Tuarascáil speisialta
23 2022

Sineirgí idir Fís 2020 agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa Níl an fhéidearthacht iomlán in úsáid go fóill

Maidir leis an tuarascáil:De réir chreataí dlíthiúla 2014-2020 phríomhchláir an Aontais a thacaíonn le taighde agus nuálaíocht (Fís 2020 agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa), tá ceanglas dlí ar an gCoimisiún agus ar údaráis náisiúnta sineirgí eatarthu a leagan síos.

Rinneamar measúnú ar a mhéid a bhí ceithre chineál sineirgí curtha chun feidhme agus thángamar ar an gconclúid go raibh sé éagsúil de réir cineáil. Go háirithe, cé go raibh bearta curtha chun feidhme go maith chun sineirgí réamhtheachtacha (e.g. tacaíocht d’ionaid taighde) a chruthú, is ar éigean go raibh bearta curtha chun feidhme chun sineirgí iartheachtacha (e.g. saothrú torthaí taighde a chistiú) a chruthú.

Chuir difríochtaí sna creataí dlíthiúla, comhar teoranta idir geallsealbhóirí taighde agus nuálaíochta na gclár agus easpa idir-inoibritheachta idir bunachair sonraí a dtionscadal teorainn ar an scóip chun sineirgí a chruthú. Déanaimid moltaí chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna chun úsáid sineirgí a mhéadú.

Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Tá an foilseachán seo ar fáil i 24 theanga agus sa leagan seo a leanas:
PDF
PDF Tuarascáil speisialta: Sineirgí Fís 2020 agus Cistí Struchtúracha Infheistíochta

Achoimre Feidhmiúcháin

I I straitéis an Choimisiúin dar teideal “Eoraip 2020”, leag an Coimisiún béim ar ról an taighde agus na nuálaíochta mar phríomhspreagthóir don rathúnas sóisialta agus eacnamaíoch agus don inbhuanaitheacht chomhshaoil. Ba iad 8ú clár réime an Aontais maidir le taighde agus nuálaíocht dar teideal “Fís 2020”, le leithdháileadh buiséid de €76.4 billiún, agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochtaí na hEorpa (CSIE) an dá phríomhchiste a bhí ag tacú le taighde agus nuálaíocht, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CSIE) go príomha agus beagnach €41 bhilliún geallta do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta. Cé gur thacaigh Fís 2020 agus CSIEnna araon le taighde agus nuálaíocht, bhí éagsúlachtaí ann a mhéid a bhain lena gcuspóirí, lena gcur chun feidhme, lena modhanna bainistithe agus leis an gcaoi ar leag siad tosaíochtaí síos.

II Den chéad uair riamh, bhí iarraidh shonrach go mbunófaí sineirgí idir an dá chlár cuimsithe i gcreataí dlíthiúla 2014-2020 le haghaidh Fís 2020 agus CSIEanna. Is é atá i gceist le sineirgí ná dhá chlár nó níos mó a bheith ag idirghníomhú chun éifeacht níos mó a chruthú ná mar a thiocfadh as idirghabhálacha aonair. Is féidir foirmeacha éagsúla a bheith i gceist le sineirgí, mar shampla CSIEnna a bheith ag tacú le gníomhaíochtaí forbartha acmhainneachta le haghaidh taighde chun go mbeadh seans níos fearr ag tairbhithe cistiú níos iomaíche faoi H2020 a fháil ina dhiaidh sin (sineirgí réamhtheachtacha), nó CSIEnna a úsáid chun saothrú nó forbairt bhreise thorthaí thionscadail Fhís 2020 a chistiú (sineirgí iartheachtacha).

III Is í an tuarascáil speisialta seo an tuarascáil is déanaí i sraith foilseachán ón gCúirt Iniúchóirí ina scrúdaítear an tacaíocht a chuirtear ar fáil do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta. Tá sí ina comhlánú ar Thuarascáil speisialta 15/2022 ar bhearta chun rannpháirtíocht i bhFís 2020 a fhairsingiú.

IV San iniúchadh seo, rinneamar measúnú féachaint an raibh bearta iomchuí déanta ag an gCoimisiún agus ag na húdaráis cur chun feidhme náisiúnta/réigiúnacha ábhartha chun sineirgí a bhunú idir Fís 2020 agus na CSIEnna. Rinneamar scrúdú féachaint ar thug na comhlachtaí sin aird chuí ar thosca a bhí tábhachtach i ndáil le sineirgí a chruthú agus an raibh bearta pleanáilte agus curtha chun feidhme acu chun sineirgí a bhunú.

V Fuaireamar amach i gcás roinnt tosca atá bunriachtanach chun sineirgí a chruthú, nach raibh siad curtha i bhfeidhm go hiomlán agus go raibh an cur chun feidhme éagsúil ag brath ar an gcineál sineirge. Mar shampla, cé is moite de dhifríochtaí i gcreataí dlíthiúla an dá chlár ar a raibh aghaidh tugtha ag an gCoimisiún cheana do thréimhse 2021-2027, bhí comhar idir geallsealbhóirí taighde agus nuálaíochta an dá chlár fós teoranta. Bhí sé deacair ar an gCoimisiún agus ar údaráis náisiúnta/réigiúnacha sineirgí féideartha a shainaithint agus a fhiosrú toisc nach raibh bunachar sonraí comhtháite ann do thionscadail CSIEnna atá idir-inoibritheach le bunachar sonraí Fhís 2020. Chomh maith leis sin, ós rud é nach raibh aon chóras ann chun faireachán a dhéanamh ar shineirgí, ní raibh an Coimisiún in ann samplaí de dhea-chleachtais a shainaithint agus a chur chun cinn go córasach.

VI Fuaireamar nach raibh ach tagairtí teoranta do thosaíochtaí Fhís 2020 déanta i ndoiciméid straitéiseacha CSIE, i.e. straitéisí um speisialtóireacht chliste agus cláir oibríochtúla. Thairis sin, bhí na tosaíochtaí a leagadh amach sna doiciméid sin sách leathan, agus chuir sé sin bac ar an bhféidearthacht chun sineirgí a chruthú.

VII Níor dhearna údaráis bhainistíochta CSIE gach ceann de na bearta a chuireann sineirge chun cinn – agus a bhí beartaithe sna doiciméid straitéise – a chur chun feidhme. Go háirithe, ní raibh bearta chun sineirgí iartheachtacha a chruthú ar mhaithe le leas níos mó a bhaint as torthaí thionscadail H2020 curtha chun feidhme ach go pointe an-teoranta. Bhí dhá phríomhchúis ann leis seo: (i) is annamh a bhí tairbhithe dheontais Fhís 2020 ag súil le sineirgí iartheachtacha le CSIEnna; agus (ii) ní raibh a fhios ag na húdaráis bhainistíochta conas sineirgí iartheachtacha a bhunú ná conas torthaí thionscadail Fhís 2020 a aimsiú. Thairis sin, bhí rannpháirtíocht na n-údarás bainistíochta i ngníomhaíochtaí forbartha acmhainneachta an Choimisiúin teoranta agus níor chuir siad coincheap na sineirgí chun cinn ar bhealach leordhóthanach.

VIII Ar deireadh, bhí lipéad cáilíochta – an Séala Barr Feabhais – faighte ag tograí tionscadail ar leith, a ndearnadh meastóireacht dhearfach orthu faoi Fhís 2020 ach nach bhfuair cistiú mar gheall ar easpa acmhainní Fhís 2020, chun go mbeadh sé níos éasca dóibh cistiú CSIE nó aon chistiú eile a fháil. Sna cláir oibríochtúla inár sampla, áfach, ní bhfuair ach líon teoranta díobh cistiú ó na CSIEnna.

IX Táimid ag moladh bealaí inar féidir leis an gCoimisiún:

  • feabhas a chur ar chomhar idir geallsealbhóirí atá i mbun taighde agus nuálaíochta;
  • leas a bhaint as an bhféidearthacht atá ag bunachair sonraí sineirgí a chothú;
  • úsáid sineirgí iartheachtacha a mhéadú; agus
  • sreabha faisnéise faoi thionscadail ar bronnadh an Séala Barr Feabhais orthu a fheabhsú.

Réamhrá

Fís 2020 agus Cistí Struchtúracha le haghaidh taighde agus nuálaíochta

01 I straitéis Eoraip 2020, leag an Coimisiún béim ar ról an taighde agus na nuálaíochta (T&N) mar phríomhspreagthóir don rathúnas sóisialta agus eacnamaíoch agus don inbhuanaitheacht chomhshaoil san Aontas Eorpach. Léirítear an tábhacht leanúnach atá ag T&N ar leibhéal an Aontais i sé thosaíocht an Choimisiúin do thréimhse 2019-2024 toisc go bhfuil príomhról ag T&N i gceithre cinn ar a laghad díobh: Comhaontú Glas don Eoraip, geilleagar a fhóireann do dhaoine, Eoraip atá oiriúnach don aois dhigiteach agus Eoraip níos láidre sa Domhan.

02 Le linn thréimhse 2014-2020, rinneadh infheistíocht níos mó in T&N ó bhuiséad an Aontais ná mar a rinneadh roimhe seo. Ba iad an t-ochtú clár réime (CR) do T&N, ar a dtugtar Fís 2020 (H2020), agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIEnna), ar leithdháileadh 95 % díobh ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), an dá phríomhchiste tacaíochta. Ba é €76.4 billiún an leithdháileadh buiséid iomlán do H2020, agus b’ionann agus beagnach €41 bhilliún an cistiú AE a bhí geallta do ghníomhaíochtaí T&N faoi CSIE. Ar an iomlán, sheas sé sin do 12 % de bhuiséad an Aontais do thréimhse 2014-2020. Do thréimhse 2021-2027, tháinig méadú níos mó ar bhuiséad an Aontais maidir le T&N (mar shampla, is é €95.5 billiún an buiséad don CR nua, is é €56 bhilliún an méid atá measta ó CFRE do T&N agus ba é €44.4 billiún an buiséad do T&N a áiríodh sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta a bhí formheasta i Márta 2022).

03 Cuireann an Coimisiún cruthú sineirgí chun cinn. Tá siad sin sainithe sa tuarascáil seo mar chomhordú chistiú taighde an Aontais faoi CSIEnna agus Fís 2020 chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht i ngach aon cheann díobh a mhéadú, agus ar an gcaoi sin tionchar níos mó a bhaint amach i dtéarmaí torthaí nuálaíochta.

04 Luadh sineirgí den chéad uair i dTeachtaireacht ón gCoimisiún a eisíodh in 2007, agus tá a dtábhacht ag méadú go mór ó shin. Den chéad uair riamh, bhí iarraidh shonrach go mbunódh comhlachtaí cur chun feidhme sineirgí idir an dá chlár cuimsithe i gcreataí dlíthiúla 2014-2020 le haghaidh Fís 20201 agus CSIEnna2. Leagtar béim níos mó ar shineirgí sna creataí dlíthiúla do thréimhse 2021-2027 le haghaidh Fís Eorpach (comharba H2020) agus le haghaidh na gcistí a chuireann an beartas comhtháthaithe (comharba CSIE) chun feidhme. Go háirithe:

  • an Rialachán maidir le Fís Eorpach, a thugann aird shonrach ar chomhar agus ar chomhlántacht idir comhtháthú agus beartais T&N. Tá Iarscríbhinn IV den Rialachán tiomnaithe go hiomlán do shineirgí;
  • Rialachán na bhForálacha Coiteanna lena rialaítear na cistí lena gcuirtear an beartas comhtháthaithe chun feidhme, a léiríonn an tábhacht do Bhallstáit agus don Choimisiún atá le comhar a neartú agus sineirgí agus comhlántachtaí le Fís Eorpach a bhunú.

05 Tugann doiciméad treoraíochta3 ón gCoimisiún in 2014 maidir le sineirgí tuairisc ar chineálacha éagsúla sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann idir H2020 agus na CSIEnna (féach Fíor 1).

Fíor 1 – Cineálacha sineirgí

Foinse: CIE.

06 Léirítear i bhFíor 2 an loighic atá le sineirgí réamhtheachtacha agus iartheachtacha idir H2020 agus na CSIEnna.

Fíor 2 – Sineirgí reamhtheachtacha agus iartheachtacha idir Fís 2020 agus na Cistí SIE

Foinse: CIE.

07 Cé go gcuireann CSIEanna agus H2020 araon tacaíocht leordhóthanach ar fáil do T&N, tá sineirgí pleanála agus cur chun feidhme casta toisc go bhfuil an dá chiste éagsúil i roinnt bealaí (le haghaidh tuilleadh sonraí, féach Iarscríbhinn I):

  • Cuspóirí: Tá barr feabhais á lorg ag cistí H2020, agus is é is aidhm do CSIEnna ná comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú trí éagothromaíochtaí idir réigiúin a laghdú. Léirítear é seo leis na difríochtaí i ndáileadh chistí H2020 ag na Ballstáit i gcomparáid leis na CSIEnna atá geallta le haghaidh T&N (féach Iarscríbhinn II);
  • Bainistiú: Bhí H2020 faoi bhainistiú díreach an Choimisiúin, agus cuireadh CSIEnna chun feidhme faoi bhainistiú comhroinnte idir an Coimisiún agus na Ballstáit (i.e. trí ghlaonna ar thionscadail ar leibhéal náisiúnta/réigiúnach);
  • Cur chun feidhme: Cuireadh H2020 chun feidhme trí chláir oibre ilbhliantúla a d’ullmhaigh an Coimisiún, agus cuireadh CSIEnna chun feidhme ar bhonn cláir oibríochtúla (OPnna) a d’ullmhaigh údaráis náisiúnta/réigiúnacha agus a d’fhormheas an Coimisiún;
  • Tosaíochtaí a leagan síos: Le linn thréimhse 2014-2020, bhí CSIEnna do T&N le caitheamh de réir na “Straitéisí um Speisialtóireacht Chliste” (S3anna), a d’fhorbair Ballstáit nó réigiúin. Is straitéisí nuálaíochta iad S3anna “lena leagtar síos tosaíochtaí chun buntáiste iomaíochta a fhorbairt trí láidreachtaí dílse T&N a fhorbairt agus a mheaitseáil le riachtanais ghnó [...] agus ag an am céanna dúbailt agus ilroinnt na n-iarrachtaí á seachaint”4. Caitheadh cistí H2020 de réir príomhréimsí tosaíochtaí mar atá sainithe sa Rialachán, agus de réir ábhair laistigh de na réimsí sin mar a shainítear sna cláir oibre a ghlac an Coimisiún tríd an nós imeachta coiste (i.e. coiste ionadaithe ó gach Ballstát a bheith rannpháirteach).

08 Tá sineirgí ábhartha go háirithe do na tíortha sin nach bhfuil ag feidhmiú chomh maith céanna ó thaobh T&N de agus, dá réir sin, nach bhfuil chomh rannpháirteach céanna in H2020 (féach Tuarascáil speisialta 15/2022). Tá na tíortha sin i measc na dtíortha a bhfuil an cistiú T&N is mó ar fáil dóibh ó CSIEnna (féach Iarscríbhinn II).

Róil agus freagrachtaí

09 Tugtar tuairsic i dTábla 1 ar na príomh-gheallsealbhóirí a bhfuil baint acu le H2020 agus CSIEnna a cheapadh agus a chur chun feidhme, agus faireachán a dhéanamh orthu. Tugtar tuilleadh mionsonraí in Iarscríbhinn I.

