Measúnú an Choimisiúin ar na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta Iomchuí ar an iomlán, ach tá rioscaí fós ann don chur chun feidhme
Maidir leis an tuarascáil:I bhFeabhra 2021, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an rialachán lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta arb é an cuspóir atá leis ná an tionchar eacnamaíoch agus sóisialta atá ag paindéim COVID-19 a mhaolú. Chun go bhféadfaidh Ballstáit tairbhiú de thacaíocht airgeadais ón Aontas, caithfidh siad pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a chur isteach. Scrúdaíomar measúnú an Choimisiúin ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta sin agus fuaireamar, ar an iomlán, go raibh an measúnú sin iomchuí i bhfianaise a chasta atá an próiseas agus na srianta ama atá i gceist. Mar sin féin, shainaithníomar roinnt laigí sa phróiseas mar aon le roinnt rioscaí do chur chun feidhme rathúil na bpleananna. Tá roinnt moltaí á ndéanamh againn chun feabhas a chur ar nósanna imeachta an Choimisiúin le haghaidh measúnuithe amach anseo agus chun teorainn a chur leis na rioscaí agus na dúshláin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chur chun feidhme na bpleananna.
Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Achoimre feidhmiúcháin
I I mí Iúil 2020, mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach ar chiste téarnaimh arbh fhiú níos mó ná €800 billiún é — NextGenerationEU. Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta atá i gcroílár an chiste, agus is fiú suas go dtí €723.8 billiún (i bpraghsanna reatha) ar an iomlán í sin. Is é an cuspóir atá leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ná tionchar eacnamaíoch agus sóisialta na paindéime a mhaolú agus geilleagair agus sochaithe an Aontais Eorpaigh a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos athléimní don todhchaí, le fócas ar leith ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach.
II Ionas go bhféadfadh Ballstáit tairbhiú de thacaíocht faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, chuir siad dréacht dá gcuid pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin. Tá an Coimisiún freagrach as measúnú a dhéanamh ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta sin bunaithe ar chritéir atá leagtha síos sa Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus tá sé freagrach as treoraíocht agus tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit ina leith sin.
III Is é an t-iniúchadh seo an chéad cheann de shraith iniúchtaí ón gCúirt Iniúchóirí ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Roghnaíomar sampla de shé cinn de na Ballstáit agus scrúdaíomar cé chomh hiomchuí agus a bhí measúnú an Choimisiúin ar a gcuid pleananna téarnaimh agus athléimneachta. Maidir leis an bpróiseas measúnaithe agus an treoraíocht do na Ballstáit, d’fhíoraíomar an ndearnadh iad sin a bhainistiú go héifeachtach, ag áirithiú go bhfuil na pleananna téarnaimh agus athléimneachta ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar chuspóirí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus go gcomhlíonann siad na coinníollacha atá sainithe sa rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. D’fhéadfadh an t-iniúchadh seo a bheith mar fhothú le haghaidh aon mheasúnú a dhéanfadh an Coimisiún amach anseo, go háirithe i ndáil le pleananna leasaithe téarnaimh agus athléimneachta a chur isteach, agus tarraingíonn sé aird ar na rioscaí agus na dúshláin a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na pleananna a chur chun feidhme.
IV Tagaimid ar an gconclúid go raibh measúnú an Choimisiúin ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta, ar an iomlán, iomchuí i bhfianaise a chasta atá an próiseas agus na srianta ama atá i gceist. Mar sin féin, shainaithníomar roinnt laigí sa phróiseas mar aon le roinnt rioscaí do chur chun feidhme rathúil na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.
V Bhí measúnú an Choimisiúin bunaithe ar threoirlínte agus seicliostaí cuimsitheacha inmheánacha, ach níor úsáid na measúnóirí go córasach ná go haonfhoirmeach iad don mheasúnú cáilíochtúil. Bhí fáil ar na príomhdhoiciméid a bhí ag tacú le measúnú deiridh an Choimisiúin, ach ní raibh sé éasca iad a rianú i gcónaí. Thug an Coimisiún tacaíocht do na Ballstáit nuair a bhí siad siúd ag dréachtú na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, agus d’eisigh an Coimisiún doiciméid treoraíochta dóibh. Dá mbeadh ról níos gníomhaí ag an gCoimisiún, áfach, ó thaobh dea-chleachtais idir na Ballstáit a chur chun cinn, d’éascódh sé sin an próiseas.
VI Maidir le cuspóirí beartais na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, tagaimid ar an gconclúid gur fhíoraigh measúnú an Choimisiúin gur dóchúil go rannchuideoidh na pleananna téarnaimh agus athléimneachta le gach ceann de na sé cholún agus, ar an tslí sin, leis na réimsí beartais atá ábhartha don tSaoráid; ach níl sé le feiceáil go praiticiúil fós cé chomh mór a dhéanfar é sin agus cén tionchar a bheidh aige. Bhí roinnt gnéithe tábhachtacha de na moltaí tírshonracha nach raibh aghaidh tugtha fós orthu ar fud na mBallstát, go háirithe moltaí a bhain le 2019, rud a léiríonn go bhfuil athruithe struchtúracha ag tarlú go minic.
VII Maidir le comhlíonadh phríomhchoinníollacha na Saoráide, is é an toradh a bhí ar mheasúnú an Choimisiúin ná nach dóchúil go ndéanfaidh aon cheann de na bearta inár sampla iniúchóireachta díobháil shuntasach don chomhshaol. I gcás bearta chun an tionchar comhshaoil a mhaolú, áfach, ní raibh siad sin curtha isteach mar gharsprioc nó mar sprioc sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta ar bhonn córasach; agus i gcás bearta nach bhfuil ag comhlíonadh an phrionsabail “gan dochar suntasach a dhéanamh”, is féidir iadsan a mhaoiniú lasmuigh den tSaoráid. Léirigh measúnú an Choimisiúin ar na costais mheasta go raibh easpa faisnéise ann i gcás bearta áirithe. Tháinig ann do na próifílí eisíocaíochta mar thoradh ar chaibidlíochtaí seachas iad a bheith ina léiriú ar na costais bhunúsacha. D’fhíoraigh sé freisin gur rannchuidigh na bearta sa sampla leis an aistriú glas agus digiteach, i gcás inarb ábhartha.
VIII Chuir measúnú an Choimisiúin feabhas ar cháilíocht na ngarspriocanna agus na spriocanna, ach bhí easpa soiléireachta i gceist le cuid acu nó níor chlúdaigh siad na príomhchéimeanna uile den chur chun feidhme a bhí ag teastáil do bheart. Thugamar faoi deara freisin gur ghnách leis na garspriocanna agus na spriocanna a bheith teoranta don aschur a bhí ag gabháil le beart seachas díriú ar an tionchar a bheadh aige, agus nach raibh an cur chuige i leith garspriocanna agus spriocanna a shocrú comhchuibhithe ar fud na mBallstát.
IX Sa mheasúnú a rinne an Coimisiún ar na socruithe faireacháin agus rialaithe a bhí molta ag na Ballstáit, sainaithníodh bearnaí agus easnaimh — le ceart — a éilíonn bearta breise a dhéanamh. Mar sin féin, bhí an measúnú bunaithe go pointe áirithe ar an tuairisc ar chórais nach bhfuil curtha ar bun go fóill. Tugaimid ar aire, freisin, gur chinn cuid de na Ballstáit gan úsáid a bhaint as uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála rioscaí an Choimisiúin, rud d’fhéadfadh úsáideacht fhoriomlán na huirlise sin a laghdú agus freisin rud a mhéadódh an riosca nach bhféadfaí calaois nó cistiú dúbailte a bhrath sa Bhallstát lena mbaineann.
X Bunaithe ar na fionnachtana sin, molaimid don Choimisiún:
- feabhas a chur ar nósanna imeachta measúnaithe agus ar dhoiciméadú;
- malartú dea-chleachtas i measc na mBallstát a chur chun cinn;
- obair leantach a dhéanamh ar a mhéid a rannchuidíonn na bearta atá curtha chun feidhme leis na moltaí tírshonracha;
- feabhas a chur ar an trédhearcacht agus ar an bhfaireachán a ghabhann leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”;
- sásraí fíorúcháin soiléire do na garspriocanna agus spriocanna a áirithiú, chomh maith le sainiú leormhaith orthu;
- a mhéid atáthar ag comhlíonadh na ngarspriocanna sonracha don fhaireachán agus don rialú a fhíorú, agus na Ballstáit a spreagadh le húsáid a bhaint as uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála rioscaí an Choimisiúin.
Réamhrá
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
01 I mí Iúil 2020, mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach ar ionstraim théarnaimh shealadach ar fiú níos mó ná €800 billiún (i bpraghsanna reatha) í — NextGenerationEU. Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) atá ina croílár. Tá uasmhéid de €723.8 billiún (i bpraghsanna reatha) ag gabháil le RRF a bhfuil €338.0 billiún de sin á sholáthar i ndeontais agus suas le €385.8 billiún in iasachtaí. Is ionann é sin agus thart ar dhá thrian den chreat airgeadais Ilbhliantúil nua le haghaidh 2021-2027 de réir luacha agus is í an ionstraim Eorpach is mó go dtí seo í.
02 Is é an cuspóir atá le RRF ná tionchar eacnamaíoch agus sóisialta phaindéim COVID-19 a mhaolú agus geilleagair agus sochaithe na hEorpa a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos athléimní, agus a chinntiú gur fearr a bheidh siad ullmhaithe do dhúshláin agus do dheiseanna a leanfaidh as na haistrithe glasa agus digiteacha. Maoineoidh sé infheistíochtaí agus athchóirithe i réimsí beartais ar fud an Aontais atá ábhartha, agus tá struchtúr sé cholún1 ag gabháil leis (féach Fíor 1).
Fíor 1 — Réimsí beartais a ndéileáiltear leo in RRF (sé cholún)
Foinse: CIE, bunaithe ar Rialachán RRF.
Grianghraif: ©Depositphotos.
03 Tá an ranníocaíocht airgeadais in aghaidh an Bhallstáit leagtha síos i gcomhréir leis an eochair leithdháilte atá leagtha amach in Iarscríbhinní I go III de Rialachán RRF. De réir Rialachán RRF, is ionstraim fheidhmíochtbhunaithe é RRF agus gheobhaidh na Ballstáit cistiú bunaithe ar gharspriocanna cáilíochtúla agus spriocanna cainníochtúla a bhaint amach.
Pleananna téarnaimh agus athléimneachta
04 Chun tairbhiú de thacaíocht RRF, chuir na Ballstáit dréacht dá gcuid pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta (RRPanna) faoi bhráid an Choimisiúin ó lár Dheireadh Fómhair 2020 ar aghaidh agus chuir siad isteach an leagan críochnaitheach dá RRP ón uair a tháinig Rialachán RRF i bhfeidhm ar an 12 Feabhra 20212, i gcomhréir le critéir agus coinníollacha áirithe. Tá RRPanna comhdhéanta de thacar de bhearta, bídís sin ina n-infheistíochtaí nó ina n-athchóirithe, atá grúpáilte ina gcomhchodanna téamacha (e.g. soghluaisteacht atá neamhdhíobhálach don aeráid nó digiteáil sa chóras oideachas).
05 Tá measúnú an Choimisiúin ar an RRP bunaithe ar 11 chritéar, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 19(3) de Rialachán RRF (féach Tábla 1).
| Catagóir | Critéir |
|---|---|
| Ábharthacht | Critéar 1 — rannchuidiú le gach ceann de na sé cholún; |
| Critéar 2 — aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin atá sainaitheanta sa Seimeastar Eorpach, go háirithe moltaí tírshonracha (CSRanna) 2019 agus 2020; | |
| Critéar 3 — rannchuidiú le hacmhainneacht fáis, cruthú fostaíochta agus athléimneacht a neartú; | |
| Critéar 4 — gur bearta a chomhlíonann an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” (DNSH), agus iadsan amháin, atá ann; | |
| Critéar 5 — rannchuidiú leis an aistriú glas (37 % ar a laghad den chostas iomlán measta a bheith ann don chaiteachas aeráide); | |
| Critéar 6 — rannchuidiú leis an gclaochlú digiteach (20 % ar a laghad den chostas iomlán measta); | |
| Éifeachtacht | Critéar 7 — go mbeidh tionchar buan ag an RRP trí bhíthin na mbeart atá ann; |
| Critéar 8 — socruithe a bheith ann chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme bhearta an RRP, lena n-áirítear garspriocanna, spriocanna agus táscairí gaolmhara; | |
| Éifeachtúlacht | Critéar 9 — réasúnú atá réasúnta agus inchreidte a thabhairt do na costais iomlána atá measta; |
| Critéar 10 — córais agus socruithe rialaithe a bheith ann a chinntíonn gur féidir éilliú, calaois, neamhrialtachtaí, coinbhleacht leasa agus cistiú dúbailte a chosc, a bhrath agus a cheartú; | |
| Comhleanúnachas | Critéar 11 — gur gníomhaíochtaí comhleanúnacha atá sna bearta. |
Foinse: CIE, bunaithe ar Rialachán RRF.
06 Ag teacht leis na treoirlínte measúnaithe3, is féidir leis an gCoimisiún gach critéar a rátáil go hiondúil mar “A”, “B” nó “C”, le “A” mar an rátáil is airde agus “C” mar an rátáil is ísle. I gcás péire den 11 chritéar, an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” (DNSH) agus na córais rialaithe, is rátáil “A” nó “C” amháin is féidir a thabhairt (tugtar forléargas ar an rátáil in Iarscríbhinn I).
07 Chun go bhfaigheadh RRP measúnú dearfach, caithfidh sé na rátálacha críochnaitheacha seo a leanas, ar a laghad, a bhaint amach:
- “A” do chritéar 2 (CSRanna), do chritéar 3 (acmhainneacht fáis, cruthú post agus athléimneacht), do chritéar 5 (glas) agus do chritéar 6 (digiteach);
- tromlach de “A”-anna don seacht gcritéar eile;
- gan aon “C”-anna.
08 D’fhéadfaí RRPanna a mheasúnú níos mó ná uair amháin. Sa bhreis ar mheasúnú tosaigh an Choimisiúin atá clúdaithe san iniúchadh seo, déanfar RRP a mheasúnú nuair a dhéanann an Ballstát nuashonrú, athbhreithniú nó leasú a chur isteach, agus go sonrach:
- nuair a dhéanann Ballstát a phlean a nuashonrú tar éis nuashonrú a dhéanamh ar an uas-ranníocaíocht airgeadais don tacaíocht neamh-inaisíoctha i Meitheamh 2022; nó
- a iarraidh go ndéanfaí leasú ar an RRP a cuireadh isteach ar dtús ar an mbonn go bhfuil garspriocanna agus spriocanna sa RRP nach féidir a bhaint amach a thuilleadh, bíodh sé sin go páirteach nó ina n-iomláine, mar gheall ar imthosca oibiachtúla (Airteagal 21 (1) de Rialachán RRF); nó
- tacaíocht i bhfoirm iasacht RRF a iarraidh. Féadfaidh Ballstát tacaíocht iasachta a iarraidh nuair a chuireann sé isteach RRP, nó ag tráth éigin eile suas go dtí an 31 Lúnasa 2023. Sa chás deiridh sin atá díreach luaite, beidh RRP athbhreithnithe, lena n-áirítear garspriocanna agus spriocanna breise, ag gabháil leis an iarraidh (Airteagal 14 (2) de Rialachán RRF).
Róil agus freagrachtaí i bpróiseas ullmhúcháin agus measúnaithe na RRPanna
Na Ballstáit
09 Is iad na Ballstáit atá freagrach as na RRPanna náisiúnta a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 18(4) de Rialachán RRF. Ní foláir do na Ballstáit comhoibriú leis an gCoimisiún le linn ullmhú agus measúnú a gcuid RRPanna agus aon fhaisnéis bhreise a iarrann an Coimisiún a sholáthar dó.
10 Chomh maith leis sin, féadfaidh na Ballstáit a gcuid RRPanna a leasú nó a athbhreithniú ag tráth níos déanaí, sa chás nach féidir na RRPanna a bhaint amach a thuilleadh nó sa chás gur cheart garspriocanna nó spriocanna breise a bheith iontu chun úsáid a bhaint as an tacaíocht iasachta (féach mír 08).
An Coimisiún
11 Tá an Coimisiún freagrach as measúnú a dhéanamh ar na RRPanna i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. Tugann sé treoraíocht agus tacaíocht do na Ballstáit chun a áirithiú go ndéantar na critéir agus coinníollacha éagsúla atá leagtha amach i Rialachán RRF a chomhlíonadh.
12 Tá an próiseas measúnaithe bunaithe ar idirphlé leanúnach, a thosaíonn a luaithe a chuirtear an RRP isteach go hoifigiúil. Tar éis an RRP a bheith curtha isteach, tá dhá mhí ag an gCoimisiún — agus é ag gníomhú in éineacht leis an mBallstát — chun saincheist ar bith atá fós ann a réiteach agus chun tuilleadh faisnéise nó athruithe a lorg sula dtugann sé a mheasúnú chun críche agus sula n-eisíonn sé a thogra oifigiúil le haghaidh cinneadh ón gComhairle. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún a chomhaontú go ndéanfar an sprioc-am don mheasúnú a fhadú go ceann tréimhse réasúnta, más gá4.
13 Tar éis formheas a fháil ón gComhairle, tugann an Coimisiún comhshocrú oibríochtúil i gcrích le gach Ballstát ina n-áirítear gnéithe mionsonraithe agus teicniúla den chur chun feidhme, amhail an tráthchlár, céimeanna eatramhacha breise a ghabhann leis na garspriocanna agus na spriocanna, agus socruithe chun rochtain a thabhairt ar na sonraí foluiteacha.
An Chomhairle
14 Bunaithe ar an togra ón gCoimisiún, ba cheart don Chomhairle an measúnú ar an RRP a fhormheas trí bhíthin Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle laistigh de cheithre seachtaine5. Ba cheart pleananna leasaithe agus athbhreithnithe (féach mír 08) a ghlacadh ag an gComhairle freisin.
15 I gcás Cinntí Cur Chun Feidhme ón gComhairle a glacadh faoin 31 Nollaig 2021, d’fhéadfadh an Ballstát réamh-mhaoiniú de 13 % a iarraidh. Tá gach íocaíocht ina dhiaidh sin bunaithe ar an dul chun cinn a bhíonn tuairiscithe ag an mBallstát (agus measúnaithe ag an gCoimisiún) i dtaca le cur chun feidhme an RRP. Is gcás eisíocaíochta, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú tosaigh a sholáthar don Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais agus iarrfaidh sé ar an gcoiste sin tuairim a thabhairt. Déanfaidh an Coimisiún an tuairim a chur san áireamh dá mheasúnú, faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 24(4) de Rialachán RRF.
