In 2023, cuireadh deireadh le stádas COVID-19 mar éigeandáil sláinte dhomhanda faoi dheireadh thiar thall, agus leagadh síos bunchlocha críochnaitheacha an aontais sláinte Eorpaigh. Amach anseo, beidh Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh níos ullmhaithe chun dul i ngleic le géarchéim sláinte poiblí le chéile agus beidh siad in ann sláinte fhisiciúil agus meabhairshláinte a gcuid saoránach a chosaint ar bhealach níos fearr. Neartaigh an tAontas a fhreagairt ar dhúshlán coiteann na himirce tríd an reachtaíocht — mar atá, an comhaontú polaitiúil idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle faoin gComhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann, mar aon le bearta oibríochtúla — agus trí chomhpháirtíochtaí cuimsitheacha le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad. Tháinig an Chróit isteach mar an mBallstát is nuaí i limistéar Schengen in 2023, agus thosaigh sí ag baint tairbhe as na buntáistí iomlána a bhaineann le bheith mar chuid den limistéar saorghluaiseachta is mó ar domhan. Rinne Comhairle an Aontais Eorpaigh an cinneadh suntasach fáilte a chur roimh an mBulgáir agus an Rómáin teacht isteach i limistéar Schengen freisin. Mar thús leis sin, cuirfear deireadh le rialuithe ag teorainneacha aeir agus farraige ag deireadh mhí an Mhárta 2024. Ina theannta sin, ghlac an tAontas céimeanna cuimsitheacha chun a chuid saoránach a chosaint ar bhagairtí laistigh dá theorainneacha agus lasmuigh díobh.
Na hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh i scoil sa Fhrainc agus ar shráideanna na Bruiséile i mí Dheireadh Fómhair 2023, ba mheabhrú géar iad ar a phráinní atá sé leanúint d’ollstruchtúr slándála an Aontais a oiriúnú agus a threisiú. Comhaontaíodh roinnt beart le linn na bliana chun bheith ina gcuidiú an choireacht eagraithe, an sceimhlitheoireacht, an gháinneáil ar dhaoine, an gháinneáil ar dhrugaí agus an t-éilliú a chomhrac.
D’áitigh an Coimisiún ar na Ballstáit na céimeanna is gá a ghlacadh freisin chun a chinntiú go gcomhlíonfar an Rialachán maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne - oscail i dtáb nua. ina iomláine, rialachán lena gcuirtear d’oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas laistigh d’uair an chloig tar éis ordú baint anuas a fháil ó údaráis na mBallstát. Foilsíodh sraith moltaí - oscail i dtáb nua. I mí Dheireadh Fómhair chun comhordú a dhéanamh ar fhreagairt na mBallstát ar scaipeadh agus ar mhéadú ábhair neamhdhleathaigh, ábhar sceimhlitheoireachta nó fuathchaint neamhdhleathach cuir i gcás, sular féidir leis a bheith ina bhagairt thromchúiseach ar an tslándáil phoiblí. (Féach Caibidil 5 chun tuilleadh sonraí a fháil.)
Tá an tAontas tiomanta dlús a chur leis an ngníomhaíocht in aghaidh gach cineáil fuatha. I ndiaidh an mhéadaithe atá tagtha ar an bhfuathchaint agus ar an bhfuachoireacht, agus iad dírithe ar phobail na nGiúdach agus na Moslamach go háirithe, sheol an Coimisiún Eorpach, in éineacht le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Josep Borrell, glao ar ghníomhaíocht - oscail i dtáb nua. le haghaidh mhuintir uile na hEorpa chun seasamh in aghaidh an fhuatha agus chun labhairt amach ar son na caoinfhulaingthe agus an mheasa. Leis an teachtaireacht chomhpháirteach, tá an tAontas ag neartú gníomhaíochta ar fud réimsí beartais ar nós na slándála, an digitithe, an oideachais, an chultúir agus an spóirt. San áireamh leis sin tá maoiniú breise chun ionaid adhartha a chosaint, agus ainmneofar toscairí d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as beartais an Aontais chun an fuath a chomhrac.
Bíonn daoine agus gnólachtaí san Aontas ag brath ar bhonneagar criticiúil chun seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil. I dtimpeallacht slándála agus gheopholaitiúil atá ag éirí níos casta, tá an tAontas ag gníomhú chun leochaileachtaí a laghdú agus chun an athléimneacht a mhéadú sa réimse sin. Ghlac an Coimisiún liosta de sheirbhísí fíor-riachtanacha - oscail i dtáb nua. atá nasctha le bonneagar criticiúil, liosta atá le measúnú ag na Ballstáit. Tá Treoirphlean maidir le Bonneagar Criticiúil - oscail i dtáb nua. molta ag an gCoimisiún freisin chun comhordú a neartú ar leibhéal an Aontais ar mhaithe le freagairt do theagmhais shuntasacha trasteorann.
Ylva Johansson, an Coimisinéir Eorpach um Ghnóthaí Baile, ag freagairt ceisteanna iriseoirí ag Calafort Antuairp i bhfianaise an mhéadaithe leanúnaigh ar líon an chócaon a gabhadh ag an gcalafort, an Bheilg, an 7 Feabhra 2023.
Dlús a chur leis an gcomhrac in aghaidh na gáinneála ar dhrugaí
Tá an gháinneáil ar dhrugaí thar a bheith brabúsach do choirpigh, mar a léiríonn an méadú nach bhfacthas riamh roimhe seo ar na drugaí aindleathacha atá ar fáil san Eoraip, sin agus na hurghabhálacha drugaí san Aontas atá ag tarlú níos minice ná riamh. Tá tionchar na líonraí coiriúla a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí aindleathacha le brath ar fud na bpobal — agus na ngeilleagar — agus éilíonn sé freagairt choiteann chomhordaithe ó rialtais, ó ghníomhaithe forfheidhmithe dlí agus ó ghníomhaithe príobháideacha i bpríomhearnálacha.
