Réamhrá

Grianghraf portráide d’Ursula von der Leyen.

Ursula von der Leyen

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.

Cor cinniúna don Eoraip a bhí in 2022. Ba í an bhliain a rinne an Rúis ionradh brúidiúil ar an Úcráin. Ach ba í an bhliain a d’fhreagair muintir na hÚcráine dúshlán an ionsaitheora agus a spreag mór-roinn iomlán lena misneach. Ba í an bhliain a chuir saoránaigh na hEorpa fáilte roimh na milliúin dídeanaithe cogaidh ón Úcráin isteach ina dtithe, ina scoileanna agus ina gcroíthe. Ba í an bhliain a sheas ár nAontas an fód le chéile dár luachanna Eorpacha: go bhfuil an tsaoirse agus dínit an duine rí-luachmhar, agus nach mór an daonlathas agus an tsíocháin a chosaint.

Is eol dúinn nach briathra a dhearbhaíonn, ach gníomh. Nuair a thrasnaigh tancanna na Rúise isteach san Úcráin, ghníomhaíomar láithreach go haontaithe, go láidir agus go diongbháilte. Chuir an tAontas agus a chomhpháirtithe smachtbhannaí gan fasach i bhfeidhm ar an Rúis agus orthu siúd atá comhpháirteach ina cogadh impiriúlaíoch. D’éirigh ár nAontas ar fad i ndlúthpháirtíocht leis an Úcráin, agus chuir sé tacaíocht dhaonnúil, airgeadais agus mhíleata ar fáil. D’oscail na Ballstáit chomharsanachta a dteorainneacha d’Úcránaigh a bhí ag teitheadh ón gcogadh, chuir siad foscadh, tacaíocht leighis agus deis oibre ar fáil dóibh, agus chuir siad deasca inár seomraí ranga ar fáil dá leanaí. Rinne an tAontas cinneadh stairiúil stádas mar iarrthóir a thabhairt don Úcráin chun teacht isteach san Aontas seo againne. Sa lá atá inniu ann, arís eile, is ionann an Eoraip agus an todhchaí.

Le bliain anuas, léirigh an tAontas gur féidir linn dúshlán chomh mór sin a shárú nuair a ghníomhaímid le chéile go huaillmhianach. Ní hamháin gur chuir an Rúis cogadh ar an Úcráin, ach ar fhuinneamh agus ar gheilleagar na hEorpa chomh maith. Le REPowerEU, tá sé d’aidhm againn deireadh a chur lenár spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise ar an dá luas. Sna chéad 8 mí den chogadh, d’éirigh linn foinsí eile a chur in ionad níos mó ná 80 % den ghás píblíne a bhíomar a fháil ón Rúis; líonamar ár saoráidí stórála gáis chun na leibhéil is airde riamh (os cionn 95 % i mí na Samhna); rinneamar laghdú 20 % ar ár dtomhaltas gáis idir mí Lúnasa agus mí na Samhna (i gcomparáid leis na cúig bliana roimhe sin); agus rinneamar méadú 40 % ar úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh. Sheas an tAontas an fód go daingean maidir lena spriocanna aeráide, fiú le linn géarchéime. Táimid tar éis cur go mór leis an ngealltanas Eoraip níos fearr a fhágáil don ghlúin a thiocfaidh inár ndiaidh.

In 2022, lenár bplean téarnaimh NextGenerationEU, rinneadh tionscadail ghlasa agus dhigiteacha a mhaoiniú ar an láthair — idir ghaoth amach ón gcósta agus traenacha leictreacha, idir sheirbhísí poiblí digiteacha agus ospidéil fhuinneamhéifeachtúla. Chun cur leis an dul chun cinn sin, agus le rath Bhliain Eorpach na hÓige, táimid tar éis an Bhliain Eorpach um Scileanna a dhéanamh den bhliain 2023. Tá oibrithe, earnáil na tionsclaíochta, comhpháirtithe sóisialta, soláthraithe oiliúna, agus údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla á dtabhairt le chéile againn chun tús áite a thabhairt don oideachas, don ghairmoiliúint, don athsciliú agus don uas-sciliú. Ní mór dúinn laghdú a dhéanamh ar an dífhostaíocht i measc na n-óg, agus é a chur ar a gcumas do níos mó ban dul isteach i margadh an tsaothair toisc go gcaithfimid an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht na hEorpa agus toisc gurb iad na daoine agus a gcuid saineolais a spreagann an t-athrú dearfach.

Sa bhliain atá amach romhainn, leanfaimid dár ndaonlathais agus dár ngeilleagair a dhéanamh níos athléimní, dár dtionscail a dhéanamh níos iomaíche, dár sochaithe a dhéanamh níos cothroime, agus dár gcomhpháirtíochtaí leis an gcuid eile den domhan a dhéanamh níos láidre. Is féidir leat a bheith ag léamh faoin dul chun cinn atá déanta againn ar an obair sin in 2022 ar na leathanaigh seo a leanas.

Gura fada buan an Eoraip!

Ursula von der Leyen

Grúpa Úcránach agus iad ag trasnú droichead seiftithe agus seanbhean á hiompar ar shínteán ag ceathrar fear.
Daoine san Úcráin agus iad ag trasnú cosán seiftithe feadh droichead scriosta agus cónaitheoirí ag teitheadh ón gcathair leo, Irpin na hÚcráine, an 8 Márta 2022.
© Getty Images

1. An fhreagairt ón Aontas ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine

Réamhrá

In 2022, díreach mar a bhí an geilleagar domhanda le teacht chuige féin arís tar éis phaindéim COVID-19, bhí ar an domhan aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim gheopholaitiúil nua. An 24 Feabhra 2022, beagnach 8 mbliana tar éis na hionghabhála neamhdhleathaí ar an gCrimé agus Sevastopol, sheol an Rúis cogadh foghach in aghaidh na hÚcráine, ina bhfuil léirscrios á dhéanamh ar mhuintir na hÚcráine, agus an ráta báis coscrach agus réabadh na tíre fós ag dul i méid. Mar aon le géarchéim dhaonnúil nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe a chruthú, spreag gníomhaíochtaí na Rúise an ghéarchéim fuinnimh is measa san Eoraip ó bhí na 1970í ann. Mar thoradh air sin, tháinig méadú ar phraghsanna bia ar fud an domhain, rud a chuir neamhshlándáil an tsoláthair bia in olcas.

Bhí freagairt an Aontais Eorpaigh aontaithe, diongbháilte agus láithreach. Cháin na 27 mBallstát agus a gcomhpháirtithe ar fud an domhain an cogadh foghach gan chúis agus gan údar, agus iad ag gníomhú go pras agus go láidir chun an Rúis a scoitheadh ó thaobh an gheilleagair de agus chun a cumas an cogadh a mhaoiniú a chosc trí smachtbhannaí diana.

Agus a thacaíocht bhuanseasmhach don Úcráin á léiriú aige, chuir an tAontas dlús le tacaíocht pholaitiúil, dhaonnúil agus airgeadais a sholáthar don tír. Rinne sé an beart eisceachtúil freisin, is é sin An Treoir um Chosaint Shealadach a ghníomhú den chéad uair riamh, chun cosaint láithreach a sholáthar do na milliúin Úcránach ar tugadh orthu teitheadh óna mbaile.

San am céanna, bhain an tAontas leas as na modhanna uile a bhí aige chun tacú leis na Ballstáit ina bhfreagairt ar na hiarmhairtí a bhain le cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus an rabharta ollmhór dídeanaithe chuig tíortha comharsanacha.

Spreag cogadh foghach na Rúise athruithe ar ollstruchtúr slándála na hEorpa chomh maith. I mí an Mhárta, ghlac an tAontas an Compás Straitéiseach chun staid an Aontais sa tslándáil agus sa chosaint a neartú faoi 2030 (féach Caibidil 8).

Sa bhreis air sin, leag an Coimisiún Eorpach amach REPowerEU, plean ceannródaíoch chun tacú le deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise ón Rúis (féach Caibidil 2).

Tar éis an chinnidh stairiúil ón gComhairle Eorpach i mí an Mheithimh 2022, dheonaigh an tAontas an stádas tír is iarrthóir ar an Úcráin (féach Caibidil 8).


An dlúthpháirtíocht leis an Úcráin

Freagairt láithreach aontaithe

D’fhreagair an tAontas go mear ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Bhí trí ghné i gceist leis an bhfreagairt: an Rúis a leithlisiú agus í a thabhairt chun cuntais maidir leis an gcogadh foghach, leis an ionradh agus leis na sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, coireanna cogaidh san áireamh; sraith smachtbhannaí nach bhfacthas a leithéid riamh cheana a ceapadh chun iarmhairtí tromchúiseacha a imirt ar gheilleagar na Rúise agus chun cosc a chur ar a cumas leanúint dá cogadh foghach; agus tacaíocht leathan don Úcráin. Ina theannta sin, stad an tAontas de bheith ag plé le húdaráis na Rúise, agus san am céanna tá sé fós ag soláthar tacaíochta don tsochaí shibhialta, do chosantóirí chearta an duine agus do na meáin neamhspleácha.

Andrzej Duda, Ursula von der Leyen agus Hugh Evans agus iad ina suí taobh le taobh ag póidiam os comhair póstaer ar a bhfuil ‘Stand Up For Ukraine’ [‘Seasaimis ar son na hÚcráine’].
Ó chlé go deas: Andrzej Duda, Uachtarán na Polainne, Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus Hugh Evans, Comhbhunaitheoir agus Príomhfheidhmeannach Global Citizen, ag an imeacht gealltanais domhanda “Seasaimis ar son na hÚcráine”, Pálás Belvedere, Vársá na Polainne, an 9 Aibreán 2022.

I mí Aibreáin tháinig an domhan le chéile i ndlúthpháirtíocht chun € 9.1 billiún a bhailiú do na daoine a bhí ag teitheadh ó ionradh na Rúise. San áireamh leis sin bhí € 1 bhilliún ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh agus € 1 bhilliún eile ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha. Sheol an Coimisiún Eorpach agus rialtas Cheanada, i gcomhpháirtíocht leis an eagraíocht idirnáisiúnta abhcóideachta “Global Citizen”, an t-imeacht gealltanais agus an feachtas Seasaimis ar son na hÚcráine, mar fhreagra ar iarraidh Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy. Mar aitheantas ar fhlaithiúlacht mhuintir na Polainne i leith dídeanaithe, reáchtáladh an t-imeacht gealltanais i Vársá, agus Uachtarán na Polainne, Andrzej Duda, rannpháirteach ann.

I gcur chuige “Team Europe”, faoi dheireadh 2022, bhí beagnach EUR 50 billiún slógtha ag an Aontas, a Bhallstáit agus institiúidí airgeadais mar thacaíocht fhoriomlán don Úcráin, chun dlúthpháirtíocht leanúnach an Aontais le muintir na hÚcráine a léiriú go soiléir.

Áirítear leis sin pacáiste tacaíochta suas le EUR 18 mbilliún nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo i bhfoirm iasachtaí fabhracha, agus an Coimisiún — thar ceann an Aontais — ag fáil na gcistí ar iasacht ar mhargaí caipitil idirnáisiúnta agus á n-íoc amach i dtráthchodanna rialta in 2023. Leis an gcúnamh airgeadais sin, beidh an Úcráin in ann aghaidh a thabhairt ar na riachtanais phráinneacha ghearrthéarmacha atá aici agus feidhmeanna riachtanacha stáit a choinneáil ar bun, cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chinntiú agus bonneagar criticiúil a athbhunú, bonneagar atá scriosta de thairbhe chogadh foghach na Rúise. Chun a chinntiú go gcumhdófar bearna mhaoinithe iomlán na hÚcráine, ba ghá go ndéanfadh comhpháirtithe idirnáisiúnta eile an tacaíocht sin a mheaitseáil.


Slógadh tacaíocht fhoriomlán don Ucráin in 2022

  • € 19.7 billiún i leith cúnamh airgeadais, tacaíocht bhuiséadach agus cúnamh daonnúil de thoradh Bhuiséad an Aontais agus Bhallstáit an Aontais go díreach
  • Pacáiste € 18 mbilliún chun tacú le geilleagar na hUcráine
  • € 3.1 billiún i leith cúnamh míleata don Úcráin faoin tSaoráid Eorpach Síochána agus isteach agus amach le € 7 mbilliún go díreach ó Bhallstáit an Aontais*

*Ní cuid de bhuiséad an Aontais iad an tSaoráid Eorpach Síochána ná tacaíocht ó Bhallstáit an Aontais.


Príomhbhearta in 2022 chun cabhrú le gnólachtaí agus muintir na hÚcráine leas a bhaint as Margadh Aonair an Aontais Eorpaigh


Leis na lánaí dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, cuireadh bealaí nua lóistíochta ar fáil chun an Úcráin a nascadh le comhpháirtithe trádála domhanda ar iarnród, ar bhóithre agus ar uiscebhealaí intíre. Líne tharrthála is ea iad sin do gheilleagar na hÚcráine; tugann siad ioncam breis agus EUR 15 bhilliún ar ais d’fheirmeoirí agus do ghnólachtaí na hÚcráine, ioncam a bhfuil géarghá leis, agus cuidíonn siad leis an Úcráin a cuid earraí a easpórtáil, grán go háirithe, chun slándáil bia a chinntiú i dtíortha atá i mbéal forbartha (féach Caibidil 8). Chomh maith leis sin, chuir siad ar a cumas don Úcráin an méid a theastaigh uaithi a iompórtáil, ó chabhair dhaonnúil go beatha ainmhithe agus leasacháin.


Leis an Ardán um Athléimneacht an tSlabhra Soláthair agus Comhar-ardán Gnó na Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, tugadh cuidiú do chuideachtaí Úcránacha agus do chuideachtaí Eorpacha chun déileáil le suaitheadh sna slabhraí soláthair idirnáisiúnta agus chun teacht ar réitigh i leith táirgí talmhaíochta a easpórtáil ón Úcráin.


Leathnaíodh na conairí iompair Eorpacha chun an Úcráin agus an Mholdóiv a chur san áireamh chun naisc iompair leis an Aontas Eorpach a fheabhsú. Beidh rochtain ag an dá thír ar an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, rud is féidir a úsáid chun tacú le tionscadail trasteorann chun scrogaill a bhaint.

Cabhróidh comhaontuithe an Aontais leis an Úcráin agus leis an Moldóiv freisin le hiompar trasteorann earraí a éascú.


Cinntíodh le rialacha nua go bhféadfadh gach iompórtáil ón Úcráin teacht isteach san Aontas Eorpach go hiomlán saor ó dhleacht agus ó chuóta. Aon sriantacht trádála a forchuireadh ar an Úcráin roimh an gcogadh, amhail bearta frithdhumpála agus bearta coimirce, cuireadh na sriantachtaí sin ar fionraí.


Le treoraíocht choiteann, bhí údaráis na mBallstát in ann deimhin a dhéanamh de go dtugtar aitheantas tapa, cothrom agus solúbtha do cháilíochtaí gairmiúla do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin.


Leis na rialacha nua, bhí Úcránaigh atá tar éis teitheadh chun na hEorpa in ann leanúint dá ceadúnas tiomána Úcránach a úsáid san Aontas agus éascaíodh na ceanglais do thiománaithe gairmiúla.


Rinneadh an Úcráin agus an Mholdóiv a shioncrónú le heangach leictreachais ilchríochach na hEorpa. Bainfidh an Úcráin tairbhe freisin as gás, gás nádúrtha leachtaithe agus hidrigin a cheannach i gcomhpháirt leis an Aontas (féach Caibidil 2).


Chuir oibritheoirí an Aontais agus na hÚcráine glaonna agus úsáid idirlín inacmhainne nó saor in aisce ar fáil do dhídeanaithe, agus cártaí SIM saor in aisce agus seirbhísí móibíleacha leo d’Úcránaigh san Eoraip.


Shlóg an tAontas EUR 25 mhilliún chun cibearathléimneacht agus athléimneacht dhigiteach na hÚcráine a mhéadú mar chuid den phacáiste éigeandála EUR 330 milliún.

Smachtbhannaí an Aontais

Ó mhí an Mhárta 2014 i leith, tá smachtbhannaí in aghaidh na Rúise forchurtha de réir a chéile ag an Aontas, mar fhreagairt ar dtús ar ionghabháil mhídhleathach na Crimé agus Sevastopol agus ar dhíchobhsú na hÚcráine d’aon ghnó.

An 23 Feabhra 2022, chuir an tAontas Eorpach leis na smachtbhannaí mar fhreagairt ar an aitheantas foirmiúil a thug an Rúis do limistéir réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine nach bhfuil faoi smacht an rialtais agus ar ordú fhórsaí armtha na Rúise isteach sna limistéir sin. Tar éis an 24 Feabhra, mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus ar an ionghabháil neamhdhleathach a rinne sí ar cheithre chríoch eile de chuid na hÚcráine tar éis reifrinn bhréagacha, d’eisigh an tAontas smachtbhannaí breise. Glacadh naoi bpacáiste de bhearta sriantacha san iomlán faoi dheireadh 2022.

Sa bhreis ar líon iomlán na ndaoine Rúiseacha agus na n-eintiteas Rúiseach atá ar an liosta smachtbhannaí a mhéadú go breis agus 1 500, ghlac an tAontas bearta nach bhfacthas a leithéid riamh cheana lena gcumhdaítear raon leathan earnálacha eacnamaíocha, a bhfuil an trádáil, an t-iompar agus an teicneolaíocht, an fuinneamh, an chosaint agus an t-airgeadas ina measc. Rinneadh é sin d’fhonn iarmhairtí tromchúiseacha a fhorchur ar an Rúis as a cuid gníomhaíochtaí agus a cumas leanúint dá hionsaí a dhíghrádú le himeacht ama. Mar shampla, chuir an tAontas srian ar easpórtáil príomhtheicneolaíochtaí agus príomhearraí chuig an Rúis agus chuir sé cosc ar iompórtáil earraí lena ngintear ioncam tábhachtach don Rúis.

Tacaíocht na saoránach d’fhreagairt an Aontais Eorpaigh do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine

Thacaigh na saoránaigh go láidir leis na bearta atá glactha ag an Aontas mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Mar shampla, bhí na hEorpaigh go mór i bhfabhar tacaíocht dhaonnúil a sholáthar (88 %) agus go mór i bhfabhar an fháiltithe roimh dhaoine agus iad ag teitheadh ón gcogadh (82 %). An tráth a rinneadh an suirbhé bhí seachtar as gach deichniúr Eorpach i bhfabhar smachtbhannaí eacnamaíocha a fhorchur ar rialtas na Rúise, agus ar chuideachtaí agus ar dhaoine aonair chomh maith (71 %), agus i bhfabhar tacaíocht airgeadais a chur ar fáil don Úcráin (70 %).

Foinse: Flais-Eorabharaiméadar 514, Nollaig 2022.

Chomh maith leis sin, chuir an tAontas deireadh le rochtain na Rúise ar mhargaí caipitil an Aontais, mar shampla trí reo sócmhainní agus toirmisc mhaoiniúcháin a fhorchur ar roinnt bainc Rúiseacha, bainc áirithe a eisiamh ó líonra SWIFT agus rochtain ar bhonneagar ríthábhachtach an mhargaidh airgeadais a theorannú. Le toirmeasc atá forchurtha ar idirbhearta le Banc Ceannais na Rúise ní féidir leis an mBanc sin rochtain a fháil a thuilleadh ar na sócmhainní atá stóráilte aige i mbainc cheannais agus in institiúidí príobháideacha san Aontas.

Chuir an tAontas cosc freisin ar mheáin na Rúise atá faoi úinéireacht an stáit craoladh san Aontas, chun cur i gcoinne scaipeadh na mífhaisnéise agus na bréagaisnéise. Ina theannta sin, dhún an tAontas a aerspás agus calafoirt an Aontais d’aerárthaí agus soithí na Rúise, agus chuir sé toirmeasc ar oibreoirí iompair de bhóthar na Rúise. I measc na mbeart eile bhí cosc ar amhola a iompórtáil ón Rúis ar muir, caidhp phraghais dhomhanda ar ola a comhaontaíodh le comhpháirtithe G7 agus toirmeasc ar iompórtáil gach cineál guail ón Rúis.

Na smachtbhannaí atá á bhforchur ag an Aontas agus ag tíortha ar fud an domhain, tá siad ag lagú bonn eacnamaíoch na Rúise, rud atá ag baint teicneolaíochtaí agus margaí criticiúla den Rúis agus ag cur srian ar a cumas cogadh a fhearadh. Meastar go mbeidh fás eacnamaíoch na Rúise amach anseo i bhfad níos moille ná an fás i margaí eile atá ag teacht chun cinn, i ngeilleagair atá i mbéal forbartha agus i ngeilleagair shárfhorbartha.

Bearta airgeadais

  • Toirmeasc ar sholáthar seirbhísí teachtaireachtaí airgeadais (SWIFT ach go háirithe) do 10 mbanc Rúiseacha
  • Srianta ar rochtain na Rúise ar mhargaí caipitil agus airgeadais an Aontais
  • Toirmeasc ar idirbhearta le Banc Ceannais na Rúise agus le Banc Forbartha Réigiúnaí na Rúise
  • Toirmeasc ar nótaí bainc arna n-ainmniú in euro a sholáthar don Rúis
  • Toirmeasc ar idirbhearta le heintitis faoi úinéireacht stáit na Rúise
  • Toirmeasc ar sheirbhísí rátála creidmheasa a sholáthar d’eintitis Rúiseacha
  • Toirmeasc ar chripteasparáin a sholáthar

Ní raibh aon cheann de na smachtbhannaí a ghlac an tAontas in aghaidh na Rúise dírithe ar thrádáil i dtáirgí talmhaíochta agus bia idir an Rúis agus tíortha nach den Aontas iad, ná níor chuir siad cosc ar sholáthar trealaimh leighis ná cógas don phobal i gcoitinne.

San am céanna, leathnaíodh córas smachtbhannaí an Aontais maidir leis an mBealarúis mar fhreagairt ar rannpháirtíocht na tíre i gcogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Is éard atá i gceist leis sin sraith de bhearta airgeadais, eacnamaíocha agus trádála. Cumhdaíodh thart ar 60 % d’easpórtálacha uile na Bealarúise chuig an Aontas leis na smachtbhannaí eacnamaíocha ar an mBealarúis. Ó tháinig na smachtbhannaí i bhfeidhm i mí an Mhárta go dtí deireadh 2022, tháinig laghdú 65 % ar easpórtálacha na Bealarúise chuig an Aontas i gcomparáid leis an tréimhse chéanna an bhliain roimhe sin. Rinneadh ceithre bhanc ón mBealarúis a eisiamh ó chóras SWIFT.

Chuir an Coimisiún Eorpach Tascfhórsa “Calcadh agus Coigistiú” ar bun chun a chinntiú go gcuirfear smachtbhannaí an Aontais i bhfeidhm go héifeachtúil in aghaidh daoine agus cuideachtaí Rúiseacha agus Bealarúiseacha atá liostaithe agus chun iniúchadh a dhéanamh ar na naisc a d’fhéadfadh a bheith ann idir sócmhainní de chuid na ndaoine sin agus gníomhaíochtaí coiriúla. Faoi dheireadh 2022, bhí sócmhainní Rúiseacha dar luach níos mó ná EUR 20 billiún reoite ag an Aontas.

Bearta taidhleoireachta

Forálacha maidir le héascú víosaí a chur ar fionraí do thaidhleoirí Rúiseacha, agus d’oifigigh do lucht gnó eile de chuid na Rúise.

Srianta ar na meáin

Craolachán a chur ar fionraí san Aontas i leith asraonta atá faoi úinéireacht stáit.

  • Sputnik
  • Russia Today
  • RTR Planeta
  • Russia 24
  • TV Centre International
  • NTV/NTV Mir
  • Pervyi Kanal
  • Rossiya 1
  • REN TV

I mí na Samhna, chomhaontaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh síneadh a chur leis an liosta de “choireanna an Aontais” a leagtar síos faoi Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun sárú smachtbhannaí an Aontais a chur san áireamh. Tar éis an chinnidh, rinne an Coimisiún treoir a mholadh maidir le cionta choiriúla agus pionóis a shainiú i ndáil le sárú ar smachtbhannaí an Aontais.

An bhréagaisnéis a chomhrac

In 2022, lean an tAontas dá chuid oibre maidir le huirlisí a fhorbairt chun costais pholaitiúla, eacnamaíocha agus chlú a fhorchur ar dhaoine a dhéanann ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis, iad siúd a dhíríonn ar thoghcháin agus ar thimpeallachtaí meán oscailte ina measc.

San áireamh in obair na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí bhí monatóireacht agus anailís a dhéanamh ar ionramháil faisnéise agus bréagaisnéis rialtas na Rúise agus sin a thabhairt chun solais trí chumarsáid neartaithe agus an suíomh gréasáin EUvsDisinfo.

Chuir an tAontas tacaíocht dhíreach ar fáil d’iarrachtaí cumarsáide straitéisí na hÚcráine agus d’oibrigh sé go dlúth le comhpháirtithe idirnáisiúnta agus le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo, go háirithe G7 agus ECAT, chun cur i gcoinne na bréagaisnéise maidir leis an gcogadh. Rinne líonra an Choimisiúin in aghaidh na bréagaisnéise monatóireacht agus anailís ar insintí bréagacha agus mhol sé gníomhaíochtaí agus frithinsintí i dtuarascálacha seachtainiúla a d’ullmhaigh an Coimisiún.

Lógó fheachtas an Aontais i gcoinne na bréagaisnéise agus na focail ‘EU versus Disinfo’ [‘An tAontas Eorpach i gcoinne na Bréagaisnéise’] le feiceáil ar chúlra oráiste.

Tá an tAontas ag obair go dlúth le hardáin ar líne agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile chun scaipeadh na bréagaisnéise a chomhrac. Ó 2018 i leith, tá an Cód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis ina uirlis do ghníomhaithe ábhartha sa tionscal chun teacht ar chomhaontú maidir le caighdeáin féinrialála chun an bhréagaisnéis a chomhrac. I mí an Mheithimh 2022, shínigh 34 shínitheoir (mórardáin ar líne, cinn atá ag teacht chun cinn agus ardáin speisialaithe, páirtithe leasmhara sa tionscal fógraíochta, seiceálaithe fíricí, agus eagraíochtaí taighde agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta) leagan neartaithe den Chód. Is é is aidhm don Chód athbhreithnithe deireadh a chur le dreasachtaí airgeadais dóibh siúd a scaipeann bréagaisnéis, trédhearcacht fógraíochta polaitiúla a chinntiú agus an pobal seiceála fíricí a chumhachtú.

Aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim dhaonnúil

Ó thosaigh cogadh foghach na Rúise, tá na riachtanais dhaonnúla san Úcráin méadaithe go leibhéil nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Faoi dheireadh 2022, bhí tacaíocht dhaonnúil agus cúnamh cosanta faighte ag breis agus 17,7 milliún duine sa tír. As an méid iomlán thuasluaite, san áireamh leis an tacaíocht dhaonnúil bhí EUR 485 mhilliún a leithdháileadh ar chláir cabhrach daonnúla a thacaíonn le sibhialtaigh atá thíos leis an gcoinbhleacht armtha san Úcráin, agus EUR 38 milliún don Mholdóiv, atá buailte go dona ag an gcogadh freisin. Ina theannta sin, soláthraíodh EUR 332 mhilliún do chlár tacaíochta éigeandála chun rochtain ar earraí agus seirbhísí bunúsacha a chinntiú, oideachas, cúram sláinte agus bia ina measc. Soláthraíodh EUR 200 milliún breise chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine easáitithe san Úcráin.

Janez Lenarčič agus é ag caint le foireann otharchairr in aice le hotharcharr.
Janez Lenarčič, an Coimisinéir Eorpach um Bainistiú Géarchéime, sa lár, agus é ag freastal ar oibríocht aslonnaithe leighis ag aerfort Rzeszów, Przemyśl na Polainne, an 10 Meitheamh 2022.

Ba é an chéad tosaíocht a bhí ag an Aontas sibhialtaigh na hÚcráine a chosaint. Agus é ag obair le húdaráis na hÚcráine um chosaint shibhialta, chuir an Coimisiún tús leis an oibríocht ba mhó agus ba chasta faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta ó bunaíodh é chun a chinntiú go gcuirfear an cúnamh neamhairgeadaíochta is práinní ar fáil don Úcráin agus do thíortha comharsanachta, agus go n-aslonnófar go sábháilte iad siúd atá ag teitheadh ón gcoinbhleacht armtha. Faoi dheireadh na bliana, thart ar leathbhilliún euro a bhí i luach na 78 000 tona cúnaimh a sholáthair Ballstáit an Aontais agus tíortha nach den Aontas iad a chuireann leis an sásra, mar aon le cúnamh ó chúlchistí rescEU.

Seachtar ball den fhoireann aslonnaithe leighis ina seasamh ar aerpháirc os comhair eitleán aslonnaithe leighis.
An chéad eitleán aslonnaithe leighis de chuid rescEU ag dul i mbun seirbhíse chun cuidiú le hothair Úcránacha a aistriú, Rzeszów na Polainne, an 22 Márta 2022.

Bhunaigh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit agus Oifig Réigiúnach na hEagraíochta Domhanda Sláinte don Eoraip, moil triáiseála ag teorainn na hÚcráine agus sna Ballstáit is mó atá buailte chun dlús a chur le hathlonnú agus le haistrithe leighis. Chuaigh oibreoirí iompair na hEorpa i mbun gnímh ag tús an chogaidh chun iompar saor in aisce chuig tíortha na hEorpa a thairiscint do dhídeanaithe ón Úcráin.

Rinne an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta comhordú ar aslonnú leighis shibhialtaigh na hÚcráine agus othar míleata a raibh cóireáil leanúnach nó cúnamh leighis práinneach de dhíth orthu chuig tíortha san Aontas agus chuig an Iorua. Chuir an Coimisiún moil lóistíochta ar bun chun cúnamh Eorpach a threorú agus chun tacú le comhpháirtithe daonnúla ar an láthair. Ina measc sin bhí moil leighis a bunaíodh in Jasionka (an Pholainn), in Iaşi (an Rómáin) agus in Košice (an tSlóvaic) chun aslonnú sábháilte othar a chinntiú agus chun ullmhú do ghlacadh líon mór othar i dtíortha a bhfuil teorainn acu leis an Aontas. Thacaigh eitleán aslonnaithe leighis nua rescEU, a ndearna an tAontas é a mhaoiniú agus a ndearna an Iorua é a óstáil, leis na hoibríochtaí aslonnaithe. Faoi dheireadh na bliana, aistríodh níos mó ná 1 670 othar chuig ospidéil i 19 dtír Eorpacha.

Mar léiriú eiseamláireach ar dhlúthpháirtíocht na hEorpa leis an Úcráin agus lena muintir, thairg gach ceann de na 27 mBallstát, mar aon leis an Macadóin Thuaidh, an Iorua agus an Tuirc, cuidiú leis an Úcráin faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta i rith na bliana. Bunaíodh stoc-charn breise d’earraí a bhfuil géarghá leo, trealamh leighis agus scáthláin shealadacha san áireamh, chun nithe a bhronn cuideachtaí príobháideacha a lárú.

Cúnamh tarrthála don Úcráin

Chuir 30 tír cúnamh ar fáil

Deonaíodh breis agus 77 500 tona de chúnamh neamhairgeadaíochta

1 260 gineadóir cumhachta

1 105 chlaochladán

185 otharcharr

125 inneall dóiteáin

129 bhfeithicle innealra throm

33 dhroichead pontúin agus bábhúin

Chuir cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine brú freisin ar chórais sláinte na mBallstát, córais a chuir cúram sláinte ar fáil dóibh siúd a easáitíodh chuig an Aontas. Faoi chomhaontú leis an Aontas Eorpach, bhí Cónaidhm Idirnáisiúnta Chumainn na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg in ann tacaíocht mheabhairshláinte agus tacaíocht mhothúchánach a sholáthar do dhaoine a easáitíodh san Úcráin, agus san Aontas Eorpach agus sna tíortha sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

Rinne an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus Údarás an Choimisiúin um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte dlúthmhonatóireacht ar sholáthairtí cógas tábhachtach agus trealaimh leighis thábhachtaigh, vacsaíní péidiatraiceacha agus vacsaíní le haghaidh galair thógálacha eile san áireamh, chun fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an slabhra soláthair a chosc. Tugadh tacaíocht bhreise freisin, i bhfoirm faireachais ar fhuíolluisce maidir le pataiginí éagsúla, do Bhallstáit a bhfuil dídeanaithe á n-óstáil acu. Rinne an Coimisiún na gníomhaíochtaí sin a chomhordú le comhpháirtithe idirnáisiúnta, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ina measc.

Kadri Simson agus ribín ar a bhfuil bratach na hÚcráine á chaitheamh aici ar a léine, agus Herman Haluschenko, iad beirt ag siúl thart ar thanc damáistithe agus ag caint lena chéile.
Kadri Simson, an Coimisinéir Eorpach um Fhuinneamh (ar chlé), agus Herman Haluschenko, Aire Fuinnimh na hÚcráine, i gcroílár Chív na hÚcráine, an 1 Samhain 2022.

Dhírigh an Rúis go leanúnach agus d’aon ghnó ar bhonneagar fuinnimh na hÚcráine agus chuaigh sin go mór i bhfeidhm ar chóras fuinnimh na tíre. Chuir an tAontas, in éineacht lena Bhallstáit agus lena chuideachtaí príobháideacha, trealamh fuinnimh éigeandála ar fáil don Úcráin dar luach roinnt milliún euro. Ina theannta sin, bailíodh EUR 32 mhilliún chun na riachtanais is práinní a chumhdach trí Chiste Tacaíochta Fuinnimh na hÚcráine a bhunaigh an Comhphobal Fuinnimh ar iarraidh ón gCoimisiún. I mí na Nollag, d’fhógair an tUachtarán von der Leyen go slógfadh an tAontas thart ar EUR 30 milliún chun suas le 30 milliún bolgán solais atá tíosach ar fhuinneamh a cheannach don Úcráin.

Chomh maith leis sin, sholáthair an tAontas frithbhearta agus trealamh ó chúlchistí rescEU dar luach EUR 40 milliún i gcoinne bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha, agus leithdháil sé EUR 13 mhilliún chun saotharlanna i Searnóbail a athchóiriú a ndearna gabhálaithe na Rúise damáiste dóibh.

Fáilte a chur rompu siúd atá ag teitheadh ón gcoinbhleacht armtha

An 4 Márta, den chéad uair riamh agus le luas nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, ghníomhachtaigh an tAontas Eorpach an Treoir um Chosaint Shealadach chun cuidiú tapa agus éifeachtach a chur ar fáil. Chomh maith le cosaint a thabhairt dóibh siúd atá ag teitheadh ó chogadh foghach na Rúise, trí stádas dlíthiúil soiléir agus cead cónaithe i mBallstát den Aontas a thabhairt dóibh, cuir i gcás, chuir an tAontas rochtain ar fáil freisin ar an scolaíocht, ar an leas sóisialta, ar phoist, ar an gcúram leighis agus ar an tithíocht.

Bhunaigh an Coimisiún Ardán Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh mar mhol lárnach chun monatóireacht a dhéanamh ar riachtanais agus chun an fhreagairt oibríochtúil a chomhordú. Chuir an t-ardán, atá ar fáil in Úcráinis agus i Rúisis freisin, ar chumas Bhallstáit an Aontais faisnéis riachtanach a mhalartú maidir le teacht na milliún daoine easáitithe chuig tíortha Eorpacha ina dhiaidh sin. I mí an Mhárta, chuir an Coimisiún plean 10 bpointe i láthair chun comhordú Eorpach a neartú maidir le fáilte a chur roimh dhídeanaithe.

Ina theannta sin, sheol an Coimisiún feachtas cumarsáide chun dídeanaithe a chur ar an eolas faoina gcearta agus faoi fhoinsí iontaofa faisnéise agus iad ag taisteal chuig an Aontas. Faoi dheireadh 2022, bhí thart ar 4.5 milliún duine cláraithe go hoifigiúil le haghaidh cosaint shealadach i mBallstáit an Aontais.

Oideachas in aimsir na coinbhleachta

Bhí éifeachtaí díobhálacha tromchúiseacha ag cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine ar chóras oideachas na hÚcráine, agus rinne sé difear do mhic léinn, do mhúinteoirí agus do shaoráidí oideachais, a ndearnadh damáiste do na mílte díobh. Le tacaíocht ón Aontas Eorpach, chuir Unicef soláthairtí oideachais ar fáil agus d’eagraigh sé oiliúint do mhúinteoirí maidir le hoideachas scileanna saoil agus tacaíocht mhothúchánach.

Cúigear páistí ón Úcráin ina suí i seomra ranga, iad ag amharc ar an gceamara.
Is san Aontas Eorpach a chuir 500 000 leanbh ón Úcráin tús leis an scoilbhliain 2022/2023.
© UNICEF, 2022

De réir mheastacháin an Aontais, ba leanaí ar aois scoile iad thart ar aon trian de na dídeanaithe ón Úcráin. Fuair na leanaí sin na cearta céanna agus an chosaint chéanna atá ag leanaí ar saoránaigh den Aontas Eorpach iad. Rinneadh thart ar leathmhilliún leanbh ón Úcráin a imeascadh i gcórais scoile i 20 Ballstát ag tús na scoilbhliana nua i mí Mheán Fómhair.

Thacaigh an Coimisiún le córais oideachais náisiúnta trí lámhleabhar praiticiúil le haghaidh na scoilbhliana 2022/2023, treoirlínte maidir le mearaithint na gcáilíochtaí acadúla Úcránacha, an phiarfhoghlaim, ardáin ar líne agus socruithe solúbtha cistiúcháin faoin gclár Erasmus+, lena dtacaítear leis an oideachas, an oiliúint, an óige agus an spórt san Eoraip.

Anastasiia Konovalova ina seasamh i seomra ranga agus miongháire uirthi, agus bosca UNICEF ina glac aici.
Theith Anastasiia Konovalova ó Odesa na hÚcráine go Búcairist na Rómáine, áit a bhfuil sí ina múinteoir bunscoile anois do leanaí ón Úcráin.
© Unicef/UN0622380/Holerga, 2022

I mí an Mheithimh, d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a n-iarrataí ar chabhair le haghaidh na scoilbhliana 2022/2023 faoi scéim scoile an Aontais chun freastal ar leanaí easáitithe ón Úcráin. Leis an scéim tacaítear le torthaí, glasraí, bainne agus táirgí áirithe bainne a dháileadh ar leanaí scoile, ón naíolann go dtí an mheánscoil. Mar thoradh air sin, athdháileadh EUR 2.9 milliún ar na tíortha sin.

Sheol an Coimisiún MSCA4Ukraine freisin, ar scéim í atá maoinithe faoi ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie, agus buiséad EUR 25 mhilliún aici chun tacú le taighdeoirí atá ag teitheadh ón gcogadh. Chuir sé sin ar a gcumas dóibh leanúint dá gcuid oibre in eagraíochtaí acadúla agus neamhacadúla i mBallstáit an Aontais agus i dtíortha bhfuil baint acu le Fís Eorpach, agus a naisc le pobail taighde agus nuálaíochta san Úcráin á gcoimeád acu san am céanna.

In 2022 leithdháil an tAontas EUR 100 milliún chun scoileanna san Úcráin dá ndearnadh damáiste a athshlánú, agus bhronn sé EUR 14 mhilliún chun busanna scoile a cheannach agus a iompar do leanaí san Úcráin. D’eagraigh an Coimisiún feachtas dlúthpháirtíochta freisin, inar iarradh ar eintitis phoiblí agus phríobháideacha busanna scoile a bhronnadh ar an Úcráin. Faoi mhí na Nollag, bhí 240 bus ar a mbealach chun na hÚcráine, agus iad treoraithe ó Bhallstáit an Aontais trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.

Físeán ina mínítear feachtas an Choimisiúin Eorpaigh chun busanna scoile a bhronnadh do leanaí na hÚcráine.
VIDEO Todhchaí na hÚcráine a bhrú chun cinn

Tacú le Ballstáit an Aontais

Ina theannta sin, ghníomhaigh an tAontas le luas agus le dlúthpháirtíocht chun tacú leis na Ballstáit; chuir sé fáilte rompu siúd a bhí ag teitheadh ón Úcráin agus d’aimsigh siad lóistín dóibh, agus chuir sé EUR 3.5 billiún ar fáil láithreach ón ionstraim don ghéarchéim phaindéime Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT-EU). Bhí na Ballstáit agus a réigiúin in ann cistiú atá ann cheana a atreorú freisin chun cúnamh ábhartha bunúsach a sholáthar, bia agus éadaí san áireamh, tríd an tionscnamh um Ghníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE). Chun an tacaíocht sin a leathnú a thuilleadh, i mí an Mheithimh chuir an Coimisiún an togra maidir le Cúnamh Solúbtha do Chríocha (FAST-CARE) i láthair chun cuidiú leis na Ballstáit maidir lena soláthar tacaíochta do dhídeanaithe. San iomlán, d’fhéadfadh suas le EUR 17 mbilliún a bheith ar fáil faoi CARE le haghaidh na tréimhse 2014–2020 (REACT-EU thuasluaite san áireamh) agus suas le EUR 17 mbilliún faoi FAST-CARE le haghaidh na tréimhse 2021–2027.

Bhí cistí gnóthaí baile 2014–2020 agus 2021–2027 ar fáil freisin chun tacú le Ballstáit an Aontais fáilte a chur rompu siúd a bhí ag teitheadh ón Úcráin. Sa bhreis air sin, cuireadh EUR 400 milliún ar fáil do na Ballstáit túslíne chun cuidiú leo costais dídine, bhia agus chúraim sláinte a chumhdach agus chun tacú le bainistiú teorainn.

D’iarr naoi mBallstát tacaíocht trí Ionstraim an Aontais um Thacaíocht Theicniúil chun an Treoir um Chosaint Shealadach a chur chun feidhme. San áireamh leis an tacaíocht sin bhí cuidiú le daoine ar teitheadh ón Úcráin poist a fháil san Aontas agus curaclaim scoile a chur in oiriúint do riachtanais na ndaltaí ón Úcráin.

Tar éis cláir um chomhar leis an Rúis agus leis an mBealarúis, a comhghuaillí, a chur ar fionraí, d’aistrigh an tAontas EUR 26.2 milliún, méid a bhí beartaithe ar dtús le haghaidh tionscadail leis an dá thír sin, chun comhar na mBallstát leis an Úcráin agus leis an Moldóiv a neartú.

Thug an tAontas athruithe isteach freisin ar chreat dlíthiúil 15 chlár um chomhar trasteorann agus trasnáisiúnta ar chuir cogadh foghach na Rúise isteach orthu. Rinneadh na hathruithe sin chun a chinntiú go bhféadfaí leanúint de thionscadail a thacaíonn leis na Ballstáit agus a théann chun tairbhe mhuintir na hÚcráine agus na Moldóive a chur chun feidhme. San áireamh leis sin bhí tionscadail chun tacú le dídeanaithe.

FAST -CARE: Tacaíocht ón mbeartas comhtháthaithe do chríocha agus do chomhpháirtithe atá ag glacadh le dídeanaithe ón Úcráin

  • Solúbthacht iomlán agus simpliú na gcistí comhtháthaithe uile.
  • Cuirfear 30 % den mhaoiniú ar fáil d’údaráis áitiúla agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta.
  • Solúbthacht chun tionscadail a chur chun feidhme ar cuireadh moill orthu de dheasca ganntanas amhábhar agus luchta saothair.
  • Tacaíocht shimplithe € 100 in aghaidh an dídeanaí in aghaidh na seachtaine ar feadh 26 seachtaine.
  • Réamh-mhaoiniú comhtháthaithe breise dar luach € 3.5 billiún.

Cuidiú le feirmeoirí agus iascairí

I measc na ngníomhaíochtaí chun tacú le feirmeoirí an Aontais is mó atá thíos leis an gcogadh, bhí pacáiste cúnaimh eisceachtúil EUR 500 milliún. Fuair feirmeoirí an Aontais tacaíocht mhéadaithe trí chistí forbartha tuaithe, rud a chuir ar a gcumas do na Ballstáit cnapshuim aonuaire a íoc le feirmeoirí agus le gnólachtaí agraibhia. Ina theannta sin, trí na rialacha maidir le huainíocht barr a mhaolú go sealadach le haghaidh 2022/2023, agus é d’aidhm aige sin táirgeadh gránach a uasmhéadú, meastar go gcuirfear tuairim is 1,5 milliún heicteár i mbun táirgthe arís.

Mar go ndearna an Rúis uirlis troda as a cuid easpórtálacha fuinnimh tá staid mhargadh na leasachán tar éis dul in olcas, ar staid í a bhí dúshlánach cheana féin tar éis phaindéim COVID-19. Mar thoradh ar an mbuaicphointe i bpraghsanna gáis, tháinig méadú thart ar 149 % ar chostas leasachán nítrigine i mí Mheán Fómhair 2022, i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Mar fhreagairt air sin, chuir an Coimisiún réimse leathan tionscnamh i láthair chun infhaighteacht agus inacmhainneacht leasachán san Aontas agus ar fud an domhain a chinntiú. I measc na mbeart chun tacú le feirmeoirí bhí cúnamh airgeadais spriocdhírithe, amhail tacaíocht shonrach faoin gcreat sealadach géarchéime um státchabhair, tacaíocht do réitigh mhalartacha leasacháin, agus faireachlann mhargaidh le haghaidh leasachán a sheoladh chun trédhearcacht an mhargaidh a fheabhsú.

Cuireadh isteach go mór freisin ar oibreoirí iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais freisin mar gheall ar an ardú atá ag teacht ar phraghsanna fuinnimh agus amhábhar. Chun cuidiú leis an earnáil atá ag streachailt, ghníomhachtaigh an tAontas Eorpach an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe chun tacú le hoibreoirí agus chun bearta géarchéime sonracha a thabhairt isteach. Comhlánaíonn na tionscnaimh sin na cinn atá ar fáil faoin gCreat Sealadach Géarchéime um Státchabhair, rud a glacadh chun cuidiú le cuideachtaí an Aontais dul i ngleic le praghsanna arda fuinnimh agus le hiarmhairtí eile a bhaineann le cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine (féach Caibidil 2 le tuilleadh eolais a fháil).

Tacaíocht maidir le coireanna cogaidh a imscrúdú agus a ionchúiseamh

Ghlac an tAontas roinnt beart chun cinnteoirí na Rúise a thabhairt chun cuntais as na mórsháruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a rinneadh san Úcráin.

I mí an Mhárta, chinn Ballstáit uile an Aontais, in éineacht le tíortha comhpháirtíochta eile, an staid san Úcráin a chur faoi bhráid na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta i dteannta a chéile. Agus an tAontas ag leanúint de thacaíocht a thabhairt d’obair na Cúirte, chuir sé in iúl go raibh sé réidh chun oibriú leis an gcomhphobal idirnáisiúnta chun binse idirnáisiúnta ad hoc nó binse “hibrideach” a bhunú chun coir fhoghach na Rúise a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

Josep Borrell agus Ursula von der Leyen agus iad ag lasadh coinnle, agus grianghrafadóirí sa chúlra á scannánú.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar “Eoraip níos láidre sa Domhan” (an chéad duine ar dheis), agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (an dara duine ar dheis), agus iad ag tabhairt ómós d’íospartaigh an chogaidh san Úcráin, an 8 Aibreán 2022.

