Tacaíocht chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás Éigeandála (SURE) Rannchuidigh maoiniú SURE le poist a chaomhnú i rith ghéarchéim COVID-19, ach níl a fhios fós cén tionchar iomlán atá aige
Maidir leis an tuarascáil:Cuireadh na milliúin post i mbaol mar thoradh ar iarmhairtí phaindéim COVID-19. I bhfianaise an méid sin, chuir an tAontas ionstraim shealadach ar bun, SURE (Tacaíocht chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás Éigeandála). Le SURE, cuireadh suas le €100 billiún d’iasachtaí ar fáil do na Ballstáit faoi théarmaí fabhracha le haghaigh scéimeanna coinneála post nua, nó chun síneadh a chur le cinn a bhí ann cheana. Is é ár gconclúid gur fhreagair an Coimisiún go tapa don dúshlán, rud a léiríonn an comhthéacs éigeandála. Cé go bhfuil comharthaí ann gur shroich cistiú SURE na milliúin daoine, tá cumas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar líon na bpost a coinníodh teoranta mar gheall ar easpa sonraí cuimsitheacha ó na Ballstáit. Molaimid gur cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an dtaithí SURE chun ceachtanna a fhoghlaim do ghéarchéimeanna amach anseo.
Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Achoimre Feidhmiúcháin
I Bhí paindéim COVID-19 ina cúis le suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar na hEorpa agus chuir sí isteach go suntasach ar mhargadh an tsaothair, ag cur na milliún post i mbaol. Ag féachaint dó sin, chuir an tAontas Eorpach ionstraim shealadach dar teideal SURE (Tacaíocht chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás Éigeandála) i bhfeidhm chun cabhrú leis na Ballstáit déileáil leis an tionchar a bheadh ag an bpaindéim ar a margaí saothair. Go sonrach, bhí an ionstraim ceaptha tacú le Ballstáit ó thaobh scéimeanna coinneála poist nua a chur chun feidhme, nó scéimeanna den sórt sin a bhí cheana ann a fhadú. Shocraigh an Chomhairle raon feidhme na scéime a bhí molta ar dtús ag an gCoimisiún a leathnú ionas go bhféadfaí SURE a úsáid freisin chun tacú le bearta a bhí ag baint leis an tsláinte.
II Murab ionann agus tacaíocht thraidisiúnta don bheartas sóisialta a mhaoinítear as buiséad an Aontais, tugann SURE iasachtaí fadtéarmacha do na Ballstáit faoi théarmaí airgeadais fabhracha. Is é an Coimisiún a bhainistíonn an ionstraim agus is féidir leis suas le €100 billiún a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil. Faoi Lúnasa 2022, bhí €93.3 bhilliún de chúnamh airgeadais do 19 mBallstát formheasta ag an gComhairle, a raibh beagnach €92 bhilliún de sin (98 %) íoctha amach. Is ar an 31 Nollaig 2022 a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse infhaighteachta, cé gur féidir leis an gComhairle a chinneadh an tréimhse sin a fhadú bunaithe ar thogra ón gCoimisiún.
III Rinneamar iniúchadh ar SURE mar gheall ar a thábhacht ó thaobh tionchar phaindéim COVID-19 a mhaolú. Thairis sin, is tacaíocht shuntasach í an tacaíocht airgeadais ó SURE a bhfuil suas le €100 billiún i gceist léi. Rinneamar measúnú féachaint an raibh an ionstraim éifeachtúil agus éifeachtach ó thaobh an riosca dífhostaíochta san Aontas Eorpach a mhaolú.
IV Ar an iomlán, thángamar ar an gconclúid gur fhreagair an Coimisiún go mear agus go héifeachtúil don dúshlán a bhain le cabhrú leis na Ballstáit fostaíocht a chaomhnú. Bhí sé in ann tacaíocht ón Aontas a chur ar fáil do na Ballstáit ar shlí níos tapa ná mar a dhéantar faoi na gnáthnósanna imeachta cistithe. Léirigh creat SURE an comhthéacs éigeandála a bhí ann agus chuir sé teorainn leis an riosca airgeadais do bhuiséad an Aontais. Cé go bhfuil roinnt comharthaí ar an leibhéal comhiomlánaithe ann gur shroich tacaíocht SURE na milliúin daoine, tá cumas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar na torthaí atá bainte amach ag SURE teoranta mar gheall ar easpa sonraí cuimsitheacha ó na Ballstáit.
V Ní raibh sé ach dhá mhí tar éis COVID-19 a ainmniú mar phaindéim nuair a mhol an Coimisiún rialachán nua agus nuálach, agus tháinig formheas ón gComhairle go luath ina dhiaidh sin. Chuir tacaíocht SURE ar chumas na mBallstát scéimeanna coinneála post nua a chruthú nó scéimeanna den sórt sin a bhí cheana ann a fhadú ach, i bhfianaise cúinsí an-difriúil gach margaidh saothair náisiúnta, bhí éagsúlacht shuntasach sa chur chuige a d’úsáid na tíortha éagsúla ar fud an Aontais Eorpaigh.
VI Is bunaithe ar iasachtaí, agus ní ar dheontais, atá cistiú SURE. Bhí éileamh na mBallstát ar na hiasachtaí sin ag teacht leis an mbuiséad de €100 billiún a bhí molta ag an gCoimisiún. Ceann de na gnéithe uathúla atá ag roinnt le SURE is ea gur thug na Ballstáit go léir ráthaíochtaí, suas go dtí 25 % de na hiasachtaí ar fad a íocadh faoi SURE – a bhfuil siad ar fad dlite a bheith íoctha ar ais faoi 2050. Tá na ráthaíochtaí sin ag fónamh mar mhaolán chun buiséad an Aontais a chosaint, ós rud é – i gcás mainneachtana – gur féidir iad a ghlaoch isteach sula dtéitear i muinín acmhainní dílse an Choimisiúin.
VII Is ionstraim freagartha géarchéime é SURE a bhfuil eisíoc cistí ar bhealach tapa ina chuid lárnach de. Fuair formhór na mBallstát a gcéad eisíocaíocht laistigh d’aon mhí amháin ó rinne siad an iarraidh. De bhrí go bhfuil claonadh chun mí-úsáide ag gabháil le scéimeanna coinneála post, tá ceanglas i rialachán SURE a éilíonn go mbíonn forálacha maidir le rialuithe agus iniúchtaí sna comhaontuithe iasachta leis na Ballstáit; agus is ann dó sin chun an riosca calaoise agus neamhrialtachta a íoslaghdú. Sheol an Coimisiún suirbhé ad hoc ar na córais iniúchóireachta agus rialaithe náisiúnta ag tús 2022, nuair a bhí formhór an chistithe eisíoctha cheana féin leis na Ballstáit. Thuairiscigh gach Ballstát, cé is moite de cheann, cásanna de mhírialtachtaí agus calaois líomhnaithe. Amhail ag Meán Fómhair 2022, áfach, agus ós rud é nach raibh an Coimisiún ar an eolas i dtaobh aon mhórchás neamhrialtachtaí nó calaoise a mhéid a bhain lena chuid freagrachtaí féin faoin reachtaíocht, ní raibh aon imscrúduithe sonracha ar an ábhar seo seolta ag an gCoimisiún.
VIII Tá comharthaí ann ar an leibhéal comhiomlánaithe gur shroich SURE na milliúin fostaithe agus daoine féinfhostaithe le linn na tréimhse ba dhéine den ghéarchéim agus, in éineacht le bearta tacaíochta beartais eile, gur rannchuidigh SURE le maolú ar rioscaí dífhostaíochta. Mar gheall ar dhearadh na hionstraime, áfach, níl sé indéanta an tionchar ar leithligh atá ag SURE a shainaithint, ó thaobh aschuir agus torthaí de, laistigh de na scéimeanna náisiúnta. Is é an éifeacht atá aige sin ná nach féidir leis an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thorthaí SURE i ngach Ballstát. Mar shampla, ciallaíonn an easpa sonraí cuimsitheacha ó na Ballstáit nach féidir measúnú iomlán a dhéanamh ar líon na ndaoine agus na ngnólachtaí a fuair tacaíocht ó SURE – rannchuidiú féideartha na hionstraime maidir le rioscaí dífhostaíochta a mhaolú. Tá na sonraí ó na Ballstáit maidir le bearta a bhaineann le sláinte, agus a tuairiscíodh chuig an gCoimisiún, níos teoranta. Níl sé éigeantach de réir rialachán SURE meastóireacht a dhéanamh.
IX Molaimid go ndéanfaidh an Coimisiún meastóireacht chuimsitheach ar SURE, d’fhonn foghlaim ó aon rud a thagann chun solais a d’fhéadfaí a úsáid in ionstraimí géarchéime amach anseo.
Réamhrá
Cúlra
01 I rith phaindéim COVID-19, rinne Ballstáit an Aontais Eorpaigh roinnt beart sláinte poiblí chun teorainn a chur le scaipeadh an choróinvíris. Is é an toradh a bhí ar na bearta sin, in éineacht leis an neamhchinnteacht eacnamaíoch a bhí ann de bharr na paindéime agus leis an gcur isteach a rinneadh ar an slabhra soláthair mar gheall ar theorainneacha agus monarchana a bheith dúnta, ná gur tháinig meath suntasach ar tháirgeacht agus ar thomhaltas san Aontas Eorpach. I gcéimeanna luatha na paindéime, bhí dianghlasáil i measc na mbeart sin agus is é an toradh a bhí air sin ná go ndearnadh dúnadh sealadach ar earnálacha éagsúla de gheilleagar an Aontais, amhail turasóireacht agus fáilteachas1.
02 Mar gheall ar an gcrapadh eacnamaíoch a bhí ann mar thoradh air sin, rud a bhí le feiceáil go mór sna Ballstáit i ndeiseacht an Aontais, bhí na milliúin post curtha i mbaol. De réir mheastachán an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (CEDEFOP), bhí riosca an-ard ann, in 2020, go gcuirfeadh COVID-19 isteach ar thart ar 45 mhilliún post, 23 % den fhórsa saothair, i margadh saothair AE-27 agus go raibh riosca sách suntasach ann do 22 % eile d’fhórsa saothair an Aontais – oibrithe meánoilte go híseal-oilte san earnáil seirbhíse den chuid is mó2.