Is ionann brabús measta na coireachta eagraithe ó ghníomhaíochtaí aindleathacha, gáinneáil ar dhrugaí ina measc, agus thart ar €139 billiún in aghaidh na bliana, arb ionann é agus 1 % d’olltáirgeacht intíre an Aontais.
Tá nasc díreach idir 50 % de na dúnbhásuithe ar fad san Eoraip agus gáinneáil ar dhrugaí.
Déantar 70 % de na hurghabhálacha drugaí uile san Aontas i gcalafoirt.
Tá 40 % de na líonraí coiriúla atá gníomhach san Aontas páirteach i dtrádáil drugaí neamhdhleathacha.
Tháinig méadú416 % ar mhargadh cócaoin na hEorpa idir 2011 agus 2021.
Fuair 6 200duine bás ó ródháileoga drugaí in 2021 san Aontas.
Treochlár nua an Aontais chun gáinneáil ar dhrugaí agus coireacht eagraithe a chomhrac
Athléimneacht na gcalafort i gcoinne gáinneáil ar dhrugaí agus insíothlú coiriúil a mhéadú.
Líonraí coiriúla ardriosca a dhíchóimeáil trí bhíthin imscrúduithe níos comhordaithe agus trí fholáirimh Chóras Faisnéise Schengen a úsáid.
Bearta chun an choireacht eagraithe a chosc trí dhea-chleachtais a mhalartú idir na Ballstáit.
Oibriú le comhpháirtithe idirnáisiúnta, in Iarthar na hAfraice, i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib san áireamh.
Ina theannta sin, tá sainordú na bpríomhghníomhaithe á neartú ag an Aontas sa chomhrac in aghaidh na gáinneála ar dhrugaí, mar shampla trí Ghníomhaireacht nua an Aontais um Dhrugaí - oscail i dtáb nua. a bhunú in 2024. Forbróidh an ghníomhaireacht córas Eorpach um fholáireamh drugaí chun na húdaráis náisiúnta a chur ar an eolas go tapa faoi shubstaintí contúirteacha nua atá ag teacht isteach sa mhargadh. Mhéadaigh an tAontas an maoiniú le haghaidh an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gcoinne Bagairtí Coireacht - oscail i dtáb nua.a freisin, rud a raibh torthaí suntasacha - oscail i dtáb nua. ag baint leis. Thairis sin, leanann an tAontas de bheith ag infheistiú i réitigh nuálacha le haghaidh gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí chun cabhrú leo coinneáil bord ar bhord leis an athrú teicneolaíoch, sin agus a bheith éifeachtach i gcónaí agus iad ag cosaint saoránach sa lá atá inniu ann agus amach anseo.
Is bagairt ar an tslándáil é an t-éilliú, ós rud é go gcumasaíonn sé an choireacht eagraithe, an sceimhlitheoireacht agus cineálacha eile coireachta, sciúradh airgid agus gáinneáil ar dhrugaí ina measc, agus ós rud é go spreagann sé na cineálacha coireachta sin. In 2023, mhol an Coimisiún reachtaíocht nua - oscail i dtáb nua. chun an t-éilliú a chomhrac agus sheol sé líonra AE in aghaidh an éillithe. - oscail i dtáb nua. Ina theannta sin, le rialacha nua - oscail i dtáb nua. maidir le rochtain ar fhaisnéis airgeadais arna gcomhaontú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i mí an Mheithimh, tabharfar rochtain thapa d’údaráis forfheidhmithe dlí ar fhaisnéis faoi na cuntais ina ndéanann coirpigh agus sceimhlitheoirí a gcuid cistí nó sócmhainní a choimeád nó a cheilt.
Sa mhí chéanna, ghlac an tAontas rialacha nua - oscail i dtáb nua. chun é a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’údaráis bhreithiúnacha an fhianaise leictreonach a theastaíonn uathu a fháil chun coirpigh a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Ciallaíonn sé sin go mbeidh údarás breithiúnach i mBallstát amháin in ann fianaise leictreonach a fháil ó sholáthraí seirbhíse (cuideachtaí teileachumarsáide nó cuideachtaí meán sóisialta, cuir i gcás) nó óna ionadaí dlíthiúil i mBallstát eile.
Baineann 85 % d’imscrúduithe coiriúla le sonraí digiteacha.
Déantar iarraidh trasteorann ar r-fhianaise i mbreis agus 50 % de na himscrúduithe coiriúla uile.
Ba é an meán-am a bhí ag teastáil chun fianaise leictreonach a fháil 10 mí le haghaidh nósanna imeachta um chúnamh dlíthiúil frithpháirteach agus 120 lá i gcás Orduithe Imscrúdaithe Eorpacha.
Leis na rialacha nua (éifeachtach ó 2026 ar aghaidh), beidh an t-am is gá chun fianaise leictreonach a fháil níos lú ná 10 lá, agus i gcásanna éigeandála níos lú ná 8 n-uaire an chloig.
Dul chun cinn a dhéanamh i dtreo beartas nua imirce
Tá an Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann - oscail i dtáb nua. ceaptha chun an imirce a bhainistiú agus a normalú san fhadtéarma, rud a thugann cinnteacht agus dálaí cuibhiúla do dhaoine atá ag teacht isteach san Aontas. Féachann sé freisin le cur chuige coiteann AE a bhunú i leith na himirce agus an tearmainn, bunaithe ar dhlúthpháirtíocht, freagracht agus meas ar chearta an duine.
