaithe a bhfuil an saineolas acu daoine faoi mhíchumas a fhostú.
  • Idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis phoiblí chun treoraíocht agus tacaíocht a fháil, le déanamh cinnte go gcomhlíonann tú ceanglais dlí.

Fáil a bheith ar rudaí

  • A chinntiú go bhfuil fáil ar fhógraí poist agus go bhfuil siad ionchuimsitheach, agus formáidí malartacha nó foclaíocht eile á soláthar nuair is gá.
  • Ba cheart go n-iarrfaí san fhógra poist ar iarrthóirí a thabhairt le fios cé acu atá gá sonrach acu nó a dteastaíonn freastal uathu le bheith in ann freastal ar an agallamh.
  • An próiseas agallaimh a bheith ionchuimsitheach agus inrochtana, ag tairiscint freastal réasúnta amhail ateangairí i dteanga chomharthaíochta nó ionaid inrochtana, gairis éisteachta chuiditheacha, téacs go teanga.

Feasacht agus oiliúint

Cláir feasachta agus seisiúin oiliúna a reáchtáil chun fáil réidh le scéalta gan bhunús agus atmaisféar fáilteach a chothú d’iarrthóirí faoi mhíchumas. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi chláir oiliúna a eagrú, féach an roinn ar ‘Cumarsáid maidir le freastal réasúnta a éascú’.

II. Coinneáil

Is rud cinntitheach é coinneáil maidir le timpeallacht oibre thairbhiúil a fhorbairt. Ní bhaineann sé díreach le foireann a choimeád ar an bpárolla, baineann sé freisin lena bhfolláine agus lena dtáirgiúlacht a chinntiú.

Freastal réasúnta

  • Freastal réasúnta a thairiscint gan an iomarca moille.
  • Áiteanna oibre ionchuimsitheacha agus inrochtana a chruthú agus teicneolaíocht chúnta a sholáthar.
  • Cúnamh pearsanta a sholáthar.
  • Uaireanta oibre solúbtha a thairiscint agus roghanna chun oibriú go cianda (má iarrann fostaithe faoi mhíchumas é sin).
  • Dualgais phoist a choigeartú chun ailíniú le cumais daoine faoi mhíchumas.
  • Iompar inrochtana a shocrú.
  • Uirlisí cumarsáide inrochtana a úsáid.
  • Clár um fhilleadh ar an obair a thairiscint d’fhostaithe a chaithfidh an áit oibre a fhágáil chun teacht chucu féin ó thimpiste, breoiteacht nó riocht eile atá in ann difear a dhéanamh dá gcumas a ndualgais a chomhlíonadh.
  • Labhairt le fostaithe agus bualadh leo go tráthrialta chun aon riachtanas leanúnach a thuiscint agus aghaidh a thabhairt orthu.

Líonraí tacaíochta

Grúpaí tacaíochta piaraí a chothú, cuir i gcás grúpa acmhainní d’fhostaithe faoi mhíchumas, agus cláir mheantóireachta chun cuidiú le cuimsiú sóisialta agus gairmiúil fostaithe faoi mhíchumas.

Foghlaim agus forbairt leanúnach

Deiseanna a sholáthar le haghaidh forbairt scileanna agus oiliúna; ionaid agus ábhair foghlama atá oiriúnach dá gcuspóir agus atá inrochtana a chinntiú.

III. Dul chun cinn gairme

Tá sé fíor-riachtanach cultúr fáis agus deiseanna a chur chun cinn do gach uile fhostaí ionas go mbeidh áit oibre cothrom ann.

Meastóireacht feidhmíochta

  • A chinntiú go bhfuil meastóireachtaí feidhmíochta cóir, neamhchlaonta, agus bunaithe ar chumais agus ar ghnóthachtálacha an duine.
  • Idirphlé oscailte a spreagadh chun uaillmhianta agus spriocanna gairme fostaithe faoi mhíchumas a thuiscint.

Deiseanna maidir le hardú céime

Próiseas trédhearcach maidir le hardú céime a chothú, ag cinntiú go mbeidh rochtain ag na fostaithe uile, gan beann ar a míchumais, ar dheiseanna dul chun cinn gairme. Má tá na cáilíochtaí iomchuí agus an taithí ag duine le haghaidh an phoist, agus má tá sé in ann dul san iomaíocht le haghaidh ardú céime sa phost, ba cheart aon ghá atá le freastal réasúnta a bhreithniú.

Fothú na hacmhainneachta

Cláir mheantóireachta agus oiliúna sa cheannaireacht a thairiscint chun fostaithe faoi mhíchumas a ullmhú le haghaidh róil níos sinsearaí.

Comhoibriú le comhpháirtithe seachtracha

Labhairt le grúpaí abhcóideachta ar son lucht míchumais agus le seirbhísí athshlánaithe gairme chun treoraíocht a fháil maidir le dul chun cinn gairme.

Ní ceanglas dlíthiúil amháin é glacadh le freastal réasúnta agus cuimsiú thar gach céim den fhostaíocht; rannchuidíonn sé go suntasach le timpeallacht oibre chomhchuibhithe agus bisiúil. Tá fostóirí, i gcomhar le comhpháirtithe seachtracha, in ann cultúr inrochtaineachta, comhionannas deiseanna, agus fáis a spreagadh go láidir do gach uile fhostaí, agus bunchloch láidir a leagan síos le haghaidh fiontar forchéimnitheach atá freagrach go sóisialta.

Is cuid den phróiseas leanúnach céanna chun timpeallacht oibre ionchuimsitheach a chothú iad earcaíocht, coinneáil agus dul chun cinn gairme. Léiríomar sa roinn seo cé chomh idirnasctha atá na céimeanna fostaíochta sin. Déantar iniúchadh cuimsitheach sna treoirlínte seo ar bhearta chun timpeallacht thacúil agus ionchuimsitheach a chinntiú san áit oibre ar feadh an timthrialla fostaíochta go léir.

3.7 Cumarsáid maidir le freastal réasúnta a éascú

Tá roinnt straitéisí ann chun cumarsáid éifeachtach a chinntiú le linn don fhoireann freastal réasúnta a iarraidh agus a fháil.

Bealaí cumarsáide soiléire, ionchuimsitheacha agus inrochtana

Is gá d’fhostaithe faoi mhíchumas a bheith in ann bealaí cumarsáide a úsáid a thugann rochtain éasca dóibh ar eolas maidir leis an bpróiseas freastail. D’fhéadfá seoladh ríomhphoist tiomnaithe a chur ar bun, mar shampla, b’fhéidir in éineacht le líne chabhrach nó leathanach gréasáin, áit inar féidir leis an bhfoireann iarrataí ar fhreastal réasúnta a chur isteach agus soiléiriú a lorg má theastaíonn uathu a riachtanais aonair a phlé. Ba cheart duit an t-eolas ábhartha a chur ar fáil i dteanga atá soléite agus i bhformáidí éagsúla chun an inrochtaineacht a uasmhéadú.

Beartais agus nósanna imeachta trédhearcacha le haghaidh freastal réasúnta

D’fhéadfá ball foirne a shannadh chun maoirseacht a dhéanamh ar éagsúlacht agus cuimsiú. I gcomhar le baill foirne faoi mhíchumas, d’fhéadfaidís páipéar beartais nó ábhar treoraíochta maidir le freastal réasúnta a dhréachtú. Tá sé tábhachtach go mbeadh daoine faoi mhíchumas bainteach leis an bpróiseas dréachtaithe le haghaidh treoraíocht den sórt sin, rud a bheadh ailínithe le prionsabail na cuimsitheachta agus leis an gcur chuige ‘gan dada fúinn gan muid’, a úsáideann roinnt mhaith Oifigeach Cosanta Sonraí agus atá bainteach leis an UN CRPD. Ba cheart achoimre soiléir ar an bpróiseas freastail a bheith i do chuid beartais agus nósanna imeachta, agus ba cheart na doiciméid ábhartha a chur ar fáil do gach uile fhostaí, lena n-áirítear iad sin faoi mhíchumas, ionas go dtuigfidh siad go soiléir na céimeanna atá i gceist. Ba cheart na daoine aonair nó na ranna ar gá dóibh dul i dteagmháil leo a thabhairt le fios go soiléir. Ba cheart rúndacht a chur i dtábhacht sna beartais agus sa treoraíocht agus ba cheart a dhearbhú don fhoireann go gcaithfear go príobháideach agus go leochaileach le haon iarraidh ar fhreastal a dhéanfaidh siad.

Idirghabháil sheachtrach

Nuair nach féidir teacht ar chomhaontú go héasca idir duine aonair agus fostóir, b’fhéidir go mbeifeá ag iarraidh cúnamh a lorg ó idirghabhálaí seachtrach neamhchlaonta. Is féidir leis sin cuidiú leat teacht ar chomhaontú agus teacht ar chinneadh a bheidh inghlactha do gach taobh maidir leis na coigeartuithe a dhéanfar.

Oideachas agus oiliúint do chách

Moltar d’eagraíochtaí cláir oiliúna nó oideachais a chur ar fáil chun feasacht agus tuiscint maidir leis an bpróiseas freastail réasúnta a fheabhsú. Ba cheart oiliúint a thabhairt d’fhostaithe faoi mhíchumas freisin, más gá, chun a chinntiú go dtuigeann siad conas a mbealach a dhéanamh go héifeachtach tríd an bpróiseas. Tá sé tábhachtach a dhéanamh cinnte go dtuigeann baill foirne faoi mhíchumas a gcearta. Ba cheart d’eagraíochtaí a bheith ar an eolas gur coincheap é an míchumas, de réir UN CRPD, atá ag athrú i gcónaí mar gheall ar idirghníomhaíocht idir daoine a bhfuil laguithe ag dul dóibh agus ag a bhfuil bacainní dearcaidh agus comhshaoil. Ní léir gach uile mhíchumas don tsúil. An t-athrú ar chur chuige an Choinbhinsiúin i leith míchumais, ar shiúl ó chur chuige bunaithe ar leigheas agus ar charthanas go dtí ceann atá bunaithe ar chearta an duine, is gá an cur chuige sin a léiriú laistigh de phróiseas na heagraíochta maidir le freastal réasúnta.

Beidh oiliúint de dhíth freisin ar an bhfoireann Acmhainní Daonna agus ar aon duine eile a bhfuil ról aige maidir le socruithe freastail réasúnta a chomhordú, lena n-áirítear oiliúint maidir leis na dlíthe agus na dea-chleachtais ábhartha, agus ar láimhseáil leochaileach iarrataí. Ba cheart oiliúint a sholáthar freisin do cheannairí foirne agus do bhainisteoirí, agus ba cheart dóibhsean cuidiú chun timpeallacht thacúil agus ionchuimsitheach a choinneáil ar bun ina rannóg nó ina n-eagraíocht – áit ina bhfaigheann fostaithe faoi mhíchumas an freastal a theastaíonn uathu chun bacainní a shárú agus a bpoist a dhéanamh chomh maith agus is féidir leo ar bhealach a thuigeann a gcuid comhghleacaithe agus a dtacaíonn a gcomhghleacaithe leo.

Cé atá in ann oiliúint a sholáthar?

  • Saineolaithe inmheánacha.
    Má tá rannóg éagsúlachta agus cuimsithe ag d’eagraíocht nó má tá saineolaithe inti a bhfuil eolas acu ar chearta míchumais agus ar fhreastal réasúnta, sin iad na daoine ab fhearr a bheadh in ann an oiliúint a dhéanamh.
  • Sainchomhairleoirí seachtracha.
    Is féidir gairmithe atá speisialaithe in éagsúlacht, cuimsiú agus comhlíontacht le dlíthe míchumais san áit oibre a fhostú chun oiliúint a thabhairt.
  • Gníomhaireachtaí rialtais.
    Tá eagraíochtaí rialtasacha i roinnt tíortha atá tiomanta d’éagsúlacht agus do chuimsiú san áit oibre. Soláthraíonn siad acmhainní oiliúna go minic nó stiúrann siad seirbhísí oiliúna fiú.
  • Eagraíochtaí gan beann ar bhrabús agus grúpaí abhcóideachta.
    Is minic le heagraíochtaí a dhíríonn ar chearta míchumais agus cuimsiú seirbhísí oiliúna a sholáthar, nó is féidir leo oiliúnóirí oilte a mholadh.

Cén chaoi ar cheart an oiliúint a eagrú?

  • Measúnú ar riachtanais.
    Roimh an oiliúint, déan measúnú ar cén cineál oiliúna a theastaíonn – bíodh sí ann le haghaidh feasacht ghinearálta nó comhlíontacht dhlíthiúil, nó oiliúint speisialaithe le haghaidh Acmhainní Daonna agus na bainistíochta.
  • Forbairt curaclam.
    Bunaithe ar an measúnú ar riachtanais, déan forbairt ar churaclam oiliúna. D’fhéadfaí cuir i láthair, ceardlanna, cás-staidéir agus seisiúin idirghníomhacha a áireamh leis sin.
  • Modh oiliúna.
    Socraigh cé acu a bheidh an oiliúint ar siúl os comhair daoine, ar líne nó cé acu an meascán den dá cheann a bheidh i gceist. Is cuma cén bealach, déan cinnte go mbeidh an oiliúint ionchuimsitheach agus inrochtana.
  • Sceidealú.
    Pleanáil cathain a bheidh na seisiúin oiliúna ar siúl. Socraigh iad ag amanna nuair is mó a bheidh daoine in ann freastal orthu.
  • Bíodh daoine faoi mhíchumas rannpháirteach iontu.
    Más féidir é, bíodh daoine faoi mhíchumas rannpháirteach i bpleanáil agus i soláthar na hoiliúna le déanamh cinnte go bhfuil sí ionchuimsitheach i ndáiríre.
  • Aiseolas agus meastóireacht.
    Tar éis an oiliúint a bheith déanta, faigh aiseolas ó na rannpháirtithe chun measúnú a dhéanamh ar a éifeachtaí a bhí sí agus na réimsí ar cheart feabhas a chur orthu.
  • Oiliúint leanúnach.
    Smaoinigh ar phróiseas leanúnach a dhéanamh den oiliúint, lena ngabhfadh nuashonruithe tráthrialta chun freastal ar aon athrú ar an dlí nó ar bheartais inmheánacha.
  • Doiciméadacht.
    Coinnigh taifid de na daoine a d’fhreastail ar na seisiúin oiliúna, cathain a bhí siad ar siúl, agus na hábhair a úsáideadh. D’fhéadfadh sé sin a bheith tábhachtach ar mhaithe le comhlíontacht dhlíthiúil agus le haghaidh meastóireachtaí inmheánacha ina dhiaidh sin.

Ach a bheith cúramach i bpleanáil agus i seachadadh na hoiliúna, is féidir leat a chinntiú go bhfónann sé dá chuspóir go ­héifeachtach maidir le timpeallacht níos ionchuimsithí a chur chun cinn.

Cumarsáid agus comhairliúchán indibhidiúlaithe

Nuair a iarrann fostaithe faoi mhíchumas freastal réasúnta, ba cheart idirphlé oscailte agus measúil a chur ar bun leo. Ba cheart an deis a thabhairt dóibh a riachtanais agus a n-ábhair imní ar leith a chur in iúl i dtimpeallacht thuisceanach rúnda. Más gá na sonraí a bhaineann le freastal an fhostaí a oibriú amach, ba cheart ról gníomhach a thabhairt dóibh sa chinnteoireacht agus sa réiteach fadhbanna i ndáil leis na bacainní atá rompu. I bhfocail eile, ba cheart deis éisteachta a thabhairt dóibh, agus ba cheart a dtuairimí a chur san áireamh. Leis an gcur chuige sin cuirtear braistint úinéireachta agus cuimsitheacht chun cinn sa phróiseas. An iarraidh a phróiseáil chomh tapa agus is féidir.

Sin é an chaoi ar féidir leatsa, mar fhostóir, labhairt leis an bhfostaí in idirphlé oscailte agus lena rannpháirtíocht ghníomhach maidir leis an bhfreastal réasúnta a chur ar bun.

1. Léiriú tosaigh riachtanais

Cuireann an fostaí a riachtanas le haghaidh freastal réasúnta in iúl gan gá dó cineál sonrach a mhíchumais a nochtadh – mura n-airíonn sé compordach déanamh amhlaidh.

Admhaíonn an fostóir an iarraidh agus léiríonn sé toilteanas réitigh fhéideartha a phlé. Ba cheart don phlé tosaigh tarlú gan mhoill.

2. An cúlra a thabhairt

Rúndacht. A dheimhniú go mbeidh gach a phléifear faoi rún agus nach roinnfear é ach leo siúd a chaithfidh a bheith ar an eolas faoi.

Atmaisféar ómósach. Atmaisféar fáilteach a chruthú ina gcuirtear an fostaí ar a chompord ionas gur féidir leis a riachtanais a phlé go macánta.

3. Riachtanais agus dúshláin

Tugann an fostaí tuairisc ar na dúshláin shonracha a bhíonn san áit oibre i ngeall ar a mhíchumas.

Cuireann an fostóir ceisteanna oscailte air chun na dúshláin sin a thuiscint níos fearr, gan tuairimí a thabhairt.