03 Ag féachaint dó sin, agus ar bhonn sealadach, chuir an tAontas Eorpach SURE (Tacaíocht chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás Éigeandála) i bhfeidhm chun cabhrú leis na Ballstáit déileáil leis an tionchar a bheadh ag an bpaindéim ar a margaí saothair. Tugann an ionstraim tacaíocht do na Ballstáit ó thaobh bearta coinneála post nua a chur chun feidhme nó ó thaobh bearta den sórt sin a fhadú. Soláthraíonn na scéimeanna sin tacaíocht ioncaim phoiblí do na huaireanta oibre nach bhfuil oibrithe go hiarbhír ag gnólachtaí a bhfuil deacrachtaí eacnamaíocha acu. I measc na nithe atá san áireamh in ionstraimí coinneála post, tá scéimeanna gearrthréimhseacha, scor sealadach agus scéimeanna fóirdheontais pá.
Maidir le SURE
04 Is é príomhchuspóir SURE ná cúnamh airgeadais a thabhairt do Bhallstáit atá ag fulaingt ó shuaitheadh eacnamaíoch tromchúiseach, nó a bhfuil suaitheadh den sórt sin go mór ag bagairt orthu. Trí scéimeanna coinneála post a mhaoiniú, tá sé mar aidhm le SURE an méid dífhostaíochta agus cailleadh ioncaim a laghdú faoi dheoidh (féach Fíor 1). Tugann sé tacaíocht do phoist atá cheana ann; ní maoiniú ar scéimeanna dífhostaíochta atá ann.
05 Bhí an togra reachtach tosaigh ón gCoimisiún maidir le SURE teoranta don chuspóir fostaíochta3. Nuair a bhí rialachán SURE á ghlacadh i mBealtaine 2020, chinn an Chomhairle a raon feidhme a leathnú ionas go dtacódh sé freisin le bearta a bhaineann leis an tsláinte (féach Fíor 2).
Fíor 2 – Na cineálacha gníomhaíochta atá maoinithe faoi SURE
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí an Choimisiúin.
06 Tugann SURE iasachtaí do na Ballstáit agus is trí iasachtaíocht a mhaoinítear é. Tá an ionstraim á bainistiú ag an gCoimisiún, agus clúdaíonn sí oibríochtaí iasachtaíochta mar aon le riar agus eisíoc na n-iasachtaí. Is í Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (AS ECFIN), mar an ardstiúrthóireacht ceannais, a rinne comhordú ar chur ar bun agus cur chun feidhme na hionstraime, i ndlúthchomhar leis an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú (AS EMPL) agus Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid (AS BUDG) (féach Tábla 1).
| AS ECFIN | AS EMPL | AS BUDG |
|---|---|---|
|
|
|
Foinse: CIE.
07 Is ionstraim shealadach é SURE. Tiocfaidh deireadh lena infhaighteacht an 31 Nollaig 2022, mura rud é go gcinneann an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, é a fhadú.
Imchlúdach airgeadais
08 Faoin rialachán, is féidir leis an gCoimisiún suas le €100 billiún a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil chun tacaíocht SURE a mhaoiniú4. Gach Ballstát atá ag iarraidh tairbhiú de thacaíocht SURE, seolann siad iarraidh chuig an gCoimisiún. Déanann an Coimisiún gach iarraidh a mheasúnú agus, má tá coinníollacha incháilitheachta an rialacháin á gcomhlíonadh ag an iarraidh, molann an Coimisiún don Chomhairle an cúnamh airgeadais faoi SURE a fhormheas. Déantar an cinneadh sin mar chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle le haghaidh iasacht droim-le-droim (iasacht a eisítear ar na téarmaí céanna leis na téarmaí a fuair an Coimisiún ar na margaí caipitil) atá ina chúnamh airgeadais don Bhallstát lena mbaineann.
09 Chun an ionstraim a mhaoiniú, eisíonn an Coimisiún bannaí ar na margaí caipitil. Bhí aibíochtaí éagsúla ag na bannaí a d’eisigh an Coimisiún, ag dul ó chúig bliana go dtí 30 bliain. Bhí spéis mhór ag infheisteoirí i mbannaí SURE.
10 Thairis sin, agus den chéad uair riamh, d’eisigh an Coimisiún na bannaí faoi ionstraim SURE mar bhannaí sóisialta (féach Bosca 1).
Bannaí sóisialta agus creat bannaí sóisialta SURE
Is é an sainmhíniú atá ar bhannaí sóisialta ná ionstraimí a chruinníonn cistí le haghaidh tionscadail nua agus reatha ag a bhfuil torthaí sóisialta dearfacha.
Tá creat bannaí sóisialta SURE ailínithe le Prionsabail na mBannaí Sóisialta atá leagtha síos ag an gComhlachas Idirnáisiúnta Margaí Caipitil, eagraíocht féinrialála agus comhlachas trádála do rannpháirtithe sna margaí caipitil. Faoin gcreat sin, tá ar an gCoimisiún tuarascálacha a fhoilsiú, bunaithe ar shonraí ó na Ballstáit, maidir leis an gcaoi a ndéantar fáltais SURE a leithdháileadh, maidir leis an gcineál caiteachais a ghabhann le SURE agus maidir leis an tionchar atá ag cúnamh airgeadais faoi SURE.
Scóip agus cur chuige na hiniúchóireachta
11 Rinneamar measúnú féachaint ar freagairt éifeachtúil agus éifeachtach a bhí in SURE chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí dífhostaíochta san Aontas Eorpach a bhí ag teacht ó phaindéim COVID-19, agus féachaint an ndearna an Coimisiún SURE a chur chun feidhme go héifeachtúil. Go sonrach, rinneamar measúnú ar an méid seo a leanas:
- an ndearnadh an ionstraim a chur ar bun go tráthúil;
- an raibh socruithe iomchuí curtha i bhfeidhm chun an riosca airgeadais do bhuiséad an Aontais trí SURE a theorannú;
- ar léirigh an creat reachtach do SURE, mar aon lena chur chun feidhme, staid na géarchéime agus fós an ndearna sé an riosca calaoise agus neamhrialtachta a íoslaghdú;
- ar fhorbair an Coimisiún creat stóinseach chun faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a ndearnadh scéimeanna náisiúnta coinneála post a bhí á maoiniú le SURE a chur chun feidhme agus chun meastóireacht a dhéanamh ar a dtionchar; agus
- an raibh SURE éifeachtach i gcabhrú leis na Ballstáit poist a chosaint.
12 Is í an tréimhse ama a clúdaíodh ná ó Aibreán 2020, nuair a rinne an Coimisiún togra le haghaidh rialachán SURE, go dtí deireadh na hoibre allamuigh san iniúchóireacht i Meán Fómhair 2022. Ba é an Coimisiún fócas na hiniúchóireachta. Maidir le measúnuithe ar chur chun feidhme SURE ar leibhéal na mBallstát aonair agus bainistiú an Choimisiúin ar oibríochtaí iasachtaíochta, bhí siad sin lasmuigh de scóip na hiniúchóireachta.
13 Fuaireamar sonraí agus faisnéis ó na príomh-ardstiúrthóireachtaí sa Choimisiún a raibh freagracht orthu i dtaobh SURE, agus freisin ó Eurostat. Chuamar i gcomhchomhairle le Eurofound (an ghníomhaireacht Eorpach chun dálaí oibre a fheabhsú) agus leis an Lárionad don Staidéar ar Bheartas na hEorpa (CEPS, meitheal mhachnaimh de chuid an Aontais).
14 Mar chuid dár gcuid oibre iniúchóireachta rinneamar an méid seo a leanas:
- bhreathnaíomar ar an reachtaíocht Eorpach atá ann, ar threoraíocht ón gCoimisiún agus ar mhalartú faisnéise leis na Ballstáit, chomh maith le doiciméid ábhartha eile;
- chuireamar ionadaithe ón gCoimisiún, ó CEPS agus ó Eurofound faoi agallamh;
- i gcás sampla d’iarrataí ar chúnamh airgeadais, rinneamar anailís ar na próisis chun iarratas a dhéanamh ar chúnamh airgeadais faoi SURE agus chun tuairisciú ar SURE; agus
- scrúdaíomar freagraí na mBallstát ar shuirbhé a rinne an Coimisiún i dtús 2022 chun measúnú a dhéanamh ar an riosca de neamhrialtachtaí agus calaois.
15 Rinneamar iniúchóireacht ar SURE mar gheall ar an tábhacht a thuairiscítear leis ó thaobh maolú a dhéanamh ar thionchar phaindéim COVID-19, agus a thionchar ó thaobh dífhostaíocht a stopadh ó mhéadú chomh mór agus a ceapadh a tharlódh ag tús na paindéime. Thairis sin, is tacaíocht shuntasach í an tacaíocht airgeadais ó SURE a bhfuil suas le €100 billiún i gceist léi.
Barúlacha
Is freagairt thráthúil a bhí in ionstraim SURE chun riosca na dífhostaíochta le linn phaindéim COVID-19 a mhaolú
16 Scrúdaíomar ar freagairt thráthúil a bhí san ionstraim chun an riosca dífhostaíochta i rith phaindéim COVID-19 a mhaolú, trí anailís a dhéanamh go háirithe ar amlíne na bpróiseas a bhí i gceist ón dáta a fógraíodh an phaindéim. Scrúdaíomar freisin an ndearna an Coimisiún measúnú iomchuí ar an leibhéal measta éilimh ar iasachtaí SURE le go bhféadfadh sé an t-imchlúdach airgeadais a shocrú, agus scrúdaíomar meastachán an Choimisiúin ar na coigiltis airgeadais hipitéiseacha a bhainfí amach do na Ballstáit trí SURE.