I mí na Nollag, tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cúig cinn de phríomhthograí an chomhshocraith - oscail i dtáb nua.. Beidh an comhshocrú i bhfeidhm nuair a ghlacfar na tograí sin go foirmiúil. Leis sin cruthófar creat dlíthiúil a chinnteoidh cothrom na Féinne i measc na mBallstát ó thaobh dlúthpháirtíochta agus freagrachta de, ionas go mbeidh cur chuige éifeachtach cothrom ann i leith bhainistiú na himirce.
An Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann: na príomhthograí a comhaontaíodh in 2023
An Rialachán maidir le Bainistiú Tearmainn agus Imirce
lena mbunaítear sásra nua dlúthpháirtíochta chun cothrom na Féinne a bhaint amach i leith an chórais reatha ina bhfuil roinnt Ballstát freagrach as formhór mór na n-iarratas ar thearmann, agus leagtar amach rialacha soiléire ann maidir le freagracht na n-iarratas ar thearmann.
An Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn
Tugtar aghaidh ar an nós imeachta comhchoiteann nach mór do na Ballstáit a leanúint nuair a bhíonn cosaint idirnáisiúnta á lorg ag daoine, rud a fhágann go mbíonn nósanna imeachta tearmainn, fillte agus teorann níos tapúla agus níos éifeachtaí.
An Rialachán maidir le Géarchéimeanna
Is é is aidhm leis a chinntiú go mbeidh an tAontas Eorpach ullamh amach anseo chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna, ionstraimiú na n-imirceach san áireamh.
Rialachán Eurodac
Cuireann sé bunachar sonraí coiteann i bhfeidhm a bhailíonn le chéile sonraí níos cruinne agus níos iomláine.
Rialachán maidir le Scagadh
Cruthaíonn sé rialacha aonfhoirmeacha maidir le náisiúnaigh nach den Aontas iad a shainaithint ar theacht isteach dóibh, agus an tslándáil a mhéadú laistigh de limistéar Schengen dá réir sin.
Le haghaidh na tréimhse 2021-2027, leithdháil an Coimisiún €11.5 billiún ar na Ballstáit agus ar na tíortha atá comhlachaithe le Schengen le haghaidh clár chun dul i ngleic le dúshláin maidir leis an imirce, bainistiú teorainneacha agus an tslándáil.
Tar éis méadú a theacht ar líon na ndaoine a tháinig isteach ón Afraic Thuaidh ar oileán Lampedusa na hIodáile i mí Mheán Fómhair, leag an tAontas plean 10 bpointe - oscail i dtáb nua. amach ina raibh bearta praiticiúla chun an imirce neamhrialta a laghdú agus chun cúnamh a thabhairt láithreach d’údaráis na hIodáile.
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (an tríú duine ar chlé), Giorgia Meloni, Príomh-Aire na hIodáile (sa tulra, an tríú duine ar dheis), agus Matteo Piantedosi, Aire Gnóthaí Baile na hIodáile (sa tulra, an dara duine ar dheis), le linn a gcuairte ar theophointe na n-imirceach ar oileán Lampedusa, an Iodáil, an 17 Meán Fómhair 2023.
Dul i ngleic leis an imirce neamhrialta
Smuigleáil imirceach a chomhrac
An comhrac in aghaidh smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine agus na nithe sin a chosc, tá siad ar dhá cheann de thosaíochtaí an Aontais, agus iad ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar an imirce neamhrialta ar bhealach cuimsitheach. Tá a fhios ag líonraí smuigleála imirceach an chaoi le leas a bhaint as bealaí éalaithe dlíthiúla agus tá modhanna nua earcaíochta in úsáid acu, na meáin shóisialta agus feidhmchláir mhóibíleacha cuir i gcás. An fhorbairt sin, ar a dtugtar an smuigleáil dhigiteach, is dúshlán nua í d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’údaráis bhreithiúnacha. Is minic a bhíonn smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine idirnasctha: is féidir le líonraí smuigleála dúshaothrú a dhéanamh ar imircigh a feadh na mbealaí nó iad a smuigleáil ar mhaithe le dúshaothrú a dhéanamh orthu nuair a bheidh siad san Eoraip.
Úsáid modhanna iompair tráchtála, d’aer go príomha, chun imirce neamhrialta chuig an Aontas a éascú, tá sé sin tar éis teacht chun cinn de réir a chéile mar modus operandi nua na líonraí smuigleála. Ar mhaithe le haghaidh a thabhairt air sin, ghlac an Coimisiún sraith beart - oscail i dtáb nua. i mí an Mheithimh chun tacú leis na Ballstáit, mar shampla trí fhor-rochtain spriocdhírithe ar oibreoirí iompair.
Is smuigléirí a thugann 90 % de na himircigh neamhrialta isteach.
Thuairiscigh Europol 15 000 smuigléir in 2022.
Tháinig 331 000 iontráil neamhrialta isteach ag teorainneacha seachtracha an Aontais in 2022.
Dúshláin atá ag teacht chun cinn
Is cuid de bhainistiú éifeachtúil imirce é beartas comhordaithe víosaí. Tá socruithe maidir le taisteal gan víosa ag an Aontas le breis agus 60 tír, rud a thugann go leor buntáistí do shaoránaigh ar an dá thaobh, agus do na Ballstáit agus na tíortha comhpháirtíochta freisin. Mar sin féin, baineann dúshláin imirce agus slándála - oscail i dtáb nua. le taisteal gan víosa freisin. Mar shampla, d’fhéadfadh ailíniú neamhleor le beartas víosaí an Aontais mol idirthurais le haghaidh teacht isteach neamhrialta san Aontas a dhéanamh de thír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa. Ina theannta sin, baineann rioscaí slándála le scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí arna n-oibriú ag tíortha lasmuigh den Aontas Eorpach atá díolmhaithe ó cheanglas víosa.
