Ár ngníomhaíochtaí in 2021
Tuarascáil Bhliantúil maidir le Gníomhaíochtaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa

Cover image

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

Cé muid féin

  • iniúchóir seachtrach an Aontais Eorpaigh;
  • bunaithe le Conradh na Bruiséile 1975 agus tosaithe ag obair i nDeireadh Fómhair 1977;
  • ina Institiúid Eorpach lánfheidhmiúil ó 1993 faoi Chonradh Maastricht;
  • ceanncheathrú i Lucsamburg;
  • comhlacht coláisteach le 27 gComhalta, duine as gach Ballstát den Aontas, arna gceapadh ag an gComhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa;
  • thart ar 900 duine as gach náisiúntacht den Aontas ar an bhfoireann.

An méid a dhéanaimid

  • a chinntiú go bhfuil cuntais chuí á gcoinneáil ag an Aontas, go bhfuil na rialacha airgeadais á gcur i bhfeidhm i gceart aige, agus go gcomhlíonann beartais agus cláir AE na cuspóirí atá beartaithe leo agus go gcuireann siad luach ar airgead ar fáil;
  • cabhrú leis an mbainistiú airgeadais a dhéantar san Aontas a fheabhsú, chomh maith leis an gcuntasacht agus an trédhearcacht a chur chun cinn;
  • rabhadh a thabhairt i dtaobh rioscaí, dearbhú a sholáthar, easnaimh agus scéalta rathúla a chur in iúl, agus treorú a thabhairt do lucht déanta beartais agus reachtóirí an Aontais Eorpaigh;
  • ár mbarúlacha agus moltaí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na rialtas agus parlaimintí náisiúnta, chomh maith leis an bpobal i gcoitinne.

Intreoir ón Uachtarán

A léitheoir dhil,

In 2021, bhí paindéim COVID-19 fós ina luí go trom ar an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit.

Sa tréimhse dhian seo, tá cúnamh airgeadais á sholáthar ar an Aontas Eorpach ar scála nár tharla riamh roimhe seo. Taobh amuigh de na gnáth-acmhainní buiséadacha a comhaontaíodh mar chuid de chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 (CAI), sheol an tAontas tionscnamh dar teideal “NextGenerationEU” – pacáiste téarnaimh de chistí breise a bhí bunaithe ar urrúis fiachais.

Sa chomhthéacs sin, ghlacamar straitéis nua i mí Eanáir do thréimhse 2021-2025 faoina mbeimid ag díriú isteach ar thrí sprioc straitéiseacha. Beidh siad sin mar threoir dár ndícheall san iniúchóireacht ar airgeadas an Aontais Eorpaigh sna blianta seo amach romhainn, in athruithe riachtanacha a dhéanamh ar ár n-eagraíocht agus in úsáid éifeachtach agus éifeachtúil ár gcuid acmhainní.

Tugann an tuarascáil seo maidir le gníomhaíochtaí forléargas ar ár gcuid oibre in 2021, arbh é sin an chéad bhliain de chur chun feidhme ár straitéise nua. Sa bhreis air sin, tugtar faisnéis sa tuarascáil seo freisin ar an mbainistíocht, ar an bhfoireann, ar an tacaíocht iniúchóireachta agus ar an airgeadas san institiúid.

In ainneoin na paindéime atá fós ar siúl, choinníomar an leanúnachas gnó i gcaitheamh na bliana agus bhíomar ag oiriúnú go leanúnach do dhálaí oibre a bhí ag athrú.

In 2021, d’fhoilsíomar ár gcuid tuarascálacha bliantúla go léir laistigh de na sprioc-amanna oifigiúla. Chomh maith leis sin d’fhoilsíomar 32 thuarascáil speisialta agus athbhreithniú, agus bhíomar in ann aon mhoill a bhain leo sin a choinneáil laistigh de theorainneacha réasúnacha.

Is féidir le saoránaigh an Aontais, chomh maith lenár ngeallsealbhóirí agus comhpháirtithe institiúideacha ar leibhéal an Aontais agus leibhéal na mBallstát araon, leanúint de bheith ag brath orainn go soláthróimid tuarascálacha neamhspleácha agus oibiachtúla dóibh ar shaincheisteanna atá tábhachtach do thodhchaí na hEorpa ina dtabharfar chun suntais cad atá ag obair go maith agus freisin ina dtarraingeofar aird ar rudaí nach bhfuil ag obair go maith agus ina ndéanfar moltaí i dtaobh athruithe.

Táimid ag seasamh go dlúthpháirteach leis an Úcráin. Tá ionradh na Rúise ar an Úcráin cáinte go láidir againn agus d’eagraíomar cabhair dhaonnúil do na daoine atá ag fulaingt ó ionsaithe na Rúise. Tréimhse dhorcha atá anseo don Eoraip. Anois níos mó ná riamh, ní mór do AE aontacht a léiriú.

Tá súil againn go mbainfidh tú tairbhe as an bhfaisnéis atá in eagrán na bliana seo den Tuarascáil maidir le Gníomhaíochtaí.

Klaus-Heiner Lehne
An tUachtarán

Sracfhéachaint ar 2021

Ár ngníomhaíochtaí

Obair le linn COVID-19

Leanúnachas gnó le linn phaindéim COVID-19

In 2021, leanamar de bheith ag obair faoi theorainn na srianta taistil agus sláinte poiblí a bhain le COVID-19. Bhí srian mór fós lenár gcumas iniúchtaí ar an bhfód a dhéanamh. Choinníomar orainn ag athrú an bhealaigh ina mbímid ag obair agus ag oiriúnú don staid nua sin.

D’éirigh lenár bhfoireann oiriúnú go leanúnach do dhálaí oibre a bhí ag athrú agus fuair siad cur amach ar uirlisí nua go tapa. Ba léir go rabhamar in ann athruithe meara a dhéanamh ar ár modhanna oibre nuair ba ghá, agus fós leanúint de sheirbhís iniúchóireachta poiblí a bhí éifeachtach a sholáthar san Aontas Eorpach.

D’éirigh linn tuarascálacha iniúchóireachta, tuairimí agus athbhreithnithe a thabhairt i gcrích in am. Thángamar ar chonclúidí stuama agus rinneamar moltaí ábhartha, agus sin ag tráth a raibh orainn a bheith ag obair go fíorúil an t-am ar fad. Féachfaimid amach anseo leis an taithí seo a fuaireamar le dhá bhliain anuas a chur i bhfeidhm go rathúil agus feabhas a chur ar bhreisluach agus éifeachtúlacht na gcuairteanna ar an bhfód trína nascadh le hobair fhíorúil.

Ár straitéis nua do 2021-2025

Le go leor blianta anuas, bhaineamar úsáid as straitéisí ilbhliantúla chun cúrsa fadtéarmach a leagan amach dár n-obair iniúchóireachta, chun athrú eagraíochtúil le haghaidh feabhsúchán leanúnach a chur chun cinn agus chun a chinntiú go mbeimid ar thús cadhnaíochta i gcás forbairtí in iniúchóireacht na hearnála poiblí.

2021: an chéad bhliain de straitéis nua

Ag deireadh 2021, chríochnaíomar an chéad bhliain dár straitéis nua do 2021-2025. Is iad na spriocanna straitéiseacha atá againn don tréimhse cúig bliana seo ná feabhas a chur ar chuntasacht, ar thrédhearcacht agus ar shocruithe iniúchóireachta ar fud gach cineál gníomhaíochta de chuid an Aontais; ár gcuid iniúchtaí a spriocdhíriú ar réimsí agus topaicí inar féidir linn an breisluach is mó a thabhairt i gcrích; agus dearbhú iniúchóireachta láidir a thabhairt i dtimpeallacht atá dúshlánach agus ag athrú.

Chun ár straitéis a chur i bhfeidhm, d’aontaíomar bearta cur chun feidhme le haghaidh gach sprioc agus cuspóir, shannamar freagrachtaí agus leagamar spriocdhátaí síos. I mbliana, tá dul chun cinn maith déanta againn maidir le roinnt gníomhaíochtaí, go sonrach na nithe seo a leanas:

  • athbhreithniú ar ár dtuarascáil bhliantúil agus ar ár gcur chuige i leith an iniúchta is bonn don ráiteas dearbhaithe;
  • cur chuige don iniúchadh straitéiseach do thionscnamh “NextGenerationEU”, lena n-áirítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RFF), a dhréachtú;
  • plean gníomhaíochta maidir leis an gcalaois a tharraingt suas;
  • athbhreithniú ar ár gcóras do phleanáil na hoibre;
  • táscairí feidhmíochta ábhartha a leagan síos chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéise; agus
  • straitéis chumarsáide nua a chur i dtoll a chéile.

Iniúchóireacht ar fheidhmíocht agus rialtacht ghníomhaíochtaí an Aontais

Iniúchtaí feidhmíochta, airgeadais agus comhlíontachta

Cuireann ár n-iniúchtaí tuarascálacha neamhspleácha agus oibiachtúla ar fáil do shaoránaigh agus lucht ceaptha beartas an Aontais maidir le príomh-shaincheisteanna do thodhchaí an Aontais, ina gcuirtear béim ar na nithe a oibríonn go maith agus ina dtarraingítear aird ar na nithe nach n-oibríonn.

Déileálann ár n-iniúchtaí feidhmíochta le héifeachtacht, éifeachtúlacht agus barainneacht bheartais agus chláir an Aontais. Díríonn siad isteach ar thopaicí a léiríonn na saincheisteanna atá roimh an Aontas Eorpach, amhail:

  •   úsáid a bhaint as acmhainní nádúrtha ar shlí atá inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol;
  •   fás agus cuimsitheacht;
  •   na dúshláin a bhaineann le himirce agus forbairt dhomhanda;
  •   an margadh aonair agus an t-aontas baincéireachta; agus
  •   a áirithiú go bhfuil an tAontas Eorpach cuntasach agus éifeachtúil.

Tá sé mar aidhm leis na hiniúchtaí sin cabhrú leis an Aontas a chuid cuspóirí beartais a chomhlíonadh ar bhealach níos fearr.

Maidir lenár n-iniúchtaí airgeadais agus comhlíontachta do bhuiséad an Aontais agus do bhuiséid na gCistí Eorpacha Forbraíochta (CEFanna), áirítear iontu sin Ráiteas Dearbhaithe maidir le hiontaofacht na gcuntas bliantúil agus maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bonn dóibh.

Is féidir linn freisin iniúchtaí comhlíontachta roghnaithe a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh ar an staid ina bhfuil cuntasaíocht bhuiséadach agus bainistiú airgeadais an Aontais, nó chun measúnú a dhéanamh ar an bhfuil na córais bhainistithe agus rialaithe le haghaidh bailiú agus caitheamh cistí ón Aontas ag comhlíonadh na rialacha is infheidhme ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

Ar deireadh, is sinne an t-iniúchóir seachtrach le haghaidh roinnt gníomhaireachtaí Eorpacha, le haghaidh comhlachtaí dílárnaithe agus Comhghnóthas agus le haghaidh na Scoileanna Eorpacha.

Déanaimid ár n-iniúchtaí go léir i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta don earnáil phoiblí a bhfuil glacadh go hidirnáisiúnta leo.

Clár oibre

Ár gclár oibre 2022+

Inár gClár oibre 2022+, a foilsíodh i mí na Nollag 2021, cuirtear béim ar ár dtosaíochtaí iniúchóireachta do na blianta seo amach romhainn agus tugtar mionsonraí i dtaobh 79 dtuarascáil speisialta agus athbhreithniú atá ar intinn againn a fhoilsiú ó 2022 ar aghaidh.

Tá níos mó ná dhá thriain de thascanna iniúchóireachta nua 2022 ailínithe go láidir leis an treo atá leagtha amach againn inár straitéis do 2021-2025, go sonrach chun spriocdhíriú ar réimsí agus topaicí a bhfuilimid in ann an breisluach is mó a chur leo. Seo a leanas na ceithre réimse straitéiseacha atá againn: iomaíochas eacnamaíoch an Aontais; teacht aniar ó bhagairtí ar shlándáil an Aontais agus urraim do luachanna Eorpacha na saoirse, an daonlathais agus an smachta reachta; an t-athrú aeráide, an comhshaol agus acmhainní nádúrtha; agus beartais fhioscacha agus an t-airgeadas poiblí san Aontas. Sa bhreis air sin, tá sé i gceist againn 16 thuarascáil a fhoilsiú ar shaincheisteanna a bhaineann le freagairt AE do COVID-19, amhail conarthaí soláthair le haghaidh vacsaíní, agus sraith iniúchtaí maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (tionscnamh ‘NextGenerationEU’ (NGEU).

Ullmhaímid ár gclár oibre iniúchóireachta go neamhspleách, ach fós gan a bheith scoite amach asainn féin. Bímid i dteagmháil lenár ngeallsealbhóirí institiúideacha agus go háirithe le Parlaimint na hEorpa. Ó 2015 i leith, nuair a chuireamar tús i gcéaduair leis an idirphlé sin, tá méadú leanúnach tagtha ar na moltaí fhaighimid ó na coistí parlaiminteacha: ó 37 moladh in 2015 go dtí 164 mholadh iniúchóireachta do chlár oibre 2022+. Tá beagnach dhá thrian de na moltaí sin glactha ar láimh go hiomlán nó go páirteach san obair atá idir lámha nó déanfar amhlaidh in obair amach anseo, agus tá cuid acu sin clúdaithe anois sna tuarascálacha is déanaí atá foilsithe againn. Den chéad uair riamh, fuaireamar ocht smaoineamh le haghaidh iniúchtaí breise a bhí curtha isteach ag Buanionadaíochtaí na mBallstát.

Obair allamuigh san iniúchóireacht

Is inár n-áitreabh i Lucsamburg a dhéanaimid formhór na hoibre iniúchóireachta. I ngnáthchúinsí an tsaoil, tugann ár n-iniúchóirí lear mór cuairteanna ar an gCoimisiún Eorpach – an príomheintiteas a bhíonn faoi iniúchóireacht againn – agus ar institiúidí eile an Aontais, chomh maith le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí, údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla sna Ballstáit, toscaireachtaí AE i dtíortha lasmuigh den Aontas, agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhíonn ag déileáil le cistí ón Aontas.

Is iondúil go dtugaimid cuairteanna ar an bhfód ar fhaighteoirí cistí AE, idir fhaighteoirí laistigh den Aontais agus fhaighteoirí thar teorainn amach. Trí bhíthin na seiceálacha sin, bímid in ann an rian iniúchóireachta a leanúint agus fianaise iniúchóireachta a fháil go díreach ón dream atá páirteach i mbainistiú bheartais agus chláir an Aontais agus i mbailiú nó íoc amach cistí AE, chomh maith lena leithéid a fháil ó na tairbhithe. In 2021, is go fíorúil a rinneamar formhór na seiceálacha sin.

Féachaimid lenár n-iniúchtaí roghnaithe a ghlacadh laistigh de 13 mhí, i gcomhréir leis an sprioc atá leagtha síos i Rialachán Airgeadais an Aontais Eorpaigh.

2021: tá srianta COVID-19 fós ag teorannú seiceálacha ar an bhfód

Is iondúil go mbíonn beirt nó triúr iniúchóirí ar ár bhfoirne iniúchóireachta, agus bíonn idir cúpla lá agus roinnt seachtainí i gceist le fad na gcuairteanna iniúchóireachta. Déantar na seiceálacha ar an bhfód laistigh den Aontas a chomhordú go hiondúil in idirchaidreamh leis na huasfhorais iniúchóireachta (UFInna) sna Ballstáit lena mbaineann.

