
Bhí bearta chun rannpháirtíocht i bhFís 2020 a fhairsingiú deartha go maith ach beidh athrú inbhuanaithe ag brath, den chuid is mó, ar iarrachtaí na n-údarás náisiúnta
Maidir leis an tuarascáil:Chun dul i ngleic leis an deighilt nuálaíochta, thug Fís 2020 bearta sonracha isteach chun tacú le Ballstáit atá ag titim chun deiridh sa taighde agus nuálaíocht. Rinneamar measúnú féachaint an raibh na bearta sin oiriúnach don fheidhm.
Bhaineamar de thátal go raibh siad deartha go maith chun aghaidh a thabhairt ar rannpháirtíocht theoranta na dtíortha um fhairsingiú i gcláir réime T&N ach tá gá le hiarrachtaí ar an leibhéal náisiúnta chun athrú inbhuanaithe a dhéanamh. Bhí cumas na Saoráide Tacaíochta Beartais chun na hathruithe sin a spreagadh teoranta.
Bhí an rannpháirtíocht sna bearta um fhairsingiú míchothrom, agus tá dúshláin roimh na tionscadail a fuair maoiniú ó thaobh maoiniú comhlánaithe agus inbhuanaitheachta de cé go bhfuil torthaí maithe le feiceáil anois.
Molaimid go neartódh an Coimisiún úsáid Saoráide Tacaíochta Beartais, go mbeadh sé d’aidhm aige rannpháirtíocht níos cothroime maidir le bearta um fhairsingiú a bhaint amach, infhaighteacht cistiúcháin comhlánaithe a éascú, feabhas a chur ar a gcumas torthaí tionscadal a shaothrú agus faireachán a fheabhsú.
Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Achoimre feidhmiúcháin
I I straitéis an Choimisiúin dar teideal “Eoraip 2020”, leag an Coimisiún béim ar ról an taighde agus na nuálaíochta mar phríomhspreagthóir don rathúnas sóisialta agus eacnamaíoch agus don inbhuanaitheacht chomhshaoil san Aontas Eorpach. Ó 1994 i leith, sholáthair an tAontas tacaíocht le haghaidh taighde agus nuálaíochta trí “chreatchláir” éagsúla i ndiaidh chéile. Fís 2020, chumhdaigh an 8ú Clár Réime an tréimhse idir 2014-2020 (buiséad €76.4 billiún). Ag leanúint as an gclár sin, tá Fís Eorpach (buiséad €99.5 billiún) do thréimhse 2021-2027 anois ann.
II Tá difríochtaí suntasacha i measc na mBallstát de chuid an Aontais i dtaca le taighde agus feidhmíocht nuálaíochta. Tá an deighilt léirithe freisin sna leibhéil éagsúla rannpháirtíochta sna creatchláir ina bhfuil leithdháileadh na gcistí bunaithe ar bharr feabhais. Cuireann rannpháirtíocht íseal, dá réir sin, bac ar chumas na dtíortha nach bhfuil ag feidhmiú chomh maith céanna teacht thar na heasnaimh atá ina gcórais taighde agus nuálaíochta. Chun aghaidh a thabhairt ar an deighilt nuálaíochta agus chun rannpháirtíocht a fheabhsú, chuir Fís 2020 €935 milliún de chistiú i leataobh le haghaidh “bearta um fhairsingiú” ag spriocdhíriú go sonrach ar Bhallstáit ísealfheidhmíochta. Ba é an cuspóir a bhí leis ná cumas institiúidí taighde sna Ballstáit sin a fheabhsú, mar shampla, trí chabhair a thabhairt dóibh chun líonraí a chur chun cinn, comhpháirtiú le príomhinstitiúidí, agus lucht saothair ardoilte a mhealladh.. Treisíodh na bearta sin faoi Fhís Eorpach agus tá buiséad de €2.95 billiún ann dóibh anois.
III Bheartaíomar an t-iniúchadh seo a dhéanamh chun lucht déanta beartas a chur ar an eolas faoi shaincheisteanna a dhéanann difear do dhearadh agus cur chun feidhme na mbearta um fhairsingiú, go háirithe, de réir mar a leanann na bearta sin faoi Fhís Eorpach. Is í an tuarascáil speisialta seo an tuarascáil is déanaí i sraith foilseachán ón gCúirt Iniúchóirí ina scrúdaítear an tacaíocht a chuirtear ar fáil le Fís 2020.
IV Rinneamar measúnú féachaint an raibh na bearta um fhairsingiú atá i bhFís 2020 oiriúnach don fheidhm. Chuige sin, rinneamar scrúdú ar dhearadh foriomlán na mbeart chomh maith leis na socruithe cur chun feidhme agus faireacháin i gcás péire acu. Is iad sin Teacht le Chéile i bhFoirne (tacaíocht d’ionaid bharr feabhais) agus Ollúnachtaí LET (ag tabhairt lucht acadúil den scoth chuig institiúidí taighde). Ceapadh an dá bheart chun éifeachtachtaí fadtréimhseacha ag tairbhithe a chruthú.
V Thángamar ar an gconclúid gur ceapadh na bearta um fhairsingiú chun go leor de na cúiseanna a spriocdhíriú a chuir teorainn ar rannpháirtíocht na dtíortha um fhairsingiú i gcreatchláir i ndiaidh a chéile. Braitheann fíorathrú inbhuanaithe go mór ar infheistíochtaí agus athchóirithe i dtaighde agus nuálaíocht ar an leibhéal náisiúnta.
VI Is cuid de shraith ionstraimí í an tSaoráid Tacaíochta Beartais a bhíonn in úsáid ag an Aontas chun athchóirithe in éiceachórais náisiúnta a chothú. Níor bhain gach ceann de na tíortha a thagann faoin bhfairsingiú úsáid as an tSaoráid i dtréimhse 2014-2020, agus bhí ar an gCoimisiún moill a chur ar roinnt tionscadal mar gheall ar easpa acmhainní. Fuaireamar amach, cé gurbh iad na Ballstáit a bhí freagrach as freagairt do na moltaí a tháinig amach as gníomhaíochtaí STB, gur bhain an Coimisiún úsáid freisin as eolas a fuarthas i dtaobh córais náisiúnta taighde agus nuálaíochta, go príomha dá mheasúnuithe tíre i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh as a leanann moltaí tír-shonracha.
VII Fuaireamar amach go ndeachaigh bearta um fhairsingiú chun tairbhe do ghrúpa tíortha le leibhéil mhíchothroma feidhmíochta i dtaighde agus nuálaíocht agus sa chreatchláir. Léirítear na difríochtaí sin freisin i rannpháirtíocht na dtíortha sna bearta um fhairsingiú.
VIII Cé go bhfuil sé ró-luath measúnú a dhéanamh ar thionchar iomlán na mbeart, fuaireamar amach go bhfuil torthaí maithe le feiceáil anois i dtionscadail a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne agus Ollúnachtaí LET, go sonrach i dtaca leis an líon foilseachán, le líonrú agus le rochtain ar chistiú breise trí dheontais. Bhí líon dúshlán rompu i gcur chun feidhme, áfach, amhail cistiú forlíontach a fháil ó fhoinsí seachas Fís 2020, taighdeoirí idirnáisiúnta a earcú agus, níos tábhachtaí ná aon rud eile, inbhuanaitheacht a áirithiú trí ioncam a ghiniúint ó shaothrú na dtorthaí taighde.
IX Fuaireamar amach go bhféadfaí feabhas a chur ar fhaireachán ar thionscadail a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne agus le hOllúnachtaí LET, go háirithe i dtaca le tionchar fadtéarmach an dá ionstraim.
X Molaimid an méid seo a leanas don Choimisiún:
- úsáid na Saoráide Tacaíochta Beartais a neartú;
- díriú ar chothromaíocht níos fearr a bhaint amach do na tíortha a thagann faoin bhfairsingiú ó thaobh a rannpháirtíochta i mbearta um fhairsingiú;
- infhaighteacht thráthúil cistiú comhlántach a éascú;
- feabhas a chur ar chumas tairbhithe tionscadail a dtorthaí taighde a shaothrú; agus
- feabhas a chur ar fhaireachán na mbeart um fhairsingiú.
Réamhrá
An tábhacht a bhaineann le taighde agus nuálaíocht in AE
01 I straitéis an Choimisiúin dar teideal “Eoraip 2020”, rinne an Coimisiún fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a leagan síos mar chuspóir agus léirigh sé an ról atá ag taighde agus nuálaíocht (T&N) mar phríomhspreagthóir do rathúnas sóisialta agus eacnamaíoch agus inbhuanaitheacht chomhshaoil. Léirítear an tábhacht leanúnach atá ag T&N ar leibhéal an Aontais i sé thosaíocht an Choimisiúin do thréimhse 2019-2024 toisc go bhfuil príomhról ag T&N i gceithre cinn ar a laghad díobh: Comhaontú Glas don Eoraip, geilleagar a fhóireann do dhaoine, Eoraip atá oiriúnach don aois dhigiteach agus Eoraip níos láidre sa domhan.
02 I Straitéis AE 2020, leagadh síos mar chuspóir go ndéanfaí caiteachas maidir le taighde agus forbairt a mhéadú chun go meallfaí infheistíocht phríobháideach suas le dhá thrian de na hinfheistíochtaí iomlána, agus ar an gcaoi sin go mbainfí iomlán carnach 3 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) amach ar leibhéal an Aontais faoi 2020. Bhunaigh na Ballstáit a gcuid spriocanna náisiúnta féin a théann ó 0.5 % go 4.0 %
03 Ó 1984, tá buiséad an Aontais ag tacú le cláir chistiúcháin shonracha chun T&N a chothú. Chumhdaigh an 8ú Clár Réime (CR) le haghaidh (T&N) Fís 2020 (H2020) an tréimhse idir 2014-2020 agus bhí buiséad €76.4 billiún aige. Cumhdaítear leis an 9ú CR, Fís Eorpach an tréimhse ó 2021-2027 agus tá buiséad €95.5 billiún aige. Tacaíonn cistí eile an Aontais le T&N freisin, go háirithe Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ceann de na cistí lena gcuirtear beartas comhtháthaithe chun feidhme.
04 Dhírigh meastóireacht deiridh an 6ú clár réime (tréimhse 2002-2006) agus meastóireacht eatramhach an 7ú clár réime (2007-2013) aird ar leibhéil ísle rannpháirtíochta ó Ballstáit áirithe sna Cláir Réime. Cuireann an rannpháirtíocht íseal teorainn le páirtíocht a gcuid ngníomhaithe T&N i dtionscadail AE agus i dtionscadail chomhoibritheacha idirnáisiúnta agus i bpobail.
05 Sonraíodh an méid seo a leanas i rialachán H2020 in 2013: “In ainneoin na treochta a bhí ann le déanaí feidhmíocht nuálach tíortha aonair agus réigiún a chomhtháthú, tá éagsúlachtaí móra ann i gcónaí i measc na mBallstát”. Ós rud é go bhfuil an leithdháileadh cistithe faoi na cláir réime bunaithe ar bharr feabhais (i.e. is iad na nósanna imeachta is fearr amháin a roghnaítear), bhí deacrachtaí roimh Bhallstáit ísealfheidhmíochta agus iad in iomaíocht leis na cinn níos láidre. Shainaithin an Coimisiún roinnt cúiseanna dó sin den chéad uair in 2011, amhail infheistíochtaí náisiúnta neamhleordhóthanacha in T&N agus tearc-rochtain ar líonraí atá ann cheana. Dá bhrí sin, thug an rialachán snáithe sonrach isteach ar a tugadh “barr feabhais a leathnú agus rannpháirtíocht a ardú” (don tréimhse 2014-2020). Bhí sé beartaithe go sonrach do na tíortha ísealfheidhmíochta, “na tíortha a thagann faoin bhfairsingiú” a thugtar orthu anois. Bhí sé mar d’aidhm aige dul i ngleic leis an bhfeidhmíocht mhíchothrom T&N i measc na mBallstát agus chun barr feabhas a scaoileadh (i.e. réimsí barr feabhais atá ann cheana a ghníomhú agus iad a cheangal le líonraí barr feabhais) i dtíortha ísealfheidhmíochta agus ar an gcaoi sin rannpháirtíocht i bhFís 2020 a leathnú.
06 Bhí na bearta um fhairsingiú comhdhéanta de líon áirithe ionstraimí chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt acmhainneachta, naisc a chruthú idir institiúidí taighde ceannródaíocha agus tíortha agus réigiúin ísealfheidhmíochta agus tacaíocht beartais den scoth a chur ar fáil (féach Fíor 1).
07 Bhí iomlán de €935 milliún geallta le haghaidh bearta um fhairsingiú (1.2 % de gealltanais uile H2020). Chuaigh an sciar is mó chuig tionscadail a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne (€390 milliún, nó 41 %, féach Fíor 2). Táthar ag leanúint de na bearta faoi Fhís Eorpach, ach tá gnéithe nua ina measc agus tá leithdháileadh i bhfad níos mó de €2.95 billiún (3 % de bhuiséad Fhís Eorpach ann dóibh (féach Iarscríbhinn I). Bunaithe ar a mheastóireacht eatramhach ar Fhís 2020 agus ar a mheasúnú tionchair ar Fhís Eorpach, bhí sé molta ag an gCoimisiún an buiséad a mhéadú go dtí €2.1 billiún, agus mhéadaigh na comhreachtóirí é sin tuilleadh mar thoradh ar an bpróiseas reachtach.
Fíor 2 - Gealltanais a bhaineann le “Barr feabhais a leathnú agus rannpháirtíocht a ardú” faoi H2020 (i milliúin euro)
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí an Choimisiúin.
08 I gcás H2020, bhí na bearta um fhairsingiú spriocdhírithe ar: na trí Bhallstát déag a tháinig isteach in AE ó 2004 (AE-13) móide Lucsamburg agus an Phortaingéil (Fíor 3). Tá Fís Eorpach spriocdhírithe ar na tíortha céanna, ach amháin gur cuireadh an Ghréig in ionad Lucsamburg. Tháinig réigiúin is forimeallaí na Fraince agus an Spáinn isteach sa ghrúpa freisin. Sonraínn an Rialachán maidir le Fís Eorpach go mbeidh an grúpa seo bailí an fhad a mhairfidh an clár Fís Eorpach.
Róil agus freagrachtaí
09 Is í an Ard-Stiúrthóireacht um Nuálaíocht agus Taighde (AS RTD) sa Choimisiún an príomh-Ard-Stiúrthóireacht atá freagrach as beartas AE ar thaighde, eolaíocht agus nuálaíocht (lena n-áirítear dearadh agus bainistiú na gClár Réime). Rinneadh H2020 a chur chun feidhme trí chláir oibre ilbhliantúla, ina leagtar amach tosaíochtaí an Choimisiúin, a ndearnadh glao ar thograí tionscadail díobh ina dhiaidh sin.
10 Déanann an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde (REA) bainistiú ar gach ceann de na bearta um fhairsingiú (go háirithe, roghnú, cur chun feidhme agus faireachán na dtionscadal) seachas STB, ar córas é atá á bhainistiú ag AS RTD, agus COST, atá á chur chun feidhme ag comhlachas an Comhair Eorpaigh san Eolaíocht agus sa Teicneolaíocht(COST).
11 Féadfaidh tionscadail a chistítear i gcomhthéacs na mbeart um fhairsingiú tairbhiú de chistiú comhlántach ó fhoinsí eile amhail an Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE). Déantar CFREnna a chur chun feidhme ar bhonn chláir oibríochtúla arna n-ullmhú ag údaráis náisiúnta/réigiúnacha agus arna bhformheas ag an gCoimisiún. Déanann na húdaráis bainistíochta atá i gceannas na gclár lena mbaineann measúnú agus roghnú ar na tionscadail incháilithe do mhaoiniú comhlántach agus faireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme trí thairbhithe.
