An tAontas Eorpach

Cad é agus cad a dhéanann sé?

Eolas faoin Aontas Eorpach agus faoin obair a bhíonn ar siúl aige atá san fhoilseachán seo.

Sa chéad roinn de, tugtar míniú gearr ar an Aontas Eorpach.

Sa dara roinn, “An méid a dhéanann an tAontas Eorpach”, déantar cur síos ar an obair atá á déanamh ag an Aontas i níos mó ná 40 réimse éagsúla chun saol mhuintir na hEorpa, agus saol daoine níos faide i gcéin, a fheabhsú.

Sa tríú roinn, “Conas a dhéanann an tAontas Eorpach cinntí agus conas a chuireann sé i ngníomh iad”, déantar cur síos ar na hinstitiúidí atá ag croílár phróiseas cinnteoireachta an Aontais agus ar an gcaoi a ndéantar a gcuid cinntí a chur i ngníomh.

Is éard atá sna píosaí téacs a bhfuil dath gorm orthu ná hipearnaisc chuig eolas níos mionsonraithe atá i leaganacha HTML agus PDF den leabhrán seo.

  HTML PDF PRINT
Tá an foilseachán seo ar fáil sna formáidí seo a leanas HTML PDF General Report Paper General Report

1 Achoimre ar an Aontas Eorpach

Is aontas uathúil eacnamaíoch agus polaitiúil idir 27 dtír Eorpacha atá san Aontas Eorpach (AE).

Is as roinnt conarthaí a síníodh i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda a tháinig an tAontas Eorpach a bhfuil aithne air sa lá atá inniu ann. Ba é an chéad chéim ná comhar eacnamaíoch a chothú, bunaithe ar an smaoineamh go n-éiríonn tíortha a bhíonn ag trádáil lena chéile idirspleách ó thaobh eacnamaíochta de agus gur mó an seans go seachnóidh siad coinbhleacht. Cruthaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa in 1958 dá thoradh sin, agus bhí sé mar aidhm thosaigh aige comhar eacnamaíoch a mhéadú idir sé thír: An Bheilg, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír.

Ó shin i leith, tháinig 22 thír eile isteach san Aontas (agus d’imigh an Ríocht Aontaithe as an Aontas an 31 Eanáir 2020) agus cruthaíodh margadh aonair ollmhór (ar a dtugtar an margadh "inmheánach" chomh maith) atá fós ag forbairt i dtreo bharr a chumais.

Is aontas eacnamaíoch amháin a bhí ann ar dtús ach anois tá sé ina eagraíocht lena bhfuil mórán réimsí beartais éagsúla cumhdaithe, ó chúrsaí aeráide — comhshaoil agus sláinte go cúrsaí caidrimh sheachtraigh agus slándála, ceartais agus imirce.

D’éirigh leis an Aontas síocháin, cobhsaíocht agus rathúnas a dhaingniú ar feadh breis agus 50 bliain, chabhraigh sé chun caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú agus sheol sé airgeadra Eorpach aonair: an euro. San am i láthair, úsáideann breis agus 340 milliún saoránach den Aontas i 19 dtír é mar airgeadra agus baineann siad tairbhe as.

Os rud é gur cuireadh deireadh le rialuithe teorann idir tíortha an Aontais, tá saorchead taistil ag daoine ar fud fhormhór na mór-roinne. Tá sé i bhfad níos éasca anois maireachtáil agus oibriú i dtír eile san Eoraip. Tá an ceart agus an tsaoirse ag saoránaigh uile an Aontais an tír san Aontas ar mian leo staidéar a dhéanamh inti, oibriú nó dul ar scor inti a roghnú. Ní mór do thíortha uile an Aontais plé le saoránaigh an Aontais ar an mbealach ceannann céanna agus a bpléann siad lena gcuid saoránach féin ó thaobh cúrsaí fostaíochta, slándála sóisialaí agus cánach de.

Is é an margadh aonair príomhinneall eacnamaíoch an Aontais. Cumasaítear saorghluaiseacht na n-earraí, na seirbhísí, an airgid agus na ndaoine dá thoradh. Tá sé mar aidhm ag an Aontas a leithéid a leanúint i réimsí eile amhail margaí fuinnimh, eolais agus caipitil chun a chinntiú go mbainfidh na hEorpaigh an leas is mó as na hacmhainní sin freisin.

Tá an tAontas dírithe fós ar a chuid institiúidí ceannais a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos daonlathaí. Glactar cinntí ar an mbealach is oscailte is féidir agus chomh gar agus is féidir don saoránach. Tugadh tuilleadh cumhachtaí do Pharlaimint na hEorpa, a thoghtar go díreach, agus tá ról níos mó ag parlaimintí náisiúnta ná bhí acu riamh, i mbun oibre taobh leis na hInstitiúidí Eorpacha.

Tá an tAontas faoi rialú ag prionsabal an daonlathais ionadaíoch, sa chaoi go n-ionadaítear do na saoránaigh go díreach ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa agus go n-ionadaítear do na Ballstáit sa Chomhairle Eorpach agus i gComhairle an Aontais Eorpaigh.

Moltar do shaoránaigh rannchuidiú le saol daonlathach an Aontais trína gcuid tuairimí a chur in iúl faoi bheartais an Aontais agus iad á bhforbairt, nó trí fheabhsuithe ar dhlíthe agus ar bheartais atá ann cheana féin a mholadh. Trí Thionscnamh Eorpach na Saoránach tugtar deis do shaoránaigh ionchur a bheith acu i mbeartais an Aontais a mbeidh tionchar acu ar a gcuid saolta. Is féidir le saoránaigh gearáin agus fiosruithe a chur isteach chomh maith maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais.

De réir mar atá leagtha síos sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, “tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar urramú dhínit an duine, na saoirse, an daonlathais, an chomhionannais, an smachta reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir”.

Tá na luachanna sin ina gcuid dhílis de shlí mhaireachtála na hEorpa. Is bunús le cearta bunúsacha í dínit an duine ; ní mór an dínit sin a urramú agus a chosaint.

Ní mór dínit an duine a urramú, a chosaint agus is ionann í agus bunphrionsabal na gceart bunúsach.

Cosnaítear cearta an duine le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ar na cearta sin tá an ceart a bheith saor ó idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas, cine, bunús eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach, an tsaoirse chun do shonraí pearsanta a chosaint, agus an ceart rochtain a fháil ar an gceartas.

Sa bhliain 2012, bronnadh Duais Nobel na Síochána ar an Aontas Eorpach as an tsíocháin, an t-athmhuintearas, an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn san Eoraip.

Bíonn cearta polaitiúla ag saoránaigh Eorpacha chomh maith. Tá an ceart ag gach saoránach den Aontas seasamh mar iarrthóir agus vótáil i dtoghcháin Pharlaiminteacha na hEorpa, cibé acu ina dtír chónaithe nó ina dtír thionscnaimh a sheasfaidh siad.

Is ionann comhionannas agus cearta cothroma do na saoránaigh uile os comhair an dlí. Tá prionsabal an chomhionannais idir mná agus fir mar bhonn agus mar thaca ag na beartais Eorpacha uile agus is é bonn na lánpháirtíochta Eorpaí é. Tá feidhm aige i ngach réimse.

Tá an tAontas Eorpach bunaithe ar an smacht reachta. Tá gach rud a dhéanann an tAontas Eorpach bunaithe ar chonarthaí, arna gcomhaontú ag a Bhallstáit dá ndeoin féin agus go daonlathach. Tá an dlí agus an ceartas faoi chosaint ag breithiúna neamhspleácha. Chinn Ballstáit an Aontais gur ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bheadh an dlínse chríochnaitheach ó thaobh dhlí an Aontais de agus ní mór do gach saoránach breitheanna na Cúirte sin a urramú.

Ballstáit agus institiúidí an Aontais Eorpaigh

Ag croílár an Aontais tá a 27 mBallstát agus a gcuid saoránach. Is gné uathúil den Aontas é gur chinn na Ballstáit cuid dá "gceannasacht" a a chomhthiomsú i réimsí, a bhfuil breisluach ag baint leo, cé gur stáit cheannasacha neamhspleácha iad i gcónaí.

Is é is ciall leis sin, go praiticiúil, go ndáileann na Ballstáit cuid dá gcumhachtaí cinnteoireachta ar na hinstitiúidí a chruthaigh siad le chéile ionas gur féidir leo cinntí ar ábhair faoi leith a mbaineann an leas coiteann leo a dhéanamh go daonlathach ar leibhéal an Aontais. Tarmligean cumhachtaí a thugtar ar an dáileadh sin.

Ballstáit an Aontais Eorpaigh in 2022


Tá roinnt institiúidí rannpháirteach i gcinnteoireacht ar leibhéal an Aontais, go háirithe:

  • Parlaimint na hEorpa, a dhéanann ionadaíocht ar shaoránaigh an Aontais. Is iad na saoránaigh a thoghann na feisirí go díreach;
  • an Chomhairle Eorpach atá comhdhéanta de Chinn Stáit nó Rialtais Bhallstáit an Aontais;
  • an Chomhairle (ar a dtugtar Comhairle an Aontais Eorpaigh chomh maith), a dhéanann ionadaíocht ar rialtais Bhallstáit an Aontais; agus
  • an Coimisiún Eorpach a bhfuil leas an Aontais ina iomláine de chúram air.

Tá ról ag parlaimintí náisiúnta na mBallstát chomh maith i gcinntí a dhéanamh agus dlíthe a dhéanamh, agus dhá chomhlacht chomhairleacha sin: Is iad sin Coiste Eorpach na Réigiún, ina bhfuil ionadaithe ó rialtais réigiúnacha agus áitiúla; agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ina bhfuil ionadaithe d’eagraíochtaí fostaithe agus fostóirí agus grúpaí páirtithe leasmhara.

Is é an Coimisiún a mholann dlíthe nua de ghnáth, agus is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle (ar a dtugtar Comhairle an Aontais Eorpaigh chomh maith) a ghlacann iad.

Bíonn na comhlachtaí comhairleacha (Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún) agus na parlaimintí náisiúnta rannpháirteach sa phróiseas chomh maith trína gcuid tuairimí a chur in iúl maidir leis na tograí, ó thaobh phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta go príomha. Is é is ciall leis an gcoimhdeacht nach nglacann an tAontas gníomh ach amháin sa chás ina mbeidh gníomh ar leibhéal an Aontais níos éifeachtaí ná gníomh ar an leibhéal náisiúnta, ach amháin sna réimsí sin ina bhfuil cumhachtaí eisiacha aige. De réir phrionsabal na comhréireachta, ní mór gníomh an Aontais a theorannú don mhéid atá riachtanach chun cuspóirí Chonarthaí an Aontais Eorpaigh a bhaint amach.

Ansin cuireann na Ballstáit agus an institiúid nó na hinstitiúidí de chuid an Aontais lena mbaineann na dlíthe arna nglacadh ag an Aontas chun feidhme. Sa tríú roinn den fhoilseachán seo tugtar tuilleadh eolais faoin gcaoi a ndéanann an tAontas cinntí agus faoin gcaoi a gcuireann sé na cinntí sin chun feidhme.

Conarthaí an Aontais Eorpaigh

Tá gach beart a dhéanann an tAontas bunaithe ar chonarthaí a d’fhormheas na Ballstáit go léir go deonach agus go daonlathach. Leagtar síos cuspóirí an Aontais sna conarthaí agus leagtar amach iontu na rialacha maidir leis an gcaoi a bhfeidhmíonn na hinstitiúidí, an chaoi a ndéantar cinntí agus an gaol idir an tAontas agus a chuid Ballstát.

I gcásanna sonracha faoi leith, ní bhíonn na Ballstáit go léir rannpháirteach i ngach réimse de bheartas an Aontais. Mar shampla, cé gurb é an euro airgeadra aonair an Aontais ina iomláine, níl ach 19 mBallstát sa limistéar euro faoi láthair, ós rud é go bhfuil rogha an diúltaithe ag an Danmhairg agus nach gcomhlíonann na tíortha eile na critéir le bheith rannpháirteach ann fós. Is baill de limistéar Schengen iad 22 Bhallstát, rud a chiallaíonn gur féidir le daoine teorainn a thrasnú idir dhá thír atá ina bhall gan pas a thaispeáint. Coimeádann cúig Bhallstát a rialuithe teorann féin.

Súil chun cinn

Ag tógáil ar an gclár oibre straitéiseach arna chomhaontú ag ceannairí an Aontais, leag Coimisiún von der Leyen síos cúrsa nua agus uaillmhianach i dtreo Aontas Eorpach níos glaise, níos digití agus níos cothroime nuair a chuaigh sí i mbun oifige i mí na Nollag 2019.

Sa lá atá inniu ann, tá an tAontas ag freagairt do dhúshláin a bhaineann le domhan atá ag éirí níos casta agus ag athrú go tapa i gcomhthéacs dhá imeacht dhomhanda stairiúla — an phaindéim dhomhanda, a fógraíodh i mí an Mhárta 2020, agus ionsaí neamhspreagtha agus gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine i mí Feabhra 2022. Mar gheall ar na bagairtí nua seo bhí ar na 27 mBallstát go léir oibriú níos dlúithe fós le chéile agus gníomhú níos gasta ná riamh.

Mar shampla, le plean téarnaimh an Aontais NextGenerationEU tá an tAontas i seasamh níos fearr chun déileáil le COVID-19 agus éigeandálaí sláinte amach anseo, agus ag an am céanna athléimneacht gheilleagair agus phoist an Aontais á neartú. Agus é ag déileáil leis na géarchéimeanna sin, tá an tAontas aontaithe go diongbháilte — ina chomhrac i gcoinne an víris agus ina dhlúthpháirtíocht leis an Úcráin. Ina theannta sin, ní hamháin gur lean sé lena chúrsa ceannasach i dtreo todhchaí glaise agus digití ach chuir sé dlús leis.

Ní hamháin go mbraitheann an tAontas ar dhlúthpháirtíocht agus ar iarrachtaí comhoibríocha a Bhallstáit; lorgaíonn sé ionchur freisin agus spreagann sé rannpháirtíocht a cuid saoránach. Sampla le déanaí de seo is ea an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Leis an tionscnamh atá dírithe ar an saoránach, ar cuireadh tús leis san earrach de 2021 agus a bhí ar siúl ar feadh bliana, tháinig na céadta mílte duine ó gach cearn den Aontas le chéile chun na nithe atá tábhachtach dóibh mar Eorpaigh a phlé. Scrúdóidh institiúidí an Aontais moltaí ón gcomhdháil anois agus tabharfaidh siad freagra orthu.

2 An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Tá achoimre sa dara cuid den fhoilseachán seo ar an obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach i réimse beartais ar leith agus tá naisc úsáideacha ann lenar féidir tuilleadh eolais a fháil.

Márta 2022

Freagairt do COVID-19

Tragóid don duine, dianghlasáil agus cúlú eacnamaíoch, sin cuid den toradh atá ar phaindéim COVID-19. Ní moill a rinne an tAontas ach beart chun beatha agus slite beatha na ndaoine a chosaint, agus d’fhorbair sé freagairt choiteann Eorpach do na dúshláin a bhaineann leis an tsláinte phoiblí agus leis an ngeilleagar.

Video:

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Is rud é an Dlúthpháirtíocht atá i gcroílár na freagartha coitinne Eorpaí do COVID-19. Tá an tAontas ag úsáid na n-acmhainní ar fad atá ar fáil dó chun cuidiú leis na Ballstáit an fhreagairt a chomhordú ar an leibhéal náisiúnta. Cuid de sin is ea faisnéis oibiachtúil a sholáthar faoi scaipeadh an víris, iarrachtaí éifeachtacha a dhéanamh chun é a shrianadh, agus gníomh a dhéanamh chun an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta a eascraíonn as an bpaindéim a dheisiú.

Taisce leighis RescEU, an chéad stoc-charn Eorpach de threalamh leighis éigeandála, bhí sé ina chuidiú do Bhallstáit a raibh easpa trealaimh ag bagairt orthu. Is é is aidhm do Straitéis Vacsaíní an Aontais Eorpaigh dlús a chur le forbairt, le monarú agus le dáileadh na vacsaíní in aghaidh COVID-19. Mhaoinigh an tAontas roinnt de na costais tosaigh a bhí ar tháirgeoirí vacsaíní chun dlús a chur le forbairt agus táirgeadh vacsaíní a bhfuil gealladh maith fúthu mar chuid dá straitéis i gceannach na vacsaíní. Go dtí seo, ar bhonn moladh eolaíoch dearfach ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach, údaraíodh úsáid cheithre vacsaín shábháilte éifeachtacha in aghaidh COVID-19 san Aontas Eorpach.

Faoi Aibreán 2021, bhí suas le 2.6 billiún dáileog vacsaíne ina sheilbh ag an gCoimisiún, agus tá ina chaibidlíocht le tuilleadh dáileog a fháil. I mí Eanáir 2021, d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit luas a chur leis an vacsaíniú ar fud an Aontais. Tháinig méadú leanúnach ar líon na vacsaíní atá á seachadadh chuig tíortha an Aontais agus tá luas ag teacht faoin vacsaíniú. Tá an Coimisiún ag obair leis an tionscal freisin chun an acmhainneacht monaraíochta vacsaíní a mhéadú.

Tá tús curtha leis an obair chun vacsaíní éifeachtacha a tháirgeadh in aghaidh na n-athraitheach nua. I mí Feabhra 2021, sheol an Coimisiún an Ghorlann HERA chun ullmhú i gcoinne athraithigh COVID-19 is cúis imní, agus lena dheimhniú gur pras a dhéanfar vacsaíní éifeachtacha a fhorbairt agus a tháirgeadh ina gcoinne.

Cuirfidh buiséad an Aontais 2021–2027, mar aon le NextGenerationEU, is é sin an plean téarnaimh, EUR 1.8 trilliún ar fáil le tacú le daoine, le cuideachtaí agus le réigiúin, go mór mór na cinn is measa ar bhuail an ghéarchéim iad. Chomh maith leis sin, is cúnamh an Tionscnamh SURE (Tacaíocht chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú le linn Éigeandála) chun poist a chaomhnú agus tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh i 19 mBallstát.

I mí an Mhárta 2021, chuir an Coimisiún togra i láthair chun Deimhniú COVID Digiteach a chruthú chun saorghluaiseacht shábháilte saoránach a éascú laistigh den Aontas le linn na paindéime.

Is de thiomantas an Aontais Eorpaigh a chinntiú go gcuirfear vacsaíní sábháilte chomh fada le ceithre chearda an domhain. Tá breis agus EUR 2.2 billiún geallta ag an gCoimisiún agus ag Ballstáit an Aontais do COVAX, an tionscnamh domhanda atá dírithe ar rochtain chóir ar vacsaíní COVID-19 a chinntiú, agus tá siad ag tacú le feachtais vacsaínithe i dtíortha comhpháirtíochta.

Márta 2022

Sláinte

Tá an tsláinte ina príomhthosaíocht ag an Aontas Eorpach. Comhlánaítear beartais sláinte na mBallstát le beartas sláinte an Aontais agus cinntítear leis go gcosnaítear na daoine go léir atá ina gcónaí san Aontas ar bhagairtí tromchúiseacha sláinte trasteorann agus go bhfuil fáil acu ar chúram sláinte den scoth.

Cé go bhfuil freagracht ar gach Ballstát i dtaca le cúram sláinte a eagrú, déantar beartais náisiúnta a chomhlánú le beartais an Aontais chun cuspóirí comhroinnte a bhaint amach. Tá Beartas sláinte an Aontais dírithe ar dhul i ngleic le bagairtí tromchúiseacha sláinte ar fud an Aontais, ar ghalair a chosc agus ar a chinntiú go dtabharfar an deis chéanna do gach duine i dtaca le dea-shláinte agus le cúram sláinte. Nuair a théitear i mbun comhoibre cruthaítear barainneachtaí scála freisin trí acmhainní a chomhthiomsú.

Video:

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Uaillmhian de chuid an Aontais is ea inrochtaineacht, éifeachtacht agus athléimneacht na gcóras sláinte san Aontas a chinntiú. Baineann obair an Aontais le beartais maidir leis an vacsaíniú (in aghaidh COVID-19 san áireamh) agus le frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach a chomhrac, sin agus le paindéimí agus galair thógálacha eile a chosc agus a theorannú.

Is ríthábhachtach an ról atá ag an Aontas in ullmhú do bhagairtí tromchúiseacha sláinte trasteorann agus i bhfreagairt dóibh chun daoine san Eoraip a chosaint. D’fhógair an tUachtarán von der Leyen Aontas Sláinte na hEorpa níos láidre chun aghaidh a thabhairt le chéile ar ghéarchéimeanna sláinte, ar an ailse agus ar ghanntanais cógas.

Is mórchúis bháis san Eoraip í an ailse agus cosnaíonn an galar neart airgid ar na córais sláinte chomh maith. Le Plean na hEorpa chun an ailse a chomhrac tá an tAontas ag cur tacaíocht ar fáil chun an ailse a chosc, a bhrath agus a dhiagnóisiú, sin agus chun cóireáil a chur ar othair ailse agus chun cur lena gcaighdeán saoil agus le caighdeán saoil marthanóirí ailse. Tá an tAontas gníomhach sa chomhrac i gcoinne caitheamh tobac trí reachtaíocht maidir le tobac a thabhairt isteach agus trí stíleanna maireachtála sláintiúla a chur chun cinn.

Is é is aidhm don Straitéis Chógaisíochta feabhas a chur ar an rochtain atá ag othair, lena n-áirítear othair a bhfuil galair neamhchoitianta orthu, ar chógais inacmhainne. Ina theannta sin, tacóidh an Straitéis leis an nuálaíocht agus le slabhraí soláthair éagsúla chun ár n-ullmhacht do ghéarchéimeanna a fheabhsú.

Is é an clár EU4Health dar luach EUR 5.1 billiún an phríomhionstraim atá ann le beartais sláinte an Aontais a mhaoiniú. Maoineoidh sé idirghabhálacha chun cosc galar a neartú, sin agus ullmhacht agus athléimneacht chórais sláinte na hEorpa a threisiú freisin. Ina theannta sin, déanfar infheistíocht EUR 5.4 billiún faoin gclár Fís Eorpach i dtaighde agus i nuálaíocht a bhaineann leis an tsláinte.

Déanann an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú measúnú ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn le gur féidir leis an Aontas agus leis na húdaráis náisiúnta sláinte freagairt orthu go tapa. Lena chinntiú go bhfaighidh othair an chóir leighis is fearr, ní mór na cógais leighis ar fad san Aontas a fhormheas ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais (tríd an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach) sula gcuirfear ar an margadh iad.

Cabhraíonn an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte le taistealaithe cóir leighis a fháil má bhuaileann tinneas iad agus iad ag taisteal i dtír eile de chuid an Aontais, agus tá sé leagtha amach i ndlí an Aontais maidir le cúram sláinte trasteorann cé na cearta atá ag saoránaigh agus iad ag trasnú teorainneacha i gcomhair cúram pleanáilte. Trí líonraí tagartha Eorpacha is féidir le hothair a bhfuil galair neamhchoitianta nó chasta orthu leas a bhaint as an saineolas is fearr i dtíortha ar fud na hEorpa gan a dtíortha féin a fhágáil go fiú.

Márta 2022

An Comhaontú Glas don Eoraip

Plean gníomhaíochta de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an Comhaontú Glas don Eoraip chun go mbeidh an Eoraip ar an gcéad mhór-roinn a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de. Straitéis fáis is ea í a bhfuil sé d’aidhm aici geilleagar Eorpach atá nua-aimseartha, tíosach ar acmhainní agus iomaíoch a chruthú faoi 2050, geilleagar nach mbeidh aon ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ann agus nach bhfágann aon duine chun deiridh.

Bagraíonn an t-athrú aeráide agus díghrádú an chomhshaoil ar an Eoraip agus an domhan i gcoitinne. Tá an t-atmaisféar ag éirí níos teo agus tá an aeráid ag athrú.

Is féidir le cosaint an chomhshaoil agus fás eacnamaíoch a bheith fite fuaite ina chéile. Idir 1990 agus 2019, laghdaigh an tAontas a chuid astaíochtaí gás ceaptha teasa 24 % fad is a d’fhás an geilleagar 60 %.

Video:

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip conas an chéad mhór-roinn a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de a dhéanamh den Eoraip faoin mbliain 2050. Chun an sprioc sin a bhaint amach, is gá geilleagar glan ciorclach a chruthú, an bhithéagsúlacht a athbhunú agus truailliú a laghdú. Tá gá le gníomhaíocht ó gach earnáil den gheilleagar chun an sprioc sin a bhaint amach, an méid seo a leanas san áireamh:

  • Infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol
  • Tacú le nuálaíocht na tionsclaíochta
  • Modhanna iompair níos glaine saoire sláintiúla idir phríobháideach agus phoiblí
  • Dícharbónú na hearnála fuinnimh
  • Cinnte a dhéanamh de go bhfuil foirgnimh níos tíosaí ar fhuinneamh
  • Obair le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun caighdeáin chomhshaoil dhomhanda a fheabhsú

Tá an tAontas tiomanta a bheith neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050 agus is é an sprioc atá leagtha amach aige glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi na leibhéil a bhí ann in 1990 faoi 2030. Leis an gcéad Dlí Aeráide Eorpach, beidh na spriocanna sin greanta i gcloch agus cinnteofar go gcabhróidh gach beartas de chuid an Aontais leis na hiarrachtaí chun iad a bhaint amach.

Beidh gá le hinfheistíocht nach beag ón Aontas, ón earnáil phoiblí náisiúnta agus ón earnáil phríobháideach. Le Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, slógfar EUR 1 trilliún ar a laghad in infheistíochtaí inbhuanaithe, agus cinnteoidh an Sásra um Aistriú Cóir nach bhfágfar aon réigiún chun deiridh. Leis an gCiste, cuirfear tacaíocht spriocdhírithe ar fáil a chuideoidh chun EUR 100 billiún ar a laghad a shlógadh sna réigiúin is mó atá thíos leis. Tá gníomhaíocht ar son na haeráide mar chuid de gach príomhchlár caiteachais de chuid an Aontas, agus tá 30 % ar a laghad de bhuiséad 2021-2027 tiomanta do ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an aeráid.

Mar bhonn taca leis an gComhaontú Glas, tá sprioc uaillmhianach chun cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a chur ina ceart trí chlaochlú a dhéanamh ar ár gcórais bhia agus ar an úsáid a bhainimid as foraoisí, as an talamh, as uisce agus as an bhfarraige, agus as fuinneamh uirbeach agus tionsclaíoch. Le straitéis nua an Aontais maidir le tionsclaíocht, cuideofar chun go mbeidh tionsclaíocht na hEorpa ina ceannródaí san aistriú glas agus digiteach i dtreo na haeráidneodrachta agus na ceannaireachta digití. Beidh ról lárnach ag teicneolaíochtaí digiteacha chun sprioc aeráide 2050 an Aontais a bhaint amach, cuir i gcás tríd an úsáid is fearr is féidir a bhaint as fuinneamh san iliomad earnálacha, earnáil na talmhaíochta, earnáil an iompair agus earnáil na monaraíochta san áireamh.