An staid ag a raibh cur isteach agus measúnú na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta amhail an 1 Meitheamh 2022
16 Faoin 1 Meitheamh 2022, bhí a gcuid RRPanna curtha isteach go hoifigiúil ag gach Ballstát seachas an Ísiltír. Bhí measúnú dearfach déanta ag an gCoimisiún ar 25 de na RRPanna, leis na rátálacha tuairiscithe i bhFíor 2, agus bhí an measúnú don Ungáir fós ar siúl ag tráth na hiniúchóireachta (féach Iarscríbhinn II).
Fíor 2 — Rátáil RRPanna, an staid amhail an 1 Meitheamh 2022
Foinse: CIE, bunaithe ar Dhoiciméid Inmheánacha Oibre an Choimisiúin.
Scóip agus cur chuige na hiniúchóireachta
17 Tá an t-iniúchadh seo ag freagairt do thosaíocht Chúirt Iniúchóirí na hEorpa aghaidh a thabhairt ar fhreagairt an Aontais do phaindéim COVID-19 ar fud gnéithe beartais éagsúla, lena n-áirítear rialachas eacnamaíoch, trína scrúdú an raibh an ionstraim Eorpach is mó go dtí seo curtha ar an mbóthar ceart. Tabharfaidh an t-iniúchadh léargas do gheallsealbhóirí ar mheasúnú na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta (RRPanna). Tá sé mar aidhm leis ionchur ar sholáthar d’aon leasú riachtanach amach anseo ar an bpróiseas measúnaithe, go háirithe i ndáil le RRPanna leasaithe nó athbhreithnithe a chur isteach. Cé go ndíríonn an tuarascáil seo go príomha ar obair mheasúnaithe an Choimisiúin, tarraingíonn sé aird freisin ar na rioscaí agus dúshláin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chur chun feidhme RRPanna.
18 Is é an t-iniúchadh seo an chéad cheann de shraith iniúchtaí ar NextGenerationEU agus ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Ní chlúdaíonn sé an togra ón gCoimisiún maidir le Rialachán RRF a leasú a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU sna RRPanna6. Cuirimid romhainn a scrúdú cé chomh hiomchuí agus atá measúnú an Choimisiúin ar na RRPanna trí mheasúnú a dhéanamh muid féin ar na nithe seo a leanas:
- an raibh nósanna imeachta inmheánacha an Choimisiúin soiléir agus curtha i bhfeidhm; an raibh an treoraíocht do na Ballstáit leordhóthanach agus an leanadh í; agus an raibh an tacaíocht do na Ballstáit éifeachtach;
- ar áirithigh measúnú an Choimisiúin:
- gur rannchuidigh na RRPanna go leormhaith leis na sé cholún agus gur thug siad aghaidh go héifeachtach ar gach dúshlán a sainaithníodh sna CSRanna, nó ar fho-thacar suntasach de na dúshláin sin;
- go bhfuil na bearta sna RRPanna ag comhlíonadh na bpríomhchoinníollacha atá leagtha síos i Rialachán RRF (glas agus digiteach, DNSH, costais);
- go bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna soiléir agus réalaíoch;
- go bhfuil na socruithe faireacháin agus rialaithe iomchuí.
19 Tá na critéir iniúchóireachta atá againn díorthaithe astu seo a leanas:
- ceanglais rialála (go háirithe Rialachán RRF);
- rialacha agus nósanna imeachta inmheánacha an Choimisiúin (e.g. treoracha agus treoirlínte).
20 Tá ár measúnú bunaithe ar shampla de shé Bhallstát: na ceithre cinn leis an leithdháileadh deontais is mó i ndearbhthéarmaí (an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc agus an Iodáil) agus an péire leis an leithdháileadh deontais is mó i gcoibhneas lena n-olltáirgeacht intíre do 2020 (an Ghréig agus an Chróit). Tá na sé RRP difriúil ar bhealaí éagsúla. Cuirtear cuid dá saintréithe i láthair in Iarscríbhinn III. Sa bhreis air sin, rinneamar sampla breithiúnais agus roghnaíomar seacht mbeart i ngach ceann de na sé Bhallstát inár sampla ar bhonn ábharthachta (an costas is airde) agus as na réimsí téamacha seo a leanas: “iompar”, “glas”, “digiteach”, “sláinte” agus “eile” le haghaidh infheistíochtaí, agus “fioscach” agus “sóisialta” le haghaidh athchóirithe. Tá na 42 bheart a ndearnadh sampláil orthu curtha i láthair in Iarscríbhinn IV. Chomh maith leis sin, rinneamar anailís ghinearálta ar na garspriocanna agus na spriocanna sna sé RRP inár sampla agus é mar chuspóir againn leis sin léargas éigin a fháil ar nádúr agus dáileadh de réir ama na ngarspriocanna agus na spriocanna, chomh maith le cur chuige na mBallstát i sainiú na ngarspriocanna agus na spriocanna sin.
21 I gcás na sé Bhallstát sin, scrúdaíomar próiseas measúnaithe an Choimisiúin — ó cuireadh isteach an dréacht de na RRPanna ar an gcéad dul síos go dtí an measúnú críochnaitheach orthu agus an togra le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle — bunaithe ar 8 gcinn de na 11 chritéar measúnaithe (1, 2, 4-6, 8-10; féach Tábla 1). Chlúdaigh an t-iniúchadh dá bhrí sin an tréimhse ó Dheireadh Fómhair 2020 (nuair a cuireadh na chéad dréacht-RRPanna isteach) go dtí Meitheamh 2022. Níor chlúdaigh an iniúchóireacht próiseas formheasta na Comhairle ar an togra le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle.
22 Rinneamar anailís ar dhoiciméadacht a chuir an Coimisiún ar fáil dúinn, lena n-áirítear an comhfhreagras ábhartha leis na sé Bhallstát i rith an phróisis measúnaithe. Bhí agallaimh againn freisin le daoine den fhoireann sa Choimisiún agus sna húdaráis náisiúnta ábhartha. Sa bhreis air sin, rinneamar na príomhbharúlacha inár dtuarascáil a phlé le painéal saineolaithe.
Barúlacha
Bhí na nósanna imeachta inmheánacha agus an tacaíocht do na Ballstáit leormhaith, ach ní raibh siad inrianaithe i gcónaí agus bhí srianta ama i gceist leo
23 Ó tharla gur rud nua agus casta iad na pleananna téarnaimh agus athléimneachta (RRPanna), teastaíonn nósanna imeachta inmheánacha leormhaithe sa Choimisiún chomh maith le tacaíocht iomchuí a bheith ar fáil do Bhallstáit in ullmhú a gcuid RRPanna. Scrúdaíomar an raibh an méid seo a leanas déanta ag an gCoimisiún:
- an ndearna sé bainistiú éifeachtach ar a nósanna imeachta inmheánacha chun an t-eolas laistigh den eagraíocht a thabhairt le chéile agus chun a áirithiú go raibh a chuid treoirlínte inmheánacha á gcur i bhfeidhm ar shlí chomhleanúnach agus thrédhearcach;
- ar thug sé treoraíocht agus tacaíocht, a bhí soiléir agus in am, do na Ballstáit.
Bhí nós imeachta inmheánach an Choimisiúin leormhaith, ach ní raibh sé inrianaithe i gcónaí
24 Déantar rialachas polaitiúil an RRF trí bhíthin bord stiúrtha ardleibhéil, faoi chathaoirleacht Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus atá comhdhéanta den triúr Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin, den Choimisinéir um an nGeilleagar, den Ard-Rúnaí, de Cheannasaí an Tascfhórsa Téarnaimh agus Athléimneachta nua (RECOVER) agus d’Ard-Stiúrthóir na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (AS ECFIN). Déanann an bord stiúrtha formhaoirseacht ar na céimeanna ar fad, ó theagmháil luath a dhéanamh leis na Ballstáit faoin dréacht den RRP go dtí cur chun feidhme na RRPanna críochnaitheacha agus comhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna sna RRPanna. Tuairiscíonn sé go rialta chuig Coláiste na gCoimisinéirí faoina chuid pléití. Is é an Coláiste atá freagrach as an togra le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle a fhormheas.
25 Bunaíodh tascfhórsa RECOVER an 16 Lúnasa 2020 laistigh den Ardrúnaíocht agus tá sé freagrach, in éineacht le AS ECFIN, as cur chun feidhme RRF a stiúradh agus as an RRF a chomhordú leis an Seimeastar Eorpach. Tá RECOVER agus AS ECFIN freagrach freisin as na hardstiúrthóireachtaí beartais eile a thabhairt isteach i ngach céim den phróiseas de réir mar is gá.
26 Chuige sin, bíonn cruinnithe comhordúcháin seachtainiúla ag RECOVER agus AS ECFIN agus bíonn siad i dteagmháil go rialta leis na hardstiúrthóireachtaí eile trí “fhoirne tíre”. Tá na foirne tíre sin bunaithe ar fhoirne an tSeimeastair Eorpaigh atá cheana ann, ach tá speisialtóirí ó na hardstiúrthóireachtaí ábhartha go léir iontu freisin chun an saineolas is gá a thabhairt dóibh i dtaobh na réimsí beartais éagsúla atá clúdaithe ag RRPanna.
27 Tá idirghníomhú leis na Ballstáit á bhainistiú ag 27 bhfoireann caibidlíochta atá comhdhéanta de Cheannasaithe/Leas-Cheannasaithe na n-aonad tíre ábhartha in RECOVER/AS ECFIN chomh maith le comhaltaí atá roghnaithe as na foirne tíre ó ardstiúrthóireachtaí beartais, ag brath ar an saineolas atá ag teastáil. Tá siad freagrach, go háirithe, as anailís a dhéanamh ar na (dréachtaí de) RRPanna, as measúnuithe agus gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann leis na RRPanna agus le hiarrataí ar íocaíocht a ullmhú, agus as faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil an cur chun feidhme ag dul chun cinn. Go ginearálta, déanann dhá idirbheartaí ceannais ar leibhéal stiúrthóra, duine ó AS ECFIN agus duine ó RECOVER, formhaoirseacht ar obair na bhfoirne tíre.
28 Ar deireadh, rinneadh foirne comhpháirteacha cothrománacha RECOVER-AS ECFIN a chur ar bun chun déileáil le gnéithe ginearálta atá nasctha leis an aistriú glas (lena n-áirítear DNSH), le claochlú digiteach, le costáil, agus le garspriocanna/spriocanna. Thug siadsan treoraíocht ó thaobh meastóireacht a dhéanamh ar na réimsí ba thábhachtaí faoina bhfreagracht.
29 Trí ionadaithe ó aonaid tíre RECOVER/AS ECFIN agus ó fhoirne tíre na n-ardstiúrthóireachtaí beartais a thabhairt isteach sna foirne caibidlíochta, áirithíodh go raibh an measúnú bunaithe ar an saineolas a bhí ag daoine den fhoireann as réimsí beartais éagsúla agus go raibh sé bunaithe freisin ar ghnéithe geografacha. Inár n-anailís ar mheasúnú an Choimisiúin ar na bearta inár sampla (féach mír 20), deimhníodh go raibh na hardstiúrthóireachtaí ábhartha go léir rannpháirteach sa phróiseas.
30 Bhí roinnt céimeanna sa phróiseas measúnaithe (féach Fíor 3).
Foinse: CIE, bunaithe ar threoirlínte inmheánacha an Choimisiúin maidir leis an measúnú ar na RRPanna.
31 Chun an measúnú agus an plé leis na Ballstáit a éascú, d’fhorbair an Coimisiún treoirlínte agus seicliostaí ginearálta inmheánacha. I gcás tionchar eacnamaíoch agus sóisialta, garspriocanna agus spriocanna, costas agus DNSH, bhí treoirlínte teicniúla níos mionsonraithe ina chomhlánú ar na treoirlínte ginearálta inmheánacha.
32 Trí úsáid a bhaint as treoirlínte agus seicliostaí inmheánacha, déantar caighdeánú ar an bpróiseas measúnaithe agus rannchuidíonn sé sin le déileáil go comhionann le RRPanna difriúla. Bhí na treoirlínte agus seicliostaí inmheánacha sin ag fónamh mar shraith bhreithnithe do na measúnóirí sna foirne tíre chun a gcuid measúnuithe a sheoladh agus a dhoiciméadú. Ní raibh úsáid na seicliostaí éigeantach, áfach, ach amháin don mheasúnú ar iomláine agus incháilitheacht. Mar thoradh air sin, ní raibh siad in úsáid go córasach ná go haonfhoirmeach don mheasúnú cáilíochtúil ar na 11 chritéar measúnaithe. Amanna, níor thug na measúnóirí ach an fhaisnéis ba lú, agus amanna eile dhréachtaigh siad nótaí nó doiciméid oibre eile nach raibh aon struchtúr caighdeánach ag roinnt leo.
33 Cé gur dheimhnigh ár n-iniúchadh ar na bearta inár sampla go raibh fáil agus taifead ar phríomhdhoiciméid a d’eascair as obair an Choimisiúin agus a thacaigh lena mheasúnuithe críochnaitheacha, ní raibh an doiciméadú as ar lean na conclúidí sna Doiciméid Inmheánacha Oibre (SWDanna) i gcónaí inrianaithe go héasca.
Bhí treoraíocht agus tacaíocht an Choimisiúin do na Ballstáit leormhaith, ach bhí srianta ama i gceist leo
34 Bhí an Coimisiún freagrach as an treoraíocht agus an tacaíocht ba ghá a sholáthar do na Ballstáit le linn dóibhsean a bheith ag ullmhú a gcuid RRPanna. Bhí cúnamh den sórt sin tugtha luath go maith cheana aige trí dhoiciméid treoraíochta agus pléití nuair a bhí Rialachán RRF fós á phlé ag na comhreachtóirí.
35 Ghlac an Coimisiún roinnt doiciméid treoraíochta chun cabhrú leis na Ballstáit i ndréachtú a gcuid RRPanna:
- treoraíocht ghinearálta do na Ballstáit i dtaobh RRPanna, a glacadh an 17 Meán Fómhair 2020 agus a ndearnadh é a leasú agus a ionadú le leagan nua an 22 Eanáir 2021; agus
- treoraíocht ghinearálta maidir le cur i bhfeidhm chritéar DNSH7, a foilsíodh an 12 Feabhra 2021.
Sa bhreis air sin, bhí na doiciméid sin á gcomhlánú le seicliostaí féinmheasúnaithe le haghaidh na gcóras rialaithe náisiúnta.
36 Mar gheall ar a shrianta a bhí an t-am chun na RRPanna a dhréachtú agus chun Rialachán RRF a dhréachtú agus a ghlacadh, bhí ar an gCoimisiún — go pointe áirithe — a chuid doiciméad treoraíochta féin a fhorbairt sula raibh bailchríoch curtha ar an téacs dlíthiúil agus bhí air é sin a dhéanamh ag an am céanna a bhí na Ballstáit ag ullmhú a gcuid RRPanna. Lena aghaidh sin, d’fhoilsigh an Coimisiún dhá leagan dá phríomhdhoiciméad treoraíochta ar dhréachtú RRPanna (féach mír 35). D’fhág sé sin, i roinnt cásanna, go raibh ar na Ballstáit a gcuid RRPanna a choigeartú le linn an phróisis. Tharla sé sin go háirithe i gcás na treoraíochta ar DNSH, a glacadh ag an am céanna le Rialachán RRF, agus a chuir de cheangal ar na Ballstáit seicliosta DNSH a chomhlánú le haghaidh gach athchóiriú agus infheistíocht ina RRPanna.
37 Fuaireamar go raibh na measúnuithe ar RRPanna bunaithe go príomha ar idirphlé leanúnach idir an Coimisiún agus na Ballstáit, a raibh cruinnithe déthaobhacha, cumarsáid agus malartú faisnéise i gceist leo. Chun an chomhroinnt faisnéise sin a éascú tuilleadh, bhunaigh an Coimisiún freisin ardán ar líne ceisteanna agus freagraí maidir le RRF, a thug mínithe agus treoraíocht bhreise do na Ballstáit. Le linn ár n-agallamh, dheimhnigh na húdaráis sna Ballstáit go raibh an tacaíocht sin úsáideach.
38 Forálann Airteagal 18(5) de Rialachán RRF freisin go bhféadfaidh Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún malartú dea-chleachtas a eagrú le Ballstáit eile. Inár dtuairim maidir leis an togra le haghaidh rialachán lena mbunaítear RRF8, dúramar go mba dhíol sásaimh a bhí san fhéidearthacht sin. De réir an Choimisiúin, ní raibh ach Ballstát amháin ann (lasmuigh dár sampla don iniúchóireacht) a d’iarr go foirmiúil go mbeadh malartú den sórt sin ann, ach tharraing an Ballstát sin an iarraidh sin siar ina dhiaidh sin.
39 Formhór na n-údarás sna Ballstáit a chuireamar faoi agallamh, áfach, chuirfidís fáilte roimh idirghníomhú níos mó leis na Ballstáit eile le linn phróiseas caibidlíochta na RRPanna. D’eagraigh cuid de na Ballstáit cruinnithe déthaobhacha neamhfhoirmiúla as a stuaim féin, ach dá mbeadh ról gníomhach ag an gCoimisiún chun sineirgí a chothú i measc RRPanna na mBallstát, d’éascódh sé sin an próiseas agus spreagfadh sé tionscadail a bhfuil níos mó ná tír amháin páirteach iontu a chur isteach sna RRPanna.
Is dealraitheach go rannchuideoidh na pleananna téarnaimh agus athléimneachta leis na sé cholún, ach tá bearnaí fós ann ó thaobh aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha
De réir mheasúnú an Choimisiúin, fíoraíodh go rannchuidíonn na pleananna téarnaimh agus athléimneachta leis na sé cholún ach tá éagsúlacht i méid an rannchuidithe sin
40 Scrúdaíomar an chaoi a ndearna an Coimisiún measúnú chun a fháil amach an bhfuil na pleananna téarnaimh agus athléimneachta (RRPanna) ag rannchuidiú go hiomchuí le gach ceann de na sé cholún i gcomhréir leis na critéir atá leagtha amach i Rialachán RRF (féach Bosca 1).
Gnéithe don mheasúnú ar rannchuidiú na RRPanna leis na sé cholún
- Rannchuidíonn an RRP ar bhealach cuimsitheach agus cuí-chothromaithe leis na sé cholún …, agus dúshláin shonracha an Bhallstáit lena mbaineann á gcur san áireamh agus ranníocaíocht airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann agus an tacaíocht iasachta a iarradh á gcur san áireamh.
