
Ag taisteal san Eoraip le linn phaindéim an choróinvíris (COVID-19)
Bhí sé deacair taisteal a dhéanamh le cúpla bliain anuas de bharr phaindéim COVID-19 ach chabhraigh an vacsaíniú forleathan agus cur i bhfeidhm Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais chun rudaí a dhéanamh níos éasca arís.
Tá formhór na mBallstát tar éis deireadh a chur leis an gcuid is mó de na ceanglais taistil agus sláinte ach tá athraithigh nua den choróinvíreas fós ag teacht chun cinn. Dá mbeadh ráig nua den víreas ann b’fhéidir go mbeadh ar thíortha an Aontais ceanglais taistil nó sláinte áirithe a thabhairt isteach an athuair.
An t-eolas is déanaí ó na Ballstáit agus ó thíortha atá comhlachaithe le Schengen maidir le srianta taistil agus bearta sláinte agus sábháilteachta poiblí, is féidir teacht air sin ar fad ar an ardán Re-open EU i gcónaí. Tá an t-ardán le fáil mar shuíomh gréasáin agus mar aip mhóibíleach araon.
Cuireadh síneadhle scéim Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais go dtí an 30 Meitheamh 2023. Is iad na húdaráis sláinte náisiúnta atá i gceannas ar an deimhniú a eisiúint, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis an deimhniú mar chruthúnas ar vacsaíniú, tástáil nó téarnamh ó COVID-19 ar mhaithe le cuspóirí taistil.
Tuilleadh eolais:
Taisteal chuig an Aontas agus ón Aontas:
Cearta paisinéirí
Tá na mílte blianta den stair ag baint leis an Eoraip, tá oidhreacht shaibhir chultúrtha aici, mar aon le radhairc a bhainfeadh an anáil díot, agus is anseo atá cuid de na háiteanna saoire is mó a bhfuil tóir orthu ar domhan. Tá cuid mhór le feiceáil ag taistealaithe, idir shléibhte agus tránna gainimh, agus idir thírdhreach gleoite agus chathracha ilchultúrtha a bhfuil na mílte iarsmalann agus dánlann iontu. Agus is fusa anois ná riamh an méid sin a fheiceáil, a bhuí leis an Aontas Eorpach.
Mar shampla, is féidir leat taisteal chuig 26 thír san Eoraip gan dul trí sheiceálacha teorann, agus is féidir leat do mhadra nó do chat a thabhairt leat. Tá teacht agat go héasca ar chúram sláinte i gcás go bhfuil a leithéid uait agus is fusaide siopadóireacht a dhéanamh ar thóir sladmhargaí toisc an euro a bheith ann. Is féidir leat d’fhón póca a úsáid thar lear mar a dhéanfá sa bhaile, gan aon mhuirear breise a íoc, agus is féidir leat na síntiúis atá agat ar líne a úsáid freisin agus tú ag taisteal.
Tagann na milliúin ón gcoigríoch ar cuairt go dtí an Eoraip, ach chomh maith leis sin is breá le muintir na hEorpa féin cuairt a thabhairt ar na cathracha agus ar na tíortha atá in aice an dorais acu.
Tá sé chomh furasta céanna do mhuintir na hEorpa taisteal timpeall an Aontais agus atá sé taisteal laistigh dá dtír féin. Tá sé i bhfad níos éasca taisteal a dhéanamh anois ó tharla go bhfuil deireadh curtha le formhór na seiceálacha a bhain le pasanna agus go bhfuil an t-aon airgeadra amháin — an euro — in úsáid i 19 de thíortha an Aontais. Tagann saorghluaiseacht daoine, earraí, seirbhísí agus airgid leis an margadh aonair, agus tá rogha níos leithne agus praghsanna níos ísle ar fáil ó cuireadh an margadh aonair sin ar bun.
Agus de bharr an phas taistil nua, is féidir le daoine óga na hEorpa níos mó aithne a chur de réir a chéile ar a mór-roinn agus taitneamh a bhaint as oidhreacht shaibhir chultúrtha na háite saor in aisce.
Seacht dtír is fiche atá san Aontas Eorpach. D’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach an 31 Eanáir 2020. De réir an “Chomhaontaithe um Tharraingt Siar” idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, leanfaidh dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige sa Ríocht Aontaithe go ceann idirthréimhse, idirthréimhse a mhairfidh go dtí an 31 Nollaig 2020, ach amháin má chuirtear síneadh léi. Mar sin de, go dtí an 31 Nollaig 2020, beidh cúrsaí mar a bhí i dtaca le taistealaithe a bheith ag gabháil anall agus anonn idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas. Tá tuilleadh eolais faoi tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas le fáil anseo: https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/qanda_20_104
NA DOICIMÉID A THEASTÓIDH UAIT
SAORÁNAIGH DEN AONTAS
Pas nó cárta aitheantais
Ní mór do pháistí a bpas nó a gcárta aitheantais féin a bheith acu.
Ní theastóidh víosa uait más ag taisteal taobh istigh den Aontas Eorpach a bheidh tú.
De bharr rialacha Schengen, rialacha ar cuid de dhlí an Aontais iad, tá deireadh curtha ag formhór na dtíortha san Aontas le seiceálacha ar a dteorainneacha.
Is baill de limistéar Schengen iad an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis freisin, cé nach baill den Aontas Eorpach iad. Fágann sé sin, mar shampla, gur féidir leat dul ag sciáil san Eilvéis gan do phas a thaispeáint agus tú ag trasnú na teorann.
Is féidir rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a thabhairt isteach i gcásanna eisceachtúla ar feadh tréimhse theoranta más ann do bhagairt mhór ar an tslándáil inmheánach.

Má bhíonn tú ag taisteal chuig Ballstáit nach tíortha de chuid limistéar Schengen iad, nó ag filleadh ó na tíortha sin, beidh ort pas nó cárta aitheantais bailí a thaispeáint.
Seiceáiltear gach duine, saoránaigh den Aontas san áireamh, go córasach i mbunachair sonraí nuair a thrasnaíonn sé teorainneacha seachtracha an Aontais (daoine a thagann isteach san Aontas ó thír nach bhfuil san Aontas nó ó thír nach bhfuil i limistéar Schengen, mar shampla).