4. Freastail a bheartaítear

Tugann an fostaí moltaí maidir le freastal réasúnta a d’fhéadfadh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.

Freagraíonn an fostóir le moltaí nó coigeartuithe breise bunaithe ar acmhainn oibríochtúil na heagraíochta.

5. Creat dlíthiúil

Tugann an fostóir imlíne de chearta dlíthiúla an fhostaí agus oibleagáidí an fhostóra faoi dhlíthe agus beartais ábhartha.

Deimhníonn an fostaí go dtuigeann sé, ag cur ceisteanna má theastaíonn soiléiriú uaidh.

6. Costas agus lóistíocht

Pléann an fostóir aon ábhar imní faoi chostas nó indéantacht na bhfreastal a bheartaítear.

Tairgeann an fostaí roghanna malartacha nó roinneann sé léargais ar mar a bhí freastail den chineál céanna éifeachtach in áit éigin eile.

7. An t-uainiú maidir le cur chun feidhme

Soláthraíonn an fostóir tráthchlár réasúnach a gcuirfear an freastal chun feidhme laistigh de.

Admhaíonn an fostaí an t-uainiú nó déanann sé idirbheartaíocht más gá.

8. Bearta leantacha agus athbhreithniú

Tagann an dá pháirtí ar chomhaontú faoin gcaoi a ndéanfaidh siad measúnú ar éifeachtacht an fhreastail agus faoi cathain a thiocfaidh siad le chéile arís chun athbhreithniú a dhéanamh ar mar a d’éirigh leis.

9. Doiciméadacht

Tugann an fostóir achoimre ar phríomhphointí an phlé, na freastail a comhaontaíodh agus an t-uainiú i scríbhinn, agus roinneann sé é sin leis an bhfostaí.

Déanann an fostaí athbhreithniú ar an doiciméad go bhfeicfidh sé an bhfuil sé cruinn agus léiríonn sé go gceadaíonn sé é. Ba cheart dó sin tarlú gan aon mhoill.

3.8 Treoraíocht a sholáthar

Ba cheart treoraíocht agus comhairle a sholáthar chun freastal ar riachtanais fostaithe faoi mhíchumas, bainisteoirí, na foirne atá freagrach as iarrataí freastail a phróiseáil agus ceannairí foirne nó comhghleacaithe a bhíonn ag cur fáilte roimh fhostaithe faoi mhíchumas isteach ina rannóg nó ar a bhfoireann.

I gcás an fhostaí faoi mhíchumas

Má tá bacainní ort ag an obair, ba cheart acmhainní oideachais agus ábhar oiliúna maidir le do chearta a chur ar fáil duit, agus na freastail réasúnta dhifriúla atá ar fáil duit agus aon tacaíocht agus treoraíocht eile a d’fhéadfaí a thairiscint. D’fhéadfaí tú a chur ar aghaidh chuig líonraí tacaíochta míchumais, seirbhísí speisialtóirí nó acmhainní eile.

Ba cheart modhanna a chur ar bun duit chun go mbeidh tú in ann do riachtanais, d’ábhair imní agus d’aiseolas a thabhairt, le bearta leantacha chun a chinntiú go bhfuil na freastail éifeachtach. Ba cheart coigeartuithe ar do chuid freastal a dhéanamh le himeacht ama más gá.

I gcás fostaithe atá freagrach as iarrataí ar fhreastal a phróiseáil

Ba cheart duit oiliúint chuimsitheach a fháil ar fheasacht mhíchumais, freastal réasúnta, oibleagáidí dlíthiúla, agus dea-chleachtais chun iarrataí a phróiseáil.

Ba cheart treoraíocht a dhréachtú freisin maidir le cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le fostaithe a d’iarr freastail, ag cumhdach éisteacht ghníomhach, rúndacht a choinneáil agus ag léiriú tuiscint mhaith ar an gcoincheap, ionbhá agus ómós.

Ba cheart nósanna imeachta agus treoirlínte soiléire a dhréachtú chun iarrataí ar fhreastal a phróiseáil (ag cumhdach sonraí amhail sprioc-amanna agus riachtanais maidir le doiciméid). Ba cheart tacaíocht agus acmhainní leanúnacha a thairiscint duit, lena n-áirítear rochtain ar shainchomhairle agus ar idirghabhálaithe, chomh maith le hoiliúint ábhartha agus deiseanna forbartha.

I gcás ceannairí foirne agus foirne ina mbíonn fostaithe faoi mhíchumas ag obair

Ba cheart duit oiliúint agus treoraíocht leanúnach a fháil maidir le feasacht mhíchumais, ag cothú timpeallacht oibre ionchuimsitheach agus foirne éagsúla a bhainistiú. Ba cheart duit tabhairt faoi idirphlé oscailte le fostaithe faoi mhíchumas agus é mar aidhm an tuiscint agus an comhoibriú is mó a bhaint amach.

3.9 Freastail níos saoire a aimsiú: cothromaíocht a bhaint amach

Tá sé tábhachtach cothromaíocht a bhaint amach idir an gá atá le freastal chun freastal ar riachtanais shonracha gach duine aonair agus sin a dhéanamh agus praiticiúlacht agus costas san áireamh. Ba cheart é a bheith mar aidhm an freastal is simplí a aimsiú ar chostas réasúnach a chomhlíonann riachtanais agus imthosca aonair an fhostaí go héifeachtach.

Agus cur chuige indibhidiúlaithe á ghlacadh agat chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus ar imthosca sainiúla gach aon bhall den fhoireann faoi mhíchumas, is féidir leat réitigh shaincheaptha a sholáthar a thugann aghaidh go héifeachtach ar bhacainní agus a chuireann comhionannas deiseanna chun cinn.

I staidéar a rinne Job Accommodation Network sna Stáit Aontaithe tugadh le fios gur féidir 60 % den fhreastal san áit oibre a dhéanamh gan aon chostas, agus go mbíonn an meánchostas ag USD 500 (EUR 491) in aghaidh an fhostaí23. Cuidíonn freastail chun fostaithe a choinneáil, tinreamh agus táirgiúlacht a fheabhsú, agus sábháiltear ar chostais árachais24.

Éifeachtacht, coinneáil agus ­táirgiúlacht a uasmhéadú

Is é príomhsprioc an fhreastail réasúnta cur ar a gcumas d’fhostaithe faoi mhíchumas a gcuid cúraimí a dhéanamh go héifeachtach. Cé gur breithnithe tábhachtacha a bheidh i gcostas agus in indéantacht, ba cheart tosaíocht a thabhairt d’éifeachtacht na bhfreastal maidir le riachtanais an fhostaí a chomhlíonadh. Dá fhearr a bheidh na freastail saincheaptha do riachtanais shonracha, phearsantaithe fostaithe faoi mhíchumas, is amhail is dearfaí a bheidh an éifeacht a bheidh acu ar choinneáil agus ar tháirgiúlacht.

3.10 Faireachán agus athbhreithniú

Tá an próiseas a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar fhreastail réasúnta agus iad a athbhreithniú fíor-riachtanach chun a chinntiú go mbeidh siad éifeachtach i gcónaí agus is gá iad freisin chun aghaidh a thabhairt ar aon athrú nó coigeartú a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil.

Ba cheart duit measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht leanúnach an réitigh a soláthraíodh. Leis sin d’fhéadfaí cruinnithe tráthrialta a eagrú chun labhairt le daoine, d’fhéadfaí athbhreithnithe a dhéanamh ar mhéadrachtaí maidir le feidhmíocht phoist, aiseolas a bhailiú ó mhaoirseoirí nó ó chomhghleacaithe nó éisteacht le hionchur an fhostaí féin faoi cé acu a d’éascaigh an freastal a chuid oibre agus conas a rinne sé é sin. Ach measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht an fhreastail, d’fhéadfá a bheith in ann réimsí feabhais a shainaithint nó iniúchadh a dhéanamh ar réitigh mhalartacha mura bhfuil an réiteach a cuireadh ar fáil ag comhlíonadh riachtanais an fhostaí go leormhaith.

D’fhéadfadh riachtanais fostaithe faoi mhíchumas athrú le himeacht ama, tá sé tábhachtach duit mar sin aon athrú nó choigeartú is gá a dhéanamh. B’fhéidir go gcaithfí an freastal a athrú i bhfianaise eolas nua nó athruithe ar imthosca an fhostaí, cuir i gcás athrú ar a riocht nó freagrachtaí nua poist. Ba cheart duit labhairt go hoscailte agus go trédhearcach leis an bhfostaí chun a chinneadh cibé an bhfuil gá le haon fhreastal nó athrú eile ar a shocruithe reatha chun éifeachtacht leanúnach a chinntiú.

Ar feadh an phróisis faireacháin agus athbhreithnithe sin ar fad, tá sé ríthábhachtach go gcoinneofá doiciméadacht agus taifid chruinne. Áirítear leis sin mionsonraí an fhreastail a bhreacadh síos, aon athrú a rinneadh, aiseolas an fhostaí agus torthaí an phróisis faireacháin. Cuidíonn an doiciméadacht chun stair na bhfreastal a soláthraíodh a rianú, éascaítear tagairt sa todhchaí leis agus cinntítear go gcomhlíontar ceanglais dlí.

Is fearr meon feabhais leanúnaigh a ghlacadh a mhéid agus a bhaineann sé le freastal réasúnta. Mar cheannairí nó bainisteoirí, ba cheart duit foghlaim ó gach taithí freastail a fhaigheann tú, na dea-chleachtais a aithint agus athruithe a chur chun feidhme de réir mar is gá. Bíonn athbhreithnithe nó meastóireachtaí tráthrialta ar éifeachtacht na bhfreastal thar a bheith áisiúil chun cinnteoireacht a threorú sa todhchaí.

4 Eolas agus tacaíocht

Nuair a bhíonn freastail á gcur chun feidhme d’fhoireann faoi mhíchumas is minic go gcaitear athruithe a dhéanamh agus bíonn costais i gceist leis sin, ach tá fáil ar chúnamh airgeadais agus ar chúnamh praiticiúil araon.

I roinnt mhaith tíortha san Aontas, bíonn tacaíocht airgeadais ar fáil chun roinnt de na costais a bhaineann le freastail réasúnta a chur ar bun a chumhdach, nó iad ar fad go deimhin. Bíonn deontais nó fóirdheontais i gceist leis sin, uaireanta in éineacht le tacaíocht lóistíochta chun freastail iomchuí a aithint agus chun iarratas a dhéanamh ar dheontais nó fóirdheontais. Bíonn éagsúlacht mhór ag baint leis an méid tacaíochta airgeadais ar fud na hEorpa, mar an gcéanna leis na cineálacha freastal is féidir a mhaoiniú, ach maoiníonn scéimeanna oiriúnú stáisiúin oibre a úsáideann duine faoi mhíchumas go minic. Bíonn cúnamh ar fáil uaireanta freisin chun cóitseálaithe poist nó costais taistil a íoc.

Le bheith incháilithe do mhaoiniú, ní mór d’áiseanna ceirde nó teicniúla a bheith bainteach le míchumas agus ní mór iad a úsáid do na gníomhaíochtaí oibre sonracha nó do chúraimí ábhartha eile. Is féidir áiseanna teicniúla oibre, idir bhogearraí agus chrua-earraí, a mheas mar fhoirm shonrach freastail. Cuireann siad sin ar chumas fostaithe faoi mhíchumas cúraimí a dhéanamh uaireanta nach mbeidís in ann a dhéanamh murach sin.

Is féidir leis an maoiniú poiblí an costas oiliúna a bhíonn ar dhuine chun an áis oibre a úsáid, a chumhdach. Cinntear an méid a bhronntar ar bhonn cás ar chás agus bíonn sé ag brath ar chritéir éagsúla amhail méid an lagaithe, costais iomlána na mbeart agus méid na gcostas a bhaineann le míchumas a thabhódh an fostóir murach sin.

Is féidir leat maoiniú a fháil go sonrach chun na costais a bhaineann le háiteanna oibre nua a chruthú do dhaoine faoi mhíchumas trom a chumhdach, b’fhéidir tar éis tréimhse fostaíochta i gceardlann dhídeanach. In imthosca den sórt sin, ní mór na poist a bhfuil tacaíocht acu a choimeád le haghaidh daoine den sórt sin ar bhonn fadtéarmach.

Tá deontais nó fóirdheontais chun freastail réasúnta a dhéanamh ar fáil in imthosca áirithe i bhformhór thíortha an Aontais, cé go mbíonn méideanna difriúla i gceist leo, agus bíonn go leor riaracháin ag baint uaireanta leis an bpróiseas chun iarratas a dhéanamh. Tabhair faoi deara go bhféadfadh sé go mbeadh gá cuid de na fóirdheontais a aisíoc má chuireann an fostóir deireadh leis an gconradh laistigh de thréimhse ama ar leith.

I roinnt tíortha san Aontas is féidir le fostóirí tacaíocht lóistíochta a fháil chun cuidiú leo freastal réasúnta a phleanáil agus a chur chun feidhme, b’fhéidir in éineacht le tacaíocht airgeadais. Cuireann an earnáil phoiblí an tacaíocht sin ar fáil go minic, is gnáth-chomhlachtaí nó ranna rialtais a sholáthraíonn í, amhail an tseirbhís fostaíochta, cé go bhfuil roinnt eagraíochtaí speisialaithe i roinnt tíortha a thugann tacaíocht d’fhostóirí chun daoine faoi mhíchumas a fhostú.

Liostaítear rogha eagraíochtaí agus foinsí cúnaimh ar leibhéal an Aontais faoi ‘Tacaíocht airgeadais’ ag deireadh na dtreoirlínte seo.

4.1 Cá bhfaighidh tú cúnamh

  • Is minic go soláthraítear ar shuíomhanna gréasáin oifigiúla ranna náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla atá freagrach as gnóthaí fostaíochta, saothair, sóisialta nó cearta míchumais eolas maidir leis na deontais, fóirdheontais agus cláir thacaíochta a d’fhéadfadh a bheith ar fáil chun cuidiú le fostóirí freastail réasúnta a bhunú.
  • Tá saineolas speisialta ag roinnt eagraíochtaí míchumais agus fostaíochta, ag comhlachais agus ag eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) maidir le tacaíocht a thabhairt d’fhostóirí agus do dhaoine aonair faoi mhíchumas. Is minic a chuireann siad acmhainní, treoraíocht agus eolas ar fáil maidir leis an tacaíocht airgeadais agus lóistíochta atá ar fáil le haghaidh freastal réasúnta. I measc na samplaí tá an Fóram Eorpach maidir leis an Míchumas25 agus Aontas na nDall san Eoraip26. Soláthraíonn Líonra Eorpach na gComhlachtaí Comhionannais athbhreithniú ar chás-dlí le déanaí i roinnt tíortha san Eoraip27.
  • Tairgeann an Coimisiún Eorpach agus a stiúrthóireachtaí éagsúla eolas ar dheiseanna maoinithe, ar chláir agus acmhainní d’fhostóirí ar mhaithe le freastal réasúnta a dhéanamh orthu, agus is minic a chuireann leathanaigh ghréasáin éagsúla de chuid an Aontas Eorpaigh i dtábhacht tionscnaimh ar chearta míchumais, fostaíocht agus cuimsiú sóisialta.
  • Is é is aidhm don tsraith ‘Promoting Equity’ An Cothromas a Chur Chun Cinn de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair cuidiú le fostóirí, idir bheag agus mhór agus i ngach earnáil eacnamaíoch freastal réasúnta a sholáthar ag gach céim den timthriall fostaíochta28.
  • Eisíonn lárionaid thacaíochta gnó, comhlachais tráchtála, eagraíochtaí gairmiúla nó earnála agus comhlachais ghnó treoraíocht agus acmhainní go minic d’fhostóirí, ina measc eolas maidir le tacaíocht airgeadais, deontais agus cuidiú lóistíochta.
  • D’fhéadfadh eolas a bheith ag gníomhaireachtaí fostaíochta áitiúla nó ag malartáin fostaíochta freisin faoi dheontais, fóirdheontais nó cláir thacaíochta d’fhostóirí.

4.2 Comhpháirtíochtaí

I gcomhpháirtíocht, is féidir le fostóirí agus le comhlachtaí seachtracha oibriú le chéile chun freastal réasúnta iomchuí a shainaithint agus a chur chun feidhme d’fhostaí aonair. In éineacht le comhpháirtíochtaí le malartáin fostaíochta agus le heagraíochtaí eile earcaíochta, lárionaid athshlánaithe gairme nó eagraíochtaí sochaí sibhialta, is féidir le fostóirí oibriú freisin le dochtúirí cuideachtaí, foirne sláinte ceirde nó le ceardchumainn.

Tá comhpháirtíochtaí ann chun cúnamh a thabhairt d’fhostóirí freastal réasúnta a dhéanamh i bhfoirm éigin i bhformhór thíortha an Aontais, agus tugann siad cúnamh go minic trí chomhairle nó tacaíocht chun freastail iomchuí a shainaithint. Cé gur féidir comhpháirtíochtaí a chur ar bun uaireanta le comhlachtaí poiblí ar nós na ngníomhaireachtaí fostaíochta atá freagrach as daoine faoi mhíchumas a chur ag obair, bíonn baint ag eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ag eagraíochtaí fostóirí leis go minic freisin.