Foinse: Iarscríbhinn V, roinn 2.1 a ghabhann le Rialachán RRF.
41 Rinne an Coimisiún measúnú ar a mhéid a rannchuidigh na RRPanna leis na sé cholún bunaithe ar mhapáil mhionsonraithe, trína ndearna sé measúnú i gcás gach comhchoda cibé ar rannchuidigh sé go suntasach nó ar a laghad go pointe áirithe le gach colún (féach Iarscríbhinn IV). Tháinig sé ar an gconclúid gur rannchuidigh gach ceann de na RRPanna sa sampla ar bhealach cuimsitheach agus cuí-chothromaithe le gach ceann de na sé cholún agus dheonaigh sé rátáil “A” sa réimse seo dóibh ar fad.
42 Dheimhnigh mapáil an Choimisiúin gur tugadh aghaidh ar gach ceann de na sé cholún trí ar a laghad ceann amháin de na comhchodanna i gcás gach ceann de na RRPanna inár sampla. Rinneadh mapáil an Choimisiúin ar leibhéal na gcomhchodanna agus breithníodh bearta aonair chun a dhéanamh amach cad iad na colúin (nó na príomhcholúin) a raibh an chomhchuid ag rannchuidiú leo. Tugaimid ar aire, áfach, nach bhfuil gach ceann de na bearta i gcomhchuid ag rannchuidiú go díreach leis an gcolún i dtrácht.
43 Tá go leor de na comhchodanna atá sna RRPanna ag tabhairt aghaidh ar níos mó ná colún amháin, agus tá éagsúlacht sa nasc cúisíoch idir na comhchodanna agus na colúin, agus ar an tslí sin tá éagsúlacht ann ó thaobh a mhéid ar dóchúil go rannchuideoidh na comhchodanna. Tríd is tríd, tá an nasc idir comhchodanna agus colúin níos dlúithe i gcás na gcolún atá níos sonraithe, amhail “Digiteach” agus “Glas”, ná mar atá sé i gcás na gcolún atá níos leithne agus níos ginearálta, amhail “Fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach” agus “Comhtháthú sóisialta agus críochach”.
44 Thairis sin, de bhrí go bhfuil athchóirithe a bhféadfadh sé nach bhfuil aon chostas ag gabháil leo san áireamh i ngach comhchuid, tá sé deacair a dhéanamh amach cén cion de na cistí atá ag rannchuidiú le gach ceann de na sé cholún. Dá thoradh sin, ón bpeirspictíocht airgeadais de, níl sé soiléir ar tugadh aghaidh “ar bhealach cuí-chothromaithe” ar na sé cholún de réir mar a iarrtar a dhéanamh i Rialachán RRF. Sa bhreis air sin, níl aon sainmhíniú sa Rialachán ar cad go díreach é freagairt “chuí-chothromaithe” sa chomhthéacs sin.
Tugann na pleananna téarnaimh agus athléimneachta aghaidh ar mholtaí tírshonracha, ach tá bearnaí fós ann
45 Is é an Seimeastar Eorpach, a tugadh isteach in 2011, timthriall an Aontais don chomhordú sa bheartas eacnamaíoch, fioscach, saothair agus sóisialta. Sa chomhthéacs sin, déanann an Coimisiún anailís ar fhorbairtí eacnamaíocha agus sóisialta sna Ballstáit agus sna dúshláin atá rompu. Chun dul i ngleic leis na dúshláin sin, déanann an Chomhairle CSRanna a eisiúint gach bliain do gach Ballstát, bunaithe ar mholtaí ón gCoimisiún, agus is iad na CSRanna sin an príomh-aschur ón Seimeastar Eorpach. Cé, san am a caitheadh, nach raibh an comhordú beartais faoin Seimeastar Eorpach ná cur chun feidhme na CSRanna nasctha le leithdháileadh airgeadais ar bith, d’athraigh sé sin nuair a cuireadh bearta chun aghaidh a thabhairt ar CSRanna isteach sna RRPanna.
46 Tá ceanglas i Rialachán RRF a éilíonn go mbeadh bearta a thugann aghaidh ar CSRanna uile 2019 agus 2020, nó ar fho-thacar suntasach díobh sin, sna RRPanna. Ina mheasúnú, cuireann an Coimisiún ceithre ghné san áireamh (féach Bosca 2).
Critéir don mheasúnú ar rannchuidiú RRPanna ó thaobh aghaidh a thabhairt ar CSRanna 2019 agus 2020
- Táthar ag dréim leis go rannchuideoidh an RRP le haghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin uile nó le fo-thacar suntasach de dhúshláin arna sainaithint sna moltaí tírshonracha ábhartha…, ag cur san áireamh ranníocaíocht airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann agus an tacaíocht iasachta a iarradh …;
- Is freagairt chuimsitheach agus leormhaith atá sa RRP ar chás eacnamaíoch agus sóisialta an Bhallstáit lena mbaineann;
- Meastar go bhfuil na fadhbanna a dtugann an RRP aghaidh orthu suntasach chun borradh a chur faoi acmhainneacht fáis gheilleagar an Bhallstáit lena mbaineann ar bhealach inbhuanaithe;
- Tar éis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe a bheith tugtha chun críche, bheifí ag súil leis go mbeadh na dúshláin ghaolmhara réitithe, nó aghaidh tugtha orthu ar bhealach a rannchuidíonn go suntasach lena réiteach.
Foinse: Iarscríbhinn V, roinn 2.2 a ghabhann le Rialachán RRF.
47 Sheiceálamar ar áirithigh measúnú an Choimisiúin go raibh bearta a bhí in RRPanna na mBallstát inár sampla ag rannchuidiú ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na CSRanna ábhartha, agus bhí agallaimh againn leis na húdaráis sna Ballstáit chun tuilleadh eolais a fháil ar an bpróiseas a bhaineann le bearta atá ábhartha do na CSRanna a thabhairt isteach ina RRPanna.
48 I rith an mheasúnaithe ar na dréachtaí de RRPanna, shainaithin an Coimisiún bearnaí i gcás eilimintí áirithe de na CSRanna agus d’iarr sé ar na Ballstáit bearta breise a mholadh. Is mó rath a bhí air sin i gcásanna áirithe (e.g. measúnú ar cháilíocht an chaiteachais phoiblí sa Fhrainc, athbhreithniú caiteachais san Iodáil nó bearta breithiúnachta agus frith-éillithe sa Chróit) ná mar a bhí i gcásanna eile, mar go raibh cuid d’fhochodanna CSRanna ann (iad sin ó 2019 den chuid is mó) nach raibh aghaidh tugtha orthu fós sna RRPanna críochnaitheacha.
49 I gcás na RRPanna a cuireadh isteach, thug an Coimisiún faoi phróiseas mapála, atá ar áireamh ina SWD, a thaispeánann a mhéid ar tugadh aghaidh go leordhóthanach ar CSRanna agus a shainaithin iad sin nach raibh aghaidh tugtha go leordhóthanach orthu. Faoi mar a bhí i gcás na sé cholún, rinneadh an próiseas sin de réir na gcomhchodanna (tacair de bhearta, féach mír 04), agus breithníodh bearta aonair i gcás inarb ábhartha. I gcás na sé Bhallstát inár sampla, is í an chonclúid a bhí i measúnú an Choimisiúin ná gur tugadh aghaidh go páirteach (le bearnaí fós ann) nó go hiomlán (gan aon bhearnaí fágtha) ar CSRanna 2019 agus 2020, agus dá réir sin gur deonaíodh rátáil “A” do na RRPanna críochnaitheacha go léir inár sampla. I dTábla 2, tugtar forléargas ar na bearnaí atá fós ann de réir mar atá siad sainaitheanta ag an gCoimisiún.
Tábla 2 — Bearnaí ó thaobh aghaidh a thabhairt ar CSRanna 2019 agus 2020, de réir mar atá siad sainaitheanta ag an gCoimisiún
| Ballstát | Bearnaí sainaitheanta sna RRPanna |
|---|---|
| An Ghearmáin |
|
| An Ghréig | Níor sainaithníodh aon bhearna. |
| An Spáinn |
|
| An Fhrainc |
|
| An Chróit | Níor sainaithníodh aon bhearna. |
| An Iodáil | Imghabháil cánach (CSR 2019.1.4) — pléitear an t-athchóiriú ar chánacha ioncaim pearsanta sa RRP, ach níl sé ar áireamh mar bheart agus dá réir sin níl sé bainteach le garspriocanna ná spriocanna. |
Foinse: CIE, bunaithe ar Dhoiciméid Inmheánacha Oibre an Choimisiúin.
50 Lenár bpróiseas mapála féin a rinneadh ar leibhéal na mbeart, thángthas mórán ar an toradh céanna leis an gCoimisiún do na CSRanna. Baineann na príomhdhifríochtaí leis an Iodáil, dár shainaithníomar bearnaí breise i gcás cuid de na gnéithe de na CSRanna (athchóirithe ar an gcóras cláir talún agus pinsean, chomh maith le codanna den athchóiriú ar an earnáil airgeadais) nach raibh ar áireamh in SWD an Choimisiúin (féach Tábla 3).
Tábla 3 — Measúnú CIE ar a mhéid a thug na RRPanna inár sampla aghaidh ar CSRanna do 2019 agus 2020
| CSRanna | 2019 | 2020 | ||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Ballstát | DE | EL | ES | FR | HR | IT | DE | EL | ES | FR | HR | IT |
| Catagóir | ||||||||||||
| Aghaidh tugtha orthu go substaintiúil | 0 | 2 | 2 | 1 | 4 | 3 | 2 | 4 | 3 | 3 | 4 | 4 |
| Aghaidh tugtha orthu go substaintiúil, seachas mionghnéithe | 0 | 0 | 0 | 2 | 0 | 0 | 0 | 0 | 1 | 1 | 0 | 0 |
| Aghaidh tugtha orthu go páirteach, le fochuid amháin nó níos mó ann nár tugadh aghaidh orthu | 2 | 0 | 2 | 1 | 0 | 1 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 |
| Níor tugadh aghaidh orthu | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 1 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 |
| Líon iomlán na CSRanna | 2 | 2 | 4 | 4 | 4 | 5 | 2 | 4 | 4 | 4 | 4 | 4 |
Nóta: De bhrí go ndearnadh an “clásal éalaithe ginearálta” atá sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a ghníomhachtú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, ní raibh CSRanna 2019 maidir le comhlíonadh an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis ná CSRanna 2020 ó thaobh dul chun cinn a dhéanamh ionsar chuspóirí buiséadacha meántéarmacha ábhartha a thuilleadh agus níor measadh gur bearna a bhí iontu.
Foinse: CIE, bunaithe ar Dhoiciméid Inmheánacha Oibre an Choimisiúin.
51 Fuaireamar go raibh CSRanna 2020 clúdaithe tríd is tríd sna RRPanna inár sampla. Tá roinnt bearnaí fós ann, áfach, i dtaca le gnéithe áirithe de na CSRanna — mar shampla, an córas cúraim sláinte (an Spáinn) nó an timpeallacht infheistíochtaí agus rialála (an Fhrainc) — a bhfuil sé beartaithe aghaidh a thabhairt orthu lasmuigh de RRF. Ní raibh sé soiléir i gcónaí, áfach, cén fáth nach raibh siad sin ar áireamh sa RRP ina ionad sin, go háirithe i gcás bearta tábhachtacha trasteorann (e.g. na hidirnaisc leictreachais idir an Spáinn agus an Fhrainc), a bheadh, de réir an tsainmhínithe, oiriúnach go maith don RRF.
52 Formhór na mbearnaí a sainaithníodh, baineann siad le CSRanna 2019 a léiríonn ar an mórchóir dúshláin struchtúracha sna Ballstáit atá ann bliain i ndiaidh bliana leis an bhfad seo blianta. Mar shampla, níl aon bheart in RRP na Gearmáine chun iomaíochas a neartú i seirbhísí gnó agus i ngairmeacha rialáilte, rud a bhí ar áireamh sna CSRanna don Ghearmáin ó 2011. Sa bhreis air sin, ní thugann RRPanna éagsúla aghaidh ar na gnéithe de na CSRanna a bhaineann le hinbhuanaitheacht na bpinsean (an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil agus go pointe áirithe an Spáinn) nó le cánachas (an Ghearmáin agus an Iodáil).
53 Ar an iomlán, measaimid gurb é an toradh a bhí ar mheasúnú an Choimisiúin ná gur rannchuidigh RRPanna le formhór na CSRanna do 2019 agus 2020. Mar sin féin, bhí gnéithe tábhachtacha de na CSRanna a bhí fanta gan aghaidh a thabhairt orthu ar fud na mBallstát inár sampla iniúchóireachta, agus ar an mórchóir bhain siad sin le dúshláin struchtúracha atá ag na Ballstáit bliain i ndiaidh bliana leis an bhfad seo blianta. Thairis sin, níl sainiú déanta i Rialachán RRF ná ag an gCoimisiún ar an measúnú ar cad atá i gceist leis an gcoincheap go mbeadh aghaidh tugtha ar “fho-thacar suntasach” de CSRanna. Fágann sé sin go bhfuil nádúr barúlach go pointe áirithe ag roinnt leis an measúnú, go háirithe i gcásanna inar shainaithin an Coimisiún roinnt bearnaí agus/nó bearnaí tromchúiseacha.
Bhí an measúnú ar phríomhchoinníollacha laistigh den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta iomchuí, ach ní raibh sé go hiomlán trédhearcach
54 Chun a mheas an ndearna an Coimisiún measúnú iomchuí ar an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” (DNSH), ar chlibeáil ghlas agus dhigiteach agus ar mheastacháin na gcostas, roghnaíomar seacht mbeart i ngach ceann de na sé Bhallstát inár sampla (féach mír 20).
55 I gcás na mbeart a shamplálamar, scrúdaíomar an ndearna an Coimisiún measúnú iomchuí ar na nithe seo a leanas:
- an bhfuil beart ar bith sa phlean téarnaimh agus athléimneachta (RRP) a dhéanann dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht9 (prionsabal DNSH a chomhlíonadh);
- an bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh cur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear ag rannchuidiú leis an aistriú glas agus digiteach, lena n-áirítear clibeáil na mbeart agus na gcomhéifeachtaí atá á gcur i bhfeidhm;
- an raibh na costais mheasta réasúnach, inchreidte agus i gcomhréir leis na tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta a bhfuiltear ag dréim leo, agus nach bhfuil clúdaithe ag cistiú eile ón Aontas.
Aithníonn measúnuithe an Choimisiúin go bhfuiltear ag comhlíonadh an phrionsabail “gan dochar suntasach a dhéanamh”, ach ní raibh garspriocanna nó spriocanna le haghaidh bearta cúitimh san áireamh ar bhonn córasach
56 Ionas go bhféadfar RRP a fhormheas, ní foláir do na bearta go léir an prionsabal DNSH a chomhlíonadh (féach Bosca 3).
Critéir don mheasúnú ar a mhéid atá bearta ag comhlíonadh an phrionsabail DNSH
- Ní dhéanfaidh aon bheart le haghaidh cur chun feidhme athchóirithe agus tionscadal infheistíochta a áirítear sa RRP dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil ... (an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”).
Foinse: Iarscríbhinn V, roinn 2.4 a ghabhann le Rialachán RRF.
57 D’eisigh an Coimisiún treoraíocht theicniúil maidir le feidhmiú phrionsabal DNSH nuair a bhí RRPanna á measúnú (féach míreanna 35 agus 36). Chuir sé de cheangal ar na Ballstáit seicliosta DNSH a sholáthar le haghaidh gach beart ina RRPanna.
58 Ansin, rinne an Coimisiún measúnú ar na bearta a bhí curtha isteach mar aon leis na seicliostaí DNSH a bhí ag freagairt dóibh, agus thug sé aiseolas breise nó leag sé síos coinníollacha a cuireadh sa tacar críochnaitheach de gharspriocanna agus spriocanna a comhaontaíodh sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle. I gcás na mbeart inár sampla, fuaireamar go ndearna an Coimisiún:
- a áirithiú gur thug na seicliostaí aghaidh ar chuspóirí comhshaoil;
- tuilleadh faisnéise a iarraidh nuair ba ghá, aiseolas a thabhairt agus moltaí a dhéanamh nó bearta áirithe a eisiamh, lena n-áirítear i ndáil leis an bhfoclaíocht i gcás bearta sonracha agus i ndáil leis na garspriocanna nó tagairtí a bhí ag freagairt dóibh;
- a iarraidh, le ceart, go ndéanfaí codanna áirithe de bhearta in RRPanna éagsúla a eisiamh, ar codanna iad sin a mheas sé nach raibh i gcomhréir le prionsabal DNSH. Baineadh iad sin as na RRPanna ina dhiaidh sin. I roinnt cásanna, áfach, is féidir iad a mhaoiniú lasmuigh de RRF ina áit sin — rud atá contrártha do choincheap phrionsabal DNSH;
- a áirithiú, i gcás bearta ar dóchúil go mbeadh tionchar comhshaoil acu, go raibh míniú sna seicliostaí a bhí comhlánaithe ag na Ballstáit ar an gcaoi a ndéanfaí an dochar suntasach a sheachaint. Áirítear leis sin bearta maolaithe a mholadh.
59 Tugaimid ar aire, áfach, go raibh doiciméadacht mheasúnaithe an Choimisiúin i dtaca leis na seicliostaí DNSH le fáil i bpáipéir oibre éagsúla agus nach raibh liosta achomair ann a thaispeáin na measúnuithe DNSH go léir le haghaidh gach beart a d’fhóinfeadh mar chúltaca dá chonclúid fhoriomlán sa SWD agus ina mheasúnú críochnaitheach.
60 Sa bhreis air sin, ní raibh cainníochtú déanta sa seicliosta ná in aon fhoirm eile ar nádúr agus fairsinge an tionchair a bheadh ag bearta díobhálacha féideartha. Rinne sé sin níos deacra é a mheasúnú an raibh na mínithe a tugadh agus na bearta maolaithe a moladh leordhóthanach chun comhlíonadh phrionsabal DNSH a áirithiú.
61 Thairis sin, sna cásanna sin ar theastaigh bearta maolaithe chun measúnú dearfach DNSH a dheonú, ní raibh na bearta maolaithe curtha san áireamh go córasach mar gharsprioc nó mar sprioc sna RRPanna. Dá thoradh sin, ní coinníoll don íocaíocht atá ina gcomhlíonadh agus níl aon bhunús dlí ann chun a gcur chun feidhme a fhorchur ná chun obair leantach a dhéanamh ar a gcur chun feidhme.