Thug an tAontas Eorpach SURE isteach go tapa
17 An 11 Márta 2020, rinne an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an phaindéim a fhógairt. An 2 Aibreán, níos lú ná mí ina dhiaidh sin, bhí a thogra le haghaidh rialachán maidir le SURE tíolactha ag an gCoimisiún don Chomhairle. Ag an bpointe sin, bhí tús curtha cheana féin ag an gCoimisiún le caibidlíochtaí leis na Ballstáit faoin ngealltanas a thabharfaidís ó thaobh ráthaíochtaí comhpháirteacha a sholáthar do chuid den iasachtaíocht.
18 Dhá mhí tar éis COVID-19 a bheith ainmnithe mar phaindéim, ar an 19 Bealtaine 2020, ghlac an Chomhairle an rialachán, le roinnt modhnuithe amhail raon feidhme an chúnaimh airgeadais faoi SURE a leathnú amach ionas go n-áireodh sé freisin bearta a bhaineann leis an tsláinte (féach mír 05).
19 Is rud uathúil é SURE, rud a fhágann go bhfuil sé deacair comparáid a dhéanamh idir é agus ionstraimí eile. Mar sin féin, cé gur thóg sé – ar an meán – sé mhí ón togra ón gCoimisiún go dtí gur ghlac an Chomhairle na leasuithe ar Rialachán na bhForálacha Coiteanna5 nuair a bhíothas ag freagairt do ghéarchéim roimhe seo, bhí rialachán SURE glactha laistigh de dhá mhí. Bhí sé sin thar a bheith tábhachtach ó thaobh na chéad iasachtaí a íoc amach leis na Ballstáit ag céim luath i rith ghéarchéim COVID-19.
20 I ndiaidh ghlacadh an rialacháin i mBealtaine 2020, chruinnigh an Coimisiún cistiú ar na margaí caipitil agus rinne sé na chéad iasachtaí a eisíoc leis na Ballstáit i nDeireadh Fómhair na bliana céanna sin (féach Fíor 3).
Fíor 3 – Bhí an tréimhse ó fhógairt na paindéime go dtí na chéad eisíocaíochta faoi SURE gearr
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí an Choimisiúin.
Bhí éilimh na mBallstát ar chistiú SURE ag teacht leis an meastachán a rinne an Coimisiún
21 Tugann SURE cúnamh airgeadais do Bhallstáit a bhfuil suaitheadh an mhargaidh saothair ag bagairt orthu mar thoradh ar phaindéim COVID-19. Chun tuairim a fháil den leibhéal measta éilimh ar iasachtaí SURE, d’ullmhaigh an Coimisiún trí chás féideartha ag deireadh Mhárta 2020; á chur san áireamh dó an t-achar a d’fhéadfadh dianghlasáil maireachtáil, an scóip a bheadh ag dianghlasáil agus an líon tíortha a bheadh ag iarraidh iasachtaí. As sin tháinig meastachán do na riachtanais mhaoinithe le haghaidh scéimeanna coinneála poist a bhí idir €50 billiún agus €100 billiún. Shocraigh an Coimisiún leanúint ar aghaidh ar bhonn an cháis fhéideartha leis na riachtanais mhaoinithe is airde (€100 billiún), i bhfianaise na neamhchinnteachta a bhí i réim ag an am faoin tionchar a bheadh ag paindéim COVID-19.
22 Bhí meastachán an Choimisiúin leordhóthanach chun an t-éileamh ar thacaíocht airgeadais as SURE a shásamh ar fud an Aontais, cé go raibh bearta a bhaineann le sláinte tugtha isteach i raon feidhme an rialacháin ag an gComhairle. Bhí ocht mBallstát ann (an Danmhairg, an Ghearmáin, an Fhrainc, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn) a shocraigh gan úsáid a bhaint as SURE. Bhí scéimeanna náisiúnta coinneála post i bhfeidhm cheana féin ag gach ceann de na Ballstáit sin.
23 Faoi Lúnasa 2022, bhí iomlán de €93.3 billiún de chúnamh airgeadais formheasta ag an gComhairle le haghaidh 19 mBallstát. Den iomlán sin, bhí beagnach €92 bhilliún (98 %) eisíoctha cheana faoi Lúnasa 2022 (féach Fíor 4).
Fíor 4 – Méideanna eisíocaíochtaí SURE (€91.8 billiún, Lúnasa 2022)
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí ón gCoimisiún maidir le heisíocaíochtaí SURE.
24 Tugadh beagnach leath na tacaíochta do dhá Bhallstát, i.e. an Iodáil agus an Spáinn. Ní raibh ach dhá Bhallstát ann, i.e. an Pholainn agus an Rómáin, ina raibh an caiteachas ar bhearta incháilithe le haghaidh tacaíocht SURE níos ísle ná mar a bhí tuartha, nár iarr go ndéanfaí na hiasachtaí ar fad a bhí ar fáil dóibh a eisíoc leo.
Measann an Coimisiún go bhféadfadh sé gur shábháil na Ballstáit thart ar €8 mbilliún trí SURE
25 Cúis amháin a bhí leis an leibhéal ard éilimh ó na Ballstáit le haghaidh tacaíocht SURE is ea go bhféadfaidís an cistiú a rochtain ar chostas réasúnta íseal. Mheas an Coimisiún, a bhuíochas do ráta creidmheasa AAA an Aontais, gur tháinig coigilteas de €8.5 billiún in íocaíochtaí úis do na Ballstáit as an imchlúdach airgeadais a tugadh faoi SURE i gcomparáid leis an méid a bheadh orthu a íoc go hipitéiseach dá bhfaighidís an méid céanna airgid ar iasacht iad féin ar an margadh caipitil6.
26 D’fhíoraíomar go raibh an coigilteas measta in íocaíochtaí úis ina léiriú cuí ar mhéid na n-iasachtaí agus ar an difríocht idir rátáil chreidmheasa an Aontais agus rátálacha creidmheasa na mBallstát aonair. Tá siad sin comhchruinnithe i gcúig cinn de na Ballstáit thairbhiúla (an Iodáil, an Spáinn, an Rómáin, an Pholainn agus an Ghréig), atá ag dul ó €0.5 billiún go dtí €3.8 billiún, agus arb ionann é sin agus beagnach 86 % den choigilteas measta iomlán.
Is riosca airgeadais teoranta do bhuiséad an Aontais atá ag gabháil le hionstraim SURE
27 Bunaithe ar na forálacha agus na rialacha a ghabhann le Rialachán SURE agus comhaontuithe ráthaíochta leis na Ballstáit, rinneamar anailís féachaint an raibh socruithe i bhfeidhm chun teorainn a chur leis an riosca airgeadais do bhuiséad an Aontais.
Thug na Ballstáit ráthaíocht 25 % do na hiasachtaí go léir faoi SURE
28 Cé go bhfuil cistiú SURE bunaithe ar iasachtaí, agus ní ar dheontais, tá riosca i gcónaí ann do bhuiséad an Aontais má mhainníonn Ballstát amháin nó níos mó ar a gcuid aisíocaíochtaí don iasacht. Sin an chúis gurbh eilimint lárnach de SURE a bhí ann go gcomhaontódh na Ballstáit ráthaíochtaí neamh-inchúlghairthe ar éileamh, i gcomhréir lena sciar ábhartha d’ollioncam náisiúnta iomlán an Aontais, a chlúdódh 25 % d’imchlúdach airgeadais SURE. Rathaítear an chuid eile le buiséad an Aontais.
29 Bhí ráthaíochtaí na mBallstát ceaptha gníomhú mar mhaolán chun buiséad an Aontais a chosaint. Má mhainníonn Ballstáit aisíocaíocht a dhéanamh in am, is féidir leis an gCoimisiún na Ballstáit eile go léir a chur faoi dhliteanas. I gcás aon mhainneachtainí, foráiltear sa reachtaíocht go bhfuiltear ag dréim leis go scrúdóidh an Coimisiún an deis a bheidh aige buiséad an Aontais a úsáid chun na fiacha atá amuigh a aisíoc7. Tá an rogha ar dtús aige, áfach, ráthaíochtaí na mBallstát a ghlaoch isteach. Dúirt an Coimisiún linn gur dócha gurb é sin an rogha ab fhearr leis. Sa chás go n-ídeofar maolán ráthaíochta iomlán na mBallstát de €25 billiún, íocfar an chuid eile den fhiachas as buiséad an Aontais. Tugann na socruithe sin ráthaíocht d’infheisteoirí gur riosca an-teoranta atá ann go mainneoidh an tAontas Eorpach ar a fhiacha i bhfianaise gur rátáil chreidmheasa AAA atá ag an Aontas (féach mír 25).
Tá rialacha stuamachta breise ann a chuireann teorainn eile leis an riosca airgeadais do bhuiséad an Aontais
30 Sa bhreis air sin, tá dhá phríomhshásra i rialachán SURE (a dtugtar ‘rialacha stuamachta’ orthu) chun an neamhchosaint uasta bhliantúil do gach aon Bhallstát a mhaolú8:
- tá an méid iomlán bliantúil atá iníoctha teoranta go €10 mbilliún, i.e. 10 % den chistiú iomlán atá ar fáil faoi SURE. D’eisigh an Coimisiún bannaí le haibíochtaí éagsúla chun an sprioc sin a bhaint amach; agus
- ní féidir níos mó ná 60 % den chistiú iomlán atá ar fáil a ráthú d’aon trí cinn de na Ballstáit.
Is é ár dtuairim go gcuireann na rialacha stuamachta sin teorainn bhreise leis an riosca airgeadais do bhuiséad an Aontais sa chás go mainneodh Ballstát.
31 Tugann SURE cistiú do na Ballstáit trí iasachtaí. Tá an aisíocaíocht dlite idir 2025 agus 2050, le meán-aibíocht de 14.5 bliana9. I bhFíor 5, tugtar miondealú de réir tíre ar na dátaí aibíochta éagsúla agus léirítear oibriú na rialacha stuamachta. Mar shampla, idir 2025 agus 2050, tá trí bliana ann a mbeidh an t-uasmhéid de €10 mbilliún d’iasachtaí dlite a aisíoc. Murab ionann agus le cuid de na géarchéimeanna roimhe seo, bhí go leor Ballstát ann ar theastaigh tacaíocht uathu ag an am céanna. Chuir na Ballstáit a gcuid iarrataí ar chistí isteach don iomlán a bhí uathu, agus luaigh siad an aibíocht ab fhearr leo don iasacht. Dá réir sin, phleanáil an Coimisiún na hiasachtaí éagsúla faoi SURE ag tabhairt aibíochtaí éagsúla dóibh.