Faoi dheireadh 2022, bhí imscrúduithe seolta ag an Úcráin agus ag 14 Bhallstát de chuid an Aontais maidir leis na coireanna idirnáisiúnta a rinne an Rúis san Úcráin. Tá cuid de na Ballstáit sin ag obair cheana féin go díreach leis an Úcráin agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) tríd an bhFoireann Chomhpháirteach um Imscrúdú, rud a bunaíodh chun fianaise a bhailiú agus coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna a imscrúdú. Neartaíodh sainordú Eurojust i mí an Mheithimh 2022, rud a chuir ar a chumas fianaise a bhaineann le coireanna idirnáisiúnta a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil.

Leasaigh an tAontas sainordú Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialta san Úcráin freisin chun go mbeidh sé in ann tacaíocht a thabhairt d’údaráis na hÚcráine maidir le haon choireanna idirnáisiúnta a rinneadh i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

Olluaigh taobh thiar d’eaglais.
Olluaigh, Bucha na hÚcráine, an 8 Aibreán 2022.

D’fhorbair Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) tascfhórsa tiomanta chun faisnéis atá ar fáil go poiblí a bhailiú agus a anailísiú chun cabhrú leis an Úcráin agus leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta monatóireacht a dhéanamh ar ábhar ar líne.

I mí na Samhna 2022, chuir an Coimisiún roghanna éagsúla faoi bhráid na mBallstát chun a chinntiú go n-íocfadh an Rúis as na hainghníomhartha a rinneadh le linn a fogha gan chúis in aghaidh na hÚcráine. Sa ghearrthéarma, mhol an Coimisiún struchtúr airgeadais nua a chruthú chun sócmhainní poiblí de chuid na Rúise atá reoite agus srianta a bhainistiú, iad a infheistiú agus na fáltais a úsáid don Úcráin. Go fadtréimhseach, a luaithe a chuirfear deireadh leis na smachtbhannaí, d’fhéadfaí na cistí sin a úsáid chun cúiteamh iomlán na Rúise as an damáiste a rinneadh don Úcráin a chinntiú.

Andriy Kostin agus a dhroim leis an gceamara agus veist á caitheamh aige a bhfuil ‘War Crimes Prosecutor’ [‘Ionchúisitheoir Coireanna Cogaidh’] scríofa uirthi, agus Didier Reynders ar thaobh a láimhe deise os comhair an cheamara.
Andriy Kostin, Príomh-Ionchúisitheoir na hÚcráine (ar chlé), in éineacht le Didier Reynders, an Coimisinéir Eorpach um Cheartas, Borodyanka na hÚcráine, an 9 Deireadh Fómhair 2022.

Atógáil na hÚcráine

Bhí cogadh foghach na Rúise ina chúis le scrios ollmhór ar bhailte agus pobail san Úcráin cheana féin agus measann an Banc Domhanda gur EUR 600 billiún a bheidh sna costais atógála. Beidh gá le hiarracht chomhchoiteann idirnáisiúnta chun tacú leis an Úcráin agus í ag atógáil a tíre agus a geilleagair.

Maidir leis an atógáil fhadtéarmach, an 25 Deireadh Fómhair d’eagraigh an Coimisiún agus Uachtaránacht G7 Comhdháil Idirnáisiúnta Saineolaithe maidir le Téarnamh, Athfhoirgníocht agus Nuachóiriú na hÚcráine i mBeirlín na Gearmáine. Agus í ag tógáil ar an bplé a reáchtáladh i Lugano na hEilvéise, an 4 agus an 5 Iúil ag an gComhdháil maidir le Téarnamh na hÚcráine, cuireadh comhairle bhreise ó shaineolaithe ar fáil ag comhdháil Bheirlín maidir leis an bpróiseas téarnaimh. Cuideoidh toradh na comhdhála le hardán comhordúcháin idirnáisiúnta a fhorbairt, mar a mhol an Coimisiún i mí na Bealtaine. I mí na Nollag, chomhaontaigh ceannairí G7 ardán ilghníomhaireachta comhordaithe deontóirí a bhunú, in éineacht leis an Úcráin agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta agus i ndlúthchomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus institiúidí idirnáisiúnta airgeadais ábhartha. Beidh an tArdán ríthábhachtach chun cuidiú leis na riachtanais agus na hacmhainní a mheaitseáil le haghaidh iarrachtaí na hÚcráine i leith deisiúcháin, téarnaimh agus atógála. Beidh an tAontas Eorpach, an Úcráin agus na Stáit Aontaithe ina gcomhchathaoirligh air agus tabharfaidh an Rúnaíocht theicniúil cúnamh dó ina chuid oibre, agus oifig sa Bhruiséil aige a dhéanfaidh an Coimisiún a óstáil agus oifig i gCív a dhéanfaidh rialtas na hÚcráine a óstáil.

Ursula von der Leyen agus í ag tabhairt óráide ag léachtán ar a bhfuil ‘International Expert Conference on the Recovery, Reconstruction and Modernisation of Ukraine’ [‘Comhdháil Idirnáisiúnta Saineolaithe maidir le Téarnamh, Atógáil agus Nuachóiriú na hÚcráine’].
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus í ag an gComhdháil Idirnáisiúnta Saineolaithe maidir le Téarnamh, Athfhoirgníocht agus Nuachóiriú na hÚcráine, Beirlín na Gearmáine, an 25 Deireadh Fómhair 2022.
Fear agus cailín óg ar a ghualainn aige, agus iad ag amharc ar fheirm ghaoithe.

2. Fuinneamh slán, inacmhainne agus inbhuanaithe a chinntiú

Réamhrá

Chuir cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus an úsáid a bhain sí as easpórtálacha fuinnimh mar arm, slándáil agus inacmhainneacht sholáthairtí fuinnimh an Aontais i mbaol. Mar fhreagairt air sin ghlac an tAontas Eorpach tionscnaimh arb é is aidhm dóibh deireadh a chur de réir a chéile lena spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis, tacú le saoránaigh a bhfuil billí arda fuinnimh rompu agus dlús a chur le haistriú an Aontais chuig fuinnimh glan.

Go gairid i ndiaidh an ionraidh, chuir an tAontas Eorpach REPowerEU i láthair, plean ceannródaíoch chun fuinneamh a choigilt, borradh a chur faoin bhfuinneamh in-athnuaite agus soláthairtí fuinnimh na hEorpa a éagsúlú. Leis an bplean cuirtear leis na bearta uaillmhianacha a moladh in 2021 chun cabhrú leis an Aontas a spriocanna aeráide agus comhshaoil a bhaint amach (féach Caibidil 3). Comhlánaítear leis freisin tionscnaimh a rinneadh roimhe seo i ndáil le slándáil, soláthar agus stóráil fuinnimh.

Mar thaca le REPowerEU tá tacaíocht airgeadais pháirteach ann ó ionstraim NextGenerationEU agus na bearta dlíthiúla is gá chun an t-aistriú a chur chun cinn chuig an mbonneagar agus an córas nua fuinnimh atá de dhíth ar an Eoraip. Chuige sin, ní mór foinsí in-athnuaite fuinnimh a mhéadú go mór, mar aon le leictriú níos tapa agus ionadú teasa agus cumhachta iontaise-bhunaithe in earnáil na tionsclaíochta, i bhfoirgnimh agus in earnáil an iompair.

I rith na bliana 2022, rinne an tAontas réimse beart éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh agus, den chéad uair i réimse an fhuinnimh, bhain sé úsáid as an idirghabháil éigeandála faoi Airteagal 122 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Rinneadh é sin chun coigilteas gáis a chinntiú, chun dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus chun dlúthpháirtíocht a spreagadh i measc na mBallstát i gcás deacrachtaí tromchúiseacha sa soláthar fuinnimh.

Slándáil fuinnimh

Deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise ón Rúis

De dheasca chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine tharla suaitheadh ollmhór i gcóras fuinnimh an domhain, rud is cúis le cruatan mar thoradh ar phraghsanna arda fuinnimh agus géarú na n-ábhar imní maidir le slándáil fuinnimh. Thug sé chun suntais freisin róspleáchas an Aontais ar iompórtálacha breosla iontaise ón Rúis, a raibh 44 % d’iompórtálacha gáis, 46 % d’iompórtálacha guail agus 27 % d’iompórtálacha ola i gceist leo in 2021.

Laistigh de roinnt seachtainí ón ionradh, chuir an tAontas Plean REPowerEU i láthair d’fhonn deireadh a chur lena spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis trí dhlús a chur le leathadh amach foinsí in-athnuaite fuinnimh, trí éifeachtúlacht fuinnimh agus coigilteas fuinnimh a fheabhsú, agus trí sholáthairtí fuinnimh a éagsúlú.

D’fhonn soláthairtí fuinnimh malartacha a aimsiú agus róspleáchas ar sholáthraí aonair a sheachaint, rinne an tAontas teagmháil le comhpháirtithe iontaofa idirnáisiúnta, agus bhain sé amach na leibhéil ab airde riamh d’iompórtálacha gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) agus seachadtaí malartacha gáis phíblíne. Chuige sin, shínigh an tAontas comhaontú fíorshuntasach leis na Stáit Aontaithe i mí an Mhárta, agus tháinig tuilleadh socruithe ina dhiaidh sin leis an Asarbaiseáin, leis an Éigipt agus le hIosrael.

Soláthairtí fuinnimh an Aontais a éagsúlú

Léirítear sa ghrafaic faisnéise éagsúlú na soláthairtí fuinnimh a iompórtáladh isteach san Aontas Eorpach in 2022 i gcomparáid le 2021, agus an méid i gcéatadán a iompórtáladh le haghaidh gach bliana.

Chun soláthar fuinnimh an Aontais a éagsúlú, tháinig 23% d’iompórtálacha gáis an Aontais ón Rúis in 2022, ar titim é sin ó 44% in 2021. San áireamh leis sin tá gás píblíne agus gás nádúrtha leachtaithe araon. Tháinig méadú ar iompórtálacha an Aontais ó sholáthróirí eile de ghás píblíne ó 38% in 2021 go 47% in 2022, agus tháinig méadú ar iompórtálacha an Aontais ó sholáthróirí eile de ghás nádúrtha leachtaithe ó 18% in 2021 go 30% in 2022.

Físeán ina mínítear cuspóir agus tairbhí Re-Power EU, plean an Choimisiúin Eorpaigh chun deireadh a chur leis an spleáchas ar iompórtálacha breosla iontaise ón Rúis.
VIDEO REPowerEU: plean an Choimisiúin chun deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise ón Rúis

Bhí toradh ar iarrachtaí an Aontais Eorpaigh i réimse na mbeartas in 2022. Faoi dheireadh na bliana 2022, bhí an tAontas tar éis a iompórtálacha gáis píblíne ón Rúis a laghdú go 9 % den mhéid a iompórtáladh an bhliain roimhe sin, agus bhí an Iorua tar éis áit na Rúise a thógáil mar phríomhsholáthraí gáis an Aontais.

Le roinnt tionscadail bonneagair fuinnimh, ar a dtugtar tionscadail leasa choitinn, éascaíodh an t-aistriú chuig GNL agus iompar GNL ar fud na hEorpa. Bhí tionscadail eile a tháinig ar líne in 2022, amhail an Píobán Baltach agus an tIdirnascaire idir an Ghréig agus an Bhulgáir, ríthábhachtach chun rogha mhalartach ar ghás ón Rúis a sholáthar do roinnt Ballstát. Bhíothas in ann é sin a dhéanamh a bhuí le hinfheistíocht shuntasach ón Aontas sa bhonneagar fuinnimh le deich mbliana anuas.

Is tionscadal ríthábhachtach é an tIdirnascaire idir an Ghréig agus an Bhulgáir chun an soláthar gáis a éagsúlú in oirdheisceart na hEorpa. Tionscnaíodh é an 1 Deireadh Fómhair 2022 i Sóifia na Bulgáire agus is príomhbhealach é chun gás a iompar ón bpíblíne thrasaidriadach agus ón nGréig chuig an mBulgáir agus chuig tíortha máguaird. Fuair an tionscadal EUR 45 mhilliún ón gClár Fuinnimh Eorpach do Théarnamh agus EUR 39 milliún ó chistí struchtúracha faoin gClár Oibríochtúil um Nuálaíocht agus Iomaíochas.

Teodora Georgieva, Stevo Pendarovski, Ilham Aliyev, Ursula von der Leyen, Roumen Radev, Kyriakos Mitsotakis, Galab Donev, Aleksandar Vučić, Nicolae-Ionel Ciucă agus George Satlas, agus iad ina seasamh ag póidiam os comhair bhratach an Idirnascaire idir an Ghréig agus an Bhulgáir.
Radharc ar an léachtán ag insealbhú an Idirnascaire Gáis idir an Ghréig agus an Bhulgáir, Sóifia na Bulgáire, an 1 Deireadh Fómhair 2022. Ó chlé go deas: Teodora Georgieva, Oifigeach Feidhmiúcháin ICGB, Stevo Pendarovski, Uachtarán na Macadóine Thuaidh, Ilham Aliyev, Uachtarán na hAsarbaiseáine, Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Roumen Radev, Uachtarán na Bulgáire, Kyriakos Mitsotakis, Príomh-Aire na Gréige, Galab Donev, Príomh-Aire na Bulgáire, Aleksandar Vučić, Uachtarán na Seirbia, Nicolae-Ionel Ciucă, Príomh Aire na Rómáine, agus George Satlas, Oifigeach Feidhmiúcháin ICGB.

Chuaigh an tAontas i mbun comhair leis an Éigipt, leis an tSeapáin, leis an gCasacstáin agus leis an Namaib freisin chun dlús a chur le táirgeadh hidrigine in-athnuaite, rud a mbeidh ról lárnach aige i ndícharbónú earnálacha (e.g. earnálacha cianiompair) ina bhféadfadh an t-aistriú chuig breoslaí malartacha a bheith dodhéanta nó níos costasaí. Ina theannta sin, d’fhéadfaí hidrigin in-athnuaite a úsáid amach anseo le haghaidh codanna den bhonneagar píblíne gáis atá ann cheana a úsáid chun éifeachtaí glasála a sheachaint.

Stóráil a aimsiú agus costais arda a chomhrac

De dheasca chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a cuid acmhainní fuinnimh a bheith á n-úsáid mar arm aici, chuaigh staid an tsoláthair ar an margadh fuinnimh in olcas, staid soláthair a bhí teann cheana féin tar éis phaindéim COVID-19. Leis an mBosca Uirlisí um Praghsanna Fuinnimh a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2021, tugadh treoraíocht do na Ballstáit maidir leis an dóigh chun bearta a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta chun dul i ngleic leis an tionchar a bhíonn ag praghsanna fuinnimh a dtagann ardú orthu, i gcomhréir le rialacha an Mhargaidh Aonair. Leathnaíodh an bosca uirlisí in 2022 leis an Teachtaireacht maidir le hidirghabhálacha gearrthéarmacha sa mhargadh fuinnimh agus feabhsuithe fadtéarmacha ar dhearadh an mhargaidh leictreachais agus ar Phlean REPowerEU.

Ina theannta sin, ghníomhaigh an tAontas láithreach chun a chinntiú go bhféadfadh an Eoraip fanacht te le linn an gheimhridh. Is éard a bhí i gceist fuinneamh a choigilt ionas go bhféadfaí níos mó gáis a stóráil do mhíonna an gheimhridh. Chomhaontaigh na Ballstáit a n-éileamh ar ghás a laghdú 15 % idir an 1 Lúnasa 2022 agus an 31 Márta 2023, i gcomparáid lena meántomhaltas sna 5 bliana roimhe sin, trína rogha beart féin. Cé go bhfuil difríocht mhór idir na córais fuinnimh sna Ballstáit uile, rud a fhágann gur gá bearta éagsúla a dhéanamh, ba léir go raibh sé ríthábhachtach bearta comhordaithe a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun an tomhaltas foriomlán a laghdú ar fud an Aontais in 2022.

Tá ról tábhachtach ag stóráil gáis maidir le cinnteacht soláthair an Aontais a ráthú, mar is as na stórais gháis a fhaightear, le linn gnáthgheimhridh, 25–30 % den ghás a thomhlaítear ar fud an Aontais. Ghlac an tAontas reachtaíocht nua i mí an Mheithimh, reachtaíocht lenar ceanglaíodh an stóráil gáis faoi thalamh san Aontas a líonadh go 80 % ar a laghad dá thoilleadh faoin 1 Samhain 2022 — agus go 90 % ar an dáta céanna sna blianta atá le teacht — chun an soláthar a chinntiú don gheimhreadh atá le teacht. A bhuí le hiarracht chomhbheartaithe ó na Ballstáit, bhí na rátaí stórála níos airde ná sin, agus shroich siad 95,5 % i mí na Samhna 2022.

Stóráil gáis an Aontais Eorpaigh

Léirítear sa ghraf leibhéil stórála gáis an Aontais in 2022 agus an sciar den toilleadh a baineadh amach.

In 2022, mhéadaigh Ballstáit an Aontais an stóráil gáis ó 30% den acmhainn i mí Feabhra chun sprioc 80% an Aontais a shárú i mí Mheán Fómhair, agus bhain siad os cionn 95% amach i mí na Samhna.

Beart éigeandála eile ba ea comhaontú dlúthpháirtíochta réamhshocraithe idir na Ballstáit chomharsanachta a shainiú i gcás ganntanas soláthair. Cinnteofar leis sin go mbeidh rochtain leanúnach ag saoránaigh Eorpacha ar ghás fiú le linn géarchéime. An tráth céanna, tá sé tábhachtach i gcónaí an t-éileamh ar fhuinneamh a laghdú i gcomhthéacs astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus cúltaiscí gáis na hEorpa a chaomhnú i gcomhair na mblianta amach romhainn.

Bhunaigh an tAontas Ardán an Aontais um Cheannach Fuinnimh freisin lenar féidir leis na Ballstáit gás, GNL agus hidrigin a cheannach go comhpháirteach go héasca ar bhonn deonach. Beidh an t-ardán oscailte freisin do thíortha an Chomhphobail Fuinnimh, amhail an tSeoirsia, an Mholdóiv agus an Úcráin, agus tíortha na mBalcán Thiar.

Chun freagairt don ghéarchéim fuinnimh, leasaíodh rialacha an Bheartais Chomhtháthaithe chun tacú le bearta fuinnimh inacmhainne, rud a chuir ar chumas na mBallstát tacaíocht dhíreach a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha agus do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide atá thíos go mór leis an méadú ar phraghsanna fuinnimh.

Trí Chreat Sealadach Géarchéime um Státchabhair a thabhairt isteach, cuireadh ar chumas na mBallstát úsáid a bhaint as an tsolúbthacht a sholáthraítear faoi na rialacha maidir le Státchabhair chun tacú lena ngeilleagair gan an bonn a bhaint den Mhargadh Aonair. Baineann sé sin go háirithe le catagóirí cabhrach chun tacú le hiarrachtaí na mBallstát aghaidh a thabhairt ar shaincheist na bpraghsanna arda fuinnimh, deimhin a dhéanamh de chinnteacht an tsoláthair fuinnimh agus deireadh a chur le húsáid breoslaí iontaise de réir a chéile ar bhealach níos éasca. In 2022, d’fhormheas an Coimisiún Eorpach 182 bheart náisiúnta chun cabhrú leis na Ballstáit déileáil le hiarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus meastar gur fiú EUR 671.78 billiún iad san iomlán.

Tá sé d’aidhm ag an Aontas an tomhaltas leictreachais a laghdú chun dul i ngleic le praghsanna arda

Léirítear sa ghrafaic faisnéise na spriocanna, mar chéatadáin, maidir le tomhaltas leictreachais a laghdú.

Tá sé d’aidhm ag an Aontas Eorpach tomhaltas leictreachais a laghdú chun dul i ngleic le praghsanna arda. Is iad na spriocanna maidir le laghdú -5% le haghaidh an tomhaltais leictreachais le linn buaicuaireanta, agus -10% le haghaidh an tomhaltais leictreachais san iomlán.

Leis an Rialachán ón gComhairle maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh tugadh isteach tuilleadh bearta práinneacha amhail spriocanna chun ídiú leictreachais a laghdú. Chuir an Coimisiún tograí breise ar aghaidh freisin, lena n-áirítear tagarmharc praghais chun praghsáil cobhsaí agus intuartha d’idirbhearta GNL a chinntiú. Chomhaontaigh na Ballstáit freisin brabúis amhantair na gcuideachtaí fuinnimh (táirgeoirí breosla iontaise agus teicneolaíochtaí infrimeallacha) a bhailiú chun tacaíocht bhreise a chistiú do theaghlaigh agus do chuideachtaí.

Ina theannta sin, ghlac an tAontas Sásra Ceartúcháin Margaidh chun gnólachtaí agus teaghlaigh a chosaint ar theagmhais ina bhfuil praghsanna gáis ró-ard, ar phraghsanna iad atá éagsúil ó phraghsanna ar mhargaí idirnáisiúnta eile.

€ 10 mbilliún

Scéim ráthaíochta iasachta de chuid na Fionlainne chun tacú le táirgeoirí fuinnimh

€ 125 mhilliún

Scéim de chuid na hEastóine chun tacú le riachtanais leachtachta cuideachtaí ó earnáil go chéile

€ 1.5 billiún

Scéim ráthaíochta de chuid na Beilge chun tacú le soláthraithe gáis agus leictreachais

€ 220 milliún

Beart de chuid na Spáinne chun tacú le táirgeadh hidrigine in-athnuaite

€ 3.4 billiún

Scéim iasachta fóirdheonaithe de chuid na Danmhairge chun tacú le cuideachtaí

€ 10 mbilliún

Scéim de chuid na Polainne chun cúiteamh páirteach a dhéanamh i leith cuideachtaí dianfhuinnimh as praghsanna leictreachais níos airde a eascraíonn as costais indíreacha astaíochtaí

Úsáid éifeachtúil fuinnimh

Fuinneamh a choigilt

Is é coigilt fuinnimh an bealach is tapa agus is éasca chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh agus chun billí a laghdú. I dteannta laghdú láithreach ar thomhaltas gáis agus leictreachais, mhol an Coimisiún go gcuirfí borradh faoi bhearta meántéarmacha éifeachtúlachta fuinnimh. San áireamh leis sin bhí méadú ó 9 % go 13 % ar sprioc cheangailteach 2030 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh faoin bpacáiste “Oiriúnach do 55”.

Tagraíonn “Oiriúnach do 55” do sprioc an Aontais glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030.

Mar cheann de na bearta chun é sin a bhaint amach, ní mór don Aontas a thomhaltas fuinnimh a laghdú. In 2021 mhol an Coimisiún sprioc nua coigiltis 9 % (i gcoibhneas le tomhaltas 2020) faoi dheireadh na ndeich mbliana. Mar chuid de phlean REPowerEU, ardaíodh an sprioc coigiltis atá beartaithe go dtí 13 % ar a laghad faoi 2023.

In éineacht le beartais éifeachtúlachta fuinnimh, bhí tionchar dearfach ar phraghsanna ag tionscnaimh ó shaoránaigh agus ó ghnólachtaí chun fuinneamh a choigilt, rud lenar fágadh an geilleagar níos athléimní agus lenar cuireadh dlús le haistriú an Aontais chuig fuinneamh glan. Nasctha leis an bhfeachtas éifeachtúlachta fuinnimh sin tá an t-athbhreithniú leanúnach ar an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh agus an bhéim a leagtar ar athchóiriú foirgneamh i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát, mar shampla trí insliú agus trí theaschaidéil a shuiteáil.

An scéal a scaipeadh maidir le coigilteas fuinnimh

In 2022 rinne an Coimisiún athnuachan ar a chomhpháirtíocht sheanbhunaithe le hAontas Chumainn Sacair na hEorpa, lena leagadh amach treochlár le haghaidh iarrachtaí comhpháirteacha go dtí 2025 chun leas a bhaint as an sacar mar fhórsa le haghaidh athrú dearfach i réimsí tosaíochta, amhail gníomhaíocht ar son na haeráide, comhionannas do chách agus cuimsiú sóisialta.

Tá an comhfhiontar ina chuid de thiomantas Aontas Chumainn Sacair na hEorpa don Chomhshocrú Aeráide Eorpach, tionscnamh uile-Aontais lena dtugtar cuireadh do dhaoine, do phobail agus d’eagraíochtaí páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht ar son na haeráide agus Eoraip níos glaise a thógáil.

Físeán den fhógra nua teilifíse de chuid Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide agus de chuid Aontas Chumainn Sacair na hEorpa, chun iarrachtaí coigilte fuinnimh a chur chun cinn.
Video Craoladh an fógra teilifíse Become a fan of energy saving too [Tacaítear leis an gcoigilt fuinnimh chomh maith] le linn Shraith Seaimpíní na bhfear agus na mban de chuid Aontas Chumainn Sacair na hEorpa, le linn Shraith Seaimpíní Europa agus mórchomórtais eile, agus d’fhéadfaí gur sroicheadh os cionn 35 mhilliún duine in aghaidh an chluiche san Aontas Eorpach féin.

Conas is féidir le saoránaigh agus gnólachtaí fuinneamh a choigilt?

Trí theochtaí córas teasa a laghdú/níos lú aerchóirithe a úsáid

D’fhéadfaí 10 mbilliún méadar ciúbach de ghás a choigilt laistigh de bhliain ach an teas a laghdú 1°C.

Trí na soilse a mhúchadh

Trí fhearais tí a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla

Trí thiomáint ar bhealach níos eacnamúla

Trí aistriú i dtreo níos mó iompar poiblí agus soghluaisteacht ghníomhach

Earnáil an fhuinnimh a dhigitiú 

Le digitiú earnáil an fhuinnimh cuideofar leis an Aontas a sprioc maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip (féach Caibidil 3). In 2022, chuir an Coimisiún plean gníomhaíochta i láthair maidir le digitiú earnáil an fhuinnimh ar fud an chórais. Tá sé d’aidhm aige margadh na seirbhísí digiteacha fuinnimh a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos sláine ó thaobh na cibearshlándála de, níos trédhearcaí agus níos iomaíche. Cinnteofar príobháideachas sonraí agus ceannasacht sonraí leis an bplean freisin, agus tacófar le hinfheistíocht sa bhonneagar digiteach fuinnimh.

Leagtar béim sa phlean ar an gcaoi ar féidir le teicneolaíochtaí nua a bheith ina gcuidiú le feabhas a chur ar úsáid éifeachtúil acmhainní fuinnimh, comhtháthú foinsí in-athnuaite san eangach a éascú, agus costais a laghdú do thomhaltóirí agus do chuideachtaí fuinnimh an Aontais. Tá sé d’aidhm aige freisin deimhin a dhéanamh de go mbeidh digitiú earnáil an fhuinnimh ina chomhpháirt iomlán den aistriú chuig fuinneamh glan, chomh maith le bheith comhsheasmhach leis na spriocanna digiteacha atá le baint amach faoi 2030.

Leis an digitiú, cuirfear feabhas ar na nithe seo a leanas:

inacmhainneacht,
cabhrú le tomhaltóirí cur leis an smacht atá acu ar úsáid fuinnimh agus ar bhillí;

inbhuanaitheacht,
a chinntiú go n-oibríonn an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach i gcomhar lena chéile;

buanseasmhacht,
cibearshlándáil líonraí fuinnimh a neartú.

Dlús a chur le táirgeadh an fhuinnimh ghlais

Foinsí in-athnuaite fuinnimh

Tá foinsí in-athnuaite fuinnimh i gcroílár phleananna an Aontais deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise ón Rúis agus dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide. Is iad an fuinneamh is saoire agus is glaine atá ar fáil, agus is féidir iad a tháirgeadh ar bhonn intíre, rud a laghdaíonn an gá atá ann le hiompórtálacha fuinnimh. In 2022, mar chuid de phacáiste REPowerEU, mhol an Coimisiún go méadófaí sprioc 2030 an Aontais maidir le foinsí in-athnuaite go dtí 45 % den tomhaltas iomlán fuinnimh, i gcomparáid leis an sprioc 40 % a beartaíodh faoi na tograí “Oiriúnach do 55”.

I dtéarmaí beachta, is é an aidhm atá ann na hacmhainneachtaí iomlána giniúna fuinnimh in-athnuaite a thabhairt go 1 236 ghigeavata faoi 2030. San áireamh leis sin tá uaillmhianta maidir le hacmhainneacht táirgeachta an Aontais a spreagadh i ndáil le fuinneamh gréine, fuinneamh gaoithe, bithmheatán agus hidrigin in-athnuaite.

Tacaíocht na saoránach d’fhreagairt an Aontais don ghéarchéim fuinnimh

Tá formhór mór de na saoránaigh den Aontas dearfach maidir le tionscnaimh de chuid an Aontais le déanaí chun dul i ngleic leis an ngéarchéim fuinnimh. Go háirithe, aontaíonn breis agus ochtar as gach deichniúr saoránach den Aontas (82 %) gur cheart don Aontas leanúint de bheith ag gníomhú chun a spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis a laghdú. Measann tromlach mór na bhfreagróirí (83 %) go bhfuil géarghá le hinfheistíocht san fhuinneamh in-athnuaite mar gheall ar chogadh foghrach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Foinse: Eorabharaiméadar, mí na Nollag 2022

Le Straitéis an Aontais maidir le Grianfhuinneamh a glacadh le déanaí, cuirfear borradh faoi leathadh amach an fhuinnimh fhótavoltaigh, rud lena dtabharfar 320 gigeavata breise d’acmhainneacht fhótavoltach gréine ar líne faoi 2025 (os cionn dhá uair an leibhéal atá ann inniu), agus beagnach 600 gigeavata faoi 2030. Leis na painéil ghréine bhreise sin d’fhéadfaí 9 mbilliún méadar ciúbach gáis nádúrtha a ionadú in aghaidh na bliana faoi 2027. 

Is féidir le saoránaigh agus le suiteálaithe úsáid a bhaint as an uirlis “Córas Faisnéise Geografaí Fótavoltaí” chun léargas a fháil ar acmhainneacht a ndíonta fuinneamh gréine a ghiniúint. Idir an dá linn, tá na Ballstáit agus na húdaráis réigiúnacha ag baint úsáid ghníomhach as an tSaotharlann Tíreolaíochta Fuinnimh agus Tionscail, ardán nua ar líne a chuidíonn le láithreacha oiriúnacha ar talamh agus ar farraige a shainaithint le haghaidh gléasraí nua fuinnimh in-athnuaite agus, san am céanna, limistéir a sheachaint atá luachmhar ó thaobh an chomhshaoil de. Cuireann sé sin le mearúsáid fuinnimh ó fhoinsí gaoithe agus gréine.

Frans Timmermans, éadaí cosanta agus clogad á gcaitheamh aige, agus é taobh istigh de mhonarcha.
Frans Timmermans, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar an gComhaontú Glas don Eoraip (an dara duine ar chlé), agus é ar cuairt ar ghléasra píolótach a tháirgeann cruach le teicneolaíocht atá saor ó fhoinsí iontaise, Luleå na Sualainne, an 31 Márta 2022.

Le REPowerEU cuirtear le Straitéis 2020 an Aontais maidir le Hidrigin, straitéis ina bhfiosraítear an acmhainneacht atá ann hidrigin in-athnuaite a úsáid in ionad hidrigin iontaise-bhunaithe le haghaidh próisis iompair agus thionsclaíocha, agus chun táirgí tionsclaíocha nua a sheoladh, amhail leasacháin ghlasa agus cruach. In 2022, mhéadaigh an tAontas na huaillmhianta maidir le hidrigin in-athnuaite a thuilleadh trí sprioc 2030 a dhúbailt go dtí 20 milliún tona de hidrigin in-athnuaite. San áireamh leis sin tá 10 milliún tona de tháirgeadh intíre agus 10 milliún tona eile d’iompórtálacha.

Leag sé síos freisin sprioc 35 bhilliún méadar ciúbach maidir le táirgeadh bithmheatáin faoi 2030. Chun an sprioc uaillmhianach sin a bhaint amach, seoladh Comhpháirtíocht Tionsclaíochta Bithmheatáin, lena gcuirfear chun cinn comhar idir an Coimisiún, na Ballstáit, ionadaithe tionscail, táirgeoirí bunábhair, lucht acadúil agus eagraíochtaí neamhrialtasacha.

Chun dlús a chur le leathadh amach foinsí in-athnuaite fuinnimh agus chun tuilleadh infheistíochtaí a spreagadh, ghlac an Coimisiún moladh maidir le dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus togra chun an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite a leasú. Chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh, le beart éigeandála sealadach a glacadh i mí na Nollag éascófar deonú ceadanna le haghaidh roinnt tionscadail fuinnimh ó thús 2023.

REPowerEU a mhaoiniú

A bhuí le plean téarnaimh NextGenerationEU, tá athchóirithe agus infheistíochtaí á gcur chun feidhme cheana féin ag na Ballstáit ina gcuid pleananna téarnaimh agus athléimneachta féin chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus borradh a chur faoi úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh. Trí athchóirithe coigilte fuinnimh, tuirbíní gaoithe nua, páirceanna gréine agus traenacha leictreacha a mhaoiniú, mar shampla, tá NextGenerationEU ag cuidiú chun dlús a chur leis an téarnamh agus leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. I mí na Nollag, thángthas ar chomhaontú polaitiúil chun caibidlí tiomnaithe a chur le bpleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát atá ann cheana chun infheistíochtaí a dhíriú ar thosaíochtaí REPowerEU agus chun na hathchóirithe is gá a dhéanamh (féach Caibidil 6).

Léirítear sa ghrafaic faisnéise príomhspriocanna phlean Re-Power EU mar infheistíocht chun laghdú a dhéanamh ar spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise ón Rúis.

Is éard is aidhm do phlean Re Power E U deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas an Aontais Eorpaigh ar bhreoslaí iontaise ón Rúis trí thrí thionscnamh ghaolmhara. Ar an gcéad dul síos, ní mór don Aontas a chuid foinsí fuinnimh a éagsúlú. Ar an dara dul síos, ní mór dó dlús a chur leis an aistriú ó bhreoslaí iontaise go dtí fuinneamh glan. An tríú tionscnamh, sin fuinneamh a choigilt. Chun é sin a dhéanamh, ní mór dó infheistíochtaí agus athchóirithe a chur le chéile go cliste sna pleananna náisiúnta agus sna pleananna Eorpacha chun nuálaíocht a chothú agus chun dlús a chur leis na próisis chun cead a fháil le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite.

Litreacha a litríonn na focail ‘ACT NOW’ [‘GNÍOMHAÍTEAR ANOIS’] ar phailléid a cuireadh i gceann a chéile, agus tachrán ag baint dóibh.
Leanbh i mbun súgartha le linn Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP27), Sharm el-Sheikh na hÉigipte, an 17 Samhain 2022.

3. Eoraip níos glaise agus aeráidneodrach a chruthú

Réamhrá

Dúshlán práinneach is ea géarchéim thriarach an athraithe aeráide, chailliúint na bithéagsúlachta agus an truaillithe, agus ní mór gníomhú láithreach bonn chun dul i ngleic leis. Is é an Comhaontú Glas don Eoraip treochlár an Aontais go fóill chun dul i ngleic leis na dúshláin phráinneacha sin.

Anuas air sin, bhí dhá imeacht stairiúla dhomhanda ann — paindéim COVID-19 agus cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine — atá tar éis cur le tiomantas an Aontais leanúint leis an aistriú glas agus dlús a chur le luas an athraithe.

Agus eachtraí adhaimsire ag éirí níos déine in 2022, leagadh béim ar an ngá atá le tuilleadh gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta chun an t-athrú aeráide a chomhrac, athléimneacht triomaigh a mhéadú agus éiceachórais a athchóiriú. I measc na dtionscnamh eile bhí rialacha níos láidre maidir le truailleáin, úsáid lotnaidicídí ceimiceacha a laghdú, dul i ngleic le dramhaíl ó phacáistíocht agus todhchaí níos inbhuanaithe a thógáil.

An Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích

Is é straitéis fáis fhadtéarmach an Aontais a chinntiú go mbeidh an Eoraip aeráidneodrach faoi 2050. Tá an sprioc sin cumhdaithe sa Dlí Aeráide Eorpach, in éineacht leis an ngealltanas atá ceangailteach ó thaobh an dlí de chun laghdú 55 % ar a laghad a dhéanamh ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990. Is é an Comhaontú Glas don Eoraip plean an Aontais chun an méid sin a bhaint amach. In 2022, lean an tAontas dá ghníomh misniúil chun a spriocanna aeráide a bhaint amach.

Bunchloch de bheartas an Aontais chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus an phríomhuirlis atá aige chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ar bhealach costéifeachtach is ea Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA), margadh inar féidir le rannpháirtithe lamháltais astaíochtaí a bhfuil uasteorainn orthu a thrádáil eatarthu féin ar mhaithe leis an éifeachtúlacht is mó is féidir a bhaint amach. In 2022, chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh an togra ón gCoimisiún maidir leis an athbhreithniú ar CTA an Aontais. Bhí comhaontú polaitiúil ann freisin maidir le tograí i ndáil le hastaíochtaí agus aistrithe carbóin ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht, ciste aeráide sóisialta a chruthú, agus maidir le gluaisteáin agus veaineanna atá saor ó astaíochtaí faoi 2035.

Tá an tAontas ag obair freisin ar a thrédhearcacht a mhéadú maidir leis an tionchar sóisialta agus comhshaoil a bhíonn ag gníomhaíochtaí cuideachtaí. Leis an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáidí a glacadh i mí na Nollag, déanfar nuachóiriú agus neartú ar na rialacha maidir leis an gcineál faisnéise nach mór do chuideachtaí a thuairisciú, agus forchuirfear oibleagáid tuairiscithe ar shraith níos leithne de chuideachtaí móra agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide liostaithe.

Bhí glanastaíochtaí intíre an Aontais in 2022 30 % níos ísle ná leibhéil a bhí ann in 1990, agus tá an tAontas fós ar an mbóthar ceart chun an sprioc –55 % a bhaint amach faoi 2030.

Ag gníomhú ar bhonn domhanda ar son an phláinéid

In 2022, d’eisigh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, an príomhchomhlacht idirnáisiúnta — a bhfuil sé de dhualgas air measúnú a dhéanamh ar an athrú aeráide — trí thuarascáil lena ndeimhnítear go bhfuil an domhan ag téamh go tapa mar gheall ar thionchar an duine, agus leag sé amach conairí maidir le hoiriúnú agus maolú. Lean an tAontas de bheith i dteagmháil le comhpháirtithe idirnáisiúnta maidir le conas an uaillmhian a fheabhsú trí spriocanna earnála a threisiú, spriocanna u agair a bhaint amach agus straitéisí aeráidneodracha a chur isteach.

Thacaigh taidhleoireacht an Aontais le comhaontú domhanda atá ceangailteach ó thaobh dlí chun truailliú plaisteach a chomhrac ag Comhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe i mí an Mhárta. Tá sé beartaithe an chaibidlíocht a thabhairt chun críche faoi 2024. Beidh sé d’aidhm ag an gcomhaontú a bheidh ann amach anseo na tionscnaimh agus na comhaontuithe atá ann cheana a neartú, go háirithe ag céimeanna deartha agus táirgthe shaolré na bplaisteach. Ní mór dó iarrachtaí ó na páirtithe leasmhara uile a thabhairt le chéile chun an sprioc fhoriomlán deireadh a chur le sceitheadh plaistigh sa chomhshaol a bhaint amach.

Comhdhálacha na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide agus leis an gcomhshaol

I mí an Mheithimh 2022, ag comhdhálacha na bpáirtithe (COPanna) i gcoinbhinsiúin Basel, Rotterdam agus Stócólm na Náisiún Aontaithe — comhaontuithe comhshaoil arb é an cuspóir comhchoiteann atá acu sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar cheimiceáin ghuaiseacha agus ar dhramhaíl ghuaiseach — rinneadh dul chun cinn maidir le bainistiú fónta ceimiceán agus dramhaíola. San áireamh leis sin bhí cinneadh cinniúnach chun trádáil dhomhanda na dramhaíola leictreonaí a rialú agus dumpáil neamhrialaithe na dramhaíola leictreonaí a chosc. Mhol an tAontas freisin go bhforbrófaí caighdeáin dhomhanda maidir le boinn úsáidte a bhainistiú, ar foinse mhór micreaphlaisteach é. Iarradh arís go gcuirfí deireadh le défheinilí polaclóirínithe, ceimiceáin atá ann go forleathan i seantrealamh leictreach agus a úsáidtear in olaí, faoi 2025.

Roimh chomhdháil bhliantúil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, COP27 in Sharm el-Sheikh na hÉigipte, chuaigh an tAontas i mbun caibidlíocht chuiditheach chun gníomhaíocht dhomhanda ar son na haeráide a spreagadh i gcomhréir le sprioc teochta Chomhaontú Pháras arb é 1,5°C an t-uasmhéid téimh dhomhanda.

Sameh Shoukry, Frans Timmermans agus John Kerry agus iad ina suí in aice le chéile os comhair phóstaer de chuid na Náisiún Aontaithe i dtaobh an athraithe aeráide, agus an teideal ‘Cop27 Sharm el-Sheikh Egypt 2022’ [‘Cop27, Sharm el-Sheikh na hÉigipte, 2022’] air.
Radharc ar an léachtán ag Cruinniú Aireachta an Ghealltanais Dhomhanda maidir le Meatán, Sharm el-Sheikh na hÉigipte, an 17 Samhain 2022. Ó chlé go deas: Sameh Shoukry, Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉigipte agus Uachtarán COP27, Frans Timmermans, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar an gComhaontú Glas don Eoraip, agus John Kerry, Toscaire Speisialta na Stát Aontaithe maidir leis an Aeráid.

San Éigipt, faoi cheannaireacht an Leas-Uachtaráin Feidhmiúcháin Frans Timmermans, ba é an tAontas is mó a d’iarr ar na páirtithe uile ag COP27 beart a dhéanamh go práinneach chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus chun iad féin a chur in oiriúint d’iarmhairtí dosheachanta an athraithe aeráide sna blianta amach romhainn.

Ghlac an chomhdháil Clár Oibre um Maolú chun cur leis an uaillmhian agus leis an gcur chun feidhme. Ag aithint don Aontas a phráinní atá sé dlús a chur leis an ngníomhaíocht dhomhanda agus tacú leis na tíortha i mbéal forbartha is leochailí atá thíos leis an athrú aeráide, thacaigh sé le ciste nua a bhunú chun cabhrú le caillteanas agus damáiste a sheachaint, a íoslaghdú agus aghaidh a thabhairt orthu. Leagtar síos leis sin an dúshraith le haghaidh dlúthpháirtíocht níos mó idir iad siúd atá i ngátar agus iad siúd atá in ann cabhrú leo. D’fhógair an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach tionscnamh lena mbaineann cur chuige “Team Europe” maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus athléimneacht san Afraic, faoin Global Gateway (féach Caibidil 8), agus slógadh EUR 1 bhilliún chuige sin.

Alikhan Smailov agus Ursula von der Leyen ag síniú doiciméad agus iad ina suí taobh le taobh.
Alikhan Smailov, Príomh-Aire Phoblacht na Casacstáine (ar chlé), agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus iad ag síniú an Mheabhráin Tuisceana idir an tAontas agus an Chasacstáin maidir le hamhábhair, ceallraí agus hidrigin in-athnuaite, Sharm el-Sheikh na hÉigipte, an 7 Samhain 2022. Féach Caibidil 2 le haghaidh tuilleadh eolais maidir le fuinneamh in-athnuaite.

Is ag an ócáid chéanna a seoladh Comhpháirtíocht Foraoise in éineacht le cúig thír chomhpháirtíochta (an Ghuáin, an Mhongóil, Poblacht an Chongó, Uganda agus an tSaimbia), agus fógraíodh Plean Infheistíochta um Aistriú Cóir don Fhuinneamh Cóir le haghaidh na hAfraice Theas atá uaillmhianach agus fadtéarmach. Thug an tAontas dhá chomhpháirtíocht straitéiseacha thábhachtacha i gcrích maidir le hamhábhair inbhuanaithe agus hidrigin in-athnuaite, ceann amháin leis an Namaib agus an ceann eile leis an gCasacstáin, agus chuir sé dlús leis an gcomhar leis an Éigipt maidir leis an aistriú chuig fuinneamh glan, rud a raibh comhpháirtíocht straitéiseach maidir le hidrigin in-athnuaite san áireamh leis.

Meirge ar a bhfuil cúlra talamh loiscthe le feiceáil agus ‘Cop15, United Nations’ convention to combat desertification, Abidjan 2022’ [‘Cop15, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an gaineamhlú a chomhrac, Abidjan 2022’] scríofa air, taobh le lógó ar a bhfuil ciorcail chomhlárnacha de dhuilleoga, eilifintí, braoiníní uisce agus lámha.

© Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an gaineamhlú a chomhrac

Is feachtas nua de chuid an Aontais é #ForOurPlanet a seoladh in 2022 i gcomhthéacs CoP27 agus CoP15, ar feachtas bliantiúil é, chun tacaíocht dhomhanda a thabhairt don dúlra agus don ghníomhú ar son na haeráide sna blianta amach romhainn

Mar thoradh ar an 15ú seisiún de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac, rud a tionóladh i mí na Bealtaine, glacadh 38 gcinneadh lena leagtar béim ar an ról a imríonn bainistiú inbhuanaithe talún chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna iomadúla. Ba é an príomhthoradh a bhí air sin gealltanas domhanda chun tacú le hathléimneacht triomaigh agus chun infheistíocht a dhéanamh in athchóiriú talún ar mhaithe le rathúnas amach anseo.

Mhol an tAontas go láidir an ról atá ag athchóiriú éiceachóras, athfhoraoisiú agus réitigh dhúlrabhunaithe chun talamh agus ithreacha a chosaint agus leag sé béim ar an nasc ríthábhachtach idir an dúlra a chosaint agus aghaidh a thabhairt ar na tionchair atá ag triomaigh agus ag an athrú aeráide.

In 2022, tháinig an domhan le chéile ag an gcomhdháil bhithéagsúlachta is mó le deich mbliana anuas chun teacht ar chomhaontú maidir le creat nua domhanda maidir leis an mbithéagsúlacht. Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht (COP15), a bhí beartaithe ar dtús le haghaidh 2020, tionóladh é in dhá chuid mar gheall ar phaindéim COVID-19. Bhí an chéad chuid ar siúl go fíorúil in Kunming na Síne, ón 11 go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2021, áit ar athdhearbhaigh na páirtithe a dtiomantas chun fís 2050 “Maireachtáil i gComhréiteach leis an Dúlra” a bhaint amach, agus Dearbhú Kunming á ghlacadh acu. Le linn an dara cuid den chomhdháil, a bhí ar siúl i Montréal Cheanada ón 7 go dtí an 19 Nollaig 2022, tháinig 196 thír le chéile chun teacht ar chomhaontú domhanda maidir leis an dúlra agus an pláinéad a chosaint, le spriocanna fadtéarmacha faoi 2050 agus garspriocanna le haghaidh 2030. Oibreoidh an tAontas, thar ceann an Choimisinéara Sinkevičius, leis na Páirtithe uile chun comhaontú uaillmhianach domhanda a thabhairt i gcrích chun bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint, a athchóiriú agus a úsáid ar bhealach inbhuanaithe agus infheistíocht a dhéanamh iontu.