D’fhíoraigh an Coimisiún an rannchuidiú a rinne bearta sa sampla leis an aistriú glas agus digiteach
62 Bhí measúnú an Choimisiúin ar an raibh na RRPanna ag rannchuidiú leis an aistriú glas agus digiteach bunaithe ar roinnt gnéithe éagsúla (féach Bosca 4).
Critéir don mheasúnú ar rannchuidiú RRPanna ó thaobh an aistrithe ghlais agus dhigitigh
An t-aistriú glas
- Meastar go rannchuideoidh cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe go héifeachtach leis an aistriú glas…, agus ar an gcaoi sin go rannchuideodh sé le spriocanna aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach agus fós cuspóir neodracht aeráide Aontais faoi 2050 á chomhlíonadh;
- Cuireann na Ballstáit modheolaíocht i bhfeidhm arb éard atá i gceist léi ualú sonrach a shannadh don tacaíocht a tugadh, rud a léiríonn a mhéid a rannchuidíonn an tacaíocht sin le cuspóirí aeráide;
- Meastar go mbeidh tionchar buan ag cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe.
An t-aistriú digiteach
- Meastar go rannchuideoidh cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe go suntasach le claochlú digiteach earnálacha eacnamaíocha nó sóisialta;
- Meastar go rannchuideoidh cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe go suntasach le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascróidh as an aistriú digiteach;
- Cuireann na Ballstáit modheolaíocht i bhfeidhm arb éard atá i gceist léi ualú sonrach a shannadh don tacaíocht a tugadh, rud a léiríonn a mhéid a rannchuidíonn an tacaíocht sin le cuspóirí digiteacha;
- Meastar go mbeidh tionchar buan ag cur chun feidhme na mbeart atá beartaithe.
Foinse: Iarscríbhinn V, ranna 2.5 agus 2.6 a ghabhann le Rialachán RRF.
63 Rinneamar fíorú ar mheasúnú an Choimisiúin dár sampla de 42 bheart (féach mír 20). I gcás na mbeart sin, sheiceálamar i dtaobh mheasúnú an Choimisiúin ar na réimsí agus comhéifeachtaí idirghabhála (100 % do rannchuidiú iomlán leis an aistriú glas/digiteach, 40 % do rannchuidiú páirteach nó 0 % sa chás nach ndearnadh rannchuidiú) an raibh siad ag teacht le Rialachán RFF agus an raibh na clibeanna deiridh a sannadh do na bearta iomchuí.
64 Fuaireamar an méid seo a leanas:
- bhí measúnú mionsonraithe déanta ag an gCoimisiún ar na réimsí agus comhéifeachtaí idirghabhála a chuir na Ballstáit i bhfeidhm do bhearta éagsúla. Go háirithe, i gcás bearta éagsúla inár sampla, chuathas i gcomhchomhairle leo seo a leanas: Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh, an Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide, Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta, Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde agus na foirne cothrománacha don bheartas glas agus don bheartas digiteach;
- i gcás roinnt de na bearta inár sampla, bhí aiseolas tugtha ag an gCoimisiún le linn chéim an dréachtaithe i dtaobh an raibh na réimsí idirghabhála míchearta úsáidte acu nó i dtaobh ar theastaigh miondealú breise de bhearta uaidh (bíodh sé sin mar bhearta ar leithligh nó mar fhobhearta) le comhéifeachtaí difriúla. I ngach cás, chuir na Ballstáit na hathruithe a iarradh orthu isteach ina ndréachtaí den RRP agus mheas an Coimisiún go raibh na leaganacha críochnaitheacha comhlíontach ina leith sin;
- i gcás cineálacha áirithe de bhearta, níor thug Rialachán RRF réimsí idirghabhála ná comhéifeachtaí glasa. Chun measúnú comhsheasmhach a áirithiú, áfach, sholáthair an Coimisiún treoraíocht inmheánach bhreise faoin gcaoi le déileáil le bearta den sórt sin (e.g. iadsan a bhaineann le carranna leictreacha agus hibrideacha) i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht;
- bhí an liosta críochnaitheach de bhearta a rannchuidíonn leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach tuairiscithe ag an gCoimisiún ina SWD le haghaidh gach Ballstát.
65 Níl sé le feiceáil fós, áfach, cá mhéad a rannchuideoidh na bearta atá sna RRPanna le cuspóirí aeráide an Aontais go praiticiúil. Mar shampla, i gceann de na tuarascálacha a d’eisíomar le déanaí, thángamar ar an gconclúid go raibh rómheastachán déanta ar an rannchuidiú aeráide a dhéanann fo-earnálacha lárnacha ar nós iompar iarnróid, leictreachas agus bithmhais i ndáil le buiséad an Aontais, agus nach raibh an caiteachas a tuairiscíodh ábhartha i gcónaí do ghníomhú ar son na haeráide10.
Léirigh an rátáil do na costais mheasta go raibh easpa faisnéise ann i gcás bearta áirithe
66 Tá ábharthacht ar leith ag baint leis an measúnú ar chostais mheasta sna RRPanna ós rud é, murab ionann agus i gcás ionstraimí eile de chuid an Aontais, go bhfuil cistiú RRF bunaithe go huile agus go hiomlán ar gharspriocanna agus spriocanna a bhaint amach seachas ar athchistiú na gcostas. Mar thoradh air sin, ní dhéantar na costais mheasta a ghabhann le bearta atá sna RRPanna a mheasúnú ach amháin nuair a dhéanann an Coimisiún an RRP a mheasúnú, agus níl aon tionchar aige ar eisíocaíocht iarbhír na gcistí le linn chur chun feidhme an RRF.
67 Bhí ar an gCoimisiún an meastachán den chostas iomlán a bhain le gach RRP a mheasúnú de réir na gcritéar atá leagtha síos i Rialachán RRF (féach Bosca 5).
Critéir mheasúnaithe don mheastachán de chostais iomlána na RRPanna
- Sholáthair an Ballstát faisnéis agus fianaise leordhóthanach a thugann le fios i dtaobh mhéid chostais mheasta iomlán an RRP:
- go bhfuil siad iomchuí (réasúnta);
- go bhfuil siad i gcomhréir le nádúr agus cineál na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí atá beartaithe (inchreidte);
- sa chás go bhfuil siad le maoiniú faoin tSaoráid, nach bhfuil siad clúdaithe ag maoiniú reatha nó beartaithe an Aontais;
- go bhfuil méid chostais mheasta iomlán an RRP i gcomhréir leis an tionchar sóisialta agus eacnamaíoch a mheastar a bheidh ag na bearta atá beartaithe i gcás an Bhallstáit lena mbaineann.
Foinse: Iarscríbhinn V, roinn 2.9 a ghabhann le Rialachán RRF.
68 I gcomhréir le Rialachán RRF, rinne an Coimisiún measúnú ar an meastachán de na costais iomlána ar bhonn na gcritéar a luaitear i mBosca 5. Ní shonraítear i Rialachán RRF cén chaoi ar cheart na ceithre chritéar sin a chomhdhlúthú i rátáil fhoriomlán do na costais. D’fhorbair an Coimisiún, áfach, córas rátála le haghaidh gach ceann de na ceithre chritéar agus freisin don rátáil fhoriomlán chomhdhlúite.
69 Go dtí seo, is rátáil “B” atá faighte ag na RRPanna ar fad don chostáil. Thugamar faoi deara go raibh na riachtanais chun rátáil “A” a bhaint amach i ngach ceann de na critéir agus don RRP ina iomláine sách uaillmhianach agus go raibh na riachtanais chun rátáil “C” a bhaint amach sách íseal, rud a d’fhág nár dhócha go dtabharfaí aon rátáil eile seachas rátáil “B”. Mar thoradh air sin, in ainneoin difríochtaí i minicíocht agus déine na n-easnamh a shainaithin an Coimisiún sna Ballstáit inár sampla, tugadh an rátáil chéanna dóibh ar fad (“B”). Bhí an éagsúlacht sna heasnaimh sin ag dul ó easpa faisnéise do chuid de na bearta ag an gcéim phleanála go dtí toimhdí bunúsacha nach raibh go hiomlán inchreidte do gach uile bheart (féach Iarscríbhinn VI). Sa bhreis air sin, de bhrí go bhfuil infheistíochtaí áirithe nuálach, tá a gcostáil sna RRPanna bunaithe cuid mhór ar bhreithiúnas gairmiúil seachas ar shonraí stairiúla.
70 I gcás na 42 bheart inár sampla (féach mír 20), sheiceálamar an fhaisnéis chostála a bhí soláthraithe ag na Ballstáit, an fhaisnéis bhreise maidir le costáil a bhí iarrtha ag an gCoimisiún, páipéir oibre inmheánacha an Choimisiúin maidir leis an measúnú ar an meastachán de na costais iomlána, agus conclúidí an Choimisiúin maidir le costáil sna SWDanna.
71 Thug na Ballstáit bileoga faisnéise ar aird do gach beart, inar luadh an fhaisnéis chostála amhail toimhdí bunúsacha don chostas, costais thagartha ar nós sonraí stairiúla nó comparáideacha, agus an fhaisnéis i dtaobh an raibh an cistiú RRF sa bhreis ar thacaíocht a bhí á tabhairt faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais agus nach raibh na costais chéanna á gclúdach.
72 D’iarr an Coimisiún faisnéis bhreise nuair ba ghá, go háirithe i ndáil leis an modheolaíocht agus na toimhdí bunúsacha. I gcás na mbeart inár sampla, fuaireamar go bhfuair sé faisnéis chun na costais mheasta a fhíorú. Maidir leis na cásanna sin nach raibh leordhóthain faisnéise faighte ag an gCoimisiún ina leith, léirítear an fíoras sin ina mheasúnuithe agus ina rátálacha. I rith an phróisis, chuathas i gcomhchomhairle leis na hardstiúrthóireachtaí ábhartha (lena n-áirítear don Fhuinneamh, don tSoghluaisteacht agus Iompar, do Ghnóthaí Sóisialta agus don Chuimsitheacht) nuair ba ghá, i gcomhréir leis na treoirlínte inmheánacha maidir leis an measúnú costála. Measaimid go dtugann an rátáil “B” léiriú le ceart ar an easpa faisnéise i réimsí áirithe agus ar na heasnaimh maidir le costáil a sainaithníodh.
Tháinig ann don phróifíl eisíocaíochta mar thoradh ar chaibidlíochtaí seachas í a bheith ina léiriú ar na costais is bun leis na garspriocanna agus na spriocanna
73 Ní gá go bhfuil an méid a íocadh i dtráthchuid ar leith bunaithe ar na costais mheasta chun na garspriocanna agus spriocanna a bhaint amach faoi mar a cuireadh é sin san iarraidh ar íocaíocht, ach is mó gur mar thoradh ar chaibidlíochtaí leis an mBallstát i dtrácht a socraíodh é. Cuireann na caibidlíochtaí sin san áireamh an sciar de na garspriocanna agus spriocanna chomh maith lena dtábhacht ábhartha.
74 In AE-27, téann an líon iomlán de thráthchodanna (le haghaidh tacaíocht neamh-inaisíoctha) óna ceathair (an Chipir) go dtína deich (an Bheilg, an Chróit, an Iodáil, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic agus an tSlóivéin), leis an líon garspriocanna agus spriocanna atá le baint amach do gach tráthchuid ag dul ó phéire (an tSeicia — an seachtú tráthchuid) go 114 (an Phortaingéil — an naoú tráthchuid).
75 Ós rud é gur mar thoradh ar chaibidlíocht a tharla sé sin, áfach, bhí easpa trédhearcachta sa phróiseas a bhain le próifílí eisíocaíochta a chinneadh. Cé nach gá gur saincheist é sin don mheasúnú ar na RRPanna, cruthóidh sé seo fadhbanna do chur chun feidhme RRF i bhfianaise go gcaithfí aon ghnóthachan páirteach ar gharspriocanna agus spriocanna a léiriú san íocaíocht leis an mBallstát i dtrácht. Ós rud é gur de thoradh caibidlíochta a chinntear méid na híocaíochta i ngach tráthchuid seachas é a bheith ina léiriú ar na costais fholuiteacha, beidh sé deacair a dhéanamh amach cén laghdú a bheadh iomchuí. Ag tráth na hiniúchóireachta, ní raibh modheolaíocht do ríomh an laghdaithe pháirtigh nó do ríomh na n-íocaíochtaí sainithe go fóill ag an gCoimisiún.
76 I gcleachtas, do na sé Bhallstát inár sampla, tugaimid ar aire go bhfuil éagsúlacht shuntasach sna próifílí eisíocaíochta ó thaobh an sciar den chistiú iomlán i ngach tráthchuid agus ó thaobh an líon garspriocanna agus spriocanna atá le baint amach do gach tráthchuid (Fíor 4).
Fíor 4 — Próifíl íocaíochta agus na garspriocanna agus spriocanna foluiteacha, do na sé Bhallstát inár sampla
Foinse: CIE, bunaithe ar na hiarscríbhinní a ghabhann le Cinntí Cur Chun Feidhme ón gComhairle.
Chuir measúnú an Choimisiúin feabhas ar cháilíocht na ngarspriocanna agus na spriocanna, ach tá saincheisteanna tábhachtacha fós ann nár tugadh aghaidh orthu
77 I gcomhréir le Rialachán RRF, ba cheart go bhfónfadh garspriocanna agus spriocanna chun tomhas a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo athchóiriú nó infheistíocht a bhaint amach, agus gur gnóthachain cháilíochtúla atá i gceist leis na garspriocanna agus gur gnóthachain chainníochtúla atá i gceist leis na spriocanna. Is bunaithe ar bhaint amach garspriocanna agus spriocanna atá na hiarrataí ar íocaíocht a dhéanann na Ballstáit, rud a fhágann gur gné lárnach iad i gcur chun feidhme RRF.
78 I gcomhréir le Rialachán RRF agus leis an treoraíocht do na Ballstáit11, bhí ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar gharspriocanna agus spriocanna mar chuid de Chritéar 8 — “socruithe chun faireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme, lena n-áirítear garspriocanna, spriocanna agus táscairí gaolmhara” (féach Bosca 6).
Fo-chritéar don mheasúnú ar gharspriocanna agus spriocanna
- Tá na garspriocanna agus na spriocanna atá beartaithe soiléir agus réalaíoch; agus tá na táscairí atá beartaithe do na garspriocanna agus do na spriocanna sin ábhartha, inghlactha agus láidir.
Foinse: Iarscríbhinn V, roinn 2.8 a ghabhann le Rialachán RRF.
Bhí próiseas measúnaithe an Choimisiúin cuimsitheach
79 Rinneamar iniúchóireacht ar mheasúnú an Choimisiúin ar gharspriocanna agus spriocanna ar bhonn sampla de 42 bheart in sé RRP. I gcás na mbeart sin, rinneamar measúnú féachaint an raibh na garspriocanna agus spriocanna críochnaitheacha, a comhaontaíodh sa chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle, ag comhlíonadh na gcritéar anseo thuas. Sa bhreis air sin, rinneamar anailís níos ginearálta ar na garspriocanna agus na spriocanna sna sé RRP inár sampla agus é mar chuspóir againn léargas éigin a fháil ar nádúr agus dáileadh ama na ngarspriocanna agus na spriocanna chomh maith leis an gcur chuige a bhí ag na Ballstáit ina sainiú.
80 I gcás na 42 bheart a sampláladh, thángamar ar an gconclúid, i ndiaidh roinnt teachtaireachtaí anonn agus anall idir an Coimisiún agus na Ballstáit, gur féidir a rá faoin bpróiseas chun na garspriocanna agus na spriocanna inár sampla a mheasúnú go raibh sé cuimsitheach ar an iomlán. Go háirithe, bhí soiléirithe ar an gcur síos ar gharspriocanna agus spriocanna iarrtha ag an gCoimisiún, agus is é an toradh a bhí air sin ná gur tugadh cur síos níos soiléire ar na seachadáin a bhí beartaithe agus i gcásanna áirithe bhí foclaíocht níos cruinne molta ag an gCoimisiún. Thairis sin, d’iarr an Coimisiún go ndéanfaí roinnt garspriocanna agus spriocanna a ísliú ionas go mbeadh RRPanna níos so-bhainistithe, agus i gcásanna eile d’iarr sé go gcuirfí cuma níos mionsonraithe ar gharspriocanna agus spriocanna ionas go gclúdófaí céimeanna éagsúla, go háirithe, de bhearta móra.
81 Mar sin féin, tá an rian doiciméadachta ina bhlúirí tríd is tríd agus tá an anailís le fáil i ndoiciméid oibre éagsúla de chuid an Choimisiúin a bhaineann le comhchodanna difriúla de na RRPanna. Sa bhreis air sin, ní raibh aon fhorléargas ann ar gach ceann de na dréachtaí de gharspriocanna agus spriocanna i rith na gcaibidlíochtaí. Is measúnú cáilíochtúil a chuir an Coimisiún i bhfeidhm i dtaca le gach RRP, i gcomhréir leis na caighdeáin i Rialachán RRF, agus ní measúnú comparáideach a rinne sé. Dá mba mheasúnú comparáideach a d’úsáidfeadh sé, beadh sé níos éasca na dea-chleachtais sna Ballstáit éagsúla a shainaithint.
Easpa soiléireachta i ngarspriocanna agus spriocanna áirithe
82 Inár n-iniúchóireacht, dhíríomar isteach ar shoiléireacht na ngarspriocanna agus na spriocanna, mar réamhriachtanas chun an dul chun cinn sna bearta a thomhas agus chun bonn cirt a thabhairt d’íoc amach na gcistí. Inár n-anailís ghinearálta ar gharspriocanna agus spriocanna, fuaireamar go raibh easpa soiléireachta i gceist le garspriocanna agus spriocanna a bhí i ngach ceann de na sé RRP (féach roinnt samplaí i dTábla 4). Nuair nach bhfuil garspriocanna agus spriocanna soiléire ann, tugann sé le tuiscint go bhfuil an riosca ann go bhfuil sé deacair measúnú a dhéanamh ar na garspriocanna agus spriocanna sin agus go bhfuil an riosca gaolmhar ann nár comhlíonadh an cuspóir a bhí mar aidhm ar dtús leo.