Don chuid is mó de 2021, bhí na srianta taistil agus na bearta sláinte poiblí (teorainneacha dúnta, rialacha coraintín, riachtanais tástála, etc.) fós ag cur teorainn lenár gcumas obair allamuigh san iniúchóireacht a dhéanamh.

Dá bhrí sin, i gcomparáid leis na blianta roimh COVID-19, is lú go mór laethanta a chaith ár gcuid iniúchóirí i mbun iniúchóireachta ar an láthair. Chaith siad 857 lá ar an iomlán sna Ballstáit agus lasmuigh den Aontas, i gcomparáid le 1 190 lá in 2020 agus 3 605 lá in 2019. Chaith siad 299 lá freisin in institiúidí an Aontais, i ngníomhaireachtaí agus comhlachtaí dílárnaithe ar fud an Aontais, i gComhghnóthais, in eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail na Náisiúin Aontaithe agus ECFE, agus i ngnólachtaí príobháideacha iniúchóireachta. Ba iad na figiúirí comhfhreagracha do 2020 agus 2019, ná 627 agus 2 504 lá, faoi seach.

Ag an am céanna, chúitíomar an líon teoranta seiceálacha ar an bhfód trí úsáid mhéadaithe a bhaint as iniúchóireacht chianda agus fianaise a bhailiú go leictreonach. Bhaineamar úsáid as uirlisí fís-chomhdhála agus as teicneolaíocht faisnéise eile, ar nós comhroinnt shlán sonraí agus doiciméad, chun idirghníomhú leis na heintitis a bhí faoi iniúchóireacht againn.

Ár dtuarascálacha

Is gné bhunriachtanach de shlabhra cuntasachta an Aontais iad ár dtuarascálacha iniúchóireachta, athbhreithnithe agus tuairimí. Cabhraíonn siad le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle faireachán agus grinnscrúdú a dhéanamh ar ghnóthú chuspóirí beartais an Aontais agus eintitis atá freagrach as bainistiú bhuiséad an Aontais a thabhairt chun cuntais, go háirithe i gcomhthéacs an nós imeachta bhliantúil um urscaoileadh.

Tuarascálacha speisialta agus athbhreithnithe

In 2021, d’fhoilsíomar 32 thuarascáil speisialta agus athbhreithniú a thug aghaidh ar an iliomad dúshlán atá roimh an Aontas ar fud réimsí éagsúla caiteachais agus beartas an Aontais. Bhí gníomhú ar son na haeráide, an comhshaol, digiteáil, imirce, Aontas na Margaí Caipitil agus an smacht reachta, gan ach cuid acu a lua, ina measc siúd. Bhain péire de na tuarascálacha le COVID-19 – ceann i dtaca le freagairt sláinte poiblí an Aontais agus an ceann eile i dtaca le cearta paisinéirí aeir. Chuireamar tús freisin le scrúdú ar an tionscnamh téarnaimh NextGenerationEU, go háirithe an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.

Inár dtuarascálacha speisialta, scrúdaíomar an raibh na cuspóirí i rogha beartas agus clár den Aontas á gcomhlíonadh, ar baineadh amach na torthaí go héifeachtach agus go héifeachtúil, agus an bhfuil breisluach ag gabháil le gníomhaíocht an Aontais, i.e. ar tugadh níos mó i gcrích leo ná mar a thabharfaí i gcrích le gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta. Sna tuarascálacha sin, déanaimid moltaí freisin ina sainaithnímid bealaí chun airgead a shábháil, oibriú níos fearr, diomailt a sheachaint nó na cuspóirí beartais a rabhthas ag súil leo a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtúla.

Tá sé mar aidhm ag ár n-athbhreithnithe cur síos agus anailís a chur ar fáil i dtaobh chúlra na hiniúchóireachta, go minic ó dhearcadh trasearnálach de agus bunaithe ar obair iniúchóireachta atá déanta cheana féin nó ar fhaisnéis eile atá ar fáil go poiblí. Is féidir linn athbhreithnithe a úsáid freisin chun ár n-anailís ar réimsí nó saincheisteanna nach bhfuil iniúchta fós againn a chur i láthair nó fíorais i dtaobh topaicí nó fadhbanna ar leith a shuíomh. I gcodarsnacht le hiniúchtaí, ní thugann athbhreithnithe aghaidh ar cheisteanna meastóireachta agus ní thugann siad dearbhú.

Tugann na leathanaigh seo a leanas léargas ar ár n-obair agus tugtar samplaí de thuarascálacha speisialta ó 2021 a chlúdaíonn réimsí beartais éagsúla.

Úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha

Tuarascáil speisialta 16/2021: An Comhbheartas Talmhaíochta agus an aeráid – Leath de chaiteachas an Aontais ar an aeráid ach gan líon na n-astaíochtaí feirme ag laghdú

Tá táirgeadh bia freagrach as 26 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an domhain. Tá an talmhaíocht, go háirithe an earnáil beostoic, freagrach as formhór na n-astaíochtaí sin. Ó 2013, tá gníomhú ar son na haeráide ar cheann de phríomhchuspóirí an Chomhbheartais Talmhaíochta – CBT. Luaigh an Coimisiún suim d’os cionn €100 billiún – níos mó ná an ceathrú cuid de bhuiséad iomlán CBT – le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide do thréimhse 2014-2020.

Rinneamar measúnú féachaint ar thacaigh CBT leis na cleachtais ar son maolú ar an athrú aeráide a d’fhéadfadh astaíochtaí gás ceaptha teasa ón talmhaíocht a laghdú. Scrúdaíomar freisin ar thug CBT dreasacht do chleachtais éifeachtacha maolaithe a ghabháil ar láimh i dtréimhse 2014-2020 ar bhealach níos fearr ná mar a rinneadh i dtréimhse 2007-2013.

Fuaireamar gur beag tionchar a bhí ag an gcistiú €100 billiún faoi CBT le haghaidh gníomhú ar son na haeráide in 2014-2020 ar astaíochtaí talmhaíochta, nár athraigh go suntasach ó 2010. Is féidearthacht íseal i leith maolú ar an athrú aeráide atá ag formhór na mbeart maolaithe a fhaigheann tacaíocht ó CBT. Is annamh a thugtar maoiniú as CBT do bhearta a bhfuil féidearthacht ard i leith maolú ar an athrú aeráide acu.

Mholamar don Coimisiún beart a dhéanamh chun a áirithiú go laghdaíonn CBT astaíochtaí ón talmhaíocht; céimeanna a ghlacadh chun astaíochtaí ó ithreacha orgánacha saothraithe draenáilte a laghdú; agus tuairisciú go rialta ar rannchuidiú CBT le maolú ar an athrú aeráide.

Infheistíocht sa chomhtháthú, san fhás agus sa chuimsiú

Tuarascáil speisialta 15/2021: Cearta paisinéirí aeir le linn phaindéim COVID-19 – Níl cearta lárnacha á gcosaint in ainneoin iarrachtaí an Choimisiúin

Le trí dheichbhliain anuas, bhí borradh mór ar an taisteal san Eoraip. Tá leibhéal cosanta comhchuibhithe do chearta paisinéirí forbartha ag an Aontas Eorpach. Bhí tionchar mór ag géarchéim COVID-19 ar go leor earnálacha den gheilleagar, agus bhí earnálacha an taistil agus na turasóireachta ar na hearnálacha is túisce a buaileadh go díreach leis an ngéarchéim sin. Is é an toradh a bhí air sin ná gur cuireadh lear mór eitiltí ar ceal agus, ag éirí as sin, bhí na paisinéirí a ndearnadh difear dóibh ag iarraidh aisíocaíochtaí. D’fhág sé sin fadhbanna tromchúiseacha leachtachta ag aerlínte agus ag lucht eagraithe turas láneagraithe, agus thug na Ballstáit méid tacaíochta dóibh nach bhfacthas riamh cheana.

Rinneamar measúnú ar an gcaoi a ndearna géarchéim COVID-19 difear do chearta paisinéirí aeir agus cibé ar coimircíodh a gcearta maidir le rochtain ar fhaisnéis agus an ceart atá ag paisinéirí aeir aisíocaíocht a fháil. Scrúdaíomar an chaoi ar thacaigh na Ballstáit le Státchabhair agus an raibh an chabhair sin nasctha leis an gcosaint do chearta paisinéirí.

Fuaireamar gur thug géarchéim COVID-19 chun solais nach raibh paisinéirí aeir go hiomlán ar an eolas faoina gcearta, agus go raibh an baol ann go gcaillfidís airgead a raibh siad ina theideal mar thoradh air sin. Fuaireamar freisin gur éascaigh creat sealadach Státchabhrach an Choimisiúin leibhéil gan fasach de Státchabhair a bheith á soláthar ag Ballstáit d’aerlínte agus do lucht eagraithe turas láneagraithe, a raibh €34.7 billiún i gceist leis sin. Cé gur shoiléirigh an Coimisiún go bhféadfadh Ballstáit cosaint do chearta paisinéirí a nascadh le Státchabhair, níorbh amhlaidh an scéal i gcás cabhair d’aerlínte. Thairis sin, fuaireamar gur fhéach an Coimisiún le cearta paisinéirí aeir a chosaint ach go raibh teorainn leis na cumhachtaí forfheidhmithe a bhí aige.

Mholamar don Choimisiún beart a dhéanamh chun cosaint níos fearr a thabhairt do chearta paisinéirí aeir agus faisnéis i dtaobh na gceart sin a bheith níos fearr; oibriú leis na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar bhealaí chun comhordú eatarthu a mhéadú agus beart breise a dhéanamh chun Státchabhair d’aerlínte a nascadh níos dlúithe le haisíocaíocht do phaisinéirí; beart a dhéanamh chun feabhas a chur ar uirlisí agus reachtaíocht ar mhaithe le cearta paisinéirí aeir a choimirciú; agus smaoineamh ar a ábhartha atá na moltaí sin do mhodhanna eile iompair.

Gníomhaíocht sheachtrach, slándáil agus ceartas

Tuarascáil speisialta 08/2021: Tacaíocht Frontex do bhainistiú na dteorainneacha seachtracha – Níl éifeachtacht na dtacaíochtaí leordhóthanach go dtí seo

Le Coinbhinsiún Schengen, cruthaíodh limistéar aonair a cheadaíonn gluaiseacht idir na tíortha atá ina sínitheoirí sa Choinbhinsiún gan aon seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a bheith ann. Tá faireachas agus rialú ag na teorainneacha seachtracha bunriachtanach chun saorghluaiseacht daoine agus earraí laistigh den limistéar a éascú, ach fós féachaint le slándáil inmheánach a ráthú agus bagairtí féideartha ag na teorainneacha a chosc. In 2016, rinneadh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta de Frontex agus tugadh de chumhacht di bainistiú comhtháite Eorpach teorainneacha ag teorainneacha seachtracha an Aontais a éascú, ach go gcoimeádann na Ballstáit an fhreagracht.

In 2019, cuireadh tuilleadh lena cumhachtaí a d’athraigh ó ról tacaíochta agus comhordaithe go dtí ról oibríochtúil. Bhí méadú ollmhór in acmhainní i gceist leis sin, trí bhuanchór de 10 000 duine ar an bhfoireann oibríochtúil a thabhairt isteach faoi 2027 le meánbhuiséad de €900 milliún in aghaidh na bliana.

Rinneamar measúnú féachaint an ndearna Frontex a chuid gníomhaíochtaí príomhúla go héifeachtach ar mhaithe le rannchuidiú le bainistiú comhtháite Eorpach teorainneacha a chur chun feidhme. Scrúdaíomar freisin cé chomh hullmhaithe a bhí sé chun a shainordú nua agus leathnaithe a chomhall.

Fuaireamar nach raibh tacaíocht Frontex do na Ballstáit/tíortha comhlachaithe Schengen ó thaobh inimirce neamhdhleathach agus coireacht trasteorann a chomhrac éifeachtach a dóthain. Fuaireamar freisin nach raibh an sainordú a tugadh do Frontex in 2016 curtha chun feidhme go hiomlán aige agus tharraingíomar aird ar roinnt rioscaí a bhaineann leis an sainordú a tugadh do Frontex in 2019.

Mholamar go gcuirfí feabhas ar an gcreat malartaithe faisnéise agus ar an léiriú staide Eorpach; go ndéanfaí an múnla comhchoiteann comhtháite don anailís riosca a thabhairt cothrom le dáta agus a chur chun feidhme agus go gcinnteofaí rochtain ar fhoinsí eile faisnéise; go bhforbrófaí acmhainneacht an mheasúnaithe leochaileachta; go bhfeabhsófaí freagairt oibríochtúil Frontex; agus go dtabharfaí aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le sainordú nua Frontex.

Rialáil margaí agus an geilleagar iomaíoch

Tuarascáil speisialta 13/2021: Tá iarrachtaí an Aontais i ndáil le sciúradh airgid san earnáil baincéireachta a chomhrac ró-ilroinnte agus níl an cur chun feidhme leordhóthanach

Is cleachtas é sciúradh airgid a fhéachann le fáltais ó choireanna a “dhlisteanú” trí na fáltais sin a scaoileadh isteach sa ghnáthgheilleagar agus a mbunús neamhdhleathach a cheilt. Laistigh den Eoraip, measann Europol go bhfuil luach na gcéadta billiún euro, arb ionann é sin agus 1.3 % d’olltáirgeacht intíre an Aontais, ag gabháil le hidirbhearta amhrasta.

Ghlac an tAontas a chéad treoir in aghaidh sciúradh airgid in 1991 chun cur in aghaidh bagairtí ar an margadh inmheánach ó sciúradh airgid agus, ina dhiaidh sin, chun maoiniú don sceimhlitheoireacht a chosc. Rinneadh an nuashonrú is déanaí air in 2018. Chun go mbeadh éifeacht ag an treoir in aghaidh sciúradh airgid, tá sé ag brath ar chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta. Tá lámh ag roinnt comhlachtaí de chuid an Aontais anseo freisin, amhail an Coimisiún (forbairt beartais, faireachán ar an trasuí), an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (anailís, sáruithe i ndlí an Aontais a imscrúdú, caighdeáin a leagan síos) agus an Banc Ceannais Eorpach (maoirseacht stuamachta ar na bainc, lena n-áirítear an riosca gur ann do sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta).

Rinneamar measúnú ag féachaint an raibh gníomhaíocht ón Aontas sa chomhrac in aghaidh sciúradh airgid san earnáil baincéireachta á cur chun feidhme go maith.

Fuaireamar gur ann d’ilroinnt institiúideach agus comhordú lag ar an iomlán ar leibhéal an Aontais a mhéid a bhaineann le bearta chun sciúradh airgid agus maoiniú don sceimhlitheoireacht a chosc agus a mhéid a bhaineann le gníomh a dhéanamh aon uair a shainaithnítear rioscaí a bheith ann. I gcleachtas, is ar an leibhéal náisiúnta a dhéantar maoirseacht ar bhearta chun cur in aghaidh sciúradh airgid agus in aghaidh mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus níl an creat formhaoirseachta Eorpach leordhóthanach chun machaire réidh a áirithiú.