Ag an 19ú cruinniú de COP a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (an Chomhdháil Dhomhanda um Fhiadhúlra), a bhí ar siúl i gCathair Phanama, Panama, ón 14 go dtí an 25 Samhain 2022, rannchuidigh an tAontas go gníomhach le príomhthorthaí a bhaint amach a fhágann gur féidir trádáil inbhuanaithe a dhéanamh i níos mó ná 500 speiceas nualiostaithe. Tá sé sin ríthábhachtach chun dul i ngleic le cailliúint na bithéagsúlachta ar fud an domhain, rud a chuireann ár sláinte, ár slándáil bia agus ár slite beatha i mbaol.

Fíricí faoi chailliúint na bithéagsúlachta

milliún speiceas i mbaol a ndíothaithe.

Tá daoine daonna tar éis trí cheathrú de dhromchla an domhain a athrú ó bhonn.

Braitheann 75 % de bharra an domhain ar phailneoirí.

Braitheann an leathchuid den olltáirgeacht intíre dhomhanda ar an dúlra.

70 % de dhrugaí in aghaidh na hailse, is drugaí nádúrtha iad nó drugaí ar spreag an dúlra iad.

On the Green Track

Léirítear sa ghrafaic faisnéise an feachtas Green Track i bhfigiúirí: líon na n-imeachtaí, léarscáil de stadanna imeachta, formáid na n-imeachtaí agus na topaicí a clúdaíodh, agus líon na ndaoine sroicheadh.

Mar chuid de Bhliain Eorpach na hÓige 2022, leis an bhfeachtas “Green Track” roimh Chomhdháil Bithéagsúlachta COP15, cumhachtaíodh daoine óga ar fud na hEorpa chun na hábhair dóchais agus na hábhair imní dóibh faoin dúlra, faoin mbithéagsúlacht agus faoi thodhchaí inbhuanaithe na hEorpa a chur in iúl.

Leis an bhfeachtas ‘Green Track’ reáchtáladh 32 imeacht i 21 Bhallstát agus i 15 theanga ar fud na hEorpa, agus 9 n-imeacht ar líne, 2 imeacht hibrideacha agus 21 imeacht ar an láthair ina measc. Reáchtáladh 7 n-imeacht maidir leis an ngeilleagar ciorclach, 20 imeacht maidir leis an mbithéagsúlacht agus an dúlra, 4 imeacht maidir le truailliú nialasach, 16 imeacht maidir leis an athrú aeráide agus 5 imeacht maidir le stíl mhaireachtála. D’fhreastail isteach agus amach le 1500 rannpháirtí ar na himeachtaí sin, agus sroicheadh breis agus 21 mhilliún duine tríd an bhfeachtas ar líne. Bhí go leor cineálacha éagsúla imeachtaí ann, ó chruinnithe babhtála (babhtáil éadaí, babhtáil síolta) go gníomhaíochtaí amuigh faoin aer (siúlóid foraoise, glanadh suas trá), taispeántais (maidir le pailneoirí, gnáthóga agus speicis faoi bhagairt), comhdhálacha agus díospóireachtaí poiblí (fóram don óige, idirphlé maidir leis an dúlra), agus oiliúint agus ceardlanna (triail bhréige, ceardlann maidir le ceol éan).

Nádúr na hEorpa a chosaint agus a athchóiriú

Adhaimsir

Bhí na leibhéil triomaigh is mó riamh ag an Eoraip in 2022. Mar a thuar an Fhaireachlann Eorpach um Thriomach, tháinig laghdú suntasach ar tháirgeacht barr ar fud na mór-roinne agus thit táirgeadh fuinnimh mar gheall ar ghiniúint hidreachumhachta laghdaithe.

Bhí an saol uisceach agus iompar báirse thíos leis freisin, mar gheall ar leibhéil uisce a bheith níos ísle ná riamh roimhe sin in aibhneacha móra. I rith an tsamhraidh, cláraíodh leibhéil arda triomaigh ar 60 % de chríoch an Aontais, agus cailleadh barra agus bonneagair mar gheall ar fhalscaithe dá bharr. Mar aon le bearta cosanta sibhialta, chosain sé sin breis agus EUR 2.4 billiún ar an Aontas Eorpach.

Chuaigh teochtaí arda agus easpa ghéar báistí i bhfeidhm ar bheagnach gach abhainn ar fud na hEorpa, rud a chuir bac ar tháirgeadh fuinnimh agus ar iompar abhann.

Is féidir na heachtraí adhaimsire sin a sheachaint amach anseo trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus trí dhul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide. Méadóidh pacáiste tograí “Oiriúnach do 55” an Aontais uaillmhianta agus spriocanna sa réimse sin. Ina theannta sin, cabhróidh Straitéis an Aontais maidir le hOiriúnú Aeráide le feabhas a chur ar athléimneacht shaoránaigh, fheirmeoirí agus chuideachtaí na hEorpa in aghaidh na hadhaimsire.

Abhainn na Réine agus bruach na habhann.
Abhainn na Réine agus na leibhéil uisce is ísle riamh inti, Köln na Gearmáine, an 12 Meán Fómhair 2022.
Taispeántar sa léarscáil dáileadh na leibhéal triomaigh ar fud chríoch an Aontais Eorpaigh.
Chláraigh an Fhaireachlann Eorpach um Thriomach leibhéil arda triomaigh ar 60 % de chríoch an Aontais Eorpaigh.

De réir léarscáil mhí Mheán Fómhair 2022 den Táscaire Triomaigh Comhcheangailte, bhí 35% de chríoch an Aontais Eorpaigh ar an leibhéal rabhaidh agus 25% de ar an leibhéal foláirimh. Is in iarthar na hEorpa (an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ísiltír, an Ríocht Aontaithe, an Spáinn, etc. agus i dtíortha in oirthear agus in oirdheisceart na hEorpa a taifeadadh na ganntanais taise ithreach is airde. De thairbhe strus fásra mar gheall ar ghanntanas taise ithreach agus ar ghanntanas fásra, rinneadh difear do chríoch iomlán an Aontais Eorpaigh, nach mór. Ar bhonn níos lú, scaipeadh an ganntanas fearthainne go cothrom ar fud na críche nó ar fud an Aontais. I ndeisceart na Gréige, na Spáinne agus na hIodáile, agus i gcodanna d’oirthear na hEorpa, théarnaigh na dálaí go hiomlán. Is beag tábhacht a bhí leis an aisghabháil shealadach taise ithreach agus fásra ag an am.

Foraoisí agus fiadhúlra a chosaint

Fadhb mhór a bhí sna dóiteáin foraoise freisin in 2022, bliain inar dódh níos mó ná 800 000 heicteár san Eoraip, an líon is mó a dódh riamh. Bhain foirne tarrthála úsáid as seirbhís léarscáilithe éigeandála Copernicus, rud a úsáideann íomhánna satailíte agus sonraí geospásúla eile, chun cabhrú le tíortha — an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc agus an Phortaingéil san áireamh, mar aon le roinnt tíortha nach bhfuil san Aontas — dóiteáin a chomhrac i rith an tsamhraidh.

Thug an tSeirbhís Faisnéise Eorpach faoi Dhóiteáin Foraoise faoi deara gur mhair an séasúr dóiteáin níos faide ná na gnáthmhíonna — mí Iúil, mí Lúnasa agus mí Mheán Fómhair — agus gur tharla go leor imeachtaí criticiúla níos déanaí sa bhliain. Fiú amháin limistéir nár bualadh san am atá thart — lár agus tuaisceart na hEorpa, cuir i gcás — bhí falscaithe ag briseadh amach iontu ar bhonn níos rialta. Thairis sin, is limistéir faoi chosaint Natura 2000 a bhí i 38 % de na limistéar dhóite in 2022, agus fágadh éiceachórais níos leochailí de bharr caillteanais bhithéagsúlachta doláimhsithe. Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, a bunaíodh ar dtús in 2002 chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil chun limistéir a raibh tionchar ag tubaistí nádúrtha orthu a atógáil, slógadh é arís in 2022 mar fhreagairt ar an damáiste a bhí ann de dheasca falscaithe ar fud na hEorpa.

Tá ról lárnach ag foraoisí maidir le héiceachórais agus bithéagsúlacht na hEorpa a chosaint. Tá siad lárnach freisin ó thaobh carbón a ghaistiú, rud a scaoilfí isteach san atmaisféar agus a chuirfeadh leis an athrú aeráide murach sin. In aon bhliain amháin, bhí caillteanas measta eacnamaíoch os cionn EUR 2 bhilliún ann mar thoradh ar fhalscaithe, agus astaíodh níos mó ná 25 mhilliún tona CO2 isteach san atmaisféar. I mí Mheán Fómhair, in óráid Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen ar Staid an Aontais, d’fhógair sí go ndéanfaí acmhainneachtaí aerchomhraic dóiteáin an Aontais a dhúbailt, agus iad le cur ar fáil don chéad séasúr dóiteáin foraoise eile.

Comhraiceoir dóiteáin ag spraeáil uisce ó phíobán dóiteáin i bhforaois.
Comhraiceoir dóiteáin Polannach a seoladh mar chuid de Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta chun dóiteáin foraoise a chomhrac, Hostens na Fraince, an 14 Lúnasa 2022. San iomlán, thacaigh breis agus 400 comhraiceoir dóiteáin agus níos mó ná 100 feithicil ón nGearmáin, ón Ostair, ón bPolainn agus ón Rómáin leis na chéad fhreagróirí Francacha mar fhreagra ar iarratas na Fraince ar chúnamh.

I mí na Samhna, mhol an Coimisiún Eorpach an chéad chreat deonach uile-Aontais chun aistrithe carbóin ardcháilíochta a dheimhniú go hiontaofa. Má ghlactar an uirlis sin, cuideoidh sí leis an athrú aeráide a chomhrac agus le spriocanna aeráide, comhshaoil agus neamhthruaillithe an Aontais a bhaint amach.

Faoi dheireadh 2022, cuireadh beagnach 9.5 milliún crann san Aontas mar chuid de Ghealltanas na 3 Bhilliún Crann. Tá an gealltanas mar chuid de Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais le haghaidh 2030 agus de Straitéis Foraoise an Aontais le haghaidh 2030, agus d’fhág sé de dhualgas ar an Aontas 3 bhilliún crann breise ar a laghad a chur san Aontas faoi 2030, agus prionsabail éiceolaíocha a urramú ag an am céanna.

Tá sé d’aidhm ag Plean Gníomhaíochta athbhreithnithe an Aontais i gcoinne na Gáinneála ar Fhiadhúlra, atá mar chuid den Straitéis Bhithéagsúlachta freisin, a chinntiú go bhfreagraíonn gníomhaíocht an Aontais i gcoinne gáinneáil ar fhiadhúlra go cuimsitheach do na dúshláin atá ann faoi láthair. Cuireann sé leis na ceithre thosaíocht seo a leanas: aghaidh a thabhairt ar na nithe is cúis leis an ngáinneáil ar fhiadhúlra, uirlisí nua dlíthiúla agus beartais a scrúdú, forfheidhmiú a neartú agus comhar domhanda a chothú.

Deimhniú an Aontais maidir le carbón a bhaint

Chun go mbeidh an tAontas aeráidneodrach faoi 2050, ní mór dó a chuid astaíochtaí a laghdú a oiread is féidir, ach ní féidir iad a laghdú go nialas. Chun na hastaíochtaí atá fágtha a chúiteamh, beidh ar an Aontas na céadta milliún tona CO2 a bhaint den atmaisféar gach bliain.

Áirítear an méid seo a leanas ar na cineálacha aistrithe carbóin a d’fhéadfaí a dheimhniú faoin gcreat atá beartaithe.

Feirmeoireacht carbóin, amhail foraoisí agus ithreacha a athneartú agus bogaigh agus tailte portaigh a bhainistiú.

Buanstóráil, amhail bithfhuinneamh le gabháil agus stóráil carbóin, nó dírghabháil agus stóráil carbóin.

Stóráil carbóin i dtáirgí fadtéarmacha agus in ábhair fhadtéarmacha, amhail tógáil atá bunaithe ar adhmad.

A bhuí le creat deimhniúcháin an Aontais, is féidir le níos mó gnólachtaí, feirmeoirí, foraoiseoirí agus páirtithe leasmhara eile rochtain a fháil ar na deiseanna nua sin, toisc go mbeidh siad in ann iarratas a dhéanamh ar dheimhniú comhchuibhithe iontaofa.

Athchóiriú an dúlra

Is infheistíocht ríthábhachtach agus chostéifeachtach inár ngeilleagar, sa tslándáil bia, sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus san athléimneacht a mhéadú é dúlra na hEorpa a athchóiriú — idir bhogaigh, aibhneacha agus fhoraoisí, timpeallachtaí agus speicis mhuirí agus uirbeacha. Cuidíonn sé freisin le sláinte agus folláine shaoránaigh an Aontais a neartú.

81 % de ghnáthóga, tá droch-stádas ag baint leo.

Le gach € 1 a infheistítear in athneartú an dúlra, cuirtear € 8–€ 38 leis mar shochair.

Ceann amháin as gach trí cinn de speicis beach agus féileacán, tá meath air.

I mí an Mheithimh 2022, ghlac an Coimisiún pacáiste tograí chun éiceachórais dhíghrádaithe a athchóiriú mar chéim thábhachtach chun cliseadh éiceachóras a sheachaint agus chun na tionchair is measa a bhaineann leis an athrú aeráide agus le cailliúint na bithéagsúlachta a chosc. Tá reachtaíocht á nuachóiriú ag an gCoimisiún freisin chun a chinntiú go mbeidh síolta agus ábhar atáirgthe plandaí ar ardchaighdeán agus éagsúil ar fáil chun na cuspóirí maidir leis an inbhuanaitheacht, leis an oiriúnú don athrú aeráide agus leis an mbithéagsúlacht a bhaint amach.

Físeán ina mínítear Dlí nua an Choimisiúin Eorpaigh um Athbhunú an Dúlra chun éiceachórais a athbhunú do dhaoine, don aeráid agus don phláinéad.
VIDEO Rannpháirtithe Sheachtain Ghlas an Aontais 2022 agus iad ag labhairt faoin Dlí um Athbhunú an Dúlra, Meitheamh 2022.

Ionstraim mhaoiniúcháin an Aontais Eorpaigh le haghaidh an chomhshaoil agus an ghníomhaithe ar son na haeráide is ea clár LIFE. Tá sé i bhfeidhm ó bhí 1992 ann, agus tá cómhaoiniú déanta aige ar bhreis agus 5 500 tionscadal ar fud an Aontais agus i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Tar éis don Úcráin dul isteach sa chlár i mí an Mheithimh 2022, is féidir léi tairbhe a bhaint as an maoiniú sin freisin. Fágann an méid sin gur féidir leis an Úcráin tacaíocht a fháil chun a comhshaol a athneartú tar éis an damáiste mór a rinne cogadh foghach na Rúise — ó thruailliú agus scriosadh éiceachóras go hiarmhairtí fadtéarmacha eile. Sa ghearrthéarma, is féidir le clár LIFE a bheith mar bhonn agus mar thaca faoi iarrachtaí atógála na hÚcráine trí anailís a dhéanamh ar riachtanais agus aghaidh a thabhairt ar dhí-éilliú ithreach agus uisce, trí réitigh dhúlrabhunaithe san áireamh. Is í an Úcráin an dara tír nach Ballstát den Aontas í a tháinig isteach sa chlár LIFE, i ndiaidh na hÍoslainne.

Virginijus Sinkevičius agus Ruslan Strilets agus iad ag croitheadh lámh os comhair bhratach na hEorpa agus bratach na hÚcráine, agus Yulia Svyrydenko, Céad-Phríomh-Aire na hÚcráine, ina seasamh eatarthu, beagán ar chúl, agus í os comhair Virginijus Sinkevičius.
Ó chlé go deas: Virginijus Sinkevičius, an Coimisinéir Eorpach um an gComhshaol, um na hAigéin agus um Iascach, Yulia Svyrydenko, Céad-Leas-Phríomh-Aire na hÚcráine agus Ruslan Strilets, Aire Éiceolaíochta agus Acmhainní Nádúrtha na hÚcráine, rinne siad comhaontú a shíniú go comhpháirteach maidir le comhlachas na hÚcráine le clár LIFE don chomhshaol agus don aeráid, Cív na hÚcráine, an 24 Meitheamh 2022.

I dtreo truailliú nialasach

I gcomhréir leis an uaillmhian a bheith saor faoi 2025 ón dochar a dhéanann truailliú, i mí Dheireadh Fómhair mhol an Coimisiún rialacha níos láidre maidir le truailleáin aeir chomhthimpeallaigh, truailleáin dromchla agus screamhuisce, agus cóireáil fuíolluisce uirbigh. I ndeireadh na dála, cuirfidh na rialacha sin feabhas ar an tsláinte phoiblí, rud a laghdóidh líon na mbásanna anabaí agus costais sláinte fhadtéarmacha.

Cáilíocht an aeir

Leis na rialacha nua atá beartaithe déanfar an méid seo a leanas:

  • caighdeán cáilíochta aeir a leagan síos do 2030 idir an dá linn don Aontas,caighdeáin a ailíneofar go dlúth le treoirlínte na hEagraíochta Domhanda Sláinte;
  • laghdú a dhéanamh ar an líon básanna de thoradh leibhéil an phríomhthruailleáin PM2.5 a sháraigh treoirlínte na hEagraíochta Domhanda Sláinte níos mó ná 75 % laistigh de 10 mbliana;
  • deimhin a dhéanamh de go mbeidh sé de cheart ag daoine a ndéantar díobháil don tsláinte dóibh de dheasca aerthruailliú cúiteamh a fháil i gcás ina sáraítear rialacha an Aontais maidir le cáilíocht an aeir, agus go mbeidh sé de cheart acu go ndéanfaí eagraíocht neamhrialtasach ionadaíocht dóibh trí ghníomhaíocht chomhchoiteann le haghaidh cúitimh i leith damáiste;
  • costas níos lú ná 0,1 % den olltáirgeacht intíre a bheith ann, rud atá seacht n-uaire níos ísle ar a laghad ná na sochair don gheilleagar agus don tsochaí.

Cáilíocht an uisce

Leagtar amach sna tograí nua:

  • caighdeáin nua níos doichte do shraith substaintí díobhálacha a fhaightear in uisce dromchla agus screamhuisce;
  • oibleagáid ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun láithreacht na dtruailleán sin a laghdú;
  • cóireáil fuíolluisce atá níos costéifeachtaí agus níos cothroime i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as;
  • bearta coisctheacha don earnáil tionsclaíochta (úsáid a bhaint as ceimiceáin thionsclaíocha éagsúla nó níos lú acu) agus d’fheirmeoirí (úsáid a bhaint as níos lú lotnaidicídí nó lotnaidicídí nach bhfuil chomh díobhálach céanna, mar shampla).

Ina theannta sin, freagraíonn na tograí d’éilimh shonracha a ardaíodh le linn na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa (féach Caibidil 9), inar iarr saoránaigh go laghdófaí go mór úsáid lotnaidicídí ceimiceacha agus leasachán agus go bhforbrófaí talmhaíocht inbhuanaithe.

Chomh maith leis sin, d’éirigh le stáit an Aontais agus na Meánmhara togra a chur faoi bhráid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta chun limistéar rialaithe astaíochtaí sulfair a ainmniú sa Mheánmhuir. Is í an aidhm atá ann cáilíocht an aeir agus an uisce a fheabhsú trí laghdú a dhéanamh ar thruailleáin ó loingseoireacht a bhaineann le sulfair.

Leis an togra le haghaidh rialacháin maidir le húsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí, tugtar isteach bearta chun lorg comhshaoil chóras bia an Aontais a laghdú agus chun maolú a dhéanamh ar na caillteanais eacnamaíocha a tabhaíodh cheana féin i ngeall ar an athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta. Tá sé d’aidhm aige laghdú 50 % a dhéanamh ar úsáid lotnaidicídí ceimiceacha agus lotnaidicídí atá níos guaisí faoi 2030, agus modhanna rialaithe lotnaidí atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a thabhairt isteach. Beidh toirmeasc ar gach lotnaidicíd i limistéir ghlasa uirbeacha, mar shampla páirceanna nó gairdíní poiblí, clóis súgartha, scoileanna, tailte áineasa nó spóirt, cosáin phoiblí agus limistéir faoi chosaint, i gcomhréir le Natura 2000.

Astaíochtaí iompair agus tionsclaíocha a laghdú

In 2022, chuir an tAontas tús freisin leis an gComhaontas Tionsclaíoch maidir le Slabhra Luacha Breoslaí In-athnuaite agus Ísealcharbóin, tionscnamh nua atá dírithe ar bhorradh a chur faoi tháirgeadh agus faoi sholáthar breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin san eitlíocht agus san uisce-iompar. Beidh obair an chomhaontais tábhachtach chun na breoslaí malartacha is gá a chinntiú le haghaidh earnálacha ar deacair iad a dhícharbónú, ar nós earnáil na heitlíochta agus earnáil na mara. Rinneadh tuilleadh dul chun cinn freisin maidir le rialacha a fhorbairt chun breoslaí malartacha a úsáid sna hearnálacha sin. Má ghlactar go rathúil leo in 2023, leagfaidh siad amach bealach soiléir le haghaidh dhícharbónú na n-earnálacha sin.

Leis an togra ón gCoimisiún chun an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha a nuachóiriú, laghdófar go mór astaíochtaí díobhálacha ó shuiteálacha tionsclaíocha agus ó na feirmeacha beostoic is mó san Eoraip, agus an tráth céanna cuirfear cinnteacht infheistíochta fadtéarmaí ar fáil, spreagfar nuálaíocht agus méadófar neamhspleáchas fuinnimh agus acmhainní na hEorpa. Cuireann an t-athbhreithniú leis an treoir atá ann cheana, lena gcumhdaítear thart ar 50 000 suiteáil mhór agraithionsclaíoch san Eoraip. Ní mór dóibh na leibhéil astaíochtaí a chomhlíonadh trí na teicnící is fearr atá ar fáil a chur i bhfeidhm, teicnící arb iad lucht tionscail, saineolaithe náisiúnta, saineolaithe de chuid an Aontais, agus an tsochaí shibhialta a chinneann iad. I measc na rialacha nua tá ceadanna a dheonú ar bhealach níos éifeachtaí agus tacaíocht spriocdhírithe don nuálaíocht i gcás ceannródaithe agus infheistíochtaí an tionscail sa gheilleagar ciorclach. Neartóidh sé sin na naisc idir truailliú a laghdú agus dícharbónú, agus cuirfidh sé le trédhearcacht agus rannpháirtíocht an phobail sa phróiseas ceada.

Ina theannta sin, chuir an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh caighdeáin nua astaíochtaí i láthair i mí na Samhna. Tá sé d’aidhm ag na caighdeáin nua Euro 7 seo a chinntiú go bhfuil carranna, veaineanna, leoraithe agus busanna i bhfad níos glaine, go háirithe i gcathracha ina bhfuil na fadhbanna aerthruaillithe is mó, agus ar feadh tréimhse i bhfad níos faide ná mar atá ann faoi na rialacha reatha. Téann an togra i ngleic le hastaíochtaí ó sceithphíopaí, ó choscáin agus ó bhoinn. Cuidíonn sé freisin leis na caighdeáin nua níos déine a bhaint amach maidir le cáilíocht an aeir. Ina theannta sin, déanfar Tairseach Astaíochtaí Tionsclaíocha de chuid an Aontais den Chlár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán, áit ar féidir le saoránaigh eolas a fháil faoi ghníomhaíochtaí truaillithe timpeall orthu féin.

Cad atá nua sa Rialachán Euro 7?

Maidir le gach carr, veain, trucail agus bus:

teorainneacha le haghaidh astaíochtaí ó choscáin;

rialacha maidir le truailliú micreaphlaisteach ó bhoinn;

ní mór d’fheithiclí rialacha astaíochtaí a chomhlíonadh ar feadh tréimhse níos faide;

tástálacha níos éifeachtaí ar astaíochtaí;

monatóireacht dhigiteach ar chomhlíonadh;

tástálacha faireachais margaidh níos fearr.

Maidir le feithiclí innill dócháin inmheánaigh:

teorainneacha astaíochtaí atá neodrach ó thaobh breosla agus teicneolaíochta de;

truailleáin bhreise a rialáil;

tástálacha ar an mbóthar le raon níos leithne de choinníollacha tiomána.

Maidir le feithiclí leictreacha agus feithiclí hibrideacha inluchtaithe:

ceanglais i leith marthanacht ceallraí.

Borradh a chur faoin bhfeirmeoireacht orgánach agus faoin mbia ar ardchaighdeán

Talmhaíocht inbhuanaithe agus úsáid lotnaidicídí a laghdú, sin dhá ní atá ríthábhachtach chun slándáil fhadtéarmach bia a ráthú. In 2021, chuir na Ballstáit a bpleananna isteach chun an Comhbheartas Talmhaíochta a athchóiriú tar éis moltaí a fháil ón gCoimisiún. I mí Lúnasa 2022, d’fhormheas an Coimisiún na Pleananna Straitéiseacha sin don Chomhbheartas Talmhaíochta go foirmiúil, pleananna ina leagtar amach an úsáid atá beartaithe ag gach Ballstát le haghaidh íocaíochtaí díreacha agus idirghabhálacha eacnamaíocha chun tacú le forbairt tuaithe. Leis an reachtaíocht nua, atá le teacht i bhfeidhm in 2023, réiteofar an bealach do bheartas talmhaíochta níos cothroime, níos glaise agus níos éifeachtúla. Féachfaidh sé le todhchaí inbhuanaithe a chinntiú le haghaidh fheirmeoirí na hEorpa, tacaíocht níos spriocdhírithe a chur ar fáil d’fheirmeacha beaga agus solúbthacht níos mó a thabhairt do Bhallstáit an Aontais chun bearta a chur in oiriúint do dhálaí áitiúla.

I mí an Mhárta, ghlac an Coimisiún togra chun an córas maidir le cosaint tásc geografach a neartú, ainmneacha na dtáirgí talmhaíochta, na bhfíon agus na ndeochanna biotáilleacha san áireamh. Tugann córas na dtásc geografach cosaint d’ainmneacha táirgí sonracha chun na cáilíochtaí, na saintréithe nó an clú uathúil atá nasctha lena dtionscnamh geografach a chur chun cinn, agus don saineolas traidisiúnta a bhaineann lena dtáirgeadh.

Reáchtáladh an chéad cheann de ghradam an Aontais maidir le táirgeadh orgánach sa Bhruiséil, an Bheilg, ar Lá Orgánach an Aontais i mí Mheán Fómhair 2022. Is as an mBeilg, an Chróit, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ostair, an Spáinn agus an tSualainn do na hochtar buaiteoirí, agus is amhlaidh a léiríonn siad uile fás agus nuálaíocht na hearnála orgánaí Eorpaí, agus an méid a chuireann sí le tionchar na talmhaíochta ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a laghdú.

Janusz Wojciechowski agus é ag croitheadh lámh le buaiteoir os comhair balla adhmaid a bhfuil ‘EU Organic Awards 2022’ [‘Gradam an Aontais maidir le táirgeadh orgánach 2022’] scríofa air.
Buaiteoirí Ghradam Orgánach 2022 an Aontais in éineacht le Janusz Wojciechowski, an Coimisinéir Eorpach um Thalmhaíocht, an Bhruiséil, an Bheilg, an 23 Meán Fómhair 2022.

Stíl mhaireachtála inbhuanaithe

Tá ról lárnach ag cathracha agus ag saoránaigh ó thaobh Eoraip ghlas agus inbhuanaithe a chruthú. Tá sé d’aidhm ag an Aontas tacú le tionscadail a thagann ón mbun aníos agus le húdaráis áitiúla maidir leis an domhan nua seo a chomhdhearadh trí thacaíocht airgeadais agus trí thionscnaimh chomhshaoil.

In 2022, shínigh 100 méara ar fud an Aontais Comhaontú Glas na Cathrach, rud a d’fhág de dhualgas ar a gcathracha aghaidh a thabhairt ar chúig réimse bainistíochta comhshaoil: an t-aer, an t-uisce, an dúlra agus an bhithéagsúlacht, an geilleagar ciorclach agus an dramhaíl, agus an torann. Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh seo de chuid an Aontais cathracha a dhéanamh níos glaine, níos glaise agus níos sláintiúla.

Fógraíodh an tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua (NEB) den chéad uair in 2020 chun saoránaigh, saineolaithe, gnólachtaí agus institiúidí a thabhairt le chéile chun stíl mhaireachtála inbhuanaithe san Eoraip agus níos faide i gcéin a athshamhlú. Chomh maith le hardán tástála agus naisc a chruthú, tacaíonn an tionscnamh le hathrú dearfach trí thionscadail áille, inbhuanaithe agus chuimsitheacha a chur ar fáil a bhfuil rochtain acu ar mhaoiniú ón Aontas.

Chun tacú leis an nuálaíocht uirbeach agus le cumais agus eolas na gcathracha todhchaí inbhuanaithe a thógáil, bunaíodh an Tionscnamh Uirbeach Eorpach faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa. Sa chéad ghlao ar thograí, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair, cuireadh maoiniú dar luach EUR 50 milliún ón Aontas ar fáil chun tacú le tionscadail nuálacha NEB i gcathracha an Aontais. Iarradh ar chathracha smaointe tionscadail a chur i láthair maidir leis an ngeilleagar ciorclach agus neodracht carbóin, caomhnú na hoidhreachta cultúrtha, oiriúnú foirgneamh le haghaidh réitigh tithíochta inacmhainne agus athghiniúint spásanna uirbeacha i gcomhréir le luachanna NEB maidir le hinbhuanaitheacht, cuimsitheacht agus aeistéitic.

Fógraíodh buaiteoirí dhuaiseanna NEB 2022 ag an gcéad cheann d’Fhéile Bauhaus Eorpach Nua, rud a reáchtáladh i mí an Mheithimh agus ar chruinnigh daoine ó gach cearn den Aontas le chéile aige chun cineálacha cur chuige cruthaitheach agus pobail a cheiliúradh agus a chomhroinnt i leith an aistrithe ghlais. Bronnadh duaiseanna ar thionscadail ó 15 Bhallstát éagsúla.

Ursula von der Leyen agus í ag labhairt leis an lucht féachana ag plé painéil le Diébédo Francis Kéré, Monica Maggioni agus Giovanna Melandri, i gcomhthéacs Fhéile an Bauhaus Eorpaigh Nua.
Ó chlé go deas: Diébédo Francis Kéré, ailtire comhaimseartha as an nGearmáin/Buircíne Fasó, Monica Maggioni, Stiúrthóir Telegiornale 1, Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus Giovanna Melandri, Stiúrthóir Mhúsaem Náisiúnta Ealaíona an 21ú Aois, i Róimh na hIodáile, an 9 Meitheamh 2022.

Chun aird a tharraingt ar mheon nuálach an aosa óig, is do thionscadail a d’fhorbair daoine faoi bhun 30 bliain d’aois a thiomnaíonn duaiseanna Bauhaus Eorpach Nua an gradam Rising Star. Mar chomhlánú ar Bhliain Eorpach na hÓige 2022, bhí “Bauhaus Eorpach Nua” mar fhócas ag DiscoverEU, tionscnamh bliantúil a chuidíonn le daoine 18 mbliana d’aois taisteal saor in aisce ar fud na hEorpa. Sa chomhthéacs sin, forbraíodh bealach Bauhaus Eorpach Nua chun go leanfadh rannpháirtithe é.

Físeán ina mínítear an tionscadal ‘Gairdíní na Todhchaí’, buaiteoir duaiseanna an Bauhaus Eorpaigh Nua.
VIDEO Gardens of the Future [Gairdíní na Todhchaí], tionscadal ón gCipir lena n athraítear limistéar tréigthe sa phríomhchathair atá scartha ó thaobh na polaitíochta de, an Niocóis, ina ghairdín pobail, bhuaigh an tionscadal sin an vóta poiblí.

In éineacht leis an gComhaontas um Oideachas le haghaidh na hAeráide, d’fhógair an tAontas glao ar chlaochlú áiteanna foghlama, chun líonra a chruthú chun spásanna foghlama a chlaochlú ar fud na sochaí.

Mar fhreagairt ar an gcoinbhleacht armtha san Úcráin, tá saineolaithe NEB ag déanamh anailís ar riachtanais éigeandála tithíochta agus ag dearadh tithíocht inbhuanaithe mar ullmhúchán don atógáil iarchogaidh (féach Caibidil 1).

Físeán ina gcuirtear an tionscadal coincheap ‘FOLK’ i láthair.
VIDEO Tá sé d’aidhm ag an tionscadal coincheapa FOLK ón bPolainn an ailtireacht tuaithe thraidisiúnta a athbheochan agus seoda oidhreacht chultúrtha na Polainne a chaomhnú.

An tsoghluaisteacht inbhuanaithe chliste

Sheol an Coimisiún Eorpach an Chomhghuaillíocht um Eitlíocht Astaíochtaí Nialasacha go hoifigiúil, ar tionscnamh deonach Eorpach é idir páirtithe leasmhara príobháideacha agus poiblí chun aerárthaí faoi thiomáint hidrigine agus aerárthaí leictreacha a ullmhú le haghaidh úsáid tráchtála. I bhfianaise go mbeidh 26 000 aerárthach astaíochtaí nialasacha ann faoi 2050, déanfaidh an chomhghuaillíocht beart de réir a briathair chun an earnáil a ailíniú le huaillmhian aeráide an Aontais.

Chun a chinntiú go mbeidh gluaisteáin agus feithiclí eile níos sábháilte, agus creat d’fheithiclí uathoibríocha á leagan síos an tráth céanna, tháinig Rialachán an Aontais maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Feithiclí i bhfeidhm in 2022. Tá an creat ar an gcéad cheann dá leithéid ar domhan; tugann sé cosaint do thomhaltóirí, cuirfidh sé borradh faoin nuálaíocht agus cuirfidh sé feabhas ar iomaíochas thionscal gluaisteán na hEorpa.

Cuidiú leis an earnáil phoiblí cur chuige glas a bheith aici

Le hIonstraim Tacaíochta Teicniúla an Choimisiúin Eorpaigh, maoiníodh tionscadal ilnáisiúnta chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach na hearnála poiblí a neartú agus chun a tionchar díobhálach ar an gcomhshaol a íoslaghdú. Tá sé d’aidhm ag an tionscadal seo éifeachtúlacht, cuntasacht agus trédhearcacht na mbeartas poiblí a chur chun cinn chomh maith.

Go dtí seo, tá 23 údarás riaracháin phoiblí de chuid na mBallstát tar éis eolas agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le bealaí chun tionchar an chaiteachais bhuiséadaigh ar an aeráid a laghdú, amhail seirbhísí agus earraí a cheannach a bhfuil tionchar níos lú acu ar an gcomhshaol agus soghluaisteacht ghlas agus cleachtais taistil gnó inbhuanaithe a chur chun cinn.

Faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 2021–2027, ionstraim chistiúcháin an Aontais lena dtacaítear leis an gComhaontú Glas, tá an Coimisiún Eorpach ag infheistiú i raon leathan tionscadal bonneagair iompair ar fud an Aontais. Tá sé d’aidhm acu bonneagar trasteorann a fheabhsú agus teicneolaíochtaí nua a chur chun cinn. I measc na samplaí tá tollán Lyon-Turin, nasc seasta Chaolas Fehmarn agus tionscadal Rail Baltica.

Chun bonneagar iompair na hEorpa a chur in oiriúint d’úsáid shibhialta agus úsáid cosanta araon, ghlac an Coimisiún Plean Gníomhaíochta maidir leis an tSoghluaisteacht Mhíleata agus thug sé an próiseas deontas ar aghaidh i gcás tionscadail a thacaíonn leis an tsoghluaisteacht mhíleata. Cuideoidh tionscadail eile le bonneagar a chur i bhfeidhm le haghaidh méaduithe réamh-mheasta ar shoghluaisteacht fhuinneamhéifeachtúil atá saor ó astaíochtaí.

San iomlán, tá deontais dar luach EUR 25.8 billiún ar fáil faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa chun tionscadail an Ghréasáin Thras-Eorpaigh Iompair a chómhaoiniú i mBallstáit an Aontais.

Tar éis Bhliain Eorpach an Iarnróid 2021, thosaigh an tAontas ag cur chun feidhme a Phlean Gníomhaíochta nua chun Borradh a chur faoi Iarnród Paisinéirí Fadraoin agus Trasteorann. Tá cuireadh tugtha ag an gCoimisiún do ghnóthais iarnróid, do bhainisteoirí bonneagair agus d’údaráis náisiúnta seirbhísí píolótacha trasteorann a mholadh lena dtabharfar aghaidh ar na bacainní atá fós roimh an iarnród trasteorann. Leis an aistriú chuig iompar inbhuanaithe, ar cuid de phacáiste cuimsitheach an Chomhaontaithe Ghlais é, cinnteofar go mbeidh rath ar phobail agus ar gheilleagar an Aontais i dtimpeallacht shláintiúil shábháilte, i bhfad tar éis 2050.

Ní mór borradh a chur faoin iompar iarnróid trasteorann do phaisinéirí

Léirítear sa ghrafaic faisnéise céatadán an tráchta trasteorann don Aontas in 2018, an sciar de chineálacha éagsúla traenacha paisinéirí trasteorann fadraoin in aghaidh na seachtaine in 2019 i gcomparáid le 2001, agus sciar iomlán na seirbhísí iarnróid trasteorann do phaisinéirí le chéile.

Ní mór borradh a chur faoin iompar iarnróid trasteorann do phaisinéirí. In 2018 is le trácht paisinéirí a bhain 7 % den trácht trasteorann san Aontas, agus le trácht lasta a bhain 52 % de. In 2019 bhí 2804 ghnáth-thraein paisinéirí trasteorann fadraoin ann in aghaidh na seachtaine, sin méadú ó 2545 in 2001, agus tháinig méadú faoi dhó nach mór ar líon na dtraenacha paisinéirí trasteorann ardluais, ó 637 in aghaidh na seachtaine in 2001 go dtí 1244 in aghaidh na seachtaine in 2019. Tháinig laghdú suntasach ar thraenacha paisinéirí trasteorann a thaistealaíonn thar oíche, ó 1257 sa tseachtain in 2001 go dtí 445 in aghaidh na seachtaine in 2019. Ar an iomlán, tháinig méadú 95% ar sheirbhísí ardluais trasteorann, laghdú 65% ar thraenacha trasteorann a thaistealaíonn thar oíche agus méadú 1% ar iomlán na seirbhísí trasteorann le chéile.

Teicneoir agus é ag scaradh sliseog sileacain ina micrishliseanna ar leith.
Scaradh teicniúil ar struchtúir na sliseanna i dteilgcheárta leathsheoltóra, Dresden na Gearmáine, an 8 Feabhra 2022.

4. Eoraip atá oiriúnach don aois dhigiteach

Réamhrá

Tá dlúthnasc idir fís an Aontais Eorpaigh an Eoraip a threorú sa ré dhigiteach agus sprioc aeráidneodrachta an Aontais. I bplean 10 mbliana an Aontais, ar a dtugtar an Deacáid Dhigiteach freisin, tá spriocanna chun seirbhísí poiblí agus gnólachtaí a dhigitiú, bonneagair dhigiteacha amhail 5G agus sár-ríomhairí a chur ar bun, agus a chinntiú go mbeidh na scileanna is gá ag saoránaigh den Aontas chun nascleanúint a dhéanamh ar an timpeallacht dhigiteach go muiníneach. Le Clár Beartais na Deacáide Digití 2030, rud a ghlac an tAontas in 2022, cinnteofar go mbainfidh na Ballstáit na spriocanna sin amach.

Is éard a bheidh i nDeacáid Dhigiteach an Aontais ré athruithe ceannródaíocha i dtreo domhan níos sábháilte agus níos inbhuanaithe. Chuige sin, in 2022 rinne an tAontas beart chun rialacha cibearshlándála a thabhairt cothrom le dáta, cearta digiteacha a aithint agus cuntasacht soláthraithe seirbhísí digiteacha a mhéadú, agus an bonneagar digiteach is gá a chur ar bun agus tacú le forbairt scileanna digiteacha ag an am céanna. Moladh ann freisin rialacha nua maidir le rochtain níos cothroime ar shonraí agus rinneadh dul chun cinn maidir le digitiú earnálacha éagsúla a rialáil.

Digitiú do na saoránaigh

Cur chuige duinelárnach i leith an digitithe atá i gcroílár Dheacáid Dhigiteach an Aontais. Ciallaíonn sé sin nach mór cearta agus saoirsí daoine a urramú ar líne ar an mbealach céanna agus a urramaítear iad as líne. In 2022, ghlac an tAontas an Dearbhú maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití, ina leagtar amach pointí soiléire tagartha chun deimhin a dhéanamh de go ndéanfar daoine a chosaint agus a chumhachtú agus iad ag idirghníomhú le teicneolaíochtaí nua.

Sa ghrafaic faisnéise tugtar míniú ar chearta digiteacha agus ar phrionsabail dhigiteacha.

Daoine sa chroílár, sin é an chéad phrionsabal. Ba cheart do na teicneolaíochtaí digiteacha cearta daoine a chosaint, tacaíocht a thabhairt don daonlathas, agus a chinntiú go ngníomhóidh gach gníomhaí digiteach ar bhealach freagrach agus sábháilte. Cuireann an tAontas Eorpach na luachanna sin chun cinn ar fud an domhain. Dlúthpháirtíocht agus cuimsiú, sin é an dara prionsabal. Ba cheart don teicneolaíocht daoine a aontú seachas iad a scaradh. Ba cheart teacht a bheith ag cách ar an idirlíon, ar scileanna digiteacha, ar sheirbhísí poiblí digiteacha agus ar dhálaí córa oibre. Saoirse rogha, sin é an tríú prionsabal. Ba cheart do dhaoine a bheith in ann leas a bhaint as timpeallacht chothrom ar líne, a bheith sábháilte ó ábhar neamhdhleathach agus díobhálach, agus ba cheart go mbeidís cumhachtaithe ar idirghníomhú dóibh le teicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn, ar nós na hintleachta saorga. Rannpháirtíocht, sin é an ceathrú prionsabal. Ba cheart do shaoránaigh a bheith in ann páirt a ghlacadh sa phróiseas daonlathach ar gach leibhéal, agus smacht a bheith acu ar a gcuid sonraí féin. An tsábháilteacht agus an tslándáil, sin é an cúigiú prionsabal. Ba cheart an timpeallacht dhigiteach a bheith sábháilte agus slán. Ba cheart gach úsáideoir, ón óige go dtí an tseanaois, a chumhachtú agus a chosaint. An inbhuanaitheacht, sin é an séú prionsabal. Ba cheart gairis dhigiteacha a bheith ina dtacaíocht leis an inbhuanaitheacht agus leis an aistriú glas. Is gá do dhaoine a bheith ar an eolas faoin tionchar a imríonn a gcuid gaireas ar an gcomhshaol agus faoin ídiú fuinnimh a bhíonn i gceist leo.

An chibearshlándáil agus an athléimneacht

De réir mar a chaitheann muintir na hEorpa níos mó ama ar líne agus de réir mar a bhíonn an tsochaí ag éirí níos idirnasctha, is amhlaidh atá cibearbhagairtí ag éirí níos coitianta agus níos contúirtí. Is bagairt ar leith do chibearchosaint na hEorpa é cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

In 2022, nuashonraigh an tAontas reachtaíocht maidir le bearta chun ardleibhéal cibearshlándála coitinne a bhaint amach i ngach Ballstát. I mí na Nollag 2022 foilsíodh na rialacha nua, ar a dtugtar Treoir NIS2, agus an 16 Eanáir 2023 tháinig siad in ionad na Treorach a bhí ann roimhe maidir le Slándáil Gréasán agus Faisnéise (NIS). Chun cuidiú le leibhéal foriomlán na cibearshlándála san Eoraip a mhéadú, leis na rialacha nua leathnaítear liosta na n-eintiteas criticiúil agus na n-earnálacha criticiúla ar gá dóibh bearta bainistithe riosca a dhéanamh.

Raon feidhme leathnaithe: chun níos mó earnálacha agus seirbhísí a chur san áireamh mar eintitis riachtanacha nó mar eintitis thábhachtacha

Soláthraithe líonraí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí poiblí

Bainistiú fuíolluisce agus dramhaíola

Monarú táirgí ríthábhachtacha áirithe (amhail táirgí cógaisíochta, feistí leighis agus ceimiceáin)

Bia

Seirbhísí digiteacha (amhail ardáin seirbhísí líonraithe shóisialta agus seirbhísí lárionaid sonraí)

An spás

Seirbhísí poist agus cúiréireachta

Riarachán poiblí

© Adobe Stock


Is minic a bhíonn dlúthnasc idir bonneagar criticiúil (amhail cáblaí faoin bhfarraige agus píblínte le haghaidh iompair agus cumarsáide) agus go leor seirbhísí digiteacha éagsúla, agus is gá iad a chosaint dá bhrí sin. An tsabaitéireacht a rinneadh ar phíblínte gáis Nord Stream agus teagmhais eile, léirigh siad sin go bhfuil athléimneacht bhonneagar criticiúil an Aontais faoi bhagairt. Leis an reachtaíocht a comhaontaíodh le déanaí, cuirfear creat dlíthiúil nuashonraithe cuimsitheach ar fáil don Aontas go luath chun an bonneagar criticiúil a neartú ó thaobh na hathléimneachta fisicí agus na cibear-athléimneachta de, araon.

I bhfianaise thimpeallacht na bagartha atá ag athrú go tapa, mhol an Coimisiún Eorpach neartú a dhéanamh ar acmhainneacht an luathrabhaidh agus na freagartha ar shuaitheadh bonneagair chriticiúil trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta. Iarrtar sa mholadh freisin comhar neartaithe le príomh-chomhpháirtithe agus le tíortha comharsanachta maidir le hathléimneacht an bhonneagair chriticiúil.

Maidir leis na táirgí digiteacha a úsáidimid ar bhonn laethúil, i mí Mheán Fómhair 2022 chuir an Coimisiún togra i láthair le haghaidh Gníomh nua um Chibear-Athléimneacht. Faoi láthair, tá leibhéal íseal cibearshlándála ag go leor táirgí amhail monatóirí linbh, gléasanna cliste nó callairí guthghníomhachtaithe, agus dá thoradh sin bíonn leochaileachtaí forleathana ann agus soláthraítear nuashonruithe slándála go neamhsheasmhach chun tabhairt faoi na fadhbanna sin. Thairis sin, is minic a bhíonn sé deacair d’úsáideoirí na dtáirgí sin a fháil amach an bhfuil táirgí sonracha slán i gcoinne cibearbhagairtí. Leis an togra nua, déanfar deimhin de go gcuirfidh monaróirí feabhas ar shlándáil a dtáirgí agus ar thrédhearcacht na n-airíonna slándála.

