An tAontas Eorpach

Cad é agus cad a dhéanann sé?

Eolas faoin Aontas Eorpach agus faoin obair a bhíonn ar siúl aige atá san fhoilseachán seo.

Sa chéad roinn de, tugtar míniú gearr ar an Aontas Eorpach.

Sa dara roinn, “An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach”, déantar cur síos ar an obair atá á déanamh ag an Aontas i 35 réimse éagsúil chun saol mhuintir na hEorpa, agus saol daoine níos faide i gcéin, a fheabhsú.

Sa tríú roinn, “Conas a dhéanann an tAontas Eorpach cinntí agus conas a chuireann sé i ngníomh iad”, déantar cur síos ar na hinstitiúidí atá ag croílár phróiseas cinnteoireachta an Aontais agus ar an gcaoi a ndéantar a gcuid cinntí a chur i ngníomh.

  HTML PDF PRINT
Tá an foilseachán seo ar fáil sna formáidí seo a leanas HTML PDF General Report Paper General Report

1 Achoimre ar an Aontas Eorpach

Is aontas uathúil eacnamaíoch agus polaitiúil idir 27 dtír Eorpacha atá san Aontas Eorpach (AE).

Cruthaíodh réamhtheachtaí an Aontais tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Is chun comhar eacnamaíoch a chothú a rinneadh na chéad bhearta: measadh gur mhó an seans go seachnódh tíortha an chogaíocht dá mbeidís i mbun trádála le chéile agus a ngeilleagair ag brath ar a chéile. Cruthaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa in 1958 dá thoradh sin, agus bhí sé mar aidhm thosaigh aige comhar eacnamaíoch a mhéadú idir sé thír: an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, Ísiltír agus Lucsamburg.

Ó shin i leith, tháinig 22 thír eile isteach san Aontas (agus d’imigh an Ríocht Aontaithe as an Aontas in 2020) agus cruthaíodh margadh aonair ollmhór (ar a dtugtar an margadh “inmheánach” chomh maith) atá fós ag forbairt i dtreo bharr a chumais.

Is aontas eacnamaíoch amháin a bhí ann ar dtús ach anois tá sé ina eagraíocht lena bhfuil mórán réimsí beartais éagsúla cumhdaithe, ó chúrsaí aeráide, comhshaoil agus sláinte go cúrsaí caidrimh sheachtraigh agus slándála, ceartais agus imirce. Athraíodh an t-ainm ó Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa go dtí an tAontas Eorpach in 1993 chun é sin a léiriú.

D’éirigh leis an Aontas síocháin, cobhsaíocht agus rathúnas a dhaingniú ar feadh breis agus 50 bliain, chabhraigh sé chun caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú agus sheol sé airgeadra Eorpach aonair: an euro. San am i láthair, úsáideann breis agus 340 milliún saoránach den Aontas i 19 dtír é mar airgeadra agus baineann siad tairbhe as.

Ós rud é gur cuireadh deireadh le rialuithe teorann idir tíortha an Aontais, tá saorchead taistil ag daoine ar fud fhormhór na mór-roinne. Agus tá sé i bhfad níos éasca anois maireachtáil agus oibriú i dtír eile san Eoraip. Tá an ceart agus an tsaoirse ag saoránaigh uile an Aontais an tír san Aontas ar mian leo staidéar a dhéanamh inti, oibriú nó dul ar scor inti a roghnú. Ní mór do thíortha uile an Aontais plé le saoránaigh an Aontais ar an mbealach ceannann céanna agus a bpléann siad lena gcuid saoránach féin ó thaobh cúrsaí fostaíochta, slándála sóisialaí agus cánach de.

Is é an margadh aonair príomhinneall eacnamaíoch an Aontais. Cumasaítear saorghluaiseacht an chuid is mó de na hearraí, na seirbhísí, an airgid agus na ndaoine dá thoradh. Tá sé d’aidhm ag an Aontas an acmhainn ollmhór sin a fhorbairt maidir le réimsí eile amhail fuinneamh, eolas agus margaí caipitil, lena chinntiú go bhféadfaidh muintir na hEorpa an tairbhe is mó is féidir a bhaint aisti.

Tá an tAontas dírithe fós ar a chuid institiúidí ceannais a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos daonlathaí. Glactar cinntí ar an mbealach is oscailte is féidir agus chomh gar agus is féidir don saoránach. Tugadh tuilleadh cumhachtaí do Pharlaimint na hEorpa, a toghadh go díreach, agus tá ról níos mó ag parlaimintí náisiúnta anois, a oibríonn taobh leis na hInstitiúidí Eorpacha.

Tá an tAontas faoi rialú ag prionsabal an daonlathais ionadaíoch, sa chaoi go n-ionadaítear do na saoránaigh go díreach ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa agus go n-ionadaítear do na Ballstáit sa Chomhairle Eorpach agus i gComhairle an Aontais Eorpaigh.

Moltar do shaoránaigh rannchuidiú le saol daonlathach an Aontais trína gcuid tuairimí a chur in iúl faoi bheartais an Aontais agus iad á bhforbairt, nó trí fheabhsuithe ar dhlíthe agus ar bheartais atá ann cheana féin a mholadh. Trí Thionscnamh Eorpach na Saoránach tugtar deis do shaoránaigh ionchur a bheith acu i mbeartais an Aontais a mbeidh tionchar acu ar a gcuid saolta. Is féidir le saoránaigh gearáin agus fiosruithe a chur isteach chomh maith maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais.

De réir mar atá leagtha síos sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, “tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar urramú dhínit an duine, na saoirse, an daonlathais, an chomhionannais, an smachta reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir”. Tá na luachanna sin ina gcuid dhílis de shlí mhaireachtála na hEorpa.

Ní mór dínit an duine a urramú, a chosaint agus is ionann í agus bunphrionsabal na gceart bunúsach.

Bíonn cearta polaitiúla ag saoránaigh Eorpacha chomh maith. Tá an ceart ag gach saoránach den Aontas seasamh mar iarrthóir agus vótáil i dtoghcháin chuig Parlaimint na hEorpa, cibé acu ina dtír chónaithe nó ina dtír thionscnaimh a sheasfaidh siad.

Is ionann comhionannas agus cearta cothroma do na saoránaigh uile os comhair an dlí. Tá prionsabal an chomhionannais idir mná agus fir mar bhonn agus mar thaca ag na beartais Eorpacha uile agus is é bonn na lánpháirtíochta Eorpaí é. Tá feidhm aige i ngach réimse.

Tá an tAontas Eorpach bunaithe ar an smacht reachta. Tá gach rud a dhéanann an tAontas Eorpach bunaithe ar chonarthaí, arna gcomhaontú ag a Bhallstáit dá ndeoin féin agus go daonlathach. Tá an dlí agus an ceartas faoi chosaint ag breithiúna neamhspleácha. Chinn Ballstáit an Aontais gur ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bheadh an dlínse chríochnaitheach ó thaobh dhlí an Aontais de agus ní mór do gach saoránach breitheanna na Cúirte sin a urramú.

Cosnaítear cearta an duine le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ar na cearta sin tá an ceart a bheith saor ó idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas, cine, bunús eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach, an tsaoirse chun do shonraí pearsanta a chosaint, agus an ceart rochtain a fháil ar an gceartas.

Sa bhliain 2012, bronnadh Duais Nobel na Síochána ar an Aontas Eorpach as an tsíocháin, an t-athmhuintearas, an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn san Eoraip.

Ballstáit agus institiúidí an Aontais Eorpaigh

Is iad 27 mBallstát an Aontais agus a gcuid saoránach croílár an Aontais Eorpaigh. Is gné uathúil den Aontas é gur chinn na Ballstáit cuid dá “gceannasacht” a chur le chéile i réimsí ina bhfuil sé den chiall a bheith ag obair le chéile, cé gur stáit cheannasacha neamhspleácha iad i gcónaí.

Is é is ciall leis sin, go praiticiúil, go ndáileann na Ballstáit cuid dá gcumhachtaí cinnteoireachta ar na hinstitiúidí a chruthaigh siad le chéile ionas gur féidir leo cinntí ar ábhair faoi leith a mbaineann an leas coiteann leo a dhéanamh go daonlathach ar leibhéal an Aontais. Tarmligean cumhachtaí a thugtar ar an dáileadh sin.

Baill Stáit an Aontais Eorpaigh in 2020


Tá roinnt institiúidí rannpháirteach i gcinnteoireacht ar leibhéal an Aontais, go háirithe:

  • Parlaimint na hEorpa, a dhéanann ionadaíocht do shaoránaigh an Aontais. Is iad na saoránaigh a thoghann na feisirí go díreach;
  • an Chomhairle Eorpach atá comhdhéanta de Chinn Stáit nó Rialtais Bhallstáit an Aontais;
  • an Chomhairle (ar a dtugtar Comhairle an Aontais Eorpaigh freisin), a dhéanann ionadaíocht ar rialtais Bhallstáit an Aontais; agus
  • an Coimisiún Eorpach a bhfuil leas an Aontais ina iomláine de chúram air.

Tá ról ag parlaimintí náisiúnta na mBallstát chomh maith i gcinntí a dhéanamh agus dlíthe a dhéanamh, agus dhá chomhlacht chomhairleacha sin. Is iad sin Coiste Eorpach na Réigiún, ina bhfuil ionadaithe ó rialtais réigiúnacha agus áitiúla, agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ina bhfuil ionadaithe d’eagraíochtaí fostaithe agus fostóirí agus grúpaí páirtithe leasmhara.

Is é an Coimisiún Eorpach a mholann dlíthe nua de ghnáth, agus is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle (ar a dtugtar Comhairle an Aontais Eorpaigh chomh maith) a ghlacann iad.

Bíonn na comhlachtaí comhairleacha (Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún) agus na parlaimintí náisiúnta rannpháirteach sa phróiseas chomh maith trína gcuid tuairimí a chur in iúl maidir leis na tograí, ó thaobh phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta go príomha. Is é is ciall leis an gcoimhdeacht nach nglacann an tAontas gníomh ach amháin sa chás ina mbeidh gníomh ar leibhéal an Aontais níos éifeachtaí ná gníomh ar an leibhéal náisiúnta, ach amháin sna réimsí sin ina bhfuil cumhachtaí eisiacha aige. De réir phrionsabal na comhréireachta, ní mór gníomh an Aontais a theorannú don mhéid atá riachtanach chun cuspóirí Chonarthaí an Aontais Eorpaigh a bhaint amach.

Ansin cuireann na Ballstáit agus an institiúid nó na hinstitiúidí de chuid an Aontais lena mbaineann na dlíthe arna nglacadh ag an Aontas chun feidhme. Sa tríú roinn den fhoilseachán seo tugtar tuilleadh eolais faoin gcaoi a ndéanann an tAontas cinntí agus faoin gcaoi a gcuireann sé na cinntí sin chun feidhme.

Conarthaí an Aontais Eorpaigh

Tá gach beart a dhéanann an tAontas bunaithe ar chonarthaí a d’fhormheas na Ballstáit go léir go deonach agus go daonlathach. Leagtar síos cuspóirí an Aontais sna conarthaí agus leagtar amach iontu na rialacha maidir leis an gcaoi a bhfeidhmíonn na hinstitiúidí, an chaoi a ndéantar cinntí agus an gaol idir an tAontas agus a chuid Ballstát.

I gcásanna sonracha faoi leith, ní bhíonn na Ballstáit go léir rannpháirteach i ngach réimse de bheartas an Aontais. Mar shampla, cé gurb é an euro airgeadra aonair an Aontais ina iomláine, níl ach 19 mBallstát sa limistéar euro faoi láthair, ós rud é go bhfuil rogha an diúltaithe ag an Danmhairg agus nach gcomhlíonann na tíortha eile na critéir le bheith rannpháirteach ann fós. Tá 22 Bhallstát ina mbaill de limistéar Schengen, limistéar ina gceadaítear gluaiseacht saor ó phasanna. Tá a rialuithe teorann féin ag na cúig Bhallstát eile.

Súil chun cinn

Ionas nach n-imeoidh an tionscadal Eorpach dá chúrsa, thug Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh ag an am sin, tuairisc san aitheasc uaidh ar Staid an Aontais 2016, ar chlár oibre dearfach chun Eoraip a chruthú lena gcumhdófar, ina gcumasófar agus ina gcosnófar na saoránaigh. D’fháiltigh Parlaimint na hEorpa agus 27 gceannaire an Aontais roimh an teachtaireacht sin ag Cruinniú Mullaigh na Bratasláive an 16 Meán Fómhair 2016.

Leanadh den obair ar an gclár oibre dearfach agus i mí an Mhárta 2017 foilsíodh Páipéar Bán an Choimisiúin maidir le Todhchaí na hEorpa, inar cuireadh cúig cinn de chásanna i láthair maidir leis an gcuma a d’fhéadfadh a bheith ar an Aontas faoin mbliain 2025. Tar éis dó an Páipéar Bán a fhoilsiú, chuir an Coimisiún leis an díospóireacht le sraith de pháipéir mhachnaimh théamacha inar tugadh roghanna éagsúla don Aontas Eorpach i réimsí beartais faoi leith: gné shóisialta na hEorpa; leas a bhaint as an domhandú; an t-aontas faoi leith: gné shóisialta na hEorpa; leas a bhaint as an domhandú; an t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a neartú; todhchaí chosaint na hEorpa; agus todhchaí airgeadas an Aontais Eorpaigh.

Tá idir dheiseanna agus dhúshláin i ndán don Aontas Eorpach sna blianta amach romhainn. Thug na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa sa bhliain 2019, agus an cruinniú mullaigh urghnách chun todhchaí na hEorpa a phlé in Sibiu na Rómáine, an 9 Bealtaine 2019, an deis don Aontas a thiomantas a athnuachan do thorthaí a bhaint amach i leith na saincheisteanna atá tábhachtach i ndáiríre do dhaoine.

D’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa chun cead cainte a thabhairt do mhuintir na hEorpa maidir leis an gcaoi a ritear an tAontas, agus maidir leis na nithe a chuireann sé i gcrích. Cuirfear tús léi in 2020 agus mairfidh sí dhá bhliain. Tabharfar le chéile inti daoine de gach aois ó gach cearn den Aontas Eorpach chomh maith le hionadaithe ón tsochaí shibhialta, ó na Ballstáit agus ó na hInstitiúidí Eorpacha.

2 Cad a dhéanann an tAontas Eorpach?

Tá achoimre sa dara cuid den fhoilseachán seo ar an obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach i 35 réimse beartais ar leith agus tá naisc úsáideacha ann lenar féidir tuilleadh eolais a fháil.

Sláinte phoiblí


Cliceáil anseo le haghaidh an eolais is déanaí ón gCoimisiún Eorpach faoin ráig den choróinvíreas (COVID-19), comhairle taistil ina measc

Tá sláinte na saoránach ina príomhthosaíocht ag an Aontas Eorpach. Comhlánaítear beartais sláinte na mBallstát le beartas sláinte an Aontais agus cinntítear leis go gcosnaítear na daoine go léir atá ina gcónaí san Aontas ar bhagairtí tromchúiseacha sláinte trasteorann agus go bhfuil fáil acu ar chúram sláinte den scoth.

Cé go bhfuil freagracht ar gach Ballstát i dtaca le cúram sláinte a eagrú, déantar beartais náisiúnta a chomhlánú le beartais an Aontais chun cuspóirí comhroinnte a bhaint amach Tá an ról atá ag an Aontas in ullmhú do bhagairtí tromchúiseacha sláinte trasteorann agus i bhfreagairt dóibh ina ról ríthábhachtach chun Eorpaigh a chosaint agus áirítear leis bearta maidir le vacsaíniú, dul i ngleic le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, agus paindéimí agus galair thógálacha eile, amhail Ebola, a chosc agus a theorannú. Le beartas sláinte an Aontais cruthaítear barainneachtaí scála trí acmhainní a chomhthiomsú. Cabhraíonn sé freisin le tíortha dul i ngleic le dúshláin choiteanna, lena n-áirítear na tosca riosca a bhaineann le galair ainsealacha nó an tionchar atá ag ionchas méadaithe saoil ar chórais cúraim sláinte.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

beartas sláinte an Aontais dírithe ar dhul i ngleic le bagairtí tromchúiseacha sláinte ar fud an Aontais, ar ghalair a chosc agus ar a chinntiú go dtabharfar an deis chéanna do gach duine i dtaca le dea-shláinte agus le cúram sláinte. Téann dea-shláinte an daonra chun tairbhe don gheilleagar freisin, agus, dá bhrí sin, is é cuspóir an Aontais inrochtaineacht, éifeachtacht agus seasmhacht na gcóras sláinte san Aontas a chinntiú.

Tá an tAontas gníomhach i gcuid mhór réimsí éagsúla, amhail forbairt acmhainne chun glacadh vacsaíní a mhéadú, comhthiomsú eolais ar ailse, stíl mhaireachtála fholláin a chur chun cinn agus comhrac in aghaidh caitheamh tobac leis an reachtaíocht. Déanann an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú measúnú ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn le gur féidir leis an Aontas agus leis na húdaráis náisiúnta sláinte freagairt go tapa dóibh. Lena chinntiú go bhfaighidh othair an chóir leighis is fearr, ní mór na cógais leighis ar fad san Aontas a fhormheas ar leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais (leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach) sula gcuirfear ar an margadh iad.

Is é tríú clár sláinte an Aontais Eorpaigh an phríomhionstraim atá ann le beartais sláinte an Aontais a chur i bhfeidhm. Tá buiséad €449 milliún aige as a maoinítear tionscadail chomhair ar leibhéal an Aontais agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha na n-údarás náisiúnta sláinte, agus tacaíonn sé le comhlachtaí neamhrialtasacha agus leis an gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Chomh maith leis sin, le Fís 2020, tá 7.5 billiún á infheistiú i dtaighde agus i nuálaíocht a bhaineann leis an tsláinte, agus tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, trí Chistí Struchtúracha an Aontais agus tríd an bPlean Infheistíochta don Eoraip tá infheistíocht á déanamh in infreastruchtúr sláinte agus i ndigitiú an chúraim sláinte.

Cabhraíonn an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte le taistealaithe cóir leighis a fháil má bhuaileann tinneas iad agus iad ag taisteal i dtír eile de chuid an Aontais, agus tá sé leagtha amach i ndlí an Aontais maidir le cúram sláinte trasteorann cé na cearta atá ag saoránaigh agus iad ag trasnú teorainneacha i gcomhair cúram pleanáilte. Trí líonraí tagartha Eorpacha is féidir le hothair a bhfuil galair neamhchoitianta nó chasta orthu leas a bhaint as an saineolas is fearr i dtíortha ar fud na hEorpa gan a dtíortha féin a fhágáil fiú.

Gníomhú ar son na haeráide agus an Comhaontú Glas don Eoraip

Tá an tAontas Eorpach ag obair go crua chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun bogadh i dtreo geilleagar glan, íseal-charbóin agus inbhuanaithe, agus chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí dosheachanta a bhaineann leis an athrú aeráide.

Tá an tAontas ag déanamh bearta maidir leis an athrú aeráide chun aghaidh a thabhairt ar na hathruithe ar aeráid an Domhain, go háirithe an méadú atá tagtha ar theochtaí domhanda mar gheall ar an méadú ar gháis cheaptha teasa a bhfuil gníomhaíochtaí an duine ina gcúis leo. Bíonn mórán iarmhairtí ag meánteochtaí níos airde, lena n-áirítear teagmhais adhaimsire níos láidre agus níos minice amhail tuilte, triomach agus stoirmeacha. Ní hamháin go gcuirtear daoine i mbaol go díreach de dheasca na dteagmhas sin, ach d’fhéadfadh táirgeadh bia a bheith i mbaol agus ganntanas uisce a bheith ann dá dtoradh chomh maith, rudaí a bhíonn ina gcúis le gorta, coinbhleachtaí réigiúnacha agus oll-imirce go minic.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Chun an t-athrú aeráide a choinneáil faoi bhun leibhéil bhaolacha, chomhaontaigh an pobal idirnáisiúnta, faoi Chomhaontú Pháras ar an athrú aeráide, nach mór an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus é mar chuspóir nach rachaidh an méadú os cionn 1.5 °C. Tá raon beartas agus ionstraimí curtha ar bun ag an Aontas Eorpach chun astaíochtaí a laghdú agus chun dlús a chur faoin aistriú chuig timpeallacht íseal-charbóin, agus spreagtar gníomhaíochtaí eile le straitéis an Aontais maidir le hoiriúnú amhail cosaintí ar thuilte a thógáil, barra atá fulangach ó thaobh triomaigh de a fhorbairt agus rialacháin foirgníochta a athrú.

D’fhéadfadh baol mór a bheith i gceist le neamhaird a thabhairt ar an athrú aeráide, don Aontas Eorpach agus don chuid eile den domhan araon. Mar sin féin, de bharr an éilimh atá ar theicneolaíochtaí glana, éileamh atá ag fás, tá deiseanna ann le haghaidh nuálaíochta agus nuachóiriú tionsclaíoch agus chun fás agus poist ghlasa a chruthú. Tá gníomhú ar son na haeráide cuimsithe i ngach réimse de chláir bhuiséid an Aontais anois, agus caithfear 20 % de bhuiséad an Aontais Eorpaigh do 2014-2020 ar thionscnaimh a bhaineann leis an aeráid.

Tá an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí domhanda atá á ndéanamh chun an t-athrú aeráide a chomhrac, go háirithe i dtaca leis an bpobal idirnáisiúnta a spreagadh gan baint den mhóiminteam a cuireadh ar bun le Comhaontú Pháras agus na bearta is gá a dhéanamh chun é a chur i bhfeidhm ar fud an domhain.

A bheith ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach ar domhan faoi 2050, sin an dúshlán is mó agus an deis is mó a gheobhaimid lenár linn. Chun é seo a bhaint amach, thíolaic an Coimisiún Eorpach an Comhaontú Glas don Eoraip, arb é is uaillmhianaí mar phacáiste beart darb aidhm a chur ar chumas shaoránaigh agus ghnóthais na hEorpa tairbhe a bhaint as an aistriú go sochaí ghlas inbhuanaithe.

córas trádála astaíochtaí an Aontais ina bhunchloch ag beartas aeráide an Aontais agus tá astaíochtaí as earnáil na tionsclaíochta, as stáisiúin chumhachta agus as eitiltí á laghdú laistigh den Aontas ar bhealach cost-éifeachtúil. Chomhaontaigh tíortha an Aontais spriocanna náisiúnta maidir le hastaíochtaí a laghdú in earnálacha eile chomh maith, amhail earnáil an iompair, earnáil na bhfoirgneamh agus earnáil na talmhaíochta.

Geilleagar, airgeadas agus an euro

Is iad an t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta agus an euro na bunchlocha coiteanna atá ag an gcobhsaíocht, ag an bhfás agus ag an rathúnas ar fud na hEorpa.

Déanann an t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta geilleagair an Aontais a aontú agus a chomhtháthú le beartais chomhordaithe eacnamaíocha agus fhioscacha, le comhbheartas airgeadaíochta agus leis an euro, an t-airgeadra comhchoiteann. Is uirlis chumhachtach atá ann chun poist, fás, cothroime shóisialta agus cobhsaíocht airgeadais a sholáthar ach tá an obair sin fós á déanamh agus ní mór í a chur i gcrích.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Is iad seo a leanas na cuspóirí atá le beartais eacnamaíocha agus airgeadais an Aontais sa limistéar euro:

  • fás agus fostaíocht a chur chun cinn;
  • cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus fhioscach a chur chun cinn;
  • feidhmiú éifeachtach an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a fheabhsú;
  • infheistíocht a chur chun cinn;
  • míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc nó a cheartú;
  • cuidiú le beartais náisiúnta struchtúracha a chomhordú; agus
  • an rathúnas lasmuigh den Aontas Eorpach a chur chun cinn.

I bhfianaise na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais sa bhliain 2008, neartaíodh rialachas eacnamaíoch an Aontais trí fheabhas a chur ar an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, mar atá na rialacha fioscacha a leanann na Ballstáit chun cobhsaíocht an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a éascú agus a choinneáil ar bun. Tíortha a bhí coinnithe amach as na margaí airgeadais, amhail an Ghréig, fuair siad tacaíocht ó thaobh airgeadais agus beartas agus cruthaíodh an Sásra Cobhsaíochta Eorpach mar réiteach buan ar chásanna den chineál sin sa limistéar euro.

Chomh maith leis sin, tugadh isteach an Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha chun faireachán a dhéanamh ar threochtaí contúirteacha eacnamaíocha i mBallstáit ar leith agus na treochtaí sin a cheartú agus a chinntiú nach ndéanfaidís dochar do Bhallstáit eile.

Is é an euro, atá i gcúrsaíocht ó 2002 i leith agus atá in úsáid ag breis agus 340 milliún daoine i 19 mBallstát, an t-airgeadra is tábhachtaí ar domhan cé is moite de dollar na Stát Aontaithe. Tá an t-airgeadra aonair praiticiúil do shaoránaigh agus tá sé maith don ghnó, agus is dul chun cinn mór é i dtaca le lánpháirtiú na hEorpa.