Fíor 5 – Aibíochtaí d’iasachtaí SURE agus an sceideal aisíocaíochta in aghaidh an Bhallstáit
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí an Choimisiúin maidir le haibíochtaí d’iasachtaí SURE agus na sceidil aisíocaíochta.
Chuir an Coimisiún creat solúbtha i bhfeidhm le haghaidh SURE nach raibh de réir na ngnáthshocruithe atá ann do chistiú
32 Rinneamar measúnú féachaint an raibh an creat rialachais do SURE ina léiriú ar an gcomhthéacs éigeandála. Rinneamar anailís freisin ar na próisis a bhí curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún maidir le cúnamh airgeadais a iarraidh agus a dheonú faoi SURE, suas go dtí eisíocaíocht leis na Ballstáit, agus chomhdhearbhaíomar ár n-anailís bunaithe ar shampla de chásanna. Ar deireadh, rinneamar anailís féachaint ar ghlac an Coimisiún na chéad chéimeanna chun measúnú a dhéanamh ar an riosca calaoise agus neamhrialtachtaí ar leibhéal na mBallstát i gcur chun feidhme na scéimeanna coinneála post a bhí maoinithe ag SURE.
Tá creat SURE ina léiriú ar an gcomhthéacs éigeandála
33 Is ionstraim freagartha géarchéime é SURE atá ceaptha cúnamh airgeadais sealadach agus in-aisíoctha a thabhairt do na Ballstáit. Dá réir sin, tá creat SURE – atá comhdhéanta den rialachán féin mar aon leis na roghanna a rinne an Coimisiún ó thaobh cur i mbun oibríochta an rialacháin – níos simplí d’aon ghnó ná na gnáthnósanna imeachta cistithe atá ag an gCoimisiún.
34 Mar shampla, níor chuir rialachán SURE de cheangal ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar raon feidhme agus dearadh na scéimeanna náisiúnta coinneála post a bhí cheana ann nó a bhí beartaithe nuair a bhí na hiarrataí ó na Ballstáit ar chúnamh airgeadais á measúnú aige. De bhrí go bhfuil éagsúlachtaí suntasacha sna scéimeanna sin ar fud na mBallstát (a mhéid a bhaineann le méid, earnáil agus láimhdeachas na gcuideachtaí a fuair tacaíocht, na grúpaí oibreoirí a bhí incháilithe, leibhéal agus ré na scéime, agus toirmeasc ar dhífhostú a bheith tugtha isteach), chuirfeadh anailís den sórt sin moill shuntasach ar íoc amach na n-iasachtaí.
Bhí na coinníollacha a bhí leagtha síos i rialachán SURE leathan, agus rinne an Coimisiún measúnú orthu i dteagmháil dhlúth leis na Ballstáit
35 Rinne 11 Bhallstát as an 19 a fuair cistí SURE an cúnamh airgeadais a leithdháileadh chun scéimeanna coinneála post nua a chruthú, agus rinne ocht gcinn acu an cúnamh airgeadais a úsáid chun scéimeanna a bhí cheana ann a fhadú nó a mhodhnú (féach Fíor 6).
Fíor 6 – Scéimeanna oibre gearr-ama nua agus fadú ar chinn a bhí cheana ann, arna maoiniú ag SURE
Foinse: CIE, bunaithe ar Eurofound.
36 I rialachán SURE10, tá dhá phríomhchoinníoll ann chun an ionstraim a úsáid:
- méadú tobann agus géar ar chaiteachas poiblí a bhaineann go díreach le scéimeanna coinneála post (an coinníoll spreagtha);
- caithfear tacaíocht SURE a úsáid le haghaidh scéimeanna coinneála post (i.e. scéimeanna oibre gearr-ama nó bearta comhchosúla) nó le haghaidh bearta a bhaineann leis an tsláinte (an coinníoll incháilitheachta).
37 Bunaithe ar ár n-athbhreithniú ar 31 chás (a raibh bearta a bhaineann le sláinte san áireamh iontu), fuaireamar go ndearna an Coimisiún measúnú leormhaith féachaint an raibh an dá choinníoll chun SURE a úsáid comhlíonta.
38 Bhí na coinníollacha incháilitheachta sa rialachán leathan, rud a thug saoirse as cuimse do na Ballstáit ina chinneadh céard air a dhíreoidís an cistiú ón Aontas. D’fhág sé sin nach raibh obair an Choimisiúin ó thaobh na hiarrataí ar thacaíocht a mheasúnú chomh trom sin. Bhí seiceálacha an Choimisiúin, dá bhrí sin, teoranta dá dheimhniú go mbeadh na bearta dá raibh cistiú iarrtha ina gcúnamh do dhaoine lena bpost a choinneáil i gcomhthéacs COVID-19. Níor chuir an reachtaíocht de cheangal ar an gCoimisiún, áfach, measúnú a dhéanamh ar chost-éifeachtacht na mbeart. Dearbhaítear sa reachtaíocht “go gcomhlánóidh ionstraim SURE na bearta náisiúnta trí chúnamh airgeadais a chur ar fáil”11. Mheas an Coimisiún go raibh an ceanglas sin rathaithe ag na coinníollacha a ghabhann leis an ionstram agus nach raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar chomhlántacht thacaíocht SURE le bearta náisiúnta eile sna Ballstáit.
39 D’fhonn eisíoc tapa na gcistí a éascú, choimeád an Coimisiún teagmhálacha dlútha déthaobhacha freisin leis na Ballstáit i rith an phróisis measúnaithe ar na scéimeanna a bhí beartaithe chun, mar shampla:
- míniú a thabhairt ar na coinníollacha atá ann chun an ionstraim a úsáid (go háirithe trí chruinnithe déthaobhacha ar an leibhéal teicniúil sula gcuireann na Ballstáit an iarraidh fhoirmiúil ar chúnamh isteach). Mar shampla, bhí ar an gCoimisiún amanna soiléiriú a thabhairt do na Ballstáit á rá nach raibh bearta náisiúnta áirithe incháilithe le tacaíocht a fháil faoi SURE (féach Bosca 2);
- soiléirithe breise a fháil, nuair ba ghá, i ndáil leis an bhfaisnéis a bhí curtha ar fáil ag na Ballstáit.
Bearta náisiúnta nach bhfuil incháilithe le haghaidh SURE
- Tacaíocht do dhaoine dífhostaithe (e.g. sochair nó beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair)
- Tacaíocht do dhaoine atá neamhghníomhach go heacnamaíoch (e.g. mic léinn, pinsinéirí)
- Tacaíocht leachtachta agus deontais le haghaidh gnólachtaí, nach mbaineann le fostaíocht (e.g. costais leictreachais/uisce, fóirdheontais le haghaidh cíosa, bearta aonuaire do FBManna chun féimheacht a sheachaint)
- Laghdú ar chostais saothair indíreacha atá le seasamh ag gnólachtaí nach bhfuil aon cheangal orthu fostaíocht a choimeád ar siúl (e.g. laghdú i ranníocaíochtaí slándála sóisialta do gach duine)
- Tacaíocht ioncaim dhírigh d’fhostaithe (e.g. laghdú in oibleagáidí cánach na bhfostaithe mar nach dtugann na bearta sin cosaint go díreach don fhostaíocht agus nach stopann sé cailleadh post)
- Na dliteanais chánach atá ar ghnólachtaí a iarchur, amhail íocaíocht ranníocaíochtaí slándála sóisialta a chur siar, mar nach caiteachas poiblí atá sna bearta sin
Foinse: CIE, bunaithe ar dhoiciméid ón gCoimisiún.
40 Sna cásanna inar thug an Coimisiún faoi deara go raibh glacadh níos ísle ann ó thaobh cistí SURE i gcomparáid lena raibh beartaithe, bhí an Coimisiún gníomhach ina chuid comhráite leis na húdaráis náisiúnta chun cabhrú leo úsáid a bhaint as an maoiniú a bhí ar fáil – amhail bearta incháilithe breise a ghlacadh nó fad a chur leis na cinn a bhí cheana ann.
Leathnaigh an Chomhairle amach raon feidhme ionstraim SURE chun bearta a bhaineann leis an tsláinte a mhaoiniú, agus laghdaíodh an príomhfhócas ar fhostaíocht a bhí i gceist leis ar an gcaoi sin
41 Aithnítear i rialachán SURE gurb í an fhostaíocht a phríomhaidhm. Trí mhaoiniú do bhearta a bhaineann le sláinte a thabhairt isteach ann (a bhfuil samplaí de sin i bhFíor 2), laghdaítear an príomhfhócas a bhí leis i.e. go gcoinneofaí daoine ina bpoist. Cé go bhfuil bearta a bhaineann leis an tsláinte incháilithe, caithfidh siad sin fanacht ‘mar chuid choimhdeach’ den iomlán12.
42 Ba í treoraíocht neamhfhoirmiúil an Choimisiúin, a pléadh agus a comhaontaíodh ag meitheal de chuid na Comhairle i Lúnasa 2020, ná nár cheart go rachadh an sciar de chaiteachas iomlán SURE a bheadh ag dul do bhearta a bhaineann leis an tsláinte i mBallstát thar 15 %. Ar an iomlán, rinneadh de réir na huasteorann sin, mar gur thart ar 5 % de bhuiséad iomlán SURE a bhí sa chaiteachas ar bhearta a bhaineann leis an tsláinte de réir an Bhallstáit.
