Caibidil 1 – An fhreagairt ón Aontas ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine
Rinne trúpaí Rúiseacha iarracht Oksana a cheistiú maidir lena garmhac, saighdiúir Úcránach. Nuair a tharraing siad siar, scriosadh a teach trí thine airtléire. Tá maoiniú daonnúil ón Aontas ag cabhrú le daoine amhail Oksana trí bhia, uisce, earraí tí riachtanacha, cúram sláinte, tacaíocht mheabhairshláinte agus shíceasóisialta san áireamh, agus dídean éigeandála a chur ar fáil dóibh. 21 Márta 2023.
Réamhrá
Is bagairt ar chroílár an daonlathais é an cogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin, agus meabhraíonn sé contúirtí an údarásaíochais don phobal domhanda. Tá níos mó i gceist le tacaíocht bhuanseasmhach an Aontais Eorpaigh don Úcráin ná dlúthpháirtíocht le tír chomharsanach i bhfianaise ionradh neamhdhleathach gan údar; léiríonn sí tiomantas comhroinnte do phrionsabail an daonlathais agus do chosaint an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe agus na síochána san Eoraip. In 2023, lean an tAontas de thacaíocht a thabhairt don Úcráin i bhfianaise chogadh foghach na Rúise gan chúis gan údar agus na hionghabhála neamhdhleathaí a rinne sí ar chodanna de chríoch na hÚcráine. Léirítear sa chaibidil seo na bealaí éagsúla a seasann an tAontas leis an Úcráin, agus orthu siúd tá cabhair airgeadais, cabhair cosanta sibhialta agus cabhair dhaonnúil a chur ar fáil; an bhréagaisnéis a chomhrac; fáilte a chur roimh dhídeanaithe ón Úcráin; cúnamh agus oiliúint mhíleata; cúnamh a thabhairt maidir le cosaint agus atógáil na hÚcráine; agus a chinntiú go mbeidh iarmhairtí ann don Rúis mar gheall ar a cuid coireanna, trí smachtbhannaí agus ionchúiseamh.
Faoi dheireadh 2023, bhí beagnach €85 bhilliún curtha ar fáil ag an Aontas agus a Bhallstáit i gcúnamh foriomlán - oscail i dtáb nua. don Úcráin agus dá muintir ó thosaigh cogadh foghach na Rúise. San áireamh leis sin, go háirithe, tá €25.2 billiún i gcúnamh macra-airgeadais - oscail i dtáb nua., agus pacáiste tacaíochta €18 mbilliún - oscail i dtáb nua. don Úcráin san áireamh ann in 2023 tríd an Ionstraim Cúnamh Macra-Airgeadais+. Is cineál cúnaimh airgeadais é cúnamh macra-airgeadais a chuireann an tAontas ar fáil chun cuidiú le tíortha comhpháirtíochta a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha airgeadais acu a ngeilleagair a chobhsú agus na hathchóirithe is gá a dhéanamh. Tá na cistí sin ag cuidiú leis an Úcráin leanúint de phá agus pinsin a íoc; seirbhísí poiblí fíor-riachtanacha a choinneáil ar bun, ospidéil, scoileanna agus tithe do dhaoine athlonnaithe, cuir i gcás; agus bonneagar criticiúil a athbhunú. Tá siad ag cuidiú leis an tír freisin athchóirithe institiúideacha a dhéanamh, ar nós athchóirithe frith-éillithe agus breithiúnacha.
Is fiú níos mó ná €27 mbilliún an cúnamh míleata iomlán a thug an tAontas agus a Bhallstáit don Úcráin go dtí seo, €5.6 billiún a leithdháileadh tríd an tSaoráid Eorpach Síochána - oscail i dtáb nua. san áireamh. Áirítear leis sin soláthar comhpháirteach agus seachadadh láithreach armlóin chuig an Úcráin a comhaontaíodh i mí an Mhárta 2023 - comhad PDF – oscail i dtáb nua., agus thart ar 313 600 urchar armlóin agus 3 315 dhiúracán seachadta ag deireadh na bliana. Tá an tSaoráid Eorpach Síochána ag rannchuidiú freisin le feabhas a chur ar chumais Fhórsaí Armtha na hÚcráine trí Mhisean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin - oscail i dtáb nua., le leithdháileadh €362 mhilliún faoi bhainistíocht Comhairle an Aontais Eorpaigh. Is iad na Ballstáit a dhéanann formhór an chúnaimh mhíleata eile don Úcráin a sholáthar agus a mhaoiniú go déthaobhach.
Cruinniú an Choimisiúin Eorpaigh le rialtas na hÚcráine i gCív, an Úcráin, an 2 Feabhra 2023.
Tacaíocht mhíleata
Is ionstraim í an tSaoráid Eorpach Síochána a úsáidtear chun gníomhaíocht sheachtrach a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta aici a mhaoiniú. Chomh maith leis sin, is féidir cúnamh a sholáthar léi do thíortha comhpháirtíochta i bhfeachtas síochánaíochta. Is iad na Ballstáit a mhaoiníonn í.
Bhí ról lárnach ag an tsaoráid maidir le tacaíocht mhíleata a chur ar fáil don Úcráin. Ó cuireadh tús leis an bhfogha míleata gan chúis gan údar atá an Rúis a chur ar an Úcráin, tá seacht bpacáiste tacaíochta glactha ag an Aontas tríd an ionstraim seo. Is i bhfoirm trealaimh mhíleata chosanta a sheachadadh chuig Fórsaí Armtha na hÚcráine atá an tacaíocht, mar aon leis an tionscnamh armlóin trí rian chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine, ar mhéid iomlán €5.6 billiún.
Tríd an tsaoráid, tá oiliúint Fhórsaí Armtha na hÚcráine á maoiniú ag an Aontas freisin trí Mhisean Cúnaimh Mhíleata an Aontais, misean a bhfuil ceanncheathrú aige sa Pholainn agus sa Ghearmáin. Dá bhrí sin, den chéad uair riamh tá an tAontas ag cur oiliúint mhíleata ar fáil do thír atá i mbun cogaidh. Faoi dheireadh 2023, bhí oiliúint curtha ag an misean ar thart ar 39 000 saighdiúir ón Úcráin.