Leis an bPlean Infheistíochta don Eoraip, a glacadh i mí na Samhna 2014, úsáidtear ráthaíochtaí poiblí chun infheistíocht phríobháideach a spreagadh. Tá an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, atá mar chuid den phlean, tar éis €439 mbilliún in infheistíochtaí a spreagadh cheana féin (faoi Dheireadh Fómhair 2019), méid níos mó ná a rabhthas ag súil leis. Le hinfheistíochtaí an phlean tacaíodh le cruthú 1.1 milliún post, líon a mhéadófar go dtí 1.7 milliún faoin mbliain 2022. Táthar ag súil go mbainfidh thart ar 850 000 cuideachta bheag agus mheánmhéide tairbhe as teacht níos éasca a bheith acu ar mhaoiniú agus chabhraigh an plean chun olltáirgeacht intíre an Aontais a mhéadú faoi 0.9 %.

Imirce agus tearmann

Cuidíonn an comhbheartas imirce agus tearmainn de chuid an Aontais leis an Eoraip déileáil ar bhealach éifeachtach leis na dúshláin a bhaineann leis an imirce

Rinne breis agus 3.2 milliún iarrthóirí tearmainn iarratas ar chosaint idirnáisiúnta san Aontas Eorpach ó 2015 i leith, agus bhí mórán díobh sin ag teitheadh ón gcogadh agus ón uafás sa tSiria agus i dtíortha eile ina bhfuil trioblóid.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

comhbheartas imirce agus tearmainn forbartha ag an Aontas Eorpach chun na dúshláin iomadúla atá cruthaithe ag imirce chuig an Aontas a bhainistiú, lena n-áirítear daoine atá ag lorg cosaint idirnáisiúnta. Cuimsíonn an beartas sin na bearta seo a leanas a bhfuil sé mar aidhm leo déileáil leis an ngéarchéim.

Tá breis agus €10 mbilliún curtha i leataobh ag an Aontas chun déileáil le géarchéim na ndídeanaithe. Tá tionscadail á maoiniú aige chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais dhaonnúla is práinní atá ag na dídeanaithe atá ag teacht i dtír ar chladaí na hEorpa. Cuireann an tAontas cabhair dhaonnúil ar fáil do dhídeanaithe agus d’imircigh i dtíortha lasmuigh den Aontas freisin, agus tacaíonn sé le hobair a dhéantar chun aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna bunúsacha atá leis an imirce neamhrialta.

Bunaithe ar thogra ón gCoimisiún Eorpach, chomhaontaigh na Ballstáit iarrthóirí tearmainn a athlonnú ón nGréig agus ón Iodáil chuig tíortha eile san Aontas. Tá an tAontas Eorpach ag iarraidh bealaí sábháilte agus dlíthiúla a chruthú freisin trínar féidir le hiarrthóirí tearmainn teacht isteach san Aontas. Táthar ag súil go n‑aistreofar 22 500 duine ó áiteanna lasmuigh den Aontas chuig ceann de na Ballstáit le clár athlonnúcháin dheonaigh atá comhaontaithe ag na Ballstáit. Tá an tAontas Eorpach ag obair chun dlús a chur le ráta fillte na n-imirceach neamhrialta nach bhfuil aon cheart acu fanacht san Aontas agus a bhfuil orthu filleadh abhaile.

Tháinig an tAontas Eorpach agus an Tuirc ar chomhaontú i mí an Mhárta 2016 lenar féidir imircigh agus iarrthóirí tearmainn neamhrialta a thagann ón Tuirc chuig oileáin na Gréige a chur ar ais chun na Tuirce. Mar mhalairt ar gach Siriach a chuirtear ar ais ó oileáin na Gréige chun na Tuirce toisc iad a bheith sa Ghréig go neamhrialta, tabharfaidh an tAontas deis do Shiriach eile nach ndeachaigh i muinín modhanna imirce neamhrialta a theacht isteach san Aontas Eorpach. Dá thoradh sin, tá laghdú mór tagtha ar líon na ndaoine a thagann chuig na hoileáin go neamhrialta. Tá €3 bhilliún curtha ar fáil ag an Aontas Eorpach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ndídeanaithe atá ag cur fúthu sa Tuirc.

Sábháladh breis agus 620 000 duine sa mhuir Aeigéach agus sa Mheánmhuir ó 2015 i leith, a bhuí le hoibríochtaí tarrthála na hIodáile agus na Gréige agus d’obair na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta a bunaíodh sa bhliain 2016.

Tá sé molta ag an gCoimisiún athchóiriú domhan a dhéanamh ar na dlíthe tearmainn reatha, i gcomhréir leis na riachtanais atá ann faoi láthair agus na riachtanais a bheidh ann amach anseo. Beidh an bunphrionsabal céanna i gceist: ba cheart do dhaoine iarratas ar thearmann a dhéanamh sa chéad Bhallstát a rachaidh siad isteach ann mura bhfuil gaolta acu i mBallstát eile, ach nuair atá Ballstát faoi bhrú mór caithfidh dlúthpháirtíocht a bheith ann agus caithfear an fhreagracht a roinnt go cóir laistigh den Aontas.

Teorainneacha agus slándáil

Tá obair á déanamh ag an Aontas Eorpach chun aontas slándála a bhunú. Bheadh an Eoraip níos sábháilte dá bharr sin mar go rachfaí i ngleic leis an sceimhlitheoireacht agus le coireacht thromchúiseach agus go ndéanfaí teorainneacha seachtracha na hEorpa a threisiú.

Is éard a chinntíonn an tAontas Eorpach dá chuid saoránach go bhfuil limistéar saoirse, slándála agus ceartais gan teorainneacha inmheánacha. Is é an cuspóir foriomlán atá le haontas slándála an limistéar sin a dhéanamh níos sábháilte. Oibríonn an tAontas agus na Ballstáit i gcomhar le chéile chun dul i ngleic le sceimhlitheoireacht agus le radacú foréigneach, le coireacht atá tromchúiseach agus eagraithe agus leis an gcibearchoireacht.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Tá bearta an Aontais dírithe ar thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit ar na slite seo a leanas:

  • malartú faisnéise idir údaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí, gníomhaireachtaí custaim agus gardaí teorann;
  • comhar oibríochta, a dtacaíonn gníomhaireachtaí de chuid an Aontais leis;
  • oiliúint, malartú dea-chleachtas, maoiniú, taighde agus nuálaíocht.

Tugann Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) na Ballstáit le chéile chun iniúchadh a dhéanamh ar chásanna coireachta atá tromchúiseach agus eagraithe. Tá an Coimisiún ag obair freisin chun a chinntiú maidir leis na córais éagsúla atá ag an Aontas i dtaca le slándáil, bainistiú teorann agus imirce, go mbeidh siad “idir-inoibritheach”, i.e. go mbeidh siad in ann labhairt le chéile.

Tá dlíthe an Aontais tugtha cothrom le dáta agus treisithe againn. Tá comhchuibhiú déanta ar an sainmhíniú ar chionta sceimhlitheoireachta agus tá taisteal, oiliúint agus maoiniú i gcomhair sceimhlitheoireachta aicmithe mar choireanna anois. Agus tacaíocht á fáil aige ó Ionad Bairr Feabhais an Líonra um Fheasacht ar an Radacú, tá an tAontas Eorpach ag cur dlús lena chuid iarrachtaí ar an radacú a chosc agus aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le trodaithe sceimhlitheoireachta a bheith ag filleadh ar ais. Tá an comhar idir na príomhchuideachtaí idirlín, na gníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí agus an tsochaí shibhialta á éascú ag an gCoimisiún trí Fhóram Idirlín an Aontais. Tá an méid sin á dhéanamh chun rochtain ar ábhar neamhdhleathach ar líne a shrianadh agus chun scéalta éifeachtacha a sholáthar mar mhalairt ar an mbolscaireacht a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht. Mhol an Coimisiún freisin é a dhéanamh éigeantach do chuideachtaí idirlín ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint den ghréasán laistigh d’uair amháin ón tráth a gheobhaidh siad ordú ó na húdaráis náisiúnta é a bhaint.

Chun cur i gcoinne bhaol na cibearchoireachta agus na gcibear-ionsaithe, i mí na Nollag 2018, chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún leis an nGníomh Cibearshlándála, lena dtreisítear sainordú Ghníomhaireacht Cibearshlándála an Aontais (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise), chun tacú níos fearr leis na Ballstáit agus iad ag dul i ngleic le bagairtí agus ionsaithe ar an gcibearshlándáil.

De thoradh Chomhaontú Schengen, cuireadh deireadh de réir a chéile le seiceálacha ag cuid mhór de theorainneacha inmheánacha an Aontais. Tá sé léirithe ag géarchéim na n-imirceach agus ag an timpeallacht athraitheach slándála le blianta beaga anuas go bhfuil sé riachtanach teorainneacha daingne seachtracha a bheith ag limistéar Schengen. Sa bhliain 2017, ghlac an tAontas rialacha nua maidir le teorainneacha seachtracha Schengen le go bhféadfaí gach duine, agus saoránaigh na hEorpa san áireamh, a sheiceáil sna bunachair sonraí ábhartha lena chinntiú nach gcuirfidh siad an bheartas poiblí ná don tslándáil inmheánach i mbaol. Ina theannta sin, tá breis agus 1 600 oifigeach ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) ag cuidiú anois le gardaí náisiúnta teorann na mBallstát chun dul ar patról in áiteanna amhail an Ghréig, an Iodáil, an Bhulgáir agus an Spáinn. Mhol an Coimisiún go méadófaí an Ghníomhaireacht a thuilleadh trí bhuanchór 10 000 ball foirne oibríochta a chur ar bun.

Gnó agus tionsclaíocht

Tá sé mar aidhm ag an Aontas Eorpach gnólachtaí agus earnáil na tionsclaíochta a dhéanamh níos iomaíche agus poist a chruthú agus fás a chur chun cinn le timpeallacht ina n-éascaítear an gnó.

beartas gnó agus tionsclaíoch an Aontais ceaptha chun an timpeallacht ghnó a fheabhsú, timpeallacht fiontraíochta agus timpeallacht ina gcruthaítear poist a chur chun cinn agus rochtain níos éasca ar mhaoiniú agus ar na margaí a áirithiú do ghnólachtaí beaga. Is gnólachtaí beaga agus meánmhéide iad 99 % de na gnólachtaí san Aontas Eorpach agus cuireann siad dhá thrian den fhostaíocht iomlán san earnáil phríobháideach ar fáil. Spreagann beartais an Aontais gnólachtaí nua agus tacaíonn siad le fiontair nuálacha agus iad ag iarraidh méadú. Nuair a bhíonn comhaontuithe trádála níos fearr, osclaítear margaí nua do ghnólachtaí an Aontais, agus is féidir beart a dhéanamh chun iomaíocht éagórach ó áiteanna lasmuigh den Aontas Eorpach a chosc. Is iad seo a leanas aidhmeanna an Aontais:

  • a bhonn tionsclaíoch a neartú agus an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin a chur chun cinn;
  • nuálaíocht a chur chun cinn chun foinsí nua fáis a chruthú;
  • gnólachtaí beaga a spreagadh agus cultúr fiontraíochta a chur chun cinn;
  • a chinntiú go mbeidh margadh ar fud an Aontais d’earraí; agus
  • na buntáistí is fearr is féidir a bhaint as infheistíocht an Aontais sa spás.
Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Tá an tAontas Eorpach tiomanta cabhair a thabhairt do ghnólachtaí agus d’earnáil na tionsclaíochta agus cur leis an bhfás agus poist nua a chruthú. Tá sé mar chuspóir ag an Aontas cabhrú le cuideachtaí Eorpacha a bheith níos cliste, níos nuálaí agus níos inbhuanaithe. Cuireann an beartas tionsclaíochta leis an iomaíochas trí chreata a chruthaíonn dálaí iomchuí (amhail reachtaíocht chliste agus forbairt scileanna) a bhunú. Tá pleananna gníomhaíochta agus reachtaíocht sainearnála forbartha ag an gCoimisiún Eorpach chun tacú le breis agus dosaen príomhearnálacha tionsclaíochta, lena n-áirítear na tionscail a bhaineann le ceimiceáin, gluaisteáin, bia, cúram sláinte, biteicneolaíocht agus aerloingseoireacht. Chomh maith leis sin, tá an Coimisiún freagrach as earnálacha a bhfuil impleachtaí geo-straitéiseacha ag baint leo mar aon le méid mór idirghabhála poiblí, amhail an chosaint, an tslándáil agus an spás.

In éineacht leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, sheol an Coimisiún Eorpach an Plean Infheistíochta don Eoraip. Mar chuid den phlean sin, cruthaíodh an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha chun dlús a chur leis an infheistíocht ar fud na hEorpa. Faoi mhí na Samhna 2018, bhí breis agus €360 billiún i bhfoirm infheistíochtaí spreagtha cheana féin ag an bplean sin. Cuireann an ciste ráthaíochtaí ar fáil chun tacú le tionscadail atá maoinithe ag an mBanc Eorpach Infheistíochta, agus dírítear ar an infreastruchtúr, ar an nuálaíocht agus ar ghnólachtaí beaga. Táthar ag súil go mbainfidh thart ar 850 000 cuideachta bheag agus mheánmhéide tairbhe as teacht níos éasca a bheith acu ar mhaoiniú. Déanann an Coimisiún bainistíocht freisin ar roinnt clár de chuid an Aontais chun tacú le nuálaíocht agus fiontraíocht, lena n-áirítear:

  • COSME — an clár um iomaíochas na bhfiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide;
  • Fís 2020 um thaighde agus nuálaíocht;
  • Galileo um loingseoireacht satailíte agus Copernicus um fhaireachán na cruinne, lena gcuirtear seirbhísí ar fáil as a mbaineann na milliúin daoine agus gnólachtaí tairbhe.

Cuireann an tAontas roinnt seirbhísí tacaíochta ar fáil do ghnólachtaí chomh maith, lena n-áirítear an Líonra Fiontar Eorpach agus an clár Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga.

An Margadh Aonair

Tá an margadh aonair ar cheann de na rudaí is mó atá bainte amach ag an Aontas Eorpach. Spreagann sé poist agus fás agus déanann sé an saol níos éasca do dhaoine agus do ghnólachtaí ó lá go lá.

A bhuí leis an margadh aonair (ar a dtugtar an margadh inmheánach freisin) féadann daoine, earraí, seirbhísí agus airgead gluaiseacht timpeall an Aontais chomh héasca céanna, beagnach, agus gluaiseacht laistigh de thír aonair. Is féidir le saoránaigh an Aontais dul i mbun staidéir, chun cónaithe, dul ag siopadóireacht, ag obair agus ar scor in aon tír san Aontais agus taitneamh a bhaint as táirgí as gach áit ar fud na hEorpa.

Tá deireadh curtha leis na céadta bac teicniúil, dlíthiúil agus maorlathach ar shaorthrádáil agus saorghluaiseacht idir Ballstáit an Aontais chun an tsaorghluaiseacht laistigh den mhargadh aonair a éascú. Dá thoradh sin, chuir cuideachtaí lena gcuid oibríochtaí agus mar gheall ar an iomaíocht tá ísliú tagtha ar phraghsanna agus tá rogha níos fearr ag tomhaltóirí. Mar shampla, tá glaonna gutháin san Eoraip i bhfad níos saoire anois agus tá praghas na dticéad aerthaistil laghdaithe go mór agus bealaí nua oscailte. Ag an am céanna, oibríonn an tAontas lena chinntiú nach gcuirfidh na saoirsí breise sin isteach ar chothroime, ar chosaint tomhaltóirí ná ar inbhuanaitheacht chomhshaoil.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Oibríonn an Coimisiún Eorpach i gcomhar le húdaráis agus le páirtithe leasmhara sna Ballstáit chun faireachán a dhéanamh ar na rialacha atá ann faoi láthair agus chun iad a fhorfheidhmiú chun gur féidir le daoine agus le gnólachtaí tairbhe a bhaint as na deiseanna atá á gcur ar fáil ag an margadh aonair. Mar sin féin, tá roinnt bac ann fós ar fheidhmiú iomlán an mhargaidh aonair. Tá an tAontas Eorpach ag obair go háirithe chun:

  • aghaidh a thabhairt ar chonstaicí rialála nó riaracháin atá ann a choisceann daoine earraí agus seirbhísí a cheannach nó a dhíol go héasca i mBallstát eile nó ó Bhallstát eile;
  • go mbeidh sé níos éasca do chuideachtaí — idir bheag agus mhór — airgead a ghnóthú tríd an bPlean Infheistíochta don Eoraip agus trí aontas na margaí caipitil;
  • oibrithe a spreagadh le poist a ghlacadh i dtíortha eile de chuid an Aontais chun folúntais a líonadh agus na chun freastal ar na riachtanais atá le scileanna speisialta, lena n-áirítear an Cárta Eorpach Gairmiúil agus EURES, an tairseach um shoghluaisteacht ó phost go chéile;
  • dumpáil shóisialta a chosc. Is é sin an cleachtas a bhaineann le hoibrithe níos saoire a fhostú agus próiseas táirgeachta a aistriú chuig tír nó limistéar ina n-íoctar pá íseal;
  • cur leis an gcomhar idir na húdaráis náisiúnta chánach; agus
  • bonn coiteann comhdhlúite i dtaca le cáin chorparáideach a bhunú san Aontas Eorpach chomh maith le cáin ar idirbhearta airgeadais.

Chomh maith le rialacha an mhargaidh aonair lena ráthaítear saorghluaiseacht daoine, ní gá do shaoránaigh an Aontais pas a bheith acu chun taisteal laistigh de limistéar Schengen. Faoi láthair, cuimsítear sa limistéar sin Ballstáit an Aontais (ach amháin an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, Éire agus an Rómáin), agus an Eilvéis, an Iorua an Íoslainn agus Lichtinstéin. Chun an tsábháilteacht a chinntiú i limistéar Schengen, tá níos mó seiceálacha á ndéanamh ag na tíortha sin ar theorainneacha seachtracha an Aontais chomh maith le comhar níos fearr idir na póilíní.

Leis an tairseach An Eoraip Agatsa soláthraítear eolas maidir le maireachtáil, oibriú, taisteal agus staidéar nó gnó a dhéanamh i dtír eile de chuid an Aontais. Cuirtear rochtain ar fáil léi freisin ar sheirbhísí amhail An Eoraip Agatsa — Comhairle (le haghaidh comhairle dlí sainoiriúnaithe) agus SOLVIT (réitigh a fháil ar fhadhbanna le húdaráis phoiblí thar lear).

Geilleagar digiteach agus sochaí dhigiteach

Tá sé mar chuspóir ag margadh aonair digiteach an Aontais Eorpaigh deiseanna a chur ar fáil do dhaoine agus do ghnólachtaí agus cur leis an seasamh atá ag an Eoraip mar cheannaire domhanda sa gheilleagar digiteach.

Leanann an tAontas ag baint bacainní lena gcuirtear cosc ar shaoránaigh, rialtais agus gnólachtaí leas iomlán a bhaint as an idirlíon. I measc na réiteach sin tá deireadh a chur le “geobhlocáil”, deireadh a chur le táillí fánaíochta ar fhóin phóca agus aghaidh a thabhairt ar an easpa rochtana ar an idirlíon nó easpa scileanna digiteacha, chomh maith le rialacha nua inaistritheachta i dtreo is go bhféadfadh daoine a gcuid síntiús teilifíse, cluichí agus ceoil a rochtain agus iad ag taisteal laistigh den Aontas ar an mbealach céanna is a dhéanann siad sa bhaile.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Trí bhíthin an mhargaidh aonair dhigitigh, cuirfear feabhas ar ríomhthráchtáil agus ar sheachadadh beartán, cuirfear deireadh le geobhlocáil agus déanfar athbhreithniú ar chúrsaí cánach breisluacha chomh maith. Cuirfear feabhas ar an timpeallacht ghnó dá thoradh sin, trí athchóiriú a dhéanamh ar bheartais teileachumarsáide agus meán, athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha faoi iompar ardáin ar líne agus trína chinntiú go gcoinneofar an domhan ar líne slán sábháilte. Beidh an margadh aonair digiteach ina chabhair chomh maith chun an geilleagar a bhrú ar aghaidh, trí shaorghluaiseacht sonraí neamhphearsanta a cinntiú, infheistíocht i scileanna digiteach a sholáthar agus rochtain níos fearr a sholáthar ar sheirbhísí poiblí ar líne. Beidh daoine agus gnólachtaí in ann trádáil a dhéanamh ar líne, nuáil agus idirghníomhú a dhéanamh de réir an dlí, ar bhealach slán sábháilte inacmhainne, agus beidh a saol níos éasca dá thoradh sin. Dá mbainfí an margadh aonair digiteach amach d’fhéadfaí na céadta billiún euro in aghaidh na bliana a chur le geilleagar an Aontais Eorpaigh dá thoradh agus d’fhéadfaí na mílte post a chruthú leis.

Tá an Coimisiún Eorpach tar éis an chuid is mó de na tograí reachtacha a d’fhógair sé ina straitéis don mhargadh aonair digiteach in 2015 a chur i gcrích. Tá an Coimisiún Eorpach ag díriú anois ar na tograí a thabhairt chun críche do shaoránaigh an Aontais. Seo a leanas cuid de na bearta a glacadh cheana féin:

  • Cuireadh deireadh le táillí fánaíochta i mí an Mheithimh 2017. Mar sin, is féidir le daoine a ngléasanna soghluaiste a úsáid agus iad ag taisteal san Aontas Eorpach agus na táillí céanna a íoc agus a d’íocfaidís sa bhaile.
  • Ó mhí na Bealtaine 2018 amach, tá saoránaigh agus gnólachtaí ag baint tairbhe as rialacha diana nua an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint.
  • Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún an nasc idirlín is fearr is féidir a sholáthar do na saoránaigh, agus tríd an tionscnamh WiFi4EU tugtar tacaíocht do shuiteáil pointí Wi-Fi poiblí saor in aisce i bpobail áitiúla ar fud an Aontais.
  • Tá uirlisí nua molta ag an gCoimisiún a bheidh ina gcabhair chun daoine agus gnólachtaí a chosaint ar chibear-ionsaithe, agus san am céanna rinne sé a ghníomhaireacht chibearshlándála a threisiú agus ionad inniúlachta cibearslándála a bhunú sa bhliain 2018.
  • Moladh tionscnaimh nua maidir le ríomhshláinte lena rachfaí i ngleic le mífhaisnéis, trédhearcacht ardán ar líne, intleacht shaorga, sár-ríomhaireacht, 5G agus teicneolaíocht bhlocshlabhra, mar aon le straitéis dhigiteach do na Balcáin Thiar.
  • Chun a áirithiú go bhfanfaidh an tAontas ar thús cadhnaíochta san athrú mór i dtreo saol digiteach, molann an Coimisiún €9.2 billiún a infheistiú sna cláir “An Eoraip Dhigiteach” agus “Eoraip na Cruthaitheachta”.

Fostaíocht agus gnóthaí sóisialta

Rannchuidíonn an tAontas Eorpach chun níos mó post agus poist níos fearr a chruthú ar fud na hEorpa agus tá sé mar chuspóir aige caighdeáin mhaithe shóisialta a chur ar fáil do na saoránaigh uile, agus trí Chiste Sóisialta na hEorpa ar fiú €86.4 billiún é san áireamh.

Déantar an fhreagracht as beartais fostaíochta agus shóisialta a roinnt idir an tAontas agus na Ballstáit. Tá poist,fás agus infheistíocht ina bpríomhthosaíocht anois ag an gCoimisiún Eorpach, agus tacaítear leis an méid sin tríd an bPlean Infheistíochta don Eoraip.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Tá beartais an Aontais Eorpaigh maidir le fostaíocht agus gnóthaí sóisialta ceaptha chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • poist ar ardchaighdeán a chruthú ar fud an Aontais;
  • cuidiú a thabhairt chun oibrithe poist a aimsiú ina dtír féin nó i dtír eile de chuid an Aontais;
  • scileanna agus fiontraíocht a chur chun cinn;
  • scéimeanna slándála sóisialta a chomhordú agus a nuachóiriú;
  • dálaí oibre níos fearr a chruthú le comhchaighdeáin íosta;
  • tacú leis an gcuimsiú sóisialta agus an bhochtaineacht a chomhrac; agus
  • cearta daoine faoi mhíchumas a chosaint.

