Caibidil 9 – Forbairtí institiúideacha agus an daonlathas a neartú
Ó chlé go deas: Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Jessika Roswall, Aire Gnóthaí an Aontais na Sualainne, Shirin Ebadi, dlíodóir agus scríbhneoir na hIaráine, Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Samantha Cristoforetti, spásaire Iodálach, agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag ceiliúradh Lá Idirnáisiúnta na mBan i bParlaimint na hEorpa, Strasbourg na Fraince, an 15 Márta 2023.
Réamhrá
In 2023, d’oibrigh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh go dlúth le chéile chun aghaidh a thabhairt ar leasanna coiteanna an Aontais agus chun torthaí a bhaint amach dá shaoránaigh. Leanadh d’iarrachtaí a dhéanamh maidir le próiseas reachtóireachta an Aontais a fheabhsú agus údaráis riaracháin a athchóiriú ionas go mbeidh siad níos ullmhaithe do na deiseanna agus na dúshláin i ndomhan atá ag athrú. Torthaí níos fearr a bhaint amach do na saoránaigh trí rialacha an Aontais a fheabhsú, sin rud ar cuspóir comhroinnte é agus a bhfuil institiúidí uile an Aontais agus na Ballstáit freagrach as. Cuimsítear leis sin saoránaigh a chumhachtú chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas daonlathach.
Tá leagan amach institiúideach an Aontais uathúil, agus bíonn a chóras cinnteoireachta ag síorathrú. I bprionsabal, is é an Coimisiún Eorpach a mholann dlíthe nua, agus is iad Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh a ghlacann iad mar chomhreachtóirí. Cuireann na Ballstáit na dlíthe chun feidhme ansin, agus cinntíonn an Coimisiún go gcuirtear i bhfeidhm i gceart iad. Comhlánaítear obair na n-institiúidí sin le hinstitiúidí agus comhlachtaí eile - oscail i dtáb nua..
In 2023, rinne institiúidí an Aontais dul chun cinn maidir le roinnt príomhthionscnamh reachtach agus chuir siad dlús leis na hiarrachtaí chun an tAontas a dhéanamh níos trédhearcaí, níos cuntasaí agus níos éifeachtaí. Agus aird á tabhairt ar an teachtaireacht ón gCoimisiún I dtreo Eoraip níos athléimní, níos iomaíche agus níos inbhuanaithe - oscail i dtáb nua., tháinig ceannairí an Aontais le chéile in Granada na Spáinne i mí Dheireadh Fómhair chun tús a chur le plé arbh é ab aidhm dó treonna agus tosaíochtaí polaitiúla ginearálta an Aontais Eorpaigh a leagan síos le haghaidh na mblianta atá le teacht.
Bíonn a seal féin ag na Ballstáit i gceannas uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh gach 6 mhí. In 2023, bhí an uachtaránacht ag an tSualainn ar dtús agus ag an Spáinn ina dhiaidh sin.
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, comhaltaí thoscaireacht na Sualainne agus comhaltaí Choláiste an Choimisiúin Eorpaigh ag cruinniú tosaigh Uachtaránacht na Sualainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, Kiruna, an tSualainn, an 12 Eanáir 2023.
Dul chun cinn maidir le tionscnaimh reachtacha
In 2023, rinne comhreachtóirí an Aontais dul chun cinn maidir le roinnt mórthionscnamh.
Maidir le dlúthpháirtíocht leis an Úcráin agus tacaíocht mhíleata (féach Caibidil 1), tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil i ndáil leis an nGníomh chun Tacú le Táirgeadh Armlóin, gníomh lena ndéantar €500 milliún a shlógadh chun armlón agus diúracáin a mhonarú. Tháinig siad ar chomhaontú freisin i ndáil le bearta nua chun borradh a chur go práinneach faoi acmhainneachtaí thionscal cosanta an Aontais ó thaobh táirgeadh armlóin de (an Gníomh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar comhoibríoch féach Caibidil 8). I bhfianaise an chogaidh fhoghaigh leanúnaigh atá an Rúis a chur ar an Úcráin, chomhaontaigh an Chomhairle leis an 11ú agus 12ú pacáiste de bhearta sriantacha eacnamaíocha agus aonair (smachtbhannaí) freisin.
Rinneadh dul chun cinn maidir leis an ngeilleagar agus iomaíochas an Aontais a neartú, agus tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú i ndáil le tograí tábhachtacha ar nós an Rialacháin maidir le Bannaí Glasa Eorpacha, an phacáiste baincéireachta, an Rialachán maidir le Taisclanna Lárnacha Urrús agus an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla, ar gníomh ceannródaíoch é (féach Caibidil 2). Ina theannta sin, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le comhsheasamh i ndáil leis an togra ón gCoimisiún chun rialacha an Aontais um rialachas eacnamaíoch a athchóiriú.
Maidir leis an gclár oibre glas, ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle píosaí reachtaíochta ríthábhachtacha lena mbaintear amach na spriocanna aeráide le haghaidh 2030. Ina measc sin, tá rialacha nua chun an t-ídiú fuinnimh deiridh a laghdú agus sciar na bhfoinsí in-athnuaite atá i meascán fuinnimh an Aontais a mhéadú (féach Caibidlí 3 agus 4).