Raon feidhme agus cur chuige na hiniúchóireachta
12 Ba é ba chuspóir don iniúchadh ná léargas a thabhairt ar dhearadh na mbeart um fhairsingiú agus saincheisteanna a chur chun suntais a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dá gcur cun feidhme rathúil , go háirithe de réir mar a atreisíodh iad faoi Fhís Eorpach. Ós rud é nár tugadh na bearta um fhairsingiú isteach go dtí gur glacadh H2020, agus go bhfuil formhór na dtionscadal ar siúl i gcónaí, níor dhírigh an t-iniúchadh ar thionchar na mbeart a mheas mar go meastar nach mbeidh an tionchar sin le feiceáil go hiomlán go dtí lár na bhfichidí agus ina dhiaidh sin.
13 Inár dTuarascálacha Speisialta roimhe seo ar H20201, tarraingíodh aird ar leibhéil éagsúla rannpháirtíochta ag Ballstáit an Aontais sna cláir réime. Chinneamar an t-iniúchadh seo a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na bearta um fhairsingiú a tugadh isteach mar bhearta nua san 8ú Clár Réime agus go bhféadfadh an t-iniúchadh seo a bheith mar chomhlánú ar ár sraith iniúchtaí maidir le H2020.
14 Dhíríomar ar Teacht le Chéile agus Cathaoirligh LET, dhá bheart um fhairsingiú a dhíríonn ar éifeachtaí fadtréimhseacha agus ar ról na Saoráide Tacaíochta Beartais. Sa tuarascáil seo, ní dhéantar measúnú ar shineirgí idir H2020 agus na cistí a chuireann beartas comhtháite chun feidhme, a bhfuil sé beartaithe iad sin a chumhdach i tuarascáil eile ó CIE amach anseo.
15 D’iarramar an raibh na bearta um fhairsingiú faoi H2020 oiriúnach go leor chun aghaidh a thabhairt ar an deighilt T&N. Chun freagra a thabhairt ar an gceist seo, rinneamar measúnú féachaint:
- an raibh na bearta um fhairsingiú deartha go maith;
- an raibh na bearta um fhairsingiú ar an gcúrsa ceart i dtreo a gcuspóirí a bhaint amach;
- an raibh córas éifeachtach ag an gCoimisiún maidir le faireachán a dhéanamh ar thionchar na mbeart um fhairsingiú.
16 Rinneamar scrúdú ar fhianaise ó raon foinsí:
- athbhreithniú deisce ar dhoiciméid ábhartha;
- ceistneoirí agus agallaimh leis an gCoimisiún, REA mar aon le húdaráis bhainistíochta agus pointí teagmhála náisiúnta maidir le bearta um fhairsingiú ón gCróit, ón bPolainn, ón bPortaingéil, ón Rómáin, ón tSlóivéin;
- anailís staidrimh ar shonraí H2020 agus ar shonraí maidir le hinfheistíochtaí T&N ag Ballstáit;
- grinnanailís ar shampla breithiúnach de chúig thionscadal a bhaineann le Ollúnachtaí LET agus sé thionscadal a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne - ceithre cinn atá maoinithe faoin gcéad glao (clár oibre 2016-2017) agus péire faoin dara glao (2018-2020). Bhí an anailís ar thionscadail bunaithe ar shonraí a bailíodh go dtí lár 2021. Féach Iarscríbhinn II le haghaidh tuilleadh sonraí maidir lenár modheolaíocht;
- anailís mhionsonraithe ar chistiú forlíontach do na tionscadail a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne.
Barúlacha
Cé go raibh dearadh na mbeart um fhairsingiú iomchuí den chuid is mó, ní féidir le a dhéanamh ach spreagadh a thabhairt don dul chun cinn i bhfeidhmíocht T&N
17 Ba é ba chuspóir do na bearta um fhairsingiú ná aghaidh a thabhairt ar an deighilt T&N agus ar an rannpháirtíocht íseal leanúnach sna Cláir Réime trí bharr feabhais a fhuascailt i dtíortha a shainmhínítear mar thíortha ísealfheidhmíochta (féach mír 05).
18 Shainaithin an Coimisiún na saincheisteanna struchtúracha (e.g. rialachas agus institiúidí laga agus/nó ilroinnt na n-éiceachóras náisiúnta T&N agus/nó naisc atá in easnamh idir oideachas agus taighde) a dhéanann difear d’éiceachórais náisiúnta/réigiúnacha T&N mar cheann de na cúiseanna a bhfuil Ballstáit áirithe chun deiridh i bhfeidhmíocht nuálaíochta. Tá tacar ionstraimí ag AE arb é is aidhm dóibh athchóirithe a spreagadh, STB ina measc (féach mír 06).
19 Rinneamar measúnú féachaint:
- an raibh na bearta um fhairsingiú deartha chun aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna a bhaineann le feidhmíocht íseal T&N;
- an raibh na bearta um fhairsingiú ag réiteach le bearta eile AE a bhí ag spreagadh an athchóirithe i mBallstáit; agus
- an raibh na bearta um fhairsingiú ag spriocdhíriú ar na tíortha ísealfheidhmíochta.
Den chuid is mó, thug na bearta aghaidh ar na cúiseanna d’fheidhmíocht íseal T&N, ach tá tiomantas náisiúnta riachtanach chun infheistíochtaí i T&N a mhéadú
20 Tá anailís déanta ag roinnt páipéir taighde2 ar na cúiseanna d’fheidhmíocht íseal T&N sna tíortha a thagann faoin bhfairsingiú agus a bpáirtíocht teoranta in H2020. Áirítear leo sin: éiceachórais T&N nach bhfuil leordhóthanach (rialachas ilroinnte nó infheistíochtaí teoranta), naisc níos laige le líonraí comhair idirnáisiúnta, easnaimh i gcaipitil dhaonna, imirce daoine oilte, comhar teoranta idir comhlachtaí poiblí agus príobháideacha a bhfuil baint acu le nuálaíocht, agus idirnáisiúnú teoranta institiúidí T&N.
21 Rinneamar measúnú féachaint an raibh na bearta um leathnú dírithe go sonrach ar na cúiseanna seo. Leagtar amach ár dtorthaí i dTábla 1.
Tábla 1 - Cúiseanna le feidhmíocht íseal T&N ar thug na bearta um leathnú aghaidh orthu
Cúiseanna le feidhmíocht íseal T&N | Teacht le chéile i bhfoirne | Ollúnachtaí LET | Nascadh | COST | STB | |
---|---|---|---|---|---|---|
1. Éiceachóras | 1.1. Infheistíocht náisiúnta íseal T&N | |||||
1.2. Infheistíocht theoranta phríobháideach T&N | ||||||
1.3. Saincheisteanna struchtúracha a dhéanann difear d’éiceachórais náisiúnta T&N (e.g. ilroinnt rialachais T&N) | X | X | X | |||
2. Rochtain theoranta ar líonraí idirnáisiúnta | X | X | X | X | ||
3. Infheictheacht idirnáisiúnta teoranta na n-ollscoileanna agus na n-ionad taighde | X | X | X | X | ||
4. Comhar teoranta idir ionaid taighde agus gnó | X | |||||
5. Éagothromaíochtaí tuarastail / imirce daoine oilte | X | X | ||||
6. Taithí theoranta i gCláir Réime roimhe seo | X | X | X | |||
7. Sineirgí teoranta idir na Cláir Réime agus na cistí ag cur beartais comhtháthaithe chun feidhme | X | X |
Foinse: CIE, bunaithe ar rialachán agus cláir oibre H2020.
22 Tugadh aghaidh ar na cúiseanna uile seachas na leibhéil d'infheistíochtaí náisiúnta T&N (poiblí agus príobháideach) trí cheann amháin nó níos mó de na bearta um fhairsingiú. Mar sin féin, níor dhírigh na bearta um fhairsingiú ar nuálaíocht agus níor chuir siad ach tacaíocht theoranta ar fáil do líonra na bpointí teagmhála náisiúnta a sholáthraíonn faisnéis agus cúnamh le CR do thairbhithe. Tháinig ár dtuarascáil speisialta 28/2018 ar an gconclúid go raibh an tacaíocht sin ag teastáil. Tugaimid dár n-aire go bhfuil an cineál sin tacaíochta, chomh maith le tuilleadh tacaíochta chun aghaidh a thabhairt ar imirce daoine oilte agus chun barr feabhais a chothú in ollscoileanna, san áireamh anois sna bearta um fhairsingiú faoi Fhís Eorpach (féach Iarscríbhinn I).
23 Cuireann Bosca 1 míniú ar fáil maidir leis an mbealach a thug an dá bheart ar a ndíríomar ár n-anailís ar cur chun feidhme tionscadail (Teacht le chéile i bhfoirne agus Ollúnachtaí LET) aghaidh ar chúiseanna na deighilte i réimse T&N.
Mínithe maidir leis an mbealach a thug Teacht le chéile i bhfoirne agus Ollúnachtaí LET aghaidh ar chúiseanna na deighilte T&N
Teacht le chéile i bhfoirne
Is éard atá i gceist le tionscadail a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne (féach Fíor 1) ná eagraíocht taighde (ionad barr feabhais T&N) i dtír a thagann faoin bhfairsingiú, atá ag gníomhú mar chomhordaitheoir, agus ceann amháin nó níos mó de na hinstitiúidí a bhfuil cáil bharr feabhais idirnáisiúnta orthu, a ghlacann páirt mar chomhpháirtithe tionscadail. Ba cheart dó sin a bheith ina bhunús chun teacht ó laigí 2, 3 agus 6 (féach Tábla 1).
Meastar go dtabharfaidh ionaid barr feabhais a fhaigheann tacaíocht gealltanas do chonair fáis straitéiseach i dtéarmaí forbairt eacnamaíoch; ní mór dóibh, dá bhrí sin, a tabhairt le fios sa phlean gnó a chuireann siad isteach lena dtogra tionscadail conas a chruthóidh siad naisc le gnólachtaí agus conas a shaothróidh siad torthaí taighde (laige 4). Meastar go gcuideoidh siad le feabhas suntasach in éiceachóras náisiúnta T&N (laige 1.3).
Is féidir le gach aon tionscadal a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne uasmhéid de €15 milliún a fháil i gcistiú H2020, go príomha chun costas tuarastail agus forchostais a chlúdach (laige 5). Ní mór d’údaráis phoiblí nó eintitis phríobháideacha tacaíocht a thabhairt trí chistiú forlíontach a bhíonn ar a laghad cothrom leis an méid a sholáthraítear trí H2020. Is féidir an cistiú a chur ar fáil trí chláir oibríochtúla, rud a chruthóidh sineirgí idir H2020 agus na cistí lena gcuirtear an beartas comhtháthaithe chun feidhme (laige 7).
Ollúnachtaí LET
Is éard atá i gceist le tionscadail a bhaineann le Ollúnachtaí LET (féach Fíor 1) ná cistiú H2020 a sholáthar ionas gur féidir le heagraíocht taighde i dtír a thagann faoin bhfairsingiú (“an t-óstach” don Ollúnacht) taighdeoir ardphróifíle a cheapadh (“sealbhóir” na hOllúnachta). Cumhdaíonn an cistiú go príomha tuarastail shealbhóír na hOllúnachta agus foireann taighdeoirí a bheidh curtha le chéile ag an sealbhóir. Is é is aidhm dó ná tarraingteacht na heagraíochta óstaí do thaighdeoirí idirnáisiúnta a mhéadú, agus freisin cúnaimh a thabhairt don óstach athruithe struchtúracha a chur chun feidhme, barr feabhais ar bhonn inbhuanaithe a bhaint amach agus iarratas níos rathúla a dhéanamh ar chistiúcháin iomaíocha. Tugann Ollúnachtaí LET aghaidh ar laigí 1.3, 2, 3, 5 agus 6.
24 Níor thug na bearta um fhairsingiú H2020 aghaidh go sonrach ar leibhéil na n-infheistíochtaí náisiúnta T&N. Déanta na fírinne, tugann méid bhuiséad na mbeart um fhairsingiú (féach mír 07) le tuiscint go raibh na bearta sin beartaithe chun éifeacht chatalaíoch a bheith acu maidir le feidhmíocht T&N go ginearálta agus an rannpháirtíocht in H2020 go háirithe.
25 Mar sin féin, tá bearta eile AE ann chun cur le leibhéil infheistíochtaí, an dá cheann faoi H2020 nó cláir eile AE nó trí phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh, i.e. timthriall bliantúil chun an beartas eacnamaíoch agus buiséadach a chomhordú laistigh den Aontas (féach freisin ár dtuarascáil speisialta 16/2020 maidir leis an Seimeastar Eorpach).
26 Thairis sin, tá na Ballstáit freagrach go príomha as leibhéal na n-infheistíochtaí poiblí. Tá tionchar mór ag leibhéal infheistíochta T&N (poiblí agus príobháideach) agus láidreacht na n-éiceachóras náisiúnta T&N ar fheidhmíocht agus rannpháirtíocht T&N in H2020. Le haghaidh tuilleadh eolais ar an gcomhchoibhneas, féach Iarscríbhinn III.
27 In 2020, d’infheistigh AE 2.3 % dá OTI i T&N. Tá éagsúlachtaí móra i rátaí infheistíochta T&N i measc na mBallstát (féach Fíor 4) ach ní dhearna na tíortha a thagann faoin bhfairsingiú infheistíocht chomh mór le meán an Aontais agus níor infheistigh ach dhá cheann (An tSlóivéin agus An tSeicia) os cionn 2.0 %. Thairis sin, ag deireadh 2020, bhí formhór na mBallstát, go háirithe tíortha a thagann faoin bhfairsingiú, fós i bhfad óna spriocanna a bhaint amach (féach mír 02), a bhí faoi bhun mheán an Aontais den chuid is mó (féach Fíor 4).
Fíor 4 – Infheistíocht náisiúnta T&N mar chéatadán OTI, críoch 2020 i gcomparáid leis na spriocanna straitéise in Eoraip 2020
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí Eurostat d’fhigiúirí iarbhíre, Straitéis Eoraip 2020 le haghaidh spriocanna.
Bhí cumas Saoráid Tacaíochta Beartais maidir le hathruithe riachtanacha a spreagadh i gcórais náisiúnta T&F teoranta toisc go mbraitheann sé ar mhéid ghealltanais na mBallstát ach cuireann sé le bearta eile an Aontais atá ag tabhairt aghaidh ar athchóirithe.
28 Do thréimhse 2014-2020, mar fhreagairt ar an ngá aitheanta d’athchóirithe i mBallstáit (féach mír 18), ghlac an Coimisiún ionstraimí nua chun an próiseas athchóirithe a spreagadh agus cúnamh a thabhairt do Bhallstáit atá ag dul i ngleic leis na saincheisteanna sin. Tugadh isteach roinnt de na hionstraimí sin i réimse na taighde agus i réimse an bheartais comhtháthaithe. Faoi H2020, ba é sin an tSaoráid Tacaíochta Beartais thuasluaite (féach mír 06).
29 Rinneamar scrúdú féachaint an raibh STB ag réiteach le bearta eile tacaíochta an Aontais agus ar fhreagair an Coimisiún go hiomchuí do na torthaí ar a mheasúnú in 2019 ar STB.
30 Léirítear na seirbhísí éagsúla faoi STB agus líon na dtionscadal a maoiníodh i dtíortha a thagann faon bhfairsingiú i mBosca 2. Bhí an buiséad iomlán measartha beag (€5.7 milliún) agus thosaigh roinnt tionscadal déanach de bharr ganntanas foirne ag an gCoimisiún.