Ní mór duit do phas nó do chárta aitheantais a bheith ar iompar agat agus tú ag taisteal san Aontas Eorpach mar go bhféadfaí é a lorg ort chun críoch aitheantais nó slándála. Tabhair do d’aire gurb é an cárta aitheantais a fhaightear ó údaráis náisiúnta an t-aon chineál aitheantais amháin atá bailí.
Sula dtabharfaidh tú cuairt ar thír nach tír den Aontas í, seiceáil roimh ré cé na doiciméid a theastaíonn ón tír sin a bhfuil sé beartaithe agat cuairt a thabhairt uirthi.
https://europa.eu/youreurope/citizens/travel/entry-exit/eu-citizen/index_en.htm
DAOINE NACH SAORÁNAIGH DEN AONTAS IAD
Tabhair do d’aire: caitear le saoránaigh den Eilvéis, den Iorua, den Íoslainn agus de Lichtinstéin mar shaoránaigh den Aontas chun críoch taistil agus nuair a théann siad isteach i dtíortha den Aontas, ó tharla go bhfuil na ceithre thír sin páirteach i limistéar Schengen.
Pas
Teastóidh pas bailí uait.
Víosa
Tá breis agus 60 tír agus críoch ann nach dteastaíonn víosa óna gcuid saoránach chun cuairt a thabhairt ar an Aontas Eorpach ar feadh tréimhse nach mó ná 90 lá. Tá difríochtaí beaga idir an liosta de thíortha a dteastaíonn víosaí óna gcuid saoránach chun taisteal go hÉirinn agus an liosta de thíortha a dteastaíonn víosaí óna gcuid saoránach chun taisteal go tíortha eile de chuid an Aontais.
Is féidir iarratas ar víosa a dhéanamh ag consalacht nó ag ambasáid na tíre ar mian leat cuairt a thabhairt uirthi (nó ag consalacht nó ambasáid na tíre is ceann scríbe príomha duit). Is féidir leat taisteal chuig na tíortha go léir i limistéar Schengen má tá víosa Schengen agat. Lena chois sin, má tá víosa fadfhanachta bailí nó cead cónaithe bailí agat a d’eisigh tír atá i limistéar Schengen, is ceadmhach duit fanacht ar feadh tréimhse suas le 90 lá i dtíortha eile i limistéar Schengen. D’fhéadfadh sé go dteastódh víosa náisiúnta uait chun cuairt a thabhairt ar thíortha den Aontas nach bhfuil i limistéar Schengen. Tuilleadh eolais:
https://europa.eu/youreurope/citizens/travel/entry-exit/non-eu-nationals/index_en.htm


CONAS DUL ANN
TAISTEAL DE BHÓTHAR
Ceadúnas tiomána
Aon cheadúnas tiomána bailí a eisítear i dtír den Aontas, tugtar aitheantas dó ar fud an Aontais Eorpaigh, agus san Eilvéis, san Iorua, san Íoslainn agus i Lichtinstéin.
Is mar chárta plaisteach i bhformáid chaighdeánach Eorpach a eisítear gach ceadúnas nua anois. I bhformhór na dtíortha, ní hamháin go mbeidh ort ceadúnas tiomána bailí a bheith ar iompar leat ach beidh ort, freisin, an deimhniú clárúcháin a bheith leat le haghaidh d’fheithicle.
Ba cheart do thiománaithe nach as an Aontas dóibh a dheimhniú an bhfuil ceadúnas tiomána idirnáisiúnta ag teastáil uathu chun tiomáint sna tíortha den Aontas a bhfuil siad ag triall orthu, go háirithe más mian leo dul go dtí an Chipir, go hÉirinn, go dtí an Spáinn nó go Málta.
Árachas gluaisteán
Pé áit a bhfuil tú ag taisteal san Aontas Eorpach, is le polasaí árachais do ghluaisteáin a chuirfear ar fáil duit go huathoibríoch an t-oschlúdach a éilítear de réir an dlí (dliteanas tríú páirtí). Baineann sé sin leis an Eilvéis, leis an Iorua, leis an Íoslainn agus le Lichtinstéin freisin. Má tá árachas cuimsitheach agat i do thír bhaile, is minic a chlúdaíonn sé taisteal i dtíortha eile leis. Mar sin féin, is ceart na tíortha lena mbaineann sé agus an tréimhse bhailíochta a sheiceáil sula n-imíonn tú.
Is doiciméad caighdeánach é an ráiteas Eorpach ar thimpistí atá ar fáil i dteangacha éagsúla agus is féidir a fháil ó d’árachóir nó ar líne. Leis an bhfoirm sin, is fusa dearbhú a dhéanamh ar an láthair má bhaineann timpiste duit i dtír eile.
Níl sé éigeantach cárta glas a bheith agat agus tú ag taisteal san Aontas Eorpach. Mar sin féin, is cruthúnas é a aithnítear go hidirnáisiúnta go bhfuil íosleibhéal árachais tríú páirtí agat. Mura dtugann tú cárta glas leat, ba cheart duit do dheimhniú árachais a bheith ar iompar agat.
Dolaí agus greamdhearbháin vignettes
Is le dolaí (bunaithe ar fhad slí) nó le greamdhearbháin (bunaithe ar am) a ghearrann mórán tíortha táillí as úsáid a gcuid bóithre. Déanann an tAontas Eorpach faireachán ar na scéimeanna muirearaithe sin lena chinntiú go bhfuil siad comhréireach agus nach ndéanann siad leatrom ar neamhchónaitheoirí ná ar úsáideoirí ócáideacha.
Tiomáint go sábháilte
I ngach tír san Aontas Eorpach, ní mór criosanna sábhála a chaitheamh sna feithiclí go léir ina bhfuil siad feistithe. Ní mór srianta sábháilteachta cuí a bheith ann do pháistí.
Má úsáideann duine fón póca agus é ag tiomáint, is mó an baol atá ann go mbainfidh timpiste dó. Tá toirmeasc air sin i ngach tír den Aontas Eorpach, agus san Eilvéis, san Iorua, san Íoslainn agus i Lichtinstéin, mura bhfuil gléas lámhshaor in úsáid ag an duine.