Tábla 1 – Údaráis atá freagrach as na CSIEnna agus H2020 a dhearadh agus a bhainistiú

  CSIEnna H2020
Príomh-Ard-Stiúrthóireacht (AS) an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh

(AS REGIO)
Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta

(AS RTD)
Ceapadh beartais AS REGIO, comhlachtaí Ballstáit, lena n-áirítear údaráis bhainistíochta

Rinne AS REGIO, i measc eagraíochtaí eile, measúnú ar OPnna agus d’fhormheas sé iad.
AS RTD agus ASanna eile, ag brath ar an réimse tosaíochta

D’ullmhaigh AS RTD na cláir oibre agus na glaonna gaolmhara ar thograí tionscadail
Cur chun feidhme Údaráis bhainistíochta (dearadh agus cur chun feidhme OPnna, lena n-áirítear roghnú tionscadal, formheas tionscadal agus dámhachtain deontas)

Comhlachtaí idirmheánacha (bearta sonracha de chuid OP a chur chun feidhme)

Déantar dámhachtain deontais a chur ar bhonn foirmiúil go ginearálta trí chomhaontú deontais
Níos mó ná 20 comhlacht cur chun feidhme éagsúla, lena n-áirítear Gníomhaireachtaí Feidhmiúcháin. Chuir sé cinn díobh sin níos mó ná 65 % de bhuiséad H2020 chun feidhme faoi mhaoirseacht na máthair-Ard-Stiúrthóireachta

Déantar dámhachtain deontais a chur ar bhonn foirmiúil trí chomhaontú deontais
Tacaíocht do mholtóirí tionscadail agus do thairbhithe Údaráis Bhainistíochta Pointí Teagmhála Náisiúnta (NCPanna)

Foinse: CIE.

Scóip agus cur chuige na hiniúchóireachta

10 Ós rud é gur iarradh sna bunúis dlí ábhartha go mbunófaí sineirgí idir H2020 agus CSIEnna den chéad uair do thréimhse 2014-2020 (féach mír 04), d’fhéach an t-iniúchadh le léargas a thabhairt ar a mhéid a tharla sé sin. Chinneamar an t-iniúchadh a dhéanamh i bhfianaise thábhacht mhéadaitheach na sineirgí agus i bhfianaise na ndeiseanna nár tapaíodh chun iad a chruthú; agus shocraíomar go mbeadh an t-iniúchadh seo ina chomhlánú ar Thuarascáil speisialta 15/2022 a foilsíodh le déanaí inar díríodh ar bhearta chun rannpháirtíocht na dtíortha ísealfheidhmíochta i bhFís 2020 a fhairsingiú. Go deimhin, sonraítear sa rialachán maidir le H2020 go mbeidh sineirgí le CSIEnna agus le bearta chun rannpháirtíocht i bhFís 2020 a fhairsingiú ina gcuidiú leis an deighilt T&N san Eoraip a dhúnadh.

11 D’fhiafraíomar an raibh bearta iomchuí déanta ag an gCoimisiún agus ag na húdaráis cur chun feidhme náisiúnta/réigiúnacha ábhartha chun sineirgí a bhunú idir H2020 agus na CSIEnna. Chuige sin, rinneamar measúnú féachaint:

  • ar thug an Coimisiún agus na húdaráis cur chun feidhme náisiúnta/réigiúnacha tábhacht chuí do thosca a bhí ríthábhachtach chun sineirgí a chruthú;
  • an raibh sineirgí pleanáilte agus curtha chun feidhme go héifeachtach ag an gCoimisiún agus ag údaráis cur chun feidhme náisiúnta/réigiúnacha.

12 Chlúdaigh ár n-obair iniúchóireachta cur chun feidhme na sineirgí i dtréimhse 2014-2020 agus scrúdaíomar fianaise ó réimse foinsí (le haghaidh tuilleadh mionsonraí maidir le modheolaíocht, féach Iarscríbhinn III):

  • athbhreithniú deisce ar dhoiciméid ábhartha ón gCoimisiún, chomh maith le ceistneoirí arna gcomhlánú ag, agus agallaimh le daoine d’fhoireann an Choimisiúin;
  • athbhreithniú ar shonraí anailíseacha;
  • anailís mianadóireachta téacs ar chláir oibre 2020 agus comhaontuithe deontais H2020;
  • anailís ar dhoiciméid ábhartha do shampla de chúig Bhallstát (an Phortaingéil, an Pholainn, an tSlóivéin, an Chróit agus an Rómáin), chomh maith le hagallaimh lena n-údaráis bhainistíochta agus lena NCPnna. Roghnaíomar na tíortha sin bunaithe ar a bhfeidhmíocht T&N, infhaighteacht CSIEnna do T&N, agus rannpháirtíocht in H2020;
  • suirbhéanna a seoladh chuig na húdaráis bhainistíochta ar 27 OP (ráta freagartha: 64 %) agus chuig 78 bPointe Teagmhála Náisiúnta (NCP), (ráta freagartha: 67 %) sna Ballstáit go léir;
  • agallaimh le saineolaithe sa réimse.

Barúlacha

Níor tugadh aird chuí ar na tosca uile a bhfuil ról lárnach acu maidir le sineirgí a chruthú

13 Tá sé casta sineirgí a chruthú, ós rud é go bhfuil difríocht mhór ar go leor bealaí idir cistiú an Aontais faoi CSIEnna agus Fís 2020 (féach mír 06). Rinneamar athbhreithniú ar dhoiciméadacht agus fuaireamar aiseolas ón gCoimisiún agus ó gheallsealbhóirí náisiúnta inár léiríodh roinnt tosca a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le rath nó teip ó thaobh sineirgí a bhunú: méid ailínithe na rialacha agus na rialachán, an comhar idir gníomhaithe ábhartha ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, infhaighteacht sonraí ábhartha agus acmhainneacht riaracháin ar leibhéal náisiúnta agus réigiúnach.

14 Dá bhrí sin rinneamar measúnú féachaint:

  • ar éascaigh rialacha agus rialacháin cruthú sineirgí;
  • an raibh comhar ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon iomchuí chun sineirgí a chruthú;
  • an raibh uirlisí sonraí agus faireacháin iomchuí ag an gCoimisiún chun sineirgí féideartha a shainaithint agus a chothú;
  • ar thacaigh an Coimisiún go hiomchuí le forbairt acmhainneachta na riarachán náisiúnta/réigiúnach.

D’fhreagair an Coimisiún d’easnaimh i rialacha agus i rialacháin a chuir bac ar chruthú sineirgí

15 Léirigh roinnt staidéar5 a rinneadh don Choimisiún go raibh easpa ailínithe ann idir forálacha rialála lena rialaítear Fís 2020, Rialachán na bhForálacha Coiteanna do CSIE agus an Rialachán Blocdhíolúine Ginearálta faoi rialacha maidir le Státchabhair, agus measadh gur bac é sin ar shineirgí. Dhearbhaigh ár gcuid oibre iniúchóireachta an chonclúid sin, go háirithe ár suirbhéanna agus na hagallaimh le saineolaithe, le húdaráis bhainistíochta agus le pointí teagmhála náisiúnta, rud a léiríonn an tábhacht a bhaineann le forálacha rialála a ailíniú.

16 D’fhreagair an Coimisiún trí roinnt coigeartuithe a mholadh, a tugadh isteach sna rialacháin ábhartha do thréimhse 2021-2027 (féach Iarscríbhinn IV). Seo a leanas samplaí de na hathruithe a rinneadh:

  • i gcás cistí lena gcuirtear an beartas comhtháthaithe chun feidhme, go gcaithfidís glacadh le coinníollacha a ndearnadh measúnú orthu cheana faoi Fhís Eorpach, bídís ag baint le tionscadail a bhí comhchistithe faoi Fhís Eorpach nó bídís ina gcistí a ndearnadh SoE a dhámhachtain ina leith;
  • ailíniú a dhéanamh ar chritéir i dtaobh cad a mheastar a bheith ina ngníomhaíochtaí incháilithe, ar mhodhanna chun costais incháilithe a ríomh, agus ar rialacha maidir le Státchabhair do thionscadail atá cómhaoinithe ag an dá chlár nó tionscadail SoE;
  • an fhéidearthacht deontais ó CSIEnna a úsáid mar ranníocaíochtaí náisiúnta le Comhpháirtíochtaí Eorpacha arna mbunú faoi Fhís Eorpach (comhpháirtíochtaí idir an Coimisiún agus comhpháirtithe príobháideacha nó poiblí i dtionscnaimh chomhbheartaithe T&N);
  • an fhéidearthacht suas le 5 % den leithdháileadh náisiúnta tosaigh de gach Ciste Comhtháthaithe a aistriú chuig aon ionstraim eile faoi bhainistiú díreach nó indíreach (lena n-áirítear Fís Eorpach).

17 Ós rud é gur do thréimhse 2021-2027 amháin a rinneadh na hathruithe sin, beidh le feiceáil go praiticiúil cibé acu a mbeidh nó nach mbeidh siad in ann tionchar dearfach a bheith acu ar shineirgí.

Is beag comhair a bhí idir comhlachtaí a bhí páirteach i mbainistiú CSIE agus H2020

18 Leagadh béim i Rialachán na bhForálacha Coiteanna6 agus i Rialachán H20207 ar an tábhacht a bhaineann le comhordú agus idirghníomhaíocht dhlúth idir an dá chlár. Mar a luaitear i dTábla 1, tá struchtúir rialachais ar leith ag CSIEnna agus Chlár Réime T&N ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta/réigiúnach araon. In 2016, chuir Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa8 béim ar an ról atá ag comhordú idir ASnna an Choimisiúin chun imeacht ó chur chuige deighilte, ar leibhéal an Aontais agus freisin ar leibhéal na mBallstát. Is féidir an comhordú sin a bhaint amach trí fhaisnéis a mhalartú go tráthrialta agus ar bhealach struchtúrtha.

19 Tháinig tuarascáil ó 20189 a d’fhoilsigh an Coimisiún ar an gconclúid go raibh cuir chuige “aonarach” fós le sonrú sa Choimisiún agus sna Ballstáit. Dúradh ann “go ndéileálann na haireachtaí nó na ranna le comhlachtaí éagsúla de chuid an Choimisiúin a bhfuil cúraimí, tosaíochtaí agus cultúir oibriúcháin éagsúla acu agus uaireanta bíonn siad ag teacht salach ar a chéile”, agus mhol sé go ndéanfaí idirphlé struchtúrtha i bhfoirm fóraim le cláir oibre “aimsiú na sineirgí” a chur ar bun agus a reachtáil ar bhonn institiúide.

20 In ainneoin an mholta sin, fuaireamar amach go raibh roinnt de na laigí a sainaithníodh in 2016 fós ann in 2021. Tugaimid ar aire gur chomhoibrigh an dá phríomh-Ard-Stiúrthóireacht lena mbaineann (AS RTD agus AS REGIO) go maith agus rialacháin 2021-2027 á n-ullmhú acu. Níor chuir an Coimisiún próiseas idirphlé rialta agus struchtúrtha i bhfeidhm, áfach, ina raibh páirt ag Ard-Stiúrthóireachtaí ábhartha an Choimisiúin agus gníomhaithe náisiúnta a bhí freagrach as an dá chlár a cheapadh agus a chur chun feidhme.

21 Go sonrach, ní bhfuaireamar ach líon teoranta samplaí d’idirphlé struchtúrtha idir ASnna an Choimisiúin agus geallsealbhóirí náisiúnta/réigiúnacha ar théamacha sonracha. Sampla amháin a mheas na geallsealbhóirí a bheith dearfach ab ea “pobal cleachtais an tSéala Barr Feabhais (SoE)” (féach Bosca 1).

Bosca 1

“Pobal cleachtais an tSéala Barr Feabhais”: sampla dearfach den chomhar il-leibhéil

Is ardán é “pobal cleachtais an tSéala Barr Feabhais” a chruthaigh an Coimisiún chun faisnéis a mhalartú, sonraí a bhailiú agus dea-chleachtais a chomhroinnt. Tugtar le chéile ann ionadaithe ó AS REGIO, AS RTD, ó údaráis bhainistíochta, ó NCPnna agus ó gheallsealbhóirí eile ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon, i.e. ionadaithe ón Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC), ón Institiúid Eorpach Teicneolaíochta, agus ó aireachtaí agus gníomhaireachtaí ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach. Tá 250 comhalta sa líonra.

Sa suirbhé a rinneamar ar NCPnna, chuireamar ceist faoi cé chomh sásta a bhí na freagróirí le tionscnaimh éagsúla a sheol an Coimisiún Eorpach chun sineirgí a chur chun cinn. Bhí 60 % de na freagróirí an-sásta nó thar a bheith sásta le “pobal cleachtais an tSéala Barr Feabhais”.

22 Maidir le comhlachtaí náisiúnta, d’éiligh Rialachán na bhForálacha Coiteanna do thréimhse 2014-2020 agus na híoschaighdeáin agus na treoirphrionsabail chun líonraí NCPnna a bhunú faoi Fhís 2020 tuilleadh cumarsáide agus comhair idir údaráis bhainistíochta CSIE agus NCPnna Fhís 2020.

23 Fuaireamar amach gur chomhoibrigh na NCPanna agus na húdaráis bhainistíochta go maith i gcás péire de na cúig Bhallstát inár sampla, eadhon an Phortaingéil agus an tSlóivéin. Maidir leis na trí Bhallstát eile, bhí comhar agus malartuithe faisnéise teoranta. Dearbhaíodh inár suirbhéanna gur lean formhór na n-údarás bainistíochta agus na NCPnna sin a d’fhreagair de bheith ag obair trí úsáid a bhaint as cur chuige aonarach. Ciallaíonn sé seo nach raibh mórán comhair ann idir na húdaráis bhainistíochta (ESIFnna) agus NCPanna (Fís 2020) (le haghaidh tuilleadh mionsonraí faoi na suirbhéanna sin, féach Iarscríbhinn III):

  • Dúirt 41 % de na húdaráis bhainistíochta a d’fhreagair ár suirbhé nach raibh aon chomhoibriú struchtúrtha ann le NCPnna. Ina theannta sin, d’fhreagair 59 % díobh ag rá nár eagraigh siad imeachtaí nó gur go hannamh a d’eagraigh siad imeachtaí a thug geallsealbhóirí ábhartha ón dá phobal le chéile (tairbhithe H2020 agus CSIEnna, agus geallsealbhóirí eile);
  • Dúirt 85 % de na NCPanna a d’fhreagair ár suirbhé go raibh leibhéal an chomhair le húdaráis bhainistíochta íseal go han-íseal, nó nach raibh aon chomhar ann ar chor ar bith. Thairis sin, thuairiscigh 75 % de na NCPanna go raibh a leibhéal eolais ar thacaíocht chláir CSIE do T&N íseal nó an-íseal, nó dúirt siad fiú nár chuid dá sainchúram é eolas faoi Chistí SIE a bheith acu.

24 Léiríodh i dtuarascáil a eisíodh in 202010 maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghlao turgnamhach ar thionscadail arna maoiniú ag CSIEnna faoi chlár Interreg – Lár na hEorpa go bhfuil gá níos mó le comhar idir geallsealbhóirí H2020 agus geallsealbhóirí CSIE (féach Bosca 2). Rinneadh an glao turgnamhach toisc nár baineadh lánúsáid go praiticiúil as eolas a chruthaigh tionscadail a fuair maoiniú ón Aontas, agus is minic nár éirigh le torthaí T&N geallsealbhóirí ábhartha i réigiúin an Aontais a shroicheadh. Tharla sé sin mar gheall ar easpa cumarsáide, comhordaithe agus comhair idir taighdeoirí agus geallsealbhóirí réigiúnacha.