43 Faoi dheoidh, áfach, is é an léirthuiscint a bhí ag an gCoimisiún, le tacaíocht ón gComhairle, ar an téarma ‘coimhdeach’ sa rialachán ná gur chiallaigh sé nár cheart go rachadh an sciar de chaiteachas SURE ar bhearta a bhaineann leis an tsláinte thar 50 % i ngach Ballstát. As na seacht mBallstát ar leithdháileadh cistiú SURE dóibh chun bearta a bhaineann leis an tsláinte a chistiú, choinnigh ceithre cinn acu an sciar den chaiteachas sin faoi bhun 15 %. D’úsáid an Phortaingéil 23 % dá cuid iasachtaí SURE ar bhearta a bhaineann leis an tsláinte, agus d’úsáid an Ungáir agus an Rómáin beagnach 50 %. Níor bhain na 12 Bhallstát eile úsáid as an deis sin.
Rinne an Coimisiún cistí a eisíoc go tapa leis na Ballstáit
44 Rinne an Coimisiún a mheasúnú ar iarrataí na mBallstát go tapa. Mar thoradh air sin, i gcás 13 den 19 mBallstát a d’iarr cistiú SURE, fuair siad an chéad eisíocaíocht laistigh d’aon mhí amháin ón tráth a d’iarr siad na cistí, agus fuair cúig Bhallstát an chéad eisíocaíocht dóibhsean laistigh de dhá mhí. Maidir leis an mBallstát eile, d’iarr sé sin na cistí a fháil níos déanaí agus fuair sé an chéad eisíocaíocht cúig mhí i ndiaidh na hiarrata.
Bhí forálacha i gcomhaontuithe iasachta SURE i ndáil leis an riosca calaoise agus neamhrialtachta, ach ní raibh ceanglas sa chreat dlíthiúil measúnú a dhéanamh ar stóinseacht chórais rialaithe na mBallstát
45 Tá bearta freagartha géarchéime, amhail na scéimeanna coinneála post a maoiníodh faoi SURE, sách soghabhálach do neamhrialtachtaí agus mí-úsáid fhéideartha, mar atá ráite ag an líonra atá maoinithe ag an gCoimisiún dar teideal ‘an tArdán Eorpach chun dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe’13 agus mar atá luaite i roinnt tuarascálacha ó Uasfhorais Iniúchóireachta14.
46 Tá ceanglas i rialachán SURE a éilíonn go mbeadh forálacha i ndáil le seiceálacha agus iniúchtaí sa chomhaontú iasachta le gach aon Bhallstát, chun an riosca calaoise agus neamhrialtachta a íoslaghdú, faoi mar a cheanglaítear a dhéanamh de réir an rialacháin airgeadais15. Tá córais deartha ag an gCoimisiún a chlúdaíonn an staid nach mbeadh calaois ná neamhrialtachtaí ann ó thaobh idirbhearta airgeadais idir an tAontas Eorpach agus na Ballstáit. Is ar na Ballstáit atá an fhreagracht as úsáid chuí a bhaint as na cistí ar an leibhéal náisiúnta, as neamhrialtachtaí agus calaois a chosc agus, más gá, as cistí a mí-úsáideadh a ghnóthú ó fhaighteoirí. Ní chuireann an creat dlíthiúil de cheangal ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar stóinseacht chórais rialaithe na mBallstát lena rialaítear cur chun feidhme na mbeart náisiúnta a bhfuil tacaíocht faighte acu ó chistí ón Aontas. I gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil chun iasachtaí a chomhaontú, dhírigh an Coimisiún ar na freagrachtaí a bhí ar an Aontas Eorpach mar iasachtóir agus ar na Ballstáit mar iasachtaithe. Mar shampla, mar bheart rialaithe ex post, clúdaíonn seiceálacha an Choimisiúin an bhfuil bearta na mBallstát a fuair tacaíocht ó SURE ag réiteach leis na bearta sin atá sna cinntí cur chun feidhme ón gComhairle. Tugaimid ar aire nuair a úsáidtear iasachtaí mar shásra chun cistiú a sholáthar, go gciallaíonn sé nach bhfuil na freagrachtaí dlíthiúla atá ar an gCoimisiún ó thaobh calaoise agus neamhrialtachta de chomh leitheadach céanna leis an uair a chuireann an Coimisiún cistiú deontais faoin mbeartas Comhtháthaithe ar fáil.
47 In Eanáir 2022, mar fhreagairt ar ár n-iniúchadh, agus chun níos mó faisnéise a fháil faoi oibriú praiticiúil na gcomhaontuithe iasachta, rinne an Coimisiún suirbhé ad hoc ar na córais iniúchóireachta agus rialaithe a bhí ag na Ballstáit a bhí ag tairbhiú de SURE. Ag an tráth sin, bhí 95 % de na hiasachtaí íoctha amach cheana féin. Ina gcuid freagraí ar an suirbhé, thuairiscigh na Ballstáit, i gcás na mbeart a fuair tacaíocht ó SURE, go raibh siad ag úsáid na gcóras iniúchóireachta agus rialaithe a bhí i bhfeidhm acu roimh an bpaindéim. Taobh amuigh d’aon eisceacht amháin, thuairiscigh na Ballstáit go léir go raibh cásanna de neamhrialtachtaí nó calaois braite acu. Rinne an Ballstát lena mbaineann imscrúdú i ngach ceann de na cásanna sin. As sin, tionscnaíodh caingean dlí in 13 Bhallstát chun na cistí a bhí úsáidte go míchuí a ghnóthú16. Má bhíonn amhras tromchúiseach ar an gCoimisiún i dtaca leis an úsáid a bhaineann Ballstát as cistí SURE, tá an rogha aige imscrúduithe a thionscnamh. Amhail i Meán Fómhair 2022, ní raibh aon imscrúdú déanta ag an gCoimisiún ar an mbonn nach raibh sé ar an eolas faoi aon mhór-neamhrialtachtaí ná aon mhórchalaois i ndáil lena chuid freagrachtaí féin faoin reachtaíocht, faoi mar atá leagtha amach sa mhír anseo roimhe seo. Trí iasachtaí a úsáid, ciallaíonn sé go gcuireann neamhrialtachtaí féideartha i scéimeanna náisiúnta teorainn leis an riosca airgeadais do bhuiséad an Aontais. Mar sin féin, tá an baol i gcónaí ann go ndéanfar dochar do cháil an Aontais má fheictear do dhaoine go bhfuil claonadh chun calaoise ann i gcás na mbeart a fhaigheann tacaíocht airgeadais ó bhuiséad an Aontais.
Chuidigh iasachtaí SURE le maoiniú a chur ar fáil do scéimeanna náisiúnta coinneála post ionas go gcoinneofaí smacht ar an méadú sa dífhostaíocht le linn ghéarchéim COVID-19
48 Scrúdaíomar ar chomhlíon SURE a chuspóir foriomlán go dtabharfaí maoiniú do scéimeanna náisiúnta a bhí deartha chun tacú le hoibrithe sna Ballstáit le linn na géarchéime agus go maolófaí na rioscaí dífhostaíochta. Mar gheall ar dhearadh na hionstraime, níl sé indéanta an tionchar ar leith atá ag SURE a shainaithint laistigh de na scéimeanna sin. Rinneamar anailís ar shonraí ó Eurostat agus Eurofound chomh maith le faisnéis ón gCoimisiún agus staidéar comparáideach IMF.
49 Ceann de na príomhbhealaí inar fhéach rialtais náisiúnta leis an ardú féideartha i ndífhostaíocht a chomhrac ná trí úsáid a bhaint as scéimeanna coinneála post, a bhí incháilithe le haghaidh tacaíocht ó SURE (féach Bosca 3). Trí na scéimeanna sin agus trí bhearta comhchosúla, bhí fostóirí a raibh titim shealadach in éileamh nó i dtáirgeacht ag tarlú dóibh (go háirithe le linn na gcéimeanna dianghlasála den phaindéim) in ann na huaireanta oibre dá gcuid fostaithe a laghdú seachas na daoine sin a scaoileadh chun bealaigh. Ar an gcaoi sin, bhí fostaithe in ann a bpost a choinneáil agus an leibhéal ioncaim a choinneáil ag an am céanna.
An úsáid a baineadh as scéimeanna coinneála post le linn na paindéime
Bhí na buiséid le haghaidh scéimeanna coinneála post san Aontas Eorpach i rith na paindéime níos mó ná mar a bhí riamh roimhe sin. De réir shonraí Eurofound, idir Márta agus Meán Fómhair 2020, bhain os cionn 40 milliún oibrí agus gar do cheithre mhilliún fostóir san Aontas Eorpach úsáid as scéimeanna agus bearta chun fostaíocht a chosaint. Ciallaíonn sé sin gur thairbhigh níos mó ná 20 % d’fhórsa saothair an Aontais ó obair ghearr-ama nó ó liúntais dífhostaíochta shealadacha. Ag buaic na géarchéime airgeadais agus eacnamaíche in 2009, bhí níos lú ná 1.8 milliún oibrí ann a bhí clúdaithe le scéimeanna cosanta fostaíochta. Bhí an caiteachas ar na scéimeanna náisiúnta sin le linn an chéad rabharta den phaindéim beagnach 10 n-uaire níos airde ná mar a bhí i rith thréimhse iomlán ghéarchéim airgeadais 2008-201017.
50 In 2021, d’fhoilsigh Eurofound18 staidéar a rinne comparáid idir an tionchar ar dhífhostaíocht tar éis géarchéim airgeadais 2008 agus an tionchar ar dhífhostaíocht a bhí ag géarchéim COVID-19. Sa staidéar sin, fuarthas go raibh an méadú ar rátaí dífhostaíochta don chéad bhliain de ghéarchéim COVID-19 sna Ballstáit a bhí ag tairbhiú de SURE níos ísle ná mar a bhí i rith ghéarchéim airgeadais 2008-2010. Cé go raibh titim shuntasach sa ghníomhaíocht eacnamaíoch ann mar gheall ar an bpaindéim, níor chruthaigh sé sin laghdú coibhéiseach sna rátaí fostaíochta – nár thit ach beagán. Cé go raibh laghdú suntasach sna huaireanta oibre ann i gcomhréir leis an titim san olltáirgeacht intíre, ní raibh aon mhéadú mór sa dífhostaíocht dá réir19. De réir Eurofound, idir R2 2019 agus R2 2020, tháinig níos mó ná dúbailt ar an sciar oibrithe a bhí fostaithe ach gan iad ag obair, ag sroicheadh 17 %, ach fós níor thit an fhostaíocht san Aontas Eorpach ach 2.4 %.