Tá roinnt samplaí ar fud na hEorpa de chomhpháirtíochtaí a thairgeann tacaíocht ar nós cúnamh airgeadais, comhairle (comhairle indibhidiúlaithe maidir le freastal iomchuí, treoracha d’fhostóirí, comhairle maidir le háiteanna oibre atá báúil do dhaoine faoi mhíchumas a dhearadh), líonraí tacaíochta (cuideachtaí, líonra fostóirí a bhfuil an taithí acu foireann a fhostú ag a bhfuil acmhainneacht oibre laghdaithe), comhordaitheoir oibre chun deiseanna earcaíochta agus cúraimí a shainaithint atá oiriúnach dóibh siúd nach bhfuil ach beagán acmhainneacht oibre acu, bunachair sonraí (freastail a thaifeadadh i mbunachar sonraí agus seirbhísí idirghabhála chun teacht ar chomhaontú maidir le dálaí oibre). Bíonn baint ag saineolaithe sláinte ceirde uaireanta freisin le dul i gcomhpháirtíocht le fostóirí.

 

Bíonn ról nach beag ag Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann (CEC) maidir le freastal réasúnta a éascú do dhaoine faoi mhíchumas, mar chuid dá cuid oibre ar chearta fostaíochta agus cearta oibrithe ar fud na hEorpa. Mar cheanneagraíocht ag déanamh ionadaíochta ar oibrithe agus ar cheardchumainn san Aontas, seasann CEC ar son cearta agus leasanna fostaithe, ina measc daoine faoi mhíchumas, ag obair chun a chinntiú go gcuirtear cleachtais ionchuimsitheacha agus freastal réasúnta chun cinn i gcomhaontuithe cómhargála agus i ndlíthe saothair. Oibríonn CEC go gníomhach le fostóirí, lucht ceaptha beartas agus le páirtithe leasmhara ábhartha chun feasacht a ardú faoi riachtanais oibrithe faoi mhíchumas agus chun lánpháirtiú beart ina gcuimsítear míchumas a chur chun cinn.

I roinnt tíortha, cuir i gcás an Spáinn, shínigh ceardchumainn agus eagraíochtaí fostóirí comhaontuithe creata, comhaontuithe comhchoiteann náisiúnta agus cúige agus comhaontuithe ar leibhéal cuideachta nó eagraíochta maidir le bearta cosúil le hoiriúnuithe agus athshocrú i gcás inar oiriúnach sin.

4.3 Dea-chleachtais

The 'Illustrative Examples' section of the Guide- lines presents best practices for ensuring reasonable accommodation (RA) by employers. Below is an overview of potential measures that can be implemented. For more detailed information, please refer to the 'Illustrative Examples' section.

Bearta teicniúla

  • Trealamh chun stáisiún oibre a oiriúnú (cuir i gcás méadaitheoir físeáin, suíochán eirgeanamaíoch), eg.: p X
  • Bogearraí do dhaoine a bhfuil lagú amhairc ag dul dóibh
  • Trealamh cumarsáide do dhaoine a bhfuil lagú céadfach ag dul dóibh
  • Siombailí simplí a úsáid do dhaoine faoi mhíchumas intleachtúil
  • Dathanna atá i gcodarsnacht le chéile a úsáid sa timpeallacht oibre chun cuidiú le foirne a bhfuil lagú amhairc orthu a mbealach a dhéanamh
  • Ardáin físchomhdhála inrochtana a úsáid (le téacs go teanga)
  • Aláraim amhairc a úsáid do dhaoine atá faoi mhíchumas éisteachta (mar shampla, chun éigeandáil a chur in iúl, cloigín dorais, glao teileafóin, tús agus críoch lá oibre)

Bearta eagraíochtúla

  • An spás oibre, áitreabh agus trealamh a choigeartú
  • Modhnuithe fisiceacha/ailtireachta chun rochtain ar an áit oibre a éascú
  • Spás ciúin nó spás oibre aonair a sholáthar chun go mbeidh sé níos éasca ag duine díriú ar a chuid oibre
  • An rogha maidir le teilea-obair a thairiscint
  • Cúnamh daonna, cuir i gcás ateangaire teanga comharthaíochta, códóir don teanga labhartha a chur i gcrích, teagascóir nó oibrí beirte
  • Coigeartú ar uaireanta oibre, cuir i gcás obair pháirtaimseartha nó uaireanta oibre atá difriúil ón gcuid eile den fhoireann – i.e. uaireanta indibhidiúlaithe nach bhfuil sceideal comhchoiteann i bhfeidhm maidir leis
  • Sosanna níos minice le linn an lae oibre (mar shampla, d’oibrithe a bhfuil diaibéiteas ag dul dóibh)
  • Cumarsáid i dteanga níos simplí do dhaoine atá faoi mhíchumas intleachtúil
  • Suí (le haghaidh stáisiún oibre a mbítear ag seasamh aige de ghnáth)
  • Treoracha oibre a aistriú i dteanga chomharthaíochta nó i dteanga atá éasca a léamh agus a thuiscint
  • Sannadh chuig post atá gar ar bhonn geografach do theach cónaithe an oibrí faoi mhíchumas
  • Feithicil a oiriúnú chun cur ar a chumas do dhuine faoi mhíchumas taisteal chun na hoibre agus ón obair mura bhfuil fáil ar iompar poiblí
  • Rogha ionad cruinnithe, agus inrochtaineacht agus cumarsáid á gcur san áireamh
  • Athstruchtúrú foirne nó dáileadh cúraimí laistigh d’fhoireann (na cúraimí a athrú)
  • Múscailt feasachta ar mhíchumas

Dea-chleachtas maidir le cur chun feidhme

  • Teorainneacha feidhmiúla a chinneadh don sainchuntas poist agus an tacaíocht a éilítear
  • Freastal réasúnta a chur chun feidhme ag cur riachtanais agus sainroghanna an fhostaí faoi mhíchumas san áireamh a mhéid is féidir
  • Faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht an oiriúnúcháin, agus aon choigeartú is gá á dhéanamh
  • Comhairliúchán le saineolaithe, mar shampla sainchomhairleoirí um chuimsiú míchumais, gairmithe acmhainní daonna, agus speisialtóirí dlí sa dlí fostaíochta agus cearta míchumais.

4.4 Foinsí breise eolais

Tá a gcuid foilseacháin féin agus eolas eile ag roinnt Stát Eorpach d’fhostóirí maidir le freastal réasúnta. D’fhéadfadh aireachtaí rialtais, comhlachtaí comhionannais nó seirbhísí fostaíochta iad sin a chur le chéile, nó uaireanta d’fhéadfadh aonaid a bhfuil speisialú acu i bhfostaíocht daoine faoi mhíchumas san earnáil phoiblí iad a tháirgeadh. Tá ról ag eagraíochtaí fostóirí, ceardchumainn agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (lena n-áirítear DPOnna) i roinnt mhaith tíortha, freisin.

I measc na bhfoinsí eile tá tionscnaimh cuimsithe míchumais, irisleabhair acadúla, ábhair dlí (achoimrí cásdlí mar shampla), sraith straitéisí míchumais d’fhostóirí (á bhforbairt go minic ag comhlachtaí poiblí nó ag eagraíochtaí neamhbhrabúsacha, nó trí thionscnaimh a bhaineann go sonrach le míchumas), seimineáir ghréasáin agus oiliúint ar líne, agus treoraíocht ó chomhlachais a bhaineann go sonrach leis an tionscal.

Tugtar liosta cuimsitheach de chomhlachtaí ar cheart dul i gcomhairle leo ar an leibhéal Eorpach thíos, faoi ‘Tacaíocht airgeadais’.

TACAÍOCHT AIRGEADAIS

Is iad na cistí ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil na príomhfhoinsí tacaíochta airgeadais atá ag fostóirí chun freastal réasúnta a sholáthar san áit oibre. Tá tuilleadh eolais ar fáil i dtuarascálacha tíre EDE dar teideal Striving for an inclusive labour market [Saothrú i dtreo margadh saothair uilechuimsitheach].29

Roinnt foinsí maoinithe de chuid an Aontais

Mar rud breise, is féidir maoiniú an Aontais san Eoraip a úsáid chun freastal réasúnta a chur i bhfeidhm agus chun inrochtaineacht agus cuimsiú a chur chun cinn san áit oibre.

 

  • Fís Eorpach30

Tugann Fís Eorpach, clár taighde agus nuálaíochta an Aontais, deiseanna maoinithe do thionscadail a bhaineann le míchumas agus inrochtaineacht. Is féidir le heagraíochtaí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoi ghairmeacha nó topaicí sonracha ina ndírítear ar theicneolaíochtaí ionchuimsitheacha, ar ghairis chuiditheacha nó ar dhearadh ionchuimsitheach áit oibre. Cuirtear forbairt réiteach agus teicneolaíochtaí nuálacha chun cinn sa chlár lena n-éascaítear freastal réasúnta san áit oibre.

Is féidir le heagraíochtaí gairmeacha ábhartha ar thograí nó deiseanna maoinithe a fhoilsíonn an Coimisiún Eorpach nó gníomhaireachtaí éagsúla den Aontas a shainaithint. Leagtar amach cuspóirí sonracha, critéir incháilitheachta agus tosaíochtaí maoinithe a bhaineann le hinrochtaineacht agus freastal réasúnta de ghnáth sna gairmeacha seo. Ba cheart d’eagraíochtaí athbhreithniú cúramach a dhéanamh ar na treoirlínte, togra a ullmhú don tionscadal agus é a chur isteach laistigh de na sprioc-amanna sonraithe.

Bíonn an próiseas iarratais ag brath ar an gclár nó ar an tionscnamh sonrach maoinithe. Iarrtar de ghnáth ar eagraíochtaí togra tionscadail a chur isteach ina dtugtar achoimre ar na cuspóirí, gníomhaíochtaí, torthaí a bhfuil coinne leo agus ar an mbuiséad dá dtionscadal um fhreastal réasúnta. D’fhéadfaí ailíniú an tionscadail le tosaíochtaí an Aontais a áireamh leis na critéir incháilitheachta, chomh maith leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige, ceanglais chomhpháirtíochta agus inbhuanaitheacht airgeadais. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá d’eagraíochtaí a n-acmhainneacht, a saineolas agus a dtaithí ar thionscadail den chineál céanna a chur chun feidhme a léiriú.

Bíonn roinnt buntáistí ag baint le maoiniú an Aontais a fháil le haghaidh tionscnaimh um fhreastal réasúnta. Ar an gcéad dul síos, soláthraítear acmhainní airgeadais leis chun tacú le cur chun feidhme tionscadal ina gcuirtear inrochtaineacht agus cuimsiú chun cinn san áit oibre. Tairgtear deiseanna leis freisin i gcomhair líonrú, comhar agus malartú eolais le heagraíochtaí agus le saineolaithe eile a oibríonn sa réimse céanna. Ina theannta sin, nuair a fhaightear maoiniú ón Aontas feabhsaítear sofheictheacht agus inchreidteacht obair na heagraíochta agus as sin is féidir léi aitheantas níos mó a fháil ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Ach an próiseas chun iarratas a dhéanamh, na critéir incháilitheachta agus na buntáistí féideartha atá le maoiniú an Aontais a fháil, ach na rudaí sin a thuiscint, is féidir le heagraíochtaí acmhainní a chur i leataobh cuir i gcás ESIF, Fís Eorpach agus EaSI chun inrochtaineacht, cuimsiú agus comhionannas deiseanna a chur chun cinn san áit oibre d’fhostaithe faoi mhíchumas.

Eagraíochtaí ag soláthar eolais agus comhairle

  • An Fóram Eorpach maidir leis an Míchumas (EDF)
    An bhrateagraíocht is mó a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas san Eoraip, a sheasann ar son cearta na ndaoine uile faoi mhíchumas thar chineálacha éagsúla míchumais. https://www.edf-feph.org/
  • Ardán AGE san Eoraip (AGE)
    Sochaí a chur chun cinn do gach duine gan beann ar aois, sochaí ina bhfuil comhionannas deiseanna ag gach duine a bheith cuimsithe agus rannpháirteach ag gach céim dá shaol. https://www.age-platform.eu/
  • Aontas Eorpach na Fostaíochta le Tacaíocht (EUSE)
    Eagraíocht neamhrialtasach ina n-éascaítear forbairt Fostaíochta a dTacaítear Léi chun cuidiú le daoine faoi mhíchumas fostaíocht d’ardchaighdeán a rochtain le cúnamh leanúnach. https://euse.org/about-euse/
  • Cuimsiú san Eoraip
    Eagraíocht a dhíríonn ar chearta agus ar chuimsiú daoine faoi mhíchumas intleachtúil agus a dteaghlaigh. https://www.inclusion-europe.eu/
  • An Gréasán Eorpach um Maireachtáil Neamhspleách
    Seasann ar son cearta daoine faoi mhíchumas maireachtáil go neamhspleách agus a bheith áirithe sa phobal. https://enil.eu/
  • An Mheabhairshláinte san Eoraip
    Ag obair chun cearta agus folláine daoine a bhfuil riochtaí meabhairshláinte ag dul dóibh a chur chun cinn. https://www.mhe-sme.org/
  • Aontas Eorpach na nDall
    Déanann ionadaíocht ar leasa daoine dalla agus leathdhalla san Eoraip. https://www.euroblind.org/
  • Aontas Eorpach na mBodhar (EUD)
    Cuireann chun cinn cearta daoine bodhra agus tugann aitheantas do theangacha comharthaíochta san Eoraip. https://www.eud.eu/
  • An Cumann Eorpach Disléicse (EDA)
    Seasann ar son cearta agus riachtanais daoine aonair a bhfuil disléicse ag dul dóibh ar fud na hEorpa. https://eda-info.eu/
  • Uathachas-san Eoraip
    Comhlachas idirnáisiúnta ina ndírítear ar chearta agus cuimsiú daoine faoi neamhoird speictream an uathachais a chur chun cinn. https://www.autismeurope.org/
  • Comhlachas Eorpach na Soláthraithe Seirbhíse le haghaidh Daoine faoi Mhíchumas (EASPD)
    Déanann ionadaíocht ar sholáthraithe seirbhíse a oibríonn le daoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear míchumais fhisiceacha, intleachtúla agus chéadfacha. https://www.easpd.eu/
  • An Comhlachas Eorpach um Shiondróm Down (EDSA)
    Seasann ar son cearta agus folláine daoine a bhfuil siondróm Down ag dul dóibh. https://www.edsa.eu/
  • Teaghlaigh COFACE san Eoraip
    Seasann ar son cearta agus cuimsiú daoine faoi mhíchumas agus a dteaghlaigh san Eoraip. www.coface-eu.org
  • An Chónaidhm Eorpach de Thuismitheoirí a bhfuil Leanaí Lagéisteachta acu (FEPEDA)
    Cuireann cearta comhionanna leanaí agus daoine óga bodhra agus a bhfuil lagéisteacht acu agus a dteaghlaigh chun cinn. https://fepeda.eu/
  • An tArdán Eorpach um Scléaróis Iolrach (EMSP)
    Oibríonn chun cáilíocht saoil daoine a bhfuil scléaróis iolrach orthu a fheabhsú san Eoraip. https://emsp.org/
  • An Chónaidhm Eorpach de Dhaoine Leathbhodhra (EFHOH)
    Déanann ionadaíocht ar leasanna daoine leathbhodhra ar fud na hEorpa. https://www.efhoh.org/
  • Cónaidhm Eorpach na gComhlachas Néareolaíochta (EFNA)
    Díríonn ar abhcóideacht agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine aonair a bhfuil neamhoird néareolaíochta ag dul dóibh, ina measc riochtaí amhail titimeas, galar Parkinson agus scléaróis iolrach. https://www.efna.net/
  • Líonra Eorpach na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta
    Bunaíodh é chun éifeachtúlacht seirbhísí fostaíochta poiblí a uasmhéadú. https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1100&langId=en

Níl an liosta seo uileghabhálach. Tá neart eagraíochtaí agus comhlachais eile ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a sheasann do chearta daoine faoi mhíchumas ar fud na hEorpa. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach tuarascálacha tíre EDE dar teideal Striving for an inclusive labour market [Saothrú i dtreo margadh saothair uilechuimsitheach].31

SAMPLAÍ LÉIRITHEACHA

Taispeánann na modhanna freastail réasúnta (FR), a léirítear leis na samplaí cé na bearta is féidir le fostóirí a dhéanamh chun an oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh (2000/78/CE)32 maidir le freastal réasúnta agus chun fostaíocht daoine faoi mhíchumas a chinntiú. Ach na modhanna sin a leanúint, is féidir bearta freastail réasúnta a chur chun feidhme laistigh de thréimhse ama gearr.

Tabhair faoi deara nach liosta uileghabhálach é an liosta modhanna a chuirtear i láthair.