Seirbhísí STB agus cur chun feidhme na dtionscadal (tréimhse 2014-2020)
- Athbhreithniú Piaraí ar chórais náisiúnta T&N: rinne painéil saineolaithe agus piaraí beartais anailís chuimsitheach ar chórais T&N náisiúnta agus chuir siad moltaí oibríochtúla ar fáil maidir leis na hathchóirithe atá riachtanach chun é a neartú. Cuireadh 8 dtionscadal chun feidhme (lena n-áirítear cúig i dtíortha a thagann faoin bhfairsingiú).
- Cleachtadh Foghlama Frithpháirtí: mhalartaigh tíortha éagsúla dea-chleachtais, ceachtanna foghlamtha agus cúinsí ratha. Cuireadh 12 thionscadal chun feidhme (ghlac gach ceann de na tíortha a thagann faoin bhfairsingiú seachas trí cinn páirt ann).
- Gníomhaíocht tacaíochta shonrach: chuir díormaí saineolaithe comhairle saincheaptha ar fáil do thíortha aonair agus chabhraigh siad athchóirithe sonracha a gabhann le T&N (amhail éiceachóras nua-thionscanta nó naisc idir taighde agus gnó) a dhearadh nó a chur chun feidhme. Cuireadh 14 thionscadal chun feidhme (lena n-áirítear 8 i dtíortha a thagann faoin bhfairsingiú).
31 Ghlac Ballstáit páirt i gníomhaíochtaí STN ar bhonn deonach. Thugamar faoi deara, le linn na tréimhse 2014-2020, nach raibh ceithre thír a thagann faoin bhfairsingiú (an Chróit, an tSeicia, Lucsamburg agus an Phortaingéil) rannpháirteach sna gníomhaíochtaí a bhí dírithe go díreach ar athchóirithe sna córais T&N (athbhreithniú piaraí agus tacaíocht shonrach).
32 I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, déanann na tíortha rannpháirteacha an cinneadh dóibh féin féachaint ar cheart dóibh agus conas is féidir leo na moltaí a dhéantar i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí sin a thabhairt ar aghaidh. Tháinig measúnú 2019 an Choimisiúin maidir le STB ar an gconclúid “nár chuir an Coimisiún go leor béime ar obair leantach agus faireachán a dhéanamh ar na hathruithe beartais iarbhír”. Tá sé tábhachtach dá bhrí sin a áirithiú nach gcaillfear na léargais maidir leis na hathchóirithe náisiúnta is gá ach go n-úsáidtear ar dhea-bhealach iad i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. Déanann an Chomhairle moltaí tírshonracha bunaithe ar thogra ón gCoimisiún a fhormheas go bliantúil mar gheall ar obair an tSeimeastair Eorpaigh.
33 Rinneamar anailís ar na measúnuithe tíre bliantúla a bhí mar bhunús do na moltaí tírshonracha agus fuaireamar amach gur ó 2019 ar aghaidh amháin a rinne an Coimisiún tagairt shainráite do na léargais a fuarthas ó gníomhaíochtaí STB3. Bhí gach tagairt den sórt sin roghnaitheach, i.e. áiríodh iontu na pointí is tábhachtaí a thagann as na gníomhaíochtaí STB.
34 Ag an am céanna, ní raibh sé go dtí 2019 gur thosaigh an Coimisiún ag tabhairt aghaidh ar bhealach níos córasaí ar na moltaí tírshonracha maidir le T&N do na Ballstáit. San anailís a rinneamar in 2019 ar mholtaí tírshonracha maidir le T&N, léiríodh go raibh siad ginearálta agus gur dhírigh siad ar infheistíocht seachas ar athchóirithe. Idir 2015 agus 2018, ní bhfuair roinnt tír a thagann faon bhfairsingiú moltaí tírshonracha ar bith maidir le T&N (le haghaidh tuilleadh mionsonraí, féach Iarscríbhinn IV). Tháinig ár dtuarascáil speisialta 16/2020 maidir leis an Seimeastar Eorpach ar an gconclúid cheana féin nach ndearna an Coimisiún moltaí leordhóthanacha chun aghaidh a thabhairt ar taighde.
35 Mar sin féin, is iad na Ballstáit atá freagrach as staid a gcórais T&N, lena n-áirítear na céimeanna riachtanacha a thógáil chun athchóirithe riachtanacha a chur chun feidhme. Léirigh anailís an Choimisiúin ar chur chun feidhme na moltaí tírshonracha nach raibh ach dul chun cinn teoranta, nó nach raibh dul chun cinn ar bith, déanta ag os cionn leath de na tíortha a thagann faoin bhfairsingiú bliain amháin tar éis an moladh a eisiúint.
36 Tá cur chun feidhme na n-athchóirithe ina ghné lárnach den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta freisin. Tá sé ráite sa rialachán gur cheart don tSaoráid rannchuidiú d’fhonn aghaidh éifeachtach a thabhairt ar na dúshláin ar fad nó ar fho-thacar suntasach dúshlán arna sainaithint sna moltaí tírshonracha ábhartha. Ní mór don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an choinníll sin sula bhformheasfaidh sé plean téarnaimh agus athléimneachta a chuireann gach Ballstát isteach. Ag tráth an iniúchta, bhí sé ró-luath a mheasúnú a mhéid a éireoidh le cur chun feidhme na n-athchóirithe atá beartaithe faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta go hiarbhír, i.e. ag bogadh ó ghealltanais ar pháipéar (amhail gníomh dlí a ghlacadh) go dtí dul chun cinn ceart.
37 Cuireann tábhacht méadaithe na n-athchóirithe i gcomhthéacs na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus an dul chun cinn teoranta atá déanta ar chur chun feidhme na moltaí tírshonracha (féach mír 32) béim ar an tábhacht a bhaineann le tacaíocht beartais a sholáthar.
38 I measúnú 2019 an Choimisiúin ar STB, tuairscíodh go raibh formhór na ngeallsealbhóirí a thug freagra ar shuirbhé an-dearfach maidir le sochair na scéime. Mar sin féin, bhí roinnt moltaí sa mheastóireacht maidir leis na nithe seo a leanas:
- ról STB a uasghrádú mar spreagadh d’athchóirithe (e.g é a úsáid freisin chun idirphlé níos córasaí agus níos forleithne a spreagadh i measc na mBallstát agus idir Ballstáit agus an Coimisiún);
- sonraíochtaí dearaidh na STB a leathnú (e.g. síneadh a chur lena thréimhse bailíochta agus creat a thabhairt isteach maidir le hobair leantach chun tacú le cur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh ar thionchar);
- feabhas a chur ar mheicnic STB (e.g. dícheall níos mó a dhéanamh maidir le scaipeadh eolais agus cumarsáid chun infheictheacht a fheabhsú agus chun a áirithiú go bhfuil tionchar níos mó ag torthaí sna tíortha lena mbaineann).
39 Trí bliana níos déanaí, áfach, níl na moltaí sin curtha chun feidhme ina n-iomláine ag an gCoimisiún go fóill. Chuir an Coimisiún in iúl dúinn go bhfuil sé ar intinn aige grinn-idirphlé dhéthaobhach maidir le T&N a fhorbairt tuilleadh leis na Ballstáit atá toilteanach páirt a ghlacadh sa phróiseas (pointe a) agus go bhfuil iarrachtaí fós ar siúl chun scaipeadh eolais, cumarsáid agus infheictheacht a fheabhsú (pointe c).
40 Maidir le bearta leantacha an Choimisiúin ar mholtaí do na Ballstáit a leanann as STB (pointe b), is gnách gur trí phróiseas an tSeimeastair a tharlaíonn siad, agus – amach anseo – go dtarlóidh siad trí fhaireachán a dhéanamh ar phleananna a bhaineann le téarnamh agus athléimneacht (féach mír 36). Anuas air sin, mar fhreagairt ar an bpointe sin de mheasúnú 2019, faoi STB don Fhís Eorpach, tugadh gné nua isteach i.e. “STB oscailte”. Leis an ngné seo, is féidir le Ballstáit a thairbhigh de ghníomhaíocht STB cheana féin tacaíocht a fháil chun moltaí STB a chur chun feidhme. Is saoráid faoi thionchar an éilimh é STB i gcónaí, áfach. Ní rabhamar sa riocht go bhféadfaimis measúnú a dhéanamh ar a iomchuí atá an ghné nua sin mar gheall nach raibh na gnéithe phraiticiúla a bhaineann lena cur chun feidhme sainmhínithe go fóill.
41 Léirigh pearsanra an Airmheáin Comhpháirteach Taighde a chuireamar faoi agallamh an tábhacht a bhaineann le bearta tacaíochta chun cabhrú le Ballstáit a gcórais T&N a athchóiriú. Luaigh siad an soláthar maidir le tacaíocht leanúnach, treorú infheistíochta agus comhairle maidir leis na huirlisí agus gníomhaíochtaí is oiriúnaí, nach raibh curtha ar fáil ag STB faoi H2020.
Thairbhigh roinnt spriocthíortha ar leibhéal i bhfad níos lú ná tíortha eile de na bearta um fhairsingiú
42 Le haghaidh H2020, glacadh an cinneadh maidir leis na tíortha a thairbheodh de na bearta um fhairsingiú i gcomhthéacs ghlacadh na gclár oibre. Déanann an Coimisiún iad a ghlacadh faoin nós imeachta "coiste", i.e. a bhfuil baint aige le coiste d'ionadaithe na mBallstát. Le haghaidh Fís Eorpach, is iad na comhreachtóirí a chinn na tíortha um fhairsingiú agus luadh na tíortha sin sa rialachán féin.
43 Cé nach raibh roghnúchán na dtíortha faoi shainchúram an Choimisiúin, chuir an Coimisiún anailís ar fáil ionas go bhféadfaí cinnteoireacht fhianaise-bhunaithe a dhéanamh i gcomhréir lena phrionsabail maidir le rialáil níos fearr. Bhí an anailís sin bunaithe ar roinnt táscairí a roghnaítear chun cúiseanna ísealfheidhmíochta a chur in iúl.
44 Tar éis dó athbhreithniú a dhéanamh ar na táscairí a úsáideadh do H2020, chuir an Coimisiún tacar éagsúil i bhfeidhm dá anailís maidir le Fís Eorpach (féach Iarscríbhinn V le haghaidh mionsonraí maidir leis na táscairí don dá thréimhse). Ní dhearna an anailís sin – a soláthraíodh i bhfoirm páipéir neamhoifigiúil do na comhreachtóirí i gcomhair roghnú na dtíortha le haghaidh Fís Eorpach – aon fhaisnéis a thabhairt i dtaobh na nithe seo a leanas i gcás na tíre:
- rannpháirtíocht i gcláir réime roimhe seo. Is táscaire ábhartha é sin ós rud é gur chuspóir láithreach na mbeart um fhairsingiú rannpháirtíocht a mhéadú (féach Airteagal 7.5 den rialachán maidir le Fís Eorpach); agus
- seasamh sna líonraí taighde trasnáisiúnta agus ildisciplíneacha. Is táscaire ábhartha é sin toisc go léiríonn seasamh lárnach sna líonraí, agus dá réir sin nascacht láidir, leibhéal rannpháirtíochta na tíre sa chlár réime. Caitear formhór bhuiséad an chláir réime ar thionscadail chomhoibritheacha T&N chun, i measc nithe eile, cruthú líonraí trasnáisiúnta agus ildisciplíneacha a chothú. Is breisluach tábhachtach do na cláir réime iad sin dar leis an gCoimisiún.
45 Dá bhrí sin, rinneamar anailís ar an dá tháscaire sin. Maidir leis an rannpháirtíocht in H2020, léiríonn na tíortha go léir a thagann faoin bhfairsingiú leibhéal níos ísle rannpháirtíochta i H2020 i gcomparáid leis na tíortha nach dtagann faoin bhfairsingiú (féach Fíor 5)).
Fíor 5 – Maoiniú H2020 geallta in aghaidh na tíre i dtéarmaí iomlána agus coibhneasta (ag deireadh an chláir)
Foinse: CIE, bunaithe ar bhunachar sonraí H2020.
46 Tá tionchar mór ag méid na tíre ar an athróg sin, áfach. Tagann pictiúr difriúil, níos bríche chun cinn má chuirtear méid na tíre san áireamh. Rinneamar na sonraí a normalú de réir daonra (maoiniú geallta in aghaidh an chaipitil) agus de réir líon na dtaighdeoirí (i gcoibhéis lánaimseartha). Chun saobhadh ionchasach atá nasctha le scálaí tuarastail éagsúla a sheachaint, rinneamar iad a normalú de réir OTI (féach Fíor 6).
Fíor 6 – Maoiniú H2020 in aghaidh na tíre atá normalaithe de réir daonra (per capita), de réir coibhéis lánaimseartha taighdeoirí agus de réir OTI (ag deireadh an chláir)
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí Eurostat agus bunachar sonraí H2020.
47 Léirítear i bhFíor 6 difríochtaí tábhachtacha i measc na dtíortha um fhairsingiú. Tá rangú íseal ag an gcuid is mó díobh. Mar sin féin, tá leibhéal rannpháirtíochta comhchosúil ag na tíortha is láidre a thagann faoin bhfairsingiú agus ag na tíortha ardfheidhmíochta nach dtagann faoi bhfairsingiú. Ina ainneoin sin, choinnigh na tíortha a thagann faoin bhfairsingiú H2020 seachas Lucsamburg a stádas faoin gclár Fís Eorpach (féach mír 08).
48 Tá difríochtaí comhchosúla le feiceáil ó thaobh rannpháirtíochta tíre i líonraí taighde de (féach Fíor 7). Thug Tuarascáil ghearr um fhaireacháin H2020 an Choimisiúin (2018) ar aire go raibh“[...] roinnt tíortha AE-13 feicthe go comhsheasmhach ag bun an rangaithe le linn na tréimhse.”
Fíor 7 – Táscaire líonra atá normalaithe de réir mhéid na tíre (ag deireadh an chláir)
Foinse: Deais Fhís H2020.
49 Tagann difríochtaí chun cinn laistigh de ghrúpa na dtíortha a thagann faoin bhfairsingiú ó thaobh tiomantas na gcistí a leathnú (féach Fíor 8). Ní bhfuair ach 3 as na 15 thír thart ar leath den chistiú um leathnú H2020. Tá tionchar mór ag méid na tíre ar an athróg sin, áfach. Dá bhrí sin, tagann íomhá níos soiléire chun cinn nuair a dhéantar é a normalú de réir daonra (féach Fíor 9). Na tíortha a thagann faoin bhfairsingiú (féach mír 47) agus nach bhfuil nasctha chomh maith céanna, is lú a thairbhíonn siad sin freisin de na bearta um fhairsingiú.
Fíor 8 – Cistiú do H2020 um fhairsingiú in aghaidh na tíre (ag deireadh an chláir)
Foinse: CIE, bunaithe ar bhunachar sonraí H2020.
Fíor 9 – Cistiú H2020 um fhairsingiú per capita (ag deireadh an chláir)
Foinse: CIE, bunaithe ar bhunachar sonraí H2020.
50 Agus aird á díriú ar an dá bheart ar a ndearnamar anailís (féach mír 14), fuaireamar amach:
- Go bhfuil mó ná 60 % de na tionscadail a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne agus atá cistithe faoi H2020 á gcur chun feidhme ag díreach ceithre thír a thagann faoin bhfairsingiú. Gurb í an Chipir atá ag barr an liosta le sé thionscadal (24 %). Nach bhfuair cúig thír aon tionscadal a bhaineann le Teacht le chéile i bhoirne (féach Iarscríbhinn VI chun tuilleadh mionsonraí a fháil).
