Tuarascáil speisialta
13 2022

Saorghluaiseacht san Aontas Eorpach le linn phaindéim COVID-19: Grinnscrúdú teoranta ar rialuithe teorann inmheánaí, agus gníomhaíochtaí neamhchomhordaithe ó Bhallstáit

Maidir leis an tuarascáil:Is saoirse bhunúsach de chuid an Aontais Eorpaigh é an ceart atá ag saoránaigh AE gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de chríoch Bhallstáit an Aontais. Scrúdaíomar maoirseacht an Choimisiúin ar rialuithe teorann inmheánaí Schengen agus na srianta taistil a fhorchuir na Ballstáit i rith phaindéim COVID-19, chomh maith leis na hiarrachtaí a rinneadh ar leibhéal an Aontais chun na srianta sin a chomhordú go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2021. Is é ár gconclúid gur chuir teorainneacha an chreata dhlíthiúil bac ar mhaoirseacht an Choimisiúin ar shrianta ar an saorghluaiseacht a bhí forchurtha ag na Ballstáit. Thairis sin, ní dhearna an Coimisiún grinnscrúdú cuí chun a áirithiú go raibh na rialuithe teorann inmheánaí ag comhlíonadh reachtaíocht Schengen. In ainneoin thionscnaimh an Choimisiúin, bhí srianta taistil na mBallstát neamhchomhordaithe den chuid is mó.

Tuarascáil Speisialta CIE de bhun Airteagal 287(4), an dara fomhír, CFAE.

Tá an foilseachán seo ar fáil i 24 theanga agus sa leagan seo a leanas:
PDF
PDF Tuarascáil speisialta: Saorghluaiseacht daoine le linn phaindéim COVID-19

Achoimre feidhmiúcháin

I Is ceann de cheithre shaoirse bhunúsacha an Aontais Eorpaigh é an ceart atá ag saoránaigh AE gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de chríoch Bhallstáit an Aontais. Ina theannta sin, bhíothas in ann limistéar taistil gan teorainneacha a chur ar bun trí dheireadh a chur le rialuithe teorann inmheánaí i limistéar Schengen, rud a éascaíonn gluaiseacht daoine tuilleadh.

II Ó 2020, tá rialuithe teorann inmheánaí tugtha isteach ag na Ballstáit go príomha chun na srianta chun saorghluaiseachta a chur chun feidhme, ar srianta iad a forchuireadh mar gheall ar phaindéim COVID-19. Tá sé leagtha síos i reachtaíocht Schengen gur cheart go mbeadh rialuithe teorann inmheánaí comhréireach agus gur cheart go mbeadh siad mar bheart den rogha dheireanach. Is é an Coimisiún atá freagrach i gcónaí as faireachán a dhéanamh féachaint an gcomhlíonann siad reachtaíocht an Aontais.

III Ba é cuspóir an iniúchta seo ná a fháil amach an raibh bearta éifeachtacha déanta ag an gCoimisiún chun an ceart chun saorghluaiseachta atá ag daoine a chosaint le linn phaindéim COVID-19. Áiríodh rialuithe teorann inmheánaí Schengen leis sin, chomh maith le srianta taistil gaolmhara agus iarrachtaí comhordaithe ag leibhéal an Aontais. Chlúdaíomar an tréimhse go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2021, agus táimid ag súil go gcuirfidh an t-iniúchadh seo leis an díospóireacht leanúnach maidir leis an athbhreithniú ar chóras Schengen, lena n-áirítear an t-athbhreithniú ar Chód Teorainneacha Schengen.

IV Is é ár gconclúid, cé go ndearna an Coimisiún faireachán ar na srianta saorghluaiseachta a bhí forchurtha ag na Ballstáit, gur chuir a theorannaithe a bhí an creat dlíthiúil bac ar a ról maoirseachta. Thairis sin, ní dhearna an Coimisiún grinnscrúdú cuí chun a áirithiú go raibh rialuithe teorann inmheánaí ag comhlíonadh reachtaíocht Schengen. Fuaireamar amach nach raibh dóthain fianaise sna fógraí a thug na Ballstát maidir le rialuithe teorann inmheánaí gur beart den rogha dheireanach a bhí sna rialuithe sin, go raibh siad comhréireach agus go raibh siad ar feadh tréimhse theoranta. Níor thug na Ballstáit fógra i gcónaí don Choimisiún faoi rialuithe teorann nua, ná níor thíolaic siad na tuarascálacha éigeantacha ex post ina ndéantar measúnú ar éifeachtacht agus comhréireacht a rialuithe teorann inmheánaí, i measc gnéithe eile. Nuair a tíolacadh iad, níor soláthraíodh faisnéis leordhóthanach sna tuarascálacha maidir leis na gnéithe tábhachtacha sin.

V Chuir an easpa faisnéise riachtanaí ó na Ballstáit isteach ar chumas an Choimisiúin chun anailís stóinseach a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíon na bearta rialaithe teorann reachtaíocht Schengen. Níor iarr an Coimisiún faisnéis bhreise ó na Ballstáit, áfach, ná níor eisigh sé aon tuairim maidir leis na rialuithe teorann ó cuireadh tús le paindéim COVID-19.

VI Cuireadh rialuithe teorann inmheánaí chun feidhme go minic chun srianta taistil éagsúla a bhain le COVID-19 a fhorfheidhmiú. Cé go bhfuil an Coimisiún freagrach as faireachán a dhéanamh féachaint an gcomhlíonann na srianta sin prionsabal na saorghluaiseachta, chuir a theorannaithe a bhí an creat dlíthiúil bac ar obair an Choimisiúin sa réimse sin. Murab ionann an cás agus rialuithe teorann inmheánaí, ní raibh sé de cheangal ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi shrianta taistil. Ina theannta sin, níl an nós imeachta maidir le sárú, arb é sin an t-aon uirlis amháin atá ag an gCoimisiún chun an ceart chun saorghluaiseachta a fhorfheidhmiú, feiliúnach do chásanna amhail paindéim COVID-19.

VII D’eisigh an Coimisiún agus an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) treoraíocht thráthúil chun comhordú rialuithe teorann inmheánaí agus srianta taistil a éascú. Bhí easpa sonraí praiticiúla sa treoraíocht maidir le rialuithe teorann inmheánaí, áfach, maidir le cén chaoi ar cheart do Bhallstáit a léiriú go raibh prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe á gcomhlíonadh mar shampla, agus ní raibh aon dea-chleachtas ann a bhaineann le bainistiú teorainneacha inmheánacha le linn phaindéim COVID-19. Ní dhéanann ECDC measúnú cuimsitheach ar úsáideacht agus tionchar a threoraíochta, ós rud é nach bhfuil oibleagáid dhlíthiúil air an méid sin a dhéanamh.

VIII Sheol an Coimisiún tionscnaimh thábhachtacha chun comhordú a dhéanamh ar bhearta a dhéanann difear don tsaoirse gluaiseachta. Sheol sé tairseach ‘Re-open EU’ freisin, chun faisnéis riachtanach maidir le srianta taistil a chomhdhlúthú do na saoránaigh. Bliain amháin i ndiaidh thús na paindéime, áfach, léiríonn cleachtais na mBallstát go raibh an fhreagairt fós neamh-chomhordaithe den chuid is mó agus nach raibh an fhreagairt sin i gcónaí i gcomhréir le treoraíocht an Choimisiúin agus moltaí ón gComhairle.

IX Bunaithe ar na conclúidí sin, molaimid gur cheart don Choimisiún:

  •  grinnscrúdú dlúth a dhéanamh ar na rialuithe teorann inmheánaí;
  •  bailiú sonraí faoi shrianta taistil a chuíchóiriú;
  •  treoraíocht níos inghníomhaithe a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme na rialuithe teorann inmheánaí.

X Ina theannta sin, ba cheart do ECDC feabhas a chur ar an bhfaireachán a dhéantar ar a mhéid a chuirtear a threoraíocht chun feidhme.

Réamhrá

Saoirse gluaiseachta do dhaoine: éacht mór de chuid an Aontais Eorpaigh

01 Is éard is saorghluaiseacht daoine ann ná an ceart atá ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh (AE) agus náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu go dleathach san Aontas, gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh de chríoch Bhallstáit an Aontais. Is ceann de cheithre shaoirse bhunúsacha an Aontais atá ann (in éineacht le saorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus caipitil), agus tá sé i gcroílár an tionscadail Eorpaigh ó tháinig sé ar an bhfód. Sonraíonn an Conradh ar an Aontas Eorpach1 (CAE) an méid seo a leanas: “Cuirfidh an tAontas ar fáil dá shaoránaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais, gan teorainneacha inmheánacha, ina n-áiritheofar saorghluaiseacht daoine (...)”. Cumhdaítear an tsaoirse gluaiseachta arís sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh2 (CFAE) agus sa Treoir maidir le Saorghluaiseacht3 (FMD).

02 Is mór ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh an tsaoirse gluaiseachta mar éacht suntasach faoi leith de lánpháirtiú an Aontais. Is í an ghné is minice a luaitear agus a bhaineann leis an Aontas ná “an tsaoirse taistil, staidéir agus oibre in aon áit ann”, agus rangaíodh ar dtús í i ngach ceann de na 27 mBallstát, roimh an euro agus an tsíocháin4.

03 Ní dearbhcheart é ceart shaoránaigh an Aontais chun saorghluaiseachta, amhail cearta bunúsacha eile. Le reachtaíocht an Aontais, ceadaítear srian a chur le saoirse gluaiseachta shaoránaigh an Aontais mar gheall ar an mbeartas poiblí, slándáil phoiblí nó cúrsaí sláinte poiblí5. Ní mór na teorainneacha sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, go háirithe an chomhréireacht agus an neamh-idirdhealú.

04 Ní hionann saorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas agus deireadh a chur le rialuithe teorann inmheánaí i limistéar Schengen, rud a cheadaigh limistéar taistil gan teorainneacha a bheith ann. Ciallaíonn sé sin gur féidir le saoránaigh gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de Limistéar Schengen gan a bheith faoi réir rialuithe teorann inmheánaí. Tairbhíonn saoránaigh an Aontais de shaorghluaiseacht ar fud an Aontais, lena n-áirítear Ballstáit AE nár chuir deireadh le rialuithe teorann inmheánaí (go fóill). Cé nach gcuireann rialuithe teorann inmheánaí teorainn le saoirse gluaiseachta per se, éascaíonn a n-éagmais gluaiseacht daoine i gcleachtas.

Limistéar Schengen

05 Rialaítear taisteal saor ó theorainneacha le Comhaontú Schengen, lena Choinbhinsiún Cur Chun Feidhme6 agus le Cód Teorainneacha Schengen (CTS)7, agus is í an aidhm deireadh a chur le rialuithe fisiciúla teorann atá idir tíortha Schengen (dá ngairtear “teorainneacha inmheánacha” as seo amach). Tá 22 Bhallstát de chuid an Aontais rannpháirteach in Schengen faoi láthair, chomh maith leis an Íoslainn, an Iorua, Lichtinstéin agus an Eilvéis, agus tá roinnt Ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh nach bhfuil rannpháirteach ann: roghnaigh Éire gan bheith rannpháirteach, agus is tíortha ar iarrthóirí Schengen iad an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir agus an Rómáin.

06 Cé gurb é príomhchuspóir reachtaíocht Schengen ná deireadh a chur le teorainneacha inmheánacha, ceadaítear léi rialuithe teorann inmheánaí a athbhunú go sealadach sna mórchásanna seo a leanas, agus i gcomhréir iomlán le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais (go háirithe an chomhréireacht agus an neamh-idirdhealú):

  • bagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach i mBallstát8;
  • bagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an slándáil inmheánach i mBallstát mar gheall ar imeachtaí gan choinne a éilíonn beart láithreach9.

07 Déantar cur síos ar an bpróiseas chun rialuithe teorann inmheánaí a athbhunú i limistéar Schengen i bhFíor 1. Leagtar béim inti ar ról agus sainordú an Choimisiúin, chomh maith le hoibleagáidí na mBallstát.

Fíor 1 – Sreabh oibre caighdeánach don nós imeachta maidir le rialú teorann inmheánaí a athbhunú

Foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE).

08 Ina theannta sin, is féidir leis an gCoimisiún moladh a mholadh10 (atá le glacadh ag an gComhairle) chun rialuithe teorann inmheánaí a athbhunú mar bheart den rogha dheireanach. Is féidir tabhairt faoin méid sin i gcúinsí eisceachtúla lena gcuirtear feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialuithe teorann inmheánaí i mbaol mar thoradh ar easnaimh thromchúiseacha leanúnacha a bhaineann le rialú teorann seachtraí. Is féidir rialuithe teorann a thabhairt isteach ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí, agus is féidir fad a chur leo ar feadh tréimhsí breise de sé mhí suas le dhá bhliain ar a mhéad. Cuireadh an sásra sin i bhfeidhm in 2016 nuair a mhol an Chomhairle rialuithe teorann inmheánaí a athbhunú sa Danmhairg, sa Ghearmáin, san Ostair agus sa tSualainn de bharr ghéarchéim na himirce agus bagairtí slándála11.