Tá na beartais sin ina gcuidiú chun spriocanna atá sa straitéis Eoraip 2020 a bhaint amach i dtaca le fostaíocht, cuimsiú sóisialta agus oideachas. Cuireann an tAontas Eorpach maoiniú ar fáil, agus comhordaíonn sé an maoiniú sin, chun cuidiú leis na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i ndaoine (i réimsí amhail cúram leanaí, cúram sláinte, oiliúint, infreastruchtúr inrochtana agus cabhair chun post a fháil) agus chun athchóiriú a dhéanamh ar na córais slándála sóisialta atá acu. Tá €86.4 billiún á n-infheistiú faoi Chiste Sóisialta na hEorpa chun cuidiú leis na milliúin Eorpach scileanna nua a fháil agus poist níos fearr a aimsiú. Leis an Scéim Ráthaíochta don Aos Óg (€8.8 billiún), tugtar tacaíocht fostaíochta don aos óg trína chinntiú go bhfaighidh gach duine óg faoi bhun 25 bliana d’aois tairiscint ardchaighdeáin ar phost, ar phrintíseacht, ar chúrsa oiliúna nó ar oideachas leantach laistigh de 4 mhí ón uair a fhágfaidh siad an t-oideachas foirmiúil nó ón uair a chaillfidh siad a bpost. Cuidíonn an tionscnamh ar a dtugtar Conairí Breisoiliúna le daoine fásta máistreacht a fháil ar scileanna bunúsacha amhail an léamh, an scríobh nó úsáid an ríomhaire. Leis an tionscnamh sin, cuidíonn an tAontas leis na Ballstáit chun deis a thabhairt do dhaoine cur lena gcuid scileanna.

Cé gur ar gach Ballstát fós atá freagracht na slándála sóisialta, cruthaíonn an tAontas Eorpach naisc idir na córais náisiúnta do shaoránaigh atá ag gluaiseacht thar theorainneacha. Ní thagann rialacha Eorpacha maidir le comhordú na slándála sóisialta in ionad na gcóras náisiúnta ach tugann siad cosaint do dhaoine nuair a bhíonn siad ag gluaiseacht laistigh den Aontas (an Eilvéis, an Iorua an Íoslainn agus Lichtinstéin san áireamh). Ina theannta sin, tugann an tAontas Eorpach cosaint do dhaoine le dlíthe a chuireann srian le huaireanta oibre, a théann i ngleic le leithcheal san ionad oibre, a dhéanann dálaí oibre níos sábháilte agus a chinntíonn go bhfaighidh daoine cúiteamh i leith gortuithe a bhain dóibh agus iad ag obair. D’fhonn cearta nua agus cearta níos éifeachtaí a chur ar fáil do shaoránaigh, leagtar síos i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta prionsabail agus cearta sna réimsí a bhaineann le deiseanna comhionanna sa mhargadh saothair, dálaí oibre córa agus cosaint shóisialta. Chomh maith leis sin, tugann EURES, an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile, cabhair chun cuardaitheoirí poist a chur i dteagmháil le cuideachtaí atá ag tairiscint post.

Oideachas agus oiliúint

Cuidíonn an tAontas Eorpach feabhas a chur ar chaighdeán an oideachais trí chomhar a spreagadh idir na Ballstáit agus na bearta náisiúnta a chomhlánú. Cuireann Erasmus+ deiseanna ar fáil do dhaoine i ngach aoisghrúpa agus cuireann sé ar chumas daoine óga, go háirithe, dul i mbun staidéir nó oiliúna agus taithí oibre a fháil nó obair dheonach a dhéanamh i dtír eile.

Is í an infheistíocht san oideachas agus san oiliúint an phríomhthosaíocht maidir le todhchaí daoine, go háirithe más daoine óga iad. De réir tuarascála a foilsíodh in 2015, tá breis agus 4.4 milliún duine ann fós san Aontas Eorpach a d’fhág an scoil go luath agus tá leibhéal íseal scileanna ag duine amháin as gach ceathrar duine fásta. Dá bharr sin, is deacair dóibh áit a aimsiú sa mhargadh saothair agus páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Tá tíortha an Aontais freagrach as a gcórais oideachais agus oiliúna féin, ach cuidíonn an tAontas leo chun oideachas ardchaighdeáin a bhaint amach tríd an dea-chleachtas a roinnt, spriocanna agus tagarmharcanna a shocrú agus maoiniú agus saineolas a chur ar fáil. Tá sé mar aidhm ag straitéis an Aontais maidir le hoideachas agus oiliúint na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach:

  • an fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus an tsoghluaisteacht a chur i gcrích;
  • caighdeán agus éifeachtúlacht an oideachais agus na hoiliúna a fheabhsú;
  • cothromas, comhtháthú sóisialta agus saoránacht ghníomhach a chur chun cinn; agus
  • cruthaitheacht agus nuálaíocht, lena n-áirítear fiontraíocht, a fheabhsú ar gach leibhéal oideachais agus oiliúna.

Tugann Erasmus+, clár an Aontais don oideachas, don oiliúint, don óige agus don spórt cabhair chun dul i ngleic leis an dífhostaíocht i measc na n-óg trí fhorbairt phearsanta, scileanna agus infhostaitheacht daoine óga a neartú. Le buiséad iomlán dar luach €14.7 billiún, cabhróidh an clár le breis agus 4 mhilliún duine (daoine óga a bhformhór) dul i mbun staidéir nó oiliúna agus taithí oibre a fháil nó obair dheonach a dhéanamh i dtír eile. Cuireann Erasmus+ le hionchais fostaíochta agus forbairt phearsanta daoine óga mar go dtugann sé dóibh na scileanna a theastaíonn uathu sa mhargadh saothair agus sa tsochaí, anois agus amach anseo. Mhol an Coimisiún go ndéanfaí an maoiniú don chlár Erasmus a mhéadú faoi dhó go dtí €30 billiún sa chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais (ón mbliain 2021 go dtí an bhliain 2027).

Tá roinnt tionscnamh eile ag an Aontas Eorpach chun é a éascú do dhaoine dul i mbun staidéir, oiliúna, nó oibre i dtír eile. Oibríonn tíortha na hEorpa, ceardchumainn agus fostóirí i gcomhar le chéile trí phróiseas Chóbanhávan chun feabhas a chur ar an ngairmoiliúint agus ar oiliúint oideachasúil. Toradh amháin air sin is ea an Córas Creidmheasa Eorpach don Ghairmoideachas agus don Ghairmoiliúint agus líonra um dhearbhú cáilíochta a chuidíonn le daoine dul i mbun staidéir agus oibre thar lear. De thoradh phróiseas Bologna agus Limistéar Eorpach an Ardoideachais tá sé níos éasca do dhaoine gluaiseacht idir córais oideachais laistigh den Eoraip de bharr aitheantas frithpháirteach do thréimhsí staidéir, cáilíochtaí inchomparáide agus caighdeáin cháilíochta aonfhoirmeacha a bheith á gcur chun cinn.

Cuidíonn an tsraith doiciméad Europass le hoibrithe cur isteach ar phoist i dtír eile mar go léiríonn sé a gcuid scileanna agus a gcuid cáilíochtaí i bhformáid chaighdeánach uile-Eorpach agus, dá bhrí sin, is fusa d’fhostóirí é a thuiscint.

Taighde agus nuálaíocht

Tá Fís 2020, an clár taighde agus nuálaíochta ar fiú €77 mbilliún é, ag cuidiú leis an Aontas chun dlús a chur leis an bhfás agus le poist agus chun dul i ngleic le cuid de na dúshláin is mó atá romhainn.

taighde agus nuálaíocht thar a bheith tábhachtach maidir le dea-bhail ár ngeilleagair agus ár sochaí. Tá siad i gcroílár iarrachtaí an Aontais ar phoist ar ardchaighdeáin a chruthú agus ar dhlús a chur faoin bhfás agus faoin infheistíocht. Chomh maith leis sin, cuireann siad an fhaisnéis agus na réitigh ar fáil dúinn chun dul i ngleic le fadhbanna práinneacha, amhail an ráig de ghalar Ebola in 2014, agus dúshláin shochaíocha fhadtéarmacha amhail an t-athrú aeráide.

Ag an am céanna, is féidir cabhrú a thabhairt le taighde agus nuálaíocht chun saol daoine a dhéanamh níos fearr trí fheabhsuithe a dhéanamh i réimsí amhail cúram sláinte, iompar agus fuinneamh, agus is túsphointe iad do mhórán táirgí agus seirbhísí nua lenar féidir caighdeán na beatha agus feidhmíocht ár ngeilleagair a threisiú.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Is é an tAontas Eorpach an stór eolais is mó ar domhan agus is anseo a dhéantar beagnach aon trian de tháirgeacht eolaíochta agus teicneolaíochta an domhain. Mar sin féin, toisc go mbíonn an iomaíocht ag méadú i gcónaí, ní mór don Aontas éirí níos fearr chun táirgí agus teicneolaíochtaí rathúla a chruthú as taighde den scoth agus as smaointe nuálacha. Tá a gcuid beartas taighde agus a gcuid scéimeanna maoiniúcháin féin ag na Ballstáit go léir, ach is féidir dul i ngleic le mórán saincheisteanna tábhachtacha ar bhealach níos fearr má thugtar cabhair do thaighdeoirí agus do nuálaithe i dtíortha éagsúla chun oibriú i gcomhar lena chéile. Is é sin an fáth a dtugtar tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht ar leibhéal an Aontais, go háirithe tríd an gclár Fís 2020.

Is é Fís 2020 an clár taighde agus nuálaíochta is mó a bhí riamh ag an Aontas Eorpach, agus tá €77 mbilliún á infheistiú aige le linn thréimhse 7 mbliana (2014-2020), gan trácht ar an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach eile a mheallfar de thoradh an airgid sin. Tá talamh úr á bhriseadh leis an gclár sin agus tá fionnachtana agus ceannródaíocht á ndéanamh leis, sa tsaotharlann agus trí smaointe den scoth a thabhairt as an tsaotharlann go dtí an margadh.

Tá trí phríomhchuspóir le Fís 2020, mar atá:

  • dlús a chur le heolaíocht den scoth, lena n-áirítear tríd an gComhairle Eorpach um Thaighde, agus le hoiliúint agus forbairt ghairme do thaighdeoirí trí Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie;
  • ceannaireacht thionsclaíoch a chur chun cinn i réimsí amhail nanaitheicneolaíochtaí, biteicneolaíocht agus teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, agus trí thacaíocht a thabhairt do chuideachtaí agus d’fhiontraithe; agus
  • dul i ngleic leis na dúshláin shochaíocha is mó atá romhainn, lena n-áirítear an tsláinte, iompar, fuinneamh, gníomhú ar son na haeráide agus an tsaoirse agus an tslándáil a chosaint.

Tá sé mar chuspóir ag an gCoimisiún Eorpach freisin beartais a fhorbairt lena spreagfar taighde den scoth agus lena gcuirfear dlús leis an nuálaíocht. Is féidir beartais agus gníomhaíochtaí nua a roinnt ina dtrí phríomhthéama: nuálaíocht oscailte, eolaíocht oscailte agus oscailteacht don domhan.

Beartas réigiúnach

Tá an beartas réigiúnach dírithe ar na réigiúin agus ar na cathracha go léir san Aontas Eorpach chun tacú leis an bhfostaíocht, leis an iomaíochas gnó, leis an bhfás eacnamaíoch agus leis an bhforbairt inbhuanaithe agus chun caighdeán maireachtála na saoránach a fheabhsú.

Infheistíocht a dhéanamh in ionaid taighde agus nuálaíochta in San Ġwann, i nGaillimh agus in Cottbus; aerfoirt Ríge agus Wrocław a nuachóiriú; feabhas a chur ar shoghluaisteacht uirbeach san Aithin, i Sóifia agus in Cluj-Napaca; Mont-Saint-Michel a chaomhnú agus Pompeii a chosaint; infreastruchtúr leathanbhanda a fhorbairt ar fud na Liotuáine; tacú le gnóthais bheaga agus mheánmhéide in Utrecht agus in Paredes; athchóiriú a dhéanamh ar ionaid uirbeacha Santa Coloma de Gramenet agus Liège; cóireáil fuíolluisce a athnuachan in Trenčín agus in Slavonski Brod; agus úsáid teicneolaíochtaí faisnéise a chur chun cinn in ollscoileanna sa Niocóis agus i Liúibleána — níl ansin ach roinnt samplaí de na mílte tionscadal atá cómhaoinithe faoi bheartas réigiúnach an Aontais Eorpaigh i réigiúin ar fud na hEorpa.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Tá an beartas réigiúnach mar bhonn ag dlúthpháirtíocht na hEorpa, agus é ag cur dlús leis an bhfás eacnamaíoch agus ag feabhsú an chaighdeáin maireachtála trí infheistíocht straitéiseach a dhéanamh. Tá an chuid is mó den mhaoiniú dírithe ar chabhair a thabhairt do na tíortha agus do na réigiúin lagfhorbartha san Aontas chun deis a thabhairt dóibh teacht suas leis na tíortha agus leis na réigiúin eile agus, dá réir sin, laghdú a dhéanamh ar na difríochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus críche atá ann san Aontas fós.

Déanann an Coimisiún Eorpach agus na Ballstáit agus a gcuid réigiún a bhainistiú go comhpháirteach, agus roghnaíonn siad na tionscadail a dhéanfaidh an tAontas Eorpach a chómhaoiniú faoi chláir a chomhaontaítear roimh ré leis an gCoimisiún Eorpach. Cuirtear maoiniú breise as cistí náisiúnta (príobháideach agus/nó poiblí) le cistí an Aontais i gcónaí.

Déantar gach clár a chur le chéile trí phróiseas coiteann ina mbíonn páirtithe leasmhara ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta rannpháirteach. Baineann an chomhpháirtíocht sin le gach céim den chláreagrú, idir dhearadh, bhainistíocht, chur chun feidhme, fhaireachán agus mheasúnú.

Le cláir Interreg, tugtar aird faoi leith sa bheartas réigiúnach ar riachtanais agus acmhainneacht na réigiún cois teorann.

Chun na spriocanna sin a bhaint amach agus chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais forbartha éagsúla atá ag réigiúin uile an Aontais, tá €259.7 billiún, an ceathrú cuid de bhuiséad iomlán an Aontais, ar fáil don bheartas réigiúnach sa tréimhse 2014-2020. Baintear feidhm as na hacmhainní sin chun infreastruchtúir straitéiseacha iompair agus cumarsáide a mhaoiniú; chun tacú leis an aistriú chuig geilleagar a bheidh níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol; chun cuidiú le gnóthais bheaga agus mheánmhéide le go mbeidh siad níos nuálaí agus níos iomaíche; chun deiseanna buana nua fostaíochta a chruthú; chun córais oideachais a dhaingniú agus a nuachóiriú; agus chun sochaí níos cuimsithí a fhorbairt. Is féidir tuilleadh eolais faoi na Cistí Eorpacha Struchtúracha agus Infheistíochta a fháil http://europa.eu/!RG44xN.

Iompar

Cuidíonn beartas iompair an Aontais chun geilleagar na hEorpa a choinneáil ag gluaiseacht trí ghréasán nua-aimseartha infreastruchtúir a fhorbairt, rud a dhéanann an taisteal níos tapa agus níos sábháilte, agus a chuireann réitigh inbhuanaithe agus digiteacha chun cinn.

Teastaíonn naisc éifeachtúla iompair ón Eoraip chun an trádáil, an fás agus an fhostaíocht a chur chun cinn. Cuireann an t-iompar go mór leis an ngeilleagar: B'fhiú €664 bhilliún an breisluach comhlán a chuir seirbhísí iompair ar fáil in 2016 (an ranníocaíocht leis an ngeilleagar), agus bhí thart ar 11 mhilliún duine fostaithe sna seirbhísí sin.

beartas iompair an Aontais dírithe ar limistéar iompair Eorpach aonair a chruthú ina mbeidh dálaí iomaíochta cothroma do na modhanna éagsúla iompair agus eatarthu.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

A bhuí do bheartas an Aontais, tá dul chun cinn mór déanta le 20 bliain anuas in earnáil an iompair san Eoraip, agus tá na spéartha, na farraigí agus na bóithre níos sábháilte anois; tá dálaí oibre maithe ann d’oibrithe iompair; tá níos mó roghanna iompair ann agus tá siad níos saoire i gcomhair taistealaithe agus gnólachtaí; agus tá dul chun cinn tapa déanta maidir le hiompar glan agus réitigh soghluaisteachta digití.

Déantar beartas um infreastruchtúr iompair an Aontais a mhaoiniú tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus tá buiséad breis agus €24 bhilliún sa bheartas sin. Tá sé mar chuspóir ag an mbeartas an mhór-roinn a nascadh ón oirthear go dtí an t-iarthar, agus ón tuaisceart go dtí an deisceart, trí na bearnaí idir gréasáin iompair náisiúnta a líonadh; deireadh a chur leis na baic ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh aonair; agus na baic theicniúla a shárú amhail caighdeáin neamh-chomhoiriúnacha le haghaidh trácht iarnróid. Tacaíonn an tAontas le taighde agus nuálaíocht agus le húsáid éifeachtach a bhaint as teicneolaíochtaí glasa nua iompair, mar shampla trí rialacha nua lena gcuirtear teicneolaíochtaí glana d’fheithiclí chun cinn. Chomh maith leis sin, tá an tAontas Eorpach ag stiúradh an aistrithe chuig tiomáint nasctha agus uathoibrithe.

Tá an margadh aonair iompair fíorthábhachtach do gheilleagar an Aontais ina iomláine. Tá sé ag éirí níos éasca agus níos saoire eitilt anois, de thoradh an mhargaidh aonair eitlíochta agus an dul chun cinn a rinneadh leis an tionscnamh um Aerspás Eorpach Aonair. Is féidir le cuideachtaí iarnróid ceadúnaithe a gcuid seirbhísí a thairiscint aon áit san Aontas anois, rud a chuireann le hiomaíocht agus le nascacht. Mar an gcéanna, de bhrí gur osclaíodh suas an margadh muirí, is féidir le cuideachtaí loingseoireachta dul ag obair i níos mó tíortha. Tríd an margadh aonair, is féidir le leoraithe seirbhísí a chur ar fáil i dtíortha seachas an tír ina bhfuil siad cláraithe, rud a laghdaíonn líon na dturas fillte a dhéanann leoraithe agus iad folamh.

Tá sábháilteacht agus slándáil ríthábhachtach. Tháinig laghdú faoina leath ar líon na ndaoine a fuair bás ar bhóithre na hEorpa idir an bhliain 1992 agus an bhliain 2010. Cé go ndearnadh dul chun cinn, cailleadh 25 300 duine i dtimpistí bóthair sa bhliain 2017. Is é sin an chúis a n-oibríonn an tAontas Eorpach go gníomhach chun sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú Tá cosc ar aerlínte nach bhfuil sábháilte eitilt san Eoraip agus tá rialacha níos déine tugtha isteach ag an Aontas maidir le sábháilteacht mhuirí. Cuidíonn beartas iompair an Aontais freisin le daoine agus déanann sé iad a chosaint agus iad ag taisteal. Tá cearta ag paisinéirí atá ag taisteal san Aontas Eorpach ar eitleán, traein, long nó bus má chuirtear moill orthu nó má chuirtear a dturais ar ceal.

Talmhaíocht agus forbairt tuaithe

Cinntítear leis an gcomhbheartas talmhaíochta go mbeidh soláthar seasmhach bia, a tháirgtear ar bhealach inbhuanaithe ar phraghsanna inacmhainne, ar fáil do thomhaltóirí an Aontais, a bhfuil 446 mhilliún acu ann. Chomh maith leis sin tacaítear le poist agus le fás i gceantair thuaithe.

Tá an comhbheartas talmhaíochta i bhfeidhm sna Ballstáit go léir agus déantar é a mhaoiniú faoi bhuiséad an Aontais Eorpaigh. Tacaítear le hearnáil an bhia agus na feirmeoireachta san Aontas leis an gcomhbheartas seo, agus atá an earnáil sin atá ar cheann de mhór-earnálacha an gheilleagair agus cuirtear thart ar 44 mhilliún post ar fáil inti. Infheistíodh thart ar €61 bhilliún (thart ar 38 % de bhuiséad an Aontais) sa bhliain 2016 chun cuidiú le feirmeoirí bia a tháirgeadh ar bhealach inbhuanaithe, agus, ag an am céanna, cuireadh an fás i ngeilleagar na tuaithe agus i gceantair thuaithe bheo chun cinn. Chomh maith leis sin, tacaíonn an comhbheartas talmhaíochta le cleachtais feirmeoireachta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus don aeráid agus spreagann sé stíleanna maireachtála sláintiúla.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Tugtar tacaíocht leis an gcomhbheartas talmhaíochta ar na bealaí seo a leanas:

  • Íocaíochtaí díreacha a thacaíonn le hioncam feirme. Bíonn costas mór agus éiginnteacht ó thaobh torthaí de ag baint leis an bhfeirmeoireacht mar ghnó. Is minic nach féidir an aimsir ná dálaí mhargadh na talmhaíochta a thuar; agus cuirtear as go mór do tháirgeadh agus d’ioncam feirme ina amanna dá dheasca sin. Bíonn na feirmeoirí thíos leis sin ach bíonn na tomhaltóirí thíos leis chomh maith mar gur féidir go gcuirfear isteach ar shlabhra soláthair an bhia dá thoradh. Mar sin, déantar an chuid is mó de bhuiséad feirmeoireachta an Aontais (72 %) a leithdháileadh ar íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad rialacha diana maidir le sábháilteacht bia, leis an gcomhshaol agus le sláinte agus leas ainmhithe. Ar na mbuntáistí atá ann don chomhshaol tá cosaint ithreacha agus na bithéagsúlachta, agus féarach buan a chaomhnú, ar bealach an-éifeachtach é chun carbón a chur i dtaisce, rud a chuidíonn le laghdú a dhéanamh ar an téamh domhanda. Íocaíochtaí díreacha ar mór an cuidiú iad ó thaobh feirmeoirí a íoc as earraí poiblí a sholáthar a théann chun tairbhe don tsochaí ina hiomláine, agus nach n-íocann an margadh astu.
  • Bearta margaidh chun dul i ngleic le cásanna deacra, amhail laghdú tobann ar an éileamh de thoradh imní faoi chúrsaí sláinte, titim praghsanna de thoradh an rósholáthar sealadach nó an tionchair a bhí ag forbairtí geopholaitiúla nach rabhthas ag súil leo, agus Cláir um fhorbairt tuaithe (a chómhaoiníonn na Ballstáit) lena gcothaítear nuálaíocht agus iomaíochas chun ceantair thuaithe a dhéanamh níos tarraingtí mar áiteanna chun maireachtáil agus oibriú iontu. Ina chuid de sin tá nuachóiriú a dhéanamh ar fheirmeacha agus tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí óga, chomh maith le bia a tháirgeadh ar bhealach traidisiúnta agus ar bhealach orgánach.
  • Is ardtosaíochtaí freisin iad éiceachórais a bhraitheann ar thalmhaíocht agus ar fhoraoiseacht a athshlánú, éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn agus bogadh i dtreo geilleagar ísealcharbóin aeráid-díonach, agus tá 51.7 % (thart ar €51 bhilliún) den bhuiséad iomlán i gcomhair forbairt tuaithe do 2014-2020 curtha i leataobh do na tosaíochtaí sin.

Gnóthaí muirí agus iascach

Tugann an tAontas Eorpach cosaint dár bhfarraigí agus dár n-aigéin agus cinntíonn sé go mbeidh siad inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair agus an chomhshaoil de agus go mbeidh siad mar bhonn spreagtha chun poist, fás agus nuálaíocht a chur chun cinn.

Tá na farraigí agus na haigéin ina mbonn spreagtha ag an ngeilleagar Eorpach. Cruthaítear leis an ngeilleagar “gorm” oll-bhreisluach (an méid a chuireann sé leis an ngeilleagar) ar fiú beagnach €174.2 billiún sa bhliain é. Fás gorm a thugtar ar an straitéis a bhaineann le leas a bhaint as an deis fás inbhuanaithe a chur chun cinn in earnáil na mara agus san earnáil mhuirí ina n-iomláine.

Tá sé mar chuspóir leis an gcomhbheartas iascaigh a chinntiú go mbeidh an iascaireacht agus an dobharshaothrú (feirmeoireacht éisc faoi choinníollacha rialaithe) inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus an gheilleagair de, agus go mbeidh siad inbhuanaithe go sóisialta, ionas go mbeidís ina bhfoinsí bhia fholláin do na daoine atá san Aontas faoi láthair agus do na glúnta atá le teacht. Is iad na spriocanna atá leis tionscal iascaireachta atá fuinniúil, ach atá inbhuanaithe ag an am céanna, a chothú, lena n-áirítear acmhainní a chaomhnú agus an mhuirthimpeallacht a chosaint ach a chinntiú, freisin, go mbeidh caighdeáin mhaireachtála chóra ag pobail iascaireachta.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Ní hamháin go gcuireann na farraigí agus na haigéin bia, poist, iompar agus caitheamh aimsire ar fáil dúinn ach — a bhuí leis an taighde agus an dul chun cinn teicneolaíochta — cuireann siad cógaisíocht, mianraí agus foinsí fuinnimh in-athnuaite ar fáil dúinn freisin. Cé go gcuireann sé taca faoi na deiseanna nua sin, tá ról tábhachtach freisin ag an Aontas maidir leis na farraigí, san Eoraip agus ar fud na cruinne, a shaothrú go freagrach inbhuanaithe.

limistéir mhuirí faoi chosaint tugtha isteach ag an Aontas Eorpach chun éiceachórais mhuirí agus an bhithéagsúlacht, chomh maith leis na seirbhísí a chuireann na héiceachórais sin ar fáil, a chosaint. Tá srianta le gníomhaíochtaí an duine sna limistéir sin ar mhaithe lena gcaomhnú.