De réir na tíre atá i gceist, is idir 0 mg/ml agus 0.8 mg/ml an t-uasleibhéal alcóil a cheadaítear san fhuil. Is féidir tiománaithe atá ag tiomáint ar róluas nó faoi thionchar an óil a aimsiú de bharr malartú trasteorann faisnéise níos fearr.
Ná dearmad gur ar thaobh na láimhe clé den bhóthar is ceart tiomáint sa Chipir, in Éirinn, agus i Málta agus nach mór duit de ghnáth géilleadh do thrácht ó thaobh na láimhe deise i dtíortha áirithe — sa Bheilg, sa Fhrainc, san Ísiltír agus sa Phortaingéil, mar shampla.
Cad iad na teorainneacha luais sa Spáinn? An gá dom clogad a chaitheamh agus mé ag rothaíocht sa tSualainn? Is féidir na rialacha tábhachtacha go léir maidir le sábháilteacht ar bhóithre a aimsiú ach an aip saor in aisce Going Abroad a íoslódáil: http://ec.europa.eu/transport/road_safety/going_abroad/index_ga.htm
Carranna leictreacha
Tá breis agus 150 000 pointe luchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha ar fud an Aontais Eorpaigh agus tá an tAontas ag déanamh a dhíchill chun a chinntiú go mbeidh i bhfad níos mó ná sin ann amach anseo. Úsáidtear an phlocóid chaighdeánaithe chéanna ar fud na mór-roinne ionas gur féidir le tiománaithe feithiclí leictreacha a gcarr a luchtú aon áit san Aontas díreach mar a dhéanann siad sa bhaile. Féach léarscáil na stáisiún breoslaí malartacha: https://www.eafo.eu
Busanna agus cóistí
Tá an tAontas ag cur feabhas i gcónaí ar chaighdeáin sábháilteachta le haghaidh paisinéirí busanna agus cóistí; mar shampla, tamall ó shin tugadh isteach rialacha níos déine maidir le húsáid ábhar dó-obach i bhfeithiclí. I gcás criosanna sábhála a bheith suiteáilte i mbusanna agus i gcóistí, is éigeantach iad a chaitheamh ar fud an Aontais.
Rothaíocht
Cén fáth nach bhféadfá eolas a chur ar an Eoraip ar an rothar? A bhuí le EuroVelo, an líonra Eorpach rotharbhealaí, tá an mhór-roinn ar fad agus cuid de na háiteanna is mó is díol spéise inti nasctha le 16 rotharbhealach mórfhaid, thar 70 000 km san iomlán. Ach úsáid a bhaint as ceann de na céadta scéimeanna rotharchíosa féinfhreastail, cuid acu a fuair cómhaoiniú ón Aontas Eorpach, féadfaidh tú bailte agus cathracha na hEorpa a bhreathnú ar do shó agus ar do shuaimhneas. www.en.eurovelo.com
TAISTEAL AR EITLEÁN
Tá eitiltí níos saoire agus rogha níos fearr aeriompróirí, bealaí agus seirbhísí ann do phaisinéirí de bharr an mhargaidh aonair Eorpaigh san aeriompar a bunaíodh breis is 25 bliana ó shin.
Tá an Eoraip ar cheann de na háiteanna is sábháilte ar domhan ó thaobh eitlíochta de. Chun an tsábháilteacht a fheabhsú i gcás aerlínte a thagann as áiteanna lasmuigh den Aontas Eorpach, ní mór do na haerlínte sin údarú a bheith acu á dheimhniú go gcomhlíonann siad caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta. Ina theannta sin, féadfaidh sé go ndéanfar iniúchadh ar a gcuid aerárthaí agus cuirfear cosc orthu feidhmiú laistigh d’aerspás na hEorpa má mheastar nach bhfuil siad sábháilte nó nach ndéanann a n-údaráis dóthain maoirseachta orthu.
Tá rialacha coiteanna ag an Aontas maidir le seiceálacha slándála ar phaisinéirí, ar bhagáiste cábáin agus ar bhagáiste boilg, agus cuirtear na rialacha sin i bhfeidhm maidir le gach eitilt a imíonn as aerfoirt de chuid an Aontais. Tá srianta i bhfeidhm maidir le leachtanna is ceadmhach a thabhairt isteach sa chábán agus tá liosta coiteann ann de nithe nach ceadmhach sa chábán ná sa bhagáiste boilg.
TAISTEAL AR IARNRÓD
Tá an t-iarnród fós ar cheann de na modhanna taistil is sábháilte agus is mó tóir san Eoraip. Tá breis agus 220 000 km d’iarnróid san Aontas Eorpach. Tá tuairim agus 8 000 km de línte ardluais ar chonairí tábhachtacha ar nós Páras–an Bhruiséil–Amstardam–Cologne, Milano–an Róimh agus Barcelona–Maidrid, agus tá tuilleadh línte á dtógáil.
TAISTEAL AR FARRAIGE
Is iomaí bealach farraige tábhachtach atá idir tíortha den Aontas Eorpach agus a gcuirtear seirbhísí den scoth ar fáil go rialta orthu, seirbhísí a d’fhéadfaí a úsáid in ionad taisteal de bhóthar, d’aer nó d’iarnród, nó chomh maith le taisteal den sórt sin. Tá an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta maidir le feabhas a chur ar an tsábháilteacht mhuirí agus maidir le hardchaighdeáin a chur chun cinn. Tháinig rialacha nua i bhfeidhm in 2018 chun feabhas a chur ar shábháilteacht na long a bhíonn ag iompar paisinéirí ar uiscí an Aontais Eorpaigh.
LÉARSCÁIL
AMCHRIOSANNA
AIRGEAD
AN EURO
Faoi láthair, úsáideann timpeall trí cheathrú de shaoránaigh an Aontais Eorpaigh an euro (€); sin breis agus 340 milliún duine in 19 dtír den Aontas: an Bheilg, an Chipir, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Spáinn, (féach an léarscáil intlise).