09 Rinneadh na chéad chinntí chun rialuithe teorann inmheánaí a athbhunú mar fhreagairt ar theagmhais ghearra a bhí inaitheanta go soiléir, go háirithe mórchruinnithe spóirt nó polaitiúla (e.g. Craobhchomórtas Sacair na hEorpa san Ostair in 2008 agus Cruinniú Mullaigh ECAT sa Fhrainc in 2009). Ó 2015 i leith, tá roinnt Ballstát tar éis rialuithe teorann inmheánaí a athbhunú mar fhreagairt ar bhagairtí a bhraitear leis an imirce (go príomha mar gheall ar laigí ag teorainneacha seachtracha Schengen agus gluaiseachtaí tánaisteacha imirceach neamhrialta ó na tíortha a shroicheadar ar dtús agus iad ar a mbealach go dtí a dtír chinn scríbe), nó mar gheall ar bhagairtí slándála (an sceimhlitheoireacht den chuid is mó). Ó mhí an Mhárta 2020 i leith, tugadh isteach formhór na rialuithe teorann inmheánaí mar fhreagairt ar COVID‑19. Tugtar forléargas i bhFíor 2.

Fíor 2 – Ballstáit AE a d'athbhunaigh rialuithe teorann inmheánaí Schengen idir 2006 agus 2021

N.B.: D’athbhunaigh roinnt Ballstát rialuithe teorann ar roinnt cúiseanna in aon bhliain ar leith.

Foinse: CIE, bunaithe ar fhógraí ó na Ballstáit atá foilsithe ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

Rialuithe teorann inmheánaí chun srianta taistil COVID-19 a fhorfheidhmiú

10 Tá bearta glactha ag na Ballstáit chun srian a chur le saoirse gluaiseachta laistigh den Aontas le linn phaindéim COVID-19, agus iarracht á déanamh acu leathadh an víris a theorannú. Ó mhí an Mhárta 2020 i leith, tá cuir chuige éagsúla ann i bhfreagairt na mBallstát don phaindéim – atá cuingrithe go minic – iad cuingrithe go minic - lena n-áirítear:

  • srianta taistil trasteorann, amhail coraintín nó toradh diúltach ar thástáil COVID‑19;a bheith mar riachtanas; agus
  • toirmeasc ar thaisteal nach neamhriachtanach.

11 Tríd is tríd, is féidir rialuithe teorann inmheánaí a úsáid chun comhlíonadh na srianta sin a sheiceáil, e.g. trí sheiceáil a dhéanamh ar an údar atá le taisteal riachtanach, ar theastas bailí COVID-19 a bheith i seilbh an duine, ar fhoirm aimsithe paisinéirí a chomhlánú, nó ar chlárú le haghaidh coraintín. Ní hamháin go gceadaítear leo seiceáil chórasach ar chomhlíonadh a dhéanamh i gcás dul isteach i gcríoch náisiúnta, ach ceadaítear leo freisin cead isteach a dhiúltú i gcás neamhchomhlíonta. Ní féidir rialuithe teorann inmheánaí i limistéar Schengen a athbhunú, áfach, ach amháin mar bheart den rogha dheiridh, agus is ar na Ballstáit atá an dualgas cruthúnais maidir lena gcomhréireacht a léiriú.

12 Tugtar forléargas i bhFíor 3 ar rialuithe teorann inmheánaí le linn na gcéad bhabhtaí den phaindéim, idir Márta 2020 agus Meitheamh 2021.

Fíor 3 – Forléargas ar rialuithe teorann inmheánaí idir Márta 2020 agus Meitheamh 2021

Foinse: CIE, bunaithe ar fhógraí ó na Ballstáit atá foilsithe ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

13 De réir an Choimisiúin, thug 14 Bhallstát AE isteach rialuithe teorann inmheánaí Schengen chun srianta taistil COVID-19 a fhorfheidhmiú. Mar a léirítear san amlíne i bhFíor 4, baineadh an bhuaicphointe amach in Aibreán 2020.

Fíor 4 – Líon na mBallstát AE a raibh rialuithe teorann inmheánaí Schengen acu a bhain le COVID-19 idir Márta 2020 agus Meitheamh 2021

Foinse: CIE, bunaithe ar fhógraí ó na Ballstáit atá foilsithe ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

Gníomhaíocht an Aontais le linn phaindéim COVID-19

14 Is inniúlacht náisiúnta é an tsláinte phoiblí a chosaint. Ciallaíonn sé sin gur faoi na rialtais náisiúnta atá sé aon chinneadh maidir le srianta taistil a chur chun feidhme agus iad a fhorfheidhmiú trí rialuithe teorann. Mar sin féin, tá an Coimisiún freagrach i gcónaí as faireachán a dhéanamh féachaint an bhfuil na srianta sin i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais a bhaineann le saoirse gluaiseachta.

15 Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún comhar a spreagadh idir na Ballstáit, agus leas ginearálta an Aontais fós á chur chun cinn aige. Ba cheart do na Ballstáit idirchaidreamh a dhéanamh leis an gCoimisiún, agus beartais agus cláir sláinte ar bhonn comhordaithe a ghlacadh12. Chuige sin, tá tionscnaimh éagsúla glactha ag an gCoimisiún, lena n-áirítear treoraíocht, teachtaireachtaí agus tograí le haghaidh moltaí ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh (an Chomhairle), agus é mar aidhm leis tacú le cleachtais éagsúla na mBallstát a chomhordú.

16 Tá uirlisí forbartha ag an gCoimisiún freisin chun saorghluaiseacht agus gluaiseacht shábháilte daoine a éascú, agus chun srianta taistil COVID-19 a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos intuartha do shaoránaigh. Mar shampla, is uirlis é ‘Re-open EU’13 atá á chur chun feidhme ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde chun faisnéis bhunriachtanach faoi theorainneacha a chomhdhlúthú, chomh maith le faisnéis faoi mhodhanna iompair, srianta taistil, agus bearta sláinte agus sábháilteachta poiblí laistigh den Aontas. Tá Deimhniú Digiteach COVID AE14 molta ag an gCoimisiún agus, in éineacht leis na Ballstáit, rinneadh forbairt air chun tacú le cur chuige níos comhordaithe i leith srianta taistil idir na Ballstáit. Is éard atá i gceist le Deimhniú Digiteach COVID AE ná creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha do vacsaíniú, tástáil agus téarnamh COVID-19 a eisiúint, a fhíorú agus a ghlacadh chun saorghluaiseacht a éascú le linn na paindéime. Tá ardáin idir-inoibritheachta curtha ar bun ag an gCoimisiún freisin chun rianú teagmhála ar fud an Aontais a éascú trí fhoirmeacha aimsithe paisinéirí agus trí fheidhmchláir fóin chliste.

17 Chomh maith leis an gCoimisiún, is gníomhaireacht neamhspleách de chuid an Aontais é an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) (i.e. níl sé faoi rialú díreach an Choimisiúin), arb é an misean atá aige ná cosaint na hEorpa ar ghalair thógálacha a neartú. Tá raon leathan gníomhaíochtaí i gceist leis, lena n-áirítear faireachas, faisnéis eipidéime agus comhairle eolaíoch.

Dúshláin do shásra Schengen agus a bhfuil i ndán dó

18 Cé nach raibh a leithéid de chás ann riamh cosúil le paindéim COVID-19 i limistéar Schengen, tá dúshlán roimh an limistéar taistil gan teorainneacha mar gheall ar rialuithe teorann inmheánaí a thabhairt isteach an athuair ó 2015. Tháinig an phaindéim anuas ar an teannas a bhí ann cheana de bharr ghéarchéim na himirce agus na mbagairtí sceimhlitheoireachta, agus tá baol ann leis sin go mbeidh “rialuithe teorann inmheánaí sealadacha go leathbhuan sa mheántéarma”15.

19 D’fhoilsigh an Coimisiún Straitéis Schengen i mí an Mheithimh 2021 chun aghaidh a thabhairt ar an staid sin16. I measc na bpríomhghníomhaíochtaí i limistéar Schengen gan rialuithe teorann inmheánaí, cuirtear an méid seo a leanas i láthair sa Straitéis: (i) idirphlé polaitiúil agus teicniúil leis na Ballstáit a bhfuil rialuithe fadtréimhseacha teorann inmheánaí tugtha isteach an athuair acu; (ii) togra le haghaidh Rialachán lena leasaítear CTS; agus (iii) códú na dtreoirlínte agus moltaí a forbraíodh maidir le COVID‑19. I mí na Nollag 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún a thogra le haghaidh CTS leasaithe17.

Scóip agus cur chuige na hiniúchóireachta

20 Ba é cuspóir an iniúchta seo ná a fhionnadh an raibh bearta éifeachtacha déanta ag an gCoimisiún chun an ceart chun saorghluaiseachta atá ag daoine a chosaint le linn phaindéim COVID-19. Chun an phríomhcheist iniúchóireachta seo a fhreagairt, chuireamar dhá fho-cheist:

  1. An ndearna an Coimisiún grinnscrúdú éifeachtach ar rialuithe teorann inmheánaí Schengen agus ar shrianta taistil i limistéar Schengen?
  2. Ar éascaigh an Coimisiún gníomhaíocht chomhordaithe atá déanta ag na Ballstáit chun tionchar rialuithe teorann inmheánaí Schengen agus srianta taistil i limistéar Schengen a mhaolú?

21 Le blianta beaga anuas, chlúdaigh ár dtuarascálacha iniúchóireachta an ghné sin de Straitéis Schengen a bhaineann le teorainneacha seachtracha: teophointí sa Ghréig agus san Iodáil18, bainistiú imirce (lena n-áirítear nósanna imeachta tearmainn agus athlonnaithe)19, córais TF20, oibríochtaí Frontex21, an beartas um fhilleadh agus athligean isteach22, agus tacaíocht Europol chun smuigleáil imirceach a chomhrac23.

22 Déanann an t-iniúchadh seo an ghné de Straitéis Schengen a bhaineann le teorainneacha inmheánacha a fhiosrú. Go háirithe, scrúdaíomar an grinnscrúdú a rinne an Coimisiún ar na rialuithe teorann inmheánaí agus na srianta taistil a thug na Ballstáit isteach, chomh maith leis na gníomhaíochtaí a rinne an Coimisiún ag tús na paindéime chun gníomhaíocht chomhordaithe a éascú. Táimid ag súil go gcuirfidh an t-iniúchadh seo leis an bplé atá ann faoi láthair maidir leis an athbhreithniú ar chóras Schengen, lena n-áirítear an t-athbhreithniú ar Chód Teorainneacha Schengen. Clúdaíonn an t-iniúchadh an tréimhse ó Mhárta 2020 go Meitheamh 2021 (féach Fíor 5).

Fíor 5 – Fócas na hiniúchóireachta

Foinse: CIE.

23 Rinneamar an t-iniúchadh trí athbhreithniú deisce, ceistneoirí scríofa agus agallaimh le geallsealbhóirí ábhartha, amhail an Coimisiún, ECDC agus an tAirmheán Comhpháirteach Taighde. Rinneamar athbhreithniú agus anailís dhoiciméadach ar na nithe seo a leanas:

  • reachtaíocht ábhartha an Aontais, lena n-áirítear FMD agus CTS, chun na príomhriachtanais rialála agus freagrachtaí na ngeallsealbhóirí éagsúla a shainaithint;
  • gach ceann de na 150 fógra a thug Ballstáit AE maidir le rialuithe teorann inmheánaí a athbhunú ar bhonn sealadach idir Márta 2020 agus Meitheamh 2021, agus gach tuarascáil ex post a bhí ar fáil ó na Ballstáit agus a bhain leis na fógraí sin;
  • sampla de 10 bhfógra ó na Ballstáit agus doiciméadacht inmheánach ábhartha an Choimisiúin maidir le rialuithe teorann inmheánaí a athbhunú idir 2015 agus 2019. Scrúdaíomar na fógraí sin chun an grinnscrúdú a rinne an Coimisiún ar fhógraí i dtaobh rialuithe teorann inmheánaí roimh phaindéim COVID-19 agus ina dhiaidh a chur i gcomparáid lena chéile;
  • doiciméid inmheánacha an Choimisiúin, lena n-áirítear athbhreithniú ar 33 thuarascáil ar chruinnithe den Ghrúpa um Fhaisnéis maidir le Coróinvíreas (féach mír 69), agus faireachán a dhéanamh ar athbhunú sealadach rialuithe teorann inmheánaí agus srianta taistil.

Ina theannta sin, bhí cruinnithe againn le hionadaithe ó shé cinn d’ionadaíochtaí náisiúnta chuig an Aontas, a roghnaíodh ar bhonn cothromaíochta geografaí (an Bheilg, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Liotuáin, an Phortaingéil agus an tSlóivéin).

24 Tá raon feidhme an iniúchta dírithe ar dhearcadh shaoránaigh AE agus iad ag taisteal laistigh den Aontas Eorpach. Ní áirítear cearta sonracha do náisiúnaigh tríú tír, lena n-áirítear cearta chun cosaint idirnáisiúnta a iarraidh agus tearmann a lorg san Aontas. Níor chlúdaigh an t-iniúchadh ach oiread tíortha Schengen nach bhfuil san Aontas (an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis).

Barúlacha

Bhí maoirseacht an Choimisiúin ar ghníomhaíochtaí teoranta agus chuir an creat dlíthiúil isteach uirthi

25 Sna míreanna thíos, scrúdaíomar an méid seo a leanas:

  1. cibé an ndearna an Coimisiún grinnscrúdú cuí ar rialuithe teorann inmheánaí a bheith athbhunaithe go sealadach ag na Ballstáit le linn phaindéim COVID-19. Áiríodh anseo, ní hamháin na rialuithe teorann a bhí ann mar thoradh ar an bpaindéim, ach freisin na rialuithe teorann a bhí ann roimhe sin mar thoradh ar an ngéarchéim imirce agus bagairtí slándála agus a bhí fós i bhfeidhm i rith na paindéime. Thairis sin, scrúdaíomar ar bhain an Coimisiún lánúsáid as na deiseanna a bhí ar fáil dó faoin gcreat dlíthiúil chun comhlíontacht na Ballstáit do reachtaíocht an Aontais a forfheidhmiú;
  2. cibé a ndearna an Coimisiún measúnú ar mhodh córasach agus tráthúil chun a fháil amach an raibh reachtaíocht infheidhme an Aontais á comhlíonadh ag na srianta taistil a bhí forchurtha ag na Ballstáit. Thairis sin, scrúdaíomar an ndearna an Coimisiún beart aon uair a shainaithin sé cásanna féideartha de neamh-chomhlíonadh i gcaitheamh na tréimhse a bhí clúdaithe ag an iniúchadh.