Mar fhreagairt ar ghlao práinneach na Comhairle armlón a sheachadadh chuig an Úcráin, mhol an Coimisiún an Gníomh chun Tacú le Táirgeadh Armlón - oscail i dtáb nua. i mí na Bealtaine 2023. Is é is aidhm don ghníomh, a glacadh i mí Iúil, neartú a dhéanamh ar fhreagrúlacht thionscal cosanta an Aontais agus ar a chumas soláthar tráthúil armlóin agus diúracáin a chinntiú san Eoraip. Leithdháil an Coimisiún €500 milliún chun na críche sin, trí úsáid a bhaint as deontais atá le heisiúint in 2024 chun táirgeadh a fheabhsú agus a bhrostú. (Féach Caibidil 8 chun sonraí a fháil maidir le cumais chosanta fheabhsaithe an Aontais.)
San iomlán thuasluaite de bheagnach €85 bhilliún tá €17 mbilliún freisin a cuireadh ar fáil do na Ballstáit chun dídeanaithe a óstáil agus chun tacú leo. Tá cosaint shealadach - oscail i dtáb nua. á cur ar fáil ag an Aontas do bheagnach 4.2 milliún dídeanaí ón Úcráin atá ina gcónaí san Aontas faoi láthair.
Tá thart ar €3 bhilliún geallta ag an Aontas, mar aon lena Bhallstáit, le haghaidh cabhair dhaonnúil san Úcráin - oscail i dtáb nua.. Chuir an Coimisiún thart ar €800 milliún den mhéid sin ar fáil go díreach. (Féach an roinn ‘Cabhair dhaonnúil agus cosanta sibhialta don Úcráin’ thíos chun tuilleadh sonraí a fháil.)
Aontaíonn89 %de mhuintir an Aontais gur cheart don Aontas leanúint de thacaíocht dhaonnúil a chur ar fáil do na daoine a ndéanann cogadh san Úcráin difear dóibh.
Aontaíonn 85 % de mhuintir an Aontais go léiríonn ionradh na Rúise ar an Úcráin nach mór don Aontas a shlándáil fuinnimh agus eacnamaíoch a chinntiú.
Aontaíonn 79 % de mhuintir an Aontais go léiríonn ionradh na Rúise ar an Úcráin nach mór don Aontas comhar míleata a mhéadú idir na Ballstáit.
Aontaíonn 77 % de mhuintir an Aontais gur cheart údaráis na Rúise a thabhairt chun cuntais as an staid reatha san Úcráin.
Aontaíonn 71 % de mhuintir an Aontais gur cheart don Aontas leanúint de dhlúthpháirtíocht a léiriú leis an Úcráin.
Chomh maith le cúnamh airgeadais agus tacaíocht nithiúil eile don Úcráin agus dá muintir, tá smachtbhannaí forleathana nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe forchurtha ag an Aontas ar an Rúis mar fhreagairt ar an gcogadh foghach atá sí a chur ar an Úcráin.
Tá smachtbhannaí ar cheann d’ionstraimí an Aontais mar fhreagairt ar an gcogadh éagórach neamhdhleathach sin, agus é d’aidhm acu cumas eacnamaíoch na Rúise a lagú agus teorainn a chur lena cumas a cogadh foghach a mhaoiniú. Ar an gcaoi sin, comhlíonann smachtbhannaí príomhchuspóir an Aontais, is é sin leanúint de bheith ag obair ar son síocháin chóir bhuan. Ó bhí an 23 Feabhra 2022 ann, tá 12 phacáiste smachtbhannaí forchurtha ag an Aontas ar an Rúis. Ní hamháin go ndíríonn siad ar dhaoine agus ar eintitis shonracha, ach díríonn siad ar na hearnálacha airgeadais, tionsclaíocha, iompair agus fuinnimh freisin.
I mí Feabhra agus mí an Mheithimh 2023, ghlac an tAontas a 10ú - oscail i dtáb nua. agus a 11ú - oscail i dtáb nua. pacáiste smachtbhannaí in aghaidh na Rúise. Chuir siad sin 225 dhuine aonair agus eintiteas le liosta smachtbhannaí an Aontais. Áiríodh ar na bearta breise toirmisc nua ar earraí criticiúla teicneolaíochta agus tionsclaíocha a easpórtáil chun na Rúise, go háirithe teicneolaíocht a bhféadfadh feidhmeanna míleata a bheith i gceist léi. Thairis sin, dhírigh na pacáistí sin ar fhoinsí bréagaisnéise breise de chuid na Rúise, leathnaigh siad liosta na n-iompórtálacha toirmiscthe ón tír agus thug siad isteach bearta chun cosc a chur ar dhul timpeall ar na smachtbhannaí sin, agus san áireamh leo iarrachtaí ar chomhar níos fearr le príomhthíortha nach Ballstát den Aontas iad chun monatóireacht, rialú agus blocáil níos fearr a dhéanamh ar ath-easpórtálacha.
Glacadh an 12ú - oscail i dtáb nua. pacáiste smachtbhannaí, arb é an pacáiste is déanaí é, an 18 Nollaig, agus chuir sé 140 duine aonair agus cuideachta eile leis an liosta smachtbhannaí. Bunaíodh toirmisc nua ar iompórtáil agus ar easpórtáil freisin — toirmeasc ar dhiamaint Rúiseacha a easpórtáil chuig an Aontas, mar shampla — agus cuirfear i bhfeidhm iad i ndlúthchomhar le comhpháirtithe G7. Thairis sin, neartaigh an pacáiste cur chun feidhme na caidhpe praghais ar ola trí bhearta nua a thabhairt isteach chun monatóireacht níos fearr a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil tancaeir á n-úsáid chun dul timpeall ar an gcaidhp. Áirítear leis freisin oibleagáidí níos déine maidir le rianú sócmhainní agus bearta diana i leith cuideachtaí tríú tír atá ag teacht timpeall ar smachtbhannaí.