Déantar an comhbheartas iascaigh a mhaoiniú tríd an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh, lena bhfuiltear ag cur breis agus €6.4 billiún ar fáil sa tréimhse 2014-2020 chun cuidiú le hiascairí dul in oiriúint don iascaireacht inbhuanaithe, chun poist a chruthú don earnáil agus chun an geilleagar a éagsúlú i bpobail cois cósta. Cuirtear cómhaoiniú as an gciste ar fáil chun cuidiú leis na Ballstáit cláir agus tionscadail oibriúcháin a chur chun feidhme, chun cuspóirí an chomhbheartais iascaigh agus an bheartais mhuirí chomhtháite a ghnóthú.

Ina theannta sin, tá sraith rialacha ann sa chomhbheartas iascaigh chun bainistíocht a dhéanamh ar chabhlaigh iascaigh Eorpacha agus chun stoic éisc a chaomhnú. Cé go mbíonn stoic in-athnuaite, tá teorainn leo. Chun ró-iascaireacht a chosc, leagtar síos sna cuótaí i gcomhair na mBallstát teorainneacha ar an líon gach speicis is féidir a mharú. Chun deireadh a chur le cleachtas diomailteach a bhíonn ag cabhlaigh iascaigh, mar atá iasc nach bhfuil ag teastáil a dhumpáil, tá oibleagáid gach gabháil a thabhairt i dtír á cur chun feidhme de réir a chéile gach gabháil a thabhairt i dtír.

Comhshaol

Tá cuid de na caighdeáin chomhshaoil is airde ar domhan ag an Aontas Eorpach, caighdeáin lena dtugtar cosaint don dúlra, lena nglasaítear an geilleagar agus a mbíonn úsáid chúramach agus réasúnta acmhainní nádúrtha ina dtorthaí orthu.

Ní stopann dúshláin chomhshaoil ag teorainneacha tíre. Is é sin an fáth nach mór dúinn dul i ngleic leo le chéile laistigh den Aontas agus i gcomhar leis an gcuid eile den domhan.

Tá dlúthcheangal ann idir caomhnú an chomhshaoil agus cur chun cinn na forbartha inbhuanaithe. Is féidir ról tábhachtach a bheith ag an mbeartas comhshaoil maidir le poist a chruthú agus infheistíocht a spreagadh. Is féidir nuálaíochtaí glasa a chur chun feidhme agus a easpórtáil agus, ar an mbealach sin, an Eoraip a dhéanamh níos iomaíche agus feabhas a chur ar chaighdeáin maireachtála agus sláinte na ndaoine atá ina gcónaí inti.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Tá an 7ú clár gníomhaíochta don chomhshaol de chuid an Aontais mar threoir ag beartas comhshaoil an Aontais go dtí an bhliain 2020, agus leagtar amach ann fís maidir leis an gcuma ba cheart a bheith ar an Aontas faoin mbliain 2050. Tá sé leagtha síos san fhís sin go mairfidh muintir na hEorpa i dtimpeallacht nach gcuirfear aon rud amú inti agus ina ndéanfar acmhainní nádúrtha a bhainistiú go hinbhuanaithe. Chomh maith leis sin, déanfar an bhithéagsúlacht a chosaint, a urramú agus a athchóiriú.

Tá gníomhaíochtaí an chláir dírithe ar thrí phríomhréimse:

  • caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú;
  • geilleagar ísealcharbóin atá tíosach ar acmhainní, agus atá glas agus iomaíoch, a dhéanamh den Aontas Eorpach; agus
  • saoránaigh an Aontais a chosaint ar bhrúnna i ndáil leis an gcomhshaol agus ar an mbaol don tsláinte agus don fholláine a bhaineann leis.

Tá an tAontas ag obair chun na hacmhainní nádúrtha sin a chosaint agus chun deireadh a chur leis an meath ar speicis agus ar ghnáthóga atá i mbaol. Líonra limistéir nádúrtha atá faoi chosaint trasna an Aontais Eorpaigh is ea Natura 2000 agus inar féidir leis an duine gníomhaíochtaí inbhuanaithe a dhéanamh taobh le speicis agus gnáthóga atá gann agus leochaileach. Tá uisce, aerthruailliú agus ceimiceáin ar na nithe is mó a bhfuil imní ar dhaoine fúthu ó thaobh an chomhshaoil de. Chun daoine a chosaint ar bhrúnna i ndáil leis an gcomhshaol agus ar bhaol don tsláinte agus don fholláine a bhaineann leis, tá sé mar chuspóir ag beartas an Aontais a ráthú go mbeidh uisce óil agus uisce snámha sábháilte ann, cáilíocht an aeir a fheabhsú, torann a laghdú agus deireadh a chur leis na tionchair a bhíonn ag ceimiceáin dhíobhálacha.

Tá sé mar chuspóir le plean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir leis an nGeilleagar Ciorclach ár ngeilleagar a athrú ó bhonn trí shaolré agus acmhainn athchúrsála táirgí a fheabhsú agus trí ábhair agus acmhainní a úsáid le linn na tréimhse is faide is féidir. Cuid lárnach amháin den Phlean Gníomhaíochta is ea an Straitéis maidir le Plaistic, a bhfuil sé mar chuspóir léi go mbeidh an phacáistíocht phlaisteach uile san Aontas in-athúsáidte nó in-athchúrsáilte faoin mbliain 2030 agus déantar bearta léi chun táirgí plaisteacha aon úsáide a laghdú. Cuideoidh an t-athsmaoineamh ar shaolré táirgí le bainistíocht a dhéanamh ar acmhainní luachmhara ar bhealach níos inbhuanaithe, le híoslaghdú a dhéanamh ar dhramhaíl agus leis an Eoraip a dhéanamh níos seasmhaí maidir le soláthar amhábhar.

Ní thagann deireadh leis an imní faoi chúrsaí comhshaoil ag teorainneacha an Aontais Eorpaigh. Agus fás ag teacht ar dhaonra an domhain fós, tá príomhról á ghlacadh ag an Aontas Eorpach sna hiarrachtaí idirnáisiúnta chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn. Tá gá ann le gníomhú breise lena chinntiú go gcoinneofar an t-aer, na haigéin agus foinsí eile uisce glan, go n-úsáidfear an talamh agus na héiceachórais ar bhealach inbhuanaithe agus go gcoinneofar an t-athrú aeráide ar leibhéil sholáimhsithe.

Fuinneamh

Tá sé mar chuspóir le beartais fuinnimh an Aontais Eorpaigh soláthar fuinnimh atá slán, iomaíoch agus inacmhainne a dhaingniú agus, ag an am céanna, a chuid spriocanna maidir leis an aeráid a bhaint amach.

Tá roinnt dúshláin mhóra le freagairt ag an Eoraip i dtaca le fuinneamh. Chomh maith leis na bunchuspóirí a bhaineann le soláthar fuinnimh slán a dhaingniú ar fud an Aontais ar phraghsanna réasúnta do chách, tá méadú ag teacht ar an ngá atá leis an aistriú a éascú ó gheilleagar breoslaí iontaise chuig córas atá neodrach ó thaobh carbóin de — ar a dtugtar an t-aistriú chuig fuinneamh glan. Ní mór í a bheith níos tíosaí ar fhuinneamh, glacadh le nuálaíocht agus teicneolaíochtaí nua, naisc fuinnimh trasteorann a fheabhsú agus an spleáchas ar iompórtálacha fuinnimh a laghdú.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Tá gach Ballstát i gceannas i gcónaí ar a fhoinsí éagsúla fuinnimh féin a shainiú, ach le comhordú na rialacha ar leibhéal an Aontais soláthraítear cur chuige comhchoiteann lena gcuirtear feabhas ar thionchar na mbeart ar an iomlán agus lena gcuirtear ar chumas an Aontais ceannaireacht dhomhanda a léiriú sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Tríd an tionscnamh Fuinneamh Glan do Mhuintir na hEorpa ar Fad, tá ár rialacha comhchoiteanna á nuashonrú ag an Aontas faoi láthair ar bhealach lena n-éascófar infheistíocht amach anseo, agus lena spreagfar a leithéid agus dá bhrí sin, cuirfear dlús leis an aistriú chuig fuinneamh glan agus cabhrófar chun na gealltanais a rinne an tAontas i gComhaontú Pháras a chomhlíonadh.

Gné ríthábhachtach dár gcuspóirí aeráide a bhaint amach is ea dícharbónú chóras fuinnimh an Aontais, agus is cuid é sin den Chomhaontú Glas don Eoraip arna fhógairt i Nollaig 2019. Is iad an táirgeadh agus an t-ídiú fuinnimh is cúis le níos mó ná 75 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais.

Tionscnamh eile de chuid an Aontais ná Aontas Fuinnimh Eorpach a bhunú, lena gcuirfear feabhas ar shineirgíochtaí le réimsí beartais eile, amhail iompar, taighde agus nuálaíocht, digitiú, an geilleagar ciorclach agus maoiniú inbhuanaithe.

Trí dhul i ngleic leis na dúshláin sin ar leibhéal an Aontais, cuirfear deiseanna nua ar fáil ó thaobh fáis, post agus taighde de agus margadh fuinnimh níos iomaíche agus níos inbhuanaithe a chruthú. Ba cheart go mbainfeadh tomhaltóirí tairbhí suntasacha as sin chomh maith, ó thaobh a gceart a gcuid soláthraithe fuinnimh a athrú, billí teaghlaigh níos ísle, agus saincheisteanna a bhaineann le cáilíocht na beatha amhail aerthruailliú a laghdú.

Ar na beartais agus na gníomhaíochtaí breise a chuidíonn lena chinntiú go mbainfidh an tAontas amach a chuid spriocanna, tá an méid seo a leanas:

  • Gréasáin nua trasteorann le haghaidh gáis agus leictreachais (Tionscadail Leasa Choitinn), lena n-áirítear tionscadail chun foinsí in-athnuaite a chomhtháthú isteach san eangach ar bhealach níos fearr;
  • Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh atá dírithe ar tháirgí tí atá níos tíosaí ar fhuinneamh a chur chun cinn;
  • Tacú le tionscadail taighde agus nuálaíochta ar fud an Aontais, atá dírithe ar dhlús a chur le gach gné den aistriú go dtí fuinneamh glan tríd an gclár réime Fís 2020; agus
  • Rannchuidiú le Tionscadal idirnáisiúnta fuinnimh comhleá ITER, atá mar cheann de na tionscadail fuinnimh is uaillmhianaí ar domhan.

Gnóthaí eachtracha agus an beartas slándála

De thoradh bheartas eachtrach agus slándála an Aontais is féidir leis labhairt agus gníomhú d’aon ghuth i dtaca le gnóthaí domhanda, rud a cheadaíonn do na Ballstáit dul i ngleic le dúshláin nach féidir leo a réiteach astu féin agus a chuidíonn leis an tslándáil agus an rachmas a chinntiú dár saoránaigh go léir.

Tá an beartas á chur chun feidhme ag Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (atá ina Leas-Uachtarán ar an gCoimisiún freisin), ceannasaí gnóthaí eachtracha an Aontais, agus ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, seirbhís taidhleoireachta an Aontais Eorpaigh. Tá gníomhaíochtaí an Aontais faoi stiúir na bprionsabal a bhí taobh thiar de chruthú an Aontais féin, ar prionsabail iad a ndéanann sé iarracht iad a chur chun cinn ar fud an domhain mhóir. Ar na prionsabail sin tá an tsíocháin, an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

In 2016 sheol an tArdionadaí/Leas-Uachtarán an Straitéis Dhomhanda um Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais chun cobhsaíocht a fheabhsú i gcomharsanacht na hEorpa agus níos faide i gcéin, dlús a chur leis an tslándáil agus leis an gcosaint agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail an tslándáil fuinnimh, an imirce, an t-athrú aeráide agus an sceimhlitheoireacht. Glacadh na bearta leantacha maidir le slándáil agus cosaint go han-tapa ar fad. In 2016, glacadh pacáiste cuimsitheach de chuid an Aontais maidir le slándáil agus cosaint agus, dá bharr sin, glacfaidh an Eoraip níos mó freagrachta sa réimse sin. Leagadh síos na cúig thosaíocht a leanas i gcomhair ghníomhaíocht an Aontais leis an straitéis dhomhanda:

Tugann an tAontas Eorpach tacaíocht do thíortha a bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar choimhlint agus ar ghéarchéimeanna. Is é an tAontas an deontóir is mó sa fhreagairt idirnáisiúnta ar ghéarchéim na Siria. Thug sé breis agus €11 bhilliún chun tacú le muintir na Siria, agus tá sé ag tacú fós le hiarrachtaí idirnáisiúnta chun an tsíocháin a chur i réim sa Mheánoirthear trí thacaíocht a thabhairt don réiteach dhá stát, is é sin stát Palaistíneach a bheith ag maireachtáil taobh le taobh le hIosrael. Léirigh an comhaontú a rinneadh sa bhliain 2015 maidir le clár núicléach na hIaráine ról an Aontais Eorpaigh i dtaca le cainteanna síochána a threorú ar son an phobail idirnáisiúnta. Sa bhliain 2008, bhí 16 cinn de mhisin shibhialta agus d’oibríochtaí míleata ar siúl ar thrí ilchríoch éagsúla. Déanann airí náisiúnta ó thíortha an Aontais cinntí le chéile maidir le himscaradh. Ar na scéalta ratha tá misin síochánaíochta de chuid an Aontais i roinnt de na háiteanna ar fud an domhain ina bhfuil corraíl, oiliúint póilíní, saighdiúirí agus gardaí cósta, tacaíocht do chothú stáit tar éis coinbhleachta agus an phíoráideacht a chomhrac amach ó Chorn na hAfraice Níl aon arm seasta ag an Aontas, ach tugann sé fórsaí a chuireann na Ballstáit ar fáil le chéile faoi bhratach an Aontais.

Déantar infheistíochtaí náisiúnta sa chosaint a chomhordú, a fhorlíonadh agus a mhéadú leis an gCiste Eorpach Cosanta, ciste a bunaíodh sa bhliain 2017 chun aschur a mhéadú agus teicneolaíocht agus trealamh cosanta a fhorbairt chun freastal ar riachtanais slándála, idir riachtanais atá ann faoi láthair agus riachtanais a bheidh ann amach anseo.

Méadú an Aontais Eorpaigh

Spreagadh cumhachtach d’athchóirithe daonlathacha agus eacnamaíocha i dtíortha ar mian leo a bheith ina mBallstáit den Aontas Eorpach is ea an t-ionchas ballraíochta.

Cruthaíodh an tAontas Eorpach chun an tsíocháin, an rathúnas agus luachanna na hEorpa a chothú ar fud na mór-roinne. Is é an méadú an próiseas lena dtéann tíortha isteach san Aontas Eorpach. Ó bunaíodh é sa bhliain 1957, mhéadaigh an tAontas Eorpach ó 6 thír go 27 dtír. Ar cheann de na cuspóirí atá le tíortha eile a thabhairt isteach san Aontas, tá an dlúthpháirtíocht idir muintir na hEorpa a neartú, a rathúnas agus a gcuid deiseanna a mhéadú, agus meas ar an éagsúlacht a léiriú agus í a chaomhnú san am céanna.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Is féidir le tír Eorpach ar bith iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht má tá meas aici ar luachanna an Aontais agus má tá sí tiomanta do na luachanna sin a chur chun cinn. Ní féidir le tíortha teacht isteach san Aontas ach amháin má chomhlíonann siad na coinníollacha i gcomhair aontachais. Dá bhrí sin, tá an beartas méadaithe ríthábhachtach maidir le tíortha a spreagadh le trí chritéar bhunúsacha a bhaint amach agus cuidiú leo sin a dhéanamh:

  • cobhsaíocht pholaitiúil a bheith acu sa chaoi go ráthaíonn institiúidí polaitiúla an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus meas ar mhionlaigh agus cosaint dóibh;
  • geilleagar margaidh feidhmiúil a bheith acu mar aon leis an gcumas déileáil leis an iomaíocht agus fórsaí an mhargaidh san Aontas; agus
  • an cumas a bheith acu chun na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht a ghlacadh chucu féin, lena n‑áirítear cloí le haidhmeanna an Aontais i dtaca le haontas polaitiúil, eacnamaíoch agus airgeadais.

Le linn an phróisis méadaithe cuidíonn an Coimisiún le tíortha ar mian leo teacht isteach san Aontas chun na critéir riachtanacha i gcomhair ballraíochta a chomhlíonadh, agus cuidíonn sé leo na hathchóirithe eacnamaíocha agus daonlathacha gaolmhara a chur chun feidhme. Nuair a bhíonn an chaibidlíocht agus na hathchóirithe a théann léi curtha i gcrích agus an dá thaobh sásta leo, is féidir leis an tír teacht isteach san Aontas má thoilíonn na Ballstáit eile leis sin. Is iad seo a leanas na tíortha is iarrthóirí faoi láthair: an Albáin, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia agus an Tuirc. Is iarrthóirí ionchasacha iad an Bhoisnia agus Heirseagaivéin agus an Chosaiv*.

Beidh an deis ar bheith ina bhall den Aontas ina príomhspreagthóir don athrú sna Balcáin Thiar agus cabhróidh an deis sin chun athmhuintearas agus cobhsaíocht a chothú sa réigiún. Seoladh straitéis nua go luath sa bhliain 2018, lenar athdhearbhaíodh go raibh deis méadaithe inchreidte ann do na Balcáin Thiar agus lenar fógraíodh go mbeadh baint níos mó ag an Aontas leis an réigiún sin. Cé go bhfuil sé soiléir nach bhfuil aon iarrthóir ullamh fós, beidh tuilleadh Ballstát san Aontas. Ní mór d’iarrthóirí ar aontachas tosaíocht an-ard a thabhairt don smacht reachta, don cheartas agus do chearta bunúsacha.

Is comhpháirtí tábhachtach de chuid an Aontais í an Tuirc i réimsí amhail imirce, frithsceimhlitheoireacht, fuinneamh, iompar, an geilleagar agus trádáil. Tá an Tuirc tar éis imeacht i bhfad ó phríomhluachanna agus prionsabail lárnacha an Aontais áfach agus dá bhrí sin, níl sé beartaithe ag an Aontas tuilleadh caibidlíochta a dhéanamh maidir lena ballraíocht.

  • Tá an t-ainmniú sin gan dochar do sheasaimh maidir le stádas agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

Beartas comharsanachta na hEorpa

Mar phríomhghné de bheartas eachtrach an Aontais, tá an beartas comharsanachta dírithe ar an réigiún a chobhsú ó thaobh polaitíochta, eacnamaíochta agus slándála de.

Is é a rialaítear le Beartas comharsanachta na hEorpa an caidreamh atá ag an Aontas le 16 cinn de na comhpháirtithe is dlúithe atá aige, idir thoir agus theas. Tugann an beartas sin éifeacht do mhian an Aontais cur le leasanna comhchoiteanna le tíortha comhpháirtíochta agus dá thiomantas oibriú i gcomhar leo i réimsí tosaíochta. Ar na réimsí sin áirítear cur chun cinn an daonlathais, an smacht reachta, an meas ar chearta an duine, chomh maith le feabhas a chur ar an bhforbairt eacnamaíoch, ar an timpeallacht infheistíochta agus ar an gcomhtháthú sóisialta. Is tosaíocht é seasmhacht an stáit agus na sochaí i dtíortha comhpháirtíochta an Aontais a neartú i bhfianaise na mbagairtí agus na mbrúnna a bhfuil orthu dul i ngleic leo, lena n-áirítear na dúshláin a bhaineann leis an imirce agus leis an tsoghluaisteacht.

European neighbourhood policy

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Cuireann beartas comharsanachta na hEorpa creat ar fáil i gcomhair comhpháirtíochtaí níos éifeachtaí agus níos láidre ar bhonn leasanna comhchoiteanna agus gníomhaíocht ar an dá thaobh. Is iad seo a leanas príomhchuspóirí an bheartais:

  • tíortha comharsanacha a chobhsú trí aghaidh a thabhairt ar fhorbairt na heacnamaíochta, na hinfhostaitheachta agus na hóige, nascacht iompair agus fuinnimh, imirce, soghluaisteacht agus slándáil;
  • príomhleasanna an Aontais a chur chun cinn, mar atá dea-rialachas, an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine; agus
  • an comhar a éascú ar an leibhéal réigiúnach, le Chomhpháirtíocht an Oirthir agus an tAontas don Réigiún Meánmhuirí, mar shampla.

Is iad seo a leanas na príomhthionscnaimh lena gcuirtear an beartas i bhfeidhm:

  • Comhpháirtíocht an Oirthir: tionscnamh comhpháirteach chun an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus sé chomharsa lastoir de a threisiú: an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Mholdóiv, an tSeoirsia agus an Úcráin; agus
  • comharsanacht an deiscirt: creat don chomhar idir an tAontas Eorpach agus 10 dtír chomhpháirtíochta: an Ailgéir, an Éigipt, an Iordáin, Iosrael, an Libia, an Liobáin, Maracó, an Phalaistín(*), an tSiria agus an Túinéis.

Bíonn an comhar ar bun ar leibhéal déthaobhach (le comhpháirtithe aonair), ar leibhéal réigiúnach (le dhá chomhpháirtí ón oirthear nó ón deisceart) nó ar fud na comharsanachta, de réir chineál na gníomhaíochta. Leis an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht, tugtar tacaíocht don chur chuige cuimsitheach atá ag an Aontas Eorpach i leith a chuid comhpháirtithe. Is í an phríomhionstraim airgeadais atá ag an Aontas i dtaca le comhar a chothú le tíortha bheartas comharsanachta na hEorpa sna blianta 2014-2020.

  • Ní dhéanfar an t-ainmniú seo a fhorléiriú mar aitheantas ar stát na Palaistíne agus tá sé gan dochar do sheasaimh éagsúla na mBallstát ar an gceist sin.

Trádáil

Tacaíonn an tAontas Eorpach leis an tsaorthrádáil. Agus 14 000 post á gcothú san Eoraip le gach €1 bhilliún a easpórtáiltear, troideann an tAontas Eorpach ar son margaí oscailte atá bunaithe ar rialacha, cothroime iomaíochta agus na gcaighdeán idirnáisiúnta is airde.

Is é an tAontas Eorpach an chumhacht trádála is mó ar domhan agus tá sé ar cheann de na geilleagair is oscailte ar domhan. Meastar go dtiocfaidh 90 % den fhás domhanda amach anseo as áiteanna lasmuigh de theorainneacha na hEorpa agus braitheann aon trian dár n-ioncam náisiúnta ar thrádáil. Tá an chumhacht eisiach ag an Aontas Eorpach reachtaíocht a rith agus comhaontuithe trádála idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích, ar son a Bhallstát, i réimsí atá cumhdaithe faoina chomhbheartas tráchtála, ar bhonn rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Tá trádáil earraí agus seirbhísí cumhdaithe ag beartas trádála an Aontais Eorpaigh, mar aon le nithe amhail na gnéithe tráchtála a bhaineann le maoin intleachtúil agus infheistíocht dhíreach choigríche.

Ní spriocanna iontu féin iad na comhaontuithe trádála; scaiptear luachanna agus prionsabail Eorpacha ar fud an domhain leo freisin, agus is dá bharr sin a chuimsítear forálacha maidir le forbairt inbhuanaithe, go háirithe cosaint an chomhshaoil agus dálaí oibre, i ngach comhaontú trádála nua a thugann an tAontas Eorpach i gcrích le caibidlíocht. Is iad na comhaontuithe a tugadh i gcrích leis an tSeapáin, le Meicsiceo agus le bloc Mercosur le déanaí na chéad chomhaontuithe trádála riamh a raibh tiomantas do Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide san áireamh iontu.

Seasann an tAontas Eorpach ar son trádáil oscailte chóir agus troideann sé i gcoinne na caomhnaitheachta. Cuireann sé bearta i bhfeidhm um chosaint trádála agus um rochtain ar mhargaí chun a chuid gnólachtaí agus a chuid saoránach a chosaint ar iomaíocht éagórach agus cleachtas trádála éagóracha.

Tá comhaontuithe trádála i bhfeidhm ag an Aontas le 72 chomhpháirtí ar fud an domhain, amhail an Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada. Leis an gcomhaontú sin cuireadh deireadh le dleachtanna custaim ar 98 % de tháirgí, rud a fhágann go ndéantar €590 milliún a choigilt in aghaidh na bliana do ghnólachtaí an Aontais. In 2019, tháinig an tAontas ar chomhaontú maidir le trádáil le bloc trádála Mercosur( an Airgintín, an Bhreasail, Paragua agus Uragua), shínigh sé conradh trádála le Vítneam agus tháinig an comhaontú leis an tSeapáin i bhfeidhm. D’fhéadfaí easpórtálacha chun na Seapáine a mhéadú faoi aon trian de thoradh an chomhaontaithe leis an tSeapáin, nuair a chuirfear i bhfeidhm é, agus d’fhéadfaí €1 bhilliún a shábháil i ndleachtanna custaim.