I mí Dheireadh Fómhair, chuir an Coimisiún an séú tuarascáil - oscail i dtáb nua. faoi bhráid na Parlaiminte faoin Sásra lena gcuirtear Tarscaoileadh Víosaí ar Fionraí. Sa tuarascáil, cumhdaítear forbairtí sna tíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa sna Balcáin Thiar agus i gComhpháirtíocht an Oirthir. Dírítear ar thíortha san Aigéan Ciúin agus i Muir Chairib freisin a oibríonn scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí.
Bainistiú teorainneacha a neartú
Cuireadh an chéad Straitéis Eorpach um Bainistiú Teorainneacha - oscail i dtáb nua. riamh i láthair i mí an Mhárta. Cuireann an straitéis creat comhordaithe ar fáil do na húdaráis náisiúnta agus do bhreis agus 120 000 fostaí de chuid na n-údarás teorann náisiúnta agus de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta - oscail i dtáb nua. a oibríonn le chéile chun teorainneacha an Aontais a chosaint. Tagann an chomhfhís sin sna sála ar thréimhse fhada chomhairliúcháin idir na hinstitiúidí. Ina theannta sin, laghdaíonn an straitéis spleáchas ar theicneolaíochtaí criticiúla ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad trí leas a bhaint as na torthaí ar thaighde agus nuálaíocht an Aontais i réimse an bhainistithe teorainneacha.
Ghlac an Coimisiún céimeanna breise le haghaidh córas coiteann an Aontais a fhorbairt chun filleadh na n-imirceach neamhrialta a bhainistiú. I measc na gcéimeanna sin bhí Moladh maidir le hAitheantas Frithpháirteach a thabhairt do Chinntí um Fhilleadh agus Dlús a chur le Fillteacha - oscail i dtáb nua.. Rinne Comhordaitheoir an Aontais um Fhilleadh - oscail i dtáb nua., le tacaíocht ó ionadaithe ó na Ballstáit agus ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, an straitéis oibríochtúil lena dtreoraítear obair an Líonra Ardleibhéil um Fhilleadh a thabhairt chun críche agus chuir sé tús lena cur chun feidhme. Tá an Coimisiún ag obair i gcomhar leis na Ballstáit cheana féin ar ghníomhaíochtaí spriocdhírithe maidir le filleadh. Thuairiscigh na Ballstáit méadú 9 % ar chinntí um fhilleadh a eisíodh do náisiúnaigh nach den Aontas iad idir mí Eanáir agus mí Mheán Fómhair 2023 i gcomparáid leis an tréimhse chéanna an bhliain roimhe sin.
Bealaí sábháilte dleathacha chun na hEorpa
Tá ganntanas scileanna fós ann ar fud an Aontais i raon earnálacha agus ar leibhéil éagsúla scileanna. Is sa bhaile a chuirtear tús le hiarrachtaí an Aontais ganntanais a líonadh, trí leas a bhaint as acmhainneacht lucht saothair an Aontais féin. Chun aghaidh iomlán a thabhairt ar an dúshlán sin agus ar thionchar an athraithe dhéimeagrafaigh, áfach, ní mór don Aontas níos mó a dhéanamh chun scileanna agus tallann a mhealladh ó gach cearn den domhan.
Cur chun feidhme an phacáiste scileanna agus tallainne - oscail i dtáb nua. a glacadh i mí Aibreáin 2022, is cuidiú é sin margadh saothair an Aontais a dhéanamh níos tarraingtí do dhaoine éirimiúla ón gcoigríoch. I measc na mbeart sin tá tograí reachtacha chun próisis iarratais a shimpliú le haghaidh náisiúnaigh nach den Aontas iad agus ar mian leo a bheith ag obair san Aontas. Tá dul chun cinn maith á dhéanamh sa chaibidlíocht: tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil i mí na Nollag 2023 faoin an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cead Aonair - oscail i dtáb nua., agus bhí comhaontú ann faoi nuashonrú ar an Treoir maidir le Cónaitheoirí Fadtéarmacha a bhfuil coinne léi roimh dheireadh shainordú reatha an Choimisiúin.
I mí na Samhna, chuir an Coimisiún pacáiste soghluaisteachta tallainne - oscail i dtáb nua. i láthair ina raibh bearta breise maidir le tallann a mhealladh. Go háirithe, mhol sé Linn Tallainne an Aontais a chruthú, an chéad ardán uile-Aontais chun daoine a mheaitseáil le fostóirí sna Ballstáit, ar daoine nach saoránaigh den Aontas iad agus ar mian leo teacht chuig an Aontas agus obair ann. San áireamh sa phacáiste freisin tá bearta maidir le haitheantas a thabhairt do na cáilíochtaí atá ag náisiúnaigh nach den Aontas iad, sin agus an tsoghluaisteacht foghlama a éascú. Tá comhpháirtíochtaí tallainne á bhforbairt ag an Aontas freisin le príomhthíortha comhpháirtíochta chun comhar comhthairbheach a bhunú maidir le soghluaisteacht agus forbairt scileanna. (Féach Caibidil 5 freisin.)