Úsáideann Andóra, Cathair na Vatacáine, Monacó agus San Mairíne an euro mar airgeadra náisiúnta le comhaontú an Aontais. Úsáideann roinnt tíortha agus críoch, amhail an Chosaiv agus Montainéagró, an euro mar airgeadra de facto.
I dtíortha Eorpacha taobh amuigh den limistéar euro, glacann mórán óstán, siopaí agus bialann le híocaíochtaí in euro agus ina n-airgeadra náisiúnta, go háirithe iad siúd atá suite i gceantair thurasóireachta, cé nach bhfuil oibleagáid dhlíthiúil orthu déanamh amhlaidh.
CÁRTAÍ AGUS AIRGEAD TIRIM
Is ionann an costas atá ar íocaíochtaí trasteorann in euro i dtíortha den limistéar euro — aistarraingtí as meaisíní bainc agus íocaíochtaí le cárta san áireamh — agus an costas atá orthu sa bhaile. Ón 15 Nollaig 2019 i leith, aon duine a bhfuil cónaí air i mBallstát atá lasmuigh den limistéar euro, tá sé ábalta tairbhe a bhaint as an socrú céanna, cé go mb’fhéidir go ngearrfaí táille comhshó airgeadra air.
Ina theannta sin, de bharr rialacha nua a tugadh isteach le déanaí, ní chuirfear aon chostas breise ort as íoc le cárta creidmheasa nó cárta dochair agus beidh cosaint níos fearr agat nuair a dhéanfaidh tú íocaíochtaí. Ón 19 Aibreán 2020, is féidir leat muirir comhshó airgeadra a sheiceáil agus a chur i gcomparáid le chéile go furasta aon uair a bheidh tú ag íoc ar an gcoigríoch le do chárta nó a bheidh tú ag aistarraingt airgead tirim.
Is cóir glao gutháin a chur ar an eisitheoir chun aon chártaí bainc a chailltear nó a ghoidtear a bhac láithreach. Sula dtosaí tú ag taisteal, nótáil an uimhir a mbeadh ort glao gutháin a chur uirthi.
Má théann tú isteach san Aontas Eorpach nó má fhágann tú é agus níos mó ná €10 000 in airgead tirim leat (nó a chomhionann in airgeadraí eile), ní mór duit an t-airgead sin a fhógairt do na húdaráis chustaim.
Ar uairibh, gearrtar táillí idirbhirt an-ard as seic as tír eile den Aontas a bhriseadh. I gcuid mhór tíortha, ní ghlactar a thuilleadh le seiceanna mar mhodh íocaíochta.
SIOPADÓIREACHT
LAISTIGH DEN AONTAS EORPACH
Níl aon teorainn leis an méid is ceadmhach duit a cheannach agus a thabhairt leat agus tú ag taisteal idir tíortha an Aontais fad is gur le haghaidh d’úsáide pearsanta féin é agus nach bhfuil sé le hathdhíol. Tá cánacha (CBL agus dleachtanna máil) san áireamh sa phraghas a íocann tú agus ní féidir aon íocaíocht eile a éileamh ort in aon tír eile den Aontas.
Tá rialacha speisialta i bhfeidhm, áfach, i gcás earraí a bhfuil dleacht mháil le híoc orthu, amhail táirgí alcóil agus tobac. Is féidir le gach tír tairseacha a shocrú chun a chinneadh cé acu an le haghaidh úsáid phearsanta atáthar ag ceannach tobac agus alcóil nó nach ea. Má bhíonn líon mór de na hearraí sin á iompar agat, d’fhéadfadh sé go gceisteofaí thú chun a sheiceáil nach bhfuil aon rún tráchtála agat. Mar sin féin, ní féidir le tíortha tairseacha a shocrú is ísle ná iad seo a leanas:


TEACHT ISTEACH SAN AONTAS EORPACH
Má thagann tú isteach san Aontas Eorpach ó thír nach bhfuil san Aontas, is féidir leat earraí le haghaidh úsáid phearsanta a thabhairt isteach leat saor ó CBL agus ó dhleachtanna máil de réir na dteorainneacha atá leagtha amach thíos. Is é an dála céanna é má thagann tú isteach ó chríocha eile nach bhfuil rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le CBL agus dleachtanna máil i bhfeidhm iontu.
Tá uasteorainn nó íosteorainn leis an méid tobac is ceadmhach duit a thabhairt isteach san Aontas ag brath ar an tír, agus ba cheart duit, dá bhrí sin, rialacha custaim an Bhallstáit a bhfuil tú ag triall air a sheiceáil.

*Is éard atá sa mhéid, i ngach cás: 100 % den lamháltas iomlán le haghaidh táirgí tobac. Féadfaidh tú aon cheann díobh seo a chur le chéile ach a chinntiú nach sáróidh tú an teorainn iomlán. Mar shampla: 100 toitín (50 % den lamháltas) + 50 todóigín (50 % den lamháltas) = 100 % den lamháltas iomlán.
**I gcás biotáille agus fíon treisithe nó fíon súilíneach, is é gach méid díobh seo 100 % den lamháltas iomlán, agus is féidir leat an lamháltas sin a roinnt. Mar shampla, is ceadmhach duit leathlítear biotáille agus 1 lítear d’fhíon treisithe a thabhairt leat — is ionann iad sin agus leath an lamháltais.
Ní ceadmhach do thaistealaithe atá faoi bhun 17 mbliana d’aois úsáid a bhaint as na lamháltais alcóil agus tobac sin.
Má bhíonn tú ag taisteal ó Bhallstát go Ballstát eile trí thír nach Ballstát í (e.g. an Eilvéis), beidh ort rialacha custaim na tíre sin a sheiceáil.
EARRAÍ EILE, LENA nÁIRÍTEAR CUMHRÁN
- Luach suas go €430 do thaistealaithe aeir agus farraige.
- Luach suas go €300 do thaistealaithe eile.
Cuireann roinnt tíortha de chuid an Aontais Eorpaigh íosteorainn i bhfeidhm maidir le taistealaithe faoi bhun 15 bliana d’aois, ach ní féidir don íosteorainn sin a bheith níos ísle ná €150.