51 Is féidir comparáid a dhéanamh idir cur chuige an Aontais agus an cur chuige sna Stáit Aontaithe. De réir staidéar ó IMF in 202220, is oibrithe a bhí leagtha as go sealadach is mó ba chúis leis an ardú tobann sa dífhostaíocht a bhí ann de bharr COVID-19: sa dara ráithe de 2020, is oibrithe a leagadh as go sealadach a bhí i gceist le níos mó ná 70 % de na daoine a bhí tar éis éirí dífhostaithe. I gcaitheamh 2020, thit an fhostaíocht 6.2 % sna Stáit Aontaithe agus mhéadaigh an ráta dífhostaíochta 4.4 pointe céatadáin, i gcomparáid le 1.4 % agus 0.4 pointe céatadáin faoi seach san Aontas Eorpach.
Ní féidir an tionchar a bhí ag SURE a mheasúnú go hiomlán mar gheall ar na sonraí faireacháin a bheith teoranta agus gan meastóireacht ex post a bheith ann
52 Rinneamar measúnú féachaint ar fhorbair an Coimisiún creat stóinseach chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar chur chun feidhme SURE. Chuige sin, rinneamar anailís ar phróisis faireacháin an Choimisiúin, ó na sonraí a bailíodh ó na Ballstáit go dtí foilsiú na dtuarascálacha leathbhliantúla maidir le húsáid an chúnaimh airgeadais. Rinneamar measúnú freisin féachaint an raibh pleanáil déanta ag an gCoimisiún le haghaidh meastóireacht ar an ionstraim i gcomhréir lena rialacha inmheánacha féin.
Tá na ceanglais faireacháin agus tuairiscithe ag díriú ar úsáid an chúnaimh airgeadais seachas ar na torthaí a baineadh amach
53 Tá na ceanglais faireacháin agus tuairiscithe don Choimisiún agus do na Ballstáit i rialachán SURE ag díriú go príomha ar an úsáid a bhaintear as an gcúnamh airgeadais agus ar aschuir, seachas a bheith ag díriú ar a bhfuil bainte amach trí na scéimeanna náisiúnta coinneála post a fuair tacaíocht ó SURE ó thaobh na dtorthaí de.
54 Bhí faireachán airgeadais an Choimisiúin, sa bhreis ar a sheiceáil an raibh na bearta a tuairiscíodh ag réiteach leis na bearta a bhí glactha leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, ag díriú ar an mbealach inar úsáideadh an iasacht agus ar an gcaiteachas iomlán a bhí ag gabháil leis na bearta a fuair cistiú faoi SURE. Lig sé sin don Choimisiún dul i mbun comhráite go forghníomhach leis na húdaráis náisiúnta nuair a bhí an glacadh a bhí le cistí SURE níos ísle ná mar a bhí pleanáilte (féach mír 40).
55 De réir mheastachán an Choimisiúin, thacaigh SURE, ar fud na 19 mBallstát a d’úsáid an ionstraim, le thart ar 31.5 mhilliún duine agus 2.5 milliún gnólacht in 2020. Is iad na Ballstáit ina raibh an méid is mó daoine a fuair tacaíocht ná an Iodáil (10.8 milliún), an Spáinn (5.7 milliún) agus an Pholainn (3.6 milliún). Chomh maith leis sin, fuair os cionn milliún duine tacaíocht i gcúig Bhallstát eile: an Ghréig, an tSeicia, an Bheilg, an Phortaingéil agus an Rómáin. I Lúnasa 2022, ba é meastachán an Choimisiúin ná gur thairbhigh thart ar naoi milliún duine ó scéimeanna coinneála post a bhí maoinithe faoi SURE in 202121.
56 Maidir leis na sonraí a thuairiscigh na Ballstáit ar aschuir, áfach, amhail an líon fostaithe agus gnólachtaí a bhí clúdaithe, bhí siad sin bunaithe de ghnáth ar mheastacháin, ní raibh siad cuimsitheach i gcónaí, de réir mar a tuairiscíodh i dtuarascálacha débhliantúla SURE, agus bhí éagsúlachtaí móra eatarthu. Bhí na sonraí sin mar bhunús do na tuarascálacha a chuir an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (féach Bosca 4).
Samplaí do teorainneacha sna sonraí faireacháin
A mhéid a bhaineann leis na sonraí a thuairiscigh na Ballstáit, thugamar an méid seo a leanas ar aire, bunaithe ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil i dtuarascálacha débhliantúla SURE:
- éagsúlachtaí sna sonraí a bhí tuairiscithe ag roinnt Ballstát in imeacht ama;
- forluíonna idir an líon faighteoirí a fuair tacaíocht as bearta éagsúla;
- i gcás 2020, níor thuairiscigh ceithre Bhallstát ar an gclúdach earnálach faoi SURE, agus níor thuairiscigh péire ar mhéid na ngnólachtaí a bhí ag tairbhiú den tacaíocht;
- i gcás 2021, níor thuairiscigh Ballstát amháin ar na hoibrithe a bhí clúdaithe faoi SURE ná ar na gnólachtaí a fuair tacaíocht.
57 Thar thréimhse ama, chuir na Ballstáit tuilleadh sonraí ar fáil. Mar thoradh ar méadú sin ar infhaighteacht sonraí, áfach, bhí éagsúlachtaí suntasacha ann idir sonraí a tuairiscíodh i dtuarascálacha débhliantúla éagsúla. Mar shampla, tuairscíodh gurbh é líon na ndaoine a thairbhigh den tacaíocht in 2021 5 mhilliún, 3 mhilliún agus 9 milliún sa dara, tríú agus ceathrú tuarascáil débhliantúil faoi seach.
58 Bhí seiceálacha an Choimisiúin ar na sonraí aschuir a thuairiscigh na Ballstáit teoranta agus dírithe ar chomhsheasmhacht leathan le hábhar a tíolacadh roimhe sin, chomh maith le costas na mbearta, agus d’úsáid siad foinsí sonraí éagsúla a bhí ar fáil maidir le margadh an tsaothair (e.g. Eurostat). Níor chlúdaigh siad ach measúnú ar an raibh cuma ‘inchreidte’ ar an bhfaisnéis a sholáthair na Ballstáit faoin líon tairbhithe de chistí SURE (ó thaobh fostaithe, duine féinfhostaithe nó gnólachtaí de, agus de réir earnála).
59 Sa bhreis air sin, is iondúil gur ar leibhéal comhiomlánaithe a thug na Ballstáit an fhaisnéis. Mar thoradh ar an easpa mionsonraí maidir le haschuir agus torthaí na scéimeanna coinneála post, ní féidir príomh-thairbhithe na mbeart náisiúnta a fuair cistiú ó SURE a shainaithint22. Cé gur chruthaigh paindéim COVID-19 suaitheadh mór ar an margadh saothair, ní ar an gcaoi chéanna a buaileadh na hearnálacha, cuideachtaí agus grúpaí oibrithe go léir. Ba dhóchúla gur ar fhostaithe i bpoist nach raibh chomh slán sin, ar dhaoine féinfhostaithe agus ar ghrúpaí leochaileacha san fhórsa saothair (amhail mná, fostaithe scothaosta, daoine ó thíortha eile, daoine faoi mhíchumas agus daoine le leibhéal íseal oideachais) is mó a bheadh tionchar ag na bearta scartha sóisialta agus srianta eile, rud a chuir isteach go mór ar na deiseanna oibre a bhí acu23.
60 Níor iarr an Coimisiún aon sonraí ó na Ballstáit maidir leis an méid a baineadh amach leis an bearta a bhain le sláinte ar an mbonn go raibh raon feidhme agus cuspóirí an-éagsúla acu (féach míreanna 41-43). Is féidir na bearta sin a mhaoiniú faoi roinnt ionstraimí cistithe éagsúla ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta, agus is gnách iad a chur chun feidhme ar mhodh díláraithe ag líon mór údarás agus comhlachtaí éagsúla, rud a fhágann go bhfuil an baol ann go dtarlóidh cistiú dúbailte. Ar an iomlán, seasann bearta a bhaineann le sláinte do thart ar €3.2 bhilliún d’imchlúdach airgeadais iomlán SURE, agus tá éagsúlacht shonrach sna bearta sin ó thaobh a nádúir de agus ó thaobh a raoin feidhme de.
Ní féidir le tuarascálacha leathbhliantúla an Choimisiúin ar an úsáid a bhaintear as cúnamh airgeadais SURE ach meastacháin leithne a thabhairt ar na torthaí
61 Faoi dheireadh Mheán Fómhair 2022, bhí ceithre thuarascáil leathbhliantúil maidir le húsáid chúnamh airgeadais SURE foilsithe ag an gCoimisiún, i gcomhréir leis an rialachán24. Is iad na tuarascálacha sin an bunús chun Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus geallsealbhóirí eile a choinneáil ar an eolas. Sna tuarascálacha sin, tá faisnéis faoi chur chun feidhme an chúnaimh airgeadais (mar shampla, na méideanna atá fós le híoc, na sceidil aisíocaíochta) agus faoina mhéid a bhí na tarlúintí eisceachtúla a bhí ina n-údar le SURE fós i bhfeidhm.
62 Ní chuireann rialachán SURE de cheangal ar an gCoimisiún tuairisciú ar na torthaí ná ar éifeachtacht na hionstraime, ach ceanglaítear tuairisciú tionchair a dhéanamh faoi chreat na mbannaí sóisialta (féach Bosca 1). Chun an ceanglas sin a chomhlíonadh, tá faisnéis sna tuarascálacha leathbhliantúla freisin ar na torthaí a baineadh amach trí scéimeanna coinneála post a fuair maoiniú faoi SURE (féach Bosca 5).