Bosca 2

Glao turgnamhach Interreg: “Caipitliú trí chomhordú

Bhí sé mar aidhm ag an nglao turgnamhach sin tionchar an chomhair thrasnáisiúnta i réigiúin lárnacha na hEorpa a mhéadú trí bhealaí nua a thástáil chun tionscadail éagsúla arna gcistiú ag an Aontas a chomhordú. Sa tuarascáil ó 2020 maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh, thángthas ar an gconclúid, i measc nithe eile, go raibh an méid seo a leanas i gceist:

  1. Tá an-spéis ag geallsealbhóirí H2020 agus Interreg a bheith ag obair le chéile agus torthaí a chur le chéile d’fhonn a ráta glactha ar leibhéal an bheartais a mhéadú, agus na torthaí sin a leathadh amach chuig spriocghrúpaí agus críocha nua. Mar sin féin, ní mór do gheallsealbhóirí “brú” a dhéanamh d’aon uaim chun sineirgí idir cistí a lorg agus a úsáid go gníomhach.
  2. Is gá tacaíocht ghníomhach a thabhairt do thairbhithe tionscadail chun an tionchar atá ag torthaí tionscadail Fhís 2020 agus Interreg a mhéadú. Is féidir le bearta forbartha acmhainneachta agus deiseanna meaitseála cur leis an eolas atá ag geallsealbhóirí ar thorthaí H2020 agus Interreg atá ann cheana a d’fhéadfadh a bheith ag teacht le riachtanais shonracha i réigiúin ar leith agus i spriocghrúpaí áirithe.

Cuireadh bac ar shainaithint sineirgí agus ar fhaireachán a dhéanamh orthu mar gheall ar easpa sonraí oiriúnacha

25 Luadh i dtuarascáil a d’fhoilsigh Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin go rachadh sé go mór chun tairbhe don fhaireachán agus meastóireacht ar bheartais, agus do shainaithint agus cruthú sineirgí, dá mbeadh bunachair sonraí Fhís 2020 agus CSIE idir-inoibritheach11.

26 Bunaithe ar athbhreithniú ar dhoiciméadacht agus ar aiseolas ó daoine d’fhoireann an Choimisiúin, shainaithníomar buntáistí a bhaineann le bunachair sonraí idir-inoibritheacha (lena gcumhdaítear tionscadail ó H2020 agus CSIEnna) le haghaidh (i) faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar bheartas, agus (ii) sineirgí (féach Fíor 3).

Fior 3 — Buntáistí a bhaineann le bunachair sonraí idir-inoibritheacha

Foinse: CIE.

27 Rinneamar anailís féachaint an raibh bearta déanta ag an gCoimisiún chun bunachair sonraí idir-inoibritheacha i dtionscadail Fís 2020 agus CSIE a chur ar bun, agus ar shainaithin an Coimisiún agus na Ballstáit (i) réimsí a d’fhéadfadh sineirgí a chruthú, agus (ii) sineirgí atá ann cheana chun samplaí dea-chleachtais a shainaithint.

28 I dtréimhse 2014-2020, chuir bunachar sonraí ar leithligh faisnéis ar fáil maidir le tionscadail a cistíodh le Fís 2020 agus freisin le CSIEnna:

  • I gcás tionscadail faoi Fhís 2020, ní raibh ach bunachar sonraí inmheánach ag an gCoimisiún go dtí gur seoladh deais H2020 in 2018. Áirítear ar an deais nua sonraí maidir le tionscadail chistithe agus a dtairbhithe, miondealaithe de réir tíortha agus réigiún, cineál eagraíochta, agus réimse tosaíochta (e.g. fuinneamh, sláinte, agus spás);
  • Do thionscadail a fuair cómhaoiniú ó CSIEnna, ní raibh bunachar sonraí comhtháite ann go dtí mí an Mhárta 2022. Ina ionad sin, rinne údaráis bhainistíochta faisnéis a thaifeadadh agus a fhoilsiú faoi thionscadail a bhí cómhaoinithe ag CSIEnna ar leathanaigh ghréasáin atá nasctha lena gcláir oibríochtúla, i gcomhréir lena n-oibleagáidí dlíthiúla12. I mí an Mhárta 2022, sheol an Coimisiún Kohesio, bunachar sonraí comhtháite de na tionscadail atá cómhaoinithe ag CSIEanna. Tá tionscadail ó thréimhse 2014-2020 ar áireamh i Kohesio faoi láthair, ach tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún síneadh a chur leis go dtí tréimhse 2021-2027. Níl Kohesio idir-inoibritheach le bunachar sonraí H2020, áfach.

29 Ba dhúshlánach na bunachair sonraí éagsúla sin a úsáid chun tionscadail a thugann aghaidh ar réimsí tosaíochta comhchosúla faoi Fhís 2020 agus CSIEnna a shainaithint, agus a bhí oiriúnach dá bhrí sin chun sineirgí a chruthú, mar gheall ar na nithe seo a leanas:

  • Ní raibh aon chatagóiriú coiteann (tacsanomaíocht) de thosaíochtaí H2020 agus S3 ann;
  • Ní raibh sonraí CSIE a thaifead údaráis bhainistíochta caighdeánaithe go hiomlán agus bhí siad i dteangacha náisiúnta den chuid is mó;
  • Níor thaifead údaráis bhainistíochta tosaíochtaí S3 an tionscadail go córasach. Is dócha go leanfaidh sé sin de bheith ina dhúshlán, toisc nach gceanglaítear ar na Ballstáit, le Rialachán na bhForálacha Coiteanna lena rialaítear tréimhse 2021-2027, tuairisc a thabhairt ar réimsí tosaíochta S3 a dtugann na tionscadail aghaidh orthu.

30 Dá bhrí sin, leis na bunachair sonraí atá ann cheana, ní rabhthas in ann na príomhthionscadail T&N agus infheistíochtaí gaolmhara a mhapáil (e.g. trí fhaisnéis a sholáthar faoin raon geografach, nó cad iad na tosaíochtaí is mó a d’fhéadfaí sineirgí a chruthú iontu). Chuir sé seo bac ar chruthú sineirgí agus faireachán ar bheartas sa chiall a dtugtar tuairisc air i bhFíor 3.

31 Thairis sin, in ainneoin na dtairbhí a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar shineirgí idir CSIEnna agus Fís 2020 (féach mír 25), fuaireamar nach ndearna an Coimisiún ná na húdaráis bhainistíochta atá i gceannas ar na cláir oibríochtúla a ndearnamar anailís orthu faireachán orthu go córasach.

32 Ina theannta sin, shainaithníomar na teorainneacha seo a leanas ar leibhéal an Choimisiúin ó thaobh sineirgí a shainaithint agus faireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme:

  • Faisnéis chun sineirgí réamhtheachtacha a shainaithint: cé go bhfuil uirlis mianadóireachta téacsanna (CORTEX) ag an gCoimisiún atá in ann sineirgí réamhtheachtacha atá ann cheana a shainaithint go teoiriciúil, ní féidir í a úsáid go praiticiúil toisc nach bhfuil aon réimse sonrach i dtograí tionscadail H2020 chun naisc le tionscadail a bhí ann roimhe sin arna gcómhaoiniú ag CSIEanna a léiriú;
  • Obair leantach ar thionscadail H2020: cé go bhféadfadh sonraí maidir le húsáid na dtorthaí taighde ó thionscadail H2020 a cuireadh i gcrích tacú le sineirgí iartheachtacha atá ann cheana a shainaithint, ní bhailíonn an Coimisiún an fhaisnéis sin;
  • Faisnéis atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta: ní dhéantar faisnéis faoi thionscadail a bhfuil lipéad SoE orthu agus atá cómhaoinithe ag CSIE a bhailiú agus a thuairisciú don Choimisiún go córasach.

Líon beag gníomhaíochtaí maidir le forbairt acmhainneachta a bheith á nglacadh ag údaráis bhainistíochta

33 Ós rud é go raibh a rialacha, sásraí cur chun feidhme agus geallsealbhóirí féin ag H2020 agus ag CSIEnna, bhí acmhainneachtaí bainistíochta agus riaracháin iomchuí ríthábhachtach chun gníomhaíochtaí T&N le sineirgí ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach a dhearadh agus a chur chun feidhme. Tá sé sin níos ábhartha fós do thréimhse 2021-2027, ina bhfuil méadú tagtha ar chistiú an Aontais do T&N.

34 Rinneamar anailís ar:

  • tacaíocht an Choimisiúin do gheallsealbhóirí náisiúnta, go háirithe údaráis bhainistíochta, chun cur lena gcuid saineolais i réimse na sineirgí, agus
  • a mhéid atá sé sin inghlactha ag na geallsealbhóirí náisiúnta.

35 Rinne an Coimisiún gníomhaíochtaí éagsúla chun tacú le geallsealbhóirí náisiúnta a gcuid eolais i réimse na sineirgí a mhéadú. Go háirithe:

  • In 2014, d’fhoilsigh an Coimisiún doiciméad treoraíochta maidir leis na gníomhaíochtaí éagsúla (lena n-áirítear gníomhaíochtaí cur chun cinn agus oiliúna, cleachtais chomhordúcháin, agus faireachán) ba cheart do ranna an Choimisiúin, údaráis bhainistíochta agus NCPanna a dhéanamh chun sineirgí a chruthú. D’admhaigh na húdaráis bhainistíochta sna cúig Bhallstát roghnaithe gur rannchuidigh an doiciméad treoraíochta le feasacht a mhúscailt maidir le sineirgí ach nár bhain siad ach úsáid theoranta as; I mí Iúil 2022, d’fhoilsigh an Coimisiún doiciméad treoraíochta nua maidir le sineirgí idir Fís Eorpach agus CFRE;
  • Mar chuid den tSaoráid Tacaíochta Beartais (ionstraim H2020 a úsáidtear chun athchóirithe a chothú in éiceachórais náisiúnta T&N), reáchtáil an Coimisiún gníomhaíocht a raibh baint aici le malartú dea-chleachtas i réimse na sineirgí a chur chun cinn. Go háirithe, roinn na rannpháirtithe a dtaithí maidir le (i) conas tacú le rannpháirtíocht náisiúnta sna cláir réime, agus (ii) conas sineirgí idir Fís 2020 agus CSIEanna a uasmhéadú13. Fuaireamar amach nár ghlac ach ionadaithe ó 11 Bhallstát (an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Spáinn, an Chróit, an Ungáir, an Laitvia, an Pholainn, an Phortaingéil, an tSlóivéin agus an tSualainn, móide an Ghearmáin mar bhreathnóir) páirt sa ghníomhaíocht sin;
  • Chuir an Coimisiún coincheap na sineirgí chun cinn ag comhdhálacha (e.g. Seachtain na Réigiún Nuálach san Eoraip, agus Seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha) agus ag imeachtaí sonracha a d’eagraigh tríú páirtithe.

36 Ar deireadh, ba í Parlaimint na hEorpa a sheol agus a chistigh an príomhthionscnamh — an tionscadal “Staighre i dtreo barr feabhais” (S2E) — chun tacú le sineirgí a chruthú le linn thréimhse 2014-2020. Chuir JRC an Choimisiúin tionscadal S2E chun feidhme i gcomhar le DG REGIO, a thug cúnamh do na Ballstáit agus do na réigiúin (i) leas a bhaint as sineirgí idir na CSIEnna agus H2020, agus (ii) S3anna náisiúnta agus réigiúnacha a chur chun feidhme go héifeachtach, agus barr feabhais nuálach i gcoitinne a shaothrú. Tháinig deireadh leis an tionscadal in 2020, agus ní leanfaidh sé ar aghaidh le linn thréimhse 2021-2027. Dúirt geallsealbhóirí náisiúnta ó thrí cinn de na cúig Bhallstát inár sampla gur ghlac siad páirt i ngníomhaíochtaí an tionscadail seo agus léirigh siad ardleibhéal sástachta.

37 Tugaimid ar aire freisin go raibh teorainn leis an rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí forbartha acmhainneachta a d’eagraigh an Coimisiún. De réir ár suirbhé, bhí sé ag dul ó 44 % d’imeachtaí cur chun cinn go 7 % le haghaidh gníomhaíochtaí oiliúna (féach Fíor 4).

Fíor 4 — Rannpháirtíocht na n-údarás bainistíochta i ngníomhaíochtaí tacaíochta an Choimisiúin

Foinse: Suirbhé CIE ar údaráis bhainistíochta.

38 In ainneoin na rannpháirtíochta teoranta sin, léirigh na húdaráis bhainistíochta agus NCPanna a dtugamar cuairt orthu le linn na hiniúchóireachta go raibh gá le tuilleadh oiliúna, gníomhaíochtaí cóitseála agus comhroinnt dea-chleachtas.

39 Ar deireadh, de réir ár suirbhé, dúirt na húdaráis bhainistíochta nach ndearna siad féin ach gníomhaíocht an-teoranta chun tacú le sineirgí a chruthú idir an dá chlár (féach Fíor 5).

Fíor 5 — Gníomhaíochtaí cur chun cinn a bhí egraithe ag údaráis bhainistíochta chun tacú le sineirgí a chruthú idir CSIEanna agus Fís 2020

Foinse: Suirbhé CIE ar údaráis bhainistíochta.

Bhí éagsúlacht sa mhéid a rinneadh sineirgí atá beartaithe i ndoiciméid straitéiseacha a chur chun feidhme

40 Luadh i dtreoraíocht 2014 ón gCoimisiún maidir le sineirgí (féach mír 35) “go bhfuil sé ríthábhachtach na sineirgí is fearr idir na cistí a áirithiú [...] agus tionchar agus éifeachtúlacht an chistithe phoiblí a uasmhéadú. Chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in iúl go soiléir gur cur chuige ‘a chaithfear a chur chun feidhme’ anois é seachas é a bheith ina ‘chur chuige inmhianaithe’”. Chuige sin, bhí cur chuige córasach ag teastáil ó na geallsealbhóirí ábhartha uile i leith sineirgí, agus d’fhág sé gur ghá an scóip do shineirgí a leagtar amach sna S3anna agus sna OPnna a bheith ar aon dul le hiarrachtaí comhbheartaithe praiticiúla chun a áirithiú gur cuireadh chun feidhme iad.

41 Dá bhrí sin rinneamar measúnú féachaint:

  • ar áiríodh ar na S3nna agus ar na cláir oibríochtúla ghaolmhara bearta chun sineirgí a chruthú le H2020;
  • ar cuireadh na cineálacha éagsúla sineirgí chun feidhme go hiarbhír, go háirithe:
  1. sineirgí iartheachtacha;
  2. sineirgí réamhtheachtacha;
  3. cistiú malartach do thionscadail a ndearnadh an lipéad SoE a dhámhachtain orthu.

42 Ina theannta sin, chuir gach údarás bainistíochta inár sampla cistiú comhlántach ar fáil (féach mír 05) le haghaidh cineál sonrach tionscadail (“Teacht le chéile i bhfoirne” nó “Cathaoirligh LET”) faoin tsraith H2020 “barr feabhais a leathnú agus rannpháirtíocht a fhairsingiú”. De na húdaráis bhainistíochta a thug freagra ar ár suirbhé, dhearbhaigh 44 % (7 as 16) go raibh na bearta sin curtha san áireamh ina gcuid OPanna, agus dúirt 31 % (5 as 16) go raibh na bearta sin curtha chun feidhme acu. Mar sin féin, ós rud é gur tugadh aghaidh cheana féin ar chistiú comhlántach sa tuarascáil speisialta a rinneamar le déanaí maidir le bearta um fhairsingiú (Tuarascáil speisialta 15/2022), ní chuirimid aon anailís bhreise ar fáil ar an ábhar anseo.

Beartaíodh sineirgí i ndoiciméid straitéiseacha CSIEanna, ach bhí éagsúlacht ann maidir le leibhéal na mionsonraí

43 Ionas go dtiocfaidh sineirgí chun cinn, ní mór iad a phleanáil go hiomchuí sna doiciméid straitéiseacha, go háirithe na S3anna (féach mír 06) agus OPanna laistigh de Chistí SIE.