Thierry Breton agus ceamara gréasáin ina ghlac aige, agus é ag tabhairt óráide ag léachtán.
Thierry Breton, an Coimisinéir Eorpach um an Margadh Inmheánach, ag an bpreasagallamh maidir leis an nGníomh um Chibear-Athléimneacht, an Bhruiséil, an Bheilg, an 16 Meán Fómhair 2022.

An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus an Gníomh um Margaí Digiteacha

Príomhghné eile de shaol digiteach na linne is ea ardáin ar líne. Cuireann siad ar a gcumas do dhaoine cumarsáid a dhéanamh, eolas a fháil agus siopadóireacht a dhéanamh ar líne. An tráth céanna, d’fhéadfadh sé go mbainfeadh rioscaí leo freisin a bhaineann le hábhar neamhdhleathach nó díobhálach agus le cleachtais éagóracha sa mhargadh. Sin an fáth ar thug an tAontas an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus an Gníomh um Margaí Digiteacha isteach, gníomhartha a tháinig i bhfeidhm i mí na Samhna 2022.

Leagfar síos leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha caighdeán nua gan fasach maidir le cuntasacht na n-ardán ar líne agus na n-inneall cuardaigh ar líne ó thaobh ábhar neamhdhleathach agus ábhar díobhálach de. Nuair a bheidh sé infheidhme maidir le hardáin an-mhór ar líne agus le hinnill chuardaigh an-mhór ar líne den chéad uair thart ar fhómhar 2023, agus maidir le gach ardán eile i mí Feabhra 2024, cuirfidh sé cosaint níos fearr ar fáil d’úsáideoirí idirlín agus dá gcearta bunúsacha ar líne. Bainfidh soláthraithe tairbhe as tacar aonair rialacha maidir leis an margadh inmheánach agus beidh ardáin bheaga in ann uas-scálú a dhéanamh ar bhealach níos éasca.

I ndáil leis sin, le rialacha an Ghnímh um Margaí Digiteacha, a mbeidh feidhm acu ón 2 Bealtaine 2023, cuirfear srian ar chleachtais éagóracha na n-ardán mór ar líne, ar a dtugtar geatóirí. Beidh na geatóirí uile ainmnithe faoin 6 Meán Fómhair 2023 agus ní mór dóibh na hoibleagáidí a leagtar síos sa Ghníomh a chomhlíonadh faoin 6 Márta 2024 ar a dhéanaí. Tá liosta san Gníomh de na nithe a bheidh le comhlíonadh ag na geatóirí agus nach mbeidh orthu a chomhlíonadh; mar shampla, ní bheidh geatóirí in ann a thuilleadh a gcuid táirgí féin a rangú ar bhealach níos fabhraí ná táirgí tríú páirtí comhchosúla a thairgtear ar ardán an gheatóra.

Geatóirí

Ardáin dhigiteacha is ea iad geatóirí, a bhfuil an méid seo a leanas acu:

  • breis agus 45 mhilliún úsáideoir deiridh gníomhach gach mí;
  • láimhdeachas € 7.5 billiún nó níos mó le 3 bliana airgeadais anuas.

Ní bheidh cead ag geatóirí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • cur chun cinn iomarcach a dhéanamh ar a gcuid táirgí féin;
  • féidearthachtaí íocaíochta a theorannú dá modh íocaíochta féin;
  • sonraí pearsanta a bhailítear le linn seirbhís faoi leith a athúsáid ar mhaithe le seirbhís eile;
  • coinníollacha éagóracha a fhorchur ar úsáideoirí gnó;
  • feidhmchláir bogearraí áirithe a réamhshuiteáil;
  • srian a chur le húsáideoirí gnó na n-ardán;
  • cleachtais chuachta áirithe a úsáid (e.g. earraí éagsúla a dhíol mar phacáiste).

D’fhéadfaí fíneálacha nach mó ná 10 % dá láimhdeachas domhanda a fhorchur ar chuideachtaí nach gcomhlíonann na hoibleagáidí nua, nó fíneálacha nach mó ná 20 % i gcás athchiona.

Rialachán maidir le hardáin chíosa ghearrthéarmacha

Chun turasóirí a chosaint, mhol an Coimisiún freisin sonraí maidir le háirithintí ar cíos gearrfhanachta agus lóistín a dhéanamh níos trédhearcaí, go háirithe maidir le faisnéis úinéireachta, sonraí faoi sheoladh, agus uimhreacha clárúcháin gnó a iarraidh. Cuirfidh sé sin ar a gcumas d’údaráis chathrach oibriú in éineacht le hardáin áirithinte chun liostaí neamhúdaraithe a dhúnadh agus tomhaltóirí a chosaint ar chóiríocht neamhdhleathach a chur in áirithe.

Deich mbliana eile den fhánaíocht

A bhuí leis an rialachán fánaíochta nua feabhsaithe a tháinig i bhfeidhm i mí Iúil 2022, is féidir le saoránaigh “fánaíocht ar tháillí baile” a dhéanamh ar feadh 10 mbliana eile ar a laghad agus luasanna móibíleacha níos fearr a fháil agus iad ag taisteal thar lear. Is féidir leo faisnéis a fháil freisin faoi sheirbhísí atá faoi réir costais bhreise, agus is féidir leo cosaint níos fearr a fháil ar tháillí gan choinne nuair a nascann fóin go huathoibríoch le líonraí satailíte, agus faisnéis a fháil maidir le bealaí malartacha chun teacht ar sheirbhísí éigeandála thar lear san Aontas.

Luchtaire uilíoch

A bhuí le rialacha nua, is gearr go mbeidh tomhaltóirí san Aontas in ann an réiteach luchtaithe céanna a úsáid dá ngléasanna leictreonacha uile, seachas luchtairí breise a cheannach le haghaidh gach gléas nua. Faoi dheireadh 2024 ní mór do gach fón póca, táibléad agus ceamara a dhíoltar san Aontas port luchtúcháin uilíoch USB Cineál-C a bheith acu. Ó Earrach 2026 ar aghaidh, bainfidh an oibleagáid le ríomhairí glúine chomh maith. Beidh tomhaltóirí in ann an dramhaíl leictreonach a laghdú dá bharr.

Cineálacha gléasanna leictreonacha a chumhdaítear

Liostaítear sa ghrafaic faisnéise na cineálacha gléasanna leictreonacha a chumhdaítear leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch.

Na cineálacha gléasanna leictreonacha a chumhdaítear leis an Treoir maidir le Luchtaire Uilíoch ná fóin phóca, lucha, méarchláir, ríomhairí glúine, ríomhléitheoirí, córais loingseoireachta iniompartha, callairí iniompartha, gléasanna cinn, cluasáin bhachlóige agus cluasáin, consóil láimhe físchluichí, ceamaraí digiteacha agus táibléid.

Images © Adobe Stock


Digitiú don tionsclaíocht

Nascacht

Le nascacht mhéadaithe cuirtear borradh faoin gcáilíocht saoil agus faoin ngeilleagar; tá sé ag éirí níos tábhachtaí freisin don stíl mhaireachtála inbhuanaithe.

Mar sin féin, tá deighilt dhigiteach ann fós idir ceantair uirbeacha, thuaithe agus iargúlta. Tá gealltanas tugtha ag Ballstáit an Aontais timpeall EUR 130 billiún a infheistiú ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i mbearta a chuireann leis an aistriú digiteach, bearta nascachta san áireamh. Is é atá san fhigiúr sin 26 % de mhéid iomlán na gcistí a d’iarr na Ballstáit faoin tSaoráid faoi dheireadh 2022 agus tá sé i bhfad níos faide ná an t-íoscheanglas 20 % le haghaidh caiteachas digiteach (féach Caibidil 6 le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis na pleananna téarnaimh agus athléimneachta).

Ar an iomlán, sna 27 bplean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta tá bearta nascachta dar luach isteach agus amach le EUR 16.5 billiún. Is é an aidhm atá ann bonneagar gréasáin dhigitigh a chur i bhfeidhm thar na 4 bliana atá amach romhainn, i réigiúin thuaithe agus iargúlta chomh maith, chun go mbeidh rath orthu agus chun borradh a chur faoin nuálaíocht agus faoin inbhuanaitheacht. Déanfaidh an tAontas infheistíochtaí sa nascacht a ghiaráil freisin trí Chiste nua Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, tríd an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, trí InvestEU agus trí iasachtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta.

In 2022, sheol an Coimisiún na chéad ghlaonna ar thograí faoi chlár na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE Digiteach) chun bonneagar nascachta an Aontais a fheabhsú. Déanfaidh an Coimisiún cómhaoiniú ar thionscnaimh chun nascacht 5G a thabhairt do phríomhbhealaí iompair agus do phobail áitiúla na hEorpa, chun líonraí riachtanacha a thacaíonn le hardteicneolaíochtaí a chur in úsáid nó a uasghrádú, agus chun an bealach a réiteach chun ardáin dhigiteacha oibríochtúla a chur ar bun le haghaidh bonneagar iompair agus fuinnimh ar fud an Aontais.

An Clár don Eoraip Dhigiteach

Tá buiséad EUR 7.5 billiún ag an gClár don Eoraip Dhigiteach ó 2021 go dtí 2027, agus is é an chéad chlár maoiniúcháin de chuid an Aontais é atá dírithe ar theicneolaíocht dhigiteach a thabhairt d’údaráis riaracháin phoiblí, do ghnólachtaí agus do shaoránaigh.

Margrethe Vestager agus í ag deasc ar a bhfuil monatóirí agus lógó Institut africain de cybersécurité [‘an Institiúid Afracach um an gCibearshlándáil’] mar chúlra deisce orthu.
Margrethe Vestager, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar “Eoraip atá Oiriúnach don Aois Dhigiteach”, agus an Coimisinéir Eorpach um Iomaíocht, agus í ag Institut africain de cybersécurité [“an Institiúid Afracach um an gCibearshlándáil”], Dacár na Seineagáile, an 11 Feabhra 2022.

Seoladh roinnt glaonna ar thograí in 2022. Orthu sin bhí deiseanna cistiúcháin do thionscadail maidir le spásanna sonraí, bonneagair bhlocshlabhra, cúrsaí oiliúna um ardscileanna digiteacha, intleacht shaorga (IS) agus gníomhaíochtaí chun comhar cibearshlándála idir na Ballstáit agus an Coimisiún a fheabhsú.

Seoladh tuilleadh glaonna i ndáil le lárionaid náisiúnta ríomhaireachta ardfheidhmíochta, imscaradh ardchórais agus ardlíonraí náisiúnta bonneagair cumarsáide candamaí, agus moil nuálaíochta digití Eorpacha.

Oibreoir agus culaith cosanta air agus é ag déanamh scrúdú ar shliseog sileacain.
Oibreoir agus í ag láimhseáil sliseog sileacain 300 mm i seomra glan, Grenoble na Fraince, an 4 Feabhra 2022.

An Gníomh Eorpach um Shliseanna: iomaíochas na hEorpa a threisiú

Bloic thógála na dtáirgí leictreonacha go léir is ea sliseanna agus leathsheoltóirí, ó ghléasanna cliste go dtí córais spáis agus cosanta. Tá ról lárnach acu i ngeilleagair an lae inniu agus inár saol laethúil. Mar gheall ar an nganntanas domhanda sliseanna a bhí ann le déanaí, cuireadh isteach ar shlabhraí soláthair, rud ba chúis le ganntanas táirgí ó ghluaisteáin go gairis leighis, agus b’éigean do mhonarchana dúnadh i gcásanna áirithe.

Chun briseadh den sórt sin a chosc amach anseo mhol an tAontas an an Gníomh Eorpach um Shliseanna, rud a chuideoidh le héiceachóras leathsheoltóirí an Aontais a fhorbairt trí dhul i ngleic le roinnt cuspóirí straitéiseacha. Ceann díobh sin ná ceannaireacht taighde agus theicneolaíoch an Aontais a neartú, rud a threiseoidh a chumas nuálaíocht a dhéanamh i ndearadh, i monaraíocht agus i bpacáistiú na n-ardsliseanna. Ag an am céanna, tá sé d’aidhm ag an nGníomh Eorpach um Shliseanna aghaidh a thabhairt ar ghanntanas scileanna san ardmhonaraíocht, ionas go mbeidh an tAontas tarraingteach i gcónaí don tallann is fearr ar domhan sa réimse tábhachtach sin.

Dul chun cinn na Straitéise Eorpaí maidir le Sonraí

Cuidíonn sonraí (go háirithe sonraí tionsclaíocha) chun an geilleagar digiteach a spreagadh, ach níor baineadh leas as acmhainneacht iomlán na sonraí sin fós den chuid is mó. San áireamh sa Ghníomh um Shonraí, rud a moladh in 2022, tá rialacha nua maidir le cé atá in ann sonraí a ghintear san Aontas a úsáid agus a rochtain ar fud na n-earnálacha eacnamaíocha ar fad.

Tugtar forléargas sa ghrafaic faisnéise seo ar spriocanna agus ar thairbhí na Straitéise Eorpaí maidir le Sonraí.

Is é is aidhm don Straitéis Eorpach maidir le Sonraí (2020) go mbeidh an tAontas Eorpach ina cheannaire i sochaí shonraíbhunaithe. Leis an nGníomh um Rialachas Sonraí (2020), éascaítear an chomhroinnt sonraí idir earnálacha agus idir na Ballstáit. Leis an nGníomh um Shonraí (2022), soiléirítear cé na daoine a fhéadfaidh luach a chruthú ó shonraí. Deich gcinn de spásanna coiteanna sonraí Eorpacha, agus tionscal, soghluaisteacht, an Comhaontú Glas don Eoraip, fuinneamh agus an tsláinte ina measc sin. Gineann tomhaltóirí agus gnólachtaí sonraí trí tháirgí agus seirbhísí a úsáid. Leis an nGníomh um Shonraí, bainfidh siad tairbhe as praghsanna níos saoire le haghaidh seirbhísí iarmhargaidh agus cúiteamh dá gcuid oibiachtaí nasctha. Sa lá atá inniu ann, má chliseann róbat monarchan, ní féidir ach leis an monaróir rochtain a fháil ar na sonraí, rud a fhágann nach mbíonn aon rogha ag an gcuideachta ach glaoch a chur ar an monaróir le haghaidh deisiúcháin. Amach anseo, d’fhéadfadh an t-úsáideoir a iarraidh go dtabharfaí rochtain ar na sonraí freisin do dheisitheoir a d’fhéadfadh a bheith níos saoire. Chomh maith leis sin, bainfidh tomhaltóirí agus gnólachtaí tairbhe as deiseanna nua chun úsáid a bhaint as seirbhísí a bhraitheann ar rochtain ar na sonraí sin. Faoi láthair, ní féidir le feirmeoir ag a bhfuil trealamh ó mhonaróirí éagsúla, cosúil le tarracóir nó córas uiscithe uathoibríoch, anailísíocht sonraí a chuid trealaimh a sheachfhoinsiú. Is iad na monaróirí a choinníonn na sonraí sin acu féin. Amach anseo, d’fhéadfadh sé comhairle shaincheaptha a fháil ó ghnólacht atá ag cruinniú sonraí ó gach píosa trealaimh. D’fhéadfadh tomhaltóirí agus gnólachtaí rochtain níos fearr a bheith acu ar shonraí arna mbailiú nó arna dtáirgeadh ag gléas. Faoi láthair, más mian le húinéir beáir caife níos fearr a chur ar fáil agus más mian leis an gcuideachta déanta gléasanna caife a táirge a fheabhsú, féadfaidh an chuideachta rochtain a fháil ar na sonraí a tháirgeann an gléas caife chun an chéad ghlúin eile de ghléasanna caife a dhearadh, ach ní fhéadfaidh an t-úinéir beáir rochtain a fháil ar aon eolas ar bith. Sainítear sa Ghníomh um Shonraí go mbeidh an dá pháirtí in ann, amach anseo, rochtain a fháil ar na sonraí uile arna mbailiú ag an ngléas.


Chomh maith leis sin, cuideoidh an tionscnamh “GreenData4All” le haistriú glas agus le haistriú digiteach na hEorpa a bhaint amach trí nuashonrú a dhéanamh ar rialacha an Aontais maidir le sonraí geospásúla comhshaoil agus le rochtain an phobail ar fhaisnéis faoin gcomhshaol. Is é is aidhm dó sonraí a chur ar fáil ar bhealach níos éasca le haghaidh cinntí nuálaíochta agus cinntí atá bunaithe ar fhianaise.

An cúram sláinte san Aontas a dhigitiú

Cuireann sonraí sláinte léargas luachmhar ar fáil do sholáthraithe seirbhísí cúraim sláinte agus do thaighdeoirí. Chuir paindéim COVID-19 dlús le forbairt agus glacadh táirgí agus seirbhísí sláinte digiteacha, agus an teileashláinte ag éirí coitianta. Lena chois sin, tá sé léirithe go bhfuil sonraí sláinte atá cothrom le dáta, iontaofa agus FAIR (a sheasann do findable, accessible, interoperable and reusable an Bhéarla [inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheacha agus in-athúsáidte]) ríthábhachtach chun cúram éifeachtúil a chur ar fáil in aimsir géarchéime agus chun cóireáil éifeachtach a fhorbairt.

Is é an Spás Eorpach Sonraí Sláinte, a moladh i mí na Bealtaine 2022, an chéad spás coiteann sonraí i réimse ar leith a tháinig as Straitéis an Aontais maidir le Sonraí agus is cuid lárnach é d’Aontas Sláinte Eorpach a fhorbairt. Cuireann sé leasanna agus cearta an duine ina chroílár.

Is é an cuspóir atá ann deimhin a dhéanamh de go mbeidh smacht níos mó ag daoine san Aontas ar a sonraí sláinte leictreonacha agus go mbeidh siad in ann a dtaifid sláinte leictreonacha a chomhroinnt le dochtúir is rogha leo, fiú i mBallstát eile. Cinnteofar leis freisin creat dlíthiúil ina mbeidh sásraí iontaofa rialachais de chuid an Aontais agus de chuid na mBallstát, agus timpeallacht shlán phróiseála. Fágann sé sin go mbeidh taighdeoirí, nuálaithe, lucht déanta beartas agus rialtóirí ar leibhéal an Aontais agus ar na leibhéil náisiúnta in ann rochtain a fháil ar ríomhshonraí sláinte ábhartha chun diagnóis, cóireáil agus folláine daoine nádúrtha ar bhealach níos fearr a chur chun cinn, agus go mbeidh beartais níos fearr agus eolasacha ann dá bharr. Tá sé d’aidhm aige freisin cur le fíormhargadh aonair do tháirgí agus do sheirbhísí sláinte digití, trí rialacha a chomhchuibhiú, agus borradh a chur faoin éifeachtúlacht sa chóras cúraim sláinte ar an dóigh sin.

An spás

Cuireann Clár Spáis an Aontais Eorpaigh sonraí agus seirbhísí luachmhara ar fáil lena gcuirtear réitigh ar fáil chun an t-athrú aeráide a chomhrac, tairbhí socheacnamaíocha a thabhairt do na saoránaigh, an nuálaíocht dhigiteach a chumasú agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais nascachta atá ag teacht chun cinn. I mí na Samhna 2022, tháinig an tAontas agus a Bhallstáit ar chomhaontú polaitiúil chun Clár um Nascacht Shlán 2023–2027 a sheoladh agus buiséad EUR 2.4 billiún ann. Leis an gclár, déanfar buíon satailítí a imlonnú don Aontas darb ainm IRIS2 (a sheasann do Infrastructure for Resilience, Interconnectivity and Security by Satellite i mBéarla [Bonneagar don Athléimneacht, don Idirnascacht agus don tSlándáil trí Shatailít]) le cuidiú ó chóras nua nascachta sláine spásbhunaithe. Leis an gcóras úrscothach sin, cuirfear nascacht iontaofa chostéifeachtach shárshlán ar fáil do rialtais, do ghnólachtaí agus do shaoránaigh ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin. Comhlánóidh sé córais an Aontais atá ann cheana, agus beidh sé ag brath orthu sin, amhail Copernicus, Galileo, clár an Aontais Eorpaigh um Chumarsáid Satailíte Rialtasach agus bonneagar cumarsáide candamaí na hEorpa.

Mar chuid de Bhliain Eorpach na hÓige, sheol an Coimisiún Eorpach comórtas ainmniúcháin a bhí oscailte do dhaltaí óga san Eoraip agus san Afraic, chun ainm a roghnú do chóras nua nascachta spásbhunaithe an Aontais. An t-ainm ar éirigh leis — IRIS2 — chuir beirt daltaí isteach é.

Léirítear sa ghrafaic faisnéise fíricí agus figiúirí maidir le Faireachas agus Rianú Spáis an Aontais do 2022.

In 2022 rinneadh thart ar 500,000 tomhas in aghaidh an lae, chláraigh 176 eagraíocht ó 22 Bhallstát, tháinig 13608 réad i ngiorracht, bhí 7 n-imeacht maidir le bloghanailís ann, 77 dteagmhas anailíse athiontrála ann, 756 imeacht ardleasa ann, agus rinneadh monatóireacht ar 310 satailít.

Le córas den sórt sin, tá gá freisin le faireachas láidir spáis agus rianú láidir spáis chun bonneagar spásbhunaithe a chosaint. Tá córas an Aontais um fhaireachas agus rianú spáis gníomhach ó 2016 i leith agus déanann sé monatóireacht anois ar 310 satailít de chuid an Aontais, chun imbhuailtí sa spás a sheachaint. Chun déileáil leis an méadú mear ar líon na satailítí agus ar an smionagar atá ar fithis, ghlac an tAontas teachtaireacht chomhpháirteach in 2022 maidir le cur chuige an Aontais i leith bainistiú sábháilte spástráchta.

Tá ról tábhachtach ag an spás freisin ó thaobh na cosanta de. Le treochlár an Aontais maidir le teicneolaíochtaí criticiúla don tslándáil agus don chosaint, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le Sineirgí idir an Tionscal Sibhialta, an Tionscal Cosanta agus Tionscal an Spáis, cuirtear saoránaigh agus páirtithe leasmhara ar an eolas faoi na tionscnaimh is déanaí maidir le teicneolaíocht agus na naisc atá aige le slándáil agus cosaint. Leagtar amach ann an aidhm chun laghdú a dhéanamh ar spleáchais straitéiseacha an Aontais a bhaineann le teicneolaíochtaí criticiúla agus slabhraí luacha don tslándáil agus don chosaint.

An Straitéis maidir le Dróin 2.0

Mar a fógraíodh sa Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste i mí na Samhna, sheol an tAontas Eorpach a Straitéis maidir le Dróin 2.0. Leagtar amach sa straitéis 19 mbeart le haghaidh éiceachóras slán inbhuanaithe um dhróin faoi 2030. Ar na bearta sin tá rialacha comhchoiteanna maidir le haeracmhainneacht, ceanglais oiliúna do phíolótaí, tacaíocht do thaighde agus nuálaíocht, agus critéir a shainiú maidir le lipéad deonach i leith na ndrón formheasta ó thaobh na cibearshlándála de. Is é is aidhm dó freisin úsáid drón a leathnú chun paisinéirí agus lastas a iompar, suirbhéireacht a dhéanamh ar bhonneagar criticiúil, monatóireacht a dhéanamh ar dhoirteadh ola, slándáil agus cosaint, agus an glacadh sóisialta a neartú ag an am céanna trí aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le torann, sábháilteacht agus príobháideachas.

Adina Vălean i mbun comhrá agus í os comhair fréamhshamhail de thacsaí aeir.
Adina Vălean, an Coimisinéir Eorpach um Iompar (an dara duine ar chlé), agus cigireacht á déanamh aici ar fhréamhshamhail de thacsaí aeir, an Bhruiséil, an Bheilg, an 29 Samhain 2022.

An t-oideachas digiteach

An t-oideachas digiteach agus scileanna digiteacha

Chun go mbeidh saoránaigh in ann tairbhe a bhaint as an aistriú, ní mór na scileanna a bheith acu a chuideoidh leo dul chun cinn a dhéanamh sa saol digiteach. Léiríodh san Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach 2022 nach bhfuil bunscileanna digiteacha ach ag 54 % de na saoránaigh den Eoraip idir 16 agus 74 bliana d’aois, cé gurb é 80 % sprioc na Deacáide Digití faoi 2030. Léiríonn sé sin go bhfuil géarghá le tuilleadh gníomhaíochta chun tacair scileanna digiteacha mhuintir na hEorpa a fhorbairt. Is é is aidhm don Ardán um Scileanna Digiteacha agus Poist Dhigiteacha, rud a seoladh i mbliana, an bhearna sin a dhúnadh.

D’oibrigh an tAontas leis na Ballstáit freisin chun na dúshláin a shainaithint a bhaineann le hoideachas digiteach agus scileanna digiteacha ar ardchaighdeán a chur ar fáil do chách. Cuirfear toradh an phlé sin san áireamh sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach. In 2022, lean an tAontas de threoirlínte a chur ar fáil do mhúinteoirí agus d’oideoirí maidir leis an mbréagaisnéis agus maidir le húsáid eiticiúil na hintleachta saorga agus sonraí sa teagasc, ar gnéithe tábhachtacha den litearthacht dhigiteach iad araon. Tar éis an Mol Eorpach um Oideachas Digiteach a fhorbairt, bunaíodh pobal i mí an Mheithimh 2022 inar féidir le hoideoirí dea-chleachtais a chomhroinnt.

Thug an tAontas scileanna digiteacha agus scileanna fiontraíochta do 10 000 cailín ar fud na hEorpa tríd an tionscnamh Girls Go Circular.

I mí an Mhárta 2022, d’óstáil an tAontas an chéad cheann d’ Fhóram na bPáirtithe Leasmhara san Oideachas Digiteach.

Reáchtáladh an 10ú heagrán de Sheachtain Chóid an Aontais Eorpaigh ón 8 go dtí an 23 Deireadh Fómhair 2022, agus 75 070 gníomhaíocht ar siúl i 77 dtír mar chuid de.

Images © Adobe Stock

Sár-ríomhairí agus an intleacht shaorga

Na sár-ríomhairí

Tá éiceachóras sár-ríomhaireachta den chéad scoth san Eoraip ríthábhachtach chun barr feabhais eolaíochta agus láidreacht thionsclaíoch a chur chun cinn. Chinnteofaí le líonra sár-ríomhairí ceannasacht theicneolaíoch an Aontais freisin, rud a chiallaíonn go mbeadh úinéireacht aige ar a theicneolaíochtaí digiteacha tábhachtacha.

Leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach (Comhghnóthas EuroHPC) — eintiteas dlíthiúil lenar féidir le tíortha rannpháirteacha acmhainní a chomhthiomsú chun sár-ríomhairí a bhunú — insealbhaíodh an sár-ríomhaire LUMI in Kajaani na Fionlainne i mí an Mheithimh 2022. Ina dhiaidh sin i mí na Samhna 2022, insealbhaíodh an sár-ríomhaire Leonardo in Bologna na hIodáile. Is iad Lumi agus Leonardo an dá sár-ríomhairí is tapúla san Eoraip agus is iad an tríú agus an cheathrú ceann is tapúla ar domhan, faoi seach.

Comhlánaíonn a gcumhacht ríomhaireachta sár-ríomhairí reatha Chomhghnóthas EuroHPC: Discoverer sa Bhulgáir, Karolina sa tSeicia, MeluXina i Lucsamburg agus Vega sa tSlóivéin. Táthar ag bunú dhá shár-ríomhaire EuroHPC eile faoi láthair: MareNostrum5 in Barcelona na Spáinne, agus Deucalion sa Phortaingéil.

Ceithre raca de chaibinéid sár-ríomhairí Lumi.
Sár-ríomhaire Lumi. © Fade Creative

Fógraíodh in 2022 go n-óstálfar an chéad sár-ríomhaire eicsea-scála san Eoraip, Jupiter, in Ionad Sár-ríomhaireachta Jülich sa Ghearmáin. Mórchloch mhíle teicneolaíochta don Aontas Eorpach is ea an cumas eicsea-scála agus cuireann sé barr feabhais eolaíochta na hEorpa chun cinn go mór. Rachaidh sé sin chun tairbhe do theicneolaíochtaí comhlántacha, amhail an ríomhaireacht chandamach, leathchúplaí digiteacha agus olltiomsú sonraí.

I mí Dheireadh Fómhair 2022, roghnaíodh sé shuíomh ar fud an Aontais chun na chéad ríomhairí candamacha a óstáil agus a oibriú: an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Pholainn, an tSeicia agus an Spáinn. Tá ríomhairí candamacha in ann ríomhanna a dhéanamh atá róchasta do ghnáthríomhairí.

An Intleacht Shaorga

Tá an intleacht shaorga ar cheann de na teicneolaíochtaí is tábhachtaí atá ag teacht chun cinn: tá sí i gcroílár go leor de na huirlisí a úsáidimid gach lá, amhail algartaim meán sóisialta, agus cumasófar léi teicneolaíochtaí nua amhail feithiclí uathrialaitheacha.

Barbara Mazzolai agus í ag scrúdú duilleoga planda.
Barbara Mazzolai, taighdeoir ag Institiúid Teicneolaíochta na hIodáile, agus í ag obair ar na tionscadail “I-Wood”, “I-Seed” agus “GrowBot”, ar tionscadail iad den tSaotharlann um Róbataic Bhog Bhithbhunaithe de chuid an Lárionaid um Theicneolaíochtaí Coinbhéirseacha, Institiúid na hIodáile um an Teicneolaíocht, Genoa na hIodáile, 14 Meitheamh 2022.

In 2022 lean Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh den chaibidlíocht maidir leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga atá beartaithe, arb é is aidhm dó comhchreat rialála a thabhairt isteach maidir leis an intleacht shaorga. Chuir an Coimisiún agus Rialtas na Spáinne i láthair leagan píolótach den chéad bhosca gainimh rialála maidir leis an intleacht shaorga, rud lenar cuireadh ar a gcumas do ghnólachtaí éifeachtaí rialacha an chreata ar thionscadail áirithe intleachta saorga a fhiosrú i dtimpeallacht rialaithe. Cuideoidh sé sin le cur chun feidhme na reachtaíochta a chinntiú laistigh de 2 bhliain. Cuireadh tús leis na tástálacha i mí Dheireadh Fómhair 2022 agus foilseofar na torthaí sa dara leath de 2023.

Róbat beag ceithre chos in aice le cosa fear i bpáirc.
Bert-2, an córas róbatach ceithre chos ó Institiúid na Róbataice agus na Meicitreonaice, gar do München na Gearmáine, an 8 Meitheamh 2022. Is é fócas na hinstitiúide raon leathan róbat a fhorbairt lenar féidir cur ar a gcumas do dhaoine idirghníomhú ar bhealach níos sábháilte agus níos éifeachtaí lena dtimpeallachtaí máguaird.

An t-airgeadas digiteach

An Gníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil

Cloch mhíle thábhachtach a bhí sa bhliain 2022 maidir leis an bpacáiste airgeadais dhigitigh: foilsíodh an Gníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil an 14 Nollaig 2022 agus tháinig sé i bhfeidhm an 16 Eanáir 2023. Tá earnáil an airgeadais ag brath níos mó ar bhogearraí agus ar dhigitiú, agus dá réir sin, tá méadú ag teacht ar na rioscaí a bhaineann le teicneolaíochtaí faisnéise cumarsáide (TFC). Cinnteofar leis an reachtaíocht nua gur féidir le gnólachtaí airgeadais bagairtí a bhaineann le TFC a sheasamh. Beidh ar bhainc, ar stocmhalartáin, ar thithe imréitigh agus ar ghnólachtaí airgeadais eile cloí le dianchaighdeáin chun tionchar na dteagmhas a bhaineann le TFC a chosc agus a theorannú. Chomh maith leis sin, tugtar isteach leis an gcomhaontú creat maoirseachta maidir le soláthraithe seirbhíse a sholáthraíonn seirbhísí criticiúla, amhail néalríomhaireacht, d’institiúidí airgeadais.

Léirítear sa ghrafaic faisnéise gnéithe de straitéis airgeadais dhigitigh don Eoraip.

Tá an méid seo a leanas i measc na ngnéithe a bhaineann le straitéis airgeadais dhigitigh don Eoraip: margadh Aonair Digiteach do sheirbhísí airgeadais, creat rialála lena n-éascaítear an nuálaíocht, aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann leis an aistriú digiteach, agus spás sonraí airgeadais Eorpach chun nuálaíocht shonraíbhunaithe a chur chun cinn.

An Rialachán maidir le criptea-shócmhainní

Tá an tAontas ar na chéad phríomhdhlínsí ar domhan a dhear creat rialála cuimsitheach le haghaidh rialacha maidir le criptea-shócmhainní, is é sin an rialachán atá beartaithe maidir le margaí criptea-shócmhainní. Leis na rialacha nua, cuirfear creat dlíthiúil soiléir ar fáil le haghaidh criptea-shócmhainní nach bhfuil á rialáil cheana féin ag reachtaíocht airgeadais eile de chuid an Aontais, rud a chosnóidh tomhaltóirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais.

Maidir le “cripteamhonaí cobhsaí”, is é sin criptea-airgeadraí nach bhfuil chomh luaineach le criptea-airgeadraí clasaiceacha, leagtar amach sa chomhaontú diancheanglais maidir le bunú, údarú agus bainistiú cúltaca, lena n-áirítear maoirseacht an Aontais le haghaidh “cripteamhonaí cobhsaí” suntasacha a bhfuil tábhacht chórasach ag baint leo. Ní mór soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní a údarú san Aontas freisin, agus mar thoradh air sin, beidh siad in ann a gcuid seirbhísí a sholáthar ar fud an Aontais.

Ina theannta sin, tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú maidir leis an togra chun an Rialachán maidir le hAistriú Cistí a leasú. Déantar foráil sa chomhaontú maidir le hoibleagáid ar gach soláthraí criptea-sheirbhíse ag a bhfuil baint le criptea-aistrithe chun sonraí a bhailiú maidir le tionscnóirí agus tairbhithe na n-aistrithe criptea-shócmhainní a oibríonn siad, agus iad a chur ar fáil do na húdaráis inniúla atá i gceannas ar an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta. Cuirfidh na rialacha nua sin feabhas suntasach ar mhonatóireacht agus inrianaitheacht aistrithe criptea-shócmhainní agus cinnteofar leo go gcomhlíonfar na bearta ábhartha a iarrtar sna Moltaí ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais.

Máthair agus a beirt leanaí agus iad ina suí ar luascán sa ghairdín.

5. Cosaint na ndaoine agus cosaint na saoirsí

Réamhrá

Cé go bhfuil cúlraí éagsúla ag saoránaigh an Aontais, tá na luachanna céanna i gcoiteann acu, arb iad na luachanna ar bunaíodh an tAontas Eorpach orthu (Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach). Is iad sin: meas ar dhínit an duine agus ar chearta an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas agus ar an smacht reachta, mar a leagtar amach i gconarthaí an Aontais agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

In 2022, lean an tAontas air agus é ag dul i ngleic leis an bpaindéim atá fós ar siúl agus ag tacú le feachtais vacsaínithe san Aontas agus níos faide i gcéin. Ina theannta sin, rinne sé dul chun cinn ina chuid oibre chun a chinntiú go mbeidh an tAontas ullamh do bhagairtí sláinte amach anseo, ghníomhaigh sé chun saoirse gluaiseachta, saoirse cainte agus cearta an linbh a chosaint, agus thug sé cúnamh do dhaoine ar a dteitheadh ón gcogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin.

Sláinte níos fearr

COVID-19

Níl paindéim COVID-19 thart. Tá athraithigh nua fós ag teacht chun cinn agus tá an vacsaíniú ríthábhachtach fós chun iarmhairtí díobhálacha an víris a mhaolú.

D’éirigh go maith le straitéis vacsaínithe an Aontais in 2022. Ó thús na paindéime, tugadh 966 099 169 dáileog san iomlán do mhuintir na hEorpa. Fágann na hathraithigh COVID-19 a bhíonn ag teacht chun cinn gur gá vacsaíní a oiriúnú áfach. In 2022 d’údaraigh an tAontas vacsaíní oiriúnaithe lena n-úsáid i gclár nua teanndáileog chun cosc a chur ar mhéadú na gcásanna. D’fhoilsigh sé tuarascáil dar teideal COVID-19 Therapeutics Innovation Booster [Borradh Nuálaíochta i réimse Theiripic COVID-19] ina gcuirtear treoir ar fáil maidir le cóireálacha nua le haghaidh COVID-19 a fhorbairt.

Sa bhreis ar na feachtais vacsaínithe atá ar siúl faoi láthair, tá an tAontas ag dul i ngleic leis na hiarmhairtí fadtéarmacha a bhíonn i gceist le hionfhabhtú COVID-19, COVID fadmharthanach cuir i gcás. Tá an Coimisiún Eorpach ag maoiniú staidéir mhóra chohóirt ina bhféachtar ar dhaonraí ar fud an domhain thar thréimhse fhada. Chomh maith leis sin, i dtionscadail taighde atá maoinithe faoi na cláir Fís 2020 agus Fís Eorpach táthar ag déanamh staidéar ar chásanna d’fhadhbanna fadtéarmacha a thagann chun cinn tar éis ionfhabhtú COVID-19.

I gcomhar lena Bhallstáit, tá an tAontas i mbun Aontas Sláinte na hEorpa láidir a thógáil ar mhaithe le cosaint níos fearr a thabhairt do shláinte shaoránaigh an Aontais, cosc a chur ar phaindéimí amach anseo agus ullmhú dóibh, agus córais sláinte fhoriomlána na hEorpa a fheabhsú. Chun é sin a bhaint amach, bhí gá le creat dlíthiúil níos fearr. Leis an Rialachán nua maidir le Bagairtí Sláinte Trasteorann a glacadh in 2022, beidh creat dlíthiúil cuimsitheach ag an Aontas chun gníomhaíocht chomhordaithe a rialú i dtaca le hullmhacht, faireachas, measúnú riosca agus bearta luathrabhaidh agus freagartha.

Gné thábhachtach eile d’aontas sláinte láidir is ea seirbhís nua an Choimisiúin Eorpaigh, an tÚdarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA). Rannchuidíonn HERA le forbairt, táirgeadh, soláthar, stoc-charnadh agus dáileadh na bhfrithbheart leighis i gcás éigeandála sláinte.

In 2022 chuir an tAontas méadú ar an údarás a bhí ag gníomhaireacht sláinte a bhí ann cheana. Dá bharr sin, is féidir leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach monatóireacht a dhéanamh ar an earnáil sláinte, gníomhú chun ganntanais cógas leighis a chosc, agus formheas níos tapúla ar chógais leighis a éascú chun deireadh a chur le géarchéim sláinte poiblí. Tugadh níos mó údaráis don Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú freisin chun tacú leis an Aontas agus lena Bhallstáit bagairtí i ndáil le galair theagmhálacha a chosc agus a rialú.

Cuireadh síneadh bliana eile le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais — uirlis thábhachtach nuair a bhí an phaindéim faoi lán seoil — agus beidh feidhm aige go dtí an 30 Meitheamh 2023. A bhuí leis an síneadh sin, beidh daoine in ann a ndeimhniú a úsáid chun taisteal ar fud an Aontais má théann an staid eipidéimeolaíoch in olcas agus má thugtar srianta taistil isteach arís.

Chun an rochtain ar vacsaíní i dtíortha ísealioncaim a fheabhsú, thug an tAontas breis agus EUR 5 bhilliún faoin tionscnamh um Rochtain Dhomhanda ar Vacsaíní in aghaidh COVID-19 in éineacht lena Bhallstáit agus lena institiúidí maoiniúcháin (féach Caibidil 8 le haghaidh tuilleadh eolais faoi thabhartais chun cabhrú le hiarrachtaí vacsaínithe lasmuigh den Aontas).

Cúramóir fireann agus dáileog de vacsaín COVID-19 á baint aige.
Cúramóir in ionad vacsaínithe, Vaileite Mhálta, an 27 Eanáir 2022.

Straitéis sláinte domhanda

Is ríthábhachtach an rud í straitéis sláinte domhanda uaillmhianach ós rud é nach bhfuil teorainn ar bith ag galair. Ní mór a chur san áireamh sa straitéis sin gur leas coiteann domhanda í an tsláinte agus go bhfuil ról tábhachtach aici i bhfolláine an duine, i gcobhsaíocht na sochaí agus san fhorbairt inbhuanaithe.

Dá bhrí sin, Straitéis Sláinte Dhomhanda an Aontais Eorpaigh a glacadh i mí na Samhna, is straitéis í atá fréamhaithe i gcothromas, dlúthpháirtíocht agus cearta an duine agus atá dírithe ar chomhpháirtíochtaí le réigiúin eile a fheabhsú chun freagairt níos fearr ar bhagairtí sláinte domhanda a chinntiú. Bagairtí sláinte ar nós na frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus pataiginí a d’fhéadfadh paindéim a spreagadh, tá siad ag éirí níos casta agus bíonn comhthéacs geopholaitiúil síorathraitheach i gceist leo. Beidh tionchar ag an athrú aeráide, ag athruithe bithéagsúlachta agus ag an truailliú ar shláinte na ndaoine agus na dtíortha is leochailí go háirithe. Mar sin de, cloíonn an straitéis le prionsabail an chur chuige “Aon Sláinte Amháin”, ina n-aithnítear go bhfuil dlúthnasc idir sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte an chomhshaoil.

Ag féachaint ar aghaidh go dtí 2030, is suntasach iad na dúshláin atá romhainn. Tá roinnt tíortha tar éis titim ar gcúl maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2030 i réimse na Sláinte. Dá bhrí sin, beidh cur chuige cuimsitheach i gceist le straitéis sláinte an Aontais agus tabharfar aghaidh ar thrí thosaíocht riachtanacha: córais sláinte a neartú, clúdach sláinte uilíoch a chur chun cinn, agus bagairtí sláinte atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a chomhrac.

Beidh ról ceannaireachta sa tsláinte dhomhanda ag an Aontas fós i gcomhar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, agus cothóidh sé comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta iontaofa leis an straitéis “Global Gateway” (féach Caibidil 8). Is iad an digitiú agus taighde na nithe is tábhachtaí chun an straitéis sin a bhaint amach (féach Caibidil 4 le haghaidh tuilleadh eolais faoi dhigitiú an chúraim sláinte).

Plean Sáraithe Ailse na hEorpa

I bPlean Sáraithe Ailse na hEorpa a glacadh in 2021, léirítear tiomantas athnuaite an Aontais maidir leis an ailse a chosc agus rochtain chomhionann ar dhiagnóis agus cóireáil ailse a chur ar fáil. Is bunchloch thábhachtach eile d’Aontas Sláinte na hEorpa é. Ní hamháin go bhfuil sé d’aidhm ag an bplean feabhsuithe nithiúla d’othair a bhaint amach, ach tá sé d’aidhm aige freisin tacaíocht bhreise a chur ar fáil do dhaoine a tháinig slán ón ailse agus do ghairmithe cúraim sláinte ar fud na hEorpa. Tugtar tacaíocht do ghníomhaíochtaí an phlean sin a bhuí le buiséad EUR 4 bhilliún faoi na cláir EU4Health agus Misean Fís Eorpach maidir le hAilse, cuir i gcás, ar buiséad é atá curtha ar leataobh do thaighde agus do thionscnaimh a thugann aghaidh ar an ailse. Samplaí de na gníomhaíochtaí sin is ea forbairt cláir oiliúna idir-speisialtóireachta i ndáil leis an ailse agus líonra do dhaoine óga a tháinig slán ón ailse.

I mí na Nollag 2022 ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh togra le haghaidh cur chuige nua i leith scagthástáil ailse chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag 90 % de dhaonra an Aontais atá incháilithe do scagthástáil ailse cíche, ailse ceirbheacs agus ailse colaireictí ar na seirbhísí sin faoi 2025. Leathnaíodh raon feidhme na scagthástála chun trí réimse nua a chuimsiú: ailse próstataigh, ailse scamhóg agus ailse ghastrach.

Cur chuige nua maidir le scagthástáil ailse

Léirítear sa ghrafaic faisnéise an cur chuige nua maidir le scagthástáil ailse le haghaidh cineálacha éagsúla ailse.

Faoi Scéim Scagtha Ailse an Aontais Eorpaigh, glacadh togra nuashonraithe maidir leis an moladh ón gComhairle. Leis an gcur chuige nua sin i leith na scagthástála ailse, déantar foráil maidir leis an scagthástáil a leathnú le haghaidh ailse cíche, ailse cholaireicteach agus ailse ceirbheacs, agus scagthástáil a thabhairt isteach de réir a chéile le haghaidh ailse scamhóg, ailse próstataigh agus ailse ghastrach.


Forbairt shuntasach eile in 2022 i ndáil le rialacha a bhaineann leis an ailse ab ea an leasú atá beartaithe ar an Treoir maidir le hAispeist ag an Obair. Is substaint fhíorchontúirteach í an aispeist a bhíonn ina cúis le hailse. Tá sí le fáil go fóill in go leor foirgnimh Eorpacha agus is í is cúis le go leor básanna inseachanta san Eoraip. D’fhéadfadh sé go nochtfaí oibrithe don tsubstaint sin le linn athchóiriú nó scartáil foirgneamh. Leis na leasuithe, laghdóidh an tAontas an leibhéal aispeiste a bhféadfar duine a nochtadh dó san ionad oibre agus tabharfar isteach modhanna tomhais aispeiste atá níos íogaire agus níos cruinne.

In 2022 seoladh an Chlárlann Eorpach um Éagothromaíochtaí Ailse, ar cúram leanúnach de chuid Líonra an Aontais d’Ionaid Chuimsitheacha Ailse é. Chomh maith leis sin, cuireadh tús le sraith gníomhaíochtaí comhpháirteacha inar thacaigh an tAontas le húdaráis náisiúnta tionscnaimh a reáchtáil, ar nós clár vacsaínithe in aghaidh an phapalómaivíris dhaonna le haghaidh cailíní agus buachaillí araon.

Stella Kyriakides agus masc á chaitheamh aici, í ina suí ag caint le hothar ospidéil le linn cuairte.
Stella Kyriakides, an Coimisinéir Eorpach um Shláinte agus Sábháilteacht Bia (an dara duine ar chlé), agus í ar cuairt ar ionad ailse do dhaoine óga, Gent na Beilge, an 12 Iúil 2022.

An Straitéis Chógaisíochta don Eoraip

Is treochlár uaillmhianach í an Straitéis Chógaisíochta don Eoraip a glacadh in 2020. Is éard is aidhm di borradh a chur faoin nuálaíocht i dtionscal na cógaisíochta, cógais leighis a dhéanamh níos inrochtana agus níos inacmhainne agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais leighis nach bhfuiltear ag freastal orthu, mar shampla cógais leighis a chur ar fáil do leanaí agus d’othair a bhfuil galair neamhchoitianta orthu.

Ghlac an tAontas an Rialachán maidir le Measúnú ar Theicneolaíocht na Sláinte mar chéad chéim chun na haidhmeanna sin a bhaint amach. Ina theannta sin, rinneadh meastóireacht ar chreat cógaisíochta an Aontais in 2022, agus beartaíodh athbhreithniú a dhéanamh air go luath in 2023. Na hathruithe atá beartaithe ag an Aontas, cuirfidh siad dlús leis an rochtain ar chógais leighis atá ar ardcháilíocht, sábháilte agus inacmhainne i ngach Ballstát. Tabharfaidh siad aghaidh ar ghanntanais agus cuideoidh siad leis na Ballstáit tairbhe a bhaint as teicneolaíochtaí leighis na todhchaí, agus san am céanna cuirfear an tAontas ar thús cadhnaíochta i réimse na nuálaíochta.