Mholamar, go háirithe, go ndéanfaí tosaíocht níos soiléire den riosca gur ann do sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta; go mbunófaí creat le haghaidh sáruithe ar dhlí an Aontais a thuairisciú; agus go n-eiseofaí treoirlínte a éascaíonn malartú caighdeánaithe faisnéise idir maoirseoirí ar an leibhéal náisiúnta agus maoirseoirí ar leibhéal an Aontais.

Maoiniú agus riar an Aontais

Tuarascáil speisialta 10/2021: Príomhshruthú inscne i mbuiséad AE – Ní mór dúinn anois beart a dhéanamh

Tá comhionannas inscne ar cheann de luachanna bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Is bealach é príomhshruthú inscne chun comhionannas inscne a bhaint amach trí chomhionannas idir mná agus fir ag gach céim agus i ngach réimse de dhéanamh beartais agus den chur chun feidhme a chur chun cinn go gníomhach. Tá an Coimisiún tiomanta do phríomhshruthú inscne a chur chun feidhme, agus tá béim curtha ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar an ngá atá ann go ndéanfadh an tAontas a thiomantais ardleibhéil i leith príomhshruthú inscne a thabhairt i gcrích.

Deir an Coimisiún go bhfuil an dul chun cinn ionsar lán-chomhionannas inscne a bhaint amach “mall”. Aithníonn Parlaimint na hEorpa go ndearna an phaindéim cúrsaí níos measa ó thaobh na n-éagothromaíochtaí struchtúracha inscne atá cheana ann, agus d’áitigh sí gur cheart príomhshruthú inscne agus buiséadú inscne a úsáid sa fhreagairt do théarnamh COVID-19 agus freisin go ndéanfaí beart bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó na héifeachtaí díobhálacha a bhí ag géarchéimeanna eacnamaíocha roimhe seo ar chomhionannas inscne.

Rinneamar measúnú ag féachaint an raibh príomhshruthú inscne á chur i bhfeidhm i mbuiséad AE ó 2014 ar aghaidh ar mhaithe le comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn. Go háirithe, scrúdaíomar an raibh creat an Choimisiúin chun tacú le príomhshruthú inscne iomchuí; an raibh aird ag timthriall buiséadach an Aontais ar chomhionannas inscne; agus an raibh comhionannas inscne ionchorpraithe i gcúig cinn de chláir cistithe AE a roghnaíomar.

Fuaireamar nach bhfuil beart déanta go fóill ag an gCoimisiún de réir a thiomantais i leith príomhshruthú inscne i mbuiséad an Aontais. Ní dhearna straitéis um chomhionannas inscne cur chun cinn leordhóthanach ar phríomhshruthú inscne a úsáid agus níl lántacaíocht tugtha ag a chreat institiúideach go fóill do phríomhshruthú inscne. Sa bhreis air sin, ní dhearna timthriall buiséadach an Aontais comhionannas inscne a chur san áireamh ar bhealach leormhaith agus is beag aird a thug an Coimisiún ar anailís inscne sna beartais agus sna cláir a scrúdaíomar.

Mholamar, go háirithe, go neartófaí an creat institiúideach chun tacú le príomhshruthú inscne; go ndéanfaí anailísí inscne maidir le riachtanais agus tionchair chláir agus ionstraimí maoinithe an Aontais; go n-úsáidfí cuspóirí agus táscairí inscne-bhainteacha chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn; go bhforbrófaí córas chun rianú a dhéanamh ar chistí a thacaíonn le comhionannas inscne; agus go dtuairisceofaí go bliantúil ar na torthaí a bheadh bainte amach ó thaobh comhionannas inscne de.

Tuarascálacha bliantúla agus tuarascálacha bliantúla sonracha

Is é is mó a bhíonn i gceist le tuarascálacha bliantúla ná cur i láthair ar thorthaí ár Ráitis Dearbhaithe maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh agus maidir le buiséad na gCistí Eorpacha Forbraíochta (CEFanna), ach chomh maith leis sin clúdaítear gnéithe den fheidhmíocht agus de bhainistiú buiséadach agus airgeadais.

Sna tuarascálacha bliantúla sonracha, cuirimid i láthair ár n-obair iniúchóireachta bhliantúil maidir le gníomhaireachtaí AE agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, maidir le Comhghnóthais agus maidir leis na Scoileanna Eorpacha.

Foilsímid tuarascáil freisin maidir le dliteanais theagmhasacha atá ag éirí as gníomhaíochtaí atá déanta ag an mBord Réitigh Aonair (SRB).

Tuarascáil bhliantúil ar bhuiséad an Aontais do bhliain airgeadais 2020

Gach bliain, déanaimid iniúchóireacht ar ioncam agus caiteachas an Aontais Eorpaigh chun a scrúdú an bhfuil na cuntais bhliantúla iontaofa agus an bhfuil na hidirbhearta ioncaim agus caiteachais is bonn do na cuntais sin ag comhlíonadh rialacha airgeadais ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát.

Sa bhreis air sin, déanaimid measúnú go sonrach ar gach mór-réimse de bhuiséad an Aontais Eorpaigh, bunaithe ar na ceannteidil/fo-cheannteidil atá sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI). Déanaimid anailís freisin ar an gcúis ar tharla earráidí agus cár tharla na hearráidí; déanaimid moltaí chun feabhais; agus scrúdaimid ar cuireadh moltaí a rinneamar roimhe sin i bhfeidhm agus cén chaoi ar cuireadh i bhfeidhm iad.

Bíonn an obair fhorleitheadach sin ina bhonn dár Ráiteas Dearbhaithe, a bhfuil sé de cheangal orainn é a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i gcomhréir lenár sainordú faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Buiséad AE: tuairim fhabhrach ar na cuntais agus ar an ioncam

Do bhliain airgeadais 2020, sholáthraíomar “tuairim fhabhrach” ar na cuntais agus ar ioncam an Aontais Eorpaigh.

Buiséad AE: tuairim dhiúltach maidir leis an gcaiteachas

In 2020, ba é €173.3 billiún a bhí i gcaiteachas an Aontais, arbh ionann é sin agus 1.1 % d’iomlán na n-ollioncam náisiúnta a bhí ag AE-27 agus an Ríocht Aontaithe.

Thástáil ár n-iniúchóirí sampla de 728 íocaíocht a rinneadh le tairbhithe ar fud na réimsí caiteachais go léir, as pobal iniúchóireachta iomlán arbh fhiú thart ar €148 mbilliún é. Ciallaíonn sé sin go ndearnamar measúnú ar chásanna éagsúla inar úsáideadh airgead an Aontais chun tacaíocht a thabhairt do príomhthionscadail bhonneagair, do FBManna, d’eagraíochtaí taighde, d’fheirmeoirí, do mhic léinn i mBallstáit AE agus do thairbhithe i dtíortha lasmuigh den Aontas.

Do bhliain airgeadais 2020, d’eisíomar “tuairim dhiúltach” ar chaiteachas an Aontais Eorpaigh.

Earráid mheasta de 2.7 % (caiteachas 2020)

Do bhliain airgeadais 2020, ba é ár meastóireacht ar an leibhéal earráide don chaiteachas ina iomláine ná go raibh sé idir 1.8 % agus 3.6 %. Is é 2.7 % an lárphointe don raon sin, ar a dtugtar an “earráid is dóchúla”, agus tá sé sin mar a chéile leis an bhfigiúr do bhliain airgeadais 2019.

Nóta: Úsáidimid teicnící caighdeánacha staidrimh chun meastachán a dhéanamh ar an leibhéal earráide. Tá muinín 95 % againn go bhfuil an leibhéal earráide don pobal áit éigin sa raon idir an íosteorainn earráide agus an uasteorainn earráide (le haghaidh tuilleadh mionsonraí, féach Caibidil 1, Iarscríbhinn 1.1 a ghabhann le tuarascáil bhliantúil 2020).

Arís, bhí earráid ábhartha ag baint le níos mó ná 50 % den phobal iniúchóireachta

Do bhliain airgeadais 2020, bhí caiteachas ardriosca i gceist le 59 % dár bpobal iniúchóireachta, i gcomparáid le 53 % anuraidh. Is é 4.0 % an leibhéal earráide don chaiteachas ardriosca i gcomparáid le 4.9 % do bhliain airgeadais 2019.

dhá chineál caiteachais lena mbaineann patrúin riosca ar leithligh ina saintréithe ag caiteachas an Aontais:

  • Íocaíochtaí teidlíochta ísealriosca: Bunaithe ar choinníollacha áirithe (nach bhfuil chomh casta sin) a bheith á gcomhlíonadh ag na tairbhithe; áirítear orthu sin comhaltachtaí mac léinn agus taighde (faoi “Iomaíochas”), cabhair dhíreach d’fheirmeoirí (“Acmhainní nádúrtha”) agus tuarastail agus pinsin d’fhoireann an Aontais (“Riarachán”).
  • Aisíocaíochtaí costais ardriosca: Déanann an tAontas aisíocaíocht ar chostais incháilithe le haghaidh gníomhaíochtaí incháilithe (a bhfuil rialacha níos casta i gceist leo). Áirítear orthu sin tionscadail taighde (faoi “Iomaíochas”), infheistíocht i bhforbairt réigiúnach agus tuaithe (“Comhtháthú” agus “Acmhainní nádúrtha”) agus tionscadail don chabhair forbartha (“Eoraip dhomhanda”).
Na ceannteidil de CAI is mó a raibh earráidí iontu “Iomaíochas don fhás agus do phoist” agus “Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach”

Do bhliain airgeadais 2020, ba é “Iomaíochas don fhás agus do phoist” an fo-cheannteideal de CAI is mó a raibh earráidí ann, agus ina dhiaidh sin aniar bhí “Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach”.

Nóta: Tá an meastachán don leibhéal earráide bunaithe ar earráidí inchainníochtaithe a shainaithníomar trínár gcuid oibre, go sonrach trí shampla d’idirbhearta a thástáil. Bainimid úsáid as teicnící caighdeánacha staidrimh chun an sampla seo a roghnú agus meastachán a dhéanamh ar an leibhéal earráide (féach Caibidil 1, Iarscríbhinn 1.1 a ghabhann le Tuarascáil bhliantúil 2020).

Cásanna de chalaois amhrasta a tuairiscíodh chuig OLAF agus OIPE

Mar iniúchóir seachtrach an Aontais Eorpaigh, níl sainordú againn cásanna de chalaois amhrasta a imscrúdú. Dá bhrí sin, níl ár gcuid iniúchtaí deartha go sonrach chun calaois a bhrath. Mar sin féin, sainaithníonn ár n-iniúchóirí cásanna go rialta ina bhfuil amhras orainn go bhféadfadh sé gur tharla gníomhaíocht chalaoiseach.

Thuairiscíomar 15 chás de chalaois amhrasta chuig OLAF tar éis iad sin a shainaithint le linn ár gcuid oibre iniúchóireachta in 2021. Is sé cinn de chásanna den sórt sin a thuairiscíomar in 2020. Inár dtuarascáil bhliantúil ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh, tugtar faisnéis bhreise faoi nádúr na gcásanna calaoise amhrasta sin agus faoi na gnóthachain airgeadais ina dhiaidh sin a bhí molta ag OLAF.

I Meitheamh 2021, thosaíomar freisin ag comhoibriú le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) i gcomhréir le comhshocrú riaracháin a síníodh an 3 Meán Fómhair 2021. Rinneamar dhá chás a bhí sainaitheanta againn le linn ár gcuid oibre iniúchóireachta in 2021 a thuairisciú chuig OIPE.

Tuarascáil bhliantúil maidir le feidhmíocht
Tuarascáil bhliantúil maidir le feidhmíocht: treoirthionscadal dhá bhliain

Roinneamar ár dtuarascáil bhliantúil ina dhá chuid mar threoirthionscadal dhá bhliain, a thosaigh leis an tuarascáil bhliantúil do bhliain airgeadais 2019. Clúdaíonn an dara cuid den tuarascáil bhliantúil feidhmíocht na gclár caiteachais faoi bhuiséad an Aontais.

Scrúdaíomar ar úsáid an Coimisiún agus na comhreachtóirí na ceachtanna a foghlaimíodh ó thréimhsí na gcreataí airgeadais ilbhliantúla (CAInna) roimhe seo, agus cén chaoi ar úsáid siad iad, chun feabhas a chur ar dhearadh agus feidhmíocht na gclár caiteachais do thréimhse 2021-2027.

Scrúdaíomar freisin na torthaí a baineadh amach faoi chláir AE faoi CAI 2014-2020. Is é an cuspóir a bhí againn leis sin ná a dhéanamh amach cá mhéad faisnéise a bhain leis an bhfeidhmíocht a bhí ar fáil agus, bunaithe ar an bhfaisnéis sin, measúnú a dhéanamh ar cé chomh maith a bhí cláir chaiteachais AE ag feidhmiú go hiarbhír.

Sa chomhthéacs sin, rinneamar athbhreithniú ar an Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta (AMPR), arb í sin príomhthuarascáil an Choimisiúin maidir le feidhmíocht ardleibhéil bhuiséad an Aontais.

Leanamar suas freisin na moltaí iniúchóireachta a rinneamar i dtuarascálacha speisialta a foilsíodh in 2017.

Tuarascáil bhliantúil ar na Cistí Eorpacha Forbraíochta do bhliain airgeadais 2020
CEFanna: tuairim fhabhrach ar na cuntais agus ar an ioncam; tuairim dhiúltach ar an gcaiteachas

Ba iad na Cistí Eorpacha Forbraíochta (CFEnna), a seoladh in 1959, príomhionstraimí an Aontais chun cabhair um chomhar forbraíochta a sholáthar. Tá sé mar aidhm leo an ceann is fearr a fháil ar bhochtaineacht, forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéin Chiúin (ACC) agus tíortha agus críocha thar lear (TCTL) a lánpháirtiú i ngeilleagar an domhain. Tá siad á maoiniú ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus á mbainistiú lasmuigh de bhuiséad AE ag an gCoimisiún Eorpach agus ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BIE). Leanfar de bheith á gcur chun feidhme go leithligh, agus de bheith ag tuairisciú orthu go leithligh, go dtí go ndúnfar na cistí.

Le haghaidh creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, tá cabhair um chomhar forbraíochta do thíortha ACC agus TCTL á maoiniú as buiséad AE.

Mar a bhí i mblianta roimhe seo, d’eisíomar “tuairim fhabhrach” i dtaobh chuntais CFE agus i dtaobh an ioncaim, ach is “tuairim dhiúltach” a d’eisíomar i dtaobh chaiteachas CFE do bhliain airgeadais 2020. Is é 3.8 % ár leibhéal earráide measta don chaiteachas (3.5 % do bhliain airgeadais 2019).

Tuarascálacha bliantúla sonracha ar ghníomhaireachtaí an Aontais

Is eintitis dhlíthiúla ar leith iad gníomhaireachtaí an Aontais atá curtha ar bun chun cúraimí sonracha teicniúla, eolaíocha nó bainistíochta a dhéanamh a chuidíonn le hinstitiúidí an Aontais beartais a dhearadh agus a chur chun feidhme. Ar an iomlán, tá 43 ghníomhaireacht ann.