Tábla 4 — Samplaí de gharspriocanna agus spriocanna nach bhfuil soiléir
| Ballstát | Beart | Garsprioc nó sprioc ábhartha | Cur síos ar an ngarsprioc nó sprioc | Sásra fíorúcháin |
|---|---|---|---|---|
| An Fhrainc | C3.17 Athléimneacht na n-eangach leictreachais a neartú | Tionscadail a thosú (Garsprioc) |
Tionscadail a bhaineann le heangacha leictreachais i gceantair thuaithe a thosú. | Doiciméad achomair le cur síos ar na tionscadail, an dul chun cinn a bhí déanta ar an obair agus an suíomh. |
| An Ghearmáin | 2.1.1 Athchóiriú: Beartas sonraí nuálach don Ghearmáin | Tionscadail a thosú (Garsprioc) |
Tá tús curtha le gach tionscadal agus gníomhaíocht a bhaineann leis an mbeart. I gcás inarb ábhartha, tá nósanna imeachta roghnúcháin tugtha chun críche agus tá tús curtha le tionscadail roghnaithe. | N/B (Ní raibh an comhshocrú oibríochtúil foilsithe ag tráth na hiniúchóireachta) |
| An Ghréig | 14 - 4.3. Feabhas a chur ar éifeachtúlacht an chórais cheartais — 16575 Dlús a chur le riar an cheartais | Oibríochtúlacht na bPóilíní Ceartais (Garsprioc) |
Oibríochtúlacht na bpóilíní ceartais i ngach inniúlacht den réimse sin, ar an leibhéal riaracháin lárnach chomh maith leis an leibhéal réigiúnach laistigh de na cúirteanna. | Tuarascáil ón Aireacht Dlí agus Cirt, lena n-áirítear: (a) eagraghraim den leibhéal riaracháin lárnach agus den leibhéal réigiúnach, de réir cúirte; (b) deimhniú i scríbhinn go raibh gach gníomhaíocht ó thaobh earcú foirne de mar aon le soláthar, suiteáil agus oibríochtúlacht gach bonneagair ábhartha tugtha chun críche. |
| An Spáinn | Infheistíocht 2 (C24.12) — Borradh a chur faoin gcultúr ar fud na críche | Borradh a chur faoi thionscnaimh a bhaineann le cultúr agus leis an gcruthaitheacht (Sprioc) |
Borradh a chur faoi ghníomhaíocht chultúrtha eagraíochtaí brabúsascha agus neamhbhrabúsacha i gceantair neamh-uirbeacha (ar a laghad 400 tionscnamh). | (a) liosta de ghníomhaíochtaí, lena n-áirítear ainm agus tuairisc ghearr; (b) tagairt oifigiúil don rún dámhachtana a thugann cruthúnas go bhfuil cistiú faighte ag an tionscadal nó ag an ngníomh; (c) na heintitis a bhfuil cistiú faighte acu; (d) an réigiún; agus (e) an cineál gníomhaíochta. |
Foinse: CIE, bunaithe ar na hiarscríbhinní a ghabhann le Cinntí Cur Chun Feidhme ón gComhairle agus socruithe oibríochtúla.
Tá clúdach na bpríomhchéimeanna den chur chun feidhme i gcás garspriocanna agus spriocanna neamhiomlán i gcásanna áirithe
83 De réir threoraíocht phraiticiúil inmheánach an Choimisiúin, ba cheart go léireodh garspriocanna agus spriocanna na príomhchéimeanna i gcur chun feidhme an bhirt i dtrácht (tús — eatramhach — deiridh). Inár n-anailís ghinearálta ar gharspriocanna agus spriocanna, thugamar ar aire go raibh an meánlíon garspriocanna/spriocanna ag dul ó 1.7 in aghaidh an bhirt sa Chróit go dtí 3.2 sa Ghearmáin (féach Tábla 5).
Tábla 5 — An meánlíon garspriocanna agus spriocanna in aghaidh an bhirt
| Ballstát (1) |
Líon iomlán na mbeart (2) |
Líon iomlán na ngarspriocanna agus na spriocanna (3) |
An meánlíon garspriocanna agus spriocanna in aghaidh an bhirt (3:2) |
|---|---|---|---|
| An Spáinn | 212 | 416 | 2.0 |
| An Iodáil | 190 | 527 | 2.8 |
| An Fhrainc | 92 | 175 | 1.9 |
| An Ghearmáin | 40 | 129 | 3.2 |
| An Ghréig | 175 | 330 | 1.9 |
| An Chróit | 222 | 372 | 1.7 |
Foinse: CIE, bunaithe ar na hiarscríbhinní a ghabhann le Cinntí Cur Chun Feidhme ón gComhairle.
84 Tá príomhchéimeanna den chur chun feidhme a chlúdach thar a bheith ábhartha d’infheistíochtaí, ar minic leo a bheith casta agus a bheith á gcur chun feidhme in imeacht tréimhse fhada, agus dá bhrí sin tá gá le garspriocanna agus spriocanna seicheamhacha chun faireachán a dhéanamh ar a ndul chun cinn. Inár n-anailís ghinearálta ar gharspriocanna agus spriocanna sna sé RRP inár sampla, áfach, fuaireamar amach go raibh infheistíochtaí ann nach raibh ach garsprioc nó sprioc amháin luaite leo (féach roinnt samplaí i dTábla 6).
Tábla 6 — Samplaí d’infheistíochtaí nach raibh ach garsprioc nó sprioc amháin luaite leo
| Infheistíocht | Garsprioc nó sprioc | Tráthchlár | Cur síos ar an ngarsprioc nó sprioc |
|---|---|---|---|
| C2.I4 Bithéagsúlacht (An Fhrainc) |
Roinnt tionscadal a raibh tacaíocht ar fáil dóibh i réimsí an athchóirithe éiceolaíoch agus na limistéar faoi chosaint | Faoi R4 2022 | Roinnt tionscadal a bhain le hathchóiriú éiceolaíoch, agus caomhnú na bithéagsúlachta i limistéir faoi chosaint. |
| C1.4. R1- I4 Córas tuairiscithe agus rialaithe don chóras iompair paisinéirí agus lastais de bhóthar (An Chróit) |
Córas tuairiscithe agus rialaithe dea-fheidhmiúil a bhunú don chóras iompair paisinéirí agus lastais de bhóthar | Faoi R4 2024 | Cuirfear córas tuairiscithe agus rialaithe dea-fheidhmiúil i bhfeidhm don chóras iompair paisinéirí agus lastais de bhóthar, a nascfaidh sonraí ón Lár-Chóras Próiseála Tacógraf (SOTAH) agus na taifid náisiúnta de chártaí tacógraif agus taifid ghaolmhara atá faoi fhreagracht na hAireachta Mara, Iompair agus Bonneagair. |
Foinse: CIE, bunaithe ar na hiarscríbhinní a ghabhann le Cinntí Cur Chun Feidhme ón gComhairle.
Tugann na garspriocanna agus spriocanna do bhearta áirithe le tuiscint gur i ndiaidh an 31 Lúnasa 2026 a bheidh siad críochnaithe
85 Rinneadh RRF a dhearadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 agus dá bhrí sin tá sé tábhachtach go ndéanfar RRF a chur chun feidhme laistigh de thráthchlár réasúnach. Deir an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin: “Tíolacann Ballstáit pleananna ar athchóirithe agus infheistíochtaí atá le cur chun feidhme faoi 2026…”12. Tá an sonrú breise seo a leanas i Rialachán RFF:
- Beidh réasúnú agus bunús cuí ag dul leis an RRP. Leagfar amach na gnéithe seo a leanas, go háirithe, ann: … garspriocanna, spriocanna agus amchlár táscach atá beartaithe chun na hathchóirithe a chur chun feidhme, agus infheistíochtaí a bheidh le tabhairt i gcrích faoin 31 Lúnasa 2026 (Airteagal 18 (4)(i)); agus
- chomh maith leis sin, leagfar síos leis an togra ón gCoimisiún … an teorainn ama, nach cóir dó a bheith níos déanaí ná an 31 Lúnasa 2026, faoinar gá na garspriocanna agus na spriocanna deiridh le haghaidh tionscadail infheistíochta agus athchóirithe a bheith curtha i gcrích (Airteagal 20(5)(d)).
86 Maidir le cuid de na bearta sna RRPanna inár sampla, áfach, tá garsprioc nó sprioc thosaigh nó eatramhach iontu do na míonna deiridh roimh dheireadh thréimhse cur chun feidhme RRF. D’fhéadfadh sé go bhfágfadh sé sin nach mbeadh an infheistíocht críochnaithe faoin 31 Lúnasa 2026 (féach Tábla 7), rud nach bhfuil ag comhlíonadh Rialachán RRF (féach mír 85).
Tábla 7 — Samplaí de gharspriocanna agus spriocanna a thugann le tuiscint gur i ndiaidh 2026 a bheidh siad curtha chun feidhme
| Beart | Garsprioc nó sprioc ábhartha | Tráthchlár | Cur síos ar an ngarsprioc nó sprioc |
|---|---|---|---|
| Infheistíocht C1.2. R1-I3 Úsáid hidrigine agus nuatheicneolaíochtaí (An Chróit) |
Tairiscint phoiblí seolta le haghaidh acmhainneacht bhreise hidrigine (Garsprioc) | Faoi R2 2026 | Tairiscint phoiblí seolta chun stáisiún cumhachta a thógáil a dhéanfadh toilleadh táirgeachta de 20MW de chumhacht hidrigine trí leictrealú a shuiteáil. |
| Infheistíocht 1.2.5 Tacaíocht chun busanna le foinse mhalartach tiomána a cheannach (An Ghearmáin) |
Orduithe le haghaidh busanna le foinse mhalartach tiomána (Sprioc) | Faoi R3 2026 | Tá ar a laghad 2 800 bus le foinse mhalartach tiomána ordaithe le tacaíocht ón scéim. |
Foinse: CIE, bunaithe ar na hiarscríbhinní a ghabhann le Cinntí Cur Chun Feidhme ón gComhairle.
De réir threoraíocht an Choimisiúin, tugtar fabhar do tháscairí a thomhasann aschur seachas do tháscairí a thomhasann ionchur
87 I dtreoraíocht an Choimisiúin do na Ballstáit13, deirtear an méid seo a leanas:
- is féidir le garspriocanna agus spriocanna céimeanna éagsúla de chur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí a léiriú, bíodh sé sin bunaithe ar tháscairí ionchuir nó, mar rogha is fearr air sin, táscairí aschuir;
- ba cheart táscairí tionchair a sheachaint ós rud é go bhfuil sé deacair táscairí den sórt sin a thuar agus go bhfuil siad spleách ar thosca eile nach bhfuil smacht ag an mBallstát orthu.
88 I gcomhréir leis an treoraíocht sin, bhí formhór na ngarspriocanna agus na spriocanna a bhí sna sé RRP inár sampla iniúchóireachta dírithe ar aschuir (e.g. an líon foirgneamh a bhí le hathchóiriú/an líon ciliméadar d’iarnróid a bhí le hathchóiriú/an líon stáisiún luchtaithe a bhí le suiteáil). In ar a laghad leath de na RRPanna inár sampla, áfach, bhí bearta ann le táscairí ionchuir, a bhí ag tagairt go ginearálta do mhéid áirithe den chistiú a chaitheamh (e.g. an Ghearmáin, an Spáinn agus an Fhrainc).
89 De réir nádúr na dtáscairí tionchair, bíonn tréimhse ama ionchasach níos faide acu — rud nach bhfuil oiriúnach go maith don tráthchlár teoranta atá ag gabháil le cur chun feidhme RRF. Tugaimid ar aire, áfach, gurb í an éifeacht a bheidh ag táscairí tionchair a sheachaint, díriú isteach ar tháscairí aschuir agus fiú táscairí ionchuir a chur isteach le haghaidh garspriocanna agus spriocanna ná go gcuirfear teorainn as cuimse leis an bhféidearthacht feidhmíocht na mbeart a thomhas agus, faoi dheoidh, a dtionchar ar na cuspóirí beartais AE sa RRF — atá sách ginearálta — a thomhas.
Tá difríochtaí ó Bhallstát go chéile sa chur chuige i leith garspriocanna agus spriocanna a shainiú
90 Nuair nach mbíonn cur chuige comhchuibhithe ann i leith garspriocanna agus spriocanna a shocrú, déanann sé sin difear don inchomparáideacht idir Ballstáit agus cothaíonn sé riosca ó thaobh na córa comhionainne de. Cé gur mhol an Coimisiún go mbeadh cur chuige comhchuibhithe ann, go háirithe trí threoraíocht a sholáthar mar aon le samplaí d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí, ní dhearna sé anailís chomparáideach ar na pleananna éagsúla ar an mbonn nach ionann an staid i ngach Ballstát. Inár n-anailís ghinearálta ar gharspriocanna agus spriocanna, fuaireamar difríochtaí ar fud na RRPanna ó thaobh garspriocanna agus spriocanna a shocrú; tá léiriú orthu sin sna míreanna seo a leanas.
Ní raibh an dealú idir garspriocanna agus spriocanna soiléir i gcónaí
91 Sna sé RRP inár sampla, tá an líon iomlán garspriocanna agus spriocanna ag dul ó 129 sa Ghearmáin go dtí 527 san Iodáil agus tá an coibhneas idir garspriocanna agus spriocanna ag dul ó 2:3 sa Fhrainc agus san Iodáil go dtí 4:1 sa Ghréig (féach Fíor 5).
Fíor 5 — Líon agus coibhneas na ngarspriocanna le spriocanna sna sé Bhallstát inár sampla (deontais agus iasachtaí)
Foinse: CIE, bunaithe ar na hiarscríbhinní a ghabhann le Cinntí Cur Chun Feidhme ón gComhairle.
92 Cé go bhfuil líon iomlán na ngarspriocanna agus na spriocanna á gcinneadh ar an mórchóir leis na cistí a leithdháiltear agus le raon feidhme an RRP, d’fhéadfadh an difríocht sa choibhneas idir garspriocanna agus spriocanna a thabhairt le tuiscint freisin go bhfuil cur chuige difriúil sna Ballstáit ó thaobh garspriocanna agus spriocanna a shainiú agus ó thaobh dealú a dhéanamh eatarthu. Cé, i bhformhór na RRPanna, go ndearnadh tabhairt i gcrích infheistíochta a thomhas go ginearálta i bhfoirm sprioc inchainníochtaithe (an líon tithe atá athchóirithe, an t-achar talún faoi athfhoraoiseacht etc.), ba mhinic — go háirithe i bplean na Gréige — go raibh garsprioc neamh-inchainníochtaithe i bhfoirm tuarascáil don tabhairt i gcrích curtha isteach ina ionad. Tá na garspriocanna sin cainníochtaithe amanna, áfach, sa roinn den Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle ina dtugtar tuairisc ar na garspriocanna nó sa “sásra fíorúcháin” a bhfuil tuairisc air sa socrú oibríochtúil.
93 In Airteagal 2(4) de Rialachán RRF, tugtar sainmhíniú ar gharspriocanna mar ghnóthachain cháilíochtúla agus tugtar sainmhíniú ar spriocanna mar ghnóthachain chainníochtúla. Nuair a imítear ón dealú sin, cothaítear na rioscaí seo a leanas:
- sna cásanna sin ina ndearnadh garspriocanna a chainníochtú sa tuairisc/sásra fíorúcháin, tá éiginnteacht áirithe dhlíthiúil ann i dtaobh a mhéid atá an cainníochtú sin ina chuid den choinníoll íocaíochta mar gheall ar an bhfíoras nach ndéantar garspriocanna, de réir an tsainmhínithe, a chainníochtú agus go ndéantar baint amach na ngarspriocanna a thomhas trí tháscaire cáilíochtúil;
- sna cásanna sin inar cuireadh garsprioc isteach mar ghnóthachan inchainníochtaithe agus nach bhfuil aon chainníochtú sa tuairisc/sásra fíoraithe, d’fhéadfadh sé a bheith deacair a dhéanamh amach cé chomh maith agus a d’éirigh leis an mBallstát í a chur chun feidhme. Sa bhreis air sin, trí gharspriocanna neamh-inchainníochtaithe (e.g. tuarascáil ar thabhairt i gcrích a thíolacadh) a chur isteach seachas sprioc inchainníochtaithe (e.g. líon áirithe tithe a bheith athchóirithe), cothaítear riosca ó thaobh cóir chomhionann a thabhairt mar go bhféadfadh sé go mbeadh sé níos deacra an sprioc inchainníochtaithe a bhaint amach.
Garspriocanna i dtionscadail trasteorann nach móide go bhfuil siad comhchuibhithe
94 Tá ról sonrach ag tionscadail trasteorann ó thaobh cur chuige comhchuibhithe a bheith ann. De bhrí go bhfuil siad cosúil le chéile, de réir an tsainmhínithe, bhainfidís tairbhe ar leith as cur chuige comhchuibhithe. Ní móide, áfach, go socraítear garspriocanna agus spriocanna comhchosúla do thionscadail trasteorann (féach Tábla 8).
Tábla 8 — Samplaí de gharspriocanna agus spriocanna difriúla don tionscadal trasteorann céanna
| Beart | Garspriocanna | Spriocanna |
|---|---|---|
| Tionscadal IPCEI ar Infheistíocht Hidrigine: 1.1.1 — Tionscadail hidrigine faoi chuimsiú IPCEInna (An Ghearmáin) |
|
|
| Tionscadal IPCEI ar Infheistíocht Hidrigine: C4.I2 — Hidrigin dhícharbónaithe a fhorbairt (An Fhrainc) |
|
|
Foinse: CIE, bunaithe ar na hiarscríbhinní a ghabhann le Cinntí Cur Chun Feidhme ón gComhairle.
Difríochtaí sa sainmhíniú ar gharspriocanna agus spriocanna
95 Thairis sin, thugamar faoi deara nach raibh cur chuige comhchuibhithe ann ó thaobh garspriocanna agus spriocanna a shainiú. Na heasnaimh a sainaithníodh ó thaobh bearta a bheith á gcur chun feidhme i ndiaidh Lúnasa 2026 agus bearta le táscairí ionchuir, ní raibh siad ann chomh fairsing céanna i ngach ceann de na RRPanna inár sampla:
- bhí garspriocanna agus spriocanna a thug le tuiscint go mbeadh na bearta a bhain leo le cur chun feidhme i ndiaidh 2026 curtha i gcuid de na RRPanna (e.g. an Ghréig agus an Chróit) ach ní raibh i gcuid eile (e.g. an Spáinn);
- ar an gcaoi chéanna, ba mhinice a bhí táscairí ionchuir luaite i gcuid de na RRPanna (e.g. an Ghearmáin agus an Spáinn).
96 Cé go n-aontaímid leis an gCoimisiún go gcaithfear imthosca sonracha gach Ballstáit a chur san áireamh sa mheasúnú, tugaimid faoi deara nach bhfuil anailís chomparáideach ann.