44 Luaitear i dtreoraíocht 2012 ón gCoimisiún maidir le S3anna gur cheart do S3anna díriú ar infheistíochtaí náisiúnta/réigiúnacha T&N i roinnt réimsí atá iomaíoch ar fud an domhain, agus úsáid scaipthe acmhainní a sheachaint. Trí dhíriú ar líon teoranta gníomhaíochtaí eacnamaíocha tosaíochta agus ar réimsí teicneolaíocha sonracha ar an leibhéal náisiúnta/réigiúnach, bhí sé i gceist leis pleanáil straitéiseach infheistíochtaí T&N a éascú. Luaitear sa treoraíocht freisin go bhfuil comhoiriúnú éifeachtach idir (i) cuspóirí leathana atá ailínithe le beartais AE a shainaithint, agus (ii) an sainmhíniú ar na tosaíochtaí (nó nideoga) don speisialtóireacht chliste i gceist le tosaíochtaí a leagan síos i gcomhthéacs S3anna.

45 Maidir le tosaíocht S3, tháinig páipéir staidéir14 éagsúla ar an gconclúid go bhfuil “iomadú cuspóirí le sonrú” in S3anna. Go háirithe, fuarthas amach i staidéar 2021 ón gCoimisiún maidir le tosaíochtaí S315 go raibh an bandaleithead téamach a bhain le réimsí tosaíochta S3 i roinnt Ballstát leathan. Rinneadh anailís sa staidéar freisin ar 2 324 ghlao ar thograí tionscadail a sheol údaráis bhainistíochta, agus tugadh faoi deara gur thug tromlach mór na nglaonna (74 %) aghaidh ar thosaíochtaí uile S3 ag an am céanna.

46 Laghdaítear an scóip atá ann chun mais chriticiúil a bhaint amach agus dá bhrí sin sineirgí a chruthú de bharr easpa fócais i dtosaíochtaí S3, agus mar gheall ar an bhfíoras go raibh glaonna ar thograí oscailte go ginearálta d’aon tosaíocht S3 seachas “sainiúlachtaí earnálacha agus teicneolaíocha a mheas, mar a bheadh le tuiscint as an loighic bhunúsach a ghabhann le speisialtóireacht chliste”16.

47 Dá bhrí sin, rinneamar anailís féachaint ar chuimsigh na S3anna agus OPanna gaolmhara inár gcúig Bhallstát sa sampla bearta chun sineirgí a chruthú. Rinneamar anailís freisin féachaint an raibh tagairtí sonracha sna S3anna do chomhpháirtíochtaí Eorpacha a cuireadh chun cinn faoi H2020. Féachann na comhpháirtíochtaí sin leis an gCoimisiún agus le comhpháirtithe príobháideacha agus/nó poiblí (lena n-áirítear na comhpháirtithe sin a bhainistíonn CSIEnna) a thabhairt le chéile trí thionscnaimh chomhbheartaithe T&N lena dtugtar aghaidh ar thosaíochtaí beartais an Aontais.

48 Fuaireamar an méid seo a leanas:

  • Níor luaigh ach ceann amháin de na S3anna (an Rómáin) a sampláladh comhpháirtíochtaí Eorpacha sonracha lena raibh sé beartaithe sineirgí a chruthú trí dheontais a chur ar fáil d’eintitis náisiúnta a chuirfeadh ar a gcumas a bheith rannpháirteach sna comhpháirtíochtaí sin;
  • Luaigh trí cinn de na cúig OP a sampláladh (an Phortaingéil, an Rómáin agus an tSlóivéin) go raibh (cuid de) na tosaíochtaí nasctha le tosaíochtaí H2020. Cuireann feasacht ar an nasc sin ar chumas na n-údarás náisiúnta/réigiúnach dul i dteagmháil lena ngeallsealbhóirí go réamhghníomhach chun iad a chur ar an eolas faoi na féidearthachtaí don taighde atá ag éirí as H2020 agus chun naisc le comhpháirtíochtaí Eorpacha a chothú (e.g. trí dheontais a chur ar fáil);
  • Áiríodh i ngach S3 agus gach OP faoi seach bearta chun sineirgí a chruthú. Bhí éagsúlacht mhór idir na Ballstáit a sampláladh, áfach, maidir le leibhéal mionsonraithe na dtagairtí a rinneadh sna S3nna agus sna OPnna: i roinnt tíortha bhí tagairtí do ghníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar shineirgí sách teoranta agus/nó an-ghinearálta (an Chróit agus an Pholainn), agus thug tíortha eile (an tSlóivéin, an Rómáin agus an Phortaingéil) cur síos mionsonraithe ar roinnt beart.

49 I mBosca 3, tugtar samplaí de shineirgí atá beartaithe sna OPanna.

Bosca 3

Samplaí de bhearta sna cláir oibríochtúla arb é is aidhm dóibh sineirgí a chruthú

Chuir an Chróit trí bheart san áireamh chun sineirgí a chur ar bun ina OP “Iomaíochas agus Comhtháthú”:

  1. cistiú malartach do thograí ón gComhairle Eorpach um Thaighde;
  2. cistiú forlíontach do na tionscadail Teacht le chéile i bhfoirne faoi Fhís 2020;
  3. cistiú comhlántach le haghaidh bearta um fhairsingiú eile.

Mar sin féin, níor chuimsigh an OP tagairtí sonracha do thosaíochtaí Fhís 2020 ná do Chomhpháirtíochtaí Eorpacha. Thairis sin, níor leor an buiséad a cuireadh ar fáil do gach beart chun tionscadal aonair a chistiú faoi (a) nó (b). I ndeireadh na dála, níor chuir údarás bainistíochta na Cróite ach (c) chun feidhme.

Bhí ocht mbeart nithiúla lena ndírítear ar thrí chineál sineirgí (cistiú réamhtheachtach, cistiú malartach agus cistiú comhlántach) beartaithe san OP faoin Iomaíochas a bhí ag an Rómáin. Chuimsigh an OP tagairtí sonracha freisin do thosaíochtaí Fhís 2020 agus do chomhpháirtíochtaí Eorpacha. Baineadh úsáid iomlán as an mbuiséad a leithdháileadh ach d’fhulaing an cur chun feidhme mar gheall ar mhoilleanna suntasacha: is in 2020 a dámhadh tromlach na ndeontas.

Rinneadh sineirgí réamhtheachtacha a bhí beartaithe a chur chun feidhme go ginearálta

50 Is iondúil go n-áirítear le gníomhaíochtaí réamhtheachtacha (féach mír 05) bonneagar agus tacaíocht taighde a fhorbairt chun cuidiú le geallsealbhóirí T&N tograí tionscadail a ullmhú a bheadh le cur isteach de dhroim glaonna iomaíocha ar thionscadail faoi Fhís 2020. Bhí an tacaíocht sin ábhartha go háirithe do na Ballstáit sin a bhfuil ráta íseal rannpháirtíochta i gcónaí acu sna cláir réime, go háirithe maidir le tionscadail fhormheasta. Cé go bhfuil go leor athróga ann a bhfuil tionchar acu ar leibhéal rannpháirtíochta tíre sa chlár réime (féach Tuarascáil speisialta 15/2022), tá infhaighteacht cistithe chun tacú leis an bpróiseas iarratais ar cheann de na príomhthosca a dhéanann difear do rannpháirtíocht.

51 Léirigh ár suirbhé ar údaráis bhainistíochta go raibh bearta beartaithe ag 50 % de na freagróirí (8 as 16) chun sineirgí réamhtheachtacha a chruthú, agus go ndearna 44 % (7 as 16) iad a chur chun feidhme i ndáiríre.

52 Fuaireamar amach trínár n-anailís ar OPanna sampláilte go raibh gníomhaíochtaí beartaithe agus curtha chun feidhme acu go léir chun bonneagar T&N a fhorbairt, amhail ionaid barr feabhais. Áirítear ar shamplaí de ghníomhaíochtaí den sórt sin infheistíocht i mbonneagar i réimse na fisice fótamhnúicléiche sa Rómáin, agus infheistíocht in ionaid barr feabhais agus in ionad sár-ríomhaireachta náisiúnta sa tSlóivéin.

53 Fuaireamar freisin go raibh gníomhaíochtaí beartaithe agus curtha chun feidhme ag ceithre cinn de na cúig OP a sampláladh (an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin agus an tSlóivéin) atá dírithe go díreach ar chuidiú le geallsealbhóirí náisiúnta T&N páirt a ghlacadh in H2020. Mar sin féin, i bpéire de na ceithre Bhallstát sin (an Pholainn agus an Rómáin), níor tugadh an tacaíocht sin ach roinnt blianta tar éis do H2020 tosú (cúig bliana don Pholainn agus seacht mbliana don Rómáin).

54 Sainaithníodh i bpáipéar taighde 201617 agus i dtuarascáil chríochnaitheach tionscadail18 a cistíodh le buiséad an Aontais go bhfuil scéimeanna tacaíochta den sórt sin ríthábhachtach chun rannpháirtíocht sa chlár réime a fheabhsú agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé ríthábhachtach don dóchúlacht go gcruthófar sineirgí réamhtheachtacha. Fuaireamar go raibh na Ballstáit sin a bhí déanach lena scéimeanna tacaíochta a chur chun feidhme faoi na CSIEnnna i measc na dtíortha sin a raibh an leibhéal rannpháirtíochta is ísle acu freisin in H2020 (féach Tuarascáil speisialta 15/2022, Fíor 6):

  • i dtéarmaí chistiú per capita H2020, ba iad an Pholainn agus an Rómáin na Ballstáit a fuair an méid is lú;
  • i dtéarmaí chistiú H2020 de réir coibhéisí lánaimseartha taighdeoirí, bhí an Pholainn ag bun an scála.

Bhí easpa sineirgí iartheachtacha ann

55 De réir Rialachán na bhForálacha Coiteanna, áireofar ar S3anna “gníomhaíochtaí iartheachtacha chun an dóigh le torthaí T&N, a thig as Fís 2020 agus as cláir roimhe sin, a shaothrú agus a scaipeadh sa mhargadh agus béim ar leith ar thimpeallacht atá fabhrach don nuálaíocht do ghnó agus tionsclaíocht [...]”.

56 Thairis sin, de réir threoraíocht 2014 ón gCoimisiún maidir le sineirgí (féach mír 35), le linn don Choimisiún Fís 2020 a chur chun feidhme, ba cheart dó úsáid iartheachtach thorthaí tionscadail H2020 (agus torthaí tionscadail ó chláir réime taighde a bhí ann roimhe seo) a spreagadh le haghaidh tionscadail atá cómhaoinithe ag CSIEanna.

57 Leag daoine d’fhoireann an Choimisiúin a chuireamar faoi agallamh béim ar an tábhacht a bhaineann le leas a bhaint as torthaí H2020 gan beann ar an tír inar forbraíodh an teicneolaíocht chun tionchar an chláir réime agus scaipeadh an eolais san Aontas Eorpach a mhéadú. Tá saothrú trasteorann thorthaí T&N thar a bheith úsáideach freisin do thíortha agus do réigiúin ina bhfuil leibhéil ísle rannpháirtíochta faoi CR (féach Tuarascáil speisialta 15/2022), toisc go bhféadfadh siad teicneolaíochtaí úrscothacha a rochtain agus a úsáid.

58 Gan sineirgí iartheachtacha a shaothrú, is deis chaillte é torthaí T&N a aistriú go praiticiúil agus iad a chur i bhfeidhm chun dúshláin chríochacha a réiteach, agus ar an gcaoi sin tionchar chistiú an Aontais a áirithiú.

59 Dá bhrí sin rinneamar anailís féachaint:

  • ar chuir na húdaráis bhainistíochta bearta OP chun feidhme arb é is aidhm dóibh sineirgí iartheachtacha a chruthú;
  • ar chuir an Coimisiún cruthú sineirgí iartheachtacha chun cinn trí bhíthin a chláir oibre H2020 (lena n-áirítear glaonna ar thograí);
  • an raibh tairbhithe tionscadail H2020 ag súil le sineirgí iartheachtacha.

60 In ainneoin na béime atá ag an gCoimisiún ar shineirgí iartheachtacha, léirigh ár suirbhé ar údaráis bhainistíochta nach raibh ach 44 % de na freagróirí (7 as 15) ag súil le bearta a raibh sé mar aidhm leo iad a chruthú. Thairis sin, níor chuir ach 13 % (2 as 15) chun feidhme iad faoi dheireadh. Go deimhin, de na bearta uile lena dtugtar aghaidh ar shineirgí, is lú i bhfad a cuireadh chun feidhme iad siúd a thugann aghaidh ar shineirgí iartheachtacha.

61 Ba é a dhála céanna é ag na cúig OP ó na Ballstáit a ndearnamar sampláil orthu, ós rud é nár sheol ceachtar acu bearta chun aghaidh a thabhairt ar shineirgí iartheachtacha le H2020. Thairis sin, níor bhreithnigh aon cheann acu go bhféadfaí úsáid a bhaint as CSIEanna chun sineirgí iartheachtacha a chruthú le torthaí T&N a forbraíodh i mBallstáit eile nó i réigiúin eile faoi H2020.

62 Fuaireamar freisin gur áiríodh i gceithre cinn de na cúig OPanna a sampláladh tagairtí do sholáthar poiblí le haghaidh nuálaíochta, ar ionstraim í sin a d’fhéadfadh sineirgí iartheachtacha a chruthú. Sa chás sin, feidhmíonn an soláthróir mar chustaiméir céadtrialach le haghaidh réitigh nuálacha (táirgí nó seirbhísí) nach bhfuil ar fáil go fóill ar bhonn tráchtála ar mhórscála. Mar sin féin, as na ceithre OP, níl ach ceann amháin (an Pholainn) a rinne soláthar poiblí a chur chun feidhme go hiarbhír le haghaidh gníomhaíochtaí nuálaíochta, cé nach bhfuil tagairt shonrach ann d’úsáid thorthaí thionscadail H2020.

63 Fuaireamar amach gurbh easpa eolais agus faisnéise a bhí mar phríomhchúis nach raibh na húdaráis bhainistíochta ag saothrú sineirgí iartheachtacha, ós rud é:

  • nár thuig siad i gcónaí coincheap na sineirgí iartheachtacha agus na tairbhí gaolmhara;
  • nach raibh ach eolas teoranta acu faoi shineirgí a chruthú agus faoi thorthaí ábhartha H2020 a shainaithint. Thairis sin, in éagmais uirlis meaitseála (amhail bunachar sonraí idir-inoibritheach) idir H2020 agus CSIEanna, cuireadh bac ar shainaithint tionscadal a d’fhéadfadh a bheith ann chun sineirgí a chruthú. Thángthas ar chonclúidí comhchosúla sa tuarascáil maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghlao turgnamhach Interreg (féach mír 24);
  • gur mhinic nach raibh cur amach acu ar CORDIS, bunachar sonraí H2020 chun torthaí tionscadail H2020 a scaipeadh agus a úsáid.

64 Rinneamar anailís mianadóireachta téacs ar chláir oibre H2020 a bhaineann le gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh sineirgí iartheachtacha a chruthú. Roghnaíomar na cláir sin a foilsíodh ag deireadh H2020 (tréimhse 2018-2020). Fuaireamar go raibh tagairt amháin ar a laghad do shineirgí iartheachtacha le CSIEnna i ngach ceann acu.

65 De ghnáth, níor luadh na tagairtí sin ach amháin sa réamhrá, áfach, a chuireann faisnéis an-ghinearálta ar fáil d’iarratasóirí, agus ní sna glaonna aonair ar thograí tionscadail, a chuireann faisnéis níos mionsraithe ar fáil. Léirigh an anailís a rinneamar ar 632 ghlao ar thograí nach raibh tagairtí do shineirgí iartheachtacha ach in 2 % díobh.

66 Rinneamar anailís mianadóireachta téacs freisin ar 13 603 chomhaontú deontais ó ghníomhaíochta H2020 a shainaithníomar mar chomhaontú a d’fhéadfadh sineirgí iartheachtacha a bhaint amach. Sheas siad do 38 % de chomhaontuithe deontais uile H2020 agus 63 % de chistí uile H2020 a bhí geallta. Chomhlánaíomar an anailís seo le hathbhreithniú mionsonraithe ar shampla de 100 tionscadal. Fuaireamar nár smaoinigh ach 4.8 % de na 13 603 thionscadal sineirgí den sórt sin a chruthú (féach Fíor 6). Thairis sin, ní raibh ach 2.2 % ann a chuir tagairtí sonracha do S3anna ina dtograí.