Modh 1

Modh 1

Teicneolaíocht chúnta a sholáthar

Is féidir le fostóirí cuidiú agus tacaíocht a fháil chun daoine a mbíonn bacainní rompu ina gcuid oibre a fhostú trí theicneolaíocht chúnta a chur ar fáil dóibh. Tá sé áisiúil dá bhrí sin a fháil amach faoi na gairis chuiditheacha éagsúla agus na réitigh TF atá ar fáil agus conas iad a rochtain.

1.1 Bainisteoir Tionscadal atá ar speictream an ­uathachais sa tionscal cógaisíochta

Modh 1
Tír An Ostair
Fostóir Príomhchuideachta sa tionscal cógaisíochta
Bacainn don fhostaí Speictream an uathachais, óna dteastaíonn timpeallacht dhírithe le haghaidh cúraimí atriallacha agus a éilíonn comhdhíriú agus cruinneas mór.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Spás oifige ciúin chun cur ar a chumas don fhostaí oibriú gan cur isteach air ón taobh amuigh.
Cuspóir Freagrachtaí an bhainisteora tionscadail a éascú chun saoráidí teicniúla a struchtúrú agus a riar trí ailíniú lena láidreachtaí sainiúla.
Tairbhe don fhostóir Cumas nádúrtha an fhostaí maidir le cúraimí a éascú óna dteastaíonn grinn-fhócas agus torthaí cruinnis i dtorthaí oibre ar chaighdeán níos airde. Cruthaítear torthaí nach beag nuair a dhéantar athruithe beaga chun spás oifige ciúin a sholáthar, agus déantar é i bhfoirm obair fíor-riachtanach, ar chaighdeán ard. Léirítear leis freisin tiomantas an fhostóra do thimpeallacht oibre ionchuimsitheach, ina dtarraingítear linn tallainne éagsúil agus as a bhféadfadh nuálaíochtaí leanúint a bhuí don éagsúlacht sin.
Costas Costas beag, mar gheall ar spás oifige ciúin a bheith ar fáil.

1.2 Oibrí miondíola faoi lagamharc ag obair ar urlár an tsiopa

Modh 1
Tír An Ostair
Fostóir Slabhra ollmhargaí
Bacainn don fhostaí Lagamharc
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Fón póca atá feistithe le haip um léamh os ard agus aip scanta.
Cuspóir Chun cur ar a chumas don fhostaí dualgais a dhéanamh cosúil le táirgí a athlíonadh ar na seilfeanna agus fostaithe nua a chur faoi oiliúint.
Tairbhe don fhostóir Trí infheistíocht bheag a dhéanamh i dteicneolaíocht, ní hamháin go gcinntíonn an t-ollmhargadh go gcuirtear cúraimí i gcrích go héifeachtúil, ach bíonn tionchar aige freisin ar eolas grinn an fhostaí ar shuíomhanna táirge chun foireann nua a chur faoi oiliúint. Leis sin feabhsaítear an táirgiúlacht agus cruthaítear timpeallacht foghlama do na fostaithe uile. Bíonn cáil ar an siopa freisin mar áit oibre ionchuimsitheach, rud lena mealltar bonn custaiméirí éagsúil agus a fhágann go bhfuil rud éigin speisialta faoi le hais iomaitheoirí.
Costas Costas beag, de bharr nach bhfuil ach infheistíocht bheag teicneolaíochta i gceist.

1.3 Comhordaitheoir i lárionad glaonna do dhaoine ­lagamhairc

Modh 1
Tír An Ostair
Fostóir Príomhsholáthraí seirbhíse i margadh réadmhaoine cónaithe na hOstaire
Bacainn don fhostaí Lagamharc
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Gairis léitheoireachta speisialaithe agus scáileán ríomhaire sonrach.
Cuspóir Chun cur ar a chumas don fhostaí glaonna a chomhordú go héifeachtach agus fiosruithe ó chustaiméirí a láimhseáil go héifeachtúil.
Tairbhe don fhostóir Baineann an fostóir tairbhe as comhordaitheoir tiomnaithe, éifeachtúil a bheith aige sa lárionad glaonna, duine atá in ann idirghníomhaíochtaí casta le custaiméirí a bhainistiú go héasca, a bhuí le teicneolaíochtaí cúnta. Ní hamháin go gcruthaítear lucht saothair dílis, inniúil leis na hathruithe sin ach rannchuidítear freisin le leibhéil níos airde sástachta agus coinneála i measc custaiméirí. Ina theannta sin, ach timpeallacht oibre ionchuimsitheach a chothú, feabhsaíonn an chuideachta an cháil atá uirthi mar eagraíocht atá freagrach go sóisialta, rud a bhíonn níos tarraingtí do chliaint agus d’fhostaithe féideartha.
Costas Costas beag go measartha, i bhfianaise go soláthraítear gairis speisialaithe.

1.4 Gairmí cuntasaíochta agus TF faoi lagamharc

Modh 1
Tír An Ostair
Fostóir Eagraíocht neamhbhrabúsach san Earnáil Cóirthrádála
Bacainn don fhostaí Lagamharc
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Méadaitheoir leictreach, léitheoir scáileáin, léitheoir monatóra d’ábhair chlóite, agus soilse speisialta.
Cuspóir An t-aistriú ó sheirbhísí allamuigh go dtí ról speisialaithe i gcuntasaíocht agus in TF a éascú tar éis saoire mháithreachais.
Tairbhe don fhostóir Le hinfheistíocht measartha beag i dteicneolaíochtaí cúnta, coinníonn an eagraíocht fostaí oilte tréitheach atá in ann freagrachtaí cuntasaíochta agus TF araon a láimhseáil. Ní hamháin go gcinntíonn sé sin go líonann duine díograiseach a bhfuil taithí aige róil ríthábhachtacha ach seoltar teachtaireacht láidir freisin faoi thiomantas na heagraíochta don chuimsitheacht. Feabhsaíonn tacar scileanna an fhostaí, in éineacht leis an spás oibre saincheaptha, an táirgiúlacht agus caighdeán na hoibre, rud a ghabhann chun tairbhe mhisean na heagraíochta agus arb é sin bun agus barr na heagraíochta sa deireadh thiar.
Costas Costas beag nó measartha, ag cur na hinfheistíochta i dteicneolaíochtaí cúnta san áireamh.

1.5 Aisteoirí atá dall agus faoi lagamharc

Modh 1
Tír An Chróit
Fostóir Bhunaigh sé téatar de chuid na Cróite do na daill, a bhfuil cáil air as an tallann náisiúnta is fearr a mhealladh i gcúrsaí léiriúcháin, scríbhneoireachta drámaí, agus dearadh seit.
Bacainn don fhostaí Lagamharc
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Spás curtha in oiriúint, radharcagrafaíocht, scripteanna, stíleanna léiriúcháin, agus treoir amhairc d’aisteoirí.
Cuspóir Cúraimí feidhmíochta aisteoirí atá dall agus faoi lagamharc a éascú, agus na bealaí a chur ar fáil dóibh an tráth céanna chun spás an stáitse a thuiscint agus a sheoladh.
Tairbhe don fhostóir Ní hamháin go bhfuil an téatar difriúil de bharr a chuid tallainne ach seasann sé amach freisin de bharr a chur chuige nuálach agus oiriúnaitheach, rud a tharraingíonn clú air de bharr cruthaitheacht agus cuimsitheacht a ghabhann thar theorainneacha. Leis na freastail is féidir linn aisteoirí díograiseacha, a bhfuil ard-tallann acu agus ar beag aithne atá orthu a fhostú, rud lena saibhrítear dá bhrí sin léiriúcháin an téatair agus lena gcruthaítear bonn tallainne an-éagsúil. Nuair a fhostaítear aisteoirí a bhfuil cumais éagsúla acu cruthaítear deiseanna nua sa scéalaíocht, rud a d’fhéadfadh lucht féachana níos leithne agus níos rannpháirtí a mhealladh.
Costas Costas measartha, i bhfianaise an spáis oiriúnaithe agus an mhodha oibre a bheith athraithe.

1.6 Fostaithe faoi lagamharc in earnáil na baincéireachta

Modh 1
Tír An Chipir
Fostóir Banc a fhostaíonn thart ar 500 duine
Bacainn don fhostaí Lagamhairc, lena n-áirítear daoine atá dall nó breacamharcach
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Teicneolaíocht chúnta shaincheaptha, amhail léitheoirí scáileáin, méadaitheoirí, agus cumraíochtaí speisialaithe do ríomhairí.
Cuspóir Na stáisiúin oibre aonair a chur in oiriúint do riachtanais an triúr fostaithe faoi lagamharc, ag cinntiú gur féidir leo a gcuid cúraimí a dhéanamh go héifeachtach.
Tairbhe don fhostóir Taobh amuigh den fhreagracht shóisialta agus ceanglais rialála a chomhlíonadh, éiríonn leis an mbanc lucht saothair éagsúil a fhostú atá in ann peirspictíocht shainiúil a thairiscint, agus a d’fhéadfadh bonn custaiméirí níos leithne a mhealladh sa deireadh thiar. Cuirtear cultúr ionchuimsitheach in iúl freisin le soláthar na teicneolaíochta cúnta, rud lena bhfeabhsaítear branda an fhostóra agus a d’fhéadfadh an tallann is fearr a mhealladh ar fud na heagraíochta. Tairbhíonn an banc freisin de bharr dhúthracht agus scileanna na bhfostaithe seo, atá fíor-spreagtha mar gheall go páirteach ar thoilteanas an fhostóra freastal ar a gcuid riachtanais.
Costas Costas measartha, infheistíocht i dteicneolaíochtaí cúnta saincheaptha.

1.7 Dearthóir grafaice a bhfuil dúshláin bainistíochta ama aige

Modh 1
Tír An Danmhairg
Fostóir Gníomhaireacht deartha
Bacainn don fhostaí Dúshláin le bainistíocht ama i ngeall ar a bheith faoi strus mór agus dúlagar trom a bheith air roimhe sin.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Aip a chuidíonn leis an dearthóir grafaice am a bhainistiú agus a leithdháileadh go héifeachtach i gcomhair cúraimí agus fochúraimí.
Cuspóir A chur ar a chumas don dearthóir grafaice díriú ar a chuid oibre trí na huirlisí a theastaíonn uaidh chun a chuid ama a bhainistiú níos fearr a thabhairt dó.
Tairbhe don fhostóir Trí fhreastal simplí ach atá éifeachtach a thairiscint, coinníonn an fostóir dearthóir grafaice a bhfuil tallann aige agus atá níos bisiúla agus níos dírithe anois. Ní hamháin go gcuireann an infheistíocht sin le haschur an fhostaí ach cuireann sé in iúl do na fostaithe uile go bhfuil an chuideachta tiomanta dá bhfolláine agus dá rath, rud atá in ann dá réir sin ardú meanma a thabhairt agus táirgiúlacht níos fearr a chruthú san áit oibre.
Costas Costas beag, toisc gur feidhmchlár bogearraí atá i gceist leis an bhfreastal a thacaíonn le bainistíocht ama.

1.8 Úsáideoir cathaoir rothaí i ngairm fhorásach

Modh 1
Tír An Danmhairg
Fostóir Cuideachta
Bacainn don fhostaí Úsáideoir cathaoir rothaí a bhfuil galar leanúnach ag dul dó
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Ar dtús, cuireadh oifig atá feistithe le trealamh speisialta ar fáil don fhostaí sa bhaile. Bhí pleananna ann chun ardáin a shuiteáil le haghaidh cathaoireacha rothaí, agus doirse rochtana uathoibrithe, agus modhnuithe a dhéanamh ar an áit oibre agus saoráidí leithris a chur isteach le haghaidh rochtain do chathaoireacha rothaí. Bhí baint ag roinnt páirtithe leasmhara leis, lena n-áirítear príomhphearsana agus sainchomhairleoirí míchumais.
Cuspóir Freastal ar fhostaí ardoilte atá in ann cur go mór le cuspóirí na cuideachta ach teastaíonn timpeallacht atá inrochtana do chathaoir rothaí uaidh.
Tairbhe don fhostóir Trí shaineolas fostaí ardoilte a chothú feabhsaítear táirgiúlacht agus faigheann an fhoireann peirspictíocht shainiúil. Mar gheall ar thiomantas na cuideachta freastail chuimsitheacha a dhéanamh ardaítear leis sin an cháil atá uirthi mar fhostóir ionchuimsitheach agus oiriúnaitheach, ar féidir leis a bheith ina bhuntáiste iomaíoch ó thaobh tallann a fháil isteach agus ó thaobh an chaidrimh le custaiméirí.
Costas Costas measartha, ach le toradh fadtéarmach ar an infheistíocht (TAI) ag cur na tallainne a fhaightear san áireamh.

1.9 Fostaí ag a bhfuil soghluaisteacht shrianta i gcuideachta troscán

Modh 1
Tír An Eastóin
Fostóir Cuideachta déantúsaíochta troscán ar mheánmhéid ina bhfuil thart ar 45 fostaí
Bacainn don fhostaí Soghluaisteacht agus gluaiseachtaí lámh srianta; níl sé in ann obair fhisiceach a dhéanamh a bhfuil gluaiseacht thar achair fhada i gceist leis nó níl sé in ann na lámha a ardú thar a ghualainn.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Rinne an fostóir athruithe ar an spás oibre ionas nach mbeadh gá a bheith ag bogadh thar achair fhada agus rinne sé iarratas ar áiseanna teicniúla ó Chiste Árachais Dífhostaíochta na hEastóine. Sholáthair an Ciste uirlis ardaithe aeroibrithe agus chúitigh an costas a bhain le hardaitheoir folúis.
Cuspóir An timpeallacht oibre a chur in oiriúint agus na huirlisí is gá a sholáthar ionas go bhféadfadh an fostaí dul i mbun oibre go compordach agus go héifeachtach, d’ainneoin a chuid srianta soghluaisteachta.
Tairbhe don fhostóir Éiríonn leis an bhfostóir ball foirne díograiseach ábalta a aimsiú, a shaibhríonn an éagsúlacht san áit oibre agus a d’fhéadfadh cáiliú do dhreasachtaí ó chistí rialtais de bharr daoine faoi mhíchumas a fhostú.
Costas Costas beag, á mhaoiniú ag Ciste Árachais Dífhostaíochta na hEastóine.

1.10 Éagsúlacht fostaithe ag cuideachta déantúsaíochta lampaí

Modh 1
Tír An Fhionlainn
Fostóir Cuideachta déantúsaíochta lampaí ina bhfuil 20 fostaí, faoi stiúir duine faoi mhíchumas
Bacainn don fhostaí Bacainní éagsúla, lena n-áirítear míchumas, aois, stádas dídeanaí, agus stádas inimircigh. Is grúpaí leochaileacha thart ar 30 % den lucht saothair.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Tairgeann an fostóir trealamh soilsithe agus feabhsaithe amhairc atá riachtanach d’fhostaithe faoi lagamharc dírithe i ndiaidh dóibh tosú ag obair.
Cuspóir Timpeallacht ionchuimsitheach a chruthú san áit oibre, áit ina bhfuil deis ag gach duine, gan beann ar a gcúlra nó ar a riocht sláinte, dul i mbun oibre.
Tairbhe don fhostóir Cuirtear éagsúlacht agus cuimsiú chun cinn, ag tabhairt isteach raon peirspictíochtaí agus taithí chun na cuideachta. D’fhéadfaí cáil na cuideachta mar fhostóir comhionann a threisiú freisin.
Costas Costas measartha, á mhaoiniú ag an bhfostóir féin, a roghnaigh gan iarratas a dhéanamh ar thacaíocht airgeadais phoiblí mar gheall ar bhacainní maorlathais.

1.11 Oiriúnuithe san áit oibre – coigeartuithe riachtanacha curtha chun feidhme

Modh 1
Tír An Fhrainc
Fostóir Groupe Bonduelle
Bacainn don fhostaí Míchumas lena n-éilítear coigeartuithe san áit oibre
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Modhnuithe ar áiteanna oibre d’fhostaithe a bhfuil míchumas aitheanta ag dul dóibh chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní agus an oiread áiteanna oibre agus is féidir a dhéanamh inrochtana. I measc na modhnuithe a d’fhéadfadh a bheith ann bheadh coigeartuithe eirgeanamaíocha ar an stáisiún oibre, trealamh speisialaithe, cúnamh le hiompar, feabhsuithe inrochtaineachta, oiliúint, uirlisí cumarsáide do mhíchumais difriúla, agus oiriúnú sonrach ar bhogearraí/crua-earraí le haghaidh laguithe éagsúla.
Cuspóir Stáisiúin oibre a dhéanamh inrochtana trí choigeartuithe is gá a chur chun feidhme, ar coigeartuithe iad a mhol an lia ceirde agus daoine eile a bhain leis an gcás, lena n-áirítear ceardchumainn.
Tairbhe don fhostóir Cuimsiú agus inrochtaineacht a éascú d’fhostaithe faoi mhíchumas.
Costas Na costais clúdaithe ag ciste Handipol agus Agefiph faoi choinníollacha sonracha, agus teorainneacha ann maidir le huasmhéid na gcostas. Rachfar i gcomhairle leis an gCoimisiún más mó an buiséad ná EUR 5 000 in aghaidh an duine go bliantúil.