Margaritis Schinas, agus cóta saotharlainne agus masc á gcaitheamh aici, í ag breathnú ar theicneoir saotharlainne atá ag úsáid pípéid.
Margaritis Schinas, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar “Ár nDóigh Bheatha Eorpach a chur chun cinn” (ar chlé), le linn oscailt ionaid taighde agus forbartha, Thessaloniki na Gréige, an 15 Iúil 2022.

I mí Iúil 2022 ghlac an Coimisiún an togra le haghaidh rialachán maidir le caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta le haghaidh substaintí de bhunús daonna (fuil, fíocháin agus cealla, cuir i gcás) atá beartaithe lena n-úsáid sa duine. Is éard a dhéanann an rialachán nua an reachtaíocht atá ann faoi láthair a nuashonrú le caighdeáin sábháilteachta agus cáilíochta níos airde maidir le cúrsaíocht trasteorann na dtáirgí sláinte criticiúla sin. Tá cosaint níos fearr ag deontóirí agus faighteoirí faoin rialachán agus fágann caighdeáin trasteorann gur féidir níos mó dlúthpháirtíochta a chothú idir na Ballstáit.

In Earrach na bliana 2022, d’fhorbair an Coimisiún bearta i gcomhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara i réimse na sláinte poiblí chun dul i ngleic leis an ualach méadaitheach a bhaineann le galair neamhtheagmhálacha, an mheabhairshláinte san áireamh. Faoin Tionscnamh maidir le Galair Neamhtheagmhálacha, “Níos Sláintiúla Le Chéile”, cuireadh níos mó ná EUR 156 mhilliún ar fáil do thionscnaimh in 2022.

Na cúig shnáithe den Tionscnamh “Níos Sláintiúla le Chéile”

1.

Tosca sláinte chun an tsláinte a chur chun cinn agus galair a chosc

2.

Diaibéiteas

3.

Galair chardashoithíocha

4.

Galair riospráide ainsealacha

5.

Meabhairshláinte agus neamhoird néareolaíocha

Petr Dvorák, Vĕra Jourová, Lutz Kinkel agus Piotr Stasinski i mbun plé ar stáitse i bpainéal os comhair dhá scáileán ar a bhfuil an fotheideal ‘Medientage Mitteldeutschland 2022’ [‘Laethanta na Meán, lár na Gearmáine 2022’] á thaispeáint.
Věra Jourová, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar Luachanna agus Trédhearcacht (an dara duine ó chlé), agus í ag glacadh páirt i bplé painéil maidir le saoirse na meán in Oirthear na hEorpa in éineacht le Petr Dvorák, Ard-Stiúrthóir Teilifíse na Seice (an chéad duine ar chlé), Lutz Kinkel, Stiúrthóir Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Shaoirse an Phreasa agus na Meán (an tríú duine ar chlé), agus Piotr Stasinski, Leas-Ard-Eagarthóir Gazeta Wyborcza (an ceathrú duine ar chlé), ag Medientage Mitteldeutschland 2022, Leipzig na Gearmáine, an 1 Meitheamh 2022.

Ár ndaonlathas a neartú

Saoirse agus iolrachas na meán

Colúin riachtanacha de chórais dhaonlathacha atá bunaithe ar an smacht reachta is ea saoirse agus iolrachas na meán. Ní mór neamhspleáchas na meán a chosaint ar leibhéal an Aontais.

Ar mhaithe le saoirse agus iolrachas na meán a chosaint san Aontas, moladh an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán in 2022. Sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí i mí Mheán Fómhair 2022 chun tuairimí a bhailiú maidir leis na saincheisteanna is tábhachtaí a dhéanann difear d’fheidhmiú mhargadh na meán san Aontas, ina measc sin cineálacha éagsúla cur isteach ar na meáin agus treochtaí eacnamaíocha. Is ón bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach a eascraíonn an tionscnamh, plean ina moltar sraith beart lena ndéantar an rannpháirtíocht dhaonlathach a chur chun cinn d’fhonn an bhréagaisnéis a chomhrac agus tacú le meáin shaora neamhspleácha.

Ina theannta sin, i mí Aibreáin 2022 mhol an Coimisiún treoir agus ghlac sé moladh chun feabhas a chur ar an gcosaint a thugtar d’iriseoirí agus do chosantóirí chearta an duine ar imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. Is bagairt dhlíthiúil nó dlíthíocht mhí-úsáideach de chineál áirithe iad cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail. Is bagairt thromchúiseach iad ar an daonlathas agus ar chearta bunúsacha, ar nós na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. Ghlac an Coimisiún togra reachtach i mí na Nollag freisin arb é is aidhm dó ról agus neamhspleáchas na gcomhlachtaí comhionannais a neartú. Leis na treoracha atá beartaithe, leagfar síos íoschaighdeáin cheangailteacha maidir le sainordú, neamhspleáchas, éifeachtacht, acmhainní agus cumhachtaí na gcomhlachtaí comhionannais.

An Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán

Gan aon chur isteach ar chinntí eagarthóireachta na meán

Gan aon earraí spiaireachta i gcoinne iriseoirí

Meáin seirbhíse poiblí atá neamhspleách agus ag a bhfuil maoiniú leordhóthanach

Trédhearcacht úinéireachta

Córais tomhaiste lucht féachana agus éisteachta atá trédhearcach agus cothrom agus leithdháileadh fógraíochta stáit

Bord Eorpach nua a bhunú um Sheirbhísí Meán

Níos mó cosanta do na meáin in aghaidh ábhar ar líne a bhaint anuas gan údar

Measúnú ar chomhchruinnithe margaidh agus ar cheanglais maidir le bearta náisiúnta a dhéanann difear do na meáin

Moladh ón gCoimisiún

Sraith uirlisí dea-chleachtas chun coimircí inmheánacha a chur chun cinn maidir le neamhspleáchas eagarthóireachta agus trédhearcacht úinéireacht na meán.

Leanaí a chosaint agus a chumhachtú

Chun ár ndaonlathas a neartú, ní mór dúinn na baill is óige de a chumhachtú freisin: Duine as gach cúigear san Aontas, is leanbh é (duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois) agus tá sé de cheart ag an ngrúpa sin éisteacht a fháil agus a bheith curtha san áireamh i saol daonlathach shochaithe an Aontais. Chun leanaí a chumhachtú le bheith ina saoránaigh ghníomhacha, sheol an tAontas Ardán an Aontais um Rannpháirtíocht Leanaí i mí Mheán Fómhair 2022. Dearadh an t-ardán i gcomhar le leanaí agus le daoine óga, agus is é an fheidhm a bheidh aige sásraí rannpháirtíochta leanaí atá ann cheana a nascadh ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, sin agus leanaí a tharraingt isteach sna próisis chinnteoireachta ar leibhéal an Aontais. Freagairt is ea an t-ardán ar cheann de thorthaí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa (féach Caibidil 9), mar atá, rannpháirtíocht dhaonlathach san Aontas a neartú.

Is leanaí iad

18,2 %

de dhaonra an Aontais.

Is leanaí iad

30,2 %

de dhaonra an domhain.

Chomh maith leis sin, chruthaigh an tAontas spás do leanaí ionas go bhféadfaidís a bheith ina rannpháirtithe gníomhacha sa tsochaí, go háirithe trí leaganacha de dhoiciméid an Aontais atá oiriúnach do leanaí a fhorbairt agus trí straitéis nua a ghlacadh le haghaidh idirlíon níos fearr do leanaí. Cuideoidh an straitéis lena chinntiú go ndéanfar leanaí a chosaint agus a chumhachtú ar líne, sin agus go léireofar meas orthu. Le rialacha a moladh in 2022, beidh soláthraithe seirbhísí ar líne freagrach as ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a chuirtear ar fáil ar a n-ardáin a bhrath, a thuairisciú agus a bhaint anuas.

Ar leibhéal níos bunúsaí, sheol an Coimisiún Líonra an Aontais um Chearta an Linbh chun monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme Straitéis an Aontais um Chearta an Linbh agus chun na chéad chéimeanna eile a phlé leis na Ballstáit agus leis na grúpaí lena mbaineann. Ar an leibhéal domhanda, glacadh an Plean Gníomhaíochta don Óige (le haghaidh daoine óga idir 15 agus 29 mbliana d’aois) i mí Dheireadh Fómhair 2022, rud a thugann an deis do dhaoine óga cumarsáid a dhéanamh lena bpiaraí ar fud an domhain agus todhchaí níos fearr a chruthú.

Tá an tAontas ag cur córais cheartais in oiriúint do leanaí freisin trí thionscnaimh ar nós an tionscadail Barnahus a mhaoiniú. Ceapadh an tionscadal tacaíochta teicniúla sin chun cabhrú leis na Ballstáit leanaí ar íospartaigh agus finnéithe foréigin iad a chosaint. Is tearmann é “Barnahus” (teach leanaí) ina mbíonn lucht forfheidhmithe dlí, córais cheartais, seirbhísí cosanta leanaí agus cleachtóirí meabhairshláinte agus sláinte coirp ag obair le chéile ar chásanna ina bhfuil drochamhras faoi mhí-úsáid leanaí. Cuidíonn na tionscadail le feabhas a chur ar scileanna gairmithe a bhíonn ag obair le chéile ar chásanna mí-úsáide gnéasaí leanaí agus le feasacht ar an tsaincheist a mhéadú freisin. Mar gheall ar an rath a bhí ar Barnahus, tá an tsamhail sin á cur chun feidhme in Éirinn, sa Spáinn, san Fhionlainn agus i mBallstáit eile den Aontas.

Ina theannta sin, ghlac an Coimisiún togra chun cearta teaghlach i gcásanna trasteorann a neartú. Tá dlíthe náisiúnta éagsúla ag na Ballstáit maidir le tuismíocht, agus uaireanta i gcásanna trasteorann bíonn ar theaghlaigh tús a chur le himeachtaí riaracháin nó fiú imeachtaí breithiúnacha chun aitheantas tuismíochta a fháil do dhuine amháin de na tuismitheoirí. Tá siad seo costasach, bíonn go leor ama i gceist leo agus d’fhéadfadh torthaí éiginnte a bheith acu. A bhuí leis an togra, tuismíocht atá aitheanta i mBallstát amháin, aithneofar í sna Ballstáit eile go léir, gan aon nós imeachta speisialta. Is éard a dhéantar leis an méid sin cearta bunúsacha leanaí a chosaint, deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do theaghlaigh, agus na costais agus na hualaí dlíthiúla a bhíonn ar theaghlaigh a laghdú.

I bhfianaise chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, dhírigh an Chomhairle ar chearta an linbh a chosaint i gcásanna éigeandála.

Imirce agus tearmann

An cogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin, is é ba chúis leis an easáitiú éigeantais daoine is mó san Eoraip ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann. Tharla sé sin tráth a bhí méadú tagtha ar an imirce neamhrialta trí bhealaí trasna na Meánmhara agus na mBalcán Thiar, agus i ndiaidh do réimeas na Bealarúise úsáid a bhaint as imircigh mar áis pholaitíochta.

Chuir an tAontas an Treoir um Chosaint Shealadach i ngníomh go tapa chun fáilte a chur roimh dhaoine easáitithe agus chruthaigh sé ardán dlúthpháirtíochta chun comhordú a dhéanamh ar a bhfáiltiú sna Ballstáit (féach Caibidil 1). Neartaíodh freagairt chomhchoiteann an Aontais le Líonra an Aontais um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce, líonra a bhailíonn agus a scaipeann faisnéis maidir leis na forbairtí is déanaí.

Lean an tAontas d’fheabhas a chur ar bhainistiú fadtéarmach na himirce tríd an gComhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann a chaibidliú agus a chur chun feidhme. Go sonrach, chuir an Chomhairle in iúl go bhfuil sí réidh le tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le tograí chun cabhrú leis na Ballstáit monatóireacht níos éifeachtaí a dhéanamh ar bhealaí na n-iarrthóirí tearmainn san Aontas.

Ylva Johansson agus í ina seasamh i measc ghardaí na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta.
Ylva Johansson, an Coimisinéir Eorpach um Ghnóthaí Baile (an dara duine ar chlé), agus í ar cuairt ar Chisinau na Moldóive, chun plé a dhéanamh ar na dúshláin a bhaineann le tacú leo siúd atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin, an 12 Bealtaine 2022.

I mí an Mheithimh 2022 rinne na Ballstáit dearbhú dlúthpháirtíochta chun cabhrú le cúig thír sa Mheánmhuir (an Ghréig, an Spáinn, an Iodáil, an Chipir agus Málta) déileáil le teacht isteach na n-imirceach. Seoladh Sásra Dlúthpháirtíochta Deonach leis an dearbhú sin. Mar chuid den sásra, gheall 13 stát rannpháirteacha go nglacfaidís le níos mó ná 8 000 iarrthóir tearmainn agus tairbhí cosanta idirnáisiúnta, agus léirigh roinnt tíortha eile gur spéis leo ranníocaíochtaí airgeadais a dhéanamh le tionscadail arna moladh ag na stáit is tairbhithe, bunaithe ar na riachtanais atá acu i mbainistiú na himirce.

I mí na Samhna agus i mí na Nollag 2022, chuir an Coimisiún pleananna gníomhaíochta i láthair maidir le bealaí na Meánmhara Láir agus na mBalcán Thiar faoi seach. Sna pleananna gníomhaíochta sin a moladh, cuireadh bearta oibríochtúla i láthair chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin láithreacha agus leanúnacha feadh na mbealaí imirce sin.

Leanadh ar aghaidh le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta athnuaite an Aontais Eorpaigh i gcoinne Smuigleáil Imirceach (2021–2025) in 2022. Mar chuid den phlean sin, seoladh na chéad Chomhpháirtíochtaí Oibríochtúla Frithsmuigleála le Maracó agus leis an Nígir i mí Iúil. Ina theannta sin, seoladh dhá thionscnamh de chuid Team Europe i mí na Nollag 2022 atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar smuigleáil imirceach agus ar an inimirce neamhrialta trí bhealaí imirce an Atlantaigh/na Meánmhara Thiar agus na Meánmhara Láir.

Ar bhonn Straitéis an Aontais Eorpaigh um Fhilleadh Deonach agus Ath-imeascadh ó mhí Aibreáin 2021, arbh í an chéad straitéis den chineál sin í, cuireadh na struchtúir agus na huirlisí i bhfeidhm chun a chinntiú go ndéanfar an filleadh deonach agus an t-ath-imeascadh a chuíchóiriú i gcomhchóras an Aontais maidir le filleadh. Thairis sin, líonadh post straitéiseach an Chomhordaitheora um Fhilleadh in 2022. Nascfaidh an Comhordaitheoir um Fhilleadh na sraitheanna éagsúla de bheartas an Aontais um Fhilleadh agus cothóidh sé comhar idir na Ballstáit chun an próiseas um fhilleadh a chuíchóiriú. Tacóidh an Líonra Ardleibhéil um Fhilleadh, na tíortha atá comhlachaithe le Schengen agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta leis an obair sin.

Léirítear sa ghrafaic faisnéise na céimeanna ar fad atá i gceist sa phróiseas fillte imirceach agus athligean isteach.

A luaithe a eisítear an cinneadh um fhilleadh, cuirtear comhairleoireacht ar fáil d’imircigh chun iad a spreagadh le filleadh go deonach ar a dtír. Seachas sin, mura gcomhoibríonn siad, cuirfear filleadh éigeantach orthu. Tá ról tábhachtach ag clár AVRR, rud a sheasann do ‘Assisted Voluntary Return and Reintegration’ nó Filleadh Deonach Cuidithe agus Ath-imeascadh as Gaeilge, chun imeacht deonach a éascú. San áireamh leis sin tá tacaíocht chun cuidiú le himircigh imeascadh ar bhealach níos éasca sa tsochaí sa tír ar a mbeifear ag filleadh. Féadfar cúnamh réamhimeachta, cúnamh bunúsach láithreach agus cúnamh iartheachta a chur san áireamh i bpacáistí ath-imeasctha. Féadfar tacaíocht a thabhairt freisin maidir le scolaíocht, gairmoiliúint, nó cúnamh do ghnólachtaí beaga, chun iontráil sa mhargadh fostaíochta a éascú, rud atá tábhachtach don athimeascadh inbhuanaithe.

Tá an tAontas ag obair ar bheartas imirce dleathaí níos uaillmhianaí agus níos inbhuanaithe a chur chun feidhme freisin chun scileanna agus tallann nua a mhealladh chuig an Aontas. Leis an bpacáiste Scileanna agus Tallann a glacadh in 2022, simpleofar na nósanna imeachta um iarratais le haghaidh náisiúnaigh tríú tír ar mian leo a bheith ag obair san Aontas agus meaitseálfar oibrithe oilte le riachtanais na bhfostóirí san Aontas. Rachaidh an méid sin chun tairbhe do gheilleagar an Aontais. Chomh maith leis sin, neartófar an comhar le tíortha nach bhfuil san Aontas agus cuirfear feabhas ar bhainistiú foriomlán na himirce. Maidir le himeascadh na ndaoine atá ar a dteitheadh ó chogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin i margadh saothair an Aontais, tá an beartas nua ceaptha an t-imeascadh sin a éascú faoin gclár píolótach “Linn Tallann an Aontais Eorpaigh” a seoladh i mí Dheireadh Fómhair 2022.

Limistéar Schengen

Tá limistéar Schengen, arb é crios saorghluaiseachta an Aontais, lárnach do lánpháirtiú agus d’fhás na hEorpa. Léirigh an phaindéim is déanaí go mbíonn costas ag baint le haon chur isteach ar shreabhadh daoine agus earraí. Chun monatóireacht níos fearr a dhéanamh ar thionscadal Schengen, d’fhoilsigh an Coimisiún an chéad Tuarascáil bhliantúil ar Staid Schengen in 2022 inar leagadh amach an méid is féidir leis an Aontas agus leis na Ballstáit a dhéanamh chun a dhea-fheidhmiú a choinneáil ar bun.

Leis an Sásra Meastóireachta agus Faireacháin Schengen a ndearnadh athbhreithniú air le déanaí, sásra atá i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2022, cuirtear treoraíocht bhreise ar fáil maidir le measúnú a dhéanamh ar na Ballstáit maidir leis an dóigh a bhfuil rialacha Schengen á gcur i bhfeidhm acu. Thairis sin, tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta maidir leis an leasú ar Chód Teorainneacha Schengen in 2022, agus rinneadh dul chun cinn sa chaibidlíocht maidir leis an mbealach is fearr chun déileáil le rialuithe teorann i gcúinsí dúshlánacha, bagairtí sláinte agus ionstraimiú na himirce, cuir i gcás.

Is córas comhroinnte faisnéise é córas faisnéise Schengen a úsáidtear le haghaidh bainistiú slándála agus teorainneacha san Eoraip. Rinneadh é a athnuachan in 2022 sa chaoi go dtugtar cineálacha nua foláireamh d’údaráis rialaithe teorann agus d’údaráis forfheidhmithe dlí, mar aon le malartú faisnéise níos fearr a éascú.

Mhol an Coimisiún freisin go ndéanfaí digitiú ar an nós imeachta um iarratas a dhéanamh ar víosa Schengen ar mhaithe le rialú teorann níos cliste agus níos éifeachtaí. Beidh córais faisnéise nua ina gcuidiú leis na bearnaí atá ann faoi láthair maidir le faisnéis slándála a líonadh agus moilleanna do thaistealaithe ag na teorainneacha seachtracha a sheachaint. I measc na gcóras sin, tá an Córas Dul Isteach/Imeachta a chuideoidh le calaois chéannachta agus le calaois doiciméad, agus an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil a dhéanfaidh réamhscagadh ar thaistealaithe nach den Aontas iad agus nach bhfuil ceangal víosa orthu chun cuairt a thabhairt ar limistéar Schengen.

Limistéar Schengen

Grafaic faisnéise ina léirítear limistéar Schengen i bhfigiúirí.

Tá sé thír is fiche i limistéar Schengen agus tá cónaí ar bhreis agus 425.6 milliún duine ann, agus tá 1.5 milliún acu ina gcónaí i stát Schengen amháin a bhíonn ag obair i gceann eile. Trasnaíonn 3.5 milliún duine idir stáit Schengen gach lá.

In 2022 chinn an tAontas go raibh na coinníollacha is gá chun bheith ina bhall de limistéar Schengen comhlíonta ag an gCróit ón 1 Eanáir 2023. Cé go raibh an Chróit faoi cheangal páirteach ag rialacha Schengen cheana féin, bainfidh sí tairbhe iomlán as bheith mar chuid den limistéar saorghluaiseachta is mó ar domhan. Ina theannta sin, mheas an Coimisiún go raibh an Bhulgáir agus an Rómáin réidh le bheith ina mball de limistéar Schengen. Ar deireadh, mhol an tAontas an díolúine víosa le haghaidh náisiúnaigh Vanuatú a chur ar fionraí mar gheall ar rioscaí a bhaineann lena chlár saoránachta.

Saoránaigh a chosaint

In 2022, rinne an tAontas bearta cuimsitheacha chun a shaoránaigh a chosaint agus chun bagairtí coiriúla a chomhrac. Ceann de na bearta sin is ea an moladh maidir le comhar póilíneachta méadaithe agus comhroinnt faisnéise mhéadaithe idir póilíní agus údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát. Rinne an tAontas leasú ar Rialachán Europol freisin chun gur féidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí tacaíocht níos forleithne a chur ar fáil do Bhallstáit an Aontais. Tháinig an rialachán i bhfeidhm in 2022 agus cuideoidh sé chun dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe agus leis an sceimhlitheoireacht.

Tá an tAontas ag dul in oiriúint agus ag freagairt do chineálacha nua bagairtí coiriúla trí roinnt bearta éagsúla, mar shampla rialacha nua a chuireann oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí ar líne ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas laistigh d’uair an chloig tar éis dóibh ordú baint anuas a fháil ó na húdaráis náisiúnta. Le hathbhreithniú ar an Treoir maidir le Frithgháinneáil, déanfar an reachtaíocht a ailíniú le Straitéis an Aontais maidir le Gáinneáil ar Dhaoine a Chomhrac (2021–2025). Ghlac an tAontas an Plean Gníomhaíochta i gcoinne Gáinneáil ar Earraí Cultúrtha freisin.

Leis an leathnú atá beartaithe ar an sainordú atá ag an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí, beidh sé in ann freagairt níos fearr do na dúshláin a bhaineann le drugaí aindleathacha.

Chun a chinntiú nach fiú an choireacht, agus an choireacht eagraithe go háirithe, cuireadh togra ar aghaidh chun inniúlacht na n-oifigí náisiúnta aisghabhála sócmhainní a leathnú ionas go bhféadfaidís níos mó sócmhainní coiriúla a rianú, a aisghabháil agus a choigistiú. Leis an togra nua, féachtar le liosta na gcoireanna ar féidir sócmhainní a choigistiú ina leith a fhorbairt freisin.

Seat ón aer de long lasta agus coimeádáin á ndíluchtú di ar dhuga.
Long lasta i mbun díluchtaithe ar duga calafoirt gnóthach, stát na Sacsaine Íochtaraí, an Ghearmáin.

6. An geilleagar a neartú

Réamhrá

In 2022, lean plean téarnaimh an Aontais NextGenerationEU de difear a dhéanamh ar an talamh, agus is uaidh a maoiníodh bearta tábhachtacha chun borradh a chur faoi athléimneacht an gheilleagair agus na sochaí agus chun dlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.

Bhí an chéad leath den bhliain láidir, ach ina dhiaidh sin, thosaigh fás an Aontais ag moilliú agus thosaigh an boilsciú ag ardú. Ba é sin ceann de na hiarmhairtí a bhain le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. In ainneoin na ndúshlán, lean margadh an tsaothair de bheith ag feidhmiú go láidir.

Cé go raibh an t-ionchas eacnamaíoch éiginnte i ngeall ar na rioscaí a bhain le soláthairtí gáis amach anseo, chuir an tAontas dlús leis an aistriú chuig fuinneamh glan chun deireadh a chur lena spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis. An tráth céanna, lean an tAontas dá chuid oibre chun athléimneacht an Mhargaidh Aonair a neartú agus chun tacú leis an tionscal agus le gnólachtaí ar an mbealach i dtreo na haeráidneodrachta.

Fás eacnamaíoch na hEorpa

Treochtaí

Ba thréimhse dhúshlánach é an dara leath de 2022 do gheilleagar an Aontais. Na suaití a d’eascair as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, bhí tionchair dhíreacha agus indíreacha acu araon ar gheilleagar an Aontais, agus chuir siad ar chonair é lenar bhain níos lú fáis agus boilsciú níos airde. I ngeall ar an méadú tapa ar phraghsanna tráchtearraí fuinnimh agus bia, laghdaíodh cumhacht ceannaigh na dteaghlach ar fud an Aontais.

Cé go raibh tionchar tromchúiseach ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar earnálacha áirithe de gheilleagar an Aontais, lean margadh an tsaothair de bheith ag feidhmiú go láidir, agus é ag baint tairbhe as scéimeanna oibre gearr-ama a dtacaíonn tionscnamh SURE leo (Tacaíocht chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás Éigeandála). In 2022 chonacthas an leibhéal is ísle dífhostaíochta riamh, í ag 6,2 %.

Ar an iomlán, táthar ag súil go leanfaidh geilleagar an Aontais de bheith ag leathnú, ach ar luas i bhfad níos moille ná mar a bhíothas ag súil leis roimhe seo. Na réamhaisnéisí do ghníomhaíocht eacnamaíoch agus do bhoilsciú, tá siad go fóill ag brath go mór ar éabhlóid an chogaidh agus ar an tionchar atá aige ar sholáthar gáis chuig an Eoraip.

Sa chomhthéacs sin, cur chun feidhme tapa na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta dar luach EUR 723.8 billiún agus atá i gcroílár an phlean téarnaimh NextGenerationEU, leanann sé de bheith ina thosaíocht i ngeall go gcuireann sé ar fáil don Aontas an méid atá ag teastáil san am i láthair.

Ré nua do na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta

Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an phríomhionstraim i gcroílár NextGenerationEU, rud a ceapadh chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta phaindéim an choróinvíris a mhaolú. Is é is aidhm dó geilleagair agus sochaithe na hEorpa a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe do na dúshláin agus do na deiseanna a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.

Déanann sé amhlaidh trí thacú le cur chun feidhme beart ríthábhachtach infheistíochta agus athchóirithe a leagtar amach i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát. San áireamh leo sin tá raon leathan beart, ó lorg carbóin an iompair phoiblí a laghdú sa Phortaingéil agus seirbhísí cúraim sláinte a nuachóiriú sa tSlóvaic, go digitiú na seirbhísí poiblí san Eastóin. Measann an Coimisiún Eorpach go bhféadfadh an spreagadh iomlán ó NextGenerationEU borradh suas le 1,5 % a chur faoi fhás eacnamaíoch an Aontais faoi 2027 agus cuidiú chun suas le 1.5 milliún post nua a chruthú.

Sa ghrafaic faisnéise taispeántar príomhghnéithe phacáiste Next Generation EU agus na méideanna leithdháilte.

806.9 billiún euro san iomlán atá sa phacáiste Next Generation EU. 723.8 billiún euro atá sa tsaoráid téarnaimh agus athléimneachta, saoráid ina bhfuil deontais 338.0 billiún euro agus iasachtaí 385.8 billiún euro. Leis an bpacáiste, soláthrófar cumhacht don Aontas Eorpach trí theicneolaíochtaí glana agus foinsí in-athnuaite fuinnimh a mhaoiniú, déanfar athchóiriú chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh, déanfar athluchtú agus athbhreoslú trí thacú le hiompar inbhuanaithe agus stáisiúin luchtaithe, déanfar ceangal trí sheirbhísí leathanbhanda ardluais a leathadh, déanfar nuachóiriú tríd an riarachán poiblí a dhigitiú, déanfar uas-scálú trí néal sonraí agus próiseálaithe inbhuanaithe, déanfar athsciliú agus uas-sciliú trí oideachas agus oiliúint a mhaoiniú chun tacú le scileanna digiteacha. 83.1 billiún euro atá i ranníocaíocht Next Generation EU le cláir eile, a bhfuil 50.6 billiún euro de sin do React EU, 10.9 billiún euro don Chiste um Aistriú Cóir, 8.1 billiún euro d’fhorbairt na tuaithe, 6.1 billiún euro do Invest EU, 5.4 billiún euro d’Fhís Eorpach agus 2.0 billiún euro do Resc EU.

Cén dóigh a n-oibríonn an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta?

Chun NextGenerationEU a mhaoiniú, faigheann an Coimisiún, thar ceann an Aontais, iasachtaí ar na margaí caipitil.

Chun tairbhe a bhaint as an tacaíocht, cuireann na Ballstáit a bpleananna téarnaimh faoi bhráid an Choimisiúin. Leagtar amach i ngach plean na hathchóirithe agus infheistíochtaí atá le cur chun feidhme faoi dheireadh 2026, agus féadfaidh na Ballstáit maoiniú a fháil suas le leithdháileadh arna chomhaontú roimh ré. Chun íocaíocht rialta a fháil, ní mór do na Ballstáit clocha míle comhaontaithe agus spriocanna comhaontaithe a chomhlíonadh chun na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí is gá a bhaint amach.

Cuirfear tús le hiasachtaí an Aontais a leithdháileadh ar NextGenerationEU a aisíoc in 2028 agus ba cheart go dtabharfaí chun críche é faoi 2058. Is iad na Ballstáit a fuair na hiasachtaí a aisíocfaidh na hiasachtaí, agus aisíocfar na deontais ó bhuiséad an Aontais.

Faoi dheireadh 2022 eisíocadh EUR 138.8 billiún san iomlán do na Ballstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (EUR 74.35 billiún den mhéid sin in 2022), é mar réamh-mhaoiniú agus tar éis do na Ballstáit clocha míle agus spriocanna áirithe a bhaint amach.

Ina theannta sin, rinneadh roinnt billiún euro a leithdháileadh ar na Ballstáit, a dháileadh orthu nó a íoc leo faoi roinnt cláir bhuiséadacha eile de chuid an Aontais a bhaineann tairbhe as maoiniú NextGenerationEU. Tagann sé sin sna sála ar oibríochtaí rathúla margaidh caipitil, faoina bhfuil na cistí bailithe ag an gCoimisiún trí bhannaí fadtéarmacha an Aontais a eisiúint. Faoi dheireadh 2022 bhí beagnach EUR 170 billiún bailithe ag an gCoimisiún ó mhargaí caipitil faoin gclár NextGenerationEU. Leanfaidh an Coimisiún dá oibríochtaí iasachtaíochta in 2023, trí chur chuige maoinithe aontaithe lena dtabharfar le chéile a eisiúintí uile faoi lipéad aonair, Banna an Aontais.

Deimhnítear i dtuarascáil a foilsíodh i mí Iúil go bhfuil dul chun cinn mór déanta maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus go bhfuil clár oibre uaillmhianach athchóirithe agus infheistíochta na mBallstát ar an mbóthar ceart. Faoi mhí na Nollag, formheasadh gach ceann de na 27 bplean téarnaimh agus athléimneachta agus gheall na Ballstáit breis agus EUR 200 billiún do chaiteachas aeráide agus EUR 130 billiún do chaiteachas digiteach. Is mó ná 40 % agus 26 % faoi seach na suimeanna sin as méid iomlán na gcistí a d’iarr na Ballstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta faoi dheireadh 2022, i bhfad os cionn na spriocanna 37 % agus 20 % a bunaíodh leis an rialachán.

Tá an tsaoráid freisin i gcroílár Phlean REPowerEU, freagairt an Aontais ar an gcruatan socheacnamaíoch agus ar an gcur isteach ar an margadh fuinnimh domhanda arb é cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ba chúis leis. Tacaíonn sé le bonneagar, tionscadail fuinnimh agus athchóirithe ábhartha a phleanáil agus a mhaoiniú ar bhealach comhordaithe chun soláthar fuinnimh níos iontaofa, níos inacmhainne agus níos inbhuanaithe a thabhairt don Aontas trí fheabhas a chur ar an meascán fuinnimh agus trí aistriú ó bhreoslaí iontaise na Rúise (féach Caibidil 2). I mí na Nollag thángthas ar chomhaontú polaitiúil chun caibidlí tiomnaithe a áireamh i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát atá ann cheana chun tacú le tosaíochtaí REPowerEU.

Mar ionstraim atá bunaithe ar fheidhmíocht, braitheann íocaíochtaí faoin tsaoráid ar chomhlíonadh na gcloch míle agus na spriocanna do na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe a áirítear ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta faoi seach. Leis an leagan amach sin, cruthaíodh go gcuidítear le dlús a chur leis na hathchóirithe i roinnt Ballstát, agus chun a chinntiú go gcuirfear i gcrích go héifeachtach iad. Réamhchoinníoll chun na pleananna téarnaimh agus athléimneachta a fhormheas is ea córais faireacháin agus rialaithe na mBallstát, agus chruthaigh siad freisin braistint úinéireachta náisiúnta atá ríthábhachtach chun go n-éireoidh le hathchóirithe deacra.

Tugann suíomh gréasáin an Scórchláir Téarnaimh agus Athléimneachta forbhreathnú trédhearcach ar an dul chun cinn atá á dhéanamh i dtaca le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta chomh maith leis na pleananna náisiúnta.

Tá an Coimisiún ag cabhrú leis na Ballstáit a gcuid pleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil — clár an Aontais lena gcuirtear saineolas teicniúil saincheaptha ar fáil chun athchóirithe a cheapadh agus a chur chun feidhme. Thug an Coimisiún freagra ar iarrataí ar thacaíocht ó 19 mBallstát. Sa bhreis air sin, tá 17 mBallstát ann atá ag fáil tacaíocht theicniúil chun an plean REPowerEU a chur chun feidhme.

Foinsí mhaoiniú REPowerEU

Iasachtaí atá fágtha (€ 225 bhilliún faoi láthair) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus deontais nua, ar fiú € 20 billiún iad, arna gcistiú faoin tsaoráid trí mheascán d’fhoinsí: is iad sin, an Ciste don Nuálaíocht (60 %) agus lamháltais díola tosaigh an Chórais Trádála Astaíochtaí (40 %)

€ 5.4 billiún de chistí ó Chúlchiste Coigeartaithe Brexit a mbeidh na Ballstáit in ann iad a aistriú go deonach chuig an tsaoráid chun bearta REPowerEU a mhaoiniú

Cistí an bheartais comhtháthaithe

An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa

An Ciste don Nuálaíocht

Maoiniú náisiúnta agus maoiniú ón Aontas chun tacú le cuspóirí REPowerEU

Bearta náisiúnta fioscacha

Infheistíocht phríobháideach

An Banc Eorpach Infheistíochta

Creat rialachais eacnamaíoch a bheidh oiriúnach do na dúshláin atá amach romhainn

Tar éis díospóireacht phoiblí oscailte thorthúil, d’fhoilsigh an Coimisiún treoshuíomhanna le haghaidh creat rialachais eacnamaíoch níos simplí agus níos éifeachtaí. Féachann na tograí ón gCoimisiún le húinéireacht náisiúnta níos fearr agus forfheidhmiú níos fearr ar bheartais fhioscacha agus eacnamaíocha a chur chun cinn, agus ag an am céanna athchóiriú agus infheistíocht a cheadú, agus cóimheasa arda fiachais phoiblí a laghdú ar bhealach réalaíoch céimnitheach marthanach. Ar an gcaoi sin, ba cheart go gcabhródh an creat athchóirithe le geilleagar glas digiteach athléimneach na todhchaí a thógáil, agus inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí á cinntiú sna Ballstáit uile ag an am céanna.

Andrej Plenković, Ursula von der Leyen, Christine Lagarde agus Paschal Donohoe agus iad ag caint agus miongháire orthu.
Ó chlé go deas: Andrej Plenković, Príomh-Aire na Cróite, Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro, le linn na Comhairle Eorpaí, an 23–24 Meitheamh 2022, an Bhruiséil, an Bheilg.

Déanann an Chróit réidh chun an euro a thabhairt isteach

I mí Iúil ghlac an tAontas Eorpach na gníomhartha dlíthiúla críochnaitheacha is gá chun a chur ar a cumas don Chróit an euro a thabhairt isteach an 1 Eanáir 2023. Tháinig sé sin tar éis tréimhse dianullmhúcháin agus iarrachtaí suntasacha a rinne an Chróit chun na riachtanais uile is gá a chomhlíonadh. Comhlánaíodh na hullmhúcháin don athrú le feachtas cumarsáide cuimsitheach a bhí ar siúl ag údaráis na Cróite. Rannchuidigh an Coimisiún agus an Banc Ceannais Eorpach leis na hiarrachtaí sin.

Le teacht isteach na Cróite, tá airgeadra coiteann an Aontais ag 20 ceann de Bhallstáit an Aontais agus ag 347 milliún saoránach den Aontas. Rachaidh an euro chun tairbhe do shaoránaigh agus do ghnólachtaí na Cróite. Fágfaidh sé gur fusa a bheidh sé taisteal agus maireachtáil thar lear, cuirfidh sé borradh faoi thrédhearcacht agus iomaíochas na margaí agus éascóidh sé an trádáil. Beidh nótaí agus boinn euro ina siombail inláimhsithe do mhuintir na Cróite ar fad den tsaoirse, den áisiúlacht agus den deis a chuireann an tAontas Eorpach ar fáil.

Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach na hEorpa a fheabhsú

Is é is aidhm do bheartas réigiúnach an Aontais, nó an beartas comhtháthaithe mar a thugtar air freisin, neamh-chomhionannais idir na réigiúin a chur ina gceart. Comhlíonann sé tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, go háirithe an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, agus an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach.

In 2022 ghlac an Coimisiún comhaontuithe comhpháirtíochta 2021–2027 maidir le cistí an Aontais leis na Ballstáit uile. Is príomhionstraimí iad sin i ngach tréimhse maoiniúcháin mar leagtar amach iontu straitéisí gach tíre maidir le maoiniú 2021–2027 do réigiúin an Aontais a infheistiú. Tar éis na comhaontuithe a sheoladh, glacadh 380 clár beartais comhtháthaithe náisiúnta, réigiúnach agus téamach, lena n-áirítear pleananna críochacha um aistriú cóir agus 80 clár trasteorann lena ndéantar na straitéisí a oibríochtú i dtionscnaimh shonracha ar an talamh.

Elisa Ferreira ina suí ag tábla agus í ag síniú leabhair.
Elisa Ferreira, an Coimisinéir Eorpach um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin, ag searmanas sínithe an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le Cistí Eorpacha, Ságrab na Cróite, an 29 Meán Fómhair 2022.

Le chéile

Taispeántar sa ghrafaic faisnéise seo dáileadh na gcistí don tionscadal dar teideal LE CHÉILE.

An tionscadal 2021-2027 LE CHÉILE, de chuid Interreg An Spáinn–An Phortaingéil, sin é an clár cistiúcháin trasteorann is mó de chuid an Aontais Eorpaigh, clár ag a bhfuil buiséad 320 milliún euro. Is é 467 milliún euro an buiséad don chomhar in iarthuaisceart na hEorpa, i limistéar an Atlantaigh agus i limistéar an Artaigh. Is é 1.64 billiún euro an buiséad don Chlár um Aistriú Cóir le chéile agus infheistíochtaí spriocdhírithe ann in Karlovarský, Ústecký agus Moravskoslezský na Seicia.

Aistriú cóir a chinntiú

Is príomhuirlis é an Sásra um Aistriú Cóir chun a chinntiú go dtarlóidh an t-aistriú i dtreo geilleagar atá aeráidneodrach ar bhealach cothrom agus nach bhfágtar aon duine ar lár. Tá an Sásra tar éis a ghealltanas a chomhlíonadh cheana féin, is é sin chun infheistíocht suas le EUR 55 bhilliún a shlógadh faoi 2029. Glacadh tuairim agus 67 den 70 plean críochach um aistriú cóir a rabhthas ag súil leo, i 26 Bhallstát.

Ba é monarcha nua maighnéad tearc-chré in Ida-Virumaa na hEastóine an chéad tionscadal a fuair maoiniú ón gCiste um Aistriú Cóir. Tá na chéad infheistíochtaí faoin gciste á roghnú freisin ag réigiúin eile atá dian ar ghual agus ar bhreosla carbóin.

Tháinig méadú ar an tacaíocht do réigiúin um aistriú cóir tríd an Ardán um Aistriú Cóir, lena gcuirtear tacaíocht shaincheaptha ar fáil agus malartú eolais agus dea-chleachtas ar thairseach an ardáin agus ag na comhdhálacha débhliantúla.

I mí Feabhra d’fhoilsigh an Coimisiún an t-ochtú tuarascáil chomhtháthaithe, ina ndéantar measúnú ar staid réigiúin an Aontais ar fud an iliomad réimsí beartais, an geilleagar, fuinneamh, iompar, nuálaíocht, déimeagrafaíocht agus an tsochaí ina measc. Fuarthas amach sa tuarascáil go bhfuil an chuid is mó de na réigiúin bheagfhorbartha ag teacht suas leis na réigiúin eile a bhuí le hinfheistíocht i mbeartas comhtháthaithe, sin agus go bhfuil an bhearna idir na réigiúin sin agus limistéir níos saibhre san Aontas ag laghdú. Ag an am céanna, ní mór beartas a dhíriú ar roinnt forbairtí dúshlánacha, amhail marbhántacht eacnamaíoch i roinnt réimsí, deighilt nuálaíochta atá ag dul i méid agus déimeagrafach atá ag dul in aois.

Tús áite a thabhairt do dhaoine — straitéis athnuaite do na réigiúin is forimeallaí

Chun comhtháthú a chothú laistigh den Aontas, in 2022 ghlac an Coimisiún straitéis nuachóirithe athchóirithe maidir le rannpháirtíocht agus tacaíocht do na réigiúin is forimeallaí san Aontas. Na naoi gcríoch thar lear — na hOileáin Chanáracha (an Spáinn), Guáin na Fraince, Guadalúip, Martinique, Mayotte, La Réunion agus Saint Martin (an Fhrainc), agus na hAsóir agus Maidéara (an Phortaingéil) — tá sraith dálaí struchtúracha ar leith rompu, idir dhúshláin agus bhuntáistí, a dteastaíonn réitigh shaincheaptha ina leith. Leis an straitéis nua, tugtar tús áite do dhaoine trí bhearta nithiúla a mholadh chun feabhas a chur ar dhálaí maireachtála na 5 mhilliún duine atá ina gcónaí iontu. Bainfidh sé an méid sin amach trí thacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus trí fhorbairt a dhéanamh ar a sócmhainní uathúla, amhail a ndaonra óg, a limistéir mhuirí fhairsinge, a mbithéagsúlacht ar leith agus a n-acmhainneacht taighde. Cuirfear ar fáil cúnamh sonrach leis an straitéis, agus cinnteofar gur féidir leis na réigiúin is forimeallaí lántairbhe a bhaint as beartais an Aontais agus leas a bhaint as a n-acmhainneacht.

Cuireadh an straitéis ar bun trí dhá ionstraim thiomnaithe cúnaimh a seoladh in 2022, is iad sin: scéim deontas beag EUR 1 mhilliún do dhaoine óga chun tionscadail áitiúla a dhéanamh i réimsí dá rogha féin agus tionscadal EUR 1 mhilliún chun tacú le turasóireacht ghorm inbhuanaithe. Ina theannta sin, fógraíodh sa straitéis go gcruthófar uirlis chomhairleach nua a bheidh ceaptha go sonrach do na réigiúin is forimeallaí, ionstraim ar éileamh chun cabhrú le straitéisí forbartha réigiúnacha a fhorbairt, a bheachtú agus a chur chun feidhme do na críocha is forimeallaí.

Uirlisí nua chun eolas a fháil amach faoi thionscadail a bhfuil maoiniú ón Aontas Eorpach á fháil acu

In 2022 sheol an Coimisiún Kohesio, bunachar sonraí poiblí nua ina bhfuil níos mó ná 1.5 milliún tionscadal arna maoiniú leis an mbeartas comhtháthaithe idir 2014–2020. Leis an ardán, a thabharfar cothrom le dáta go minic, is féidir le haon úsáideoir rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi thionscadail agus tairbhithe arna maoiniú ag an Aontas ar bhealach trédhearcach simplí. Is féidir le saoránaigh úsáid a bhaint as Kohesio chun eolas a fháil faoi infheistíocht an Aontais ar an láthair ina réigiún féin.

Seoladh bunachar sonraí nua i ndáil le clárthréimhse 2021–2027 freisin, ina bhfuil an fhaisnéis uile maidir le hinfheistíochtaí beartais chomhtháthaithe.

É a chur ar chumas an Mhargaidh Aonair géarchéimeanna a sheasamh

Le beagnach 30 bliain anuas, is é an Margadh Aonair an acmhainn is tábhachtaí atá ag an Aontas — is rud é a thugann cinnteacht, scóipiúlacht agus túsphointe domhanda dá chuideachtaí, agus a fhágann go bhfuil táirgí agus seirbhísí ardchaighdeáin le fáil go fairsing ag tomhaltóirí.

Mar sin féin, thug géarchéimeanna a bhí ann le déanaí dúshlán do ghnáthfheidhmiú an Mhargaidh Aonair, go háirithe i laethanta tosaigh phaindéim COVID-19, nuair a d’fhulaing gnólachtaí agus saoránaigh srianta ar theacht isteach, suaitheadh ar shlabhraí soláthair agus easpa intuarthachta maidir le rialacha. Le déanaí, léirigh an tionchar a bhí ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a thapa agus is féidir le roinnt slabhraí soláthair titim as a chéile, rud arbh fhéidir a bheith ina chúis le ganntanais earraí agus seirbhísí áirithe san Eoraip agus a chuireann iallach ar ghnólachtaí margaí nua a lorg.

Mar thoradh air sin, tá creat nua molta ag an gCoimisiún chun feidhmiú an Mhargaidh Aonair a chosaint le linn géarchéime. Cuideoidh an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair chun a chinntiú gur féidir le hearraí, le seirbhísí agus le daoine leanúint de ghluaiseacht gan srian sa Mhargadh Aonair, chun feidhmiú rianúil na slabhraí soláthair a choimirciú, agus chun infhaighteacht agus rochtain ar earraí agus seirbhísí criticiúla a ráthú.

Bhí an turasóireacht ar cheann de na hearnálacha ba mhó a bhí thíos leis an bpaindéim, agus ba í an chéad earnáil a bhain tairbhe as tionscnamh nua chun dlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach ar fud thionscal an Aontais. I gcomhréir le nuashonrú 2021 ar Straitéis Tionsclaíochta an Aontais, i mí Feabhra 2022 d’fhoilsigh an Coimisiún an Conair Aistrithe don Turasóireacht, ar plean é a cruthaíodh i gcomhpháirt leis an tionscal agus leis an tsochaí shibhialta ina sonraítear príomhthionscnaimh, príomhspriocanna agus príomhchoinníollacha chun an dá aistriú a bhaint amach chomh maith le hathléimneacht fhadtéarmach na hearnála.