Maidir leis an aistriú digiteach, ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle rialacha nua chun earnáil leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (an Gníomh um Shliseanna), rud a neartóidh ceannasacht theicneolaíoch an Aontais. Ghlac na comhreachtóirí an Gníomh um Shonraí freisin, lena gcinnteofar rochtain chothrom ar shonraí, agus tháinig siad ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, lena gcuirfear chun cinn úsáid shábháilte na hintleachta saorga san Aontas ar mhaithe le cách (féach Caibidil 5).
I ndiaidh na caibidlíochta idir an Pharlaimint agus an Chomhairle, bhí comhaontú polaitiúil ann i ndáil leis an gComhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann (féach Caibidil 7) agus i ndáil le trédhearcacht na fógraíochta polaitiúla (féach thíos). Rinneadh dul chun cinn freisin i dtaca leis an treoir maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre le haghaidh oibrithe ardáin (Caibidil 6). Thairis sin, maidir le limistéar Schengen, chomhaontaigh an Chomhairle d’aon toil deireadh a chur le rialuithe teorann inmheánaí aeir agus muirí ag an teorainn leis an mBulgáir agus leis an Rómáin (féach Caibidil 7).
Ina theannta sin, an comhaontú polaitiúil i ndáil leis an athbhreithniú spriocdhírithe ar an Rialachán Airgeadais, is céim shuntasach é sin chun buiséad an Aontais a chosaint (féach Caibidil 2), rud a chuireann feabhas ar thrédhearcacht agus ar bhainistiú géarchéime agus a laghdaíonn na hualaí riaracháin atá ar na Ballstáit.
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus comhaltaí Choláiste an Choimisiúin Eorpaigh ag cruinniú tosaigh Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, an 3 Iúil 2023, Maidrid, an Spáinn.
A chinntiú go gcuirtear rialacha an Aontais i bhfeidhm
Ní mór dlí an Aontais a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm go hiomlán agus i gceart i ngach áit ionas go mbeidh daoine agus gnólachtaí in ann tairbhe iomlán a bhaint as. Chun an méid sin a chinntiú, chuir an Coimisiún tús le níos mó ná 500 nós imeachta nua um shárú in 2023, toisc gur theip ar na Ballstáit treoracha an Aontais a thrasuí sa dlí náisiúnta in am, sin nó toisc nach raibh rialacha an Aontais á gcur i bhfeidhm acu i gceart nó toisc nach raibh a rialacha náisiúnta i gcomhréir go hiomlán le dlí an Aontais.
Ar an taobh eile den scéal, féadadh 1 000 nós imeachta um shárú a dhúnadh le linn na bliana toisc gur éirigh leis na Ballstáit rialacha an Aontais a chomhlíonadh. Tiocfaidh tairbhí nithiúla as sin, cuir i gcás cearta níos láidre sa mhargadh aonair digiteach, éifeachtúlacht fuinnimh fheabhsaithe, cosaint níos fearr don chomhshaol, seirbhísí airgeadais níos fearr agus iompar níos sábháilte.
Ina theannta sin, lean an Coimisiún dá chuid oibre i dtaca le sáruithe a chosc ar an gcéad dul síos, mar shampla trí thacaíocht luath a thabhairt do na Ballstáit maidir le cur chun feidhme dhlí an Aontais le treoraíocht phraiticiúil, cruinnithe, oiliúint agus cúnamh teicniúil.
Comhar idirinstitiúideach gníomhach
Thug Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún ionchur ábhartha tábhachtach don Pharlaimint, don Chomhairle agus don Choimisiún, agus bhí siad an-ghníomhach maidir le tacú leis an Úcráin. Lean Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa dá thionscnamh le haghaidh comhaltaí ó thíortha is iarrthóirí ar an méadú a roghnú, tionscnamh a fhéachann le hionadaithe na sochaí sibhialta ó thíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht den Aontas a thabhairt isteach in obair chomhairleach laethúil an Choiste.
Lean parlaimintí náisiúnta fhormhór na mBallstát dá gcomhar gníomhach le hinstitiúidí an Aontais, agus rinne siad grinnscrúdú ar dhlíthe nua atá beartaithe maidir leis an urraim a thugann siad do phrionsabal na coimhdeachta. Le prionsabal na coimhdeachta, sainítear na cúinsí ina mbíonn sé dlisteanach go ngníomhódh an tAontas, seachas na Ballstáit. Níor chuir na parlaimintí náisiúnta ábhair imní in iúl i ndáil leis sin ach i líon an-bheag cásanna. Ghlac siad páirt san idirphlé polaitiúil i scríbhinn agus ó bhéal leis an gCoimisiún maidir le raon leathan ábhar, agus i gcruinnithe idirpharlaiminteacha arna n-óstáil ag Parlaimint na hEorpa.