- Tá 51 % de na tionscadail a bhaineann le hOllúnachtaí LET le fáil i ndíreach dhá thír a thagann faoin bhfairsingiú. Níor óstáil trí thír aon tionscadal a bhaineann le hOllúnachtaí LET agus ní raibh ach ceann amháin ag ceithre cinn (féach Iarscríbhinn VI chun tuilleadh mionsonraí a fháil).
51 Míníonn na cúiseanna céanna a mhínigh rannpháirtíocht íseal na dtíortha roimhe seo (féach míreanna 05, 20-21) an deighilt laistigh de ghrúpa na dtíortha a thagann faoin bhfairsingiú. Cé go bhfuil sé i gceist le taithí sna cláir réime agus sna bearta um fhairsingiú go háirithe cabhrú leis na tíortha feabhas a chur ar a gcumas maidir le tograí tionscadail iomaitheacha a ullmhú agus comhoibrithe a bhunú, ní fheicfear an éifeacht go ceann roinnt blianta amach romhainn (féach mír 12).
Bhí dúshláin roimh chur chun feidhme na mbeart um fhairsingiú ach tá na chéad torthaí le sonrú cheana féin
52 Shainaithníomar gnéithe a bhfuil tábhacht ag baint leo maidir le cur chun feidhme rianúil. Is iad seo a leanas na gnéithe sin:
- teacht tráthúil an chistithe fhorlíontaigh le haghaidh tionscadail a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne ós rud é go gcumhdaíonn sé costais bhonneagair agus threalaimh. Thairis sin, is príomhthoisc iad bonneagar agus trealamh úrscothach chun taighdeoirí idirnáisiúnta a mhealladh;
- taighdeoirí idirnáisiúnta a earcú chun barr feabhais T&N a thabhairt go dtí an tír;
- inbhuanaitheacht a bhaint amach. Chun tionchar marthanach a bhaint amach, ní mór d’ionaid barr feabhais Teacht le chéile i bhfoirne díriú ar a bheith féin-inbhuanaithe san fhadtéarma agus ní mór dóibh an aidhm seo a léiriú i bplean gnó a ghabhann lena dtogra tionscadail. Ní mór do thionscadail a bhaineann le hOllúnachtaí LET athruithe struchtúracha a spreagadh san institiúid má tá siad chun barr feabhais ar bhonn inbhuanaithe a bhaint amach4.
53 Rinneamar agallaimh le tairbhithe tionscadail, údaráis bhainistíochta agus pointí teagmhála náisiúnta agus rinneamar anailís ar dhoiciméadacht tacaíochta (comhaontuithe deontais agus tuarascálacha faireacháin) chun measúnú a dhéanamh féachaint ar déileáladh go rathúil leis na gnéithe sin sna tionscadail a ndearnadh iniúchadh orthu. Ní raibh tionscadal ar bith a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne tugtha chun críche tráth ár n-iniúchta, ach bhí ceithre thionscadal a bhaineann le hOllúnachtaí LET díreach críochnaithe faoin am sin. Rinneamar measúnú freisin féachaint ar chuidigh na bearta sin leis an deighilt nuálaíochta a dhúnadh.
Is minic go raibh moill ar an gCistiú forlíontach
54 De réir na gcomhaontuithe deontais, bhí €784 milliún i gceist leis an gcistiú forlíontach le haghaidh na 24 thionscadal a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne agus atá fós ar siúl; sin níos mó ná dhá oiread an leithdháilte ó H2020. Soláthraíonn cláir oibríochtúla CSIE 44 % den chistiú forlíontach ar fad. Soláthraíonn acmhainní náisiúnta (idir phoiblí agus phríobháideach), ranníocaíochtaí chomhchineáil, deontais agus ioncam a ghintear trí ionaid barr feabhais an 56 % eile.
55 Bunaithe ar athbhreithniú doiciméadach agus ar anailís mhionsonraithe ar na tionscadail ar fad a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne, bhí moilleanna maidir le cistiú forlíontach a fháil ag 55 % de thairbhithe ón gcéad ghlao agus ag ar a laghad 28 % de thairbhithe ón dara glao, go háirithe ó chláir oibríochtúla (CFRE móide cómhaoiniú náisiúnta). Tá faisnéis faoi eisíocaíochtaí cistiúcháin fhorlíontaigh ón dara glao teoranta ós rud é go raibh na tionscadail ar fad ar siúl níos lú ná bliain go leith nuair a bhailíomar na sonraí.
56 Bhí na moilleanna fada seo – i gcás amháin beagnach dhá bhliain (féach Bosca 3) – chomh maith le nósanna imeachta liopasta riaracháin maidir le cistiú forlíontach a fháil (CFRE agus/nó cistí náisiúnta) i measc na gcúiseanna a tugadh mar mhíniú ar na moilleanna ar áitreabh a thógáil nó a nuashonrú; rud a tharla do cheithre as na sé thionscadal. Thángthas ar chonclúidí den chineál céanna maidir le moilleanna i suirbhé ar thairbhithe na 24 thionscadal a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne a rinne an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde mar chuid dá thuarascáil ar thionchar beartais 2021. Léiríonn an tsuirbhé freisin ag tús 2021, nach raibh áitribh 60 % de na tairbhithe ó ghlao 2016 tógtha ná athchóirithe go hiomlán.
57 De bhreis ar na moilleanna a pléadh thuas, bhí deacrachtaí ag ceithre cinn as na sé thionscadal a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne inár sampla maidir le cistiú forlíontach a bhainistiú, go príomha mar gheall ar shaincheisteanna sceidealaithe nó rialála. Seo a leanas samplaí de na saincheisteanna den sórt sin a shainaithníomar trí anailísí éagsúla:
- Ar chúiseanna ama, ní raibh na glaonna CFRE le haghaidh cistiú forlíontach a sholáthar comhordaithe leis na glaonna comhfhreagracha faoi Theacht le chéile i bhfoirne. Tugadh an tsaincheist sin chun suntais cheana féin i dtuarascáil theicniúil 2018 ón gCoimisiún maidir le Airmheán Comhpháirteach Taighde.
- Is féidir le tionscadail H2020 a bheith ar siúl go dtí 2026 agus glactar le costais go dtí an dáta sin. Níl ach costais a tabhaíodh faoi dheireadh 2023 incháilithe do chistiú CSIE, áfach. Bíonn tairbhithe ag gearán go mbeidh sé deacair a gcistiú forlíontach ó CFRE a chaitheamh faoin spriocdháta sin. Is cúis imní ar leith é sin do thionscadail atá maoinithe faoin dara glao faoi Theacht le chéile i bhfoirne (comhaontuithe deontais a síníodh in 2019-2020) (féach Bosca 3). Fuaireamar amach go raibh moilleanna i gceist cheana féin d'ocht gcinn de na 10 dtionscadal faoin ghlao 2016 agus gur iarr siad síneadh ama. Fuaireamar amach go ndearna paindéim COVID-19 difear don amlíne. Dá bhrí sin, is mó an seans go mbeidh an fhadhb chéanna roimh níos mó tionscadal fós atá maoinithe faoin dara glao, rud a chuireann a gcur chun feidhme i mbaol, go háirithe, mura gcuirtear cistí náisiúnta ar fáil chun an cistiú a chailltear ó CFRE a chúiteamh.
Sampla de dheacrachtaí atá os comhair tionscadal a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne a bhfuil cistiú forlíontach CFRE aige
Shínigh an tairbhí an comhaontú deontais H2020 i mí Dheireadh Fómhair 2019. Bhí litir ghealltanais sa chomhaontú ó údarás bainistíochta chun cistiú CFRE a sholáthar. I mí Feabhra 2020, sheol an t-údarás bainistíochta glao ad hoc le haghaidh an tionscadail sin, ag iarraidh líon mór doiciméad. Ó shin i leith, chuir sé síneadh leis an spriocdháta le haghaidh na doiciméid a thíolacadh trí huaire agus d’iarr sé doiciméid bhreise sé huaire (an ceann is déanaí i mí Bealtaine 2021) chun a próiseas fairsing meastóireachta a chríochnú. Tar éis phróiseas meastóireachta trom agus fadtéarmach an údaráis bainistíochta, síníodh an comhaontú deontais CFRE i mí an Mheithimh 2021, beagnach dhá bhliain i ndiaidh an comhaontú deontais H2020.
I nglao CFRE, bhí an fhéidearthacht ann 20 % den deontas a úsáid chun foirgnimh a athchóiriú. Rinne an t-údarás bainistíochta an clásal sin a chúlghairm i mí Eanáir 2021, mar gur mheas sé nach bhféadfaí costais bhonneagair a chistiú faoin gclár oibríochtúil. Ba é an réiteach a moladh ná an deontas a laghdú agus glao nua a sheoladh faoi bheart eile chun costais bhonneagair a chumhdach. Ag deireadh mhí an Mheithimh 2021, ní raibh an dara glao seolta go fóill.
Ní mór na costais a bhaineann leis an deontas CFRE a bheith tabhaithe faoi dheireadh Meán Fómhair 2023, cé – de réir an phlean gnó a bhí i gceangal leis an gcomhaontú deontais – go rabhthas ag brath ar a bheith in ann cistiú CFRE a úsáid i rith thréimhse chur chun feidhme an tionscadail (go dtí deireadh 2026). Tá sé luaite ag an tairbhithe nach dócha go mbeidh an cistiú ionsúite i tréimhse ama chomh gearr sin (ó Meitheamh 2021 go dtí Meán Fómhair 2023).
58 Féadann tionscadail a bhaineann le hOllúnachtaí LET tairbhiú freisin de chistiú breise CFRE. Fuair dhá thionscadal as na cúig cinn inár sampla cistiú den sórt sin, ach le moill shuntasach freisin – i gcás amháin ceithre bliana tar éis dhámhachtain an deontais H2020.
59 Ní raibh an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde, atá freagrach as tionscadail a roghnú agus as a gcur chun feidhme, i riocht (i) measúnú ex ante críochnúil a dhéanamh ar chistiú forlíontach a bhí geallta do thionscadail a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne nó (ii) faireachán ar ex post a dhéanamh chun a chinntiú go raibh an cistiú á íoc amach go hiarbhír. Cuireann sé sin bac ar chumas GFET gníomhaíochtaí ceartaitheacha a dhéanamh más gá. De réir mar a chuirtear in iúl é ina thuarascáil ar an tionchar beartais in 2021:
- “Ní thuariscíonn tionscadail a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne i gcónaí ar chistiú forlíontach ar bhealach aonfhoirmeach agus comhchuibhithe”, rud a fhágann gur deacair comparáid a dhéanamh leis an gcistiú a fuarthas leis na gealltanais atá léirithe sna tograí tionscadail, agus
- “mar gheall ar sheachadadh an chistithe fhorlíontaigh [...] tá faireachán níos déine ag teastáil”.
60 Rinneamar anailís ar na sonraí ar chistiú forlíontach sna comhaontuithe deontais do gach ceann de na tionscadail a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne agus fuaireamar amach nach gcuirtear i láthair go soiléir ná go comhsheasmhach iad. Tháinig an tuarascáil maidir le tionchar beartais GFET ar conclúidí den chineál céanna. Go sonrach, fuaireamar amach an méid seo a leanas:
- Bhí cistiú forlíontach urraithe agus maoiniú neamhurraithe i gceist le 28 % de na tograí tionscadail ar fad (deontais iomaíocha, ioncam ó pháipéir thaighde, etc), gan idirdhealú a dhéanamh eatarthu.
- Bhí cistiú forlíontach i bhfoirm ranníocaíochtaí comhchineáil i gceist le 56 % de na tograí tionscadail ar fad, ach níor tugadh tuairsc leormhaith ar an gcaoi a ndearnadh meastóireacht orthu.
- Bhí cistiú forlíontach a théann thar an tréimhse seacht mbliain do thionscadal a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne i gceist le 36 % de na tionscadail. Níor éirigh le tograí tionscadail faisnéis leordhóthanach a sholáthar i gcónaí chun an cion den ghealltanas a bhí laistigh den tréimhse seacht mbliana a ríomh. Thairis sin, ní féidir le REA a sheiceáil cibé a ndéantar cistiú forlíontach a íoc amach go hiarbhír tar éis dheireadh an tionscadail.
61 Tugaimid dár n-aire go bhfuil gníomhaíocht tosaigh déanta ag GFET agus/nó an Coimisiún mar fhreagairt ar na conclúidí i dtuarascáil maidir le tionchar beartais GFET 2021. Go háirithe, tá caighdeánú déanta acu (i) ar an bhfaisnéis maidir le cistiú forlíontach atá le sholáthar leis an togra tionscadail agus (ii) ar an tuairisciú ar dhul chun cinn an chistithe fhorlíontaigh (ionas gur féidir gealltanais a chur i gcomparáid leis na méideanna a fuarthas go hiarbhír), agus ní féidir ranníocaíochtaí comhchineáil a mheas a thuilleadh mar chistiú forlíontach.
62 I dtaca leis na deacrachtaí a bhaineann le faireachán a dhéanamh (féach mír 59), fuaireamar amach gurb é is cúis leis sin go pointe ná go bhfuil litreacha gealltanais ó údaráis náisiúnta agus ranníocóirí eile i ndáil le cistiú forlíontach a sholáthar doiléir agus neamh-infheidhmithe uaireanta. Mar shampla:
- ní luaitear cá mhéad atá geallta;
- úsáid á bhaint as nathanna amhail “smaoineoimid ar ranníocaíocht a dhéanamh le [...] suas go dtí suim de €[...] in aghaidh na bliana”;
- gealltanas foriomlán do na tionscadail ar fad atá in iomaíocht ó thír áirithe, agus an baol ann nach mbeifear in ann tacaíocht a thabhairt dóibh siúd a roghnófar i ndeireadh na dála.
Bhí an iomarca ama i gceist le foireann idirnáisiúnta a earcú
63 Bunaithe ar ár n-agallaimh le tairbhithe tionscadail agus bunaithe ar an anailís ar thuarascálacha tréimhsiúla maidir leis an dul chun cinn ar na tionscadail inár sampla (féach mír 15), fuaireamar amach go mbíonn sé deacair foireann idirnáisiúnta a earcú agus go bhfuil an iomarca ama i gceist leis (féach Tábla 2). Tháinig an tuarascáil maidir le tionchar beartas GFET a eisíodh i Meitheamh 2021 ar conclúidí den chineál ceanna.
Tábla 2 – Dúshláin earcaíochta a bhí ag na tionscadail inár sampla
Teacht le chéile i bhfoirne | Ollúnachtaí LET | |||
---|---|---|---|---|
Céatadán na dtionscadal | Nóta tráchta | Céatadán na dtionscadal | Nóta tráchta | |
Earcaíocht | 75 % | Earcaíodh ar a laghad taighdeoir amháin ó thar lear. | 80 % | Earcaíodh taighdeoir idirnáisiúnta ardphróifíle do phost mar shealbhóir Ollúnachta. |
50 % | Deacrachtaí maidir le foireann idirnáisiúnta a earcú. | 80 % | Deacrachtaí maidir le foireann idirnáisiúnta a earcú. | |
Ráta coinneála | -- | -- | 60 % | D’athraigh sealbhóir na hOllúnachta le linn na tréimhse cistithe. |
50 % | Níor éirigh leo an sealbhóir Ollúnachta a choimeád tar éis dheireadh an chistithe ón Aontas. |
Foinse: Curtha le chéile ag CIE.