Ní dhearna an Coimisiún grinnscrúdú cuí ar athbhunú na rialuithe teorann inmheánaí

26 I bhforálacha dlí Schengen, leagtar síos cúiseanna diana, tréimhsí uasta agus ceanglais nós imeachta sular féidir rialuithe teorann inmheánacha a athbhunú. Is ar na Ballstáit a thiteann an dualgas cruthúnais chun a léiriú nach bhfuil aon rogha eile ann (ná rogha níos fearr) le hais rialuithe teorann, agus go bhfuil bonn cirt le rialuithe teorann a úsáid mar bheart den rogha dheiridh. Nuair a dhéantar rialuithe teorann inmheánaí a athbhunú, tá ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún. Caithfidh na fógraí sin a bheith tráthúil agus caithfidh an fhaisnéis go léir atá ag teastáil le haghaidh measúnuithe an Choimisiúin a bheith iontu.

27 Sa chás nach mbíonn dóthain faisnéise san fhógra a thugann Ballstát, ba cheart don Choimisiún tuileadh mionsonraí a lorg. Má tá ábhar imní ag an gCoimisiún i dtaobh comhlíonadh dhlí an Aontais, féadann sé tuairim a eisiúint chun an seasamh atá aige i leith an rialú teorann inmheánaí i dtrácht a chur in iúl go poiblí. Thairis sin, má tá ábhar imní ag an gCoimisiún maidir le comhréireacht an bhirt nó maidir leis an ngá atá leis an mbeart, “eiseoidh sé tuairim chuige sin” (féach míreanna 06-08 agus Fíor 1).

Rialuithe teorann a bhí tugtha isteach roimh an bpaindéim

28 Mhol an Chomhairle24 don Danmhairg, don Ghearmáin, don Ostair agus don tSualainn, a raibh tionchar mór imeartha ag an ngéarchéim imirce agus ag bagairtí slándála orthu, gur cheart dóibh rialuithe teorann sealadacha comhréireacha a choimeád ar feadh tréimhse uasta de shé mhí. Rinneadh an moladh sin trí huaire eile (i Samhain 2016, agus i bhFeabhra agus Bealtaine 201725) suas go dtí Samhain 2017.

29 Scrúdaíomar sampla de na fógraí maidir le rialuithe teorann inmheánaí a eisíodh idir 2015 agus 2019 chun comparáid a dhéanamh idir ghrinnscrúdú an Choimisiún roimh phaindéim COVID-19 agus ina dhiaidh (féach Iarscríbhinn I). Fuaireamar amach i gceithre cinn den deich bhfógra a scrúdaíodh (iad sin a eisíodh ó Shamhain 2017 i leith) nach raibh faisnéis leordhóthanach iontu a ligfeadh don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na mbeart rialaithe teorann faoi seach. Go háirithe, ní raibh bonn cirt luaite iontu á rá gurbh é seo go deimhin an rogha dheiridh agus nach raibh aon rogha mhalartach eile ann. Cé gur iarr an Coimisiún faisnéis bhreise ó na Ballstáit i ngach ceann de na ceithre chás sin, fós féin ní raibh na freagraí a fuair sé sách leordhóthanach le go bhféadfadh sé measúnú stóinseach a dhéanamh.

30 Ó 2020, lean inneachar na bhfógraí ó na Ballstáit a bhain le bagairtí imirce nó slándála de bheith neamh-leordhóthanach sa mhéid nach bhféadfadh an Coimisiún measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na rialuithe teorann (féach míreanna 37 agus 38). Mar gheall ar an méadú suntasach ar an líon fógraí a bhain le COVID-19, áfach, stop an Coimisiún de bheith ag lorg faisnéise breise.

31 De réir Chód Teorainneacha Schengen, is féidir rialuithe teorann inmheánaí a athbhunú ar feadh uastréimhse de dhá bhliain. Chuaigh cúig Bhallstát (an Danmhairg, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Ostair agus an tSualainn) thar an tréimhse sin tríd an bhforas dlíthiúil a athrú gach dhá bhliain, nó a mhaíomh gurbh ionann fógra nua agus rialú teorann nua (murab ionann agus fad a chur leis an rialú a bhí cheana ann). Ina ainneoin seo, níor eisigh an Coimisiún ach tuairim chomhpháirteach amháin a bhí fabhrach i leith chomhréireacht agus riachtanas na rialuithe teorann inmheánaí, agus b’in don Ostair agus an Ghearmáin i nDeireadh Fómhair 201526.

32 Tá sé de cheangal ar na Ballstáit uile tuairisciú chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún i dtaobh chur chun feidhme na rialuithe teorann laistigh de ceithre seachtaine ó chuirtear deireadh leis na rialuithe sin27. Na cúig Bhallstát sin le rialuithe teorann fadtéarmacha atá luaite i mír 31, áfach, níl tuarascáil ex post curtha isteach fós acu sé bliana tar éis na rialuithe sin a athbhunú. Ní dhearna an Coimisiún aon rud chun an fhaisnéis sin i dtaobh chur chun feidhme na rialuithe sin a fháil.

33 Dar leis an gCoimisiún, níl méid ná ré na rialuithe teorann inmheánaí fadtéarmaí comhréireach ná riachtanach28. Tá sainordú agus oibleagáid ag an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh dhlí an Aontais agus gníomhú i gcásanna a bhféadfadh sé nach bhfuil rialacha á gcomhlíonadh (féach mír 14). Is féidir leis nós imeachta maidir le sárú a thionscnamh, ach níl sé sin déanta fós aige in ainneoin gur ábhar imní dó nach bhfuil rialuithe teorann inmheánaí ag comhlíonadh dhlí an Aontais.

34 Ina ionad sin, roghnaigh an Coimisiún bearta boga, i.e. idirphlé leis na Ballstáit, agus comhordú, ach ní dealraitheach gur éirigh leis sin, mar go bhfuil na rialuithe teorann inmheánaí a athbhunaíodh níos mó ná sé bliana ó shin fós i bhfeidhm. Sa Straitéis Schengen ó Mheitheamh 2021, chuir an Coimisiún in iúl go raibh sé de rún aige úsáid a bhaint as na modhanna dlíthiúla a bhí ar fáil aige i gcásanna ina raibh Ballstáit ag cur fad go díréireach le rialuithe teorann inmheánaí.

Rialuithe teorann a bhaineann le paindéim COVID-19

35 Cé nach ndéantar trácht sonrach i gCód Teorainneacha Schengen do bhagairt ar an tsláinte phoiblí mar chúis le rialuithe teorann inmheánaí a athbhunú, ghlac an Coimisiún leis, i bhfianaise phaindéim COVID-19, go bhféadfadh bagairt sláinte poiblí a bheith ina bagairt ar an mbeartas poiblí agus dá réir sin is rud í a ligfeadh do Bhallstát na rialuithe sin a athbhunú. I gcás den sórt sin, áfach, caitheann an Ballstát ceanglas dian a chomhall trína bhforáiltear ní hamháin gur beart den rogha dheiridh atá sna rialuithe teorann inmheánaí ach, chomh maith leis sin, go gcaithfidh na rialuithe sin a bheith comhréireach agus teorannaithe ina ré.

36 Cé gur féidir rialuithe teorann a úsáid chun cúis bhunúsach an taistil a sheiceáil, chomh maith le tástáil agus clárú le haghaidh coraintín (ach ní don choraintín féin), tá seiceálacha eile ann (e.g. scagthástáil teochta) a d'fhéadfadh na póilíní29 nó oifigigh sláinte30 a úsáid in ionad rialuithe teorann chun scaipeadh an víris a theorannú.

37 Rinneamar athbhreithniú ar gach ceann de na 150 fógra maidir le rialuithe teorann inmheánaí a chuir na Ballstáit isteach chuig an gCoimisiún idir Márta 2020 agus Meitheamh 2021, agus bhain 135 acu go huile agus go hiomlán le COVID-19; bhain sé cinn acu le COVID-19 agus imirce nó slándáil; agus bhain na naoi gcinn eile le himirce agus/nó slándáil (féach mír 30). Léiríonn ár n-athbhreithniú gur tugadh dátaí, ré agus raon fheidhme na rialuithe teorann le tuiscint sna fógraí go léir. Níor thug siad dóthain fianaise (arna tacú le sonraí staidrimh chuimsitheacha agus anailís chomparáideach ar na roghanna éagsúla eile seachas rialuithe teorann a bhí ann), áfach, lena léiriú gur bheart den rogha dheiridh a bhí go deimhin sna rialuithe teorann. Thairis sin, is minic nár liostaíodh na háiteanna trasnaithe teorann údaraithe a mbeadh feidhm ag na rialuithe maidir leo. Chun tuilleadh mionsonraí a fháil, féach Fíor 6.

Fíor 6 – Athbhreithniú ar na fógraí ó Bhallstáit an Aontais

Foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE).

38 Taispeánann ár n-athbhreithniú go raibh na saincheisteanna céanna i gceist agus a bhí ann do na fógraí a bhaineann leis an ngéarchéim imirce agus bagairtí slándála a rinneadh roimh phaindéim COVID-19 (féach mír 29). Cé nach raibh an fhaisnéis a thug na Ballstáit leordhóthanach, níor iarr an Coimisiún aon fhaisnéis bhreise ná níor eisigh sé aon tuairim ar an ábhar seo ó thosaigh paindéim COVID-19 mar a cheanglaítear faoi Airteagal 27 den CTS. Is é ár gconclúid go ndearna an easpa faisnéise riachtanaí sin ó na Ballstáit difear do chumas an Choimisiúin anailís dhleathach stóinseach a dhéanamh ar na bearta rialuithe teorann aonair.

39 Sa bhreis air sin, níl aon chóras faireacháin stóinseach ag an gCoimisiún chun cásanna de rialuithe teorann a shainaithint, ar rialuithe iad nár thug na Ballstáit fógra ina dtaobh. I rith an iniúchta, dúirt an Coimisiún nárbh eol dó aon chás den sórt sin, ach taispeánann Bosca 1 anseo thíos dhá shampla a bhíomar in ann a shainaithint.

Bosca 1

Samplaí de rialuithe teorann a bhain le COVID-19 nár tugadh fógra don Choimisiún ina leith

I Samhradh 2020 agus in Earrach 2021, rinne an tSlóivéin rialuithe teorann a bhain le COVID-19 a athbhunú ag a cuid teorainneacha ar fad. Ba iad na póilíní teorann a rinne na rialuithe sin agus úsáideadh iad den chuid is mó chun a chinntiú go raibh daoine cláraithe don choraintín éigeantach nó chun toradh diúltach ar thástáil COVID-19 a fhíorú. Níor tugadh fógra don Choimisiún faoi na rialuithe sin.

In Earrach agus Samhradh 2021, rinne an tSlóvaic rialuithe teorann a athbhunú. Ar dtús, úsáideadh iad chun clárú don choraintín éigeantach a fhíorú agus ina dhiaidh sin chun deimhniú COVID-19 a sheiceáil. Cé gur thug an tSlóvaic fógra don Choimisiún faoi rialuithe teorann in 2020, ní dhearna siad é sin in 2021.

Sa dá chás sin, ós rud é nach raibh fógra foirmiúil tugtha, níor thuairisc na Ballstáit ar chur chun feidhme a rialuithe teorann agus níor léirigh siad go raibh na rialuithe sin comhréireach agus riachtanach.

40 Ní bhfuair an Coimisiún na tuarascálacha ex post go léir a bhí sé ceaptha a fháil laistigh de na ceithre seachtaine ó cuireadh deireadh leis na rialuithe teorann inmheánaí (féach freisin mír 32). I dTábla 1, liostaítear na Ballstáit nár chuir isteach tuarascálacha ex post maidir le rialuithe teorann inmheánaí a bhain le COVID-19. Níor sholáthair an Coimisiún fianaise gur iarr sé ar na Ballstáit sin na fógraí nó na tuarascálacha ex post a bhí in easnamh a sheoladh chuige.

Tábla 1 – Liosta de na Ballstáit nach raibh tuarascálacha ex post maidir le rialuithe teorann inmheánaí a bhain le COVID-19 curtha isteach acu faoi Mheán Fómhair 2021

Ballstát Staid
An Bheilg Tuarascálacha ex post curtha isteach le haghaidh rialuithe teorann in 2020, ach ní (go fóill) le haghaidh rialuithe teorann in 2021
An Phortaingéil
An Danmhairg Níl aon tuarascáil ex post curtha isteach le haghaidh rialuithe teorann COVID-19, bíodh sin do 2020 nó do 2021.
An Ghearmáin
An Fhrainc
An Ostair
An Pholainn Níor tugadh aon fhógra maidir le rialuithe teorann in 2021. Glacaimid leis mar sin nach tíolacfar aon tuarascáil ex post.
An tSlóvaic
An tSlóivéin Níor seoladh aon fhógra maidir le rialuithe teorann chuig an gCoimisiún, bíodh sin in 2020 nó in 2021, Glacaimid leis mar sin nach tíolacfar aon tuarascáil ex post.

Foinse:CIE, bunaithe ar athbhreithniú ar na tuarascálacha ex post a fuarthas ón gCoimisiún.