Fíor 6 – Tionscadail H2020 ina mbeartaítear sineirgí iartheachtacha

Foinse: CIE.

67 Ina theannta sin, rinneamar anailís mhionsonraithe ar na tionscadail faoi ionstraim amháin H2020, “Cruthúnas Coincheapa na Comhairle Eorpaí um Thaighde (ERC)”. Tá a chuspóir thar a bheith oiriúnach chun sineirgí iartheachtacha a bhunú, ós rud é go bhfuil sé mar aidhm aige a fhiosrú cén fhéidearthacht don acmhainneacht nuálaíochta tráchtála agus sóisialta atá ag smaointe a éiríonn as deontais ERC. Fuaireamar nár measadh an fhéidearthacht sineirgí iartheachtacha a chruthú ach amháin in 0.5 % de thionscadail “Cruthúnas Coincheapa ERC”.

Tá féidearthachtaí ag baint leis an Séala Barr Feabhais, ach níor úsáideadh é ach ar bhonn teoranta

68 Is lipéad cáilíochta é SoE a bhronntar ar thograí tionscadail a cuireadh isteach le haghaidh CRanna T&N an Aontais Eorpaigh (féach mír 05). Seoladh faoi H2020 é, agus é mar aidhm leis cabhrú le sealbhóirí SoE cistí a fháil dá dtograí ó fhoinsí eile seachas H2020, lena n-áirítear CSIEnna. Is éard a bhí i gceist leis freisin ná deis a thabhairt do chomhlachtaí cistiúcháin eile leas a bhaint as próiseas meastóireachta tionscadail an Choimisiúin.

69 Sheol an Coimisiún SoE in 2015 do thionscadail a chuir fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) isteach faoi “Ionstraim FBM” H2020, ar a dtugtar “Luasaire na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí (EIC)”. Cuireadh i bhfeidhm ina dhiaidh sin é i gcás trí ionstraim H2020 eile, eadhon: “Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie”, clár H2020 um oideachas dochtúireachta agus oiliúint iardhochtúireachta; “Teacht le chéile i bhfoirne” (féach Tuarascáil speisialta 15/2022) agus na deontais do “chruthúnas coincheapa ERC” (féach mír 67).

70 Rinneamar measúnú féachaint an raibh dea-úsáid bainte ag na húdaráis bhainistíochta as an lipéad SoE agus an raibh tionscadail den sórt sin cistithe acu. Léirigh ár suirbhé ar údaráis bhainistíochta gurbh é cistiú malartach a chur ar fáil do thionscadail SoE an cineál sineirge is coitianta a bhí beartaithe faoi na OPanna a bhí acu siúd a thug freagra: mheas 63 % (10 as 16) de OPanna bearta den sórt sin, agus chuir 50 % (8 as 16) na bearta sin chun feidhme faoi dheireadh. Níl faisnéis iomlán ag an gCoimisiún maidir le líon na dtionscadal ar a bronnadh an SoE a bhí maoinithe ag na CSIEnna.

71 Mar sin féin, bunaithe ar ár n-anailís ar na OPanna sampláilte, fuaireamar amach go raibh éagsúlacht ag baint le leibhéal cur chun feidhme na mbeart a thacaíonn le tionscadail SoE:

  • bhí bearta chun cistiú malartach a chur ar fáil do thionscadail SoE faoin “Ionstraim FBM”/“an Luasaire EIC” i ngach ceann de na OPanna seachas ceann amháin (an Chróit). Mar a léirítear i dTábla 2, chuir trí OP (an Pholainn, an Phortaingéil agus an tSlóivéin) cistiú den sórt sin ar fáil ar deireadh, agus sheol ceann amháin (an Rómáin) glao, ach ní bhfuair sé ach líon beag tograí agus níor chistigh sé aon cheann díobh;
  • rinne dhá OP (an Pholainn agus an tSlóivéin) bearta a chur san áireamh agus a chur chun feidhme chun cistiú malartach a chur ar fáil do thionscadail “Marie Skłodowska-Curie” ar bronnadh SoE orthu;
  • ní raibh bearta a thacaíonn le tionscadail “Teacht le chéile i bhfoirne” nó “cruthúnas coincheapa ERC” a raibh an lipéad SoE faighte acu in aon cheann de na OPanna sampláilte. Tugaimid ar aire don “chruthúnas coincheapa ERC”, gur cuireadh tús leis an tionscnamh SoE in 2018 ach gur tháinig deireadh leis arís in 2019 mar gheall ar fhadhbanna a bhaineann leis na córais teicneolaíochta faisnéise. Dar leis an gCoimisiún, tá sé ceaptha é a athsheoladh in 2023.

Tábla 2 – Tionscadail “Ionstraim FBM”/“an Luasaire EIC” ar bronnadh lipéad SoE orthu, arna gcómhaoiniú ag CSIEnna (amhail an 30.6.2021)

Ballstát Líon na dtionscadal ar bronnadh SoE orthu Líon na dtionscadal SoE arna gcómhaoiniú ag CSIE % Cistiú arna leithdháileadh ar na tionscadail chómhaoinithe SoE (milliún euro)
An Chróit 9 0 0 % 0.0
An Pholainn 77 20 26 % 17.9
An Phortaingéil 108 35 32 % 27.8
An Rómáin 16 0 0 % 0.0
An tSlóivéin 54 15 28 % 15.7
Iomlán 264 70 26 % 61.4

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ón gCoimisiún Eorpach agus ó údaráis bhainistíochta.

72 Shainaithníomar dhá phríomhbhacainní riaracháin ar thacaíocht éifeachtach do thionscadail SoE faoi “Ionstraim FBM”/“an Luasaire EIC” le linn thréimhse 2014-2020: (i) rialacha éagsúla maidir le Státchabhair, agus (ii) údaráis bhainistíochta nach bhfuil ach faisnéis theoranta acu faoi thionscadail a fuair an lipéad SoE.

73 Fágadh neamhréireacht mhór idir déine cistiúcháin H2020 agus na CSIEanna mar gheall ar mhí-ailíniú na rialacha maidir le Státchabhair, agus bhí H2020 in ann rátaí deontais i bhfad níos airde a sholáthar do thairbhithe. Thug an Coimisiún freagra air sin agus, i mí Iúil 2021 (sé bliana tar éis sheoladh SoE), leasaigh sé an rialachán ábhartha maidir le Státchabhair (an Rialachán Blocdhíolúine Ginearálta) chun an tsaincheist sin a réiteach do FBManna. Faoi Fhís Eorpach, féadfaidh fiontair mheánchaipitlithe bheaga, i gcásanna eisceachtúla, a bheith ina sealbhóirí SoE freisin. Mairfidh an difríocht i ndéine an chistithe sna cásanna sin.

74 Sular ndéantar na deontais le haghaidh tionscadail a bhfuil lipéad SoE orthu a fhormheas, ní mór d’údaráis bhainistíochta na critéir seo a leanas a chomhlíonadh fós agus cinneadh á dhéanamh acu ar incháilitheacht tionscadail:

  • Comhlíonadh na rialacha maidir le Státchabhair: ní mór d’fhiontair thairbhíocha (i) a bheith ina FBM de réir shainmhíniú an Choimisiúin ar FBM, agus (ii) gan a bheith ina ngnóthas atá i gcruachás. Cuireann moltóir an tionscadail féindearbhú isteach, nach bhfuil fíoraithe ag an gCoimisiún le haghaidh tionscadail SoE;
  • Comhlíonadh an rialacháin beartais comhtháthaithe: ní mór don tionscadal molta a bheith i gcomhréir le tosaíochtaí S3 náisiúnta/réigiúnacha, clár CFRE a chomhlíonadh agus a bheith laistigh de raon feidhme CFRE19.

75 Le linn ár n-agallaimh, thug ceithre údarás bainistíochta as na cúig Bhallstát a sampláladh ar aire nach raibh sásra uathoibríoch fógartha ann chun faisnéis struchtúrtha agus chuimsitheach a sholáthar faoi na tionscadail náisiúnta/réigiúnacha ar bronnadh SoE orthu, lena n-áirítear sonraí teagmhála shealbhóir SoE.

76 I ndáiríre, níor sholáthair an Coimisiún ach faisnéis chomhiomlánaithe; soláthraíodh faisnéis mhionsonraithe nuair a iarradh é sin. Do thréimhse 2021-2027, tá sé i gceist ag an gCoimisiún an fhaisnéis faoi thionscadail ar bronnadh lipéad SoE orthu a chur ar fáil ar bhealach níos éasca.

77 Is sampla í an Phortaingéil de na buntáistí a bhaineann le córas a chur i bhfeidhm chun an sreabhadh faisnéise sin a áirithiú. Chistigh an Phortaingéil an sciar is airde de thionscadail SoE (32 %), a bhuí go háirithe le socrú éifeachtúil chun an fhaisnéis sin a fháil, a phróiseáil agus a tharchur (féach Bosca 4) agus a bhuí le glaonna sonracha a bhí dírithe ar na tionscadail sin. Ní bhfuaireamar aon socruithe den chineál céanna sna tíortha eile a ndearnamar sampláil orthu.

Bosca 4

Sampla d’údaráis náisiúnta réamhghníomhacha

Tá tionscadail SoE cistithe ag an bPortaingéil ó 2018 i leith trí bheart atá ann cheana a úsáid ina OPanna éagsúla. Tar éis anailís inmheánach a dhéanamh, mheas údaráis na Portaingéile go raibh meastóireacht an Choimisiúin bailí, agus dá bhrí sin ní raibh gá le meastóireachtaí teicniúla breise ar an leibhéal náisiúnta.

D’iarr an ghníomhaireacht náisiúnta nuálaíochta (Agência National de Inovação) faisnéis go córasach ar an gCoimisiún faoi thionscadail na Portaingéile ar bronnadh SoE orthu. Bhí an fíoras go raibh an Ghníomhaireacht mar chuid de “phobal cleachtais an tSéala Barr Feabhais” (féach Bosca 1), agus go raibh NCP do FBManna mar chuid den Ghníomhaireacht, ina éascú don phróiseas sin.

Chuir an ghníomhaireacht an fhaisnéis ar aghaidh chuig an údarás bainistíochta don OP náisiúnta, a chuir na húdaráis bhainistíochta do na OPanna réigiúnacha ar an eolas. Mhol sí glaonna ar thionscadail a eagrú, agus d’iarr sí ar gach údarás réigiúnach faisnéis a chur ar fáil maidir leis an mbuiséad a chuirfeadh siad ar fáil don ghlao. Chomh maith leis sin, rinne an Ghníomhaireacht cuardach, sainaithint agus teagmháil le sealbhóirí SoE chun iad a chur ar an eolas faoi na glaonna a bhí á seoladh.

Conclúidí agus moltaí

78 Is í an chonclúid fhoriomlán atá againn ná go raibh cur chun feidhme sineirgí idir Fís 2020 agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochtaí na hEorpa (CSIEnna) éagsúil idir na cineálacha éagsúla sineirgí: mar shampla, cé gur cuireadh chun feidhme bearta a bhí beartaithe chun sineirgí réamhtheachtacha a chruthú, is ar éigean a cuireadh chun feidhme bearta chun sineirgí iartheachtacha a chruthú. Tá roinnt cúiseanna leis sin: an easpa ailínithe idir rialacha agus rialacháin, comhar teoranta idir geallsealbhóirí taighde agus nuálaíochta an dá chlár, agus toisc gur chuir an easpa idir-inoibritheachta idir a mbunachair sonraí teorainn leis an scóip atá ag an gCoimisiún agus ag na húdaráis náisiúnta/réigiúnacha chun sineirgí a chruthú. Chomh maith leis sin, ní raibh aon chóras ann chun faireachán a dhéanamh ar shinéirgí, rud a chiallaíonn nach raibh an Coimisiún in ann samplaí de dhea-chleachtas a shainaithint agus a chur chun cinn go córasach.

79 Shainaithníomar roinnt tosca atá ríthábhachtach chun sineirgí a chruthú idir Fís 2020 agus na CSIEanna. Baineann an chéad cheann le rialacha agus rialacháin. Ní raibh siad sin ailínithe go maith le linn thréimhse 2014-2020, ach d’fhreagair an Coimisiún do na heasnaimh sin agus rinne sé athruithe a ngabhfadh éifeacht leo le linn thréimhse 2021-2027. Ní fios go fóill cén toradh go praiticiúil a bheidh ag na hathruithe a tugadh isteach do thréimhse 2021-2027 (féach míreanna 15-17).

80 Ní raibh an comhar laistigh den Choimisiún agus leis na Ballstáit, agus ar leibhéal na mBallstát — an dara toisc bhunriachtanach — i bhfeidhm ach go páirteach. Fuaireamar gur chomhoibrigh príomh-Ard-Stiúrthóireachtaí an Choimisiúin go maith le linn ullmhú chreat rialála 2021-2027. Mar sin féin, níor eagraigh an Coimisiún idirphlé rialta agus struchtúrtha lena dtugtar le chéile AS REGIO, AS RTD agus na geallsealbhóirí a bhí freagrach as na cláir a cheapadh agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta. Ar leibhéal na mBallstát, cuireadh cur chuige “aonarach” i bhfeidhm freisin, rud a chiallaíonn nach raibh na húdaráis bhainistíochta (CSIEanna) ná na pointí teagmhála náisiúnta (H2020) ag teacht le chéile go córasach chun sineirgí a chruthú (féach míreanna 18-24).

Moladh 1 – Comhar a fheabhsú idir comhlachtaí a bhfuil baint acu le bainistiú CSIE agus na gcreatchlár

Chun comhordú agus malartú faisnéise a fheabhsú, ba cheart don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

  1. idirphlé struchtúrtha rialta a chur ar bun lena dtabharfar le chéile na comhlachtaí ábhartha ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit ar leibhéal an bheartais (beartas taighde agus beartas comhtháthaithe) agus ar leibhéal an chur chun feidhme (Fís Eorpach agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa);
  2. oibriú leis na Ballstáit chun comhar den sórt sin a chothú ar an leibhéal náisiúnta/réigiúnach.

Spriocdháta cur chun feidhme: deireadh 2023.

81 Baineann an tríú toisc le hinfhaighteacht agus faireachán sonraí. D’fhonn a bheith in ann sineirgí a chruthú idir tionscadail nó idir pobail taighde éagsúla (iad siúd atá cómhaoinithe ag CSIEanna agus iad siúd a chistítear le Fís 2020), tá sé ríthábhachtach go mbeadh faisnéis ann ní hamháin faoi thionscadail ach freisin faoi thairbhithe (féach míreanna 25-26).

82 I gcás na CSIEnna, áfach, ní raibh aon bhunachar sonraí comhtháite ann chun na tionscadail chómhaoinithe uile ar fud an Aontais a bhailiú le chéile. Tháinig bunachar sonraí comhtháite den sórt sin i bhfeidhm i mí an Mhárta 2022 tar éis dúinn ár n-obair iniúchóireachta a thabhairt chun críche. Mar sin féin, níl na bunachair sonraí don chlár réime nua agus na CSIEnna idir-inoibritheach go hiomlán fós (féach míreanna 27-29).

83 Fuaireamar nach bhfuil faireachán córasach á dhéanamh ag an gCoimisiún ar shineirgí. Mar thoradh air sin, ní raibh an Coimisiún in ann samplaí den dea-chleachtas a shainaithint go córasach agus iad a chur chun cinn i láthair údaráis na mBallstát. Shainaithníomar roinnt bealaí a d’fhéadfadh a bheith rathúil chun tacú leis an ngníomhaíocht faireacháin sin, ach níl siad in úsáid ag an gCoimisiún faoi láthair: (i) uirlis mianadóireachta téacs de chuid an Choimisiúin a d’fhéadfadh sineirgí réamhtheachtacha a shainaithint; (ii) obair leantach a dhéanamh ar thionscadail Fhís 2020 chun sineirgí iartheachtacha a shainaithint, nó (iii) faisnéis atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta maidir le tionscadail atá lipéadaithe leis an Séala Barr Feabhais arna gcómhaoiniú ag CSIEanna nach ndéantar iad a bhailiú ná a thuairisciú go córasach don Choimisiún (féach míreanna 30-31).