Nóta: Ní dhearnadh iniúchóireacht ar ÚES ná OIPE in 2020, mar nach raibh neamhspleáchas airgeadais fós acu faoin tráth sin. Taispeáintear an ghníomhaireacht is nua HADEA (an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú), a bunaíodh an 1 Aibreán 2021, ar an léarscáil freisin. Ag an am céanna, tháinig deireadh leis an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia (Chafea) agus athraíodh ainm INEA go dtí CINEA (an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol) agus athraíodh ainm EASME go dtí EISME (Gníomhaireacht Feidhmiúcháin na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide). Sa bhreis air sin, rinneadh GSA a athainmniú an 12 Bealtaine 2021 mar EUSPA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis).

Tuairim fhabhrach i dtaobh ghníomhaireachtaí uile an Aontais, seachas trí cinn, do bhliain airgeadais 2020

I mbliain airgeadais 2020, is é €3.7 billiún a bhí i mbuiséad iomlán na ngníomhaireachtaí go léir faoinár sainordú (gan SRB san áireamh), agus is ionann é sin agus 2.2 % de bhuiséad ginearálta an Aontais do 2020. Is iad na figiúirí comhfhreagracha do bhliain airgeadas 2019 ná €3.3 billiún agus 2.2 %.

Ar an iomlán, dheimhnigh ár n-iniúchóireacht ar na gníomhaireachtaí na torthaí dearfacha a tuairscíodh sna blianta roimhe sin. D’eisíomar “tuairimí fabhracha” i dtaobh chuntais na 41 ghníomhaireacht agus i dtaobh na n-ioncam. Chuireamar ár séala leis na híocaíochtaí is bonn do chuntais na ngníomhaireachtaí go léir, cé is moite de na cuntais dóibh seo a leanas: an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), an Ghníomhaireacht chun Bainistiú Oibríochtúil a Dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) agus an Ghníomhaireacht um Chibearshlándáil (ENISA). Do na trí ghníomhaireacht sin, d’eisíomar tuairimí cáilithe, go príomha mar gheall ar neamhrialtachtaí i nósanna imeachta soláthair agus mar gheall ar bhearna sa nós imeacht tarmligin chun oibríochtaí buiséadacha a údarú.

Tuarascáil bhliantúil shonrach ar Chomhghnóthais do bhliain airgeadais 2020

Is comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha AE leis an tionscal, le grúpaí taighde agus le Ballstáit atá sna Comhghnóthais (JUnna), agus tá ról tábhachtach acu maidir le tacaíocht a thabhairt do thionscadail faoi threallús an mhargaidh i limistéir straitéiseacha taighde agus nuálaíochta agus, ar an gcaoi sin, i mbeartas taighde an Aontais a chur chun feidhme.

Déanann ocht gcinn as na naoi JU gníomhaíochtaí sonracha taighde agus nuálaíochta a chur chun feidhme faoi chlár Fís 2020 i réimse an iompair, an fhuinnimh, na sláinte, na dtionscal bithbhunaithe, na gcomhpháirteanna agus na gcóras leictreonach, agus na taighde digití. Tá an naoú JU, “Fuinneamh Comhleá”, cistithe ag Euratom agus tá sé freagrach as rannchuidiú na hEorpa le hImoibreoir Trialach Teirmeanúicléach Idirnáisiúnta (ITER) a sholáthar.

Tuairim fhabhrach i dtaobh na gComhghnóthas uile do bhliain airgeadais 2020

I mbliain airgeadais 2020, d’eisíomar “tuairim fhabhrach” i dtaobh na gcuntas, an ioncaim agus na n-íocaíochtaí do na JUnna go léir.

Mar a bhí i mblianta roimhe seo, áfach, bhí “béim ar ábhar” ag gabháil lenár dtuairim iniúchóireachta i dtaobh chuntais bhliantúla JU “Fuinneamh Comhleá” (F4E), go príomha chun aird a tharraingt ar an riosca go mbeidh tuilleadh méaduithe costais agus tuilleadh moilleanna i gceist le tionscadal ITER a chur chun feidhme.

Tuarascálacha bliantúla sonracha ar na scoileanna Eorpacha agus dliteanais theagmhasacha an Bhoird Réitigh Aonair

D’eisíomar ár dtuarascáil bhliantúil ar an athbhreithniú ar chuntais bhliantúla chomhdhlúite na 13 scoil Eorpacha do bhliain airgeadais 2020. Cé nár thug ár n-athbhreithniú aon earráidí ábhartha sna cuntais chun solais, mar sin féin ní rabhamar in ann a dheimhniú go raibh bainistiú airgeadais na Scoileanna ag comhlíonadh an Rialacháin Airgeadais agus na Rialachán Foirne go hiomlán.

Tuairiscímid go bliantúil freisin ar dhliteanais theagmhasacha an Bhoird Réitigh Aonair (SRB), na Comhairle agus an Choimisiúin ag éirí as comhlíonadh a gcúraimí faoin Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair. Inár dtuarascáil do bhliain airgeadais 2020, thángamar ar an gconclúid go ndearna SRB agus an Coimisiún dícheall macánta a gcuid dliteanas teagmhasach a nochtadh nuair a bhí cúis acu leis sin a dhéanamh.

Pointe tosaigh don nós imeachta um urscaoileadh i bParlaimint na hEorpa

Is é foilsiú ár dtuarascálacha bliantúla an pointe tosaigh freisin don nós imeachta um urscaoileadh, ar nós imeachta é trína gcinneann Parlaimint na hEorpa – ar mholadh ón gComhairle – an bhfuil buiséad an Aontais bainistithe go sásúil ag an gCoimisiún agus ag comhlachtaí eile. Má tá sé sin déanta acu, deonaítear urscaoileadh dóibh.

I mí Dheireadh Fómhair 2021, thosaíomar lenár dtuarascálacha bliantúla do 2020 a thíolacadh don Choiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa agus don Choiste um an mBuiséad sa Chomhairle. Ina dhiaidh sin, rinneamar cur i láthair orthu ag seisiún iomlánach i bParlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais.

Thairis sin, i gcaitheamh 2021, rinneamar ár dtuarascálacha bliantúla a chur i láthair do pharlaimintí náisiúnta agus do rialtais in 20 Ballstát.

Tuairimí

Scrúdú ar na tograí ón gCoimisiún maidir le Cúlchiste Coigeartaithe Brexit agus maidir le hacmhainní dílse a chur ar fáil

Mar iniúchóir seachtrach neamhspleách an Aontais, rannchuidímid le feabhas a chur ar bhainistiú airgeadais trí thuairimí a eisiúint ar thograí ón gCoimisiún le haghaidh reachtaíocht nua nó reachtaíocht athbhreithnithe. Nuair a bhíonn tionchar suntasach airgeadais i gceist leis na tograí reachtaíochta sin, tá ceanglas i ndlí an Aontais a deir go gcaithfear dul i gcomhchomhairle linn. Is féidir le hinstitiúidí eile a iarraidh orainn tuairimí a eisiúint ar shaincheisteanna sonracha eile. Déantar ár gcuid tuairimí go léir a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

In 2021, d’fhoilsíomar dhá thuairim den sórt sin. Baineann an chéad cheann díobh sin le togra reachtach lena mbunaítear Cúlchiste Coigeartaithe Brexit. Baineann an dara ceann le leasuithe ar na rialacha a bhí cheana ann agus é mar aidhm leis na leasuithe sin intuarthacht a fheabhsú do na Ballstáit agus nósanna imeachta le haghaidh réiteach díospóide a shoiléiriú nuair a bhíonn acmhainní dílse á gcur ar fáil.

Táirgí cumarsáide eile

Réamhamhairc iniúchóireachta

Tugann ár réamhamhairc iniúchóireachta faisnéis faoi thascanna iniúchóireachta (feidhmíochta) atá idir lámha. Tá siad bunaithe ar an obair ullmhúcháin a bhíonn déanta agus tá siad ceaptha a bheith mar fhoinse faisnéise dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa bheartas agus/nó clár atá faoi iniúchóireacht.

In 2021, d’eisíomar sé réamhamharc iniúchóireachta (14 in 2020).

Iris

I ngach eagrán d’Iris CIE bíonn ailt ar théama ar leith, ón dearcadh iniúchóireachta den chuid is mó, atá scríofa ag daoine atá ag obair laistigh nó lasmuigh d’insititiúidí an Aontais Eorpaigh.

In 2021, d’eisíomar trí eagrán ar na hábhair seo a leanas: “Forbairt straitéise i ndomhan atá ag athrú go tapa”, “Ionchais nua á gcruthú ag CBT nua”, agus “Bainistiú tubaistí agus géarchéimeanna”.

Comhdhálacha agus seimineáir ghréasáin

In 2021, d'eagraíomar (asainn féin nó i bpáirt le dream eile) roinnt comhdhálacha agus seimineár gréasáin. Bhí formhór na n-imeachtaí sin fós á n-eagrú go cianda agus bhí cead ag páirtithe leasmhara freastal orthu.

Seo thíos cúig shampla díobh.

Comhdháil chomhpháirteach idir Tribunal de Contas na Portaingéile agus CIE maidir le saincheisteanna Eorpacha

Le linn Uachtaránacht na Portaingéile ar an Aontas Eorpach, d’eagraigh Tribunal de Contas na Portaingéile agus CIE comhdháil dar teideal “Cistí Eorpacha – Rialú bainistithe agus cuntasacht” i Liospóin an 21 agus 22 Meitheamh 2021. Ba é sin an chéad chruinniú a bhféadfaí freastal go pearsanta air ó thosaigh paindéim COVID-19 i dtús 2020. Chas toscaireachtaí ón dá uasfhoras iniúchóireachta le hionadaithe ardleibhéil na Portaingéile agus pléadh na topaicí seo a leanas: tosaíochtaí agus dúshláin is bonn don chreat airgeadais ilbhliantúil agus don Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta; cistiú Eorpach agus aistriú aeráide; an todhchaí dhigiteach; inbhuanaitheacht chistí poiblí; agus bainistiú agus rialú Cistí Eorpacha.

Rialachas airgeadais san Aontas Eorpach

An 9 Iúil 2021, thionóil CIE comhdháil ardleibhéil fíorúil maidir leis an rialachas airgeadais san Aontas Eorpach. Is í an aidhm a bhí leis an gcomhdháil sin ná plé a chothú faoin teacht aniar atá in earnáil airgeadais an Aontais agus a ullmhaithe atá an earnáil sin chun dul i ngleic leis an gcéad ghéarchéim eile agus tacú leis an téarnamh eacnamaíoch. Ba é Valdis Dombrovskis, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin, a d’oscail an chomhdháil agus bhí cainteoirí agus aíonna painéil ardchéimiúla ann ó institiúidí an Aontais agus institiúidí idirnáisiúnta, ó na Ballstáit, ón earnáil airgeadais agus ón aos acadúil.

Paindéim COVID-19 agus a héifeachtaí ar thodhchaí na hEorpa

An 6 Deireadh Fómhair 2021, d’eagraigh an Chúirt ceardlann hibrideach chun machnamh a dhéanamh ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa in éineacht le Federica Mogherini, Reachtaire Choláiste na hEorpa agus iar-Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus Leas-Uachtarán den Choimisiún Eorpach. Tharraing sí aird ar roinnt gnéithe den phaindéim a cheap sí a bheadh lárnach sa phlé ar thodhchaí na hEorpa. Iarradh ar fhoireann na Cúirte Iniúchóirí a dtuairimí siúd faoi thodhchaí na hEorpa a thabhairt, ní hamháin óna ndearcadh mar iniúchóirí ach freisin óna ndearcadh mar shaoránaigh den Aontas.

Margaí caipitil a fhorbairt sna tíortha Baltacha

An 1 Deireadh Fómhair 2021, tionóladh an 8ú Comhdháil Idirnáisiúnta maidir leis na Margaí Airgeadais dar teideal “Margaí caipitil a fhorbairt sna tíortha Baltacha” in Vilnias. Rinne an chomhdháil seo forbairt ar na moltaí agus na conclúidí atá i dTuarascáil speisialta 25/2020: Aontas na Margaí Caipitil – Tús mall i dtreo sprioc uaillmhianach. Tháinig go leor cainteoirí ardchéimiúla, lena n-áirítear Ingrida Šimonytė, Príomh-Aire Phoblacht na Liotuáine, agus Werner Hoyer, Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, le chéile chun díospóireacht a bheith acu ar an gcaoi is fearr le margadh aonair don chaipiteal a fhorbairt, margadh a thabharfadh deiseanna éifeachtacha infheistíochta agus airgeadais do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do rialtais.

Comhdháil Aeráide COP

Ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide 2021 i nGlaschú – cruinniú mullaigh COP 26 – bhí an Chúirt ina comhóstach ag dhá imeacht ar an imeall: rannchuidigh an Chúirt trí phlé, arna eagrú le EUROSAI, ar a mhéid a rannchuidíonn iniúchóirí seachtracha le huaillmhian na haeráide a thabhairt i gcrích; agus bhí an Chúirt ina comhóstach, in éineacht leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI), ar imeacht maidir le hairgeadais a stiúradh i dtreo oiriúnú don athrú aeráide. Rinne an Comhalta den Chúirt, Eva Lindström, torthaí iniúchadh na Cúirte ar airgeadas inbhuanaithe a chur i láthair agus rinne Leas-Uachtarán BEI, Ambroise Fayolle, cur i láthair ar Phlean Oiriúnaithe nua BEI.

Nuálaíocht agus iniúchóireacht dhigiteach

Chuir an Chúirt dlús lena hiarrachtaí an úsáid is fearr a bhaint as teicneolaíocht nua-aimseartha agus as teicnící nua san iniúchóireacht chun níos mó faisnéise agus faisnéis níos fearr a chur ar fáil don phróiseas cuntasachta. Chomh maith leis sin, rinne an Chúirt tosaíocht lárnach ina straitéis do 2021-2025 d'úsáid a bhaint as teicneolaíocht agus sonraí san iniúchóireacht.

Plean forbartha le haghaidh úsáid mhéadaithe sonraí agus teicneolaíochta san iniúchóireacht

I mí Iúil 2021, ghlac an Chúirt a plean forbartha le haghaidh úsáid mhéadaithe sonraí agus teicneolaíochta san iniúchóireacht. Sa phlean sin, leagtar síos spriocanna agus cuspóirí do na chéad chúig bliana eile chun úsáid níos fearr a bhaint as an teicneolaíocht chun tacú le cuspóirí iniúchóireachta na Cúirte.

DATA: foireann nua i seirbhís na hiniúchóireachta

Tar éis an plean sin a ghlacadh, chruthaigh an Chúirt foireann nua, ar a dtugtar DATA (Sonraí agus Teicneolaíocht don Iniúchóireacht). Is foireann lárnach de shaineolaithe atá in DATA – go príomha eolaithe sonraí agus iniúchóirí TF – a thugann tacaíocht do na foirne iniúchóireachta agus atá freagrach as an bplean forbartha a chur chun feidhme ar fud na Cúirte.

I gcaitheamh 2021, d’fhorbraíomar an fhoireann trí dhaoine a earcú ón taobh amuigh agus go hinmheánach, go sonrach trí eolaithe sonraí ó ECALab – saotharlann nuálaíochta na Cúirte – a thabhairt isteach ar an bhfoireann. Is í an chéad chéim eile ná cur leis na treoirthionscadail agus na seirbhísí a bhí roimhe seo ag ECALab.