Tuairisciú ar thorthaí SURE
De réir an Choimisiúin, is é an toradh a bhí ar bhearta tacaíochta beartais, lena n-áirítear iad sin a thacaíonn SURE leo, ná go bunúsach gur cinntíodh nár cháil 1.5 milliún duine a bpost le linn 2020 sna Ballstáit ar tairbhithe de SURE iad25.
Tá an meastachán sin bunaithe ar shamhail eacnaiméadrach chaighdeánach a chuireann sonraí stairiúla maidir le margadh an tsaothair i gcomparáid leis na sonraí iarbhír ó na Ballstáit. Is ionsamhlú atá sa tsamhail, amhail gach samhail eile.
De réir an Choimisiúin, ba cheart a bheith cúramach le léirthuiscint an fhigiúir sin mar go bhfuil sé deacair a mheasúnú cad a bheadh tarlaithe sa mhargadh saothair mura mbeadh SURE ann, agus tá tionchar ag réimse leathan tosca ar rátaí fostaíochta.
Níl meastóireacht déanta ag an gCoimisiún ar ionstraim SURE
63 De réir an rialacháin airgeadais, de réir an ‘Comhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le Reachtóireacht Níos Fearr’ agus de réir na ‘dTreoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr’, bítear ag dréim leis go ndéanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmíocht chláir an Aontais i ndáil le héifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach Eorpach26. Ba cheart do na meastóireachtaí sin measúnú criticiúil agus oibiachtúil a dhéanamh ar an bhfuil ionstraim de chuid an Aontais cuí don chuspóir agus an bhfuil a chuid cuspóirí beartaithe á dtabhairt i gcrích ar an gcostas is ísle bunaithe ar fhianaise stóinseach i dtaobh nithe rathúla agus easnaimh27. Thairis sin, faoi chuimsiú ‘an Phlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta’, tá sé geallta ag an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a ndeachaigh SURE28. Níl aon cheanglas ar leith i rialachán SURE, áfach, a chuireann faoi deara don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht na hionstraime.
64 I gcás tionscnaimh a moladh mar ábhar práinne i rith phaindéim COVID-19 nach ndearnadh comhairliúchán poiblí ná measúnú tionchair ina dtaobh, shonraigh an Coimisiún in Aibreán 2021 ‘go leagfadh sé amach go soiléir cén chaoi agus cén uair a dhéanfar measúnú ina dhiaidh sin ar an ngníomh’29 i ndoiciméad inmheánach oibre a bheadh le foilsiú tráth nach déanaí ná trí mhí i ndiaidh an togra reachtaigh. Ós rud é gur glacadh rialachán SURE i mBealtaine 2020, ní dhearnadh an méid sin le haghaigh SURE.
Conclúidí agus moltaí
65 Bhí paindéim COVID-19 ina cúis le suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar na hEorpa agus chuir sí isteach go suntasach ar mhargadh an tsaothair, ag cur na milliún post i mbaol. Ar an iomlán, tagaimid ar an gconclúid gur fhreagair an Coimisiún go tapa don dúshlán a bhain le cabhrú le Ballstáit fostaíocht a chaomhnú, trí bhíthin tacaíocht ón Aontas a fháil chomh fada leis na Ballstáit seacht mí tar éis fhógairt na paindéime – rud a tharla níos tapúla ná mar a dhéanfaí faoi na gnáthnósanna imeachta cistithe. Léirigh an creat rialachais an comhthéacs éigeandála, agus bhí an Tacaíocht Shealadach chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás Éigeandála (SURE) deartha ar chaoi a chuirfeadh teorainn leis an riosca airgeadais do bhuiséad an Aontais. Cé go bhfuil roinnt comharthaí ar an leibhéal comhiomlánaithe ann gur shroich tacaíocht SURE na milliúin daoine, níl sé indéanta, mar gheall ar dhearadh na hionstraime – san áit ar sholáthair an tAontas Eorpach maoiniú iasachta chun tacú le scéimeanna náisiúnta – agus mar gheall ar easpa sonraí cuimsitheacha ó na Ballstáit, cuirtear teorainn le cumas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar na torthaí atá bainte amach ag SURE.
66 Rinneadh SURE a chur ar bun agus a sheoladh i gcomhthéacs éigeandála, nuair a bhí bearta sriantacha chun teorainn a chur le scaipeadh an choróinvíris á gcur chun feidhme agus nuair a bhí méadú tobann agus géar sa chaiteachas poiblí ag bagairt ar na Ballstáit. Ag féachaint dó sin, ní raibh sé ach dhá mhí tar éis COVID-19 a ainmniú mar phaindéim nuair a mhol an Coimisiún rialachán nua agus nuálach; agus tháinig formheas ón gComhairle go luath ina dhiaidh sin. Shocraigh formhór na mBallstát (19) an ionstraim a úsáid, agus chuaigh beagnach leath den tacaíocht iomlán ar luach €100 billiún chuig an Iodáil agus an Spáinn. Le tacaíocht ó SURE, bhí ar chumas na mBallstát scéimeanna coinneála post nua a chruthú nó cinn a bhí cheana ann a fhadú. Tríd is tríd, cruthaíodh scéimeanna coinneála post nua sna Ballstáit in oirthear an Aontais ach, i bhfianaise cúinsí an-difriúil gach margaidh saothair náisiúnta, bhí éagsúlacht shuntasach sa chur chuige a d’úsáid na tíortha éagsúla ar fud an Aontais Eorpaigh. Ba é meastachán an Choimisiúin ná gur shábháil Ballstáit ag a raibh rátáil chreidmheasa a bhí níos laige ná rátáil an Aontais, le chéile, thart ar €8.5 mbilliún in ús i gcomparáid lena mbeadh orthu a íoc dá socróidís na hiasachtaí a fháil iad féin (féach míreanna 17-26).
67 Is struchtúr núíosach a bhí ag tacaíocht SURE, agus bhí an riosca do bhuiséad an Aontais teoranta. Tá an cistiú bunaithe ar iasachtaí, seachas deontais, agus thug na Ballstáit go léir (lena n-áirítear iad sin nár bhain úsáid as SURE) ráthaíochtaí neamh-inchúlghairthe ar éileamh, suas go dtí 25 % de na hiasachtaí ar fad a íocadh faoin ionstraim, a bhfuil siad sin ar fad dlite a bheith aisíoctha faoi 2050. Tá na ráthaíochtaí sin ag fónamh mar mhaolán chun buiséad an Aontais a chosaint, ós rud é – i gcás mainneachtana – gur féidir ráthaíochtaí na mBallstát a ghlaoch isteach sula dtéitear i muinín acmhainní dílse an Choimisiúin. Thairis sin, tá rialacha stuamachta i bhfeidhm chun an neamhchosaint in aghaidh na bliana agus in aghaidh an Bhallstáit a mhaolú. Ar an iomlán, bhí éileamh mór ar iasachtaí SURE, le beagnach €92 bhilliún eisíoctha faoi Lúnasa 2022 (féach míreanna 27-31).
68 Is ionstraim freagartha géarchéime é SURE a bhfuil eisíoc cistí ar bhealach tapa ina thosaíocht lena aghaidh. Bhí nósanna imeachta an Choimisiúin in SURE níos simplí ná na gnáth-idirghabhálacha a dhéanann an Coimisiún. Mar shampla, tá rialachán SURE gearr ó thaobh faid de ach leathan a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha spreagtha agus incháilitheachta, rud a thugann saoirse mhór do na Ballstáit ina chinneadh cá bhfuil an cistiú ón Aontas le caitheamh. Mar iarmhairt air sin, ní raibh aon seiceáil ann ón gCoimisiún féachaint an raibh na bearta náisiúnta a fuair tacaíocht ó SURE costéifeachtach nó an raibh siad ina gcomhlánú ar scéimeanna eile. Trí raon feidhme ionstraim SURE a leathnú amach chun bearta a bhaineann leis an tsláinte a mhaoiniú, laghdaíodh an príomhfhócas ar fhostaíocht a bhí i gceist leis. Faoi dheoidh, ghlac an Coimisiún leis, le tacaíocht ón gComhairle, gur úsáid trí Bhallstát as na 19 níos mó ná 15 % dá n-iasachtaí SURE ar bhearta a bhaineann leis an tsláinte (féach míreanna 32-43).
69 Rinne an Coimisiún an cistiú leis na Ballstáit a eisíoc go tapa: fuair formhór na mBallstát a gcéad eisíocaíocht laistigh d’aon mhí amháin ón uair a rinne siad an iarraidh. Tá claonadh chun mí-úsáide ag gabháil le scéimeanna coinneála post, agus tá ceanglas i rialachán SURE a éilíonn go mbíonn forálacha maidir le córais rialuithe agus iniúchtaí sna comhaontuithe iasachta leis na Ballstáit; agus is ann dó sin chun an riosca calaoise agus neamhrialtachta a íoslaghdú. Sheol an Coimisiún suirbhé ad hoc ar na córais iniúchóireachta agus rialaithe sna Ballstáit ag tús 2022, nuair a bhí formhór an chistithe eisíoctha cheana féin. Thuairiscigh gach Ballstát, seachas ceann amháin, cásanna de neamhrialtachtaí agus de chalaois líomhnaithe, as ar lean gnóthú cistí a bhí úsáidte go míchuí in 13 Bhallstát. Amhail ag Meán Fómhair 2022, agus ós rud é nach raibh an Coimisiún ar an eolas i dtaobh aon mhórchásanna neamhrialtachtaí nó calaoise a mhéid a bhain lena chuid freagrachtaí féin faoin reachtaíocht, ní raibh aon imscrúduithe sonracha ar an ábhar seo seolta ag an gCoimisiún (féach míreanna 44-47).