Moladh 2 – Leas a bhaint as an bhféidearthacht sonraí a úsáid chun sineirgí a chothú

Chun feabhas a chur ar infhaighteacht sonraí tionscadail agus ar an gcaoi sin cruthú agus faireachán sineirgí a éascú, ba cheart don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

  1. úsáid a bhaint as na bunachair sonraí don chlár réime agus as na cistí lena gcuirtear an beartas comhtháthaithe chun feidhme (an beartas a thiocfaidh i gcomharbas ar CSIEnna) chun réimsí beartais nó téamacha a mhapáil chun meaitseáil níos éasca a dhéanamh idir tionscadail agus tairbhithe;
  2. uirlisí atá ann cheana a úsáid (amhail CORTEX nó “pobal cleachtais an tSéala Barr Feabhais”) chun faireachán a dhéanamh ar shineirgí atá ann cheana agus chun samplaí den dea-chleachtas a shainaithint agus a chur chun cinn.

Spriocdháta cur chun feidhme: deireadh 2024.

84 Is é an ceathrú toisc ná saineolas agus inniúlachtaí bainistíochta na ngeallsealbhóirí náisiúnta. Chuir an Coimisiún roinnt bearta tacaíochta ar fáil do na Ballstáit chun acmhainneacht na ngeallsealbhóirí náisiúnta a fheabhsú. Is é an tionscadal an Staighre i dtreo Barr Feabhais, a bhí á bhainistiú ag an gCoimisiún ach á chistiú ag Parlaimint na hEorpa, an tacaíocht is déine a tugadh. Ba é sin an beart tacaíochta is mó a raibh meas ag na geallsealbhóirí air sna cúig Bhallstát a sampláladh. Ní leanfar den bheart sin i dtréimhse 2021-2027 (féach míreanna 33-36).

85 Cé gur chuir údaráis bhainistíochta in iúl go soiléir go bhfuil gá le tuilleadh forbartha acmhainneachta, ní raibh ach baint theoranta acu leis na himeachtaí fógraíochta agus oiliúna a bhí eagraithe ag an gCoimisiún. Thairis sin, níor chuir siad féin coincheap na sineirgí chun cinn go gníomhach (féach míreanna 37-39).

86 Chun go dtiocfaidh sineirgí i gcrích ar bhealach córasach, ní mór iad a chur san áireamh sa phleanáil straitéiseach ó chéim luath. Ba mhinic na tosaíochtaí a leagadh síos sna straitéisí um speisialtóireacht chliste a bheith sách leathan, rud a chuir teorainn leis an bhféidearthacht go mbeidís ag díriú isteach ar infheistíochtaí. Ina theannta sin, i gcásanna áirithe ní raibh aon nasc ann le tosaíochtaí H2020 ná le comhpháirtíochtaí Eorpacha. Fuaireamar gur léiríodh sna cláir oibríochtúla ábhartha na bearta chun sineirgí a chruthú a bhí beartaithe sna straitéisí um speisialtóireacht chliste, ach nár cuireadh na bearta gaolmhara chun feidhme ach go pointe áirithe (féach míreanna 43-49).

87 Bhí éagsúlacht ann maidir le sineirgí a chur chun feidhme, ag brath ar chineál na sineirge. Cé gur cuireadh sineirgí réamhtheachtacha chun feidhme go ginearálta, is lú i bhfad a tharla sé sin i gcás sineirgí iartheachtacha. Ba iad na príomhchúiseanna a bhí le cur chun feidhme teoranta sineirgí iartheachtacha ag na húdaráis bhainistíochta ná easpa eolais faoin gcoincheap féin, faoin gcaoi le bearta den sórt sin a chur chun feidhme, nó faoin gcaoi le teacht ar thorthaí tionscadail Fhís 2020 (féach míreanna 55-61 agus 63).

88 Thairis sin, ní dhearna ach ceann amháin de na cúig chlár oibríochtúla a ndearnamar sampláil orthu soláthar poiblí le haghaidh nuálaíochta a chur chun feidhme, ar ionstraim í sin a d’fhéadfadh sineirgí iartheachtacha a chruthú, cé go raibh sé beartaithe ag ceithre cinn acu é a chur chun feidhme (féach mír 62).

89 Cé go raibh tagairt ghinearálta do shineirgí iartheachtacha i gcláir oibre Fhís 2020 an Choimisiúin, is annamh a cuireadh na tagairtí sin sna glaonna sonracha ar thograí faoi Fhís 2020. Ar an gcaoi chéanna, ní raibh ach líon beag de thionscadail Fhís 2020 ann a shamhlaigh go bhféadfaí sineirgí iartheachtacha a chruthú le CSIEanna (féach míreanna 64-67).

Moladh 3 – Úsáid sineirgí iartheachtacha a mhéadú

Chun úsáid sineirgí iartheachtacha a mhéadú, ba cheart don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

  1. tacú le húdaráis bhainistíochta gníomhaíochtaí a cheapadh agus a chur chun feidhme chun sineirgí iartheachtacha a chruthú le tionscadail faoi Fhís 2020 agus faoi Fhís Eorpach;
  2. soláthar poiblí le haghaidh nuálaíochta bunaithe ar thorthaí tionscadal taighde arna gcistiú ag an gclár réime a chur chun cinn i measc údaráis náisiúnta agus réigiúnacha (údaráis bhainistíochta agus eile);
  3. acmhainneacht Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa maidir le himscaradh agus tráchtálú a dtorthaí tionscadail a chur chun cinn i measc thairbhithe Fhís Eorpach i gcomhréir le straitéisí um speisialtóireacht chliste nuair is iomchuí.

Spriocdháta cur chun feidhme: deireadh 2024.

90 Fuaireamar do na cúig OP a ndearnadh sampláil orthu go raibh cur chun feidhme na scéimeanna a thacaíonn le tionscadail ar bronnadh lipéad an tSéala Barr Feabhais orthu teoranta. Ba é ba chúis leis sin, i bpáirt, ná nár cuireadh scéimeanna a thacaíonn le tionscadail an tSéala Barr Feabhais san áireamh i gcláir oibríochtúla i gcónaí, agus toisc nach ndearnadh na rialacha maidir le Státchabhair a ailíniú. Chomh maith leis sin, ní raibh faisnéis struchtúrtha agus chuimsitheach maidir leis na tionscadail ar a bronnadh an Séala Barr Feabhais curtha ar fáil go córasach d’údaráis bhainistíochta. Níl faisnéis iomlán ag an gCoimisiún maidir le líon na dtionscadal ar a bronnadh an SoE a mhaoinigh CSIEnna (féach míreanna 68-77).

Moladh 4 – Feabhas a chur ar an sreabhadh faisnéise faoi thionscadail a bhfuil an Séala Barr Feabhais faighte acu

Ba cheart don Choimisiún sonraí a sholáthar go rialta do gach údarás bainistíochta maidir le tograí tionscadail a bhfuil an Séala Barr Feabhais faighte acu ina mBallstát nó ina réigiún.

Spriocdháta cur chun feidhme: deireadh 2023.

Is é Seomra IV, faoi cheannas Mihails Kozlovs (Comhalta den Chúirt Iniúchóirí), a ghlac an Tuarascáil seo i Lucsamburg ag an gcruinniú a bhí aige an 11 Deireadh Fómhair 2022.

 

Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Tony Murphy
Uachtarán

Iarscríbhinní

Iarscríbhinn I – Difríochtaí idir H2020 agus cistí lena gcuirtear an beartas comhtháthaithe chun feidhme

Critéir H2020 Cistí lena gcuirtear an beartas comhtháthaithe chun feidhme (EARDF agus CFRE)
Fócas Sármhaitheas T&N Ábharthacht réigiúnach agus claochlú eacnamaíoch, bunaithe ar S3 a d’fhorbair údaráis náisiúnta/réigiúnacha.
Bainistíocht Bainistíocht láraithe — trí ghlao bliantúil ón gCoimisiún Bainistiú comhroinnte

Sna cláir oibríochtúla, leag na Ballstáit amach conas is gá airgead ó CSIEnna a chaitheamh le linn na clárthréimhse. Is féidir OPnna a tharraingt suas do réigiún sonrach nó do sprioc théamach ar fud na tíre. I gcás gach OP, ainmníonn an Ballstát údarás bainistíochta atá freagrach as bainistiú agus cur chun feidhme.
Leithdháileadh na gcistí Iomaíocht ardcháilíochta le haghaidh cistí Tacaíocht a dhíriú ar na háiteanna is mó a bhfuil gá leo: braitheann an leithdháileadh airgeadais in aghaidh an Bhallstáit ar sheasamh gach réigiúin i gcomparáid le meán-OTI an Aontais per capita, i.e. faigheann réigiúin bheagfhorbartha níos mó cistí ná mar a fhaigheann na réigiúin eile. A luaithe a bheidh cistí leithdháilte ar na réigiúin, ar a gcláir oibríochtúla agus ar a dtosaíochtaí, ní mór do na tionscadail a chuirtear isteach critéir incháilitheachta a chomhlíonadh, lena n-áirítear cáilíocht an tionscadail.
Cineál na dtionscadal agus na dtairbhithe Tionscadail agus cuibhreannais thrasnáisiúnta den chuid is mó Tairbhithe nó geallsealbhóirí aonair den chuid is mó sa tír/réigiún céanna (eisceacht: tionscadail faoi OPnna trasteorann nó idir-réigiúnacha, arna dtarraingt suas le haghaidh sprioc an Chomhair Chríochaigh Eorpaigh).

Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis ón gCoimisiúin.

Iarscríbhinn II – Staitisticí

Fíor 7 – Dáileadh H2020 agus CSIEanna atá geallta do T&N (2014-2020) de réir an Bhallstáit i dtéarmaí % (amhail an 31.12.2021)

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí an Choimisiúin.

Fíor 8 – Cistí H2020 agus cistí CSIE a gealladh (amhail ón 31.12.2021)

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí an Choimisiúin.

Iarscríbhinn III – Modheolaíocht

Bhí ár n-iniúchadh bunaithe ar an modheolaíocht seo a leanas:

  1. Athbhreithniú deisce ar dhoiciméid phoiblí agus ar dhoiciméid inmheánacha an Choimisiúin amhail téacsanna dlí, treoirlínte agus meastóireachtaí;
  2. Anailís staidrimh ar shonraí ó réimse foinsí: CORDA, deais H2020, Eurostat agus sonraí faoi thionscadail arna gcómhaoiniú ag CSIEanna;
  3. Anailís mianadóireachta téacs, arb é atá inti:

    1. Sainaithint na bparaiméadar (focail agus nathanna) atá le húsáid san anailís ar mhianadóireacht téacs, amhail straitéis um speisialtóireacht chliste; CSIE nó Interreg;
    2. Anailís ar chláir oibre H2020 is déanaí (2018-2020) trí úsáid a bhaint as na focail agus na nathanna a léirítear in (i);
    3. Anailís mhionsonraithe ar shampla de chláir oibre H2020 a roghnaíodh go randamach (11 chlár oibre) chun tagairtí sonracha do shineirgí sna hamais a fuarthas faoi (ii) a shainaithint.
  4. Anailís mianadóireachta téacs ar chomhaontuithe deontais H2020, ina bhfuil:

    1. Sainaithint thionscadail H2020 a d’fhéadfadh sineirgí iartheachtacha a chruthú, i.e. tionscadail a thagann faoi Chruthúnas Coincheapa na Comhairle Eorpaí um Thaighde, colún 2 H2020 agus colún 3 H2020 (gan gníomhaíochtaí tacaíochta comhchoiteanna a áireamh). Ba é an toradh a bhí air sin ná 13 603 chomhaontú deontais a sheasann do 38 % de thionscadail uile H2020 agus a sheasann do 63 % de chistí uile H2020.
    2. Sainaithint, i gcomhar le daoine ó fhoireann an Choimisiúin, paraiméadar (focail agus nathanna) atá le húsáid san anailís mianadóireachta téacs, amhail beartas comhtháthaithe; straitéis um speisialtóireacht chliste; clár oibríochtúil; CSIEnna; údarás bainistíochta etc.;
    3. Anailís mianadóireachta téacs CORTEX (uirlis mianadóireachta téacs an Choimisiúin Eorpaigh) ar chomhaontuithe deontais H2020 a fuarthas faoi (i) trí úsáid a bhaint as na focail agus na nathanna a léirítear faoi (ii) chun tionscadail a shainaithint ina raibh tagairtí do CSIEanna.
    4. Anailís mhionsonraithe bunaithe ar shampla ionadaíoch den phobal a roghnaíodh go randamach (100 tionscadal) a sainaithníodh mar thoradh ar chéim (iii), chun idirdhealú a dhéanamh idir na tionscadail atá ag lorg sineirgí iartheachtacha agus na tionscadail a raibh tagairtí eile iontu do CSIEanna (e.g. taithí roimh ré na rannpháirtithe ar thionscadail a dtacaíonn CSIEnna leo);
    5. Anailís mhionsonraithe ar na tionscadail faoi “chruthúnas coincheapa ERC” (16 thionscadal) a sainaithníodh i gcéim (iii) chun idirdhealú a dhéanamh idir na tionscadail atá ag lorg sineirgí iartheachtacha agus na tionscadail sin a raibh tagairtí eile iontu do CSIEnna (e.g. taithí roimh ré na rannpháirtithe ar thionscadail a dtacaíonn CSIEnna leo).
  5. Suirbhéanna ar líne chun tuairimí a bhailiú ó gheallsealbhóirí náisiúnta, arna seoladh chuig:

    • 27 n-údarás bainistíochta (ceann amháin in aghaidh an Bhallstáit) a bhainistíonn OPnna a bhfuil na hinfheistíochtaí is mó acu in T&N in aghaidh an Bhallstáit, le ráta freagartha 64 %. Sheas na cláir oibríochtúla do thart ar 63 % de chaiteachas iomlán T&N an Aontais a gealladh faoi CFRE (tréimhse 2014-2020);
    • 78 NCP, sampla ionadaíoch de NCPanna arna roghnú go randamach, le ráta freagartha 67 %;
  6. Ceistneoirí agus agallaimh leis an gCoimisiún Eorpach;
  7. Ceistneoirí agus agallaimh le saineolaithe sa réimse;
  8. Ceistneoirí agus físchomhdhálacha seiceála fíoras le húdaráis bhainistíochta agus le NCPanna, chomh maith le hanailís ar shampla de S3 agus OPanna gaolmhara ó chúig Bhallstát (an Chróit, an Phortaingéil, an Pholainn, an Rómáin agus an tSlóivéin). Roghnaíomar na tíortha sin bunaithe ar a bhfeidhmíocht T&N, infhaighteacht CSIEnna do T&N, agus rannpháirtíocht in H2020.

Tábla 3 – Samplaí OPanna

Ballstát Clár Oibríochtúil Méid CFRE don T&N atá beartaithe (milliún euro) Gealltanais CFRE do T&N ag deireadh 2021 (milliún euro)
An Chróit 2014HR16M1OP001 760 984
An Pholainn 2014PL16RFOP001 7 476 11 545
An Phortaingéil 2014PT16M3OP001 1 512 3 475
An Rómáin 2014RO16RFOP001 780 1 011
An tSlóivéin 2014SI16MAOP001 500 843
  Iomlán 11 027 17 858

Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí an Choimisiúin.