41 Maidir lenár n-athbhreithniú ar gach ceann de na 12 thuarascáil ex post a fuair an Coimisiún don tréimhse idir Márta 2020 agus Meitheamh 2021, taispeánann sé go bhfuil éagsúlacht mhór sna tuarascálacha ó ráitis ghinearálta i gcuid acu go dtí staitisticí mionsonraithe i gcuid eile acu, ach ní raibh a bhformhór ag comhlíonadh na gceanglas dlí maidir le measúnú ar chomhréireacht31. In 10 as na 12 thuarascáil, níor clúdaíodh an ghné sin go leordhóthanach, agus go han-achomair agus i dtéarmaí ginearálta (féach Bosca 2). Níor luadh ach i dtrí thuarascáil go bhféadfaí úsáid a bhaint as bearta malartacha, ach arís is go han-achomair a rinneadh amhlaidh.

Bosca 2

Sampla de bhonn cirt neamhdhóthanach den chomhréireacht i dtuarascálacha ex post

Tuarascáil 1 ag clúdach Márta – Meitheamh 2020 san Ungáir: “Bhí na bearta a tugadh isteach éifeachtach, comhréireach agus bunriachtanach chun scaipeadh na heipidéime a theorannú, i bhfianaise gur coinníodh an líon cásanna san Ungáir íseal.”

Tuarascáil 2 ag clúdach Márta-Meitheamh 2020 sa Phortaingéil: “I bhfianaise na staide epidéimeolaíche domhanda, ba é an príomhchuspóir agus na cuspóirí ginearálta a bhí leis an athbhunú sealadach ná an tsláinte phoiblí a choimirciú agus tógálacht víreas COVID-19 a shrianadh. Sa chomhthéacs sin, bhí athbhunú na rialuithe teorann inmheánaí teoranta ó thaobh oibríochta agus an raoin gheografaigh de go dtí na riachtanais a bhí ann chun cosaint na sláinte phoiblí agus na slándála inmheánaí a ráthú.”

Tuarascáil 3 ag clúdach Márta – Meitheamh 2020 sa Spáinn: “Mar a bhíothas ag dréim leis, i ngeall ar na cuspóirí sin a bhí á saothrú le hathbhunú na rialuithe, rinneadh difear mór do shaorghluaiseacht daoine. Má dhéantar na bearta a glacadh i gcríoch na Spáinne, sna Ballstáit eile agus sna Stáit atá comhlachaithe le Limistéar Schengen, agus freisin ag teorainneacha inmheánacha eile Limistéar Schengen, a chur san áireamh, áfach, is féidir a mheas go raibh an beart seo comhréireach.”

42 Níor tugadh tuairisc in aon cheann de na tuarascálacha ar na bearta a bhí curtha i bhfeidhm chun prionsabal an neamh-idirdhealaithe a chomhlíonadh, go háirithe a mhéid a bhain le cóir chomhionann do shaoránaigh an Aontais, gan beann ar a náisiúntacht. Cé nach n-éilítear go sainráite é i gCód Teorainneacha Schengen, tá an fhaisnéis sin ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na rialuithe teorann a bhí curtha i bhfeidhm chun srianta i bhfoirm toirmeasc taistil bunaithe ar náisiúntacht nó áit chónaithe a fhorfheidhmiú (féach Bosca 3).

Bosca 3

Sampla de rialú teorann a úsáideadh chun toirmeasc taistil a fhorfheidhmiú, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe

I bhFómhar 2020, d’úsáid an Ungáir a rialuithe teorann inmheánaí chun srianta taistil a fhorfheidhmiú trí rialacha éagsúla a chur i bhfeidhm do shaoránaigh na hUngáire le hais saoránaigh eile den Aontas, gan beann ar an staid den phaindéim a bhí i réim i mBallstáit eile an Aontais ag an am.

Ón 1 Meán Fómhair 2020, chinn an Ungáir gan ligean do náisiúnaigh eachtracha, lena n-áirítear saoránaigh den Aontas, taisteal go dtí an tír. Ní raibh ach eisceacht amháin ann, agus é sin do shaoránaigh ‘Ghrúpa Visegrad’ (i.e. as an tSeicia, as an bPolainn agus as an tSlóvaic) a bhí in ann fianaise thaispeáint de thoradh diúltach ar thástáil COVID-19.

An 1 Deireadh Fómhair 2020, tugadh isteach coraintín éigeantach do dhaoine a bhí ag teacht isteach sa tír, ach bhí saoránaigh Ungáracha agus daoine dá dteaghlaigh a bhí ag filleadh ar an Ungáir as an tSeicia, as an bPolainn agus as an tSlóvaic díolmhaithe ó choraintín má bhí siad in ann toradh diúltach ar thástáil a thaispeáint.

Chomh maith leis sin, bhí saoránaigh ón tSeicia, ón bPolainn agus ón tSlóvaic a raibh lóistín curtha in áirithe acu san Ungáir le linn mhí Dheireadh Fómhair díolmhaithe ó na rialacha coraintín má bhí siad in ann toradh diúltach ar thástáil PCR a thaispeáint ar theacht isteach chun na hUngáire dóibh.

43 Ar deireadh, a mhéid a bhaineann le tuairisciú bliantúil ar mhodh cuimsitheach ar chur chun feidhme Chód Teorainneacha Schengen ar an iomlán (lena n-áirítear cur chun feidhme rialuithe teorann inmheánaí agus tuairimí an Choimisiúin ar an mbonn cirt a bhí leo), níl tuarascáil bhliantúil ar fheidhmiú an limistéir gan teorainneacha inmheánacha eisithe ag an gCoimisiún ó 201532.

44 D’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún grinnscrúdú iomchuí a dhéanamh ar chur i bhfeidhm acquis Schengen, úsáid a bhaint as a shaincheart chun faisnéis bhreise a iarraidh ar na Ballstáit, agus feabhas a chur ar a thuairisciú chuig Parlaimint na hEorpa ar an gcaoi a bhfeidhmíonn sé a shainchearta faoi na Conarthaí33.

45 TaispeánannFíor 7 na laigí a fuaireamar i ngrinnscrúdú an Choimisiúin ar theorainneacha inmheánacha Schengen.

Fíor 7 – Laigí a fuarthas in athbhunú na rialuithe teorann inmheánaí

Foinse: Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE).

Déanann an Coimisiún maoirsiú ar shrianta taistil, ach tá na teorannuithe sa chreat dlíthiúil ag cur bac ar a chuid oibre

46 D’fhreagair na Ballstáit don phaindéim trí shrianta taistil a fhorchur ar an bhforas go raibh an tsláinte phoiblí le cosaint (féach mír 10). Fuaireamar, ar an iomlán, nach bhfuil creat dlíthiúil stóinseach ag an gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh féachaint an raibh srianta taistil na mBallstát ag comhlíonadh dhlí an Aontais. Is iad seo a leanas na príomhchúiseanna:

  • na cumhachtaí agus sainchearta substaintiúla atá ag na Ballstáit ó thaobh na sláinte poiblí faoi dhlí an Aontais, réimse nach dtagann faoi inniúlacht eisiach ná comhroinnte an Aontais34 agus go gcinneann na Ballstáit a gcuid beartais sláinte féin35;
  • ní chuireann FMD36 de cheangal ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún i dtaobh na mbeart a ghlacann siad faoin treoir sin ná tuairisciú ar na bearta sin. Tá an méid sin mar thoradh ar fheidhmiú FMD go ginearálta, lena bhfuil srianta ar an tsaorghluaiseacht i bhfeidhm ar bhonn measúnaithe aonair agus faoi réir rialú breithiúnach. De bhrí nach bhfuil aon oibleagáid ann, tá lánchead ag na Ballstáit a chinneadh cibé acu an dtuairisceoidh nó nach dtuairisceoidh siad na bearta atá glactha, lena n-áirítear srianta taistil, agus cén chaoi a dhéanfaidh siad an tuairisciú sin. Méadaíonn sé sin an baol nach mbeidh an fhaisnéis a fhaigheann an Coimisiún i dtaobh srianta taistil iomlán;
  • nádúr neamhcheangailteach na Moltaí ón gComhairle37, arb iad sin na príomhdhoiciméid bheartais le haghaidh cur chuige comhordaithe i leith srianta ar shaorghluaiseacht mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, agus dá réir sin a chuimsíonn na comhphrionsabail a bhíonn aontaithe ag na Ballstáit nuair a bhíonn srianta taistil á gcur chun feidhme acu;
  • an fíoras nach bhfacthas a leithéid de phaindéim COVID-19 riamh agus an chaoi gur athraigh sé go mear.

47 Sa bhreis air sin, is é an t-aon uirlis amháin atá ag an gCoimisiún chun a chinntiú go bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta á chomhlíonadh le srianta taistil ná an nós imeachta maidir le sárú, agus níl sé sin oiriúnach i gcomhthéacs paindéime. Sin mar gheall ar an bhfad a mhaireann imeachtaí dlíthiúla (a thógann roinnt blianta de ghnáth ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh), chomh maith le nádúr gearrthéarmach agus inathraitheach na mbeart a rinne na Ballstáit i gcaitheamh na paindéime. Cinneadh i rialuithe roimhe seo sa Chúirt38 go dtagann an nós imeachta maidir le sárú chun bheith doghlactha ón uair a imíonn an sárú i dtrácht. Ós rud é gur neamhdhóchúil go mbeidh na bearta sin a mheasann an Coimisiún a bheith neamhchomhlíontach faoi láthair fós i bhfeidhm i gceann roinnt blianta, ciallaíonn sé sin nach gcuirfear pionós ar Bhallstáit neamhchomhlíontacha.

48 Le linn don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar na srianta taistil a bhí forchurtha ag na Ballstáit, bhain sé úsáid as foinsí éagsúla faisnéise, amhail reachtaíocht náisiúnta a bhí postáilte ar shuíomhanna gréasáin rialtais, teagmháil dhíreach leis na Ballstáit, faisnéis a bhí ar fáil do na meáin, nó gearáin faoi fhadhbanna ar leith ó Bhallstáit eile, ó shaoránaigh nó ó eagraíochtaí.

49 Faoi réir theorannuithe an chreata dhlíthiúil, taispeánann an fhianaise a fuaireamar go ndearna an Coimisiún measúnú ar na srianta taistil ar mhodh córasach agus tráthúil nuair a fuair sé fógra ina dtaobh. Fuaireamar, áfach, gur mhinic nach raibh na sonraí a thuairisc na Ballstáit inchomparáideach agus go raibh bearnaí faisnéise iontu. D’fhág sé sin go raibh sé níos deacra ar an gCoimisiún léargas tráthúil agus beacht a fháil de na srianta taistil a bhí forchurtha ag na Ballstáit, agus dá réir sin bhí sé níos deacra air a dhualgais i leith faireachán comhlíontachta a chomhall (féach an sampla i mBosca 4).

Bosca 4

Samplaí d’fadhbanna le sonraí a bhí tuairiscithe ag na Ballstáit

Bhí faireachán an Choimisiúin i Meitheamh 2021 bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas ó na húdaráis náisiúnta. I measc na gceisteanna, bhí an ceann seo a leanas: “An bhfuil an sásra a bunaíodh le Moltaí ón gComhairle (léarscáil choiteann, tairseacha, etc.) á gcur i bhfeidhm cheana féin agaibh?” Níor fhreagair ocht mBallstát an cheist sin (an Bhulgáir, an Chróit, an Iodáil, an Ungáir, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn agus an tSlóvaic).

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-1939, a eisíodh i Meitheamh 2021, luaigh an Coimisiún freisin na deacrachtaí a bhí le sonraí iomlána agus inchomparáide a bhailiú ar leibhéal an Aontais.

50 Ní ag an gCoimisiún amháin a bhí deacrachtaí, bhí deacrachtaí freisin ag ECDC. Leis an Moladh ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe i leith shrianadh na saorghluaiseachta mar fhreagairt ar phaindéim COVID-1940, cuireadh de cheangal ar ECDC léarscáileanna de limistéir riosca a fhoilsiú ar bhonn seachtainiúil. Déanann na léarscáileanna41 sin sonraí faoi tharchur COVID-19 sna limistéir éagsúla a chraobhscaoileadh, agus tá sé mar aidhm leo tacú leis na Ballstáit ina gcinnteoireacht ar shaorghluaiseacht. Chuir an Moladh ón gComhairle de cheangal ar na Ballstáit sonraí ar an leibhéal réigiúnach a thuairisciú ar bhonn seachtainiúil. I ndiaidh sé mhí (i mBealtaine 2021), bhí 12 Bhallstát ann nach raibh an ceanglas sin comhlíonta fós acu.

In ainneoin iarrachtaí an Choimisiúin agus ECDC, níor comhordaíodh gníomhaíochtaí na mBallstát den chuid is mó

51 Ós rud é nach raibh aon chreat éigeandála sláinte i bhfeidhm ag an Aontas, bhí ar na Ballstáit freagairt go tapa ar staid sláinte a bhí ag síorathrú. Cé gur ar na Ballstáit amháin atá an fhreagracht i dtaobh srianta taistil COVID-19 a chur chun feidhme, is é sainordú an Choimisiúin ná idirchaidreamh a dhéanamh leis na Ballstáit chun cur chuige comhordaithe do na srianta sin a éascú chun an tionchar ar thaisteal trasteorann laistigh den Aontas a íoslaghdú (féach mír 15).

52 Sa roinn seo, scrúdaímid an méid seo a leanas:

  1. cibé ar eisigh an Coimisiún agus ECDC treoraíocht, tuairimí agus moltaí ábhartha ar bhonn tráthúil chun comhordú ghníomhaíochtaí na mBallstát a éascú, agus iad a chur in oiriúint chun forbairtí nua a chur san áireamh; agus
  2. cibé arbh é an toradh a bhí ar iarrachtaí an Choimisiúin agus ECDC go raibh cur i bhfeidhm níos comhsheasmhaí agus níos comhordaithe i leith na srianta taistil agus bainistiú teorann inmheánaí ag na Ballstáit ann.