64 Áirítear leis na cúiseanna lena mínítear na deacrachtaí sin an gá le haistriú go dtí áit eile agus go bhfuil daoine ann a mheasann nach bhfuil gairm bheatha i dtíortha áirithe a thagann faoin bhfairsingiú chomh tarraingteach sin. D'fhéadfadh sé go bhfuil tionchar freisin ag tuarastal neamhtharraingteach, go háirithe nuair is comhlachtaí poiblí iad na hionaid taighde, ós rud é go bhféadfadh srianta dlíthiúla ar na téarmaí fostaíochta atá siad in ann a thairiscint don fhoireann bac a chur ar a gcumas na taighdeoirí idirnáisiúnta is fearr a earcú. Tá sé dearbhaithe ag GFET gur mhinic an claonadh in ionaid barr feabhais faoi Teacht le chéile i bhfoirne iarratasóirí náisiúnta a earcú.
Inbhuanaitheacht a áirithiú fós ina dhúshlán
65 Tugann an inbhuanaitheacht le tuiscint go mbeidh ar thionscadail tuilleadh cistithe ó thaobh deontas iomaíoch a fháil, ach freisin go mbeidh siad in ann ioncam a ghiniúint trí leas a bhaint as a dtorthaí taighde. Tá dhá réamhriachtanas ann dó sin i.e. infheictheacht mhaith dá gcuid oibre taighde agus naisc le gnólachtaí chun nuálaíocht a thabhairt ar an margadh. Is cúram do na soláthraithe tionscadail agus do na húdarás poiblí náisiúnta go príomha é inbhuanaitheacht a áirithiú. Mar sin féin, is féidir leis an gCoimisiún uirlisí a sholáthar chun an cosán i dtreo inbhuanaitheacht a éascú.
66 San anailís a rinneamar ar thuarascálacha tréimhsiúla maidir le dul chun cinn i gcás na dtionscadal inár sampla a bhí níos faide chun cinn (féach mír 16) agus ar an ioncam atá ginte acu, tháinig sé chun solais nach féidir talamh slán a dhéanamh den inbhuanaitheacht fhadtéarmach i gcás fhormhór na dtionscadal. Léirítear na príomh-shaincheisteanna i ndáil leis sin i dTábla 3.
Tábla 3 – Saincheisteanna a dhéanann difear d’inbhuanaitheacht fhadtéarmach na dtionscadal
Saincheisteanna | Cur le chéile i bhfoirne, an líon tionscadal | Ollúnachtaí LET, an líon tionscadal |
---|---|---|
Deacrachtaí leis an saothrú tráchtála ar thorthaí taighde | 50 % | 50 % |
Níl aon deontas taighde iomaíoch faighte sa bhreis ar chistiú faoi Teacht le chéile i bhfoirne/Ollúnachtaí LET | 25 % | 50 % |
Níl aon nasc bunaithe le gnó | 50 % | 50 % |
Dearcadh na dtairbhithe ar infheictheacht íseal i saol taighde AE | 100 % | 75 % |
Foinse: CIE.
67 Rinneamar anailís ar na haontuithe deontais inár sampla de thionscadail Teacht le chéile i bhfoirne agus fuaireamar amach go raibh táscairí feidhmíochta do thráchtálú san áireamh i 75 % díobh. Mar sin féin, ní raibh aon cheann acu ag druidim lena sprioc tráth an iniúchta. Thairis sin, níl ioncam ar bith ginte ag 50 % de na tionscadail go dtí seo.
68 Tá torthaí ár n-anailíse ar shaincheisteanna a dhéanann difear d’inbhuanaitheacht na dtionscadal a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne comhsheasmhach leis na torthaí sin a fuair GFET:
- Sa suirbhé a bhí mar bhonn le tuarascáil 2021, dúirt 80 % de na freagróirí ón gcéad ghlao faoi Theacht le chéile i bhfoirne go raibh siad in ann cistiú deontais a mhealladh, agus dúirt 50 % go raibh cineálacha eile ioncaim á nginiúint acu. Ní léir, áfach, an leor na foinsí ioncaim atá ar fáil chun inbhuanaitheacht airgeadais na n-ionad barr feabhais a ráthú. Thairis sin, dúirt 40 % de na freagróirí nach raibh siad fós i riocht aon ioncam a ghiniúint seachas cistiú taighde iomaíoch.
- De réir anailíse eile ó GFET ó Dheireadh Fómhair 2020, ní raibh naisc cruthaithe le gnó ach ag trí cinn as na deich dtionscadal a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne ó ghlao 2016 agus a bhí fós ar siúl ag an am sin.
69 Maidir le tionscadail a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne, chun an tráchtálú a fheabhsú, foráladh sa chinneadh ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme Fís 2020 go bhféadfaí “naisc a thógáil le braislí nuálacha agus [...] barr feabhais i mBallstáit agus réigiúin ísealfheidhmíochta TFN a aithint, lena n-áirítear trí athbhreithnithe piaraí agus trí lipéid barr feabhais a bhronnadh ar na hinstitiúidí sin a chomhlíonann caighdeáin idirnáisiúnta”. Níl cleachtais athbhreithnithe piaraí bunaithe ag an gCoimisiún, áfach, agus níl lipéid barr feabhais bunaithe aige ach ar bhealach teoranta.
70 Tugaimid ar aire, faoin snáithe um fhairsingiú i bhFís Eorpach, gur thug an Coimisiún beart nua isteach chun tacú le “moil bharr feabhais”. Aidhm amháin leis sin, i measc nithe eile, ná naisc níos fearr a chruthú idir eolaíocht agus gnó. Níl aon ráthaíocht ann, áfach, go mbainfidh na tionscadail a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne atá ann faoi láthair tairbhe as an tionscnamh seo: mar shampla, tá na moil sármhaitheasa seo dírithe ar thopaicí, mar sin d’fhéadfadh sé nach mbeadh deis air sin ag tionscadail a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne má tá na tionscadail áirithe sin ag díriú isteach ar thopaicí seachas na topaicí sin atá clúdaithe ag na moil. Ina theannta sin, ní thugann an tionscnamh aghaidh ar easpa feasachta agus saineolais na dtairbhithe maidir leis an mbealach is fearr chun luach a fháil ar thorthaí a dtaighde.
71 Faoi H2020 agus Fís Eorpach, tá tuilleadh tionscnamh ar fáil do na Ballstáit atá ag iarraidh naisc a chruthú idir an pobal taighde agus gnó - amhail pobail eolais nuálaíochta. Níor chuir an Coimisiún, áfach, bunú naisc idir tionscadail agus pobail nuálaíochta chun cinn go gníomhach.
72 Chun torthaí taighde a scaipeadh agus a saothrú a chur chun cinn, coinníonn an Coimisiún bunachar sonraí ar leith ar a dtugtar Seirbhís Faisnéise an Chomhphobail um Thaighde agus Forbairt (CORDIS). Cuireann sé seo faisnéis ar fáil maidir leis na gníomhaíochtaí taighde agus forbartha go léir a bhfuil tacaíocht ón Aontas faighte acu, lena n-áirítear torthaí an tionscadail agus foilseacháin faoin tionscadal, a bhfuil sé de cheangal ar thairbhithe a chur isteach in CORDIS. Mar sin féin, fuaireamar amach go bhfuil an fhaisnéis in CORDIS as dáta agus nach féidir brath ach ar chuid den fhaisnéis atá ann (go háirithe maidir le tionscadail a bhaineann le hOllúnachtaí LET).
Tá fianaise luath ann maidir le torthaí nithiúla
73 Á chur san áireamh gurbh é cheann amháin de chuspóirí na mbeart um fhairsingiú (féach mír 05), ná rannpháirtíocht na dtíortha a thagann faoin bhfairsingiú in H2020 a leathnú, agus á chur san áireamh nach bhfuiltear ag súil go mbeidh tionchar ag na bearta sin ach sa mheántéarma agus san fhadtéarma (féach mír 12), d’fhéachamar ar threochtaí luatha ó thaobh rannpháirtíochta de. Rinneamar measúnú freisin féachaint an raibh na chéad torthaí nithiúla á dtaispeáint cheana féin ag na tionscadail.
74 Tháinig méadú ar an sciar den chistiú a fuair tíortha a thagann faoin bhfairsingiú idir an 7ú CR agus H2020 (+ 1.7 pointe céatadáin agus méadú de + 31 % i dtéarmaí coibhneasta) (féach Tábla 4). Mhéadaigh na tíortha ar fad a thagann faoin bhfairsingiú, seachas an Chróit agus an Ungáir, a rannpháirtíocht in H2020 i bpointí céatadáin agus i dtéarmaí coibhneasta araon (chun faisnéis mhionsonraithe in aghaidh an Bhallstáit a fháil, féach Iarscríbhinn VI).
Tábla 4 – An sciar den chistiú a gealladh faoin 7ú CR agus H2020 de réir grúpa tíortha (ag deireadh na gclár)
Cistí geallta faoin 7ú CR (a) | Cistí geallta faoi H2020 (b) | Diall (b-a) |
Éagsúlacht (i %) (b-a)/a |
|
---|---|---|---|---|
Tíortha AE a thagann faoin bhfairsingiú | 5.5 % | 7.2 % | + 1.7 | + 31 |
Tíortha AE nach dtagann faoin bhfairsingiú | 68.4 % | 71.5 % | + 3.1 | + 4.5 |
An Ríocht Aontaithe | 15.5 % | 11.5 % | - 4.0 | - 25.8 |
Tíortha nach bhfuil san Aontas (seachas an Ríocht Aontaithe) | 10.6 % | 9.7 % | - 0.9 | - 8.0 |
Foinse:CIE, bunaithe ar an 7ú CR agus bunachar sonraí H2020.
75 Tar éis gealltanais a asbhaint, bhí an méadú ar an gcistiú a gealladh do thíortha a thagann faoin bhfairsingiú níos lú, 1.1 i bpointí céatadáin agus 20 % i dtéarmaí coibhneasta. Bhí na tíortha a raibh rannpháirtíocht níos láidre acu i ndáil le bearta um fhairsingiú (féach Fíor 9) i measc na dtíortha sin freisin a bhfuil an méadú is mó ar rannpháirtíocht iontu idir an 7ú Clár Réime agus H2020 ó thaobh cistiú de (féach Tábla 10 in Iarscríbhinn IV) agus ó thaobh líonrú de (féach Fíor 7).
76 Fuaireamar amach go raibh roinnt torthaí dearfacha doláimhsithe agus inláimhsithe curtha ar fáil ag na tionscadail inár sampla cheana féin. I gcás na dtionscadal a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne, áirítear na nithe seo a leanas:
- De réir na dtairbhithe agus na n-údarás bainistíochta, mheall tionscadail spéis mhór pholaitiúil ó údaráis náisiúnta agus réigiúnacha, i dtionscadail aonair agus, ar bhonn níos ginearálta, i dTaighde agus Nuálaíocht sna tíortha a thagann faoin bhfairsingiú.
- B'fhoinse fostaíochta do thaighdeoirí agus do nuálaithe iad na tionscadail (tá trí cinn de na ceithre ionad nua a ndearnadh anailís orthu ón gcéad ghlao tar éis suas le 70 post taighde an ceann a chruthú).
- Tháinig roinnt aschur chun cinn cheana féin, go príomha i bhfoirm foilseachán eolaíoch (ceithre thionscadal ón gcéad ghlao, ach tá sé fós ró-luath dóibh siúd ón dara glao).
- Tá níos mó ná atá riachtanach ardaithe ag tionscadail maidir le cistiú comhlántach (féach mír 11).
77 Seo a leanas roinnt torthaí dearfacha a bhí ar thionscadail Ollúnachtaí LET go luath:
- Tuairiscíonn tairbhithe agus údaráis bainistíochta, aitheantas idirnáisiúnta do shealbhóirí Ollúnachta agus d’institiúidí óstacha.
- Bhain 80 % de na tionscadail sa sampla tairbhe as líonrú méadaithe.
- Tá athruithe struchtúrtha san institiúid óstach ginte ag 60 % de na tionscadail sa sampla.
78 Tugtar dhá shampla de thionscadail a bhfuil gealladh fúthu agus atá ag léiriú torthaí nithiúla i mBosca 4.
Samplaí de thorthaí dearfacha
Tionscadail a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne: torthaí maithe tosaigh
Seoladh an tionscadal in 2017 go ceann tréimhse cúig bliana. Tar éis ceithre bliana, bhí 68 mball foirne as 17 dtír fostaithe cheana féin ag an ionad barr feabhais nuabhunaithe. Thug na comhpháirtithe is forbartha tacaíocht chun naisc a chun ar bun agus taighdeoirí idirnáisiúnta a earcú.
Sna chéad cheithre bliana, d’éirigh leis an ionad cistiú a fháil do 47 dtionscadal taighde (lena n-áirítear ocht dtionscadal H2020), chuir sé líon suntasach foilseachán eolaíochta ar fáil, bunaíodh naisc le gnólachtaí agus chuir sé iarratas amháin ar phaitinní isteach.
Tionscadal a bhaineann le hOllúnachtaí LET: torthaí maithe
Cuireadh tús leis an tionscadal i mí Iúil 2015 agus mhair sé ar feadh sé bliana. Thug an sealbhóir Ollúnachta torthaí nithiúla i gcrích agus tá sé fós fostaithe san institiúid óstach fiú agus deireadh tagtha leis an tionscadal. Go háirithe, spreag an tionscadal an institiúid óstach chun (i) Cairt an Aontais le haghaidh Taighdeoirí agus an Cód Iompair maidir le Taighdeoirí a Earcú a fhormhuiniú; (ii) líonrú idirnáisiúnta a fheabhsú; (iii) méadú 20 % a dhéanamh ar líon na bhfoilseachán piarmheasúnaithe i réimse taighde na hOllúnachta LET; agus (iv) oifig aistrithe teicneolaíochta a chur ar bun, atá tar éis cur le méadú i gcomhoibriú le tionscadal na hinstitiúide óstaigh agus le torthaí taighde a shaothrú (aireagáin nua, paitinní, ceadúnais ghnó agus seachthairbhí).
Ina theannta sin, tá deontais iomaíocha faighte ag an bhfoireann, lena n-áirítear deontais idirnáisiúnta. Tá ról an-ghníomhach glactha aige freisin i dtaighde COVID‑19.
Níl socruithe leordhóthanacha déanta ag an gCoimisiún maidir le faireachán a dhéanamh ar thionchar na mbeart um fhairsingiú
79 I gcomhréir le rialachán airgeadais an Aontais, ceanglaítear ar an gCoimisiún cuspóirí a leagan síos dá chláir agus faireachán a dhéanamh ar a mbaint amach trí bhíthin táscairí feidhmíochta. Rinneamar measúnú féachaint an raibh na socruithe chun faireachán a dhéanamh ar na bearta um fhairsingiú iomchuí.
80 Sa tuarascáil bhliantúil uainn in 2015, tharraingíomar aird cheana féin ar laigí i ndearadh H2020, go háirithe maidir le táscairí feidhmíochta, agus tharraingíomar aird ar chuspóirí róghinearálta agus ardleibhéil.
81 I measc na dtáscairí a shainítear le haghaidh H2020, níor bhain ach ceann amháin leis an snáithe “fairsingiú” (ach tá sé teoranta do ghníomhaíochtaí a bhaineann le hOllúnachtaí LET agus Nascadh): “Éabhlóid [i gcéatadán] (i gcomparáid le tréimhse thagartha [3 bliana] roimh shíniú an chomhaontaithe deontais) de na foilseacháin in irisí ardtionchair sa réimse taighde ar leith den eagraíocht taighde maoinithe”.