1.12 Teicneoir tacaíochta ríomhaire atá íogair d’fhuaim

Modh 1
Tír An Fhrainc
Fostóir Cuideachta a sholáthraíonn seirbhísí tacaíochta ríomhaire
Bacainn don fhostaí Íogaireacht d’fhuaim, riocht éisteachta nuair a bhíonn duine ró-íogair do ghnáth-fhuaimeanna atá timpeall orthu, rud a bhíonn míchompordach agus a dhéanann difear d’fheidhmíocht phoist.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Comhairliúchán le liachleachtóir i gcomhair measúnú eirgeanamaíoch sula bhfostaítear duine; fearas cinn déchluasach a cheannach chun imeacht ó thorainn sheachtracha; scagaire scáileáin a shuiteáil chun soilsiú géar a laghdú; cathaoir speisialaithe a oiriúnú le haghaidh compord níos mó; síneadh ar an méarchlár agus ar an luchóg do chomhghleacaithe timpeall air chun an torann a mhaolú.
Cuspóir Cur ar a chumas don fhostaí díriú ar a chúraimí gan gnáthfhuaimeanna san oifig cur isteach air, rud lena bhfeabhsaítear dá bhrí sin a tháirgiúlacht agus a fholláine.
Tairbhe don fhostóir Feidhmíocht agus táirgiúlacht níos fearr ón bhfostaí agus cultúr feabhsaithe san áit oibre de réir mar a léirigh comhghleacaithe dlúthpháirtíocht agus tuiscint. Ba chur chuige iomlánaíoch a ghlac an fostóir, lenar bhain saineolas leighis agus eirgeanamaíoch díreach ón gcéim earcaíochta, agus bhain an fostóir agus an fostaí araon tairbhe as sa deireadh.
Costas Costas measartha, ag cur san áireamh gurb é an fostóir a d’íoc as an trealamh eirgeanamaíoch agus as an gcomhairliúchán, ach bhí táirgiúlacht mhéadaithe dá bharr, rud a chiallaigh gurbh infheistíocht luachmhar a bhí ann.

1.13 Cuntasóir le heimipléige ar an taobh chlé

Modh 1
Tír An Fhrainc
Fostóir Cuideachta
Bacainn don fhostaí Heimipléige ar an taobh chlé, a dhéanann difear do shoghluaisteacht agus do scileanna mhínluaile ar an taobh chlé den chorp.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Cruinniú tosaigh le heirgeanamaí agus le páirtithe leasmhara chun na cuspóirí agus na huirlisí atá le húsáid a shainiú; barúlacha ag an stáisiún oibre chun aird a tharraingt ar na deacrachtaí a bhí os comhair an fhostaí, cuir i gcás leagan amach an tseomra, socrú an troscáin, agus an chathaoir mhíchompordach; tuarascáil gníomhaíochta a chur isteach le réitigh mholta don eagraíocht agus maidir le hábhair; roghanna éagsúla deisce a sholáthar don fhostaí le roghnú astu, rud a thugann cumhacht dá bhrí sin don fhostaí cinntí a dhéanamh é féin.
Cuspóir An spás oibre a oiriúnú ar bhealach a chúitíonn míchumas an fhostaí, rud a thugann deis dó dá réir sin leanúint dá chuid oibre mar chuntasóir go héifeachtach.
Tairbhe don fhostóir Lucht saothair oilte a choinneáil gan gá daoine a athfhostú nó a chur faoi oiliúint arís agus meanma níos fearr i measc an lucht saothair, ag léiriú tiomantas an fhostóra don chuimsitheacht agus d’fholláine an fhostaí.
Costas Costas measartha, costas an mheasúnaithe eirgeanamaíoch, an troscáin, agus gabhálais eile ar íoc an fostóir astu á gcur san áireamh.

1.14 Altra a bhfuil lagú éisteachta ag gabháil dó ar Bharda Ailse Péidiatraiceach

Modh 1
Tír An Ghearmáin
Fostóir Cuideachta cúraim sláinte ina bhfuil thart ar 3 400 fostaí agus roinnt ospidéal cleamhnaithe
Bacainn don fhostaí Lagú éisteacha, braistint theoranta shonrach i gcásanna áirithe cosúil le torann nó cur isteach ar an éisteacht, nó le linn dó a bheith ar an bhfón.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Trealamh comharthaíochta treisithe ar an mbarda, lena n-áirítear rabhaidh amhairc ar thaispeáintí lárnacha ag stáisiún na n-altraí agus i bpasáistí; suiteáladh córas comharthaíochta raidió chun comharthaí a sheoladh ó Infusomats chuig glacadóir a bhíonn á chaitheamh ag an altra; suiteáladh teileafón nua gan sreang freisin, agus é feistithe le rialú fuaime, socrú creathaidh, soilse táscaire ag splancadh, agus nascacht Bluetooth chun nascadh le háiseanna éisteachta an altra.
Cuspóir Chun cur ar a cumas d’altra oilte a chuid dualgas a dhéanamh go héifeachtach ar bharda ailse péidiatraiceach d’ainneoin an lagú éisteachta atá ag gabháil di.
Tairbhe don fhostóir Ach na freastail speisialaithe seo a chur chun feidhme cinntítear go gcoinnítear altra ard-oilte agus speisialaithe i socrú cúraim sláinte leochaileach. Léiríonn sé tuilleadh tiomantas na heagraíochta do lucht saothair ionchuimsitheach, rud ar féidir leis an meanma a fheabhsú, an tallann is fearr a mhealladh, agus cáil na cuideachta a neartú sa tionscal cúraim sláinte.
Costas Costas measartha, ach is fiú go mór an toradh go fadtéarmach trí an líon foirne a choinnítear, cúram othar feabhsaithe, agus forbairt clú.

1.15 Fostaí sa tseirbhís phoiblí ag úsáid cathaoir rothaí

Modh 1
Tír An Iodáil
Fostóir Oifig rialtais
Bacainn don fhostaí Míchumas fisiceach rud a chiallaíonn gur deacair an carrchlós atá curtha i leataobh dó a rochtain mar gheall ar chathaoir rothaí a úsáid.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Arna iarraidh sin ag an bhfostaí soláthraíodh pas láithreach chuig spás páirceála inrochtana a bhfuil sé níos éasca é a úsáid le cathaoir rothaí.
Cuspóir É a dhéanamh níos éasca don fhostaí teacht chun na hoibre agus an obair a fhágáil gan a bheith ag streachailt le spás páirceála nach bhfuil sách inrochtana. Go mbeidh an fostaí ag an obair in am agus i ndea-ghiúmar, réidh le rannchuidiú leis an táirgiúlacht.
Tairbhe don fhostóir Costas beag agus iarracht bheag a bhaineann le sannadh an spáis pháirceála a athrú. Tugadh aghaidh go tapa ar iarraidh an fhostaí, rud a d’fhág go raibh sé níos éasca aige freastal ar a chuid oibre gach lá agus nach raibh an oiread struis ag baint leis. Léirigh an fostóir solúbthacht agus gníomhaíocht thapa chun freastal ar riachtanas sonrach an fhostaí. Taispeánann sé freisin gur féidir fiú le gníomhaíochtaí beaga cur le timpeallacht oibre níos ionchuimsithí, rud a mbaineann fostaithe agus fostóirí araon tairbhe as.
Costas Costas beag, toisc nach raibh i gceist leis ach spás páirceála a athshannadh.

1.16 Freastal réasúnta d’oibrithe faoi mhíchumas luaile

Modh 1
Tír An Iodáil
Fostóir ASL (Údarás Sláinte Áitiúil)
Bacainn don fhostaí Deacrachtaí san áit oibre i ngeall ar mhíchumais luaile agus iad níos measa de bharr galair croí.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Athlonnú na háite oibre chuig oifig atá go hiomlán inrochtana agus athruithe ar uaireanta an phoist chun freastal ar mhíchumas trom.
Cuspóir Chun timpeallacht oibre ionchuimsitheach ina bhfuil tacaíocht ag an bhfoireann a éascú d’imthosca athraithe an fhostaí.
Tairbhe don fhostóir Feidhmíocht fheabhsaithe ón bhfostaí, coinneáil, agus meanma níos fearr mar gheall ar áit oibre ina bhfreastalaítear níos fearr ar an bhfostaí, agus dílseacht agus sástacht á gcothú. Tacaíocht fheabhsaithe d’fhostaithe faoi mhíchumas, ag cothú áit oibre ina bhfuil meas ar an gcuimsitheacht agus ina bhfreastalaítear ar na riachtanais ar leith a bhíonn ag an duine.
Costas Costas beag nó measartha, a bhféadfadh costas modhnuithe nó athruithe ar an oifig a bheith i gceist leis, agus sástacht agus táirgiúlacht fheabhsaithe an fhostaí á gcúiteamh ag an am céanna.

1.17 Fostaí nuacheaptha atá faoi mhíchumas fisiceach

Modh 1
Tír Lucsamburg
Fostóir Institiúid ardoideachais i Lucsamburg ina bhfuil thart ar 300 ball foirne teagaisc agus 7 000 mac léinn
Bacainn don fhostaí Míchumais fhisiceacha lena gcaitear coigeartuithe a dhéanamh ar shuíocháin agus ar an deasc.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Comhoibriú le seirbhísí sláinte ceirde áitiúla chun riachtanais an fhostaí a shainaithint; cathaoir speisialaithe agus deasc inchoigeartaithe a sholáthar bunaithe ar mholtaí.
Cuspóir Spás oibre compordach agus feidhmiúil a chruthú a chuireann ar a chumas don fhostaí a phost a dhéanamh go héifeachtach.
Tairbhe don fhostóir Trí dul i gcomhairle le saineolaithe cinntítear go bhfuil an freastal oiriúnach agus éifeachtach araon, rud a fheabhsaíonn dá réir sin feidhmíocht agus sástacht an fhostaí. Cuirtear cultúr cuimsitheachta chun cinn, rud ar féidir leis cáil na hinstitiúide a fheabhsú agus linn tallainne níos leithne a mhealladh.
Costas Costas measartha, lena mbaineann troscán speisialaithe a cheannach agus dul i gcomhairle le seirbhísí sláinte ceirde.

1.18 Fostaí fadtéarmach a bhfuil IBM ag gabháil dó

Modh 1
Tír An Ísiltír
Fostóir Cuideachta ina bhfuil an fostaí ag obair le 35 bliain
Bacainn don fhostaí IBM, galar matán neamhchoitianta a raibh tionchar tromchúiseach aige ar shoghluaisteacht agus ar mhatáin an fhostaí.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Rinneadh oiriúnú ar ról an fhostaí ó phluiméir go dtí post eile atá sé in ann a bhainistiú go fisiceach. Ceannaíodh cathaoireacha speisialaithe, cathaoir thriarach agus stól diallaite go sonrach, chun an strus ar na cosa a íoslaghdú fad agus a bheidh sé ag obair sa rannóg alúmanaim. Tá meas ag an bhfostaí ar na freastail agus is mór leis an cumas leanúint ag rannchuidiú leis an gcuideachta. Cé go bhfuil athrú ar an gcineál oibre atá ar siúl aige, braitheann sé go fóill go bhfuil luach agus sástacht ag baint lena ról athraithe.
Cuspóir Deis a thabhairt don fhostaí leanúint ag obair d’ainneoin a riocht sláinte, ag caomhnú a fhiúntais don chuideachta agus a shástacht phearsanta féin ó bheith in ann obair a dhéanamh.
Tairbhe don fhostóir Coinníonn sé fostaí díograiseach a bhfuil taithí aige, agus eolas institiúideach á choimeád. Léiríonn tiomantas d’fholláine agus cuimsitheacht an fhostaí. Tacaíocht airgeadais i bpáirt ó UWV (Gníomhaireacht Árachais Fostaí) as an bhfreastal, ag laghdú ualach an chostais.
Costas Costas measartha, an costas a bhaineann le suíocháin speisialaithe go príomha. Mar sin féin, tugann UWV fóirdheontais as sin, ag laghdú an tionchair airgeadais ar an bhfostóir.

1.19 Fear díolacháin a bhfuil amharc lag aige i dteileamhargaíocht

Modh 1
Tír An Pholainn
Fostóir Cuideachta teileamhargaíochta aitheanta
Bacainn don fhostaí Tá amharc lag ag an bhfear díolacháin, rud atá in ann difear a dhéanamh dá chumas gnáth-theicneolaíocht oifige a úsáid go hiomlán.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Ríomhaire oiriúnaithe chun dul in oiriúint níos fearr do theorainneacha amhairc an fhostaí; suiteáladh méadaitheoir agus sintéiseoir urlabhra ag stáisiún oibre an fhostaí ar iarraidh sin dó.
Cuspóir Chun cur ar a chumas don fhostaí foireann teileamhargaíochta a bhainistiú go héifeachtach, agus áit oibre ionchuimsitheach á cur chun cinn an tráth céanna áit ina féidir le gach duine, gan beann ar a míchumais, rannchuidiú lena n-acmhainneacht iomlán. Cuidíonn na freastail seo leis deacrachtaí ó am go ham i ngeall ar a mhíchumas a bhainistiú agus a bheith iontach ag a phost an tráth céanna.
Tairbhe don fhostóir Coinníonn sé bainisteoir foirne atá an-chumasach agus ionbháúil ar féidir leis oibriú le foireann níos sóisearaí faoi mhíchumas. Leagann sé caighdeán cuimsithe síos, rud lena bhfeabhsaítear brandáil an fhostóra agus a d’fhéadfadh linn tallainne níos leithne a mhealladh dá réir sin. Rannchuidíonn sé le cultúr oibre dearfach tríd is tríd. Tá dé-aidhm le tiomantas an fhostóra don fhreastal réasúnta: cuireann sé ar a chumas don fhostaí obair a dhéanamh go héifeachtúil cé go bhfuil a amharc lag agus feabhsaítear éifeachtacht fhoriomlán na foirne freisin.
Costas Costas measartha, ag cur san áireamh gur soláthraíodh crua-earraí agus bogearraí ríomhaire speisialaithe.

1.20 Bainisteoir Trádstórais le laguithe éisteachta

Modh 1
Tír An Phortaingéil
Fostóir Monarcha uachtair reoite
Bacainn don fhostaí Tá laguithe éisteachta ag gabháil don iarrthóir, rud a chiallaíonn go bhfuil sé deacair aige orduithe a bhainistiú ar an teileafón, gnáth-bhealach oibre na cuideachta.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Ríomhaire curtha in ionad an chórais ordaithe ar an teileafón chun orduithe a fháil ar ríomhphost sa trádstóras. Is réiteach simplí ach réiteach éifeachtach é an t-aistriú ó chóras ordaithe bunaithe ar an teileafón chuig córas bunaithe ar ríomhphost agus ní hamháin go mbaineann an fostaí tairbhe as ach d’fhéadfaí próiseas ordúcháin na cuideachta a chuíchóiriú leis freisin.
Cuspóir Ról an iarrthóra mar bhainisteoir trádstórais a éascú, chun deis a thabhairt dó an fardal a bhainistiú, orduithe a líonadh, agus comhordú a dhéanamh le siopaí gan gá dó cumarsáid éisteachta a dhéanamh. Is féidir leis an iarrthóir a dhualgais bainistíochta a dhéanamh gan bacainní cumarsáide cur isteach air, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos táirgiúla agus níos éifeachtúla ag a phost. Ní chuireann a laguithe éisteachta teorainn lena chumas an trádstóras a bhainistiú go héifeachtach níos mó.
Tairbhe don fhostóir Déanann cuíchóiriú ar an bpróiseas ordaithe, rud a fhéadfaidh é a dhéanamh níos éifeachtúla agus a laghdóidh an baol go dtarlóidh cumarsáid mhíchruinn a d’fhéadfadh tarlú ar an bhfón. Seoltar teachtaireacht láidir faoi thiomantas na cuideachta don éagsúlacht agus don chuimsitheacht, rud lena bhfeabhsaítear a cáil chorparáideach. Síntear an linn tallainne trína thaispeáint go bhfuil an chuideachta toilteanach a nósanna imeachta a oiriúnú chun freastal ar iarrthóirí oilte faoi mhíchumas.
Costas Costas beag go measartha, i bhfianaise cumrú tosaigh ríomhaire agus bogearraí féideartha chun orduithe ríomhphoist a bhainistiú.