Bia
Níl aon srianta ginearálta i bhfeidhm maidir le táirgí feola nó déiríochta a iompar agus tú ag taisteal laistigh den Aontas Eorpach. Mar sin féin, déan cinnte de nach dtabharfaidh tú earraí bia ina bhfuil feoil nó bainne, nó táirgí feola nó bainne, isteach san Aontas ó thíortha nach bhfuil san Aontas mar d’fhéadfadh sé go mbeadh pataiginí contúirteacha iontu ba thrúig bhreoiteachta do bheostoc san Aontas, an galar crúb is béil agus fiabhras Afracach na muc mar shampla. Níl aon eisceacht ann seachas do dhaoine atá ag taisteal agus cainníochtaí beaga ar iompar acu le haghaidh úsáid phearsanta, taistealaithe as Andóra, as an Eilvéis, as an nGraonlainn, as an Iorua, as an Íoslainn, as Lichtinstéin, as Oileáin Fharó agus as San Mairíne.
Tuilleadh eolais:
https://europa.eu/youreurope/citizens/travel/carry/alcohol-tobacco-cash/index_en.htm
https://ec.europa.eu/food/animals/animalproducts/personal_imports_en
Ná déan dearmad mála a thabhairt leat agus tú ag dul ag siopadóireacht. De bharr rialacha an Aontais Eorpaigh, tá laghdú ag teacht ar úsáid málaí plaisteacha éadroma, earraí a fhágann an timpeallacht brocach truaillithe. I bhformhór na dtíortha san Aontas anois bíonn ar thomhaltóirí íoc as gach mála a thugtar dóibh i siopa.
CUIDIÚ DO THOMHALTÓIRÍ
Mar thomhaltóir, ráthaítear go gcaithfear go cóir leat, go mbeidh táirgí ar chaighdeán inghlactha ar fáil duit agus go mbeidh ceart chun cúitimh agat má théann rudaí ó rath, pé áit san Aontas Eorpach ina bhfuil tú.
BÍODH A FHIOS AGAT CAD ATÁ TÚ A ITHE
Is féidir leat a bheith cinnte de go mbeidh na caighdeáin sábháilteachta bia is airde i bhfeidhm a bhuí le dlíthe diana a bhaineann le bia a tháirgeadh, a phróiseáil agus a dhíol. Fágann rialacha maidir le lipéadú bia go gcuirtear faisnéis atá soiléir, cuimsitheach agus cruinn ar fáil faoi chomhábhar an bhia.
BÍODH A FHIOS AGAT CAD ATÁ TÚ A CHEANNACH
Tá cosaint agat ar réimse leathan de chleachtais tráchtála éagóracha ar líne agus i siopaí. Tá cosc ar bhoscaí ar cuireadh tic leo roimh ré ar shuíomhanna gréasáin ionas nach n-íocfaidh tú as árachas taistil i ngan fhios duit féin agus tú ag ceannach ticéad eitleáin ar líne, mar shampla.
DÉAN COMPARÁID IDIR PRAGHSANNA
Ní mór an praghas iomlán, CBL san áireamh, atá ar na hearraí ar fad atá ar díol a thaispeáint go soiléir, chomh maith leis an bpraghas in aghaidh an aonaid (an praghas in aghaidh an chileagraim nó in aghaidh an lítir). Nuair a bhíonn eitilt á cur in áirithe ar líne, ní mór praghas iomlán an ticéid, lena n áirítear muirir agus cánacha, a bheith le feiceáil ó thús an phróisis áirithinte.
RÉITIGH AON FHADHBANNA
Tugann Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí (ECC-Net) faisnéis phraiticiúil maidir le cearta tomhaltóirí san Aontas Eorpach chomh maith le comhairle agus cúnamh saor in aisce i dtaca le gearáin nó díospóidí trasteorann a réiteach. Tá lárionad i ngach tír den Aontas, agus san Iorua agus san Íoslainn chomh maith. Chomh maith leis sin, tá aip thaistil ECC-Net ann. Leis an aip, cuirtear ar fáil raon leathan comhairle agus cúnaimh atá úsáideach.
BÍ AG FAIRE AMACH DON LIPÉAD

Is féidir le hÉicilipéad an Aontais cuidiú leat freisin óstáin, brúnna óige agus ionaid champála atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a aithint.

Cuideoidh an lógó seo leat teacht ar tháirgí orgánacha.
NA CEARTA ATÁ AGAT
Is é an tAontas Eorpach an t-aon limistéar ar domhan ina ndéantar saoránaigh a chosaint le sraith chuimsitheach de chearta paisinéirí — bíodh sé ag taisteal ar eitleán, ar thraein, ar bhus, ar chóiste nó ar long. Tá sé de cheart ag paisinéirí san Aontas Eorpach rochtain a bheith acu ar fhaisnéis chruinn thráthúil, cúnamh a fháil i gcás cur isteach i gcúrsaí iompair agus, i gcúinsí áirithe, cúiteamh a fháil i gcás cealuithe nó moilleanna fada.
Íoslódáil an aip ionas gur féidir leat a sheiceáil cé na cearta atá agat agus conas iad a éileamh:
https://europa.eu/youreurope/citizens/travel/passenger-rights/index_en.htm
Ina theannta sin, cosnaíonn rialacha an Aontais thú nuair a cheannaíonn tú saoirí pacáiste nó turais ina bhfuil dhá chineál éagsúla seirbhíse taistil ar a laghad (amhail eitilt agus óstán nó carr ar cíos) tríd an suíomh gréasáin áirithintí céanna.
Sula n-imí tú: ní mór do thaistealaithe faisnéis shoiléir a fháil faoina bpacáiste taistil (an ceann/na cinn scríbe, liosta de na seirbhísí atá san áireamh, uimhir éigeandála agus nithe eile nach iad). Ní mór iad a chur ar an eolas faoina gcearta freisin — mar shampla, is mó na cearta a bhíonn agat i gcás cealuithe nó má théann an t-eagraí as gnó.
Nuair a bheidh tú ann: má chastar taistealaithe i gcruachás, bíonn siad i dteideal cúnamh a fháil, ar nós faisnéis maidir le seirbhísí sláinte agus cúnamh consalachta.