Bhí measúnú an Choimisiúin ar shocruithe faireacháin agus rialaithe cuimsitheach, ach bhí sé bunaithe go pointe áirithe ar chórais nach bhfuil fós i bhfeidhm
97 Chun measúnú a dhéanamh ar ról an Choimisiúin maidir leis na Ballstáit a spreagadh le creat iomchuí faireacháin agus rialaithe a glacadh, scrúdaíomar an ndearna sé measúnú iomchuí ar na nithe seo a leanas:
- socruithe faireacháin agus cur chun feidhme atá molta ag Ballstáit ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta (RRPanna);
- socruithe iniúchóireachta agus rialaithe atá molta ag Ballstáit ionas go bhféadfar éilliú, calaois, coinbhleachtaí leasa agus maoiniú dúbailte a chosc agus a bhrath.
Bhí measúnú an Choimisiúin ar shocruithe faireacháin agus rialaithe na mBallstát cuimsitheach, ach bhí sé bunaithe go pointe áirithe ar chórais nach bhfuil fós i bhfeidhm
98 Cuireann Rialachán RRF14 de cheangal ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh, bunaithe ar thacar eilimintí, ar na socruithe atá molta ag na Ballstáit chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar a gcuid RRPanna agus chun iad a chur chun feidhme go héifeachtach (Bosca 7).
Gnéithe chun measúnú a dhéanamh ar shocruithe faireacháin agus ceanglais chur chun feidhme na mBallstát
- Sanntar tasc do struchtúr laistigh den Bhallstát chun: (i) an plean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme; (ii) faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na ngarspriocanna agus na spriocanna; agus (iii) tuairisciú a fheidhmiú;
- na socruithe foriomlána, atá molta ag na Ballstáit ó thaobh eagrúcháin de (lena n-áirítear foráil chun leithdháileadh foirne leordhóthanach a áirithiú) maidir le cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí, tá siad inchreidte.
Foinse: Iarscríbhinn V, roinn 2.8 a ghabhann le Rialachán RRF.
99 Sheiceálamar an ndearna an Coimisiún measúnú ar shocruithe faireacháin agus cur chun feidhme na mBallstát inár sampla, go háirithe a gcuid struchtúr, róil agus freagrachtaí a gcomhlachtaí éagsúla, agus an acmhainneacht a bhí ag teastáil.
100 Bhí éagsúlacht shuntasach i struchtúir faireacháin agus cur chun feidhme na RRPanna sna sé Bhallstát inár sampla, ag brath ar a chasta atá an struchtúr sa Bhallstát agus an bhfuil sé ag brath ar chórais agus comhlachtaí atá cheana ann (an Ghearmáin, an Fhrainc, an Chróit) nó an gcaithfidh sé cinn nua a thabhairt isteach (an Ghréig, an Spáinn, an Iodáil). In Iarscríbhinn VII, tugtar achoimre ar na córais atá molta ag na sé Bhallstát inár sampla.
101 Fuaireamar go raibh tuairisc leordhóthanach i measúnú an Choimisiúin, faoi mar a bhí sé doiciméadaithe sna SWDanna, ar struchtúir agus córais na mBallstát inár sampla maidir le cur chun feidhme, faireachán agus tuairisciú, agus freisin ar a gcuid socruithe eagraíochtúla agus a gcuid róil agus freagrachtaí, agus gur tugadh cuntas ar na rioscaí a bhí ann. Tháinig measúnú an Choimisiúin ar an gconclúid go raibh na socruithe faireacháin agus cur chun feidhme a bhí molta ag na Ballstáit leormhaith agus dá bhrí sin dheonaigh sé rátáil “A” dóibh15.
102 Chun na rioscaí d’fhaireachán agus cur chun feidhme éifeachtach na RRPanna a braitheadh do chuid de na Ballstáit le linn an mheasúnaithe a mhaolú, mhol an Coimisiún garspriocanna sonracha a bhí le baint amach roimh an gcéad íocaíocht (cé is moite den réamh-mhaoiniú) i gcás cúig cinn de na sé Bhallstát sa sampla. Tugadh isteach iad sin sna hiarscríbhinní a ghabhann leis na Cinntí Cur Chun Feidhme ón gComhairle (féach Iarscríbhinn VIII). Sampla de na garspriocanna sonracha sin is ea “anailís a dhéanamh ar an ualach oibre do na hinstitiúidí a bhfuil baint acu leis an gcur chun feidhme ar mhaithe le hábhar buartha i dtaobh toilleadh a mhaolú” (an Chróit) nó “tabhairt faoi athchóirithe tábhachtacha riaracháin phoiblí… chun struchtúir chomhordúcháin, córais faireacháin agus sásraí forghníomhaithe a chur ar bun, agus foireann agus cúnamh a sholáthar le haghaidh faireachán agus cur chun feidhme” (an Iodáil).
103 Cé go n-aontaímid go ginearálta le measúnú an Choimisiúin, bhí sé bunaithe go pointe áirithe ar chórais nach raibh fós i bhfeidhm ag tráth an mheasúnaithe. Cothaíonn sé sin rioscaí, go háirithe i gcásanna a bhfuil tábhacht leis na heilimintí atá fós gan réiteach. Nuair nach bhfuil córas faireacháin lánfheidhmiúil i bhfeidhm, tugann sé le tuiscint go bhféadfadh sé nach ndéanfaí garspriocanna nó spriocanna a bhaint amach go réadúil go dtí go mbeadh na garspriocanna eile sin comhlíonta.
104 Thairis sin, ós rud é nach raibh na córais faireacháin nó na comhlachtaí cur chun feidhme sin i bhfeidhm fós go pointe áirithe nuair a rinneadh na RRPanna a fhormheas, chuir sé teorainn le measúnú an Choimisiúin ar a n-acmhainneacht riaracháin. I roinnt cásanna, bhí an Coimisiún ag brath ar dheimhniú ó na Ballstáit go raibh acmhainneacht leordhóthanach acu chun an RRP a chur chun feidhme go héifeachtach, agus faireachán éifeachtach a dhéanamh air, (mar shampla, an Ghréig agus an Fhrainc), agus i gcásanna eile luaigh sé go mba chás imní dó an acmhainneacht riaracháin a bhí ag na comhlachtaí cur chun feidhme náisiúnta (mar shampla, an Chróit).
105 I roinnt tuairimí atá eisithe le déanaí againn16, thugamar ar aird go gcaithfidh a ndóthain ama agus acmhainneacht riaracháin iomchuí a bheith ag Ballstáit chun cistí ón Aontas a chomhghabháil. Cuid de na Ballstáit a bhfuil an ráta comhghabhála is ísle acu i gclárthréimhse 2014-2020, gheobhaidh siad tacaíocht shubstainteach ó RRF sna blianta seo amach romhainn (féach Iarscríbhinn IX). I dTuarascáil Bhliantúil 2020 uainn17, thugamar chun suntais freisin go bhféadfadh sé nach leordhóthanach an leibhéal acmhainní riaracháin atá ag teastáil chun an méadú substaintiúil ar chistí a bhainistiú. Go háirithe do na Ballstáit sin a bhfuil sciar ard d’infheistíochtaí poiblí iontu atá maoinithe cheana féin ag an Aontas, d’fhéadfadh sé sin an riosca nach mbeidís in ann an cistiú atá ar fáil dóibh a mhéadú agus, dá réir sin, nach mbeidís in ann luach ar airgead a thabhairt i gcrích.
Bhí measúnú an Choimisiúin ar shocruithe iniúchóireachta agus rialaithe leormhaith, ach ba mhinic é ag brath ar cheanglais a bhí fós le comhall
106 I gcomhréir le Rialachán RRF, caithfidh an Coimisiún a áirithiú go bhfuil córais rialaithe atá iomchuí chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit (féach Bosca 8)18. Tá socrú suas an phróisis iniúchóireachta agus rialaithe le haghaidh RRF ag brath go príomha ar na córais atá ag freagairt dó atá i ngach Ballstát ar leith. Caithfidh na Ballstáit leordhóthain faisnéise faoi na córais a chuirfidh siad i bhfeidhm a chur isteach, go háirithe chun a léiriú go n-áiritheoidh siad go mbeidh na príomhphrionsabail atá ag gabháil le bainistíocht fhónta airgeadais á gcomhlíonadh acu.
Critéir chun socruithe rialaithe na mBallstát a mheasúnú
- Tá an córas rialaithe inmheánaigh a bhfuil tuairisc air sa RRP bunaithe ar phróisis agus ar struchtúir láidre, agus sainaithnítear ann gníomhaithe soiléire (comhlachtaí/eintitis) agus a róil agus a bhfreagrachtaí; áirithíonn sé go háirithe leithscaradh iomchuí na bhfeidhmeanna ábhartha;
- Is leormhaith é an córas rialuithe agus socruithe ábhartha eile, lena n-áirítear chun sonraí faoi fhaighteoirí deiridh a bhfuil tuairisc orthu sa RRP a bhailiú agus a chur ar fáil, go háirithe chun éilliú, calaois agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú agus úsáid á baint as na cistí arna soláthar faoi RRF;
- Is leormhaith iad na socruithe a bhfuil tuairisc orthu sa RRP chun cistiú dúbailte ó RRF agus ó chláir eile de chuid an Aontais a sheachaint; agus
- Tá an chumhacht dhlíthiúil agus an cumas riaracháin ag na gníomhaithe (comhlachtaí/eintitis) atá freagrach as rialuithe chun na róil agus na cúraimí dá bhforáiltear dóibh a fheidhmiú.
Foinse: Iarscríbhinn V, roinn 2.10, a ghabhann le Rialachán RRF.
107 Sheiceálamar an ndearna an Coimisiún measúnú ar shocruithe rialaithe na mBallstát, go háirithe soiléireacht a gcuid struchtúr, róil agus freagrachtaí a gcomhlachtaí éagsúla, na córais agus na próisis a bhí beartaithe agus an acmhainneacht a bhí ag teastáil.
108 Dhréachtaigh an Coimisiún treoraíocht do na Ballstáit19 agus chuir sé seicliosta féinmheasúnaithe ar fáil. Fuaireamar an méid seo a leanas:
- bhí aghaidh tugtha ag an gCoimisiún ar ghnéithe tábhachtacha de chórais rialaithe na sé Bhallstát inár sampla agus bhí úsáid bainte aige as seicliosta cuimsitheach inmheánach chun a fhíorú go rabhthas ag comhlíonadh na gcritéar go léir i Rialachán RRF (féach Bosca 8). I gcás na RRPanna inár sampla, fuaireamar go ndearnadh anailís iomchuí agus go raibh doiciméadacht ann a bhí mionsonraithe go leordhóthanach mar thacaíocht leis an measúnú;
- bhí sé tar éis dul i gcomhchomhairle leis na hardstiúrthóireachtaí ábhartha i ndáil leis na socruithe rialaithe sna Ballstáit sin (e.g. Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid, an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh).
109 Thug an Coimisiún rátáil “A” go gach ceann de na sé Bhallstát inár sampla, agus ag an am céanna tharraing sé aird, i gcás inarb ábhartha, ar bhearna nó easnaimh a d’éiligh bearta breise a chur chun feidhme ina leith roimh an gcéad íocaíocht (féach Iarscríbhinn VIII). Bhí na rudaí seo a leanas, mar shampla, i gceist leis na garspriocanna sonracha: róil agus freagrachtaí na gcomhlachtaí éagsúla iniúchóireachta agus rialaithe a shonrú (mar shampla, sa Fhrainc), raon feidhme a sainordaithe (mar shampla, sa Ghréig), nó straitéis do chomhlachtaí iniúchóireachta a ghlacadh nó a leasú chun aonaid thiomnaithe le bheith i gceannas ar RRF a chur ar bun (mar shampla, sa Chróit). Ar a dhála céanna leis an gcóras faireacháin agus cur chun feidhme (féach mír 103), cothaíonn sé seo riosca mar nach raibh an Coimisiún fós in ann measúnú a dhéanamh ar na córais a bhí i bhfeidhm ag tráth an mheasúnaithe.
110 Thairis sin, ní bhainfidh na Ballstáit go léir úsáid as uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála rioscaí an Choimisiúin chun tionscadail, tairbhithe agus conraitheoirí atá i mbaol calaoise, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí faoi RRF a shainaithint. Cúig cinn de na Ballstáit inár sampla iniúchóireachta (an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit agus an Iodáil), bainfidh siad úsáid as uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála rioscaí an Choimisiúin, ar uirlis í sin ar chuireamar béim ar a tábhacht in iniúchadh roimhe seo20. Ní raibh úsáid na huirlise sin éigeantach, faoi mar a bhí cinntithe ag an gComhairle, agus dá bhrí sin ní raibh gá í a úsáid le haghaidh measúnú dearfach ar an gcóras rialaithe a bhí ag Ballstát. Mar sin féin, is gné lárnach i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais é uirlis chomónta mianadóireachta sonraí agus scórála rioscaí a bheith ann agus, níos sonraí, is gné thábhachtach í chun calaois, coinbhleachtaí leasa agus cistiú dúbailte a chosc agus chun trédhearcacht agus cuntasacht a mhéadú.
111 Cé go raibh measúnú an Choimisiúin ar chórais rialaithe na mBallstát cuimsitheach, is é atá le tuiscint as an bhfíoras go raibh gá le garspriocanna ar leith ná go n-admhaíonn an Coimisiún agus na Ballstáit nach raibh na córais rialaithe i bhfeidhm go hiomlán sna Ballstáit inár sampla ag tráth an mheasúnaithe. Dá réir sin, is féidir míniú a thabhairt, go pointe áirithe ar a laghad, ar an bhfíoras go bhfuair gach RRP rátáil “A” sa réimse seo leis an bhfíric gur rátáil “A” (leormhaith) nó “C” (neamhdhóthanach) amháin a d’fhéadfaí a thabhairt don réimse seo faoi Rialachán RRF agus gurb é an toradh a bheadh ar rátáil “C” ná go ndiúltófaí an RRP ina iomláine. Nuair nach bhfuil córas rialaithe lánfheidhmiúil i bhfeidhm, tugann sé le tuiscint go bhféadfadh sé nach mbeidh leasanna airgeadais an Aontais cosanta go leordhóthanach go dtí go mbeadh na garspriocanna sin comhlíonta.
Conclúidí agus moltaí
112 Tagaimid ar an gconclúid go raibh measúnú an Choimisiúin ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta, ar an iomlán, iomchuí i bhfianaise a chasta atá an próiseas agus na srianta ama atá i gceist. Shainaithníomar, áfach, roinnt laigí, rioscaí agus réimsí a gcaithfear aird a thabhairt orthu amach anseo, mar shampla: próifílí íocaíochta a bheith ag eascairt as caibidlíochtaí; gan soiléireacht a bheith ag roinnt le garspriocanna agus spriocanna; nó córais faireacháin agus rialaithe gan a bheith i bhfeidhm go hiomlán ag tráth an mheasúnaithe (féach na míreanna ina dhiaidh seo).
113 Fuaireamar go ndearna an Coimisiún an próiseas measúnaithe a bhainistiú go héifeachtach. D’áirithigh an leagan amach eagraíochtúil agus an fhreagracht chomhroinnte laistigh den Choimisiún go raibh na gníomhaithe ábhartha go léir rannpháirteach. Rinneadh an measúnú de réir treoirlínte agus seicliostaí cuimsitheacha inmheánacha, ach níor úsáid na measúnóirí go córasach ná go haonfhoirmeach iad don mheasúnú cáilíochtúil. Bhí fáil ar na príomhdhoiciméid a bhí ag éirí as obair an Choimisiúin agus a bhí mar thaca dá mheasúnú críochnaitheach, agus bhí taifead díobh sin coinnithe, ach ní raibh sé éasca i gcónaí iad a rianú (míreanna 24-33).
Moladh 1 — Feabhas a chur ar nósanna imeachta measúnaithe agus ar dhoiciméadú
Ba cheart don Choimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- an nós imeachta a fheabhsú tuilleadh i measúnuithe amach anseo chun a áirithiú go leantar gach céim den phróiseas agus go ndéantar na codanna cáilíochtúla den mheasúnú a bhreithniú go hiomlán;
- a áirithiú i dtaobh dhoiciméadú an mheasúnaithe chríochnaithigh agus i dtaobh na gcúiseanna atá leis an measúnú críochnaitheach, go bhfuil siad dea-dhoiciméadaithe agus gur féidir na príomhdhoiciméid a rianú go héasca ar mhaithe le trédhearcacht agus éifeachtúlacht an phróisis a mhéadú.
Spriocdháta cur chun feidhme: le haghaidh aon mheasúnú amach anseo.
114 Thug an Coimisiún tacaíocht do na Ballstáit le linn chéim an dréachtaithe de phleananna téarnaimh agus athléimneachta, agus d’eisigh an Coimisiún doiciméid treoraíochta dóibh chun an próiseas a éascú. Mar gheall ar chomh teoranta a bhí an t-am a bhí ar fáil, ullmhaíodh an treoraíocht ag an am céanna le hullmhú na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, rud a d’fhág gurbh éigean — i gcásanna áirithe — na pleananna téarnaimh agus athléimneachta a choigeartú i gcaitheamh an phróisis. Chomh maith leis sin, chuir an Coimisiún seisiúin oiliúna agus ardán ceisteanna agus freagraí ar fáil, rud a d’éascaigh comhroinnt faisnéise. Bhí ról teoranta ag an gCoimisiún ó thaobh malartú dea-chleachtais a chur chun cinn idir na Ballstáit, rud a d’éascódh an próiseas measúnaithe agus rud a spreagfadh tionscadail a bhfuil níos mó ná tír amháin páirteach iontu a chur isteach sna RRPanna (míreanna 34-39).
Moladh 2 — Malartú dea-chleachtas i measc na mBallstát a chur chun cinn
Chun malartú dea-chleachtas i measc na mBallstát le linn chur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur chun cinn, ba cheart don Choimisiún a bheith forghníomhach ó thaobh malartuithe tuairimí idir na húdaráis sna Ballstáit a éascú i ndáil le nithe is cás dóibh go léir.
Spriocdháta cur chun feidhme: le linn chur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta.
115 I measúnú an Choimisiúin, admhaíodh gur thug na pleananna téarnaimh agus athléimneachta aghaidh ar na príomhchuspóirí beartais den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, lena n-áirítear na sé cholún, i ndiaidh mapáil a dhéanamh ar leibhéal na gcomhchodanna, ach nach raibh anailís ar na bearta aonair go léir sna pleananna sin (féach míreanna 40-44). Tá éagsúlacht ina mhéid is dóchúil go rannchuideoidh na comhchodanna agus níl sé le feiceáil fós cén tionchar praiticiúil a bheidh acu.