An caidreamh idir na hinstitiúidí eile agus an tOmbudsman Eorpach - oscail i dtáb nua., lean sé de bheith go maith agus an-chuiditheach. Is é an Coimisiún príomhsheolaí fhiosrúcháin an Ombudsman fós mar an institiúid is mó a bhíonn ag déileáil leis an bpobal go díreach. In 2023, rinne an Coimisiún thart ar thrí cheathrú de mholtaí an Ombudsman a chur chun feidhme, agus ba an-annamh a bhí cásanna drochriaracháin ann.
Ina cháil mar chaomhnóir ar airgeadas an Aontais, rinne Cúirt Iniúchóirí na hEorpa sraith iniúchtaí airgeadais agus feidhmíochta, i réimsí ar nós NextGenerationEU (an ciste téarnaimh paindéime), iomaíochas eacnamaíoch an Aontais, athléimneacht i gcoinne bagairtí slándála, urraim do luachanna Eorpacha, an athraithe aeráide agus an chomhraic in aghaidh na calaoise. Mar phríomhiniúchaí na Cúirte, ghlac an Coimisiún le formhór mór na moltaí a díríodh air, chun a áirithiú go mbailítear cistí an Aontais agus go gcaitear iad i gcomhréir leis na rialacha ábhartha agus go mbainfidh siad amach na torthaí beartaithe.
Is iad an trédhearcacht, an t-ionracas agus an chuntasacht na príomhthréithe a bhaineann le daonlathas atá bunaithe ar an smacht reachta. Cuireann siad dea-rialachas chun cinn agus cothaíonn siad muinín sa phróiseas ceaptha beartas. Is uirlisí polaitiúla thar a bheith tábhachtach iad freisin chun an t-éilliú a chosc. Chuir an Pharlaimint sraith athchóirithe - oscail i dtáb nua. chun feidhme in 2023 tar éis líomhaintí maidir le héilliú agus Feisire de Pharlaimint na hEorpa a bheith gafa ina dhiaidh sin ag deireadh 2022. Ba é ab aidhm do na hathchóirithe sin sláine, neamhspleáchas agus cuntasacht na Parlaiminte a neartú mar bhealach chun aon chur isteach breise ar a cuid oibre a chosc.
D’fhonn muinín an phobail in institiúidí an Aontais a neartú, thíolaic an Coimisiún togra - oscail i dtáb nua. maidir le comhlacht eitice idirinstitiúideach i mí an Mheithimh, agus é d’aidhm aige caighdeáin choiteanna um iompar eiticiúil na gcomhaltaí a bhunú mar aon le sásra foirmiúil comhair agus malartaithe um cheanglais eiticiúla. D’iarr an Coimisiún ar institiúidí uile an Aontais (an Pharlaimint, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle, an Chúirt Bhreithiúnais, an Banc Ceannais Eorpach agus an Chúirt Iniúchóirí, mar aon le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún) tús a chur leis an gcaibidlíocht agus d’eagraigh sé na chéad chruinnithe polaitiúla agus teicniúla maidir le comhaontú féideartha.
I mí an Mheithimh, rinne an Banc Ceannais Eorpach a shocruithe cuntasachta - oscail i dtáb nua. leis an bParlaimint a chur ar bhonn foirmiúil. Tá an t-idirphlé idir an Banc Ceannais agus an Pharlaimint ríthábhachtach i ndáil leis sin. Cuireann sé ar a chumas don Bhanc a ghníomhaíochtaí agus a bheartais a mhíniú go mion d’ionadaithe tofa shaoránaigh an Aontais, agus éisteacht lena n-ábhair imní. Ar an gcaoi sin, is féidir le saoránaigh agus a n-ionadaithe breithiúnas a thabhairt ar fheidhmíocht an Bhainc i bhfianaise an phríomhchuspóra atá aige, is é sin cobhsaíocht praghsanna a choinneáil ar bun.
Rialáil Níos Fearr
Is é clár oibre an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr - oscail i dtáb nua. croílár a chuid oibre chun iomaíochas agus athléimneacht an Aontais a chinntiú trí rialáil níos cliste, níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí. Cuireann sé sin le creat cruthaithe atá aitheanta - oscail i dtáb nua. ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta.
In 2023, gheall - oscail i dtáb nua. an Coimisiún an t-ualach a bhaineann leis na ceanglais tuairiscithe a laghdú faoi 25 % le himeacht ama. Chuir sé 41 thionscnamh chun cinn ina chlár oibre - oscail i dtáb nua.. Fágann sé sin gur tosaíocht é na ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú, ar ceanglais iad a chuireann ualaí díréireacha ar ghnólachtaí nó ar údaráis riaracháin. Is é is aidhm dó sin an t-ualach riaracháin a laghdú gan dochar a dhéanamh do chuspóirí beartais, sin ná caighdeáin shóisialta, eacnamaíocha, chomhshaoil nó aon chaighdeán eile a ísliú, cosaint tomhaltóirí san áireamh. Fuarthas 200 aighneacht ó ghnólachtaí, ó údaráis phoiblí, ón tsochaí shibhialta agus ó shaoránaigh i nglao tiomnaithe ar fhianaise, rud a chuirfidh bonn eolais faoin bpróiseas.
Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh (ar chlé), agus Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa (ar dheis), ag síniú na socruithe cuntasachta, an Bhruiséil, an Bheilg, an 5 Meitheamh 2023.
Ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú agus a shimpliú
Leagann an ghrafaic eolais amach an chaoi a ndéanfar ceanglais tuairiscithe an Aontais a chuíchóiriú agus a shimpliú agus tugann sí samplaí den straitéis sin.
Cur síos fada. Tá roinnt príomhchéimeanna ag baint leis an gcuspóir maidir le ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú agus a shimpliú. Is é an chéad chéim fáil réidh le gnéithe tuairiscithe atá as dáta, mar shampla na cinn a bhfuil úsáidteacht theoranta ag baint leo. Tacaíonn an iarracht sin le nuachóiriú an phróisis tuairiscithe trí dhigitiú a chur i bhfeidhm agus trí theicneolaíocht nua chun sonraí a bhailiú ar bhealach níos éifeachtaí. Ina theannta sin, sa straitéis iarrtar laghdú ar mhinicíocht an tuairiscithe, dualgais chomhchosúla a chumasc, laghdú ar an líon gnólachtaí a ndéantar difear dóibh agus go leor ama a thabhairt do na páirtithe leasmhara iad féin a chur in oiriúint do na ceanglais nua.
Tá roinnt tograí ann a léiríonn an straitéis ag obair. Tá Cód Custaim an Aontais ceaptha chun comhéadan comhaontaithe de chuid an Aontais a chruthú le haghaidh tuairisciú, rud a mheastar a éascóidh athúsáid sonraí agus a dhéanfaidh €2 bhilliún a choigilt. Leis an Treoir athbhreithnithe maidir le hIompar Comhcheangailte féachtar le nósanna imeachta a shimpliú, mar shampla trí úsáid a bhaint as ardáin sonraí iompair dhigitigh chun incháilitheacht a dheimhniú, agus meastar go ndéanfar €430 milliún a choigilt. Tríd na tairseacha a choigeartú sa Treoir Chuntasaíochta, féachtar leis an ualach tuairiscithe a laghdú ar bhonn ginearálta, rud a d’fhéadfadh dul chun tairbhe do bhreis agus 1 mhilliún cuideachtaí. Ar deireadh, is é an sprioc atá le réiteach díospóidí malartach gearradh siar ar oibleagáidí áirithe maidir le nochtadh agus bogadh i dtreo ardán ar líne, agus meastar go ndéanfar thart ar €630 milliún a choigilt.
Samplaí
Togra
Aidhm
Coigiltis/sochair a bhfuil coinne leo
Cód Custaim athchóirithe an Aontais
Comhéadan aonair de chuid an Aontais a chruthú agus athúsáid sonraí a éascú
€2 bhilliún
Treoir Athbhreithnithe maidir le hIompar Comhcheangailte
Nósanna imeachta a shimpliú (e.g. ardáin sonraí iompair dhigitigh a úsáid ar mhaithe le cruthúnas incháilitheachta)
€430 milliún
Tairseacha na Treorach Cuntasaíochta Coigeartaithe
Ceanglais tuairiscithe a laghdú
Meastar go mbainfidh níos mó ná 1 mhilliún cuideachta tairbhe as
Réiteach malartach díospóidí
Roinnt oibleagáidí maidir le nochtadh a bhaint agus an t-ardán ar líne a ionadú
Thart ar €630 milliún
Lean an Coimisiún den chur chuige ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ a chur chun feidhme, rud a chinntíonn go ndéantar aon ualach a tugadh isteach le déanaí a fhritháireamh le hualach coibhéiseach sa réimse beartais céanna a bhaint. Comhlánaíonn an cur chuige sin clár an Choimisiúin um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála - oscail i dtáb nua., clár trína bhféachann an Coimisiún le rómhaorlathas agus costais neamhriachtanacha a shainaithint agus a bhaint go córasach aon uair a dhéantar athbhreithniú agus meastóireacht ar reachtaíocht an Aontais.
Maroš Šefčovič, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar an gComhaontú Glas don Eoraip, an Caidreamh Idirinstitiúideach agus Fadbhreathnaitheacht, ag an ochtú cruinniú iomlánach den Ardán ‘Réidh don Todhchaí’, an Bhruiséil, an Bheilg, an 28 Samhain 2023. Tacaíonn an sainghrúpa ardleibhéil seo leis an gCoimisiún agus é ag iarraidh dlíthe an Aontais a shimpliú agus costais neamhriachtanacha a laghdú.