Nuálaíocht agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn

Cé gur athraigh ár bhfócas i dtreo réitigh inláimhsithe a thabhairt i gcrích dár n-iniúchóirí ar an mórscála, tá gá mór i gcónaí le taighde agus nuálaíocht. Trí ECALab agus foireann DATA, leanamar de bheith ag breathnú isteach i dteicneolaíochtaí ar nós mianadóireacht téacs, mianadóireacht próiseas agus intleacht shaorga. Mar shampla, bhunaíomar seirbhís um Uathoibriú Róbatach Próiseas (RPA) chun bailiú fianaise don iniúchóireacht ar mhodh lárnaithe agus uathoibríoch a sholáthar, rud a chuireann feabhas ar luas agus inléiteacht nuair a bhíonn doiciméid tacaíochta á n-íoslódáil. Úsáideadh RPA i 17 dtasc iniúchóireachta.

Bhíomar páirteach go gníomhach sa Ghrúpa um theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn de chuid an Choiste Idirinstitiúidigh um Chlaochlú Digiteach, ag obair ar theicneolaíochtaí nua amhail intleacht shaorga, réaltacht bhreisithe nó blocshlabhra a thabhairt isteach in institiúidí an Aontais. Chinneamar i Meán Fómhair 2021 díriú isteach ar a bheith ag obair le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais chun cur chuige a fhorbairt i leith teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte a oibriú chun fónamh dár riachtanais speisialta.

Lean ECALab de chomhroinnt eolais idirnáisiúnta a chothú trí TINA, gréasán atá seolta ag an gCúirt ina dtugtar le chéile gairmigh ó UFInna na mBallstát chun comhroinnt agus comhoibriú a dhéanamh sa “Teicneolaíocht agus nuálaíocht don iniúchóireacht".

Caidreamh institiúideach

Bímid ag obair go dlúth le Parlaimint na hEorpa, leis an gComhairle, leis na parlaimintí náisiúnta agus le rialtais na mBallstát, mar go bhfuil tionchar ár gcuid oibre ag brath go mór ar an úsáid a bhaineann siadsan as ár gcuid fionnachtana agus moltaí.

Parlaimint na hEorpa

I Márta 2021, thug Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí (CCC) cuireadh d’Uachtarán na Cúirte Iniúchóirí chuig malartú tuairimí faoinár straitéis do 2021-2025 agus faoi chláir oibre 2021+ agus 2022+.

Tugtar cuireadh go rialta do Chomhaltaí na Cúirte agus d’fhoirne iniúchóireachta chuig cruinnithe de choistí agus comhlachtaí Pharlaimint na hEorpa, go háirithe chuig an gCoiste um Rialú Buiséadach (CONT), chun torthaí ár gcuid oibre a chur i láthair.

D’fhormhór 2021, lean Parlaimint na hEorpa dá cuid suíonna iomlánacha agus a cuid cruinnithe coiste a eagrú i bhfoirm hibrideach. In ainneoin na srianta a bhain leis an bpaindéim, tháinig an Chúirt i láthair Pharlaimint na hEorpa 147 n-uaire, an líon is mó riamh in aon bhliain amháin.

Ar an iomlán, in 2021, rinne ár gComhaltaí cur i láthair in CONT ar 19 dtuarascáil speisialta agus ceithre athbhreithniú. Bhí Comhaltaí tuairiscithe na Cúirte páirteach freisin in 13 éisteacht in CONT maidir le hurscaoileadh 2020 agus i gcúig éisteacht maidir le hurscaoileadh 2019.

Sa bhreis air sin, thug na Comhaltaí 46 chur i láthair ar thuarascálacha speisialta, athbhreithnithe agus tuairimí do 17 gcoiste eile i bParlaimint na hEorpa. Tharla cuid de na cruinnithe sin go comhpháirteach nuair a bhí leas ag roinnt coistí sa tuarascáil chéanna.

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Mar riail, bíonn comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle ag déileáil lenár dtuarascálacha speisialta go luath i ndiaidh a bhfoilsithe, ach ní gá gurb amhlaidh an cás leis na hathbhreithnithe agus na tuairimí go léir. In 2021, rinneamar cur i láthair ar 28 dtuarascáil speisialta agus aon tuairim amháin os comhair dhá choiste den Chomhairle (an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais agus an Coiste um Sheirbhísí Airgeadais) agus 18 meitheal den Chomhairle.

In 2021, bhí Uachtarán na Cúirte Iniúchóirí, Klaus-Heiner Lehne, agus Comhaltaí eile den Chúirt páirteach freisin i sé chruinniú le Buanionadaithe an Aontais Eorpaigh. Thairis sin, thug an Coiste um an mBuiséad sa Chomhairle cuireadh do bhainistíocht ábhartha na Cúirte cur i láthair a dhéanamh ar ár straitéis do 2021-2025, ar chláir oibre 2021+ agus 2022+, ar an straitéis dhigiteach maidir le hiniúchóireacht na ngníomhaireachtaí agus ar an dréachtbhuiséad do 2022.

Uachtaránacht na Comhairle An Phortaingéil: Eanáir – Meitheamh 2021 An tSlóivéin: Iúil – Nollaig 2021

Tionóladh formhór chruinnithe Chomhairle an Aontais Eorpaigh go cianda. Mar sin féin, ghlac Comhaltaí na Cúirte páirt i roinnt cruinnithe fisiciúla, mar shampla:

  • In Aibreán 2021, rinne an Comhalta den Chúirt, João Figueiredo, cur i láthair ar phríomhtheachtaireachtaí na Cúirte a bhain lenár n-obair i dtaca leis an gcomhshaol ag cruinniú neamhfhoirmiúil den Chomhairle a bhí ag airí comhshaoil an Aontais i Liospóin.
  • I mí na Samhna 2021, bhí cruinniú ag Uachtarán na Cúirte, Klaus-Heiner Lehne, agus Comhalta den Chúirt, Tony Murphy, le hAire Airgeadais na Slóivéine ina cháil mar Uachtarán ECOFIN sula ndearnadh tuarascáil bhliantúil 2020 a thíolacadh d’airí airgeadais an Aontais Eorpaigh.

Parlaimintí Náisiúnta agus rialtais na mBallstát

Cruinnithe le parlaimintí náisiúnta

In 2021, in ainneoin na srianta a bhí forchurtha de bharr na paindéime, chuireamar ár n-obair i láthair ag 97 gcruinniú le parlaimintí náisiúnta in 21 Bhallstát. Is i bpearsa a bhí na cruinnithe den chuid is mó (80 cruinniú fisiciúil agus 17 gcruinniú fhíorúla).

Cruinnithe le rialtais na mBallstát

Rinne ár gComhaltaí agus ár mbainistíocht cur i láthair ar ár gcuid oibre ag 107 gcruinniú le rialtais agus comhlachtaí rialtais na mBallstát in 20 Ballstát in 2021. Is i bpearsa a bhí na cruinnithe den chuid is mó (81 chruinniú fhisiciúla agus 26 chruinniú fhíorúla).

An Coimisiún Eorpach

Malartú tuairimí lenár n-eintiteas faoi iniúchóireacht ar an leibhéal is airde

Bíonn teagmháil rialta déthaobach ag Comhaltaí na Cúirte agus na Coimisinéirí le chéile i dtaobh tascanna iniúchóireachta atá beartaithe agus atá idir lámha.

Le blianta, is cleachtas seanbhunaithe freisin é go mbeadh cruinniú bliantúil ag na Comhaltaí lena gcontrapháirtithe sa Choimisiún Eorpach.

In 2021, áfach, mar gheall ar phaindéim COVID-19 a bheith fós ar siúl, chomhaontaíodar an cruinniú bliantúil sin a chur ar athló.

Comhar le huasfhorais iniúchóireachta eile

Coiste Teagmhála Uasfhorais Iniúchóireachta an Aontais Eorpaigh

Tarlaíonn ár gcomhoibriú leis na huasfhorais iniúchóireachta (UFInna) sna 27 mBallstát go príomha faoi chuimsiú Choiste Teagmhála Uasfhorais Iniúchóireachta an Aontais Eorpaigh. Is fóram é sin a éascaíonn idirphlé agus malartú idir UFInna Bhallstáit an Aontais agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

In 2021, thionscnaíomar – in éineacht le UFInna na Beilge agus na Gearmáine – gníomhaíocht chomhair maidir le cur chun feidhme NextGenerationEU, go sonrach maidir le hiniúchóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus na bPleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Bhí fáilte mhór roimh an tionscamh seo againn, sa mhéid gur thapaigh iniúchóirí agus bainisteoirí iniúchóireachta as 18 UFI san Aontas an deis cruinnithe a bheith acu go rialta agus saincheisteanna a bhain le hábhar mar aon le cur chuige na hiniúchóireachta a phlé.

Cruinniú bliantúil curtha ar athló

Sna gnáthchúinsí, bíonn cruinniú uair sa bhliain ag an gCoiste Teagmhála. Mar gheall ar COVID‑19, áfach, rinneadh an cruinniú bliantúil a bhí le bheith ann i nDeireadh Fómhair 2020 a chur siar go dtí 2022. D’eagraigh an Chúirt Iniúchóirí cruinniú eatramhach ar líne, a bhí ann i mí na Samhna 2021.

Coimre Iniúchóireachta maidir leis an bhfreagairt ar COVID-19 a eisíodh i mí Iúil 2021

I mí Iúil 2021, thar ceann an Choiste Teagmhála, d’fhoilsíomar Coimre Iniúchóireachta maidir leis na dúshláin a bhain le paindéim COVID-19. Tugtar faisnéis sa tuarascáil sin faoin tionchar a bhí ag an bpaindéim ar leibhéal náisiúnta agus fornáisiúnta, agus faoin bhfreagairt ar an bpaindéim ag na leibhéil sin, agus tugtar forléargas ar an obair iniúchóireachta a bhain le hábhar a rinne UFInna an Aontais, agus a d’fhoilsigh siad, in 2020.

Ba é sin an ceathrú heagrán den Choimre Iniúchóireachta, atá anois ina fhoilseachán bliantúil ag an gCoiste Teagmhála.

Líonra maidir le Teicneolaíocht agus Nuálaíocht don Iniúchóireacht

San ardán comhroinnte eolais agus comhair le UFInna eile an Aontais maidir le Teicneolaíocht agus Nuálaíocht don Iniúchóireacht (TINA), a sheolamar i mí na Samhna 2020, tá 498 n-úsáideoir cláraithe ann anois as 26 UFI san Aontas, as an gCoimisiún agus as an gCúirt Iniúchóirí.

D’eagraigh an líonra 12 imeacht beo ar líne ar ábhair amhail uathoibriú róbatach próiseas, mianadóireacht phróiseas, blocshlabhra agus cibearshlándáil, agus bhí 60 duine ar an meán rannpháirteach i ngach seisiún.

UFInna i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha ar aontachas leis an Aontas

Thacaíomar freisin le UFInna i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha ar aontachas leis an Aontas (an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv[*], Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia agus an Tuirc).

In 2021, thacaíomar le SIGMA (Tacaíocht d’Fheabhsú sa Rialachas agus sa Bhainistíocht), tionscnamh comhpháirteach idir ECFE agus an tAontas Eorpach, ó thaobh ceardlanna ar iniúchóireacht an chaiteachais phoiblí a bhaineann le COVID-19 a eagrú.

[*] Ní dochar an t-ainmniú “An Cosaiv” do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le Forógra Neamhspleáchais na Cosaive.

INTOSAI

In 2021, leanamar dár rannpháirtíocht ghníomhach i ngníomhaíochtaí na hEagraíochta Idirnáisiúnta Uasfhoras Iniúchóireachta (INTOSAI). Mar Leas-Chathaoirleach den Choiste um Chaighdeáin Ghairmiúla (PSC), bhí ionchur againn i dTascfhórsa INTOSAI um Pleanáil Straitéiseach agus chomhoibríomar go gníomhach leis na Cathaoirligh eile ar na Sprioc-Choistí. I mí na Samhna 2021, d’fhreastalaíomar ar chruinniú fíorúil de bhord rialaithe INTOSAI.

Bhíomar páirteach freisin i bhfochoistí PSC agus i ngníomhaíochtaí agus tionscadail chomhlachtaí oibre eile in INTOSAI, go sonrach iniúchóireacht chomhshaoil, Mórshonraí, nuachóiriú airgeadais agus athchóiriú rialála, chomh maith le meastóireacht ar bheartais agus cláir phoiblí. Bhíomar páirteach freisin i dtascfhórsa maidir le Gairmiúlú Iniúchóirí INTOSAI agus i dTionscnamh Forbartha INTOSAI.

EUROSAI

Bhíomar bainteach go gníomhach freisin le gníomhaíochtaí in Eagraíocht Eorpach na nUasfhoras Iniúchóireachta (EUROSAI), an grúpa réigiúnach Eorpach de INTOSAI, go háirithe a grúpaí oibre ar iniúchóireacht chomhshaoil, teicneolaíochtaí faisnéise, iniúchóireacht ar chistí a leithdháiltear le haghaidh tubaistí agus mórthubaistí, agus an tascfhórsa ar iniúchóireacht agus eitic.

In 2021, leanamar obair an ghrúpa tionscadail ar “Ullmhú do rioscaí sa todhchaí agus don ghéarchéim aeráide: An bhfuil sé in am ag an iniúchóireacht a bheith fadbhreathnaitheach?” (a bhí faoi chomhstiúir Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta na Ríochta Aontaithe) i gcomhthéacs an phortfóilió dar teideal “Smaoineamh chun cinn agus saincheisteanna atá ag teacht chun cinn”. Rannchuidíomar go gníomhach freisin leis an ngrúpa tionscadail ar iniúchóireacht a dhéanamh ar an bhfreagairt do COVID-19.

In éineacht le EUROSAI, d’eagraíomar imeacht ar an imeall ag COP26 maidir le “Gníomhú ar son na haeráide a thabhairt i gcrích”.

Ár mbainistíocht

Comhaltaí

Feidhmíonn an Chúirt Iniúchóirí mar chomhlacht coláisteach de Chomhaltaí, le comhalta amháin ann as gach Ballstát. Ar dhul i gcomhchomhairle le Parlaimint na hEorpa, ceapann an Chomhairle gach aon Chomhalta tar éis don rialtas náisiúnta lena mbaineann iad a ainmniú. Níl aon ról againn sa phróiseas chun ár gComhaltaí a ainmniú nó a cheapadh.

Is téarma in-athnuaite sé bliana atá ag ár gComhaltaí. Comhlíonann siad a ndualgais faoi neamhspleáchas iomlán agus chun leas ginearálta an Aontais. Ar dhul i mbun oifige dóibh, tugann siad gealltanas sollúnta chuige sin os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

In 2021, cheap an Chomhairle Comhalta nua ón bPolainn, Marek Opioła, don chuid eile den téarma a bhí ag an iar-Chomhalta, Janusz Wojciechowski, le héifeacht ón 1 Feabhra 2021. Ceapadh an tUasal Wojciechowski ina Choimisinéir Talmhaíochta don Aontas in 2019.

Méala mór dúinn gur bhásaigh ár gComhalta ón bPortaingéil, João Figueiredo, an 29 Meitheamh 2021. Bhí an nós imeachta chun duine a ainmniú don chuid eile dá théarma oifige fós ar siúl ag deireadh 2021.

Tháinig an Coláiste le chéile 20 uair in 2021. Mar gheall ar an bpaindéim, is i modh hibrideach a tionóladh formhór na gcruinnithe sin – le cuid de na Comhaltaí i láthair sa Chúirt féin agus an dream eile ag freastal go cianda. Bhí ráta tinrimh de 97 % ann do na cruinnithe sin. Ghlac na Comhaltaí páirt freisin i gcruinnithe seomra agus i gcruinnithe coiste (féach freisin Seomraí iniúchóireachta agus coistí).