Láimhseálann an Coimisiún caibidlíocht trádála ar bhealach trédhearcach — agus téacsanna caibidlíochta, tuarascálacha ar bhabhtaí caibidlíochta agus doiciméid mhíniúcháin á bhfoilsiú aige go córasach — agus cuireann sé tuarascálacha rialta ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus do na Ballstáit.

Seasann an tAontas Eorpach le margaí oscailte, ach ní saorthrádálaí saonta é. Coinníonn sé cothromaíocht idir a bheith oscailte agus a chinntiú go ndéanfar rialacha a urramú agus go gcosnófar tionscail an Aontais ar thrádáil éagórach agus bacainní gan údar maith. Chuir an tAontas deireadh le beagnach 90 bacainn ar rochtain ar an margadh i dtíortha nach baill den Aontas iad ó 2014 i leith, rud a dhéanann difear do raon leathan tionscal agus easpórtálacha de chuid an Aontais dar luach €8.2 billiún in aghaidh na bliana. Rinne sé breis agus 30 beart um chosaint trádála a fhorchur chomh maith, lena ndearnadh breis agus 350 000 post a chosaint.

Comhar agus forbairt idirnáisiúnta

Tá an fhorbairt ina cuid lárnach de bheartas eachtrach an Aontais agus soláthraíonn an tAontas breis agus leath den mhaoiniú comhair ar domhan.

Tá an caidreamh idir an tAontais agus an chuid eile den domhan bunaithe ar dhlúthpháirtíocht agus ar chomhar. Is dúshláin uilíocha iad an t-athrú aeráide, an t-antoisceachas foréigneach, an gháinneáil agus an imirce agus is trí oibriú i gcomhar le tíortha comhpháirtíochta atá i mbéal forbartha agus tríd sin amháin is féidir linn dul i ngleic leis an dianbhochtaineacht.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Is é tuairim an Aontais nach carthanacht atá sa chomhar um fhorbairt ach gur infheistíocht i dtodhchaí chomhroinnte inmharthana atá ann. Dá bhrí sin, tacaíonn an tAontas go mór le clár oibre 2030 na Náisiún Aontaithe maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe, agus i mí na Bealtaine 2017 leag an tAontas amach ina chomhdhearcadh Eorpach maidir le forbairt conas a dhíreoidh sé “ar na daoine, ar an bpláinéad, ar rath, ar shíocháin agus ar chomhpháirtíocht” chun oibriú i dtreo na spriocanna forbartha inbhuanaithe atá i gclár oibre 2030.

Tá sé de chuspóir ag an Aontas dul i ngleic le cúiseanna na bochtaineachta. Tá níos mó i gceist ná cuidiú chun rochtain a fháil ar bhia, uisce glan, cúram sláinte, oideachas agus talamh; ná infreastruchtúr tábhachtach iompair agus fuinnimh agus comhshaol glan a fhorbairt. Baineann sé, ar a bharr sin, leis an daonlathas, le cearta an duine (lena n-áirítear comhionannas idir mná agus fir) agus le forbairt agus daingniú an smachta reachta. Ina n-éagmas sin ní féidir sochaí shábháilte chobhsaí a fhorbairt, sochaí inar féidir le daoine dul chun cinn a dhéanamh, inar féidir le gnólachtaí fás agus infheistiú a dhéanamh agus poist bhuana a chruthú.

Oibríonn an 140 misean taidhleoireachta (“toscaireachtaí”) de chuid an Aontais i gcomhar le tíortha comhpháirtíochta ar fud an domhain chun cláir fhadtéarmacha a cheapadh. Tar éis do Pharlaimint na hEorpa agus do na Ballstáit na cláir sin a fhaomhadh, déantar iad a bhainistiú ar an láthair, agus úsáid á baint as airgead as buiséad ginearálta an Aontais agus as Chiste Eorpach Forbraíochta faoi leith. San iomlán, ó 2014 go 2020, cuirfidh an tAontas maoiniú seachtrach €82 bhilliún ar fáil le deontais, tairiscintí agus fóirdheontais do bhuiséid náisiúnta, agus trí mhaoiniú an Aontais a úsáid mar “airgead síl” chun infheistiú áitiúil, poiblí agus príobháideach a spreagadh.

Cabhair dhaonnúil agus cosaint shibhialta

Is é an tAontas, in éineacht leis na Ballstáit, an deontóir cabhrach daonnúla is mó ar domhan, agus bíonn sé ag soláthar agus ag comhordú cúnamh fóirithinte do dhaoine i limistéir inar thit tubaistí amach san Eoraip agus ar fud na cruinne.

Cuireann an tAontas cúnamh fóirithinte ar fáil do dhaoine atá thíos le géarchéimeanna. In 2017, thug an tAontas €2.2 billiún mar chabhair a chuidigh le breis agus 120 milliún duine i níos mó ná 80 tír. Is iad seo a leanas aidhmeanna an Aontais:

  • an bheatha a shábháil agus a chaomhnú, fulaingt an duine a chosc nó a mhaolú agus ionracas agus dínit daoine atá thíos le tubaistí nádúrtha, agus le géarchéimeanna de dhéanamh an duine, a chosaint;
  • mearfhreagairt a thabhairt i gcás éigeandálaí laistigh den Aontas agus lasmuigh de;
  • rioscaí tubaistí a laghdú, mar shampla trí straitéisí a úsáid chun iarmhairtí an athraithe aeráide a mhaolú;
  • ullmhacht maidir le tubaistí a fheabhsú, trí chórais réamhrabhaidh a fhorbairt, mar shampla;
  • nuair a thagann deireadh le hoibríocht éigeandála, a chinntiú go mbeidh idirthréimhse mhín ann trí fheidhm a bhaint as straitéisí maidir le cúnamh forbraíochta;
  • seasmhacht iomlán na bpobal a neartú, trí bhearta a chabhróidh leo ullmhú do thubaistí is féidir a bheidh ann, mar shampla; agus
  • todhchaí páistí a d’fhéadfadh a bheith gafa i dtubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéanamh an duine a chosaint agus a chinntiú.
Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Is leis an Ard-Stiúrthóireacht um Chabhair Dhaonnúil agus Cosaint Shibhialta (ECHO) an Choimisiúin Eorpaigh a thugann an tAontas aghaidh ar ghéarchéimeanna. Cinntítear ar an mbealach sin go dtugann an tAontas cúnamh fóirithinte mear agus éifeachtach leis an dá phríomhionstraim atá aige: cabhair dhaonnúil agus cosaint shibhialta. Is é an tAontas an príomhdheontóir cabhrach daonnúla i gcuid mhór géarchéimeanna, mar shampla:

  • Fóirithint éigeandála do dhaoine easáitithe laistigh den tSiria agus do dhídeanaithe i dtíortha comharsanacha.
  • Cúnamh daonnúil do dhídeanaithe agus do dhaoine easáitithe in Éimin, sa Ghréig, san Iaráic agus sa Tuirc.
  • Tionscadail dhaonnúla tarrthála sna pobail is mó a bhí thíos leis sa tSúdáin Theas agus i bPoblacht na hAfraice Láir.
  • Cabhrú le pobail i limistéir ina bhféadfadh tubaistí a bheith ann chun ullmhú agus téarnamh níos fearr a dhéanamh. In aghaidh gach euro a chaitear ar ullmhacht, sábháiltear suas le seacht euro a chaithfí sa tréimhse iarthubaiste.
  • Cuireann an tAontas foirne amach chun cabhrú i gcás cuid mhór géarchéimeanna laistigh den Aontas, agus ar fud na cruinne, leis an Sásra um Chosaint Shibhialta, atá aige, mar shampla:
  • comhordú agus cómhaoiniú a dhéanamh i leith na gcostas iompair a bhain le hoibríochtaí um chomhrac dóiteán san Eoraip le linn an dianséasúir dóiteán i samhradh na bliana 2017;
  • saineolaithe, foirne agus trealamh a chur chuig tíortha ar fud an domhain a ndearnadh dochar dóibh de bharr creathanna talún (an Iaráic, Meicsiceo), tuilte (an Albáin, Peiriú) agus eipidéimí (Uganda, an Bhanglaidéis) sa bhliain 2017;
  • cabhrú le daoine a ndearna hairicín Irma agus hairicín Maria dochar dóibh i Muir Chairib i mí Mheán Fómhair 2017.

Ceartas agus cearta bunúsacha

Ráthaíonn an tAontas réimse de chearta bunúsacha dá shaoránaigh agus déanann sé iad a chosaint ar leithcheal (idirdhealú), agus i gcomhlimistéar ceartais an Aontais tugtar cabhair chun fadhbanna trasteorann dlí a réiteach do shaoránaigh agus do ghnólachtaí araon

Ní margadh aonair d’earraí agus do sheirbhísí amháin é an tAontas. Tá luachanna i gcoiteann ag Eorpaigh, luachanna atá leagtha amach i gconarthaí an Aontais agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha, agus a dhearbhaíonn cearta do shaoránaigh an Aontais (aon duine atá ina náisiúnach de Bhallstát is saoránach den Aontas é nó í). Éascaíonn an tAontas an saol d’Eorpaigh atá ag staidéar, ag obair nó ag pósadh i dtíortha eile de chuid an Aontais trí cheangal a dhéanamh idir na córais náisiúnta éagsúla dlí ar fud an Aontais. Cinnteofar le comhlimistéar ceartais gan teorainn gur féidir le saoránaigh brath ar chearta faoi leith agus teacht ar chóras dlí agus cirt ar fud na mór-roinne.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Tá na cearta sin daingnithe ag an Aontas agus tá an méid seo a leanas san áireamh iontu.

  • Rialacha a choisceann leithcheal bunaithe ar ghnéas, ar chine nó ar bhunadh eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar ghnéaschlaonadh.
  • An ceart atá ag gach duine a chuid nó a cuid sonraí pearsanta a chosaint a bhuí le rialacha nua (ar a dtugtar GDPR) a tháinig i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2018.
  • An Chairt um Chearta Bunúsacha a chuimsíonn na cearta pearsanta, sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta uile atá ag saoránaigh an Aontais. Ráthaíonn an tAontas Eorpach iad sin nuair atá dlí an Aontais i gceist.
  • Beartais an Aontais um cheartas agus cearta bunúsacha: is saincheisteanna tábhachtacha iad rialacha ceartais, íoschaighdeáin ar fud an Aontais agus rochtain ar cheartas a chomhordú ar théarmaí comhionanna i ngach tír. Mar shampla, tá na cearta céanna ag íospartaigh na coireachta cibé áit a bhfuil siad san Aontas. Tá an comhordú sin ina chuidiú chomh maith do shaoránaigh chun leas a bhaint as a gceart ar shaorghluaiseacht agus do ghnólachtaí chun trádáil agus feidhmiú i margadh aonair an Aontais.

Ina theannta sin, bíonn an tAontas ar a dhícheall ag treisiú iontaoibh fhrithpháirteach idir cúirteanna agus údaráis riaracháin na mBallstát, chun go dtabharfaidh siad aitheantas do chinntí breithiúnacha a chéile Tá sé sin tábhachtach, go háirithe, i gcásanna sibhialta amhail colscaradh, coimeád linbh nó éilimh chothabhála. Éascaíonn Eurojust an comhar idir údaráis náisiúnta ceartais chun cur in aghaidh coireanna tromchúiseacha amhail an t-éilliú, an sceimhlitheoireacht, agus gáinneáil agus dáileadh drugaí, agus tá an Barántas Gabhála Eorpach curtha in ionad nósanna imeachta fadálacha eiseachadta chun coirpigh atá faoi dhrochamhras, nó atá ciontaithe, a chur ar ais go dtí an tír ina gcuirfear nó inar cuireadh faoi thriail iad. Trí bhíthin Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, a bunaíodh le déanaí agus a rachaidh i mbun oibre sa bhliain 2020, déanfar coireanna i gcoinne bhuiséad an Aontais, amhail calaois, éilliú nó calaois CBL thromchúiseach trasteorann, a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais.

Sábháilteacht bia

Tugann bearta an Aontais maidir le sábháilteacht bia cosaint do shláinte daoine, ainmhithe agus plandaí ag gach céim ón bhfeirm go dtí an forc, agus cabhraíonn siad le tionscal bia na hEorpa fás agus forbairt.

Tá sé mar chuspóir le beartas sábháilteachta bia an Aontais a ráthú go mbeidh bia sábháilte cothaitheach á iompórtáil isteach san Aontas nó á tháirgeadh ó phlandaí agus ainmhithe folláine, agus go mbeidh tionscal an bhia, atá ar an earnáil déantúsaíochta agus fostaíochta is mó san Eoraip, in ann feidhmiú sna dálaí is fearr is féidir. Cosnaítear an tsláinte ag gach céim den phróiseas táirgthe bia trí éilliú bia a chosc agus sláinteachas bia, sláinte plandaí agus sláinte agus leas ainmhithe a chur chun cinn. Le rialacha an Aontais maidir le lipéadú bia, cuirtear eolas atá tábhachtach don tsláinte ar fáil do thomhaltóirí.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Tá bunphrionsabail bheartas sábháilteachta bia an Aontais leagtha síos i ndlí ginearálta an Aontais maidir le bia. Cinntítear leis an dlí sin go dtugtar leibhéal ard cosanta do shláinte an duine agus do leas tomhaltóirí agus go bhfuil an margadh aonair ag feidhmiú go héifeachtúil. Cuireann an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia comhairle eolaíoch ar fáil maidir le saincheisteanna a bhaineann le bia chun cuidiú le daoine, ainmhithe, plandaí agus an comhshaol a chosaint.

Cruthaíodh nósanna imeachta agus uirlisí chun éigeandálaí agus géarchéimeanna a bhainistiú leis an Dlí Ginearálta maidir le Bia chomh maith. Leis an gCóras Mear-rabhaidh um Bia don Duine agus d’Ainmhithe, cuidítear lena chinntiú go ndéanfar aon bhia nach gcomhlíonann rialacha an Aontais a bhaint de na seilfeanna. Nuair a dhéanann ráigeanna móra galair ainmhithe nó nimhiú bia díobháil do thomhaltóirí, féadann údaráis an Aontais gluaiseacht táirgí bia a leanúint trí chóras leictreonach ar a dtugtar TRACES (an Córas um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe).

Déanann an tAontas sláinte agus leas ainmhithe a chinntiú sa slabhra agraibhia chomh maith. Tá sásraí i bhfeidhm ag an Aontas chun dul i ngleic le ráigeanna galair ainmhithe go tapa. Cosnaítear barra, torthaí, glasraí agus foraoisí leis na rialacha maidir le sláinte plandaí trí chosc a chur ar lotnaidí nó galair dhíobhálacha a iompar san Aontas nó a iompórtáil ó thíortha thar lear.

Trí laghdú a dhéanamh ar chur amú bia d’fhéadfaí cuid mhór acmhainní agus airgid a shábháil agus an tionchar a bhíonn ag tionscal an bhia ar an gcomhshaol a laghdú. Tá an tAontas ag dul i ngleic le cur amú bia agus cinntíonn sé sábháilteacht an bhia trí rialacha ábhartha de chuid an Aontais a shoiléiriú chun gníomhaíocht na bpáirtithe go léir (idir phoiblí agus phríobháideach) a éascú agus nuálaíocht agus dea-chleachtas sa réimse sin a chur chun cinn agus a roinnt.

Tomhaltóirí

Déanann beartas tomhaltóirí an Aontais cearta tomhaltóirí a chosaint, cinntíonn sé go bhfuil táirgí sábháilte againn, cabhraíonn sé le daoine roghanna eolacha a dhéanamh agus táirgí nó seirbhísí á gceannach acu, agus cuireann sé bealaí chun fadhbanna a réiteach ar fáil.

Le margadh aonair an Aontais, cuirtear rogha, solúbthacht, caighdeán agus luach níos fearr ar fáil do thomhaltóirí. Ach cuirtear dúshláin os comhair tomhaltóirí freisin, go háirithe i réimsí mearfhorbartha ar nós seirbhísí digiteacha, fuinnimh agus airgeadais. Cinntítear le beartas tomhaltóirí an Aontais go seasfar le cearta tomhaltóirí má bhíonn aon fhadhb acu agus iad ag ceannach earraí nó seirbhísí ó thíortha eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear ceannach ar líne. Cuidíonn sé sin le muinín tomhaltóirí a mhéadú ar fud an Aontais agus déanann sé maitheas freisin do ghnólachtaí atá i mbun trádála trasteorann i margadh aonair an Aontais.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Cuireann an tAontas cearta praiticiúla ar fáil do thomhaltóirí, cearta ar féidir leo iad a úsáid má bhíonn aon fhadhb acu.

  • Tá íoschaighdeáin leagtha amach maidir le cearta paisinéirí ar gach cóir iompair. Tugtar eolas, cúnamh agus cúiteamh i gcásanna ina mbíonn cealú nó moilleanna fada ann.
  • Nuair a dhéantar siopadóireacht ar líne, tugtar 14 lá do thomhaltóirí ar féidir athsmaoineamh a dhéanamh lena linn agus tarraingt siar as an gceannachán. I ngach cás, féadfaidh siad an táirge a sheoladh ar ais laistigh de choicís agus a gcuid airgid a fháil ar ais.
  • Ó mhí an Mheithimh 2017 i leith, tá deireadh curtha le táillí fánaíochta. Íocann Eorpaigh atá ag taisteal laistigh den Aontas praghsanna intíre ar ghlaonna, ar théacsanna agus ar shonraí fánaíochta.
  • Má bhíonn earra a ceannaíodh san Aontas (ar líne nó i siopa) éagsúil leis an earra a fógraíodh, nó mura bhfeidhmeoidh sé i gceart, tá sé de cheart ag an tomhaltóir deisiú saor in aisce a fháil ar a laghad nó earra eile a fháil ina ionad.
  • Ó 2016 i leith, de bharr rialacha nua an Aontais maidir le hiasachtaí morgáiste, bíonn eolas soiléir i bhfógraí agus tugtar eolas do thomhaltóirí go tráthúil sula síní siad conradh.

Cuireann an tAontas cúnamh ar fáil freisin chun díospóidí le trádálaithe a réiteach go tapa éifeachtach. Féadtar na nósanna imeachta tapa sin a mbaineann costas íseal leo a úsáid chun díospóidí intíre agus trasteorann a réiteach. Leis an ardán ar a dtugtar réiteach díospóide ar líne féadann custaiméirí agus trádálaithe díospóidí faoi cheannacháin ar líne a réiteach ina n-iomláine ar líne. Trí Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí, cuirtear cúnamh agus comhairle saor in aisce ar fáil do thomhaltóirí maidir le ceannacháin trasteorann.

Baineann caighdeáin sábháilteachta dhochta le bréagáin, gléasanna leictreacha, cosmaidí agus earraí cógaisíochta, agus tá rialacha diana i bhfeidhm lena chinntiú go n-aistarraingeofar táirgí neamhshábháilte den mhargadh. Gach bliain, tugtar fógra faoi níos mó ná 200 táirge neamhshábháilte trí Chóras Mear-rabhaidh an Aontais le haghaidh táirgí contúirteacha neamhbhia.

Baincéireacht agus seirbhísí airgeadais

Tá an tAontas ag gníomhú chun an córas airgeadais a choinneáil láidir agus slán agus go gcuirfidh an margadh aonair na táirgí airgeadais a theastaíonn ó thomhaltóirí agus ó ghnólachtaí ar fáil dóibh.

Tá ról tábhachtach ag institiúidí agus ag margaí airgeadais maidir le cobhsaíocht agus fás eacnamaíoch an Aontais. Cuireann siad maoiniú ar fáil do theaghlaigh agus do ghnólachtaí, tugann siad deis do dhaoine airgead a shábháil agus a infheistiú, cuireann siad árachas ar fáil in aghaidh rioscaí agus éascaíonn siad íocaíochtaí.

Is féidir iarmhairtí fadréimseacha a bheith le cliseadh an chórais airgeadais. Léirigh géarchéim airgeadais na bliana 2008 nach féidir le haon tír aonair san Aontas an earnáil airgeadais a bhainistiú agus rioscaí i leith cobhsaíocht airgeadais a mhaoirsiú. Tar éis na géarchéime rinne an tAontas athchóirithe ardaidhmeannacha chun an córas airgeadais a neartú agus chun cur le cumas an Aontais dul i ngleic le suaitheadh airgeadais agus eacnamaíoch amach anseo. Cuimsíonn sé sin na rialacha a neartú chun taiscí a chosaint i gcás ina dteipfeadh ar bhanc.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Tá sé mar chuspóir ag an Aontas earnáil airgeadais a fhorbairt a bheidh láidir agus slán; déanfar é sin tríd an maoirseacht ar na hinstitiúidí airgeadais a neartú agus táirgí casta airgeadais a rialáil. Tá an Coimisiún Eorpach ag leanúint de bheidh ag obair ar chóras airgeadais cobhsaí agus seasmhach a chothú agus tá sé ag tabhairt aghaidh ar na rioscaí eile atá ann agus an creat rialála á choinneáil cothrom le dáta aige maidir le forbairtí teicneolaíochta agus eacnamaíocha.

Leis an leabhar rialacha aonair cruthaíodh rialacha comhchoiteanna chun maoirseacht a dhéanamh ar cheanglais chaipitil na mbanc, chun an chosaint do thaisceoirí a fheabhsú agus chun bainistiú a dhéanamh ar bhainc atá ag cliseadh. D’aistrigh an t-aontas baincéireachta cúram maoirseachta agus réitigh na mbanc ón leibhéal náisiúnta go leibhéal an Aontais sna 19 mBallstát sa limistéar euro. Cruthaítear le haontas na margaí caipitil an creat is gá chun leas a bhaint as caipiteal san Eoraip agus é a chur i dtreo na gcuideachtaí go léir, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus tograí bonneagair a dteastaíonn sé uathu, chun forbairt a dhéanamh agus chun poist a chruthú.

Níl margadh lán-chomhtháite ann fós le haghaidh seirbhísí airgeadais do thomhaltóirí. Feidhmíonn siad sin ar bhonn náisiúnta fós. Fágann sin go bhfuil sé deacair do thomhaltóirí teacht ar tháirgí airgeadais, nó táirgí airgeadais a aistriú thar theorainneacha, táirgí amhail cuntais bhainc, cártaí creidmheasa, morgáistí agus árachas. Tá an tAontas ag obair chun seirbhísí airgeadais a fheabhsú do thomhaltóirí agus d’infheisteoirí beaga. Mar shampla, tá bearta déanta aige lena ráthú go mbeidh cearta rochtana ar bhunchuntais bhainc ar fud an Aontais. Táthar ag iarraidh níos mó úsáid a bhaint as an acmhainn a bhaineann leis an digitiú agus le forbairtí teicneolaíochta chun rochtain níos fearr a thabhairt do thomhaltóirí ar sheirbhísí airgeadais.

Rinne an tAontas Plean Gníomhaíochta maidir le maoiniú inbhuanaithe a chur i láthair, arb ionann é agus infheistíocht lena gcuirtear tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais san áireamh. Rinneadh é sin mar chuid d’iarrachtaí Aontas na Margaí Caipitil chun maoiniú a cheangal le sainriachtanais gheilleagar na hEorpa chun tairbhe an domhain agus ár sochaí araon. Tá sé ar cheann de na príomhchéimeanna i dtreo Chomhaontú Pháras a chur chun feidhme chomh maith, in éineacht le Clár oibre an Aontais don fhorbairt inbhuanaithe.

Iomaíocht

Tá sé mar chuspóir le rialacha iomaíochta an Aontais go mbeidh iomaíocht chothrom chóir ann idir na cuideachtaí go léir sa mhargadh aonair agus go rachaidh an iomaíocht sin chun tairbhe do na tomhaltóirí, do na gnólachtaí agus do gheilleagar na hEorpa ina iomláine.

Is i gcomhar leis na húdaráis iomaíochta náisiúnta agus na cúirteanna náisiúnta a chuireann an Coimisiún Eorpach beartas iomaíochta an Aontais i bhfeidhm, maille le rialacha lena chinntiú go mbeidh cuideachtaí in iomaíocht le chéile ar bhealach cothrom. Cuidíonn sé sin leis na praghsanna a laghdú agus an caighdeán a ardú, spreagann sé nuálaíocht agus éifeachtúlacht agus tugann sé roghanna níos fearr do thomhaltóirí.

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Déanann an Coimisiún bearta maidir leis an méid seo a leanas:

  • cairtéil nó socruithe neamhdhleathacha eile idir cuideachtaí trína gcuirtear cosc ar an iomaíocht nó chun praghsanna arda mínádúrtha a shocrú;
  • mí-úsáid ceannasachta trína ndéanann mórchuideachtaí iarracht iomaitheoirí a bhrú amach as an margadh nó lena ngearrann siad praghsanna iomarcacha;
  • cumaisc agus táthcheangail lena bhféadfaí srianadh a chur le hiomaíocht sa mhargadh aonair;
  • tacaíocht airgeadais (státchabhair) ó rialtais an Aontais do chuideachtaí, a d’fhéadfadh iomaíocht sa mhargadh aonair a shaobhadh thrí thaobhú le cuideachtaí áirithe thar chuideachtaí eile; agus
  • cultúr na hiomaíochta a chur chun cinn go hidirnáisiúnta sa chaoi go mbainfidh tíortha an Aontais tairbhe as iomaíocht chóir ar mhargaí in áiteanna eile ar domhan.