D’eisigh an Coimisiún agus ECDC treoraíocht ábhartha ar bhonn tráthúil chun comhordú ar leibhéal an Aontais a éascú

An Coimisiún

53 Ó thús na paindéime, tá doiciméid treoraíochta fairsinge eisithe ag an gCoimisiún do na Ballstáit i bhfoirm teachtaireachtaí, treoirlínte agus tograí le haghaidh moltaí ón gComhairle. Cumhdaíodh leo sin gnéithe éagsúla den tsaoirse gluaiseachta agus bearta COVID-19 (féach Iarscríbhinn II).

54 Maidir le treoraíocht ón Aontas i dtaobh rialuithe teorann, ba iad an dá phríomhréimse a chlúdaigh an Coimisiún ná an toirmeasc ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas (teorainneacha seachtracha) agus treoirlínte maidir le bainistiú teorainneacha (teorainneacha inmheánacha), agus an teachtaireacht uaidh ina dhiaidh sin maidir le deireadh a chur de réir a chéile le rialuithe teorann. Tá treoraíocht maidir leis an gcosc ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas lasmuigh de raon feidhme an iniúchta seo (féach mír 22).

55 Foilsíodh na treoirlínte maidir le bainistiú teorainneacha an 16 Márta 202042 ag tús na paindéime, agus cumhdaíodh iontu príomhghnéithe an bhainistithe teorainneacha (i.e. bearta rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha agus seachtracha, bearta a bhaineann le sláinte agus iompar earraí). Sna treoirlínte sin, cuireadh bunphrionsabail dhlíthiúla i gcuimhne do na Ballstáit, lena n-áirítear comhréireacht agus neamh-idirdhealú agus bhí roinn ar leith dírithe ar rialuithe teorann inmheánaí ina n-aithnítear go bhféadfaí rialuithe den sórt sin a athbhunú “i gcás fíor-chriticiúil”43 mar fhreagairt ar COVID-19. Measaimid go raibh an treoraíocht sin tráthúil agus ábhartha.

56 Mar sin féin, shainaithníomar na laigí seo a leanas sa treoraíocht ón Choimisiúin:

  • níor tugadh comhairle mhionsonraithe i dtreoirlínte mhí an Mhárta 2020 maidir leis an gcaoi a bhféadfadh na Ballstáit a áirithiú (agus a léiriú) go raibh a gcuid rialuithe teorann ag comhlíonadh prionsabal ginearálta na comhréireachta i gcomhthéacs sonrach na paindéime;
  • ní raibh aon treoraíocht phraiticiúil ann, lena n-áirítear samplaí den dea-chleachtas i mbainistiú teorainneacha i gcaitheamh na paindéime. Mar shampla, ní dhearnadh an Lámhleabhar Praiticiúil do Ghardaí Teorann, rud atá ina bhunús mar threoir úsáideoirí do ghardaí teorann agus iad i mbun a ngníomhaíochtaí rialaithe teorann44, a uasdátú chun an phaindéim a chur san áireamh (seachas maidir leis an deimhniú d’oibrithe iompair idirnáisiúnta);
  • ní raibh téarmaí áirithe a úsáideadh sa treoraíocht sainithe go maith i gcomhthéacs paindéime. Luaitear sna Treoirlínte maidir le bainistiú teorainneacha ó mhí an Mhárta 2020, seiceálacha sláinte nach gá fógra a thabhairt don Choimisiún ina dtaobh, mar rogha mhalartach ar rialuithe teorann45. Mar sin féin, níor sainíodh go soiléir an difríocht idir rialuithe teorann agus seiceálacha sláinte ag na teorannacha i gcomhthéacs COVID-19. Tá baol ann, dá bhrí sin, go bhféadfadh Ballstáit seiceálacha sláinte a chur chun feidhme, ar rialuithe teorann de facto iad ach nach dtuairiscítear don Choimisiún iad; agus
  • baineadh úsáid as an téarma ‘dúnadh teorainneacha’ go minic sa treoir ón gCoimisiún agus ó ECDC agus sna moltaí ón gComhairle. Ní shainmhínítear an téarma go hiarbhír i Cód Teorainneacha Schengen agus d’fhéadfadh sé a bheith míthreorach don phobal i gcoitinne agus iad ag taisteal laistigh de Limistéar Schengen, mar nach bhfuil na teorainneacha laistigh den Aontas dúnta go hiomlán. Níor cuireadh srian ach ar dhul isteach (agus ar imeacht amach ó am go chéile), nó dúnadh pointí trasnaithe teorann áirithe go sealadach.

57 Chomh maith leis an treoraíocht maidir le bainistiú teorainneacha, d’eisigh an Coimisiún treoraíocht leitheadach maidir le gnéithe éagsúla a bhaineann leis an tsaoirse gluaiseachta (féach  Iarscríbhinn II). Áiríodh leis sin saincheisteanna sonracha a dhéanann difear d’oibrithe agus d’oibrithe séasúracha, ‘Lánaí Glasa’ (infhaighteacht earraí agus seirbhísí riachtanacha), seirbhísí iompair agus nascacht, oibríochtaí aerlastais, aisdúichiú agus socruithe taistil do mharaithe, do phaisinéirí agus do dhaoine eile ar bord loinge, turasóireacht, bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte, agus úsáid mearthástálacha antaiginí.

58 Bhí tábhacht ar leith ag baint leis na tograí ón gCoimisiún le haghaidh na Moltaí ón gComhairle maidir le cur chuige comhordaithe i ndáil le srianta ar shaorghluaiseacht mar fhreagairt ar phaindéim COVID-1946. Sna doiciméid sin, tháinig na Ballstáit ar chomhaontú maidir le critéir chomhchoiteanna chun measúnú a dhéanamh ar choinníollacha eipidéimeolaíocha réigiúnacha. Chomhaontaigh siad freisin úsáid a bhaint as léarscáil dhaite choiteann de na réigiúin agus de na tíortha laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch: ó uaine go buí agus dearg de réir a rátaí fógraí agus tástála COVID-19 agus de réir chéatadán na dtástálacha dearfacha. Sa dá nuashonrú a glacadh i mí Feabhra agus i mí an Mheithimh 2021, léiríodh an gá le dul in oiriúint don staid athraitheach47.

59 Chomh maith leis sin, ghníomhaigh an Coimisiún go tapa chun tacaíocht a thabhairt maidir le dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le saoirse gluaiseachta do chatagóirí sonracha daoine, go háirithe pearsanra iompair agus oibrithe séasúracha. Chomh luath le Márta 2020, d’eisigh sé treoirlínte praiticiúla a thacaíonn leis an bprionsabal gur cheart do theorainneacha inmheánacha uile an Aontais fanacht oscailte do lastas agus nach mór slabhraí soláthair le haghaidh táirgí riachtanacha a ráthú48. I mí Iúil 2020, d’eisigh an Coimisiún treoirlínte comhchosúla chun tacú le hoibrithe séasúracha49.

60 Éacht mór amháin a rinne an Coimisiún sa réimse sin ab ea coincheap na ‘Lánaí Glasa’ a bhunú i mí an Mhárta 202050, rud a d’áirithigh sreabhadh leanúnach earraí ar fud an Aontais agus saorghluaiseacht pearsanra iompair a raibh tionchar ag tabhairt isteach an athuair na rialuithe teorann inmheánaí orthu, go háirithe i laethanta luatha na paindéime. Chuir an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, Líonra na bPointí Teagmhála Náisiúnta don Iompar ar bun, agus cruthaíodh gur uirlis éifeachtach é chun gníomhaíocht thapa chomhordaithe a spreagadh idir aireachtaí iompair agus an Coimisiún (féach Bosca 5).

Bosca 5

Lánaí Glasa: sampla de dhea-chleachtas

Chun tacú le saorghluaiseacht oibrithe iompair agus le sreabhadh earraí ar fud an Aontais, d’oibrigh an Coimisiún le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis chun aip mhóibíleach “lána glas” a fhorbairt (féach na híomhánna thíos). Chomh maith le ligean do thiománaithe leoraithe agus d’údaráis amanna trasnaithe teorann a rianú ag teorainneacha inmheánacha an Aontais, rianaíonn an aip meán-amanna trasnaithe teorann gach lá ag cumhdach pointí trasnaithe teorann ar fud an ghréasáin inmheánaí TEN-T agus roinnt pointí trasnaithe teorann eile ag teorainn sheachtrach an Aontais. Trí sheiceáil a dhéanamh ar thrácht fíor-ama, féadfaidh tiománaithe cinntí eolasacha a dhéanamh faoi cathain agus cá háit a dtrasnóidh siad gach teorainn, agus tá na húdaráis in ann pleanáil a dhéanamh chun an tionchar a bhíonn ag brú tráchta nó ag cur isteach ar thrácht a íoslaghdú.

 

Foinse: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis.

61 An 15 Meitheamh 2020, sheol an Coimisiún ardán gréasáin chun tacú le hathoscailt shábháilte taistil agus turasóireachta ar fud na hEorpa (“Re-open EU”51). Tá an t-ardán bunaithe ar an bhfaisnéis dheonach a chuireann tíortha AE ar fáil faoi shrianta taistil, agus faoi bhearta sláinte agus sábháilteachta poiblí, agus tá sé mar aidhm leis muinín a chothú arís sa taisteal san Aontas trí shaoránaigh a chur ar an eolas faoi na srianta atá i bhfeidhm i ngach Ballstát, agus é mar aidhm leis an méid sin a bpleananna taistil a éascú52.

62 Cé gur tionscnamh an-dearfach de chuid an Aontais é seo, tá a rath ag brath ar chomhar na mBallstát. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit faisnéis oifigiúil atá iomlán agus cothrom le dáta a sholáthar go rialta. D’ardaíomar an tsaincheist sin freisin inár dtuarascáil speisialta maidir le cearta paisinéirí aeir le linn phaindéim COVID-1953.

63 Amhail an 5 Iúil 2021 (i.e. níos mó ná bliain amháin tar éis “Re-open EU” a sheoladh), bhí naoi mBallstát ann (an Bhulgáir, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSualainn) nach raibh ag cur faisnéis nuashonraithe ar fáil go fóill. Is é an baol atá ann go bhféadfadh saoránaigh an Aontais a úsáidí atá an uirlis sin a cheistiú nuair a bhíonn fadhbanna acu ag na teorainneacha, mar gheall go bhfuil an fhaisnéis a d’úsáid siad chun a n-aistear a phleanáil mícheart nó as dáta.

An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú

64 Le linn na tréimhse faoi iniúchóireacht, d’fhoilsigh ECDC 27 measúnú ar riosca/bagairt agus níos mó ná 70 treoirthuarascáil agus tuarascáil theicniúil maidir leis an bpaindéim. Bhí an chéad phíosa treoraíochta maidir le taisteal ann i mí Bealtaine 2020. Chuir ECDC ionchur ar fáil freisin do threoraíocht an Choimisiúin maidir le rialuithe teorann agus srianta taistil.

65 I mí Bealtaine 2020, d’eisigh ECDC treoraíocht inar luadh go bhféadfadh dúnadh teorainneacha moill a chur ar thabhairt isteach an víris i dtír. Mar sin féin, chaithfeadh dúnadh den sórt sin a bheith beagnach iomlán agus chaithfí é a chur chun feidhme go tapa le linn na gcéimeanna luatha d’eipidéim, rud a chreid ECDC nach mbeadh indéanta ach i gcomhthéacsanna ar leith (e.g. i gcás náisiúin bheaga iargúlta oileánacha)54. I gcleachtas, áfach, níor lean na Ballstáit an treoraíocht sin i gcónaí, agus tugadh rialuithe teorann isteach arís idir tíortha idirnasctha i limistéar Schengen. Tugann Bosca 6 sampla de na dúshláin a bhaineann le héifeachtacht rialuithe teorann talún i gcásanna den sórt sin.

Bosca 6

Sampla de dhúshláin d'éifeachtacht rialuithe teorann talún i Limistéar Schengen

Ar an 16 Márta 2020, thug an Ghearmáin isteach an athuair seiceálacha teorann sealadacha ag a teorainneacha talún leis an Ostair, leis an Eilvéis, leis an bhFrainc, le Lucsamburg agus leis an Danmhairg, agus é mar aidhm toirmeasc ar thaisteal neamhriachtanach a fhorfheidhmiú. Rinneadh na seiceálacha ag an teorainn le Lucsamburg ar feadh dhá mhí (go dtí an 15 Bealtaine 2020) agus d’fhág sé sin gur dúnadh roinnt de na pointí beaga trasnaithe teorann. I mí Aibreáin 2020, bhí víreas COVID-19 forleathan cheana féin sa Ghearmáin. Thairis sin, ós rud é go raibh teorainneacha Lucsamburg/na Beilge agus na Beilge/na Gearmáine fós ar oscailt sna chéad trí seachtaine, bhí cónaitheoirí Lucsamburg in ann na seiceálacha sin a sheachaint trí dhul tríd an Bheilg.

Ar an 14 Feabhra 2021, d’athbhunaigh an Ghearmáin rialuithe teorann inmheánaí leis an tSeicia agus leis an réigiún Tioróil san Ostair chun leathadh sóchán an víris a chosc. Chuir sí cosc níos déine i bhfeidhm ar thaisteal neamhriachtanach ná mar a bhí ann roimhe sin, gan cead á thabhairt fiú idirthuras a dhéanamh tríd an nGearmáin go dtí an tír chónaithe. Choinnigh sí a teorainneacha leis an bPolainn ar oscailt, áfach. Ós rud é nach raibh aon rialuithe teorann idir an Pholainn agus an tSeicia, bhíothas in ann rialuithe teorann a sheachaint ansin freisin.