Tá bearta reoite sócmhainní ar cheann de na cineálacha smachtbhanna is sofheicthe agus is tábhachtaí ó thaobh na polaitíochta de. San iomlán, tá beagnach 1 950 eintiteas agus duine aonair - oscail i dtáb nua. faoi réir bearta sriantacha faoi láthair, agus tá os cionn €28 mbilliún de shócmhainní olagarcaí agus cuideachtaí Rúiseacha agus Bealarúiseacha reoite. Thuairiscigh na Ballstáit freisin os cionn €200 billiún de shócmhainní bainc ceannais reoite na Rúise san Aontas.
Leis an gcogadh féin, agus leis na bearta sriantacha, tá brú nach beag á chur ar gheilleagar na Rúise, ós rud é go bhfuil siad ag cur le caiteachas atá ag fás go tapa, le rúbal atá ag dímheas, le boilsciú atá ag dul i méid agus le margadh saothair docht a léiríonn caillteanas oibrithe. Chaill an rúbal thart ar 40 % dá luach ón luach is airde a bhí air i samhradh 2022, rud a chuir iallach ar bhanc ceannais na Rúise a rátaí úis a ardú ó 8 % go 16 % agus srianta caipitil a neartú. Tháinig laghdú 40 % ar an ioncam buiséid ó ola agus gás in 2023 a bhuí leis an gcaidhp phraghais ar ola a comhaontaíodh le comhpháirtithe G7. Ní rachaidh an éifeacht sin ach i dtreis le himeacht ama, ós rud é gur ceapadh na bearta chun tionchar fadtéarmach a bheith acu ar bhuiséad na Rúise agus ar a bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch.
Tá smachtbhannaí á bhforchur freisin ar chomhghuaillí na Rúise, an Bhealarúis. An 3 Lúnasa 2023, ghlac an Chomhairle an 7ú pacáiste smachtbhannaí - oscail i dtáb nua. mar fhreagairt ar sháruithe ar chearta an duine agus ar an gcos ar bolg atá á imirt ar an tsochaí shibhialta sa tír. Níl ilsmachtbhannaí á bhforchur ag an Aontas ar an tír ar fad, ach, ina ionad sin, tá sé ag díriú ar earnálacha straitéiseacha de gheilleagar na Bealarúise, an trádáil arm, an trádáil i dteicneolaíochtaí a d’fhéadfaí úsáid mhíleata a bhaint astu agus an trádáil in earraí a úsáidtear i dtionscail na heitlíochta agus an spáis, mar shampla.
An bhréagaisnéis a chomhrac
Trína heagraíochtaí nuachta agus cainéil chleamhnaithe atá faoi úinéireacht an stáit, scaipeann an Rúis faisnéis chlaonta agus bolscaireacht chogaidh, agus í ag iarraidh réasúnú a dhéanamh ar a gníomhaíochtaí ionsaitheacha in aghaidh na hÚcráine agus an milleán a aistriú ar an Úcráin agus ar an Iarthar. Chun an méid sin a chomhrac, tacaíonn an tAontas le for-rochtain na hÚcráine i leith comhpháirtithe domhanda, for-rochtain i bhfóraim idirnáisiúnta agus i bpléití idirnáisiúnta san áireamh. Gníomhaíonn an tAontas ar go leor leibhéal chun dul i gcion ar an oiread daoine agus is féidir, agus tacaíonn sé le hinstitiúidí rialtais, leis an tsochaí shibhialta, le heagraíochtaí meán agus le hardáin ar líne i gcomhréir leis an gCód Cleachtais nuashonraithe maidir le Bréagaisnéis - oscail i dtáb nua..
Mar chuid de na smachtbhannaí in aghaidh na Rúise, tá gníomhaíochtaí craoltóireachta an iliomad eagraíochtaí bréagaisnéise Rúiseacha atá faoi úinéireacht stáit agus ar son na Creimile curtha ar fionraí ag an Aontas. Ar bhonn níos ginearálta, ba chéim chun cinn é 2023 sa chomhrac in aghaidh na bréagaisnéise san Aontas. Le teacht i bhfeidhm an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha - oscail i dtáb nua., ní mór do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus inneall cuardaigh an-mhór ar líne meastóireacht tráthrialta a dhéanamh ar aon riosca sochaíoch a d’fhéadfadh a bheith ag baint lena seirbhísí. Áirítear orthu sin bagairtí ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an baol go n-úsáidfí a gcuid seirbhísí le haghaidh feachtais bhréagaisnéise.
Leanadh de theachtaireachtaí agus d’fheachtais spriocdhírithe sna meáin shóisialta in 2023 chun bréagaisnéis na Rúise maidir le smachtbhannaí agus maidir le slándáil bia agus fuinnimh a bhréagnú. Ar deireadh, chun a chinntiú go bhfuil daoine easáitithe ón Úcráin ar an eolas faoina gcearta, rinne an Coimisiún feachtas múscailte feasachta maidir leis an tábhacht a bhaineann le foinsí oifigiúla faisnéise a úsáid.
Cabhair dhaonnúil agus cosanta sibhialta don Úcráin
Cuidíonn cistiú cosanta sibhialta agus daonnúil an Aontais - oscail i dtáb nua. le daoine laistigh den Úcráin trí chineálacha éagsúla tacaíochta. San iomlán, is fiú thart ar €1.6 billiún an chabhair sin (thart ar €800 milliún i gcabhair dhaonnúil agus €800 milliún i dtairiscintí comhchineáil cosanta sibhialta). Áirítear leis an gcabhair dhaonnúil bia, uisce, earraí tí fíor-riachtanacha, cúram sláinte, tacaíocht mheabhairshláinte agus tacaíocht shíceasóisialta, agus dídean éigeandála a chur ar fáil. Mar chuid den chúnamh a thugann an tAontas don Úcráin, cuidítear le hÚcránaigh óga leanúint dá n-oideachas agus tugtar cúnamh airgid chun cuidiú leis na bunriachtanais a chlúdach. Comhordaíonn an tAontas a chabhair dhaonnúil agus a chabhair um fhorbairt trí chur chuige nasctha - oscail i dtáb nua., rud a chinntíonn go dtugann sé aghaidh ar riachtanais láithreacha, agus ní hamháin sin ach go bhfuil sí inbhuanaithe san fhadtéarma freisin.