Méadaíodh limistéar Schengen - oscail i dtáb nua. den chéad uair le breis agus 10 mbliana nuair a tháinig an Chróit isteach sa spás taistil gan teorainneacha an 1 Eanáir 2023, agus ba í an 27ú tír a tháinig isteach ann. Chomh maith le 23 Bhallstát, tá an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis ina mbaill de Schengen freisin. I mí na Nollag, chinn - oscail i dtáb nua. an Chomhairle d’aon toil fáilte a chur roimh an mBulgáir agus an Rómáin teacht isteach i limistéar Schengen. Mar thús leis sin, cuirfear deireadh le rialuithe ag teorainneacha aeir agus farraige ag deireadh mhí an Mhárta 2024. Cuirfidh aontachas an dá thír sin borradh faoin taisteal, faoin trádáil agus faoin turasóireacht, agus déanfaidh sé an Margadh Aonair a dhaingniú a thuilleadh. Leanfar den phlé in 2024 maidir le cinneadh eile chun deireadh a chur le rialuithe ag teorainneacha talún. Agus limistéar Schengen á mhéadú, láidreofar an tAontas Eorpach, mar a leagtar amach i dTuarascáil 2023 ar Staid Schengen. - oscail i dtáb nua.
Tháinig Córas Faisnéise Schengen - oscail i dtáb nua. athnuaite i bhfeidhm in 2023. Cuireann an córas deiseanna breise ar fáil do na Ballstáit tacú le comhar trasteorann agus le malartú faisnéise laistigh de limistéar Schengen. Tar éis dianullmhúchán a bheith déanta ag údaráis na Cipire lena chinntiú go raibh siad réidh chun sonraí Chóras Faisnéise Schengen a phróiseáil, tháinig an Chipir isteach sa chóras i mí Iúil.
Sa lá atá inniu ann, tá cuid mhór páipéarachais i gceist fós leis na próisis víosa a bhaineann le limistéar Schengen, rud a fhágann go mbíonn costais níos airde ann le haghaidh taistealaithe agus na stáit rannpháirteacha araon. In 2023, ghlac an tAontas rialacha nua - oscail i dtáb nua. faoinar féidir na próisis a dhigitiú. Ba bhunsprioc inghnóthaithe é sin i Straitéis Schengen - oscail i dtáb nua. a chuir an Coimisiún i láthair i mí an Mheithimh 2021.
Ceapann 80 % de mhuintir an Aontais go bhfuil sé tábhachtach feabhas a chur ar shlándáil na dteorainneacha.
Ba mhaith le 77 % díobh go mbeadh nósanna imeachta teorann luathaithe ann.
Tá 68 % i bhfabhar doiciméid taistil dhigiteacha agus aontaíonn 72 % díobh go gcuirfear dlús le nósanna imeachta taistil trí úsáid dheonach a bhaint as dintiúir dhigiteacha taistil.
Tháinig rialacha nua an Aontais maidir le cosaint paisinéirí iarnróid - oscail i dtáb nua. i bhfeidhm i mí an Mheithimh. Tá cosaint níos fearr anois ag paisinéirí iarnróid sa chás go gcuirtear isteach ar a gcuid taistil, agus ní mór do chuideachtaí iarnróid eispéireas mín a chinntiú do phaisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Leis an oibleagáid atá ar chuideachtaí iarnróid sonraí tráchta agus taistil fíor-ama a chomhroinnt, réitítear an bealach do thairiscintí ticéad níos iomaíche freisin.
Ina theannta sin, mhol an Coimisiún na cearta paisinéirí atá ann cheana a neartú a thuilleadh - oscail i dtáb nua. i ndáil le gach modh iompair. Díríonn an togra ar fheabhas a chur ar na nithe seo a leanas: forfheidhmiú chearta na bpaisinéirí (forfheidhmiú ginearálta agus sásamh aonair araon), cearta paisinéirí a úsáideann modhanna éagsúla iompair agus aisíocaíocht ar aerthicéid a cheannaítear trí idirghabhálaithe.
Sláinte níos fearr
Plean Sáraithe Ailse na hEorpa
Is é Plean Sáraithe Ailse na hEorpa - oscail i dtáb nua. an tionscnamh is cuimsithí riamh ón Aontais maidir le dul i ngleic leis an ailse, arb í an chúis bháis is mó i measc chónaitheoirí an Aontais atá faoi bhun 65 bliana d’aois. Tá buiséad €4 bhilliún ag an tionscnamh chun tacú le gníomhaíocht.
FÍSEÁN Misean an Aontais um Ailse — Aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ndaoine óga a tháinig slán ón ailse
In 2023, lean an tAontas de bheart a dhéanamh de réir a bhriathair. Seoladh an Tionscnamh Eorpach um Íomháú Ailse - oscail i dtáb nua. i mí Eanáir, arb é is aidhm dó rochtain ar íomhánna leighis agus teicneolaíochtaí digiteacha (an intleacht shaorga cuir i gcás) agus úsáid na nithe sin a éascú chun ailse a bhrath agus aghaidh a thabhairt uirthi ar bhealach níos fearr. I mí Mheán Fómhair, bhain an tionscnamh a chéad gharsprioc mhór amach nuair a seoladh - oscail i dtáb nua. an tArdán Cancer Image Europe - oscail i dtáb nua.. Nascann an t-ardán 36 thacar sonraí d’íomhánna de naoi gcineál ailse (ailse cíche, ailse drólainne, ailse scamhóg, ailse próstataigh, ailse reictim, ailse ae, glióma ponsach intreach idirleata, néarablastóma agus glióblastóma). Tá níos mó ná 200 000 sraith íomhánna bailithe le chéile ann, íomhánna a bhaineann le thart ar 20 000 duine aonair.
