Bliain thábhachtach a bhí in 2023 — ba bhliain í inar lean an tAontas Eorpach de bheith ag freastal ar mhianta shaoránaigh an Aontais, agus d’aghaidh a thabhairt ar dhúshláin de réir mar a tháinig siad chun cinn. Choinníomar an cúrsa maidir leis na sé thosaíocht a leagamar síos i dtús na mandáide, agus, san am céanna, d’aimsíomar réitigh dhána uaillmhianacha ar chuid de na trialacha is mó a raibh an Eoraip i ngleic leo riamh.
Chuireamar chun oibre agus ba gan scáth gan eagla a thugamar faoi dhúshláin as miosúr, amhail freagairt ar an gcogadh foghach brúidiúil atá an Rúis a chur ar an Úcráin, bainistiú na géarchéime fuinnimh is measa dá raibh ann le blianta fada, freagairt ar fhorbairt shárthapa na hintleachta saorga (IS), agus aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide. Léiríomar gurb é an tráth is láidre a bhíonn an tAontas seo againne ná nuair a bhíonn sé ceannasach.
Ba í an dara bliain as a chéile í a sheas an Eoraip an fód ar son na hÚcráine, le teann aontachta, nirt agus diongbháilteachta ar feadh an bhealaigh. Réitíomar an bealach chun breis agus 4 mhilliún dídeanaí ón Úcráin a óstáil san Aontas Eorpach agus d’eagraíomar cúnamh daingean airgeadais, daonnúil agus míleata, cúnamh dar luach os cionn €88 mbilliún go dtí seo. Agus tá sé léirithe againn go seasfaimid leis an Úcráin a fhad is gá. Tríd an tSaoráid nua don Úcráin, agus muintir na hÚcráine ag troid ar ais i gcoinne an ionraidh, cuirfimid €50 billiún eile ar fáil sna ceithre bliana atá romhainn chun cuidiú a thabhairt seirbhísí bunúsacha a chur ar fáil, ar nós scoileanna a choinneáil ar oscailt, agus tuarastail agus pinsin a íoc. Is í an chuimhne a bheidh ag muintir na hÚcráine ar 2023 feasta ná gurb in í an bhliain a teannadh isteach le fíorú a gcuid aislingí.
Agus an tAontas ag tabhairt aitheantas don dul chun cinn ollmhór atá déanta ag an Úcráin, sin agus ag tabhairt freagra ar mhianta mhuintir na hÚcráine, rinne sé an cinneadh stairiúil tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin, cinneadh a bhí bunaithe ar mholadh ón gCoimisiún.
San am céanna, lean an tAontas de bheith ag athrú an gheilleagair ó bhonn. Ar an gcéad dul síos, tá an digitiú curtha chun tosaigh aige. Tá breis agus €100 billiún d’infheistíocht bheartaithe — idir infheistíocht phoiblí agus infheistíocht phríobháideach — ginte cheana féin tríd an nGníomh Eorpach um Shliseanna, agus is infheistíocht í sin a bhaineann le gach céim den slabhra luacha. Ina theannta sin, a bhuí leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, rinneadh den Eoraip an chéad mhór-roinn ina bhfuil rialachán tiomnaithe i bhfeidhm maidir leis an intleacht shaorga, ar rialachán í lena ndírítear ar úsáidí ardriosca. Is mó ná leabhar rialacha atá sa ghníomh céanna — is túsphointe é sa chaoi go mbeidh cuideachtaí Eorpacha ar thús cadhnaíochta i dtaobh IS iontaofa a fhorbairt.
Tá an tAontas seo againne tar éis an t-aistriú chuig geilleagar glan a bhrú chun cinn freisin. Chuireamar creat i bhfeidhm chun laghdú 55 % ar a laghad ar astaíochtaí CO2 a bhaint amach faoi dheireadh na deacáide seo, ionas go gcoinneofar an Eoraip ar an mbóthar ceart maidir le bheith aeráidneodrach faoi 2050. Chomh maith leis sin, leis an nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, táimid ag cur le cumas an Aontais fuinneamh glan a mhonarú, ar mhaithe le treisiú lenár n-iomaíochas tionsclaíoch agus lenár n-athléimneacht thionsclaíoch. Tacóimid le gnólachtaí Eorpacha ó thaobh an t-aistriú a bhaint amach agus a mbuntáiste iomaíoch a choinneáil san am céanna, ionas go n-éireoidh go sármhaith leis an Eoraip i gcónaí maidir le hinfheistíocht a mhealladh trína gcruthófar poist ardcháilíochta a bheidh cobhsaí agus slán i bhfad na haimsire, agus a mbeidh bonn láidir tionsclaíoch acu.
Leag an Eoraip amach an chéad straitéis dá raibh aici riamh maidir leis an tslándáil eacnamaíoch, i bhfianaise na gcor atá ag teacht i leagan amach na geopholaitíochta. Ina theannta sin ghlacamar céimeanna nithiúla chun cur lenár n-athléimneacht trí spleáchais a laghdú, agus tríd an oiread riosca atá bainteach leis an ngeilleagar a laghdú freisin. Cinnteoidh sé sin ceannasacht, slándáil agus rathúnas na hEorpa sna blianta atá le teacht. Is aidhm é sin lena bhfuiltear ag tacú tríd an bplean téarnaimh NextGenerationEU chomh maith, plean dar luach os cionn €800 billiún, rud atá ag tiomáint ár gcuid geilleagar chun cinn trí mheascán d’infheistíochtaí agus athchóirithe. Tríd an bplean céanna, leanadh de mhaoiniú a thabhairt do na céadta tionscadal glas agus digiteach san Eoraip, tionscadail ar follas mar atá siad ag dul chun tairbhe do mhuintir na hEorpa. Orthu sin tá feirmeacha gaoithe amach ón gcósta, traenacha leictreacha, sársheirbhísí poiblí digiteacha, agus ospidéil den chéad scoth.
Ag féachaint chun tosaigh dúinn, is léir gur tréimhse speisialta atá i ndán don mhór-roinn seo againne in 2024, de bharr go rachaidh muintir na hEorpa i mbun vótála chun glúin nua ceannairí a thoghadh. Deis a bheidh ann machnamh a dhéanamh ar na slite ar láidre ár sochaí, arb iomaíche ár gcuid tionscadal agus arb athléimní ár gcuid geilleagar a bhuí leis an daonlathas. Níl amhras orm ach go leanfaidh an tAontas seo againne de bheith ag seasamh an fhóid go diongbháilte. Mar an tráth is géire na dúshláin, sin é an tráth is láidre an Eoraip.
Gura fada buan an Eoraip!
Ursula von der Leyen