An comhar riaracháin a neartú
Bíonn riaracháin phoiblí náisiúnta éifeachtúla criticiúil le go dtiocfaidh beartais an Aontais agus na beartais náisiúnta ar an saol; athchóirithe a chur chun feidhme a rachaidh chun tairbhe do dhaoine agus do ghnólachtaí araon; agus infheistíocht a dhíriú chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach agus iomaíochas níos fearr a bhaint amach. D’fhonn feabhas a chur ar an spás riaracháin Eorpach, cuirtear tacar nua prionsabal ar fáil leis an tionscnamh ComPAct - oscail i dtáb nua. chun cuidiú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar bhearnaí scileanna agus an sprioc a bhaint amach go mbeidh 100 % de phríomhsheirbhísí poiblí inrochtana ar líne faoi 2030. Leis sin, beidh geilleagair agus sochaithe an Aontais in ann spriocanna uaillmhianacha aeráide agus fuinnimh 2030 a bhaint amach, agus fágfaidh sé sin nach mbeidh riaracháin phoiblí an Aontais chomh maorlathach, go mbeidh siad níos tapúla maidir le seirbhísí a sholáthar, agus go mbeidh siad níos trédhearcaí agus níos gaire do na daoine. I ndáil leis sin, ba gharsprioc thábhachtach é an comhaontú - oscail i dtáb nua. maidir leis an nGníomh um Eoraip Idir-inoibritheach i mí na Samhna i dtaobh spriocanna digiteacha 2030 - oscail i dtáb nua. an Aontais a bhaint amach (féach Caibidil 5). A luaithe a ghlacfar an gníomh, tabharfar an malartú faisnéise in earnáil phoiblí an Aontais go dtí an chéad leibhéal eile agus cuirfear dlús le claochlú digiteach na hearnála.
Fadbhreathnaitheacht straitéiseach
Chun go seasfaidh a bheartais an aimsir i gcomhthéacs domhanda atá ag éirí níos casta, tá fadbhreathnaitheacht á leabú de réir a chéile ag an Aontas sa cheapadh beartas a dhéanann sé. Déantar cásanna, treochtaí agus rioscaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus saincheisteanna atá ag teacht chun cinn a fhiosrú, rud a thugann léargas atá úsáideach sa phleanáil straitéiseach agus sa cheapadh beartais, i gcomhréir leis an mbosca uirlisí um Rialáil Níos Fearr. I ndeireadh na dála, cuideoidh an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach leis an Aontas na riachtanais a bheidh ann amach anseo a thuar agus freagairt níos fearr a thabhairt orthu agus ar fhorbairtí díobhálacha agus géarchéimeanna casta gan choinne murach sin, mar atá feicthe againn le blianta beaga anuas.
I dTuarascáil 2023 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach - oscail i dtáb nua., rinneadh anailís ar na dúshláin shóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann leis an inbhuanaitheacht a bhaint amach agus folláine daoine a chothabháil. Tugadh léargas sa tuarascáil sin freisin ar an gcaoi ar féidir leis an Aontas a cheannaireacht dhomhanda a neartú trí bhainistiú rathúil na ndúshlán sin. Sa tuarascáil sin moltar 120 réimse nithiúla le haghaidh gníomhaíochta agus cuirtear i láthair inti na chéad torthaí ón scéim phíolótach maidir leis an gcur chuige ‘táscairí taobh amuigh de OTI - oscail i dtáb nua.’, cur chuige a bhfuil sé d’aidhm aige tacú le táscairí dul chun cinn a fhorbairt atá níos cuimsithí ó thaobh gnéithe comhshaoil agus sóisialta de.
Le linn na bliana, rinne an Coimisiún tuilleadh forbartha ar a chomhar leis na Ballstáit tríd an Líonra Fadbhreathnaitheachta uile-Aontais - oscail i dtáb nua., rud a bunaíodh in 2021 agus a chuir leis an spéis agus an infheistíocht san fhadbhreathnaitheacht straitéiseach ar an leibhéal náisiúnta. Cuidíonn an líonra le plé níos leithne ar leibhéal an Aontais freisin, amhail an obair ar thuarascáil Resilient EU2030 - oscail i dtáb nua. le linn Uachtaránacht na Spáinne ar an gComhairle agus an dearbhú - oscail i dtáb nua. a d’eascair as an gComhairle Eorpach in Granada na Spáinne.
Sa Chóras Eorpach um Anailís Straitéiseach agus Beartais, tugtar le chéile naoi n-institiúid agus comhlacht de chuid an Aontais chun rioscaí agus deiseanna amach anseo a thuar. In 2023 bhain an comhar le hullmhú na Tuarascála nua maidir le Treochtaí Domhanda - oscail i dtáb nua. atá foilsiú go luath in 2024.