Is bagairtí domhanda iad an t-athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta agus leanfaidh an tAontas Eorpach de bheith ina cheannródaí sna hiarrachtaí idirnáisiúnta chun beartais uaillmhianacha maidir leis an gcomhshaol, an aeráid agus fuinneamh a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm ar fud an domhain.

Márta 2022

Gníomhú ar son na haeráide

Tá an tAontas Eorpach ag obair go dian le bheith ar an gcéad mhór-roinn atá neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050. An Comhaontú Glas don Eoraip, sin é an plean atá ann chun an sprioc sin a bhaint amach; trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí glasa agus ár gcomhshaol nádúrtha a chosaint, sin agus aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí dosheachanta an athraithe aeráide san am céanna.

bearta á ndéanamh ag an Aontas Eorpach mar fhreagairt ar na hathruithe ar aeráid an Domhain, go háirithe an méadú atá tagtha ar theochtaí domhanda mar gheall ar an méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa arb iad gníomhaíochtaí an duine is cúis leo. Bíonn go leor iarmhairtí ag meánteochtaí níos airde, lena n-áirítear teagmhais adhaimsire níos minice ar nós tuilte, triomaigh agus stoirmeacha. Ní hamháin go gcuirtear daoine i mbaol go díreach de dheasca na dteagmhas sin, ach d'fhéadfadh táirgeadh bia a bheith i mbaol agus ganntanas uisce a bheith ann dá dtoradh chomh maith, rudaí is cúis le gorta, coimhlintí agus imirce go minic.

Video:

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Tá an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí chun an t-athrú aeráide a chomhrac. Tá sé ag obair go gníomhach le tíortha agus le réigiúin eile chun spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach, Comhaontú a bhfuil sé mar aidhm aige an téamh domhanda a choinneáil i bhfad faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus tá iarracht á déanamh aige an méadú sin a theorannú go 1.5 °C.

Tá an tAontas tiomanta a bheith aeráidneodrach faoi 2050 agus tá sé leagtha síos mar sprioc aige glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030. Greanfar na spriocanna sin i gcloch leis an gcéad dlí aeráide Eorpach agus fágfaidh an Comhaontú Glas don Eoraip, pacáiste beart uaillmhianach, go mbeidh saoránaigh agus gnólachtaí na hEorpa in ann tairbhe a bhaint as aistriú glas inbhuanaithe nach bhfágfaidh aon duine chun deiridh.

Is gá do gach cuid den gheilleagar agus den tsochaí gníomhú chun an t-aistriú sin a dhéanamh. Is féidir le daoine aonair agus le pobail a gcion a dhéanamh tríd an gComhshocrú Aeráide Eorpach lena dtugtar cuireadh do gach duine páirt a ghlacadh in Eoraip níos glaise a thógáil.

Le straitéis an Aontais chun dul in oiriúint don athrú aeráide, cuirtear chun cinn gníomhaíochtaí ar nós cosaintí ar thuilte a thógáil, barra a fhorbairt a bhfuil acmhainn acu ar an triomach agus rialacháin foirgníochta a athrú, agus tacaítear le gníomhaíocht idirnáisiúnta ar mhaithe leis an athléimneacht aeráide.

Gan aird a thabhairt ar an athrú aeráide, baol mór a bheadh ann don Aontas Eorpach agus don chuid eile den domhan araon. I ngeall go bhfuil an t-éileamh atá ar theicneolaíochtaí ag dul i méid, tá deiseanna ann le haghaidh nuálaíochta agus nuachóiriú tionsclaíoch agus chun fás agus poist ghlasa a chruthú. Is é atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip an straitéis fáis trína mbainfear leas as na deiseanna sin. Tá gníomhú ar son na haeráide cuimsithe i ngach príomhchlár caiteachais de chuid an Aontais, agus caithfear ar a laghad 30 % de bhuiséad 2021-2027 ar thionscnaimh a bhaineann leis an aeráid.

Tá sraith chuimsitheach beart i bhfeidhm ag an Aontas chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí ó gach earnáil den gheilleagar. Le córas trádála astaíochtaí an Aontais, laghdaítear astaíochtaí as earnáil na tionsclaíochta, as stáisiúin chumhachta agus as eitiltí laistigh den Aontas ar bhealach costéifeachtach. Chomhaontaigh tíortha an Aontais spriocanna náisiúnta maidir le hastaíochtaí a laghdú in earnálacha eile chomh maith, amhail earnáil an iompair, earnáil na foirgníochta agus earnáil na talmhaíochta.

Tuilleadh eolais: https://ec.europa.eu/clima/

Márta 2022

An comhshaol

Na caighdeáin chomhshaoil atá ag an Aontas Eorpach, tá siad i measc na gcaighdeán is airde ar domhan. Is caighdeáin iad a thugann cosaint don dúlra agus do cháilíocht saoil na ndaoine, caighdeáin a thugann an geilleagar chun glaise, caighdeáin a chinntíonn gur cúramach réasúnta a bhíonn acmhainní nádúrtha á n-úsáid.

Mar sin féin, tá dúshláin mhóra dhomhanda os ár gcomhair faoi láthair, dúshláin lena n-áirítear an t-athrú aeráide, meath na bithéagsúlachta agus an ganntanas acmhainní. Is práinneach an rud é sárú na ndúshlán sin agus dá réir sin beidh gá le hathrú bunúsach mear ar an tsochaí, ar an gcaoi a mairimid, agus ar an mbealach a ndéanaimid táirgeadh agus tomhailt. Caithfidh téarnamh an Aontais ó phaindéim COVID-19 a bheith ina théarnamh glas, ní mór dó cur le hathléimneacht na hEorpa, agus ní mór é a bheith cuimsitheach cóir do chách.

Is ríthábhachtach an ról atá le himirt ag beartas comhshaoil an Aontais chun tacú leis an gComhaontú Glas don Eoraip le dlús a chur leis an aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh aeráide de, é tíosach ar acmhainní, é athghiniúnach, geilleagar nach ídiú ach cothú a dhéanann sé ar an domhan.

Video:

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Tá an tAontas ar a dhícheall ag laghdú an tionchair a bhíonn ag táirgeadh agus tomhailt earraí agus seirbhísí ar an gcomhshaol. An geilleagar a bheith ciorclach, geilleagar ina maireann na táirgí agus na hábhair chomh fada agus is féidir, geilleagar ina n-íoslaghdaítear an dramhaíl agus ídiú na n-acmhainní, sin rud ríthábhachtach chun sprioc an Aontais maidir le neodracht na haeráide a bhaint amach faoi 2050 agus chun stop a chur le meath na bithéagsúlachta.

Maidir leis an bplean gníomhaíochta don gheilleagar ciorclach nua, ceann de phríomhbhlocanna an Chomhaontaithe Ghlais, is é is aidhm dó na táirgí inbhuanaithe a bheith ar an ngnáthrud san Aontas. Dírítear ann ar na réimsí is mó a bhfuil poitéinseal iontu, cúrsaí leictreonaice, cuir i gcás, cadhnraí agus feithiclí, teicstílí, an tógáil agus bia. Faoi scáth an phlean, tá sé d’aidhm ag an Straitéis um Plaistigh an phacáistíocht phlaisteach ar fad san Aontas a bheith in-athúsáidte nó in-athchúrsáilte faoin mbliain 2030, agus tá rialacha nua ann i leith táirgí plaisteacha aon úsáide.

Ní mór don Aontas na hacmhainní nádúrtha sin a chosaint agus deireadh a chur le meath na speiceas agus na ngnáthóga atá i mbaol. Le straitéis bhithéagsúlachta an Aontais, leathnófar na limistéir faoi chosaint ar tír agus ar muir, cuirfear na billiúin crann, agus cothófar cleachtais inbhuanaithe feirmeoireachta i measc gníomhaíochtaí eile. Is é bunchloch a bheidh faoi Natura 2000 an líonra limistéar nádúrtha ar fud an Aontais atá faoi chosaint ina mbíonn gníomhaíochtaí inbhuanaithe an duine taobh le speicis agus gnáthóga atá leochaileach gann.

Chun daoine a chosaint ar bhrúnna i ndáil leis an gcomhshaol agus ar bhaol don tsláinte a bhaineann leis, tá sé mar chuspóir ag an Aontas a ráthú go mbeidh uisce óil sábháilte agus uisce snámha sábháilte ann, cáilíocht an aeir a fheabhsú, torann a laghdú agus deireadh a chur leis na tionchair a bhíonn ag ceimiceáin dhíobhálacha, nó iad a laghdú.

Tá ról ceannasach ag an Aontas freisin sna hiarrachtaí idirnáisiúnta chun an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn. Ní thagann deireadh le dúshláin an chomhshaoil ag teorainneacha an Aontais Eorpaigh. Tá gá ann le gníomhú breise ar fud an domhain lena chinntiú go gcoinneofar an t-aer, na haigéin agus foinsí eile uisce glan, go n-úsáidfear an talamh agus na héiceachórais ar bhealach inbhuanaithe agus go gcoinneofar an t-athrú aeráide ar leibhéil sholáimhsithe. Cloítear le caighdeáin chomhshaoil trí bhíthin na gcomhaontuithe trádála atá ag an Aontas le tíortha eile.

Márta 2022

Fuinneamh

Is é is aidhm do bheartas fuinnimh an Aontais Eorpaigh soláthar fuinnimh atá slán, iomaíoch agus inacmhainne a chinntiú agus, ag an am céanna, ár spriocanna aeráide a bhaint amach.

Tá roinnt dúshláin mhóra roimh an Eoraip i dtaca le fuinneamh. Chomh maith le soláthar fuinnimh slán a chinntiú ar phraghsanna atá réasúnta do chách, is gá don Aontas aistriú ó gheilleagar breoslaí iontaise chuig córas níos glaine atá neodrach ó thaobh carbóin de.

Chun an t aistriú sin a dhéanamh, ní mór don Aontas a bheith níos tíosaí ar fhuinneamh, an úsáid a bhaintear as fuinneamh in-athnuaite a mhéadú, glacadh le nuálaíocht agus teicneolaíochtaí nua, naisc fuinnimh trasteorann a fheabhsú agus an spleáchas ar iompórtálacha fuinnimh a laghdú.

Video:

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Sainíonn gach Ballstát a mheascán fuinnimh féin ach, a bhuí le comhordú na rialacha ar leibhéal an Aontais, is féidir leo cuspóirí comhchoiteanna polaitiúla a bhaint amach.

Tá an aeráid agus an fuinneamh fite fuaite ina chéile. Is é an fuinneamh is cúis le 75 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas. Chun an sprioc atá aige a bhaint amach, is é sin a bheith neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050, tá an tAontas ag féachaint lena chóras fuinnimh a athshainiú ó bhonn.

Is leis an Aontas Fuinnimh a chuirfear an claochlú i gcrích trí fheabhas a chur ar shineirgíochtaí le réimsí beartais eile, amhail iompar, taighde agus nuálaíocht, digitiú, an geilleagar ciorclach agus maoiniú inbhuanaithe.

Cabhróidh an pacáiste reachtaíochta “Fuinneamh Glan do gach Eorpach” chun dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan agus chun na gealltanais a rinne an tAontas i gComhaontú Pháras a chomhlíonadh.

Dícharbónú earnáil na cumhachta tríd an bhfuinneamh in-athnuaite, tá sin ar cheann de phríomhghnéithe an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Tá an fuinneamh inathnuaite muirí ar na teicneolaíochtaí a bhfuil an acmhainneacht is mó ag baint leo. Ina theannta sin, tá bearta á ndéanamh ag an Aontas chun an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, cuir i gcás trí na milliúin foirgneamh ar fud na hEorpa a athchóiriú agus tríd an éicidhearthóireacht agus lipéid fuinnimh.

Le straitéisí an Aontais atá molta um chomhtháthú córas fuinnimh agus um hidrigin, réitítear an bealach d’earnáil fuinnimh atá idirnasctha, solúbtha, níos éifeachtúla agus dícharbónaithe go hiomlán. Ina theannta sin, tá an Coimisiún ag féachaint ar dhúshláin nua ar nós earnáil an gháis a dhícharbónú trí astaíochtaí meatáin a laghdú, mar shampla.

Trí dhul i ngleic leis na dúshláin sin ar leibhéal an Aontais, cuirtear deiseanna nua ar fáil freisin ó thaobh fáis, post agus taighde de, sin agus cruthaítear margadh fuinnimh níos iomaíche agus níos inbhuanaithe. Ba cheart go mbainfeadh tomhaltóirí tairbhí suntasacha as sin chomh maith, maidir lena gceart chun a soláthraithe fuinnimh a athrú, agus, ar deireadh, i bhfoirm billí teaghlaigh níos ísle agus níos lú aerthruaillithe. Ar na beartais agus na gníomhaíochtaí breise a chuidíonn chun a chinntiú go mbainfidh an tAontas amach a chuid spriocanna, tá an méid seo a leanas:

Márta 2022

Iompar agus taisteal

Cuidíonn beartas iompair an Aontais chun an geilleagar a choinneáil ag gluaiseacht trí bhonneagar nua-aimseartha a fhorbairt, rud a dhéanann an taisteal níos tapa agus níos sábháilte, agus a chuireann réitigh inbhuanaithe agus dhigiteacha chun cinn.

Teastaíonn naisc éifeachtúla iompair ón Eoraip chun an gnó, an fás agus an fhostaíocht a chur chun cinn, le haghaidh na turasóireachta agus na fóillíochta, agus chun daoine a choimeád nasctha. Cuireann an t-iompar go mór leis an ngeilleagar, agus tá thart ar 10 milliún duine fostaithe go díreach aige. Tá beartas iompair an Aontais Eorpaigh dírithe ar limistéar Eorpach aonair a chruthú a sheasfaidh géarchéimeanna, ina mbeidh iompar níos glaine agus níos glaise agus iomaíocht chóir.

Ar ardán Re-open EU cuirtear eolas praiticiúil ar fáil faoi COVID-19 agus faoi bhearta náisiúnta sábháilteachta agus taistil i leith an choróinvíris: ceanglais choraintín agus tástála i mBallstáit an Aontais, cuir i gcás.

Video:

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

A bhuí do bheartas an Aontais, tá dul chun cinn mór déanta le 20 bliain anuas in earnáil an iompair san Eoraip, agus tá na spéartha, na farraigí agus na bóithre níos sábháilte anois; tá dálaí oibre níos fearr ann d’oibrithe iompair; is líonmhaire agus is saoire na roghanna soghluaisteachta digití atá ann anois agus tá dul chun cinn tapa déanta maidir le réitigh dhigiteacha atá níos glaine.

Is ón iompar a thagann an ceathrú cuid d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais agus tá sé d’aidhm ag Comhaontú Glas don Eoraip iad a laghdú 90 % faoi 2050. Chun soghluaisteacht níos inbhuanaithe agus níos cliste a bhaint amach, ní mór roghanna atá níos saoire, níos inrochtana, níos sláintiúla agus níos glaine a chur ar fáil. Is príomhchuspóir é borradh a chur faoi ghlacadh feithiclí glana agus breoslaí malartacha agus ról na modhanna iompair inbhuanaithe — an t-iarnród, mar shampla — a neartú. In 2021, caitheann Bliain Eorpach na nIarnród solas ar thairbhí na n-iarnród mar mhodh iompair inbhuanaithe, cliste agus sábháilte.

Tá sé ríthábhachtach éifeachtúlacht a fheabhsú. Le teicneolaíochtaí digiteacha lena gcumasaítear soghluaisteacht uathoibrithe agus córais bhainistithe tráchta chliste, mar shampla, cuirfear le héifeachtúlacht agus déanfar an t-iompar níos glaine ag an am céanna.

Déantar beartas an Aontais maidir le bonneagar iompair a mhaoiniú tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, tá buiséad de níos mó ná EUR 25.8 billiún aige, agus tá sé d’aidhm aige an mhór-roinn ar fad a nascadh le chéile. Tá san áireamh leis sin bearnaí a líonadh idir gréasáin náisiúnta iompair agus tacú le hinfheistíochtaí i naisc thrasteorann. Ina theannta sin, tugann sé tús áite do mhodhanna atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, mar shampla iarnród agus bonneagar a fhorbairt le haghaidh feithiclí a úsáideann breoslaí malartacha.

Is é an t-iompar cnámh droma an mhargaidh aonair, rud a choinníonn geilleagar an Aontais Eorpaigh ag gluaiseacht. Tá an eitilt ag éirí níos saoire agus níos éasca i gcaitheamh an ama, toisc go bhfuiltear ag tógáil Margadh Aonair Eorpach san eitlíocht, agus ag déanamh dul chun cinn maidir leis an tionscnamh um Aerspás Eorpach Aonair. Is féidir le cuideachtaí iarnróid ceadúnaithe a gcuid seirbhísí a thairiscint aon áit san Aontas anois agus is féidir le cuideachtaí loingseoireachta feidhmiú i níos mó tíortha.

Tá sábháilteacht agus slándáil ríthábhachtach. Cé go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh sa treo ceart, fós féin cailleadh 18 800 duine i dtimpistí bóthair in 2020. Is í sin an chúis a n-oibríonn an tAontas Eorpach go gníomhach chun sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú. Cuidíonn beartas iompair an Aontais Eorpaigh le daoine ar bhealaí eile freisin: tá cearta ag paisinéirí atá ag taisteal san Aontas Eorpach ar eitleán, traein, long agus bus má chuirtear moill orthu nó má chuirtear a dturais ar ceal.

Márta 2022

Bia agus feirmeoireacht

Cinntíonn an comhbheartas talmhaíochta go mbíonn soláthar cobhsaí bia ann, ar bia é a tháirgtear ar bhealach inbhuanaithe ar phraghsanna inacmhainne le haghaidh 447 milliún tomhaltóir an Aontais. Cabhraíonn sé freisin chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, acmhainní nádúrtha a bhainistiú agus tacú le poist agus fás i gceantair thuaithe.

Tá an comhbheartas talmhaíochta (CBT) i bhfeidhm i ngach tír den Aontas agus déantar é a mhaoiniú faoi bhuiséad an Aontais. Tugann sé tacaíocht d’earnáil bia agus feirmeoireachta an Aontais, earnáil ríthábhachtach a bhfuil beagnach 40 milliún post ag gabháil léi.

Cuireann géarchéimeanna ar nós an athraithe aeráide agus phaindéim COVID-19 i gcuimhne dúinn go bhfuil ár gcóras bia i mbaol agus go gcaithfidh sé a bheith níos athléimní. Córas bia an Aontais atá níos sláintiúla agus níos inbhuanaithe, tá sé sin ina bhunchloch faoin gComhaontú Glas don Eoraip.

Video:

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Cuireann CBT tacaíocht ar fáil ar na dóigheanna seo a leanas:

  • Íocaíochtaí díreacha a thacaíonn le hioncam feirme. Déanann siad sin cúiteamh ar na rioscaí agus na neamhchinnteachtaí a bhaineann leis an bhfeirmeoireacht agus leithdháiltear iad ar an gcoinníoll go gcloítear le rialacha diana maidir le sábháilteacht bia, leis an gcomhshaol agus le sláinte agus leas ainmhithe.
  • Bearta margaidh chun dul i ngleic le cásanna deacra, cuir i gcás laghdú tobann ar an éileamh toisc imní faoi chúrsaí sláinte nó titim praghsanna de bharr rósholáthar sealadach.
  • Cláir um fhorbairt tuaithe (a chómhaoiníonn tíortha an Aontais) lena gcothaítear nuálaíocht agus iomaíochas chun ceantair thuaithe a dhéanamh níos tarraingtí mar áiteanna chun maireachtáil agus oibriú iontu.

In 2019 chuir an tAontas tacaíocht dar luach EUR 57.98 billiún ar fáil d’fheirmeoirí, agus tacaíocht ioncaim a bhí i mbeagnach trí cheathrú den tsuim iomlán sin.

Leis na moltaí maidir le comhbheartas talmhaíochta nua féachtar leis an mbéim a leagan ar fheidhmíocht agus torthaí seachas ar rialacha agus comhlíonadh. Is é is aidhm dóibh earnáil talmhaíochta atá inbhuanaithe iomaíoch a chothú, earnáil atá in ann cabhrú chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Tá ról an-tábhachtach ag feirmeoirí, gnólachtaí agraibhia, foraoiseoirí agus ag pobail tuaithe maidir le go leor saincheisteanna. Saincheist amháin acu sin is ea an straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc", straitéis a fhéachann leis an gcomhshaol a chosaint tríd an mbia a tháirgeadh agus a thomhailt ar bhealach inbhuanaithe. Is é is aidhm don straitéis bia sláintiúil a chur chun cinn do gach duine agus caillteanas agus cur amú bia a chosc, sin agus slite beatha feirmeoirí a chinntiú ag an am céanna. Tá dlúthnasc idir an comhbheartas talmhaíochta nua agus Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030, agus tá CBT nua le cur chun feidhme ón 1 Eanáir 2023, ag brath ar an gcomhaontú deiridh idir Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh.

Is é is aidhm do Dhlí Ginearálta an Aontais maidir le Bia sláinte daoine agus leasanna tomhaltóirí a chosaint, agus ag an am céanna cinnte a dhéanamh de go bhfeidhmíonn an margadh aonair go héifeachtúil. Cuireann an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia comhairle ar fáil maidir le saincheisteanna a bhaineann le bia chun daoine, ainmhithe, plandaí agus an comhshaol a chosaint. Leis an gCóras Mear-rabhaidh um Bia don Duine agus d’Ainmhithe, cuidítear lena chinntiú go ndéanfar aon bhia nach gcomhlíonann rialacha an Aontais a bhaint de na seilfeanna. Nuair a thiteann ráigeanna móra galar ainmhithe nó nimhithe bia amach, féadann údaráis an Aontais gluaiseacht táirgí bia a leanúint tríd an gcóras TRACES.

Márta 2022

Na hAigéin agus an tIascach

Gineann na haigéin an chuid is mó den ocsaigin a análaímid, rialaíonn siad an aimsir agus an aeráid, agus is iontu a chónaíonn tromlach na speiceas ar ár bpláinéad. Tá siad ina ndlúthchuid de gheilleagar na hEorpa freisin sa mhéid go gcuireann siad bia, poist, bealaí iompair agus deiseanna fóillíochta ar fáil dúinn. Oibríonn an tAontas Eorpach chun ár bhfarraigí agus ár n-aigéin a chosaint agus chun a chinntiú go mbeidh siad inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus an gheilleagair de do na glúnta atá le teacht.

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Is earnáil fholláin í earnáil an gheilleagair ghoirm san Aontas: in 2018 bhí láimhdeachas EUR 650 billiún aici agus bhí beagnach 4.5 milliún duine fostaithe inti. Le Straitéis an Aontais um Gheilleagar Gorm Inbhuanaithe féachtar le leas a bhaint as an bhféidearthacht a bhaineann leis an bhfás inbhuanaithe in earnáil na mara agus san earnáil mhuirí ina n-iomláine.

Video:

A bhuí le taighde agus nuálaíocht, is foinse fuinnimh in-athnuaite, mianraí agus cógais iad na farraigí agus na haigéin. Tá deis ar leith ag an Aontas Eorpach fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta a fhorbairt, a bhuí sin le líon agus éagsúlacht na n-imchuach farraige atá aige agus le costais suiteálacha nua a bheith ag titim de réir a chéile. Tograí chun an acmhainneacht sin a uasmhéadú, cuideoidh siad leis an Aontas a sprioc, is é sin a bheith aeráidneodrach faoi 2050, a bhaint amach.

Cé go gcothaíonn an tAontas na deiseanna nua sin, tá ról tábhachtach aige freisin maidir le saothrú freagrach inbhuanaithe na bhfarraigí a chur chun cinn san Eoraip agus ar fud na cruinne.

Tá sé mar chuspóir ag comhbheartas iascaigh an Aontais a chinntiú go mbeidh an iascaireacht agus an dobharshaothrú (feirmeoireacht éisc faoi choinníollacha rialaithe) inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus an gheilleagair de, agus go mbeidh siad inbhuanaithe go sóisialta freisin. Is iad spriocanna an chomhbheartais tionscal iascaireachta atá dinimiciúil inbhuanaithe a chothú, acmhainní a chaomhnú agus an mhuirthimpeallacht a chosaint agus, ag an am céanna, a chinntiú go mbeidh caighdeán maireachtála cóir ag pobail iascaireachta. Tá sraith rialacha ann chun bainistiú a dhéanamh ar chabhlaigh iascaigh Eorpacha agus chun stoic éisc a chaomhnú. Chun an ró-iascaireacht a chosc, leagann cuótaí teorainneacha síos ar an líon gach speicis is féidir a ghabháil agus leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír cuirtear cosc le héisc nach bhfuil ag teastáil a dhumpáil, rud is cleachtas diomailteach ann.

limistéir faoi chosaint tugtha isteach ag an Aontas Eorpach chun éiceachórais mhuirí agus an bhithéagsúlacht a bhaineann leo, chomh maith leis na seirbhísí a chuireann siad ar fáil, a chosaint. Tá aidhm aige freisin ar a laghad 30 % d’fharraigí an Aontais a chosaint faoi 2030. Ina theannta sin, rialacha an Aontais arb é is aidhm dóibh dul i ngleic leis an mbruscar muirí, laghdaíonn siad an tionchar diúltach a bhíonn ag na 10 dtáirge phlaisteacha aon úsáide is mó a fhaightear ar thránna agus i bhfarraigí na hEorpa, agus ag trealamh iascaireachta atá caillte agus tréigthe.

Déanfar comhbheartas iascaigh agus beartas muirí an Aontais a mhaoiniú tríd an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe. Ag brath ar a fhormheas críochnaitheach, cuirfidh an ciste sin breis agus EUR 6.1 billiún (2021-2027) ar fáil don fhorbairt inbhuanaithe san earnáil, agus leagfaidh sé béim ar leith ar thacaíocht a thabhairt d’iascaigh chósta ar scála beag.

Márta 2022

Geilleagar, airgeadas agus an euro

Cuireann an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta bonn comhchoiteann faoin gcobhsaíocht, faoi phoist agus faoin bhfás ar fud an Aontais.

Nascann an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta geilleagair an Aontais le chéile trí bheartais chomhordaithe eacnamaíocha agus fhioscacha, trí rialacha comhchuibhithe d’institiúidí airgeadais, trí chomhbheartas airgeadaíochta agus trí airgeadra coiteann, an euro. Is uirlis chumhachtach í chun poist, fás, cothroime shóisialta agus cobhsaíocht airgeadais a chur chun cinn. Mar sin féin, cé go ndearnadh athchóirithe institiúideacha tábhachtacha chun an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a neartú le blianta beaga anuas, tá an obair idir lámha go fóill.

Video:

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Is é is aidhm do bheartais eacnamaíocha agus airgeadais an Aontais an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • poist a chruthú agus borradh a chur faoin infheistíocht;
  • cobhsaíocht eacnamaíoch a chur chun cinn;
  • feidhmiú éifeachtach an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a fheabhsú;
  • institiúidí airgeadais agus táirgí airgeadais casta a rialáil;
  • cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú agus cáiníocóirí a chosaint le linn géarchéimeanna airgeadais;
  • ról idirnáisiúnta an euro a neartú.