PAISINÉIRÍ ATÁ FAOI MHÍCHUMAS NÓ FAOI MHÍCHUMAS LUAINEACHTA
Paisinéirí atá faoi mhíchumas nó faoi mhíchumas luaineachta, tá siad i dteideal cúnamh saor in aisce a fháil in aerfoirt, i stáisiúin traenach, i gcalafoirt agus i gcríochfoirt cóistí ainmnithe agus ar bord eitleáin, traenach, loinge agus cóiste. Is inmholta fógra a thabhairt don iompróir nó d’oibreoir an chríochfoirt maidir le riachtanais shonracha tráth na háirithinte, más roimh ré a cheannaítear an ticéad, nó 48 uair an chloig ar a laghad roimh thaisteal (36 uair an chloig nuair is ar chóiste atáthar ag taisteal).
Tuilleadh eolais:
https://europa.eu/youreurope/citizens/travel/transport-disability/reduced-mobility/index_en.htm

Má tá tú ag taisteal le carr agus cárta páirceála do dhaoine faoi mhíchumas agat i do thír féin, féadfaidh tú na háiseanna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas a úsáid i dtíortha eile de chuid an Aontais, cé gur cheart a sheiceáil cé na coinníollacha áitiúla atá i bhfeidhm. Bí ag faire amach do chomhartha na cathaoireach rothaí.
CÚITEAMH A LORG
Má tá tú den tuairim gur sáraíodh do chearta agus tú ag taisteal agus más mian leat cúiteamh a lorg, ní mór duit dul i dteagmháil leis an iompróir nó le hoibreoir an chríochfoirt i dtús báire. Mura gcomhlíonfaidh siad a gcuid oibleagáidí is féidir leat ansin dul i dteagmháil leis an gcomhlacht náisiúnta forfheidhmiúcháin don mhodh iompair sonrach a bhí agat. Cuir glao gutháin ar uimhir shaorghlao Europe Direct 00 800 6 7 8 9 10 11 chun tuilleadh faisnéise a fháil chomh maith le sonraí an chomhlachta forfheidhmiúcháin lena mbaineann.
AN tSLÁINTE
ROCHTAIN AR CHÚRAM SLÁINTE
Mar shaoránach den Aontas Eorpach, nó den Eilvéis, den Iorua, den Íoslainn nó de Lichtinstéin, má bhuailtear tinn thú le linn duit a bheith ag tabhairt cuairt shealadach ar aon cheann de na háiteanna sin, beidh tú i dteideal an chúraim sláinte chéanna atá ag na daoine atá faoi árachas sa tír sin (agus an cúram sin saor in aisce i roinnt tíortha fiú amháin).
Ná déan dearmad, mar sin, do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte a bhreith leat agus tú ag taisteal. Is féidir an cárta sin a fháil saor in aisce, ó d’árachóir sláinte náisiúnta de ghnáth, agus is cruthúnas é go bhfuil tú faoi árachas i gceann de na tíortha a liostaítear thuas. Más gá duit íoc as cúram sláinte, coinnigh do chuid billí ar fad, chomh maith le do chuid oideas agus admhálacha ionas gur féidir leat iarratas a dhéanamh, le linn do chuairte nó nuair a thiocfaidh tú abhaile, ar aisíocaíocht sa tír a bhfuil tú ag tabhairt cuairt uirthi.
Conas iarratas a dhéanamh ar chárta: https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=563&langId=en#navItem-1
ÁRACHAS TAISTIL
Ní féidir an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a úsáid in ionad árachas taistil mar nach gcumhdaítear leis costais ar nós costas aisdúichithe nó costas tarrthála sléibhe in ionaid sciála. Mar sin, b’fhéidir gurbh fhiú leat árachas taistil a fháil chun na rioscaí sin a chumhdach.
CÓGAIS
Tá oideas ó do dhochtúir bailí i ngach tír den Aontas Eorpach. Mar sin féin, ba cheart duit a chinntiú go bhfuil an cógas ordaithe údaraithe lena dhíol agus ar fáil sa tír a bhfuil tú ag tabhairt cuairt uirthi. Cinntigh go bhfuil an t-eolas ábhartha go léir fút féin, faoin dochtúir a thug an t-oideas agus faoin gcógas a tugadh liostaithe san oideas. A bhuí le ríomhoidis is féidir le taistealaithe cógais a d’ordaigh a ndochtúir go leictreonach dóibh a fháil ag cógaslanna i roinnt tíortha den Aontas agus ní fada go mbeidh dochtúirí ábalta faisnéis thábhachtach faoi othair a rochtain ina dteanga féin.
Seiceáil an bhfuil na seirbhísí sin ar fáil san áit a bhfuil tusa ag dul:
https://ec.europa.eu/health/ehealth/electronic_crossborder_healthservices_en
IMDHÍONADH
Go hiondúil, ní bhíonn aon riachtanais imdhíonta le comhlíonadh nuair a bhítear ag taisteal san Aontas Eorpach. Mar sin féin, tá riachtanais agus moltaí ann do chuid de chríocha an Aontais Eorpaigh thar lear. Is cóir sin a dheimhniú le do dhochtúir sula n-imí tú.
UISCE SNÁMHA

In 2018, chomhlíon breis agus 95 % de láithreacha snámha na híoschaighdeáin maidir le cáilíocht an uisce agus tá an rang is airde, mar atá “thar barr”, bainte amach ag 85 % díobh. Féach an léarscáil idirghníomhach chun cáilíocht an uisce san áit a bhfuil tusa ag dul a fheiceáil:
https://www.eea.europa.eu/themes/water/europes-seas-and-coasts/assessments/state-of-bathing-water
FANACHT I dTEAGMHÁIL
FÓIN PHÓCA
Anois agus iad ag taisteal san Aontas Eorpach is féidir le cónaitheoirí de chuid an Aontais a bhfón póca a úsáid díreach mar a dhéanfaidís sa bhaile gan aon mhuirear breise a íoc. Baineann sé sin leis an Iorua, leis an Íoslainn agus le Lichtinstéin freisin (ach ní bhaineann sé leis an Eilvéis). Mar sin féin, má tá pacáiste agat sa bhaile lena ngabhann úsáid neamhtheoranta sonraí nó sonraí an-saor, d’fhéadfadh sé nach bhfaighfeá méid neamhtheoranta sonraí san Aontas mar a gheofá sa bhaile ach pacáiste mór sonraí fánaíochta gan mhuirir bhreise ina ionad. Dá rachfá thar an méid sonraí sin, d’fhéadfadh d’oibreoir fóin tosú ag gearradh muirear beag fánaíochta ort (níos lú ná €4.5/GB). Má tá sé beartaithe agat fanacht i dtír eile den Aontas Eorpach ar feadh roinnt míonna, b’fhéidir gurbh fhiú leat súil a chaitheamh ar an riail maidir le húsáid chóir atá ag d’oibreoir i dtaca le “fánaíocht ar tháillí baile”.