Deich réimse le haghaidh gníomhaíochta chun inbhuanaitheacht a bhaint amach
Bosca uirlisí an Aontais maidir le hullmhacht agus freagairt i gcomhair géarchéimeanna a threisiú
Conradh sóisialta Eorpach nua
Daonlathas níos láidre trí ghníomhaireacht agus cothroime na saoránach
Rannpháirtíocht mhéadaithe i margadh an tsaothair agus béim ar scileanna amach anseo
Beartas agus táscairí eacnamaíocha a aistriú i dtreo folláine chuimsitheach inbhuanaithe
An Margadh Aonair a ghiaráil chun tacú le geilleagar glan-nialasach
Nasc níos láidre idir beartais inmheánacha agus sheachtracha an Aontais
Athrú ar tháirgeadh agus ar thomhaltas i dtreo na hinbhuanaitheachta
Buiséid phoiblí atá in oiriúint don inbhuanaitheacht
Eoraip na hinfheistíochta a chruthú trí shreafaí príobháideacha a mhéadú
An daonlathas a neartú
An smacht reachta a choimirciú
Agus cogadh foghach na Rúise faoin Úcráin fós ag leanúint ar aghaidh, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar an daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta a chosaint agus a chaomhnú go réamhghníomhach, san Aontas agus níos faide i gcéin. Cuireadh go mór leis an méid sin i dTuarascáil 2023 maidir leis an Smacht Reachta - oscail i dtáb nua., inar léiríodh gur tugadh aghaidh go hiomlán nó go páirteach ar 65 % de na moltaí maidir leis an smacht reachta a eisíodh do na Ballstáit in 2022. Léiríonn sé sin na hiarrachtaí móra atá á ndéanamh sna Ballstáit chun tabhairt faoi na hathchóirithe is gá chun an smacht reachta a neartú i gceithre phríomhréimse: an córas ceartais, an creat frithéillithe, iolrachas na meán agus saoirse. I bhfianaise na dtorthaí dearfacha sna Ballstáit, d’fhógair - oscail i dtáb nua. an Coimisiún in 2023 go n-osclódh sé an Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta do na tíortha aontachais atá níos faide chun tosaigh chun tacú leo ina n-iarrachtaí athchóirithe.
Trasnaíocht eachtrach ar chórais dhaonlathacha
Aontaíonn 81 %
de mhuintir an Aontais gur fadhb thromchúiseach í trasnaíocht eachtrach ar cheart aghaidh a thabhairt uirthi
Aontaíonn 81 %
de mhuintir an Aontais gur cheart eintitis a dhéanann ionadaíocht thar ceann rialtais eachtracha ar chríoch an Aontais a chlárú chun cur isteach ceilte a chosc
Ról na sochaí sibhialta maidir le daonlathas a chur chun cinn agus a chosaint
Measann 87 %
de mhuintir an Aontais go bhfuil ról tábhachtach ag an tsochaí shibhialta maidir leis an daonlathas a chosaint agus maidir leis an díospóireacht dhaonlathach a chur chun cinn
de mhuintir an Aontais buartha go bhféadfaí cinntí vótála a bhunú ar bhréagaisnéis
Tá imní ar 72 %
de mhuintir an Aontais go bhféadfaí toghcháin san Aontas a ionramháil trí chibirionsaithe
Tá 70 %
de mhuintir an Aontais buartha go bhféadfaí tíortha eachtracha tionchar a imirt faoi cheilt ar thoghcháin
Tá imní ar 65 %
de mhuintir an Aontais go mb’fhéidir go gcuirfí brú orthu vóta a chaitheamh ar bhealach áirithe
Tá imní ar 63 %
de mhuintir an Aontais go bhféadfaí torthaí an toghcháin a ionramháil
Tá imní ar 53 %
de mhuintir an Aontais go mbeadh daoine nach bhfuil i dteideal vóta a chaitheamh ag vótáil
An daonlathas a chosaint
I ndaonlathas atá folláin agus faoi bhláth, is féidir le saoránaigh a gcuid tuairimí a chur in iúl gan srian, a gceannairí polaitiúla a roghnú agus tionchar a imirt ar a dtodhchaí féin. Tá an daonlathas san Aontas láidir, ach tá dúshláin le sárú ina leith mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar an antoisceachas, ar chur isteach ar thoghcháin, ar scaipeadh faisnéise ionramhála agus ar bhagairtí i gcoinne iriseoirí.
Thángthas ar chomhaontú polaitiúil freisin i ndáil leis na rialacha nua - oscail i dtáb nua. maidir le trédhearcacht na fógraíochta polaitiúla, rialacha lena mbaineann gá le fógraí polaitiúla a lipéadú go soiléir agus ar ina leith nach mór eolas amhail cé a d’íoc astu agus cé mhéad a caitheadh orthu a bheith san áireamh orthu féin; cén próiseas toghcháin, reifrinn nó rialála a bhfuil siad nasctha leis; agus an bhfuil siad spriocdhírithe.
Toghcháin shaora chóra a chur chun cinn, an smacht reachta a áirithiú agus saoirse na meán a ráthú, is bunchlocha iad sin uile chun spás a chruthú ina mothaíonn gach saoránach saor agus cumhachtaithe.
Toghcháin na hEorpa
Déanann an Líonra Comhair Eorpach um Thoghcháin - oscail i dtáb nua. malartuithe nithiúla praiticiúla a chur chun cinn maidir le raon ábhar atá ábhartha chun saorthoghcháin chóra a áirithiú, agus an chibearshlándáil san áireamh. Leanfaidh an líonra ag tacú leis an gcomhar idir údaráis na mBallstát agus thoghcháin Eorpacha 2024 ag druidim linn.
FÍSEÁN Teachtaireacht físeáin ó Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, maidir leis na toghcháin Eorpacha ón 6 go dtí an 9 Meitheamh 2024.