Déanfaidh an Tionscnamh Eorpach um Íomháú Ailse an méid seo a leanas:
leas a bhaint as an dul chun cinn atá déanta le déanaí ag córais intleachta saorga agus as an rath atá orthu maidir le cuidiú le gairmithe leighis ailsí a bhrath agus a dhiagnóisiú
tacú le réitigh nuálacha ríomhchuidithe a phíolótú agus a fhorbairt chun cruinneas agus iontaofacht níos fearr a bhaint amach maidir le híomháú ailse agus cúram pearsantaithe, i gcomhréir le cuspóirí Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa
a thaispeáint conas is féidir íomhánna leighis a rochtain, a úsáid agus a chomhthiomsú agus ardleibhéal eitice, muiníne, slándála agus cosanta sonraí pearsanta á n-áirithiú ag an am céanna, i gcomhréir iomlán le luachanna agus rialacha an Aontais
Léirítear - oscail i dtáb nua. sa chéad sraith de Phróifílí Ailse de réir Tíre - oscail i dtáb nua. go gcaitheann na Ballstáit, an Íoslainn agus an Iorua méid suntasach ar chúram ailse (beagnach €170 billiún in 2018). Tá an ailse scamhóg fós ar an gcúis is coitianta le bás de dheasca ailse, agus tá neamhionannais mhóra fós ann i rátaí básmhaireachta ailse ó thír go chéile agus laistigh de na tíortha freisin.
Tá sraith idirphlé seolta ag an gCoimisiún le daoine óga a tháinig slán ón ailse chun tuiscint níos fearr a fháil ar a gcuid riachtanas agus ar na dúshláin a bhíonn rompu, sin agus chun tionscnaimh a fhorbairt leo a bheidh ina chuidiú aghaidh a thabhairt ar na pointí sin.
Cuireadh tús leis an obair i mí Aibreáin ar an gcéad chód iompair ar leibhéal an Aontais maidir le rochtain chothrom ar sheirbhísí airgeadais do dhaoine a tháinig slán ón ailse. Is é is aidhm dó sin an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar an idirdhealú, ionas go gcuirfear cóir chothrom ar dhaoine a raibh ailse orthu nuair a bhíonn siad ag lorg táirgí airgeadais ar nós morgáiste nó árachas saoil.
Baineann 78 % d’ailsí ceirde a aithnítear sna Ballstáit le haispeist.
(Féach Caibidil 6 maidir le bearta an Aontais arb é is aidhm dóibh an nochtadh ceirde d’aispeist a laghdú.)
Tá an tAontas Eorpach ag obair chun:
Is féidir 40 % de líon na gcásanna ailse a chosc.
1.giniúint saor ó thobac;
2.tomhaltas díobhálach alcóil a laghdú;
3.truailliú comhshaoil a laghdú;
4.nochtadh do shubstaintí carcanaigineacha agus do radaíocht a laghdú;
5.feabhas a chur ar eolas agus litearthacht sláinte;
6.slite maireachtála a bheidh níos sláintiúla a chur chun cinn.
Margaritis Schinas, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar ár nDóigh Bheatha Eorpach a chur chun cinn, le linn shearmanas insealbhaithe fhoirgneamh Nicola David-Pinedo Institiúid Taighde Ailse na Cipire, an Niocóis, an Chipir, an 22 Bealtaine 2023.
Slándáil sláinte agus COVID-19
Tar éis breis agus 3 bliana, d’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an 5 Bealtaine 2023 nach éigeandáil sláinte dhomhanda a thuilleadh é COVID-19. Gníomhaíocht agus comhar diongbháilte ar leibhéal domhanda, ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, mar aon le hinfheistíocht shuntasach san eolaíocht agus sa nuálaíocht, chuir sin ar chumas an Aontais an ghéarchéim sin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo a shárú - oscail i dtáb nua..
Mar sin féin, cé gur athraíodh an stádas a bhaineann leis, níl deireadh tagtha le COVID-19 agus tá an tAontas fós ar an airdeall. Tá dlúthfhaireachán á dhéanamh ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú - oscail i dtáb nua. ar an staid a bhíonn ag síorathrú. San fhómhar, d’fhoilsigh sé nuashonrú - oscail i dtáb nua. ar tharchur méadaithe COVID-19 san Aontas agus sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, mar aon le treoraíocht maidir le feachtais vacsaínithe agus chumarsáide le haghaidh na mBallstát. Sheol an lárionad agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte uirlis faireachais nua - oscail i dtáb nua. i mí Dheireadh Fómhair chun faireachán a dhéanamh ar thionchar comhcheangailte galar riospráide éagsúil agus chun feabhas a chur ar luathbhrath agus cur in iúl na gcomharthaí a bhaineann le víreas riospráide a bheith i gcúrsaíocht.
Tá ról ríthábhachtach ag an Údarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte - oscail i dtáb nua. (HERA), ar gníomhaireacht de chuid an Choimisiúin é, maidir lena chinntiú go bhfuil na cógais agus an trealamh is gá ag an Aontas chun a shaoránaigh a chosaint nuair a bhíonn éigeandáil ann. Chinntigh an Coimisiún, thar ceann na mBallstát, comhaontú le BioNTech-Pfizer - oscail i dtáb nua. i mí na Bealtaine chun seachadtaí vacsaíní a chur in oiriúint do riachtanais na mBallstát ar bhealach níos fearr agus chun a chinntiú go mbeidh vacsaíní oiriúnaithe in aghaidh COVID-19 ar fáil má thagann athraithigh nua chun cinn. Síníodh creatchonradh leis na príomhtháirgeoirí vacsaíní freisin, agus ar an gcaoi sin bunaíodh líonra FAB an Aontais - oscail i dtáb nua. chun acmhainneacht leanúnach a chinntiú i dtaobh vacsaíní a tháirgeadh i gcás éigeandáil sláinte poiblí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Tacóidh HERA Invest - oscail i dtáb nua., a seoladh in 2023, le taighde agus forbairt maidir leis na bagairtí sláinte trasteorann is práinní. Tá HERA ag obair leis na Ballstáit freisin chun feabhas a chur ar eolas agus ar scileanna maidir le hullmhacht agus freagairt sláinte, go háirithe i réimsí tábhachtacha ar nós stoc-charntha agus soláthair.