Leathnaítear tacaíocht shíceasóisialta chuig daoine easáitithe sna Ballstáit tríd an gclár EU4Health - oscail i dtáb nua. agus I gcomhar, cuid mhór, le Cónaidhm Idirnáisiúnta Chumainn na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg. Ina theannta sin, tá comhordú á dhéanamh ag an Aontas ar aslonnú leighis othar ón Úcráin a bhfuil cóireáil de dhíth orthu go práinneach, agus iad á n-aistriú chuig ospidéil ar fud na hEorpa chun cúram speisialaithe a fháil. Aistríodh beagnach 3 000 othar a raibh aslonnú leighis de dhíth orthu chuig 22 Bhallstát nó thír de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch idir mí an Mhárta 2022 agus an 19 Nollaig 2023.
Thairg gach ceann de na 27 mBallstát, mar aon leis an Íoslainn, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an tSeirbia agus an Tuirc, cabhair chomhchineáil trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, idir soláthairtí leighis, earraí dídine agus feithiclí agus trealamh comhraicthe dóiteáin agus trealamh fuinnimh. Chun na hearraí éigeandála sin a sheoladh chuig an Úcráin, tá moil lóistíochta bhreise oscailte ag an Aontas sa Pholainn, sa Rómáin agus sa tSlóvaic. Faoi dheireadh 2023, bhí beagnach 100 000 tona cúnamh den chineál sin seachadta chuig an Úcráin.
Chuir an tAontas cúnamh ar fáil freisin óna stoc-chairn rescEU - oscail i dtáb nua.. Is cúltaca d’acmhainneachtaí Eorpacha é rescEU, atá maoinithe go hiomlán ag an Aontas. Áirítear ann flít eitleán agus héileacaptar comhraicthe dóiteáin, eitleáin aslonnaithe leighis agus stoc-charn earraí leighis agus ospidéil mhachaire ar féidir leo freagairt d’éigeandálaí. Maidir leis an Úcráin, tá gineadóirí cumhachta, trealamh leighis agus aonaid dídine shealadacha curtha chuici ag an Aontas. Ina theannta sin, seoladh stáisiúin cóireála uisce mar fhreagairt ar shárú dhamba Nova Kakhovka - oscail i dtáb nua., agus cuireadh saintrealamh — dí-éilleáin, cultacha cosanta agus piollairí iaidín, mar shampla — ar fáil mar fhreagairt ar rioscaí don tsláinte phoiblí, ar nós bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha.
Chun cuidiú le leanaí na hÚcráine filleadh ar scoil, sheol an tAontas an feachtas ‘Busanna scoile don Úcráin’ i mí na Nollag 2022. Mar thoradh air sin, sheol an tAontas agus a Bhallstáit níos mó ná 380 bus chuig an Úcráin.
Bus deonaithe ag cathair Lucsamburg ag fágáil mhol lóistíochta Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, Suceava, an Rómáin, Mí Iúil 2023.
Fáilte a chur rompu siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh
An cogadh foghach gan chúis gan údar atá an Rúis a chur ar an Úcráin, is é ba chúis leis an easáitiú éigeantais daoine is mó san Eoraip ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann. Chun cearta daoine atá ar a dteitheadh go dtí an tAontas Eorpach ón Úcráin a chosaint, thug an tAontas an Treoir um Chosaint Shealadach - oscail i dtáb nua. isteach go pras. Faoi dheireadh 2023, bhí an ceart chun cónaithe, tithíochta, cúraim sláinte, oideachais agus oibre san Aontas ag beagnach 4.2 milliún duine ón Úcráin. I mí Dheireadh Fómhair 2023, cuireadh síneadh - oscail i dtáb nua. leis an gcosaint shealadach sin go dtí mí an Mhárta 2025. Chuidigh an tArdán Dlúthpháirtíochta - oscail i dtáb nua. leis na Ballstáit glacadh dídeanaithe ón Úcráin - oscail i dtáb nua. a chomhordú, agus leanann sé de bheith ag cuidiú leis an treoir a chur chun feidhme.
Chun muintir na hÚcráine a chosaint, rinne an tAontas an méid seo a leanas:
Thairg sé cosaint do 4 mhilliún duine san Aontas, lena n-áirítear níos mó ná 700 000 mac léinn
Imeascadh tapa éifeachtach i margadh an tsaothair a chinntiú, is bealach tábhachtach eile é ina gcuireann an tAontas fáilte rompu siúd atá ar a dteitheadh ón gcoinbhleacht armtha. Le bearta a glacadh faoin mbeartas comhtháthaithe in 2022, amhail na pacáistí um Ghníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip - oscail i dtáb nua. agus um Chúnamh Solúbtha do Chríocha - oscail i dtáb nua., tugadh isteach an tsolúbthacht is gá sna rialacha maidir le cistiú an bheartais chomhtháthaithe chun a chinntiú go bhféadfadh na Ballstáit an cistiú sin a úsáid chun fáilte a chur roimh dhídeanaithe ón Úcráin. In 2023, lean na bearta sin de bheith ag ceadú cistiú a leithdháileadh ar chláir imeasctha sóisialta, cúram sláinte, bia, cúnamh bunúsach agus treoir don mhargadh fostaíochta. Clúdaítear sa réimse deiridh sin cúrsaí teanga, oideachas, seirbhísí sóisialta agus cúram leanaí. Cuidíonn an fhostaíocht le daoine a saol a atógáil, a gcuid scileanna a fhorbairt, cur lena bpobail óstacha agus, ar deireadh, tacú leis an atógáil san Úcráin.
Tá breis agus 1.5 milliún Úcránach ag obair san Aontas anois.