Ní hamháin gur féidir leis an Aontas imscrúduithe a dhéanamh maidir le cleachtais frithiomaíocha i dtacaí le hearraí ach is féidir leis iad a dhéanamh freisin i dtaca le gairmeacha agus seirbhísí. Déanann an Coimisiún faireachán ar an tacaíocht a thugann rialtais na mBallstát do ghnólachtaí lena chinntiú nach dtabharfar buntáiste éagórach do chuideachtaí áirithe thar a gcuid iomaitheoirí. Is féidir státchabhair a cheadú má thacaíonn sí le réigiúin faoi mhíbhuntáiste, gnólachtaí beaga agus meánmhéide, taighde agus forbairt, cosaint an chomhshaoil, oiliúint, fostaíocht nó cultúr.

Sna blianta 2016 agus 2017 ghearr an Coimisiún fíneáil ar na baill de chairtéal soláthraithe trucailí ina raibh sé cinn de na príomhchuideachtaí a tháirgeann breis agus 90 % de na trucailí meánmhéide agus troma a dhíoltar san Eoraip: Scania, Daimler, DAF, Iveco, MAN agus Volvo/Renault. Ghearr an Coimisiún fíneáil €3.8 billiún san iomlán ar na sé chuideachta. Cuirtear an t-airgead sin isteach i mbuiséad an Aontais agus laghdaítear ranníocaíocht na gcáiníocóirí dá thoradh.

Tá bac ar ghnólachtaí móra a gcumas margála a úsáid chun coinníollacha a leagan síos má fhágann na coinníollacha sin go mbeidh sé deacair dá gcuid soláthraithe, nó ar a gcuid custaiméirí, dul i mbun gnó lena gcuid iomaitheoirí. Mar shampla, sa bhliain 2017, ghearr an Coimisiún Eorpach fíneáil €2.42 billiún ar Google as mí-úsáid a bhaint as a cheannasacht sa mhargadh mar inneall cuardaigh trí thús áite a thabhairt dá sheirbhís comparáide siopadóireachta féin sna torthaí cuardaigh ar Google, agus céim síos a thabhairt do sheirbhísí a chuid iomaitheoirí. Agus i mí Iúil 2018 gearradh fíneáil eile €4.34 billiún ar Google as srianta neamhdhleathacha a chur le déantúsóirí gléasanna Android. Tá tuilleadh cásanna ar fáil ar https://ec.europa.eu/competition/consumers/how/index_en.html.

Cánachas

Cé go bhfuil freagracht ar rialtais náisiúnta maidir le rátaí cánach a shocrú agus cánacha a bhailiú, cinntíonn an tAontas nach ndéantar leithcheal ar dhaoine ná ar ghnólachtaí ó Bhallstát eile agus nach gcuireann cánacha bac ar mhargadh aonair an Aontais.

Tá saoirse, a bheag nó a mhór, ag rialtais na mBallstát a ndlíthe cánach a shocrú de réir a gcuid tosaíochtaí náisiúnta. Ach ní mór bunphrionsabail áirithe a chur san áireamh agus é sin á dhéanamh. Ní mór cur in aghaidh leithcheala agus meas a léiriú ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí sa mhargadh aonair. Tá níos mó cuideachtaí agus daoine aonair gníomhach i níos mó ná tír amháin anois, agus mar sin de tá sé níos fusa dóibh iarracht a dhéanamh an méid cánach is lú is féidir a íoc (“seachaint cánach”) nó gan aon cháin a íoc (“imghabháil cánach”) agus é sin a dhéanamh ar bhealach dleathach. Ní féidir le tír amháin dul i ngleic leis na ceisteanna sin ina haonar. Mar sin, oibríonn Ballstáit an Aontais i gcomhar le chéile lena chinntiú go bhfuil an cánachas cothrom.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Níl ról díreach ag an Aontas i mbailiú cánach ná i socrú rátaí cánach. Is é ról an Aontais rialacha náisiúnta cánach a mhaoirsiú lena chinntiú go bhfuil siad i gcomhréir le beartais áirithe de chuid an Aontais amhail:

  • fás eacnamaíoch agus cruthú fostaíochta a chur chun cinn;
  • a áirithiú go mbeidh saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus caipitil ann ar fud an Aontais sa mhargadh aonair;
  • a chinntiú nach mbeidh buntáiste éagórach ag gnólachtaí i dtír amháin ar iomaitheoirí i dtír eile;
  • a chinntiú nach ndéanfar leithcheal de bharr cánacha ar thomhaltóirí, oibrithe nó gnólachtaí ó thíortha eile an Aontais.

Ní mór do rialtais na mBallstát go léir a bheith ar aon fhocal nuair a bhíonn cinntí an Aontais i dtaca le cúrsaí cánach á ndéanamh ionas go gcuirfear leas gach tíre de chuid an Aontais san áireamh. I gcás roinnt cánacha amhail cáin bhreisluacha nó dleachtanna máil ar pheitreal, ar thobac nó ar alcól, shocraigh na Ballstáit a gcuid rialacha agus íosrátaí a ailíniú, a bheag nó a mhór, chun iomaíocht éagórach a sheachaint laistigh den mhargadh aonair.

Níor cheart i mBallstát amháin ligean do dhaoine nó do ghnólachtaí éalú ó cháin i mBallstát eile leis na dlíthe cánach. Tá gá le gníomhaíocht ar fud an Aontais chun dul i ngleic leis an bhfadhb. Tar éis ghlacadh an phlean gníomhaíochta de chuid an Aontais sa bhliain 2012, rinneadh cuid mhór beart reachtach chun calaois chánach, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac.

Is cabhair é comhordú dlúth a bheith ann idir na húdaráis cánach freisin mar ar an gcaoi sin ní cheadaítear do ghnólachtaí leas a bhaint as bealaí lúbanna ar lár idir na córais i dtíortha éagsúla chun an méid cánach a íocann siad a laghdú.

Custam

De bharr aontas custaim an Aontais bíonn na Ballstáit go léir ag obair le chéile lena chinntiú go mbeidh saorghluaiseacht ann i gcás earraí a iompórtáiltear isteach san Aontas agus tá siad sábháilte do dhaoine, d’ainmhithe agus don chomhshaol.

Ós rud é go bhfuil aontas custaim ann cuireann na tíortha an aontais sin na taraifí céanna i bhfeidhm ar earraí a iompórtáiltear isteach i gcríoch an aontais sin ón gcuid eile den domhan, agus ní chuirtear aon taraif intíre i bhfeidhm. I gcás an Aontais Eorpaigh ciallaíonn sé sin nach n-íoctar dleachtanna custaim nuair a iompraítear earraí ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.

an tAontas Custaim ar cheann den bheagán inniúlachtaí eisiacha atá ag an Aontas Eorpach. Molann an Coimisiún Eorpach reachtaíocht maidir le cúrsaí a bhaineann le custam an Aontais agus cinntíonn sé go gcuirtear i bhfeidhm í.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Go praiticiúil, tá aontas custaim an Aontais Eorpaigh á bhainistiú ag na seirbhísí náisiúnta custaim agus iad ag feidhmiú mar aonad amháin. Cosnaíonn siad tomhaltóirí ar earraí a d’fhéadfadh a bheith contúirteach nó díobhálach don tsláinte agus cosnaíonn siad ainmhithe agus an comhshaol ar ghalair plandaí agus ainmhithe. Cabhraíonn siad freisin sa chomhrac in aghaidh na coireachta eagraithe agus na sceimhlitheoireachta agus cinntíonn siad nach ndéantar seoda Eorpacha a smuigleáil amach aisti.

Cuireann na seirbhísí custaim bac ar onnmhairiú neamhdhleathach dramhaíola, freisin, ós rud é go bhfuil caomhnú an chomhshaoil ar cheann de na príomhchúraimí atá orthu. Maidir le gnólachtaí, de bharr an Aontais Custaim cuirtear na rialacha céanna i bhfeidhm cibé áit a dtagann earraí isteach san Aontas, agus nuair a bhíonn imréiteach custaim déanta is féidir earraí a bhogadh thart agus a dhíol in aon áit laistigh de limistéar custaim an Aontais.

Sa bhliain 2016, rinneadh beagnach 313 mhilliún dearbhú custaim a láimhseáil ag níos mó ná 2 000 oifig custaim de chuid an Aontais, a bhí ag feidhmiú 365 lá sa bhliain.

Faoi láthair, tá beartas custaim an Aontais dírithe ar na réimsí seo a leanas:

  • a chinntiú go mbeidh na Ballstáit go léir ag obair le chéile go héifeachtach éifeachtúil laistigh den Aontas Custaim;
  • reachtaíocht agus nósanna imeachta a mholadh i gcomhair slándáil agus sábháilteacht níos fearr do shaoránaigh agus chun trádáil dhlisteanach a éascú;
  • cuidiú le tíortha an Aontais faisnéis a mhalartú a d’fhéadfadh a bheith úsáideach do ghníomhaireachtaí custaim; agus
  • a chinntiú gur féidir earraí a bhogadh gan srian ó Bhallstát amháin go Ballstát eile i margadh aonair an Aontais.

Cultúr agus na meáin

Oibríonn an tAontas chun oidhreacht chultúrtha choiteann na hEorpa a chaomhnú agus í a chur ar fáil do chách. Tacaíonn sé leis na healaíona agus cabhraíonn sé le dul chun cinn thionscail na cruthaitheachta agus an chlosamhairc, go háirithe leis an gclár Eoraip na Cruthaitheachta

Tá cultúr agus cruthaitheacht ina gcuid dhílis den tionscadal Eorpach agus de bheartas cultúir an Aontais. Baineann na milliúin daoine tairbhe, taitneamh agus tuiscint ar a bhféiniúlacht as oidhreacht chultúrtha shaibhir agus earnálacha cruthaitheacha dinimiciúla na hEorpa.

Déanann an tAontas iarracht an oidhreacht chultúrtha agus an ilghnéitheacht chultúrtha a chosaint sna tíortha éagsúla agus leas a bhaint as an méid a chuireann tionscail an chultúir agus na cruthaitheachta leis an ngeilleagar agus leis an tsochaí. Déantar iarracht freisin le beartas an Aontais dul i ngleic leis na dúshláin choiteanna amhail an t-athrú go córas táirgthe digiteach agus ábhar digiteach, nó conas nuálaíocht a spreagadh in earnáil an chultúir. Tá gníomhaíochtaí nithiúla le fáil sa Chlár Oibre Eorpach Nua don Chultúr chun an acmhainn is mó is féidir a bhaint as an gcultúr.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Tá sé mar chuspóir leis an gclár Eoraip na Cruthaitheachta earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta san Eoraip a threisiú agus maoiniú a chur ar fáil do thart ar 3 700 eagraíocht chultúrtha, 250 000 ealaíontóir agus gairmí cultúir, breis agus 7 000 pictiúrlann agus 2 800 scannán agus 4 500 aistriúchán leabhair le linn na tréimhse 7 mbliana a mbeidh an clár sin ar bun lena linn. Tá infheistíocht €1.46 billiún á déanamh faoin gclár chun na nithe a leanas a bhaint amach:

  • ilchineálacht chultúrtha agus theangeolaíoch na hEorpa a chur chun cinn;
  • fás eacnamaíoch agus iomaíochas in earnálacha na cruthaitheachta a chur chun tosaigh;
  • cuidiú le hearnálacha na cruthaitheachta agus an chultúir leas a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha agus samhlacha nua gnó a fhorbairt; agus
  • saothair ealaíne a thaispeáint do níos mó daoine san Eoraip agus ar fud an domhain.

Cuirtear tionscnaimh amhail Duaiseanna an Aontais maidir le hoidhreacht chultúrtha, ailtireacht, litríocht agus ceol, an Lipéad Oidhreachta Eorpach agus Príomhchathracha Cultúir na hEorpa. Bhí sé d’aidhm ag Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha tuilleadh daoine a spreagadh le foghlaim faoi oidhreacht chultúrtha na hEorpa agus le spéis a chur inti agus muintearas a chothú i leith comhlimistéar Eorpach.

Ina theannta sin, comhordaíonn an Coimisiún an próiseas ceaptha beartais, an taighde agus an tuairisciú ar réimse topaicí, lena n-áirítear litearthacht i leith na meán agus dáileadh digiteach, caomhnú oidhreachta cultúrtha agus cultúr sa chaidreamh seachtrach. Chomh maith leis sin, cothaíonn sé comhar agus piarfhoghlaim idir na Ballstáit.

Tá sé mar chuspóir le beartas an Aontais maidir le closamharc agus na meáin a chinntiú go mbeidh na meáin chlosamhairc (scannán, teilifís agus físeán), ar nós earraí agus seirbhísí eile, á rialú ag rialacha an Aontais lgo mbeidh saorghluaiseacht chothrom agus chóir acu sa mhargadh aonair, cibé caoi a seachadtar iad. Tacaíonn an tAontas le scannáin agus ábhair eile Eorpacha a fhorbairt agus a dháileadh chomh maith, d’fhonn éagsúlacht chultúrtha a chur chun cinn.

Daoine óga

Tá sé mar chuspóir ag an Aontas, leis na beartais agus na cláir atá aige maidir leis an aos óg, breis deiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga san oideachas agus sa mhargadh fostaíochta agus a chinntiú go mbeidh deis acu páirt iomlán a ghlacadh i ngach réimse den tsochaí.

Tá cuimsiú sóisialta daoine óga ríthábhachtach don tsochaí Eorpach agus don daonlathas. Le straitéis an Aontais Eorpaigh i leith na hóige, cuirtear iompú daoine óga ina ndaoine fásta agus sláinte agus folláine daoine óga chun cinn. Cuirtear rannpháirtíocht an aosa óig sa tsochaí agus i ngníomhaíochtaí deonacha agus dlúthpháirtíochta, i bhfostaíocht agus i bhfiontraíocht chun cinn freisin. Le beartais an Aontais maidir leis an aos óg, tugtar deis freisin do dhaoine óga bearnaí ina gcuid oideachais agus ina gcuid scileanna a líonadh, agus, ar an gcaoi sin, tugtar seans níos fearr dóibh dul in oiriúint do dhúshláin agus cuidiú le hathrú dearfach a dhéanamh sa tsochaí. Tá sé sin an-ábhartha toisc go bhfuil an dífhostaíocht ard fós i measc daoine óga.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Déanann an tAontas roinnt clár agus tionscnamh a reáchtáil chun cabhrú le daoine óga san Eoraip páirt níos gníomhaí a ghlacadh sa tsochaí agus tairbhe a bhaint as tréimhse a chaitheamh i dtír eile. Orthu sin tá:

  • Is é Erasmus+ an clár atá ag an Aontas chun tacú le hoideachas, oiliúint, an óige agus spórt san Eoraip. Leis an mbuiséad dar luach €14.7 billiún atá ag an gclár sin, cruthaítear deiseanna do bhreis is 4 mhilliún Eorpach eolas agus scileanna a fháil trí dhul i mbun staidéir, cúrsaí, oiliúna, printíseachtaí, malartuithe daoine óga, teagaisc, oiliúna, oibre don óige agus spóirt i dtír eile.
  • Leagann an Coimisiún béim ar an ngá atá le hidirphlé struchtúrtha mar mhodh cumarsáide frithpháirtí idir daoine óga agus lucht cinnteoireachta sa chaoi go mbeidh ionchur pearsanta ag daoine óga i gcúrsaí beartais a bhaineann leo. Eagraítear timthriallta 18 mí. I ngach timthriall, déantar idirphlé struchtúrtha ar thopaic ar leith agus tugtar deis do na daoine óga a gcuid tuairimí ar an topaic a nochtadh.
  • Leis an gclár Erasmus le haghaidh fiontraithe óga, oiltear fiontraithe Eorpacha nua nó óga sna scileanna atá riachtanach chun gnó beag a thosú agus a reáchtáil.
  • Tionscnamh nua de chuid an Aontais is ea an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, a bhfuil sé mar chuspóir aige deiseanna a thabhairt do dhaoine a ndlúthpháirtíocht a chur in iúl trí pháirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ina dtír féin nó thar lear a théann chun tairbhe do phobail agus do dhaoine ar fud na hEorpa.
  • Leis an Scéim Ráthaíochta don Aos Óg, lena ngabhann maoiniú €8.8 billiún, tugtar tacaíocht fostaíochta don aos óg trína chinntiú go bhfaighidh gach duine óg faoi bhun 25 bliana d’aois tairiscint ardchaighdeáin ar phost, ar phrintíseacht, ar chúrsa oiliúna nó ar oideachas leantach laistigh de 4 mhí ón uair a fhágfaidh siad an t-oideachas foirmiúil nó ón uair a chaillfidh siad a bpost.

I dTairseach Eorpach na hÓige, tugtar eolas ar na tionscnaimh sin agus ar thionscnaimh eile atá ag an Aontas do dhaoine óga san Eoraip. Cuidíonn EURES, an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile, chun cuardaitheoirí poist a chur i dteagmháil le cuideachtaí a bhfuil post á thairiscint acu.

Spórt

Cuireann an tAontas na buntáistí sláinte agus na luachanna dearfacha a bhaineann leis an spórt chun cinn, tacaíonn sé leis an gcomhar idir an lucht déanta beartas agus leis an idirphlé le heagraíochtaí spóirt agus téann sé i ngleic le fadhbanna amhail dópáil, cúbláil cluichí agus foréigean.

Is cuid lárnach de shaol na milliún Eorpach an spórt agus an aclaíocht. Chomh maith le sláinte agus leas an duine a chur chun cinn, is féidir leis an spórt cuidiú le dul i ngleic le fadhbanna amhail an ciníochas, an t-eisiamh sóisialta agus an neamhionannas inscne. Cuireann an spórt buntáistí móra eacnamaíocha ar fáil chomh maith agus tá sé tábhachtach i gcaidreamh seachtrach an Aontais. Is tríd an gclár Erasmus+, den chuid is mó, a chuirtear beartas spóirt an Aontais i gcrích anois.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Díríonn an tAontas ar an spórt mar bhealach chun daoine a choinneáil folláin, chun pobail a thabhairt le chéile, chun cuimsiú sóisialta a chothú agus chun comhdheiseanna a chur chun cinn.

  • Cuirtear cómhaoiniú ar fáil trí Erasmus+ i gcomhair tionscnaimh a chuidíonn le cleachtais agus smaointe nuálacha a fhorbairt, a chomhroinnt agus a chur chun feidhme chun an spórt a spreagadh i measc an phobail. Cuidíonn “spórt Erasmus+” le gné Eorpach an spóirt a fhorbairt, rud a neartaíonn an comhar idir eagraíochtaí spóirt, údaráis phoiblí agus páirtithe eile.
  • Is féidir leis an spórt bearnaí sóisialta a líonadh, daoine a chumasú agus deiseanna a chur ar fáil le scileanna ceannaireachta a fhorbairt. Spreagtar Ballstáit an Aontais le tionscadail lena gcothaítear cuimsiú sóisialta trí spórt a chur san áireamh le linn dóibh iarratas a dhéanamh ar dheontais ó Chiste Sóisialta na hEorpa agus ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa. Le Dámhachtainí Spóirt #BeInclusive an Aontais, tugtar aitheantas d’eagraíochtaí a bhaineann leas as an spórt chun grúpaí faoi mhíbhuntáiste a chuimsiú níos fearr sa tsochaí.
  • Le Seachtain Eorpach an Spóirt, spreagtar Eorpaigh le bheith gníomhach ina saol laethúil.
  • Spreagann an Coimisiún Eorpach eagraíochtaí spóirt le dea-rialachas a chur chun feidhme.
  • De réir a chéile, tá an Coimisiún Eorpach ag comhtháthú an spóirt sna comhaontuithe déthaobhacha le tíortha lasmuigh den Aontas.

Comhaontaítear comhar maidir leis an spórt idir Ballstáit an Aontais trí phlean oibre ilbhliantúil an Aontais don spórt. Tá trí thosaíocht sonraithe sa phlean is deireanaí (don tréimhse 2017-2020): ionracas an spóirt, an ghné eacnamaíoch den spórt agus an spórt agus an tsochaí. Oibríonn an Coimisiún Eorpach i gcomhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara chun ról an spóirt a chur chun cinn agus chun teacht ar réitigh maidir le fadhbanna atá le sárú sa spórt Eorpach.

Léiríonn suirbhé Eorabharaiméadair ar spórt agus ar ghníomhaíocht choirp nach mbíonn a ndóthain aclaíochta á déanamh ag saoránaigh an Aontais. Cuirtear an aclaíocht chun cinn le beartas sláinte an Aontais trí chomhroinnt dea-chleachtas idir tíortha an Aontais agus páirtithe leasmhara, agus trí chlár oibre an Aontais chun dul i ngleic le réim bhia, le gníomhaíocht choirp agus leis an tsláinte, rud a chruthaíonn fóram chun déileáil le treochtaí díobhálacha.

Léiríonn Treoirlínte an Aontais maidir le gníomhaíocht choirp (2008) agus na moltaí ón gComhairle maidir le gníomhaíocht choirp ar mhaithe le feabhsú sláinte sna hearnálacha éagsúla (2013) conas is féidir gníomhaíocht a spreagadh le beartais náisiúnta. In Éileamh Stíle Maireachtála Sláintiúla Tartu (2017) tá liosta de 15 ghníomhaíocht chun stíl mhaireachtála shláintiúil a chur chun cinn.

An Buiséad

Cuidíonn buiséad an Aontais leis na nithe sin atá tábhachtach d’Eorpaigh a chur ar fáil. Trí acmhainní a chomhthiomsú ar leibhéal an Aontais, is féidir le Ballstáit an Aontais níos mó a bhaint amach ná mar a dhéanfaidís ina n-aonar.

Tacaíonn buiséad an Aontais le réimse leathan beartas a chuirtear chun feidhme laistigh den Aontas Eorpach agus tá sé ag cuidiú le ról láidir an Aontais a threisiú ar an ardán idirnáisiúnta, mar cheannaire sa chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide agus mar an deontóir cabhrach daonnúla agus cabhrach um fhorbairt is mó ar domhan.

Le linn na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais bhí buiséad an Aontais ina ionstraim chumhachtach chun tacú le hinfheistíocht. Nuair a bhí buiséid náisiúnta faoi bhrú mór i gcuid mhór Ballstát, ba é buiséad an Aontais, agus na Cistí Struchtúracha go háirithe, a tháinig chun cinn tar éis na géarchéime sa bhliain 2008 chun feidhmiú mar thoisc cobhsaíochta agus infheistíocht á déanamh i bhfás agus i bhfostaíocht. Le déanaí, bhain an-tábhacht leis an mbuiséad maidir le teorainneacha seachtracha an Aontais a bhainistiú, maidir leis an bhfreagairt a thug an Eoraip ar ghéarchéim na ndídeanaithe agus maidir leis an mbagairt ón gcoireacht eagraithe agus ón sceimhlitheoireacht.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Comhaontaíonn an tAontas pleananna buiséid fadtéarmacha lena gcuirtear bonn seasmhach ar fáil chun an buiséad a chur chun feidhme thar thréimhse 5 bliana ar a laghad. Tá an tréimhse 2014-2020 cumhdaithe le buiséad fadtéarmach reatha an Aontais agus is féidir leis an Aontas tuairim agus €1 trilliún a infheistiú thar an tréimhse sin dá bharr. I mí na Bealtaine 2018, rinne an Coimisiún Eorpach a thogra maidir le buiséad fadtéarmach an Aontais Eorpaigh, ón mbliain 2021 go dtí an bhliain 2027, a chur i láthair.

Socraítear an buiséad bliantúil go daonlathach. I dtús báire, molann an Coimisiún Eorpach dréachtbhuiséad. Ansin bíonn ar na rialtais náisiúnta (ag gníomhú dóibh trí Chomhairle an Aontais Eorpaigh) agus Parlaimint na hEorpa, a toghadh go díreach, buiséad an Aontais a fhormheas roimh thús na bliana go hiondúil. Caitear thart ar 94 % den bhuiséad sna Ballstáit féin, ar phoist agus fás a chothú san Eoraip go príomha, agus lasmuigh den Aontas chomh maith, ar chabhair um fhorbairt agus ar chabhair dhaonnúil, agus ní chaitear ach 6 % de ar riarachán an Aontais féin.

Bhí thart ar €165,8 billiún buiséad bliantúil an Aontais agus sa bhliain 2019 — suim mhór mar ghlanfhigiúirí, ach níl sa mhéid sin ach 1 % den mhaoin a chruthaíonn geilleagair na mBallstát gach bliain. Maoinítear thart ar 80 % de bhuiséad an Aontais le ranníocaíochtaí náisiúnta atá bunaithe ar ollioncam náisiúnta agus ar cháin bhreisluacha.