Cé go bhfuil gach ceann de na 27 mBallstát san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, tá a lán Ballstát tar éis iad a lánpháirtiú ann a thuilleadh agus an euro a ghlacadh mar airgeadra. Is de na tíortha sin atá an limistéar euro comhdhéanta. Sa lá atá inniu ann, úsáideann níos mó ná 340 milliún duine an euro i 19 mBallstát. Is siombail inláimhsithe iad nótaí agus boinn Euro den tsaoirse, den áisiúlacht agus de na deiseanna a chuireann an tAontas ar fáil.

Tar éis ghéarchéim airgeadais 2008, ghníomhaigh an tAontas Eorpach chun aghaidh a thabhairt ar roinnt de na laigí institiúideacha a nochtadh san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus chun earnáil airgeadais níos sábháilte a chruthú. Tá an rialachas eacnamaíoch neartaithe ag an Aontas, tá córas ceaptha aige chun cobhsaíocht airgeadais sa limistéar euro a chosaint, tá feabhas curtha aige ar airgeadas poiblí na mBallstát agus tá athchóirithe curtha chun cinn chun infheistíocht a spreagadh. Thairis sin, chuir an tAontas rialacha comhchuibhithe i bhfeidhm chun athléimneacht institiúidí airgeadais an Aontais a mhéadú agus chun maoirseacht ar bhainc sa limistéar euro a neartú.

Na boinn láidre atá curtha ar fáil ag an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, chuidigh siad leis na Ballstáit teacht slán as tionchar eacnamaíoch sóisialta phaindéim COVID-19 nach bhfacthas a leithéid riamh. I ngeall ar an bpaindéim, leagadh béim ar an ngá atá le freagairt do ghéarchéimeanna go tapa, go cinntitheach agus ar bhealach comhordaithe. D’fhreagair an tAontas trí chead a thabhairt do na Ballstáit imeacht óna ngnáthriachtanais bhuiséadacha, tionscnamh dar luach €100 billiún a chruthú SURE chun cuidiú le poist agus oibrithe a chosaint agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a sheoladh, arb í croílár NextGenerationEU í, ar fiú €723.8 billiún é (praghsanna reatha), rud nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Tá an tsaoráid ag maoiniú na n-infheistíochtaí agus na n-athchóirithe atá sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta arna n-ullmhú ag na Ballstáit. Leis na bearta sin, tacófar leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus, ag an am céanna, cuideofar le tíortha an Aontais ionas go mbeidh siad níos láidre agus iad ag teacht slán as an bpaindéim.

Márta 2022

Fostaíocht agus gnóthaí sóisialta

Rannchuidíonn AE le níos mó post agus poist níos fearr a chruthú ar fud na hEorpa, agus tá sé de chuspóir aige caighdeáin shóisialta chothroma a chur ar fáil do chách, rud a dhéanann sé trí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus don tréimhse 2021-2027, ciste dar luach EUR 99.3 billiún, i measc bealaí eile.

Déantar an fhreagracht as beartais fostaíochta agus gnóthaí sóisialta a roinnt idir AE agus na Ballstáit. Is príomhthosaíochtaí reatha de chuid an Choimisiúin Eorpaigh iad poist, an fás agus an infheistíocht agus cuirtear tacaíocht ar fáil trí NextGenerationEU, an plean téarnaimh atá ag AE chun dul i ngleic le drochiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha phaindéim COVID-19.

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Tá beartais an Aontais Eorpaigh maidir le fostaíocht agus gnóthaí sóisialta ceaptha chun:

Déanann AE maoiniú a chur ar fáil agus a chomhordú chun cabhrú leis na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i réimsí amhail cúram leanaí, cúram sláinte, an oiliúint, bonneagar inrochtana agus cabhair post a fháil. Cabhróidh Ciste Sóisialta na hEorpa Plus leis na milliúin daoine scileanna nua a shealbhú, go háirithe na scileanna sin atá ag teastáil le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus poist níos fearr a fháil. An Scéim Ráthaíochta don Aos Óg, is rud í a chabhraíonn lena chinntiú go bhfaighidh gach duine faoi bhun 30 bliain d’aois tairiscint ardchaighdeáin nithiúil ar phost, ar phrintíseacht, ar chúrsa oiliúna nó ar oideachas leantach laistigh de 4 mhí tar éis dó an t-oideachas foirmiúil a fhágáil nó tar éis na huaire a rinneadh duine dífhostaithe de. Idir an dá linn, daoine óga atá faoi mhíbhuntáiste, daoine atá leochaileach, ar chúiseanna pearsanta nó struchtúracha, ó thaobh deis a bheith acu rochtain a fháil ar obair nó ar oiliúint, tá sé d’aidhm ag an tionscnamh nua ALMA (Beartaigh, Foghlaim, Máistrigh, Gnóthaigh) cabhrú leis na daoine sin.

An Clár Oibre Eorpach do Scileanna Nua, ceapadh é chun cabhrú le daoine aonair agus le gnólachtaí tuilleadh scileanna agus scileanna níos fearr a fhorbairt, agus leagtar cuspóirí uaillmhianacha síos atá le baint amach faoi 2025.

I gcolún Eorpach na gceart sóisialta cumhdaítear prionsabail agus cearta sna réimsí seo a leanas — deiseanna comhionanna sa mhargadh saothair, dálaí córa oibre agus cosaint shóisialta. Tá plean gníomhaíochta ann chun beart a dhéanamh de réir na bprionsabal, plean ina leagtar síos príomhchuspóirí atá le baint amach faoi 2030 maidir leis an bhfostaíocht, an oiliúint, an chosaint shóisialta agus an cuimsiú sóisialta.

Ní hiad rialacha an Aontais maidir le comhordú na slándála sóisialta a dhéanann ionad na gcóras náisiúnta a ghlacadh, ach cosaint a thabhairt do na cearta cosanta sóisialta atá ag daoine agus iad ag gluaiseacht laistigh den Aontas (an Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin san áireamh). Rialacha an Aontais maidir le soghluaisteacht an lucht saothair, cinntíonn an tÚdarás Eorpach Saothair go ndéantar iad a fhorfheidhmiú ar bhealach cothrom, simplí agus éifeachtach. EURES, an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile, cabhraíonn sé maidir le cuardaitheoirí poist a chur i dteagmháil le cuideachtaí a bhfuil post á thairiscint acu, agus cabhraíonn seirbhís Europass le daoine a gcuid CVanna a thógáil.

Márta 2022

Poist, fás agus infheistíocht

Tá an tAontas tiomanta timpeallacht infheistíochta níos tarraingtí a chruthú lena spreagfar fás eacnamaíoch agus lena gcruthófar poist. Tá sé mar aidhm aige é sin a dhéanamh trí dheireadh a chur le bacainní ar infheistíocht agus trína chinntiú go mbeidh na scileanna is gá ag muintir na hEorpa do phoist na todhchaí.

Tá aghaidh á tabhairt ag an Aontas ar iarmhairtí phaindéim COVID-19, agus ag an am céanna tá sé ag obair chun cuidiú le saoránaigh an Aontais dul i ngleic go rathúil leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Is é is aidhm dó deimhin a dhéanamh de go mbeidh an t-athrú ó bhonn a dhéanfar ar gheilleagar an Aontais cothrom agus cuimsitheach ionas gur féidir le gach aon saoránach tairbhe a bhaint as an dá aistriú, agus a chinntiú nach bhfágfar aon duine ar lár.

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Is gné thábhachtach é an clár InvestEU de phlean téarnaimh an Aontais chun dul i ngleic le hiarmhairtí phaindéim COVID-19 agus chun tosaíochtaí fadtéarmacha an Aontais a bhaint amach. Cuireann sé leis an rath a bhí ar an bplean infheistíochta don Eoraip, rud lenar slógadh breis agus €500 billiún idir 2015 agus 2020 chun cuidiú chun an bhearna a laghdú san infheistíocht arbh í an ghéarchéim airgeadais 2007–2008 ba chúis léi. Chun cuidiú leis an infheistíocht tuilleadh téarnaimh a dhéanamh, cuireann InvestEU ráthaíocht ó bhuiséad an Aontais ar fáil chun cuidiú le gnólachtaí san Aontas an maoiniú atá de dhíth orthu a rochtain agus a mhealladh. Is é is aidhm dó infheistíocht bhreise €372 bhilliún ar a laghad a spreagadh idir 2021 agus 2027. Díríonn an clár ar cheithre phríomhréimse beartais:

  • bonneagar inbhuanaithe,
  • taighde, nuálaíocht agus digitiú,
  • gnólachtaí beaga agus meánmhéide, agus
  • infheistíocht shóisialta agus scileanna sóisialta.

Chun an clár a chomhlánú, beidh mol comhairleach InvestEU ina ionad ilfhreastail chun tionscadail infheistíochta a shainaithint, a ullmhú agus a fhorbairt ar fud an Aontais.

Tá athrú ag teacht ar an dóigh a n-oibrímid i ngeall ar an aistriú tapa i dtreo Eoraip aeráidneodrach dhigiteach. Tá an Clár Oibre Scileanna don Eoraip ag cuidiú cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin agus ag leagan síos cuspóirí atá le baint amach faoi 2025. Cuirtear i bhfeidhm leis príomhphrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, darb aidhm margadh saothair Eorpach atá cothrom agus cuimsitheach a chruthú. Chun sochair nithiúla a áirithiú do na saoránaigh, socraíodh príomhspriocanna don fhostaíocht, don oiliúint, don chosaint shóisialta agus don chuimsiú sóisialta don bhliain 2030.

Leis an Sásra um Aistriú Cóir, leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus, amach anseo, leis an gCiste Aeráide Sóisialta atá beartaithe, tabharfar tacaíocht chun éagothromaíochtaí réigiúnacha agus sóisialta a laghdú. Tá an Coimisiún ag obair freisin chun gníomhaíochtaí agus réitigh nithiúla a shainaithint maidir le dúshláin dhéimeagrafacha na hEorpa, d’fhonn tacú leis na daoine, na réigiúin agus na pobail is mó atá thíos leis.

Márta 2022

Réigiúin

Tá an beartas réigiúnach dírithe ar na réigiúin agus ar na cathracha go léir san Aontas Eorpach chun tacú leis an bhfostaíocht, iomaíochas gnó, fás eacnamaíoch agus forbairt inbhuanaithe agus chun caighdeán maireachtála na saoránach a fheabhsú.

Aerfort Ríge agus Aerfort Wrocław a nuachóiriú; feabhas a chur ar shoghluaisteacht uirbeach san Aithin, i Sóifia agus in Cluj-Napoca; Mont Saint-Michel a chaomhnú agus Pompeii a chosaint; bonneagar leathanbhanda a fhorbairt ar fud na Liotuáine; tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí in Utrecht agus in Paredes; cóireáil fuíolluisce a athnuachan in Trenčín agus in Slavonski Brod; agus úsáid teicneolaíochtaí faisnéise a chur chun cinn in ollscoileanna sa Niocóis agus i Liúibleána — níl ansin ach roinnt samplaí de na mílte tionscadal atá cómhaoinithe ag beartas réigiúnach AE.

Video:

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Tá an beartas réigiúnach mar bhonn le dlúthpháirtíocht na hEorpa, agus é ag cur borradh faoin bhfás eacnamaíoch agus ag feabhsú an chaighdeáin mhaireachtála trí infheistíocht straitéiseach a dhéanamh. Tá an chuid is mó den mhaoiniú dírithe ar chabhair a thabhairt do na tíortha agus do na réigiúin lagfhorbartha in AE chun deis a thabhairt dóibh teacht suas leis na tíortha agus leis na réigiúin eile agus, dá réir sin, laghdú a dhéanamh ar na difríochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus críche atá ann in AE fós.

Is iad an Coimisiún agus Ballstáit an Aontais agus a gcuid réigiún a dhéanann bainistíocht le chéile ar an mbeartas réigiúnach, agus roghnaíonn siad na tionscadail a dhéanfaidh AE a chómhaoiniú faoi chláir a chomhaontaítear roimh ré leis an gCoimisiún. Cuirtear maoiniú ó chistí náisiúnta (príobháideach agus/nó poiblí) le cistí AE i gcónaí.

Trí chláir an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg), tugtar aird ar leith sa bheartas réigiúnach ar riachtanais agus ar acmhainneacht na réigiún teorann.

Tá beagnach trian (EUR 392 bhilliún) de bhuiséad AE don tréimhse 2021-2027 curtha ar leataobh don bheartas réigiúnach. Úsáidtear na hacmhainní sin chun bonneagair straitéiseacha iompair agus chumarsáide a mhaoiniú; chun tacú le haistriú chuig geilleagar atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol; chun cuidiú le fiontair bheaga agus mheánmhéide a bheith níos nuálaí agus níos iomaíche; chun deiseanna nua buana fostaíochta a chruthú; chun córais oideachais a threisiú agus a nuachóiriú; agus chun sochaí níos cuimsithí a fhorbairt.

Ina theannta sin, faoi NextGenerationEU, soláthrófar Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT-EU) acmhainní úra dar luach níos mó ná EUR 50 billiún do chláir atá ann cheana sna Ballstáit go dtí 2023 chun tacú leis an téarnamh ó phaindéim COVID-19.

Chun sprioc AE chun bheith ar an gcéad mhór-roinn atá aeráidneodrach a bhaint amach, cuideoidh an Sásra um Aistriú Cóir le timpeall EUR 55 bhilliún a shlógadh idir 2021 agus 2027 chun tacú leis na réigiúin is mó a ndéanann an t-aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach difear dóibh. Tá sé d’aidhm freisin ag an gCiste Aeráide Sóisialta cabhrú leis na Ballstáit tacú leis an aistriú chuig an aeráidneodracht do na daoine is mó atá ag brath ar bhreoslaí iontaise.

Márta 2022

Taighde agus nuálaíocht

Tá Fís Eorpach, an clár taighde agus nuálaíochta ar fiú €95.5 billiún é, ag cuidiú chun borradh a chur faoi phoist agus faoin bhfás chun dul i ngleic le cuid de na dúshláin is mó atá againn.

taighde agus nuálaíocht thar a bheith tábhachtach maidir le dea-bhail ár ngeilleagair agus ár sochaí. Luíonn siad i gcroílár iarrachtaí na hEorpa chun poist a chruthú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoin infheistíocht, agus cuidíonn siad chun saol daoine a fheabhsú trí fheabhas a chur ar réimsí amhail cúram sláinte, iompar agus fuinneamh. Chomh maith leis sin, cuireann siad eolas agus réitigh ar fáil dúinn chun dul i ngleic le fadhbanna práinneacha amhail paindéim COVID-19 agus dúshláin níos fadtéarmaí amhail an t-athrú aeráide agus an comhrac in aghaidh na haisle.

Video:

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Is é an tAontas Eorpach an stór eolais is mó ar domhan agus cuireann sé beagnach an tríú cuid de tháirgeacht eolaíochta agus teicneolaíochta an domhain ar fáil. Mar sin féin, toisc go mbíonn an iomaíocht ag méadú i gcónaí, ní mór don Aontas leanúint de tháirgí agus teicneolaíochtaí rathúla a chruthú as taighde den scoth agus as smaointe nuálacha. Tá a gcuid beartas taighde agus a gcuid clár maoiniúcháin féin ag na Ballstáit go léir, ach is féidir dul i ngleic le mórán saincheisteanna tábhachtacha ar bhealach níos fearr má thugtar cabhair do thaighdeoirí agus do nuálaithe i dtíortha éagsúla obair i gcomhar lena chéile. Is é sin an fáth a dtugtar tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht ar leibhéal an Aontais, go háirithe tríd an gclár, Fís Eorpach.

Tá Fís Eorpach ar cheann de na cláir thaighde is mó agus is uaillmhianaí ar domhan, a bhuí leis déanfar €95.5 billiún de mhaoiniú (2021-2027) a infheistiú, anuas ar an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a mheallann an t-airgead sin. Cuireann sé leis an méid ar baineadh amach le clár Fís 2020, agus leanann sé de dhlús a chur le scoth eolaíoch na hEorpa tríd an gComhairle Eorpach um Thaighde agus comhaltachtaí agus malartuithe Marie Skłodowska-Curie. Baineann sé leas freisin as comhairle eolaíoch, tacaíocht theicniúil agus taighde tiomnaithe ón tseirbhís eolaíochta agus eolais de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde.

Bunaíodh sraith misean de chuid an Aontais trí Fhís Eorpach — bealach nua le bheith ag comhoibriú chun dul i ngleic le dúshláin mhóra ó thaobh na sláinte, na haeráide agus an chomhshaoil de. Feidhmíonn gach ceann de na cúig mhisean mar shraith beart chun torthaí nithiúla a bhaint amach faoi 2030.

Tacaíonn Fís Eorpach freisin le comhpháirtíochtaí Eorpacha lena dtugtar an tAontas Eorpach, údaráis náisiúnta agus an earnáil phríobháideach le chéile chun aghaidh a thabhairt ar chuid de na dúshláin is práinní san Eoraip trí thionscnaimh chomhbheartaithe taighde agus nuálaíochta. Cuideoidh siad chun an Limistéar Eorpach Taighde nua a neartú, ar limistéar é a bhfuil sé d’aidhm aige margadh aonair an Aontais a chruthú don taighde, don nuálaíocht agus don teicneolaíocht agus lena gcuirfear ar chumas tíortha a bheith níos éifeachtaí trína mbeartais agus a gcláir thaighde, a ailíniú.

Rochtain oscailte éigeantach ar fhoilseacháin agus ar phrionsabail na heolaíochta oscailte, cuirtear i bhfeidhm í ar fud an chláir Fís Eorpach.

Márta 2022

An margadh aonair

Tá an margadh aonair ar cheann de na rudaí is mó atá bainte amach ag an Aontas Eorpach. Le 30 bliain anuas, tá sé ag cuidiú leis an saol laethúil a dhéanamh níos éasca do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, rud a fhágann gur féidir le hearraí, seirbhísí, daoine agus airgead gluaiseacht gan bhac ar fud an Aontais.

A bhuí leis an margadh aonair (ar a dtugtar an margadh inmheánach freisin uaireanta) is féidir le saoránaigh den Aontas Eorpach maireachtáil, staidéar agus siopadóireacht a dhéanamh, oibriú agus dul ar scor in aon Bhallstát den Aontas agus taitneamh a bhaint as táirgí ó gach cearn den Eoraip. Is féidir le cuideachtaí cur lena gcuid oibríochtaí, agus le cuidiú na hiomaíochta, tagann ísliú ar phraghsanna agus bíonn rogha níos fearr ag tomhaltóirí. Ag an am céanna, oibríonn an tAontas lena chinntiú nach gcuirfidh na saoirsí breise sin isteach ar chothroime, ar chosaint tomhaltóirí, ar chearta na n-oibrithe ná ar inbhuanaitheacht an chomhshaoil.

Video:

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Agus straitéis tionsclaíochta an Aontais mar bhonn taca aige, tá ról ríthábhachtach ag an margadh aonair maidir le tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí atá ar an mbealach i dtreo an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh. Cuidíonn sé freisin le cuideachtaí a chosaint ó shuaitheadh soláthair agus ó ghéarchéimeanna, agus neartaíonn sé a n-iomaíochas domhanda ag an am céanna.

Tá an tAontas Eorpach ag obair chun:

  • tógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 agus ó ionradh na Rúise ar an Úcráin, trí aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh sa slabhra soláthair, mar shampla;
  • a chinntiú go gcruthóidh an margadh aonair níos mó deiseanna do chuideachtaí agus d’fhiontraithe a ngnólachtaí a leathnú;
  • dul i ngleic le constaicí a choisceann ar dhaoine earraí agus seirbhísí a cheannach nó a dhíol go héasca ó Bhallstát eile nó i mBallstát eile, agus a choisceann ar oibrithe gluaiseacht gan bhac;
  • a chinntiú go mbeidh feidhm ag na rialacha céanna i ndáil le cothroime, deiseanna agus oibleagáidí maidir leis an ngeilleagar digiteach freisin;
  • feabhas a chur ar athsciliú agus uas-sciliú ar fud na n-earnálacha tionsclaíocha;
  • rochtain ar mhaoiniú, ar chaighdeáin agus ar phaitinní a chinntiú chun ceannaireacht na hEorpa i réimse na dteicneolaíochtaí nuálacha a fhorbairt, a mhéadú agus a chosaint.

Comhghuaillíochtaí tionsclaíocha nua i bpríomhréimsí ina bhfuil an tAontas ag brath ar thíortha nach Ballstáit den Aontas iad, rudaí a bhfuil ról lárnach acu maidir le spriocanna an Aontais a bhaint amach. Mar chuid de na hiarrachtaí sin, tá bearta nua curtha i láthair ag an Aontas chun feabhas a chur ar an aistriú chuig geilleagar ciorclach agus chun soláthar níos inbhuanaithe d’amhábhair chriticiúla a chinntiú.

Is gnólachtaí beaga agus meánmhéide iad 99 % de na cuideachtaí ar fad san Aontas, agus is iad a chuireann dhá thrian den fhostaíocht iomlán san earnáil phríobháideach ar fáil. Spreagann beartais an Aontais gnólachtaí nua agus tacaíonn siad le fiontair nuálacha agus iad ag iarraidh méadú.

Agus buiséad EUR 4.2 billiún aige don tréimhse 2021 go 2027, comhdhlúthaíonn Clár an Mhargaidh Aonair raon leathan gníomhaíochtaí i réimsí ar nós sábháilteacht bia, cosaint tomhaltóirí, an chaighdeánaithe agus an iomaíochais, agus déanann sé forluí a laghdú agus comhordú a fheabhsú.

Leis an tairseach An Eoraip Agatsa soláthraítear eolas maidir le maireachtáil, oibriú, taisteal agus staidéar nó gnó a dhéanamh i mBallstát eile. Cuireann sé rochtain ar fáil freisin ar sheirbhísí amhail An Eoraip Agatsa — Comhairle agus an líonra réitigh fadhbanna SOLVIT.

Márta 2022

Cosaint tomhaltóirí

Is rud é beartas tomhaltóirí an Aontais a chosnaíonn cearta tomhaltóirí, a chinntíonn sábháilteacht táirgí, a chabhraíonn le daoine roghanna eolasacha a dhéanamh agus iad ag ceannach táirgí agus seirbhísí, agus a chuireann uirlisí ar fáil chun fadhbanna a réiteach sa chás go rachadh rud éigin i ndonas.

Déanann margadh aonair an Aontais tuilleadh rogha, tuilleadh solúbthachta, caighdeán níos fearr agus luach níos fearr ar airgead a chur ar fáil do thomhaltóirí. Cinntíonn beartas tomhaltóirí an Aontais go seasfar leis na cearta atá ag daoine má bhíonn aon fhadhb acu agus iad ag ceannach earraí nó seirbhísí ó Bhallstáit eile, ceannach ar líne san áireamh, rud a chothaíonn muinín agus a thugann spreagadh don trádáil.

Video:

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Sa Chlár Oibre Nua do Thomhaltóirí, leagtar amach an straitéis an atá ag AE go dtí 2025. Leagtar amach ann na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh AE chun freagairt do dhúshláin nua, COVID-19, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, cuir i gcás. Ar na nithe a dhéanfar leis na gníomhaíochtaí sin, tabharfar aghaidh ar ábhair imní maidir leis an gcomhshaol agus an inbhuanaitheacht, cearta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus tomhaltóirí leochaileacha a chosaint.

Cuireann AE tacar de chearta praiticiúla ar fáil do thomhaltóirí, cearta is féidir a úsáid nuair a théann rud éigin i ndonas.

  • Bíonn tréimhse 14 lá ag custaiméirí ar líne inar féidir leo athmhachnamh a dhéanamh ar a gceannachán agus tarraingt siar as. Féadfaidh siad an táirge a sheoladh ar ais laistigh de choicís agus a gcuid airgid a fháil ar ais.
  • Má bhíonn earra a ceannaíodh in AE (ar líne nó i siopa) difriúil leis an earra a fógraíodh, nó mura bhfeidhmíonn sé i gceart, tá sé de cheart ag an tomhaltóir deisiú saor in aisce a fháil nó earra eile a fháil ina ionad ar a laghad.
  • Cinntíonn rialacha AE maidir le hiasachtaí morgáiste go mbíonn eolas soiléir i bhfógraí agus go dtugtar eolas do thomhaltóirí go tráthúil sula síníonn siad conradh.
  • Tá íoschaighdeáin maidir le cearta paisinéirí ann a bhaineann le gach modh iompair, cearta lena n-áirítear eolas, cúnamh agus cúiteamh i gcás cealú nó moill fhada.

Cuireann AE cúnamh ar fáil chun díospóidí le trádálaithe a réiteach go tapa éifeachtach freisin. Is rud é an clár réitigh díospóidí ar líne trínar féidir le tomhaltóirí agus trádálaithe díospóidí faoi cheannacháin ar líne a réiteach. Tugann Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí cúnamh agus comhairle saor in aisce do thomhaltóirí maidir le ceannacháin trasteorann. Faoi lár 2023 ar a dhéanaí, a bhuí le rialacha nua de chuid AE fágfar gur fusa d’eagraíochtaí comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus caingne a thabhairt os comhair cúirte.

Tá dianchaighdeáin sábháilteachta, sláinte agus chomhshaoil i bhfeidhm maidir le bréagáin, fearais leictreacha, cosmaidí agus cógaisíocht. Tá rialacha diana i bhfeidhm a chinntíonn go ndéantar táirgí nach bhfuil sábháilte a tharraingt siar ón margadh, agus tugtar fógra faoi na céadta táirgí gach bliain trí chóras mear-rabhaidh an Aontais maidir le táirgí contúirteacha neamhbhia. In 2021, mhol an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha maidir le sábháilteacht táirgí, agus é i gceist leis an athbhreithniú sin rialacha nua a thabhairt isteach maidir le margaí ar líne, chomh maith le hathbhreithniú a dhéanamh ar rialacha an Aontais maidir le creidmheas tomhaltóirí.

Déanann Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh don Gheilleagar Ciorclach cearta tomhaltóirí a ailíniú le cearta comhshaoil, rud lena leagtar béim ar tháirgí inbhuanaithe atá níos marthanaí agus lena ngabhann cáilíocht níos fearr.

Márta 2022

Iomaíocht chothrom

Tá sé de chuspóir ag rialacha iomaíochta an Aontais a chinntiú go mbeidh iomaíocht chothrom chóir ann idir na cuideachtaí go léir sa mhargadh aonair agus go rachadh an iomaíocht sin chun tairbhe do na tomhaltóirí, do na gnólachtaí agus do gheilleagar na hEorpa ina iomláine.

Is i gcomhar leis na húdaráis iomaíochta náisiúnta agus na cúirteanna náisiúnta a chuireann an Coimisiún rialacha iomaíochta an Aontais i bhfeidhm lena chinntiú go mbeidh cuideachtaí in iomaíocht le chéile ar bhealach cothrom. Cuidíonn sé sin leis na praghsanna a laghdú agus an caighdeán a ardú, spreagann sé an nuálaíocht agus an éifeachtúlacht agus tugann sé roghanna níos fearr do thomhaltóirí.