Tá an tAontas ag cabhrú le muintir na hÚcráine imeascadh i margadh an tsaothair trí chead a thabhairt scileanna a bhailíochtú go tapa agus cáilíochtaí gairmiúla agus acadúla a aithint. Tá Tionscnamh Píolótach Díorma Tallainne an Aontais - oscail i dtáb nua. curtha ar bun aige, uirlis cuardaigh poist ar líne a mheaitseálann daoine a theith ón gcogadh san Úcráin le poist agus folúntais oiriúnacha. Ina theannta sin, nascann seirbhísí poiblí fostaíochta na mBallstát cuardaitheoirí poist le fostóirí ar an leibhéal náisiúnta. I mí Iúil, ghlac Líonra Eorpach na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta treoirlínte comhchoiteanna chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’imeascadh i margadh an tsaothair.
Tá an tAontas tiomanta freisin do rochtain ar oideachas ardcháilíochta a chinntiú do leanaí easáitithe na hÚcráine. Tá roinnt uirlisí curtha ar fáil aige, go príomha faoi chreat straitéiseach an Limistéir Eorpaigh Oideachais - oscail i dtáb nua., treoraíocht bheartais maidir le piarfhoghlaim, ardáin ar líne agus cistiú, mar shampla. Tá clár cistiúcháin Erasmus - oscail i dtáb nua.+ á úsáid freisin chun tacú le hoideachas a chur ar mhic léinn is dídeanaithe. Tugtar tuilleadh tacaíochta don ardoideachas trí scéim comhaltachta MSCA4Ukraine - oscail i dtáb nua.. A bhuí leis an gcistiú agus an tacaíocht a cuireadh ar fáil leis an tionscnamh sin, faoi dheireadh 2023, bhí 124 taighdeoir Úcránacha in ann leanúint dá gcuid oibre san Aontas agus i dtíortha éagsúla nach Ballstát den Aontas iad agus atá mar chuid den chlár Fís Eorpach.
Ar deireadh, tuigeann an tAontas an luach a bhaineann le léiriú cultúir chun cuidiú le daoine imeachtaí trámacha a phróiseáil agus chun muintearas agus chomhthuiscint a chruthú. In 2022, sheol clár Eoraip na Cruthaitheachta de chuid an Aontais glao ar thionscadail - oscail i dtáb nua. a thacódh le healaíontóirí agus le heagraíochtaí cultúrtha lasmuigh den Úcráin. I mí na Bealtaine 2023, fógraíodh na buaiteoirí - oscail i dtáb nua.: tacóidh cuibhreannais Zmina, Culture Helps agus U-RE-HERIT le healaíontóirí na hÚcráine agus rannchuideoidh siad le hoidhreacht chultúrtha na hÚcráine a atógáil.
Comhtháthú sa Mhargadh Aonair agus i gcomhaontuithe eile
I mí Aibreáin 2023, tháinig an Úcráin isteach i Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta - oscail i dtáb nua. mar stát rannpháirteach. I mí Lúnasa, cé go raibh sí fós i mbun aontachas foirmiúil leis an sásra, thug an Úcráin 51 chéadfhreagróir agus 19 bhfeithicil chun cúnamh a thabhairt le hiarrachtaí tarrthála sa tSlóivéin tar éis tuilte tubaisteacha. Mar stát lán-rannpháirteach, beidh an Úcráin in ann cabhair a sheoladh tríd an sásra in éineacht le comhaltaí eile nuair a bhíonn tír eile ag déileáil le géarchéim, agus an dlúthpháirtíocht chéanna atá faighte aici féin á tairiscint aici. Léirítear leis freisin céim thábhachtach i dtreo lánpháirtiú san Aontas don Úcráin agus leathnaítear leis Comharsanacht an Oirthir de Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.
Ó chlé go deas: Ihor Klymenko, Aire Gnóthaí Baile na hÚcráine, Olha Stefanishyna, Leas-Phríomh-Aire na hÚcráine um an Lánpháirtiú Eorpach agus Eora Atlantach, agus Janez Lenarčič, an Coimisinéir Eorpach um Bainistiú Géarchéime, tráth a síníodh comhaontú lena dtugtar ballraíocht iomlán don Úcráin i Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, Cív, an Úcráin, an 20 Aibreán 2023.
Seoladh dhá ghlao ar thograí - oscail i dtáb nua., a raibh buiséad iomlán €7.5 milliún ag gabháil leo, chun tacú go sonrach le comhtháthú fhiontair bheaga agus mheánmhéide na hÚcráine sa Mhargadh Aonair. Ina theannta sin, rinneadh dul chun cinn tapa ar an gcaibidlíocht le haghaidh Comhaontú maidir le Measúnú Comhréireachta agus Glactha de Tháirgí Tionsclaíocha - oscail i dtáb nua. leis an Úcráin. A luaithe a bheidh sé i bhfeidhm, cothófar comhtháthú eacnamaíoch leis an gcomhaontú sin, agus ar an gcaoi sin tabharfar cúnamh do gheilleagar na hÚcráine agus do ghnólachtaí na hÚcráine agus iad ag téarnamh.
Baineann an Úcráin tairbhe freisin as gné thábhachtach eile den Mhargadh Aonair. I mí Aibreáin 2022, chomhoibrigh an tAontas le hoibreoirí teileafón soghluaiste na hEorpa agus na hÚcráine - oscail i dtáb nua. chun fánaíocht inacmhainne nó saor in aisce a chur ar fáil idir an dá réigiún. Leis an gcomhaontú sin, a athnuadh i mí Iúil 2023 go ceann bliana eile, cuidítear leo siúd a easáitíodh ón Úcráin teagmháil a choinneáil ar bun thar theorainneacha, agus laghdú breise á dhéanamh ar chostais nasctha ag oibreoirí.
An tráth céanna, tá an Coimisiún ag obair chun an comhaontú fánaíochta sin a leabú sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin. Nuair a bheidh sé tugtha chun críche, cinnteofar leis úsáid teileafón soghluaiste saor ó chostas do chuairteoirí Úcránacha san Aontas agus do thaistealaithe an Aontais san Úcráin araon. Beidh luas chomhtháthú na hÚcráine i margadh fánaíochta an Aontais ag brath ar ghlacadh agus forghníomhú dhlíthe ábhartha an Aontais aici.