1.21 Fostaí riaracháin a bhfuil laguithe éagsúla ag gabháil dó ag ospidéal

Modh 1
Tír An tSualainn
Fostóir Ospidéal de chuid na hearnála poiblí
Bacainn don fhostaí Laguithe éagsúla, ar nós diostróife mhatánach, caillteanas radhairc agus leochaileacht do rólódáil chognaíoch.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Ríomhchlár speisialta agus scáileán le haghaidh caillteanas radhairc; oifig mhór gar do sheomraí scíthe agus páirceáil speisialta do chathaoir rothaí; spás oifige príobháideach chun rólódáil chognaíoch a sheachaint; cathaoir scíthe san oifig; sosanna lóin níos faide; cruinnithe gach dara seachtain lena bainisteoir chun athbhreithniú a dhéanamh ar a sceideal agus chun pleanáil chun cinn.
Cuspóir Ról an fhostaí i ndualgais riaracháin a éascú trí fhreastal ar a riachtanais éagsúla agus a chinntiú go dtacaíonn a háit oibre léi i ngach gné: fisiceach, amhairc, agus cognaíoch.
Tairbhe don fhostóir Coinníonn sé fostaí fiúntach ag a bhfuil scileanna speisialaithe i ndualgais riaracháin. Leagann sé caighdeán síos le haghaidh freastal réasúnta cuimsitheach, ag cur borradh faoi cháil an ospidéil mar fhostóir ionchuimsitheach. Cuireann folláine agus sástacht poist fostaithe chun cinn, rud is dóigh a fheabhsóidh an táirgiúlacht fhoriomlán. Leagann an t-ospidéal sa tSualainn caighdeán ard síos faoi conas is féidir le fostóirí níos mó a dhéanamh ná athruithe beaga chun timpeallacht oibre ionchuimsitheach a chothú i ndáiríre.
Costas Costas measartha go mór, toisc gur ceannaíodh trealamh speisialaithe, modhnuithe oifige agus athruithe ar an sceideal.

1.22 Comhaontú maidir le lánpháirtiú gairmiúil ag ENEDIS, chun ­coinneáil post a choinneáil ar bun agus chun gairmeacha daoine faoi mhíchumas a fhorbairt le haghaidh na tréimhse 2021-2023

Modh 1
Tír An Fhrainc
Fostóir ENEDIS
Bacainn don fhostaí Fágann roinnt míchumas go gcaitear an stáisiún oibre nó uirlisí a chur in oiriúint don fhostaí chun é a choinneáil nó chun ligean dó filleadh ar an obair. Molann lia ceirde na cuideachta go ndéanfaí athruithe, agus iad a dhéanamh i gcomhairle le ceardchumainn, agus go gcuirfí i gcrích iad chomh tapa agus is féidir sula gcuireann an fostaí tús lena chuid dualgas.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Bhí foráil sa chomhaontú ar thángthas air idir na ceardchumainn agus an fostóir le haghaidh seirbhísí agus trealamh a bhain le coigeartuithe ar an stáisiún oibre, lena n-áirítear iad sin a bhain go sonrach le cásanna teilea-oibre, faoi mar a mhol an lia ceirde. Maidir le cianobair, déantar coigeartuithe chun an obair a dhéanann an fostaí sa bhaile a éascú, ag aithris ar na coigeartuithe a dhéantar ar an stáisiún oibre fisiceach nuair is féidir.
Cuspóir Creat iontaofa a chinntiú laistigh den chuideachta d’fhostaithe faoi mhíchumas chun rochtain a thabhairt dóibh ar oiriúnuithe agus freastail riachtanacha ag an áit oibre nó le linn dóibh a bheith ag obair go cianda.
Tairbhe don fhostóir Trí choigeartuithe agus freastail riachtanacha a éascú, tugann an fostóir tacaíocht do chuimsiú agus d’fhostaíocht leanúnach daoine faoi mhíchumas.
Costas Rinne an chuideachta foráil maidir le ‘buiséad míchumais’ le haghaidh seirbhísí agus trealamh a bhain le coigeartuithe ar an stáisiún oibre agus oiriúnuithe ar an teilea-obair, lena n-áirítear stáisiúin oibre sa bhaile a chur in oiriúint agus trealamh cúiteach.

Modh 2

Modh 2

Cúnamh pearsanta

Is féidir le daoine a bhfuil fadhbanna acu lena gcuimhne nó lena gcomhdhíriú úsáid a bhaint as a gcuid eolais go fóill trí sheirbhísí cúnaimh phearsanta a úsáid. Tugann a lán suíomhanna gréasáin rochtain d’fhostóirí, d’ionaid oibre agus do dhaoine aonair ar chúntóirí pearsanta. Sampla maith de sin is ea Handicap og Job, sa Danmhairg. Is féidir le fostóirí eolas a fháil ó fhoinsí den sórt sin maidir le cúnamh pearsanta agus áiseanna pearsanta, fóirdheontais phá le haghaidh céimithe nua agus tacaíocht mheantóireachta. Díríonn measúnuithe indibhidiúlaithe ar láidreachtaí agus ar cheanglais an fhostaí aonair a mbíonn bacainní os a chomhair, agus is féidir leis an bhfostóir ansin a mhachnamh a dhéanamh ar cá háit a bhfuil an acmhainneacht is fearr ag an bhfostaí.

2.1 Taighdeoir Sóisearach ag Scoil Bhainistíochta Antwerp

Modh 2
Tír An Bheilg
Fostóir Scoil Bhainistíochta Antwerp (AMS)
Bacainn don fhostaí Míchumas intleachtúil
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Próiseas earcaíochta inrochtana; freastail réasúnta saincheaptha do riachtanais an duine aonair; rannpháirtíocht agus oiliúint ar chomhghleacaithe chun tacú leis an earcaí nua agus córas meantóireachta curtha chun feidhme. Fuair an duine a chéad phá agus mhothaigh sé go raibh cuimsiú stuama san áit oibre.
Cuspóir Chun cur ar a chumas don duine faoi mhíchumas intleachtúil oibriú mar Thaighdeoir Sóisearach, ag déanamh na gcúraimí móra taighde agus é mar chuid d’fhoireann.
Tairbhe don fhostóir Léirigh sé an luach atá ag baint le timpeallacht oibre éagsúil agus ionchuimsitheach. Bhunaigh sé córas meantóireachta rathúil a chuirfear i bhfeidhm d’fhostaithe nua amach anseo, rud a fheabhsóidh dá bhrí sin ionduchtú do gach comhghleacaí. Feabhsaíodh dinimicí foirne leis na bearta trí thimpeallacht ionchuimsitheach a chothú. Bhí éifeacht níos láidre ag an tionscnamh: toisc go raibh an córas meantóireachta chomh rathúil sin cuirfear i bhfeidhm é anois maidir le gach fostaí nua.
Costas Costas beag go measartha, ar an ábhar gur cuireadh an próiseas earcaíochta in oiriúint, rinneadh freastal réasúnta le haghaidh spás oibre nó uirlisí oibre, agus bunaíodh córas meantóireachta.

2.2 Pinsinéir faoi mhíchumas ag ceardlann carranna

Modh 2
Tír An Danmhairg
Fostóir Ceardlann carranna áitiúil
Bacainn don fhostaí Tá míchumas foghlama ag gabháil don fhostaí agus teastaíonn tacaíocht bhreise uaidh chun cúraimí a thuiscint agus a thosú.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Fóirdheontais phá as an bhfostaí a fhostú ar feadh 20 uair an chloig sa tseachtain agus cúntóir pearsanta ar feadh 10 n-uair an chloig sa tseachtain chun é a threorú agus tacú leis lena chúraimí.
Cuspóir Deis a thabhairt don phinsinéir faoi mhíchumas oibriú i dtimpeallacht a thaitníonn leis agus ag a bhfuil sé oilte, rud a chuireann leis an stór oibre dá réir sin. Cuidíonn an cúntóir pearsanta leis an bhfostaí dul in oiriúint dá chuid cúraimí ag an obair, agus leis sin is féidir leis a ról a chomhlíonadh.
Tairbhe don fhostóir Cruthaítear éagsúlacht i measc an lucht saothair nuair a fhostaítear an pinsinéir faoi mhíchumas agus d’fhéadfadh an fostóir cáiliú le haghaidh fóirdheontais phá ón rialtas, ag fónamh mar dhreasacht airgeadais. D’fhéadfadh fostú an duine faoi mhíchumas feabhas a chur freisin ar phróifíl shóisialta na ceardlainne, ag mealladh níos mó custaiméirí ar maith leo gnólachtaí atá ionchuimsitheach.
Costas Costas beag go measartha, ag cur san áireamh go bhfuil an costas maidir le cúntóir pearsanta a fhostú ar feadh 10 n-uair an chloig sa tseachtain seach-churtha i bpáirt ag fóirdheontais phá ón rialtas as an bpinsinéir faoi mhíchumas a fhostú.

2.3 Rúnaí a bhfuil fadhbanna aici lena cuimhne

Modh 2
Tír An Danmhairg
Fostóir Cuideachta
Bacainn don fhostaí Tá fadhbanna ag an rúnaí lena cuimhne i ngeall ar ghortú inchinne a bhain di, rud a fhágann go bhfuil sé dúshlánach di a lá oibre a phleanáil agus a leagan amach.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Uair an chloig de chúnamh pearsanta gach maidin, áit ina gcuidíonn comhghleacaí leis an rúnaí cúraimí an lae a eagrú.
Cuspóir An tacaíocht a theastaíonn uaithi a chur ar fáil don rúnaí chun a dualgais rúnaíochta a dhéanamh go héifeachtach, ag cinntiú dá réir sin go bhforbróidh sí ina gairm agus go mbainfidh sí sásamh as a post. Cuidíonn sé sin freisin mar bíonn sí ag gabháil don obair ar feadh an lae.
Tairbhe don fhostóir Coinníonn sé fostaí fiúntach a bhfuil a ról ríthábhachtach le haghaidh fheidhmiú réidh ghníomhaíochtaí na hoifige. Trí úsáid a bhaint as an bhfóirdheontas le haghaidh 5 huaire an chloig in aghaidh na seachtaine cuidítear le costais phá, agus ní hamháin go dtairbhíonn an rúnaí de chúntóir a bheith aici ach déanann sé cuíchóiriú freisin ar phleanáil san oifig, rud a fheabhsaíonn dá réir sin an táirgiúlacht fhoriomlán.
Costas Costas beag go measartha, ag cur san áireamh go ndéantar an costas a sheach-chur le fóirdheontas ar feadh 5 uair an chloig sa tseachtain, a chuirtear ar fáil chun tacú le fostaíocht daoine faoi mhíchumas.

2.4 Innealtóir ríomhairí a bhfuil uathachas ag gabháil dó

Modh 2
Tír An Phortaingéil
Fostóir Cuideachta ilnáisiúnta in earnáil an fhuinnimh
Bacainn don fhostaí Tá uathachas ag dul don innealtóir ríomhairí, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá chumas riachtanais acadúla ar leith a chomhlíonadh, a bheith rannpháirteach i gcuir i láthair grúpa, tástálacha scríofa, agus agallaimh, agus lánpháirtiú gan stró i bhfoireann.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Solúbthacht sa cheanglas maidir le céim acadúil: theastaigh céim mháistreachta ar dtús, ach glacadh le céim an iarrthóra; próiseas earcaíochta indibhidiúlaithe: rinneadh an cur i láthair agus na tástálacha scríofa ar bhonn aonair chun freastal ar riachtanais an iarrthóra; céim an chomhtháthaithe: roghnaigh an chuideachta limistéar oibre agus an fhoireann oibre is fearr a oireann do phróifíl an fhostaí agus chuir sé cruinnithe ar siúl le bainisteoirí na todhchaí chun feasacht a mhúscailt agus comhairle a thabhairt ar ghnáthaimh laethúla.
Cuspóir Cur ar a chumas don iarrthóir a bheith rannpháirteach go hiomlán sa phróiseas earcaíochta agus rannchuidiú go bríoch leis an lucht saothair agus ómós á thabhairt an tráth céanna dá dhúshláin shainiúla agus a láidreachtaí i ngeall ar a riocht.
Tairbhe don fhostóir Faigheann an fostóir innealtóir ríomhairí oilte ag a bhfuil cumais speisialaithe. Ach timpeallacht ionchuimsitheach a chothú léirítear freagracht shóisialta chorparáideach agus is féidir leis sin linn tallainne níos leithne a mhealladh. Cuirtear in iúl do bhainisteoirí na todhchaí go bhfuil éagsúlacht i measc a gcuid foirne, rud a fheabhsaíonn a scileanna bainistíochta agus a chuireann timpeallacht oibre níos ionchuimsithí chun cinn.
Costas Costas beag, i bhfianaise an chostais a bhaineann leis an bpróiseas earcaíochta a chur in oiriúint, lena n-áirítear an t-am a chaitear ar thástálacha agus ar chur i láthair indibhidiúlaithe, chomh maith leis an am a chaitheann bainisteoirí i gcruinnithe ar mhaithe le feasacht a mhúscailt.

2.5 An próiseas earcaíochta a chur in oiriúint agus cóitseáil poist d’fhostaithe faoi uathachas

Modh 2
Tír An Danmhairg
Fostóir Cuideachtaí agus eagraíochtaí éagsúla
Bacainn don fhostaí Tá gach duine a bhfuil uathachas ag dul dó speisialta ina bhealach féin agus teastaíonn tacaíocht speisialta uaidh chun fostaíocht a rochtain, cosúil lena chinntiú go bhfuil cumarsáid inrochtana agus chun aghaidh a thabhairt ar aon riachtanas céadfach san áit oibre.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Tairgeann cuideachta cóitseálaí poist tacaíocht d’fhostóirí chun próiseas earcaíochta inrochtana a chinntiú don iarrthóir faoi uathachas, tacaíocht a chur ar fáil don ionduchtú agus comhairleoireacht thráthrialta ar an bpost don fhostaí faoi uathachas agus do na bainisteoirí.
Cuspóir Cuidíonn an chuideachta cóitseálaí poist chun scileanna agus saintréithe daoine faoi uathachas a mheaitseáil le róil a oirfidh dá mbealaí oibre sainiúla, agus cothófar an tráth céanna a láidreachtaí ar leith. Cuidíonn siad leo fostóirí a aimsiú a bhainfidh an leas is mó as a gcuid cumas agus a fhreastalóidh an tráth céanna ar a gcuid dúshlán.
Tairbhe don fhostóir Faigheann fostóirí tacaíocht chun foirne a bhfuil cumais éagsúla acu a fhorbairt.
Costas Measartha

Modh 3

Modh 3

An spás oibre a athrú
(lena n-áirítear teilea-obair)

Áirítear le tacaíocht fostaíochta d’fhostaithe faoi mhíchumas nó faoi thinneas ainsealach an spás oibre a athrú, lena n-áirítear teilea-obair. Ní hamháin go bhféadfadh fostóirí na hearnála poiblí agus príobháidí araon an troscán, an trealamh agus an t-áitreabh a athrú, ach d’fhéadfaidís rogha teilea-oibre a thairiscint freisin. Dá thoradh sin, is féidir le húsáideoirí cathaoireacha rothaí a bhfuil míchumas fisiceach trom orthu, cuir i gcás, nó daoine faoi laguithe ­amhairc, tabhairt faoi theilea-obair freisin, más gá.

3.1 Breitheamh a úsáideann cathaoir rothaí

Modh 3
Tír An Bheilg
Fostóir Córas Cúirte na hEarnála Poiblí
Bacainn don fhostaí Míchumas fisiceach tar éis timpiste sciála agus ar bhain pairilis cheathairphléigeach dó dá bharr, rud a chruthaíonn dúshláin maidir le seomra cúirte traidisiúnta a rochtain agus oibriú ann.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Cuireadh stáisiún oibre in oiriúint ag teach cónaithe an bhreithimh, áit ar féidir leis teilea-obair a dhéanamh trí nó ceithre lá sa tseachtain; i measc na bhfreastal eile tá uaireanta oibre solúbtha agus tacaíocht airgeadais chun modhnuithe a dhéanamh ar an spás oibre.
Cuspóir A chur ar a chumas don bhreitheamh a dhualgais a atosú agus rannchuidiú go héifeachtach leis an gcóras breithiúnach agus seasamh comhionann a bheith aige lena chomhghleacaithe ábalta an tráth céanna.
Tairbhe don fhostóir Coinníonn sé breitheamh ag a bhfuil taithí, rud a choinníonn cáilíocht na breithiúna ar bun. Léiríonn sé tiomantas don chuimsiú agus don éagsúlacht, rud a d’fhéadfadh tallann níos éagsúla a mhealladh amach anseo. Leagann sé síos fasach le haghaidh freastal réasúnta laistigh den earnáil phoiblí.
Costas Costas measartha, ag cur an chostais a bhaineann leis an stáisiún oibre sa bhaile a oiriúnú san áireamh.

3.2 Oibreoir ríomhaire a bhfuil laguithe amhairc ag dul dó

Modh 3
Tír An Rómáin
Fostóir Cuideachta TF
Bacainn don fhostaí Tá laguithe amhairc ag dul don fhostaí, rud a chiallaíonn go bhfuil sé dúshlánach gnáth-threalamh ríomhaire a úsáid agus déanann sé difear dá chumas dul chun na hoibre mar gheall ar iompar poiblí nach bhfuil inrochtana.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Chumhdaigh an fostóir an costas a bhaineann le trealamh speisialaithe a d’ordaigh an fostaí ar líne; tairgtear sprioc-amanna níos solúbtha dó chun roinnt tionscadal a láimhseáil agus ceadaítear dó obair a dhéanamh ón mbaile den chuid is mó; tugann comhghleacaithe tacaíocht bhreise dó le haghaidh cúraimí nach féidir lena bhogearraí cúnta a láimhseáil.
Cuspóir Chun cur ar a chumas don fhostaí feidhmiú go héifeachtach mar oibreoir ríomhaire agus rannchuidiú le tionscadail na cuideachta agus freastal dá laguithe amhairc an tráth céanna.
Tairbhe don fhostóir Fostaíonn agus coinníonn sé oibreoir ríomhaire ag a bhfuil tallann atá in ann scileanna fiúntacha a thabhairt don fhoireann. Feabhsaítear cáil na cuideachta as a bheith cuimsitheach, rud a d’fhéadfadh linn tallainne níos éagsúla a mhealladh. Cothaítear timpeallacht oibre thacúil agus chomhoibríoch freisin leis na bearta freastail.
Costas Costas measartha, ag glacadh leis gur soláthraíodh trealamh ríomhaire speisialaithe agus oiriúnuithe bogearraí.