116 Fuaireamar gur thug measúnú an Choimisiúin le fios go raibh aghaidh á tabhairt go ginearálta ag na pleananna téarnaimh agus athléimneachta ar mholtaí tírshonracha 2019 agus 2020 agus ar na dúshláin ghaolmhara atá sainaitheanta i gcreat an tSeimeastair Eorpaigh. Mar sin féin, bhí roinnt gnéithe tábhachtacha de na moltaí tírshonracha fós nach raibh aghaidh tugtha orthu, go háirithe sa chlúdach a rinneadh ar mholtaí tírshonracha 2019. Níos ginearálta, tá nádúr barúlach fós go pointe áirithe ag roinnt leis an measúnú i dtaobh cad atá i gceist le “fo-thacar suntasach” de na moltaí tírshonracha (míreanna 45-53).
Moladh 3 — Obair leantach a dhéanamh ar a mhéid a rannchuidíonn na bearta atá curtha chun feidhme leis na moltaí tírshonracha
Le linn chur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, ba cheart don Choimisiún:
- an tuairisciú ar dhul chun cinn maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a ailíniú leis an tuairisciú i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh chun a áirithiú go ndéantar obair leantach leormhaith ar gach ceann de na moltaí tírshonracha, lena n-áirítear iad sin nach dtugtar aghaidh go díreach orthu sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta;
- i gcreat tuairiscithe an tSeimeastair Eorpaigh atá cheana ann, faisnéis a thabhairt faoina mhéid atá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ag rannchuidiú le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha.
Spriocdháta cur chun feidhme: amhail ó 2022.
117 Is é an toradh a bhí ar mheasúnú an Choimisiúin ná gur bearta a bhí ag comhlíonadh an phrionsabail “gan dochar suntasach a dhéanamh”, agus iadsan amháin, a bhí ar áireamh sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta a glacadh, sin nó go raibh bearta maolaithe ag gabháil leo dá mba dhóchúil go mbeadh tionchar comhshaoil acu, faoi mar is léir ó na barúlacha do na bearta inár sampla. Ní raibh liosta achomair sa doiciméadacht, áfach, chun tacú le conclúid fhoriomlán an Choimisiúin ina mheasúnú críochnaitheach. Thairis sin, i gcás na mbeart sin ar dhóchúil go mbeadh tionchar comhshaoil acu, ní raibh an tionchar sin cainníochtaithe in go leor cásanna. Chomh maith leis sin, ní raibh bearta maolaithe curtha san áireamh go córasach le garsprioc nó sprioc sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta. Dá thoradh sin, ní coinníoll don íocaíocht atá ina gcomhlíonadh agus níl aon bhunús dlí ann chun a gcur chun feidhme a fhorchur ná chun obair leantach a dhéanamh ar a gcur chun feidhme. Ar deireadh, i gcás bearta nach bhfuil ag comhlíonadh an phrionsabail “gan dochar suntasach a dhéanamh”, is féidir iad sin á maoiniú lasmuigh den tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, rud atá contrártha don phrionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” (míreanna 56-60).
Moladh 4 — Feabhas a chur ar an trédhearcacht agus ar an bhfaireachán a ghabhann leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”
Ba cheart don Choimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- a iarraidh ar na Ballstáit, aon uair is ábhartha, meastachán cainníochtúil a sholáthar i dtaobh thionchar comhshaoil na mbeart le haghaidh féinmheasúnuithe ar an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” amach anseo agus má sholáthraíonn siad an meastachán sin, é a chur san áireamh sa mheasúnú;
Spriocdháta cur chun feidhme: le haghaidh aon mheasúnú amach anseo.
- bearta maolaithe a áireamh i ngarspriocanna agus spriocanna, nuair a mheastar go bhfuil siad ábhartha don mheasúnú dearfach ar an mbeart i ndáil leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”, agus a sheiceáil an bhfuil na coinníollacha atá sna garspriocanna agus spriocanna sin á gcomhlíonadh le linn an chur chun feidhme.
Spriocdháta cur chun feidhme: le haghaidh aon mheasúnú amach anseo agus amhail ó 2022.
118 Bhí measúnú an Choimisiúin ar an meastachán de chostais iomlána na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta iomchuí. I ngach cás, bhí an rátáil “B” ina léiriú ar nádúr úrnua chuid de na bearta agus, dá thoradh sin, an easpa faisnéise a bhí ar fáil lena n-aghaidh. Thairis sin, níl trédhearcacht ag gabháil leis an modheolaíocht a úsáideadh chun a chinneadh cá mhéad a bheadh le híoc i dtráthchuid ar leith mar go bhfuil sé bunaithe ar théarmaí caibidlithe leis na Ballstáit. Tá éagsúlacht ó Bhallstát go chéile inár sampla i minicíocht agus déine na n-easnamh atá sainaitheanta ag an gCoimisiún, in ainneoin gur deonaíodh an rátáil chéanna (“B”) dóibh. Sa bhreis air sin, ag tráth na hiniúchóireachta, ní raibh modheolaíocht do ríomh fhionraí na n-íocaíochtaí ná do ríomh laghdú páirteach na n-íocaíochtaí sainithe go fóill ag an gCoimisiún (féach míreanna 66-76).
119 Rannchuidigh measúnú an Choimisiúin le feabhas a chur ar cháilíocht na ngarspriocanna agus na spriocanna. Mar sin féin, thaispeáin ár n-obair iniúchóireachta go bhfuil roinnt garspriocanna agus spriocanna ann nach bhfuil soiléir a ndóthain, nach bhfuil céimeanna lárnacha den chur chun feidhme á gclúdach acu nó a thugann le tuiscint nach mbeidh bearta áirithe tugtha i gcrích faoi dheireadh Lúnasa 2026. Thugamar faoi deara freisin go bhfuil easpa inchomparáideachta ann idir na Ballstáit, mar gheall ar chur chuige neamh-chomhchuibhithe ó thaobh garspriocanna agus spriocanna a shocrú. Sa bhreis air sin, mar a bhí molta ag an gCoimisiún, is iondúil gur bunaithe ar aschur atá na garspriocanna agus spriocanna, nó fiú gur bunaithe ar ionchur atá siad, seachas iad a bheith deartha chun tionchar a thomhas. Na heasnaimh sin a shainaithníomar ó thaobh garspriocanna agus spriocanna de (féach na fo-ranna roimhe seo), ní raibh siad ag tarlú chomh leitheadach céanna i ngach ceann de na pleananna téarnaimh agus athléimneachta inár sampla (míreanna 77-96).
Moladh 5 — Sásraí fíorúcháin soiléire do na garspriocanna agus spriocanna a áirithiú, chomh maith le sainiú leormhaith orthu
Ba cheart don Choimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- sásraí fíorúcháin soiléire a áireamh sa chomhshocrú oibríochtúil do gharspriocanna agus spriocanna ionas go bhféadfar measúnú soiléir a dhéanamh ar a gcomhlíonadh;
Spriocdháta cur chun feidhme: deireadh 2023.
- a áirithiú go ndéantar garspriocanna agus spriocanna a shainiú go leormhaith, go háirithe go bhfuil siad soiléir a ndóthain, go léiríonn siad na céimeanna lárnacha den chur chun feidhme agus go bhfuil siad sainithe go comhleanúnach ar fud na mBallstát, ach fós urraim a thabhairt do na sonraíochtaí a ghabhann le gach plean téarnaimh agus athléimneachta.
Spriocdháta cur chun feidhme: le haghaidh aon mheasúnú amach anseo.
120 Bhí measúnú an Choimisiúin ar na socruithe faireacháin agus rialaithe a bhí molta ag na Ballstáit cuimsitheach agus shainaithin sé roinnt laigí, a bhí ag baint go príomha le hacmhainneacht neamhdhóthanach chun na pleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme, agus chun faireachán a dhéanamh orthu, agus le struchtúir rialaithe nach raibh i bhfeidhm ach go pointe áirithe ag tráth an mheasúnaithe. Tugadh aghaidh ar na laigí sin trí gharspriocanna sonracha a bhí comhaontaithe leis na Ballstáit i dtrácht a chur san áireamh sa phlean agus a gcaithfear iad sin a chur chun feidhme sular féidir an chéad íocaíocht ón gCoimisiún a dhéanamh. Dá bhrí sin, bhí measúnú an Choimisiúin bunaithe go pointe áirithe ar ghealltanas seachas ar aon chóras a bhí i bhfeidhm go hiarbhír ag an am (míreanna 98-112).
121 Tugaimid ar aire, freisin, gur chinn cuid de na Ballstáit gan úsáid a bhaint as uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála rioscaí an Choimisiúin, rud d’fhéadfadh úsáideacht fhoriomlán na huirlise sin a laghdú agus freisin an riosca nach ndéanfaí calaois nó cistiú dúbailte a bhrath sa Bhallstát lena mbaineann a mhéadú (mír 110).
Moladh 6 — A mhéid atáthar ag comhlíonadh na ngarspriocanna sonracha don fhaireachán agus don rialú a fhíorú, agus na Ballstáit a spreagadh le húsáid a bhaint as uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála rioscaí an Choimisiúin
Ba cheart don Choimisiún na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- grinnscrúdú dlúth a dhéanamh ar chomhlíonadh sásúil agus ar chur chun feidhme tráthúil na ngarspriocanna sonracha a bhaineann le córais faireacháin agus rialaithe;
- a mholadh do na Ballstáit ar fad úsáid a bhaint as uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála rioscaí an Choimisiúin.
Spriocdháta cur chun feidhme: deireadh 2023.
Ghlac an Chúirt Iniúchóirí an Tuarascáil seo i Lucsamburg an 21 Iúil 2022.
Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí
Klaus-Heiner Lehne
An tUachtarán
Iarscríbhinní
Iarscríbhinn I — Critéir mheasúnaithe agus rátáil do na pleananna téarnaimh agus athléimneachta
| Catagóir | Critéir | Rátáil fhéideartha | Rátáil íosta atá de dhíth |
|---|---|---|---|
| Ábharthacht | Critéar 1 — Rannchuidiú le gach ceann de na sé cholún; | A — méid mhór B — méid mheasartha C — méid bheag |
B* |
| Critéar 2 — Aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na dúshláin atá sainaitheanta sa Seimeastar Eorpach, go háirithe CSRanna 2019 agus 2020; | A — go héifeachtach do gach CSR nó d’fho-thacar suntasach CSRanna B — go pointe áirithe do gach CSR nó d’fho-thacar suntasach CSRanna C — gan aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá sainaitheanta sna CSRanna |
A | |
| Critéar 3 — Rannchuidiú le hacmhainneacht fáis, cruthú fostaíochta agus athléimneacht a neartú; | A — tionchar ionchasach ard B — tionchar ionchasach meánach C — tionchar ionchasach íseal |
A | |
| Critéar 4 — Gur bearta a chomhlíonann an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”, agus iadsan amháin, atá ann; | A — ní dhéanann beart ar bith dochar suntasach C — déanann beart amháin nó níos mó dochar suntasach |
A | |
| Critéar 5 — Rannchuidiú leis an aistriú glas (37 % ar a laghad den chostas iomlán measta); | A — méid mhór B — méid mheasartha C — méid bheag |
A | |
| Critéar 6 — Rannchuidiú leis an gclaochlú digiteach (20 % ar a laghad den chostas iomlán measta); | A | ||
| Éifeachtacht | Critéar 7 — Go mbeidh tionchar buan ag an RRP trí bhíthin na mbeart atá ann; | B* | |
| Critéar 8 — Socruithe a bheith ann chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme bhearta an RRP, lena n-áirítear garspriocanna, spriocanna agus táscairí gaolmhara; | A — socruithe leormhaithe B — socruithe íosta C — socruithe neamhdhóthanacha |
B* | |
| Éifeachtúlacht | Critéar 9 — Réasúnú atá réasúnta agus inchreidte a thabhairt do na costais iomlána atá measta; | A — méid mhór B — méid mheánach C — méid bheag |
B* |
| Critéar 10 — Córais agus socruithe rialaithe a bheith ann a chinntíonn gur féidir éilliú, calaois, neamhrialtachtaí, coinbhleacht leasa agus cistiú dúbailte a chosc, a bhrath agus a cheartú; | A — socruithe leormhaithe C — socruithe neamhdhóthanacha |
A | |
| Comhleanúnachas | Critéar 11 — Gur gníomhaíochtaí comhleanúnacha atá sna bearta. | A — méid mhór B — méid mheánach C — méid bheag |
B* |
*Ceanglas breise: “A” a bheith mar thromlach le haghaidh seacht gcritéar i.e. 1, 4 agus 7-11.
Nóta: I gcás chritéir 4 agus 10, is rátáil “A” nó “C” amháin a d’fhéadfaí a dhéanamh.
Foinse: CIE, bunaithe ar Rialachán RRF.
Iarscríbhinn II — An staid ag a raibh cur isteach agus measúnú na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta amhail an 1 Meitheamh 2022
| Ballstát | RRP curtha isteach ag an mBallstát | RRP formheasta ag an gCoimisiún | Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle glactha ag an gComhairle | Réamh-mhaoiniú eisíoctha | Comhshocrú oibríochtúil sínithe | An chéad iarraidh ar íocaíocht curtha chuig an gCoimisiún | An chéad iarraidh ar íocaíocht eisíoctha ag an gCoimisiún |
|---|---|---|---|---|---|---|---|
| An Ostair | 1 Bealtaine 2021 | 21 Meitheamh 2021 | 7 Iúil 2021 | 28 M. Fómhair 2021 | |||
| An Bheilg | 1 Bealtaine 2021 | 23 Meitheamh 2021 | 6 Iúil 2021 | 3 Lúnasa 2021 | |||
| An Bhulgáir | 15 D. Fómhair 2021 | 7 Aibreán 2022 | 4 Bealtaine 2022 | ||||
| An Chróit | 15 Bealtaine 2021 | 8 Iúil 2021 | 20 Iúil 2021 | 28 M. Fómhair 2021 | 9 Feabhra 2022 | 15 Márta 2022 | |
| An Chipir | 17 Bealtaine 2021 | 8 Iúil 2021 | 20 Iúil 2021 | 9 M. Fómhair 2021 | |||
| An tSeicia | 2 Meitheamh 2021 | 19 Iúil 2021 | 31 Lúnasa 2021 | 28 M. Fómhair 2021 | |||
| An Danmhairg | 30 Aibreán 2021 | 17 Meitheamh 2021 | 6 Iúil 2021 | 2 M. Fómhair 2021 | |||
| An Eastóin | 18 Meitheamh 2021 | 5 D. Fómhair 2021 | 29 D. Fómhair 2021 | 17 Nollaig 2021 | 22 Márta 2022 | ||
| An Fhionlainn | 27 Bealtaine 2021 | 4 D. Fómhair 2021 | 29 D. Fómhair 2021 | 21 Eanáir 2022 | |||
| An Fhrainc | 29 Aibreán 2021 | 23 Meitheamh 2021 | 6 Iúil 2021 | 19 Lúnasa 2021 | 25 Samhain 2021 | 26 Samhain 2021 | 4 Márta 2022 |
| An Ghearmáin | 28 Aibreán 2021 | 22 Meitheamh 2021 | 6 Iúil 2021 | 26 Lúnasa 2021 | |||
| An Ghréig | 28 Aibreán 2021 | 17 Meitheamh 2021 | 6 Iúil 2021 | 9 Lúnasa 2021 | 21 Nollaig 2021 | 29 Nollaig 2021 | 8 Aibreán 2022 |
| An Ungáir | 12 Bealtaine 2021 | ||||||
| Éire | 28 Bealtaine 2021 | 16 Iúil 2021 | 31 Lúnasa 2021 | ||||
| An Iodáil | 1 Bealtaine 2021 | 22 Meitheamh 2021 | 6 Iúil 2021 | 13 Lúnasa 2021 | 22 Nollaig 2021 | 30 Nollaig 2021 | 13 Aibreán 2022 |
| An Laitvia | 30 Aibreán 2021 | 22 Meitheamh 2021 | 6 Iúil 2021 | 10 M. Fómhair 2021 | 16 Feabhra 2022 | ||
| An Liotuáin | 15 Bealtaine 2021 | 2 Iúil 2021 | 20 Iúil 2021 | 17 Lúnasa 2021 | 5 Bealtaine 2022 | ||
| Lucsamburg | 30 Aibreán 2021 | 18 Meitheamh 2021 | 6 Iúil 2021 | 3 Lúnasa 2021 | |||
| Málta | 13 Iúil 2021 | 16 M. Fómhair 2021 | 28 M. Fómhair 2021 | 17 Nollaig 2021 | |||
| An Ísiltír | |||||||
| An Pholainn | 3 Bealtaine 2021 | 1 Meitheamh 2022 | |||||
| An Phortaingéil | 22 Aibreán 2021 | 16 Meitheamh 2021 | 6 Iúil 2021 | 3 Lúnasa 2021 | 18 Eanáir 2022 | 25 Eanáir 2022 | 9 Bealtaine 2022 |
| An Rómáin | 31 Bealtaine 2021 | 27 M. Fómhair 2021 | 29 D. Fómhair 2021 | 2 Nollaig 2021 | 1 Meitheamh 2022 | ||
| An tSlóvaic | 29 Aibreán 2021 | 21 Meitheamh 2021 | 9 Iúil 2021 | 13 D. Fómhair 2021 | 16 Nollaig 2021 | 29 Aibreán 2022 | |
| An tSlóivéin | 1 Bealtaine 2021 | 1 Iúil 2021 | 20 Iúil 2021 | 17 M. Fómhair 2021 | 31 Márta 2022 | ||
| An Spáinn | 30 Aibreán 2021 | 16 Meitheamh 2021 | 6 Iúil 2021 | 17 Lúnasa 2021 | 9 Samhain 2021 | 12 Samhain 2021 | 27 Nollaig 2021 |
| An tSualainn | 28 Bealtaine 2021 | 29 Márta 2022 | 4 Bealtaine 2022 |
Foinse: CIE, bunaithe ar Scórchlár Téarnaimh agus Athléimneachta an Choimisiúin (https://ec.europa.eu/economy_finance/recovery-and-resilience-scoreboard/index.html) agus an suíomh gréasáin oifigiúil don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (https://ec.europa.eu/info/business-economy-euro/recovery-coronavirus/recovery-and-resilience-facility_en#national-recovery-and-resilience-plans).