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Gníomhaíonn an Coimisiún maidir leis an méid seo a leanas:

  • cairtéil nó socruithe neamhdhleathacha eile idir cuideachtaí ionas nach mbeidh siad in iomaíocht le chéile, nó a shocraíonn praghsanna arda mínádúrtha;
  • cásanna ina mbaineann cuideachtaí móra mí-úsáid as a gceannasaíocht i margaí chun iarracht a dhéanamh iomaitheoirí a bhrú amach as an margadh nó praghsanna iomarcacha a ghearradh;
  • cumaisc agus táthcheangail cuideachtaí, lena bhféadfaí srian a chur leis an iomaíocht sa mhargadh aonair;
  • tacaíocht airgeadais (Státchabhair) ó rialtais AE do chuideachtaí, tacaíocht a d’fhéadfadh iomaíocht sa mhargadh aonair a shaobhadh trí thaobhú le cuideachtaí áirithe thar chuideachtaí eile; agus
  • cultúr na hiomaíochta a chur chun cinn go hidirnáisiúnta sa chaoi go mbainfidh tíortha an Aontais tairbhe as iomaíocht chóir sna margaí in áiteanna eile ar domhan.

Téann forfheidhmiú an bheartais iomaíochta chun tairbhe do shaoránaigh an Aontais. Mar shampla, i meastacháin choimeádacha an Choimisiúin in 2020, measadh gur idir EUR 14 bhilliún agus EUR 23.3 billiún de choigilteas custaiméirí a bhí ann ó thoirmisc cairtéal agus ó idirghabhálacha cumasc.

Is féidir leis an Aontas imscrúdaithe maidir le cleachtais fhrithiomaíocha a dhéanamh i dtaca le hearraí, le gairmeacha agus le seirbhísí. Déanann an Coimisiún monatóireacht ar an tacaíocht a thugann rialtais AE do ghnólachtaí lena chinntiú nach dtabharfaidh sí buntáiste éagórach do chuideachtaí áirithe thar a gcuid iomaitheoirí. Is féidir státchabhair a cheadú má chabhraíonn sí nó má thacaíonn sí le réigiúin faoi mhíbhuntáiste, gnólachtaí beaga agus meánmhéide, taighde agus forbairt, cosaint an chomhshaoil, an oiliúint, an fhostaíocht nó an cultúr.

Tá rialacha nua maidir le Státchabhair a tugadh isteach i mí Eanáir 2022 ag teacht le cuspóirí tábhachtacha an Aontais faoin gComhaontú Glas don Eoraip. Is é is aidhm dóibh cabhrú leis na Ballstáit a spriocanna uaillmhianacha fuinnimh agus aeráide AE a bhaint amach, trí thacú le tionscadail chun an comhshaol a chosaint, lena n-áirítear cosaint na haeráide agus giniúint fuinnimh ghlais.

Tá an tAontas ag obair go leanúnach lena chinntiú go gcoinnítear reachtaíocht an Aontais bord ar bhord leis an gclaochlú digiteach. Leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha, mar shampla, cuirfear cosc ar ardáin ar líne a ghníomhaíonn mar gheatóirí coinníollacha éagóracha a fhorchur ar ghnólachtaí agus ar thomhaltóirí, rud a dhéanfar trí liosta soiléir de nithe is cóir agus nach cóir a dhéanamh. Ag an am céanna, leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha, déanfar oibleagáidí ceangailteacha uile-Aontais a fhorchur ar idirghabhálaithe a sholáthraíonn seirbhísí digiteacha a nascann tomhaltóirí le hearraí, le seirbhísí nó le hábhar, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca d’ardáin bheaga dul i mbun fáis ar fud mhargadh aonair an Aontais.

Márta 2022

Cáin agus custaim

Cé go ndéanann na rialtais náisiúnta cánacha a shocrú agus a bhailiú go neamhspleách, tá an tAontas Eorpach freagrach as aontas custaim a chinntíonn saorghluaiseacht agus sábháilteacht earraí sa mhargadh aonair.

Tá saoirse, a bheag nó a mhór, ag rialtais Bhallstáit an Aontais a ndlíthe cánach a shocrú de réir a gcuid tosaíochtaí náisiúnta. Mar sin féin, ní mór bunphrionsabail áirithe a chur san áireamh, agus a chinntiú nach gcuirfidh rialacha náisiúnta cánach bac ar mhargadh aonair an Aontais agus é sin á dhéanamh.

Le haontas custaim an Aontais, fágtar gur fusa do chuideachtaí trádáil a dhéanamh, déantar comhchuibhiú ar dhleachtanna custaim ar earraí ó lasmuigh den Aontas, agus cabhraítear le saoránaigh an Aontais agus an comhshaol a chosaint.

Video:

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Níl ról díreach ag an Aontas maidir le rátaí cánach a ardú nó a shocrú, ach déanann sé maoirseacht ar rialacha náisiúnta cánach lena chinntiú go gcuireann siad poist agus fás chun cinn, agus lena chinntiú nach ndéanann cánacha tíre amháin idirdhealú in aghaidh tomhaltóirí, oibrithe nó gnólachtaí ó Bhallstáit eile.

Ní mór do rialtais na mBallstát go léir a bheith ar aon fhocal nuair a bhíonn cinntí an Aontais á ndéanamh ionas go gcuirfear leas gach duine san áireamh. I gcás roinnt cánacha — cáin bhreisluacha nó dleachtanna máil ar pheitreal, tobac agus alcól, cuir i gcás — tá comhrialacha comhaontaithe ag na Ballstáit chun tráchtáil trasteorann ar líne agus as líne a shimpliú agus chun cothrom iomaíochta a chinntiú idir cuideachtaí agus ardáin an Aontais agus cuideachtaí agus ardáin nach de chuid an Aontais iad.

In 2021, leag an Coimisiún amach an fhís atá aige do chóras nua cánach gnó de chuid an Aontais don 21ú haois, córas a mbeidh cothroime agus trédhearcacht ag roinnt leis thar mar atá ann faoi láthair. Áirítear leis gníomhaíochtaí chun an rómhaorlathas a laghdú, tacú le gnólachtaí beaga agus mí-úsáid cánach a chomhrac. Leis an togra ón gCoimisiún maidir le híosráta cánach corparáide 15 % ar a laghad do gach cuideachta ilnáisiúnta, tá sé d’aidhm aige go mbeidh an tAontas ina measc siúd is túisce a chuirfidh chun feidhme comhaontú stairiúil 2021 maidir le hathchóiriú cánach domhanda. Ba cheart go gcinnteoidh sé sin sa deireadh go ngearrfar cáin chothrom ar gach cuideachta, cibé áit a ndéanann siad gnó.

Chun cothrom iomaíochta a chinntiú ar fud an mhargaidh aonair, ní mór don Aontas feidhmiú mar aontas custaim aonair, agus na taraifí, na caighdeáin agus na nósanna imeachta céanna ann ar a fhud maidir le hearraí a allmhairítear ón gcoigríoch a láimhseáil. Ní chuirtear dleachtanna custaim i bhfeidhm ar earraí a iompraítear ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.

Go praiticiúil, tá aontas custaim an Aontais á bhainistiú ag na seirbhísí náisiúnta custaim. Cosnaíonn siad tomhaltóirí, ainmhithe agus an comhshaol ó earraí a d’fhéadfadh a bheith díobhálach, agus cuireann siad leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe, na sceimhlitheoireachta agus na smuigleála. Nuair atá imréiteach custaim déanta is féidir earraí a bhogadh thart gan bhac agus a dhíol in aon áit laistigh den Eoraip.

Márta 2022

An spás

Cuireann beartas spáis AE go gníomhach leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, spreagann sé dul chun cinn teicneolaíoch agus an nuálaíocht, agus cuireann sé feabhas ar shaol shaoránaigh na hEorpa.

Tá teicneolaíocht spáis, sonraí spáis agus seirbhísí spáis ríthábhachtach i saol laethúil mhuintir na hEorpa (e.g. chun fóin phóca, córais loingseoireachta carranna agus UMBanna a úsáid). Cuireann satailítí sonraí agus seirbhísí luachmhara ar fáil freisin do réimse leathan feidhmchlár, ón iompar agus an talmhaíocht, go dtí an comhshaol agus an fhreagairt ar ghéarchéimeanna.

Video:

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Tá tionscal spáis an Aontais iomaíoch agus ag fás — meastar gur fiú suas le €62 bhilliún é — agus fostaítear breis agus 230 000 duine ann. Tá sé freagrach as aon trian de na satailítí go léir atá i bhfithis.

Cuireann na gnéithe suaitheanta seo a leanas seirbhísí Eorpacha spásbhunaithe ar fáil ar bhonn laethúil.

  • Is é Copernicus córas breathnóireachta an Domhain de chuid an Aontais. Baintear úsáid as na sonraí a ghineann a shatailítí in go leor réimsí, ó mhonatóireacht a dhéanamh ar an athrú aeráide agus na héifeachtaí a bhaineann leis go dtí seirbhísí éigeandála agus daonnúla a threorú. Baineadh úsáid as sonraí Copernicus chun soithí atá i nguais a aimsiú agus chun freagairt ar dhóiteáin foraoise, creathanna talún agus tuilte, agus chuidigh siad chun beatha daoine agus maoin a shábháil.
  • Is é Galileo córas domhanda loingseoireachta satailíte an Aontais, agus cuireann sé ar fáil eolas cruinn iontaofa ar fáil faoi shuí agus faoi uainiú gach modh iompair, feithicle, iarnróid, eitlíochta agus earnálacha eile. A bhuí le Galileo, tá córas suite sábháilte neamhspleách ag 3.2 billiún fón cliste.
  • Is é EGNOS córas réigiúnach loingseoireachta satailíte an Aontais, agus déanann sé monatóireacht agus ceartú ar chomharthaí loingseoireachta satailíte d’úsáideoirí eitlíochta, muirí agus talún ar fud fhormhór na hEorpa. Tá EGNOS in úsáid cheana féin ag 426 aerfort san Aontas chun tuirlingtí i ndrochaimsir a dhéanamh níos sábháilte, agus chun moilleanna agus athródú a sheachaint.

Le cláir spáis an Aontais 2021-2027, ar clár é ag a bhfuil buiséad €14.9 billiún, déantar forbairt ar rath na ngnéithe suaitheanta sin agus dírítear ar comhordú níos fearr le réimsí beartas eile an Aontais. Is é is aidhm dó dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a spreagadh agus tacú le cumas iomaíochais agus nuálaíochta thionscal spáis na hEorpa, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí nuálacha. Mhol an Coimisiún dhá thionscnamh suaitheanta nua chun borradh a chur faoi nascacht shlán spásbhunaithe agus bainistiú spástráchta.

Trí Bhallstáit aonair agus tríd an nGníomhaireacht Spáis Eorpach, d’fhorbair an tAontas teicneolaíocht den chéad scoth i ndáil leis an spástaiscéalaíocht. Ar na héachtaí atá bainte amach tá roicéid agus satailítí nua a forbraíodh agus cuireadh taiscéalaithe róbat ar an nGealach agus ar Mhars. Cé go bhfuil tábhacht straitéiseach agus pholaitiúil ag baint le taiscéalaíocht spáis, tá an tAontas ag cabhrú freisin le heolaithe rúin na cruinne a scaoileadh; in 2019, nocht taighdeoirí a fuair maoiniú ón Aontas an chéad ghrianghraf riamh de pholl dubh.

Márta 2022

Gnóthaí idirnáisiúnta agus an tslándáil

Cuireann an comhbheartas eachtrach agus slándála ar chumas an Aontais labhairt agus gníomhú d’aon ghuth i dtaca le gnóthaí domhanda, rud a cheadaíonn do na Ballstáit dul i ngleic le dúshláin nach féidir leo a réiteach astu féin agus a chuidíonn an tslándáil agus rath a chinntiú do shaoránaigh an Aontais.

Cuireann Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an beartas chun feidhme, agus tacaíonn an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, seirbhís taidhleoireachta an Aontais Eorpaigh leis. Tá gníomhaíochtaí an Aontais faoi stiúir na bprionsabal a bhí taobh thiar de chruthú agus forbairt an Aontais féin, ar prionsabail iad a dhéanann sé iarracht a chur chun cinn ar fud an domhain mhóir. I measc na bprionsabal sin tá an tsíocháin, an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha.

Video:

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Tráth atá bagairtí slándála ag dul i méid agus ag éirí níos casta, neartóidh Compás Straitéiseach an Aontais maidir le slándáil agus cosaint cumas an Aontais freagairt do ghéarchéimeanna agus do bhagairtí sna 10 mbliana amach romhainn. Mar chuid den Chompás Straitéiseach, dírítear ar an méid seo a leanas:

  • gníomhú ar bhealach níos tapa agus níos cinntithí nuair a tharlaíonn géarchéim;
  • saoránaigh a choinneáil slán i gcoinne bagairtí atá ag athrú go tapa;
  • infheistíocht a dhéanamh sna cumais agus sna teicneolaíochtaí atá de dhíth ar an Aontas;
  • dul i gcomhpháirtíocht le heintitis eile chun spriocanna coiteanna a bhaint amach.

Tugann an tAontas Eorpach tacaíocht do thíortha a bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar choimhlintí agus ar ghéarchéimeanna. Leis an tSaoráid Eorpach Síochána, tá níos mó freagrachta á glacadh ag an Aontas air féin mar sholáthraí slándála domhanda. Maoiníonn an tsaoráid costais choiteanna na misean míleata agus na n-oibríochtaí míleata faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta agus na n-oibríochtaí tacaíochta síochána i gcomhar le comhpháirtithe amhail an tAontas Afracach. Neartaíonn sé freisin cumas cosanta na dtíortha comhpháirtíochta agus na n-eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta agus bhí ról lárnach aici maidir le tacaíocht a thabhairt don Úcráin ina freagairt ar ionsaí míleata na Rúise.

Ó tharla ionradh na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022, tá bearta déanta ag an Aontas freisin chun a chinntiú go ndéanfar slándáil dhomhanda bhia a athbhunú tríd an gcomhar idirnáisiúnta.

Lean an tAontas agus a Bhallstáit de bheith ar na deontóirí is mó sa fhreagairt idirnáisiúnta ar an ngéarchéim sa tSiria, agus é ag tacú le daoine sa tSiria agus sa réigiún trí infheistíocht dar luach níos mó ná EUR 27 mbilliún ó 2011 i leith.

Is é Global Gateway straitéis infheistíochta nua an Aontais chun borradh a chur faoi bhonneagar fuinnimh, iompair agus digiteach atá cliste glan slán, agus chun córais sláinte, oideachais agus taighde a neartú ar fud an domhain. Tá sé d’aidhm ag an Aontas Eorpach, a Bhallstáit agus a institiúidí airgeadais, ag gníomhú dóibh le chéile mar Team Europe, suas le EUR 300 billiún d’infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a shlógadh idir 2021 agus 2027. Is é Global Gateway rannchuidiú an Aontais le Comhpháirtíocht Dhomhanda an G7 maidir le Bonneagar agus Infheistíocht.

Márta 2022

Comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta

Tá comhpháirtíochtaí agus comhar um fhorbairt i gcroílár bheartas eachtrach an Aontais. I dteannta a chéile, is é an tAontas Eorpach agus na Ballstáit an soláthraí is mó ar domhan i dtaca le cabhair um fhorbairt.

Tá an chabhair um fhorbairt ar cheann de na colúin de ghníomhaíocht an Aontais ar fud an domhain, mar aon le beartais eachtracha, slándála agus trádála. Cuireann an tAontas Eorpach díothú na bochtaineachta, forbairt dhaonna, fás inbhuanaithe agus dea-rialachas chun cinn. Déanann sé é sin trí chomhpháirtíochtaí a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda amhail an t-athrú aeráide, ídiú acmhainní nádúrtha agus imirce neamhrialta. Seasann an tAontas leis an iltaobhachas éifeachtach agus oibríonn sé i gcomhar leis na páirtithe leasmhara uile, ós rud é gur gá níos mó rialachais iltaobhaigh agus comhair idirnáisiúnta riailbhunaithe a bheith ann de bharr na ndúshlán atá ann faoi láthair.

Video:

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Féachann an tAontas Eorpach ar chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta mar infheistíocht i dtodhchaí inmharthana inbhuanaithe chomhroinnte. Tacaíonn an tAontas go mór le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus le Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide. Leagtar amach sa Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt conas a dhíríonn an tAontas “ar na daoine, ar an bpláinéad, ar rath, ar shíocháin agus ar chomhpháirtíocht” chun oibriú i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Is ar na nithe seo a leanas a bhunaíonn an tAontas Eorpach a ghníomhaíochtaí sheachtracha:

Tá an chomhpháirtíocht idir an Afraic agus an tAontas fós ina príomhthosaíocht ag an Aontas Eorpach.

In 2020 thug an tAontas freagra tapa ar ghéarchéim COVID-19. An cur chuige “Team Europe”, lena gcuirtear le chéile acmhainní, saineolas agus uirlisí ón Aontas, óna Bhallstáit agus ó institiúidí airgeadais, tá sé tar éis cuidiú le comhpháirtithe an Aontais tionchar na paindéime a mhaolú. Tá an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta freisin maidir le vacsaíní sábháilte éifeachtacha a chur ar fáil do chách. Tá cur chuige Team Europe á chur i bhfeidhm anois i dtaca le buiséad an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha: an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — “an Eoraip Dhomhanda”.

Tá tuairim is 10 % de bhuiséad an Aontais tiomnaithe do ghníomhaíochtaí seachtracha. Oibríonn toscaireachtaí an Aontais i gcomhar le rialtais, le heagraíochtaí idirnáisiúnta, leis na Ballstáit agus leis an earnáil phríobháideach chun tionchar thacaíocht na hEorpa a mhéadú. Le chéile, chuir an tAontas agus na Ballstáit EUR 66.8 billiún de chabhair ar fáil in 2020.

Meas ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta, sin iad na luachanna a threoraíonn gníomhaíochtaí an Aontais ar fud an domhain. Le Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas, dírítear ar dhaoine aonair a chosaint agus a chumhachtú, ar shochaithe athléimneacha cuimsitheacha daonlathacha a thógáil agus ar chearta an duine a chur chun cinn ar fud an domhain. A bhuí leis an bPlean Gníomhaíochta Inscne, tá an comhionannas inscne agus cumhachtú na mban ar thús cadhnaíochta in obair an Aontais.

Márta 2022

Comharsanacht an Aontais Eorpaigh agus méadú an Aontais Eorpaigh

Féachann an tAontas le cobhsaíocht daonlathais agus geilleagair a chothú sna tíortha comharsanachta. Chuige sin, déanann sé comhpháirtíochtaí saincheaptha a thógáil, comhpháirtíochtaí atá bunaithe ar leasanna an dá thaobh, sin agus ar chomhar ar an leibhéal déthaobhach nó ar an leibhéal réigiúnach.

Video:

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Is rud é Beartas Comharsanachta na hEorpa a rialaíonn an caidreamh atá ag an Aontas le 16 de na comharsana is gaire dó. Ó dheas: an Ailgéir, an Éigipt, an Iordáin, Iosrael, an Libia, an Liobáin, Maracó, an Phalaistín*, an tSiria agus an Túinéis. Soir: an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Mholdóiv, an tSeoirsia agus an Úcráin.

Is é is príomhaidhm don chomhar sin:

  • tíortha comharsanachta a thabhairt chun cobhsaíochta trí aghaidh a thabhairt ar an bhforbairt eacnamaíoch, ar an bhfostaíocht agus ar dheiseanna do dhaoine óga, don nascacht iompair agus fuinnimh, don tslándáil agus don imirce;
  • luachanna an dea-rialachais a chur chun cinn, mar aon le luachanna an daonlathais, an smachta reachta agus chearta an duine;
  • an comhar a éascú ar an leibhéal réigiúnach, le Comhpháirtíocht an Oirthir agus an tAontas don Réigiún Meánmhuirí, mar shampla.

Mar aon leis sin, i gComharsanacht an Deiscirt, bíonn an tAontas ag obair i gcomhar lena chuid páirtithe ag réiteach na ngéarchéimeanna, faoi mar atá sa tSiria nó sa Libia agus ag rialú shruth na himirce.

Beartas an Aontais Eorpaigh um Méadú, cuimsíonn sé an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv**, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia agus an Tuirc. Tíortha san Eoraip ab áil leo ballraíocht san Aontas Eorpach a bheith acu, is mór an gríosú dóibh ionchas na ballraíochta sin le hathchóiriú a dhéanamh ar an daonlathas agus ar an ngeilleagar. Is cúnamh é le hathmhuintearas agus cobhsaíocht a chothú. Ní féidir le tír Eorpach a bheith ina ball gan na caighdeáin dhaonlathacha a chomhlíonadh (ina measc sin an smacht reachta, cearta an duine, meas ar mhionlaigh agus cosaint na mionlach); gan eacnamaíocht mhargaidh a bheith aici atá ag feidhmiú, agus gan é a bheith ar a cumas déileáil leis an iomaíocht agus leis na fórsaí margaidh atá san Aontas; gan é a bheith ar a cumas na freagrachtaí a bhaineann le ballraíocht san Aontas a ghlacadh chuici féin.

Is í an Tuirc is comhpháirtí don Aontas i réimsí tábhachtacha go leor, ach le blianta beaga anuas tá sí ag scaradh beagán ar bheagán le bunluachanna agus bunphrionsabail an Aontais. Dá bhrí sin, tá caibidlíocht an aontachais leis an Tuirc calctha i láthair na huaire a bheag nó a mhór. Is de leas an Aontais Eorpaigh ó thaobh na straitéise de timpeallacht na Meánmhara Thoir a bheith cobhsaí slán, agus is dá leas fós forbairt a chur ar chaidreamh agus ar chomhar leis an Tuirc arbh é chun tairbhe an dá thaobh é.

In 2020, chuir an tAontas cúnamh de luach EUR 7.47 billiún ar fáil do réigiúin chomharsanachta agus mhéadaithe chun tionchar phaindéim COVID-19 a mhaolú. Chuir an tAontas freagairt éigeandála, taighde tacaithe, córais sláinte agus uisce ar fáil, agus thug aghaidh ar iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta na paindéime.

  • Ní dhéanfar an t–ainmniú sin a fhorléiriú mar aitheantas ar stát na Palaistíne agus tá sé gan dochar do sheasaimh éagsúla na mBallstát ar an gceist sin.
  • Tá an t–ainmniú sin gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

Márta 2022

Trádáil

Tacaíonn an tAontas Eorpach leis an tsaorthrádáil. An trádáil le tíortha lasmuigh den Aontas, tacaíonn sí go díreach nó go hindíreach le 35 mhilliún post san Eoraip. Troideann an tAontas Eorpach ar son margaí oscailte atá bunaithe ar rialacha, ar son cothroime iomaíochta agus ar son na gcaighdeán idirnáisiúnta is airde ar domhan.

Is é an tAontas Eorpach an chumhacht trádála is mó ar domhan agus tá sé ar cheann de na geilleagair is oscailte ar domhan chomh maith. An tríú cuid d’olltáirgeacht intíre an Aontais, is ar an trádáil a bhraitheann sé. Meastar gur as áiteanna lasmuigh den Eoraip a thiocfaidh 85 % den fhás domhanda a bheidh ann amach anseo. Déanann an tAontas Eorpach comhaontuithe trádála idirnáisiúnta a chaibidliú agus a chomhaontú thar ceann na mBallstát.

Video:

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Cumhdaíonn beartas trádála an Aontais Eorpaigh trádáil earraí agus seirbhísí, mar aon le nithe ar nós na ngnéithe tráchtála a bhaineann le maoin intleachtúil agus infheistíocht dhíreach choigríche.

I mí Feabhra 2021 chuir an Coimisiún straitéis trádála nua de chuid an Aontais i láthair, straitéis ina leagtar amach trí phríomhchuspóir.

  • Tacú le téarnamh agus claochlú gheilleagar an Aontais ar bhealach a thacaíonn lenár n-uaillmhianta glasa agus digiteacha.
  • Rialacha domhanda a mhúnlú lena chinntiú go bhfuil siad cothrom agus inbhuanaithe.
  • Neartú a dhéanamh ar chumas an Aontais a leasanna a shaothrú agus a chearta a fhorfheidhmiú.

I gcroílár na straitéise tá an gealltanas an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a athchóiriú ionas gur fearr a bheidh sí in ann freagairt ar dhúshláin na trádála nua-aimseartha.

Is féidir ról tábhachtach a bheith ag beartas trádála maidir leis an athrú aeráide agus díghrádú an chomhshaoil a chomhrac. Dá bhrí sin, feabhsóidh an tAontas cur chun feidhme agus forfheidhmiú na gcaibidlí a bhaineann leis an bhforbairt inbhuanaithe ina chomhaontuithe trádála. Go sonrach, molfaidh an tAontas gur gné riachtanach d’aon chomhaontú trádála agus infheistíochta a bheidh ann amach anseo urraim a thabhairt do Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide.

Seasann an tAontas Eorpach ar son trádáil oscailte chóir agus troideann sé i gcoinne na caomhnaitheachta. Coinníonn sé cothromaíocht idir a bheith oscailte agus a chinntiú go gcosnaítear daoine agus cuideachtaí ar chleachtais trádála éagóracha. Tríd an bPríomh-Oifigeach Forfheidhmithe Trádála atá nuacheaptha, tá béim shonrach á leagan ag an Aontas ar bhuntáistí comhaontuithe trádála a uasmhéadú le haghaidh cuideachtaí, go háirithe FBManna agus feirmeoirí, agus ar chinnte a dhéanamh de go gcloíonn a chomhpháirtithe trádála lena ngealltanais maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe, i measc nithe eile.

Tá 46 chomhaontú trádála i bhfeidhm ag an Aontas le 78 gcomhpháirtí ar fud an domhain. In 2020, tháinig an tAontas ar chomhaontú nua maidir le trádáil le Meicsiceo agus tháinig a chomhaontú trádála le Vítneam i bhfeidhm. Tá borradh tagtha cheana féin ar easpórtálacha an Aontais sa chéad bhliain den chomhaontú leis an tSeapáin agus fás beagnach 7 % ann sa chéad 10 mí den chomhaontú.

Tar éis don Ríocht Aontaithe imeacht as an Aontas Eorpach an 31 Eanáir 2020, shínigh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe Comhaontú Trádála agus Comhair an 30 Nollaig 2020.

Márta 2022

Cabhair dhaonnúil agus cosaint shibhialta

Tá an tAontas, in éineacht leis na Ballstáit, i measc na ndeontóirí is mó ar domhan de chabhair dhaonnúil. Cuireann sé fóirithint chriticiúil ar fáil do na milliúin daoine ar fud an domhain, agus déanann sé comhordú ar chúnamh éigeandála san Eoraip agus ar fud an domhain.