Seimineár 2021 na Cúirte Iniúchóirí: plé ar NGEU, ar an straitéis chumarsáide agus ar chlár oibre 2022+

Uair sa bhliain, téann ár gComhaltaí, an tArd-Rúnaí agus na stiúrthóirí ar sheimineár dhá lá chun plé a dhéanamh ar shaincheisteanna tábhachtacha a bhaineann le straitéis fhadtéarmach, obair agus eagar na Cúirte Iniúchóirí.

I rith Sheimineár na Cúirte i mbliana, phléigh na Comhaltaí na topaicí lárnacha seo a leanas:

  • todhchaí an Ráitis Dearbhaithe;
  • ionstraim NextGenerationEU;
  • todhchaí na tuarascála feidhmíochta;
  • ceachtanna atá foghlamtha ó ghéarchéim an choróinvíris;
  • rannpháirtíocht na Cúirte sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa;
  • straitéis chumarsáide na Cúirte; agus
  • clár oibre 2022+.

An tUachtarán

Tá an tUachtarán i gceannas ar na nithe seo a leanas san institiúid: straitéis, bainistiú pleanála agus feidhmíochta, cumarsáid agus an caidreamh leis na meáin, idirchaidreamh institiúide, gnóthaí dlíthiúla agus an iniúchóireacht inmheánach. Déanann an tUachtarán ionadaíocht ar an gCúirt freisin sa chaidreamh seachtrach.

Roghnaíonn ár gComhaltaí duine as a measc féin mar Uachtarán go ceann tréimhse in-athnuaite trí bliana. Gabhann an té a thoghtar chuige nó chuici féin an ról mar shaoi i measc na sua (primus inter pares), is é nó í a dhéanann cathaoirleacht ar chruinnithe na Cúirte agus áirithíonn sé nó sí go ndéantar cinntí na Cúirte a chur chun feidhme.

Toghadh Klaus-Heiner Lehne mar Uachtarán i Meán Fómhair 2016 agus atoghadh arís é i Meán Fómhair 2019.

Nóta: Amhail ag Feabhra 2022.

Seomraí iniúchóireachta agus coistí

Sanntar na Comhaltaí chuig ceann de chúig sheomra iniúchóireachta, ina ndéantar formhór ár dtuarascálacha iniúchóireachta, athbhreithnithe agus tuairimí a ghlacadh. Leithdháileann na seomraí iniúchóireachta a gcuid tascanna ar a gcuid Comhaltaí. Tá gach Comhalta cuntasach don seomra, agus don Chúirt, as a gcuid tascanna iniúchóireachta féin. Is iniúchóirí gairmiúla atá ag obair do stiúrthóireachtaí an tseomra iniúchóireachta a dhéanann an obair iniúchóireachta.

Déanann na Comhaltaí i ngach seomra iniúchóireachta Déan a thoghadh go ceann tréimhse in-athnuaite dhá bhliain. Amhail i mí na Nollag 2021, ba iad na Déin ar ár gcúig sheomra iniúchóireachta ná Samo Jereb, Iliana Ivanova, Bettina Jakobsen, Mihails Kozlovs agus Tony Murphy.

Déileálann an Coiste um Rialú Cáilíochta na hIniúchóireachta (AQCC) le beartais, caighdeáin agus modheolaíocht iniúchóireachta, tacaíocht agus forbairt iniúchóireachta agus rialú cáilíochta na hiniúchóireachta sa Chúirt Iniúchóirí. Tá sé comhdhéanta de Chomhalta amháin as gach seomra iniúchóireachta agus is é Jan Gregor atá ina chathaoirleach.

Glacann an Coiste Riaracháin (AC) agus, i gcás inarb iomchuí, Coláiste na gComhaltaí – arb é an tUachtarán atá ina chathaoirleach orthu araon – cinntí maidir le saincheisteanna straitéiseacha agus riaracháin go ginearálta. Tá an Coiste Riaracháin comhdhéanta den Uachtarán, Déin na seomraí, cathaoirleach AQCC agus an Comhalta atá freagrach as an gCaidreamh Institiúideach (amhail i mí na Nollag 2021, Rimantas Šadžius).

In 2021, bhí 95 chruinniú ag na seomraí, 12 chruinniú ag AC agus naoi gcruinniú ag AQCC. Mar gheall ar an bpaindéim, is i modh hibrideach a tionóladh formhór na gcruinnithe sin. Bhí ráta tinrimh de 98 %, 96 % agus 96 % ann do na cruinnithe sin, faoi seach.

I measc na gcoistí eile atá ann, tá an Coiste Eitice (faoi chathaoirleacht Joëlle Elvinger), an Coiste Iniúchóireachta Inmheánaí (faoi chathaoirleacht Ivana Maletić) agus an Painéal Comhairleach Fadbhreathnaitheachta (amhail i mí na Nollag 2021, faoi chathaoirleacht Helga Berger).

Tá ár mbainistíocht shinsearach comhdhéanta den Ard-Rúnaí agus de stiúrthóirí. Ar an iomlán, tá deich stiúrthóireacht ann, a bhfuil cúig cinn acu cleamhnaithe le seomraí iniúchóireachta, ceann le AQCC, ceann leis an Uachtaránacht agus trí cinn leis an Ardrúnaíocht.

An 1 Eanáir 2021, chuaigh Zacharias Kolias i mbun dualgais mar Ard-Rúnaí na Cúirte Iniúchóirí go ceann téarma sé bliana.

Nóta: Amhail i mí Feabhra 2022.

Feidhmíocht a thomhas

Cuirimid tacar d’eochairtháscairí feidhmíochta (KPInna) i bhfeidhm mar bhonn faisnéise dár mbainistíocht faoin dul chun cinn atá á dhéanamh chun ár spriocanna straitéiseacha a bhaint amach, chun tacú leis an gcinnteoireacht agus chun faisnéis faoinár bhfeidhmíocht a thabhairt dár ngeallsealbhóirí institiúideacha. Tá ár KPInna nuashonraithe againn chun tacú lenár straitéis do 2021-2025. Tugann an tacar seo a leanas de chúig KPI forléargas leathan ar an gcaoi a bhfuilimid ag feidhmiú mar eagraíocht a mhéid a bhaineann le craobhscaoileadh ár gcuid oibre, an tionchar atá aici agus an dearcadh atá uirthi:

  • an líon tuarascálacha a foilsíodh (i gcomparáid leis an méid a pleanáladh);
  • feiceálacht sna meáin;
  • an tionchar atá ag ár gcuid oibre agus an dearcadh atá uirthi (aiseolas ó gheallsealbhóirí);
  • muid a bheith i láthair in institiúidí eile, sna parlaimintí náisiúnta agus i rialtais na mBallstát, agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnta;
  • mar a dhéantar moltaí ón gCúirt Iniúchóirí a chur chun feidhme.
Foilsíodh 32 thuarascáil in 2021, in ainneoin shrianta COVID-19

In 2021, in ainneoin na gcúinsí deacra a bhí ann mar gheall ar COVID-19, d’fhoilsíomar 32 thuarascáil, an líon céanna agus a foilsíodh in 2020. Bhí 27 dtuarascáil speisialta agus cúig athbhreithniú i gceist leo seo. Sin ocht gcinn níos lú, áfach, ná na 40 tuarascáil a bhí pleanáilte i gclár oibre 2021+, mar gur cuireadh moill ar chuid de na hiniúchtaí i rith na bliana.

An líon tuarascálacha a foilsíodh

Ar an iomlán, in 2021, d’eisíomar 55 fhoilseachán.

Feiceálacht sna meáin

2021: méadú ar an gclúdach sna meáin

In 2021, thaifeadamar isteach agus amach le 67 000 alt ar líne agus postáil sna meáin sóisialta a bhain lenár dtuarascálacha iniúchóireachta, le foilseacháin eile nó leis an gCúirt go ginearálta. Is méadú suntasach é sin ar an gclúdach i gcomparáid le blianta roimhe sin (2020: 32 000; 2019: 51 000).

Is féidir leis an gclúdach sna meáin athrú go mór ag brath ar an ábhar agus ar cé chomh casta atá tuarascáil. D’fhéadfadh tosca seachtracha, ar nós imeacht tábhachtach nó forbairt beartais, tionchar a imirt freisin ar an spéis a chuireann na meáin inár gcuid foilseachán. Thairis sin, le linn éigeandálaí ar nós phaindéim COVID-19, bíonn aird na meán dírithe go mór ar ábhar a bhaineann leis an ngéarchéim.

Ó bhí dianghlasáil COVID-19 ann, tá ár gcuid foilseachán curtha chun cinn go fíorúil againn, rud a chuir ar ár gcumas teagmhálacha le hiriseoirí a mhéadú. Bhí tionchar dearfach aige sin ar ár gclúdach sna meáin.

I gcomparáid le blianta roimhe seo, tháinig méadú mór ar an spéis inár dtuarascálacha iniúchóireachta. B’amhlaidh an scéal d’fhoilseacháin eile agus don Chúirt Iniúchóirí go ginearálta, ós rud é gur bhaineamar clúdach sna meáin amach a bhí gar do na leibhéil roimh COVID.

Idirghníomhú leis an bpreas

In 2021, d’eisíomar 49 bpreasráiteas in 23 theanga de chuid an Aontais, chomh maith le nótaí faisnéise, fógraí do na meáin agus closráitis (réidh le húsáid) i roinnt teangacha. Tharraingíomar suas páipéir faoin seasamh a bhí againn lena bhfoilsiú i nuachtáin mhóra le rá agus thugamar roinnt agallamh le móreagraíochtaí meán ar fud na hEorpa a chlúdaigh an raidió, an teilifís agus an preas scríofa. Sa bhreis air sin, bhí 26 sheisiún faisnéise ar líne don phreas againn, lena n-áirítear faisnéis don phreas de réir tíre don tuarascáil bhliantúil. Ar an iomlán, mheall ár seisiúin faisnéise 527 iriseoir, a raibh a bhformhór ag teacht ó eagraíochtaí nuachta náisiúnta i mBallstáit an Aontais.

Aon mhilliún cuairt ar shuíomh gréasáin na Cúirte

In 2021, tugadh os cionn aon mhilliún cuairt arís eile ar ár suíomh gréasáin, le thart ar 546 000cuairteoir uathúil ann.

Mhoilligh an ghníomhaíocht ar na meáin shóisialta

Tugann na meáin shóisialta an deis dúinn idirghníomhú go díreach leis na saoránaigh. In 2021, le linn do ghéarchéim COVID-19 a bheith fós ann, leanamar de bheith ag laghdú ár ngníomhaíochtaí ar na meáin shóisialta; ar an iomlán, chuireamar rudaí suas faoin gCúirt agus a cuid oibre 718 n-uaire ar ár gcainéil sna meáin shóisialta (2020: 1 007 bpostáil).

In 2021, leanamar de bheith ag tagairt inár bpostálacha ar na meáin shóisialta d’ailt in Iris na Cúirte. Dá réir sin, rinne 28 % dár bpostálacha atáirgeadh ar ailt a foilsíodh roimhe sin in Iris na Cúirte (2020: 32 %).

2021: lean an líon leantóirí ar na meáin shóisialta de bheith ag méadú

Faoi dheireadh 2021, bhí thart ar 39 000 leantóir ag ár dtrí chuntas sna meáin shóisialta (Twitter, LinkedIn, Facebook), sin méadú ar an 35 000 a bhí againn in 2020.

An tionchar atá ag ár gcuid oibre agus an dearcadh atá uirthi

Dúirt 83 % de na freagróirí ar ár suirbhéanna go raibh ár dtuarascálacha úsáideach dá gcuid oibre

Déanaimid measúnú ar an tionchar dóchúil atá ag ár gcuid oibre agus ar úsáideacht ár gcuid oibre, de réir mar a fheictear sin do léitheoirí ár gcuid tuarascálacha i bParlaimint na hEorpa, sa Chomhairle, sa Choimisiún, i ngníomhaireachtaí an Aontais, i mbuanionadaíochtaí na mBallstát, i ngníomhaireachtaí agus UFInna na mBallstát, in eagraíochtaí neamhrialtasacha, i measc an aosa acadúil, sna meáin agus i measc páirtithe eile.

Ó 2018, tá suirbhéanna leictreonacha i ndíth ainm á ndéanamh againn chun a iarraidh ar ár léitheoirí aiseolas cáilíochtúil a thabhairt ar rogha tuarascálacha agus moltaí ginearálta a dhéanamh i dtaobh ár gcuid oibre.

In 2021, mheas 83 % den bheagnach 500 freagróir go raibh ár gcuid tuarascálacha úsáideach dá gcuid oibre agus mheas 79 % go raibh tionchar ag na tuarascálacha sin. Tá sé sin cosúil leis an toradh don bhliain seo caite (2020: 84 % agus 75 %, faoi seach).

Muid a bheith i láthair in institiúidí eile, sna parlaimintí náisiúnta agus i rialtais na mBallstát, agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnta

Méadú mór i láithreachtaí

Ar an iomlán, in 2021, rinneamar cur i láthair ar thorthaí ár gcuid oibre ag 419 n-ócáid os comhair coistí de Pharlaimint na hEorpa, chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle, parlaimintí náisiúnta agus rialtais na mBallstát.

Thairis sin, ghlacamar páirt in 154 ghníomhaíocht idirnáisiúnta. Áiríodh orthu sin gníomhaíochtaí eagraíochtaí iniúchóireachta poiblí idirnáisiúnta, go háirithe INTOSAI agus EUROSAI, chomh maith le himeachtaí déthaobhacha le UFInna eile, comhdhálacha, cruinnithe, agus gníomhaíochtaí a bhí dírithe ar spriocghrúpaí níos leithne.

In 2021, rinneamar nuashonrú ar ár KPI i dtaca le muid a bheith i láthair sa mhéid gur chuireamar rialtais na mBallstát agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnta san áireamh.

Ar an iomlán, rinneamar méadú mór ar ár n-idirghníomhú le geallsealbhóirí Eorpacha agus idirnáisiúnta, ag baint leibhéil amach a bhí níos airde ná na leibhéil a bhí ann roimh phaindéim COVID-19.

Mar a dhéantar moltaí ón gCúirt Iniúchóirí a chur chun feidhme

Rinneadh beagnach gach ceann de na moltaí a rinneamar in 2017 a chur chun feidhme

Tomhaisimid an chaoi a ndéantar ár gcuid moltaí a chur chun feidhme bunaithe ar an obair leantach a dhéanann ár gcuid iniúchóirí. Do 2021, rinneamar anailís ar na moltaí a rinneadh inár gcuid tuarascálacha in 2017.

Thaispeáin an anailís go raibh 94 % de na 35 mholadh a rinneadh i dtuarascáil bhliantúil 2017 agus 89 % de na 161 mholadh i dtuarascálacha speisialta 2017 curtha chun feidhme, bíodh sin ina n-iomláine nó go pointe áirithe nó ar an mórchóir.

Ár bhfoireann

Leithdháileadh na foirne

Ag deireadh 2021, mar a bhí i mblianta roimhe sin, bhí 853 phost, idir bhuana agus shealadacha, sa Chúirt Iniúchóirí. Bhí 527 de na poist sin sna seomraí iniúchóireachta, lena n-áirítear 104 phost in oifigí na gComhaltaí.