Tar éis iarraidh ar phobal turasóireachta an Aontais a mbearta agus a spriocanna nithiúla a chomhroinnt, foilsíodh breis agus 250 gealltanas le linn 2022. Áirítear orthu sin tionscnaimh ó údaráis phoiblí agus ó eagraíochtaí bainistithe cinn scríbe chun straitéisí a bhunú agus a leanúint don turasóireacht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil, an gheilleagair agus na sochaí de, chun cur ar chumas soláthraithe seirbhísí turasóireachta oibriú le huirlisí áirithinte ar líne agus chun eolas faoina dtairiscintí a chomhroinnt go digiteach. Tá an earnáil phríobháideach gníomhach freisin, agus tá roinnt cuideachtaí móra ag tabhairt gealltanais nithiúla chun a lorg carbóin, úsáid uisce agus giniúint dramhaíola a laghdú. Ina theannta sin, tá spriocanna leagtha síos ag páirtithe leasmhara beaga agus móra araon maidir le roghanna turasóireachta inbhuanaithe a chur ar fáil.

Tionscnamh Éigeandála an Mhargaidh Aonair — creat bainistithe géarchéime

Grúpa comhairleach

Déanann sé an comhordú agus cuireann sé comhairle ar an gCoimisiún.

Pleanáil theagmhasach

Tá feidhm ag an gCreat sin nuair nach mbíonn aon ghéarchéim ann agus nuair a fheidhmíonn an Margadh Aonair mar is gnách.

Faireachais an Mhargaidh Aonair

Cuirfear sin chun gnímh le cinneadh ón gCoimisiún nuair a éilítear bearta forairdill mar thoradh ar theagmhas.

Éigeandáil sa Mhargadh Aonair

Rud a chuirfear i ngníomh le cinneadh ón gComhairle má dhéanann géarchéim dochar mór don Mhargadh Aonair.

Chomh maith le breathnú laistigh dá theorainneacha chun athléimneacht gheilleagar na hEorpa a neartú, tá aghaidh á tabhairt ag an Aontas freisin ar réimsí ina bhfuil sé ag brath ar thíortha nach Ballstáit den Aontas iad. I mí Feabhra 2022, d’eisigh an Coimisiún an dara mionanailís inar díríodh ar chúig réimse straitéiseacha, is iad sin: créanna neamhchoitianta agus maignéisiam, ceimiceáin, painéil ghréine, an chibearshlándáil agus bogearraí teicneolaíochta faisnéise.

Agus é ag tógáil ar na torthaí, rinne an Coimisiún obair leantach ar roinnt tionscnamh, Comhghuaillíocht na hEorpa um an Tionscal Fótavoltach Gréine a sheoladh ina measc. Is é is aidhm dó sin borradh a chur faoi acmhainneacht na hEorpa teicneolaíochtaí gréine agus fótavoltacha a tháirgeadh go 30 gigeavata in aghaidh na bliana faoi 2025 i ngach cuid den slabhra luacha fótavoltach. Dá mbainfí an cuspóir sin amach, chruthófaí EUR 60 billiún d’olltáirgeacht intíre nua in aghaidh na bliana san Eoraip agus chruthófaí breis agus 400 000 post nua.

Is iad na caighdeáin an bonn intuigthe atá leis an Margadh Aonair agus leis an iomaíochas domhanda. Ó mhinicíochtaí Wi-Fi, go bréagáin nasctha nó ceangail sciála, is cuid dhofheicthe ach bunúsach iad de shaol laethúil daoine. Mar chuid den Straitéis nua um Chaighdeánú, chuir an Coimisiún rialacha nua chun cinn lena leagtar amach cur chuige níos straitéisí maidir le caighdeáin agus lena gcumhdaítear luachanna daonlathacha i bhfeidhmeanna teicneolaíochta. Rachaidh an straitéis nua chun tairbhe do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí trí idir-inoibritheacht táirgí agus seirbhísí a chinntiú, costais a laghdú, sábháilteacht a fheabhsú agus nuálaíocht a chothú.

In 2022 chuir an Coimisiún rialacha athbhreithnithe i láthair freisin chun a chinntiú go gcuirfear gnéithe digiteacha nua táirgí san áireamh sa reachtaíocht maidir le dearadh agus go mbeidh sé níos éasca, níos saoire agus níos intuartha dearaí tionsclaíocha a chosaint ar fud an Aontais.

Cé go bhfuil cosaint shonrach ag an Aontas ar thásc geografach d’fhíonta, do dheochanna biotáille agus do tháirgí talmhaíochta agus bia-ábhair eile, níl aon chosaint den sórt sin ann faoi láthair d’earraí ceardaíochta agus tionsclaíocha. Leis na rialacha nua atá molta ag an gCoimisiún, cuirfear ar chumas táirgeoirí táirgí amhail gloine Murano, bréidín Dhún na nGall, poirceallán Limoges, sceanra Solingen agus potaireacht Boleslawiec a chosaint, agus cuirfidh siad i gcoinne earraí bréagacha san Eoraip agus níos faide i gcéin. Fágfaidh siad freisin go mbeidh sé níos éasca do thomhaltóirí cáilíocht na dtáirgí sin a aithint.

Leis an straitéis nua um chaighdeánú, tacófar le tionsclaíocht an Aontais i dtreo an taistriú glas agus an taistriú digiteach a bhaint amach.

Le caighdeáin nua, ba cheart cáilíocht hidrigine agus idir-inoibritheacht theicniúil a shainiú ionas go mbeidh tionscail in ann dícharbónú a dhéanamh trí hidrigin a úsáid.

Amhábhair a úsáidtear i gceallraí — rudaí a chumhachtaíonn carranna leictreacha agus réimse gléasanna leictreonacha eile — ba cheart mianadóireacht a dhéanamh orthu i gcomhréir le caighdeáin láidre chomhshaoil agus saothair.

Tá cosaint láidir ar chibearbhagairtí de dhíth ar shliseanna a theastaíonn chun uaireadóirí cliste agus gléasanna nasctha eile a chumasú.

Iomaíocht chothrom

Bhí gá níos mó ná riamh le táirgí ardchaighdeáin ar phraghsanna córa le linn na bliana deacra a bhí ann do mhuintir na hEorpa. I measc na n-uirlisí is láidre is féidir leis an gCoimisiún Eorpach a úsáid chun tomhaltóirí a chosaint agus chun an geilleagar a chothú, tá na cinntí in aghaidh trustaí, cumaisc agus státchabhrach a choinníonn iomaíocht bhríomhar chothrom sa Mhargadh Aonair.

Sampla amháin den chaoi ar féidir le córas rialaithe iomaíochta an Aontais leasanna daoine a chosaint ná rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i mí Mheán Fómhair, lenar deimhníodh den chuid is mó cinneadh a rinne an Coimisiún i gcoinne Google agus lenar socraíodh an fhíneáil ag níos mó ná EUR 4 bhilliún. Cinneadh eile a léiríonn an chaoi ar féidir le beartas iomaíochta tacú leis an nuálaíocht is ea an toirmeasc a cuireadh ar cheannach Illumina ar Grail, margadh a laghdódh rogha na dtástálacha luathbhraite ailse. Chuir an Coimisiún cosc ar an margadh nuair a theip ar Illumina leigheasanna a thairiscint lena ndéanfaí na hábhair imní a bhí air a mhaolú.

Táirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe

Leis an tsamhail eacnamaíoch atá againn faoi láthair, ina ndéantar táirgí agus ina gcaitear iad agus ina n-ionadaítear iad, laghdaítear ár n-acmhainní, truaillítear ár gcomhshaol, déantar dochar don bhithéagsúlacht agus spreagtar athrú aeráide. Fágann sé freisin go mbíonn an Eoraip spleách ar acmhainní ó cheantair eile. Chuige sin, agus mar chuid den Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach, mhol an Coimisiún pacáiste tograí i mí an Mhárta 2022 chun an gnás a dhéanamh de tháirgí inbhuanaithe san Aontas.

Tógann na tograí ar an rath a bhí ar na rialacha Éicidhearthóireachta a bhí leagtha síos cheana féin ag an Aontas, rialacha a bhí ina gcúis le laghduithe suntasacha i dtomhaltas fuinnimh an Aontais agus le coigilteas suntasach do thomhaltóirí. Anuraidh amháin, ba chúis le coigilteas EUR 120 billiún do thomhaltóirí na ceanglais éicidhearthóireachta a bhí ann cheana féin.

Leis an togra le haghaidh Rialacháin maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe tugtar aghaidh ar an dearadh táirgí, lena gcinntear suas le 80 % de thionchar comhshaoil saolré táirge. Leathnaítear leis an creat éicidhearthóireachta atá ann cheana, lena mbunaítear ceanglais chun ciorclaíocht, feidhmíocht fuinnimh agus gnéithe eile inbhuanaitheachta comhshaoil táirgí a fheabhsú.

Bhí straitéis nua sa phacáiste freisin chun teicstílí a dhéanamh níos buanfasaí, níos indeisithe, níos in-athúsáidte agus níos in-athchúrsáilte. Is é is aidhm dó dul i ngleic le mearfhaisean, dramhaíl theicstíle agus scriosadh teicstílí neamhdhíolta, agus a chinntiú go ndéantar iad a tháirgeadh agus lánurraim á tabhairt do chearta sóisialta.

Príomhghníomhaíochtaí le haghaidh táirgí ciorclacha inbhuanaithe

Táirgí a dhéanamh atá níos glaise, níos ciorclaí agus níos fuinneamh­éifeachtúla trí cheanglais éicidhear­thóireachta.

Feabhas a chur ar tháirgí agus ar fhaisnéis maidir le hinbhuan­aitheacht comhshaoil do thomhaltóirí agus do ghníomhaithe sa slabhra soláthair trí Phasanna Táirgí Digiteacha a thabhairt isteach.

Cosc a chur ar scrios earraí tomhaltais gan díol.

Samhlacha gnó inbhuanaithe a chur chun cinn.

Ceanglais shainord­aitheacha a leagan síos maidir le soláthar poiblí glas.

Cinnteoidh rialacha nua atá molta ag an gCoimisiún gur féidir le tomhaltóirí roghanna eolasacha atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a dhéanamh agus táirgí á gceannach acu. Cibé an fón póca nó fearas cistine é, beidh tomhaltóirí níos eolaí faoin bhfad a mhairfidh an táirge, sin agus an féidir é a dheisiú. Cuirfidh na rialacha nua cosc freisin ar “glas-snasú” agus cleachtais lena gcuirfear tomhaltóirí ar míthreoir maidir le marthanacht táirge.

Agus an togra á dhréachtú ag an gCoimisiún, chuaigh sé i gcomhairle le breis agus 12 000 tomhaltóir, chomh maith le cuideachtaí, saineolaithe tomhaltóirí agus údaráis náisiúnta. Measadh gurbh é fíorú iontaofacht na maíomh comhshaoil an bac ba mhó ar thabhairt faoin aistrithe ghlais.

Leis an athbhreithniú atá beartaithe ar an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta, neartófar agus nuachóireofar na rialacha atá i bhfeidhm ó 2011 i leith. Cruthófar creat comhchuibhithe chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht chomhshaoil agus aeráide táirgí foirgníochta agus chun í a chur in iúl.

Sa dara pacáiste maidir leis an ngeilleagar ciorclach a cuireadh i láthair i mí na Samhna, mhol an Coimisiún rialacha nua uile-Aontais chun dul i ngleic le pacáistíocht, ar foinse mhéadaitheach dramhaíola agus frustrachas tomhaltóirí é. I gcás tomhaltóirí, cinnteoidh na rialacha nua go mbeidh roghanna pacáistíochta in-athúsáidte ar fáil, go bhfaighfear réidh le pacáistíocht nach bhfuil gá leis, go gcuirfear teorainn leis an róphacáistiú agus go gcuirfear lipéid shoiléire ar fáil chun tacú le hathchúrsáil cheart. Mar chuid den phacáiste freisin, bhí tionscnamh lenar tugadh soiléireacht do thomhaltóirí agus don tionscal maidir le plaistigh bhithbhunaithe, inmhúirínithe agus in-bhithmhillte, lena leagtar amach cé na feidhmeanna a bhfuil plaistigh den sórt sin fíorthairbheach dóibh ó thaobh an chomhshaoil de agus an chaoi ar cheart iad a dhearadh, a dhiúscairt agus a athchúrsáil.

Tá ról lárnach ag gnólachtaí maidir le geilleagar inbhuanaithe agus sochaí inbhuanaithe a fhorbairt. I mí Feabhra chuir an Coimisiún i láthair togra le haghaidh Treoir i dtaca le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach. Is é is aidhm don togra iompraíocht chorparáideach inbhuanaithe fhreagrach a chur chun cinn ar fud na slabhraí soláthair domhanda. Beidh ar chuideachtaí ceisteanna a bhaineann le cearta an duine agus leis an gcomhshaol a dhaingniú ina gcuid gníomhaíochtaí gnó agus ina rialachas corparáideach.

Dúirt thart ar an leathchuid de thomhaltóirí a ndeachthas i gcomhairle leo i staidéar de chuid an Aontais go mbeidís toilteanach níos mó a íoc as táirge a mhaireann níos faide gan aon ghá le deisiúcháin.

Foinse: Preparatory study to gather evidence on ways to empower consumers to play an active role in the green transition [Staidéar ullmhúcháin chun fianaise a bhailiú maidir le bealaí chun tomhaltóirí a chumhachtú chun ról gníomhach a bheith acu san aistriú glas].

Táirgí foirgníochta

Is leo a bhaineann 30 % de ghiniúint bhliantúil dramhaíola an Aontais.

Foirgnimh

Is leo a bhaineann 40 % den fhuinneamh a chaitear san Aontas.

Tógáil agus obair thógála

Is leo a bhaineann 9,4 % den lorg carbóin intíre iomlán.

Stroighin, cruach, alúmanam agus plaistigh

Is leo a bhaineann 15 % d’astaíochtaí carbóin an Aontais.

Dlús a chur le hinfheistíochtaí inbhuanaithe

Tá gá le cuid mhór infheistíochta príobháidí chun go gcomhlíonfaidh an tAontas a sprioc maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Is éard atá i gceist le maoiniú inbhuanaithe infheistíocht a atreorú i dtreo gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus tá sé i gcroílár an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh. Tá an tAontas ina cheannaire domhanda cheana féin maidir le caighdeáin chomhshaoil, shóisialta agus rialachais a leagan síos i margaí airgeadais agus tá córas aicmithe cruthaithe aige arb é an chéad cheann dá leithéid é le haghaidh gníomhaíochtaí inbhuanaithe san Aontas (ar a dtugtar tacsanomaíocht an Aontais).

In 2022 rinne an Coimisiún nuashonrú ar na rialacha trí ghníomhaíochtaí idirthréimhseacha sonracha lena mbaineann teicneolaíochtaí gáis agus núicléacha a áireamh i gcomhréir le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais, ar cuspóirí iad a bheidh infheidhme ó 2023.

Cé na gníomhaíochtaí a bhaineann le gás atá san áireamh?

  • Giniúint leictreachais ó bhreoslaí iontaise gásacha
  • Comhghiniúint ardéifeachtúil teasa/fuaraithe agus cumhacht ó bhreoslaí iontaise gásacha
  • Táirgeadh teasa/fuaraithe ó bhreoslaí iontaise gásacha i gcóras éifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair

Cé na gníomhaíochtaí núicléacha atá san áireamh?

  • Taighde, forbairt agus úsáid ardteicneolaíochtaí (“Glúin IV”) lena n-íoslaghdaítear dramhaíl agus lena bhfeabhsaítear caighdeáin sábháilteachta
  • Tionscadail nua gléasra núicléach le teicneolaíochtaí atá ann cheana chun leictreachas nó teas a ghiniúint (“Glúin III+”) (go dtí 2045)
  • Uasghrádú agus modhnuithe ar ghléasraí núicléacha atá ann cheana chun fad a chur lena saolré (go dtí 2040)

Cánachas agus custaim atá cóir, simplí agus nua-aimseartha

I gclár oibre fadtéarmach cánach an Aontais le haghaidh timpeallacht ghnó chothrom inbhuanaithe, leagtar amach bearta spriocdhírithe a bhfuil sé d’aidhm acu infheistíocht agus fiontraíocht a chur chun cinn.

I mí na Nollag chuir an Coimisiún Eorpach chun cinn pacáiste cuimsitheach maidir le cáin bhreisluacha (CBL) sa ré dhigiteach chun go n-oibreoidh sé níos fearr do ghnólachtaí sa gheilleagar nua-aimseartha. Leis an bpacáiste, beidh ár gcóras CBL níos athléimní in aghaidh na calaoise freisin, trí leas a bhaint as acmhainneacht an digitithe.

Ar na príomhbhearta atá beartaithe tá clárú aonair CBL a thabhairt isteach ar fud an Aontais, aistriú chuig tuairisciú digiteach fíor-ama do ghnólachtaí trasteorann, agus rialacha nuashonraithe CBL d’ardáin iompair paisinéirí agus lóistín. Leis na bearta sin, beidh córas CBL an Aontais níos oiriúnaí do thimpeallacht ghnó dhomhandaithe dhigitithe an lae inniu agus beidh sé níos láidre sa chomhrac i gcoinne na calaoise.

Mhol an Coimisiún bearta nua trédhearcachta cánach freisin do gach soláthraí seirbhíse lena n-éascaítear idirbhearta criptea-shócmhainní do chustaiméirí an Aontais (féach Caibidil 3 freisin). Faoi láthair, déanann úsáideoirí criptea-shócmhainní brabúis shuntasacha, a thagann faoi scáth na n-údarás cánach náisiúnta. Eascraíonn caillteanais thábhachtacha ioncaim as sin do bhuiséid phoiblí. Tá sé molta ag an gCoimisiún gur gá do gach soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní, gan beann ar a mhéid ná ar a shuíomh, idirbhearta na gcliant atá ina gcónaí san Aontas a thuairisciú. Leathnaítear leis an togra freisin na ceanglais tuairiscithe agus malartaithe faisnéise atá ann cheana chun ríomh-airgead agus rialuithe a thugtar do dhaoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard acu a chumhdach.

I mí na Nollag tháinig na Ballstáit ar chomhaontú d’aon toil i ndáil leis an treoir atá le teacht maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a chinntiú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas Eorpach. A bhuí leis an gcomhaontú stairiúil sin, beidh an tAontas ar thús cadhnaíochta agus an comhaontú domhanda maidir le hathchóiriú cánach a dhréachtaigh an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta in 2021 á chur i bhfeidhm. Áirítear sa treoir sraith choiteann rialacha maidir le conas an t-íosráta cánach éifeachtach 15 % a ríomh, ionas go gcuirfear i bhfeidhm é go cuí agus go comhsheasmhach ar fud an Aontais. Tá an t-íosráta cánach 15 % comhaontaithe ag 137 dtír ar an leibhéal domhanda. Agus an treoir sin curtha chun feidhme, tabharfaidh sé cothroime, trédhearcacht agus cobhsaíocht don chreat idirnáisiúnta don cháin chorparáideach. Ní mór do na Ballstáit na rialacha nua a chur chun feidhme faoin 31 Nollaig 2023.

In 2022 sheol an Coimisiún próiseas machnaimh freisin maidir le todhchaí an chánachais, agus dúshláin reatha agus olltreochtaí amach anseo á gcur san áireamh. Ba é Siompóisiam Cánach ardleibhéil i mí na Samhna an toradh a bhí air sin. Ag an Siompóisiam, phléigh airí, ceannairí eagraíochtaí idirnáisiúnta, páirtithe leasmhara agus lucht léinn saincheisteanna tábhachtacha maidir leis an meascán cánach a bheidh ann amach anseo.

Paolo Gentiloni agus é ag labhairt ar an bpóidiam ag Siompóisiam Cánach 2022.
Paolo Gentiloni, an Coimisinéir Eorpach um an nGeilleagar, ag Siompóisiam Cánach 2022, an Bhruiséil, an Bheilg, an 28 Samhain 2022.

Margaí airgeadais níos láidre

Airgeadas tomhaltóirí: dlús a chur le feidhmiú céimneach íocaíochtaí meandracha

Tugann íocaíochtaí meandaracha deis do dhaoine airgead a aistriú ag am ar bith agus ar lá ar bith laistigh de 10 soicind, rud a mhéadaíonn go suntasach luas na n-idirbheart agus an áisiúlacht do dhaoine, mar shampla, nuair a bhíonn billí á n-íoc nó aistrithe práinneacha á bhfáil (mar shampla i gcás éigeandála leighis). Cuidíonn siad freisin le feabhas a chur ar shreabhadh airgid agus le coigilteas costais a ghiniúint do ghnólachtaí, go háirithe do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide, miondíoltóirí ina measc. I mí Dheireadh Fómhair, chuir an Coimisiún i láthair togra reachtach chun íocaíochtaí meandracha in euro a chur ar fáil do gach saoránach agus gnólacht a bhfuil cuntas bainc acu san Aontas agus i dtíortha sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

Buntáistí a bhaineann le híocaíochtaí meandracha

Léirítear sa ghrafaic faisnéise liosta de na buntáistí a bhaineann le híocaíocht mheandrach do thomhaltóirí, do ghnólachtaí, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus do sholáthraithe íocaíochta.

Is féidir le tomhaltóirí, gnólachtaí, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus soláthraithe íocaíochta tairbhe a bhaint as íocaíochtaí meandracha. Le híocaíochtaí meandracha, is féidir le tomhaltóirí, gnólachtaí agus FBManna airgead dlite a fháil láithreach bonn agus rogha níos mó de mhodhanna íocaíochta a bheith acu. Is fusa do thomhaltóirí a n-airgeadas pearsanta a bhainistiú agus earraí a cheannaigh siad ar líne a fháil níos tapúla tríd an bpost. Ar an taobh eile, is féidir le gnólachtaí agus FBManna costais a choigilt ach deireadh a chur leis an ngá atá le ráthaíocht íocaíochta. Feabhsaítear an sreabhadh airgid freisin do ghnólachtaí, do FBManna agus do mhiondíoltóirí. Buntáiste eile do thomhaltóirí, do ghnólachtaí agus do FBManna ná go scaoilfear suas le 200 billiún euro, atá faoi ghlas faoi láthair sa chóras airgeadais, ar aon lá ar leith le haghaidh úsáid tháirgiúil, rud a fhágann sochair eacnamaíocha idir 1.34 billiún euro agus 1.84 billiún euro in aghaidh na bliana. Beidh deiseanna nuálaíochta ag soláthraithe íocaíochta freisin, amhail aipeanna móibíleacha nua le haghaidh íocaíochta. Téann íocaíochtaí meandracha chun tairbhe do chách trí athléimneacht chóras íocaíochta miondíola an Aontais a chinntiú.

Valdis Dombrovskis agus Mairead McGuinness ag léachtán agus iad ag tabhairt óráide maidir le híocaíochtaí meandracha.
Valdis Dombrovskis, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar “Geilleagar a Fhóireann do Dhaoine” agus an Coimisinéir Eorpach um Thrádáil, agus Mairead McGuinness, an Coimisinéir Eorpach um Sheirbhísí Airgeadais, um Chobhsaíocht Airgeadais agus um Aontas na Margaí Caipitil, ag preasagallamh i ndáil leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le híocaíochtaí meandracha, an Bhruiséil, an Bheilg, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

An bealach i dtreo Aontas na Margaí Caipitil níos éifeachtúla agus níos athléimní

Is é Aontas na Margaí Caipitil plean fadtéarmach an Aontais Eorpaigh chun an Margadh Aonair do chaipiteal a dhoimhniú. Is é an aidhm atá ann airgead — infheistíochtaí agus coigilteas — a chur ag sreabhadh go héasca ar fud an Aontais ionas go rachaidh sé chun tairbhe do thomhaltóirí, d’infheisteoirí agus do chuideachtaí, gan beann ar an áit a bhfuil siad lonnaithe.

Chun an plean sin a chur chun cinn, chuir an Coimisiún dhá phacáiste tograí ar aghaidh in 2022. I mí an Mhárta, mhol an Coimisiún athruithe ar an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús chun socraíocht i margaí airgeadais an Aontais a dhéanamh níos sábháilte agus níos éifeachtúla. Tagraíonn socraíocht do sheachadadh urrús ar cheannaitheoir mar mhalairt ar airgead a sheachadadh chuig díoltóir. D’fhéadfadh suas le dhá lá gnó a bheith i gceist chun idirbheart a shocrú, rud a bhféadfadh idir rioscaí creidmheasa agus rioscaí dlíthiúla a bheith mar thoradh air le linn na tréimhse sin. Tá sé ríthábhachtach do chóras airgeadais an Aontais Eorpaigh deimhin a dhéanamh de go socraítear na hidirbhearta sin ar bhealach sábháilte éifeachtúil dá bhrí sin. Tá sé d’aidhm ag an togra rialacha níos comhréirí agus níos éifeachtaí a sholáthar chun laghdú a dhéanamh ar chostais chomhlíonta agus ar ualaí rialála ar na taisclanna lárnacha urrús, a chuirfear lena gcumas réimse níos leithne de sheirbhísí trasteorann a thairiscint agus feabhas a chur ar a maoirseacht trasteorann.

Dírítear sa dara pacáiste tograí ar thrí phríomhréimse, is iad sin: córas imréitigh an Aontais a neartú, rialacha dócmhainneachta ar fud na mBallstát a chomhchuibhiú agus an t-ualach ar chuideachtaí a laghdú maidir le stocmhalartáin a liostú.

Córas imréitigh atá sábháilte láidir iomaíoch

Leis an imréiteach lárnach, is féidir trádáil níos rianúla a dhéanamh i margaí caipitil agus tá sé ríthábhachtach do chobhsaíocht airgeadais an Aontais. Nuair a imréitítear trádálacha go lárnach, feidhmíonn soláthraí seirbhísí imréitigh, ar a dtugtar contrapháirtí lárnach (CPL), mar idirghabhálaí agus ráthaíonn sé feidhmíocht conarthaí idir ceannaitheoirí agus díoltóirí. Leis sin, méadaítear an trédhearcacht agus laghdaítear rioscaí sna margaí airgeadais.

Ní mór don Aontas a chóras imréitigh a nuachóiriú ionas gur féidir leis freagairt níos tapa do dhálaí athraitheacha margaidh agus eacnamaíocha. Chomh maith leis sin, ní mór dó a acmhainneacht imréitigh intíre a threisiú chun na rioscaí a laghdú a eascraíonn as a róspleáchas ar CPLanna lasmuigh den Aontas.

Leis na bearta atá beartaithe, beidh CPLanna an Aontais in ann a gcuid seirbhísí a leathnú ar bhealach níos éasca chun freastal ar an éileamh. Cuirfidh sé sin le tarraingteacht mhargadh an Aontais tríd an iomaíocht a mhéadú agus trí rogha níos mó a chur ar fáil d’úsáideoirí seirbhísí imréitigh.

Chun cobhsaíocht airgeadais an Aontais agus a chumas gníomhú go neamhspleách a chinntiú, leis na rialacha nua cuirfear de cheangal ar rannpháirtithe áirithe sa mhargadh cuid dá gconarthaí le CPLanna an Aontais, ar a laghad, a imréiteach.

Rialacha comhchuibhithe maidir le dócmhainneacht chorparáideach

Tá na córais dócmhainneachta éagsúla ar fud na mBallstát ar cheann de na bacainní is mó idir na margaí náisiúnta, agus is minic a bhíonn ar infheisteoirí sraitheanna éagsúla rialacha a mheas i ngach Ballstát agus measúnú á dhéanamh ar dheiseanna infheistíochta.

Is é is aidhm do na bearta atá beartaithe rialacha áirithe maidir le dócmhainneacht a chomhchuibhiú chun infheistíocht trasteorann a chothú ar fud an Mhargaidh Aonair, an costas caipitil do chuideachtaí a laghdú, agus ar deireadh, rannchuidiú le hAontas na Margaí Caipitil a bhaint amach. Ar an iomlán, meastar go rachaidh tairbhí an togra thar EUR 10 mbilliún in aghaidh na bliana.

Gníomh nua um Liostú

Tá riachtanais shuntasacha ag cuideachtaí sa lá atá inniu ann agus iad ag liostú ar mhargaí poiblí. Is é is aidhm don togra nua an t-ualach riaracháin a laghdú ar chuideachtaí de gach méid, go háirithe ar chuideachtaí beaga, ionas gur fusa a bheidh sé dóibh rochtain a fháil ar mhaoiniú trí liostú ar stocmhalartáin.

Leis na bearta, rannchuideofar a thuilleadh le hAontas na Margaí Caipitil a dhoimhniú trí rómhaorlathas agus costais gan ghá a laghdú do chuideachtaí, agus ardleibhéal cosanta infheisteoirí agus sláine an mhargaidh á gcinntiú ag an am céanna. Spreagfaidh an méid sin cuideachtaí chun teacht ar mhargaí caipitil an Aontais agus a bheith liostaithe orthu go fóill. Le rochtain níos éasca ar mhargaí poiblí, beidh cuideachtaí in ann na foinsí cistiúcháin atá ar fáil a éagsúlú agus a chomhlánú ar bhealach níos fearr agus deiseanna infheistíochta níos leithne a chur ar fáil d’infheisteoirí an Aontais.

Beirt fhear ag léamh leabhair do leanbh beag.
Páiste agus í ag léamh leabhair lena tuismitheoirí, Beirlín na Gearmáine, an 8 Lúnasa 2021.

7. Eoraip chothrom shóisialta a thógáil

Réamhrá

In 2022 lean an tAontas de bheith ag obair i dtreo Eoraip aeráidneodrach ghlas chothrom shóisialta, agus cuireadh roinnt tionscnamh chun cinn a sheol an Coimisiún Eorpach roimhe. In ainneoin na ndúshlán seachtrach roimh an Aontas Eorpach, is tosaíocht i gcónaí é an tiomantas feabhas a chur ar an oideachas, ar chearta sóisialta agus ar dhálaí oibre do gach duine atá ina gcónaí san Eoraip; mar chuid de sin, déantar deimhin de go mbíonn an pá íosta leordhóthanach agus cuirtear feabhas ar chaighdeán agus ar inacmhainneacht an chúraim fhadtéarmaigh.

Ag an dara Cruinniú Mullaigh Eorpach maidir leis an bhFrithchiníochas tháinig ceannairí an Aontais agus eagraíochtaí an phobail le chéile chun an obair ar an gcomhionannas agus ar an neamh-idirdhealú a chomhdhlúthú. Mar thoradh ar aird leathan a thabhairt ar shaincheisteanna comhionannais, fógraíodh buaiteoirí an chéad eagráin de na Gradaim Eorpaigh do Phríomhchathracha an Ionchuimsithe agus na hÉagsúlachta. Tionóladh an chéad Fhóram Eorpach um Fhostaíocht agus um Chearta Sóisialta, agus díríodh sa phlé ar an dóigh chun aistriú glas a bhaint amach a bheidh cothrom ionchuimsitheach.

Geilleagar cothrom don aistriú glas agus don aistriú digiteach

Chun a chinntiú go mbeidh an t-aistriú chuig geilleagar agus mór-roinn aeráidneodrach cothrom do chách, ní mór beartais shóisialta an Aontais a ailíniú lena thosaíochtaí glasa agus digiteacha. Ina measc sin tá tacaíocht ghníomhach do dheiseanna fostaíochta, rochtain chomhionann ar oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil atá ar ardcháilíocht agus cuimsitheach, chomh maith le hinfheistíocht i gcosaint shóisialta do na daoine is leochailí, agus an bhochtaineacht a laghdú.

In 2022, chuir na Ballstáit a spriocanna sóisialta náisiúnta do 2030 i láthair chun Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a bhaint amach. Leis na gealltanais sin le chéile, is cinnte go bhfuil an tAontas ag dul i dtreo príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú bochtaineachta a bhaint amach, nó a shárú go fiú.

Togra lárnach a cuireadh san áireamh faoin bpacáiste reachtach “Oiriúnach do 55” maidir leis an aeráidneodracht (féach Caibidil 2) ba ea Ciste Aeráide Sóisialta a chruthú, chun tacú le teaghlaigh atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch, le gnólachtaí beaga agus le micrifhiontair, agus le húsáideoirí iompair trí aghaidh a thabhairt ar thionchar na praghsála carbóin ar na saoránaigh.

Bliain amháin tar éis don Aontas an fhís fhadtéarmach do cheantair thuaithe a ghlacadh, tháinig breis agus míle eagraíocht le chéile — ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil — i gComhshocrú Tuaithe 2022 chun comhar níos láidre a chothú idir údaráis phoiblí i réimsí beartais éagsúla agus chun borradh a chur faoi inbhuanaitheacht agus beogacht shocheacnamaíoch na gceantar tuaithe.

Cén dóigh a ndéanann an Coimisiún Eorpach an t-idirdhealú a chomhrac agus an éagsúlacht a chur chun cinn?

  • Le reachtaíocht, straitéisí agus pleananna gníomhaíochta, amhail:
    • Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Frithchiníochas 2020–2025;
    • Straitéis 2020–2025 um Chomhionannas LGBTIQ;
    • Straitéis 2020–2025 um Chomhionannas Inscne;
    • Creat Straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le Comhionannas, Cuimsiú agus Rannpháirtíocht na Romach 2021–2030;
    • Straitéis 2021–2030 maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas;
    • an Gradam do Phríomhchathracha Ionchuimsithe agus Éagsúlachta na hEorpa;
    • Mí Eorpach na hÉagsúlachta;
    • Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.
  • Oibriú le Ballstáit an Aontais Eorpaigh.
  • Cistiú a chur ar fáil tríd an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, trí Chiste Sóisialta na hEorpa agus trí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus.
  • Tacú le tionscnaimh dheonacha amhail na Cairteacha Eorpacha um an Éagsúlacht.

Trí sprioc shóisialta de chuid an Aontais do 2030: gach Ballstát ar bord

Léirítear sa ghrafaic faisnéise na trí sprioc shóisialta atá ag an Aontas Eorpach do 2030, mar aon le gealltanais na mBallstát i réimsí na fostaíochta, scileanna agus laghdú na bochtaineachta.

Tá gealltanas tugtha ag na Ballstáit ráta fostaíochta an daonra idir 20 agus 64 bliana d’aois a ardú go dtí 78,5 % ar a laghad, rud a sháraíonn bunsprioc an Aontais arb é 78% ar a laghad é. Tá siad tiomanta freisin go mbeidh 57.6% ar a laghad de na daoine fásta ar fad rannpháirteach in oiliúint gach bliain faoi 2030, i gcomparáid le sprioc an Aontais arb é 60% ar a laghad é. Tá gealltanas tugtha ag na Ballstáit freisin go ndéanfar laghdú 15.6 milliún duine orthu siúd atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta faoi 2030, rud a sháraíonn sprioc an Aontais arb é 15 mhilliún ar a laghad é.

Tacaíocht d’oibrithe

Tháinig Parlaimint na hEorpa agus Ballstáit an Aontais ar chomhaontú polaitiúil i ndáil leis an treoir maidir le pá íosta leordhóthanach, lena mbunaítear creat chun a chinntiú go bhfuil an pá íosta náisiúnta oiriúnach don fheidhm, lena gcuirtear caighdeán fónta saoil ar fáil d’oibrithe. Cuirfidh na rialacha nua cómhargáil chun cinn maidir le socrú pá agus feabhsófar rochtain éifeachtach na n-oibrithe ar chosaint pá íosta san Aontas.

Chomh maith leis sin, tháinig an Treoir maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach i bhfeidhm, rud a ráthaíonn tuilleadh cobhsaíochta d’oibrithe ar fud na hEorpa agus a thugann deis dóibh faisnéis thráthúil níos iomláine a fháil faoi ghnéithe riachtanacha a bpoist, amhail a n-ionad oibre agus a luach saothair.

Cuidiú le daoine óga dul i mbun oibre

Mar chuid de Bhliain Eorpach na hÓige 2022, seoladh tionscnamh ALMA (Aim, Learn, Master, Achieve) [Beartaigh, Foghlaim, Máistrigh, Gnóthaigh] chun cuidiú le daoine óga faoi mhíbhuntáiste (idir 18 agus 30 bliain d’aois) rochtain a fháil ar an margadh saothair thar theorainneacha an Aontais.

Le ALMA cuirtear ar fáil do rannpháirtithe tréimhse chónaithe faoi mhaoirseacht i mBallstát eile den Aontas ar feadh tréimhse idir 2–6 mhí, mar aon le dianoiliúint agus cúnamh meaitseála poist ina dhiaidh sin ar fhilleadh dóibh. Bíonn cóitseáil agus comhairleoireacht i gceist i ngach céim. Maoinítear faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus é, agus comhlánóidh sé cláir atá ann cheana amhail Erasmus+ nó an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach trí fhreastal ar ghrúpa daoine óga nach gcumhdaítear leis na cláir sin..

Nicolas Schmit agus é i mbun comhrá le grúpa daoine le linn cuairt ar an ionad forbartha fiontraíochta sóisialta, agus bean ag déanamh maisiúcháin ghloine sa tulra.
Nicolas Schmit, an Coimisinéir Eorpach um Poist agus um Chearta Sóisialta (an ceathrú duine ar chlé), agus é ar cuairt ar fhiontar sóisialta arna mhaoiniú ag Ciste Sóisialta na hEorpa, ina bhfostaítear daoine faoi mhíchumas, Plovdiv na Bulgáire, mí an Mheithimh 2022.

Is iad na héagothromaíochtaí sóisialta agus an dífhostaíocht na hábhair imní is mó d’Eorpaigh óga.

Measann 88 % de mhuintir na hEorpa go bhfuil an Eoraip shóisialta tábhachtach dóibh féin go pearsanta.

Tacaíocht do dhaoine atá i ngátar

Cuidíonn ioncam íosta leordhóthanach (sochair airgid thirim atá mar líontán sábhála sóisialta, rud nach ionann é agus pá íosta) chun a chinntiú gur féidir le gach duine a mbillí a íoc agus saol faoi dhínit a chaitheamh. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin le linn cor chun donais eacnamaíoch, mar go gcuidíonn sé le maolú a dhéanamh ar laghdú ioncaim teaghlaigh do na daoine is mó atá i ngátar, agus cuireann sé le fás inbhuanaithe cuimsitheach. Cé go bhfuil scéimeanna ioncaim íosta ann i ngach Ballstát, tá éagsúlacht shuntasach ann maidir lena leordhóthanacht, a raon feidhme agus a n-éifeachtacht ó thaobh tacaíocht a thabhairt do dhaoine.

Bhí níos mó ná
95 mhilliún
duine san Aontas i mbaol bochtaineachta nó i mbaol eisiaimh shóisialta in 2021.

Isteach agus amach le 20 % de na daoine atá i mbaol bochtaineachta, níl siad i dteideal aon tacaíocht ioncaim a fháil.

Meastar nach raibh
30 %–50 %
den daonra incháilithe páirteach i scéimeanna ioncaim íosta.

Is é is aidhm don mholadh an méid seo a leanas a dhéanamh:

na daoine is leochailí a chosaint trí bhaol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta a laghdú;

dreasachtaí agus tacaíocht a chur ar fáil chun iad siúd atá in ann a bheith ag obair a athimeascadh sa mhargadh saothair arís;

cuidiú le spriocanna 2030 an Aontais a bhaint amach maidir le fostaíocht agus laghdú bochtaineachta;

inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a chaomhnú.

In 2022, chuir an Coimisiún i láthair togra le haghaidh moladh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hioncam íosta leordhóthanach chun tacú leis na Ballstáit a scéimeanna ioncaim íosta a nuachóiriú agus iad a dhéanamh níos éifeachtaí maidir le daoine a thabhairt slán as an mbochtaineacht, agus imeascadh na ndaoine sin atá in ann oibriú i margadh an tsaothair a chur chun cinn ag an am céanna.

Bliain Eorpach na hÓige

Chun aird a tharraingt ar an dóigh a gcuireann an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach deiseanna ar fáil do dhaoine óga agus chun dearcadh na hóige a thabhairt isteach i mbeartais an Aontais, dhearbhaigh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, gurbh í 2022 Bliain Eorpach na hÓige.

Físeán fógraíochta do Bhliain Eorpach na hÓige, ina gcuirtear príomhchuspóirí agus príomhthéamaí na bliana i láthair. Taispeántar san fhíseán íomhánna de ghrúpaí éagsúla daoine óga agus cuirtear téamaí na bliana i dtábhacht.
VIDEO Físeán maidir le Bliain Eorpach na hÓige

Chun díriú ar shaincheisteanna atá tábhachtach do dhaoine óga, amhail an t-athrú aeráide agus an comhshaol, fostaíocht agus an mheabhairshláinte, seoladh ardán tumthach “Cuir d’Fhís in Iúl“ chun bealach a chur ar fáil do dhaoine óga a dteachtaireachtaí a thaifeadadh maidir leis na réimsí beartais ar tugadh aghaidh orthu le Bliain Eorpach na hÓige agus a dtuairimí a chur in iúl.

Johannes Hahn agus dáréag Eorpach óg ag an Idirphlé maidir le Beartas na hÓige.
Idirphlé maidir le Beartas na nÓg i ndáil le tosaíochtaí an Aontais amach anseo a mhaoiniú, le Johannes Hahn, an Coimisinéir Eorpach um an mBuiséad agus um Riarachán (an séú duine ar dheis), mar chuid de Bhliain Eorpach na hÓige, an Bhruiséil, an Bheilg, an 21 Meán Fómhair 2022.

Chun rannpháirtíocht ghníomhach a threisiú, seoladh sraith Idirphléanna maidir le Beartas Óige, rud a chuir ar a cumas do dhaoine óga díospóireacht a dhéanamh le comhaltaí Choláiste na gCoimisinéirí, agus chuir Cainteanna leis an Óige daoine óga i lár an aonaigh chun smaointe nua a scaipeadh agus a bpiaraí a spreagadh chun ról tábhachtach a bheith acu i bpróiseas an athraithe.

Léirigh Tairseach Eorpach na hÓige na deiseanna uile a bhaineann le Bliain na hÓige. San áireamh leis bhí rannán ina raibh scéalta ó iriseoirí óga, agus rannán eile maidir le beartas óige ina raibh tionscnaimh a théann chun tairbhe go díreach do dhaoine óga. Léirigh léarscáil ghníomhaíochtaí Thairseach Eorpach na hÓige breis agus 8 500 gníomhaíocht a bhí ar siúl ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin.

Físeán ina gcomhroinneann dáréag rannpháirtithe óga as gach cearn den Eoraip a gcuid tuairimí faoin méid ar cheart don bhuiséad Eorpach díriú air amach anseo.
VIDEO Idirphlé maidir le Beartas na nÓg i ndáil le tosaíochtaí an Aontais amach anseo a mhaoiniú, le Johannes Hahn, an Coimisinéir Eorpach um an mBuiséad agus um Riarachán, mar chuid de Bhliain Eorpach na hÓige, Mí Mheán Fómhair 2022.

Oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil

In 2022 threisigh na Ballstáit a gcomhar faoi chreat straitéiseach nua an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus chuir siad maoiniú suntasach ón Aontas ar fáil d’earnáil an oideachais agus na hoiliúna. Ceapadh tionscnamh an Limistéir Eorpaigh Oideachais in 2017 agus cuidíonn sé leis na Ballstáit oibriú le chéile chun córais oideachais agus oiliúna atá níos athléimní agus níos ionchuimsithí a thógáil. I dtuarascáil 2022 ar dhul chun cinn maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025, déantar machnamh maidir le cur chun feidhme thionscnaimh an Limistéir Eorpaigh Oideachais, athchóirithe beartais agus an dul chun cinn i dtreo spriocanna ar leibhéal an Aontais.

I réimse an chomhionannais, an chothromais, an ionchuimsithe agus an chomhionannais inscne, ghlac an Chomhairle moltaí maidir le soghluaisteacht saorálaithe óga ar fud an Aontais, chun an obair dheonach a dhéanamh níos inrochtana dóibh siúd ar lú na deiseanna atá acu. Ghlac an Chomhairle moltaí breise maidir le conairí i dtreo na rathúlachta scoile chun laghdú a dhéanamh ar luathfhágáil na scoile.

Theastaigh ón Aontas freisin ollscoileanna a chumhachtú chun oideachas agus taighde níos fearr agus níos cuimsithí a chur ar fáil, agus dhá chloch mhíle thábhachtacha ag gabháil leo in 2022: an teachtaireacht maidir le straitéis Eorpach d’ollscoileanna agus an moladh ón gComhairle maidir le naisc a chothú le haghaidh comhar éifeachtach Eorpach san ardoideachas. Ba é an cuspóir a bhí ann gné fíorEorpach a fhorbairt in earnáil an ardoideachais, bunaithe ar luachanna comhroinnte. Is gnéithe sainiúla den ardoideachas Eorpach iad barr feabhais agus ionchuimsiú. Tar éis do cheannairí an Aontais a iarraidh ar an gComhairle, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhpháirtíochtaí idir ollscoileanna a neartú, tá 44 chomhghuaillíocht i gceist anois i dTionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha a bhfuil 340 institiúid ardoideachais páirteach ann i 31 tír.

In éineacht leis na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara, cabhróidh moladh 2022 ón gComhairle maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht an bhearna scileanna a líonadh trína chinntiú gur féidir le saoránaigh an Aontais leas a bhaint as conairí foghlama agus gairme pearsantaithe ar feadh a saoil.

In 2022, seoladh an chéad 11 acadamh múinteoirí de Erasmus+, ina bhfuil 182 eagraíocht ó 23 thír, a gheobhaidh EUR 15 mhilliún san iomlán thar 3 bliana chun deiseanna foghlama agus soghluaisteacht a chur ar fáil do mhúinteoirí. Tá an t-oideachas glas agus an t-oideachas digiteach ríthábhachtach freisin chun an Limistéar Eorpach Oideachais a chur i gcrích.

Mariya Gabriel agus í ag tabhairt óráide ag an bpóidiam os comhair mheirge comórtha 35 bliana Erasmus+.
Mariya Gabriel, an Coimisinéir Eorpach um Nuálaíocht, um Thaighde, um Chultúr, um Oideachas agus um an Óige, agus í ag comóradh 35 bliana Erasmus+, an Bhruiséil, an Bheilg, an 14 Nollaig 2022.

Níos faide i gcéin, ghlac an tAontas páirt i gCruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir le Claochlú an Oideachais, agus thug sé comhartha láidir polaitiúil maidir leis an ngá atá ann dlús a chur leis na hiarrachtaí chun Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 4 na Náisiún Aontaithe maidir le hoideachas ardcháilíochta. Fógraíodh an tUachtarán von der Leyen mar dhuine de na cúig churadh dhomhanda, agus d’iarr an tAontas go méadófaí an maoiniú domhanda don oideachas.

In 2022 chinntigh an tAontas agus na Ballstáit go mbeadh foghlaimeoirí de gach aoisghrúpa in ann rochtain a fháil ar an eolas agus ar na scileanna chun maireachtáil ar bhealach níos inbhuanaithe agus chun déileáil le margadh saothair atá ag athrú sa ré dhigiteach. Sa mholadh ón gComhairle maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe agus don Chreat Eorpach um Inniúlachtaí Inbhuanaitheachta, mar aon leis an idirphlé struchtúrtha leanúnach maidir leis an oideachas digiteach agus scileanna digiteacha, tugtar aghaidh ar riachtanais scileanna an Aontais atá ag dul i méid i dtaca leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.