Is ionann na OPnna a roghnaíodh agus 34 % d’infheistíochtaí CFRE in T&N (2014-2020). Is iad seo a leanas na cóid idirghabhála ábhartha, mar atá léirithe ag DG REGIO:

  • 002-An próiseas taighde agus nuálaíochta i bhfiontair mhóra;
  • 056-Infheistíocht in FBManna a bhfuil nasc díreach acu le gníomhaíochtaí T&N;
  • 057-Infheistíocht i gcuideachtaí móra atá nasctha le gníomhaíochtaí T&N;
  • 058-Bonneagar taighde agus nuálaíochta (poiblí);
  • 059-Bonneagar T&N (príobháideach);
  • 060-Gníomhaíochtaí T&N in ionaid taighde phoiblí;
  • 061-Gníomhaíochtaí T&N in ionaid taighde phríobháideacha;
  • 062-An t-aistriú teicneolaíochta agus comhar idir ollscoileanna agus FBManna;
  • 063-Braisle na ngréasán tacaíochta agus gnó;
  • 064-Próisis T&N in FBManna;
  • 065-Próisis T&N, aistriú teicneolaíochta agus comhar.

Iarscríbhinn IV – Sineirgí i rialacháin AE: 2014-2020 i gcomparáid le 2021-2027

Tábla 4 – Sásraí sineirge i Rialachán na bhForálacha Coiteanna, 2014-2020 agus 2021-2027

Sásraí sineirge Rialachán na bhForálacha Coiteanna 2014-2020 Rialachán na bhForálacha Coiteanna CAI 2021-2027
[ginearálta] Ábhar an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta (PA):

Ní mór socruithe a bheith in PA chun cur chun feidhme éifeachtach CSIEanna a áirithiú. Ní mór do na socruithe sin comhordú a áirithiú idir CSIEnna agus ionstraimí cistiúcháin eile AE agus ionstraimí cistiúcháin náisiúnta eile, agus le BEI. (Airteagal 15(1)b(i))

Incháilitheacht:

Féadfaidh oibríocht tacaíocht a fháil ó cheann amháin nó níos mó de na CSIEnna/cláir agus ó ionstraimí eile AE, ar choinníoll nach bhfaigheann an caiteachas tacaíocht ó chlár/Ciste/ionstraim AE eile. (CPR Airteagal 65(11))

Is féidir samhlacha costais (scálaí costas aonaid, cnapshuimeanna agus cothromrátaí) a ailíniú le haghaidh costais chomhfhreagracha agus cineálacha comhchosúla oibríochtaí agus tairbhithe faoi H2020 agus cláir eile AE (Airteagal 67(5) b agus 68(1)c).
Infheistíochtaí as buiséad AE

Chun barrfheabhas a chur ar an mbreisluach ó infheistíochtaí a chistítear trí bhuiséad an Aontais, ba cheart sineirgí a lorg idir Cistí AE agus ionstraimí ábhartha eile, [...]. Ba cheart na sineirgí sin a bhaint amach trí phríomhshásraí soláimhsithe (e.g. cothromrátaí le haghaidh costais incháilithe ón gclár Fís Eorpach a aithint agus cistiú comhcheangailte ó ionstraimí éagsúla de chuid an Aontais san oibríocht chéanna má sheachnaítear cistiú). Ní mór rialacha a leagan amach sa Rialachán seo maidir le cistiú comhlántach ó Chistí AE (Aithris 49).
Séala Barr Feabhais   Ba cheart barrfheabhas a chur ar na sineirgí idir Cistí AE agus ionstraimí a bhainistítear go díreach. Ba cheart soláthar tacaíochta d’oibríochtaí a fuair SoE/atá comhchistithe cheana féin ag Fís Eorpach a éascú le ranníocaíocht ó Chistí AE. Níor cheart measúnú a dhéanamh arís ar choinníollacha a ndearnadh measúnú orthu cheana ar leibhéal an Aontais má chomhlíonann na hoibríochtaí na ceanglais a leagtar síos i Rialachán na bhForálacha Coiteanna (Aithris 61).

Ciallaíonn SoE ‘an lipéad cáilíochta arna shannadh ag an gCoimisiún i dtaca le togra, lena léirítear maidir leis na tograí a ndearnadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoi ionstraim de chuid an Aontais agus a meastar go gcomhlíonann siad íoscheanglais cháilíochta na hionstraime sin de chuid an Aontais ach nach bhféadfaí iad a mhaoiniú de bharr easpa buiséid a bheith ar fáil don ghlao sin ar thograí, agus go bhféadfadh sé go bhfaigheadh na tograí sin tacaíocht ó fhoinsí eile cistiúcháin de chuid an Aontais nó ó fhoinsí eile cistiúcháin náisiúnta’ (Airteagal 2(45)).

Maidir le hoibríochtaí ar sannadh SoE dóibh, nó oibríochtaí a roghnaítear faoi chlár arna chomhchistiú ag Fís Eorpach, féadfaidh an t-údarás bainistíochta:

  • cinneadh a dhéanamh tacaíocht ó CFRE nó ó CSE+ a dheonú go díreach, má chomhlíonann na hoibríochtaí sin na ceanglais a leagtar amach i Rialachán CPR;
  • uasmhéideanna agus modhanna ríofa na gcostas incháilithe arna mbunú faoin ionstraim ábhartha de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm maidir leis na hoibríochtaí sin (Airteagal 73(4) CPR).
Aistrithe   Ba cheart solúbthacht leordhóthanach a bheith ag Ballstáit maidir lena leithdháiltí bainistíochta comhroinnte a chur chun feidhme; ba cheart é a bheith indéanta leibhéil áirithe cistithe a aistriú idir na Cistí agus idir bainistiú comhroinnte agus ionstraimí faoi bhainistiú díreach agus indíreach (Aithris 19).

Aistriú acmhainní (CPR, Airteagal 26 (1)-(9))

  • Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh go n-aistreofar suas le 5 % den leithdháileadh náisiúnta tosaigh de gach Ciste chuig aon ionstraim eile faoi bhainistiú díreach nó indíreach.

    Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh freisin in PA nó san iarraidh ar chlár a leasú go n-aistreofaí suas le 5 % den leithdháileadh náisiúnta tosaigh ó gach Ciste chuig Ciste nó Cistí eile.

    Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh freisin go n-aistreofar suas le 20 % den leithdháileadh náisiúnta tosaigh de réir an Chiste idir CFRE, CSE+ nó an Ciste Comhtháthaithe laistigh d’acmhainní foriomlána an Bhallstáit faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh Post agus Fáis. Féadfaidh na Ballstáit ar lú ná 3 % a meánráta iomlán dífhostaíochta do thréimhse 2017-2019 aistriú breise suas le 25 % a iarraidh.
  • Tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún agóid in aghaidh iarraidh ar aistriú sa leasú gaolmhar ar chlár: (i) má cheapann sé go mbainfeadh aistriú den sórt sin an bonn ó ghnóthú chuspóirí an chláir óna bhfuil na hacmhainní le haistriú; agus (ii) mura bhfuil údar leormhaith tugtha ag an mBallstát don aistriú.
  • I gcás nach bhfuil gealltanas dlíthiúil tugtha ag an gCoimisiún faoi bhainistiú díreach nó indíreach, is féidir na hacmhainní comhfhreagracha nár gealladh a aistriú ar ais chuig an gCiste ónar aistríodh ar dtús iad agus a leithdháileadh ar chlár amháin nó níos mó.
Cistiú carnach   Féadfaidh oibríocht tacaíocht a fháil ó Chiste/clár/ionstraim AE amháin nó níos mó. I gcásanna den sórt sin, ní dhéanfar caiteachas arna dhearbhú in iarratas ar íocaíocht do cheann de na Cistí a dhearbhú maidir leis na nithe seo a leanas:

  1. tacaíocht ó Chiste nó ó ionstraim AE eile;
  2. tacaíocht ón gCiste céanna faoi chlár eile.
(Airteagal 63(9)).
Cistiú comhcheangailte / Comhpháirtíochtaí   Údaráis na gClár — comhlacht idirmheánach

I gcás ina gcuirtear tacaíocht ó CFRE nó ó CSE+ ar fáil do chlár arna chomhchistiú ag Fís Eorpach, ba cheart d’údarás bainistíochta an chláir ábhartha an comhlacht idirmheánach a shainaithint (an comhlacht a chuireann an clár chun feidhme atá cómhaoinithe ag Fís Eorpach) (Airteagal 71(5)).

Roghnú oibríochtaí ag an údarás bainistíochta

Maidir le hoibríochtaí ar sannadh SoE dóibh nó oibríochtaí a roghnaítear faoi chlár arna chomhchistiú ag Fís Eorpach, féadfaidh an t-údarás bainistíochta a chinneadh tacaíocht a dheonú go díreach ó CFRE nó ó CSE+, má chomhlíonann na hoibríochtaí sin na ceanglais a leagtar amach i Rialachán CPR.

Féadfaidh údaráis bhainistíochta uasmhéideanna agus modhanna ríofa na gcostas incháilithe arna mbunú faoin ionstraim ábhartha den Aontas a chur i bhfeidhm maidir leis na hoibríochtaí sin.

Foinse: CIE.

Tábla 5 – Sásraí sineirgíochta sna Cláir Réime: tréimhsí 2014-2020 agus 2021-2027

Sásraí sineirge Rialachán H2020 2014-2020 An Rialachán maidir le Fís Eorpach 2021-2027
Sineirgí le cláir eile Ní mór sineirgí a fhorbairt agus a mhéadú idir H2020 agus cláir eile de chuid an Aontais agus an beartas comhtháthaithe. D’fhéadfadh sé sin a bheith i bhfoirm comhpháirtíochtaí poiblí le cláir réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta a thacaíonn le T&N (Aithrisí 18, 32, 33, 39, 41).

Sineirgí le CSIEnna

Rannchuideoidh H2020 leis an deighilt T&N laistigh den Aontas Eorpach a dhúnadh, trí shineirgí le CSIEnna a chur chun cinn. I gcás inar féidir, ba cheart cistiú carnach a úsáid (Airteagal 21).
Caithfear tuilleadh sineirgí nithiúla a fhorbairt idir ionstraimí cistiúcháin éagsúla de chuid an Aontais (Aithris 33).

Ba cheart d’Fhís Eorpach sineirgí a lorg le cláir eile de chuid an Aontais, óna ndearadh agus pleanáil straitéiseach, go roghnú tionscadal, bainistiú, cumarsáid, craobhscaoileadh agus saothrú torthaí, faireachán, iniúchóireacht agus rialachas. Le sineirgí, ba cheart go mbeifí in ann rialacha a chomhchuibhiú, lena n-áirítear rialacha incháilitheachta costais, a mhéid is féidir. Ba cheart sineirgí a chur chun cinn go háirithe, trí chistiú malartach, comhcheangailte agus carnach, mar aon le haistrithe acmhainní (Aithris 34).
Ginearálta   Pleanáil straitéiseach agus cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

Ba cheart an phleanáil straitéiseach a ailíniú le cláir ábhartha eile de chuid an Aontais, agus comhsheasmhacht le tosaíochtaí agus gealltanais an Aontais a áirithiú, chomh maith le comhlántacht agus sineirgí le cláir agus tosaíochta cistiúcháin náisiúnta agus réigiúnacha a mhéadú, agus ar an gcaoi sin an Limistéar Eorpach Taighde (LET) a neartú (Airteagal 6).

Prionsabail an Chláir Fís Eorpach

Ba cheart an clár Fís Eorpach a chur chun feidhme i sineirge le cláir eile de chuid an Aontais agus, ag an am céanna, díriú ar shimpliú riaracháin uasta (Airteagal 7(7)).

Misin

Ba cheart do mhisin tairbhe a bhaint as sineirgí le cláir eile an Aontais ar bhealach trédhearcach agus le héiceachórais nuálaíochta náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, le héiceachórais nuálaíochta réigiúnacha (Airteagal 8(4)).

Cistiú malartach, comhcheangailte agus carnach agus aistrithe acmhainní

Cuirfear Fís Eorpach chun feidhme i sineirge le cláir eile an Aontais, i gcomhréir leis an bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 7(7) (Airteagal 15(1)).
Gníomhaíochtaí Cuspóirí agus gníomhaíochtaí

Cuid I go Cuid III: Cuspóirí sonracha

Rannpháirtíocht a fhairsingiú: Ba cheart go gcuideodh na gníomhaíochtaí leis an deighilt T&N san Eoraip a dhúnadh trí shineirgí a chur chun cinn le CSIEnna agus trí bhearta sonracha chun barr feabhais a fhuascailt i réigiúin ísealfheidhmíochta TFN, rud a mhéadóidh rannpháirtíocht in H2020 agus a chuirfidh le cur chun feidhme LET.

Ceannaireacht thionsclaíoch: an struchtúr cur chun feidhme do Fhís 2020 lena dtacaítear le Príomhtheicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn (KETnna) agus le gníomhaíochtaí trasearnála KET, ba cheart dó sineirgí agus comhordú éifeachtach le gnéithe ar nós dúshláin shochaíocha a áirithiú. Ina theannta sin, lorgófar sineirgí, i gcás inarb iomchuí, idir gníomhaíochtaí KET agus na gníomhaíochtaí faoin mbeartas comhtháthaithe do 2014-2020

Cuid IV — Cuspóir sonrach: Barr Feabhais a Leathnú agus Rannpháirtíocht a Fhairsingiú (SEWP)
IARSCRÍBHINN I — Línte ginearálta gníomhaíochtaí

Éiceachórais nuálaíochta na hEorpa: Ba cheart do chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a bheith i sineirge le réimsí amhail tacaíocht CFRE d’éiceachórais nuálaíochta agus comhpháirtíochtaí idir-réigiúnacha maidir le topaicí speisialtóireachta cliste.

IARSCRÍBHINN III — An Chomhpháirtíocht Eorpach

Comhleanúnachas agus sineirgí na Comhpháirtíochta Eorpaí laistigh de thimpeallacht T&N an Aontais a áirithiú, agus rialacha an chláir a leanúint a mhéid is féidir – maidir le roghnú agus cur chun feidhme.

IARSCRÍBHINN IV – Sineirgí le Cláir AE eile

Tá liosta neamh-uileghabhálach sineirgí le cláir eile an Aontais, lena n-áirítear cistí comhtháthaithe, le fáil in Iarscríbhinn IV.

Foinse: CIE.

Tábla 6 – Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine do thionscadail taighde agus forbartha 2014 i gcomparáid le 2021

Sásraí sineirgíochta Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine 2014 Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine 2021
  Airteagal 25 GBER maidir le cúnamh le haghaidh tionscadail T&F Airteagail Nua 25a go 25d de GBER
Ginearálta   Raon feidhme na ndíolúintí a leathnú a chuirfidh ar chumas na mBallstát bearta cúnaimh áirithe a chur chun feidhme gan fógra a thabhairt roimh ré agus gan grinnscrúdú ón gCoimisiún.

Cúnamh arna dheonú ag údaráis náisiúnta do thionscadail a chistítear trí chláir áirithe AE a bhainistítear go lárnach faoin CAI nua.
SoE:   Cúnamh do thionscadail taighde agus nuálaíochta ar bronnadh lipéad cáilíochta “SoE” orthu faoi Fhís 2020 nó Fís Eorpach (Airteagal 25a)

Tá cúnamh do FBManna le haghaidh tionscadail T&F, chomh maith le staidéir féidearthachta a ndearnadh SoE a dhámhachtain orthu faoin gclár faoi Fhís 2020 nó Fís Eorpach, comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus díolmhaithe ó réamhfhógra a thabhairt.

Is iad gníomhaíochtaí incháilithe an tionscadail taighde agus forbartha nó an staidéir féidearthachta cuidithe ná na gníomhaíochtaí sin a dhéantar a shainiú mar ghníomhaíochtaí incháilithe faoi rialacha an chláir faoi Fhís 2020 nó Fís Eorpach, cé is moite de ghníomhaíochtaí a théann níos faide ná gníomhaíochtaí forbartha turgnamhaí.