Modh 4

Modh 4

Am oibre solúbtha

Ach lá oibre a chur ar fáil atá curtha in oiriúint do riachtanais aonair daoine faoi mhíchumas faigheann siad deis a gcuid a dhéanamh sa mhargadh saothair. Sin réiteach, ann féin, nach mbaineann aon uirlis speisialta ná aon oiriúnú fisiceach leis, agus ní theastaíonn aon fhóirdheontas poiblí leis ach an oiread. An t-aon cheangal anseo don fhostóir ná spás a dhéanamh d’fhostaithe faoi mhíchumas a bhféadfadh sé go gcaithfidís feidhmiú ar bhealach difriúil ó fhormhór oibrithe eile.

4.1 Gairmí TF a bhfuil leanbh aici le roinnt míchumas

Modh 4
Tír An Chróit
Fostóir Cuideachta Mhór Teileachumarsáide
Bacainn don fhostaí Is máthair linbh í an fostaí a bhfuil roinnt míchumas ag an leanbh agus bíonn sí de shíor ag troid ar son chearta a linbh. Leis sin teastaíonn sceideal oibre solúbtha agus timpeallacht thacúil foirne.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Ceadaíonn an chuideachta uaireanta oibre solúbtha agus spreagann sí comhoibriú den scoth laistigh den fhoireann; cuirtear spiorad comhoibrithe chun cinn sa chuideachta, rud atá ríthábhachtach don fhostaí chun a cuid freagrachtaí gairmiúla a chothromú lena ról mar urlabhraí gníomhach agus mar mháthair.
Cuspóir Chun cur ar a cumas don mháthair a cuid oibre gairmiúla ar ardchaighdeán a choinneáil agus aire a thabhairt dá leanbh faoi mhíchumas an tráth céanna.
Tairbhe don fhostóir Coinníonn sé gairmí TF ardoilte a bhfuil 20 bliain taithí aici leis an gcuideachta. Feabhsaítear freisin cáil an fhostóra as a bheith ionchuimsitheach agus tacúil, ag cur lena roghnú mar cheann d’fhostóirí na bliana do dhaoine faoi mhíchumas in 2020.
Costas Costas beag go measartha, go háirithe i dtéarmaí iarrachta bainistíochta chun timpeallacht oibre sholúbtha agus thacúil a chinntiú.

4.2 Speisialtóir TF ag a bhfuil diagnóisí meabhairshláinte

Modh 4
Tír An Danmhairg
Fostóir Mol Beag Gnó le haghaidh cuideachtaí nuathionscanta TF
Bacainn don fhostaí Diagnóis mheabhairshláinte le haghaidh cineál scitsifréine, a gcaitheann an fostaí sceideal oibre difriúil a bheith aici mar gheall air agus gá le comhairliúcháin shíceolaíocha le linn uaireanta oibre.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Ligeann an fostóir don fhostaí oibriú istoíche den chuid is mó nuair is fearr a bhíonn sí ag a cuid oibre; freastalaíonn siad uirthi freisin nuair a chaitheann sí dul i gcomhairle le síceolaí uair sa tseachtain le linn uaireanta oibre.
Cuspóir Chun cur ar a cumas don fhostaí oibriú go héifeachtúil de réir a cuid riachtanais aonair agus cur le spriocanna an mhoil an tráth céanna maidir le cúnamh a thabhairt do chuideachtaí nuathionscanta TF.
Tairbhe don fhostóir Faigheann an fostóir speisialtóir TF tiomnaithe a n-oibríonn a cuid uaireanta oibre ar leith go maith le haghaidh tionscadal a dteastaíonn aird uathu timpeall an chloig. Ina theannta sin, leis an gcur chuige ionchuimsitheach leagtar síos sampla dearfach do ghnólachtaí eile sa mhol, rud lena gcothaítear cultúr éagsúlachta agus glactha.
Costas Costas beag, ag cumhdach solúbthacht bhainistíochta den chuid is mó chun freastal ar uaireanta oibre agus ar riachtanais an fhostaí chun comhairliúchán síceolaíoch a fháil.

Modh 5

Modh 5

Socruithe solúbtha le cúraimí

Is cuid den straitéis fostaíochta a bhfuil tacaíocht aici an cleachtas ar a dtugtar díolmhú poist, agus cuidíonn sé le daoine a mbíonn bacainní ar leith orthu ina gcuid oibre agus lena rannpháirtíocht. D’fhéadfadh na socruithe sin tosú thar thréimhse tosaigh fostaíochta, le measúnuithe indibhidiúlaithe. Le freastal réasúnta trí dhíolmhú poist bítear in ann róil nó gnéithe poist speisialaithe a bhabhtáil chun an leas is mó a bhaint as scileanna aonair duine faoi mhíchumas, ionas gur féidir leo na cúraimí is fearr ag a bhfuil siad oilte nó is mó rath iad a dhéanamh.

5.1 Oideachas printíseachta ionchuimsitheach (VET) in innealtóireacht mheicniúil

Modh 5
Tír An Ostair
Fostóir Fiontar atá gníomhach go domhanda in innealtóireacht mheicniúil
Bacainn don fhostaí D’fhéadfadh foghlaimeoirí óga faoi mhíchumas a bheith ag streachailt leis an ngnáth-phrintíseacht Ghairmoideachais agus Ghairmoiliúna (VET) 3 bliana san innealtóireacht mheicniúil.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha I gcomhpháirtíocht leis an eagraíocht neamhrialtasach, tairgeann an chuideachta clár gairmoideachais agus gairmoiliúna 2 bhliain a thugann deis do phrintísigh díriú ar chodanna sonracha de réimse na hinnealtóireachta meicniúla a ailíníonn lena láidreachtaí agus lena gcumais aonair; úsáidtear modhanna ar an gclár cosúil le baint poist chun anailís a dhéanamh ar na cúraimí is oiriúnaí do gach foghlaimeoir.
Cuspóir Chun oideachas ionchuimsitheach a thairiscint a chuireann ar chumas foghlaimeoirí óga faoi mhíchumas céim ghairmoideachais agus ghairmoiliúna aitheanta a bhaint amach san innealtóireacht mheicniúil. Is í an aidhm sa deireadh thiar iad a ullmhú le dul isteach sa mhargadh saothair ginearálta, agus b’fhéidir iad a fhostú laistigh den chuideachta féin amach anseo.
Tairbhe don fhostóir Ach an clár ionchuimsitheach seo a thairiscint, rannchuidíonn an chuideachta leis an bhfreagracht shóisialta agus d’fhéadfaí tallanna nua a shainaithint, rud a laghdódh an ráta luathfhágála ar chláir phrintíseachta. Feabhsaíonn an clár gairmoideachais agus gairmoiliúna ionchuimsitheach cáil na cuideachta agus osclaíonn doirse chuig lucht saothair níos éagsúla.
Costas Costas measartha, ina dtarlaíonn comhpháirtíocht leis an eagraíocht neamhrialtasach, déantar an clár printíseachta a shaincheapadh agus óstáiltear an clár ar áitreabh na cuideachta.

5.2 Beachaire faoi lagú amhairc

Modh 5
Tír An Chróit
Fostóir Feirm beachaireachta teaghlaigh
Bacainn don fhostaí Tá lagú amhairc ag an mbeachaire, rud a chiallaíonn go mbíonn cúraimí óna dteastaíonn amharc, cosúil le láimhseáil trealamh, soláthar, agus rialú cáilíochta, níos dúshlánaí.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Tá ríomhaire á úsáid aige atá curtha in oiriúint dá chumais, in éineacht le huirlisí agus áiseanna saincheaptha a dhear an beachaire é féin; chuaigh sé faoi oiliúint trí léachtaí gairmiúla agus meantóireacht ó bheachaire a bhfuil taithí aige.
Cuspóir Chun gach gné den ghnó beachaireachta a bhainistiú, idir sholáthar agus díolacháin agus margaíocht, dearadh táirgí agus rialú cáilíochta, agus uirlisí agus modhanna á gcur in oiriúint an tráth céanna dá chuid riachtanais ar leith.
Tairbhe don fhostóir Mar cheann ar a fheirm theaghlaigh féin, rinne an beachaire gairm dá chaitheamh aimsire agus d’éirigh thar cionn leis. Ní hamháin go gcuireann na huirlisí a cuireadh in oiriúint agus an oiliúint ar a chumas cúraimí a dhéanamh go héifeachtúil ach bhain sé gradaim éagsúla amach dá mbarr freisin as cáilíocht táirgí.
Costas Costas beag go measartha, ag cur an ríomhaire a cuireadh in oiriúint agus forbairt uirlisí saincheaptha san áireamh.

5.3 Fostaithe óstáin

Modh 5
Tír An Liotuáin
Fostóir Óstán in Vilnius
Bacainn don fhostaí D’fhéadfadh daoine aonair atá faoi mhíchumais éagsúla a bheith faoi shrian a chuireann cosc orthu gach gné a bhaineann leis na róil thraidisiúnta a bhíonn in óstán a dhéanamh.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Straitéis maidir le roinnt post, arb é atá ann róil phoist a shaincheapadh bunaithe ar mheasúnuithe aonair chun scileanna uathúla na ndaoine faoi mhíchumas a chur i dtábhacht.
Cuspóir Róil phoist a shaincheapadh ionas gur féidir le daoine faoi mhíchumas a dtáirgiúlacht a uasmhéadú agus sásamh a bhaint as a bpost, rud lena gcuirtear éagsúlacht agus cuimsiú chun cinn ag an áit oibre.
Tairbhe don fhostóir Úsáideann sé scileanna agus inniúlachtaí sainiúla fostaithe faoi mhíchumas, rud lenar féidir róil nó cúraimí a líonadh a bhféadfadh sé nach bhfuil fostaithe eile in ann iad a dhéanamh chomh maith. Feabhsaíonn sé éagsúlacht san áit oibre agus cuireann béim ar thiomantas an fhostóra don fhreagracht shóisialta.
Costas Costas beag go measartha, ag cur san áireamh go ndéantar na costais tosaigh a bhaineann le measúnuithe aonair agus roinnt post a sheach-chur leis na buntáistí a bhaineann le róil speisialaithe a líonadh ar bhealach níos éifeachtaí.

Samplaí de bhearta córasacha

In éineacht leis na ceachtanna fiúntacha is féidir a tharraingt ó shamplaí sonracha den fhreastal réasúnta, is ann do raon straitéisí córasacha is féidir a ghlacadh ar leibhéal náisiúnta. Is féidir le hinstitiúidí poiblí, ceardchumainn, agus an earnáil phríobháideach araon na straitéisí sin a chur ar bun. Ach na bearta córasacha sin a chur chun feidhme, déantar éascú na bhfreastal réasúnta a chomhtháthú gan stró i ngach céim den phróiseas fostaíochta: earcaíocht, coinneáil agus dul chun cinn gairme. Ní hamháin go gcothaítear áit oibre ionchuimsitheach agus éagsúil leis sin ach feabhsaítear freisin an táirgiúlacht agus meanma an lucht saothair trí chéile. Tá ról fíorthábhachtach ag fostóirí sa chlaochlú sin, agus nuair a ghlacann an fostóir na cleachtais sin chuige féin, is féidir leo an bealach a leagan amach chun timpeallacht oibre níos cothroime agus níos inrochtana a chruthú do dhaoine faoi mhíchumas.

1 KLAPjob: poist sholúbtha do dhaoine faoi mhíchumas ­intleachtúil

Tír An Danmhairg
Fostóir Bardais, cuideachtaí agus eagraíochtaí éagsúla trí thionscnamh KLAPjob
Bacainn don fhostaí Bíonn dúshláin le sárú ag daoine faoi mhíchumas intleachtúil agus a bhfuil deacrachtaí cognaíocha eile acu i socruithe fostaíochta traidisiúnta.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Tairgeann KLAPjob fostaíocht sholúbtha, shaincheaptha le pá a bhfuil fóirdheonú suntasach á dhéanamh air agus cuidíonn siad chun iarrthóirí a mheaitseáil le róil bunaithe ar a gcuid scileanna agus sainroghanna.
Cuspóir Chun cur ar a gcumas do dhaoine faoi mhíchumas intleachtúil agus faoi mhíchumas cognaíoch eile fostaíocht bhríoch a fháil a oireann dá gcumais, rud a mhéadóidh a gcuimsiú sóisialta agus a neamhspleáchas dá réir sin.
Tairbhe don fhostóir Is féidir le fostóirí leas a bhaint as fóirdheontas, an pá a íocann siad in aghaidh na huaire a laghdú, agus a lucht saothair á éagsúlú acu an tráth céanna agus iad ag comhlíonadh spriocanna maidir le freagracht shóisialta.
Costas Costas beag, toisc go mbaineann fostóirí leas as laghdú EUR 3 ar an bpá in aghaidh na huaire, rud a d’fhéadfadh na costais a bhaineann le haon fhreastal a theastaíonn a sheach-chur.

2 Scannáin teagaisc

Tír An Danmhairg
Fostóir An Bord Náisiúnta Seirbhísí Sóisialta
Bacainn don fhostaí Raon leathan míchumas
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Sraith 10 scannán a thairgeann samplaí dea-chleachtais den fhreastal réasúnta i socruithe fostaíochta éagsúla do dhaoine faoi mhíchumas. Sraith 10 scannán ina léirítear dea-chleachtais i bhfreastail réasúnta, atá dírithe ar chúnamh a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas fostaíocht a fháil nó a choinneáil.
Cuspóir Feasacht a mhúscailt faoi na dúshláin agus na freastail a theastaíonn ó dhaoine atá faoi mhíchumas chun a bheith ag gabháil d’fhostaíocht nó chun post a choinneáil. Is é is aidhm don scannán oideachas a chur ar fhostóirí agus ar fhostaithe araon.
Tairbhe don fhostóir Ach na hacmhainní oideachais sin a chur ar fáil, neartaíonn an Bord Náisiúnta Seirbhísí Sóisialta a ról mar ardán eolais agus spreagann cleachtais níos fearr san áit oibre. As sin d’fhéadfaí rátaí fostaíochta níos airde a bhaint amach do dhaoine faoi mhíchumas, rud a rachadh chun tairbhe an mhargaidh saothair agus na sochaí trí chéile.
Costas Measartha, i bhfianaise phróifíl an ardáin.

3 Pas um Fhreastal Réasúnta

Tír Éire
Fostóir Uile: an earnáil phríobháideach agus phoiblí
Bacainn don fhostaí Freastal réasúnta a iarraidh agus a rochtain.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha FR comhaontaithe agus curtha chun feidhme.
Cuspóir A chur ar a gcumas do dhaoine faoi mhíchumas a FR pearsantaithe aonair a iarraidh agus a fháil gan uaim. Ach an FR sin a chur i bhfeidhm cuireadh deireadh leis an mífhaisnéis maidir leis an bpróiseas FR.
Tairbhe don fhostóir Tháinig an phríomheagraíocht fostóra agus an príomh-cheardchumann ar chomhaontú maidir leis an bpas seo. Tugadh cinnteacht dá réir sin don fhostóir agus don fhostaí araon maidir leis an bpróiseas FR.
Costas Gníomhaireacht ar bith

4 Fostaíocht daoine faoi mhíchumas intleachtúil á chur chun cinn

Tír Málta
Fostóir Gach
Bacainn don fhostaí Claonadh i dtreo daoine faoi mhíchumas intleachtúil a earcú
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Sraith 17 scannán – curriculum vitae a léiríonn cumais daoine faoi mhíchumas intleachtúil.
Cuspóir A chur in iúl gur fostaithe luachmhara iad daoine faoi mhíchumas intleachtúil a luaithe agus a fhaigheann siad tacaíocht. Tá tuairimí sna físeáin ó fhostóirí na rannpháirtithe, ó chóitseálaithe poist, comhghleacaithe, teiripeoirí, oibrithe sóisialta agus daoine eile a oibríonn leo. Taispeántar iontu go dtugann daoine faoi mhíchumas intleachtúil scileanna agus cumais luachmhara eile chuig an áit oibre, cuir i gcás diongbháilteacht, poncúlacht, cruthaitheacht, obair bhuíne agus fonn foghlama.
Tairbhe don fhostóir Úsáidtear na CVanna sin i bhfoirm físeán mar chuid de phacáiste acmhainní ar líne atá ar fáil ar chainéal YouTube Ollscoil Mhálta agus a léiríonn a n-acmhainneacht, ag cruthú acmhainne d’fhostóirí agus do ghairmithe éagsúla chun meas a bheith acu ar chumais daoine faoi mhíchumas intleachtúil agus do lucht acadúil agus do mhic léinn le húsáid i gcomhair teagaisc, foghlama agus taighde.
Costas Measartha

5 Deontas um fhreastal réasúnta d’fhostóirí

Tír An Ríocht Aontaithe
Fostóir REISS
Bacainn don fhostaí Duine aonair atá bodhar agus a bhfuil deacracht aige comhghleacaithe a thuiscint i gcruinnithe foirne agus ag imeachtaí foirne.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Rochtain ar Obair, an clár fostaíochta a thacaíonn le fostóirí, fostaithe, agus le daoine féinfhostaithe trí dheontais phearsantaithe.
Cuspóir Tacaíocht a thabhairt don duine atá bodhar a dteastaíonn tacaíocht chumarsáide uaidh le linn imeachtaí tábhachtacha foirne agus ag cruinnithe foirne. Leis sin bítear in ann an fostaí a chuimsiú agus féadfaidh sé a bheith rannpháirteach go fónta.
Tairbhe don fhostóir Is féidir leis an bhfostóir cuimsiú iomlán na foirne a chinntiú tríd an deontas Rochtain ar Obair, gan gá dó an costas a bhaineann le léirmhínitheoirí téacs go teanga a chumhdach. Is féidir leis an bhfostóir tacú go muiníneach leis an bhfostaí fanacht ina phost.
Costas Cumhdaíonn an deontas an costas a bhaineann le tacaíocht chumarsáide ghairmiúil (léirmhínitheoir téacs go teanga). Tá céatadáin éagsúla de chomhroinnt costais idir an clár agus fostóirí freisin i dtreo trealamh éisteachta cúnta. Is é £ 59 200 (EUR 68 000) an t-uasmhéid deontais in aghaidh an fhostaí, in aghaidh na bliana.