66 I mí na Samhna 2020, d’ullmhaigh ECDC “Anailís straitéiseach agus feidhmíochta ar fhreagairt ECDC ar phaindéim COVID-19’55, inar breathnaíodh ar inúsáidteacht aschuir COVID-19 an Lárionaid trí shuirbhéanna agus fócasghrúpaí. Baintear de thátal as an doiciméad go bhféadfadh treoraíocht an Lárionaid a bheith níos praiticiúla agus níos inghníomhaithe.

67 Ní bhailíonn ECDC faisnéis sonrúil chun a fhíorú conas atá a threoraíocht curtha chun feidhme ag tíortha, agus níl oibleagáid air a leithéid a dhéanamh.

68 Níl treoraíocht ECDC ina cheangal ar na Ballstáit, toisc nach bhfuil cumhachtaí rialála ag an Lárionad56. Braitheann sé den chuid is mó ar shonraí a chuireann údaráis náisiúnta ar fáil, toisc nach bhfuil aon chumhachtaí dá chuid féin aige chun iniúchadh a dhéanamh ar fhaisnéis ná faisnéis a bhailiú ag an bhfoinse. Ós rud é go bhfuil straitéisí éagsúla faireachais agus tástála ag na Ballstáit, is deacair do ECDC an staid eipidéimeolaíoch ar fud an Aontais a mheas ar bhonn comparáideach, bac a d’fhéadfadh cur as d’úsáideacht a threoraíochta.

Chuir Ballstáit cur chuige neamh-chomhordaithe i bhfeidhm maidir le srianta teorann inmheánaí agus srianta taistil a bhaineann le COVID-19

69 Rinneadh faireachán ar an gcaoi a ndearna na húdaráis náisiúnta treoraíocht an Choimisiúin a chur chun feidhme sa mheitheal ad hoc a cuireadh ar bun agus a bhí faoi threoir an Coimisiún: an Grúpa um Fhaisnéis maidir le COVID-19 (CIG). Bhí sé mar aidhm ag an nGrúpa fadhbanna a shainaithint agus iad a phlé ar leibhéal teicniúil. Tháinig an grúpa le chéile 33 huaire idir Feabhra agus Meán Fómhair 2020.

70 Léirítear go soiléir sna tuarascálacha ó gach ceann de na 33 chruinniú a ndearnamar athbhreithniú orthu go ndearna an Coimisiún iarracht shuntasach chun gníomhaíochtaí na mBallstát a chomhordú. Pléadh an chaoi a raibh an treoraíocht ón Aontas á chur chun feidhme go náisiúnta ag gach cruinniú, agus thug na Ballstáit tuairisc ar na bearta a ghlacadar. D’athdhearbhaigh an Coimisiún prionsabail uileghabhálacha dhlí an Aontais agus leag sé béim ar an ngá a bhí le comhordú níos fearr.

71 Léirítear i dtuarascálacha cruinnithe CIG agus sna comhairliúcháin phoiblí maidir le Straitéis Schengen freisin go raibh ardmheas ag na Ballstáit ar CIG. In ainneoin an mheasúnaithe dhearfaigh sin, áfach, d’oibrigh CIG mar ardán chun faisnéis a mhalartú den chuid is mó. Níor chuir na Ballstáit cur chuige comhsheasmhach agus comhordaithe i bhfeidhm maidir le bainistiú teorainneacha inmheánacha de thoradh iarrachtaí an Choimisiúin an easpa struchtúir rialachais géarchéime a chúiteamh tríd an nGrúpa a bhunú. Tá na cineálacha éagsúla cur chuige maidir le rialuithe teorann inmheánaí faoi choinne COVID-19 laistigh de thíortha Schengen mar fhianaise air an méid sin (féach Fíor 3).

72 Léirítear i miontuairiscí na gcruinnithe ar fhéachamar orthu go raibh dúshláin chumarsáide roimh an nGrúpa freisin. Thug roinnt Ballstát rialuithe teorann nua isteach agus srianta nua taistil gan na rannpháirtithe eile sa Ghrúpa a chur ar an eolas, cé gur chomhaontaigh siad roimhe sin na páirtithe eile sin a choimeád ar an eolas sula gcuirfí aon bhearta eile chun feidhme.

73 Rinneamar anailís freisin ar na doiciméid ina ndéantar mapáil ar an staid ag na teorainneacha inmheánacha a chuir an Coimisiún le chéile i mí Feabhra, i mí an Mhárta agus i mí Bealtaine (agus a tugadh cothrom le dáta go páirteach i mí an Mheithimh) 2021. Dhírigh ár n-anailís ar na ceithre ghné seo a leanas: coraintín éigeantach, tástáil éigeantach, toirmisc ar dhul isteach agus/nó imeacht, agus úsáid léarscáileanna ECDC le haghaidh cinnteoireachta. Bhí sé sin mar bhonn d’fhorléargas simplithe, ina léirítear bearta na mBallstát le himeacht ama (Fíor 8).

Fíor 8 – Forléargas ar na srianta taistil i measc 27 mBallstát an Aontais sa chéad leath de 2021

N.B.: Mar gheall nach raibh sonraí inchomparáide ann a raibh fáil orthu go héasca roimh mhí Feabhra 2021, ní chlúdaítear na srianta taistil a cuireadh i bhfeidhm in 2020 san fhíor seo.

Foinse: CIE, bunaithe ar fhaireachán inmheánach an Choimisiúin ar shrianta taistil.

74 Chun na dúshláin a bhíonn roimh shaoránaigh an Aontais a léiriú agus iad ag taisteal laistigh den Aontas, léiríonn an anailís a rinneamar ar na coinníollacha iontrála íosta an 21 Meitheamh 2021, go bhfuil raon leathan cleachtas curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit, ó rochtain sách oscailte go bearta sách sriantach (féach Fíor 9).

Fíor 9 – Forléargas simplithe ar na coinníollacha iontrála íosta an 21.6.2021

Nóta: Taispeánann an fíor seo íoschoinníollacha iontrála do shaoránach den Aontas nach raibh vacsaínithe ná éillithe roimhe sin .

Foinse:CIE, bunaithe ar fhaireachán inmheánach an Choimisiúin ar shrianta taistil.

75 Taispeántar i bhFíor 8 agus i bhFíor 9 go raibh na srianta taistil a thug na Ballstáit isteach fós neamh-chomhordaithe agus go raibh meascán ann de bhearta aonair a bhí an-éagsúil ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, in ainneoin iarrachtaí an Choimisiúin chun gníomhaíocht chomhordaithe a éascú.

Conclúidí agus moltaí

76 Is é ár gconclúid, cé go ndearna an Coimisiún faireachán ar na srianta saorghluaiseachta a bhí forchurtha ag na Ballstáit i rith phaindéim COVID-19, gur chuir a theorannaithe a bhí an creat dlíthiúil bac ar a ról maoirseachta. Thairis sin, níor fheidhmigh an Coimisiún grinnscrúdú cuí go fóill chun a áirithiú gur chomhlíon rialuithe teorann inmheánaí reachtaíocht Schengen. In ainneoin roinnt tionscnamh ábhartha de chuid an Aontais, bhí gníomhaíochtaí na mBallstát chun COVID-19 a chomhrac fós neamh-chomhordaithe den chuid is mó.

77 Maidir leis na fógraí a thug na Ballstáit i dtaobh rialuithe teorann inmheánaí, fuaireamar amach nár tugadh fianaise leordhóthanach lena léiriú gurbh í an rogha dheiridh a bhí ann na rialuithe sin a thabhairt isteach, go raibh siad comhréireach agus gur ar feadh ré theoranta a mhairfidís. Níor iarr an Coimisiún faisnéis bhreise ar na Ballstáit, áfach, agus níor eisigh sé aon tuairim maidir lena bhfógraí ag am ar bith ó a thús le paindéim COVID-19. Ina theannta sin, shainaithníomar cásanna de rialuithe teorann nár tugadh fógra ina leith don Choimisiún. Táimid den tuairim go ndearna an easpa faisnéise ó na Ballstáit difear do chumas an Choimisiúin anailís dhaingean a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíon na bearta rialaithe teorann reachtaíocht Schengen (féach míreanna 26-31 agus 35-39).

78 Tá sé de cheangal ag na Ballstáit tuarascáil ex post a thíolacadh maidir le cur chun feidhme rialuithe teorann sealadaí, agus chun measúnú a dhéanamh féachaint, i measc nithe eile, a éifeachtaí agus a chomhréirí a bhí athbhunú na rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha. Cé nár chomhlíon naoi mBallstát an oibleagáid maidir le tuarascálacha ex post a thíolacadh, ní fhacamar aon fhianaise gur iarr an Coimisiún ar na Ballstáit na tuarascálacha sin a bhí in easnamh a sholáthar (féach míreanna 32 agus 40-42).

79 Léiríonn an t-athbhreithniú a rinneamar ar na tuarascálacha ex post go léir a fuair an Coimisiún ó 2020 go bhfuil éagsúlacht an-mhór eatarthu ó ráitis ghinearálta i gcuid acu go staitisticí mionsonraithe i gcuid eile acu. Maidir le 10 as an 12 thuarascáil a bhí ar fáil, níor clúdaigh siad sin an cheist i dtaobh chomhréireacht na mbeart a cuireadh i bhfeidhm le dóthain sonraí. Níor luaigh ach trí thuarascáil go hachomair go bhféadfaí úsáid a bhaint as bearta malartacha (féach míreanna 41-42).

80 Tá sainordú agus oibleagáid ag an gCoimisiún gníomhú i gcásanna ina bhféadfadh neamhchomhlíonadh a bheith ann. Is féidir leis tús a chur le nósanna imeachta um shárú, ach níl sé sin déanta go fóill aige in ainneoin a imní nach bhfuil na rialuithe fadtéarmacha teorann inmheánaí a gabhann le bagairtí imirce agus slándála i gcomhréir le dlí an Aontais. Ina ionad sin, roghnaigh an Coimisiún bearta boga agus comhordú a dhéanamh go socair ach ní dealraitheach gur éirigh leis sin, mar go bhfuil na rialuithe a athbhunaíodh níos mó ná sé bliana ó shin fós i bhfeidhm. (Féach míreanna 33-34 agus 43-45).

Moladh 1 – Grinnscrúdú dlúth a fheidhmiú ar rialuithe teorann inmheánaí

Agus an togra chun Cód Teorainneacha Schengen a leasú, agus raon feidhme lánrogha an Choimisiúin, á gcur san áireamh ba cheart go mbainfí úsáid cheart sa mheasúnú as na huirlisí faireacháin comhlíontachta tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  1. faisnéis bhreise a iarraidh ar na Ballstáit nuair nach leor an fhianaise atá sna fógraí agus/nó tuarascálacha ex post a thugann siad maidir le comhréireacht na rialuithe teorann;
  2. tuairimí a eisiúint maidir le comhréireacht nuair atá ábhar imní ann nach n-urramaíonn na rialuithe teorann an prionsabal sin;
  3. faireacháin chórasach a dhéanamh féachaint an soláthraíonn gach tír Schengen fógraí maidir le teorainneacha inmheánacha agus tuarascálacha cur chun feidhme roimh an spriocdháta dlíthiúil;
  4. a iarraidh ar Bhallstáit tuairisciú go bliantúil maidir le cur chun feidhme na rialuithe fadtéarmacha leanúnacha teorann; agus
  5. gníomhaíocht forfheidhmiúcháin a sheoladh aon uair nach bhfuil reachtaíocht Schengen á comhlíonadh ar bhonn fadtéarmach.

Spriocdháta cur chun feidhme: deireadh 2023

81 Chuir na Ballstáit rialuithe teorann inmheánaí chun feidhme chun srianta taistil éagsúla a bhain le COVID-19 a fhorfheidhmiú. Cé go bhfuil an Coimisiún freagrach as faireachán a dhéanamh an gcomhlíonann na srianta sin prionsabal na saorghluaiseachta, fuaireamar amach gur chuir teorainneacha an chreata dhlíthiúil bac ar obair an Choimisiúin sa réimse sin. Ina theannta sin, mar gheall ar an bhfad a mhaireann imeachtaí dlíthiúla agus nádúr gearrthéarmach agus inathraitheach na mbeart a rinne na Ballstáit le linn na paindéime, níl an nós imeachta um shárú, arb é sin an t-aon uirlis amháin atá ag an gCoimisiún chun an ceart chun saorghluaiseachta a chur i bhfeidhm le linn phaindéim COVID-19, oiriúnach (féach míreanna 46-47).

82 Murab ionann agus cás na rialuithe teorann inmheánaí, níor ghá do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi shrianta taistil. Fuair an Coimisiún faisnéis ó na Ballstáit, ach ní raibh sí iomlán ná inchomparáide i gcónaí. (féach míreanna 48-49).

Moladh 2 – Bailiú sonraí faoi shrianta taistil a chuíchóiriú

Ba cheart don Choimisiún bailiú faisnéise ó na Ballstáit maidir leis an réasúnú do chomhréireacht agus neamh-idirdhealú a srianta taistil a chuíchóiriú, agus treoraíocht a thabhairt nuair nach bhfuil an fhaisnéis sin leordhóthanach.