Táthar ag leanúint de na hiarrachtaí maidir le hullmhacht paindéime na hEorpa agus ullmhacht le haghaidh trialacha cliniciúla uile-Aontais a neartú, ar mhaithe le rochtain thráthúil ar chóireálacha agus vacsaíní núíosacha a chur ar fáil. Tacaíonn an tAontas go láidir leis an gCiste Paindéime - oscail i dtáb nua. atá á óstáil ag an mBanc Domhanda. Tacaíonn an ciste le cosc, ullmhacht agus freagairt i gcás paindéime i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim, agus is rannchuiditheoirí móra iad an tAontas, a Bhallstáit agus a chuid institiúidí airgeadais, ag gníomhú dóibh le chéile mar Fhoireann na hEorpa - oscail i dtáb nua..
Stella Kyriakides, an Coimisinéir Eorpach um Shláinte agus Sábháilteacht Bia (an dara duine ar dheis), le linn cuairt ar ghléasra Biovac agus mol aistrithe teicneolaíochta mRNA in Cape Town, an Afraic Theas, an 28 Eanáir 2023.
Deimhniú Digiteach COVID an Aontais — fíorghaisce Eorpach
Léirigh an phaindéim go bhféadann an tsláinte dhigiteach córais cúraim sláinte a athrú ó bhonn agus cúram sláinte níos fearr a chur ar fáil.
Bhí Deimhniú Digiteach COVID an Aontais - oscail i dtáb nua. ina ghné ríthábhachtach den fhreagairt ar an bpaindéim, rud a d’fhág gurbh fhusa do dhaoine gluaiseacht go sábháilte san Aontas le linn na géarchéime. Ba ghearr gurbh é an tsamhail dhomhanda é, agus bhí beagnach 80 tír nasctha leis an gcóras agus eisíodh níos mó ná 2.3 billiún deimhniú. Chuaigh an Rialachán maidir le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais in éag an 30 Meitheamh 2023.
Sheol an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an Líonra Deimhniúcháin Sláinte Digití Domhanda - oscail i dtáb nua. an 1 Iúil 2023, agus é bunaithe ar theicneolaíocht an deimhnithe dhigitigh, d’fhonn cur leis an rath a bhí air. Neartóidh an córas an ollstruchtúr sláinte domhanda agus cuideoidh sé daoine ar fud an domhain a chosaint ar bhagairtí sláinte atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, paindéimí san áireamh.
Athchóiriú a dhéanamh ar chórais leighis an Aontais
Cuireadh an t-athchóiriú i láthair i mí Aibreáin agus tugann sé aghaidh ar roinnt dúshlán bunúsach. Mar shampla, níl cógais ag teacht chomh fada le hothair tapa go leor go fóill agus ní bhíonn siad ar fáil go cothrom sna Ballstáit i gcónaí. Tá praghsanna arda ar chóireálacha nuálacha agus ganntanais cógas ina n-ábhair imní móire d’othair agus do sholáthraithe cúraim sláinte.
Cuspóir lárnach de chuid an athchóirithe is ea margadh aonair a chruthú le haghaidh cógais lena gcinnteofar go mbeidh rochtain phras chothrom ag gach othar ar fud an Aontais ar chógais shábháilte éifeachtacha inacmhainne. Tacóidh an t-athbhreithniú leis an nuálaíocht i bhforbairt cógas freisin agus cuirfear borradh faoi iomaíochas an Aontais trí chóras cógaisíochta simplithe a sheasfaidh an aimsir agus atá athléimneach ó thaobh géarchéime. Ciallaíonn sé sin go bhféadfadh cóireálacha nua agus cóireálacha níos fearr a bheith ar fáil níos tapúla, rud a chuideoidh le hothair an cúram a theastaíonn uathu a fháil níos luaithe.
Tá sraith beart san athchóiriú arb é is feidhm dóibh dul i ngleic le ganntanas cógas san fhadtéarma agus lasmuigh de chásanna géarchéime. Mar chuid den sprioc sin, chuir an Coimisiún sraith beart i láthair - oscail i dtáb nua. i mí Dheireadh Fómhair a dhíríonn ar na cógais is criticiúla go háirithe, cógais nach mór slándáil an tsoláthair san Aontas a chinntiú i gcónaí ina leith. Seoladh Sásra Dlúthpháirtíochta Deonach Eorpach - oscail i dtáb nua. um chógais freisin lena gcuirtear ar chumas na mBallstát cógais a athdháileadh óna stoic féin i gcás ina mbíonn ganntanais chriticiúla in áiteanna eile san Aontas. Molfar raon rialacha agus dreasachtaí nua do chuideachtaí cógaisíochta mar chuid den athchóiriú, mar aon le próisis rialála simplithe agus breithnithe comhshaoil níos láidre nuair a bhíonn cógais á dtáirgeadh.
Meastar go bhfuil frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach - oscail i dtáb nua. ar cheann de na trí bhagairt sláinte is mó san Aontas. Tarlaíonn sé nuair a éiríonn baictéir frithsheasmhach in aghaidh na gcógas a úsáidtear chun ionfhabhtuithe a chomhrac. San áireamh san athchóiriú, tá bearta maidir le húsáid stuama agus dreasacht nua le haghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a athródh cúrsaí ó bhonn. Mar chuid de shraith beart an Aontais - oscail i dtáb nua. maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, ghlac - oscail i dtáb nua. an Chomhairle go pras moladh a mhol an Coimisiún ina bhfuil spriocanna an Aontais agus spriocanna náisiúnta maidir le caitheamh ábhar frithmhiocróbach.
Frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach
Léiríonn an ghrafaic dúshlán na frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (AMR). Luaitear ann gurb é 35 000 líon na mbásanna in aghaidh na bliana san Aontas mar gheall ar AMR faoi láthair, agus 1.2 milliún in aghaidh na bliana ar fud an domhain, agus go bhféadfadh 10 milliún bás a bheith mar thoradh ar AMR ar fud an domhain in aghaidh na bliana faoi 2050 mura ndéanfar gníomh. Leagtar béim ann freisin ar sprioc an Aontais tomhaltas antaibheathach a laghdú 20 % faoi 2030 chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin.
Dul i ngleic leis an meabhairshláinte
B’éigean don Aontas aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo agus a chuir isteach go mór ar chumas daoine na dúshláin atá ag dul i méid a sheasamh i gcomhthéacsanna a bhíonn ag athrú go tapa. Chun dul i ngleic leis sin, chuir an Coimisiún cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte - oscail i dtáb nua. i láthair i mí an Mheithimh, lena bhféachtar, i measc rudaí eile, le cuidiú a chur ar fáil do ghrúpaí leochaileacha, go háirithe daoine óga, agus deireadh a chur leis an stiogma agus leis an idirdhealú a bhaineann leis an meabhairshláinte. Is céim thábhachtach é sin chun an mheabhairshláinte a chur ar comhchéim leis an tsláinte fhisiciúil. Leis an gcur chuige nua, tugtar isteach 20 tionscnamh suaitheanta agus sainaithnítear deiseanna cistiúcháin dar luach €1.2 billiún ó chláir airgeadais éagsúla chun tacú leis na Ballstáit tús áite a thabhairt do dhaoine agus dá meabhairshláinte.
Bearta chun dul i ngleic le saincheisteanna meabhairshláinte ar fud na mbeartas
An Cód Eorpach um Meabhairshláinte
An tionscnamh ‘Níos Sláintiúla le Chéile’ do ghalair neamhtheagmhálacha
An tionscnamh Eorpach um dhúlagar agus féinmharú a chosc
Spásanna digiteacha níos sábháilte do leanaí agus do dhaoine óga
Rialacha an Aontais maidir le sábháilteacht agus sláinte ag an obair a chur i bhfeidhm i gceart
Feachtais ionad oibre na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair
Chun Lá Domhanda na Meabhairshláinte a chomóradh an 10 Deireadh Fómhair 2023, thionóil an Coimisiún comhdháil ardleibhéil sa Bhruiséil. Tháinig na céadta daoine le chéile ag an ócáid, ina measc sin ionadaithe ó institiúidí an Aontais, ó rialtais náisiúnta, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ó chomhpháirtithe leasmhara eile.
Mathilde, Banríon na Beilge, ag tabhairt eochairóráide ag comhdháil Lá Domhanda Meabhairshláinte, an Bhruiséil, an Bheilg, an 10 Deireadh Fómhair 2023.
Leas iomlán a bhaint as acmhainneacht chistí an Aontais in earnáil na sláinte
Tá Ionstraim an Choimisiúin um Thacaíocht Theicniúil ag cabhrú leis an mBeilg, leis an Ostair agus leis an tSlóivéin an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na cláir mhaoiniúcháin AE atá ar fáil chun a n-earnálacha cúraim sláinte a fhorbairt. Tríd an mol sláinte - oscail i dtáb nua., is féidir leis na Ballstáit sin na deiseanna maoiniúcháin is fearr a shainaithint chun tacú le príomh-athchóirithe ar mhaithe leis na saoránaigh. San fhadtéarma, cuideoidh sé sin le rialtais náisiúnta agus réigiúnacha tacú le hinfheistíocht eacnamaíoch in earnáil na sláinte. Is féidir an tionscadal sin a uas-scálú go dtí leibhéal an Aontais, rud a bheadh ag tógáil ar thorthaí an tionscail a bhfuil gealladh fúthu.
An Straitéis Sláinte Domhanda
An ról ceannasach a bhí ag an Aontas sa chomhrac in aghaidh phaindéim COVID-19, léirigh sé gur féidir leis rannchuidiú go mór le cuspóirí sláinte domhanda trí chur chuige Fhoireann na hEorpa. Leis sin tugtar acmhainní ón Aontas, óna Bhallstáit agus óna chuid institiúidí airgeadais le chéile chun tionchar níos mó a imirt ar an láthair.
Seoladh gníomhaíocht chomhpháirteach a chomhordaigh an Fhrainc i mí na Samhna 2023, gníomhaíocht a raibh 22 Bhallstát, an Iorua agus an Úcráin páirteach inti, ar mhaithe leis na straitéisí sláinte domhanda uile a mhapáil. Beidh sin ina chuidiú gníomhaíochtaí a chomhordú agus forluí a sheachaint.
Ó chlé go deas: Werner Hoyer, Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, Bill Gates, iar-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Microsoft, Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Tedros Adhanom Ghebreyesus, Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, agus Catherine Russell, Stiúrthóir Feidhmiúcháin UNICEF, ag seoladh comhpháirtíochta nua chun deireadh a chur le póilió, chun tacú le dáileadh imdhíontaí eile leanaí agus chun córais sláinte a neartú ionas gur fearr a bheidh siad in ann freagairt do bhagairtí sláinte atá ag teacht chun cinn, an Bhruiséil, an Bheilg, an 11 Deireadh Fómhair 2023.