Gach bliain, ar bhonn mholadh ón gComhairle, socraíonn Parlaimint na hEorpa cé acu a cheadóidh nó nach gceadóidh sí buiséad an Aontais de réir na caoi ar chuir an Coimisiún chun feidhme é. “Urscaoileadh” a thugtar ar an bpróiseas sin. Cinntítear leis an nós imeachta sin go bhfuil freagracht agus trédhearcacht iomlán ann, agus nuair a thugtar “an t-urscaoileadh” dúntar na cuntais go foirmiúil don bhliain áirithe sin.

Calaois a chosc

Cinntíonn an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise go mbaintear an leas is fearr is féidir as airgead na gcáiníocóirí trí imscrúdú a dhéanamh ar chásanna a bhaineann le calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha i dtaca le cistí an Aontais.

Is féidir díobháil shuntasach a dhéanamh don gheilleagar má dhéantar éilliú nó calaois agus is féidir an bonn a bhaint den iontaoibh atá ag na saoránaigh as institiúidí daonlathacha agus as na próisis dhaonlathacha. Ní hé an t-éilliú institiúideach an t-aon bhagairt amháin atá ann, áfach. Smuigleáil toitíní, seachaint dleachtanna iompórtála ar bhróga agus ar éadaí, fáil fóirdheontas maidir le horáistí a fhás ar fheirmeacha nach ann dóibh — tá mórán samplaí ann de chalaois mhór agus de chalaois bheag ar gá do cháiníocóirí Eorpacha íoc astu.

Chun na bagairtí sin a chomhrac, imscrúdaíonn an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (ar a dtugtar OLAF freisin) calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a bhaineann le cistí an Aontais. Anuas air sin, imscrúdaíonn sí mí-iompar tromchúiseach i measc fhoireann an Aontais agus comhaltaí d’institiúidí an Aontais agus cabhraíonn sí leis na hinstitiúidí beartais a cheapadh agus a chur chun feidhme chun calaois a chosc agus a bhrath. Is cuid den Choimisiún Eorpach í OLAF, ach gníomhaíonn sí le sainordú imscrúdúcháin neamhspleách.

Video:

An obair atá á déanamh ag an Aontas Eorpach

Nuair a dhéantar measúnú ar chás ina bhfuil amhras ann go ndearnadh éilliú nó calaois i leith chistí an Aontais agus nuair a thugann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise bunús leis, cuirtear tús le himscrúdú. Is féidir agallaimh a dhéanamh agus cigireacht a dhéanamh ar áitribh mar chuid de na himscrúduithe sin. Chomh maith leis sin, comhordóidh an oifig cigireachtaí a dhéanfaidh gníomhaireachtaí frithchalaoise na mBallstát atá bainteach leis an gcás.

Tar éis imscrúdú a chur i gcrích, molann an oifig beart d’institiúidí an Aontais agus do na rialtais náisiúnta lena mbaineann: go hiondúil bíonn imscrúduithe coiriúla, aisghabháil airgeadais nó bearta smachta eile ar áireamh iontu sin. Déanann sí faireachán ansin ar an gcaoi a gcuirtear na moltaí sin chun feidhme.

Déantar oibríochtaí comhpháirteacha custaim go rialta idir údaráis náisiúnta custaim agus an Oifig (agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais) chun stop a chur le smuigleáil agus le calaois i limistéir ardriosca áirithe agus ar bhealaí aitheanta. Mar shampla, sa bhliain 2017, de bharr oibríochtaí comhpháirteacha custaim a bhí á maoiniú ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, rinneadh 75 mhilliún toitín agus na céadta míle táirgí góchumtha eile a urghabháil.

Chomh maith leis sin, cuireann OLAF le forbairt, le faireachán agus le cur chun feidhme bheartais frithchalaoise an Aontais, agus í ag obair i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún Eorpach, le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle an Aontais Eorpaigh.

3 Conas a dhéanann an tAontas Eorpach cinntí agus conas a chuireann sé i ngníomh iad?

1 CÉ hIAD

Tá an tAontas Eorpach bunaithe ar an smacht reachta. Dá réir sin, tá gach beart a dhéanann an tAontas Eorpach bunaithe ar chonarthaí a d’fhormheas na Ballstáit go léir go deonach agus go daonlathach. Déanann na Ballstáit go léir caibidlíocht faoi na conarthaí agus ansin déantar iad a dhaingniú ina gcuid parlaimintí nó le reifreann.

Leagtar síos cuspóirí an Aontais Eorpaigh sna conarthaí agus leagtar amach iontu na rialacha maidir leis an gcaoi a bhfeidhmíonn na hinstitiúidí, leis an gcaoi a ndéantar cinntí agus leis an ngaol idir an tAontas agus a chuid Ballstát. Leasaíodh na conarthaí gach uair a ghlac Ballstáit nua ballraíocht san Aontas. Leasaíodh iad chomh maith ó am go chéile chun institiúidí an Aontais Eorpaigh a athchóiriú agus chun réimsí nua freagrachta a thabhairt dó.

Tháinig an conradh leasaitheach deireanach, mar atá Conradh Liospóin, i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009. Tá conarthaí a tugadh i gcrích níos luaithe corpraithe anois sa leagan comhdhlúite reatha ina gcuimsítear an Conradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Rud ba dhéanaí fós, chomhaontaigh an tAontas Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta. Is conradh idir-rialtasach é lena gcuirtear ceangal ar thíortha atá rannpháirteach sa Chonradh sin rialacha dochta a bheith acu chun buiséid phoiblí chomhardaithe a ráthú agus chun rialachas sa limistéar euro a threisiú.

Glacann institiúidí éagsúla Eorpacha páirt sa chinnteoireacht ar leibhéal an Aontais, go háirithe:

Bíonn na comhlachtaí comhairleacha (Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún) agus na parlaimintí náisiúnta rannpháirteach sa phróiseas sin chomh maith.

Is é an Coimisiún Eorpach a mholann dlíthe nua de ghnáth, agus is iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle (ar a dtugtar Comhairle an Aontais Eorpaigh chomh maith) a ghlacann iad. Cuireann na Ballstáit agus an institiúid Eorpach, nó na hinstitiúidí Eorpacha, lena mbaineann na dlíthe sin chun feidhme ansin iad.

Parlaimint na hEorpa

Toghann saoránaigh an Aontais Eorpaigh Parlaimint na hEorpa i dtoghcháin dhíreacha a reáchtáiltear gach 5 bliana. Toghann gach Ballstát líon áirithe Feisirí (FPEnna); leithdháiltear na suíocháin de réir dhaonra gach Ballstáit. Tagann an Pharlaimint le chéile sa Bhruiséil agus in Strasbourg araon. Is é David Sassoli an tUachtarán ar Pharlaimint na hEorpa faoi láthair.

Eagraíonn FPEnna (Feisirí i bParlaimint na hEorpa) iad féin ina ngrúpaí polaitiúla agus ina gcoistí a chíorann tograí i gcomhair reachtaíocht nua i réimsí éagsúla beartais.

I dtaca le cinnteoireacht, tá an Pharlaimint freagrach as na nithe seo a leanas:

  • Dlíthe an Aontais a fhormheas, a leasú nó a dhiúltú, i gcomhar le Comhairle an Aontais Eorpaigh, bunaithe ar thograí ón gCoimisiún Eorpach. Tá an fhreagracht choiteann chéanna ar an bParlaimint agus ar an gComhairle maidir le buiséad an Aontais a ghlacadh (ar thogra ón gCoimisiún Eorpach).
  • Cinntí a dhéanamh maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta.
  • Cinntí a dhéanamh maidir le méaduithe ar an Aontas.
  • Uachtarán an Choimisiúin a thoghadh, ar bhonn togra ó na Ballstáit, agus an Coimisiún iomlán a fhormheas.
  • Clár oibre an Choimisiúin a bhreithniú agus a iarraidh ar an gCoimisiún tograí le haghaidh reachtaíochta a ullmhú.

Tá dhá phríomhchéim in obair na Parlaiminte.

  • Réitíonn coistí an reachtaíocht: tá 20 coiste agus dhá fhochoiste ag an bParlaimint, agus réimse beartais ar leith faoi chúram gach ceann díobh. Cíorann na coistí tograí i gcomhair reachtaíochta, agus is féidir le FPEnna agus grúpaí polaitiúla leasuithe a chur ar aghaidh nó a mholadh go ndiúltófaí an togra reachtaíochta. Pléitear na ceisteanna sin laistigh de na grúpaí polaitiúla sula ndéantar cinneadh faoi vótáil ar ábhar ar leith.
  • Sna seisiúin iomlánacha déantar an reachtaíocht a fhormheas, a leasú nó a dhiúltú: is ansin a thagann na FPEnna ar fad le chéile sa seomra tionóil chun an vóta deireanach a chaitheamh ar an reachtaíocht agus ar na leasuithe atá beartaithe. Is gnách gur in Strasbourg a bhíonn na seisiúin iomlánacha sin, agus is sa Bhruiséil a thionóltar aon seisiún breise.

Tháinig deireadh le hochtú téarma Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2019. Thogh saoránaigh sna Ballstáit Feisirí de Pharlaimint na hEorpa i vóta díreach idir an 23-26 Bealtaine, agus cruthaíodh Parlaimint nua. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi thoradh na dToghchán Eorpacha 2019 agus faoin bParlaimint nua a chruthú ar láithreán gréasáin Pharlaimint na hEorpa.

An Chomhairle Eorpach

Tá an Chomhairle Eorpach lonnaithe sa Bhruiséil, agus tá sí comhdhéanta de Chinn Stáit nó Cinn Rialtais ó Bhallstáit an Aontais, d’Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus d'Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

Tugann an Chomhairle Eorpach ceannairí an Aontais le chéile chun clár polaitíochta an Aontais a shocrú. Tá sí ar an gcomhar polaitiúil is mó idir Ballstáit éagsúla an Aontais. Is i bhfoirm cruinnithe mullaigh (cruinnithe ráithiúla de ghnáth) idir Ceannairí an Aontais a thagann an Chomhairle Eorpach le chéile, faoi chathaoirleacht Uachtarán na Comhairle Eorpaí. Is féidir leis an Uachtarán tuilleadh cruinnithe a thionól chun ceisteanna práinneacha a phlé. In Iúil 2019, thogh an Chomhairle Eorpach Charles Michel mar Uachtarán don tréimhse 1 Nollaig 2019 go dtí an 31 Bealtaine 2022.

Is gnách gur d’aon ghuth a dhéanann an Chomhairle Eorpach cinntí, ach déanann sí cinntí le tromlach cáilithe ó am go chéile.

An Chomhairle Eorpach:

  • déanann an Chomhairle cinntí i dtaca le treo iomlán agus tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, ach ní ritheann sí dlíthe;
  • déileálann an Chomhairle le ceisteanna casta nó íogaire nach féidir a réiteach ar leibhéil níos ísle den chomhar idir-rialtasach;
  • leagann an Chomhairle síos comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais, agus leasanna straitéiseacha an Aontais agus impleachtaí cosanta á gcur san áireamh aici;
  • ainmníonn agus ceapann an Chomhairle iarrthóirí chuig róil ardphróifíle áirithe san Aontas, amhail Uachtarán an Choimisiúin nó Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

I dtaca le gach ceist, féadfaidh an Chomhairle Eorpach:

  • a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach togra a dhéanamh chun dul i ngleic léi;
  • í a chur ar aghaidh chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh chun déileáil léi.

An Chomhairle

Is í an Chomhairle i gcomhar le Parlaimint na hEorpa príomhchomhlacht cinnteoireachta an Aontais. Tugtar Comhairle an Aontais Eorpaigh uirthi freisin. Sa Chomhairle, tagann airí rialtais ó gach Ballstát le chéile chun dlíthe a phlé, a leasú agus a ghlacadh agus chun beartais a chomhordú. Tá an t-údarás ag na hairí gealltanais a thabhairt go ndéanfaidh a rialtais féin na bearta a chomhaontaíodh sna cruinnithe a chur i gcrích. Bíonn uachtaránacht na Comhairle ag Ballstáit an Aontais ar bhonn sealaíochta gach 6 mhí, agus tá an tUachtarán freagrach as cathaoirleacht a dhéanamh ar chruinnithe na Comhairle agus as cláir oibre a shocrú.

An Chomhairle:

  • déanann an Chomhairle dlíthe an Aontais a shocrú le caibidlíocht agus a ghlacadh, i gcomhar le Parlaimint na hEorpa, ar bhonn thograí ón gCoimisiún Eorpach;
  • comhordaíonn an Chomhairle beartais thíortha an Aontais;
  • ar bhonn treoirlínte ón gComhairle Eorpach;
  • tugann an Chomhairle comhaontuithe i gcrích idir an tAontas agus tíortha eile nó eagraíochtaí idirnáisiúnta;
  • glacann an Chomhairle buiséad bliantúil an Aontais i gcomhar le Parlaimint na hEorpa.

Is iad na hairí a bhfuil freagracht orthu as an mbeartas atá faoi chaibidil na hairí a fhreastalaíonn ar chruinnithe. Mar shampla, is iad na hairí comhshaoil a thagann le chéile sa Chomhairle Chomhshaoil. Tagann na hairí le chéile roinnt uaireanta sa bhliain chun cinntí a dhéanamh i leith an Aontais, ach bíonn cruinnithe ag oifigigh rialtais ó cheann ceann na bliana chun sonraí na mbeartas a phlé.

Chun cinneadh a dhéanamh, is gnách go dteastaíonn tromlach cáilithe, arb ionann é agus 55 % de na Ballstáit a sheasann do 65 % ar a laghad de dhaonra iomlán an Aontais. I gcás topaicí áirithe amhail an beartas eachtrach agus cánachas, áfach, teastaíonn vóta d’aon ghuth (na Ballstáit go léir i bhfabhar an chinnidh). Teastaíonn tromlach simplí i leith ceisteanna nós imeachta agus riaracháin.

Níor chóir an Chomhairle a mheascadh le Comhairle na hEorpa. Ní comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh í Comhairle na hEorpa. Is eagraíocht idirnáisiúnta í a bunaíodh chun an daonlathas a chur chun cinn agus chun cearta an duine agus an smacht reachta a chosaint san Eoraip. Tá 47 dtír san Eoraip, lena n-áirítear Ballstáit an Aontais, ina mbaill di.

An Coimisiún Eorpach

Is é an Coimisiún Eorpach an phríomhinstitiúid a reáchtálann gnó an Aontais ó lá go lá. Is í an t-aon institiúid de chuid an Aontais í ar féidir léi reachtaíocht a mholadh (is minic a dhéanann sí é sin ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle), cé gurb iad an Pharlaimint agus an Chomhairle a vótálann ar an reachtaíocht. Tá formhór na ndaoine a oibríonn sa Choimisiún lonnaithe sa Bhruiséil nó i Lucsamburg. Mar sin féin, tá oifigí “ionadaíochta” ag an gCoimisiún i bpríomhchathracha Bhallstáit an Aontais go léir.

Tá an Coimisiún comhdhéanta de Choláiste na gCoimisinéir, duine ó gach ceann de Bhallstáit an Aontais, lena n-áirítear an tUachtarán Ursula von der Leyen agus na Leas-Uachtaráin.

A luaithe a ainmnítear Uachtarán an Choimisiúin, ainmníonn Comhairle an Aontais Eorpaigh na 26 Chomhaltaí eile den Choimisiún le comhaontú an Uachtaráin ainmnithe, agus ansin bíonn ar na Comhaltaí le chéile formheas Pharlaimint na hEorpa a fháil. Is iad na Coimisinéirí foireann ceannaireachta polaitiúla an Choimisiúin le linn téarma cúig bliana. Tugann an tUachtarán cúram réimsí sonracha beartais ar gach Coimisinéir.

Is ionann foireann an Choimisiúin agus an státseirbhís i mBallstát, agus tá sí eagraithe ina ranna, ar a dtugtar ardstiúrthóireachtaí agus seirbhísí, atá ar aon dul le haireachtaí ar an leibhéal náisiúnta.

Bíonn cinntí an Choimisiúin bunaithe ar chomhfhreagracht Choláiste na gCoimisinéirí. Tá na Coimisinéirí go léir ar comhchéim i bpróiseas na cinnteoireachta agus tá siad comhfhreagrach as na cinntí sin. Ní bhíonn aon chumhachtaí cinnteoireachta acu ina n-aonar, ach amháin nuair a thugtar na cumhachtaí sin dóibh i gcásanna ar leith.

Tá ochtar Leas-Uachtarán (lena n-áirítear triúr Leas-Uachtarán agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála) ann a bhfuil na róil sin acu in éineacht le gnáthchúram an Choimisinéara. Gníomhaíonn na Leas-Uachtaráin thar ceann an Uachtaráin agus, i dteannta roinnt Coimisinéirí, comhordaíonn siad an obair sa réimse a bhfuil siad freagrach as. Leagtar amach sé cinn d’uaillmhianta don Eoraip sna treoirlínte polaitiúla a chuir an tUachtarán Ursula von der Leyen i láthair in Iúil 2019.

Is gnách go ndéantar cinntí ginearálta ar bhonn comhthola agus is féidir cinntí a chur ar vóta freisin. Sa chás sin, déantar cinntí le tromlach simplí, agus vóta amháin ag gach Coimisinéir. Glacann an ardstiúrthóireacht ábhartha an t-ábhar ar láimh ansin. Is gnách go ndéantar é sin i bhfoirm dréacht-tograí reachtacha.

Coistí Comhairleacha

Tá ról comhairleach ag na Coistí comhairleacha (Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún) i leith Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Cuireann siad a gcuid tuairimí ar fáil maidir le gníomhartha reachtacha arna moladh. Déanann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ionadaíocht don tsochaí shibhialta eagraithe agus déanann Coiste na Réigiúnionadaíocht d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha.

Parlaimintí Náisiúnta

Rannchuidíonn 27 bparlaimint náisiúnta na mBallstát le dea-fheidhmiú an Aontais trí ghrinnscrúdú a dhéanamh ar a gcuid rialtas maidir le gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus tá roinnt ceart acu, lena n-áirítear an ceart a gcuid imní a chur in iúl i dtaobh dréachtghníomhartha reachtacha.

Cuireann Parlaimintí Náisiúnta tuairimí réasúnaithe chuig an gCoimisiún má cheapann siad go bhfuil prionsabal na coimhdeachta á shárú le dréachtghníomh reachtach. Má dhéantar coinníollacha áirithe a chomhlíonadh, déanann an Coimisiún a thogra a athbhreithniú, agus míníonn sé go poiblí cé acu a dhéanfaidh sé, a thogra a choinneáil, a leasú nó a tharraingt siar.

Bíonn idirphlé polaitiúil leanúnach ar bun idir an Coimisiún agus na Parlaimintí náisiúnta chomh maith. Seolann na Parlaimintí a gcuid tuairimí ar thionscnamh reachtach nó polaitiúil ar bith de chuid an Choimisiúin nó ar ábhar polaitiúil ar bith ar a gconlán féin.

An Banc Ceannais Eorpach agus an Banc Eorpach Infheistíochta

Is institiúid neamhspleách de chuid an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta é an Banc Ceannais Eorpach a bhfuil na Ballstáit go léir páirteach ann. Déanann sé a chuid cinntí gan glacadh le treoracha ó rialtais ná ó institiúidí eile de chuid an Aontais. Is é an príomhchuspóir atá leis cobhsaíocht airgeadaíochta a choinneáil ar bun sa limistéar euro trí bhoilsciú íseal seasmhach i bpraghsanna a chinntiú do thomhaltóirí.

Is é an Banc Eorpach Infheistíochta banc an Aontais Eorpaigh. Is leis na Ballstáit é agus tá sé mar mhisean aige airgead a thabhairt ar iasacht i gcomhair infheistíochtaí lena dtacaítear le cuspóirí an Aontais. Tá sé dírithe ar acmhainneacht an Aontais a mhéadú i dtaca le poist agus fás agus ar thacaíocht a thabhairt don ghníomhú ar son na haeráide agus do bheartais an Aontais lasmuigh de theorainneacha an Aontais.

Gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh

Cuidíonn roinnt gníomhaireachtaí de chuid an Aontais le hobair an Aontais Eorpaigh. Is eintitis dhlíthiúla iad sin a bunaíodh chun cúraimí sonracha a dhéanamh faoi dhlí an Aontais. Oibríonn siad ar cheisteanna agus ar fhadhbanna a dhéanann difear do ghnáthshaol laethúil na ndaoine atá ina gcónaí san Aontas. Tá tionchar mór acu, agus cuireann siad eolas speisialaithe ar réimsí éagsúla ar fáil d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit, réimsí amhail an chibearshlándáil, sábháilteacht bia agus cógas, cosaint an chomhshaoil, cearta bunúsacha agus slándáil teorann.

2 CINNTÍ A DHÉANAMH

Glacann institiúidí éagsúla páirt i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais. Tá ról lárnach sa phróiseas sin ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún Eorpach.

De ghnáth, is é an Coimisiún Eorpach a mholann gníomhartha dlíthiúla nua agus is iad an Pharlaimint agus an Chomhairle a ghlacann iad. Ó am go chéile, déanann an Chomhairle é sin aisti féin.

Déanann an Coimisiún Eorpach tionchair ionchais agus iarbhír beartas, reachtaíochta agus beart tábhachtach eile a mheas, lena chinntiú go mbainfidh an tAontas a chuid cuspóirí amach ar an mbealach is éifeachtúla is féidir. Bíonn saoránaigh agus páirtithe leasmhara rannpháirteach ag gach céim den timthriall beartais chomh maith, ón bpleanáil go dtí an togra go dtí an cur chun feidhme, agus athbhreithniú agus leasú dá éis sin.

Foilsíonn an Coimisiún Eorpach measúnuithe ar thionchar tionscanta nó treochláir chun tionscnaimh reachtacha nua nó meastóireachtaí beartaithe ar an reachtaíocht atá ann cheana a fhógairt. Déantar anailís agus tuairisciú sna measúnuithe tionchair a ghabhann le tograí reachtacha ar iarmhairtí féideartha eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil na mbeart arna moladh.

Cad faoin reachtaíocht agus na tionscnaimh atá i bhfeidhm cheana féin? Nuair a bhíonn tionscnaimh curtha chun feidhme ar feadh tréimhse leordhóthanach ama, déantar meastóireacht orthu chun a bhfeidhmíocht a mheasúnú de réir critéir chaighdeánacha. Mar chuid de sin, ainítear deiseanna leis an gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) ar chostais rialála a laghdú agus ar na dlíthe atá ann cheana féin a dhéanamh níos simplí.

Tá roinnt cineálacha gníomhartha dlíthiúla ann agus cuirtear i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla iad.

Is dlí é rialachán is infheidhme agus ina cheangal go díreach sna Ballstáit go léir. Ní gá do na Ballstáit é a rith sa dlí náisiúnta, cé gurbh fhéidir go gcaithfí dlíthe náisiúnta a athrú chun coinbhleacht idir na dlíthe sin agus an rialachán a sheachaint.

Is ionann treoir agus dlí lena gceanglaítear ar na Ballstáit, nó ar ghrúpa Ballstát, cuspóir faoi leith a bhaint amach. De ghnáth, ní mór treoracha a thrasuí sa dlí náisiúnta chun éifeacht a thabhairt dóibh. Is tábhachtach a lua go sonraítear le treoir an toradh atá le baint amach: is faoi na Ballstáit ina n-aonar atá sé a chinneadh cén chaoi a ndéanfar é sin.

Is féidir cinneadh a dhíriú ar na Ballstáit, ar ghrúpaí daoine nó ar dhaoine aonair fiú. Tá sé ina cheangal go huile agus go hiomlán. Mar shampla, baintear feidhm as cinntí chun rialú a thabhairt maidir le cumaisc cuideachtaí atá beartaithe.

Le moltaí agus tuairimí cuirtear ar chumas institiúidí an Aontais barúil a chur in iúl do na Ballstáit, agus do shaoránaigh aonair i gcásanna áirithe. Níl an bharúil sin ceangailteach agus ní chuirtear aon oibleagáid dhlíthiúil leis ar an duine ná ar an eintiteas a bhfuil sé dírithe air.

Tá gach togra le haghaidh gníomh dlíthiúil nua i gcomhréir le hairteagal faoi leith de chonradh, ar a dtugtar bunús dlí an togra. Cinntear leis sin an nós imeachta reachtach nach mór a leanúint.

Déantar formhór na ndlíthe de réir próiseas ar a dtugtar an gnáthnós imeachta reachtach.

Gnáthnós imeachta reachtach

Is é an gnáthnós imeachta reachtach, ar a dtugtar nós imeachta na comhchinnteoireachta freisin, an nós imeachta is coitianta chun reachtaíocht an Aontais a ghlacadh. De réir an nós imeachta sin tá Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar comhchéim le chéile, agus is gníomhartha comhpháirteacha ón bParlaimint agus ón gComhairle iad na dlíthe a ritear faoin nós imeachta sin. Tá feidhm aige maidir le formhór mór na reachtaíochta Eorpaí, a chumhdaíonn raon leathan réimsí amhail cearta tomhaltóirí, cosaint an chomhshaoil agus an t-iompar. Faoin ngnáthnós imeachta reachtach, cuireann an Coimisiún togra i láthair agus déanfar gníomh de má ghlacann an Pharlaimint agus an Chomhairle araon é. Nuair a fhaightear an togra, téann an próiseas ar aghaidh mar seo a leanas.