6 Soláthar ateangairí gairmiúla agus creidiúnaithe sa teanga chomharthaíochta náisiúnta d’fhostaithe bodhra chun a sainorduithe polaitiúla a chomhlíonadh

Tír Athraitheach
Fostóir An tAontas Eorpach, parlaimintí náisiúnta agus/nó grúpaí polaitiúla
Bacainn don fhostaí Cuirtear eolas agus cumarsáid ar fáil sna teangacha labhartha náisiúnta a chiallaíonn nach féidir le daoine bodhra rannchuidiú go hiomlán lena dtimpeallacht oibre i ngeall ar an difríocht theangeolaíoch in éineacht le heaspa eolais inrochtana sa teanga chomharthaíochta náisiúnta.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Chinntigh Parlaimint na hEorpa /páirtithe polaitiúla /rialtais náisiúnta go soláthraíodh ateangairí gairmiúla agus creidiúnaithe sa teanga chomharthaíochta náisiúnta do dhaoine bodhra ag a bhfuil sainordú polaitiúil. Bhí sé mar aidhm fáil réidh le haon bhac cumarsáide a chuirfeadh isteach ar a gcumas rannchuidiú go hiomlán lena n-áit oibre agus a bpost a dhéanamh ar bhonn comhionann lena gcomhghleacaithe a bhfuil éisteacht acu.
Cuspóir Chun na deiseanna atá ag daoine bodhra a mhéadú ionas go bhfuil siad in ann sainordú polaitiúil a choimeád go stuama mar shlí bheatha agus, dá bhrí sin, comhionannas deiseanna a mhéadú do chách i ngach sféar den tsochaí.
Tairbhe don fhostóir Is féidir le fostóirí éagsúlacht agus cuimsiú a chothú san áit oibre agus rannchuidiú le himeallú daoine faoi mhíchumas a laghdú chomh maith le seasamh a thabhairt dóibh mar dhaoine a chuireann leis an ngeilleagar in ionad a bheith mar ualaí ar a sochaí.
Costas Costas éagsúil, ach ba cheart é a chumhdach le maoiniú poiblí, i gcomhréir le prionsabail na hinrochtaineachta, an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe a dtugtar achoimre orthu in UN CRPD (Airteagail 5, 9, 27).

7 Tionscadal turgnamhach na Faireachlainne Náisiúnta, maidir le riochtaí daoine faoi mhíchumas arb é is aidhm dó aonad teicniúil a chur ar fáil a dhéanann cúram d’oibrithe aonair faoi mhíchumas

Tír An Iodáil
Fostóir Comhaontú a d’fhéadfadh a bheith infheidhme maidir le gach fostóir i gcuideachtaí móra
Bacainn don fhostaí Easpa tacaíochta speisialaithe d’oibrithe faoi mhíchumas laistigh de chuideachtaí.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Aonaid theicniúla bunaithe laistigh de chuideachtaí móra, atá tiomnaithe d’aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna aonair a bhíonn os comhair oibrithe faoi mhíchumas.
Cuspóir Tionscadail shaincheaptha a chruthú trí chómhargáil ina dtugtar aghaidh ar dhálaí oibre fostaithe faoi mhíchumas, arna mbainistiú ag gairmithe oilte (bainisteoirí míchumais, etc.).
Tairbhe don fhostóir Lóistín feabhsaithe d’oibrithe faoi mhíchumas, ag cothú timpeallacht oibre níos ionchuimsithí agus ag tabhairt aghaidh ar riachtanais aonair.
Costas Costas éagsúil ag brath ar mhéid agus ar acmhainní na cuideachta ach a thabhaítear de ghnáth mar infheistíocht chun áit oibre ionchuimsitheach a chothú.

8 Lá oibre seacht n-uair an chloig do dhaoine faoi mhíchumas

Tír An Pholainn
Fostóir Foráil atá i bhfeidhm maidir le gach oibrí
Bacainn don fhostaí An t-ualach fisiceach agus síceolaíoch a bhaineann le lá oibre 8 n-uair an chloig.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha NSZZ „Solidarność” a throid ar son lá oibre seacht n-uair an chloig a fháil ar ais agus ar éirigh leis ina iarrachtaí, lá oibre ar gnáthfhoirm fostaíochta é do dhaoine atá faoi mhíchumas atá aitheanta go hoifigiúil. Athbhreithníodh an rún a chuir an tAontas faoi bhráid na Cúirte Bunreachtúla mar rún bailí, agus athraíodh an dlí dá réir sin.
Cuspóir An t-ualach oibre d’fhostaithe faoi mhíchumas a mhaolú.
Tairbhe don fhostóir Cultúr cuimsitheachta a chothú.
Costas An costas a bhaineann le 1 uair an chloig oibre in aghaidh an lae.

9 Comhaontú comhchoiteann ag an Aire um Aistriú Éiceolaíoch agus um Chomhtháthú Críochach

Tír An Fhrainc
Fostóir An Aireacht um Aistriú Éiceolaíoch agus um Chomhtháthú Críochach
Bacainn don fhostaí D’fhéadfadh freastail shonracha de chineálacha éagsúla a bheith de dhíth ó roinnt cásanna míchumais, cuir i gcás bearta don duine, bearta teicniúla, nó eagraíochta chun aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí a bhíonn os comhair fostaithe i ngeall ar a míchumais. Tá trealamh d’fhostaithe ríthábhachtach chun na dúshláin sin a chúiteamh go héifeachtach, ag cur ar a gcumas d’fhostaithe faoi mhíchumas a ndualgais a dhéanamh cosúil le haon fhostaí eile sa lucht saothair.
Freastal Réasúnta (FR) tugtha Freastail réasúnta tugtha de réir mholtaí an lia ceirde, i gcomhairle leis an gcomhairleoir um chosc. Cuireann an lia ceirde oideachas ar an lucht ceannais maidir le riachtanais shonracha an fhostaí agus maidir leis an gcúis go bhfuil an freastal réasúnta. In éagmais lia ceirde, is féidir dul i gcomhairle le lia ceadaithe nó leis an lia cóireála.
Cuspóir Bearta agus córais tacaíochta aitheanta a chur chun feidhme le haghaidh freastail agus tacaíocht riachtanach, cuir i gcás úsáid a bhaint as acmhainní arna soláthar ag FIPHFP (An Ciste um Dhaoine faoi Mhíchumas a Chur Isteach sa tSeirbhís Phoiblí).
Tairbhe don fhostóir Cuimsitheacht agus inrochtaineacht fheabhsaithe, ag cinntiú gur féidir le fostaithe faoi mhíchumas a gcúraimí a dhéanamh go héifeachtach laistigh den lucht saothair.
Costas Costais chur chun feidhme cumhdaithe ag FIPHFP le haghaidh áiseanna agus oiliúint riachtanach.

Críochnótaí

1 Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha, [2000] IO L303/16, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:32000L0078..

2 COM/2021/139 final.

3 Clár ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin agus eintitis chomhchosúla eile (europa.eu)

4 An Fóram Eacnamaíoch Domhanda (FED) (2019), What Companies Gain by Including People with Disabilities, 23 Aibreán, https://www.weforum.org/ agenda/2019/04/what-companies-gain-including-persons-disabilities-inclusion.

5 Comhlachtaí comhionannais - An Coimisiún Eorpach (europa.eu)

 

1 Féach freisin: (i) Tuarascáil Sintéise EDE – Waddington, L. (2023), Striving for an inclusive labour market in Europe: Positive actions and reasonable accommodation to facilitate hiring and employment of persons with disabilities involving employers and employer initiatives [Saothrú i dtreo margadh saothair ionchuimsitheach san Eoraip: Gníomhaíochtaí dearfacha agus freastal réasúnta chun éascaíocht a dhéanamh d’fhostú daoine faoi mhíchumas, ina gcuimsítear fostóirí agus tionscnaimh fostóra]; (ii) Tuarascáil Staidrimh EDE – Grammenos, S. (2023), The employment of persons with disabilities – Statistics, Data 2020 [Fostú daoine faoi mhíchumas - Staitisticí, Sonraí 2020]; agus (iii) leathanach gréasáin Saineolas Eorpach um Míchumas (EDE): https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1532&langId=en.

2 Féach https://www.un.org/development/desa/disabilities/convention-on-the-rights-of-persons-with-disabilities/convention-on-the-rights-of-persons-with-disabilities-2.html, go háirithe Airteagail 2 agus 5.

3 CRPD/C/GC/8:

4 CRPD/C/GC/8:

5 Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha, [2000] IO L303/16, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:32000L0078.

6 Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/ip_21_810.

7 Féach https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1597&langId=en.

8 Féach https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-14495-2022-INIT/ga/pdf.

9 Féach https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1226&langId=en.

10 Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáidí.

11 Chun tuilleadh eolais a fháil, féach: An Tuarascáil Eorpach um Chearta an Duine Eisiúint 7 – 2023, The Right to Work: The employment situation of persons with disabilities in Europe [An ceart chun obair a dhéanamh: Staid fostaíochta daoine faoi mhíchumas san Eoraip], An Tuarascáil Eorpach um Chearta an Duine Eisiúint 7, 2023 (edf-feph.org), leathanach 49.

12 Féach https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1540&langId=en.

13 Breithiúnas an 11 Aibreán 2013, HK Denmark, Cásanna Uamtha C-335/11 agus C-337/11, ECLI:EU:C:2013:222.

14 Breithiúnas an 18 Eanáir 2024, Ca Ca Negreta, Cás C-631/22, ECLI:EU:C:2024:53.

15 Chun tuilleadh eolais a fháil, féach: Tuarascáil sintéise EDE – Waddington, L. (2023), Striving for an inclusive labour market in Europe: Positive actions and reasonable accommodation to facilitate hiring and employment of persons with disabilities involving employers and employer initiatives [Saothrú i dtreo margadh saothair ionchuimsitheach san Eoraip: Gníomhaíochtaí dearfacha agus freastal réasúnta chun éascaíocht a dhéanamh d’fhostú daoine faoi mhíchumas, ina gcuimsítear fostóirí agus tionscnaimh fostóra].

16 Féach https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1540&langId=en.

17 FéachReasonable-Accommodation-Disability-Discussion-Paper.pdf (equineteurope.org), leathanaigh 23-26 agus an iarscríbhinn, https://urldefense.com/v3/__https:/equineteurope.org/wp-content/uploads/2021/03/Annex-_Reasonable-Accomodation.pdf__;!!DOxrgLBm!HUfzVgkJ6dC-UBcYKNd8PNF2sRuplVhh8vAyQhiRmIwcCm2JuRJ11F5lcV5YR1W7kP6NG3trjk4bc3wvVcIUdj9YbztZBFNIwuVF$.

18 Coiste UN CRPD (2014), Barúil Ghinearálta Uimh. 2 maidir le hInrochtaineacht, https://www.ohchr.org/en/documents/general-comments-and-recommendations/general-comment-no-2-article-9-accessibility-0.

19 Chun tuilleadh a léamh ar chur chun feidhme an choincheapa i gcleachtais dlí comhionannais féach: Plépháipéar Equinet 2021 maidir le freastal réasúnta do dhaoine faoi mhíchumas: dúshláin a fhiosrú maidir lena chur chun feidhme praiticiúil, agus líonra Eorpach saineolaithe dlí an Choimisiúin Eorpaigh 2016 maidir le comhionannas inscne agus neamh-idirdhealú.

20 Féach https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1202.

21 Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an Tuarascáil Eorpach um Chearta an Duine Eagrán 7 – 2023, The Right to Work: The employment situation of persons with disabilities in Europe [An Ceart chun obair a dhéanamh: Staid fostaíochta daoine faoi mhíchumas san Eoraip], An Tuarascáil Eorpach um Chearta an Duine Eagrán 7, 2023 (edf-feph.org), leathanach 69.

22 Chun tuilleadh eolais a fháil féach An Tuarascáil Eorpach um Chearta an Duine Eagrán 7 – 2023, The Right to Work: The employment situation of persons with disabilities in Europe [An Ceart chun obair a dhéanamh: Staid fostaíochta daoine faoi mhíchumas san Eoraip], An Tuarascáil Eorpach um Chearta an Duine Eagrán 7, 2023 (edf-feph.org), leathanach 69.

23 Chun tuilleadh eolais a fháil, féach: An Tuarascáil Eorpach um Chearta an Duine Eisiúint 7 – 2023, The Right to Work: The employment situation of persons with disabilities in Europe [An Ceart chun obair a dhéanamh: Staid fostaíochta daoine faoi mhíchumas san Eoraip], An Tuarascáil Eorpach um Chearta an Duine Eagrán 7, 2023 (edf-feph.org), leathanach 77.

24 Chun tuilleadh eolais a fháil, féach: An Tuarascáil Eorpach um Chearta an Duine Eisiúint 7 – 2023, The Right to Work: The employment situation of persons with disabilities in Europe [An Ceart chun obair a dhéanamh: Staid fostaíochta daoine faoi mhíchumas san Eoraip], An Tuarascáil Eorpach um Chearta an Duine Eagrán 7, 2023 (edf-feph.org), leathanach 77.

25 Féach: Promoting diversity and inclusion through workplace adjustments: .

26 Féach: EBU guidance on reasonable accommodation for visually impaired employees and applicants_Sept2023.pdf (euroblind.org).

27 Féach: Annex-_Reasonable-Accomodation.pdf (equineteurope.org).

28 Féach: https://www.ilo.org/global/topics/equality-and-discrimination/WCMS_536630/lang--en/index.htm.

29 Féach leathanach gréasáin EDE: https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1532&langId=en.

30 Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Fís Eorpach, féach https://research-and-innovation.ec.europa.eu/funding/funding-opportunities/funding-programmes-and-open-calls/horizon-europe_ga.

31 Féach leathanach gréasáin EDE: https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1532&langId=en.

32 Féach https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=celex%3A32000L0078.

FÓGRA DLÍTHIÚIL

Lámhscríbhinn arna críochnú i mí Dheireadh Fómhair 2023

Ullmhaíodh an doiciméad seo don Choimisiún Eorpach. Ní léirítear ann áfach ach tuairimí na n-údar agus ní bheidh an Coimisiún Eorpach faoi dhliteanas i leith aon toradh a d’fhéadfadh a bheith ar athúsáid an fhoilseacháin seo. Tá tuilleadh faisnéise maidir leis an Aontas Eorpach ar fáil ar an Idirlíon (https://www.europa.eu).

Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024

Déantar beartas athúsáide an Choimisiúin Eorpaigh a chur chun feidhme bunaithe ar Chinneadh 2011/833/AE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2011 maidir le hathúsáid dhoiciméid an Choimisiúin (IO L 330, 14.12.2011, lch. 39).

Ach amháin má shonraítear a mhalairt, údaraítear an doiciméad seo a athúsáid faoi cheadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0) (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). Ciallaíonn sé sin go gceadaítear a n-athúsáid ar choinníoll go dtugtar an chreidiúint chuí agus go léirítear aon athrú a dhéantar.

© An tAontas Eorpach, 2024

Print ISBN 978-92-68-19135-4 doi:10.2767/760051 KE-02-24-601-GA-C
PDF ISBN 978-92-68-19121-7 doi:10.2767/407679 KE-02-24-601-GA-N
HTML ISBN 978-92-68-19088-3 doi:10.2767/467562 KE-02-24-601-GA-Q

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Dul ann tú féin

Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Ar an bhfón nó i scríbhinn

Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

  • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
  • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
  • tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.

EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

Ar líne

Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).

Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh

Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara

Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).

Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh

Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.