Saoirse na meán
In 2023 thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán - oscail i dtáb nua., sraith nua rialacha chun cosaint níos fearr a thabhairt do na meáin agus d’iriseoirí ar chur isteach polaitiúil agus chun a áirithiú gur fusa do na meáin feidhmiú thar theorainneacha. Sa ghníomh sin moltar Bord Eorpach um Sheirbhísí Meán a bheadh nua agus neamhspleách agus ar a mbeadh rialtóirí nó comhlachtaí náisiúnta meán, chun comhar a neartú ar leibhéal an Aontais, cuir i gcás i gcoinne bolscaireacht eachtrach, agus chun cuidiú le cur chun feidhme na rialacha nua.
Thángthas ar chomhaontú freisin maidir leis na rialacha nua - oscail i dtáb nua. chun cosaint a thabhairt d’iriseoirí, do chosantóirí ceart, d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus do dhaoine eile a bhfuil cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail dírithe orthu. Sna rialacha nua beidh díbhe luath éileamh gan bhunús, leigheasanna ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha agus cosaint ar bhreithiúnais eachtracha nach n-aithneofar ná nach bhforfheidhmeofar san Aontas san áireamh.
Rinne an tionscadal Free Media Hub EAST - oscail i dtáb nua. atá faoi stiúir ag Prague Civil Society Centre - oscail i dtáb nua. agus a fhaigheann tacaíocht ón gCoimisiún dámhadh os cionn €2.2 milliún i ndeontais in 2023 chun tacaíocht a thabhairt do na meáin neamhspleácha sa Bhealarúis agus sa Rúis atá ann agus bunaithe cheana agus atá ag obair san Aontas (go príomha sa tSeicia, sa Ghearmáin, sa Laitvia, sa Liotuáin agus sa Pholainn).
Tá an tAontas tiomanta aird níos mó a thabhairt ar shaoránaigh agus ar pháirtithe leasmhara. Bealach eile chun cuidiú leis an Aontas a bheith níos trédhearcaí, níos cuntasaí agus níos éifeachtaí is ea próisis ceaptha beartas a oscailt don phobal.
Le roinnt blianta anuas, neartaigh an Coimisiún a ghníomhaíochtaí comhairliúcháin a thuilleadh tríd an tairseach Cloisimis Uait - oscail i dtáb nua., arb é an leathanach láraithe é le haghaidh gach píosa aiseolais agus ionchuir ó shaoránaigh agus ó pháirtithe leasmhara. Is féidir ionchur a chur ar fáil maidir le glaonna ar fhianaise, tograí a glacadh agus dréachtghníomhartha. Chun teagmháil a dhéanamh le níos mó daoine, tá an Coimisiún tar éis an líon comhairliúchán a aistrítear go teangacha oifigiúla uile an Aontais a mhéadú (ó 59 % de na comhairliúcháin phoiblí a aistríodh in 2019 go 83 % in 2023).
Painéil Saoránach
Idir mí na Nollag 2022 agus mí Aibreáin 2023 d’eagraigh an Coimisiún an chéad sraith de ghlúin nua na bPainéal Saoránach - oscail i dtáb nua., lenar daingníodh an fhormáid nua sin de rannpháirtíocht na saoránach sa phróiseas ceaptha beartas. Ag tógáil ar an taithí a fuarthas le linn na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, agus ag freagairt do na hacainaíocha a rinneadh le linn na comhdhála, tugann na painéil deis do 150 saoránach a roghnaítear go randamach plé a dhéanamh agus moltaí a dhéanamh roimh thograí ón gCoimisiún.
Phléigh na painéil na tionscnaimh maidir le cur amú bia, domhain fhíorúla agus soghluaisteacht foghlama. Cuireadh na moltaí le chéile i dtuarascálacha ó na saoránaigh a bhí mar bhonn le hullmhú na dtograí deiridh ón gCoimisiún agus a foilsíodh in éineacht leo. Cuireadh tionscnaimh an Choimisiúin ar aghaidh an 5 Iúil (cur amú bia), an 11 Iúil (domhain fhíorúla) agus an 15 Samhain (soghluaisteacht foghlama) faoi seach. Cuireann na Painéil Saoránach nua leis an bpróiseas comhairliúcháin níos leithne, comhairliúcháin trína mbailíonn an Coimisiún fianaise ó shaoránaigh agus ó pháirtithe leasmhara.
Dubravka Šuica, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach as Daonlathas agus Déimeagrafaíocht, ag an bPainéal Saoránach Eorpach ar an saol fíorúil, an Bhruiséil, an Bheilg, an 11 Iúil 2023.
Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh
I mí Aibreáin chláraigh an Coimisiún an 100ú Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh - oscail i dtáb nua. ó tugadh isteach iad in 2012. Le linn na bliana ina hiomláine, chláraigh an Coimisiún 37 dtionscnamh nua lena n-iarrtar gníomhaíocht ón Aontas i réimsí éagsúla, amhail an chaoi a gcaitear le himircigh ar bhealach díniteach, leas ainmhithe, líonraí iarnróid, cánachas, caomhnú chultúr na hÚcráine agus oideachas maidir le saoránacht an Aontais.