An chéad léamh

  • Déanann Parlaimint na hEorpa díospóireacht ar an togra i gcoistí na Parlaiminte. Cuirtear síos aon leasuithe ar an togra atáthar a iarraidh agus déantar vótáil orthu sna coistí sin. Cuirtear an togra ar aghaidh ansin chuig an bParlaimint iomlán. Vótálann an Pharlaimint air (agus ar leasuithe breise) i seisiún iomlánach.
  • Scrúdaíonn an Chomhairle agus na Ballstáit an reachtaíocht go mion; déantar an chuid is mó den phlé sin i ngrúpa oibre státseirbhíseach. Is féidir mórán ceisteanna a réiteach ar an leibhéal teicniúil sin, nó ar na leibhéil atá díreach os a chionn, cé go bhféadfadh go mbeadh roinnt ábhar le tabhairt chun críche fós ag cruinnithe na n-airí ábhartha. Tiocfaidh an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an reachtaíocht — is féidir sin a dhéanamh sula vótála an Pharlaimint uirthi nó dá sin. Nuair a bhíonn an vótáil déanta ag an bParlaimint, déantar can comhaontú polaitiúil a iompú ina chomhsheasamh foirmiúil. Má tá comhsheasamh na Comhairle éagsúil le vóta na Parlaiminte, cuirtear an reachtaíocht ar aghaidh chuig an dara léamh d’fhonn na difríochtaí a réiteach.
  • Is minic a bhuaileann ionadaithe na Parlaiminte agus na Comhairle le chéile go neamhfhoirmiúil chun teacht ar chomhaontú sula gcuire siad a seasaimh ar bhonn foirmiúil. Má thagann siad ar chomhaontú, glacfaidh an Chomhairle an téacs ceannann céanna a ghlacfaidh an bParlaimint agus déanfar dlí den togra. Tugtar comhaontú ar an gcéad léamh air sin.

An dara léamh

  • Murar thángthas ar aon chomhaontú ar an gcéad léamh, ní mór tús a chur leis an dara léamh. Leanann sé patrún atá cosúil leis an gcéad léamh, cé gurb amhlaidh an uair seo a scrúdaíonn an Pharlaimint na hathruithe a mhol an Chomhairle agus a vótálann sí orthu. Breithníonn an Chomhairle an rud atá á mholadh ag an bParlaimint ansin. Is próiseas níos tapa ná an chéad léamh é an dara léamh mar nach féidir ach difríochtaí idir seasamh na Parlaiminte agus seasamh na Comhairle a phlé agus toisc go bhfuil teorainn ama le heilimintí éagsúla.
  • Is féidir go dtiocfadh an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú ag an gcéim sin (comhaontú ar an dara léamh). Mura féidir leis an dá institiúid teacht ar chomhaontú comhpháirteach maidir leis an ngníomh dlíthiúil atá beartaithe, cuirtear ar aghaidh chuig Coiste Idir-réitigh é, ar a bhfuil an líon céanna ionadaithe ón bParlaimint agus ón gComhairle. Is annamh anois a bhaintear feidhm as an nós imeachta idir-réitigh sin. Glactar formhór na ngníomhartha dlíthiúla de réir an ghnáthnós imeachta reachtaigh ag an gcéad léamh nó ag an dara léamh.
  • A luaithe a chomhaontaítear téacs deiridh agus a chríochnaítear na haistriúcháin ar fad, cuirtear an reachtaíocht ar aghaidh chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle ionas gur féidir leo í a ghlacadh mar ghníomh dlíthiúil. Foilseofar ansin í in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i 24 theanga oifigiúla an Aontais. Sonrófar leis an reachtaíocht an uair a chaithfear í a chur chun feidhme sna Ballstáit, nó, i gcás rialacháin, an uair a thiocfaidh sé i bhfeidhm.

Is féidir leis an gCoimisiún Ballstáit a thabhairt chun na cúirte agus a iarraidh go ngearrfaí fíneáil orthu murar cuireadh reachtaíocht an Aontais chun feidhme. Is sna Ballstáit a chuirtear an reachtaíocht Eorpach ar fad nach mór i bhfeidhm. Mar thoradh air sin, bíonn gearáin ann uaireanta maidir le difríochtaí idir cur chun feidhme na rialacha i dtíortha éagsúla. Cuirtear roinnt cinntí i bhfeidhm go díreach ar leibhéal an Aontais, go háirithe cinntí maidir le dlí na hiomaíochta amhail cásanna in aghaidh trustaí. Le haghaidh tuilleadh faisnéise féach Roinn 3: A chinntiú go n-urramófar dlíthe an Aontais.

Cé eile a dtéitear i gcomhairle leis?

Nuair a bhíonn cinntí á ndéanamh i réimsí beartais áirithe, téann an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (ar a bhfuil Luca Jahier ina Uachtarán).

Ní mór don Pharlaimint, don Chomhairle agus don Choimisiún dul i gcomhairle le Coiste Eorpach na Réigiún (a bhfuil Karl-Heinz Lambertz ina Uachtarán air) maidir le saincheisteanna a bhfuil baint acu leis na réigiúin.

Níl tuairimí na gcoistí ceangailteach ar institiúidí an Aontais.

Ina theannta sin, is féidir dul i gcomhairle le hinstitiúidí agus le comhlachtaí eile i gcás ina dtagann togra faoina réimse leasa nó saineolais. Téitear i gcomhairle, mar shampla, leis an mBanc Ceannais Eorpach i gcás tograí a bhaineann le cúrsaí eacnamaíocha nó cúrsaí airgeadais.

Maoirseacht náisiúnta

Faigheann na parlaimintí náisiúnta dréachtghníomhartha reachtacha ag an am céanna agus a fhaigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle iad. Is féidir leo a dtuairim a thabhairt orthu lena chinntiú go ndéanfar cinntí ar an leibhéal is iomchuí. Tá gníomhartha an Aontais faoi réir phrionsabal na coimhdeachta, rud a fhágann nach ngníomhaíonn an tAontas, seachas i réimsí ina bhfuil cumhacht eisiach aige, ach amháin sa chás ina bhfuil beart níos éifeachtaí ar leibhéal an Aontais ná ar an leibhéal náisiúnta. Déanann na parlaimintí náisiúnta faireachán ar fheidhmiú ceart an phrionsabail sin i dtaca le cinnteoireacht an Aontais agus is féidir leo “tuairimí réasúnaithe” a thabhairt má cheapann siad nach bhfuil an prionsabal sin á urramú.

Rannpháirtíocht mar shaoránach

Tá sé de cheart ag gach saoránach den Aontas achainí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Is féidir é sin dhéanamh mar ghearán nó mar iarratas, maidir le saincheist a thagann faoi réimsí gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh. Déanann Coiste um Achainíocha na Parlaiminte na hachainíocha a scrúdú. Déanann sé cinneadh faoina n-inghlacthacht agus is é an Coiste atá freagrach as déileáil leo.

Chomh maith leis sin, is féidir le saoránaigh páirt dhíreach a ghlacadh i bhforbairt bheartais an Aontais má iarrann siad ar an gCoimisiún togra a dhéanamh maidir le nithe a bhfuil inniúlacht ag an Aontas reachtaíocht a rith ina leith. Maidir le Tionscnamh ó na Saoránaigh, mar a thugtar air, ní mór tacaíocht a fháil ina leith ó 1 mhilliún saoránach den Aontas ar a laghad as seacht gcinn de na Ballstáit ar a laghad. Tá líon íosta sínitheoirí de dhíth i ngach ceann de na seacht mBallstát sin.

Féadfaidh saoránaigh a gcuid tuairimí faoi thionscnaimh an Choimisiúin a chur in iúl ag príomhchéimeanna den phróiseas cinnteoireachta agus reachtóireachta. Tríd an tairseach gréasáin Nocht do Thuairim, is féidir le saoránaigh agus páirtithe leasmhara rannchuidiú ar bhealaí éagsúla:

  • Déanann an Coimisiún tionscnamh nua nó measúnú ar bheartas nó dlí atá ann cheana féin a fhógairt ar dtús trí mheasúnú tionchair tosaigh nó treochlár a fhoilsiú. Bíonn 4 seachtaine ag saoránaigh agus páirtithe leasmhara chun aiseolas a thabhairt, agus foilsítear an t-aiseolas sin ar an leathanach gréasáin céanna.
  • Nuair a bhíonn an Coimisiún ag obair ar thionscnamh nua nó ar mheastóireacht, reáchtálann sé comhairliúcháin phoiblí le ceistneoirí ar líne, a bhíonn oscailte ar feadh 12 sheachtain.
  • Tar éis don Choimisiún togra reachtach a thabhairt chun críche agus a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, bíonn deis eile ag na saoránaigh trácht a dhéanamh air. Ocht seachtaine a bhíonn sa tréimhse inar féidir aiseolas a thabhairt ar thograí an Choimisiúin, agus tar éis na tréimhse sin seoltar na tráchtanna ar aghaidh chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle le go gcuirfidís san áireamh ina gcuid caibidlíochta iad.
  • Tríd an gclár Rómhaorlathas a laghdú, is féidir le saoránaigh moltaí a chur chuig an gCoimisiún, tráth ar bith, maidir leis an gcaoi ar féidir na dlíthe nó na beartais atá ann cheana a dhéanamh níos simplí agus a fheabhsú, i dtreo go mbeidh siad níos éifeachtaí agus go mbeidh ualach níos lú i gceist leo.

Is féidir le saoránaigh clárú ar an tairseach gréasáin Nocht do Thuairim, chun fógra a fháil le ríomhphost nuair a chuirtear tionscnaimh nua leis a bhaineann le hábhair a bhfuil spéis acu iontu, nó chun nuashonruithe a fháil maidir le tionscnaimh ar leith.

Beartais na mBallstát a chomhordú — sampla an bheartais eacnamaíoch

Faoin aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, tá beartas eacnamaíoch an Aontais bunaithe ar bheartais eacnamaíocha náisiúnta a chomhordú go dlúth. Is iad na hairí eacnamaíochta agus airgeadais a dhéanann an comhordú sin agus is iadsan i dteannta a chéile a chuimsíonn an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais.

Is éard atá sa Ghrúpa Euro airí gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais na mball den limistéar Euro. Gníomhaíonn sé chun fás eacnamaíoch agus cobhsaíocht airgeadais a chur chun cinn sa limistéar euro trí bheartais eacnamaíocha a chomhordú.

An comhbheartas eachtrach agus slándála

Is éard atá sa chomhbheartas eachtrach agus slándála, beartas eachtrach eagraithe comhaontaithe atá ag an Aontas, go háirithe i gcomhair taidhleoireachta slándála agus cosanta. Chun cinntí a dhéanamh faoin mbeartas sin, is gá na Ballstáit i gComhairle an Aontais Eorpaigh a bheith ar a son d’aon ghuth ach, a luaithe a chomhaontaítear na cinntí, is féidir gnéithe áirithe díobh a shocrú a thuilleadh le tromlach cáilithe. Is é Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin, mar atá Josep Borrell Fontelles faoi láthair, a dhéanann ionadaíocht ar an mbeartas eachtrach agus a dhéanann cathaoirleacht ar chruinnithe na n-airí eachtracha freisin.

Comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích

Gach bliain, tugann an Chomhairle roinnt comhaontuithe i gcrích (i.e. síníonn sí go hoifigiúil iad) idir an tAontas Eorpach agus tíortha nach bhfuil san Aontas, agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile freisin. Féadann na comhaontuithe sin réimsí ginearálta a chumhdach amhail trádáil, comhar agus forbairt nó féadann siad déileáil le hábhair faoi leith amhail teicstílí, iascach, eolaíocht agus teicneolaíocht, nó iompar. Tá toiliú na Parlaiminte de dhíth le haghaidh na gcomhaontuithe idirnáisiúnta go léir a thagann faoin ngnáthnós imeachta reachtach.

Buiséad an Aontais a fhormheas

Is i gcomhpháirt le chéile a chinneann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle buiséad bliantúil an Aontais. Murar tháinig an dá institiúid ar chomhaontú, leantar nósanna imeachta idir-réitigh go dtí go ndéantar buiséad a cheadú. Féach Roinn 4 den mhír seo, Bearta a dhéanamh: buiséad an Aontais, le haghaidh tuilleadh faisnéise.

3 A CHINNTIÚ GO nURRAMÓFAR DLÍTHE AN AONTAIS

Cinntíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go ndéantar reachtaíocht an Aontais a léirmhíniú agus a chur chun feidhme ar an mbealach céanna i ngach Ballstát. Tá sé de chumhacht ag an gCúirt díospóidí dlí idir na Ballstáit, institiúidí an Aontais, gnólachtaí agus daoine aonair a réiteach. Chun dul i ngleic leis na mílte cásanna a chuirtear faoina bráid, tá an chúirt roinnte ina dhá príomhchomhlacht: an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta.

Má rinneadh damáiste do dhuine príobháideach nó do chuideachta de thoradh gníomh nó ar neamhghníomh a rinne nó nach ndearna institiúid de chuid an Aontais nó a foireann, is féidir leis an duine cás a thionscnamh ina haghaidh sa Chúirt, ar dhá bhealach:

  • go hindíreach trí na cúirteanna náisiúnta, a fhéadfaidh a chinneadh go gcuirfear an cás faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais;
  • go díreach os comhair na Cúirte Ginearálta, má chuaigh cinneadh ó institiúid de chuid an Aontais i gcion orthu go díreach agus ina n-aonar.

Má mheasann duine gur sháraigh na húdaráis in aon tír faoi leith dlí an Aontais, is féidir leis an duine sin leas a bhaint as an nós imeachta oifigiúil i dtaca le gearáin.

Conas a fheidhmíonn an Chúirt

Baineann dhá chéim le cásanna a phróiseáil.

  • An chéim scríofa. Tugann na páirtithe ráitis i scríbhinn don chúirt, agus is féidir le húdaráis náisiúnta, institiúidí an Aontais agus, uaireanta, daoine príobháideacha, barúlacha a chur isteach freisin. Déanann an breitheamh is rapóirtéir achoimre ar an méid sin ar fad agus ansin déantar é a phlé ag cruinniú ginearálta na Cúirte.
  • An chéim ó bhéal. Is éisteacht phoiblí í seo: cuireann dlíodóirí ón dá thaobh a gcás os comhair na mbreithiúna agus an abhcóide ghinearálta, agus is féidir leis na breithiúna agus leis an abhcóide iad a cheistiú. Má chinneann an Chúirt go bhfuil gá le tuairim ón abhcóide ginearálta, tugtar í sin roinnt seachtainí tar éis na héisteachta. Ansin déanann na breithiúna breithniú ar an gcás agus tugann siad a mbreith.

Tá nós imeachta na Cúirte Ginearálta ar aon dul leis sin, ach amháin sa mhéid go mbíonn formhór na gcásanna á n-éisteacht ag triúr breithiúna agus nach mbíonn aon abhcóidí ginearálta ann.

Institiúidí breithiúnacha eile de chuid an Aontais

Faigheann an tOmbudsman gearáin agus imscrúdaíonn sé iad agus cuidíonn sé le drochriarachán a shainaithint in institiúidí an Aontais agus i gcomhlachtaí eile. Is féidir le haon saoránach, cónaitheoir, cumann nó gnólacht ó Bhallstát de chuid an Aontais gearán a dhéanamh leis an Ombudsman.

Tá sé de chúram ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faisnéis phearsanta agus príobháideacht shaoránaigh agus chónaitheoirí an Aontais a chosaint, sa chás ina bhfuil an fhaisnéis sin á stóráil ag institiúidí an Aontais i bhfoirm leictreonach, scríofa nó amhairc. Chomh maith leis sin, cuireann sé an dea-chleachtas chun cinn sa réimse sin i measc institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais.

4 BEARTA A DHÉANAMH: BUISÉAD AN AONTAIS

Comhaontaíonn an tAontas pleananna caiteachais fadtéarmacha (ar a dtugtar an creat airgeadais ilbhliantúil) lena gcuirtear bonn seasmhach ar fáil chun an buiséad a chur chun feidhme thar thréimhse cúig bliana ar a laghad. Fágann an creat airgeadais ilbhliantúil gur féidir leis an Aontas na buiséid náisiúnta a chomhlánú le beartais mhaoiniúcháin a bhfuil breisluach ag baint leo don Aontas. Leagtar síos sa chreat airgeadais ilbhliantúil na huasmhéideanna bliantúla (uasteorainneacha) is féidir leis an Aontas a chaitheamh i gcatagóirí éagsúla caiteachais (ceannteidil). Cumhdaítear leis an mbuiséad reatha an tréimhse 2014-2020 agus ceadaítear don Aontas thart ar €1 trilliún a infheistiú thar an tréimhse sin sna cúig réimse de ghníomhaíochtaí an Aontais.

Is i gcomhpháirt le chéile a chinneann Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh buiséad bliantúil an Aontais. Déantar díospóireacht air sa Pharlaimint in dhá léamh tar éis a chéile agus tagann sé i bhfeidhm a luaithe a shíníonn Uachtarán na Parlaiminte é. Déanann an Coiste um Rialú Buiséadach de chuid na Parlaiminte faireachán ar an gcaoi a gcaitear an buiséad agus cinneann an Pharlaimint gach bliain cé acu a fhormheasfaidh nó nach bhformheasfaidh sí an dóigh ar láimhseáil an Coimisiún an buiséad don bhliain airgeadais roimhe sin.

Bhí thart ar €165,8 billiún i mbuiséad bliantúil an Aontais sa bhliain 2019 — suim mhór mar ghlanfhigiúr, ach níl ansin ach 1 % den rachmas a chruthaíonn geilleagair na mBallstát gach bliain.

Réimsí a maoiníodh le buiséad an Aontais (2014-2020) (billiún EUR)



Tá an Coimisiún freagrach as buiséad an Aontais, chomh maith leis na beartais agus na cláir a ghlacann an Pharlaimint agus an Chomhairle, a bhainistiú agus a chur chun feidhme. Is iad na húdaráis náisiúnta agus áitiúla a chaitheann an chuid is mó den bhuiséad ach tá an Coimisiún freagrach as maoirseacht a dhéanamh air. Coinníonn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa súil ghéar ar an gcaoi a láimhseálann an Coimisiún an buiséad. Tá sé mar aidhm ag an dá institiúid bainistíocht fhónta airgeadais a chinntiú.

Gach bliain, ar bhonn mholadh ón gComhairle, socraíonn Parlaimint na hEorpa cé acu a fhormheasfaidh nó nach bhformheasfaidh sí buiséad an Aontais ar bhonn na caoi ar chuir an Coimisiún chun feidhme é. “Urscaoileadh” a thugtar ar an bpróiseas sin. Cinntítear leis an nós imeachta sin go bhfuil freagracht agus trédhearcacht iomlán ann, agus nuair a thugtar “an t-urscaoileadh” dúntar na cuntais go foirmiúil don bhliain áirithe sin.

Is í Cúirt Iniúchóirí na hEorpa institiúid sheachtrach neamhspleách iniúchóireachta an Aontais Eorpaigh. Seiceálann sí cé acu a fuarthas nó nach bhfuarthas ioncam an Aontais mar is ceart, cé acu a tabhaíodh nó nár tabhaíodh a chuid caiteachais ar bhealach dlíthiúil rialta agus cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh bainistíocht airgeadais fhónta ann. Déanann sí a cúraimí go neamhspleách ar institiúidí agus ar rialtais eile de chuid an Aontais.



Buiséad nua-aoiseach don Aontas, lena gcumhdaítear, lena gcumasaítear agus lena gcosnaítear

I mí na Bealtaine 2018 rinne an Coimisiún a chuid tograí a chur i láthair le haghaidh buiséad nua- aoiseach, fadtéarmach don tréimhse 2021-2027. Is freagairt réadúil iad na tograí ar chomhthéacs atá fíor-dhúshlánach: bíonn drochthionchar ag an éagobhsaíocht gheopholaitiúil ar nithe amhail athrú teicneolaíochta agus déimeagrafach, imirce, an t-athrú aeráide agus acmhainní ganna, dífhostaíocht agus bagairtí ar an tslándáil.

Mhol an Coimisiún go gcuirfí leis an maoiniú sna réimsí inar féidir leis an Aontas an rannchuidiú is éifeachtaí a dhéanamh. Déanfar é sin trí chláir a bhfuil ag éirí go maith leo cheana féin a leathnú agus a nuachóiriú, agus trí chláir shaincheaptha nua a chruthú i réimsí ina bhfuil cur chuige úr de dhíth chun cabhrú leis an Aontas a chuid uaillmhianta a bhaint amach. Mar shampla:

  • infheistíocht a dhéanamh i nuáil agus sa gheilleagar digiteach;
  • deiseanna oiliúna agus fostaíochta a chruthú do dhaoine óga;
  • leanúint le hobair an Aontais maidir le cur chuige cuimsitheach i dtaca le himirce agus bainistiú teorann;
  • acmhainn an Aontais a fhorbairt ó thaobh slándála agus cosanta de;
  • gníomhaíocht sheachtrach an Aontais a threisiú agus infheistíocht a dhéanamh i ngníomhartha maidir leis an aeráid agus i gcosaint an chomhshaoil;
  • an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a threisiú.

Féach na leathanaigh a leanas i Roinn 2: An Buiséad; Baincéireacht agus seirbhísí airgeadais; Geilleagar, airgeadas agus an euro; Calaois a chosc; agus Cánachas.

Teagmháil a dhéanamh leis an Aontas Eorpach

DUL ANN TÚ FÉIN

Tá na céadta Ionad Eolais “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil anseo: https://europa.eu/european-union/contact_ga

AR AN bhFÓN NÓ LE RÍOMHPHOST

Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach: Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

  • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin);
  • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: 00 32 2 299 9696; nó
  • le ríomhphost, tríd an suíomh: https://europa.eu/european-union/contact_ga

Eolas a fháil faoin Aontas Eorpach

AR LÍNE

Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa ag:
https://europa.eu/european-union/index_ga

FOILSEACHÁIN DE CHUID AN AONTAIS

Is féidir leat foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh, idir cinn saor in aisce agus cinn a bhfuil praghas orthu, a íoslódáil nó a ordú ag: https://op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna de na foilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad eolais áitiúil chun é sin a dhéanamh (féach https://europa.eu/european-union/contact_ga).

DLÍ AN AONTAIS EORPAIGH AGUS DOICIMÉID GHAOLMHARA

Chun teacht ar eolas dlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1952 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex ag: http://eur-lex.europa.eu

SONRAÍ OSCAILTE ÓN AONTAS EORPACH

Is féidir teacht ar thacair shonraí ón Aontas Eorpach ag Tairseach Sonraí Oscailte an Aontais (http://data.europa.eu/euodp/ga). Is féidir sonraí a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce, ar bhonn tráchtála nó ar bhonn neamhthráchtála.

IONADAÍOCHTAÍ AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH

Tá oifigí (ionadaíochtaí) ag an gCoimisiún Eorpach i ngach Ballstát den Aontas Eorpach:
https://ec.europa.eu/info/about-european-commission/contact/local-offices-eu-member-countries_ga

OIFIGÍ IDIRCHAIDRIMH PHARLAIMINT NA hEORPA

Tá oifig faisnéise ag Parlaimint na hEorpa i ngach Ballstát den Aontas Eorpach: http://www.europarl.europa.eu/at-your-service/ga/stay-informed/liaison-offices-in-your-country

TOSCAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Tá toscaireachtaí ag an Aontas Eorpach ar fud an domhain:
https://eeas.europa.eu/headquarters/headquarters-homepage/area/geo_en

Maidir le

An tAontas Eorpach – Cad é agus cad a dhéanann sé?

An Coimisiún Eorpach
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Seirbhís eagarthóireachta & Sprioc For-rochtana
1049 An Bhruiséil
AN BHEILG

Lámhscríbhinn arna críochnú i Feabhra 2020

Níl an Coimisiún Eorpach ná aon duine eile a bheadh ag gníomhú thar ceann an Choimisiúin freagrach as an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an bhfaisnéis thíos.

Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2020

© An tAontas Eorpach, 2020

Údaraítear athúsáid ach an fhoinse a admháil.

Déantar beartas atáirgthe dhoiciméid an Choimisiúin Eorpaigh a rialú le Cinneadh 2011/833/AE (IO L 330, 14.12.2011, lch. 39).

Chun grianghraif nó ábhar eile nach bhfuil faoi chóipcheart an Aontais a úsáid nó a atáirgeadh, ní mór cead a fháil go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt.

Gach grianghraf: © Shutterstock, © Fotolia

Aitheantóirí

Print ISBN 978-92-79-93612-8 doi:10.2775/173 NA-04-18-778-GA-C
PDF ISBN 978-92-79-93620-3 doi:10.2775/852421 NA-04-18-778-GA-N
HTML ISBN 978-92-76-02217-6 doi:10.2775/320410 NA-04-18-778-GA-Q