Slándáil bia
Tá an ghéarchéim dhomhanda slándála bia á déanamh níos measa ag an Rúis trí easpórtálacha gráin tríd an Muir Dhubh a bhlocáil d’aon ghnó, trí dhíriú ar shadhlanna gráin agus ar bhonneagar talmhaíochta san Úcráin agus trí theorainn a chur le heaspórtáil earraí talmhaíochta agus leasachán.
In 2022, bhunaigh an tAontas, a Bhallstáit, an Úcráin agus an Mholdóiv na Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin - oscail i dtáb nua. chun an grán atá sáinnithe san Úcráin a chur amach go dtí an chuid eile den domhan. Éascaíonn na bealaí malartacha sin, a bhfuil iarnróid, bóithre agus uiscebhealaí i gceist leo, easpórtálacha ón Úcráin agus iompórtálacha ríthábhachtacha ar nós cabhair dhaonnúil agus leasachán araon.
I mí an Mheithimh 2023, d’fhógair an tAontas go raibh €250 milliún á infheistiú aige i naoi dtionscadal trasteorann - oscail i dtáb nua. chun feabhas a chur ar na naisc idir an Úcráin, an Mholdóiv agus a gcomharsana san Aontas: an Ungáir, an Pholainn, an Rómáin agus an tSlóvaic. Áirítear ar na tionscadail staidéir agus oibreacha ag pointí trasnaithe teorann iarnróid agus bóithre chun bonneagar a leathnú agus a uasghrádú, chun feabhas a chur ar limistéir pháirceála agus chun feabhas a chur ar shaoráidí agus trealamh trasloingsithe.
Na Lánaí Dlúthpháirtíochta: ról criticiúil sa tslándáil bia ar fud an domhain
San iomlán, in 2022 agus 2023, chuir na Lánaí Dlúthpháirtíochta ar a cumas don Úcráin an méid seo a leanas a dhéanamh:
os cionn 65 mhilliún tona de tháirgí talmhaíochta a easpórtáil, agus beagnach 61 mhilliún tona gráin, olashíol agus táirge ghaolmhara san áireamh sa mhéid sin, chuig na tíortha sin is mó a ndéanann ganntanas bia difear dóibh san áireamh;
os cionn 51 mhilliún tona de tháirgí neamhthalmhaíochta a easpórtáil ón Úcráin, mianta, iarann, cruach agus adhmad, cuir i gcás;
timpeall €44 bhilliún a ghineadh le haghaidh fheirmeoirí agus ghnólachtaí na hÚcráine;
os cionn 43 mhilliún tona (ar luach €88 mbilliún) d’earraí ríthábhachtacha, breosla mar shampla, a iompórtáil.
Grán Úcránach a dhíluchtú ó bháirse ar Abhainn na Danóibe, an Mholdóiv, an 12 Nollaig 2022.
Ar deireadh, cuireadh Ardán Comhpháirteach Comhordúcháin - comhad PDF – oscail i dtáb nua. ar bun in 2023 chun feabhas a chur ar an sreabhadh trádála idir an tAontas agus an Úcráin. Cuireadh dlús le hiarrachtaí an ardáin tar éis don Rúis deireadh a chur le Tionscnamh Gráin na Mara Duibhe an 17 Iúil, rud a chuir stop go héifeachtach le honnmhairí gráin trí bhealach na Mara Duibhe.
Tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit
Tá éifeachtaí an chogaidh fhoghaigh atá an Rúis a chur ar an Úcráin le brath lasmuigh de theorainneacha na hÚcráine. Mar chomharsana na hÚcráine, tá difear á dhéanamh do na Ballstáit freisin, go háirithe i réimsí an fhuinnimh agus na margaí bia. (Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a bhfuil an tAontas ag tabhairt aghaidh ar an ngéarchéim fuinnimh, féach Caibidil 4).
In 2023, d’údaraigh an tAontas €487 mbilliún i státchabhair chun tacú leis na Ballstáit i gcomhthéacs an chogaidh fhoghaigh atá an Rúis a chur ar an Úcráin.
Leis an gCreat Sealadach Géarchéime agus Aistrithe, tugtar an tsolúbthacht do na Ballstáit chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
méideanna teoranta cabhrach a dheonú do chuideachtaí a ndéanann an ghéarchéim reatha nó na smachtbhannaí agus frithsmachtbhannaí gaolmhara difear dóibh
a chinntiú go mbeidh leachtacht leordhóthanach ar fáil do ghnólachtaí
cuideachtaí a chúiteamh as na costais bhreise arna dtabhú mar gheall ar phraghsanna arda urghnácha gáis agus leictreachais
Ina theannta sin, tar éis don Aontas cláir chomhair leis an Rúis agus lena comhghuaillí, an Bhealarúis, a chur ar fionraí, in 2023, d’aistrigh sé €135 mhilliún breise - oscail i dtáb nua. a bhí beartaithe ar dtús le haghaidh tionscadail leis an dá thír sin chuig cláir eile lena neartófar an comhar idir na Ballstáit agus an Úcráin agus an Mholdóiv.
Le linn na bliana, chinntigh an tAontas freisin go bhféadfadh gach réigiún san Eastóin, sa Laitvia, sa Liotuáin, sa Pholainn agus san Fhionlainn a bhí ceaptha páirt a ghlacadh i gcláir chomhair leis an Rúis agus leis an mBealarúis páirt a ghlacadh i gcláir eile atá ann um chomhar idir-réigiúnach.
Tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí an Aontais
I bhfianaise a thábhachtaí atá an Rúis agus an Úcráin do sholáthar domhanda gránach agus olashíolta, tá éiginnteacht agus luaineacht mhór sna margaí sin mar thoradh ar chogadh leanúnach na Rúise in aghaidh na hÚcráine.
Ós rud é gur cuireadh bac nó srian mór ar ghnáthbhealaí easpórtála na hÚcráine trí chalafoirt na Mara Duibhe, níor shroich easpórtálacha a gceann scríbe chomh héifeachtach agus a shroich roimhe seo. Ina ionad sin, tá méadú ag teacht ar líon na ngránach agus na n-olashíolta ón Úcráin i margaí na mBallstát atá i gcomharsanacht na hÚcráine, rud a chruthaíonn scrogaill lóistíochta.