WI-FI

Tá fáil níos forleithne ar rochtain saor in aisce ar an idirlíon, a bhuí le ball te Wi-Fi poiblí a suiteáladh, le maoiniú ón Aontas, in 8 000, nó mar sin, de phobail áitiúla ar fud na hEorpa. Is féidir rochtain saor in aisce a fháil ar an idirlíon i leabharlanna, i gcearnóga, i bpáirceanna agus in iarsmalanna agus in áiteanna poiblí eile ina bhfuil an tsiombail WiFi4EU le feiceáil.
SEOL CÁRTA POIST!
Ní féidir stampaí poist a úsáid ach amháin sa tír ina gceannaítear iad.
PLOCÓIDÍ
Úsáidtear plocóidí dhá phionna i mbeagnach gach tír den Aontas, seachas sa Chipir, in Éirinn agus i Málta, na trí thír ina n-úsáidtear plocóidí trí phionna.
RUDAÍ LE DÉANAMH
Chun teacht ar smaointe agus ar fhaisnéis faoina bhfuil le feiceáil agus le déanamh, is féidir súil a thabhairt ar an suíomh gréasáin ina dtugtar eolas faoi na cinn scríbe turasóireachta san Eoraip (visiteurope.com) nó dul chuig na suíomhanna gréasáin atá ag na heagraíochtaí turasóireachta náisiúnta i ngach tír den Aontas Eorpach.
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
An Ostair | austria.info |
![]() |
An Bheilg | visitflanders.com http://www.wallonia.be/en/visit |
![]() |
An Bhulgáir | bulgariatravel.org/en |
![]() |
An Chipir | visitcyprus.com |
![]() |
An tSeicia | czechtourism.com |
![]() |
An Ghearmáin | germany.travel |
![]() |
An Danmhairg | visitdenmark.com |
![]() |
An Spáinn | spain.info |
![]() |
An Eastóin | visitestonia.com |
![]() |
An Fhrainc | int.rendezvousenfrance.com |
![]() |
An Fhionlainn | visitfinland.com |
![]() |
An Ghréig | visitgreece.gr |
![]() |
An Ungáir | gotohungary.com |
![]() |
An Chróit | croatia.hr |
![]() |
An Iodáil | italia.it/en |
![]() |
Éire | discoverireland.ie |
![]() |
Lucsamburg | visitluxembourg.com |
![]() |
An Liotuáin | lithuania.travel/ |
![]() |
An Laitvia | latvia.travel |
![]() |
Málta | visitmalta.com |
![]() |
An Ísiltír | holland.com |
![]() |
An Phortaingéil | visitportugal.com |
![]() |
An Pholainn | poland.travel |
![]() |
An Rómáin | romania.travel |
![]() |
An tSualainn | visitsweden.com |
![]() |
An tSlóvaic | slovakia.travel |
![]() |
An tSlóivéin | slovenia.info |
Cuireann an tAontas Eorpach roinnt mhaith tionscadail chultúrtha agus imeachtaí cultúrtha chun cinn ar fud na hEorpa gach bliain. Tacaíonn sé go háirithe le Príomhchathracha Cultúir na hEorpa, tionscnamh arb é is aidhm dó éagsúlacht shaibhir chultúrtha na hEorpa a chur i dtábhacht, agus eagraíonn sé taispeántais agus imeachtaí lena gceiliúrtar cultúr áitiúil na gcathracha a roghnaítear.
Rijeka, cathair stairiúil ina bhfuil príomh-chalafort na Cróite, agus Gaillimh, an tairseach amach go dtí cósta álainn iarthar na hÉireann, atá ina bPríomhchathracha Cultúir na hEorpa in 2020. Tuilleadh eolais: https://rijeka2020.eu/en https://galway2020.ie/ga
Is iad Göteborg, cathair de chuid na Sualainne, agus Málaga, cathair de chuid na Spáinne, Príomhchathracha Eorpacha na Turasóireachta Cliste in 2020. Tuilleadh eolais: https://smarttourismcapital.eu/cities-2020-winners/
De bharr rialacha nua de chuid an Aontais, is féidir leat feidhm iomlán a bhaint as na síntiúis atá agat ar líne do scannáin, imeachtaí spóirt, ríomhleabhair, físchluichí agus seirbhísí ceoil gan srianta a bheith ort ná iallach a bheith ort aon mhuirear breise a íoc agus tú ag taisteal i dtír den Aontas. Tá feidhm aige sin san Íoslainn, i Lichtinstéin agus san Iorua freisin.
TAISTEALAITHE ÓGA
Ó bhí 2018 ann, tá an tAontas Eorpach ag tabhairt deis d’Eorpaigh 18 mbliana d’aois taisteal saor in aisce ar fud na hEorpa ar feadh suas le mí agus eolas a chur ar oidhreacht shaibhir chultúrtha na mór-roinne. Go dtí seo, bronnadh pas taistil ar thuairim agus 70 000 Eorpach óg. Tuilleadh eolais: https://europa.eu/youth/discovereu
Is féidir le hEorpaigh óga breis agus 70 000 lascaine a fháil ar imeachtaí cultúrtha, lóistín, oideachas, seirbhísí agus táirgí in 36 thír ar fud na hEorpa leis an gCárta Óige Eorpach. Is féidir lascainí a fháil gach áit san Aontas nach mór, áiteanna mar Rijksmuseum Amstardam, Disneyland Pháras, Sagrada Familia Barcelona agus chóstaí grianmhara na Cipire, Mhálta agus na Gréige, mar shampla. Féach na lascainí: https://www.eyca.org/discounts
PEATAÍ
Is furasta taisteal le madra, cat nó firéad má tá pas peata de chuid an Aontais Eorpaigh agat. Is féidir pas peata a fháil ó aon tréidlia. Ní mór pas a bheith ag gach madra, cat agus firéad agus, chun críoch aitheantais, ní mór micrishlis leictreonach a bheith curtha isteach sna peataí nó tatú soléite a bheith acu a cuireadh orthu roimh mhí Iúil 2011. Ní mór iad a bheith vacsaínithe in aghaidh confaidh agus ní mór na sonraí ina leith sin a bheith ar fáil ina bpas peata. Caithfear an vacsaíniú a dhéanamh tar éis an mhicrishlis a chur iontu nó an tatú a chur orthu.