Dá bhrí sin, is gá a chinntiú go mbeidh na scileanna cearta ag lucht saothair na hEorpa chun aistriú chuig geilleagar nua-aimseartha iomaíoch atá tíosach ar acmhainní. I mí an Mheithimh, ghlac an Chomhairle moladh chun tacú le riachtanais oiliúna daoine fásta atá in aois oibre. Moltar sa mholadh go mbunódh na Ballstáit “cuntais foghlama aonair” chun rochtain ar oiliúint a fheabhsú agus chun oibrithe a choinneáil i bhfostaíocht. Is é an aidhm atá ann méadú a dhéanamh ar líon na ndaoine atá ag gabháil don oiliúint gach bliain.

Ghlac an Chomhairle moladh freisin maidir le haistriú cothrom a chinntiú i dtreo na haeráidneodrachta, lena n-iarrtar ar na Ballstáit bearta a ghlacadh lena dtabharfar aghaidh ar ghnéithe fostaíochta agus sóisialta na mbeartas aeráide, fuinnimh agus comhshaoil. Ar na bearta sin tá pacáiste cuimsitheach beartas maidir le hoideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil ar ardchaighdeán atá inacmhainne agus ionchuimsitheach, agus comhdheiseanna.

Is é is aidhm do Chomhshocrú um Scileanna an Chláir Oibre Eorpaigh eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha a thabhairt le chéile trí éascú a dhéanamh ar chomhpháirtíochtaí scileanna ar mhórscála a chruthú agus iad a spreagadh chun gealltanais nithiúla a dhéanamh maidir le daoine fásta a uas-sciliú agus a athsciliú. In 2022 bhain an comhaontú 1 000 ball amach, daoine a gheall go gcuirfidís oiliúint nithiúil ar fáil d’oibrithe ar fud na hEorpa, agus iad ag bailiú gealltanas chun oiliúint a chur ar 6 mhilliún duine. Ina theannta sin, cuireann clár Erasmus+ agus cláir eile de chuid an Aontais maoiniú suntasach ar fáil do thionscnaimh ar leibhéal an Aontais agus d’athchóirithe oideachais agus oiliúna ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil.

I mí Dheireadh Fómhair, ghlac an Coimisiún togra lenar ainmníodh an bhliain 2023 mar an Bhliain Eorpach um Scileanna. In éineacht le Parlaimint na hEorpa, leis na Ballstáit, agus le gníomhaithe poiblí agus príobháideacha, déanfaidh sé sin an fhoghlaim ar feadh an tsaoil a athbheochan san Aontas, cuideoidh sé le daoine na scileanna cearta a fháil le haghaidh poist ar ardchaighdeán agus cuirfidh sé ar a gcumas do chuideachtaí aghaidh a thabhairt ar a nganntanas scileanna. Chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht lucht saothair na hEorpa, cuirfear béim ar leith ar na mná, ar dhaoine óga, agus orthu siúd nach bhfuil oideachas, fostaíocht ná oiliúint ar siúl acu.

Dlús a chur le bearta le haghaidh aontas comhionannais

In 2022 lean an Coimisiún Eorpach dá réimse leathan straitéisí um chomhionannas a chur chun feidhme, straitéisí a bhain le hinscne (pá comhionann san áireamh), frithchiníochas, frithsheimíteachas, idirdhealú in aghaidh na Romach, an pobal LGBTIQ agus cearta míchumais.

Comhionannas inscne

I dTuarascáil 2022 ón gCoimisiún maidir le Comhionannas Inscne san Aontas, déantar breithniú ar na príomhthionscnaimh chun comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn le 12 mhí anuas i bpríomhréimsí na Straitéise um Chomhionannas Inscne 2020–2025.

I mí an Mheithimh 2022, rinneadh comhaontú stairiúil maidir le cothromaíocht inscne i gcuideachtaí den Aontas leis an Treoir maidir le Cothromaíocht Inscne ar Bhoird agus formhuiniú iomlán ó Pharlaimint na hEorpa ina dhiaidh sin. Tá sé d’oibleagáid ar chuideachtaí de chuid an Aontais atá liostaithe ar stocmhalartáin an Aontais sciar 40 % den ghnéas tearcionadaithe a bhaint amach i measc stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin agus 33 % i measc na stiúrthóirí uile. Forchuirtear nósanna imeachta ceapacháin atá soiléir agus trédhearcach leis an treoir freisin.

I mí na Nollag tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir le bearta trédhearcachta pá, tar éis togra ón gCoimisiún in 2021. Leis na rialacha nua, cuirfear níos mó trédhearcachta agus forfheidhmiú níos éifeachtaí ar fáil maidir le prionsabal an phá chomhionainn idir mná agus fir, agus cuirfear feabhas ar rochtain ar cheartas d’íospartaigh an idirdhealaithe pá.

méadú
26 %

Tá méadú 26 % ar an bhfás domhanda le baint amach againn, má dhúnaimid an bhearna inscne.

duine amháin as gach cúigear

Mothaíonn duine amháin as gach cúigear mílaoiseach ar a laghad go ndéantar idirdhealú orthu i rith an ama, nó go minic, mar gheall ar ghné dá gcúlra. Cine agus eitneachas na gnéithe is mó a luadh.

Infheistíocht a dhéanamh i mná agus i gcailíní san Aontas agus ar fud an domhain

  • Príomhghné is ea an comhionannas inscne de bhuiséad nua an Aontais anois, de NextGenerationEU agus de chistiú do ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.
  • Tá os cionn 100 tionscnamh éagsúil ann maidir le comhionannas inscne i bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta na mBallstát.
  • Tá € 1.55 billiún á leithdháileadh thar na blianta 2021–2027 faoi Chlár an Aontais um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna.
  • Leithdháileadh € 500 milliún faoin Tionscnamh Domhanda Spotsolais idir an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe.
  • Cuirfidh 85 % de na tionscnaimh faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta an comhionannas inscne chun cinn.

Foréigean inscne a chomhrac

Ar Lá Idirnáisiúnta na mBan i mí an Mhárta 2022, mhol an Coimisiún rialacha uile-Aontais chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac. Leis an treoir atá beartaithe, dhéanfaí coir den éigniú bunaithe ar easpa toilithe, de chiorrú ball giniúna ban agus den chibearfhoréigean, a bhfuil comhroinnt neamhthoiliúil íomhánna dlúthchaidrimh, cibearstalcaireacht, cibirchiapadh agus cibirghríosadh chun foréigin nó fuatha san áireamh.

Leis na rialacha atá beartaithe, neartaítear rochtain na n-íospartach ar an gceartas agus spreagtar na Ballstáit chun sásra ionaid ilfhreastail a chur chun feidhme, rud a chiallaíonn go mbeadh gach seirbhís tacaíochta agus cosanta lonnaithe san áit chéanna.

Luaitear sna rialacha freisin gur cheart d’íospartaigh a bheith in ann cúiteamh a éileamh le linn imeachtaí coiriúla. Iarrtar sa togra cosaint agus tacaíocht leordhóthanach agus speisialaithe, amhail línte cabhrach saor in aisce agus ionaid éigeandála um éigniú, agus cuirtear ar fáil leis an togra tacaíocht spriocdhírithe do ghrúpaí a bhfuil riachtanais shonracha acu nó atá i mbaol, mná atá ag teitheadh ó choinbhleacht armtha san áireamh.

Aontas Eorpach a bhfuil gean aige

Tá an ceart ag gach duine chun seirbhísí cúraim inacmhainne: ó luathchúram leanaí agus oideachas go cúram fadtéarmach sa bhaile agus seirbhísí pobalbhunaithe. Bíonn tionchar dearfach ag rannpháirtíocht in oideachas na luath-óige ar fhorbairt leanaí agus cuidíonn sé le baol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta a laghdú le linn a saoil. Leis an gcúram fadtéarmach, cumhachtaítear daoine, a bhíonn ag brath ar chuidiú le haghaidh gníomhaíochtaí laethúla mar thoradh ar sheanaois, tinneas nó míchumas, chun a neamhspleáchas a choinneáil agus saol faoi dhínit a bheith acu. Mar sin féin, i gcás roinnt mhaith daoine, níl na seirbhísí sin inacmhainne, ar fáil ná inrochtana.

In 2022 ghlac an Coimisiún Eorpach an Straitéis Eorpach um Chúram. Cuireann an straitéis le folláine na bhfaighteoirí cúraim, leis an gcomhionannas inscne agus leis an gcothroime shóisialta. Is é is aidhm don phlean uaillmhianach sin rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ardcháilíochta a threisiú agus athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna maidir le hoideachas agus cúram luath-óige a leag an Chomhairle síos in Barcelona na Spáinne, mar a bheartaítear faoi Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Tá sé tábhachtach infheistíocht a dhéanamh i gcúram chun daoine a bhfuil buanna acu a mhealladh agus a choinneáil in earnáil an chúraim, agus is minic gur saintréithe den earnáil sin iad dálaí oibre deacra agus pá íseal, agus tá sé tábhachtach freisin chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus chun acmhainneacht eacnamaíoch na hearnála agus acmhainneacht na hearnála maidir le cruthú post a chomhlíonadh. Cuirfidh an infheistíocht sin feabhas freisin ar rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair. Ós rud é gurb iad na mná is mó atá thíos le freagrachtaí cúraim fós, agus gur mná iad 90 % den lucht saothair cúraim fhoirmiúil agus 7.7 milliún bean as fostaíocht mar gheall ar fhreagrachtaí cúraim, d’fhéadfadh earnáil éifeachtúil cúraim cúiteamh a dhéanamh ar neamhionannais leanúnacha inscne amhail bearnaí pá idir na hinscní agus bearnaí pinsin.

Chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, tá bearta nithiúla á moladh ag an gCoimisiún chun tacú leis na Ballstáit rochtain ar sheirbhísí cúraim inacmhainne ar ardchaighdeán a mhéadú, agus ag an am céanna dálaí oibre agus cothromaíocht oibre is saoil á bhfeabhsú do chúramóirí.

Amhail ó mhí Lúnasa 2022, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit uile rialacha nua an Aontais maidir le cothromaíocht oibre is saoil a chur i bhfeidhm.

Is mná iad beagnach 90 % den lucht saothair cúraim fhoirmiúil.

Ní bhíonn 7.7 milliún bean ag obair mar gheall ar fhreagrachtaí cúraim gan íocaíocht.

Trí infheistíocht a dhéanamh i gcúram, is féidir 13.6 milliún post breise a chruthú san Aontas faoi 2030.

In 2019, ní raibh ach 27 % de leanaí i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta cláraithe in oideachas agus cúram luath-óige i gcomparáid le 35 % den daonra ginearálta leanaí.

Ní úsáideann thart ar aon trian de theaghlaigh a bhfuil riachtanais cúraim fhadtéarmaigh acu seirbhísí cúraim sa bhaile toisc nach féidir leo íoc astu.

Images © Adobe Stock


An Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020–2025 a chur chun feidhme

D’eisigh an tAontas Treoirlínte nua maidir le straitéisí agus pleananna gníomhaíochta chun comhionannas LGBTIQ a fheabhsú, rud a chuidíonn leis na Ballstáit bearta a chur chun feidhme chun comhionannas a chinntiú dá bpobail LGBTIQ. Ar na treoirlínte tá spriocanna soiléire a leagan síos chun comhionannas a chur chun cinn agus, ag an am céanna, díriú ar na daoine is leochailí sa phobal LGBTIQ agus a gcosaint a chinntiú trí chonairí éifeachtacha dlíthiúla.

Ghlac an Coimisiún togra freisin chun aitheantas tuismíochta ar fud na mBallstát a chomhchuibhiú, cearta bunúsacha leanaí a chosaint agus deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do theaghlaigh (féach Caibidil 5).

Helena Dalli agus í ag siúl ag paráid bhróid taobh thiar de phóstaer agus an teideal ‘#EU for all’ [‘an tAontas Eorpach do chách’] air i gcló Coireallach na Seirbia ar chúlra de thuar ceatha.
Helena Dalli, an Coimisinéir Eorpach um Chomhionannas, i láthair ag comóradh 30 bliain EuroPride i mBéalgrád na Seirbia, an 16 Meán Fómhair 2022.

Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021–2030

Tá sé de cheart ag daoine faoi mhíchumas a bheith rannpháirteach go hiomlán i ngach réimse den saol, mar atá ag gach duine eile. In ainneoin an dul chun cinn atá déanta i réimsí áirithe, tá go leor constaicí fós ann. Ní fhostaítear ach an leathchuid de na daoine faoi mhíchumas i gcomparáid le triúr as gach ceathrar nach bhfuil faoi mhíchumas. In 2021, 29,7 % de dhaonra an Aontais a bhí 16 bliana d’aois nó níos sine agus a bhí faoi mhíchumas (teorannú gníomhaíochta), bhí siad i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta, agus ní raibh ach 18,8 % díobh siúd nach raibh faoi mhíchumas.

In 2022, d’fhoilsigh an Coimisiún creat monatóireachta inar féidir le daoine súil a choinneáil ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le gach ceann de na 64 ghníomhaíocht den Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021–2030. Tá dhá phríomhthionscnamh de chuid na straitéise curtha i gcrích cheana féin: bunú an Ardáin Míchumais, ina n-oibríonn Ballstáit, sochaí shibhialta agus institiúidí an Aontais le chéile chun spriocanna na straitéise a bhaint amach, agus chun an Straitéis Acmhainní Daonna don Choimisiún Eorpach a athnuachan, agus bearta san áireamh chun éagsúlacht agus ionchuimsiú daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn.

I mí Mheán Fómhair seoladh an Pacáiste Fostaíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas, a bhfuil sé d’aidhm aige feabhas a chur ar thorthaí margaidh saothair do dhaoine faoi mhíchumas. Cuideoidh an pacáiste le beartais náisiúnta a fhorbairt ina mbeidh daoine faoi mhíchumas rannpháirteach san aistriú glas agus san aistriú digiteach.

Ag Comhdháil Lá Eorpach na nDaoine faoi Mhíchumas, a d’eagraigh an Coimisiún Eorpach agus an Fóram Eorpach um Míchumas, rinne Věra Jourová, an Leas-Uachtarán um Luachanna agus Trédhearcacht, agus Helena Dalli, an Coimisinéir um Chomhionannas, Gradaim don Chathair is Inrochtana 2023 a chur i láthair, agus aitheantas á thabhairt do chathracha a rinne iarrachtaí chun feabhas a chur ar inrochtaineacht agus ar rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas. Bhuaigh Skellefteå na Sualainne as a cur chuige nuálach agus as a tiomantas fadtéarmach i leith inrochtaineacht fheabhsaithe i spásanna poiblí agus i mbonneagar iompair.

Le hArdán an Aontais Eorpaigh do Dhaoine faoi Mhíchumas tugtar deis eile do na páirtithe leasmhara ábhartha taithí agus dea-chleachtais a chomhroinnt, foghlaim óna chéile agus comhoibriú le chéile.

Duine dall ag dul síos staighre agus aimseadóir buí mar mhadra seirbhíse aige agus maide siúil bán ina ghlac aige.

© Adobe Stock

Aontas Eorpach atá frithchiníoch amach is amach

Mar chuid de na bearta faoi Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas, thionóil an Coimisiún an dara Cruinniú Mullaigh Eorpach maidir leis an bhfrithchiníochas i mí an Mhárta 2022 in éineacht le hinstitiúidí, Ballstáit, sochaí shibhialta, comhlachtaí comhionannais agus eagraíochtaí pobail an Aontais. Ó seoladh an plean gníomhaíochta, iarradh ar na Ballstáit pleananna náisiúnta i gcoinne an chiníochais a fhorbairt. Deis a bhí sa chruinniú mullaigh plé a dhéanamh maidir leis an dul chun cinn a rinneadh i ndáil lena gcur chun feidhme, go háirithe na treoirphrionsabail choiteanna chun tacú le pleananna gníomhaíochta náisiúnta a ullmhú i gcoinne an chiníochais agus iad a chur chun feidhme.

Chomh maith leis sin, d’oibrigh an Coimisiún leis na Ballstáit ar thuarascáil mheasúnaithe ar a gcreataí straitéiseacha náisiúnta maidir leis na Romaigh mar obair leantach ar Chreat Straitéiseach nua an Aontais maidir le Comhionannas, Cuimsiú agus Rannpháirtíocht na Romach, lena ndéantar anailís ar na gealltanais atá tugtha ag na Ballstáit agus lena gcuirtear treoir ar fáil maidir le haon fheabhsú a bhfuil gá leis.

Lean an tAontas Eorpach dá chuid oibre chun an fhuathchoireacht agus an fhuathchaint chiníoch agus sheineafóbach a chomhrac, agus chun deimhin a dhéanamh de thrasuí agus cur chun feidhme cuí an Chinnidh Réime maidir le dul i ngleic leis an bhfuathchoireacht agus leis an bhfuathchaint trí bhíthin an dlí choiriúil, trí nósanna imeachta um shárú san áireamh.

An comhrac i gcoinne an fhrithsheimíteachas

Tá tús curtha ag an gCoimisiún le cur chun feidhme na chéad Straitéise riamh de chuid an Aontais maidir leis an bhFrithsheimíteachas a Chomhrac agus Saol na nGiúdach a Chothú 2021–2030. Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an gciníochas agus an frithsheimíteachas a chomhrac i mí an Mhárta 2022 agus d’iarr sí ar na Ballstáit straitéisí náisiúnta a fhorbairt i gcoinne an fhrithsheimíteachais faoi dheireadh 2022. Iarradh ar na Ballstáit freisin leas a bhaint as na sainmhínithe oibre ar an bhfrithsheimíteachas agus ar shéanadh agus saobhadh ar an Uileloscadh a ghlac an Chomhghuaillíocht Idirnáisiúnta um Chuimhneachán ar an Uileloscadh, ar sainmhínithe iad nach bhfuil ceangailteach ó thaobh dlí.

Na chéad ghradaim éagsúlachta de chuid an Aontais

I mí Aibreáin 2022, d’fhógair an Coimisiún Eorpach buaiteoirí an chéad eagráin de na Gradaim Eorpaigh do Phríomhchathracha an Ionchuimsithe agus na hÉagsúlachta, gradaim arb é is aidhm dóibh béim a leagan ar bhailte, cathracha agus réigiúin ar fud an Aontais a léirigh dea-shampla ó thaobh beartais ionchuimsithe de. Rinneadh na buaiteoirí, atá scaipthe ar fud cúig Bhallstát, a cheiliúradh as a gcuid oibre ar shochaithe níos cothroime a fhorbairt trí éagsúlacht agus ionchuimsiú a chur chun cinn maidir le gnéas, tionscnamh ciníoch agus eitneach, reiligiún agus creideamh, míchumas, aois, cearta LGBTIQ agus imeascadh na Romach.

Seoladh na Gradaim Eorpaigh do Phríomhchathracha an Ionchuimsithe agus na hÉagsúlachta laistigh de Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Frithchiníochas 2020–2025 agus is cuid d’obair an Choimisiúin iad chun fíor-aontas comhionannais a bhaint amach, agus fógraíodh na buaiteoirí le linn Mhí Eorpach na hÉagsúlachta 2022. Ba é “naisc a chothú” an téama, agus phléigh ionadaithe ón saol gnó, ón saol acadúil, ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ón gCoimisiún Eorpach conas ionaid oibre ionchuimsitheacha a fhorbairt agus beartais maidir le ionchuimsiú agus éagsúlacht atá éifeachtach agus trasnach a chruthú a théann i ngleic le roinnt réimsí idirdhealaithe ag an am céanna.

Físeán ina bhfreagraíonn na buaiteoirí ceisteanna faoin dámhachtain agus faoin éagsúlacht agus faoin ionchuimsiú go ginearálta.
VIDEO Míníonn buaiteoirí an chéad Ghradaim do Phríomhchathracha Ionchuimsithe agus Éagsúlachta na hEorpa tionchar áitiúil na dámhachtana, a n inspreagadh féin agus na buntáistí foriomlána a bhaineann le hiarrachtaí Eoraip níos cothroime agus níos cuimsithí a bhaint amach.
Ceathrar oibrithe cosanta sibhialta agus cabhrach daonnúla de chuid an Aontais faoi éide in oifig, agus iad ag féachaint ar scáileán mór a bhfuil roinnt léarscáileanna le feiceáil air.
Oifigigh ag an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha, a dhéanann comhordú ar sholáthar cúnaimh do thíortha atá thíos le tubaistí, sa Bhruiséil, an Bheilg, an 4 Bealtaine 2022.

8. Leasanna agus luachanna Eorpacha a chur chun cinn ar fud an domhain

Réamhrá

I mbliain inar tháinig méadú de réir a chéile ar an éiginnteacht, bhí an tAontas fós ina cheann feadhna ar an iltaobhachas agus bhí sé i gceannas ar an bhfreagairt ar dhúshláin dhomhanda, agus beartas uaillmhianach comharsanachta á shaothrú aige, an dlúthpháirtíocht á léiriú agus comhpháirtíochtaí cuimsitheacha á bhforbairt chun an tsíocháin, an chobhsaíocht, an daonlathas agus cearta an duine ar fud an domhain a dhaingniú agus a chur chun cinn.

Agus iad aontaithe agus diongbháilte ina bhfreagairt ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ar na géarchéimeanna bia agus fuinnimh a lean é, chuir an tAontas agus a Bhallstáit cabhair dhaonnúil, cúnamh éigeandála, agus tacaíocht airgeadais, oibríochtúil agus mhíleata ar fáil don Úcráin (féach Caibidil 1).

D’athdhearbhaigh Ballstáit an Aontais a dtiomantas freagracht níos mó a ghlacadh as slándáil agus cosaint na hEorpa, i ndlúthchomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta, chun leasanna agus luachanna coiteanna a chosaint.

An tslándáil agus an chosaint

Cinn stáit agus cinn rialtais ina seasamh os comhair Phálás Versailles.
Cruinniú neamhfhoirmiúil na gceann stáit agus rialtais, Versailles na Fraince, an 11 Márta 2022. © Judith Litvine / Aireacht na Fraince don Eoraip agus do Ghnóthaí Eachtracha

Chun feabhas a chur ar chumas an Aontais a chuid saoránach, luachanna agus leasanna a chosaint agus rannchuidiú leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta, ghlac an Chomhairle Compás Straitéiseach, rud a d’fhormhuinigh ceannairí an Aontais i mí an Mhárta 2022. I gcomhréir leis an treo a leagadh síos le Dearbhú Versailles, is é is aidhm dó dlús a chur leis an infheistíocht, leas a bhaint as teicneolaíochtaí nuálacha criticiúla, agus margadh cosanta Eorpach níos comhtháite agus níos iomaíche a chruthú. Tá sé beartaithe buiséad cosanta an Aontais a mhéadú agus feabhas a chur ar an gcomhordú idir na Ballstáit a mhéid a bhaineann le caighdeánú acmhainní agus trealaimh.

Tá an comhar idir an tAontas agus ECAT fós ina cholún lárnach de chobhsaíocht agus slándáil na hEorpa. In 2022 rinne dhá Bhallstát eile de chuid an Aontais, an Fhionlainn agus an tSualainn, iarratas ar dhul isteach in ECAT, rud a chuir deireadh lena neamhailíniú míleata seanbhunaithe.

Le linn na bliana, chuaigh an Danmhairg isteach leis na 26 Bhallstát eile sa Chomhbheartas Slándála agus Cosanta, rud a chuir tuilleadh feabhais ar chumas an Aontais ról ceannasach a ghlacadh in oibríochtaí síochánaíochta, i gcosc coinbhleachtaí agus i neartú na slándála idirnáisiúnta.

Mar gheall ar na héifeachtaí fadtréimhseacha is dócha a bheidh ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine (féach Caibidil 1) ar ord slándála na hEorpa agus an domhain, tá gá le comhar níos dlúithe fós le comhpháirtithe amhail na Náisiúin Aontaithe, ECAT, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, an tAontas Afracach agus Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN).

Léirítear sa ghrafaic faisnéise príomhspriocanna Chompás Straitéiseach an Aontais Eorpaigh.

Ós rud é go bhfuil gá le hanailís ar bhagairtí chun ord domhanda neamhchinnte a bhaint amach, ghlac an Chomhairle Compás Straitéiseach an Aontais Eorpaigh. Is ar cheithre phríomhcholún atá a straitéis agus a plean gníomhaíochta bunaithe: comhpháirtíocht i gcoinne bagairtí comhchoiteanna, gníomhaíocht mhear chinntitheach in aimsir géarchéime, infheistíocht i gcumais agus i dteicneolaíochtaí, agus cosaint ar bhagairtí agus saoránaigh an Aontais a choinneáil slán.

Chuir an tSaoráid Eorpach Síochána trealamh míleata agus bonneagar slándála ar fáil d’fhórsaí armtha na hÚcráine, rud a chuir in iúl go cinntitheach go dtacaítear le cosaint na hÚcráine. Ba é sin an chéad uair riamh ó bunaíodh an tAontas gur chuir sé trealamh marfach ar fáil do thír chun í féin a chosaint ar ionsaí. Tríd an tSaoráid Eorpach Síochána, thacaigh an tAontas le tíortha comhpháirtíochta freisin trí bhearta cúnaimh, amhail Mósaimbíc, an Nígir, an tSomáil, Poblacht na Moldóive agus tíortha na mBalcán Thiar, agus thacaigh sé leis an Aontas Afracach.

Ina theannta sin, sheol an tAontas Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais chun tacú leis an Úcráin cumas Fhórsaí Armtha na hÚcráine a neartú chun iomláine chríochach na hÚcráine a chosaint laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus chun cosc a chur ar ionsaithe míleata agus freagairt orthu, ionsaithe a d’fhéadfadh an Rúis agus ionsaitheoirí féideartha eile amach anseo a dhéanamh.

Josep Borrell agus seaicéad míleata á chaitheamh aige agus é i measc na bhfear seirbhíse.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar “Eoraip níos láidre sa Domhan” (sa lár), ag an 29ú Comhairle Aireachta den Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, Łód na Polainne, an 1 Nollaig 2022.

Rinne an tAontas agus a Bhallstáit an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla a shlógadh gan mhoill chun forairdeall a chinntiú maidir le coirpigh a bhainfeadh leas as an ionsaí míleata atá ar siúl san Úcráin. Bunaíodh Mol Tacaíochta nua de chuid an Aontais um Shlándáil Inmheánach agus Bainistiú Teorainneacha i bPoblacht na Moldóive.

Chuir an tAontas tacaíocht iomlán oibríochtúil agus airgeadais ar fáil do na tíortha túslíne (féach Caibidil 1). Tá tacaíocht á tairiscint ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) ag teorainneacha an Aontais leis an Úcráin agus leis an Rúis chun cúnamh a thabhairt do na húdaráis áitiúla déileáil leis an líon mór dídeanaithe atá ag teacht isteach. Tá Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) i láthair ar an láthair freisin agus oibríonn sí go dlúth leis na Ballstáit uile chun coireanna cosúil le gáinneáil ar dhaoine, gáinneáil ar airm thine, sciúradh airgid agus dúshaothrú saothair a chosc agus a chomhrac.

€ 1 bhilliún

slógtha trí Chiste Eorpach Cosanta 2022 chun borradh a chur faoi chumas cosanta an Aontais agus uirlisí nua a sholáthar chun an chosaint a nuáil.

€ 1.2 billiún

do 61 thionscadal taighde agus forbartha tionsclaíochta cosanta (agus tacaíocht acu ó thart ar 700 cuideachta) a roghnaíodh faoi Chiste Eorpach Cosanta 2021.

€ 2 bhilliún

an infheistíocht a fógraíodh do Scéim Nuálaíochta Cosanta an Aontais Eorpaigh (*).

(*) Rud ina bhfuil buiséad ón gCiste Eorpach Cosanta (€ 1.46 billiún), mar aon le cómhaoiniú ó na Ballstáit (€ 90 milliún) agus giaráil ionchasach € 400–500 milliún ó fhoinsí poiblí agus príobháideacha eile.

€ 500 milliún

ionstraim nua ghearrthéarmach atá beartaithe tríd an Rialachán lena mbunaítear Gníomh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar Comhoibríoch, chun soláthar comhoibríoch na mBallstát a dhreasú maidir le táirgí cosanta práinneacha ríthábhachtacha ó thionscal an Aontais.

€ 3.1 billiún

trealamh agus soláthairtí a cuireadh ar fáil tríd an tSaoráid Eorpach Síochána.

NB: Sa ghrafaic faisnéise seo tá idir chláir atá ann cheana agus cláir a bheidh ann amach anseo.

Beartas comharsanachta agus caibidlíocht maidir le méadú

Na Balcáin Thiar agus an Tuirc

Bhí an tAontas tiomanta i gcónaí do pheirspictíocht Eorpach an réigiúin agus chuir sé tús le caibidlíocht leis an Albáin agus leis an Macadóin Thuaidh i mí Iúil. Bhronn sí stádas mar iarrthóir ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin freisin i mí na Nollag.

I bPacáiste 2022 um Méadú, bhí forléargas mionsonraithe ar chur chun feidhme Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta na mBalcán Thiar, ar fiú EUR 30 billiún é, mar chuid den straitéis Global Gateway (féach thíos). Is é is aidhm dó sin an bhearna shocheacnamaíoch is cosúil atá idir an tAontas agus an réigiún a laghdú, agus slándáil fuinnimh an réigiúin a fheabhsú.

Dheimhnigh an Coimisiún Eorpach a mholadh maidir leis an gcóras víosa le haghaidh na Cosaive a dhíothú (tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive). Faoi chuimsiú chaibidlíocht aontachais an Aontais le Montainéagró agus leis an tSeirbia, choinnigh an tAontas a idirphlé rialta leis an dá thír ar bun ar an leibhéal polaitiúil agus ar an leibhéal teicniúil araon.

An 6 Nollaig tionóladh an chéad Chruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar i dTiorána na hAlbáine, agus ba dheis thábhachtach é chun peirspictíocht aontachais chomhpháirtithe na mBalcán Thiar a athdhearbhú. D’fhógair an Coimisiún an Pacáiste Tacaíochta Fuinnimh, ina bhfuil deontais dar luach EUR 1 bhilliún chun cabhrú leis na Balcáin Thiar aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh agus a n-aistriú chuig fuinneamh glan a chur chun cinn. Ba dhíol sásaimh freisin ag an gcruinniú mullaigh dearbhú comhpháirteach ó oibreoirí teileachumarsáide an Aontais agus na mBalcán Thiar maidir leis an laghdú a bheidh ann amach anseo ar chostais fánaíochta idir an tAontas agus na Balcáin Thiar agus maidir leis an ngealltanas i dtaobh ailíniú le beartas víosaí an Aontais.

Petr Fiala, Dimitar Kovačevski, Edi Rama agus Ursula von der Leyen agus iad ag croitheadh lámh agus miongháire orthu os comhair an cheamara.
Ursula von der Leyen, (an chéad duine ar dheis) Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus í ag fáiltiú roimh (ó chlé go deas) Petr Fiala, Príomh Aire na Seicia, Dimitar Kovačevski, Príomh Aire na Macadóine Thuaidh, agus Edi Rama, Príomh Aire na hAlbáine, an Bhruiséil, an Bheilg, an 19 Iúil 2022.

Lean an tAontas dá idirphlé ardleibhéil leis an Tuirc i réimsí áirithe ina bhfuil ábhair imní choiteanna, go háirithe an t-athrú aeráide agus an imirce. Leanadh den dian-rannpháirtíocht maidir le trádáil freisin.

Cúnamh airgeadais do na Balcáin Thiar agus don Tuirc

€ 500 milliún

tacaíocht bhuiséideach phráinneach do na Balcáin Thiar chun dul i ngleic le tionchar na géarchéime fuinnimh.

Deontais € 1.8 billiún

arna ghlacadh i ndeontais faoi Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar do 24 thionscadal shuaitheanta infheistíochta (iompar, fuinneamh, comhshaol, digiteach, earnáil phríobháideach agus caipiteal daonna). As an méid sin, úsáidtear € 500 milliún mar chuid den phacáiste tacaíochta fuinnimh.

Lena ngiaráiltear infheistíocht € 5.7 billiún san iomlán.

€ 990 milliún

cláir forbartha tuaithe faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais do Mhontainéagró, don Mhacadóin Thuaidh, don Albáin, don tSeirbia agus don Tuirc.

Meastar go nginfear infheistíocht níos mó ná € 2 bhilliún i gceantair thuaithe na mBalcán Thiar agus na Tuirce.

Comhpháirtíocht an Oirthir

Tar éis an chinnidh ón gComhairle Eorpach i mí an Mheithimh 2022, dheonaigh an tAontas stádas mar iarrthóir don Úcráin agus do Phoblacht na Moldóive, agus thug sé peirspictíocht Eorpach don tSeoirsia.

Lean an tAontas dá Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta uaillmhianach a chur chun feidhme, mar chuid den straitéis Global Gateway (féach thíos), ar fud réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir chun tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide agus leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.

Ursula von der Leyen agus Volodymyr Zelenskyy agus miongháire orthu ar a chéile agus ag croitheadh lámh ar phóidiam os comhair bhratacha na hÚcráine.
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (ar chlé), agus Volodymyr Zelenskyy, Uachtarán na hÚcráine, Cív na hÚcráine, an 8 Aibreán 2022.

I gcás chomhpháirtithe an oirthir, tá EUR 2.3 billiún á infheistiú ag an Aontas chun infheistíochtaí suas le EUR 17 mbilliún a ghiaráil ar fud na n-earnálacha uile. Áirítear leis sin tionscadail nascachta digití, mar shampla cábla snáthoptaice a chur in úsáid faoin Muir Dhubh agus bonneagar leathanbhanda ardluais a fhorbairt. Is tosaíocht freisin iad bealaí iompair i gcomhair daoine agus earraí idir réigiún Chugais agus an tAontas.

Le síniú an Mheabhráin Tuisceana maidir le Fuinneamh leis an Asarbaiseáin, neartaíodh slándáil fuinnimh an Aontais agus aistriú glas na hAsarbaiseáine.

Maia Sandu agus Olivér Várhelyi os comhair bhratach na Moldóive agus bratach Eorpach, agus iad ag croitheadh lámh os comhair an cheamara.
Maia Sandu, Uachtarán Phoblacht na Moldóive (ar chlé), agus Olivér Várhelyi, an Coimisinéir Eorpach um an gComharsanacht agus um Méadú, sa Bhruiséil, an Bheilg, an 18 Bealtaine 2022.

Tar éis na dtoghchán calaoiseach uachtaránachta sa Bhealarúis in 2020 agus rannpháirtíocht an réimis i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, mhéadaigh an tAontas a smachtbhannaí lena ndírítear ar réimeas na Bealarúise. Mar sin féin, leanann an tAontas de thacaíocht agus dlúthpháirtíocht a thairiscint do mhuintir na Bealarúise, agus iad sa tír sin agus ar an gcoigríoch araon.

Comharsanacht an Deiscirt

Tá cur chun feidhme an Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do Chomharsanacht an Deiscirt, mar chuid den straitéis Global Gateway (féach thíos), faoi lán seoil, agus tá tionscadail thábhachtacha á múnlú i réimsí tosaíochta an aistrithe ghlais agus na hathléimneachta i ndáil leis an athrú aeráide. In 2022 gealladh EUR 30 billiún i gcomhair infheistíocht i gComharsanacht an Deiscirt, i mbonneagar fuinnimh in-athnuaite den chuid is mó.

I mí na Samhna chuir an tAontas agus an Éigipt dlús lena gcomhar i dtaobh an aistrithe chuig fuinneamh glan trí mheabhrán tuisceana a shíniú a bhaineann le comhpháirtíocht straitéiseach maidir le hidrigin in-athnuaite.

Ba é cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ba chúis le héifeachtaí díobhálacha iomadúla i dtíortha Chomharsanacht an Deiscirt, go háirithe i measc na dtíortha sin a bhí ag brath go struchtúrach ar iompórtálacha bia agus atá thíos le dálaí socheacnamaíocha meathlaithe a tháinig chun cinn cheana féin mar gheall ar phaindéim COVID-19.

Thacaigh an Coimisiún le hathléimneacht na dtíortha comhpháirtíochta trí chláir lena dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna cosúil le téarnamh eacnamaíoch, cosaint shóisialta, cruthú post agus talmhaíocht. Cuireadh tacaíocht ón Aontas ar fáil, arbh fhiú EUR 225 mhilliún í, do Chomharsanacht an Deiscirt tríd an tSaoráid Bia agus Athléimneachta, chun maolú a dhéanamh ar éifeachtaí na ngéarchéimeanna bia a d’fhéadfadh a theacht chun cinn mar thoradh ar mhórspleáchas ar iompórtálacha bia ar chuir cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine isteach air (féach “Slándáil bia” thíos).

Comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta agus cabhair dhaonnúil

Global Gateway

In 2022 d’oibrigh an tAontas ar leathnú amach a thairisceana dearfaí inbhuanaithe infheistíochtaí a mhaoiniú, mar atá an straitéis Global Gateway. Seoladh í go déanach in 2021 chun tacú le hinfheistíocht mhór i dtionscadail bonneagair chrua agus bhoig, agus is é is aidhm di borradh a chur faoi naisc chliste, ghlana agus shlána sna hearnálacha digiteacha, fuinnimh agus iompair agus córais sláinte, oideachais agus taighde a neartú.

De réir cur chuige de chuid “Team Europe”, chomhaontaigh an tAontas, a Bhallstáit, na bainc forbartha agus na hinstitiúidí airgeadais rannchuidiú le EUR 300 billiún a shlógadh faoi 2027, chun infheistíocht a dhéanamh i dtíortha comhpháirtíochta. Ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach i mí Feabhra seoladh an chéad mhórphacáiste infheistíochta Global Gateway idir an Afraic agus an tAontas, arbh fhiú EUR 150 billiún é.

Ursula von der Leyen, Joe Biden agus Joko Widodo ag léachtán agus iad ag tabhairt óráide.
Ó chlé go deas: Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Joe Biden, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus Joko Widodo, Uachtarán na hIndinéise, agus iad ag cruinniú mullaigh G20 in Bali na hIndinéise, an 16 Samhain 2022. Ar imeall an chruinnithe mullaigh, le linn ócáid ardleibhéil maidir leis an gComhpháirtíocht le haghaidh Infheistíochtaí Bonneagair Dhomhanda, rinneadh machnamh maidir leis an staid mar atá tar éis na chéad bhliana dá cur chun feidhme. Is comhiarracht í an chomhpháirtíocht idir G7 chun tionscadail bhonneagair a mhaoiniú i dtíortha atá i mbéal forbartha.

Rinneadh príomhinfheistíochtaí sa chéad bhliain dá chur chun feidhme chun borradh a chur faoin nascacht dhigiteach trí cháblaí sonraí faoi uisce agus naisc thalún idir an tAontas agus a chomhpháirtithe, chun táirgeadh fuinnimh in-athnuaite a mhéadú le hinfheistíochtaí i ngléasraí gréine agus feirmeacha gaoithe agus chun rochtain ar vacsaíní, cógais agus teicneolaíochtaí sláinte agus a n-acmhainneacht mhonaraíochta a mhéadú.

I gcur chuige de chuid “Team Europe”, tá an tAontas agus a Bhallstáit fós ar na príomhsholáthraithe cúnaimh oifigiúil um fhorbairt ar fud an domhain, le EUR 71.6 billiún in 2021 (na sonraí is déanaí atá ar fáil), is é sin 41 % den chúnamh domhanda. I dteannta a chéile cuireann siad níos mó ná a leath den chabhair dhomhanda ar fad ar fáil don oideachas, agus iad ag tacú le hearnáil an oideachais i mbreis agus 100 tír ar fud an domhain. Tá an tAontas fós ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí maidir le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus a Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach.

Tedros Adhanom Ghebreyesus agus Jutta Urpilainen agus iad ag síniú comhaontaithe ag bord, agus bratach na hEagraíochta Domhanda Sláinte, bratach Eorpach agus meirge gorm ar a bhfuil trí cinn de lógó an Choimisiúin Eorpaigh taobh thiar díobh.
Tedros Adhanom Ghebreyesus, Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (ar chlé), agus Jutta Urpilainen, an Coimisinéir Eorpach um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta, agus iad ag síniú clár comhpháirtíochta idir an tAontas agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, an Bhruiséil, an Bheilg, an 30 Samhain 2022.

In 2022 ceiliúradh caidreamh 45 bliana idir an tAontas agus ASEAN freisin. Le linn an Chruinnithe Mullaigh Comórtha idir an tAontas agus ASEAN, d’fhógair an tAontas agus a Bhallstáit, i gcur chuige de chuid ‘Team Europe’, go gcuirfí EUR 10 mbilliún ar fáil mar chuid de Global Gateway, chun dlús a chur le hinfheistíochtaí bonneagair i dtíortha ASEAN. Sainaithníodh roinnt tionscadail shuaitheanta sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, mar shampla an Tionscnamh Nascachta Inbhuanaithe le Team Europe.

Triúr fear ag díluchtú soláthairtí leighis ó bhád beag adhmaid agus páistí ag amharc orthu, Siarra Leon.
Vacsaíní ag teacht go Siarra Leon, Feabhra 2022. ©CONCERN, 2022

Chun tacú le hiarrachtaí na dtíortha comhpháirtíochta aghaidh a thabhairt ar an bpaindéim agus ar a hiarmhairtí, cuireadh EUR 53.7 billiún ar fáil cheana féin agus eisíocadh EUR 47.7 billiún i gcur chuige “Team Europe” faoi dheireadh 2021. In 2022 lean an tAontas agus a Bhallstáit de bheith ar thús cadhnaíochta maidir leis an dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta i dtaobh COVID-19 le 502.2 milliún dáileog vacsaíne a roinneadh le tíortha comhpháirtíochta. Roinneadh 422 mhilliún dáileog díobh sin trí COVAX (1.1 milliún dáileog tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta) agus roinneadh 80.2 milliún dáileog go déthaobhach (38 milliún díobh tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta).

Leithdháil an tAontas EUR 300 milliún breise chun dlús a chur le leathadh amach agus glacadh vacsaíní i roinnt tíortha, a bhformhór san Afraic, agus EUR 100 milliún thairis sin chun córais sláinte a neartú agus rochtain ar dhiagnóisiú agus ar chóireáil a fheabhsú. Chun acmhainneachtaí sláinte domhanda a neartú, chuidigh an tAontas le ciste idirnáisiúnta nua a chruthú chun paindéimí a chosc agus chun ullmhú dóibh agus freagairt orthu agus cuirfidh sé EUR 427 milliún leis.

In 2022 rinneadh dul chun cinn ar chur chun feidhme Thionscnamh Team Europe maidir le Monarú agus Rochtain ar Vacsaíní, Cógais agus Teicneolaíochtaí Sláinte san Afraic agus fógraíodh tionscnamh chun tacú le hiarrachtaí comhchosúla i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib. Déanfaidh sé sin na naisc shóisialta, eacnamaíocha agus eolaíocha idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib a chomhlánú agus a fheabhsú a thuilleadh.

Tá straitéis curtha ar aghaidh ag an Aontas freisin chun an chomhpháirtíocht idir a Bhallstáit agus Comhairle Comhair na Murascaille a neartú i bpríomhréimsí beartais, cosúil le fuinneamh, an t-aistriú glas agus an t-athrú aeráide, trádáil agus éagsúlú eacnamaíoch, an chobhsaíocht réigiúnach agus an tslándáil dhomhanda, dúshláin dhaonnúla agus forbartha, agus teagmhálacha níos dlúithe idir daoine. Tá comhar feabhsaithe á shaothrú ag an Aontas le deontóirí Arabacha maidir le tosaíochtaí comhpháirteacha.

Cabhair dhaonnúil agus cosaint shibhialta

Le 30 bliain anuas, chuidigh an tAontas le fulaingt na milliún daoine is leochailí i mbreis agus 110 dtír a mhaolú. In 2022 chuir an Coimisiún cabhair dhaonnúil ar fáil, arbh fhiú EUR 2.2 billiún í, chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais is práinní atá ag na pobail a ndéantar difear dóibh ar fud an domhain. Leithdháiltear euro amháin as gach seacht euro de bhuiséad cabhrach daonnúla an Aontais ar “éigeandálaí atá ligthe i ndearmad”, cosúil leis an ngorta i réigiún na Saiheile.

Lean an Coimisiún freisin de mhaoiniú daonnúil a chur ar fáil chun tacú le 4 mhilliún dídeanaí sa Tuirc, agus an chuid is mó acu ag teitheadh ón gcogadh sa tSiria. Tháinig EUR 50 milliún eile sa bhreis ar an EUR 325 mhilliún de chabhair dhaonnúil a fógraíodh cheana féin ag deireadh 2021 don chlár um Líontán Sábhála Sóisialta Éigeandála sa Tuirc, rud a chiallaíonn gur fiú gar do EUR 3.4 billiún maoiniú daonnúil iomlán an Aontais le haghaidh na Tuirce ó 2012 i leith.

Triúr ban ina suí ar chúl a chéile ar an talamh faoi scáth i gcampa dídeanaithe Kousseri i Sead, agus leanaí acu ina n-ucht. Cnáimhseach ina suí os a gcoinne, í ag scrúdú an chéad linbh sa scuaine.
Cnáimhseach ag seiceáil leanaí le haghaidh an mhíchothaithe i gcampa dídeanaithe Kousseri, Sead, mí na Bealtaine 2022. Bunaíodh an campa le cuidiú ó Chúnamh Daonnúil an Aontais tar éis do dhaoine sa Nigéir teitheadh ón bhforéigean ó Boko Haram.

Bhí an tAontas ina chathaoirleach ar an séú Comhdháil sa Bhruiséil maidir le “Tacú le todhchaí na Siria agus an réigiúin” an 9 agus an 10 Bealtaine 2022, inar tháinig 55 thír agus 22 eagraíocht idirnáisiúnta le chéile. Ag an gcomhdháil, arb í an phríomh-chomhdháil gealltanais le haghaidh na Siria agus an réigiúin, cuireadh cabhair ar fáil do mhuintir na Siria laistigh den tír agus i dtíortha comharsanachta trí ghealltanais dar luach breis agus EUR 6.4 billiún ar an iomlán.

Beirt fhear óg ag siúl thar chomhartha i bhFraincis ar a bhfuil “Cabhair phráinneach bhia agus dhaonnúil” scríofa, i gcampa dídeanaithe Kalambari i Sead.
Campa dídeanaithe Kalambari, Sead, mí na Bealtaine 2022.

In 2022 bunaíodh uirlis nua, an Acmhainneacht Eorpach um Fhreagairt Dhaonnúil, chun bearnaí a líonadh, go príomha sa lóistíocht, sa fhreagairt dhaonnúil ar ghuaiseacha nádúrtha a thagann chun cinn go tobann agus ar thubaistí de dheasca daoine.

Físeán ina léirítear conas a chuaigh an tAontas agus Oxfam i gcomhar le chéile chun na hoighinn a chur ar siúl arís i mbácús Siriach a scriosadh de bharr na cogaíochta.
VIDEO Cuidiú le bácús na hoighinn a chur ar siúl arís tar éis an chogaidh, Aleppo na Siria, mí an Mhárta 2022.
Léirítear sa ghrafaic faisnéise príomhghnéithe thionscnamh na hAcmhainneachta Eorpaí um Fhreagairt Dhaonnúil.