Tugann an tAontas aghaidh ar ghéarchéimeanna agus cinntíonn sé go gcuirtear cúnamh fóirithinte ar fáil go tapa agus go héifeachtach ar dhá phríomhbhealach: cabhair dhaonnúil agus cosaint shibhialta. Tá sé mar chuspóir ag an Aontas:

  • an bheatha a shábháil agus a chaomhnú, an fhulaingt a chosc agus a mhaolú agus ionracas agus dínit daoine atá buailte ag tubaistí nádúrtha, agus ag géarchéimeanna de dhéanamh an duine, a chosaint;
  • mearfhreagairt a thabhairt i gcás éigeandálaí laistigh den Aontas agus lasmuigh de;
  • rioscaí tubaistí a laghdú, mar shampla trí ghníomh a dhéanamh chun iarmhairtí an athraithe aeráide a mhaolú;
  • ullmhacht maidir le tubaistí a fheabhsú, mar shampla le córais réamhrabhaidh;
  • nuair a thagann deireadh le hoibríocht éigeandála, idirthréimhse mhín a chinntiú trí fheidhm a bhaint as straitéisí maidir le cabhair um fhobairt;
  • seasmhacht iomlán na bpobal a neartú, trí bhearta a chabhróidh leo ullmhú do thubaistí is féidir a bheidh ann, mar shampla; agus
  • an todhchaí a chosaint agus a chinntiú do pháistí a d’fhéadfadh a bheith i mbaol i dtubaistí.
Video:

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Agus é ag obair le raon éagsúil comhpháirtithe, tá an tAontas Eorpach ag tacú le hoibríochtaí daonnúla in 110 dtír le breis agus 30 bliain. Chuir an tAontas breis agus EUR 2.4 billiún i gcabhair dhaonnúil ar fáil in 2021. Is príomhdheontóir daonnúil é in go leor géarchéimeanna, mar shampla, tríd an méid seo a leanas a chur ar fáil:

Seolann an tAontas amach foirne práinnfhreagartha agus cuireann sé cabhair ar fáil i réigiúin atá buailte laistigh den Aontas, agus ar fud na cruinne, tríd an Sásra um Chosaint Shibhialta atá aige, mar shampla:

  • trí aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 san Eoraip agus ar fud an domhain, soláthairtí a bhaineann le COVID-19 a sholáthar trí rescEU agus Eorpaigh a bhfuil fuireach orthu thar lear a aisdúichiú ina measc;
  • trí shaineolaithe agus trealamh a sheoladh chuig tíortha atá buailte ag creathanna talún (Háítí), brúchtaí bolcánacha (Tonga), dóiteáin foraoise (na Balcáin Thiar agus sa Mheánmhuir) agus chun srian a chur leis an ráig Ebola sa Ghuine in 2021;
  • na milliúin earraí éigeandála (amhail trealamh garchabhrach, pubaill agus leapacha) a threorú chuig an Úcráin agus chuig tíortha comharsanachta mar chuid den oibríocht is mó ó cruthaíodh an sásra.
Tuilleadh eolais: https://ec.europa.eu/echo/

Márta 2022

Cearta bunúsacha

Ráthaíonn an tAontas Eorpach réimse cearta bunúsacha. Comhluach don Aontas agus do na Ballstáit is ea cearta bunúsacha a urramú, agus treoraítear gníomhaíocht an Aontais laistigh agus lasmuigh dá theorainneacha leis an gcomhluach sin.

Ní margadh aonair d’earraí agus do sheirbhísí amháin é an tAontas. Tá luachanna agus cearta i gcoiteann ag muintir na hEorpa, rudaí atá leagtha síos i gconarthaí AE agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

I gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh cuimsítear na cearta pearsanta, sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta uile atá ag saoránaigh an Aontais. Ráthaítear na cearta sin i dtíortha an Aontais agus i ngach áit a gcuirtear dlí an Aontais i bhfeidhm, agus san áireamh leo sin tá dínit an duine, saoirse cainte agus saoirse comhlachais, an ceart chun neamh–idirdhealaithe, an ceart chun tearmainn agus an ceart chun triail chóir a fháil.

Ina theannta sin, cumhdaítear sa Chairt cearta sonracha a bhaineann le saoránacht an Aontais faoin gConradh ar an Aontas Eorpach, trí na cearta seo a leanas a dheonú do shaoránaigh an Aontais:

Déantar deimhin de go gcosnaítear cearta bunúsacha freisin trí dhlíthe sonracha de chuid an Aontais amhail an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, reachtaíocht darb aidhm idirdhealú a sheachaint ar fhorais maidir le gnéas, cine, eitneacht, reiligiún, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach, agus dlíthe lena gcosnaítear lucht sceite eolais agus íospartaigh choireachta.

Cinntíonn an tAontas freisin go gcosnaítear cearta bunúsacha trí ghníomhaíochtaí tiomnaithe beartais agus trí dhlúthchomhar le tíortha an Aontais agus leis an tsochaí shibhialta, mar shampla maidir leis an gcoir fuatha agus an fhuathchaint, comhionannas inscne agus neamh-idirdhealú, ceartas sibhialta agus coiriúil, digitiú an cheartais, cosaint sonraí, an smacht reachta, cearta an linbh agus cearta tomhaltóirí a chaomhnú.

Tacaíonn an clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna le hobair reachtach agus beartais an Aontais i réimse na gceart bunúsach.

Tá an tAontas Eorpach ag obair chun Aontas an Chomhionannais a bhaint amach trí shraith straitéisí, darb aidhm aghaidh a thabhairt ar steiréitíopaí agus dálaí a chruthú lena gcinnteofar gur féidir le gach duine rannpháirt iomlán a bheith acu gan srian i sochaí na hEorpa.

Ina theannta sin, déanann an tAontas Eorpach luachanna uilíocha a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain. In 2021 sheol an tAontas Eorpach an Clár Domhanda um Chearta an Duine agus an Daonlathas, dar luach €1.5 billiún, ó 2021 go dtí 2027. Tá córas domhanda smachtbhannaí i ndáil le cearta an duine curtha i bhfeidhm ag an Aontas freisin, córas lenar féidir leis díriú níos fearr ar na daoine sin atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar fud an domhain.

Márta 2022

Ceartas agus an smacht reachta

Oibríonn an tAontas chun a chinntiú go gcuirtear dlí an Aontais i bhfeidhm go haonfhoirmeach, chun fadhbanna dlíthiúla trasteorann a réiteach dá shaoránaigh, agus chun an smacht reachta a chur chun cinn agus a chaomhnú.

Féachann an tAontas Eorpach le réimse ceartais a chruthú inar féidir le saoránaigh agus gnólachtaí saincheisteanna dlí i mBallstáit eile de chuid an Aontais a réiteach ar an gcaoi chéanna is féidir leo sa bhaile. Cinnteofar le comhlimistéar ceartais gan teorainn gur féidir le saoránaigh brath ar chearta faoi leith agus teacht ar chóras dlí agus cirt ar fud an Aontais Eorpaigh.

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Is féidir le saoránaigh an Aontais cónaí, staidéar, obair agus gnó a dhéanamh áit ar bith san Aontas. D’fhéadfadh sé go bhfágfadh sé sin go gcaithfí déileáil le húdaráis bhreithiúnacha Ballstáit eile.

Ina theannta sin, féachann an tAontas le hiontaoibh fhrithpháirteach a neartú idir cúirteanna agus údaráis riaracháin na mBallstát sa chaoi is go dtabharfaidh siad aitheantas dá gcinntí breithiúnacha faoi seach. Tá sé sin tábhachtach, go háirithe, i gcásanna sibhialta amhail colscaradh, coimeád linbh nó éilimh chothabhála.

Éascaíonn Gníomhaireacht an Aontais um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) an comhar idir údaráis náisiúnta ceartais chun cur in aghaidh coireanna tromchúiseacha amhail an t-éilliú, an sceimhlitheoireacht, agus an gháinneáil ar dhrugaí agus dáileadh drugaí. Tá an Barántas Gabhála Eorpach, mar shampla, tagtha in ionad nósanna imeachta fada eiseachadta chun coirpigh amhrasta nó ciontaithe a chur ar ais chuig an tír ina ndéanfar iad a thriail nó ina ndearnadh iad a thriail. Anuas air sin, tá sé mar aidhm ag straitéis an Aontais maidir le cearta íospartach a chinntiú go mbeidh an tacaíocht agus an chosaint a bhfuil gá leis ag gach íospartach coireachta san Aontas.

Cinntíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme ar an mbealach céanna i ngach Ballstát. Tá an tAontas ag obair chun córais ceartais an Aontais a nuachóiriú ar mhaithe le coinneáil bord ar bhord leis an gclaochlú digiteach agus le rochtain níos éasca agus níos tapúla ar cheartas a chinntiú. Is féidir dul chun cinn a rianú trí scórchlár ceartais an Aontais, lena gcuirtear sonraí ar fáil maidir le héifeachtúlacht, cáilíocht agus neamhspleáchas na gcóras ceartais sna Ballstáit uile, agus, ag an am céanna, cuirtear ionad ilfhreastail ar fáil ar an tairseach don r-Cheartas do gach ábhar ceartais.

Tá an smacht reachta ar cheann de bhunluachanna an Aontais, agus ciallaíonn sé gur cheart do chórais cheartais neamhspleácha éifeachtúla cosaint bhreithiúnach a chur ar fáil do gach duine san Aontas. Tá gá leis chun gach luach eile a chosaint agus tá sé bunriachtanach le haghaidh feidhmiú an Aontais. Cinntíonn sé forfheidhmiú dhlí AE, éifeachtúlacht an mhargaidh inmheánaigh agus cothaíonn sé muinín fhrithpháirteach, lena gcumasaítear timpeallacht atá fabhrach do ghnólachtaí.

Oibríonn an tAontas in éineacht leis na Ballstáit chun an smacht reachta a urramú agus a neartú tríd an sásra athbhreithnithe ar an smacht reachta agus trí thacaíocht theicniúil agus maoiniú a chur ar fáil le haghaidh athchóirithe ceartais.

Márta 2022

Comhionannas inscne

Luach bunúsach de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an comhionannas idir mná agus fir, rud a théann siar go dtí Conradh na Róimhe 1957. Leanann an tAontas Eorpach de bheith ag obair chun dul i ngleic leis an idirdhealú ar bhonn inscne agus chun comhionannas inscne a bhaint amach.

Cé gur cheart go dtairbheodh na mná san Eoraip den chomhionannas, den chumhachtú agus den tsábháilteacht, tá siad fós faoi ró-ionadaíocht sna hearnálacha ar phá níos ísle, tá tearcionadaíocht acu i bpoist chinnteoireachta sa pholaitíocht agus sa ghnó, agus saothraíonn siad 13 % níos lú ar an meán ná na fir ar fud an Aontais Eorpaigh. Tá foréigean agus ciapadh ar bhonn gnéis forleathan i gcónaí chomh maith.

Video:

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Tá obair an Aontais Eorpaigh maidir le comhionannas inscne bunaithe ar an straitéis um chomhionannas inscne 2020-2025. Is é is aidhm di deireadh a chur le foréigean inscnebhunaithe, aghaidh a thabhairt ar steiréitíopaí inscne, bearnaí inscne i margadh an tsaothair a dhúnadh agus cothromaíocht inscne a chur chun cinn sa chinnteoireacht agus sa pholaitíocht. Cuireann an straitéis leis na tionscnaimh atá á ndéanamh ag an Aontas Eorpach leis na blianta fada maidir le comhionannas inscne.

Chun prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann a fhorfheidhmiú, rud atá cumhdaithe i gConradh na Róimhe, tá bearta trédhearcachta pá molta ag an gCoimisiún agus oibleagáidí tuairiscithe maidir le bearna phá idir na hinscní do chuideachtaí móra san áireamh. Beidh sé de cheart ag fostaithe cúiteamh a fháil as idirdhealú pá chomh maith.

Tá an foréigean in aghaidh na mban ar cheann de na cineálacha is leanúnaí den idirdhealú inscnebhunaithe san Eoraip. Mhol an Coimisiún rialacha nua uile-Aontais chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac, arb é is aidhm dóibh pionós a chur ar chiontóirí agus cosaint níos fearr a chinntiú do mhná, ar líne chomh maith. Shínigh Ballstáit uile an Aontais agus an tAontas Eorpach féin Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (rud ar a dtugtar Coinbhinsiún Iostanbúl chomh maith).

Tá an tAontas Eorpach ag obair freisin chun cabhrú le mná an tsíleáil ghloine a bhriseadh sa ghnó agus sa pholaitíocht agus chun borradh a chur faoi rannpháirtíocht na mban san earnáil dhigiteach. Go háirithe, tá an Coimisiún ag iarraidh feabhas a chur ar chothromaíocht inscne i mboird cuideachtaí sna cuideachtaí liostaithe is mó san Aontas.

Ach tá níos mó sa saol ná obair agus airgead. Leis an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil, rud a tháinig i bhfeidhm i mí Iúil 2019 agus a bhí le trasuí ag na Ballstáit faoi mhí Lúnasa 2022, cuireadh cearta nua i láthair chun cuidiú le comhroinnt chothrom na bhfreagrachtaí cúraim idir mná agus fir. Cumhdaítear leis sin saoire atharthachta, saoire do thuismitheoirí agus do chúramóirí, chomh maith le socruithe solúbtha oibre do thuismitheoirí agus do chúramóirí.

Tá sé d’aidhm ag an Aontas feabhas a chur ar shaol na gcailíní agus na mban ar fud an domhain trína Phlean Gníomhaíochta Inscne III. Leis an bplean sin, cuirtear saincheisteanna maidir le comhionannas inscne ina ghníomhaíocht sheachtrach chun cinn, i réimsí amhail comhar um fhorbairt agus caibidlíocht trádála chomh maith. Ba é an tAontas a bhí chun tosaigh chomh maith agus é i mbun idirbheartaíochta chun spriocanna comhionannais inscne a chur san áireamh i gClár 2030 na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe.

Márta 2022

Ciníochas agus comhionannas

Tá sé d’aidhm ag an Aontas deimhin a dhéanamh de gur féidir le gach duine leas a bhaint as na cearta bunúsacha, as na saoirsí bunúsacha agus as an rannpháirtíocht chomhionann sa tsochaí, gan beann ar a mbunús.

Cé go bhfuil cosc san Aontas Eorpach ar idirdhealú de bharr bunús ciníoch nó eitneach, is ann don chiníochas agus don idirdhealú ciníoch go fóill. Tá an tAontas ag obair chun ciníochas agus éadulaingt a chomhrac i ngach réimse.

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Tá an tAontas ag cur dlús lena iarrachtaí dul i ngleic leis an gciníochas agus leis an idirdhealú trí phlean gníomhaíochta 2020-2025 an Aontais Eorpaigh maidir le frithchiníochas, agus ceapadh comhordaitheoir le haghaidh an fhrithchiníochais den chéad uair riamh.

Séanann agus cáineann an tAontas gach cineál ciníochais agus éadulaingthe. Leagtar amach sa phlean gníomhaíochta maidir le frithchiníochas sraith beart chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • dul i ngleic leis an gciníochas agus leis an idirdhealú ciníoch tríd an reachtaíocht agus lasmuigh di, agus deimhin a dhéanamh de go gcuirtear reachtaíocht an Aontais i bhfeidhm ar an láthair lena gcuirtear cosc ar an bhfuathchaint agus ar an gcoireacht fuatha, ar líne chomh maith;
  • dlús a chur leis an ngníomhaíocht i gcoinne an chiníochais struchtúraigh;
  • cuidiú le glórtha na ndaoine a bhfuil cúlra ciníoch nó eitneach mionlaigh acu a ardú agus gníomhaithe a thabhairt le chéile ar gach leibhéal mar chomhiarracht saol a fhorbairt saor ó chiníochas agus ó idirdhealú do chách;
  • cistiú a chur ar fáil chun sochaithe cuimsitheacha a fhorbairt agus chun caoinfhulaingt agus iolrachas a chur chun cinn;
  • an éagsúlacht a chur chun cinn i measc bhaill foirne an Choimisiúin Eorpaigh agus láthair oibre cuimsitheach atá saor ó idirdhealú a chinntiú do chách, gan beann ar bhunadh ciníoch nó eitneach daoine nó ar dhath craicinn.

Tá cosc ar chóir neamhionann de bharr tionscnamh ciníoch nó eitneach, agus cóir a bhaineann le fostaíocht san áireamh, faoin Treoir maidir le Comhionannas Ciníoch, faoin Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta agus faoin gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Tá beartais i bhfeidhm chun cineálacha sonracha ciníochais a chomhrac. Mar shampla, tá sé d’aidhm ag straitéis an Aontais maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac gach cineál frithsheimíteachais a chosc, saol na nGiúdach a chothú, agus cuimhneachán agus oideachas faoin Uileloscadh a chur chun cinn. Tá creat straitéiseach eile i bhfeidhm chun comhionannas na Romach a chur chun cinn.

Leis an Treoir maidir le Cearta Íospartach, tugtar cosaint d’íospartaigh na coireachta fuatha. Tá sé d’aidhm ag Straitéis an Aontais Eorpaigh um chearta íospartach (2020-2025) deimhin a dhéanamh de go dtugtar tacaíocht agus an chosaint lena bhfuil gá do gach íospartach, gan beann ar an áit a ndéantar an choir san Aontas.

Tá an tAontas Eorpach tiomanta freisin scaipeadh fuatha ar líne a chosc agus a chomhrac agus saoirse cainte a chosaint i gcónaí ag an am céanna. Le cód iompair 2016 maidir le fuathchaint neamhdhleathach ar líne a chomhrac, cuireadh ar a gcumas d’úsáideoirí nóta a dhéanamh den fhuathchaint ar líne agus bíonn na hardáin in ann ábhar neamhdhleathach nó díobhálach a athbhreithniú agus a bhaint anuas go tapa.

Márta 2022

Comhionannas LGBTIQ

Ráthaíonn an tAontas réimse de chearta bunúsacha dá shaoránaigh agus déanann sé iad a chosaint ar idirdhealú, daoine de phobal LGBTIQ san áireamh.

D’aontaigh thart ar 76 % de mhuintir na hEorpa a ndearnadh suirbhé orthu in 2019 gur cheart na cearta céanna a bheith ag daoine aeracha, leispiacha agus déghnéasacha agus mar atá ag daoine heitrighnéasacha. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, neamhdhénártha, idirinscneacha agus queer (LGBTIQ) aghaidh a thabhairt ar idirdhealú in go leor réimsí den saol, chomh maith leis an bhfuathchaint agus leis an bhforéigean.

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

In 2020 ghlac an Coimisiún a chéad straitéis um chomhionannas LGBTIQ, ina dtugtar aghaidh ar an idirdhealú, an tsábháilteacht, an chuimsitheacht agus an comhionannas.

Is breis í an straitéis ar an ngníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh le 20 bliain anuas. Ó bhí 1999 ann, tá an chumhacht ag an Aontas beart a dhéanamh i gcásanna idirdhealaithe bunaithe ar an treoshuíomh gnéasach. San áireamh le gníomhaíochtaí an Aontais tá an méid seo a leanas:

Ar fud an domhain tá caidrimh chomhghnéis á gcoiriúlú go fóill i roinnt tíortha, agus is beag cosaint atá ann do dhaoine LGBTIQ. Bíonn an tAontas ag gríosú tíortha eile chun a chinntiú nach féidir treoshuíomh gnéasach, féiniúlacht inscne ná saintréithe gnéis a úsáid mar bhonn le foréigean ná le smachtbhannaí coiriúla.

Is deontóir tábhachtach é an tAontas freisin do thograí ar fud an domhain arb é is aidhm dóibh dul i ngleic le hidirdhealú in aghaidh daoine, go príomha tríd an Ionstraim Eorpach i gcomhair Daonlathais agus Chearta an Duine. Ó bhí 2016 ann, tá an tAontas ag tacú le tograí san Áise, san Aifric, i Meiriceá Laidineach agus in Oirthear na hEorpa. In 2018 sheol an tAontas ciste chun tacú le gníomhaithe agus le heagraíochtaí in áiteanna ina mbíonn daoine i mbaol níos airde idirdhealaithe.

Márta 2022

Míchumas

Cuireann an tAontas Eorpach cuimsiú gníomhach agus rannpháirtíocht iomlán sa tsochaí chun cinn do dhaoine faoi mhíchumas ar bhonn comhionann le daoine eile, agus cosnaíonn sé iad ar idirdhealú agus ar fhoréigean.

Tá thart ar 87 milliún duine san Aontas atá faoi mhíchumas de shórt éigin. Tá na cearta céanna agus na saoirsí bunúsacha céanna acu agus atá ag gach duine eile, lena n-áirítear an ceart chun comhionannais agus chun neamh-idirdhealaithe, agus an ceart chun bheith saor ó dhúshaothrú, ó fhoréigean agus ó mhí-úsáid. Tá an tAontas Eorpach ag obair chun Eoraip atá saor ó bhacainní a chruthú ina gcumasaítear daoine faoi mhíchumas agus ina gcuirtear ar a gcumas lántairbhe a bhaint as a gcearta.

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Tá an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas. Thairis sin, sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i gconarthaí an Aontais, cuirtear ceangal ar an Aontas beartais a chur chun cinn lena dtugtar aghaidh ar chearta agus ar riachtanais daoine faoi mhíchumas.

Sa straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021–2030, rud atá fréamhaithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe agus a chuireann lena réamhtheachtaí agus le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, leagtar amach tionscnaimh nithiúla chun a chinntiú gur féidir le daoine faoi mhíchumas an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Tairbhiú de na cearta céanna chun saorghluaiseachta agus atá ag gach duine eile. Le cárta páirceála an Aontais Eorpaigh agus le cárta míchumais an Aontais, rudaí atá á reáchtáil ar bhonn píolótach cheana féin in ocht mBallstát, éascaítear aitheantas frithpháirteach maidir le stádas míchumais agus teidlíochtaí idir tíortha an Aontais.
  • Páirt a ghlacadh sa mhargadh saothair ar bhealach níos fearr trí bhearta sonracha chun feabhas a chur ar a ndeiseanna fostaíochta.
  • Maireachtáil go neamhspleách, cibé áit is fearr leo agus le cibé duine is rogha leo. Cuideoidh an t-ionad acmhainní AccessibleEU le feabhas a chur ar an rochtain ar iompar, foirgnimh, faisnéis, meáin chlosamhairc, cumarsáid agus teicneolaíochtaí.
  • Páirt a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar agus cosaint a bheith acu ar idirdhealú agus ar fhoréigean. Tá sé mar aidhm ag an straitéis freisin comhdheiseanna agus rochtain a chinntiú ar cheartas, oideachas, cultúr, spórt agus turasóireacht.

Le blianta beaga anuas, chuidigh roinnt tionscnamh agus reachtaíocht de chuid an Aontais le feabhas a chur ar shaol na ndaoine faoi mhíchumas san Eoraip. Leagtar amach san Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht ceanglais cheangailteacha maidir le hinrochtaineacht príomhtháirgí agus príomhsheirbhísí áirithe. Tá rialacha sonracha i bhfeidhm chomh maith chun cosaint a chinntiú ar idirdhealú agus chun cóir chomhionann a chinntiú san fhostaíocht agus sa ghairm.

Tá an tAontas tiomanta freisin feasacht a mhúscailt maidir leis na dúshláin a bhíonn roimh dhaoine faoi mhíchumas gach lá agus maidir leis na huirlisí a theastaíonn uathu chun feabhas a chur ar a saol. Cuidíonn Lá Eorpach na nDaoine faoi Mhíchumas, rud a cheiliúrtar ag tús mhí na Nollag gach bliain, chun aird an phobail i gcoitinne a tharraingt ar shaincheisteanna maidir le míchumas. Gach bliain leis an “nGradam don Chathair is Inrochtana”, tugtar aitheantas do chathair a bhfuil sár-iarrachtaí déanta aici chun bheith níos inrochtana.

Márta 2022

Daoine atá os cionn 50

Tá an tAontas Eorpach ag obair chun cabhrú le daoine saol sláintiúil, gníomhach agus neamhspleách a chaitheamh chomh fada agus is féidir. Comhlánaíonn sé gníomhaíochtaí na mBallstát i réimsí amhail an fhostaíocht, an tsláinte agus an t-oideachas agus comhordaíonn sé gníomhaíocht chomhpháirteach maidir le heipidéimí.

Léiríonn treochtaí déimeagrafacha go dtiocfaidh méadú suntasach ar sciar na ndaoine scothaosta san Aontas sna blianta amach romhainn. Leis an bpáipéar uaine maidir le haosú ón gCoimisiún, cuireadh tús le díospóireacht faoi na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le sochaí na hEorpa atá ag dul in aois. Tá aghaidh á tabhairt ag tíortha an Aontais ar thionchair an aosaithe trí fheabhas a chur ar chórais oideachais agus scileanna, trí shaol oibre níos faide agus níos iomláine a spreagadh agus trí athchóirithe ar chosaint shóisialta a chur chun cinn, pinsin agus cúram fadtéarmach san áireamh.

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Rinne an tAontas Eorpach coir as fostóirí idirdhealú a dhéanamh ar bhonn aoise. Cuidíonn Líonra Eorpach na gComhlachtaí Comhionannais lena chinntiú go gcuirtear rialacha an Aontais maidir leis an gcomhionannas agus le neamh-idirdhealú i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach ar fud an Aontais.

Cuidíonn tionscadail de chuid an Aontais amhail an Clár Oibre Scileanna don Eoraip, an Comhshocrú um Scileanna agus an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach chun daoine a ullmhú don saol oibre atá ag athrú leis. Cuidíonn tionscadail arna maoiniú ag Ciste Sóisialta na hEorpa Plus leis na milliúin Eorpach scileanna nua a fhoghlaim agus poist níos fearr a aimsiú gach bliain.

Maidir le dul chun cinn gairme nó forbairt phearsanta, is féidir le duine tabhairt faoin bhfoghlaim is cuma cén aois é. Tá réimse mór deiseanna ar fáil trí Erasmus+ do dhaoine atá os cionn 50 bliain d’aois, ó chúrsaí foghlama agus oiliúint atá dírithe ar an obair go dtí tionscadail arna maoiniú ag an Aontas.

Cuidíonn EURES, an líonra Eorpach do shoghluaisteacht post, leo siúd atá ar lorg poist i mBallstát eile, agus éascaítear le rialacha an Aontais comhordú na gcóras slándála sóisialta náisiúnta, rud a chosnaíonn cearta daoine atá ag aistriú nó ag dul ar scor laistigh den Eoraip.

Le scéim nua pinsean dheonach, an táirge pinsin phearsanta uile-Eorpach (PEPP), cuirtear níos mó roghanna ar fáil do dhaoine anois agus cuirtear ar a gcumas dóibh leanúint de choigilt sa táirge céanna, fiú má aistríonn siad chuig tír eile den Aontas. Gach 3 bliana, foilsíonn an Coimisiún tuarascáil maidir le leordhóthanacht na n-ioncam seanaoise sna Ballstáit faoi láthair agus amach anseo. Trí straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030, rannchuideoidh an tAontas le dul i ngleic le bearnaí sa chosaint shóisialta, scéimeanna pinsin san áireamh, do dhaoine faoi mhíchumas.

Tá an tAontas gníomhach in a lán réimsí éagsúla, amhail stíleanna maireachtála sláintiúla a chur chun cinn, tacaíocht a thabhairt do sheirbhísí cúraim sláinte níos éifeachtaí agus níos inbhuanaithe, iarrachtaí chun galair a chosc agus dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na hailse.

Tugann an tAontas tacaíocht airgeadais d’eagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann an ceart chun cóir chothrom chun cinn agus a oibríonn chun aghaidh a thabhairt ar idirdhealú bunaithe ar aois, amhail AGE Platform Europe.