82 Ó 2016 i leith, tá béim curtha ag roinnt doiciméad a ullmhaíodh don Choimisiún nó ag REA ar an tábhacht a bhaineann le bailiú sonraí a thabhairt isteach le haghaidh príomhtháscairí feidhmíochta (KPInna) atá sonrach agus intomhaiste5, go háirithe maidir le tionscadail a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne. Mar shampla, tá moladh déanta ag REA i dtaobh KPInna lena dtomhaistear “athruithe struchtúracha” in eagraíocht, nó táscairí don fhaisnéis a thugtar i dtograí tionscadail, amhail líon na bpaitinní, na gcomhaontuithe ceadúnais, na dtaighdeoirí atá earcaithe agus na dtionscadail taighde nua atá cistithe.
83 Mar fhreagra ar na moltaí sin, bhí na mionsonraí seo a leanas i gclár oibre “fairsingiú” an Choimisiúin do 2018-2020 a bhaineann le faireachán:
- faoin Teacht le chéile i bhfoirne, bhí an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag ionaid nua/uasghrádaithe barr feabhais le atreisiú trí KPInna intomhaiste, agus ba cheart feabhsuithe ar éiceachóras T&N sa mheántéarma go dtí an fadtéarma a thaispeáint freisin trí tháscairí (e.g. déine taighde);
- faoi Ollúnachtaí LET, chuir an clár oibre samplaí de tháscairí ar fáil chun méadú ar bharr feabhais an taighde a thomhas (e.g. foilseacháin in irisí piarmheasúnaithe, comhaontuithe comhoibrithe le gnó, maoin intleachtúil, táirgí agus seirbhísí nuálacha nua).
84 Mar sin féin, níor shocraigh an Coimisiún aon KPInna mionsonraithe don bheart Teacht le chéile i bhfoirne, agus bhí bonnlínte agus garspriocanna in easnamh ar bheart Ollúnachtaí LET. Ina ionad sin, bhí táscairí le sainiú agus le mionsonrú sa chomhaontú deontais do gach tionscadal. In éagmais comhtháscairí, is deacair teacht ar chonclúidí maidir leis an tionchar.
85 Ní mór do thairbhithe an tionscadail tuairisc a thabhairt go rialta ar dhul chun cinn. Ina theannta sin, déanann REA suirbhéanna rialta chun an dul chun cinn iarbhír a mheas, go háirithe i gcás tionscadal a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne. D’éirigh leis na suirbhéanna sin na príomhcheisteanna a dhéanann difear do thionscadail a shainaithint (féach mír 56).
86 Táthar ag súil go mbeidh tionchar meántéarmach go fadtéarmach ag tionscadail um fhairsingiú i dtíortha óstacha. Chuige sin, áirítear ar chomhaontuithe deontais “plean scaipthe agus saothraithe” a mheastar a chuirfidh na tairbhithe chun feidhme tar éis dheireadh thréimhse cistithe an Aontais. Mar sin féin, ní dhearna an Coimisiún aon bheart leantach ná aon fhaireachán ar thionscadail tar éis dheireadh na tréimhse cistiúcháin.
Conclúidí agus moltaí
87 Is í an chonclúid fhoriomlán atá againn ná go raibh na bearta um fhairsingiú a tugadh isteach faoi Fhís 2020 oiriúnach don fheidhm sa mhéid is gur thug siad aghaidh ar go leor de na cúiseanna le rannpháirtíocht íseal roinnt Ballstát sna Cláir Réime. Mar sin féin, de bharr éagothromaíochtaí in éiceachóras T&N i measc na dtíortha a thagann faoin bhfairsingiú, níor thairbhigh siad ar fad an oiread céanna de na bearta sin. Meastar nach mbeidh tionchar iomlán na mbeart le feiceáil go hiomlán go ceann roinnt blianta amach romhainn. Cé gur féidir leis na bearta sin mar aon le bearta AE eile a spreagann athchóirithe tús a chur le dul chun cinn in T&N sna tíortha faighteora, tá fíorathrú inbhuanaithe ag brath ar na rialtais náisiúnta a gcion iomlán a dhéanamh chun tosaíocht a dhéanamh de T&N, i dtéarmaí infheistíochta agus athchóirithe araon.
88 Thug na bearta um fhairsingiú faoi Fhís H2020 aghaidh ar go leor de na saincheisteanna a sainaithníodh mar shaincheisteanna a bhaineann le feidhmíocht T&N. Mar sin féin, feidhmíonn siad go príomha mar chatalaíoch don dul chun cinn ós rud é go bhfuil ról ag leibhéil infheistíochta náisiúnta T&N chomh maith le hathchóirithe, agus, dá bhrí sin cinntí straitéiseacha náisiúnta, i bhfeidhmíocht tíre (féach míreanna 20-27).
89 Tá Saoráid Tacaíochta Beartais ar cheann de na hionstraimí atá i mbascaed ionstraimí a chuir an tAontas i bhfeidhm chun athchóirithe a spreagadh sna Ballstáit, agus is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an ceann is déanaí díobh. Bhain an Coimisiún leas as an léargas a fuarthas ón Saoráid Tacaíochta Beartais, go háirithe ó 2019 ar aghaidh, chun fothú go roghnaitheach isteach in obair an tSeimeastair Eorpaigh. Mar sin féin, cuireadh teorainn le cumas na Saoráide Tacaíochta Beartais athruithe riachtanacha ar na córais náisiúnta a spreagadh toisc (i) go raibh teorainn leis na hacmhainní a bhí ar fáil do Shaoráid Tacaíochta Beartais, (ii) nár iarr gach tír a thagann faoin bhfairsingiú tacaíocht ó Saoráid Tacaíochta Beartais agus (iii) go raibh na Ballstáit in ann a chinneadh cé chomh mór agus a chuirfeadh siad na hathchóirithe a sainaithníodh i gcomhthéacs na Saoráide Tacaíochta Beartais chun feidhme (féach míreanna 28-37).
90 Tá moill ar an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh ar an meastóireacht a rinne sé in 2019 ar STB, ach dúirt sé go bhfuil sé ar intinn aige (i) tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an idirphlé maidir le straitéisí náisiúnta idir é féin agus na Ballstáit atá toilteanach páirt a ghlacadh sa phróiseas sin agus freisin i measc na mBallstát, agus (ii) níos mó iarrachta a dhéanamh maidir le scaipeadh agus cumarsáid. Faoi ghné nua den STB atá bunaithe ar an éileamh, “STB Oscailte” (tréimhse 2021-2027), is féidir leis na Ballstáit tacaíocht a lorg chun athchóirithe a chur chun feidhme ina gcórais T&N, ach tá ar an gCoimisiún fós na gnéithe praiticiúla uile a shainiú (féach míreanna 38-41).
Moladh 1 – Úsáid na Saoráide Tacaíochta Beartais a neartú;
Chun úsáid éifeachtach a bhaint as na hionstraimí atá ar fáil dó chun na hathruithe i gcórais náisiúnta T&N atá ag teastáil le haghaidh dul chun cinn sna tíortha um fhairsingiú a spreagadh, ba cheart don Choimisiún:
- Gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh dá bhfuil ar intinn aige maidir le (i) torthaí STB a scaipeadh agus a chur in iúl ar bhealach níos fearr agus (ii) an t-idirphlé a fheabhsú (e.g. cinneadh a dhéanamh maidir le cuspóir, uirlisí, uainiú agus rialtacht an idirphlé), agus go mbeadh toradh an idirphlé sin ag cur le hobair an Choimisiúin faoin Seimeastar Eorpach agus leis an bhfaireachán a dhéanann sé ar ghnóthú gharspriocanna na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta;
- “STB oscailte” a dhearadh sa chaoi is go bhféadfaí tacaíocht leanúnach a thabhairt d’údaráis náisiúnta a chuireann athchóirithe chun feidhme, mar thoradh ar mholtaí a thagann as gníomhaíochtaí na Saoráide Tacaíochta Beartais nó atá iarrtha i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh nó atá tiomanta do na pleananna téarnaimh agus athléimneachta.
Spriocdháta cur chun feidhme: deireadh 2022 do (a) agus lár-2023 do (b).
91 Fuaireamar amach go raibh formhór na dtíortha a thagann faoin bhfairsingiú íseal ó thaobh rannpháirtíochta de in H2020 (an méid a fuarthas per capita) agus i dtéarmaí nascachta le comhpháirtithe ar fud an Aontais. Mar sin féin, bhí leibhéil rannpháirtíochta agus nascachta ag roinnt tíortha a bhí comhchosúil leis an leibhéal atá i dtíortha ardfheidhmíochta nach dtagann faoin bhfairsingiú (féach míreanna 45-51).
92 Is iad na comhreachtóirí a ghlac an cinneadh maidir le cé na tíortha a bheadh le tairbhiú de na bearta um fhairsingiú faoi Fhís Eorpach. Ní féidir athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin ag an meántéarma. Chuir an Coimisiún anailís tacaíochta ar fáil maidir le roinnt táscairí a roghnaíodh mar tháscairí ionaid do na cúiseanna le haghaidh ísealfheidhmíocht. Níor breathnaíodh san anailís (i) ar leibhéal rannpháirtíochta na tíre i gcláir réime roimhe seo agus (ii) ar leibhéal nascachta na tíre le comhpháirtithe ar fud an Aontais (féach míreanna 42-44).
Moladh 2 – Díriú ar rannpháirtíocht níos cothroime na dtíortha a thagann faoin bhfairsingiú sna bearta um fhairsingiú
Chun cásanna a sheachaint ina dtéann formhór na dtionscadal um fhairsingiú chuig líon beag tíortha, ba cheart don Choimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar leibhéil rannpháirtíochta i mbearta um fhairsingiú faoin gclár Fís Eorpach. Chomh maith leis sin, más rud é go dtagann míchothromaíochtaí suntasacha leanúnacha chun solais, ba cheart dó bearta a thabhairt isteach chun patrún rannpháirtíochta níos leithne a bhaint amach.
Spriocdháta cur chun feidhme: le linn chur chun feidhme na mbeart um fhairsingiú.
93 Bhí roinnt deacrachtaí ag tairbhithe tionscadal a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne agus Ollúnachtaí LET as a d'eascair moilleanna agus/nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do thorthaí tionscadal (féach míreanna 52-53). Baineann siad sin go háirithe leis na nithe seo a leanas:
- Moilleanna ar chistiú a fháil a chomhlánaíonn deontais Fhís 2020, a dtagann an sciar is mó de sin, go háirithe i gcás na dtionscadal a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne, ó CSIEnna. Thairis sin, cé gur féidir le tionscadail a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne a bheith ar siúl go dtí 2026, ní mór na costais atá le cumhdach ag deontais CSIE a thabhú faoi dheireadh 2023, mar sin d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ag roinnt tairbhithe na cistí a iompar (féach míreanna 54-62).
- Taighdeoirí idirnáisiúnta a earcú (féach míreanna 63-64). Thóg sé an iomarca ama, ach ar deireadh d’éirigh le tromlach na dtionscadal é sin a dhéanamh.
- Inbhuanaitheacht fhadtéarmach tionscadal a áirithiú, mar shampla trí dhíriú ar infheictheacht agus naisc a bhunú le lucht gnó chun saothrú torthaí taighde a chur chun cinn (féach míreanna 65-72).
94 Tá cistiú forlíontach ríthábhachtach, go háirithe chun bonneagar agus trealamh a chistiú sna hionaid barr feabhais a fhaigheann tacaíocht trí Theacht le chéile i bhfoirne. Mar sin féin, ní raibh REA in ann meastóireacht agus faireachán cuí a dhéanamh ar an gcistiú sin, go príomha mar gheall ar easpa sonraí comhchuibhithe nó, i gcásanna áirithe, mar gheall ar dhoiléireacht na ngealltanas a rinne soláthraithe cistiúcháin (féach míreanna 59-62).
Moladh 3 – Infhaighteacht thráthúil ar chistiú forlíontach a éascú
Chun an riosca a laghdú maidir le tionscadail a bhfuil deacrachtaí a acu le maoiniú comhlántach ó chláir obriúcháin ERDF a sheachaint, ba cheart don Choimisiún údaráis bainistíochta a spreagadh chun próiseas simplithe formheasta deontais a leanúint, mar shampla, tríd an meastóireacht a dhéantar i gcómhthéacs maoiniú Fís Eorpach a chur san áireamh go hiomlán.
Spriocdháta cur chun feidhme: deireadh 2022.
95 Tá sé mar aidhm ag tionscadail a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne agus Ollúnachtaí LET éifeachtaí fadtréimhseacha a chruthú. Mar sin féin, léirigh tionscadail a ndearnadh anailís orthu nach raibh ach cumas teoranta acu leas a bhaint as a dtorthaí taighde. Cé gurb é príomhfhreagracht na dtairbhithe agus na n-údarás poiblí náisiúnta i gcónaí é an inbhuanaitheacht a áirithiú, cuireann an Coimisiún tacaíocht ar fáil ina leith sin freisin. Is i bhfoirm tionscnamh (faoi Fhís H2020 agus Fís Eorpach) a dhéantar é sin, agus é mar aidhm leo sin naisc a chruthú idir taighde agus gnó. Níl aon ráthaíocht ann, áfach, go mbainfidh tionscadail reatha a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne agus Ollúnachtaí LET tairbhe astu sin (féach míreanna 65-71).
96 Ní bhaintear úsáid éifeachtach as bunachar sonraí CORDIS, ina soláthraítear torthaí na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht ó na creatchláir éagsúla, chun infheictheacht na dtorthaí taighde ó Theacht le chéile i bhfoirne agus ó Ollúnachtaí LET a chur chun cinn agus chun saothrú na dtorthaí sin a éascú, mar nach ndéantar é a nuashonrú go córasach (féach mír 72).
Moladh 4 – Cumas tionscnóirí tionscadal a fheabhsú chun leas a bhaint as a dtorthaí taighde
Chun ionchais inbhuanaitheachta na dtionscadal a threisiú, ba cheart don Choimisiún:
- Tacaíocht a chur ar fáil (amhail oiliúint agus cóitseáil) do thionscadail um fhairsingiú, go háirithe tionscadail a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne, ionas go mbeidh siad in ann cúram níos fearr a dhéanamh do luachshocrú a gcuid dtorthaí taighde;
- Teagmhálacha a chur chun cinn idir tairbhithe an tionscadail agus comhpháirtithe ionchasacha tionsclaíochta, go hairithe trí thionscnaimh de chuid an Aontais atá ann cheana lena ndírítear ar naisc a chruthú idir taighde agus gnó (amhail pobail nuálaíochta eolais);
- Tacú tuilleadh le hinfheictheacht tionscadal trí thairbhithe a spreagadh chun nuashonrú rialta a dhéanamh ar thorthaí an tionscadail agus iad a chur ar fáil go poiblí ar ardáin AE arna mbunú chun na críche sin.
Spriocdháta cur chun feidhme: deireadh 2023
97 Tráth a ndearnadh an t-iniúchadh, bhí sé ró-luath a mheas an raibh an spreagadh a rabhthas ag súil leis d’fheidhmíocht na dtíortha a thagann faoin bhfairsingiú tugtha ag na bearta um fhairsingiú, toisc nach mbeidh aon éifeachtaí le feiceáil go dtí go mbeidh siad cuid den bhealach trí chur chun feidhme Fhís Eorpach. Ní haon ionadh, dá bhrí sin, faoi dheireadh thréimhse Fhís 2020, nach raibh ach méadú de réir a chéile ar ráta rannpháirtíochta na dtíortha a thagann faoin bhfairsingiú ón 7ú Cláir Réime (go háirithe tar éis an tionchar a bheadh ag cistiú imfhálaithe le haghaidh fairsingiú a chur as an áireamh) (féach míreanna 73-75).