Spriocdháta cur chun feidhme: deireadh 2022

83 D’eisigh an Coimisiún treoraíocht tráthúil agus ábhartha chun comhordú na rialuithe teorann inmheánaí a éascú. Ní raibh sonraí praiticiúla sa treoraíocht, áfach, faoin gcaoi ar cheart do na Ballstáit a léiriú go bhfuil prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe á gcomhlíonadh acu, ná ní raibh samplaí ann de dhea-chleachtas sa chaoi ar bainistíodh teorainneacha inmheánacha le linn na paindéime. Ní dhearnadh an Treoirleabhar Praiticiúil do Ghardaí Teorann, rud atá ina bhunús mar threoir úsáideoirí do ghardaí teorann agus iad i mbun rialuithe teorann, a uasdátú chun an phaindéim a chur san áireamh (féach míreanna 53-56).

Moladh 3 – Treoraíocht níos inghníomhaithe a chur ar fáil maidir le rialuithe teorann inmheánaí a chur chun feidhme

Ba cheart don Choimisiún treoraíocht níos mionsonraithe agus inghníomhaithe a thabhairt maidir le cur chun feidhme rialuithe teorann inmheánaí le linn na paindéime tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  1. an Lámhleabhar Praiticiúil Teorann a uasdátú le samplaí de dhea-chleachtas maidir leis an gcaoi a mbainistítear teorainneacha inmheánacha;
  2. an difríocht idir rialuithe teorann agus seiceálacha sláinte a mhíniú i gcomhthéacs COVID-19.

Spriocdháta cur chun feidhme: deireadh 2022

84 Sheol an Coimisiún tionscnaimh thábhachtacha chun comhordú a dhéanamh ar bhearta a dhéanann difear don tsaoirse gluaiseachta. Mar sin féin, léiríonn cleachtais na mBallstát – aon bhliain amháin tar éis thús na paindéime fiú go raibh freagairtí fós neamhchomhordaithe den chuid is mó agus ní rabhadar i gcónaí i gcomhréir leis an treoraíocht ón gCoimisiún agus le moltaí ón gComhairle (féach míreanna 57-60 agus 69-75).

85 Chuir an Coimisiún ardán gréasáin ar bun chun tacú le hathoscailt taistil agus turasóireachta ar fud na hEorpa (“Re-open EU”). Mar sin féin, ó mhí Iúil 2021 (i.e. níos mó ná aon bhliain amháin tar éis “Re-open AE” a bheith seolta), ní raibh faisnéis uasdátaithe curtha ar fáil ag naoi mBallstát go fóill. Is é an baol atá ann go bhféadfadh saoránaigh an Aontais a úsáidí atá an uirlis sin a cheistiú nuair a bhíonn fadhbanna acu ag na teorainneacha, mar gheall go bhfuil an fhaisnéis a d’úsáid siad chun a n-aistear a phleanáil mícheart nó as dáta. Inár dtuarascáil speisialta ar chearta aerphaisinéirí le linn phaindéim COVID-19, mholamar gur cheart don Choimisiún gníomhaíocht a dhéanamh faoi dheireadh 2022 chun a áirithiú go gcuireann na Ballstáit faisnéis thráthúil agus iontaofa ar fáil ar an ardán “Re-open EU” (féach míreanna 61-62).

86 Ó thús na paindéime, tá líon mór treoirdhoiciméad agus tuarascálacha teicniúla foilsithe ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus tá ionchur curtha ar fáil aige freisin do threoirdhoiciméid ón gCoimisiúin. Tháinig anailís inmheánach ECDC féin ar an gconclúid, áfach, go bhféadfadh a threoraíocht a bheith níos praiticiúla agus níos inghníomhaithe. Ní dhéanann ECDC measúnú cuimsitheach ar a úsáidí atá a threoraíocht, agus an tionchar atá aige (féach míreanna 64-68).

Moladh 4 – Feabhas a chur ar an bhfaireachán ar chur chun feidhme threoraíocht ECDC

Ba cheart do ECDC aiseolas rialta a fháil óna gheallsealbhóirí chun a úsáidí a bhí a threoraíocht agus ar an thionchar a bhí aige a mheas.

Spriocdháta cur chun feidhme: deireadh 2022

Ghlac Seomra III, faoi cheannas Bettina Jakobsen, Comhalta den Chúirt Iniúchóirí, an Tuarascáil seo i Lucsamburg an 26 Aibreán 2022.

 

Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Klaus-Heiner Lehne
Uachtarán

Iarscríbhinní

Iarscríbhinn I – Sampla de 10 bhfógra faoi rialuithe teorann inmheánaí na mBallstát idir 2015 agus 2019

Uimh. Tír Tús Deireadh Fáth
40 An Ghearmáin 13.9.2015 22.9.2015 Insreabhadh mór daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu; gach teorainn le béim ar theorainneacha talún leis an Ostair
46 An tSlóivéin 17.9.2015 26.9.2015 Insreabhadh mór daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu; teorainneacha talún leis an Ungáir
54 An Fhrainc 14.12.2015 26.5.2016 I ndáil leis an staid éigeandála a tugadh isteach tar éis na n-ionsaithe a rinneadh i bPáras; gach teorainn inmheánach
62 An Ostair 16.5.2016 12.11.2016 I gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 12 Bealtaine 2016 faoi Airteagal 29 de CTS, teorainneacha talún leis an Slóivéin agus an Ungáir
70 An Danmhairg 12.11.2016 12.2.2017 I gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 11 Samhain 2016; calafoirt na Danmhairge a bhfuil nasc bád farantóireachta acu leis an nGearmáin agus ag an teorainn talún idir an Danmhairg agus an Ghearmáin
78 An tSualainn 11.2.2017 10.5.2017 I gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle an 7 Feabhra 2017; calafoirt na Sualainne i réigiún póilíneachta an Deiscirt agus an Iarthair agus ag droichead Öresund
88 An Ostair 12.11.2017 12.5.2018 An staid slándála san Eoraip agus bagairtí a eascraíonn as na gluaiseachtaí tánaisteacha móra leanúnacha; teorainneacha talún leis an Ungáir agus leis an tSlóivéin
96 An Ghearmáin 12.5.2018 11.11.2018 An staid slándála san Eoraip agus bagairtí a eascraíonn as na gluaiseachtaí tánaisteacha móra leanúnacha; teorainneacha talún leis an Ostair
105 An tSualainn 12.11.2018 11.2.2019 Bagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí agus ar an tslándáil inmheánach; gach teorainn inmheánach
114 An Danmhairg 12.5.2019 12.11.2019 Bagairt thromchúiseach ar an ord poiblí agus ar an tslándáil inmheánach; an teorainn inmheánach leis an nGearmáin (talamh agus calafoirt a bhfuil naisc bád farantóireachta acu)

Iarscríbhinn II – Treoirdhoiciméid ábhartha arna n-eisiúint ag an gCoimisiún suas go dtí Meitheamh 2021

Dáta Tagairt Teideal
16.3.2020 C(2020) 1753 final Treoirlínte COVID-19 le haghaidh bearta bainistithe teorainneacha chun an tsláinte a chosaint agus chun a áirithiú go mbeidh fáil ar earraí agus seirbhísí riachtanacha
16.3.2020 COM(2020) 115 final TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

COVID-19: Srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas
23.3.2020 C(2020) 1897 final TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN

maidir le cur chun feidhme na Lánaí Glasa faoi na Treoirlínte le haghaidh bearta bainistithe teorainneacha chun an tsláinte a chosaint agus chun a áirithiú go mbeidh fáil ar earraí agus seirbhísí bunriachtanacha
27.3.2020 C(2020) 2010 TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN

Treoirlínte an Choimisiúin: Oibríochtaí Aerlasta a Éascú le linn ráig COVID-19
30.3.2020 C(2020) 2050 final TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN

COVID-19 – Treoraíocht maidir le cur chun feidhme an tsriain shealadaigh ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas, maidir le socruithe idirthurais a éascú chun saoránaigh den Aontais a aisdúichiú agus maidir leis na héifeachtaí ar bheartas víosa
30.3.2020 C(2020) 2051 TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN

Treoirlínte a bhaineann le feidhmiú saorghluaiseachta oibrithe le linn ráig COVID-19
8.4.2020 COM(2020) 148 final TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLIAMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir leis an measúnú ar chur i bhfeidhm an tsriain shealadaigh ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas
8.4.2020 C(2020) 3100 TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN

Treoirlínte maidir le cosaint sláinte, le haisdúichiú agus socruithe taistil do mharaithe, paisinéirí agus daoine eile ar bord long
16.4.2020 C(2020) 2516 final TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN

COVID-19: Treoir maidir le cur chun feidhme fhorálacha ábhartha de chuid an Aontais sa réimse nósanna imeachta um thearmann agus um fhilleadh agus maidir le hathlonnú
17.4.2020 2020/C 126/01 COIMISIÚN EORPACH – Treochlár Eorpach Comhpháirteach i dtreo deireadh a chur le bearta imshrianta COVID-19
8.5.2020 COM(2020) 222 final TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLIAMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir leis an measúnú ar chur i bhfeidhm an tsriain shealadaigh ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas
13.5.2020 C(2020) 3250 final TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN

COVID-19 – Ionsar cur chuige céimnithe agus comhordaithe i leith saoirse gluaiseachta a athbhunú agus deireadh a chur le rialuithe teorann inmheánaí
13.5.2020 C(2020) 3251 final COVID-19 – Treoraíocht an Aontais maidir le seirbhísí turasóireachta a atosú de réir a chéile agus le prótacail sláinte i ngnólachtaí fáilteachais
13.5.2020 COM(2020) 550 final TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Turasóireacht agus iompar in 2020 agus ina dhiaidh sin
15.5.2020 C(2020) 3139 final TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN

Treoirlínte maidir le seirbhísí agus nascacht iompair a athbhunú de réir a chéile - COVID-19
11.6.2020 C(2020) 3999 final Treoraíocht le haghaidh filleadh an athuair, de réir a chéile agus ar bhonn comhordaithe, ar oibríochtaí viosaí
11.6.2020 COM(2020) 399 final TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

Ar an tríú measúnú de chur chun feidhme an tsriain shealadaigh maidir le taisteal neamhriachtanach chuig an Aontas
25.6.2020 COM(2020) 287 final Togra ón gCoimisiún le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir leis an srian ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas
15.7.2020 COM(2020) 318 final TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Ullmhacht ghearrthéarmach sláinte an Aontais do ráigeanna COVID-19
16.7.2020 C(2020) 4813 final TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN

Treoirlínte maidir le hoibrithe séasúracha san Aontas i gcomhthéacs ráig COVID-19

Obair leantach ar C/2020/2051
4.9.2020 COM(2020) 499 final Togra le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le cur chuige comhordaithe i ndáil le srianta ar shaorghluaiseacht mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19
28.10.2020 COM(2020) 685 final TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLIAMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le Lánaí Glasa iompair a uasghrádú chun an geilleagar a choinneáil ag imeacht le linn athbheochan phaindéim COVID-19
28.10.2020 COM(2020) 686 final TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

COVID-19 – Treoraíocht maidir le daoine atá díolmhaithe ón srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme Mholadh 2020/912 ón gComhairle an 30 Meitheamh 2020
28.10.2020 COM(2020) 687 final TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLIAMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE maidir le bearta freagartha breise COVID-19
11.11.2020 COM(2020) 724 final TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Aontas Sláinte na hEorpa a thógáil: Athléimneacht an Aontais a threisiú i leith bagairtí sláinte trasteorann
11.11.2020 COM(2020) 727 final Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh 1082/2013/AE
18.11.2020 C(2020) 8037 final MOLADH ÓN gCOIMISIÚN an 18.11.2020 maidir le tástálacha meara antaiginí a úsáid chun ionfhabhtú SARS-CoV-2 a dhiagnóisiú
2.12.2020 COM(2020) 786 final TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLIAMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE – Ag coimeád slán ó COVID-19 le linn an gheimhridh
18.12.2020 COM(2020) 849 final Togra le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE ar chreat comhchoiteann, maidir le húsáid, bailíochtú agus aitheantas frithpháirteach do thorthaí tástála COVID-19 san Aontas
22.12.2020 C(2020)9607 MOLADH (AE) 2020/2243 ÓN gCOIMISIÚN ar chur chuige comhordaithe i leith taistil agus iompair mar fhreagairt ar an athraitheach SARS-CoV-2 a tugadh faoi deara sa Ríocht Aontaithe
19.1.2021 COM(2021) 35 final TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLIAMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE – Cur chuige Aontaithe chun COVID-19 a shárú
25.1.2021 COM(2021) 38 final Togra le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2020 maidir le cur chuige comhordaithe i ndáil le srianta ar shaorghluaiseacht mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19
17.2.2021 COM(2021) 78 final TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CUIG AN gCOMHAIRLE EORPACH AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Gorlann HERA: An bhagairt i ndáil le hathraithigh COVID-19 a thuar le chéile
3.5.2021 COM(2021) 232 final Togra le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Moladh (AE) 2020/912 ón gComhairle maidir leis an srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas agus maidir leis an bhféidearthacht deireadh a chur le srian den sórt sin

Acrainmneacha agus giorrúcháin

CAE: An Conradh ar an Aontas Eorpach

CFAE: An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

CIG: An Grúpa um Fhaisnéis maidir le COVID-19

CTS: Cód Teorainneacha Schengen

ECDC: An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú

FMD: An Treoir maidir le Saorghluaiseacht

LEE: An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Gluais

Foirm aimsithe paisinéirí: Foirm nach mór do phaisinéirí a chomhlánú sula dtéann siad isteach sa tír chun rianú teagmhálaithe agus faireachán ar choraintín a éascú.

Limistéar Schengen: Grúpa de 26 thír Eorpacha a chuir deireadh leis na rialuithe pas agus inimirce ag a gcomhtheorainneacha.