Márta 2022

An geilleagar digiteach agus an tsochaí dhigiteach

Tá an tAontas Eorpach tiomanta do Dheich mBliana Digiteacha na hEorpa a dhéanamh de na 2020í. Tá sé ag obair lena chinntiú go dtéann teicneolaíochtaí digiteacha chun tairbhe do chách agus, san am céanna, tá sé ag cuidiú chun an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Tá sé ag obair freisin le ról ceannaireachta na hEorpa a dhaingniú sa gheilleagar digiteach.

Is tábhachtaí ná riamh teicneolaíochtaí digiteacha inár saol. Le linn ghéarchéim COVID-19, choinnigh siad daoine nasctha, gnólachtaí ag obair agus ba fhíor-riachtanach iad i gcomhthéacs an oideachais agus na hoiliúna. Tá ról ríthábhachtach acu freisin sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, trí chórais fuinnimh agus iompair chiste san áireamh.

Video:

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Tá an réamhobair don chlaochlú digiteach leagtha amach cheana féin. Tá neart buntáistí ann a bhuí le gníomhaíocht an Aontais, cuir i gcás:

Leanfaidh straitéis dhigiteach an Aontais de bheith ag obair ar réitigh dhigiteacha a rachaidh chun tairbhe do dhaoine, do ghnólachtaí agus don phláinéad. Dírítear leis an straitéis ar thrí phríomhchuspóir: teicneolaíocht a rachaidh chun tairbhe do dhaoine, geilleagar cothrom iomaíoch, agus sochaí oscailte dhaonlathach inbhuanaithe.

Tá sraith chuimsitheach rialacha molta ag an gCoimisiún maidir le hardáin ar líne a bhíonn ag feidhmiú san Eoraip chun cearta bunúsacha na saoránach a chosaint, chun aghaidh a thabhairt ar dhíobhálacha ar líne agus chun an nuálaíocht a spreagadh. Thairis sin, clúdaítear an iliomad rudaí eile, cuir i gcás na cibearshlándála agus sonraí, an t-oideachas digiteach agus an daonlathas. Leis an gCompás Digiteach atá molta, déantar spriocanna coincréiteacha de spriocanna na hEorpa do 2030. Is príomhghné de sin é luachanna an Aontais, mar aon le cearta bunúsacha agus slándáil na ndaoine, a chosaint.

maoiniú dar luach breis agus EUR 7.5 billiún don tréimhse 2021 agus 2027 ag an gClár don Eoraip Dhigiteach, agus cuirfidh an clár dlús le hinfheistíochtaí i réimsí amhail an tsár-ríomhaireacht, an intleacht shaorga agus scileanna digiteacha. Cinnteoidh sé freisin úsáid fhorleathan teicneolaíochtaí digiteacha ar fud an gheilleagair agus na sochaí, moil nuálaíochta digití san áireamh.

Tacóidh cláir eile leis an aistriú digiteach freisin, ina measc sin Fís Eorpach, lena ndírítear ar thaighde agus ar fhorbairt theicneolaíoch, chomh maith le gnéithe digiteacha na Saoráide um Chónascadh na hEorpa. Anuas air sin, faoin gciste téarnaimh NextGenerationEU, ba cheart do na Ballstáit 20 % dá dtacaíocht airgeadais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a leithdháileadh ar an aistriú digiteach.

Márta 2022

Idirlíon níos sábháilte

Is ag an Aontas atá na rialacha is doichte ar domhan maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas. Cuidíonn siad lena chinntiú go bhfuil an timpeallacht ar líne sábháilte agus cothrom do shaoránaigh agus gnólachtaí araon agus chun daoine a chosaint ó ábhar neamhdhleathach díobhálach, leanaí go háirithe.

Is iomaí buntáiste a bhaineann muintir na hEorpa as an mborradh atá tagtha faoi sheirbhísí ar líne le blianta beaga anuas, ach is iomaí riosca nua féideartha a bhaineann leis na buntáistí céanna. Is é sin an fáth a bhfuil tAontas ag obair go leanúnach chun a chinntiú go gcoinnítear reachtaíocht an Aontais bord ar bhord leis an gclaochlú digiteach agus go bhfanann an méid atá neamhdhleathach as líne neamhdhleathach ar líne freisin.

Video:

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Is cearta bunúsacha de chuid an Aontais Eorpaigh iad cosaint sonraí pearsanta agus cosaint príobháideachais. Le blianta fada anuas, tá ardchaighdeáin á gcur i bhfeidhm ag an Aontas maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas. Tugtar cearta do dhaoine faoin dlí ó thaobh cosaint sonraí agus rúndacht na cumarsáide de, agus ní foláir d'eagraíochtaí a phróiseálann a gcuid sonraí an dlí a urramú. Mar fhreagairt ar réaltacht aois an idirlín agus leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), tugtar cearta infheidhmithe le dlí do dhaoine aonair, an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad ina measc.

I gcomhthráth leis sin, tá an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta chun domhan atá sábháilte a dhéanamh den domhan digiteach. Tá sé d’aidhm ag an straitéis chibearshlándála athléimneacht comhchoiteann na hEorpa i gcoinne cibearbhagairtí a neartú agus cuidiú chun a chinntiú go mbeidh gach saoránach agus gnólachtaí in ann tairbhe a bhaint as seirbhísí agus uirlisí digiteacha iontaofa agus ar féidir brath.

Tá an Coimisiún ag dul i ngleic le scaipeadh na bréagaisnéise agus na mífhaisnéise ar líne chun a chinntiú go gcosnaítear luachanna Eorpacha agus córais dhaonlathacha na hEorpa. I measc na dtionscnamh, tá an Plean Gníomhaíochta agus an Cód Cleachtais maidir le Bréagfhaisnéis chun an bhréagnuacht agus an bhréagfhaisnéis a chomhrac; an Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach agus an Fhaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha.

Tá sé d’aidhm ag an gCód Iompair maidir le fuathchaint neamhdhleathach ar líne a chomhrac a chinntiú go bpléitear go pras le hiarrataí chun ábhar ciníoch agus seineafóbach a bhaint anuas. Tá gealltanas tugtha ag cuideachtaí, Facebook, Twitter, Instagram agus Snapchat ina measc, athbhreithniú a dhéanamh ar thromlach na n-iarrataí sin laistigh de 24 uair an chloig agus an t-ábhar a bhaint anuas más gá.

Is é sábháilteacht leanaí ar líne an rud is tábhachtaí. Bhí tionchar ag an Straitéis Eorpach i ndáil le hIdirlíon Níos Fearr do Leanaí ar bheartais náisiúnta sa chuid is mó de thíortha an Aontais agus leag sé síos an tagarmharc domhanda i ndáil le leanaí a chosaint agus a chumhachtú ar líne. Líonra na nIonad d’Idirlíon Níos Sábháilte a fhaigheann maoiniú ón Aontas, cuidíonn sé chun feasacht a mhúscailt maidir le sábháilteacht ar líne agus le rannpháirtíocht leanaí a chothú. Le rialacha nua maidir le seirbhísí meán closamhairc, ceanglaítear ar ardáin chomhroinnte físeán ar líne bearta a ghlacadh chun srian a chur leis an rochtain atá ag leanaí ar ábhar díobhálach. Leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha atá beartaithe, tuartar oibleagáidí sonracha chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí suntasacha d’fholláine leanaí. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún i láthair Straitéis nua de chuid an Aontais maidir le comhrac níos éifeachtaí i gcoinne mí-úsáid ghnéasach leanaí.

Márta 2022

Saoránaigh agus an daonlathas

Spreagann an tAontas an trédhearcacht agus rannpháirtíocht dhaonlathach i gcóras polaitiúil Eorpach atá cóir agus cothrom, agus cuireann sé rannpháirtíocht na saoránach i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais chun cinn go gníomhach.

Is de réir phrionsabal an daonlathais ionadaíoch a rialaítear an tAontas, sa chaoi go n-ionadaítear do na saoránaigh go díreach ar leibhéal an Aontais sa Pharlaimint agus go n-ionadaítear do Bhallstáit an Aontais sa Chomhairle Eorpach agus i gComhairle an Aontais Eorpaigh. Oibríonn an tAontas chun an daonlathas a chosaint, chun saorthoghcháin chóra a chur chun cinn agus chun cearta vótála shaoránaigh an Aontais a urramú.

Video:

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

I dtoghcháin 2019 chuig an bParlaimint b'airde an líon vótaí a caitheadh (níos mó ná 50 %) ná uair ar bith le 20 bliain roimhe sin, rud a léiríonn leibhéal folláin de rannpháirtíocht dhaonlathach ó shaoránaigh an Aontais agus gur mian leo go n-éistfear leo.

Seoladh an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa mar chuid de thiomantas an Aontais éisteacht agus cead breise cainte a thabhairt do na saoránaigh maidir leis an méid a dhéanann an tAontas agus conas a oibríonn sé ar a son. Tá an tionscnamh bliana tar éis deis ar leith a thabhairt d’Eorpaigh a gcuid smaointe agus an méid a bhfuil siad ag súil leis a roinnt trí shraith díospóireachtaí agus pléití faoi stiúir na saoránach.

Tá roinnt bealaí ann inar féidir le saoránaigh den Aontas Eorpach cur leis an bpróiseas cinnteoireachta Eorpach. Tugann an suíomh gréasáin “Cloisimis uait” an deis do na saoránaigh agus do ghnólachtaí a dtuairimí a nochtadh maidir le beartais nua agus dlíthe reatha de chuid an Aontais. Ag an am céanna, leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, cuirtear ar chumas na saoránach iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh maidir le réimsí atá faoi fhreagracht an Aontais, nuair a bheidh milliún síniú bailithe le haghaidh tionscnaimh i seacht mBallstát ar a laghad. Leis an gcomhphlé leis na saoránaigh, tugtar an deis do dhaoine ceisteanna a chur ar pholaiteoirí an Aontais, a mbarúlacha a thabhairt agus a rá conas a théann beartais an Aontais i bhfeidhm orthu.

Is é is aidhm don Phlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach saoránaigh a chumhachtú agus an daonlathas a neartú san Aontas, trí bhearta chun saorthoghcháin chóra a chur chun cinn, an bhréagaisnéis a chomhrac, agus saoirse na meán a neartú. Mar chuid den obair a dhéanann an Coimisiún sa réimse sin, tá bearta nithiúla leagtha amach aige chun cur le sábháilteacht iriseoirí agus gairmithe sna meáin agus chun iad a chosaint ó chásanna dlí mí-úsáideacha.

Tá rialacha nua molta ag an gCoimisiún chun trédhearcacht níos fearr a chinntiú maidir leis an bhfógraíocht pholaitiúil íoctha, rud a bhfuil méadú tagtha ar an tábhacht atá leis san fheachtasaíocht san Aontas le blianta beaga anuas. Tá sé molta aige freisin go dtabharfaí cothrom le dáta rialacha reatha an Aontais maidir le maoiniú pháirtithe polaitiúla an Aontais agus cearta vótála na saoránach soghluaiste. Tuairiscíonn an Coimisiún gach 3 bliana ar an dul chun cinn i dtreo saoránacht éifeachtach AE agus ar thosaíochtaí nua do na blianta amach romhainn i réimse na gceart a bhaineann le saoránacht AE.

Márta 2022

Buiséad an Aontais Eorpaigh

Cuireann buiséad AE na hacmhainní ar fáil atá de dhíth ar an Aontas chun a chlár oibre beartais a chur i gcrích. Trí acmhainní a chomhthiomsú ar leibhéal AE, baineann na Ballstáit níos mó amach ná mar a bhainfeadh siad dá beadh siad ag gníomhú leo féin agus bíonn siad in ann aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nach bhfuil aon srian leo, mar shampla an t-athrú aeráide nó paindéim COVID-19.

Tá buiséad AE comhdhéanta de phleananna fadtéarmacha a chlúdaíonn tréimhse 7 mbliana. Is iad an Pharlaimint agus tíortha an Aontais sa Chomhairle a chinneann an buiséad do gach bliain ar bhonn togra ón gCoimisiún. In 2022, bhí thart ar EUR 170 billiún i mbuiséad bliantúil an Aontais — suim mhór mar ghlanfhigiúirí, ach níl sa mhéid sin ach 1 % den mhaoin a chruthaíonn geilleagair na mBallstát gach bliain. Caitear níos lú ná 7 % den mhéid sin ar riarachán AE.

buiséad AE á mhaoiniú go príomha le hioncam ó dhleachtanna custaim, ranníocaíochtaí bunaithe ar Cháin Bhreisluacha (CBL), ranníocaíochtaí bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte agus ranníocaíocht dhíreach ó thíortha AE, a dtugtar ranníocaíocht bhliantúil bunaithe ar ollioncam náisiúnta uirthi. Chun aon mhí-úsáid ar airgead AE a chomhrac, déanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise imscrúdú neamhspleách ar éilliú, ar chalaois, agus ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a bhaineann le cistí an Aontais agus forbraíonn sí beartas frith-chalaoise don Choimisiún Eorpach.

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Tá buiséad AE ag croílár fhreagairt na hEorpa ar ghéarchéim COVID-19, le pacáiste infheistíochta EUR 2 thrilliún. Tá sé comhdhéanta de bhuiséad fadtéarmach AE don tréimhse 2021 go dtí 2027 dar luach EUR 1 211 billiún, agus EUR 807 mbilliún curtha leis trí NextGenerationEU, ionstraim shealadach chun an téarnamh a chumhachtú. Táthar ag úsáid cistí ón bpacáiste seo chun tacú le téarnamh eacnamaíoch na hEorpa agus chun an t-aistriú i dtreo Aontas Eorpach atá nua-aimseartha, inbhuanaithe agus athléimneach a stiúradh. Chun NextGenerationEU a mhaoiniú, tá AE ag fáil iasachtaí ar na margaí caipitil. Déanfar na hiasachtaí a aisíoc thar thréimhse fhadtéarmach, go dtí 2058. Chun cuidiú leis na haisíocaíochtaí, tá AE ag iarraidh foinsí nua ioncaim a thabhairt isteach le haghaidh bhuiséad AE.

Mar shampla, le cistí ó bhuiséad AE bhí AE in ann comhaontuithe réamhcheannaigh a shíniú le cuideachtaí cógaisíochta le haghaidh vacsaíní COVID-19. Ar an mbonn sin, bhí suas le 4.2 bhilliún dáileog vacsaíne ina sheilbh ag AE.

In 2022, i ndiaidh ionradh na Rúise ar an Úcráin, rinneadh buiséad AE a shlógadh chun cúnamh éigeandála agus tacaíocht ag an teorainn agus i dtíortha AE a chur ar fáil, agus chun iarmhairtí daonnúla an chogaidh a laghdú.

Márta 2022

Imirce agus tearmann

Cuidíonn an beartas imirce agus tearmainn de chuid an Aontais leis an Eoraip déileáil ar bhealach éifeachtach leis na dúshláin a bhaineann leis an imirce.

Oibríonn an tAontas chun an imirce neamhrialta agus smuigleáil daoine a chomhrac, chun beatha daoine a shábháil agus chun teorainneacha seachtracha an Aontais a dhaingniú, agus chun tallann nua agus scileanna nua a mhealladh ag an am céanna.

A bhuí leis na bearta atá déanta ag an Aontas chun a theorainneacha seachtracha a rialú agus chun an imirce a bhainistiú, tá laghdú beagnach 90% tagtha ar líon na n-imirceach neamhrialta ó bhí 2015 ann.

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Ag cur leis an dul chun cinn a rinneadh ó bhí 2016 ann, leis an togra 2020 ón gCoimisiún le haghaidh comhaontú nua maidir le himirce agus tearmann, cuirfear córas éifeachtach i bhfeidhm chun an imirce a bhainistiú agus chun déileáil le himircigh neamhrialta, tráth géarchéime san áireamh. Cinnteofar leis an gcreat nua comhroinnt chóir na freagrachta agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit, agus deimhneacht á cur ar fáil d’iarratasóirí aonair ag an am céanna.

Cinntítear leis an gcomhaontú go mbeidh sé de cheart ag daoine atá i ngátar fanacht san Aontas, agus is é is aidhm don chéad straitéis de chuid an Aontais maidir le filleadh deonach agus athimeascadh cuidiú le daoine nach bhfuil aon cheart acu fanacht san Aontas filleadh go deonach ar a dtír dhúchais agus deiseanna a thapú inti.

Is é is aidhm do bheartas nua maidir leis an imirce dhleathach daoine a bhfuil scileanna nua agus tallann acu a mhealladh a rachaidh chun tairbhe do gheilleagar an Aontais, a neartóidh an comhar le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus a chuirfidh feabhas ar bhainistiú foriomlán na himirce san fhadtéarma.

Tá an lánpháirtiú agus an cuimsiú ríthábhachtach do dhaoine atá ag teacht chun na hEorpa, do phobail áitiúla, d’fholláine fhadtéarmach ár sochaithe agus do chobhsaíocht ár ngeilleagar. Cé gurb iad na Ballstáit go príomha atá freagrach as an mbeartas lánpháirtíochta, tá dlús á chur ag an Aontas leis an ngníomhaíocht sa réimse sin. Is é is aidhm do phlean gníomhaíochta 2021-2027 um imeascadh agus cuimsiú cuimsiú a chur ar fáil do chách trí rochtain níos fearr ar phoist, ar chúram sláinte, ar thithíocht agus ar oideachas.

Dúshlán coiteann roimh an Aontas, roimh na Ballstáit agus roimh thíortha comhpháirtíochta is ea dlús a chur leis an bhfreagairt ar smuigleáil imirceach. Ó bhí 2015 ann, sábháladh breis agus 650,000 duine ar muir a bhuí le hoibríochtaí an Aontais agus na mBallstát. I bplean gníomhaíochta athnuaite an Aontais in aghaidh smuigleáil imirceach, leagtar amach bearta chun an smuigleáil a chomhrac agus a chosc i gcomhar le tíortha comhpháirtíochta.

Is áit é an tAontas Eorpach ina bhfaigheann daoine cosaint agus iad ag éalú ón ngéarleanúint nó ó dhíobháil thromchúiseach ina dtír thionscnaimh. Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022, ghníomhaigh an tAontas go tapa chun tacaíocht láithreach a chur ar fáil do dhaoine a bhí ag teitheadh ón gcogadh, agus cosaint shealadach san Aontas san áireamh. Leis an scéim cosanta sealadaí, tugtar cearta do dhaoine amhail ceadanna cónaithe, rochtain ar an margadh saothair agus tithíocht, cúram sláinte agus rochtain ar oideachas do leanaí.

Márta 2022

Limistéar Schengen

Cuireann an tAontas limistéar taistil gan teorainn ar fáil do bhreis agus 425 mhilliún duine i 26 thír, agus do shaoránaigh nach saoránaigh den Aontas iad a bhfuil cónaí orthu san Aontas nó a thugann cuairt air mar thurasóirí, mar mhic léinn malartaithe nó chun críoch gnó.

De thoradh Chomhaontú Schengen, cuireadh deireadh de réir a chéile le seiceálacha ag cuid mhór de theorainneacha inmheánacha an Aontais. Sa lá atá inniu ann, tá cónaí ar bheagnach 1.7 milliún duine i dtír Schengen amháin ach is i dtír eile a oibríonn siad, agus taistealaíonn 3.5 milliún duine idir tíortha Schengen gach lá. Cuireann limistéar Schengen freisin le feidhmiú an mhargaidh aonair, rud a fhágann gur féidir le hearraí agus le seirbhísí gluaiseacht gan bhac.

Video:

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Ó bhí 1985 ann, tá méadú tagtha ar limistéar Schengen chun formhór thíortha an Aontais a chuimsiú ann (seachas an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, Éire agus an Rómáin), chomh maith le ceithre thír eile nach Ballstáit den Aontas iad (an Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin).

Mar sin féin, ní féidir deireadh a chur le teorainneacha inmheánacha dá mbainfí an bonn den tslándáil dá thoradh. Ós rud é nach ndéantar aon seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha thíortha Schengen, tá siad tar éis teacht le chéile chun slándáil a fheabhsú trí rialuithe níos déine ag a dteorainneacha seachtracha, bunaithe ar shraith comhrialacha.

Tá comhar oibríochtúil idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát ríthábhachtach chun slándáil a chinntiú laistigh den Aontas. Ar cheann de na príomhuirlisí tá córas faisnéise Schengen, rud a úsáidtear chun sonraí a mhalartú i bhfíor-am maidir le daoine agus ábhar a bhfuiltear sa tóir orthu agus atá ar iarraidh.

In 2017, thug an tAontas rialacha nua isteach chun seiceálacha i mbunachair sonraí ábhartha a threisiú maidir le gach duine a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha an Aontais, saoránaigh an Aontais san áireamh, chun a chinntiú nach bagairt iad ar an tslándáil inmheánach ná ar an ord poiblí. Faoi dheireadh 2023, beidh córas nua i bhfeidhm chun réamhscagadh a dhéanamh ar thaistealaithe as lasmuigh den Aontas nach bhfuil víosa de dhíth orthu le cuairt a thabhairt ar limistéar Schengen. Beidh feidhm ag an gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) freisin maidir leis an mBulgáir, leis an gCipir, leis an gCróit, agus leis an Rómáin. Cuideoidh sé chun bearnaí faisnéise slándála atá ann cheana a dhúnadh agus, ag an am céanna, seachnófar moilleanna ag an teorainn do thaistealaithe.

I bhfianaise ar foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19, is é is aidhm do rialacha nua deimhin a dhéanamh de nach gcuirfear rialuithe ag teorainneacha inmheánacha i bhfeidhm ach amháin mar rogha dheireanach. Ina theannta sin, tabharfar isteach leis na rialacha sin uirlisí coiteanna chun na teorainneacha seachtracha a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla i gcás géarchéim sláinte poiblí.

Tá ról tábhachtach ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) maidir le teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint agus maidir leis an imirce a bhainistiú. Cuireadh isteach an chéad dream de bhuanchór nua na gníomhaireachta an 1 Eanáir 2021. Sroichfidh sé a acmhainneacht iomlán de 10,000 oifigeach faoi 2027.

Márta 2022

Gnóthaí baile agus slándáil na saoránach

Oibríonn an tAontas Eorpach chun sábháilteacht agus slándáil gach duine in AE a chinntiú, sa saol fisiceach agus sa saol digiteach agus ar fud na sochaí.

Ba cheart go mbeadh muintir na hEorpa muiníneach go mbíonn cosaint iomlán á tabhairt dá saoirse agus dá slándáil, cibé áit a dtéann siad laistigh de AE. Oibríonn na Ballstáit agus gníomhaireachtaí agus comhpháirtithe eile an Aontais le chéile chun sábháilteacht na saoránach a chinntiú, chun dul i ngleic le bagairtí agus chun an choireacht a chomhrac, agus san am céanna cuireann AE beartais agus uirlisí i bhfeidhm chun comhar eatarthu a éascú agus a fheabhsú.

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Is ar thrí réimse tosaíochta a dhíríonn Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála le haghaidh na tréimhse 2020–2025:

  • an choireacht eagraithe agus an gháinneáil ar dhaoine a chomhrac;
  • an sceimhlitheoireacht agus an radacú a chomhrac; agus
  • an chibearchoireacht a chomhrac.

Cosnaíonn an choireacht eagraithe an t-uafás ar íospartaigh agus ar an ngeilleagar; meastar go gcailltear idir €218 mbilliún agus €282 bhilliún gach bliain. Tá an méid seo a leanas san áireamh leis an ngníomhaíocht chun iarrachtaí an Aontais a neartú sa réimse sin: straitéis nua an Aontais chun dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe, Straitéis Drugaí an Aontais Eorpaigh 2021-2025, Plean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh gáinneáil ar airm thine, agus straitéisí an Aontais chun gáinneáil ar dhaoine a chomhrac agus mí-úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac.

Agus clár oibre nua don fhrithsceimhlitheoireacht ag an gCoimisiún Eorpach, tá sé d’aidhm aige dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta trí bheith ullmhaithe do bhagairtí sceimhlitheoireachta, iad a chosc, cosaint a thabhairt orthu, agus aghaidh a thabhairt orthu. Tá sé mar aidhm ag pacáiste tograí reachtacha rialacha an Aontais maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú frithsceimhlitheoireachta a neartú. Oibríonn an tAontas chun an radacú a chosc chomh maith. Ón 7 Meitheamh 2022 ar aghaidh, ní mór do chuideachtaí idirlín ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas den ghréasán laistigh de 1 uair an chloig tar éis dóibh ordú baint anuas a fháil ó na húdaráis náisiúnta.

Is í gníomhaireacht forfheidhmithe dlí an AE, Europol, a théann i ngleic le gach réimse coireachta agus sceimhlitheoireachta, agus oibríonn sí le tíortha comhpháirtíochta nach bhfuil san Aontas agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Éascaíonn Eurojust, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil, comhar idir údaráis náisiúnta ceartais chun cuidiú leis an gcomhrac i gcoinne coireanna eagraithe tromchúiseacha, agus táthar tar éis an Barántas Gabhála Eorpach a chur in ionad nósanna imeachta fada eiseachadta chun coirpigh amhrasta agus coirpigh chiontaithe a thabhairt ar ais go dtí an tír ina gcuirfear nó inar cuireadh triail orthu.

Tá gach gné den chibearchoireacht á comhrac ag an Aontas Eorpach. Is é is aidhm do straitéis nua chibearshlándála an Aontais Eorpaigh deimhin a dhéanamh de gur féidir le gach saoránach agus gach gnólacht tairbhe iomlán a bhaint as seirbhísí iontaofa ar féidir brath orthu agus as uirlisí digiteacha, agus le Gníomh Cibearshlándála an Aontais Eorpaigh, neartaítear cosaintí an Aontais i gcoinne na cibearchoireachta trasteorann ar mhórscála.

Baineann an obair chun teorainneacha seachtracha an Aontais a neartú le rannpháirtíocht na bpáirtithe ábhartha uile, agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) atreisithe agus an t-aontas custaim san áireamh. Le cumas chórais faisnéise an Aontais sonraí a mhalartú agus faisnéis a chomhroinnt, cuideofar chun go mbeidh seiceálacha ag teorainneacha seachtracha níos éifeachtúla.

Márta 2022

An t-oideachas agus an oiliúint

Cuidíonn an tAontas Eorpach feabhas a chur ar chaighdeán an oideachais trí chomhar a spreagadh idir na Ballstáit, trí thacú leis agus trí na bearta náisiúnta a chomhlánú. Cuireann Erasmus+ deiseanna ar fáil do dhaoine i ngach aoisghrúpa dul i mbun staidéir nó oiliúna, taithí oibre a fháil agus páirt a ghlacadh i malartuithe.

Is í an infheistíocht san oideachas agus san oiliúint an infheistíocht is tábhachtaí ar fad maidir le todhchaí daoine. Tá an tAontas agus na Ballstáit ag obair chun torthaí an oideachais a fheabhsú, líon na luathfhágálaithe oideachais agus oiliúna a laghdú, dul i ngleic le bearnaí scileanna agus a chinntiú gur féidir le gach Eorpach tairbhe a bhaint as an aistriú glas agus as an aistriú digiteach.

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Tá tíortha an Aontais freagrach as a gcórais oideachais agus oiliúna féin, ach cuidíonn an tAontas leo chun oideachas ar ardchaighdeán a bhaint amach tríd an dea-chleachtas a roinnt, spriocanna agus caighdeáin a shocrú agus maoiniú agus saineolas a chur ar fáil.