98 Mar sin féin, fiú ag an gcéim luath seo, agus in ainneoin na ndeacrachtaí cur chun feidhme a bhfuil cur síos orthu thuas, d’aimsíomar roinnt aschuir dhearfacha tosaigh a tháinig as tionscadail a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne agus Ollúnachtaí LET. Tá méideanna suntasacha i gcistiú forlíontach meallta ag fiontair a thagann faoi Theacht le chéile i bhfoirne go háirithe, agus thosaigh siad ag foilsiú torthaí eolaíocha agus ag soláthar fostaíochta do thaighdeoirí; maidir le tionscadail a bhaineann le hOllúnachtaí LET, chabhraigh an chuid is mó díobh le hathrú struchtúrach a chur ar a n-institiúidí óstacha (féach míreanna 76-78).
99 Cuireadh bac ar an bhfaireachán ar an rath a bhí ar an gcuspóir “barr feabhais a leathnú agus rannpháirtíocht a ardú”, agus ar bhearta aonair (amhail Teacht le chéile i bhfoirne agus Ollúnachtaí LET), mar gheall ar easpa táscairí feidhmíochta nó, i gcás inarb ann dóibh (Ollúnachtaí LET), mar gheall ar easpa bunlíne agus spriocluachanna. Ina theannta sin, níl sé beartaithe ag an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar thionscadail aonair tar éis iad a dhúnadh, cé (i) go bhfuil leanúnachas na ngníomhaíochtaí ar cheann de na príomhchuspóirí agus (ii) nach mbeidh a lán torthaí agus tionchair le feiceáil go dtí sin (féach míreanna 79-86).
Moladh 5 – Feabhas a chur ar fhaireachán na mbeart um fhairsingiú
Chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar na bearta um fhairsingiú agus ar an tionchar a bheidh acu, ba cheart don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Cuspóirí sonracha a leagan síos agus iad a aistriú go KPInna iomchuí ar leibhéal an bhirt;
- Obair leantach a dhéanamh ar thionscadail Theacht le chéile i bhfoirne tar éis an chlabhsúir freisin le go mbeidh siad in ann a n-iarmhairtí meántéarmacha go fadtéarmacha a thabhairt i gcrích.
Spriocdháta cur chun feidhme: deireadh 2024 le haghaidh (a); dhá bhliain tar éis dhúnadh na dtionscadal le haghaidh (b).
Glacadh an Tuarascáil seo ag Seomra IV, faoi cheannas Mihails Kozlovs, Comhalta na Cúirte Iniúchóirí, i Lucsamburg an 3 Bealtaine 2022.
Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Klaus-Heiner Lehne
Uachtarán
Iarscríbhinní
Iarscríbhinn I – Bearta um fhairsingiú faoin gclár Fís Eorpach
Tá buiséad €2.95 billiún (3 % de bhuiséad Fhís Eorpach) ag na bearta um fhairsingiú faoin gclár Fís Eorpach. Leathnaíodh an scéim, agus tá ceithre bheart bhreise san áireamh anois:
- Tionscnamh barr feabhais d’ollscoileanna, a bhfuil sé mar aidhm leis sin earnáil an ardoideachais agus na héiceachórais máguaird a athrú ó bhonn, lena n-áirítear ionaid taighde neamh-ollscoile.
- Moil barr feabhais, a bhfuil sé mar aidhm leis sin éiceachórais nuálaíochta a chothú i dtíortha a thagann faoin bhfairsingiú agus i dtíortha eile, chomh maith le naisc níos fearr a chruthú idir an saol acadúil, lucht gnó agus an rialtas, i gcomhréir le straitéisí réigiúnacha nó náisiúnta um speisialtóireacht chliste.
- Cúrsaíocht daoine oilte, ina bhfuil tacar de dheontais éagsúla arb é is aidhm dóibh cur le tarraingteacht na dtaighdeoirí i dtíortha a thagann faoin bhfairsingiú, trí dheontais iomaíocha a chur ar fáil agus trí chleachtais tharraingteacha oibre agus fostaíochta a scaipeadh.
- Saoráid sciuirde, a chuimsíonn deontais a chuirtear ar fáil d'eintitis ó thíortha ísealfheidhmíochta T&N a ghlacann páirt i ngníomhartha comhoibritheacha T&N atá roghnaithe cheana féin.
Léirítear i dTábla 5 leithdháileadh an bhuiséid do na bearta éagsúla sin faoin gclár Fís Eorpach.
Beart/ionstraim | Cistí atá ar fáil (i milliúin euro) | Sciar an bhuiséid um fhairsingiú |
---|---|---|
Teacht le chéile i bhfoirne | 743.6 | 26 % |
Nascadh | 486.2 | 17 % |
Ollúnachtaí LET | 343.2 | 12 % |
COST | 400.4 | 14 % |
Tionscnamh barr feabhais d’ollscoileanna | 286.0 | 10 % |
Moil barr feabhais (éiceachórais nuálaíochta) | 257.4 | 9 % |
Cúrsaíocht daoine oilte | 143.0 | 5 % |
Pacáiste tacaíochta (lena n‑áirítear “STB oscailte”) | 57.2 | 2 % |
Saoráid sciuirde | 143.0 | 5 % |
Foinse: CIE, bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag an gCoimisiún Eorpach.
Iarscríbhinn II – Modheolaíocht
Bhí ár n-iniúchadh bunaithe ar an bhfianaise seo a leanas:
- Athbhreithniú deisce ar dhoiciméid phoiblí agus ar dhoiciméid inmheánacha an Choimisiúin amhail téacsanna dlí, treoirlínte, measúnuithe tionchair, tuarascálacha meastóireachta agus faireacháin, teachtaireachtaí;
- Ceistneoirí agus físchomhdhálacha seiceála fíoras le húdaráis bhainistíochta agus le Pointí Teagmhála Náisiúnta i gcás na mbeart um fhairsingiú ó chúig Bhallstát (an Chróit, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin agus an tSlóivéin) a roghnaíodh bunaithe ar a gcuid feidhmíochta T&N, ar a rannpháirtíocht ar an iomlán sa chlár réime agus, go sonrach, ar bhearta um fhairsingiú;
- Anailís staidrimh ar shonraí ó réimse foinsí: CORDA, Cuspóirí Gnó, Scórchlár Nuálaíochta, Eurostat agus CORDIS;
- Anailís mhionsonraithe ar shampla de thionscadail a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne agus Ollúnachtaí LET a roghnaíodh ar bhonn breithiúnais, go háirithe i measc tionscadal ag céim a bhí chun cinn go maith sa chur chun feidhme (féach Tábla 6). Is éard a bhí san anailís mhionsonraithe ná (i) athbhreithniú ar dhoiciméid a bhain leis an tionscadal (tograí, comhaontuithe deontais, tuarascálacha faireachán, etc.), (ii) ceistneoirí agus físchomhdhálacha seiceála fíorais le tairbhithe;
- Anailís mhionsonraithe ar chistiú forlíontach do na tionscadail go léir a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne.
Tábla 6 – Sampla de na tionscadail a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne agus Ollúnachtaí LET
Glao | Líon na dtionscadal arna maoiniú | Sampla | Cumhdach |
---|---|---|---|
Teacht le chéile i bhfoirne 2016-2017 | 10(1) | 4 | 40 % |
Teacht le chéile i bhfoirne 2018-2019 | 14 | 2 | 14 % |
Iomlán do Theacht le chéile i bhfoirne | 24 | 6 | 25 % |
Ollúnachtaí LET | 59 | 5 | 8 % |
Nóta: (1) Ar dtús fuair 11 thionscadal deontas faoi Theacht le chéile i bhfoirne, ach cuireadh deireadh le tionscadal amháin in 2020 (i.e. roimh dheireadh a chur chun feidhme).
Foinse: CIE.
Iarscríbhinn III – Comhghaol idir infheistíochtaí T&N agus feidhmíocht T&N
D’aimsíomar comhghaol dearfach idir:
- an leibhéal infheistíochta T&N náisiúnta per capita agus feidhmíocht arna thomhas de réir innéacs nuálaíochta achomair an Scórchláir Eorpaigh Nuálaíochta. Dá mhéad infheistíochta T&N náisiúnta a bhí ann per capita le linn thréimhse 2014-2020, is ea is airde a bhí an rangú ar Scórchlár 2021 (féach Fíor 10);
- an leibhéal infheistíochta T&N náisiúnta per capita (le linn thréimhse 2014-2020) agus an leibhéal rannpháirtíochta i H2020 (féach Fíor 11).
Fíor 10 – Comhghaol idir infheistíocht T&N náisiúnta per capita (2014-2020) agus Scórchlár Eorpach Nuálaíochta 2021
Foinse: CIE, bunaithe ar Eurostat agus ar shonraí ó Scórchlár Eorpach Nuálaíochta 2021.
Léiríonn Fíor 11 an comhghaol idir infheistíochtaí T&N náisiúnta per capita (2014-2020) agus rannpháirtíocht in H2020. Maidir leis an gcomhéifeacht dearbhaithe, (R2), lena mínítear an cion den diallas i ndiall amháin atá intuartha ón diall eile, tá sí sin comhionann le 0.45. Mar sin féin, má eisítear an Chipir (asluiteach), ardaíonn luach an R2- go dtí 0.65. Tá formhór na dtíortha a thagann faoin bhfairsingiú comhchruinnithe sa chúinne íochtarach ar chlé, rud a léiríonn infheistíocht íseal náisiúnta in T&N agus cistiú íseal H2020 per capita. Tá na tíortha uile a thagann faoin bhfairsingiú, seachas an tSeicia agus Lucsamburg, faoi bhun na treolíne.
Fíor 11 – Comhghaol idir infheistíocht náisiúnta T&N per capita (2014-2020) agus rannpháirtíocht in H2020 (cistí geallta ag deireadh an chláir)
Foinse: CIE, bunaithe ar shonraí Eurostat agus bunachar sonraí H2020.
Iarscríbhinn IV – Moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith maidir le T&N
Rinneadh na moltaí seo a leanas a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith maidir le T&N do tíortha a thagann faoin bhfairsingiú le linn 2014-2020:
- 2014. Seoladh moladh chuig 10 dtír as 15 a thagann faoin bhfairsingiú, go príomha i dtaobh naisc a bhunú idir T&N agus an beartas tionsclaíoch.
- 2015-2018: gach bliain, seoladh moltaí chuig idir dhá agus chúig thír. Níor seoladh moladh ar bith chuig cúig thír (an Bhulgáir, an Chróit, an Rómáin, an tSlóivéin, an Ungáir ).
- 2019: seoladh moladh chuig gach tír a thagann faoin bhfairsingiú, seachas tír amháin, i dtaobh infheistíocht a bhaineann le beartas eacnamaíoch a dhíriú isteach ar T&N.
- 2020: Seoladh moladh chuig 10 dtír as 15, go príomha chun a dhíriú isteach ar infheistíocht T&N.
Iarscríbhinn V – Táscairí a úsáideadh san anailís a chuir an Coimisiún ar fáil do na comhreachtóirí le haghaidh roghnúchán na dtíortha a thagann faoin bhfairsingiú
- H2020:
Is é an scór a bhí le fáil ag Ballstát ná scór a bhí níos ísle ná 70 % de mheántáscaire ilchodach AE-27 maidir le barr feabhais taighde, agus an táscaire sin comhdhéanta de cheithre athróg:
- sciar d’fhoilseacháin ardluaite ina bhfuil cleamhnacht ag duine amháin ar a laghad de na húdair sa tír;
- líon na n-ollscoileanna eolaíocha agus na n-eagraíochtaí poiblí taighde ardfheidhmíochta atá sa tír;
- iarratais ar phaitinn;
- luach iomlán na ndeontas a fuarthas ón gComhairle Eorpach um Thaighde.
- Fís Eorpach:
- ollioncam náisiúnta faoi bhun 90 % de mheán an Aontais;
- do gach tír, an céatadán d'fhoilseacháin eolaíochta óna thaighdeoirí a rangaítear i measc an 10 % is airde de na luanna (i.e. luaite ag páipéir thaighde eile); agus
- líon na n-iarratas ar phaitinn in aghaidh an mhilliúin chónaitheora atá faoi bhun mheánleibhéal an Aontais.
Iarscríbhinn VI – Staitisticí
Tugann Tábla 7 agus Tábla 8 forléargas ar rannpháirtíocht na dtíortha a thagann faoin bhfairsingiú sa dá bheart a ndearnadh anailís orthu. Taispeánann sé cá mhéad de na tograí tionscadail a cuireadh isteach a roghnaíodh chun cistiú a fháil ag deireadh an phróisis roghnúcháin iomaíoch. Is í an phríomhthoisc a imríonn tionchar ar ráta ratha tíre ná a feidhmíocht fhoriomlán T&N. Tosca eile atá ann ná, mar shampla, taithí a fuarthas ó rannpháirtíocht roimhe seo, comhiarrachtaí ó ghníomhaithe náisiúnta chun feabhas a chur ar an rath a mhéadú sa rannpháirtíocht, agus na naisc líonra atá ann cheana. Tá sé seo i gcomhréir leis na barúlacha inár dtuarascáil speisialta 02/2020 (mír 43) maidir leis an Ionstraim FBManna.
Tábla 7 – Tograí a bhaineann le Teacht le chéile i bhfoirne a tíolacadh agus a cistíodh de réir tíre (ag deireadh an chláir)
Tír | Tograí a cuireadh isteach (a) | Tionscadail cistithe (b) | Ráta rathúlachta (b/a) | Sciar na dtionscadal maoinithe uile |
---|---|---|---|---|
An Chipir | 41 | 6 | 15 % | 24 % |
An Phortaingéil | 21 | 3(2) | 14 % | 12 % |
An tSeicia | 28 | 3 | 11 % | 12 % |
An Pholainn | 32 | 3 | 9 % | 12 % |
An Laitvia | 14 | 2 | 14 % | 8 % |
An Ungáir | 17 | 2 | 12 % | 8 % |
An Bhulgáir | 28 | 2 | 7 % | 8 % |
An Eastóin | 11 | 1 | 9 % | 4 % |
An tSlóvaic | 18 | 1 | 6 % | 4 % |
An tSlóivéin | 20 | 1 | 5 % | 4 % |
An tSeirbia(1) | 30 | 1 | 3 % | 4 % |
An Liotuáin | 9 | - | 0 % | - |
An Rómáin | 44 | - | 0 % | - |
An Chróit | 16 | - | 0 % | - |
Málta | 9 | - | 0 % | - |
Lucsamburg | 2 | - | 0 % | - |
Nótaí:
(1) Is féidir le tíortha comhlachaithe H2020 páirt a ghlacadh freisin sna bearta um fhairsingiú.
(2) San áireamh ansin, tá tionscadal a stopadh in 2020 (i.e. roimh dheireadh a chur chun feidhme).
Foinse: CIE, bunaithe ar bhunachar sonraí H2020.
Tábla 8 – Tograí a bhaineann le hOllúnachtaí LET a tíolacadh agus a cistíodh de réir tíre (ag deireadh an chláir)
Tír | Tograí tíolactha (a) | Tionscadail cistithe (b) | Ráta rathúlachta (b/a) | Sciar na dtionscadal maoinithe uile |
---|---|---|---|---|
An Phortaingéil | 61 | 16 | 26 % | 27 % |
An Eastóin | 43 | 14 | 33 % | 24 % |
An Pholainn | 46 | 6 | 13 % | 10 % |
An Chipir | 27 | 5 | 19 % | 8 % |
An tSeicia | 23 | 4 | 17 % | 7 % |
An tSlóivéin | 39 | 3 | 8 % | 5 % |
An Tuirc(1) | 7 | 2 | 29 % | 3 % |
An Rómáin | 12 | 2 | 17 % | 3 % |
An Chróit | 14 | 2 | 14 % | 3 % |
Lucsamburg | 5 | 1 | 20 % | 2 % |
An Bhulgáir | 15 | 1 | 7 % | 2 % |
An Liotuáin | 15 | 1 | 7 % | 2 % |
An tSeirbia(1) | 18 | 1 | 6 % | 2 % |
An tSlóvaic | 16 | 1 | 6 % | 2 % |
An Laitvia | 20 | - | 0 % | - |
Málta | 6 | - | 0 % | - |
An Ungáir | 6 | - | 0 % | - |
Nóta: (1) Is féidir le tíortha comhlachaithe H2020 páirt a ghlacadh sna bearta um fhairsingiú.