Prionsabal an neamh-idirdhealaithe: Prionsabal de dhlí an Aontais lena gcuirtear toirmeasc ar idirdhealú idir saoránaigh an Aontais ó tíortha eile bunaithe ar náisiúntacht.

Prionsabal na comhréireachta: Prionsabal de dhlí an Aontais faoi nár cheart d'fheidhmiú na cumhachta dul thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir atá beartaithe a bhaint amach.

Rialú teorann: Seiceálacha agus faireachas a dhéantar ag teorainn i gcás daoine atá ag trasnú na teorann nó a bhfuil sé i gceist acu an teorainn a thrasnú.

Freagraí ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC)

https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=61240 

An fhoireann iniúchóireachta

I dtuarascálacha speisialta CIE, leagtar amach torthaí a iniúchtaí ar bheartais agus ar chláir AE, nó ar topaicí a bhaineann le bainistíocht ó réimsí buiséadacha ar leith. Roghnaíonn agus ceapann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa na cúraimí iniúchóireachta sin a mbeidh an tionchar is mó acu trí mhachnamh a dhéanamh ar na rioscaí don fheidhmíocht nó don chomhlíonadh, an leibhéal ioncaim nó caiteachais lena mbaineann, forbairtí atá ar na bacáin agus leas polaitiúil agus poiblí.

Is é Seomra Iniúchóireachta III – Gníomhaíocht sheachtrach, slándáil agus ceartas, atá faoi cheannas Bettina Jakobsen (Comhalta den Chúirt) a rinne an t-iniúchadh feidhmíochta seo. Rinneadh an t-iniúchadh faoi stiúir Baudilio Tome Muguruza (Comhalta den Chúirt), agus fuarthas tacaíocht ó na daoine seo a leanas: Daniel Costa de Magalhães (Ceann na hOifige Príobháidí), Ignacio García de Parada (Ataisé na hOifige Phríobháidí), Alejandro Ballester Gallardo (Príomhbhainisteoir), Andrej Minarovic (Ceann Cúraim) agus João Coelho (Iniúchóir). Thug Mark Smith tacaíocht teanga.

Ó chlé go deas: João Coelho, Daniel Costa de Magalhães, Baudilio Tomé Muguruza, Andrej Minarovic, Alejandro Ballester Gallardo, Ignacio García de Parada.

Críochnótaí

1 Airteagal 3(2) CAE.

2 Airteagal 20(2)(a) agus Airteagal 21(1)CFAE.

3 Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus ceart bhaill dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (an Treoir maidir le Saorghluaiseacht).

4 Eorabharaiméadar 95 – Earrach 2021.

5 Airteagail 27 agus 29 de Threoir 2004/38/CE.

6 Comhaontú idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, agus Poblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile; an Coinbhinsiún chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Poblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme; IO L 239, 22.9.2000, lch. 13-18 agus lch. 19-62.

7 Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 lena mbunaítear Cód Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen).

8 Airteagal 25 agus 27 CTS.

9 Airteagal 28 CTS.

10 Airteagal 29 CTS.

11 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/894 ón gComhairle an 12 Bealtaine 2016 lena leagtar amach moladh maidir le rialú sealadach teorann inmheánaí i gcúinsí eisceachtúla lena gcuirtear feidhmiú foriomlán limistéar Schengen i mbaol.

12 Airteagail 17 CAE agus 168 CFAE.

13 https://reopen.europa.eu/ga

14 Rialachán (AE) 2021/953 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19.

15 Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19.6.2020 maidir leis an staid i limistéar Schengen tar éis na ráige de COVID-19 (2020/2640(RSP)), mír 12.

16 A strategy towards a fully functioning and resilient Schengen area [Straitéis i dtreo limistéar Schengen lánfheidhmiúil agus athléimneach], COM(2021) 277 final.

17 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le Cód Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha, COM(2021) 891 final.

18 Tuarascáil speisialta 06/2017: Freagairt an Aontais Eorpaigh ar ghéarchéim na ndídeanaithe – Cur chuige na dteophointí.

19 Tuarascáil speisialta 24/2019:Tearmann, athlonnú agus filleadh imirceach – Tá sé in am dlús a chur leis an ngníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí idir cuspóirí agus torthaí.

20 Tuarascáil speisialta 20/2019: Córais faisnéise an Aontais a thacaíonn le rialú teorann – Uirlis láidir atá ann, ach tá gá le díriú níos mó ar shonraí tráthúla agus iomlána.

21 Tuarascáil speisialta 08/2021: Tacaíocht Frontex do bhainistiú na dteorainneacha seachtracha – Níl a n-éifeachtacht leordhóthanach go dtí seo.

22 Tuarascáil speisialta 17/2021:Comhar an Aontais Eorpaigh le tríú tíortha um athligean isteach – Ní raibh ach torthaí teoranta ar ghníomhaíochtaí ábhartha.

23 Tuarascáil speisialta 19/2021:Tacaíocht ó Europol chun smuigleáil imirceach a chomhrac – Comhpháirtí luachmhar atá ann, ach tá úsáid fhoinsí sonraí agus tomhas torthaí neamh-leordhóthanach.

24 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/894 ón gComhairle an 12 Bealtaine 2016 lena leagtar amach moladh maidir le rialú teorann inmheánaí sealadaí i gcúinsí eisceachtúla lena gcuirtear feidhmiú foriomlán limistéar Schengen i mbaol.

25 Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1989 ón gComhairle an 11 Samhain 2016, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/246 ón gComhairle an 7 Feabhra 2017 agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/818 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017.

26 Tuairim ón gCoimisiún an 23.10.2015, (C(2015) 7100 final.

27 Airteagal 33 CTS.

28 Tuarascáil maidir le Measúnú Tionchair atá ag gabháil leis an doiciméad don Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le Cód Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha, SWD(2021) 462 final.

29 Moladh ón gCoimisiún (AE) 2017/820 an 12 Bealtaine 2017 maidir le húsáid chomhréireacht seiceálacha póilíneachta agus comhar póilíneachta i limistéar Schengen, C(2017) 3349 final.

30 Mír 20 de na Treoirlínte maidir le bearta bainistithe teorainneacha chun an tsláinte a chosaint agus chun a áirithiú go mbeidh fáil ar earraí agus seirbhísí riachtanacha, 16.3.2020 C(2020) 1753 final.

31 Airteagal 33 CTS.

32 Mar a cheanglaítear le hAirteagal 33 CTS.

33 Mar shampla, Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19.6.2020 maidir leis an staid i limistéar Schengen tar éis na ráige de COVID-19 (2020/2640(RSP)).

34 Féach Airteagal 3 CFAE, Airteagal 45(3) CFAE, agus Airteagail 27 agus 29 FMD.

35 Féach Airteagail 4(2)(k) agus (6)(a) CFAE.

36 Treoir 2004/38/CE.

37 Moltaí (AE) 2020/1475 an 13.10.2020, (AE) 2021/119 an 1.2.2021, (AE) 2021/961 an 14.6.2021 agus (AE) 2022/107 an 25.1.2022 ón gComhairle.

38 Féach Cás C 288/12 (mír 30), Cás C 221/04 (míreanna 25 agus 26), agus Cás C-20/09 (mír 33).

39 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus chuig Coiste na Réigiún: Na ceachtanna luatha ó phaindéim COVID-19 a fhoghlaim, COM(2021)-380 final.

40 Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle.

41 https://www.ecdc.europa.eu/en/covid-19/situation-updates/weekly-maps-coordinated-restriction-free-movement

42 Treoirlínte maidir le bearta bainistithe teorainneacha chun an tsláinte a chosaint agus chun a áirithiú go mbeidh fáil ar earraí agus seirbhísí riachtanacha, 16.3.2020 C(2020) 1753 final.

43 Mír 18 de na Treoirlínte maidir le bearta bainistithe teorainneacha chun an tsláinte a chosaint agus chun a áirithiú go mbeidh fáil ar earraí agus seirbhísí riachtanacha, 16.3.2020 C(2020) 1753 final.

44 Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh C(2019) 7131 final ón gCoimisiún an 8.10.2019 lena mbunaítear “Lámhleabhar Praiticiúil do Ghardaí Teorann” comhchoiteann atá le húsáid ag údaráis inniúla na mBallstát agus rialú teorann á dhéanamh acu ar dhaoine agus a chuirtear in ionad Moladh C(2006) 5186 ón gCoimisiún an 6 Samhain 2006.

45 Mír 20, C(2020) 1753 final, 16.3.2020.

46 COM(2020) 499 final, 4.9.2020; COM(2020) 849 final, 18.12.2020 agus COM(2021) 232 final, 3.5.2021.

47 Moltaí (AE) 2021/961 an 14.6.2021 agus (AE) 2021/119 an 1.2.2021 ón gComhairle.

48 Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme na Lánaí Glasa faoi na Treoirlínte le haghaidh bearta bainistithe teorainneacha chun an tsláinte a chosaint agus chun infhaighteacht earraí agus seirbhísí a áirithiú, C(2020) 1897 final.

49 Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte maidir le hoibrithe séasúracha san Aontas i gcomhthéacs na ráige COVID-19, C(2020) 4813 final.

50 https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/ip_20_510

51 https://reopen.europa.eu/ga

52 https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/ip_20_1045

53 Tuarascáil speisialta Uimh. 15/2021: Cearta paisinéirí aeir le linn phaindéim COVID-19 – Níl cearta lárnacha á gcosaint in ainneoin iarrachtaí an Choimisiúin, míreanna 68-70 agus moladh 3(a).

54 Breithnithe maidir le bearta a bhaineann le taisteal chun leathadh COVID-19 in AE/LEE a laghdú, 26.5.2020.

55 Anailís straitéiseach agus feidhmíochta ar fhreagairt ECDC do phaindéim COVID-19

56 Brollach (6) de Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear lárionad Eorpach um ghalair a chosc agus a rialú.

Déan teagmháil le

European Court of Auditors
12, rue Alcide De Gasperi
L-1615 Luxembourg
LUXEMBURG

Teil. +352 4398-1
Fiosrúcháin: eca.europa.eu/en/Pages/ContactForm.aspx
Suíomh gréasáin: eca.europa.eu
Twitter: @EUAuditors

Tá tuilleadh eolais faoin Aontas Eorpach ar fáil ar an idirlíon (https://europa.eu).

Lucsamburg: Oifig na bhFoilseachán (don Aontas Eorpach), 2022

PDF ISBN 978-92-847-7843-0 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/830929 QJ-AB-22-008-GA-N
HTML ISBN 978-92-847-7857-7 ISSN 2529-3370 doi:10.2865/018138 QJ-AB-22-008-GA-Q

CÓIPCHEART

© An tAontas Eorpach, 2022

Is i gCinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad a leagtar amach an beartas athúsáide do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE).

Mura léirítear a mhalairt (e.g. i bhfógraí cóipchirt aonair), déanfar ábhar CIE atá faoi úinéireacht an Aontais a cheadúnú faoi cheadúnas Sannta Idirnáisiúnta Creative Commons 4.0 (CC BY 4.0). Mar riail ghinearálta, dá bhrí sin, ceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar aitheantas cuí agus go léirítear aon athruithe. Níor cheart dóibh siúd ata ag baint athúsáide as ábhar CIE bunbhrí ná teachtaireacht a shaobhadh. Ní bheidh CIE faoi dhliteanas i leith aon iarmhairt a bhaineann le hathúsáid.

Ní mór cead breise a fháil má léirítear daoine príobháideacha inaitheanta in ábhar ar leith, e.g. i bpictiúir d’fhoireann CIE nó ina bhfuil oibreacha tríú páirtí san áireamh.

I gcás ina bhfaighfear cead, féadfaidh an cead ginearálta a chur ar ceal agus beidh an cead a fuarthas in ionad an cheada ghinearálta atá thuasluaite agus féadfaidh aon srian ar úsáid a léiriú go soiléir ann.

D’fhéadfadh sé gur gá cead a lorg go díreach ó shealbhóirí an chóipchirt chun ábhar nach leis an Aontas Eorpach a úsáid nó a atáirgeadh.

Eisiatar bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíche, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, ó bheartas athúsáide CIE.

Tá naisc le fáil chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtithe ar shuíomhanna Gréasáin an Aontais Eorpaigh atá san fhearann europa.eu. Ós rud é nach bhfuil aon smacht ag an gCúirt ar na fearainn sin, moltar duit athbhreithniú a dhéanamh ar a mbeartais phríobháideachais agus cóipchirt.

Úsáid an Lógó CIE

Níor cheart lógó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a úsáid gan toiliú a fháil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa roimh ré.

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LE HINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Dul ann tú féin
Tá na céadta Ionad Eolais “Europe Direct” ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil anseo: https://europa.eu/european-union/contact_ga

Ar an bhfón nó le ríomhphost
Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach: Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

  • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (dʼfhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin),
  • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696, nó
  • le ríomhphost, tríd an suíomh: https://europa.eu/european-union/contact_ga

EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

Ar líne
Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa ag: https://europa.eu/european-union/index_ga

Foilseacháin de chuid an Aontais
Is féidir leat foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh, idir cinn saor in aisce agus cinn a bhfuil praghas orthu, a íoslódáil nó a ordú ag: https://op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna de na foilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le dʼionad eolais áitiúil chun é sin a dhéanamh (https://europa.eu/european-union/contact_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara
Chun teacht ar eolas dlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex ag: https://eur-lex.europa.eu

Sonraí oscailte ón Aontas Eorpach
Is féidir teacht ar thacair shonraí ón Aontas Eorpach ag Tairseach Sonraí Oscailte an Aontais (https://data.europa.eu/ga). Is féidir sonraí a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce, ar bhonn tráchtála nó ar bhonn neamhthráchtála.