Tá an tAontas ag obair chun Limistéar Eorpach Oideachais a chruthú a bhainfidh bacainní ar an bhfoghlaim agus a chuirfidh feabhas ar an rochtain atá ag cách ar oideachas ar ardchaighdeán. Leis an tionscnamh, cumhdaítear gach leibhéal oideachais agus dírítear ar na nithe seo a leanas:

  • caighdeán agus cothromas san oideachais agus san oiliúint a fheabhsú;
  • tacú le múinteoirí, oiliúnóirí agus ceannairí scoile;
  • forbairt scileanna digiteacha do gach saoránach a chur chun cinn;
  • tionscnaimh maidir leis an oideachas glas a spreagadh;
  • comhar a neartú le tíortha ar fud an domhain.

Agus é ag tógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19, tá sé mar aidhm ag an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (2021–2027) an litearthacht dhigiteach a neartú agus cuidiú leis na Ballstáit oibriú i gcomhar le chéile chun a gcórais oideachais agus oiliúna a chur in oiriúint don aois dhigiteach. Ag an am céanna, tá sé mar aidhm ag an gClár Oibre Scileanna don Eoraip cabhrú le daoine na scileanna a fhorbairt a theastaíonn uathu do dhomhan na hoibre atá ag athrú, sin agus leagtar síos ann cuspóirí uaillmhianacha maidir le huas-sciliú agus athsciliú faoi 2025.

Is é Erasmus+ clár an Aontais don oideachas, don oiliúint, don óige agus don spórt, agus tacaíonn sé leis an tsoghluaisteacht agus an fhoghlaim do chách. Tá níos mó ná EUR 28 mbilliún i mbuiséad foriomlán Erasmus+, méid arb ionann agus dhá oiread an mhéid a bhí ag an gclár roimhe, agus cuirfidh sé ar chumas breis agus 10 milliún duine dul i mbun staidéir nó oiliúna, taithí oibre a fháil nó obair dheonach a dhéanamh i dtír éigin eile idir 2021 agus 2027. Tá an tionscnamh DiscoverEU anois mar chuid den chlár Erasmus+, agus tugann sé deis do dhaoine atá 18 mbliana d’aois an Eoraip a thaisteal le pas taistil saor in aisce. Thug an t-eispéireas an deis cheana féin do níos mó ná 130 000 duine óg níos mó a fhoghlaim faoi chultúr agus stair na hEorpa, cairde nua a dhéanamh agus a scileanna teanga a fheabhsú.

Cuidíonn scéim soghluaisteachta spriocdhírithe EURES le daoine atá níos sine ná 18 mbliana d’aois obair, oiliúint nó printíseachtaí a aimsiú i mBallstát eile, agus cuidíonn an tionscnamh Europass le hoibrithe iarratas a dhéanamh ar phoist i dtír éigin eile trína gcuid scileanna agus cáilíochtaí a chur i láthair i bhformáid chaighdeánach uile-Eorpach.

Márta 2022

An óige

Trí na beartais agus na cláir atá aige maidir leis an óige, tá sé mar aidhm ag an Aontas breis deiseanna cothroma a chur ar fáil do dhaoine óga san oideachas agus sa mhargadh fostaíochta, sin agus a chinntiú gur féidir leo páirt iomlán a ghlacadh i ngach réimse den tsochaí.

Tacaíonn an tAontas le gníomhaíocht na mBallstát agus comhlánaíonn sé í trína bheartais lena ndírítear ar dhaoine óga, cuir i gcás i réimsí an oideachais agus na fostaíochta, agus cuireann sé comhar idir tíortha an Aontais chun cinn.

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Is é atá i Straitéis Óige an Aontais creat an Aontais le haghaidh comhar um beartas óige go dtí 2027. Tá sé d’aidhm aici na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • tacú le forbairt phearsanta agus fás daoine óga, sin agus scileanna saoil a thabhairt dóibh;
  • daoine óga a spreagadh le bheith ina saoránaigh ghníomhacha agus ina ngníomhairí d’athrú dearfach atá bunaithe ar luachanna an Aontais agus ar fhéiniúlacht Eorpach;
  • feabhas a chur ar chinntí beartais a mbíonn tionchar acu ar dhaoine óga ar fud na n-earnálacha uile, go háirithe an fhostaíocht, an t-oideachas, an tsláinte agus an cuimsiú sóisialta; agus
  • cuidiú le deireadh a chur leis an mbochtaineacht i measc na hóige agus gach cineál idirdhealaithe agus cuimsiú sóisialta daoine óga a chur chun cinn.

Tá daoine óga i gcroílár bheartais an Aontais, ó NextGenerationEU agus an Comhaontú Glas don Eoraip go dtí deich mbliana dhigiteacha na hEorpa. Ainmníodh 2022 mar Bhliain Eorpach na hÓige, agus é mar aidhm aici daoine óga a cheiliúradh, tacú leo agus plé leo, go háirithe na daoine óga sin ar lú na deiseanna a bhíonn acu.

Déanann an tAontas roinnt clár agus tionscnamh a reáchtáil chun cabhrú le daoine óga páirt níos gníomhaí a ghlacadh sa tsochaí agus tairbhe a bhaint as tréimhse a chaitheamh i dtír eile.

Is é Erasmus+ clár an Aontais chun tacú leis an oideachas, an oiliúint, an óige agus an spórt san Eoraip. Le buiséad iomlán de níos mó ná EUR 28 mbilliún, tá sé beartaithe cur ar chumas os cionn 10 milliún duine eolas agus scileanna a fháil trí thaithí i dtír eile, cuir i gcás staidéar, cúrsaí oiliúna, printíseachtaí, malartuithe, teagasc, oiliúint, obair don óige agus spórt a dhéanamh idir 2021 agus 2027.

Leis an scéim “ráthaíochta don aos óg”, tacaítear le fostaíocht don aos óg trína chinntiú go bhfaighidh gach duine óg faoi bhun 30 bliain d’aois tairiscint ardchaighdeáin ar phost, ar phrintíseacht, ar chúrsa oiliúna nó ar oideachas leantach laistigh de 4 mhí ón uair a chailleann siad post nó ón uair a fhágann siad an t-oideachas. Tacóidh an tionscnamh nua “Beartaigh, Foghlaim, Máistrigh, Gnóthaigh” (ALMA) le daoine óga atá faoi mhíbhuntáiste trí thaithí oibre a thairiscint dóibh i mBallstát eile.

Tá buiséad foriomlán EUR 1 billiún ag an gclár nua dar teideal an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach don tréimhse 2021–2027 agus cuireann sé deiseanna ar fáil do thart ar 270 000 duine óg chun cuidiú dul i ngleic le dúshláin shochaíocha agus dhaonnúla trí obair dheonach a dhéanamh sa bhaile nó i dtír eile.

Cuireann Tairseach Eorpach na hÓige faisnéis ar fáil maidir le deiseanna, cuir i gcás an tionscnamh DiscoverEU agus idirphlé óige an Aontais, rud lena gcuirtear ionchur pearsanta ar fáil don lucht ceaptha beartas i dtaca leis na saincheisteanna is cás do dhaoine óga.

Gach 2 bhliain reáchtáiltear Seachtain Eorpach na hÓige, ag malartú leis an gCruinniú Eorpach um an Óige.

Márta 2022

Cultúr, meáin agus spórt

Oibríonn an tAontas chun oidhreacht chultúrtha choiteann na hEorpa a chaomhnú agus í a dhéanamh inrochtana do chách. Tacaíonn sé leis na healaíona, cuidíonn sé le tionscail an chultúir agus na cruthaitheachta tríd an gclár “Eoraip na Cruthaitheachta” ionas go mbeidh siad faoi bhláth, agus cuireann sé an spórt chun cinn tríd an gclár Erasmus+.

Tá an cultúr agus an chruthaitheacht ina gcuid dhílis den tionscadal Eorpach agus de bheartas cultúir an Aontais. Baineann na milliúin daoine tairbhe agus taitneamh as cuimse, maille le tuiscint ar a bhféiniúlacht, as oidhreacht chultúrtha shaibhir agus earnálacha dinimiciúla cultúrtha agus cruthaitheacha na hEorpa.

Is cuid lárnach de shaol na milliún Eorpach an spórt agus an aclaíocht. Chomh maith le sláinte agus leas an duine a chur chun cinn, is féidir leis an spórt cuidiú le dul i ngleic le fadhbanna ar nós an chiníochais, an eisiaimh shóisialta agus an chomhionannais inscne.

An méid a dhéanann an tAontas Eorpach

Déanann an tAontas iarracht oidhreacht agus ilghnéitheacht chultúrtha na hEorpa a chosaint i dtíortha éagsúla agus leas a bhaint as an méid a chuireann tionscail an chultúir agus na cruthaitheachta leis an ngeilleagar agus leis an tsochaí. Déantar iarracht freisin le beartas an Aontais dul i ngleic leis na dúshláin choiteanna agus an nuálaíocht a spreagadh in earnáil an chultúir. Tá bearta nithiúla sa Chlár Oibre Eorpach Nua le haghaidh an Chultúir chun an acmhainn is mó is féidir a bhaint as an gcultúr.

Tá sé d'aidhm ag an gclár Eoraip na Cruthaitheachta, clár dar buiséad EUR 2.4 billiún don tréimhse 2021 go 2027, earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta san Eoraip a neartú, agus tacú lena dtéarnamh ó phaindéim COVID-19. Cuirtear chun cinn leis freisin tionscnaimh ar nós Dhuaiseanna an Aontais maidir leis an oidhreacht chultúrtha, an ailtireacht, an litríocht agus an ceol, an lipéad Oidhreachta Eorpach agus Príomhchathracha Cultúir na hEorpa. An tsraith meán atá ag an gclár, tacaíonn sí le forbairt, dáileadh agus cur chun cinn saothar closamhairc, lena n-áirítear scannáin, sraitheanna, físchluichí agus ábhar tumthach. Tá sé d'aidhm ag beartas closamhairc agus meán an Aontais earnáil chlosamhairc na hEorpa a neartú agus spreagadh a thabhairt maidir le hinfhaighteacht ábhair do shaoránaigh ar fud an Aontais.

Cuireann teicneolaíochtaí digiteacha deiseanna nua ar fáil chun ábhar cultúrtha a chaomhnú agus a athúsáid, rud a fhágann go mbeidh sé inrochtana do gach lucht féachana. Leis an ardán digiteach Europeana , cuirtear ar chumas daoine iniúchadh a dhéanamh ar shaibhreas na hoidhreachta cultúrtha ó bhreis agus 4 000 músaem, gailearaí, leabharlann agus cartlann ar fud na hEorpa.

Díríonn an tAontas ar an spórt mar bhealach chun daoine a choinneáil folláin, chun pobail a chruthú, chun an cuimsiú sóisialta a chothú agus chun comhionannas deiseanna a chur chun cinn.

Cuirtear cómhaoiniú ar fáil trí Erasmus+ i gcomhair tionscnaimh a chuidíonn le cleachtais agus smaointe nuálacha a fhorbairt, a chomhroinnt agus a chur chun feidhme chun an spórt a chur chun cinn i measc an phobail. In 2020, thacaigh an tAontas le 315 thionscadal maidir leis an tsláinte, an cuimsiú sóisialta agus an tsláine sa spórt. Tugann Duaiseanna Spóirt an Aontais #BeInclusive aitheantas d’eagraíochtaí a úsáideann an spórt chun an cuimsiú sóisialta a mhéadú i gcás grúpaí faoi mhíbhuntáiste, agus tugann Seachtain Eorpach an Spóirt spreagadh d’Eorpaigh le bheith gníomhach ina saol laethúil.

3 Conas a dhéanann an tAontas Eorpach cinntí agus conas a chuireann sé i ngníomh iad?

1 CÉ hIAD

Tá an tAontas Eorpach bunaithe ar an smacht reachta. Dá réir sin, tá gach beart a dhéanann an tAontas Eorpach bunaithe ar chonarthaí a d’fhormheas na Ballstáit go léir go deonach agus go daonlathach. Déanann na Ballstáit go léir caibidlíocht faoi na conarthaí agus ansin déantar iad a dhaingniú ina gcuid parlaimintí nó le reifreann.

Leagtar síos cuspóirí an Aontais Eorpaigh sna conarthaí agus leagtar amach iontu na rialacha maidir leis an gcaoi a bhfeidhmíonn na hinstitiúidí, leis an gcaoi a ndéantar cinntí agus leis an ngaol idir an tAontas agus a chuid Ballstát. Leasaítear iad gach uair a thagann Ballstát nua isteach san Aontas. Leasaítear iad ó am go chéile chun institiúidí an Aontais Eorpaigh a athchóiriú agus chun réimsí nua freagrachta a thabhairt don Aontas.

Tháinig an conradh leasaitheach deireanach, mar atá Conradh Liospóin, i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009. Tá conarthaí a tugadh i gcrích níos luaithe corpraithe anois sa leagan comhdhlúite reatha atá comhdhéanta den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Rud ba dhéanaí fós, chomhaontaigh an tAontas Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta; is conradh idir-rialtasach é lena gcuirtear ceangal ar thíortha atá rannpháirteach sa Chonradh sin rialacha dochta a bheith acu chun buiséid phoiblí chomhardaithe a ráthú agus chun rialachas sa limistéar euro a threisiú.

Glacann institiúidí éagsúla Eorpacha páirt sa chinnteoireacht ar leibhéal an Aontais, go háirithe:

Bíonn na comhlachtaí comhairleacha (Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún) agus na parlaimintí náisiúnta rannpháirteach sa phróiseas sin chomh maith.

Go ginearálta, is í an Chomhairle Eorpach a leagann amach clár oibre polaitiúil an Aontais, ach molann an Coimisiún Eorpach dlíthe nua a chinneann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle (ar a dtugtar Comhairle an Aontais Eorpaigh freisin) a ghlacadh. Cuireann na Ballstáit agus an institiúid Eorpach, nó na hinstitiúidí Eorpacha, lena mbaineann na dlíthe sin chun feidhme ansin iad.

Parlaimint na hEorpa

Toghann saoránaigh an Aontais Eorpaigh Parlaimint na hEorpa i dtoghcháin dhíreacha a reáchtáiltear gach 5 bliana. Toghann gach Ballstát líon áirithe Feisirí (FPEnna); leithdháiltear na suíocháin bunaithe ar dhaonra gach Ballstáit. Tagann an Pharlaimint le chéile sa Bhruiséil agus in Strasbourg araon. Is é Roberta Metsola an tUachtarán ar Pharlaimint na hEorpa faoi láthair.

Eagraíonn FPEnna (Feisirí i bParlaimint na hEorpa) iad féin ina ngrúpaí polaitiúla agus ina gcoistí a chíorann tograí i gcomhair reachtaíocht nua i réimsí éagsúla beartais.

I dtaca le cinnteoireacht, tá an Pharlaimint freagrach as na nithe seo a leanas:

  • Dlíthe an Aontais a fhormheas, a leasú nó a dhiúltú, i gcomhar le Comhairle an Aontais Eorpaigh, bunaithe ar thograí ón gCoimisiún Eorpach. Tá an fhreagracht choiteann chéanna ar an bParlaimint agus ar an gComhairle freisin maidir le buiséad an Aontais a ghlacadh (ar thogra ón gCoimisiún Eorpach).
  • Cinntí a dhéanamh maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta.
  • Cinntí a dhéanamh maidir le méaduithe ar an Aontas.
  • Uachtarán an Choimisiúin a thoghadh, ar bhonn togra ó na Ballstáit, agus an Coimisiún iomlán a fhormheas.
  • Clár oibre an Choimisiúin a bhreithniú agus a iarraidh ar an gCoimisiún tograí le haghaidh reachtaíochta a mholadh.

Tá dhá phríomhchéim in obair na Parlaiminte.

  • Réitíonn coistí an reachtaíocht: tá 20 coiste agus dhá fhochoiste ag an bParlaimint, agus réimse beartais ar leith faoi chúram gach ceann díobh. Cíorann na coistí tograí i gcomhair reachtaíochta, agus is féidir le FPEnna agus grúpaí polaitiúla leasuithe a chur ar aghaidh nó a mholadh go ndiúltófaí an togra reachtaíochta. Pléitear na ceisteanna sin laistigh de na grúpaí polaitiúla sula ndéantar cinneadh faoi vótáil ar ábhar ar leith.
  • Sna seisiúin iomlánacha déantar an reachtaíocht a fhormheas, a leasú nó a dhiúltú: is ansin a thagann na FPEnna ar fad le chéile sa seomra tionóil chun an vóta deireanach a chaitheamh ar an reachtaíocht agus ar na leasuithe atá beartaithe. Is gnách gur in Strasbourg a bhíonn na seisiúin iomlánacha sin, agus is sa Bhruiséil a thionóltar aon seisiún breise.

Tionóladh an naoú toghchán do Pharlaimint na hEorpa an 23-26 Bealtaine 2019. I vóta díreach, thogh saoránaigh sna 27 mBallstát den Aontas 705 Fheisire don Pharlaimint reatha. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi thoradh na dToghchán Eorpach 2019 agus faoin gcaoi ar cruthaíodh an Pharlaimint reatha ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa. Tionólfar an chéad toghchán eile in 2024.

An Chomhairle Eorpach

Tá an Chomhairle Eorpach lonnaithe sa Bhruiséil, agus tá sí comhdhéanta de Chinn Stáit nó Cinn Rialtais ó Bhallstáit an Aontais, d’Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus d'Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

Tugann an Chomhairle Eorpach ceannairí an Aontais le chéile chun clár polaitíochta an Aontais a shocrú. Tá sí ar an gcomhar polaitiúil is mó idir Ballstáit éagsúla an Aontais. Is i bhfoirm cruinnithe mullaigh (cruinnithe ráithiúla de ghnáth) idir Ceannairí an Aontais a thagann an Chomhairle Eorpach le chéile, faoi chathaoirleacht Uachtarán na Comhairle Eorpaí. Is féidir leis an Uachtarán tuilleadh cruinnithe a thionól chun ceisteanna práinneacha a phlé. In Iúil 2019, thogh an Chomhairle Eorpach Charles Michel mar Uachtarán don tréimhse 1 Nollaig 2019 go dtí an 31 Bealtaine 2022; atoghadh é don dara téarma, idir an 1 Meitheamh 2022 agus an 30 Samhain 2024.

Is gnách gur d’aon ghuth a dhéanann an Chomhairle Eorpach cinntí, ach déanann sí cinntí le tromlach cáilithe ó am go chéile.

An Chomhairle Eorpach:

  • déanann an Chomhairle cinntí i dtaca le treo iomlán agus tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, ach ní ritheann sí dlíthe;
  • déileálann an Chomhairle le ceisteanna casta nó íogaire nach féidir a réiteach ar leibhéil níos ísle den chomhar idir-rialtasach;
  • leagann an Chomhairle síos comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais, agus leasanna straitéiseacha an Aontais agus impleachtaí cosanta á gcur san áireamh aici;
  • ainmníonn agus ceapann an Chomhairle iarrthóirí chuig róil ardphróifíle áirithe san Aontas, amhail Uachtarán an Choimisiúin nó Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

I dtaca le gach ceist, féadfaidh an Chomhairle Eorpach:

  • a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach togra a dhéanamh chun dul i ngleic léi;
  • í a chur ar aghaidh chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh chun déileáil léi.

An Chomhairle

Is í an Chomhairle i gcomhar le Parlaimint na hEorpa príomhchomhlacht cinnteoireachta an Aontais. Tugtar Comhairle an Aontais Eorpaigh uirthi freisin. Sa Chomhairle, tagann airí rialtais ó gach Ballstát le chéile chun dlíthe a phlé, a leasú agus a ghlacadh agus chun beartais a chomhordú. Tá an t-údarás ag na hairí gealltanais a thabhairt go ndéanfaidh a rialtais féin na bearta a chomhaontaíodh sna cruinnithe a chur i gcrích. Bíonn uachtaránacht na Comhairle ag Ballstáit an Aontais ar bhonn sealaíochta gach 6 mhí agus tá an tUachtarán freagrach as cathaoirleacht a dhéanamh ar chruinnithe na Comhairle agus as cláir oibre a shocrú.

An Chomhairle:

  • déanann an Chomhairle dlíthe an Aontais a shocrú le caibidlíocht agus a ghlacadh, i gcomhar le Parlaimint na hEorpa, ar bhonn thograí ón gCoimisiún Eorpach;
  • comhordaíonn an Chomhairle beartais thíortha an Aontais;
  • ar bhonn treoirlínte ón gComhairle Eorpach;
  • tugann an Chomhairle comhaontuithe i gcrích idir an tAontas agus tíortha eile nó eagraíochtaí idirnáisiúnta;
  • glacann an Chomhairle buiséad bliantúil an Aontais i gcomhar le Parlaimint na hEorpa.

Is iad na hairí a bhfuil freagracht orthu as an mbeartas atá faoi chaibidil na hairí a fhreastalaíonn ar chruinnithe. Mar shampla, is iad na hairí comhshaoil a thagann le chéile sa Chomhairle Chomhshaoil. Tagann na hairí le chéile roinnt uaireanta sa bhliain chun cinntí a dhéanamh i leith an Aontais, ach bíonn cruinnithe ag oifigigh rialtais ó cheann ceann na bliana chun sonraí na mbeartas a phlé.

Chun cinneadh a dhéanamh, is gnách go dteastaíonn tromlach cáilithe, arb ionann é agus 55 % de na Ballstáit a sheasann do 65 % ar a laghad de dhaonra iomlán an Aontais. I gcás topaicí áirithe amhail an beartas eachtrach agus cánachas, áfach, teastaíonn vóta d’aon ghuth (na Ballstáit go léir i bhfabhar an chinnidh). Teastaíonn tromlach simplí i leith ceisteanna nós imeachta agus riaracháin.

Níor chóir an Chomhairle a mheascadh le Comhairle na hEorpa. Ní comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh í Comhairle na hEorpa. Is eagraíocht idirnáisiúnta í a bunaíodh chun an daonlathas a chur chun cinn agus chun cearta an duine agus an smacht reachta a chosaint san Eoraip. Tá 47 dtír san Eoraip, lena n-áirítear Ballstáit an Aontais, ina mbaill di.

An Coimisiún Eorpach

Is é an Coimisiún Eorpach an phríomhinstitiúid a reáchtálann gnó an Aontais ó lá go lá. Is í an t-aon institiúid de chuid an Aontais í ar féidir léi reachtaíocht a mholadh (is minic a dhéanann sí é sin ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle), cé gurb iad an Pharlaimint agus an Chomhairle a vótálann ar an reachtaíocht. Tá formhór na ndaoine a oibríonn sa Choimisiún lonnaithe sa Bhruiséil nó i Lucsamburg, Mar sin féin, tá oifigí “ionadaíochta” ag an gCoimisiún i bpríomhchathracha Bhallstáit an Aontais go léir.

Tá an Coimisiún comhdhéanta de Choláiste na gCoimisinéir, duine ó gach ceann de Bhallstáit an Aontais, lena n-áirítear an tUachtarán Ursula von der Leyen agus na Leas-Uachtaráin.

A luaithe a ainmnítear Uachtarán an Choimisiúin, ainmníonn Comhairle an Aontais Eorpaigh na 26 Chomhaltaí eile den Choimisiún le comhaontú an Uachtaráin ainmnithe, agus ansin bíonn ar na Comhaltaí le chéile formheas Pharlaimint na hEorpa a fháil. Is iad na Coimisinéirí foireann ceannaireachta polaitiúla an Choimisiúin ar feadh cúig bliana. Tugann an tUachtarán cúram réimsí sonracha beartais ar gach Coimisinéir.

Is ionann foireann an Choimisiúin agus an státseirbhís i mBallstát, agus tá sí eagraithe ina ranna, ar a dtugtar ardstiúrthóireachtaí agus seirbhísí, atá ar aon dul le haireachtaí ar an leibhéal náisiúnta.

Bíonn cinntí an Choimisiúin bunaithe ar chomhfhreagracht Choláiste na gCoimisinéirí. Tá na Coimisinéirí go léir ar comhchéim i bpróiseas na cinnteoireachta agus tá siad comhfhreagrach as na cinntí sin. Ní bhíonn aon chumhachtaí cinnteoireachta acu ina n-aonar, ach amháin nuair a thugtar na cumhachtaí sin dóibh i gcásanna ar leith.

Tá ochtar Leas-Uachtarán (lena n-áirítear triúr Leas-Uachtarán agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála) ann a bhfuil na róil sin acu in éineacht le gnáthchúram an Choimisinéara. Gníomhaíonn na Leas-Uachtaráin thar ceann an Uachtaráin agus, i dteannta roinnt Coimisinéirí, comhordaíonn siad an obair sa réimse a bhfuil siad freagrach as. Leagtar amach sé cinn d’uaillmhianta don Eoraip sna treoirlínte polaitiúla a chuir an tUachtarán Ursula von der Leyen i láthair in Iúil 2019.

Is gnách go ndéantar cinntí ginearálta ar bhonn comhthola agus is féidir cinntí a chur ar vóta freisin. Sa chás sin, déantar cinntí le tromlach simplí, agus vóta amháin ag gach Coimisinéir. Glacann an ardstiúrthóireacht ábhartha an t-ábhar ar láimh ansin. Is gnách go ndéantar é sin i bhfoirm dréacht-tograí reachtacha.

Coistí Comhairleacha

Tá ról comhairleach ag na Coistí comhairleacha (Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún) i leith Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Cuireann siad a gcuid tuairimí ar fáil maidir le gníomhartha reachtacha arna moladh. Déanann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ionadaíocht don tsochaí shibhialta eagraithe, agus déanann Coiste na Réigiúnionadaíocht d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha.

Parlaimintí Náisiúnta

Rannchuidíonn 27 bparlaimint náisiúnta na mBallstát le dea-fheidhmiú an Aontais trí ghrinnscrúdú a dhéanamh ar a gcuid rialtas maidir le gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus tá roinnt ceart acu, lena n-áirítear an ceart a gcuid imní a chur in iúl faoi dhréachtghníomhartha reachtacha.

Cuireann Parlaimintí Náisiúnta tuairimí réasúnaithe chuig an gCoimisiún má cheapann siad go bhfuil prionsabal na coimhdeachta á shárú le dréachtghníomh reachtach. Má dhéantar coinníollacha áirithe a chomhlíonadh, déanann an Coimisiún a thogra a athbhreithniú, agus míníonn sé go poiblí cé acu a dhéanfaidh sé, a thogra a choinneáil, a leasú nó a tharraingt siar.

Bíonn idirphlé polaitiúil leanúnach ar bun idir an Coimisiún agus na Parlaimintí náisiúnta chomh maith. Seolann na Parlaimintí a gcuid tuairimí ar thionscnamh reachtach nó polaitiúil ar bith de chuid an Choimisiúin nó ar ábhar polaitiúil ar bith ar a gconlán féin.

An Banc Ceannais Eorpach agus an Banc Eorpach Infheistíochta

Is institiúid neamhspleách de chuid an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta é an Banc Ceannais Eorpach a bhfuil na Ballstáit go léir páirteach ann. Déanann sé a chuid cinntí gan glacadh le treoracha ó rialtais ná ó institiúidí eile de chuid an Aontais. Is é an príomhchuspóir atá leis cobhsaíocht airgeadaíochta a choinneáil ar bun sa limistéar euro trí bhoilsciú íseal seasmhach i bpraghsanna a chinntiú do thomhaltóirí.