Sa bhreis air sin, bhí 92 dhuine ar conradh agus 25 shaineolaí náisiúnta ar iasacht ag obair dúinn ag deireadh na bliana (2020: 83 agus 15 faoi seach).

Earcaíocht

Leanann ár mbeartas earcaíochta prionsabail ghinearálta agus coinníollacha fostaíochta institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus tá raon leathan de chúlraí acadúla agus gairmiúla ag ár bhfoireann.

In 2021, d’earcaíomar 80 fostaí nua (2020: 62 fostaí), ar a raibh 16 oifigeach, 21 den fhoireann shealadach, 30 den fhoireann ar conradh agus 13 shaineolaí náisiúnta ar iasacht.

Tá ár gclár ASPIRE d’iniúchóirí ceaptha imeascadh gairmiúil daoine nua a éascú, ag ligean dóibh taithí ag an obair a fháil i dtascanna iniúchóireachta éagsúla chomh maith le páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí oiliúna sna chéad trí bliana anseo dóibh.

Chuireamar 56 intéirneacht ar fáil freisin (2020: 44) do chéimithe ollscoile, a mhair idir trí mhí agus cúig mhí. In 2021, bhí ár gcuid oiliúnaithe ag obair óna dtír dhúchais le haghaidh sheisiúin an Mhárta agus na Bealtaine, agus ar mhodh hibrideach – faoi mar a bhí foireann eile na Cúirte – le haghaidh sheisiún Dheireadh Fómhair le meascán d’obair ar an láthair agus obair go cianda.

Próifíl aoise

Trí cheathrú (76 %) dár bhfoireann i seirbhís ghníomhach ag deireadh 2021, bhí siad idir 40 agus 59 mbliana d’aois; figiúr atá cosúil leis an bhfigiúr do 2020.

Tá beagnach trí cheathrú (73 %) dár stiúrthóirí agus príomhbhainisteoirí 50 bliain d’aois nó os a chionn (2020: 80 %). Fágfaidh sé sin go mbeidh athnuachan bainistíochta ann sna chéad 5 go 10 mbliana eile de réir mar a bheidh siad seo ag dul ar scor.

Comhdheiseanna

Ar an iomlán, fostaímid cion comhionann de mhná agus d’fhir inár bhfórsa oibre.

Táimid tiomanta do dheiseanna comhionanna gairme a thabhairt dár bhfoireann ag gach leibhéal den eagraíocht. Fostaímid cion comhionann de mhná agus d’fhir, agus in 2021 is mná a bhí i níos mó ná an tríú cuid (36 %; 35 % in 2020) dár stiúrthóirí agus dár bpríomhbhainisteoirí.

Shroich an cion de phríomhbhainisteoirí i réimse na hiniúchóireachta sa Chúirt ar mná iad 37.5 % (29 % in 2020), rud atá gar do sprioc 2027 de 40 %. Lenár bplean ilbhliantúil beartais agus gníomhaíochta do 2021-2025, bhogamar in 2021 ó bheartas comhionannais deiseanna go dtí cur chuige níos leithne don Éagsúlacht agus Cuimsitheacht.

Ar an gcaoi chéanna, táimid i gcónaí tiomanta do chóimheá gheografach a bhaint amach inár mbainistíocht.

Tacaíocht don iniúchóireacht

Modheolaíocht iniúchóireachta

AWARE

In 2021, chuireamar ár n-ardán digiteach inmheánach AWARE (Acmhainn Iniúchóireachta Inrochtana Gréasánbhunaithe) ar fáil ar ár suíomh gréasáin. Is pointe rochtana aonair chuig ár modheolaíocht agus treoraíocht iniúchóireachta é seo don phobal.

Oiliúint ghairmiúil

Comhdhlúthú ar an bhfoghlaim ar líne

Mar a bhíothas ag súil leis, ba ghnáthchleachtas é foghlaim ar líne in 2021. Bunaithe ar an taithí a fuarthas an bhliain roimhe sin, bhíomar in ann líon gníomhaíochtaí foghlama (616) nach raibh chomh hard sin riamh cheana a eagrú ar thopaicí éagsúla agus bhí an éagsúlacht sna hábhair ag dul ón iniúchóireacht go dtí cosaint sonraí. Anois agus arís, bhí an staid sláinte poiblí amhlaidh go rabhamar in ann oiliúint ar bhonn hibrideach nó sa seomra ranga a chur ar fáil.

Leis an líon mór gníomhaíochtaí ar líne, in éineacht leis an easpa srianta ar an líon rannpháirtithe, bhí tionchar dearfach ar na táscairí oiliúna a mhéadaigh go mór i gcomparáid le 2020.

2021: chuathas thar an sprioc don oiliúint ghairmiúil

Arís eile, chuamar thar an sprioc don oiliúint ghairmiúil atá socraithe ag cúig lá d’oiliúint seachas cúrsaí teanga d’iniúchóirí, mar atá de réir mholtaí Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí, agus dhá lá don fhoireann nach iniúchóirí iad.

D’fhreastail ár n-iniúchóirí ar 8.5 lá oiliúna (5.4 in 2020), agus d’fhreastail an fhoireann nach iniúchóirí iad ar 4.2 lá oiliúna (3.1 in 2020) ar an meán.

Oiliúint shainoiriúnaithe d’iniúchóirí

Is é an tosaíocht atá againn ná tacú le gníomhaíocht iniúchóireachta na Cúirte trí oiliúint ábhartha agus thráthúil a thairiscint dóibh. Dá bhrí sin, leanamar de chúrsaí sainoiriúnaithe a eagrú ar thopaicí éagsúla. Áiríodh orthu sin an geilleagar ciorclach, saorghluaiseacht le linn ghéarchéim COVID-19, dea-rialachas buiséadach, réigiúin ghuail i mbun aistrithe, conarthaí soláthair phoiblí, an CAI nua do 2021-2027, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus Cód Custaim an Aontais Eorpaigh.

Chuireamar dlús lenár ngníomhaíochtaí oiliúna i réimse na calaoise, na heitice agus an ionracais trí roinnt cúrsaí agus cur i láthair a eagrú ar thopaicí gaolmhara. Thugamar cuireadh d’oiliúnóirí agus do chainteoirí ó OLAF, OIPE, Eurojust agus Transparency International chun a gcuid eolais agus taithí a roinnt lenár bhfoireann.

Cláir théamacha

Faoi mar a bhí in 2020, is Seachtain Oiliúna Fhíorúil a bhí againn mar an Lá Oiliúna in 2021. Thapaíomar an deis dul thar na teorainneacha fisiciúla trí chuireadh a thabhairt do chainteoirí ó lasmuigh den Eoraip. Bhí na UFInna as na tíortha seo a leanas (in ord láithreachta) ag an Aonach Iniúchóireachta: an Astráil, an Afraic Theas, an Bhrasaíl, an tSeapáin agus Ceanada. Tugadh cuir i láthair an-spéisiúla eile ar thopaicí éagsúla – an comhshaol, cumarsáid agus anailís sonraí ina measc.

Ba é Deireadh Fómhair 2021 naoú Mí Eorpach na Cibearshlándála (ECSM), tionscnamh a dhéanann slándáil ar líne agus múscailt feasachta sa chibearshlándáil a chur chun cinn i measc shaoránaigh an Aontais. Bhí sé d’onóir ag an gCúirt Iniúchóirí a bheith ina comhóstach in éineacht leis an gCoimisiún Eorpach ag an ócáid oscailte. D’ullmhaíomar clár fairsing don mhí ar fad, ag tabhairt le chéile saineolaithe tábhachtacha sa chibearshlándáil ó institiúidí an Aontais agus saineolaithe mar iad as Lucsamburg.

I mí na Samhna 2021, d’eagraíomar an chéad cheann de “Laethanta don Teanga Shoiléir” ag an gCúirt. Bunaithe ar na Gradaim don Teanga Shoiléir, searmanas ina ndéantar ceiliúradh ar na tuarascálacha speisialta is fearr de chuid na Cúirte agus a thugann luach saothair ina leith, ba dheis a bhí sa tseachtain théamach smaoineamh ar an scríbhneoireacht shoiléir agus ar na dúshláin a bhíonn againn agus muid i mbun cumarsáide leis an bpobal.

Oiliúint agus múscailt feasachta don timpeallacht nua hibrideach

In 2021, leanamar dár gclár oiliúna do chomhchomhairleoirí gairme, meantóirí, éascaitheoirí inmheánacha agus daoine ar féidir teagmháil i modh rúin a dhéanamh leo. Chun tacú lenár bhfoireann sa timpeallacht nua hibrideach agus chun cabhrú le teacht aniar níos mó a bheith iontu, d’eagraíomar roinnt cur i láthair agus ceardlann ar thopaicí amhail COVID-19, uaigneas agus bulaíocht ag an obair, ciapadh le linn na dianghlasála, aireachas agus an tábhacht atá le dícheangal nuair a bhítear ag teilea-obair.

Aistriúchán

In 2021, d’aistríomar agus d’athbhreithníomar os cionn 227 000 leathanach (2020: 235 000), lena n-áirítear 29 800 leathanach a cuireadh amach chuig saoraistritheoirí. Bhí ár gcuid aistritheoirí páirteach freisin i ngníomhaíochtaí iniúchóireachta, ag tabhairt tacaíocht teanga le linn cuairteanna iniúchóireachta, ag cruinnithe ar líne agus i scríobh na dtuarascálacha. Sa bhreis air sin, bhí siad páirteach in obair chumarsáide, ag tabhairt comhairle teanga agus ag feabhsú na cáilíochta trí theachtaireachtaí a oiriúnú don spriocghrúpa – mar shampla trí oiriúnú cultúrtha.

D’earcaíomar agus chuireamar oiliúint ar fhoireann d’aistritheoirí Gaeilge d’fhonn go mbeadh an t-aschur sa Ghaeilge cosúil leis sin atá ag na grúpaí teanga eile ó 2022 ar aghaidh.

Slándáil faisnéise

2021: bliain ghnóthach eile don chibearshlándáil

De bhrí go raibh láncheangal i gcónaí ag foireann na Cúirte lena ngairis leictreonacha mar gheall ar phaindéim COVID-19, bhí an chibearshlándáil fós thar a bheith ábhartha in 2021. Bhí cibirionsaithe agus sáruithe sonraí a bhí ag tarlú arís agus arís eile romhainn amach, ach rinneamar feidhmchláir nua a shuiteáil chun cosaint níos stóinsí a tabhairt dár n-institiúid.

I ndiaidh beartas nua maidir le haicmiú faisnéise a ghlacadh anuraidh, d’ullmhaíomar treoirlínte maidir le faisnéis na Cúirte a aicmiú, lena n-áirítear treoraíocht i dtaobh rochtain ar an bhfaisnéis sin a dheonú trí ardán comhroinnte faisnéise.

Ghlacamar freisin Cinneadh 41-2021 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint. Thugamar cuireadh d’ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach teacht ar chuairt mheasúnaithe chuig ár limistéar riaracháin feabhsaithe ionas go bhfaighimis formheas uaidh don chaoi a ndéanann an Chúirt faisnéis leis an aicmiú “EU-Restricted” a phróiseáil.

Seo a leanas na príomhthorthaí don tréimhse sin:

  • An chéad dá fheachtas fioscaireachta ionsamhlaithe sa Chúirt chun cibirfheasacht na n-úsáideoirí a thomhas.
  • “EU Sign” a ghlacadh mar réiteach oifigiúil don síniú leictreonach sa Chúirt. Is seirbhís le haghaidh síniú leictreonach, arna soláthar ag an gCoimisiún Eorpach, atá in “EU Sign”.
  • Uirlis nua a shuiteáil chun cosaint a thabhairt do chomhadlanna agus comhaid íogaire.

Bliain dhúshlánach a bhí in 2021 ó thaobh bhainistiú na leochaileachta de, mar gheall ar an líon mór bagairtí a d’éiligh gníomh pras ó na foirne TF chun fabhtanna criticiúla i mbogearraí a leigheas.

Foirgnimh

trí fhoirgneamh (“K1”, “K2” agus “K3”) inár seilbh faoi láthair agus baintear feidhm as na foirgnimh sin mar eintiteas aonair atá chomhtháite go teicniúil. Tá spás oifige tógtha ar cíos againn i Lucsamburg freisin dár n-ionad athshlánaithe ó thubaiste.

Mar gheall ar ghéarchéim COVID-19 a bhí fós ar siúl, bhí beagnach gach duine dár bhfoireann ag obair ón mbaile in 2021 agus rinneadh cuairteanna seachtracha a shrianadh a mhéid ab fhéidir. Fuair formhór fhoireann na Cúirte vacsaín a thúisce agus a bhí na vacsaíní ar fáil. Mar gheall air sin, chomh maith le laghdú sa líon ionfhabhtuithe COVID-19 a bhí ann i rith an tsamhraidh, bhí an Chúirt in ann a rá leis an bhfoireann filleadh ar an obair san áitreabh ar bhonn rialta san fhómhar. Ag teacht lena raibh ar siúl in institiúidí eile an Aontais, thug an Chúirt íostréimhse éigeantach san oifig isteach, ag tosú an 13 Meán Fómhair 2021, agus is dhá lá in aghaidh na seachtaine (meán míosúil) a bhí san íostréimhse sin. Nuair a tháinig an t-athraitheach Omicron ar an bhfód, laghdaíodh an íostréimhse éigeantach go dtí lá amháin sa tseachtain.

Ag an am céanna, rinneamar gach beart sláinte agus sábháilteachta ba ghá a chur chun feidhme ionas go mbeadh an fhoireann a bhí san áitreabh in ann oibriú sna dálaí ab fhearr ab fhéidir go dtí go bhfillfí ar an ngnáthréim oibre.

In 2021, rinneadh oiriúnú ar sheomraí cruinnithe na Cúirte ionas go bhféadfaí cruinnithe hibrideacha a thionól.

K1

I bhfoirgneamh K1, a osclaíodh in 1988, tá oifigí ann do suas le 310 duine den fhoireann chomh maith le seomraí cruinnithe. Tá carrchlóis, saoráidí teicniúla, limistéir stórála, an leabharlann agus príomhsheomra na cartlainne ar leibhéil an íoslaigh, agus is saoráidí teicniúla amháin atá ar an urlár uachtarach.

Rinneadh nuachóiriú ar K1 in 2008 ionas go mbeadh sé ag comhlíonadh na gceanglas náisiúnta sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil. Aon áit a raibh faill againn air, rinneadh an teicneolaíocht in K1 a oiriúnú chun go mbeadh sí comhoiriúnach leis an teicneolaíocht atá in úsáid in K2 agus K3.

K2

Osclaíodh foirgneamh K2 in 2003. Tá carrchlóis, saoráidí teicniúla, stóras agus ionad aclaíochta ar leibhéil an íoslaigh. Is saoráidí teicniúla amháin atá ar an urlár uachtarach. Tá na hurláir eile in úsáid le haghaidh oifigí do suas le 241 dhuine den fhoireann, chomh maith le seomraí cruinnithe, seomra comhdhála le bothanna ateangaireachta, seomraí físchomhdhála, caifitéire agus limistéir bhunúsacha cistine.

Tá athchóiriú á dhéanamh faoi láthair ar fhoirgneamh K2 chun eagar na spásanna oibre ann a bharrfheabhsú agus chun suiteálacha teicniúla áirithe a uasghrádú. Stopadh den obair sin ag tús ghéarchéim COVID-19, ach tosaíodh arís uirthi i mí na Samhna 2020 agus ba chóir go mbeadh sí críochnaithe faoi dheireadh 2022.