In 2023 thug an Coimisiún freagra freisin ar cheithre thionscnamh rathúla, inar iarradh go laghdófaí úsáid lotnaidicídí, go gcuirfí deireadh le trádáil eití scaoilte siorcanna, go gcuirfí deireadh le tástáil ar ainmhithe agus go gcuirfí toirmeasc ar tháirgeadh agus ar thrádáil fionnaidh. Go dtí seo, tá níos mó ná 1 mhilliún ráiteas tacaíochta faighte ag 10 dtionscnamh ó bhí 2012 ann.
Sa tuarascáil ó 2023 - comhad PDF – oscail i dtáb nua. ar rialacha nua maidir le Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh, rialacha atá i bhfeidhm ó bhí 2020 ann, léirítear go gcuireann siad creat atá níos inrochtana agus níos éasca le húsáid, agus lena mbaineann ualach níos lú, ar fáil d’eagraithe agus do thacadóirí. Moltar sa tuarascáil freisin feabhsuithe praiticiúla maidir le conas feasacht ghinearálta a mhéadú agus saoránaigh a chur ar an eolas faoin gceart atá acu an Tionscnamh ó na Saoránaigh a úsáid, agus conas obair leantach níos infheicthe a chur ar fáil maidir le tionscnaimh rathúla.
Cearta na saoránach a neartú
Tá saoránacht an Aontais ar cheann de na héachtaí is suntasaí atá ag an Aontas Eorpach. Chun comóradh 30 bliain shaoránacht an Aontais a cheiliúradh, mhol an Coimisiún bearta - oscail i dtáb nua. chun cearta saoránachta a neartú, mar aon le treoraíocht do shaoránaigh ina raibh an fhaisnéis is riachtanaí faoina gcearta. I dtuarascáil 2023 maidir le saoránacht an Aontais - oscail i dtáb nua., cuireadh i dtábhacht an dul chun cinn a rinneadh maidir le cearta saoránachta, luachanna coiteanna agus rannpháirtíocht dhaonlathach a chur chun cinn san Aontas ó foilsíodh an tuarascáil dheireanach den sórt sin in 2020.
Leanaí agus daoine óga a chumhachtú
Is leanaí iad beagnach 20 % de shaoránaigh an Aontais. Tá sé de cheart acu a chuid tuairimí a nochtadh maidir le hábhair a bhaineann leo. Le hArdán Rannpháirtíochta Leanaí an Aontais - oscail i dtáb nua. cruthaíodh níos mó deiseanna do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois páirt a ghlacadh sa phróiseas cinnteoireachta in 2023. Tá beagnach 50 eagraíocht a oibríonn go díreach le leanaí ar fud an Aontais ina gcomhaltaí den ardán ó bunaíodh é i mí Dheireadh Fómhair 2022.
I mí an Mheithimh reáchtáladh an chéad Chomhthionól Ginearálta d’Ardán Rannpháirtíochta Leanaí an Aontais sa Bhruiséil, rud a raibh leanaí agus déagóirí ón Aontas Eorpach ina gcomhchathaoirligh air agus a comhchruthaíodh leo. Tháinig thart ar 60 leanbh le chéile chun plé a dhéanamh ar na hábhair — is é sin, an daonlathas, an t-athrú aeráide, an mheabhairshláinte, an tsábháilteacht agus an bhochtaineacht — a stiúrfaidh obair an ardáin ar feadh 3 bliana.
Ceachtanna a foghlaimíodh ag an gcéad Chomhthionól Ginearálta d’Ardán Rannpháirtíochta Leanaí an Aontais.
Le Bliain Eorpach na hÓige - oscail i dtáb nua. 2022, cuireadh daoine óga chun tosaigh ar an gclár oibre polaitiúil ar gach leibhéal agus chuidigh sin le peirspictíocht na hóige a chomhtháthú i réimsí beartais éagsúla. Le Bliain na hÓige, cruthaíodh slógadh agus rannpháirtíocht ar mhórscála, rud a mhúscail feasacht ar dheiseanna an Aontais i measc na milliún daoine óga a ghlac páirt in 13 000 gníomhaíocht ar fud 67 dtír, trí chláir agus tionscnaimh bheartais éagsúla de chuid an Aontais. Seoladh sraith formáidí nua maidir le rannpháirtíocht don aos óg, ón Ardán Youth Voices - oscail i dtáb nua. agus Youth Talks - oscail i dtáb nua. go dtí an t-idirphlé beartais - oscail i dtáb nua. agus an díorma iriseoirí óga Eorpacha - oscail i dtáb nua.. Breathnaíodh ar fheachtais ar na meáin shóisialta a ritheadh idir mí Feabhra 2022 agus mí na Bealtaine 2023 210 milliún uair, idirghníomhaíodh 10 milliún uair leo, agus shroich siad 91.4 milliún duine.
Chun bheith ina saoránaigh ghníomhacha, ní mór do dhaoine óga tuiscint a bheith acu ar an gcaoi a n-oibríonn an daonlathas agus ar na cearta atá acu agus na freagrachtaí atá orthu. Leis an tsraith straitéisí - oscail i dtáb nua. darb ainm ‘An difear a dhéanann Daonlathas an Aontais’ a foilsíodh i mí na Bealtaine, cuirtear in iúl do dhaltaí an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus spreagtar iad chun ról gníomhach a ghlacadh i saincheisteanna Eorpacha.