In 2023, thug an tAontas isteach dhá phacáiste tacaíochta agus toirmeasc sealadach ar iompórtáil cruithneachta, arbhair Indiaigh, síl ráibe agus síolta lus na gréine ón Úcráin chuig an mBulgáir, an Ungáir, an Polainn, an Rómáin agus an tSlóvaic, faoin Rialachán maidir le Bearta Trádála Uathrialacha don Úcráin - oscail i dtáb nua.. Chuidigh sé sin le scrogaill lóistíochta a scaoileadh agus le haghaidh a thabhairt ar ábhair imní na bhfeirmeoirí sna Ballstáit lena mbaineann, agus an tráth céanna chuir sé ar a chumas don Aontas leanúint dá thacaíocht eacnamaíoch don Úcráin i bhfoirm taraifí nialais ar iompórtálacha uile na hÚcráine.
San iomlán, cuireadh níos mó ná €156.3 milliún ar fáil ó chúlchiste talmhaíochta an Chomhbheartais Talmhaíochta chun tacú leis na feirmeoirí sin is mó a ndearnadh difear dóibh i gcúig Bhallstát comharsanachta na hÚcráine. Ceadaíodh do na Ballstáit lena mbaineann modhanna tacaíochta náisiúnta a úsáid freisin chun cúiteamh breise a chur ar fáil, más gá, trí bhreisiú nó trí státchabhair thiomnaithe. Ina theannta sin, sa tríú pacáiste tacaíochta - oscail i dtáb nua., chuir an Coimisiún cistiú breise dar luach €330 milliún ar fáil lena leithdháileadh ar fheirmeoirí an Aontais i mBallstáit eile a raibh tionchar ag costais arda ionchuir agus fadhbanna sonracha a bhaineann le cogadh foghach na Rúise orthu. Leis an Sásra Eorpach um Ullmhacht agus um Fhreagairt i leith Géarchéimeanna Slándála Bia a bunaíodh le déanaí, bhíothas in ann saineolas a chur in úsáid go tapa agus tharraing sé aird na bpáirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha ar fhadhbanna agus ar scrogaill ag céim luath. Chuir toradh an phlé i measc na bpáirtithe leasmhara sin eolas díreach ar fáil do fhreagairtí an Aontais.
Coireanna cogaidh a imscrúdú agus a ionchúiseamh
Ó thosaigh an cogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin, tá sárú leanúnach déanta ag údaráis na Rúise ar chearta idirnáisiúnta an duine, agus rinneadh tuairiscí iomadúla ar choireanna cogaidh agus ar ionsaithe ar shibhialtaigh. Faoi dheireadh 2023, bhí imscrúduithe seolta ag an Úcráin agus ag 16 Bhallstát den Aontas maidir leis na coireanna idirnáisiúnta a rinne an Rúis san Úcráin.
Mar gheall ar a chasta atá sé fianaise ar choireanna idirnáisiúnta a bhailiú (e.g. teistiméireachtaí a bhailiú ó dhaoine i dtíortha éagsúla), bhunaigh Eurojust bunachar sonraí freisin in 2023 chun fianaise ar na coireanna sin a chaomhnú agus a stóráil (an Bunachar Sonraí Fianaise i leith na gCoireanna Idirnáisiúnta is Tromchúisí - oscail i dtáb nua.). Tabharfaidh Eurojust a shaineolas don bhunachar sonraí sin trí anailís a dhéanamh ar an bhfianaise, agus cuirfidh sé treoir phraiticiúil ar fáil d’údaráis bhreithiúnacha náisiúnta maidir le fianaise atá lonnaithe i dtíortha eile a d’fhéadfadh a bheith ábhartha dá n-imscrúduithe féin a shainaithint.
Seoladh an Lárionaid Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh choir an fhogha faoin Úcráin, an Háig, an Ísiltír, an 3 Iúil 2023. Cúlra, ó chlé go deas: Kenneth Polite, Ard-Aighne Cúnta na Stát Aontaithe don Rannán Coiriúil, Andriy Kostin, Ard-Ionchúisitheoir na hÚcráine, Dilan Yeσilgöz-Zegerius, Aire Dlí agus Cirt agus Slándála na hÍsiltíre, Ladislav Hamran, Uachtarán Eurojust, Didier Reynders, an Coimisinéir Eorpach um Cheartas, agus Karim Asad Ahmad Khan, Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta.
Déanann Eurojust óstáil freisin ar an Lárionaid Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh choir an fhogha faoin Úcráin - oscail i dtáb nua. a bunaíodh le déanaí. Osclaíodh an lárionad i mí Iúil 2023 agus tá sé comhdhéanta d’ionchúisitheoirí náisiúnta neamhspleácha ó chomhaltaí na foirne comhpháirtí um imscrúdú agus seisear ionchúisitheoirí de chuid na hÚcráine, agus cuireadh ar bun é chun ullmhú le haghaidh aon ionchúiseamh a dhéanfar amach anseo ar choir fhogha na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus chun rannchuidiú leis an ionchúiseamh sin. Is éard is coir fogha ann nuair a dhéanann ardcheannairí polaitiúla agus míleata foghanna mórscála a úsáideann fórsaí armtha an stáit a phleanáil, a thionscnamh nó a chur i gcrích. Is é seo an chéad uair riamh go bhfuil coir den sórt sin á imscrúdú de réir mar a tharlaíonn sí.
Ag an lárionad, beidh ionchúisitheoirí in ann oibriú le chéile ar an láthair, rud a chuirfidh ar a gcumas dóibh fianaise a mhalartú go tapa agus teacht ar chomhaontú maidir leis an gcaoi a ndéanfaidh siad a straitéis imscrúdaithe agus ionchúisimh. Beidh an Bunachar Sonraí Fianaise i leith na gCoireanna Idirnáisiúnta is Tromchúisí lárnach dá chuid oibre, agus is féidir an fhianaise a bhailíonn an lárionad a úsáid os comhair dlínsí eile, cúirteanna náisiúnta agus idirnáisiúnta san áireamh.