Iarscríbhinn III — Forléargas ar na príomhghnéithe de na pleananna téarnaimh agus athléimneachta do na sé Bhallstát inár sampla iniúchóireachta
| Ballstát | Leithdháileadh RRF (deontais agus iasachtaí, € billiún) | Líon na gcomhchodanna | Líon iomlán na mbeart (athchóirithe — infheistíochtaí) | Líon iomlán na dtáscairí (garspriocanna — spriocanna) | Próifíl eisíocaíochta |
|---|---|---|---|---|---|
| An Chróit | 6.3 | 5 + 1 tionscnamh | 222 (76-146) |
372 (166-206) |
Garspriocanna tús-ualaithe agus spriocanna cúl-ualaithe. |
| An Fhrainc | 39.4 | 9 | 91 (21-70) |
175 (70-105) |
Garspriocanna agus spriocanna tús-ualaithe. |
| An Ghearmáin | 25.6 | 10 | 40 (15-25) |
129 (55-74) |
Garspriocanna tús-ualaithe agus spriocanna cúl-ualaithe. |
| An Ghréig | 30.5 | 18 | 175 (67-108) |
331 (266-65) |
Garspriocanna agus spriocanna tús-ualaithe. |
| An Iodáil | 191.5 | 16 | 190 (58-132) |
527 (213-314) |
Garspriocanna tús-ualaithe agus spriocanna cúl-ualaithe. |
| An Spáinn | 69.5 | 30 | 212 (102-110) |
416 (221-195) |
Garspriocanna tús-ualaithe agus spriocanna cúl-ualaithe. |
Nóta: Tugann an téarma “tús-ualaithe” le tuiscint go bhfuil sé beartaithe formhór na ngarspriocanna nó na spriocanna a thabhairt chun críche sna chéad trí bliana de chur chun feidhme RRF, cé go gciallaíonn an téarma “cúl-ualaithe” go dtarlóidh a gcur chun feidhme sna trí bliana deiridh de thréimhse cur chun feidhme RRF.
Foinse: CIE, bunaithe ar na hiarscríbhinní a ghabhann le Cinntí Cur Chun Feidhme ón gComhairle.
Iarscríbhinn IV — Na bearta a roghnaíomar sna sé Bhallstát inár sampla
| Réimse beartais | An Ghearmáin | An Ghréig | An Spáinn | An Fhrainc | An Chróit | An Iodáil |
|---|---|---|---|---|---|---|
| Infheistíochtaí | ||||||
| Iompar | C1.2.I3: Tacaíocht chun flít feithiclí príobháideacha a athsholáthar (1.2.3) | C.4.6.I2 (ID 16628): Mótarbhealach Lár na Gréige E-65: Stráice Trikala-Egnatia | C.1.I1: Limistéir íseal-astaíochta agus mórathrú ar an iompar uirbeach agus cathrach | C.3.I1: Tacaíocht don earnáil iarnróid | C1.4. R5-I2: Taighde, forbairt agus táirgeacht d’fheithiclí soghluaisteachta nua agus an bonneagar tacaíochta | M2C2.I4: Iompar áitiúil inbhuanaithe, raonta rothair agus athnuachan ar an rothstoc | Glas | C1.3.I3: Athchóiriú foirgnimh: cistiú cónaidhme d’fhoirgnimh atá tíosach ar fhuinneamh (1.3.3) | C1.2.I1 (ID: 16872): Caomhnú fuinnimh i bhfoirgnimh chónaithe | C2.I1: Clár athshlánaithe don téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta i dtimpeallachtaí cónaithe | C1.I3: Athchóiriú teirmeach i bhfoirgnimh phoiblí | C6.1. R1-I1: Athchóiriú fuinnimh i bhfoirgnimh | M2C3.I3: Ecobonus agus Sismabonus a neartú go dtí 110 % le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh agus sábháilteacht foirgneamh |
| Digiteach | C2.2.I1: Clár infheistíochta don tionscal monaróireachta/soláthair feithiclí (2.2.1) | C2.2.I1 (ID 16778): Cartlanna a dhigitiú agus seirbhísí gaolmhara | C13.I3: Digiteáil agus Nuálaíocht | C9.I1: Breith suas ar chaighdeáin theicniúla don tsláinte dhigiteach | C1.2. R1-I1: Athbheochan, tógáil agus digiteáil don chóras fuinnimh agus don bhonneagar tacaíochta chun an earnáil fuinnimh a dhícharbónú | M1C2.I1: Aistriú 4.0 |
| Sláinte | C5.1.I1: Clár chun go mbeadh ospidéil slán i bhfad na haimsire (5.1.2) | C.3.3.I1 (ID 16795): Bonneagar sláinte | C18.I1: Plean infheistíochta le haghaidh trealamh ardteicneolaíochta sa Chóras Sláinte Náisiúnta | C9.I2: Nuachóiriú agus athstruchtúrú d’ospidéil agus don soláthar cúraim sláinte | C5.1. R2-I1: Trealamh a sholáthar le haghaidh cosc, diagnóis agus cóireáil d’othair ailse | M6.C1.I1: Neaslíonraí, saoráidí agus teilileigheas le haghaidh cúnamh cúraim sláinte sa tír |
| Eile | C1.1.I1: Tionscadail hidrigine faoi chuimsiú IPCEInna (1.1.1) | C 1.4.I3 (ID 16846): Bonneagair don Fhuíolluisce Uirbeach agus Bonneagair Bainistithe Sloda ó Chóireáil Fuíolluisce | C9.I1: Hidrigin in-athnuaite, tionscadal tíre | C4.I2: Hidrigin dhícharbónaithe a fhorbairt | C1.3. R1-I1: Clár Forbartha don Fhuíolluisce Poiblí | M2C2.I3: Táirgeadh, dáileadh agus críochúsáidí hidrigine a chur chun cinn |
| Athchóirithe | ||||||
| Beartas fioscach / riarachán poiblí | C6.1.R2: Digiteáil don riarachán — An tAcht um Rochtain Ar Líne a chur chun feidhme (6.1.2) | C4.1.R1 (ID 16610): Luathú athchistithe CBL a chur chun cinn | C29.R1: Athbhreithniú ar an gcaiteachas poiblí agus próiseas meastóireachta lena aghaidh | C7.R5: Measúnú ar cháilíocht an chaiteachais phoiblí | C.2.7. R1: Feabhas a chur ar phleanáil agus tuairisciú fioscach | M1C1.R13 Athchóiriú ar an gcreat don athbhreithniú ar chaiteachas |
| An margadh saothair / oideachas | C3.1.R1: Ardán oideachais (3.1.2) | C3.2.R1 (ID: 16913): Straitéis Nua d’Fhorbairt Scileanna ar Feadh an tSaoil: Córas Uas-scilithe agus Ath-scilithe na Gréige a Nuachóiriú agus a Uasghrádú | C23.R6: Sásra buan le haghaidh solúbthacht inmheánach, cobhsaíocht phoist agus athsciliú oibrithe atá i mbun aistrithe | C8.R4: Athchóiriú ar an árachas dífhostaíochta | C4.1. R1: Bearta beartais nua agus spriocdhírithe san fhostaíocht ghníomhach a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun freastal ar riachtanais an aistrithe ghlais agus dhigitigh sa mhargadh saothair | M5C1.R1: Beartais an Mhargaidh Saothair Ghníomhaigh (ALMPanna) agus Gairmoiliúint |
Foinse: CIE.
Iarscríbhinn V — Na sé cholún agus comhchodanna de na pleananna téarnaimh agus athléimneachta a mheas an Coimisiún a bheith ag rannchuidiú go suntasach leo, do na sé Bhallstát sa sampla iniúchóireachta
| Ballstát | An t-aistriú glas | An claochlú digiteach | Fás cliste, inbhuanaithe & cuimsitheach | Comhtháthú sóisialta agus críochach | Sláinte, agus athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach | Beartais don chéad ghlúin eile |
|---|---|---|---|---|---|---|
| An Ghearmáin |
|
|
|
|
|
|
| An Ghréig |
|
|
|
|
|
|
| An Spáinn |
|
|
|
|
|
|
| An Fhrainc |
|
|
|
|
|
|
| An Chróit |
|
|
|
|
|
|
| An Iodáil |
|
|
|
|
|
|
Foinse: CIE, bunaithe ar Dhoiciméid Inmheánacha Oibre an Choimisiúin.
Iarscríbhinn VI — Forléargas ar easnaimh a shainaithin an Coimisiún i ndáil leis an meastachán ar chostais iomlána na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, do na sé Bhallstát inár sampla iniúchóireachta
| Ballstát | Cúiseanna le rátáil “B” don chostáil |
|---|---|
| An Ghearmáin |
|
| An Ghréig |
|
| An Spáinn |
|
| An Fhrainc |
|
| An Chróit |
|
| An Iodáil |
|
Foinse: CIE, bunaithe ar Dhoiciméid Inmheánacha Oibre an Choimisiúin.
Iarscríbhinn VII — Forléargas ar struchtúir faireacháin agus chur chun feidhme sna Ballstáit, do na sé Bhallstát inár sampla iniúchóireachta
| Ballstát | Comhlacht comhordaithe | Tuairisc ar na córais sna Doiciméid Inmheánacha Oibre |
|---|---|---|
| An Chróit | Lárchomhlacht comhordaithe faoin Aireacht Airgeadais |
Struchtúr il-leibhéil rialachais, faireacháin agus cur chun feidhme:
|
| An Fhrainc | An Ardrúnaíocht um Ghnóthaí Eorpacha |
|
| An Ghearmáin | Aireacht Airgeadais na Cónaidhme |
|
| An Ghréig | Gníomhaireacht Chomhordúcháin na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta |
|
| An Iodáil | Lárstruchtúr comhordúcháin ag an Aireacht um an nGeilleagar agus um Airgeadas |
Tá roinnt struchtúir chomhordúcháin le cruthú le haghaidh faireachán agus cur chun feidhme an RRP:
|
| An Spáinn | An Ard-Rúnaíocht um Chistí Eorpacha laistigh den Aireacht Airgeadais |
|
Foinse: CIE, bunaithe ar Dhoiciméid Inmheánacha Oibre an Choimisiúin.
Iarscríbhinn VIII — Forléargas ar gharspriocanna sonracha a bhaineann leis na córais cur chun feidhme, faireacháin agus rialaithe, do na sé Bhallstát inár sampla
| Ballstát | Garspriocanna sonracha |
|---|---|
| An Ghearmáin |
|
| An Ghréig |
|
| An Spáinn |
|
| An Fhrainc |
|
| An Chróit |
|
| An Iodáil |
|
Foinse: CIE, bunaithe ar Dhoiciméid Inmheánacha Oibre an Choimisiúin.
Iarscríbhinn IX — An ranníocaíocht airgeadais uasta ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomparáid leis an ráta comhghabhála agus leithdháiltí i gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa
Giorrúcháin
AS ECFIN: Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
CSR: Moladh tírshonrach
DNSH: An prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”
RECOVER: An Tascfhórsa Téarnaimh agus Athléimneachta san Ardrúnaíocht
RRF: An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
RRP: Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta
SWD: Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin
Gluais
An Seimeastar Eorpach: Timthriall bliantúil a chuireann creat ar fáil maidir le comhordú bheartais eacnamaíocha Bhallstáit an Aontais agus maidir le faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn.
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: Sásra tacaíochta airgeadais an Aontais chun tionchar eacnamaíoch agus sóisialta phaindéim COVID-19 a mhaolú, agus le haghaidh claochlú glas agus digiteach.
Córas mianadóireachta sonraí agus scórála rioscaí an Choimisiúin: Uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála rioscaí atá forbartha ag an gCoimisiún chun tacaíocht a thabhairt d’údaráis bhainistithe maidir le cistí ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus ón gComhbheartas Talmhaíochta a riar agus a bhainistiú.
Digiteáil: An t-aistriú i dtreo teicneolaíocht dhigiteach agus faisnéis dhigitithe a ionchorprú agus a úsáid chun próisis agus cúraimí a dhéanamh níos simplí, níos sciobtha, níos éifeachtúla agus/nó níos barainní.
Doiciméad Inmheánach Oibre: Doiciméad neamhcheangailteach de chuid an Choimisiúin a tháirgtear ar mhaithe le plé a dhéanamh, bíodh sé sin go hinmheánach laistigh den institiúid nó go seachtrach lasmuigh den institiúid.
Gan dochar suntasach a dhéanamh: An prionsabal a deir nár cheart go mbeadh aon mhórthionchar díobhálach comhshaoil ag bearta infheistíochta.
Moladh tírshonrach Treoraíocht bhliantúil a eisíonn an Coimisiún, mar chuid den Seimeastar Eorpach, chuig Ballstáit aonair maidir lena mbeartais mhaicreacnamaíocha, bhuiséadacha agus struchtúracha.
NextGenerationEU: Pacáiste cistithe chun cabhrú le Ballstáit an Aontais téarnamh ón tionchar eacnamaíoch agus sóisialta atá ag paindéim COVID-19.
Plean téarnaimh agus athléimneachta: Doiciméad ina leagtar amach na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe ag Ballstát faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
Freagraí ón gCoimisiún
An fhoireann iniúchóireachta
I dtuarascálacha speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, leagtar amach torthaí a hiniúchtaí ar bheartais agus ar chláir an Aontais, nó ar topaicí a bhaineann le bainistíocht ó réimsí buiséadacha ar leith. Roghnaíonn agus ceapann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa na tascanna iniúchóireachta sin a mbeidh an tionchar is mó acu trí mhachnamh a dhéanamh ar na rioscaí don fheidhmíocht nó do chomhlíonadh, an leibhéal ioncaim nó caiteachais lena mbaineann, forbairtí atá ar na bacáin agus leas polaitiúil agus poiblí.
Is é Seomra Iniúchóireachta IV — Rialáil margaí agus geilleagair iomaíoch, atá faoi cheannas Mihails Kozlovs (Comhalta den Chúirt), a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo. Rinneadh an iniúchóireacht faoi stiúir Ivana Maletić (Comhalta den Chúirt) agus fuarthas tacaíocht ó Sandra Diering (Ceann na hOifige Príobháidí), Tea Japunčić (Ataisé san Oifig Phríobháideach), Sabine Hiernaux-Fritsch (Príomhbhainisteoir), Giuseppe Diana (Ceann Cúraim) agus Daniela Hristova, Marion Schiefele agus Jacques Sciberras (Iniúchóirí). Thug Michael Pyper tacaíocht teanga.
Críochnótaí
1 Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/241 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
3 Iarscríbhinn V de Rialachán (AE) 2021/241.
4 Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) 2021/241.
5 Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2021/241.
6 Togra ón gCoimisiún maidir le Rialachán RRF a leasú a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU sna RRPanna, COM(2022) 231.
7 Treoraíocht theicniúil ón gCoimisiún maidir le “gan dochar suntasach a dhéanamh” a chur i bhfeidhm faoin Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, C(2021) 1054.
8 Tuairim Uimh. 06/2020 (de bhun Airteagal 287(4) agus 322(1)(a), CFAE) maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (COM(2020) 408, mír 38)
9 Rialachán (AE) 2020/852 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú.
10 Tuarascáil speisialta 09/2022: “An caiteachas aeráide i mbuiséad AE 2014-2020 — Níl sé chomh hard agus a thuairiscítear”.
11 An Coimisiún: Treoraíocht do Bhallstáit — Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta, SWD(2021) 12, CUID 1/2.
12 An suíomh gréasáin den teideal: An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta — Ó Phleananna go hÍocaíochtaí
13 An Coimisiún: Treoraíocht do Bhallstáit — Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta, SWD(2021) 12, CUID 1/2, leathanach 34.
14 Airteagal 19(3) (h) de Rialachán (AE) 2021/241.
15 De réir Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/241, roinn 2.8, d’fhéadfaí an chuid sin a rátáil le “A” (socruithe leormhaithe), “B” (socruithe íosta) nó “C” (socruithe neamhdhóthanacha).
16 Tuairim Uimh. 04/2020 i dtaca le Rialachán REACT-EU atá beartaithe agus le Rialachán na bhForálacha Coiteanna lena rialaítear cistí ESI, 14 Iúil 2020; agus Tuairim Uimh. 06/2020 (de bhun Airteagal 287(4) agus Airteagal 322(1)(a), CFAE) maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (COM(2020) 408).
17 Tuarascáil bhliantúil 2020, Caibidil 2.
18 Airteagal 19(3) (j) de Rialachán (AE) 2021/241.
19 An Coimisiún: Treoraíocht do Bhallstáit — Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta, SWD(2021) 12, CUID 1/2.
20 Tuarascáil speisialta 01/2019: “Comhrac na calaoise i gcaiteachas an Aontais Eorpaigh — Tá gá le gníomhaíocht”.
Déan teagmháil le
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG
Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Idirlíon: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors
Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).
Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2022
| ISBN 978-92-847-8701-2 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/83650 | QJ-AB-22-019-GA-N | |
| HTML | ISBN 978-92-847-8702-9 | ISSN 2529-3370 | doi:10.2865/016836 | QJ-AB-22-019-GA-Q |
CÓIPCHEART
© An tAontas Eorpach, 2022
Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déantar ábhar na Cúirte Iniúchóirí atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Creative Commons — Sannadh 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Ní fhéadfaidh aon duine a bhaineann athúsáid as ábhar na Cúirte Iniúchóirí an bhunbhrí ná an teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh an Chúirt Iniúchóirí faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.
Caithfear cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann na Cúirte Iniúchóirí, nó má tá oibreacha tríú páirtí san áireamh.
I gcás ina bhfaightear an cead sin, déanfaidh sé an cead ginearálta thuasluaite a chur ar ceal agus tiocfaidh sé ina ionad, agus cuirfear in iúl go soiléir sa chead nua má tá aon srianta ag gabháil leis an úsáid.
D’fhéadfadh sé gur gá cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt chun ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh.
Grianghraif, Fíor 1: © Depositphotos.
Maidir le bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide na Cúirte Iniúchóirí.
Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí le fáil ar shuíomhanna gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt Iniúchóirí orthu sin, moltar duit a mbeartais phríobháideachais agus chóipchirt a léamh go cúramach.
Úsáid Lógó CIE
Ní fhéadtar lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.
TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE hINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).
Ar an bhfón nó i scríbhinn
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:
- ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
- ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
- tríd an bhfoirm seo a leanas: european-union.europa.eu/contact-eu/write-us_ga.
EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH
Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa (european-union.europa.eu).
Foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh
Is féidir leat breathnú ar fhoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh nó is féidir leat iad a ordú ag op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna d’fhoilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad doiciméadúcháin áitiúil chun é sin a dhéanamh (european-union.europa.eu/contact-eu/meet-us_ga).
Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar fhaisnéis dhlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex (eur-lex.europa.eu).
Sonraí oscailte an Aontais Eorpaigh
Ar an tairseach data.europa.eu, cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála. Cuirtear rochtain ar fáil freisin ar neart tacair sonraí ó thíortha na hEorpa.