Foinse: CIE, bunaithe ar bhunachar sonraí H2020.
Tábla 9 – Dáileadh de réir tíre ar ghealltanais de chistí um fhairsingiú H2020 (ag deireadh an chláir)
Ballstát / Bloc tíre | Gealltanais (i milliúin euro) (gan cistiú geallta do COST san áireamh) |
---|---|
An Phortaingéil | 102.3 |
An Chipir | 88.2 |
An Pholainn | 59.4 |
An Eastóin | 52.9 |
An tSeicia | 50.1 |
An Bhulgáir | 30.1 |
An Laitvia | 28.3 |
An tSlóivéin | 26.0 |
An Ungáir | 24.8 |
An tSlóvaic | 18.0 |
An Rómáin | 10.2 |
An Chróit | 9.9 |
An Liotuáin | 5.3 |
Lucsamburg | 4.7 |
Málta | 4.1 |
Tíortha nach dtagann faoin bhfairsingiú | 157.5 |
Tíortha nach bhfuil san Aontas (an Ríocht Aontaithe san áireamh) | 82.3 |
Foinse:CIE, bunaithe ar Dheais Fhís 2020.
Tábla 10 – Comparáid de réir tíre idir gealltanais faoin 7ú Clárthréimhse agus H2020 (ag deireadh an dá chláir)
Ballstát / Bloc tíre | 7ú CR (i mbilliúin euro) | H2020 (i mbilliúin euro) | Sciar den 7ú CR (a) |
Sciar de H2020 (b) |
Diall (b-a) |
Éagsúlacht (i %) (b-a)/a |
---|---|---|---|---|---|---|
An Ghearmáin | 7.13 | 9.97 | 15.70 % | 14.74 % | -0.96 | -6.1 |
An Fhrainc | 5.21 | 7.34 | 11.48 % | 10.86 % | -0.62 | -5.4 |
An Spáinn | 3.30 | 6.34 | 7.27 % | 9.37 % | 2.10 | 28.9 |
An Iodáil | 3.63 | 5.62 | 8.00 % | 8.31 % | 0.31 | 3.9 |
An Ísiltír | 3.42 | 5.33 | 7.52 % | 7.88 % | 0.36 | 4.8 |
An Bheilg | 1.84 | 3.39 | 4.05 % | 5.01 % | 0.96 | 23.7 |
An tSualainn | 1.75 | 2.29 | 3.85 % | 3.39 % | -0.46 | -11.9 |
An Ostair | 1.19 | 1.92 | 2.62 % | 2.84 % | 0.22 | 8.4 |
An Danmhairg | 1.08 | 1.76 | 2.38 % | 2.60 % | 0.22 | 9.2 |
An Ghréig | 1.02 | 1.70 | 2.25 % | 2.51 % | 0.26 | 11.6 |
An Fhionlainn | 0.87 | 1.52 | 1.93 % | 2.25 % | 0.32 | 16.6 |
Éire | 0.63 | 1.19 | 1.38 % | 1.77 % | 0.39 | 28.3 |
An Phortaingéil | 0.53 | 1.15 | 1.16 % | 1.70 % | 0.54 | 46.6 |
An Pholainn | 0.44 | 0.74 | 0.97 % | 1.10 % | 0.13 | 13.4 |
An tSeicia | 0.29 | 0.50 | 0.63 % | 0.74 % | 0.11 | 17.5 |
An tSlóivéin | 0.17 | 0.38 | 0.38 % | 0.56 % | 0.18 | 47.4 |
An Ungáir | 0.29 | 0.37 | 0.64 % | 0.55 % | -0.09 | -14.1 |
An Chipir | 0.09 | 0.32 | 0.21 % | 0.47 % | 0.26 | 123.8 |
An Rómáin | 0.15 | 0.30 | 0.34 % | 0.44 % | 0.10 | 29.4 |
An Eastóin | 0.10 | 0.27 | 0.21 % | 0.41 % | 0.20 | 95.2 |
Lucsamburg | 0.06 | 0.20 | 0.13 % | 0.29 % | 0.16 | 123.1 |
An Bhulgáir | 0.10 | 0.16 | 0.22 % | 0.24 % | 0.02 | 9.1 |
An tSlóvaic | 0.08 | 0.14 | 0.17 % | 0.21 % | 0.04 | 23.5 |
An Chróit | 0.09 | 0.14 | 0.20 % | 0.20 % | 0.00 | 0.0 |
An Laitvia | 0.05 | 0.12 | 0.11 % | 0.17 % | 0.06 | 54.5 |
An Liotuáin | 0.05 | 0.10 | 0.11 % | 0.14 % | 0.03 | 27.3 |
Málta | 0.02 | 0.04 | 0.05 % | 0.06 % | 0.01 | 20.0 |
Tíortha nach bhfuil san Aontas (an Ríocht Aontaithe) | 7.03 | 7.75 | 15.48 % | 11.46 % | -4.02 | -26.0 |
Tíortha nach bhfuil san Aontas (Eile) | 4.80 | 6.58 | 10.56 % | 9.72 | -0.84 | -8.0 |
IOMLÁN | 45.41 | 67.62 |
Foinse: CIE, bunaithe ar Dheais Fhís 2020
Acrainmneacha agus giorrúcháin
AS RTD: An Ard-Stiúrthóireacht um Thaighde agus Nuálaíocht sa Choimisiún Eorpach
CFRE: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
CORDIS: Seirbhís Eolais um Thaighde agus um Fhorbraíocht Chomhphobail
COST: Comhar Eorpach san Eolaíocht agus sa Teicneolaíocht
CR: Clár Réime
H2020: Fís 2020
KPI: Príomhtháscaire feidhmíochta
OTI: Olltáirgeacht intíre
REA: An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde
STA: An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
STB: Saoráid Tacaíochta Beartais
T&N: Taighde agus nuálaíocht
Gluais
An Seimeastar Eorpach: Timthriall bliantúil a chuireann creat ar fáil maidir le comhordú bheartais eacnamaíocha Bhallstáit an Aontais agus maidir le faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn.
An tAirmheán Comhpháirteach Taighde: Seirbhís eolaíocht agus eolais an Choimisiúin, lena gcuirtear comhairle eolaíoch agus tacaíocht do bheartas an Aontais ar fail.
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: Sásra AE don tacaíocht airgeadais chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta phaindéim COVID-19 a mhaolú, agus téarnamh a spreagadh. Cuirtear an claochlú glas agus digiteach chun cinn ann freisin.
Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa: Ciste AE a dhéanann comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta san Aontas a neartú trí infheistíochtaí a mhaoiniú lena laghdaítear míchothromaíochtaí idir réigiúin.
Clár oibríochtúil: An bunchreat maidir le tionscadal comhtháthaithe atá cistithe ag an Aontas a chur chun feidhme, ina léirítear na tosaíochtaí agus cuspóirí a leagtar síos i gcomhaontuithe comhpháirtíochta idir an Coimisiún agus Ballstáit aonair.
Coimhdeacht: Tá an prionsabal nach ndéanann an tAontas Eorpach beart ach amháin nuair atá sé níos éifeachtaí ná bearta a dhéantar go náisiúnta, go réigiúnach nó go háitiúil.
Gealltanas: Méid atá curtha ar leataobh sa bhuiséad chun mír shonrach caiteachais a mhaoiniú, amhail conradh nó comhaontú deontais.
Ionstraim Airgeadais: Tacaíocht airgeadais ó bhuiséad an Aontais i bhfoirm cothromais nó infheistíochtaí cuasachothromais, iasachtaí nó ráthaíochtaí, nó ionstraimí comhroinnte riosca eile.
Leithdháileadh na gcistí ar bhonn barr feabhais: Leithdháileadh ar bhonn glaonna iomaíocha le haghaidh tograí agus trí athbhreithniú piaraí neamhspleách agus bunaithe ar fhiúntas, gan ach na tionscadail is fearr a roghnú gan aird ar bith ar dháileadh geografach.
Moltaí tírshonracha: Treorú bliantúil a eisíonn an Coimisiún, mar chuid den Seimeastar Eorpach, chuig Ballstáit aonair maidir lenar mbeartais mhaicreacnamaíocha, bhuiséadacha agus struchtúracha.
Nós imeachta coiste: Cuirtear nós imeachta coiste i bhfeidhm nuair atá cumhachtaí cur chun feidhme deonaithe don Choimisiún i dtéacs dlí. Tuigtear as sin go mbeidh coiste atá comhdhéanta d’ionadaithe ó thíortha uile an Aontais ina chúnamh don Choimisiún. Tugann an coiste tuairim fhoirmiúil, de ghnáth i bhfoirm vóta, maidir leis na bearta atá molta ag an gCoimisiún. Ag brath ar an nós imeachta, is féidir le tuairimí coiste a bheith ina gceangal dian ar an gCoimisiún nó gan an ceangal a bheith chomh dian sin.
Nuálaíocht áitbhunaithe: >Cothaítear an nuálaíocht seo trí dhlúth-idirghníomhaíocht ar ghníomhaithe nuálaíochta amhail gnólachtaí, eintitis taighde agus taighde áitiúil/réigiúnach i gcomhthéacs críochach ina éascaíonn gaireacht gheografach malartú eolais agus comhar.
Pointe Teagmhála Náisiúnta: Eintiteas arna bhunú agus arna mhaoiniú ag rialtas Bhallstát de chuid an Aontais nó tír eile atá rannpháirteach chun tacaíocht agus treoraíocht sa tír féin a sholáthar d’iarrthóirí agus do thairbhithe faoi Fhís 2020/Fís Eorpach.
Ranníocaíochtaí comhchineáil: Acmhainní neamhairgeadais a chuireann tríú páirtithe ar fáil saor in aisce do thairbhí.
Straitéis Eoraip 2020: Stráitéis deich mbliana an Aontais a seoladh in 2010 chun borradh a chur faoi fhás agus chun poist a chruthú.
Údarás bainistíochta: An t-údarás poiblí (nó príobháideach) náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil atá sáinnithe ag Ballstáit chun clár atá cistithe ag an Aontas a bhainistiú.
Freagraí ón gCoimisiún
Foireann iniúchta
I dtuarascálacha speisialta CIE, leagtar amach torthaí a iniúchtaí ar bheartais agus ar chláir AE, nó ar thopaicí a bhaineann le bainistíocht ó réimsí buiséadacha ar leith. Roghnaíonn agus ceapann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa na tascanna iniúchóireachta sin a mbeidh an tionchar is mó acu trí mhachnamh a dhéanamh ar na rioscaí don fheidhmíocht nó don chomhlíonadh, an leibhéal ioncaim nó caiteachais lena mbaineann, forbairtí atá ar na bacáin agus leas polaitiúil agus poiblí.
Is é Seomra Iniúchóireachta IV – Rialáil margaí agus geilleagair iomaíoch, a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo, faoi cheannas Mihails Kozlovs, Comhalta den Chúirt Iniúchóirí. Rinneadh an iniúchóireacht faoi stiúirIvana Maletić Comhalta den Chúirt agus fuarthas tacaíocht ó Sandra Diering Ceann na hOifige Príobháidí, agus Tea Japunčić Ataisé san Oifig Phríobháideach; Marion Colonerus Príomhbhainisteoir; Juan Antonio Vazquez Rivera Ceann Cúraim, Marco Montorio, agus Katja Mravlak Iniúchóirí. Thug Thomas Everett tacaíocht teangeolaíochta.

Ó chlé go deas. Marco Montorio, Tea Japunčić, Juan Antonio Vazquez Rivera, Ivana Maletić, Sandra Diering, Katja Mravlak.
Críochnótaí
1 Tuarascáil speisialta 02/2020 (mír 41) agus Tuarascáil speisialta 04/2016 (mír 86).
2 Tuarascáil chríochnaitheach thionscadal MIRRIS, Meitheamh 2016, “MLE maidir le Cleachtais Náisiúnta i Sineirgí maidir le Rannpháirtíocht a leathnú agus Sineirgí a neartú:Tuarascáil achomair”, An Coimisiún Eorpach, 2018, Bearnaí nuálaíochta a shárú i mBallstáit AE-13”, Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, Márta 2018, “Cistí Struchtúracha agus infheistíocht na hEorpa a shlógadh agus Fís 2020 chun tacú le nuálaíocht i réigiúin bheagfhorbartha” an tAirmheán Comhpháirteacht Taighde, Samhain 2018.
3 “Anailís ar thaighde agus nuálaíocht i dtuarascálacha tíre an tSeimeastair Eorpaigh 2020”, an Coimisiún Eorpach, Bealtaine 2020.
4 Luadh an aidhm sin (barr feabhais ar bhonn inbhuanaithe a bhaint amach) in Clár Oibre H2020 maidir le Barr feabhas a fhairsingiú agus Rannpháirtíocht a leathnú.
5 Tuarascáil Deiridh, Grúpa Comhairleach H2020 maidir le Barrfheabhas a scaipeadh agus Rannpháirtíocht a Leathnú, Meitheamh 2016 Tobsmaointeoireacht ar Ghníomhaíochtaí um Fhairsingiú amach anseo i bhFís Eorpach: Rannchuidiú ó REA B5, Deireadh Fómhair 2019; Tuarascáil Tionchair Beartais maidir le Teacht le chéile i bhfoirne, REA, Meitheamh 2021.
Déan teagmháil le
European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
1615 Luxembourg
LUXEMBURG
Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors
Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).
Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2022
ISBN 978-92-847-8318-2 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/30849 | QJ-AB-22-015-GA-N | |
HTML | ISBN 978-92-847-8303-8 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/64809 | QJ-AB-22-015-GA-Q |
CÓIPCHEART
© An tAontas Eorpach, 2022
Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE).
Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar CIE atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons – Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar CIE an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh CIE faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.
Ní mór cearta breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann CIE nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.
I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.
Má táthar ag iarraidh ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé go gcaithfí cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt:
Íocóin Fíor 1: © Freepik Company S.L. Gach ceart ar cosaint.
Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide CIE.
Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar Shuíomhanna Gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus cóipchirt a léamh go cúramach.
Úsáid Lógó CIE
Níor cheart lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.
TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad Eolais “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil anseo: https://europa.eu/european-union/contact_ga
Ar an bhfón nó le ríomhphost
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach: Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:
- ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
- ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696, nó
- le ríomhphost, tríd an suíomh: https://europa.eu/european-union/contact_ga
EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH
Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa ag: https://europa.eu/european-union/index_ga
Foilseacháin de chuid an Aontais
Is féidir leat foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh, idir cinn saor in aisce agus cinn a bhfuil praghas orthu, a íoslódáil nó a ordú ag: https://op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna de na foilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad eolais áitiúil chun é sin a dhéanamh (https://europa.eu/european-union/contact_ga).
Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar eolas dlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex ag: https://eur-lex.europa.eu
Sonraí oscailte ón Aontas Eorpach
Is féidir teacht ar thacair shonraí ón Aontas Eorpach ag Tairseach Sonraí Oscailte an Aontais (https://data.europa.eu/ga). Is féidir sonraí a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce, ar bhonn tráchtála nó ar bhonn neamhthráchtála.