Tacaíocht Eurojust don cheartas don Úcráin
Tacaíocht d’imscrúduithe (an Lárionad Idirnáisiúnta um ionchúiseamh choir an fhogha faoin Úcráin agus foirne comhpháirteacha um imscrúdú)
Fianaise a bhailiú, a chaomhnú agus a anailísiú (Bunachar sonraí fianaise i leith na gcoireanna idirnáisiúnta is tromchúisí)
Treoraíocht phraiticiúil
Oiliúint do chleachtóirí breithiúnacha
Tacaíocht do Thascfhórsa ‘Calcadh agus Coigistiú’ an Aontais
Trína Thascfhórsa ‘Calcadh agus Coigistiú’, tá Eurojust ag cinntiú freisin go gcuirtear smachtbhannaí an Aontais chun feidhme i gceart. Tá an tascfhórsa ag déanamh imscrúdú ar naisc a d’fhéadfadh a bheith ann idir gníomhaíocht choiriúil agus daoine aonair agus gnólachtaí na Rúise agus na Bealarúise. Tá sé ag féachaint freisin ar an gcaoi ar féidir le bearta an dlí choiriúil, coigistiú sócmhainní mar shampla, rannchuidiú le hatógáil na hÚcráine.
Atógáil na hÚcráine
Tá an tAontas tiomanta a chinntiú go n-íocfaidh an Rúis as an damáiste arna dhéanamh san Úcráin. Mar sin, tá sé ag féachaint ar roghanna chun tacú le hatógáil na hÚcráine — i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta — leis na hioncaim urghnácha a ghintear ó bhainistiú chúlchistí bhanc ceannais na Rúise atá reoite san Aontas faoi láthair mar gheall ar smachtbhannaí. Chuige sin, i mí na Nollag ghlac an Coimisiún tograí maidir leis na hioncaim amhantair urghnácha ó shócmhainní bhanc ceannais na Rúise a reo.
Tá atógáil na hÚcráine á comhordú ag an Aontas lena chomhpháirtithe idirnáisiúnta freisin. Sheol - oscail i dtáb nua. an tAontas, an Úcráin agus comhpháirtithe G7 Ardán Ilghníomhaireachtaí Comhordaithe Deontóirí G7 don Úcráin - oscail i dtáb nua. i mí Eanáir 2023. Tá ról lárnach ag an ardán maidir le tacaíocht a chomhordú do riachtanais láithreacha maoiniúcháin na hÚcráine agus maidir lena téarnamh eacnamaíoch agus a hatógáil amach anseo ar fud foinsí éagsúla agus ionstraimí maoinithe atá bunaithe.
Le linn chuairt Choláiste na gCoimisinéirí ar an Úcráin i mí Feabhra, d’fhógair an tAontas pacáiste cabhrach €1 bhilliún do na hiarrachtaí atógála mar chuid dá phacáiste foriomlán cúnaimh don tír. Phléigh na Coimisinéirí agus rialtas na hÚcráine freisin conas a d’fhéadfadh an tAontas cuidiú leis an Úcráin a cathracha a atógáil ar bhealach inbhuanaithe cuimsitheach. I mí an Mhárta seoladh an tionscnamh Phoenix - oscail i dtáb nua. (Tionscadal le haghaidh Treoshuíomh Iomlánaíoch le haghaidh Bonneagar Nua Comhshaoil i gCathracha na hÚcráine). Leis an tionscnamh, beidh cathracha na hÚcráine in ann rochtain a fháil ar theicneolaíochtaí úrscothacha agus ar shaineolas ó phobal an Bauhaus Eorpaigh Nua - oscail i dtáb nua.. Ina theannta sin, nascfaidh sé cathracha na hÚcráine le cathracha comhchosúla san Aontas chun saineolas agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le conas cathracha aeráidneodracha agus níos tíosaí ar fhuinneamh a thógáil. Tabharfar le chéile leis cistiú ón Misean Fís Eorpach do Chathracha Aeráidneodracha Cliste - oscail i dtáb nua. agus ón gclár LIFE - oscail i dtáb nua., agus cuirfear €7 milliún ar a laghad ar fáil láithreach bonn.
Ar deireadh, ag an gComhdháil maidir le Téarnamh Glas na hÚcráine - oscail i dtáb nua. a bhí ar siúl idir an 28 Samhain agus an 1 Nollaig i Vilnias na Liotuáine, d’athdhearbhaigh an tAontas a thacaíocht leanúnach do bhardais na hÚcráine agus chuir sé i láthair cur chun feidhme leanúnach agus céadtorthaí thionscnamh Phoenix. An tráth céanna, thug an Misean Geilleagair Chiorclaigh cuideachtaí agus páirtithe leasmhara tionscail de chuid an Aontais a dhíríonn ar an ngeilleagar ciorclach le chéile le gnólachtaí atá bunaithe san Úcráin agus ceannaitheoirí poiblí, rud a chuir borradh faoi ghné ghnó théarnamh glas na hÚcráine.
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus í ag labhairt ag Comhdháil Téarnaimh na hÚcráine, Londain, an Ríocht Aontaithe, an 21 Meitheamh 2023.
Ag Comhdháil Téarnaimh na hÚcráine - oscail i dtáb nua. i Londain, i mí an Mheithimh, chuir an tAontas saoráid nua i láthair faoinar moladh deontais agus iasachtaí suas le €50 billiún chun cabhrú le téarnamh agus nuachóiriú na hÚcráine ó 2024 go 2027.
Léirigh sé sin tacaíocht bhuanseasmhach an Aontais don Úcráin le linn chogadh foghach leanúnach na Rúise agus dhearbhaigh sé a thiomantas do chonair na hÚcráine i dtreo ballraíocht san Aontas.
Ina theannta sin, shínigh an tAontas comhaontuithe ar fiú breis agus €800 milliún iad chun infheistíocht phríobháideach a shlógadh le haghaidh théarnamh agus atógáil gheilleagar na hÚcráine.