Is é an Banc Eorpach Infheistíochta banc an Aontais Eorpaigh. Is leis na Ballstáit é agus tá sé mar mhisean aige airgead a thabhairt ar iasacht i gcomhair infheistíochtaí lena dtacaítear le cuspóirí an Aontais. Tá sé dírithe ar acmhainneacht an Aontais a mhéadú i dtaca le poist agus fás agus ar thacaíocht a thabhairt don ghníomhú ar son na haeráide agus do bheartais an Aontais lasmuigh de theorainneacha an Aontais.

Gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh

Cuidíonn roinnt gníomhaireachtaí de chuid an Aontais le hobair an Aontais Eorpaigh. Is eintitis dhlíthiúla iad sin a bunaíodh chun cúraimí sonracha a dhéanamh faoi dhlí an Aontais. Oibríonn siad ar cheisteanna agus ar fhadhbanna a dhéanann difear do ghnáthshaol laethúil na ndaoine atá ina gcónaí san Aontas. Tá tionchar mór acu, agus cuireann siad eolas speisialaithe ar réimsí éagsúla ar fáil d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit, réimsí amhail an chibearshlándáil, sábháilteacht bia agus cógas, cosaint an chomhshaoil, cearta bunúsacha agus slándáil teorann.

2 CINNTÍ A DHÉANAMH

Glacann institiúidí éagsúla páirt i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais. Tá ról lárnach sa phróiseas sin ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún Eorpach.

De ghnáth, is é an Coimisiún Eorpach a mholann gníomhartha dlíthiúla nua agus is iad an Pharlaimint agus an Chomhairle a ghlacann iad. Ó am go chéile, déanann an Chomhairle é sin aisti féin.

Déanann an Coimisiún Eorpach tionchair ionchais agus iarbhír beartas, reachtaíochta agus beart tábhachtach eile a mheas, lena chinntiú go mbainfidh an tAontas a chuid cuspóirí amach ar an mbealach is éifeachtúla is féidir. Bíonn saoránaigh agus páirtithe leasmhara rannpháirteach ag gach céim den timthriall beartais chomh maith, ón bpleanáil go dtí an togra go dtí an cur chun feidhme, agus athbhreithniú agus leasú dá éis sin.

Foilsíonn an Coimisiún Eorpach measúnuithe ar thionchar tionscanta nó treochláir chun tionscnaimh reachtacha nua nó meastóireachtaí beartaithe ar an reachtaíocht atá ann cheana a fhógairt. Déantar anailís agus tuairisciú sna measúnuithe tionchair a ghabhann le tograí reachtacha ar iarmhairtí féideartha eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil na mbeart arna moladh.

Cad faoin reachtaíocht agus na tionscnaimh atá i bhfeidhm cheana féin? Nuair a bhíonn tionscnaimh curtha chun feidhme ar feadh tréimhse leordhóthanach ama, déantar meastóireacht orthu chun a bhfeidhmíocht a mheasúnú de réir critéir chaighdeánacha. Mar chuid de sin, ainítear deiseanna leis an gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) ar chostais rialála a laghdú agus ar na dlíthe atá ann cheana féin a dhéanamh níos simplí.

Tá roinnt cineálacha gníomhartha dlíthiúla ann agus cuirtear i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla iad.

  • Is dlí é rialachán is infheidhme agus ina cheangal go díreach sna Ballstáit go léir. Ní gá do na Ballstáit é a rith sa dlí náisiúnta, cé gurbh fhéidir go gcaithfí dlíthe náisiúnta a athrú chun coinbhleacht idir na dlíthe sin agus an rialachán a sheachaint.
  • Is ionann treoir agus dlí lena gceanglaítear ar na Ballstáit, nó ar ghrúpa Ballstát, cuspóir faoi leith a bhaint amach. De ghnáth, ní mór treoracha a thrasuí sa dlí náisiúnta chun éifeacht a thabhairt dóibh. Is tábhachtach a lua go sonraítear le treoir an toradh atá le baint amach: is faoi na Ballstáit ina n-aonar atá sé a chinneadh cén chaoi a ndéanfar é sin.
  • Is féidir cinneadh a dhíriú ar na Ballstáit, ar ghrúpaí daoine nó ar dhaoine aonair fiú. Tá sé ina cheangal go huile agus go hiomlán. Mar shampla, baintear feidhm as cinntí chun rialú a thabhairt maidir le cumaisc cuideachtaí atá beartaithe.
  • Le moltaí agus tuairimí cuirtear ar chumas institiúidí an Aontais barúil a chur in iúl do na Ballstáit, agus do shaoránaigh aonair i gcásanna áirithe. Níl an bharúil sin ceangailteach agus ní chuirtear aon oibleagáid dhlíthiúil leis ar an duine ná ar an eintiteas a bhfuil sé dírithe air.

Tá gach togra le haghaidh gníomh dlíthiúil nua i gcomhréir le hairteagal faoi leith de chonradh, ar a dtugtar bunús dlí an togra. Cinntear leis sin an nós imeachta reachtach nach mór a leanúint.

Déantar formhór na ndlíthe de réir próiseas ar a dtugtar an gnáthnós imeachta reachtach.

Gnáthnós imeachta reachtach

Is é an gnáthnós imeachta reachtach, ar a dtugtar nós imeachta na comhchinnteoireachta freisin, an nós imeachta is coitianta chun reachtaíocht an Aontais a ghlacadh. De réir an nós imeachta sin tá Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar comhchéim le chéile, agus is gníomhartha comhpháirteacha ón bParlaimint agus ón gComhairle iad na dlíthe a ritear faoin nós imeachta sin. Tá feidhm aige maidir le formhór mór na reachtaíochta Eorpaí, a chumhdaíonn raon leathan réimsí amhail cearta tomhaltóirí, cosaint an chomhshaoil, agus an t-iompar. Faoin ngnáthnós imeachta reachtach, cuireann an Coimisiún togra i láthair agus déanfar gníomh de má ghlacann an Pharlaimint agus an Chomhairle araon é. Nuair a fhaightear an togra, téann an próiseas ar aghaidh mar seo a leanas.

An chéad léamh

  • Déanann Parlaimint na hEorpa díospóireacht ar an togra i gcoistí na Parlaiminte. Cuirtear síos aon leasuithe ar an togra atáthar a iarraidh agus déantar vótáil orthu sna coistí sin. Cuirtear an togra ar aghaidh ansin chuig an bParlaimint iomlán. Vótálann an Pharlaimint air (agus ar leasuithe breise) i seisiún iomlánach.
  • Scrúdaíonn an Chomhairle agus na Ballstáit an reachtaíocht go mion; déantar an chuid is mó den phlé sin i ngrúpa oibre státseirbhíseach. Is féidir mórán ceisteanna a réiteach ar an leibhéal teicniúil sin, nó ar na leibhéil atá díreach os a chionn, cé go bhféadfadh go mbeadh roinnt ábhar le tabhairt chun críche fós ag cruinnithe na n-airí ábhartha. Tiocfaidh an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an reachtaíocht — is féidir sin a dhéanamh sula vótála an Pharlaimint uirthi nó dá sin. Nuair a bhíonn an vótáil déanta ag an bParlaimint, déantar can comhaontú polaitiúil a iompú ina chomhsheasamh foirmiúil. Má tá comhsheasamh na Comhairle éagsúil le vóta na Parlaiminte, cuirtear an reachtaíocht ar aghaidh chuig an dara léamh d’fhonn na difríochtaí a réiteach.
  • Is minic a bhuaileann ionadaithe na Parlaiminte agus na Comhairle le chéile go neamhfhoirmiúil chun teacht ar chomhaontú sula gcuireann siad a seasaimh ar bhonn foirmiúil. Má thagann siad ar chomhaontú, glacfaidh an Chomhairle an téacs céanna a ghlacfaidh an Pharlaimint agus déanfar dlí den togra. Tugtar comhaontú ar an gcéad léamh air sin.

An dara léamh

  • Mura thagtar ar aon chomhaontú ar an gcéad léamh, ní mór tús a chur leis an dara léamh. Leanann sé patrún atá cosúil leis an gcéad léamh, cé gurb amhlaidh an uair seo a scrúdaíonn an Pharlaimint na hathruithe a mhol an Chomhairle agus a vótálann sí orthu, agus breithníonn an Chomhairle an rud atá á mholadh ag an bParlaimint ansin. Is próiseas níos tapa ná an chéad léamh é an dara léamh mar nach féidir ach difríochtaí idir seasamh na Parlaiminte agus seasamh na Comhairle a phlé agus toisc go bhfuil teorainn ama le heilimintí éagsúla.
  • Is féidir go dtiocfadh an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú ag an gcéim sin (comhaontú ar an dara léamh). Mura féidir leis an dá institiúid teacht ar chomhaontú comhpháirteach maidir leis an ngníomh dlíthiúil atá beartaithe, cuirtear ar aghaidh chuig Coiste Idir-réitigh é, ar a bhfuil an líon céanna ionadaithe ón bParlaimint agus ón gComhairle. Is annamh anois a bhaintear feidhm as an nós imeachta idir-réitigh sin. Glactar formhór na ngníomhartha dlíthiúla de réir an ghnáthnós imeachta reachtaigh ag an gcéad léamh nó ag an dara léamh.
  • A luaithe a chomhaontaítear téacs deiridh agus a chríochnaítear na haistriúcháin ar fad, cuirtear an reachtaíocht ar aghaidh chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle ionas gur féidir leo í a ghlacadh mar ghníomh dlíthiúil. Foilseofar ansin í in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i 24 theanga oifigiúla an Aontais. Sonrófar leis an reachtaíocht an uair a chaithfear í a chur chun feidhme sna Ballstáit, nó, i gcás rialacháin, an uair a thiocfaidh sé i bhfeidhm.

Is féidir leis an gCoimisiún Ballstáit a thabhairt chun na cúirte agus a iarraidh go ngearrfaí fíneáil orthu murar cuireadh reachtaíocht an Aontais chun feidhme. Is sna Ballstáit a chuirtear an reachtaíocht Eorpach ar fad nach mór i bhfeidhm. Mar thoradh air sin, bíonn gearáin ann uaireanta maidir le difríochtaí idir cur chun feidhme na rialacha i dtíortha éagsúla. Cuirtear roinnt cinntí i bhfeidhm go díreach ar leibhéal an Aontais, go háirithe cinntí maidir le dlí na hiomaíochta amhail cásanna in aghaidh trustaí. Tá tuilleadh eolais thíos i gCuid 3 den roinn seo, A chinntiú go n-urramófar dlíthe an Aontais.

Cé eile a dtéitear i gcomhairle leis?

Nuair a bhíonn cinntí á ndéanamh i réimsí beartais áirithe, téann an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (ar a bhfuil Christa Schweng ina Uachtarán air).

Maidir le hábhair a bhaineann leis na réigiúin, ní mór don Pharlaimint, don Chomhairle agus don Choimisiún dul i gcomhairle le Coiste Eorpach na Réigiún (a bhfuil Apostolos Tzitzikostas ina Uachtarán air).

Níl tuairimí na gcoistí ceangailteach ar institiúidí an Aontais.

Ina theannta sin, is féidir dul i gcomhairle le hinstitiúidí agus le comhlachtaí eile i gcás ina dtagann togra faoina réimse leasa nó saineolais. Téitear i gcomhairle, mar shampla, leis an mBanc Ceannais Eorpach i gcás tograí a bhaineann le cúrsaí eacnamaíocha nó cúrsaí airgeadais.

Maoirseacht náisiúnta

Faigheann na parlaimintí náisiúnta dréachtghníomhartha reachtacha ag an am céanna agus a fhaigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle iad. Is féidir leo a dtuairim a thabhairt orthu lena chinntiú go ndéanfar cinntí ar an leibhéal is iomchuí. Déanann na parlaimintí náisiúnta faireachán ar fheidhmiú ceart an phrionsabail sin um choimhdeacht i dtaca le cinnteoireacht an Aontais agus is féidir leo "tuairimí réasúnaithe" a thabhairt má cheapann siad nach bhfuil an prionsabal sin á urramú.

Rannpháirtíocht mar shaoránach

Tá sé de ceart ag gach saoránach den Aontas achainí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais. Is féidir é sin dhéanamh mar ghearán nó mar iarratas, maidir le saincheist a thagann faoi réimsí gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh. Scrúdaíonn an Coiste um Achainíocha de chuid na Parlaiminte na hachainíocha. Déanann sé cinneadh maidir lena n-inghlacthacht agus is é atá freagrach as déileáil leo.

Chomh maith leis sin, is féidir le saoránaigh páirt dhíreach a ghlacadh i bhforbairt bheartais an Aontais má iarrann siad ar an gCoimisiún togra a dhéanamh maidir le nithe a bhfuil inniúlacht ag an Aontas reachtaíocht a rith ina leith. Maidir le Tionscnamh ó na Saoránaigh, mar a thugtar air, ní mór tacaíocht a fháil ina leith ó 1 mhilliún saoránach den Aontas ar a laghad as seacht gcinn de na Ballstáit ar a laghad. Tá líon íosta sínitheoirí de dhíth i ngach ceann de na seacht mBallstát sin.

Féadfaidh saoránaigh a gcuid tuairimí faoi thionscnaimh an Choimisiúin a chur in iúl ag príomhchéimeanna den phróiseas cinnteoireachta agus reachtóireachta. Tríd an tairseach gréasáin Nocht do Thuairim, is féidir le saoránaigh agus páirtithe leasmhara rannchuidiú ar bhealaí éagsúla:

  • Déanann an Coimisiún tionscnamh nua nó measúnú ar bheartas nó dlí atá ann cheana féin a fhógairt ar dtús trí mheasúnú tionchair tosaigh nó treochlár a fhoilsiú. Bíonn 4 seachtaine ag saoránaigh agus páirtithe leasmhara chun aiseolas a thabhairt, agus foilsítear an t-aiseolas sin ar an leathanach gréasáin céanna.
  • Nuair a bhíonn an Coimisiún ag obair ar thionscnamh nua nó ar mheastóireacht, reáchtálann sé comhairliúcháin phoiblí le ceistneoirí ar líne, a bhíonn oscailte ar feadh 12 sheachtain.
  • Tar éis don Choimisiún togra reachtach a thabhairt chun críche agus a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, bíonn deis eile ag na saoránaigh trácht a dhéanamh air. 8 seachtaine a bhíonn sa tréimhse inar féidir aiseolas a thabhairt ar thograí an Choimisiúin, agus tar éis na tréimhse sin seoltar na tráchtanna ar aghaidh chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle le go gcuirfidís san áireamh ina gcuid caibidlíochta iad.
  • Trí "Cloisimis uait: Simplímis iad!", is féidir le saoránaigh moltaí a chur chuig an gCoimisiún, tráth ar bith, maidir leis an gcaoi ar féidir na dlíthe nó na beartais atá ann cheana a dhéanamh níos simplí agus a fheabhsú, i dtreo go mbeidh siad níos éifeachtaí agus go mbeidh ualach níos lú i gceist leo.

Beartais na mBallstát a chomhordú — sampla an bheartais eacnamaíoch

Faoin aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, tá beartas eacnamaíoch an Aontais bunaithe ar bheartais eacnamaíocha náisiúnta a chomhordú go dlúth. Is iad na hairí eacnamaíochta agus airgeadais a dhéanann an comhordú sin agus is iadsan i dteannta a chéile a chuimsíonn an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais.

Is iad airí geilleagair agus airgeadais chomhaltaí an limistéir euro a chomhdhéanann an Grúpa Euro, a ghníomhaíonn chun fás eacnamaíoch agus cobhsaíocht airgeadais a chur chun cinn sa limistéar euro.

An comhbheartas eachtrach agus slándála

Is éard atá sa chomhbheartas eachtrach agus slándála, beartas eachtrach eagraithe comhaontaithe atá ag an Aontas, go háirithe i gcomhair taidhleoireachta slándála agus cosanta. Chun cinntí a dhéanamh faoin mbeartas sin, is gá na Ballstáit i gComhairle an Aontais Eorpaigh a bheith ar a son d’aon ghuth ach, a luaithe a chomhaontaítear na cinntí, is féidir gnéithe áirithe díobh a shocrú a thuilleadh le tromlach cáilithe. Is é Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin, mar atá Josep Borrell Fontelles faoi láthair, a dhéanann ionadaíocht ar an mbeartas eachtrach agus a dhéanann cathaoirleacht ar chruinnithe na n-airí eachtracha freisin.

Comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích

Gach bliain, tugann an Chomhairle roinnt comhaontuithe i gcrích (i.e. síníonn sí go hoifigiúil iad) idir an tAontas Eorpach agus tíortha nach bhfuil san Aontas, agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile freisin. Féadann na comhaontuithe sin réimsí ginearálta a chumhdach amhail trádáil, comhar agus forbairt nó féadann siad déileáil le hábhair faoi leith amhail teicstílí, iascach, eolaíocht agus teicneolaíocht, nó iompar. Tá toiliú na Parlaiminte de dhíth le haghaidh na gcomhaontuithe idirnáisiúnta go léir a thagann faoin ngnáthnós imeachta reachtach.

Buiséad an Aontais a fhormheas

Is i gcomhpháirt le chéile a chinneann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle buiséad bliantúil an Aontais. Mura dtagann an dá institiúid ar chomhaontú, leantar nósanna imeachta idir-réitigh go dtí go ndéantar buiséad a cheadú. Tá tuilleadh eolais thíos i gCuid 4 den roinn seo Bearta a dhéanamh: buiséad an Aontais.

3 A CHINNTIÚ GO nURRAMÓFAR DLÍTHE AN AONTAIS

Cinntíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go ndéantar reachtaíocht an Aontais a léirmhíniú agus a chur chun feidhme ar an mbealach céanna i ngach Ballstát. Tá sé de chumhacht ag an gCúirt díospóidí dlí idir na Ballstáit, institiúidí an Aontais, gnólachtaí agus daoine aonair a réiteach. Chun dul i ngleic leis na mílte cásanna a chuirtear faoina bráid, tá an chúirt roinnte ina dhá príomhchomhlacht: an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta.

Má rinneadh damáiste do dhuine príobháideach nó do chuideachta de thoradh gníomh nó ar neamhghníomh a rinne nó nach ndearna institiúid de chuid an Aontais nó a foireann, is féidir leis an duine cás a thionscnamh ina haghaidh sa Chúirt, ar dhá bhealach:

  • go hindíreach trí na cúirteanna náisiúnta, a fhéadfaidh a chinneadh go gcuirfear an cás faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais;
  • go díreach os comhair na Cúirte Ginearálta, má chuaigh cinneadh ó institiúid de chuid an Aontais i gcion orthu go díreach agus ina n-aonar.

Má mheasann duine gur sháraigh na húdaráis in aon tír faoi leith dlí an Aontais, is féidir leis an duine sin leas a bhaint as an nós imeachta oifigiúil i dtaca le gearáin.

Conas a fheidhmíonn an Chúirt

Baineann dhá chéim le cásanna a phróiseáil.

  • An chéim scríofa. Tugann na páirtithe ráitis i scríbhinn don chúirt, agus is féidir le húdaráis náisiúnta, institiúidí an Aontais agus, uaireanta, daoine príobháideacha, barúlacha a chur isteach freisin. Déanann an breitheamh is rapóirtéir achoimre ar an méid sin ar fad agus ansin déantar é a phlé ag cruinniú ginearálta na Cúirte.
  • An chéim ó bhéal. Is éisteacht phoiblí í seo: cuireann dlíodóirí ón dá thaobh a gcás os comhair na mbreithiúna agus an abhcóide ghinearálta, agus is féidir leis na breithiúna agus leis an abhcóide iad a cheistiú. Má chinneann an Chúirt go bhfuil gá le tuairim ón abhcóide ginearálta, tugtar í sin roinnt seachtainí tar éis na héisteachta. Ansin déanann na breithiúna breithniú ar an gcás agus tugann siad a mbreith.

Tá nós imeachta na Cúirte Ginearálta ar aon dul leis sin, ach amháin sa mhéid go mbíonn formhór na gcásanna á n-éisteacht ag triúr breithiúna agus nach mbíonn aon abhcóidí ginearálta ann.

Institiúidí breithiúnacha eile de chuid an Aontais

Faigheann an tOmbudsman gearáin agus imscrúdaíonn sé iad agus cuidíonn sé le drochriarachán a shainaithint in institiúidí an Aontais agus i gcomhlachtaí eile. Is féidir le haon saoránach, cónaitheoir, cumann nó gnólacht ó Bhallstát de chuid an Aontais gearán a dhéanamh leis an Ombudsman.

Tá sé de chúram ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faisnéis phearsanta agus príobháideacht shaoránaigh agus chónaitheoirí an Aontais a chosaint, sa chás ina bhfuil an fhaisnéis sin á stóráil ag institiúidí an Aontais i bhfoirm leictreonach, scríofa nó amhairc. Chomh maith leis sin, cuireann sé an dea-chleachtas chun cinn sa réimse sin i measc institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais.

4 BEARTA A DHÉANAMH: BUISÉAD AN AONTAIS

Comhaontaíonn an tAontas pleananna caiteachais fadtéarmacha (ar a dtugtar an creat airgeadais ilbhliantúil) lena gcuirtear bonn seasmhach ar fáil chun an buiséad a chur chun feidhme thar thréimhse 7 mbliana ar a laghad. Fágann an creat airgeadais ilbhliantúil gur féidir leis an Aontas na buiséid náisiúnta a chomhlánú le beartais mhaoiniúcháin a bhfuil breisluach ag baint leo don Aontas. Leagtar síos sa chreat airgeadais ilbhliantúil na huasmhéideanna bliantúla (uasteorainneacha) is féidir leis an Aontas a chaitheamh i gcatagóirí éagsúla caiteachais (ceannteidil). Cumhdaítear leis an mbuiséad reatha an tréimhse 2021-2027 agus ceadaítear don Aontas thart ar EUR 1.2 trilliún a infheistiú thar an tréimhse sin i seacht gcatagóir caiteachais. Déantar an buiséad seo a fhorlíonadh go heisceachtúil le EUR 806.9 billiún i ndeontais agus iasachtaí ó NextGenerationEU: plean téarnaimh an Aontais chun dul i ngleic le toradh sóisialta agus eacnamaíoch na paindéime COVID-19.

Is i gcomhpháirt le chéile a chinneann Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh buiséad bliantúil an Aontais. Déantar díospóireacht air sa Pharlaimint in dhá léamh tar éis a chéile agus tagann sé i bhfeidhm a luaithe a shíníonn Uachtarán na Parlaiminte é. Déanann an Coiste um Rialú Buiséadach de chuid na Parlaiminte faireachán ar an gcaoi a gcaitear an buiséad agus cinneann an Pharlaimint gach bliain cé acu a fhormheasfaidh nó nach bhformheasfaidh sí an dóigh ar láimhseáil an Coimisiún an buiséad don bhliain airgeadais roimhe sin.

Bhí thart ar EUR 170 billiún i mbuiséad bliantúil an Aontais in 2022 — suim mhór mar ghlanfhigiúr, ach níl ansin ach 1 % den rachmas a chruthaíonn geilleagair na mBallstát gach bliain.

Buiséad fadtéarmach an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2021-2027 agus Next Generation EU



Tá an Coimisiún freagrach as buiséad an Aontais, chomh maith leis na beartais agus na cláir a ghlacann an Pharlaimint agus an Chomhairle, a bhainistiú agus a chur chun feidhme. Is iad na húdaráis náisiúnta agus áitiúla a chaitheann an chuid is mó den bhuiséad ach tá an Coimisiún freagrach as maoirseacht a dhéanamh air. Coinníonn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa súil ghéar ar an gcaoi a láimhseálann an Coimisiún an buiséad. Tá sé mar aidhm ag an dá institiúid bainistíocht fhónta airgeadais a chinntiú.

Gach bliain, ar bhonn mholadh ón gComhairle, socraíonn Parlaimint na hEorpa cé acu a fhormheasfaidh nó nach bhformheasfaidh sí buiséad an Aontais ar bhonn na caoi ar chuir an Coimisiún chun feidhme é. “Urscaoileadh” a thugtar ar an bpróiseas sin. Cinntítear leis an nós imeachta sin go bhfuil freagracht agus trédhearcacht iomlán ann, agus nuair a thugtar “an t-urscaoileadh” dúntar na cuntais go foirmiúil don bhliain áirithe sin.

Is institiúid sheachtrach neamhspleách iniúchóireachta an Aontais Eorpaigh í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa. Seiceálann sí cé acu a fuarthas nó nach bhfuarthas ioncam an Aontais mar is ceart, cé acu a tabhaíodh nó nár tabhaíodh a chuid caiteachais ar bhealach dlíthiúil rialta agus cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh bainistíocht airgeadais fhónta ann. Déanann sí a cúraimí go neamhspleách ar institiúidí agus ar rialtais eile de chuid an Aontais.

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Dul ann tú féin

Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Ar an bhfón nó i scríbhinn

Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

  • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (d’fhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
  • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
  • tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.

EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

Ar líne

Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).

Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh

Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le d’ionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara

Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).

Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh

Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.

Maidir le

An tAontas Eorpach — Cad é agus cad a dhéanann sé?

An Coimisiún Eorpach
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Seirbhís eagarthóireachta & Sprioc For-rochtana
Rue de la Loi/Wetstraat 56
1049 Bruxelles/Brussel
BELGIQUE/BELGIË

Lámhscríbhinn arna críochnú i Márta 2022

Ní féidir a mheas gurb é atá sa doiciméad seo seasamh oifigiúil an Choimisiúin Eorpaigh.

Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022

© An tAontas Eorpach, 2022

Údaraítear athúsáid ach an fhoinse a admháil.

Déantar beartas atáirgthe dhoiciméid an Choimisiúin Eorpaigh a rialú le Cinneadh 2011/833/AE (IO L 330, 14.12.2011, lch. 39).

Chun grianghraif nó ábhar eile nach bhfuil faoi chóipcheart an Aontais a úsáid nó a atáirgeadh, ní mór cead a fháil go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt.

Gach grianghraf: © Shutterstock, © Fotolia agus © Adobe Stock ach amháin na grianghraif ar na leathanaigh seo a leanas: an fhreagairt ar COVID-19; An Comhaontú Glas don Eoraip; Poist, fás agus infheistíocht; Cáin agus custaim; An spás: Comharsanacht agus méadú an Aontais; Cearta bunúsacha; Ceartas agus an smacht reachta; Comhionannas inscne; Ciníochas agus comhionannas; Comhionannas LGBTIQ; Míchumas; Daoine atá os cionn 50; Idirlíon níos sábháilte; Saoránaigh agus an daonlathas; Gnóthaí baile agus slándáil na saoránach; Cultúr, meáin agus spórt: © An tAontas Eorpach.

Aitheantóirí

Print ISBN 978-92-76-24647-3 doi:10.2775/80405 NA-04-20-632-GA-C
PDF ISBN 978-92-76-24623-7 doi:10.2775/84987 NA-04-20-632-GA-N
HTML ISBN 978-92-76-24605-3 doi:10.2775/977683 NA-04-20-632-GA-Q