Le tionscnamh na hAcmhainneachta Eorpaí um Fhreagairt Dhaonnúil, cuirfear tacaíocht ar fáil do ghníomhaithe daonnúla agus do fhreagróirí éigeandála lena stoc-chairn earraí neamhbhia agus uisce, sláintíocht agus sláinteachas, saineolaithe sláinte agus lóistíochta agus seirbhísí lóistíochta comhchoiteanna, amhail Aerdhroichead Daonnúil an Aontais, bealaí eitilte um Chabhair Dhaonnúil an Aontais, seachadadh an mhíle dheireanaigh, seirbhísí iompair agus stórasú.

Le hoibríochtaí cabhrach daonnúla atá maoinithe ag an Aontas, cumhdaítear earnálacha éagsúla, agus an tslándáil bia, cúram sláinte, dídean agus oideachas i gcásanna éigeandála san áireamh, ach seirbhísí cosanta freisin, an chosaint ar fhoréigean inscnebhunaithe ina measc. Cuirtear cabhair ar fáil bunaithe ar na ceithre bhunphrionsabal dhaonnúla: an daonnacht, an neodracht, an neamhchlaontacht agus an neamhspleáchas.

Tá an tAontas lántiomanta i gcónaí do chomhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn d’fhonn a bheith in ann a chuspóirí maidir le cabhair dhaonnúil a chomhlíonadh agus slándáil a chomhpháirtithe daonnúla a fheabhsú, ach tá sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta fós ina ndúshlán ar fud an domhain.

Beirt chailíní Éimineacha agus aoibh gháire orthu agus iad ag díphacáil soláthairtí scoile as málaí droma.
Éimin, Deireadh Fómhair 2022. Uaireanta tarraingíonn leanaí leochaileacha siar ón scoil in Éimin mar gheall ar na costais a bhaineann le freastal ar scoil, costais a bhíonn ró-ard go minic dá dtuismitheoirí. A bhuí le cistí an Aontais, cuireann UNICEF soláthairtí scoile ar fáil do leanaí atá i ngátar agus tugann sé ar ais chuig an oideachas iad.
© UNICEF 2022

An tAontas Eorpach: mórdheontóir daonnúil in Éimin

Tar éis seacht mbliana cogaidh, tá ceann de na géarchéimeanna daonnúla is measa ar domhan ar siúl in Éimin. Tá na milliúin Éimineach easáitithe, ar anchaoi agus míchothaithe. Ina theannta sin, tá neamhshlándáil bia ann do níos mó ná an leathchuid den daonra. Cuidíonn cabhair dhaonnúil an Aontais le hÉiminigh cúnamh bia, cúram sláinte, oideachas, uisce agus foscadh a fháil. Cuidíonn sé freisin feabhas a chur ar sheirbhísí sláinteachais in áiteanna ina bhfuil easpa mhór slándála bia agus míchothú, limistéir ina bhfuil coinbhleacht, agus do phobail easáitithe.

Samplaí den chabhair dhaonnúil a leithdháileadh in 2022

Map Marker

Corn na hAfraice

€ 633 mhilliún (Team Europe)
Chun dul i ngleic le neamhshlándáil bia as cuimse mar gheall ar thriomach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, COVID-19 agus fogha na Rúise faoin Úcráin.

Map Marker

Réigiún na Saiheile agus Loch Shead

€ 954 mhilliún (an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit)
Chun dul i ngleic le neamhshlándáil ghéar bia atá ag dul in olcas ar fud na hAfraice.

Map Marker

An tSiria agus an réigiún

€ 6.4 billiún
Gealltanas iomlán a tugadh ag Comhdháil na Siria in 2022.
Gheall an tAontas agus a Bhallstáit € 4.8 billiún. Is iad sin na deontóirí is mó cúnamh daonnúil agus cúnamh athléimneachta don réigiún sin, agus € 27.4 billiún leithdháilte acu ó 2011 i leith.

Map Marker

An Afganastáin agus an réigiún

Breis agus € 115 mhilliún
Chun tacú le heagraíochtaí daonnúla. (Móide cistiú breise mar fhreagairt ar an gcrith talún tubaisteach de mhéid 5,9 a bhuail oirthear na hAfganastáine i mí an Mheithimh 2022.)

Map Marker

Éimin

€ 170 milliún
Dóibh siúd atá thíos leis an gcoinbhleacht.
Ó thús an chogaidh in 2015, tá breis agus € 1.2 billiún tugtha ag an Aontas chun freagairt don ghéarchéim, lena n-áirítear € 862 mhilliún i gcabhair dhaonnúil agus € 407 milliún i gcúnamh um fhorbairt.

Map Marker

Maenmar/Burma

€ 27 milliún
Chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais láithreacha na ndaoine is leochailí, lena n-áirítear na pobail easáitithe agus na pobail atá thíos leis an gcoinbhleacht.

Ceathrar fear ag siúl trí thírdhreach creagach tur.
Cabhair dhaonnúil an Aontais i gceantair iargúlta, an Afganastáin, Deireadh Fómhair 2022.
© Comhairle Dídeanaithe na Danmhairge, 2022

Slándáil bia

Bhí rioscaí suntasacha ann maidir le hinfhaighteacht agus inacmhainneacht bia i gcomharsanacht an Aontais, san Afraic Thuaidh agus sa Mheánoirthear, ach san Áise, san Afraic fho-Shahárach agus i Meiriceá Laidineach freisin, mar gheall ar an imshuí a rinneadh ar easpórtálacha na hÚcráine agus scriosadh na bpáirceanna ina dtáirgtear barra. Bhain sé sin le cruithneacht go háirithe, ar bun-phríomhbhia í.

Ghlac an tAontas cur chuige “Team Europe” agus rinne sé acmhainní agus saineolas a chomhthiomsú lena Bhallstáit agus lena institiúidí airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim dhomhanda bhia, agus an gá oibriú ar bhealach iltaobhach i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta á aithint aige go hiomlán.

Mar chuid de fhreagairt Team Europe ar neamhshlándáil dhomhanda an tSoláthair Bia, chuir an tAontas EUR 600 milliún breise ar fáil chun tacú le tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin atá buailte, agus EUR 225 mhilliún don Afraic Thuaidh agus don Mheánoirthear. Mar thoradh air sin, meastar gur fiú os cionn EUR 8.3 billiún an tacaíocht iomlán a mheastar a thug an tAontas don tslándáil dhomhanda bia agus do chórais dhomhanda bhia go dtí 2024.

Rannchuidiú an Aontais Eorpaigh leis an tslándáil dhomhanda ar fud an domhain

Taispeántar ar an léarscáil seo conas a dháiltear rannchuidiú an Aontais Eorpaigh leis an tslándáil dhomhanda ar fud an domhain.

8.3 billiún euro, sin ranníocaíocht iomlán an Aontais Eorpaigh don tslándáil dhomhanda, arna dháileadh mar seo a leanas: 1.32 billiún euro ar fud an domhain, 3.21 billiún euro don Afraic fho-Shahárach, 1.12 billiún euro do Chomharsanacht an Deiscirt, 1.05 billiún euro don Áise agus an tAigéan Ciúin, 886 mhilliún euro do na Balcáin Thiar agus an Tuirc, 384 mhilliún euro do Mheiriceá Laidineach agus an Mhuir Chairib, agus 294 mhilliún euro do Chomharsanacht an Oirthir.

D’oibrigh an tAontas ar a tháirgeadh bia a mhéadú, ar thrádáil bia agus beatha ón Úcráin a éascú agus ar tháirgeadh bia áitiúil a neartú. Arna iarraidh sin ag údaráis talmhaíochta na hÚcráine, rinneadh rochtain ar mhargaí an Aontais a chaomhnú agus a éascú ar bhealach solúbtha, le haghaidh iompórtálacha chuig margaí na hÚcráine agus easpórtálacha uathu araon. Leis na lánaí dlúthpháirtíochta idir an tAontas agus an Úcráin, rinneadh bealaí nua lóistíochta a éascú chun an Úcráin a nascadh le comhpháirtithe trádála domhanda (féach Caibidil 1).

Thacaigh an tAontas le hiarrachtaí na Náisiún Aontaithe le Tionscnamh Grán na Mara Duibhe freisin, d’fhonn idirthuras sábháilte grán agus earraí bia agus leasachán gaolmhar ó chalafoirt na hÚcráine sa Mhuir Dhubh chuig calafoirt dáileacháin bhreise a éascú.

A bhuí leis na tionscnaimh sin, ó mhí na Bealtaine go mí na Nollag 2022, easpórtáladh tuairim is 29 milliún tona de tháirgí talmhaíochta ón Úcráin, de réir na faisnéise a fuarthas ó Aireacht Talmhaíochta na hÚcráine. Cuireadh EUR 1 bhilliún eile ar fáil i mí na Nollag chun na lánaí dlúthpháirtíochta idir an tAontas agus an Úcráin a chothabháil agus chun cur leo.

VIDEO Lánaí dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin

An trádáil agus an teicneolaíocht

Uirlisí nua

Chun dul i ngleic le fadhb na gcumhachtaí domhanda eile a úsáideann an trádáil mar arm, thug an tAontas roinnt uirlisí nua isteach. In 2022 tháinig an Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta i bhfeidhm, rud a fhágann gur mó an tionchar a bhíonn ag an Aontas ar rochtain cuideachtaí san Aontas ar mhargaí soláthair phoiblí lasmuigh den Aontas.

Rinneadh dul chun cinn i bParlaimint na hEorpa agus i gComhairle an Aontais Eorpaigh maidir le rith na hIonstraime Frith-Chomhéigin, rud a chuideoidh leis an Aontas dul i ngleic leis an gcomhéigean eacnamaíoch, ina bhféachann tír nach bhfuil san Aontas le brú a chur ar an Aontas nó ar a Bhallstáit roghanna beartais a dhéanamh. Leis an ionstraim, beidh an tAontas in ann frithbhearta a fhorchur i bhfoirm trádála, infheistíochta nó srianta eile.

Ina theannta sin, is é is aidhm don teachtaireacht nua maidir le cumhacht na gcomhpháirtíochtaí trádála feabhas a chur ar rannchuidiú chomhaontuithe trádála an Aontais le forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus leis an aeráid, an comhshaol agus cearta saothair a chosaint ar fud an domhain. San áireamh leis an gcur chuige nua tá smachtbhannaí trádála a úsáid i gcás sáruithe ar phríomhfhorálacha aeráide agus saothair.

Comhaontuithe

I mí an Mheithimh thug an tAontas agus an Nua-Shéalainn caibidlíocht i gcrích maidir le comhaontú trádála ina bhfuil na gealltanais inbhuanaitheachta is uaillmhianaí go dtí seo maidir le haon chomhaontú trádála de chuid an Aontais. Cuirfidh sé deiseanna nua ar fáil d’fheirmeoirí, do chuideachtaí agus d’oibrithe na hEorpa.

Físeán ina mínítear tairbhí an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn.
VIDEO Síníonn an tAontas agus an Nua-Shéalainn Comhaontú Saorthrádála, mí an Mheithimh 2022.

Leanadh den chaibidlíocht maidir le comhaontuithe trádála leis an Astráil agus leis an India in 2022 freisin. Rinneadh obair theicniúil agus dhlíthiúil don chomhaontú trádála idir an tAontas agus Mercosur freisin. Thángthas ar chomhaontú polaitiúil leis an tSile chun an chaibidlíocht le haghaidh comhaontú trádála a thabhairt i gcrích.

In 2022 shínigh an tAontas a chéad chomhaontú aeriompair cuimsitheach ó bhloc go bloc leis na 10 dtír in ASEAN, comhaontú a chumhdaíonn breis agus 1.1 billiún duine de dhaonra iomlán san Aontas agus in ASEAN. Leis an gcomhaontú sin, déanfar margaí a oscailt, nascacht dhíreach a fheabhsú, agus sochair eacnamaíocha agus deiseanna nua a chruthú a bhuí le bunú tacair aonair rialacha do na haersheirbhísí uile idir an tAontas agus ASEAN. Rachaidh sé sin chun tairbhe do thomhaltóirí, d’aerlínte agus d’aerfoirt araon. Tá an comhaontú bunaithe ar chaighdeáin arda choiteanna i réimsí cosúil leis an gcomhshaol, cúrsaí saothair agus an iomaíocht chóir, mar aon le sábháilteacht agus slándáil eitlíochta.

Comhaontú cuimsitheach aeriompair idir ASEAN agus an tAONTAS EORPACH

Breis agus 140 comhaontú aersheirbhísí déthaobhacha a ionadú le Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas.

Na haigéin agus an t-iascach

Is céim ríthábhachtach é comhaontú nua na hEagraíochta Domhanda Trádála chun deireadh a chur le fóirdheontais dhíobhálacha iascaigh chun a chinntiú go mbeidh an inbhuanaitheacht mar phríomhchuspóir le fóirdheontais iascaigh ar fud an domhain agus ar an gcaoi sin go gcuirfidh siad le cosaint na n-aigéan. Cuireann an comhaontú cosc ar fhóirdheontais a chuireann le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, mar aon le hiascaireacht ar an mórmhuir neamhrialáilte. Tá toirmeasc freisin ar fhóirdheontais do stoic a ndéantar ró-iascaireacht orthu nach bhfuil aon bhearta bainistíochta iascaigh i bhfeidhm ina leith chun an stoc a athbhunú go leibhéal sláintiúil.

Físeán ina mínítear an Comhaontú maidir le Fóirdheontais Iascaigh, ina leagtar síos rialacha nua chun srian a chur le fóirdheontais dhíobhálacha agus chun stoic éisc an domhain a chosaint, rud atá ina chéim mhór chun tosaigh maidir le hinbhuanaitheacht na mara.
VIDEO Torthaí an 12ú Comhdháil Aireachta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála: Comhaontú maidir le Fóirdheontais Iascaigh, mí an Mheithimh 2022.

Ina theannta sin, moladh sa teachtaireacht chomhpháirteach maidir le Clár Oibre an Aontais um Rialachas Idirnáisiúnta na nAigéan bearta le haghaidh aigéin shábháilte shlána ghlana shláintiúla a bhainistítear go hinbhuanaithe. I gcomhréir leis an gclár oibre, thug an tAontas 52 ghealltanas dheonacha ar fiú suas le EUR 7 mbilliún iad — sampla nithiúil de ról an Aontais mar cheannaire domhanda i gcosaint aigéin an domhain. Beidh ról tábhachtach ag an gclár oibre maidir leis an ngné ghorm den Chomhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach. Cuirtear san áireamh ann príomhthreochtaí, cosúil le tionchar méadaithe an athraithe aeráide, meath contúirteach na bithéagsúlachta agus na dálaí geopholaitiúla athraithe.

An ghrafaic faisnéise seo ar a bhfuil siombail d’iasc san fharraige ar chúlra gorm, léiríonn sí an saol faoi uisce mar an 14ú Sprioc Forbartha Inbhuanaithe de chuid na Náisiún Aontaithe.

Tá gealltanas tugtha ag an Aontas an creat rialachais idirnáisiúnta aigéan a neartú ar an leibhéal domhanda agus réigiúnach, agus inbhuanaitheacht na n-aigéan a fhíorú faoi 2030 trí chur chuige comhordaithe comhlántach a ghlacadh maidir le dúshláin choiteanna agus éifeachtaí carnacha.

Leanfaidh an tAontas freisin de spás sábháilte slán a dhéanamh den aigéan, mar fhreagairt ar an iomaíocht mhéadaitheach in uiscí idirnáisiúnta agus ar na dúshláin atá roimh an gcomhar iltaobhach.

Trína bheartas a thabhairt cothrom le dáta, dheimhnigh an tAontas go bhfuil sé tiomanta go gníomhach do dhlús a chur le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 14.

Comhpháirtíochtaí digiteacha

Ag Cruinniú Aireachta 2022 den Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta, d’athdhearbhaigh an tAontas agus na Stáit Aontaithe a gcuid tacaíochta d’idirlíon oscailte domhanda idir-inoibritheach iontaofa slán, mar a chumhdaítear sa Dearbhú maidir le Todhchaí an Idirlín agus sa dearbhú maidir le cearta digiteacha agus prionsabail dhigiteacha na hEorpa. Phléigh an dá thaobh freisin cur chun feidhme phrionsabail choiteanna na hintleachta saorga agus chomhaontaigh siad treochlár comhpháirteach a fhorbairt maidir leis na huirlisí meastóireachta agus tomhais le haghaidh intleacht shaorga iontaofa agus bainistiú riosca.

In 2022 sheol an tAontas comhairle trádála agus teicneolaíochta leis an India freisin, agus comhpháirtíochtaí digiteacha leis an tSeapáin, le Singeapór agus leis an gCóiré Theas.

Margrethe Vestager agus Valdis Dombrovskis agus iad i mbun comhrá le triúr eile.
Margrethe Vestager, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar “Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach”, agus an Coimisinéir Eorpach um Iomaíocht, agus Valdis Dombrovskis, Leas Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar “Gheilleagar a Fhóireann do Dhaoine”, agus an Coimisinéir Eorpach um Thrádáil (an dara duine ar dheis), ag an gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe, Páras na Fraince, an 15 Bealtaine 2022.
Charles Michel, Fumio Kishida agus Ursula von der Leyen agus iad ina seasamh taobh le taobh os comhair dhá cheann de bhratach na Seapáine agus dhá cheann de bhratach na hEorpa.
Ó chlé go deas: Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Fumio Kishida, Príomh-Aire na Seapáine, agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag an 28ú cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin, i dTóiceo na Seapáine, Bealtaine 2022.
Ursula von der Leyen, Roberta Metsola, Charles Michel agus Josep Borrell ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa.
Ó chlé go deas: Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, roimh dhíospóireacht i bParlaimint na hEorpa in Strasbourg na Fraince, an 16 Feabhra 2022.

9. Forbairtí institiúideacha

Réamhrá

In 2022, chomhoibrigh Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach go dlúth le chéile ní hamháin chun freagairt a thabhairt ar éigeandálaí, ach chun reachtóireacht an Aontais a fheabhsú chomh maith agus chun torthaí is fearr fós a bhaint amach dá shaoránaigh. Tá deiseanna agus dúshláin amach romhainn go dtí go mbeidh an geilleagar slán sábháilte agus inbhuanaithe agus tá sé ríthábhachtach go fóill gníomhú chomh héifeachtúil agus is féidir, agus muid ag díriú ár n-airde ar thodhchaí an Aontais Eorpaigh. Is é an cuspóir comhroinnte atá againn torthaí níos fearr a bhaint amach do shaoránaigh an Aontais trí rialacha an Aontais a fheabhsú agus tá sé de fhreagracht ar institiúidí uile an Aontais agus ar na Ballstáit ar fad déanamh amhlaidh.

Tionscnaimh thábhachtacha in 2022

Le linn na bliana, rinne na hinstitiúidí dul chun cinn maidir le roinnt tionscnaimh thábhachtacha. Ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh an Compás Straitéiseach, plean gníomhaíochta uaillmhianach chun beartas slándála agus cosanta an Aontais a neartú faoi 2030, agus comhaontú a éascú idir ceannairí an Aontais maidir le bonn tionsclaíoch cosanta na hEorpa a neartú (féach Caibidil 8).

I dtaca leis an gclár oibre glas agus leis an bhfás cuimsitheach inbhuanaithe, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais, Ciste Sóisialta Aeráide a chruthú agus an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha a chur chun feidhme. Tháinig siad ar chomhaontú sealadach freisin chun riosca an dífhoraoisithe a laghdú agus tháinig siad ar chomhaontú polaitiúil maidir le tuairisciú ar an inbhuanaitheacht chorparáideach (féach Caibidil 3).

I gcás príomhchomhaid a bhaineann leis an mbeartas digiteach, rinne an Pharlaimint agus an Chomhairle comhaontú le chéile, agus dá réir, bhí siad in ann bailchríoch a chur ar an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha agus ar an Ionstraim um Margaí Digiteacha, mar aon le reachtaíocht nua maidir le luchtairí uilíocha (féach Caibidil 4).

Bhí an Chomhairle agus an Pharlaimint in ann teacht ar chomhaontú polaitiúil chomh maith faoin Treoir maidir le Mná ar Bhoird Bhainistíochta, faoi bhearta trédhearcachta pá, agus faoin treoir maidir le pá íosta leordhóthanach (féach Caibidil 7).

Stiúir an Chomhairle an plé maidir le caidreamh seachtrach an Aontais (féach Caibidil 8) agus thionóil sí na cruinnithe mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach agus thionóil sí cruinnithe mullaigh na mBalcán Thiar. Thairis sin, chuir sí tús le caibidlíocht aontachais leis an Albáin agus leis an Macadóin Thuaidh (féach Caibidil 8). Bhí an Pharlaimint agus an Chomhairle ar aon intinn freisin faoi chodanna tábhachtacha den reachtaíocht maidir le fóirdheontais eachtracha a dhéanann dochar don mhargadh inmheánach agus maidir leis an Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta.

Ursula von der Leyen agus Charles Michel agus iad ag siúl i dtreo an cheamara taobh thiar de bhratacha náisiúnta an Aontais ar crochadh.
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus iad ag teacht chuig cruinniú na Comhairle Eorpaí maidir le fuinneamh agus an geilleagar, an Bhruiséil, an Bheilg, an 20 Deireadh Fómhair 2022. Ba iad na príomhthionscnaimh a pléadh gás a bheith á gceannach ag an Aontas go comhpháirteach agus teorainn a chur le praghsanna iomarcacha gáis agus leictreachais.

Bíonn a seal féin ag Ballstáit an Aontais i gceannas uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh gach 6 mhí. An Fhrainc agus an tSeicia a bhí i gceannas uachtaránacht na Comhairle ar a seal féin in 2022 agus an tSualainn agus an Spáinn a bheidh i gceannas na huachtaránachta ar a seal féin in 2023, rinne an Pharlaimint i gcomhar leo a ndícheall an chaibidlíocht idirinstitiúideach maidir leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn agus an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann araon a chur chun cinn, agus chuir siad a síniú le treochlár comhpháirteach (féach Caibidil 5).

Thug Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún rannchuidiú ábhartha agus tábhachtach don Pharlaimint, don Chomhairle agus don Choimisiún Eorpach, lenar áiríodh rannchuidiú le clár oibre an Choimisiúin do 2023, agus bhí siad an-ghníomhach ag rannchuidiú le moltaí deiridh don Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.

Leag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa béim ar an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil atá ag an bhfogha míleata san Úcráin agus ghlac Coiste na Réigiún Forógra Marseille, lenar iarradh ar cheannairí na hEorpa éisteacht le guthanna na milliún polaiteoir a toghadh sna ceithre hairde fichead ar fud an Aontais agus atá tiomanta an Eoraip a thabhairt níos cóngaraí dá muintir.

Portráid de David Sassoli i ndubh agus bán.
David Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa ón 3 Iúil 2019 go dtí an 11 Eanáir 2022.

Uachtarán nua na Parlaiminte

Ábhar bróin is ea é bás iar-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa David-Maria Sassoli i dtús 2022. Cuimhneofar ar an Uachtarán Sassoli mar cheannaire ceart Eorpach agus mar churadh ar son an daonlathais. Le breis agus deich mbliana, thug sé seirbhís mhór sa Pharlaimint agus chosain sé an tAontas Eorpach agus a luachanna i gcónaí, ach chreid sé freisin go raibh ar an Eoraip níos mó a bhaint amach: bheith níos aontaithe, níos cóngaraí dá phobal agus níos dílse dá luachanna.

I gcomhthéacs an phróisis toghcháin lár téarma, toghadh Roberta Metsola ina hUachtarán nua an 18 Eanáir 2022, a raibh tromlach glan 458 vóta aici as an 690 vóta a caitheadh.

Bhunaigh an Pharlaimint trí choiste pharlaiminteacha nua maidir leis na nithe seo a leanas: trasnaíocht eachtrach, ina gcuirtear an bhréagaisnéis san áireamh; ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19; agus fiosrúcháin, chun breathnú ar úsáid na n-earraí spiaireachta Pegasus.

D’fhreastail Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen ar dhíospóireachtaí go tráthrialta, go háirithe na díospóireachtaí sin chun cruinnithe na Comhairle Eorpaí a ullmhú nó an obair leantach a bhain leis na cruinnithe a chur i gcrích, agus d’fhreastail sí ar dhíospóireachtaí a bhain leis an Úcráin. An 14 Meán Fómhair 2022, thug sí an t-aitheasc bliantúil ar Staid an Aontais, inar léiríodh na tosaíochtaí beartais do 2023 agus don dara leath de shainordú an Choimisiúin.

Roberta Metsola agus í ag tabhairt ráitis i bParlaimint na hEorpa.
Toghadh Uachtarán na Parlaiminte: ráiteas le Roberta Metsola, an tUachtarán nua tofa, Strasbourg na Fraince, an 18 Eanáir 2022.

Fócas a dhíriú ar shaoránaigh

An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

Thug an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, a mhair ar feadh na bliana, an deis do mhuintir na hEorpa a mbarúlacha a chur in iúl faoin méid a bhfuil siad ag súil leis ón Aontas, agus tugadh obair na comhdhála chun críche in 2022. Ba é an cleachtadh comhairliúcháin is mó agus is forleithne dá leithéid, agus 5 mhilliún cuairteoir aonair ar an ardán digiteach ilteangach, agus breis agus 720 000 a bhí rannpháirteach i mbreis agus 6 600 imeacht beo, agus i measc na n-imeachtaí sin bhí na painéil saoránach náisiúnta agus na Painéil Saoránach Eorpach.

Máthair óg a bhfuil a leanbh ina baclainn aici agus í ag tabhairt óráide ag léachtán.
Máthair óg ag labhairt faoi thodhchaí na hEorpa agus a leanbh ina baclainn aici a saolaíodh leath bealaigh tríd an gcomhdháil, Strasbourg na Fraince, an 30 Aibreán 2022.

Eagraíodh ceithre Phainéal Saoránach Eorpach agus 200 saoránach rannpháirteach i ngach ceann de na painéil. Is trí roghnú randamach ó gach ceann de na 27 mBallstát a roghnaíodh na saoránaigh sin, agus bhíothas an-chúramach go deo le go gcuirfí san áireamh daoine aonair a léiríonn éagsúlacht an Aontais i dtéarmaí tionscnaimh gheografaigh, inscne, aoise, cúlra shocheacnamaíoch agus leibhéal oideachais. Tugadh aird ar leith chun a chinntiú gur daoine óga (idir 16–25 bliana d’aois) iad an tríú cuid de gach painéal. Phléigh na rannpháirtithe a gcuid moltaí i seisiúin iomlánacha na comhdhála agus tháinig comhaltaí na sochaí sibhialta, ionadaithe tofa ó gach leibhéal rialachais agus páirtithe leasmhara eile le chéile chun tacú go comhthoiliúil le 49 dtogra comhdhála, tograí a cuireadh faoi bhráid institiúidí an Aontais ina dhiaidh sin.

Saoránaigh ina suí agus masc á chaitheamh acu agus ag vótáil ar tháibléid.
Saoránaigh ag vótáil le linn na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa — Painéal 3 “An tAthrú Aeráide, an Comhshaol/Sláinte”, Natolin, Vársá na Polainne, an 9 Eanáir 2022.

Bhí na tograí go léir sa tuarascáil chríochnaitheach inar sonraíodh 326 bheart chomh maith. An 9 Bealtaine 2022, cuireadh an tuarascáil faoi bhráid Uachtarán na Parlaiminte, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin le linn shearmanas deiridh na comhdhála ar Lá na hEorpa. Tá na torthaí bunaithe ar na naoi n-ábhar comhdhála, an t-athrú aeráide, an tsláinte, daonlathas na hEorpa agus an claochlú digiteach.

Grianghraf grúpa de cheithre dhuine dhéag, Ursula von der Leyen, Roberta Metsola, Emmanuel Macron agus Dubravka Šuica ina measc, agus tuarascáil ag gach duine acu ar thoradh na comhdhála.
Searmanas clabhsúir na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, agus an tuarascáil deiridh faoi chúram Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (an séú duine ar chlé), Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa (an seachtú duine ar dheis), Emmanuel Macron, Uachtarán na Fraince (an cúigiú duine ar dheis), agus Dubravka Šuica, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar an Daonlathas agus an Déimeagrafaíocht, agus an tuarascáil deiridh agus tograí chun an tAontas Eorpach a athchóiriú faoina gcúram, Strasbourg na Fraince, an 9 Bealtaine 2022.

An 17 Meitheamh, thíolaic an Coimisiún an Teachtaireacht maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa ina ndéantar measúnú ar na tograí agus ina leagtar amach an bealach chun cinn. Ina haitheasc ar Staid an Aontais, dheimhnigh an tUachtarán von der Leyen gur ghné rialta de cheapadh beartais an Choimisiúin painéil na saoránach agus leag sí amach tograí nua a d’eascair as conclúidí na comhdhála. Déanann breis agus 80 % de na tionscnaimh nua atá i gClár Oibre 2023 an Choimisiúin obair leantach, go díreach nó go hindíreach, ar thograí na comhdhála. An 2 Nollaig 2022, d’eagraigh an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún imeacht aiseolais chun a mhíniú do na saoránaigh conas a dhéanann na hinstitiúidí obair leantach ar thograí na comhdhála.

I mí na Nollag, thionóil an Coimisiún an chéad Phainéal Saoránach Eorpach maidir le cur amú bia a laghdú. Is é atá laghdú na dramhaíola, agus go háirithe cur amú bia, ina ábhar togra reachtaigh i gClár Oibre an Choimisiúin do 2023, i gcomhréir leis na moltaí ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.

Ar bhonn na comhdhála, trí uirlis idirghníomhach nua ar líne an Choimisiúin, an tairseach “Cloisimis Uait” tabharfar an fhaisnéis uile le chéile faoi shásraí an Choimisiúin le haghaidh rannpháirtíocht na saoránach. I ngeall ar an mol nua ar líne seo, déanfar príomhghnéithe ardán digiteach ilteangach na comhdhála a chomhtháthú agus beidh sé mar bhonn do chóras nua chun an rannpháirtíocht sa daonlathas agus an nuálaíocht a spreagadh.

Bhí na coistí comhairliúcháin lánghníomhach sa chomhdháil freisin. An 27 Aibreán 2021, ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa rún maidir leis an gcomhdháil, Insint Nua ar an Eoraip, agus d’eagraigh sé 75 imeacht ar fud na hEorpa, agus thug 45 díobh féin níos mó ná 7 600 rannpháirtí le chéile. Sa doiciméad Fís na Sochaí Sibhialta Eagraithe do Thodhchaí na hEorpa, cuirtear torthaí na gcomhairliúchán sin i láthair ina sonraítear na moltaí agus na smaointe, is iad sin a cuireadh san áireamh sna 326 thogra deiridh a ghlac an chomhdháil.

D’eagraigh Coiste Eorpach na Réigiún breis agus 120 comhphlé leis na saoránaigh ar bhonn áitiúil agus ar bhonn trasteorann agus rinneadh na smaointe agus na moltaí ón méid sin a uaslódáil ar an ardán. Ghlac a Grúpa Ardleibhéil um Dhaonlathas Eorpach a thuarascáil deiridh maidir leis an daonlathas san Aontas mar chuid de rannchuidiú na n-údarás áitiúil agus réigiúnach leis an gcomhdháil.

Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Le linn 2022 rinneadh comóradh 10 mbliana ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh freisin. Rinne an Coimisiún an chloch mhíle thábhachtach seo a cheiliúradh i rith na bliana, in éineacht le comhpháirtithe idirinstitiúideacha, eagraithe tionscnamh agus tionscnóirí. Ba é príomhfhócas na bliana faisnéis faoin Tionscnamh ó na Saoránaigh a thabhairt níos cóngaraí do na saoránaigh, le himeachtaí agus gníomhaíochtaí fógraíochta faoi Lá na hEorpa nó ag Lá bliantúil an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a reáchtáladh an 2 Meitheamh ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

An seachtú tionscnamh rathúil, “Sábháil na beacha agus na feirmeoirí! I dtreo talmhaíocht atá neamhdhíobhálach do bheacha ar mhaithe le comhshaol folláin”, a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin lena scrúdú in 2022. Bhailigh dhá thionscnamh eile níos mó ná 1 mhilliún síniú an ceann: “Cuir stop le teascadh eití siorcanna — Cuir cosc leis an trádáil” agus “Sábháil cosmaidí neamhchruálacha — Tabhair gealltanas go mbeidh an Eoraip saor ó thástáil ar ainmhithe”. Tabharfaidh an Coimisiún freagra ar na trí thionscnamh sin in 2023.

In 2022, chláraigh an Coimisiún 10 dtionscnamh nua freisin, lena n-iarrtar ar an Aontas gníomhú i réimsí éagsúla, amhail spórt, oideachas, an earnáil éadaí, fuinneamh glas, cosaint ainmhithe, beartas tuaithe agus comhshaol saor ó thobac.

Grafaic faisnéise ina léirítear meirge do chomóradh 10 mbliana an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, agus an haischlib #EU Take The Initiative ina dhiaidh.

Ag obair le linn géarchéimeanna

In 2022, léirigh institiúidí an Aontais arís eile an teacht aniar atá iontu agus iad ag déileáil le héigeandálaí gan choinne. De réir mar a bhí an téarnamh ó phaindéim COVID-19 ar siúl, chuir an Rúis tús lena hionsaí gan chúis gan údar ar an Úcráin. D’oibrigh institiúidí an Aontais gan stad gan staonadh chun tacú le muintir na hÚcráine sa troid ar son na saoirse agus chun cabhrú le saoránaigh agus gnólachtaí sna Ballstáit déileáil le hiarmhairtí an chogaidh.

An 1 Márta 2022, thionóil an Pharlaimint seisiún iomlánach urghnách, agus labhair Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, beo ó Chív na hÚcráine le Feisirí le linn an tseisiúin. Chuir sé i bhfios go láidir go raibh muintir na hÚcráine “ag troid ar son a gceart, a saoirsí agus a mbeatha, chomh maith le bheith ina mbaill chomhionanna den Eoraip”. Ghlac Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála Josep Borrell páirt sa díospóireacht freisin. Chuir an Pharlaimint in iúl go dtacaíonn sí go daingean diongbháilte leis an Úcráin agus d’iarr sí go gcuirfí smachtbhannaí ar an Rúis agus go ndéanfaí iarrachtaí nua chun stádas tír is iarrthóir ar an Aontas Eorpach a thabhairt don Úcráin.

Ina dhiaidh sin, reáchtáil an Pharlaimint díospóireachtaí rialta sna seisiúin iomlánacha a bhain go sonrach leis an Úcráin agus ghlac feisirí na Parlaiminte 16 rún. Bhí Cathaoirleach Verkhovna Rada (Parlaimint na hÚcráine), Ruslan Stefanchuk, i láthair go pearsanta i seisiún iomlánach mhí an Mheithimh 2022 agus ghlac sé páirt ann. Idir an dá linn, ghlac airí agus oifigigh ardleibhéil de chuid na hÚcráine páirt go minic i gcruinnithe coistí parlaiminteacha éagsúla agus rinne siad plé le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa maidir leis na forbairtí is déanaí ar an láthair.

Vsevolod Chentsov, Stanislav Kulykivskyi, Ivan Fedorov, Yulia Paevska, Oleksandra Matviichuk, Yaroslav Bozhko, Oleksandr Chekryhin ag gabháil do ghrianghraf le Roberta Metsola agus na duaiseanna bronnta agus bratach na hÚcráine ina lámha acu.
Ó chlé go deas: Vsevolod Chentsov, Ceann Mhisean na hÚcráine chuig an Aontas Eorpach, Stanislav Kulykivskyi, Seirbhísí Éigeandála Stáit na hÚcráine, Ivan Fedorov, Méara Melitopol na hÚcráine, Yulia Paevska, bunaitheoir aonad aslonnaithe leighis “Angels of Taira” [“Aingil Taira”], Oleksandra Matviichuk, buaiteoir Dhuais Síochána Nobel agus ceann an Ionaid um Shaoirsí Sibhialta, Yaroslav Bozhko, Urlabhraí Ghluaiseacht Fhrithbheartaíocht Shibhialta an Ribín Bhuí, agus Oleksandr Chekryhin, Stiúrthóir na Roinne um Chosc Éigeandála, Seirbhísí Éigeandála Stáit na hÚcráine, agus iad in éineacht le Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa (an tríú duine ar dheis) tar éis Duais Sakharov 2022 a fháil, Strasbourg na Fraince, an 14 Nollaig 2022.

Urraim a thabhairt do mhuintir na hÚcráine

Bronnadh Duais Sakharov 2022 na Parlaiminte ar mhuintir chróga na hÚcráine ag searmanas an 14 Nollaig.

Is duais bhliantúil í Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta a bhfuil teastas agus dámhachtain EUR 50 000 ann, chun urraim a thabhairt do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí a chosnaíonn cearta an duine agus saoirsí bunúsacha.

Is ag an bhFrainc agus ag an tSeicia a bhí Uachtaránacht rothlach Chomhairle an Aontais Eorpaigh. D’fhéach an Chomhairle le freagairt láidir aontaithe a thabhairt ar an gcogadh foghach a thug an Rúis faoin Úcráin agus ar an ngéarchéim bhia agus fuinnimh a d’eascair as sin. Faoi threoraíocht na Comhairle Eorpaí, rinne sí maoirseacht ar bhearta nach bhfacthas riamh cheana agus ar mhéideanna móra cúnaimh a cuireadh ar fáil don Úcráin.

Chuaigh an Coimisiún i mbun gnímh ar bhonn forleathan chun tacú leis an Úcráin i ngach réimse i rith na bliana agus ghlac sé breis agus 200 beart in 2022 mar fhreagairt ar an ionradh. Is é atá i gceist le cuid mhór de na cinntí sin a chinntiú go gcuirfeadh an tAontas an chabhair dhaonnúil agus an tacaíocht airgeadais is gá ar fáil don Úcráin agus cabhrú leis na Ballstáit fáilte a chur roimh Úcránaigh atá ag teitheadh ón gcogadh agus déileáil leis na hiarmhairtí eacnamaíocha a bhaineann le hionsaí na Rúise ar an Úcráin (féach Caibidil 1). Rinne sé roinnt tograí freisin chun athbhreithniú a dhéanamh ar a bheartas fuinnimh ar mhaithe le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú (féach Caibidil 2).

An fogha gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin agus faoi mhuintir na hÚcráine, is dúshlán díreach é roimh luachanna an Aontais agus roimh an ord domhanda riailbhunaithe. I dTuarascáil bhliantúil 2022 maidir leis an Smacht Reachta, leagadh béim ar leith ar a thábhachtaí atá sé luachanna daonlathacha, cearta an duine agus an smacht reachta a chaomhnú. Den chéad uair, bhí moltaí sonracha sa tuarascáil a cuireadh faoi bhráid gach Ballstáit chun cabhrú na háiteanna a shainaithint ina bhfuil gá le feabhsúcháin agus chun na hathchóirithe riachtanacha a spreagadh.

Lean an Coimisiún de bheith ag feidhmiú a róil mar chaomhnóir na gconarthaí, agus ghlac sé 1 410 gcinneadh maidir le nósanna imeachta um shárú chun dlí an Aontais a fhorfheidhmiú. Is é rud atá urraim don smacht reachta ríthábhachtach chomh maith do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais agus d’úsáid éifeachtach chistiú an Aontais. I mí na Nollag 2022, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh bearta cosanta buiséid faoin Rialachán Coinníollachta i gcoinne sáruithe ar phrionsabal an smachta reachta san Ungáir.

Lean an Coimisiún agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa de bheith ag obair go dlúth le chéile chun cumhachtaí feidhmiúcháin agus iniúchóireachta an Aontais a fheidhmiú. Ag a gcruinniú bliantúil a bhí acu i mí Iúil, phléigh na comhaltaí an chaoi a gcuidíonn buiséad an Aontais le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais a chur i gcrích, torthaí nithiúla a bhaint amach do shaoránaigh agus luach breise a chur leis an ngníomhaíocht a dhéanann na Ballstáit.

Agus é ag déileáil leis na géarchéimeanna, lean an Coimisiún lena chuid oibre chun cinnteoireacht thrédhearcach agus éifeachtúil a chinntiú trína chlár oibre maidir le Rialáil Níos Fearr. Ciallaíonn sé sin go bhfuil a thograí bunaithe ar fhianaise iontaofa, ar bhonn eolas maith ó na comhairliúcháin fhorleathana tríd an tairseach “Cloisimis uait” agus déanann comhlacht maoirseachta neamhspleách, an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála, athbhreithniú ar na tograí sin. Is creat den chéad scoth é creat an Choimisiúin um Rialáil Níos Fearr,dar leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta ina tuarascáil maidir le feidhmíocht rialála an Aontais Eorpaigh a thomhas.

In 2022, chuir an Coimisiún tús leis an gcur chuige “ceann amháin isteach, ceann amháin amach” a chur chun feidhme ina iomláine, le go gcinnteofar go ndéanfar aon ualach nua a tugadh isteach a chúiteamh trí dheireadh a chur le hualaí coibhéiseacha sa réimse beartais céanna. Díríonn an cur chuige ar iarmhairtí a bhíonn ag costais tograí ón gCoimisiún le haghaidh saoránach agus gnólachtaí, agus cuireann an cur chuige le clár an Choimisiúin um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT). Faoin gclár REFIT, déanann an Coimisiún iarracht ar bhonn córasach an rómhaorlathas a aithint agus deireadh a chur leis, chomh maith leis na costais sin nach bhfuil gá leo. An tráth céanna, bainfidh sé cuspóirí beartais amach aon uair a dhéantar athbhreithniú agus meastóireacht ar reachtaíocht an Aontais. Thacaigh sainghrúpa ardleibhéil, an tArdán “Réidh don Todhchaí”, leis an obair sin trí 10 dtuairim a ghlacadh, lena gcuirtear moltaí ar fáil maidir le conas dlíthe an Aontais a shimpliú agus iad a dhéanamh níos éifeachtúla. D’oibrigh an Coimisiún freisin chun a chinntiú go dtabharfar aghaidh ar spriocanna inbhuanaitheachta agus ar an gclaochlú digiteach agus go dtacóidh Rialáil Níos Fearr leo.

Fadbhreathnaitheacht straitéiseach

Tá an tAontas ag féachaint chuige go mbeidh a chuid beartas slán sábháilte i bhfad na haimsire tríd an bhfadbhreathnaitheacht a úsáid i gceapadh beartas níos mó agus níos mó. I ngeall ar an bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach, beidh sé le feiceáil go soiléir na treochtaí, na rioscaí agus na saincheisteanna a bheidh ag teacht chun cinn, agus na himpleachtaí agus na deiseanna a d’fhéadfadh a bheith acu, agus gheofar léargas úsáideach ar phleanáil straitéiseach, ar cheapadh beartas agus ar ullmhacht. Cuireann sé bonn eolais freisin faoi cheapadh tionscnamh nua de chuid an Aontais agus faoi athbhreithniú beartas atá ann cheana i gcomhréir leis an mbosca uirlisí um Rialáil Níos Fearr. I ndeireadh na dála, cabhróidh an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach leis an Aontas freagairt níos fearr a thabhairt ar staideanna an-chasta nach bhfacthas riamh roimhe agus i gcomhthéacs na héiginnteachta atá ag dul i méid i rith an ama.

In 2022, dhírigh an comhar idirinstitiúideach maidir leis an bhfadbhreathnaitheacht faoi scáth an Chórais Eorpaigh um Anailís Straitéiseach agus Beartais ar an ngeopholaitíocht. Cuireadh tús le treoirthionscadal de chuid an Chórais Eorpaigh um Straitéis agus Anailís Beartais maidir le scanadh ionchais chun comharthaí an athraithe a shainaithint a d’fhéadfadh tionchar suntasach a imirt ar an Aontas amach anseo.

Lionsa ceamara ag díriú ar an bhfarraige.

Bainistiú rathúil an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, sin é an bhunchloch chun todhchaí inbhuanaithe chothrom iomaíoch a bhaint amach.

I dTuarascáil 2022 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach ón gCoimisiún, díríodh ar an idirghníomhú idir an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach sa chomhthéacs nua geopholaitiúil atá ag athrú go tapa. Lean an Coimisiún den anailís ar na treochtaí móra tábhachtacha a mbeidh tionchar acu ar an todhchaí, amhail an imirce, an t-athrú aeráide, an digitiú agus an neamhionannas. Rinneadh tuilleadh forbartha ar an gcomhar leis na Ballstáit, tríd an Líonra Fadbhreathnaitheachta uile-Aontais, ina bhfuil “na hAirí don Todhchaí” rannpháirteach chomh maith.

Maroš Šefčovič ag tabhairt óráide ar phóidiam os comhair póstaer na Comhdhála Domhanda um Stóráil Fuinnimh.
Maroš Šefčovič, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar an gCaidreamh Idirinstitiúideach agus Fadbhreathnaitheacht, ag an gComhdháil Dhomhanda um Stóráil Fuinnimh, an Bhruiséil, an Bheilg, an 11 Deireadh Fómhair 2022.

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Dul ann tú féin

Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Ar an bhfón nó i scríbhinn

Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

  • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (d’fhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
  • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
  • tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.

EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

Ar líne

Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).

Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh

Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le d’ionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara

Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).

Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh

Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.

Eolas faoin bhfoilseachán seo

AITHEANTÓIRÍ

An tAontas Eorpach in 2022 — An Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh

Print ISBN 978-92-76-61852-2 ISSN 2443-9533 doi:10.2775/15962 NA-AD-23-001-GA-C

PDF ISBN 978-92-76-61867-6 ISSN 2443-9541 doi:10.2775/463007 NA-AD-23-001-GA-N

HTML ISBN 978-92-76-61807-2 ISSN 2443-9541 doi:10.2775/664208 NA-AD-23-001-GA-Q

Tá leagan idirghníomhach den fhoilseachán seo, le naisc chuig ábhar ar líne, ar fáil i bhformáid PDF agus HTML ag: http://europa.eu/general-report/ga

An tAontas Eorpach in 2022 — An Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Seirbhís Eagarthóireachta & Sprioc For-rochtana
1049 Bruxelles/Brussel
BELGIQUE/BELGIË

An tAontas Eorpach in 2022 — An Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh a ghlac an Coimisiún Eorpach an 21 Feabhra 2023 faoi uimhir thagartha C(2023) 1112/3.

Níl an Coimisiún Eorpach faoi dhliteanas as aon iarmhairt a eascraíonn as athúsáid an fhoilseacháin seo.

Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2023

© An tAontas Eorpach, 2023

Déantar beartas athúsáide an Choimisiúin Eorpaigh a chur chun feidhme le Cinneadh 2011/833/AE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2011 maidir le hathúsáid dhoiciméid an Choimisiúin (IO L 330, 14.12.2011, lch. 39).

Ach amháin má shonraítear a mhalairt, údaraítear an doiciméad seo a athúsáid faoi cheadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0) (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). Ciallaíonn sé sin go gceadaítear an athúsáid ar choinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí agus go léirítear aon athrú a dhéantar.

Le haghaidh míreanna nach bhfuil faoi úinéireacht an Aontais Eorpaigh a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé gur ghá cead a iarraidh go díreach ar shealbhóirí an chóipchirt.

CREIDIÚNTAÍ

Gach grianghraf © An tAontas Eorpach mura dtugtar a mhalairt le fios.