Ní mór cóireáil shonrach in aghaidh péisteanna ribíneacha, cóireáil ag tréidlia, a chur ar mhadraí sula dtugtar iad chun na Fionlainne, go hÉirinn nó go Málta. Ní mór sonraí na cóireála sin a bheith ar an bpas peata agus ansin, 1 lá agus 5 lá tar éis na cóireála, is féidir an madra a thabhairt chun na tíre eile.
https://ec.europa.eu/food/animals/pet-movement/ms-websites_en
I gCÁS ÉIGEANDÁLA
An uimhir aonair éigeandála Eorpach: 112
Chun teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála in aon tír de chuid an Aontais ó aon teileafón fosaithe nó soghluaiste, diailigh 112 saor in aisce.
Is cóir aon ghoid a thuairisciú do na póilíní áitiúla. Beidh ort tuairisc na bpóilíní a iniamh má bhíonn éileamh i leith árachais nó cúitimh á dhéanamh agat. Má goideadh do phas nó do chárta aitheantais, déan é sin a thuairisciú do chonsalacht nó ambasáid do thíre agus do na póilíní.
Má bhíonn tú lasmuigh den Aontas Eorpach, in áit nach bhfuil aon chonsalacht áitiúil ag do thír, féach gur féidir leat cuidiú consalach a iarraidh ar Bhallstát eile, i gcás géarchéime, breoiteacht thromchúiseach nó má chailleann tú do phas, mar shampla.
TEAGMHÁIL LEIS AN AONTAS EORPACH
I bPEARSA
Tá na céadta ionad faisnéise ag an Aontas ar fud na hEorpa. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ag: https://europa.eu/european-union/contact_ga
AR AN bhFÓN NÓ LE RÍOMHPHOST
Seirbhís lena dtugtar freagra ar do cheisteanna faoin Aontas Eorpach is ea Europe Direct. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:
- ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (d’fhéadfadh sé go ngearrfadh oibreoirí áirithe táille as na glaonna sin),
- ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696 nó
- le ríomhphost trí: https://europa.eu/european-union/contact_ga
EOLAS A LORG FAOIN AONTAS EORPACH
AR LÍNE
Tá eolas faoin Aontas Eorpach le fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa ag: https://europa.eu/european-union/index_ga
FOILSEACHÁIN AN AONTAIS
Is féidir foilseacháin an Aontais, idir fhoilseacháin atá saor in aisce agus fhoilseacháin a bhfuil praghas orthu, a íoslódáil nó a ordú i siopa leabhar an Aontais ag: https://publications.europa.eu/ga/publications
Is féidir cóipeanna d’fhoilseacháin atá saor in aisce a fháil ach teagmháil a dhéanamh le Europe Direct nó leis an ionad faisnéise atá i do réigiún féin (féach https://europa.eu/european-union/contact_ga).
DLÍ AN AONTAIS EORPAIGH AGUS DOICIMÉID GHAOLMHARA
Tá faisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, lena n-áirítear dlí uile an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1952 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla uile, le fáil in EUR-Lex ag: http://eur-lex.europa.eu
SONRAÍ OSCAILTE ÓN AONTAS EORPACH
Tá tacair sonraí ón Aontas Eorpach le fáil trí Thairseach Sonraí Oscailte an Aontais (http://data.europa.eu/euodp/ga/data). Is féidir sonraí a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce, ar bhonn tráchtála nó ar bhonn neamhthráchtála.
MAIDIR LE
An Coimisiún Eorpach
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Seirbhís Eagarthóireachta & For-rochtain Spriocdhírithe
1049 Bruxelles/Brussel
BELGIQUE/BELGIË
Arna chríochnú mí Feabhra 2020
Ní bheidh an Coimisiún Eorpach faoi dhliteanas i leith aon toradh a d’fhéadfadh a bheith ar athúsáid an fhoilseacháin seo.
Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2020
© An tAontas Eorpach, 2020

Déantar beartas athúsáide an Choimisiúin Eorpaigh a chur chun feidhme le Cinneadh 2011/833/AE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2011 maidir le hathúsáid dhoiciméid an Choimisiúin (IO L 330, 14.12.2011, lch. 39). Ach amháin má shonraítear a mhalairt, údaraítear an doiciméad seo a athúsáid faoi cheadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0) (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). Ciallaíonn sé sin go gceadaítear an athúsáid ar choinníoll go dtugtar an t aitheantas cuí agus go léirítear aon athrú a dhéantar. Le haghaidh míreanna nach bhfuil faoi úinéireacht an Aontais Eorpaigh a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé gur ghá cead a iarraidh go díreach ar shealbhóirí an chóipchirt.
Léaráidí: © An tAontas Eorpach, 2020, © iStock
Tugtar comhairle bhreise ar an suíomh gréasáin “An Eoraip Agatsa” maidir leis na cearta a bhíonn agat agus tú i do chónaí, ag obair agus ag taisteal san Aontas Eorpach: ec.europa.eu/youreurope
AITHEANTÓIRÍ
ISBN 978-92-76-18087-6 | doi:10.2775/990102 | NA-03-20-262-GA-C | |
ISBN 978-92-76-18045-6 | doi:10.2775/00200 | NA-03-20-262-GA-N | |
HTML | ISBN 978-92-76-18063-0 | doi:10.2775/597677 | NA-03-20-262-GA-Q |