70 Tá comharthaí ann ar an leibhéal comhiomlánaithe gur shroich SURE na milliúin fostaithe agus daoine féinfhostaithe le linn na tréimhse ba dhéine den ghéarchéim agus, in éineacht le bearta tacaíochta beartais eile, gur rannchuidigh SURE le maolú ar rioscaí dífhostaíochta. Mar gheall ar dhearadh na hionstraime, áfach, níl sé indéanta an tionchar ar leithligh atá ag SURE a shainaithint, ó thaobh aschuir agus torthaí de, laistigh de na scéimeanna náisiúnta. Is é an éifeacht atá leis sin ná nach féidir leis an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na torthaí SURE i ngach Ballstát. Mar shampla, mar gheall ar an easpa sonraí cuimsitheach ó na Ballstáit nach féidir measúnú iomlán a dhéanamh ar líon na ndaoine agus ngnólachtaí a fuair tacaíocht ó SURE - rannchuidiú féideartha na hionstraime maidir le rioscaí dífhostaíochta a mhaolú. Is beag sonraí faireacháin atá ann freisin maidir le bearta a bhaineann leis an tsláinte ar an mbonn go raibh raon feidhme agus cuspóirí an-éagsúla acu. Níl sé éigeantach de réir rialachán SURE meastóireacht a dhéanamh (féach míreanna 48-64).
Moladh – Meastóireacht a dhéanamh ar SURE
D’fhonn ceachtanna a fhoghlaim le haghaidh ionstraimí éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, agus i gcomhréir lena ghealltanas sa Phlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar gach ar bhain le SURE. Ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas i meastóireacht den sórt sin: a mhéid a raibh breisluach ag gabháil le SURE agus leis na bearta náisiúnta ar thug sé tacaíocht dóibh (le haghaidh gach cuspóir SURE, lena n-áirítear bearta a bhaineann leis an tsláinte); an raibh SURE ina gcomhlánú ar bhearta náisiúnta agus cén chaoi, agus an raibh creat SURE éifeachtach ó thaobh an riosca de neamhrialtachtaí agus calaois a íoslaghdú, i bhfianaise na gcásanna atá tuairiscithe ag na Ballstáit.
Spriocdháta cur chun feidhme: faoi dheireadh R3 de 2024.
Is é Seomra IV, faoi cheannas Annemie Turtelboom (Comhalta den Chúirt Iniúchóirí), a ghlac an Tuarascáil seo i Lucsamburg ag an gcruinniú a bhí aige an 9 Samhain 2022.
Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí
Tony Murphy
An tUachtarán
Giorrúcháin
AS BUDG: Ardstiúrthóireacht an Bhuiséid
AS ECFIN: Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
AS EMPL: An Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
CEPS: An Lárionad don Staidéar ar Bheartas na hEorpa
Eurofound: An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú
SURE: Tacaíocht chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás Éigeandála
Gluais
Bearta a bhaineann leis an tsláinte: Bearta a bhfuil sé mar aidhm leo guaiseacha ceirde a laghdú, agus a áirithiú go dtugtar cosaint d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe san áit oibre agus, i gcás inarb iomchuí, roinnt beart eile a bhaineann leis an tsláinte.
Bearta atá comhchosúil le scéimeanna oibre gearr-ama: Bearta sa mhargadh saothair, seachas scéimeanna oibre gearr-ama, a thugann cosaint don fhostaíocht trí bhíthin fóirdheontais a dhéanamh le haghaidh tacaíocht ioncaim d’fhostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe.
Eurofound: An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú; gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh a sholáthraíonn faisnéis, comhairle agus saineolas i réimse bheartas sóisialta an Aontais bunaithe ar fhaisnéis chomparáideach, taighde agus anailís.
Scéime oibre gearr-ama: Clár poiblí a ligeann, in imthosca áirithe, do ghnólachtaí a bhfuil deacrachtaí eacnamaíocha acu na huaireanta an chloig a bhíonn á n-oibriú ag a bhfostaithe a laghdú go sealadach agus go dtugtar tacaíocht ioncaim phoiblí do na fostaithe sin mar chúiteamh ar na huaireanta an chloig sin nár oibríodh.
Freagraí ón gCoimisiún
An fhoireann iniúchóireachta
I dtuarascálacha speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, leagtar amach torthaí a hiniúchtaí ar bheartais agus ar chláir an Aontais, nó ar thopaicí a bhaineann le bainistíocht ó réimsí buiséadacha ar leith. Roghnaíonn agus ceapann an Chúirt na cúraimí iniúchóireachta sin a mbeidh an tionchar is mó acu trí mhachnamh a dhéanamh ar na rioscaí don fheidhmíocht nó don chomhlíonadh, an leibhéal ioncaim nó caiteachais lena mbaineann, forbairtí atá ar na bacáin agus leas polaitiúil agus poiblí.
Is é Seomra Iniúchta II – Infheistíocht maidir le comhtháthú, fás agus cuimsiú, atá faoi cheannas Annemie Turtelboom (Comhalta den Chúirt), a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo. Rinneadh an iniúchóireacht faoi stiúir Iliana Ivanova (Comhalta den Chúirt), agus fuarthas tacaíocht ó na daoine seo a leanas: James Verity (Ceann na hOifige Príobháidí), Ivan Genchev (Ataisé na hOifige Príobháidí), Pietro Puricella (Príomhbhainisteoir), Jussi Bright (Ceann Cúraim) agus Fernando Pascual Gil, Andras Augustin Feher, Zeljko Mimica agus Cristina Jianu (Iniúchóirí).
Ó chlé go deas: Fernando Pascual Gil, James Verity, Jussi Bright, Iliana Ivanova, Ivan Genchev, Pietro Puricella, Zeljko Mimica.
Críochnótaí
1 Marcus, J. S. et al.: Tionchar COVID-19 ar an Margadh Inmheánach, Parlaimint na hEorpa, 2021.
2 Pouliakas, K.; Branka, J.: Na poist san Aontas is mó atá i mbaol mar gheall ar scaradh sóisialta COVID-19: An bhfuil an deighilt sa mhargadh saothair á déanamh níos measa ag an bpaindéim?, Uimh. 1, Páipéar oibre CEDEFOP, 2020.
3 Togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ón gComhairle maidir le SURE, COM(2020) 139.
4 Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2020/672.
5 Le haghaidh Rialacháin na bhForálacha Coiteanna a bhaineann le clárthréimhsí 2007-2013 agus 2014-2020: Rialachán (AE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, faoi seach.
6 SURE: Dhá Bhliain Níos Déanaí: an ceathrú tuarascáil débhliantúil, COM(2022) 483.
7 Airteagal 11(5) de Rialachán (AE) 2020/672.
8 Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/672.
9 SURE: Dhá Bhliain Níos Déanaí: an ceathrú tuarascáil débhliantúil, COM(2022) 483.
10 Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/672.
11 Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2020/672.
12 Airteagal 1.2 de Rialachán (AE) 2020/672.
13 COVID-19: ag comhrac na calaoise i scéimeanna tacaíochta airgeadais gearrthréimhseacha, An tArdán Eorpach chun dul i ngleic le hobair neamhdhearbhaithe, Bealtaine 2021
14 Uasfhorais Iniúchóireachta na Cróite (2021), na hÉireann (2021), na Laitvia (2021).
15 Airteagal 13.1 de Rialachán (AE) 2020/672, faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 220(5) de Rialachán (AE) 2018/1046.
16 SURE ag 18 mí: an 3ú tuarascáil leathbhliantúil, COM(2022) 128.
17 Covid-19: Impleachtaí don fhostaíocht agus do shaol na hoibre, sraith COVID-19, Eurofound, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2021.
18 Faireachán ar chóineasú san Aontas Eorpach: Ag breathnú siar chun gluaiseacht ar aghaidh – Cóineasú aníos trí bhíthin géarchéimeanna, Eurofound, Sraith dar teideal ‘Dúshláin agus ionchais san Aontas Eorpach’, 2021.
19 Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le forbairtí sa mhargadh saothar agus i bpá san Eoraip, Nollaig 2021, lch. 45.
20 Margaí Saothair na hEorpa agus Paindéim COVID-19: Na Drochiarmhairtí agus an Bealach Chun Cinn, An Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, Márta 2022.
21 SURE: Dhá Bhliain Níos Déanaí: an ceathrú tuarascáil débhliantúil, COM(2022) 483.
22 Covid-19: Impleachtaí don fhostaíocht agus do shaol na hoibre, sraith COVID-19, Eurofound, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2021.
23 Na poist san Aontas is mó atá i mbaol mar gheall ar scaradh sóisialta COVID-19, CEDEFOP, 2020.
24 Airteagal 14.1 de Rialachán (AE) 2020/672.
25 SURE: Dhá Bhliain Níos Déanaí: an ceathrú tuarascáil débhliantúil, COM(2022) 483.
26 Airteagal 34 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Mír I.3 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, 12.05.2016, lch. 1. SWD(2021) 305, Treoirlínte um Rialáil Níos Fearr, 3.11.2021, lch. 23.
27 Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Rialáil Níos Fearr: Oibriú as lámha a chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh, COM(2021) 219, lgh. 16-17. SWD(2021) 305, Treoirlínte um Rialáil Níos Fearr, 3.11.2021, lch. 23.
28 Plean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, 2021, lch. 18.
29 Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Rialáil Níos Fearr: Oibriú as lámha a chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh, COM(2021) 219, lgh. 13-14.
Déan teagmháil le
European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG
Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors
Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).
Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2022
| ISBN 978-92-847-9187-3 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/370060 | QJ-AB-22-026-GA-N | |
| HTML | ISBN 978-92-847-9190-3 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/622805 | QJ-AB-22-026-GA-Q |
CÓIPCHEART
© An tAontas Eorpach, 2022
Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar na Cúirte Iniúchóirí atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnasCreative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar na Cúirte Iniúchóirí an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh an CIE faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.
Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann na Cúirte Iniúchóirí, nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.
I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.
D’fhéadfadh sé gur gá cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt chun ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh.
Íocóin Fíor 1 agus 2: Úsáideadh acmhainní ó Flaticon.com do na fíoracha seo. © Freepik Company S.L. Gach ceart ar cosaint.
Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide na Cúirte.
Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt Iniúchóirí orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus chóipchirt a léamh go cúramach.
Úsáid Lógó CIE
Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.
TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).
Ar an bhfón nó i scríbhinn
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:
- ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
- ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
- tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.
EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH
Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).
Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh
Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).
Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).
Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh
Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.