Is é a bheidh sna catagóirí, uasmhéideanna agus modhanna ríofa do chostais incháilithe an tionscadail taighde agus forbartha cuidithe nó an staidéir féidearthachta ná na catagóirí, uasmhéideanna agus modhanna ríofa sin a bheidh sainithe mar incháilithe faoi rialacha an chláir faoi Fhís 2020 nó Fís Eorpach.

Níor cheart go rachadh an t-uasmhéid cúnaimh thar €2.5 milliún in aghaidh an FBM in aghaidh an tionscadail T&F nó in aghaidh an staidéir féidearthachta.

Níor cheart an cistiú poiblí iomlán a sholáthraítear do gach tionscadal T&F nó do gach staidéar féidearthachta a bheith níos airde ná an ráta cistithe a leagtar amach don tionscadal T&F sin nó don staidéar féidearthachta sin faoi H2020 nó faoi rialacha an chláir faoi Fhís Eorpach (Airteagal 25a GBER).

Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska- Curie agus “cruthúnas coincheapa ERC” ar bronnadh SoE orthu   Cúnamh do ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie agus do ghníomhaíochtaí “cruthúnas coincheapa ERC” (Airteagal 25b)

Is é a bheidh sna catagóirí, uasmhéideanna agus modhanna ríofa do chostais incháilithe na gníomhaíochta cuidithe ná na catagóirí, uasmhéideanna agus modhanna a bheidh sainithe mar incháilithe faoi rialacha an chláir faoi Fhís 2020 nó Fís Eorpach. Ní rachaidh an cistiú poiblí iomlán a sholáthraítear le haghaidh gach gníomhaíochta cuidithe thar an uasleibhéal tacaíochta dá bhforáiltear sa chlár do Fhís 2020 nó Fís Eorpach.
Cúnamh atá bainteach le tionscadail taighde chomhchistithe   Cúnamh a sholáthraítear do thionscadal comhchistithe taighde agus forbartha nó do staidéar féidearthachta (lena n-áirítear tionscadail taighde agus forbartha arna gcur chun feidhme faoi Chomhpháirtíocht Eorpach Institiúidithe bunaithe ar Airteagal 185 nó Airteagal 187 den Chonradh nó gníomhaíocht chomhchistiúcháin le haghaidh cláir, mar a shainmhínítear i rialacha an chláir faoi Fhís Eorpach). Tá sé seo á chur chun feidhme ag trí Bhallstát ar a laghad, nó de rogha air sin dhá Bhallstát agus tír chomhlachaithe amháin ar a laghad, agus roghnaítear é ar bhonn na meastóireachta agus an rangaithe a bhíonn déanta ag saineolaithe neamhspleácha tar éis glaonna trasnáisiúnta i gcomhréir le rialacha an chláir faoi Fhís 2020 nó Fís Eorpach. Ní mór dó a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach [...] ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán.

Is é a bheidh sna gníomhaíochtaí incháilithe do thionscadail taighde agus forbartha nó do staidéir féidearthachta cuidithe ná na gníomhaíochtaí sin a bheidh sainithe mar ghníomhaíochtaí incháilithe faoi rialacha an chláir faoi Fhís 2020 nó Fís Eorpach, cé is moite de ghníomhaíochtaí a théann níos faide ná gníomhaíochtaí forbartha turgnamhaí.

Is é a bheidh sna catagóirí, uasmhéideanna agus modhanna ríofa do na costais incháilithe ná na catagóirí, uasmhéideanna agus modhanna ríofa a bheidh sainithe mar incháilithe faoi rialacha an chláir faoi Fhís 2020 nó Fís Eorpach.

Ní fhéadfaidh an cistiú poiblí iomlán a chuirtear ar fáil dul thar an ráta cistiúcháin arna bhunú don tionscadal taighde agus forbartha nó don staidéar féidearthachta tar éis an roghnúcháin, an rangaithe agus na meastóireachta faoi rialacha an chláir faoi Fhís 2020 nó Fís Eorpach.
Gníomhaíochtaí teacht le chéile i bhfoirne   Tá an cúnamh a chuirtear ar fáil do ghníomhaíochtaí comhchistithe Teacht le chéile i bhfoirne, a bhfuil baint ag dhá Bhallstát ar a laghad léi agus a roghnaítear ar bhonn na meastóireachta agus an rangaithe a bhíonn déanta ag saineolaithe neamhspleácha tar éis glaonna trasnáisiúnta faoi rialacha an chláir faoi Fhís 2020 nó Fís Eorpach, comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

Is éard a bheidh i ngníomhaíochtaí incháilithe na gníomhaíochta comhchistithe Teacht le chéile i bhfoirne ná na gníomhaíochtaí sin a bheidh sainithe mar ghníomhaíochtaí incháilithe faoi rialacha an chláir faoi Fhís 2020 nó Fís Eorpach. Eisiatar gníomhaíochtaí a théann níos faide ná gníomhaíochtaí forbartha turgnamhaí.

Is é a bheidh sna catagóirí, uasmhéideanna agus modhanna ríofa do na costais incháilithe ná na catagóirí, uasmhéideanna agus modhanna ríofa a shaineofar mar incháilithe faoi rialacha an chláir faoi Fhís 2020 nó Fís Eorpach. Ina theannta sin, beidh costais infheistíochta i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe a bhaineann leis an tionscadal incháilithe.

Ní rachaidh an cistiú poiblí iomlán a chuirtear ar fáil thar an ráta cistiúcháin arna bhunú don ghníomhaíocht Teacht le chéile i bhfoirne tar éis an roghnúcháin, an rangaithe agus na meastóireachta faoi rialacha an chláir faoi Fhís 2020 nó Fís Eorpach.

Foinse: CIE.

Acrainmneacha agus giorrúcháin

AS REGIO: Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh sa Choimisiún

AS RTD: Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta sa Choimisiún

CFRE: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa

CORDIS: Seirbhís Eolais um Thaighde agus um Fhorbraíocht Chomhphobail

CORTEX: Croí-Mhianadóireacht Téacs

CR: Clár Réime

EIC: An Chomhairle Nuálaíochta Eorpach

ERC An Chomhairle Eorpach um Thaighde

FBM: Fiontair bheaga agus mheánmhéide

H2020: Fís 2020:

JRC: An tAirmheán Comhpháirteach Taighde

NCPnna: Pointí teagmhála náisiúnta

OPnna: Cláir oibríochtúla

S3: Straitéis um speisialtóireacht chliste

SoE: Séala Barr Feabhais

T&N: Taighde agus nuálaíocht

Gluais

An Chomhairle Eorpach um Thaighde: Comhlacht AE a bunaíodh chun tacú le taighde nuálach atá faoi stiúir an phobail eolaíochta i ngach réimse.

An Chomhairle Nuálaíochta Eorpach: Clár nuálaíochta suaitheanta an Aontais chun teicneolaíochtaí agus nuálaíochtaí ceannródaíocha a shainaithint, a fhorbairt agus a mhéadú.

An tAirmheán Comhpháirteach Taighde: Seirbhís eolaíochta agus eolais an Choimisiúin, lena gcuirtear comhairle eolaíoch agus tacaíocht do bheartas an Aontais ar fáil.

Bainistiú díreach: Bainistiú ar chiste nó clár AE ag an gCoimisiún amháin, seachas an bainistiú comhroinnte nó bainistiú indíreach.

Beart um fhairsingiú: Beart sonrach chun cabhrú le forbairt acmhainneachta, naisc a chruthú idir príomhinstitiúidí taighde agus réigiúin AE nach bhfuil ag feidhmiú chomh maith céanna sa taighde agus nuálaíocht, agus tacaíocht shaineolach a chur ar fáil.

Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa: Ciste AE a dhéanann comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú san Aontas trí infheistíochtaí a chistiú lena laghdaítear míchothromaíochtaí idir réigiúin.

Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa: Na cúig phríomh-Chiste AE a thacaíonn le forbairt eacnamaíoch ar fud an Aontais le chéile: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh.

Clár oibríochtúil: An creat maidir le tionscadail chomhtháthaithe atá cistithe ag an Aontas a chur chun feidhme, ina léirítear na tosaíochtaí agus cuspóirí a leagtar síos i gcomhaontuithe comhpháirtíochta idir an Coimisiún agus Ballstáit aonair.

Comhpháirtíochtaí Eorpacha: Tionscnamh trína n-oibríonn an Coimisiún Eorpach le comhpháirtithe príobháideacha agus/nó institiúideacha ó na Ballstáit chun tacaíocht chomhbheartaithe a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta.

Gealltanas: Méid atá curtha ar leataobh sa bhuiséad chun mír shonrach caiteachais a chistiú, amhail conradh nó comhaontú deontais.

Interreg: Creat le haghaidh comhar idir-réigiúnach, trasteorann agus trasnáisiúnta lena dtreoraítear malartuithe beartais agus cur chun feidhme gníomhaíochta comhpháirtí.

Leithdháileadh na gcistí ar bhonn barr feabhais: Leithdháileadh ar bhonn glaonna iomaíocha le haghaidh tograí agus trí athbhreithniú piaraí neamhspleách agus bunaithe ar fhiúntas, gan ach na tionscadail is fearr a roghnú gan aon aird ar dháileadh geografach.

Pointe Teagmhála Náisiúnta: Eintiteas arna bhunú agus arna chistiú ag rialtas Bhallstát de chuid an Aontais nó tír eile atá rannpháirteach chun tacaíocht agus treoraíocht sa tír féin a sholáthar d’iarrthóirí agus do thairbhithe faoi Fhís 2020 nó Fís Eorpach.

Straitéis Eoraip 2020: Stráitéis deich mbliana an Aontais, a seoladh in 2010, chun borradh a chur faoi fhás agus chun poist a chruthú.

Straitéis um speisialtóireacht chliste: Tosaíochtaí náisiúnta nó réigiúnacha maidir le stráitéis a shocrú chun buntáiste iomaíoch a fhorbairt trí láidreachtaí taighde agus nuálaíochta a chur chun cinn agus a chur le chéile. Déantar cóineasú ar fheidhmíocht nuálaíochta freisin.

Teacht le chéile i bhfoirne: Bearta um fhairsingiú a nascann príomhinstitiúidí eolaíochta le Ballstáit agus réigiúin nach bhfuil ag feidhmiú chomh maith céanna sa taighde agus nuálaíocht trí ionaid barr feabhais a chruthú nó a uasghrádú sna réigiúin óstacha.

Údarás bainistíochta: An t-údarás poiblí (nó príobháideach) náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil atá sainithe ag Ballstáit chun clár atá cistithe ag an Aontas a bhainistiú.

Foireann iniúchóireachta

I dtuarascálacha speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, leagtar amach torthaí a hiniúchtaí ar bheartais agus ar chláir an Aontais, nó ar thopaicí a bhaineann le bainistíocht ó réimsí buiséadacha ar leith. Roghnaíonn agus ceapann an Chúirt na cúraimí iniúchóireachta sin a mbeidh an tionchar is mó acu trí mhachnamh a dhéanamh ar na rioscaí don fheidhmíocht nó don chomhlíonadh, an leibhéal ioncaim nó caiteachais lena mbaineann, forbairtí atá ar na bacáin agus leas polaitiúil agus poiblí.

Is é Seomra Iniúchóireachta IV – Rialáil margaí agus geilleagair iomaíoch, a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo, faoi cheannas Mihails Kozlovs (Comhalta den Chúirt). Rinneadh an iniúchóireacht faoi stiúir Ivana Maletić (Comhalta den Chúirt) agus fuarthas tacaíocht ó na daoine seo a leanas: Sandra Diering (Ceann na hOifige Príobháidí), Tea Japunčić (Ataisé san Oifig Phríobháideach), Marion Colonerus (Príomhbhainisteoir), JuanAntonio Vazquez Rivera (Ceann Cúraim), Marco Montorio, agus Katja Mravlak (Iniúchóirí). Thug Laura McMillan tacaíocht teanga.

Ó chlé: Katja Mravlak, Ivana Maletić, Tea Vlainić, Juan Antonio Vazquez Rivera, Marco Montorio, Sandra Diering, Marion Colonerus.

Críochnótaí

1 Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013, Fleasc 33 agus Airteagal 21.

2 Rialachán (AE) Uimh 1303/2013, Iarscríbhinn I - 4.3.

3 Sineirgí a chumasú idir CSIEanna, H2020 agus cláir eile de chuid an Aontais a bhaineann le taighde, nuálaíocht agus iomaíocht.

4 Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

5MLE maidir le Cleachtais Náisiúnta chun rannpháirtíocht a fhairsingiú agus chun Sineirgí a Neartú”, an Coimisiún Eorpach, 2018; “Sineirgí idir Cláir Réime le haghaidh Taighde agus Nuálaíochta agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa” an Coimisiún Eorpach, 2017.

6 Iarscríbhinn I, 4.3.

7 Aithris 33

8Sineirgí a uasmhéadú idir Cistí Struchtúracha agus Infheistíochtaí na hEorpa agus ionstraimí AE eile chun Spriocanna Eoraip 2020 a bhaint amach”, Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, 2016.

9Rannpháirtíocht a Fhairsingiú agus Sineirgí a Neartú — Páipéar dúshláin topaic 5” —Cleachtadh Foghlama Frithpháirtí, an Coimisiún Eorpach, 2018.

10Caipitliú trí chomhordú ar fud chistí an Aontais”, an Coimisiún Eorpach, 2020.

11Tacar sonraí de thionscadail arna gcómhaoiniú ag CFRE le linn chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020”, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, 2019.

12 Rialachán (AE) Uimh 1303/2013, Airteagal 46(2).

13MLE maidir le Cleachtais Náisiúnta chun Rannpháirtíocht a Fhairsingiú agus Sineirgí a Neartú”, an Coimisiún Eorpach, 2018.

14Speisialú cliste: cad a chailltear san aistriú ó choincheap go cleachtas?”, Comhlachas um Staidéar Réigiúnach, 2020; “Cé chomh “cliste” atá straitéisí um speisialtóireacht chliste?” Cumann Ollscoile um Staidéar Comhaimseartha Eorpach, 2020.

15Staidéar ar thosaíocht a thabhairt i Straitéisí um Speisialtóireacht Chliste san Aontas Eorpach”, an Coimisiún Eorpach, 2021.

16 Féach an fonóta roimhe seo.

17Cé a fhaigheann deontais taighde Fís 2020? Claonadh anailís dhá chéim a chur i bhfeidhm agus an dóchúlacht go n-éireoidh léi”, Enger, S.G., Castellacci, F., Scientometrics 109, 1611–1638, 2016.

18 Tuarascáil chríochnaitheach an tionscadail, MIRRIS (Athchóirithe institiúideacha a shlógadh le haghaidh córais/institiúidí T&N níos fearr san Eoraip), Meitheamh 2016.

19 Rialachán Uimh. 1060/2021, Airteagal 73.

Déan teagmháil le

European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG

Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors

Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).

Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2022

PDF ISBN 978-92-847-8956-6 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/463215 QJ-AB-22-021-GA-N
HTML ISBN 978-92-847-8927-6 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/568316 QJ-AB-22-021-GA-Q

CÓIPCHEART

© An tAontas Eorpach, 2022

Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar na Cúirte Iniúchóirí atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar na Cúirte Iniúchóirí an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh an CIE faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.

Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann na Cúirte Iniúchóirí, nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.

I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.

Má táthar ag iarraidh ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé go gcaithfí cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt:

Fíoracha 1 agus 3 – Deilbhíní: Dearadh na fíoracha seo trí acmhainní a úsáid ó Flaticon.com. © Freepik Company S.L. Gach ceart ar cosaint.

Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide CIE.

Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt Iniúchóirí orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus chóipchirt a léamh go cúramach.

Úsáid Lógó CIE

Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Ar an bhfón nó i scríbhinn
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

  • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
  • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
  • tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.

EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).

Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh
Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).

Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh
Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.