Mar a chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i Márta 2014, tá costas an uasghrádaithe sin á chlúdach leis an mbuiséad a bhí fágtha ó thionscadal tógála K3 a tugadh chun críche roinnt blianta ó shin.

K3

Osclaíodh foirgneamh K3 in 2012. Tá carrchlóis, saoráidí teicniúla agus stórála, bánna díluchtaithe, saoráidí stórála dramhaíola, an chlólann, cistineacha agus an chartlann ar leibhéal an íoslaigh. Is bialann, caifitéire agus seomraí oiliúna atá ar urlár na talún. Tá oifigí do 503 dhuine den fhoireann san fhoirgneamh sin freisin, mar aon le seomraí cruinnithe agus seomra TF. Is seomraí fáiltithe, cistin agus saoráidí teicniúla atá ar an séú hurlár. Tugadh rátáil “an-mhaith” d’fhoirgneamh K3 de réir BREEAM, an modh ceannródaíoch domhanda chun inbhuanaitheacht foirgneamh a mheas agus a dheimhniú.

Tá áitreabh na Cúirte ar ardchlár Kirchberg i Lucsamburg.

Bainistiú comhshaoil

Mar institiúid den Aontas Eorpach, tá dualgas orainn prionsabail an bhainistithe fónta comhshaoil a chur i bhfeidhm inár ngníomhaíochtaí go léir. Dá bhrí sin, táimid tiomanta dár dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú go leanúnach. Gach bliain, déanaimid faireachán agus anailís ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa atá á nginiúint ag ár ngníomhaíochtaí.

Tá an Chúirt bródúil as an deimhniú atá faighte aici faoin Scéim um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS). Tá córas bainistithe comhshaoil atá i gcomhréir le EMAS á oibriú go rathúil againn agus tá na ceanglais do dheimhniú ISO 14001:2015 á gcomhlíonadh go hiomlán againn.

Ní féidir a shéanadh ach, ó Mhárta 2020, go raibh éifeacht dhearfach ag an bpaindéim ar ár dtáscairí comhshaoil dá réir seo a leanas:

  • tá titim as cuimse tagtha ar astaíochtaí CO2 atá bainteach le taisteal chun na hoibre agus le comaitéireacht;
  • tá titim mhór mar gheall ar an teilea-oibriú tagtha ar tháscairí atá nasctha go díreach le daoine den fhoireann a bheith ar an láthair oibre, amhail tomhailt páipéir agus uisce agus cruthú dramhaíola; agus
  • cé nach laghdú chomh mór céanna é, tháinig laghdú ar an tomhailt fuinnimh freisin le linn na dtréimhsí dianghlasála nuair nach raibh an oiread céanna daoine ag obair san oifig ach iad ag teilea-oibriú ón mbaile.

Is é 6 144 tona de coibhéis dé-ocsaíde carbóin (tCO2e) an t-aschur iomlán gás ceaptha teasa a bhí againn in 2020, arb ionann é sin agus laghdú 43 % ó 2014 – an bhliain ar chuireamar tús lenár n-astaíochtaí CO2 a thomhas.

Tuairisciú ar an inbhuanaitheacht

In 2021, déanfaidh an Chúirt a cuid iarrachtaí i leith na hinbhuanaitheachta a chur i láthair i dtuarascáil shonrach.

Ár gcuntasacht

Faisnéis airgeadais

Maoinítear ár n-institiúid as buiséad an Aontais faoin gceannteideal “Caiteachas riaracháin”.

In 2021, is thart ar €153.7 milliún a bhí inár mbuiséad.

Is ionann ár mbuiséad agus 1.5 % de chaiteachas riaracháin iomlán an Aontais (níos lú ná 0.1 % de chaiteachas iomlán an Aontais).

Cur chun feidhme Bhuiséad 2021

BLIAIN AIRGEADAIS 2021 Leithreasuithe deiridh Gealltanais % úsáide (gealltanas/ leithreasuithe) Íocaíochtaí
Teideal 1: Daoine atá ag obair leis an institiúid (mílte euro)
1 0 – Comhaltaí na hInstitiúide 10 654 10 138 95 % 10 111
1 2 – Oifigigh agus pearsanra sealadach 114 511 112 601 98 % 112 601
1 4 – Foireann eile agus seirbhísí seachtracha 7 835 7 152 91 % 6 861
1 6 2 – Misin 1 529 383 25 % 266
1 6 1 + 1 6 3 + 1 6 5 – Caiteachas eile a bhaineann le daoine atá ag obair leis an institiúid 2 660 2 519 95 % 2 144
Fo-Iomlán Theideal 1 137 189 132 793 97 % 131 983
Teideal 2: Foirgnimh, maoin shochorraithe, trealamh agus caiteachas ilghnéitheach oibriúcháin
2 0 – Maoin shochorraithe 4 306 4 306 100 % 2 282
2 1 0 – TF&T 9 141 9 141 100 % 4 484
2 1 2 + 2 1 4 + 2 1 6 – Maoin shochorraithe agus costais ghaolmhara 880 837 95 % 470
2 3 – Caiteachas riaracháin reatha 385 324 84 % 296
2 5 – Cruinnithe, comhdhálacha 496 90 18 % 69
2 7 – Faisnéis agus foilsiú 1 325 1 074 81 % 739
Fo-Iomlán Theideal 2 16 533 15 772 95 % 8 340
Iomlán na Cúirte Iniúchóirí 153 722 148 565 97 % 140 323

Buiséad 2022

méadú de 5.48 % i mbuiséad 2022 le hais an fhigiúir do 2021.

BLIAIN AIRGEADAIS 2021 2022 2021
Teideal 1: Daoine atá ag obair leis an institiúid (mílte euro)
1 0 – Comhaltaí na hInstitiúide 11 715 10 704
1 2 – Oifigigh agus pearsanra sealadach 120 838 114 120
1 4 – Foireann eile agus seirbhísí seachtracha 8 444 7 861
1 6 2 – Misin 2 452 2 988
1 6 1 + 1 6 3 + 1 6 5 – Caiteachas eile a bhaineann le daoine atá ag obair leis an institiúid 2 732 2 613
Fo-Iomlán Theideal 1 146 181 138 286
Teideal 2: Foirgnimh, maoin shochorraithe, trealamh agus caiteachas ilghnéitheach oibriúcháin
2 0 – Maoin shochorraithe 3 778 3 358
2 1 0 – TF&T 8 228 8 171
2 1 2 + 2 1 4 + 2 1 6 – Maoin shochorraithe agus costais ghaolmhara 944 901
2 3 – Caiteachas riaracháin reatha 574 565
2 5 – Cruinnithe, comhdhálacha 675 696
2 7 – Faisnéis agus foilsiú 1 761 1 745
Fo-Iomlán Theideal 2 15 960 15 436
Iomlán na Cúirte Iniúchóirí 162 141 153 722

Nóta: Baineann na figiúirí atá tuairiscithe anseo leis an mbuiséad tosaigh.

Iniúchóireacht inmheánach agus sheachtrach

Iniúchóireacht Inmheánach

Tugann ár Seirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí (IAS) comhairle don institiúid i dtaobh bealaí chun rioscaí a bhainistiú. Soláthraíonn sí seirbhísí dearbhaithe agus comhairliúcháin, atá neamhspleách agus oibiachtúil, agus atá leagtha amach ar shlí go gcuirfidh na seirbhísí sin luach le hoibríochtaí ár n-institiúide agus go bhfeabhsóidh siad na hoibríochtaí sin. Tuairiscíonn IAS chuig an gCoiste Iniúchóireachta Inmheánaí, atá comhdhéanta de thriúr Comhaltaí den Chúirt agus saineolaí seachtrach. Déanann an Coiste faireachán rialta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ar na tascanna éagsúla atá leagtha amach i gclár oibre bliantúil IAS, agus áirithíonn sé go bhfuil IAS neamhspleách.

In 2021, lean IAS d’athbhreithniú a dhéanamh ar bheartas bainistithe riosca na Cúirte agus d’eisigh sé tuarascálacha maidir le trí thasc: “Comhionannas Deiseanna”, “Bainistiú frithchalaoise” agus “Leanúnachas gnó agus bearta cosanta foirne faoi ghéarchéim COVID-19”. Tá an phríomhchuid den obair iniúchóireachta ar dhá thasc eile (i.e. “Rialachas TF” agus “An próiseas earcaíochta”) tugtha chun críche freisin ag IAS agus eiseofar tuarascálacha orthu sin in 2022.

Ar an iomlán, níor léirigh obair IAS easnamh ar bith a tharraingeodh amhras, mar gheall ar a nádúr nó a méid, ar iontaofacht fhoriomlán na gcóras rialaithe inmheánaigh atá curtha i bhfeidhm ag an oifigeach údarúcháin trí tharmligean chun dlíthiúlacht agus rialtacht ár n-oibríochtaí airgeadais in 2021 a áirithiú.

Iniúchóireacht sheachtrach

Déanann iniúchóir seachtrach neamhspleách ár gcuntais bhliantúla a iniúchadh. Tá sé seo tábhachtach mar go léiríonn sé go bhfuil na prionsabail chéanna ó thaobh trédhearcachta agus cuntasachta á gcur i bhfeidhm againn orainn féin agus a dhéanaimidne do na heintitis a bhíonn faoi iniúchóireacht againne.

An 6 Bealtaine 2021, d’fhoilsigh ár n-iniúchóir seachtrach – PricewaterhouseCoopers Sàrl – a thuarascáil ar ár gcuntais do bhliain airgeadais 2020.

Tuairimí ár n-iniúchóra sheachtraigh – Bliain airgeadais 2020

Maidir lenár ráitis airgeadais:

“Is é ár dtuairim go dtugann na ráitis airgeadais a ghabhann leis seo léargas fíorcheart ar staid airgeadais Chúirt Iniúchóirí na hEorpa – CIE (an “Chuideachta”) amhail an 31 Nollaig 2020, agus ar thorthaí a cuid oibríochtaí, a sreafaí airgid agus na hathruithe i nglansócmhainní don bhliain dar críoch ar an dáta sin i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.07.2018, lch. 1).”

Maidir leis an úsáid a bhaineamar as acmhainní agus maidir le nósanna imeachta um rialú:

“Bunaithe ar ár n-obair a bhfuil tuairisc uirthi sa tuarascáil seo, ní raibh aon rud ann a tharraing ár n-aird a bheadh ina chúis againn, in aon slí ábhartha agus bunaithe ar na critéir a bhfuil tuairisc anseo thuas orthu, lena chreidiúint:

  • nár úsáideadh na hacmhainní a bhí sannta ar CIE chun na gcríoch dá raibh siad beartaithe;
  • nach dtugann na nósanna imeachta um rialú atá i bhfeidhm na ráthaíochtaí is gá chun a áirithiú go bhfuil na hoibríochtaí airgeadais ag comhlíonadh na rialacha agus na rialachán is infheidhme.”

Déan teagmháil le

European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG

Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors

Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).

Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2022

PDF ISBN 978-92-847-7450-0 ISSN - doi:10.2865/588432 QJ-AA-22-001-GA-N
HTML ISBN 978-92-847-7438-8 ISSN - doi:10.2865/23363 QJ-AA-22-001-GA-Q
PRINT ISBN 978-92-847-7496-8 ISSN - doi:10.2865/74366 QJ-AA-22-001-GA-C

Tá an foilseachán seo ar fáil i 24 theanga agus sa leagan seo a leanas:

PDF
PDF General Report

CÓIPCHEART

© An tAontas Eorpach, 2022.

Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE).

Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar CIE atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar CIE an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh CIE faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.

Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann CIE nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.

I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.

I gcás na bpictiúr seo a leanas, déantar athúsáid a údarú ar choinníoll go ndéantar sealbhóir an chóipchirt, an fhoinse agus, má tá siad luaite, ainmneacha na ngrianghrafadóirí a thabhairt le fios:

* © An tAontas Eorpach, 2022, foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

* © An tAontas Eorpach, foinse: An Coimisiún Eorpach / Jennifer Jacquemart.

* © An tAontas Eorpach, foinse: An Coimisiún Eorpach / John Charlton.

* © An tAontas Eorpach, foinse: An Coimisiún Eorpach / Xavier Lejeune.

* © An tAontas Eorpach, foinse: An Coimisiún Eorpach / Boryana Katsarova.

* © An tAontas Eorpach, 2021, foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

* © An tAontas Eorpach, foinse: An Coimisiún Eorpach / Seyllou Diallo / Stefan Heunis.

* © An tAontas Eorpach, foinse: Parlaimint na hEorpa / Daina Le Lardic.

* © An tAontas Eorpach, 2022, foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

* © An tAontas Eorpach, 2022, foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

* © An tAontas Eorpach, 2021, foinse – Parlaimint na hEorpa.

I gcás na bpictiúr seo a leanas, údaraítear iad a atáirgeadh ar choinníoll go dtugtar aitheantas don fhoinse:

* © An tAontas Eorpach, 2021, foinse: Coiste Teagmhála Uasfhorais Iniúchóireachta an Aontais Eorpaigh.

Má táthar ag iarraidh ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé go gcaithfí cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt:

* © Getty Images / Xavier Lejeune; © Getty Images / Stadratte; © Getty Images / gorodenkoff.

* © Getty Images / Darwel.

* © Getty Images / RADZONIMO.

* © Getty Images / EmirMemedovski.

* © Getty Images / insta_photos.

* © Getty Images / serts.

* © Getty Images / Jevtic.

* © Getty Images / Denis Suslov.

* © Getty Images / Vertigo3d.

* © Getty Images / typhoonski.

* © Getty Images / tommy.

* © Pixabay / Alexas Fotos; © Getty Images / valio84sl & beijingstory; © Nuno André Ferreira.

* © MicroStockHub/Getty Images.

* © Aireacht Airgeadais Phoblacht na Liotuáine / Comhlachas Baincéireachta na Liotuáine.

* © UKCOP26.ORG

* © GLOBAL VIEW SPRL – grianghrafadóir: Simon Schmitt. Ailtirí na bhfoirgneamh: Paul Noël (1988) agus Jim Clemes (2004 & 2013).

Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide CIE.

Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar Shuíomhanna Gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus cóipchirt a léamh go cúramach.

Úsáid Lógó CIE

Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE HINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad Eolais “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil anseo: https://europa.eu/european-union/contact_ga

Ar an bhfón nó le ríomhphost
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach: Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

  • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
  • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696, nó
  • le ríomhphost, tríd an suíomh: https://europa.eu/european-union/contact_ga

EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa ag: https://europa.eu/european-union/index_ga

Foilseacháin de chuid an Aontais
Is féidir leat foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh, idir cinn saor in aisce agus cinn a bhfuil praghas orthu, a íoslódáil nó a ordú ag: https://op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna de na foilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad eolais áitiúil chun é sin a dhéanamh (https://europa.eu/european-union/contact_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar eolas dlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex ag: https://eur-lex.europa.eu

Sonraí oscailte ón Aontas Eorpach
Is féidir teacht ar thacair shonraí ón Aontas Eorpach ag Tairseach Sonraí Oscailte an Aontais (https://data.europa.eu/euodp/ga). Is féidir sonraí a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce, ar bhonn tráchtála nó ar bhonn neamhthráchtála.